Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara díospóireacht -
Thursday, 23 Jan 2014

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: An Coimisinéir Teanga

Tá leithscéalta faighte againn inniu ón gCathaoirleach, an Teachta Mac Cárthaigh, agus ón Seanadóir Mac Conghail. Cuirim i gcuimhne do chomhaltaí a ngutháin a mhúchadh. Tá sé sin tábhachtach. Rinneadh na dréachtmhiontuairiscí ó chruinniú an 3 Deireadh Fómhair 2013 a scaipeadh ar chomhaltaí. An mian le haon comhalta aon ní a rá maidir leis seo? Tá na dréachtmhiontuairiscí aontaithe. An mian le comhaltaí aon ní eile a phlé faoi aon ghnó eile? Má tá sé sin ar fad aontaithe, is féidir linn dul ar aghaidh leis an gcruinniú.

Tá sé ráite ag an gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, go bhfuil sé i gceist aige éirí as a phost le héifeacht ón 23 Feabhra seo chugainn. Gabhaim buíochas le gach éinne atá i láthair don chruinniú seo. Cuirim fáilte roimh an gCoimisinéir Teanga, atá os ár gcomhair inniu. Ba mhaith liom ár mbuíochas a chur in iúl leis toisc gur ghlac sé leis an gcuireadh ón gcoiste bheith i láthair anseo inniu. Iarraim anois ar an gcléireach an gnáthfhógra a léamh a thugtar do gach finné a thagann os comhair coistí Oireachtais.

Clerk to the Committee

Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe, de bhua alt 17(2)(l) den Acht Um Chlúmhilleadh 2009, go bhfuil finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, áfach, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal tar éis sin ach pribhléid cáilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuir finnéithe faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach ina ainm nó ina hainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Iarraim anois ar an gCoimisinéir Teanga labhairt leis an gcoiste.

Seán Ó Cuirreáin

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gCathaoir agus leis an gcoiste as ucht cuireadh a thabhairt dom teacht i láthair inniu. Nuair a labhair mé le comhchoiste eile de chuid Thithe an Oireachtais i dtús na míosa seo caite, níor mheas mé go mbeinn ar ais anseo arís inniu. Is mór an onóir agus an phribhléid dom an cuireadh a fháil. D'fhógair mé anseo i dtús mhí na Nollag go raibh cinneadh déanta agam seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teanga mí ón lá inniu - ar an 23 Feabhra - tráth a mbeidh deich mbliana caite agam i mbun chúraimí na hoifige sin. Ba mhaith liom an deis seo a thapú le mo bhuíochas ó chroí a thabhairt do gach duine a rinne teagmháil liom ó shin. Is mór agam na teachtaireachtaí dea-mhéine ar fad a tháinig chugam go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

Sula ndírím ar phríomhábhar cainte an lae inniu - an straitéis 20 bliain - ba mhaith liom na cúiseanna a ndearna mé an cinneadh seasamh siar ó bheith i mo Choimisinéir Teanga a chur faoi bhráid an choiste. Go bunúsach, thuig mé i mo chroí istigh gur beag eile a d'fhéadfainn a bhaint amach go pearsanta i dtaca le cearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta sa tréimhse ama dhá bhliain a bheadh fágtha agam sa phost. Creidim go bhfuil an teanga á ruaigeadh ar leataobh go leanúnach chuig imeall na sochaí, agus áirím anseo cuid mhaith den riarachán poiblí. Ní chreidim ar chor ar bith gur ar an aicme pholaitiúil is mó atá an locht ina leith seo. Níl an aicme pholaitiúil gan locht, ar ndóigh, ach ní orthu is mó atá an locht sa chomhthéacs seo. Feictear dom go bhfuil daoine sa Státchóras a thacaíonn go láidir leis an Ghaeilge, ach os a choinne sin tá fórsaí níos láidre agus níos forleithne fós ann ar cuma leo ann nó as dár dteanga náisiúnta.

Tá dul chun cinn áirithe déanta le deich mbliana anuas ó tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm, go speisialta maidir le húsáid na Gaeilge ar chomharthaíocht phoiblí, i stáiseanóireacht agus i bhfoilseacháin éagsúla. Tá méadú ar an tuiscint ar chearta teanga agus tá an oifig s'againne ann mar thaca aige sin. Tá teorannú suntasach déanta ar an dul chun cinn a d'fhéadfadh a bheith i gceist de bharr na faillí i bhfeidhmiú chóras na scéimeanna teanga faoin Acht. Ní chreidim go bhfuil aon seans ann go n-éireoidh leis an gcóras nua atá beartaithe méadú a chur ar líon na státseirbhíseach le Gaeilge. Níltear sásta barántas a thabhairt go mbeidh seirbhísí Stáit á soláthar i nGaeilge do phobal na Gaeltachta gan cheist gan choinníoll, rud a chiallaíonn go bhfuil an Státchóras le leanúint de bheith ag rá le pobal na Gaeltachta: "Labhraígí Gaeilge le chéile ach ná labhraígí linne í".

Tá breis agus dhá bhliain caite i mbun athbhreithniú ar an Acht teanga ach, fós féin, níl an chéad chéim leis an Acht a leasú - foilsiú chinn an Bhille - tógtha fós. Fógraíodh an tseachtain seo caite gur as seo go samhradh an sprioc nua d'fhoilsiú na leasuithe. Rinneadh cinneadh m'oifig a chónascadh le hOifig an Ombudsman i ngan fhios dom féin ná don Ombudsman ag an am, ach arís agus níos mó ná dhá bhliain imithe, níl aon mhionsonraí ar fáil go poiblí faoina bhfuil molta ná faoin bhealach a cheaptar a n-oibreodh sé. Fógraíodh le linn na seachtaine seo caite go mbeadh an cónascadh sin déanta roimh Mheán Fómhair na bliana seo. Creidim nár tugadh don oifig riamh na hacmhainní riachtanacha lena cúraimí reachtúla a chomhlíonadh go cuí agus go hiomlán.

