Forógra Neamhspleáchais, Dáil Éireann, 1919

Cathal Brugha

Forógra Neamhspleáchais, Dáil Éireann, 1919

In olltoghchán na bliana 1918, gheall comhaltaí de pháirtí Shinn Féin nach nglacfaidís a suíochán i dTeach na dTeachtaí sa Bhreatain dá dtoghfaí iad. Thionóil siad Parlaimint na hÉireann an 21 Eanáir 1919 agus thug siad Dáil Éireann uirthi.

Sa chéad chruinniú sin, léigh na comhaltaí forógra neamhspleáchais, i nGaeilge a chéaduair, i bhFraincis ina dhiaidh sin agus, ar deireadh, i mBéarla, á dhaingniú bunú Phoblacht na hÉireann. Gheall siad go gcuirfidís an dearbhú seo i bhfeidhm “ar gach slighe ar ár gcumas.”

Díospóireachtaí an Chonartha, 1921–1922

Micheál Ó Coileáin

Díospóireachtaí an Chonartha, 1921–1922

Tar éis an sosa cogaidh a chuir deireadh le Cogadh na Saoirse, chaith toscaireacht ón Dáil dhá mhí i Londain ag déanamh idirbheartaíochta ar Chonradh idir an Bhreatain Mhór agus Éire. Bhunaigh an Conradh Saorstát Éireann mar thiarnas féinrialaithe ach ní dheachaigh sé chomh fada leis an bPoblacht a fógraíodh ar chéimeanna Ard-Oifig an Phoist in 1916.
Tháinig an Dáil le chéile chun díospóireacht a dhéanamh ar an gConradh in Ardán Phort an Iarla ar an 14 Nollaig 1921. Lean an díospóireacht ar aghaidh thar an Nollaig agus isteach sa bhliain nua agus tháinig deireadh léi ar an 7 Eanáir 1922, nuair a dhaingnigh an Dáil an Conradh le móramh seacht vóta.

Toghchóras cothrom, Dáil Éireann, 1922

An Chuntaois Markievicz

Toghchóras cothrom, Dáil Éireann, 1922

Nuair a fuair mná cead vótála don pharlaimint in 1918, bhí sé srianta do mhná in aois 30 agus os a chionn. In 1922, mhol Katherine O’Callaghan go sínfí an vóta chuig mná ó aois 21 bliain, ar na téarmaí céanna le fir. Pléadh sa díospóireacht an tionchar a bheadh ag an mbeart ar an gConradh leis an mBreatain. Bhí olltoghchán ar tí tarlú agus measadh go dtabharfadh mná óga a vóta d'iarrthóirí a bhí in éadan an Chonartha.
Ach sáraíodh an tairiscint seo, agus tugadh saoirse vótála do gach saoránach i Saorstát Éireann faoi Airteagal 14 den Bhunreacht, gan idirdhealú maidir le gnéas, ó aois 21 bliain.

Básuithe sa Chogadh Cathartha, Dáil Éireann, 1922

Thomas Johnson

Básuithe sa Chogadh Cathartha, Dáil Éireann, 1922

Tar éis don Dáil an Conradh lenar bunaíodh Saorstát Éireann a dhaingniú, d'imir mórán Teachtaí Dála baghcat ar an bParlaimint agus gheall siad go seasfaidís le Poblacht na hÉireann. D'eascair cogadh cathartha géar as an méid sin agus thug an Dáil an chumhacht do chúirteanna míleata chun pionós an bháis a ghearradh. Tugadh faoi na chéad bhásuithe i mí na Samhna 1922. Chuir an tArm Náisiúnta níos mó Éireannach chun báis ná mar a chuir na Briotanaigh chun báis le linn Chogadh na Saoirse.

Mná ar ghiúiréithe, Dáil 1924

Kevin O'Higgins

Mná ar ghiúiréithe, Dáil 1924

In 1924, mhol an Rialtas cead a thabhairt do mhná diúltú do sheirbhís ghiúiré. D’áitigh an tAire Gnóthaí Baile, Kevin O’Higgins, nár tháinig mná isteach i gcomhair seirbhís giúiré agus nár roghnaíodh iad siúd a tháinig ann. D’áitigh an Teachta Dála Thomas Johnson go raibh dualgas giúiré mar dhualgas ar gach saoránach:

“Bhí roinnt againn páirteach in éilimh gur cheart go mbeadh cearta ag mná ar na téarmaí céanna agus a tugadh d’fhir iad, maidir le saoránacht go ginearálta, agus tá na cearta sin ina ndlúthchuid dár mBunreacht. Ach tá comhthoradh ann; tá freagrachtaí ag baint leis na cearta sin.”

