Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cláir Eolais Dáilcheantair

Cláir Eolais Dáilcheantair

Tugann Cláir Eolais Dáilcheantair Sheirbhís Leabharlainne agus Taighde an Oireachtais amharcléiriú idirghníomhach ar líne ar shonraí Dhaonáireamh 2016 le haghaidh gach Dáilcheantair.

Is féidir leat Cláir Eolais Dáilcheantair a úsáid chun:

  • Iniúchadh a dhéanamh ar shonraí Dhaonáireamh 2016 thar shé théama ar leith
  • Athruithe a fheiceáil idir 2011 agus 2016 ar leibhéal dáilcheantair agus náisiúnta
  • Na sonraí a léirmhíniú ag úsáid léarscáileanna agus cairteacha réamhthógtha
  • Ceantair speisialta a chruthú laistigh de dháilcheantair
  • Próifílí a easpórtáil le léarscáileanna agus cairteacha go tapa agus go héasca

Is fearr breathnú ar na Cláir Eolais Dáilcheantair in Firefox nó in Chrome, ach tacaíonn gach brabhsálaí leo.

Ní mór do chomhaltaí agus d'fhoireann an Oireachtais a úsáideann Internet Explorer (IE) a socruithe brabhsálaí a choigeartú ach na treoracha seo a leanúint.

Is fearr breathnú ar na Cláir Eolais Dáilcheantair ar ríomhairí deisce agus ar ríomhairí glúine, ach tacaítear le táibléid freisin.

Treoir d'úsáideoirí

Treoir d'úsáideoirí

Chun fáil amach faoi phríomhghnéithe na gClár Eolais Dáilcheantair, seinn an físeán ar chlé.

Chun treoir mhionsonraithe a fháil ar na gnéithe uile a bhaineann leis na Cláir Eolais Dáilcheantair, glac páirt sa rang teagaisc idirghníomhach.

Amharc ar an bhfíseán

Cá as a dtagann na sonraí?

Faightear na sonraí is bunús leis na Cláir Eolais Dáilcheantair ó eisiúintí na Príomh-Oifige Staidrimh i dtaobh Dhaonáireamh 2016. Tá athruithe ar na dáilcheantair de bhun Thuarascáil an Choimisiúin um Thoghlaigh, 2017: Dáilcheantair agus Toghlaigh Pharlaimint na hEorpa, le feiceáil sna cláir eolais.

Tá táscairí áirithe roghnaithe ag an tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde; meastar go bpléann na táscairí sin le príomhréimsí spéise na gComhaltaí.

Séanadh

Cé go ndearnamar gach iarracht a chinntiú go bhfuil sonraí na gClár Eolais Dáilcheantair ceart, tá seans ann go ndearnadh earráidí. Más mian leat aon ní a phlé linn, cuir ríomhphost chugainn.

An tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde

Is í Seirbhís Leabharlainne agus Taighde an Oireachtais a chuireann na Cláir Eolais Dáilcheantair le chéile. Tugann an tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde seirbhísí faisnéise agus taighde do Chomhaltaí den Oireachtas.

Sonraí teagmhála

dashboards@oireachtas.ie

 

Cé go gcuireann an tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde fáilte roimh thuairimí agus moltaí, nílimid in ann freagra a thabhairt ar ríomhphoist aonair.

Barr
Roinn