Don té a chreideann gur cheart go mbeadh cearta teanga ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, is tréimhse í seo atá lán le héiginnteacht. Mheas mé riamh nárbh fhéidir nó nár cheart breathnú ar an tacaíocht a theastaíonn don Ghaeilge i Státchóras na tíre seo mar ábhar roghnach breise, nó optional extra. Is buanchearta iad cearta teanga. Ní lamháltais ná pribhléidí iad a thugtar le linn aimsir na flúirse. Mura féidir leis an Stát dearbhú a thabhairt i dtaca le húsáid na Gaeilge i mbun cumarsáide le pobal na Gaeltachta gan cheist, gan choinníoll, agus a chinntiú go mbeidh dóthain foirne le cumas sa Ghaeilge sa chóras riaracháin phoiblí nuair a bheidh an tAcht Teanga á leasú, creidim go dtuigfear ansin gur cur i gcéill a bheas ann. An rogha a bhí agam ná seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar bhonn prionsabail le haird a dhíriú ar na ceisteanna seo, nó leanúint orm agus ar an mbealach sin a bheith páirteach sa chur i gcéill. Creidim go láidir i mo chroí istigh go ndearna mé an rogha cheart. Tá tús curtha anois le próiseas le coimisinéir úr a cheapadh agus guím gach rath agus beannacht ar cibé duine a bheidh mar chomharba agam.

Tuigim go bhfuil fócas ar leith ag an bhfochoiste ar an straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus go bhfuil fonn ar bhaill an fhochoiste go ndíreoinn cuid áirithe de mo chuid cainte ar an ábhar sin inniu. Ghlac mé páirt ghníomhach in ullmhú na straitéise. D'fhoilsigh mé moltaí ar an ábhar agus chas mé leis an ngrúpa saineolaithe idirnáisiúnta a bhí curtha le chéile le comhairle a sholáthar i dtaca le dréachtú na straitéise féin. Dúirt mé, agus mé ag seoladh ard-fheis Chonradh na Gaeilge sa bhliain 2008, go bhféadfadh feidhmiú na straitéise a bheith ar na gníomhartha is tábhachtaí do thodhchaí na teanga ó bunaíodh an Stát, ach thug mé an rabhadh an-soiléir seo fosta ag an am:

Tá sé tábhachtach nach ligfimis i ndearmad, áfach, nach fiú tráithnín féir aon straitéis mura gcuirtear i bhfeidhm í. Caithfidh aontú agus foilsiú na straitéise a bheith ina thús ar aistear nua seachas ina cheann scríbe.

Dúirt mé an bhliain ina dhiaidh sin go mbeadh sé riachtanach go gcuirfí tús éifeachtach agus gasta le cur i bhfeidhm iomlán na straitéise, agus mura raibh sin le tarlú agus go rabhthas le caitheamh léi mar a tharla le hiliomad tuarascálacha inmholta roimhe sin, go mb'fhearr dá gcaithfí i leataobh láithreach í ar mhaithe le tuilleadh soiniciúlachta a sheachaint. Beart de réir briathra a theastaigh in áit focail mhilse, a dúirt mé ag an am.

An bhfuil, mar sin, an straitéis á cur i bhfeidhm? Níl a fhios agam agus, i gcead do bhaill an fhochoiste, ní shílim go bhfuil a fhios acu ach an oiread mar nach bhfuil aon iniúchadh ná léirmheastóireacht neamhspleách á dhéanamh ar fheidhmiú na straitéise. Féinmheastóireacht amháin atá i gceist. Ón taithí atá agamsa agus ag m'oifig le deich mbliana anuas i mbun iniúchadh ar scéimeanna teanga na n-eagras Stáit, is beag tábhacht nó luach atá le cur i ndeireadh na dála ar fhéinmheastóireacht. In aon réimse den saol is deacair iontaofacht a chur i léirmheas ó pháirtithe leasmhara ach, os a choinne sin, tá ríthábhacht le fianaise bunaithe ar taighde. Tá rud eile foghlamtha againn in imeacht na mblianta, sé sin go bhfuil bunús leis an bhfrása "what gets measured gets done".

Mura bhfuil iniúchadh agus meastóireacht neamhspleách á dhéanamh, ní chreidim gur féidir le haon duine barántas a thabhairt faoin fheidhmiú. Is féidir le daoine tuairimí a bheith acu, agus seo ceann ó shaineolaí amháin. Bhí Seosamh Mac Donnacha as Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar dhuine d'údair an taighde, le Conchúr Ó Giollagáin, ar a dtugtar an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, an saothar taighde a spreag an straitéis. Agus é ag labhairt ag Tóstal na Gaeilge anuraidh, dúirt sé nach ann don straitéis 20 bliain don Ghaeilge a thuilleadh. Dúirt sé:

Tá a fhios agam go bhfuil cáipéis againn ar a dtugann muid an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2013. Ach ní ionann cáipéis agus straitéis. Níl straitéis bheo againn atá á cur i bhfeidhm ar bhealach seasmhach córasach.

Bhí an méid seo le rá ag saineolaí eile, an Dr. John Walsh as Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, in eagrán na míosa seo den iris Comhar: "Is geall le corpán an straitéis 20 bliain anois agus tá an Ghaeilge níos imeallaí ná riamh sa státseirbhís."