Colscaradh, Seanad Éireann, 1925

Íomhá le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Colscaradh, Seanad Éireann, 1925

Faoi riail na Breataine, d’fhéadfadh Éireannach colscaradh a fháil trí Bhille príobháideach a chur chun cinn sa Pharlaimint in Westminster. I mí Feabhra 1925, mhol Uachtarán Dháil Éireann, William T. Cosgrove, go nglacfadh an Dáil le “pé athruithe sna Buan-Orduithe a choiscfidh Billí Colscartha á dtabhairt isteach”.
Ar an 11 Meitheamh 1925, rinne an Seanad díospóireacht ar an gceist. Tá óráid WB Yeats fós ar an méid is cáiliúla a dúirt sé sa Seanad. Ina óráid, thug sé rabhadh in aghaidh reachtaíocht a leagan síos ar bhonn reiligiúnach agus dúirt sé go gcruthódh sé bac dothrasnaithe idir Deisceart agus Tuaisceart na hÉireann.

Feallmharú an Leas-Uachtaráin, Dáil Éireann, 1927

Liam Mac Cosgair

Feallmharú an Leas-Uachtaráin, Dáil Éireann, 1927

Cé gur mhaolaigh an Cogadh Cathartha faoin mbliain 1927, lean siad siúd a bhí in éadan an Chonartha orthu ag imirt baghcait ar an Dáil. Feallmharaíodh Leas-Uachtarán na hArd-Chomhairle, Kevin O'Higgins, i mí Iúil. Dúirt Uachtarán na hArd-Chomhairle, Liam Mac Cosgair, go raibh an marú “mar thoradh ar an ionsaí seasta leanúnach in aghaidh an Stáit agus a chuid institiúidí bunúsacha”.

Thug an Rialtas Bille isteach á cheangal ar iarrthóirí sa toghchán mionn a ghlacadh go nglacfaidís a suíochán. Ghlac Éamon de Valera agus Teachtaí Dála eile a bhí in éadan an Chonartha a suíochán sa Dáil an 12 Lúnasa. Cúpla lá dá éis, rinne chomhghuaillíocht nua de Theachtaí Dála iarracht Mhic Cosgair a dhíbirt le vóta mímhuiníne. Níor chaill siad ach le vóta amháin. Bhí deighilt chothrom sa Dáil. Éilíodh go reáchtálfaí olltoghchán agus gan ach trí mhí caite ó reáchtáladh an t-olltoghchán roimhe sin.

Bunreacht na hÉireann, Dáil Éireann, 1937

Éamon de Valera

Bunreacht na hÉireann, Dáil Éireann, 1937

Sa bhliain 1937, chuir an Rialtas an dréacht de Bhunreacht nua i láthair lena chur in áit Bhunreacht Shaorstát Éireann, 1922. Sa díospóireacht Dara Céim sin, tugann Uachtarán na Dála, Éamon de Valera, breac-chuntas ar fhorálacha an Bhunreachta. Cuireadh Bunreacht na hÉireann ar aghaidh chun pobalbhreithe ar lá an olltoghcháin, an 1 Iúil 1937, agus achtaíodh é i mí na Nollag an bhliain sin.

Neodracht, Dáil Éireann, 1940

Éamon de Valera

Neodracht, Dáil Éireann, 1940

Tar éis thús an Dara Cogadh Domhanda, ar a dtugtaí "an Éigeandáil" in Éirinn, dhearbhaigh an Taoiseach Éamon de Valera go raibh Éire neodrach. San óráid a thug sé, chuimhnigh an Taoiseach siar ar an gcaoi ar chuir Éire i gcoinne bhagairt an choinscríofa sa Chéad Chogadh Domhanda agus d'éiligh sé go mbeadh "an aontacht chéanna inniu ionas nach dtabharfaí isteach i gcogadh muid, cogadh nár mhaith leis an Stát a bheith páirteach ann".

