Achoimre
Tá an comhairliúchán poiblí anois dúnta.
Cuireann an Comhchoiste um Oideachas agus Scileanna fáilte roimh aighneachtaí scríofa ó pháirtithe nó daoine aonair leasmhara maidir leis an mBille um Cháilíochtaí agus Dearbhú Cáilíochta (Oideachas agus Oiliúint) (Leasú), 2018.
Cur síos ar an gcomhairliúchán
Breithneoidh an Coiste aon aighneachtaí oiriúnacha i scríbhinn a fhaightear agus féadfaidh sé cinneadh cuireadh a thabhairt do roinnt rannpháirtithe chuig éisteachtaí poiblí, má mheastar gur gá é sin a dhéanamh.
Spriocdháta
Is é an spriocdháta chun aighneachtaí a fháil 12 meán lae, Dé hAoine, 5 Deireadh Fómhair 2018.
Conas d'aighneacht a chur isteach
Seol doiciméad leictreonach (PDF/MS Word nó a chomhionann) i ríomhphost chuig QQABill@oireachtas.ie..
Ar mhaithe le mearbhall agus dúbláil a sheachaint, iarrtar ort gan cóipeanna crua de d'aighneacht a sheoladh isteach.
Ná cuir d'aighneacht chuig comhaltaí coiste ar leith. Déanfaidh an Cléireach cinnte de go bhfaighidh na comhaltaí uile cóip de gach aighneacht.
A bhfuil le cur san áireamh i d'aighneacht
Ba chóir go mbeadh an doiciméad aighneachta san aighneacht mar aon le litir chumhdaigh ar leith. Cuirfidh sé sin ar chumas an Choiste d'aighneacht a fhoilsiú gan do shonraí teagmhála.
Bíodh an méid seo a leanas san áireamh sa litir chumhdaigh:
- d'ainm, do sheoladh poist, do sheoladh ríomhphoist agus d'uimhir ghutháin theagmhála
- má tá an aighneacht á déanamh ar son eagraíochta, an post atá agat san eagraíocht sin
- achoimre ghairid ar an bhfáth a bhfuil an aighneacht á déanamh agat
- cuir in iúl cé acu atá tú sásta a bheith i láthair i seisiún poiblí ag cruinniú coiste nó nach bhfuil
Bíodh an méid seo a leanas sa doiciméad aighneachta:
- réamhrá gairid, mar shampla, míniú ar do réimse saineolais
- aon fhaisnéis fhíorasach atá agat óna bhféadfadh an coiste teacht ar chonclúidí, nó a d'fhéadfaí a chur chuig páirtithe eile lena dtuairimí siúd a fháil
- naisc chuig aon fhoilseacháin a dtagraíonn tú dóibh; ní gá foilseacháin den sórt sin a sheoladh mar cheangaltáin
- aon mholtaí don choiste; bí chomh sonrach agus is féidir agus déan achoimre ar do chuid moltaí ag deireadh an doiciméid
- má bhíonn do dhoiciméad níos mó ná deich leathanach ar fad, achoimre feidhmiúcháin ar na príomhphointí a rinneadh san aighneacht
Ná dearmad uimhreacha a chur ar na leathanaigh.
Leideanna maidir le d'aighneacht a scríobh
Coinnigh d'aighneacht gonta agus ábhartha. Ná cuir san áireamh aon ábhar neamhriachtanach ná iomarcach nach mbaineann go díreach leis an topaic.
Leag amach d’aighneacht cuid ar chuid; téigh i ngleic le gach ceannteideal as féin agus mol leasuithe lena n-áirítear an réasúnaíocht atá le gach ceann.
Má dhéanann tú tagairt d’fhoilseacháin eile, tabhair naisc chuig na foilseacháin sin freisin. Ní gá iad a sheoladh mar cheangaltáin.
Ná dearmad uimhreacha a chur ar na leathanaigh.
Faisnéis thábhachtach
Féadfar gan glacadh le haighneachtaí a sheolfar chuig aon seoladh ríomhphoist eile.
Ní ghlacfar le haighneachtaí ó dhaoine nach dtugann a n-ainm agus diúltófar dóibh.
Ní ghlacfar le hachainíocha agus litreacha ginearálta ná ní fhoilseofar iad.
Féadfar aighneachtaí a dhéanfar chuig Coiste a fhoilsiú mar a fhaightear iad, mar chuid de thuarascáil ón gCoiste, nó ar leithligh, má chinneann an Coiste é sin a dhéanamh.
Tá próiseas poiblí i gceist le haighneacht a dhéanamh.
Níl sé de dhualgas ar an gCoiste glacadh le do dhoiciméad nuair a chuirtear isteach é, agus níl sé de dhualgas air aon chuid den aighneacht, nó an aighneacht go léir, a fhoilsiú má ghlactar léi. Tá próiseas poiblí i gceist le hoibríochtaí parlaiminte, áfach, agus ba chóir go mbeadh a fhios agat go bhféadfar aighneachtaí ar bith a dhéantar chuig Coiste, ina bhfuil d'aitheantas san áireamh, a fhoilsiú mar chuid de thuarascáil ón gCoiste, nó ar leithligh, má chinneann an Coiste é sin a dhéanamh.
An bhfuil treoir bhreise uait?
Más mian leat treoir níos mionsonraithe a fháil, léigh an doiciméad Aighneachtaí agus Cuir i Láthair a dhéanamh le Coistí Oireachtais thíos nó téigh i dteagmháil leis an gCléireach don Choiste.
Cléireach don Choiste
Alan Guidon
(01) 618 3848