Thug Seosamh Mac Donnacha "cáipéis mharbh" ar an straitéis. Dúirt sé freisin nach ann do Roinn na Gaeltachta níos mó:

Níl againn ach fo-rannóg ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta – fo-rannóg de roinn atá mór agus ilghnéitheach ... Agus tá an fho-rannóg sin lonnaithe i bhfad ó lár na cumhachta [thiar sna Forbacha i gConamara]; tá siad ag bun an tslabhra cumhachta inmheánaigh laistigh dá Roinn féin; agus tá an mháthair-Roinn atá acu ag bun an tslabhra cumhachta lena mbaineann na Ranna Stáit i gcoitinne, rud a fhágann gur deacair di mórthionchar a imirt ar cheapadh polasaí ná ar fheidhmiú polasaí na Ranna eile sin a bhfuil ról lárnach acu i bhfeidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

Ba é croí an scéil aige nach bhféadfadh fo-rannóg atá ag feidhmiú faoi na cúinsí sin a bhfuil fágtha den Ghaeltacht a tharrtháil ná a chaomhnú, agus nach bhfuilimid ach ag cur dallamullóg orainn féin má cheapaimid go bhféadfadh.

Léirmheas duairc is ea é sin ach tá eagla orm, faraor, go bhfuil cuid mhór de phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a d’aontódh leis. Dúirt an scríbhneoir, Seosamh Mac Grianna, tráth go mbíonn an fhírinne searbh: "ní searbh atá sí ach garbh agus sin an fáth a seachantar í”. Creidim féin, má tá rath le bheith ar seo, gur gá go mbeadh an díospóireacht seo bunaithe ar an fhírinne, iomlán na fírinne agus an fhírinne amháin. Níor mhaith liom a bheith diúltach faoi seo, ach creidim gur cheart i gcónaí tosú leis an staid réalaíoch seachas le ródhóchas bréige gan chúis. Níl ról ar bith ag grúpsmaointeoireacht i ngnó chomh tábhachtach le beatha teanga.

Bunaithe ar fhigiúirí an daonáirimh ón bhliain 2002, dúradh i 2007 nach raibh fágtha ach idir 15 agus 20 bliain ag an Ghaeilge mar phríomhtheanga bheo an phobail sna ceantair Ghaeltachta is láidre a bhí fágtha. Ar ndóigh, mairfidh sí mar theanga agus níor saolaíodh fós an cainteoir dúchais deireanach. Ach is mór go deo idir sin agus í a bheith in uachtar mar theanga bheo an phobail agus a bheith á cur ar aghaidh ó ghlúin go glúin gan bhriseadh gan bhearna. Mar dhuine ar cás leis todhchaí na teanga agus na Gaeltachta agus mar dhuine a bhfuil formhór mór a shaoil caite aige ina chónaí sa Ghaeltacht, ní léir domsa go bhfuil mórán gníomhartha suntasacha ná céimeanna praiticiúla le dealramh tógtha ar an talamh le dul i ngleic le scála na géarchéime teanga sa Ghaeltacht ó fhoilsíodh an rabhadh rí-shoiléir sin seacht mbliain ó shin.

Tá Acht Gaeltachta nua achtaithe agus níor bhain an fháilte a cuireadh roimhe aon mhacalla as cnoic agus gleannta na Gaeltachta. D’athraigh sé an struchtúr atá ar bhord an údaráis agus bhronn sé cúraimí pleanála teanga nár iarr siad féin ar phobail na Gaeltachta agus na Gaeilge i gcomhar leis an údarás agus Foras na Gaeilge. Ní ar phobail áitiúla a d’fhágfaí an fhreagracht maidir le pleanáil eacnamaíochta ná ní faoin gcúram a d’fhágfaí cinntí faoi fhorbairt tithíochta, bóithre ná cúrsaí comhshaoil, ach cúrsaí teanga, sin scéal eile.

Tá ceantair roghnaithe agus á roghnú le pleananna teanga a ullmhú agus tabharfar dhá bhliain leis na pleananna sin a ullmhú agus seacht mbliana lena bhfeidhmiú. Idir an dá linn, tá an t-am ag sleamhnú agus más fíor gur go mall a mheileann muilte Dé, is léir gur níos moille fós a mheileann muilte an Státchórais, go speisialta i réimse na teanga. Nuair a fheicim an drochbhail atá fágtha ar chóras na bpleananna teanga nó na scéimeanna teanga do na heagrais Stáit cheal feidhmiú éifeachtach, is deacair dom, faraor, aon mhuinín ró-mhór a bheith agam as an chóras nua pleanála teanga atá beartaithe faoi Acht na Gaeltachta.

Go deimhin, tá mé go mór in amhras an gcreideann fiú na daoine sin a bhfuil cúram oifigiúil orthu i dtaca le feidhmiú na straitéise agus na pleanála teanga ina gcroí féin go bhfuil aon seans dáiríre ann go mbeidh rath nó dea-thoradh go cinnte ar na beartais seo. Mura gcreidfeadh an lucht ceannais féin é, cinnte le Dia, níl mórán cúis ag aon duine eile é a chreidiúint. Ní féidir reachtaíocht shóisialta a chur i bhfeidhm mura bhfuil muinín agus tacaíocht an phobail i gcoitinne aici.

