Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Uimhreacha colúin i ndíospóireachtaí stairiúla

Roimh 2012, foilsíodh díospóireachtaí Oireachtais le huimhreacha colúin san áireamh síos tríd an téacs. Léirigh na huimhreacha colúin seo an leagan amach dhá cholúin ar gach leathanach den imleabhar ceangailte den Tuairisc Oifigiúil. Áiríodh uimhreacha colúin go rialta i lua acadúil.

Nuair a cuireadh díospóireachtaí an Oireachtais ar líne ag tús na 2000idí, coinníodh uimhreacha colúin sa téacs ar líne. Ó 2012, áfach, cuireadh stop le húsáid na n-uimhreacha colúin sa Tuairisc Oifigiúil.

Akoma Ntoso XML

Nuair a athfhorbraíodh suíomh gréasáin an Oireachtais in 2017/2018, rinneadh athbhreithniú críochnúil ar na formáid sonraí a bhí a bhfoilsiú ar ár suíomh gréasáin chun ailíniú le caighdeáin idirnáisiúnta. Ailíníodh ár sonraí Díospóireachtaí ar fad le caighdeán XML idirnáisiúnta do shonraí parlaiminteacha ar a dtugtar Akoma Ntoso. Cinntíonn sé sin gur féidir le húsáideoirí ár APInna sonraí oscailte oibriú le sonraí bailí, struchtúrtha.

An gá duit tagairt cholúin a aimsiú? Téigh chuig cartlann díospóireachtaí an Oireachtais

Nuashonraithe go deireanach: 20 Samhain 2019

Barr
Roinn