Poblacht na hÉireann, Dáil Éireann, 1948

John A. Costello

Poblacht na hÉireann, Dáil Éireann, 1948

Dearbhaíodh le hAcht Phoblacht na hÉireann, 1948 go bhféadfaí cur síos a dhéanamh ar Éirinn mar Phoblacht na hÉireann. Cuireadh deireadh le ról mhonarc na Breataine i bPoblacht na hÉireann leis an Acht freisin, agus aistríodh an chumhacht chuig Uachtarán na hÉireann chun údarás comhallach an Stáit a fheidhmiú maidir lena chaidreamh eachtrach.

Tháinig an tAcht i bhfeidhm Luan Cásca 1949, cothrom an lae a bhí Éirí Amach na Cásca ann 33 bliain roimhe sin.

An Scéim Mháthar agus Linbh, Dáil Éireann 1951

Leabhrán na Roinne Sláinte maidir leis an Scéim Mháthar agus Linbh / An tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde

An Scéim Mháthar agus Linbh, Dáil Éireann 1951

Ar an 11 Aibreán 1951, d’éirigh an Dr Noel Browne as a phost mar Aire Sláinte. An lá ina dhiaidh sin, thug sé ráiteas pearsanta sa Dáil inar mhínigh sé a chinneadh. Bhí an ghairm leighis agus an Eaglais Chaitliceach Rómhánach in Éirinn go mór i gcoinne iarracht Browne chun an Scéim Mháthar agus Linbh a chur i bhfeidhm. Bhí siad i gcoinne cúram sláinte a sholáthar gan tástáil acmhainne a dhéanamh go háirithe. Tharraing an chonspóid ceisteanna anuas maidir le tionchar na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí ar bheartas an Rialtais.

Géarchéim na nArm, Dáil Éireann 1970

Liam Cosgrave

Géarchéim na nArm, Dáil Éireann 1970

Ar an 5 Bealtaine 1970, dúirt an Teachta Dála Liam Cosgrave leis an Taoiseach Jack Lynch go raibh eolas faighte aige go raibh Airí Rialtais páirteach in iarracht mhídhleathach chun airm a iompórtáil. Ar an 7 Bealtaine, d’fhógair an Taoiseach sa Dáil gur bhris sé beirt Airí Rialtais óna bpoist agus gur ghlac sé le litir éirí as ó Aire eile. Sa díospóireacht ina dhiaidh sin, phléigh Teachtaí Dála an rud ar ar tugadh géarchéim na n-arm.

Ballraíocht CEE, Dáil Éireann, 1972

Jack Lynch

Ballraíocht CEE, Dáil Éireann, 1972

Tar éis na mblianta i mbun stocaireachta, glacadh le haontachas na hÉireann leis na Comhphobail Eorpacha in 1972. Roimh an reifreann chun an leasú riachtanach a dhéanamh ar Bhunreacht na hÉireann, rinne an Dáil díospóireacht ar théarmaí an aontachais.

Reáchtáladh an reifreann i mí na Bealtaine 1972. Vótáil tromlach ollmhór ar son aontachas na hÉireann leis na Comhphobail Eorpacha. Tháinig an Conradh Aontachais i bhfeidhm an 1 Eanáir 1973.

Cás “X”, an Dáil 1992

Albert Reynolds

Cás “X”, an Dáil 1992

I mí Feabhra 1992 fuair an tArd-Aighne urghaire eatramhach inar cuireadh cosc ar “Cailín X” Éire a fhágáil. Bhí Cailín X, cailín 14 bliana d’aois a bhí ag iompar clainne de bharr a héignithe, ag iarraidh a toircheas a fhoirceannadh i Sasana. Thug an Taoiseach, Albert Reynolds, cuntas ar shonraí an cháis sa Dáil an 18 Feabhra 1992.

Díchoiriúlú na homaighnéasachta, 1993

Máire Geoghegan-Quinn

Díchoiriúlú na homaighnéasachta, 1993

Rinneadh díchoiriúlú ar an homaighnéasacht in Éirinn in 1993. Tháinig sé seo i ndiaidh bhreithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine i gcás a thug an Seanadóir David Norris. Ar an 29 Meitheamh 1993, thug an tAire Dlí agus Cirt, Máire Geoghegan-Quinn, breac-chuntas ar an reachtaíocht sa Seanad agus mhol sí an Seanadóir Norris as a chrógacht agus a dhúthracht agus an cheist seo á leanúint aige go leanúnach.