Maidir le háit na Gaeilge sa Státchóras, bhí mé ag léamh tuairisce le gairid ó iar-státseirbhíseach sinsearach a dúirt go raibh, dar leis “growing evidence that there is a strategy afoot to do away with what’s left of Irish in the public life of the country". Chaith Seán Mag Leannáin 15 bliana mar phríomhoifigeach sa Státseirbhís go dtí gur éirigh sé as i mí na Nollag 2009. Dúirt sé:

The civil service establishment ... are almost 100 per cent united in their view of Irish as an irritating thorn in the administration. The mandarins know there isn’t political consensus on the issue and they calculate that even to open a public debate on Irish would be to accord it a status it doesn’t deserve – far better to ignore it as if it didn’t exist and to starve the Official Languages Act of the resources to implement it. Let the whole thing wither on the vine.

Bhí an méid seo le rá aige freisin:

When the Official Languages Act was passed over ten years ago the top civil servants adopted a minimalist, wait-and-see approach. They knew that without their active support the new legislation was never going to have much effect. But what started as passive inaction on their part now seems to have moved up a notch or two to one of active undermining.

It reminds me of a phrase used by our President Michael D Higgins, speaking at the biennial Tóstal na Gaeilge conference in Galway in 2010, when he referred to those “for whom Irish was not half dead enough”.

Sin dearcadh spéisiúil ó fhear misniúil a bhí i gcroílár an Státchórais.

Gealladh sa straitéis go mbunófaí córais le méadú a chur ar fhoireann na seirbhíse poiblí atá in ann feidhmiú i nGaeilge. Thagair mé níos túisce don chóras nua le cur i bhfeidhm ar bhonn píolótach ach feictear dom gur leor a rá libh gur léirigh taighde atá déanta dúinn ar fhigiúirí oifigiúla ón Roinn Oideachais agus Scileanna go dtógfadh an córas nua sin, dá gcuirfí i bhfeidhm go hiomlán agus ar an bhealach is dearfaí é, thart ar 28 mbliana le líon na foirne riaracháin sa Roinn sin le líofacht i nGaeilge a dhúbailt ón 1.5% atá ann faoi láthair go dtí 3%.

Gealladh freisin ar leathanach 45 den straitéis go sonródh scéimeanna teanga amach anseo na poist laistigh d’eagraíocht a mbeadh cumas sa Ghaeilge riachtanach dóibh. Foilsíodh an straitéis i mí na Nollag 2010. Sin breis agus trí bliana ó shin. Daingníodh 26 scéim teanga nua sna trí bliana ó shin agus go dtí seo níl oiread agus post amháin i scéim teanga amháin sonraithe go cinnte mar phost a mbeadh cumas sa Ghaeilge riachtanach lena aghaidh.

Ní miste a lua freisin go bhfuil oifigigh Ghaeilge nó daoine le cúram na teanga orthu ainmnithe ag na Ranna Rialtais éagsúla le freagracht a ghlacadh as feidhmiú an Achta Teanga agus as gníomhú mar theagmhálaithe le m’oifigse. Daoine cumasacha iad ar fad a oibríonn go dúthrachtach ach níl ach seisear as an 16 atá ag plé leis an gcúram sin go bhfuil Gaeilge acu. Tá deichniúir de na hoifigigh sin a bhfuil cúram na teanga orthu sna Ranna Rialtais nach bhfuil aon Ghaeilge acu féin. Fógraíodh sraith iomlán de phleananna agus de bheartais nua d’athchóiriú an Státchórais an tseachtain seo caite, ach go bhfios dom ní luaitear na focail "teanga"’, "Gaeilge" nó "Gaeltacht" oiread agus uair amháin sna cáipéisí tábhachtacha sin.

Tá béim an-mhór sa straitéis ar an Ghaeilge sa chóras oideachais, agus fáiltím roimh chinneadh na Roinne Oideachais agus Scileanna athbhreithniú a dhéanamh ar an soláthar oideachais sa Ghaeltacht. Ach, ag an am chéanna, cuireann sé imní mo chroí orm nuair a smaoiním ar an dearcadh oifigiúil a léirigh an Roinn chéanna le gairid le linn dhá imscrúdú fhoirmiúla a bhí ar siúl ag m’oifig a bhain le gnéithe den oideachas sa Ghaeltacht. I gcás amháin, rinne bunscoil Ghaeltachta sa Rinn i bPort Láirge gearán go raibh treoir á tabhairt ag an Roinn Oideachais dóibh múinteoir a cheapadh ó phainéal ar a raibh farasbarr múinteoirí, cé gur chreid na múinteoirí sin agus údaráis na scoile nach raibh dóthain Gaeilge ag aon duine acu le teagasc i scoil Ghaeltachta.

Seo cúpla sampla fánach de na ríomhphoist a sheol na múinteoirí ón phainéal chuig údaráis na scoile:

With respect to you, your principal and your pupils, I feel that my standard of Irish would not reach the requirement needed for a Gaeltacht school and Gaeltacht life in general.

Dúirt duine eile:

Chun an fhírinne a rá, táim beagáinín buartha faoi toisc gur Gaelscoil sibh agus go bhfuil cainteoirí dúchasacha ag freastal an scoil.

Dúirt duine eile:

Tá brón orm … níl go leor Gaeilge agam chun a bheith ag obair sa Gaeltacht.

Dúirt duine eile:

Unfortunately I don’t think I would be the best person for the job and I’m sure there’s someone on the panel with more experience in Gaelscoileanna and fluency with Irish than I have.

D’ainneoin sin agus an fhíric go bhféadfadh Gaeilge níos fearr a bheith ag cuid de na daltaí ná na múinteoirí féin sa chás sin, chuir an Roinn argóintí dlíthiúla agus praiticiúla i láthair le léiriú nár ghá socrú ar leith a dhéanamh don Ghaeltacht agus go raibh gach múinteoir bunscoile sa tír cáilithe le múineadh i scoil Ghaeltachta. Chinn mé, áfach, de bharr an imscrúdaithe sin, go raibh forálacha éagsúla teanga de chuid an Achta Oideachais á sárú sa chás sin agus rinne mé moltaí dá réir sin.

I gcás eile, rinne an Roinn Oideachais agus Scileanna argóintí dlíthiúla agus praiticiúla fosta nach raibh dualgas uirthi rogha a chur ar fáil le go bhféadfaí ábhair an churaclaim a theagasc trí Ghaeilge go leibhéal na hardteistiméireachta do dhaltaí scoile as ceann de na ceantair Ghaeltachta is láidre atá fágtha i dTír Chonaill. Tá sruth Gaeilge sa scoil go leibhéal an teastais shóisearaigh, ach is beag duine a roghnaíonn é mar go mbeadh ar na daltaí a dteanga a athrú don dá bhliain is tábhachtaí, blianta na hardteistiméireachta. Léirigh an t-imscrúdú a rinne m’oifig go raibh diúltú na Roinne oideachas trí Ghaeilge go leibhéal na hardteistiméireachta a sholáthar do dhaltaí Gaeltachta ag teacht salach ar a cuid dualgas faoin dlí agus, arís, tá moltaí déanta agam leis an scéal sin a leigheas. Tá mé cinnte go dtuigfidh an coiste m’imní faoi ghné an oideachais den straitéis i bhfianaise na gcásanna sin.

Ach, ar ndóigh, is í bun agus barr na faidhbe againn nach bhfuil aon cheangal ceart déanta againn idir foghlaim agus úsáid na Gaeilge sa tír seo. Cuireann an Stát dualgas ar dhaltaí an teanga a fhoghlaim, ach is minic ina dhiaidh sin go gcuireann an Stát céanna cosc nó bac ar na daoine sin an teanga a úsáid ina ngnóthaí oifigiúla. Tá dícheangal nó cliseadh céille i gceist ansin.

Thrácht mé níos túisce ar an easpa monatóireacht neamhspleách atá le déanamh ar an straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Tá iarrachtaí á ndéanamh le tamall a éileamh go n-aithneofaí go hoifigiúil pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta mar pháirtithe leasmhara trí ról a thabhairt dóibh i stiúradh na straitéise 20 bliain, ach ar chúis éigin tá sin á dhiúltú dóibh ag an Státchóras. Is deacair domsa sin a chreidiúint agus meabhraím arís nach féidir reachtaíocht shóisialta a chur i bhfeidhm mura bhfuil muinín agus tacaíocht an phobail i gcoitinne aici.

Tá neart dordfhocal le cloisteáil ceart go leor faoi choistí idir-rannacha, cainteanna déthaobhacha agus pleananna forfheidhmithe, ach an ionann sin agus gníomhartha praiticiúla, dearfacha? Dúisíonn sé i m’intinn an scéal is deireanaí atá nochtaithe ag an iriseoir, Breandán Delap, ó chomhaid na Cartlainne Náisiúnta faoin riail 30 bliain. D’aimsigh sé na cáipéisí oifigiúla a bhain leis an Phlean Gníomhaíochta Ceithre Bliana don Ghaeilge a d’fhoilsigh an eagraíocht Stáit Bord na Gaeilge i 1983. Cáipéis théagartha, shuntasach ab ea í inar leagadh amach spriocanna do gach gné den Státchóras. I ndeireadh na dála, nuair a bhí ionchur na polaitíochta agus na Státseirbhíse curtha san áireamh, ní raibh fágtha den phlean uaillmhianach ach creatlach de choistí a bhí le bunú chun moltaí a dhéanamh i leith úsáid na Gaeilge i réimsí éagsúla den saol phoiblí.

Mheabhraigh seo don iriseoir an méid a bhí le rá ag Séamus Mallon faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, gur “Sunningdale for slow learners” a bhí ann. Plus ça change, plus c'est la même chose. Nár thrua dá mba í an chinniúint chéanna a bheadh i ndán don straitéis 20 bliain don Ghaeilge?

Nuair a bhí mé ag ullmhú le teacht i láthair ag an gcruinniú seo, smaoinigh mé ar ráitis a rinne beirt dár laochra a bhásaigh anuraidh, go ndéana Dia grásta orthu, Nelson Mandela agus Seamus Heaney. Dúirt Nelson Mandela:

If you talk to a man in a language he understands, that goes to his head. If you talk to him in his language, that goes to his heart.

Dúirt Seamus Heaney:

Not to learn Irish is to miss the opportunity of understanding what life in this country has meant and could mean in a better future. It is to cut oneself off from ways of being at home. If we regard self-understanding, mutual understanding, imaginative enhancement, cultural diversity and a tolerant political atmosphere as desirable attainments, we should remember that knowledge of the Irish language is an essential element in their realisation.

Tá rogha shimplí romhainn idir fhéachaint siar ar an Ghaeilge mar theanga a chailleamar nó féachaint chun tosaigh agus í mar chuid lárnach dár bhféiniúlacht agus dár bhflaitheas. Deirim go cinnte inniu i dTithe an Oireachtais gur le croí trom a thabharfaidh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta aghaidh ar chomóradh 100 bliain Éirí Amach na Cásca, faoi cheann dhá bhliain eile, mura bhfuil inár dteanga náisiúnta ach teanga shiombalach agus, seachas í a bheith ina croíchuid dár gcultúr agus dár n-oidhreacht bheo, go mbeadh sí brúite ar leataobh, fágtha ar an imeall agus in áit na leathphingine i saol an náisiúin seo. Gabhaim buíochas leis an bhfochoiste arís as an gcuireadh labhairt anseo inniu.

Go raibh míle maith agat, a choimisinéir. Bhí ról lárnach ag an gcomhchoiste Oireachtais sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Ghlacamar le comhairle ó beagnach 50 grúpa anseo agus in áiteanna eile. Chuaigh an chomhchoiste chomh fada le Conamara chun bualadh le breis agus 30 grúpa ansin. Bhí áthas croí ar dhaoine nuair a ceapadh Seán Ó Cuirreáin mar Choimisinéir Teanga. Thuigeadar go raibh sé dáiríre agus cumasach. Ní dóigh liom gur chothaigh sé conspóid riamh d'aon ghnó ionas go mbeadh conspóid ann. Tá na rudaí atá ráite anseo inniu thar a bheith bunúsach agus tábhachtach. Téann siad go dtí croí na straitéise. Is é sin an príomhrud. Is maith an rud é go bhfuil seans againn cuid de na hábhair seo a phlé le Seán Ó Cuirreáin agus ceisteanna a chur air.

Gabhaim buíochas leis an gcoimisinéir as ucht teacht isteach anseo inniu agus cur i láthair iontach a thabhairt dúinn. De ghnáth, ní bhíonn an fochoiste seo ag iarraidh caint faoi chúrsaí polaitíochta. Caithfidh mé a rá, áfach, go bhfuil díomá an domhain orm nach bhfuil aon Teachta Dála nó Seanadóir ó pháirtithe an Rialtais i láthair anseo. Ceapaim gurb í seo an chéad uair riamh gur sheas ombudsman sa Stát siar ón a phost. Tá a lán le foghlaim againn agus ag an Rialtas ó thaithí an choimisinéara. Tá sé dochreidte nach bhfuil éinne ó pháirtithe an Rialtais anseo. I mo thuairim, taispeánann sé sin drochmheas don choimisinéir, do mhuintir na Gaeltachta agus do Ghaeilgeoirí timpeall na tíre. Is léir nach bhfuil siad sásta teacht anseo inniu.

Cé go bhfuil an méid atá ráite ag an gcoimisinéir dochreidte, i slí amháin, níl iontas orm de bhrí go bhfuil go leor fianaise feicthe agam i gContae na Mí agus in áiteanna eile ar fud na tíre. Tá daoine tinn tuirseach agus iad ag iarraidh seirbhísí a fháil ón Stát trí mheán na Gaeilge. Nuair a chuir mé glaoch ar an ESB cúpla seachtain ó shin, roghnaigh mé an líne Ghaeilge ach ní raibh éinne in ann labhairt liom. Dúradh liom go gcuirfeadh duine éigin glaoch ar ais chugam tar éis cúpla uair. Nuair a tháinig an glaoch sin, ní raibh an duine in ann cabhrú liom ar chor ar bith agus bhí orm an gnó a dhéanamh trí Bhéarla. Tá a fhios agam nach bhfuil a lán daoine sásta dul ar aghaidh mar sin. Má tá orthu default a dhéanamh ar ais go dtí an Béarla tar éis tamaill, déanann sé praiseach den rud ar fad.

Tá 25% de thuismitheoirí na tíre seo ag iarraidh gaelscolaíocht a fháil dá leanaí, ach níl ach 5% de pháistí na tíre seo ag fáil gaelscolaíocht faoi láthair. Níl aon ionad sa Roinn Oideachais agus Scileanna ag déileáil leis an éileamh sin. Níor bhunaigh aon Rialtas riamh gaelscoil sa tír seo. I ngach cás, bhí ar thuismitheoirí na tíre seo teacht le chéile, feachtas a chruthú agus gaelscoil a bhunú. Tá sé dochreidte nach bhfuil an Roinn sásta ionad a sholáthar chun an t-éileamh sin a shásamh. Tá sé iontach a chloisteáil go bhfuil an méid sin eolais ann faoi na fadhbanna a bhaineann leis an easpa iniúchadh. Bheimis ag oibriú sa dorchadas gan an t-eolas sin.

Táimid ag díriú ar an straitéis 20 bliain. Dar le saineolaithe, níl 20 bliain fágtha ag an nGaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht. I mo thuairim, táimid i ngéarchéim uafásach sa chomhthéacs seo. Muna bhfuil an Rialtas sásta ceannaireacht a thabhairt, ní bheidh deireadh le fadhbanna dochreidte sa Státseirbhís ar nós an frithGhaelachais. Molaim go mór an méid oibre atá déanta ag an gCoimisinéir Teanga, go mórmhór an chaoi ina bhfuil sé ag díriú isteach ar an bhfadhb seo ag an bomaite.

Cuirim fáilte arís roimh an gCoimisinéir Teanga. Bhí mé anseo an mhí seo caite nuair a labhair sé le comhchoiste eile. Ghabh mé buíochas leis an lá sin agus ba mhaith liom é sin a dhéanamh arís inniu. Gabhaim buíochas leis an gCathaoir freisin as ucht an obair mhaith a rinne sé i dtaobh na straitéise. Chuaigh an chomhchoiste ag an am ar thuras go hiarthar na Gaillimhe. Mar a dúirt an Teachta Tóibín, is mór an trua é nach bhfuil Teachtaí Dála nó Seanadóirí ó pháirtithe an Rialtais i láthair.

Ba mhaith liom ceist a chur ar fhoireann an choimisinéara faoi ábhar a ardaíodh Dé Máirt seo caite nuair a bhí cruinniú againn mar gheall ar na Meastacháin. Dúirt an tAire Stáit go bhfuil €500,000 ar fáil d'Oifig an Choimisinéara Teanga i mbliana. Céard a tharlóidh don airgead sin nuair a éireoidh an coimisinéir as a phost ag deireadh na míosa? Tá sé ráite le déanaí go dtarlóidh an cónascadh le hOifig an Ombudsman i mí Meán Fómhair seo chugainn. Céard a tharlóidh d'Oifig an Choimisinéara Teanga ansin? B'fhéidir nach bhfuil a fhios ag an gcoimisinéir an mbeidh oifig i nGaillimh, mar shampla. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh an coimisinéir neamhspleách agus nach mbeadh gach rud fite fuaite in oifig amháin. Dúirt an tAire Stáit Dé Máirt seo caite go bhfuil gearradh siar á dhéanamh ar líon airgid an Roinne agus an údaráis.

Tá a lán rudaí tábhachtacha ráite ag an gcoimisinéir mar gheall ar an straitéis, go háirithe faoi chúrsaí oideachais. Níl éinne sásta go bhfuil an gearradh siar seo ag dul ar aghaidh. Tá airgead ann don choimisinéir, ach ní bheidh sé ann tar éis mí eile. Ba cheart réiteach a fháil ar go leor fadhbanna éagsúla agus freagraí a fháil, más féidir, ón Rialtas agus ón Aire Stáit. Is trua liom go mbeidh orm imeacht go dtí an Dáil ag a haon a chlog. Ba mhaith liom na ceisteanna sin a chur ar an gcoimisinéir. Cuirim fáilte roimhe arís.

B'fhéidir gur mhaith leis an gcoimisinéir freagra a thabhairt do na Teachtaí.

Seán Ó Cuirreáin

Luaigh an Teachta Tóibín an easpa Gaeilge in eagraíochtaí Stáit áirithe nuair a ghlaonn sé orthu ar an teileafón. Deirtear leis go nglaofaidh duine éigin le Gaeilge ar ais air. Nuair a tharlaíonn sé sin, ní bhíonn aon saineolas ag an duine sin. Is í sin an fhadhb, i ndáiríre. Is í sin bun agus barr na faidhbe. Muna bhfuil daoine le Gaeilge fostaithe sa Státseirbhís, sna rannóga difriúla agus na Ranna difriúla, ní oibreofar an straitéis. Táimid ag cur dualgas ar dhaoine an teanga a fhoghlaim, ach gan deis a thabhairt dóibh an teanga a úsáid ina dhiaidh sin. Má ghlaonn duine ar Roinn Rialtais, agus má deirtear leis "glaofar ar ais ort", glaonn duine ar ais le Gaeilge ach gan aon eolas faoi ábhar na ceiste. Níl aon tairbhe ansin, i ndáiríre. Is cineál cur i gcéill é. Tuigim an deacracht sin.

Luaigh an Teachta Tóibín an easpa iniúchadh ar an straitéis 20 bliain. Sílim go bhfuil sé sin i gcroílár na bhfadhbanna atá againn i láthair na huaire. Tá difríocht ollmhór idir féinmheasúnú agus measúnú neamhspleách. Tabharfaidh mé sampla amháin simplí chun é sin a léiriú. Bíonn dualgas ar Oifig an Choimisinéara Teanga iniúchadh a dhéanamh ar scéimeanna teanga.

Roinnt blianta ó shin - 2009 - bhí sé geallta i scéim teanga na gCoimisinéirí Ioncam go mbeadh 20% dá gcuid preasráitis dá gcuir amach i nGaeilge agus i mBéarla, go dhátheangach. Cuireadh foirm chucu le líonadh i dtús aimsire mar chuid den iniúchadh agus cuireadh ceist orthu an raibh sé seo á dhéanamh agus cuireadh tic sa ticbhosca ag rá go raibh sin ag tarlú. Nuair a d'amharc ball foirne na hoifige s'againne, Colm Ó Coisdealbha, ar an suíomh gréasáin, chonaic sé go raibh na preasráitis ar fad, ón chéad trí mhí den bhliain curtha ar an suíomh, ach gur cuireadh ar an suíomh iad ag an am céanna.

Nuair a dhein sé iniúchadh ar seo, mar is ceart, leo, fuair sé amach gurbh é an plean a bhí acu, agus mhínigh siad go soiléir é, go gcuirfeadh siad amach na preasráitis ar fad i mBéarla chuig chuile duine, Raidió na Gaeltachta, TG4, RTE agus ansin, nuair a bheadh bailiúchán mór preasráiteas acu, chuirfeadh siad chuig aistritheoir é mar go raibh sé níos saoire é a dhéanamh "in bulk". Ansin, cuireann siad é sin ar an suíomh ghréasáin. Stop muid an nós sin agus ghlac siad leis go raibh an nós sin mícheart. Sin an difríocht idir féin mheasúnú agus measúnú neamhspleách. Ní bhfaighidh duine away le measúnú neamhspleách mar sin má tá duine ag déanamh iniúchta. Muna bhfuiltear in ann seiceáil, ní féidir glacadh leis na ticeanna sna boscaí.

Chuir an Teachta Kitt ceist faoin mhéid airgid atá ar fáil don oifig. Tá buiséad de thart ar €500,000 ag an oifig. Tá coimisinéir úr le ceapadh. Creidim nár tugadh an acmhainn airgid nó an acmhainn foirne a theastódh ón oifig dáiríre lena cuid oibre a dhéanamh ariamh agus go dteastódh i bhfad níos mó ná sin. Tá, ar a laghad, dhá fholúntas sinsearach san oifig i láthair na huaire, agus seans nach fada go mbeidh tuilleadh folúntas ann freisin. An baol atá ann ná go bhfuil gearradh siar agus gearradh siar ag leanacht a chéile go leanúnach. Dáiríre, is féidir caint faoi neamhspleáchas a bheith ag duine, ach tá neamhspleáchas teoranta ag easpa acmhainní. Muna bhfuil na hacmhainní ag an oifig le dul i ndiaid rudaí le iad a fhiosrú, tá a chuid neamhspleáchas dhá ghearradh.

Chuir an Teachta Kitt ceist freisin faoin cónascadh le Oifig an Ombudsman. Dúirt mé nach raibh fhios agam aon rud faoi. Nuair a fógraíodh é, ní raibh a fhios ag an Ombudsman deireannach a bhí ann, Emily O'Reilly, faoi ach an oiread. Ó shin i leith, tá méid áirithe cloiste, ach d'iarr mise go sonrach go bhfeicfinn na mion sionraí i scríbhinn, na leasuithe reachtúla a bhí beartaithe. Táthar ag geallúint go mbeidh an duine neamhspleách agus lonnaithe sa Ghaeltacht, na rudaí seo ar fad, ach go dtí go bhfeiceann muid an "small print", is deacair aon tuiscint a bheith againn céard é go díreach a tharlós. Ag an bpointe seo, níl a fhios agam, agus is dóigh nach mbeidh a fhios ag pé coimisinéir a thiocfaidh i m'áit ach an oiread, cén toradh a bheidh ar nó cén éifeacht a bheidh ag an cónascadh sin. Ach is léir ó cháipéisí na seachtaine seo caite, go bhfuil sé i gceist dul chun cinn leis an gcónascadh sin roimh Mhí Mheán Fómhair.

I dtús báire, ba mhaith liom fáilte a chur roimh an gcoimisinéir agus a rá go bhfuil an-aiféal orm gur bhraith sé go raibh air an cinneadh a ghlac sé a ghlacadh. Tháinig sé aniar aduaidh orainn ag an comhchoishte an lá eile nuair a d'inis an coimisinéir dúinn go raibh sé chun éirí as a phost, ach tuigim go rí-mhaith cén fáth go bhfuil.

Bhí sé spéisiúil aréir sa Seanad go raibh díospóireacht againn faoi Theanga Chomharthaíochta na hÉireann, Irish Sign Language, agus an dream atá bodhar ag lorg aitheantais dlíthiúil i mBille dá chuid riachtanas ó thaobh na teanga sin. B'é an freagra a fuair muid ón Aire Stáit sa Teach ná go mbeadh an Rialtas sásta sin a dhéanamh nuair a bheadh na hacmhainní cuí curtha ar fáil do daoine bodhar. Nuair a thógann muid an freagra sin i gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla, áit a bhfuil an reachtaíocht againn agus fós féin nach bhfuil na hacmhainní cuí ar fáil, tá sé thar a bheith iorónta.

Mar a dúradh roimhe seo, tá daoine sna páirtithe ar fad báúil don Ghaeilge. Tá daoine sna Tithe seo atá an-dáiríre faoin Ghaeilge agus tugann siad lacaíocht di. Labhraíonn siad ag díospóireachtaí agus bíonn siad ag na coisti seo, ach ní leor a bheith báúil don Ghaeilge le tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge. Níl aon mhaith sa gcaint muna bhfuil gníomh taobh thiar di, ach sin atá ann. Is é an trua nach bhfuil duine éigin anseo ó pháirtí an Rialtais, ach sin mar atá sé. Déarfaidh siad uilig go bhfuil siad báúil don Ghaeilge ach cén mhaith é sin nuair nach bhfuil na hacmhainní á chur ar fáil.

Rinne muid iarratas go dtiocfadh an coimisinéir os comhair an tSeanaid le labhairt leis an tSeanad agus tá a fhios sin ag an gcoimisinéir. Síim nach bhfuiltear ag cur an éirí as seo i gcomhthéacs níos leithne. Mar a dúradh níos luaithe, seo an chéad uair i stair an Stáit gur éirigh ombudsman de chineál ar bith as a phost ar na cúinsí nach raibh an tacaíocht á fháil aige nó aici ón Rialtas. Tá sin náireach agus is ábhar i bhfad níos tromchúisí é ná díreach ceist teanga. Táthar, sa Rialtas, dar liom, ag iarraidh a rá go mbaineann an éirí as le ceist na Gaeilge - go bhfuil Seán Ó Cuirreáin ag éirí as, ach go bhfuil siad chun duine eile a cheapadh. Ní dóigh liom go dtuigeann siad chomh dáiríre agus atá an éirí as seo. Níor mhiste liom tuairimí an choimisinéara a fháil faoi sin. Ó bheith ag labhairt leis na hOmbudsmen eile a bhaineann le coistí eile, ceapaim go dtuigeann siadsan chomh maith cé chomh dáiríre agus atá an rud seo. Go hidirnáisiúnta fiú, níl a fhios agam cé mhéid ombudsmen go m'béigean dóibh éirí as de bharr easpa tacaíochta. An bhfuil aon eolas ag an gcoimisinéir faoi sin?

Tá an-bhrón orm nár ghlac an Seanad le go dtiocfadh an coimisinéir os comhair an tSeanaid le cineál state of the nation teachtaireacht a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge de. Bheadh sin úsáideach agus chuirfeadh sé an díospóireacht seo ar an leibhéal gur cóir dó a bheith. Is maith an rud go bhfuil an coimisinéir istigh inniu, ó thaobh na straitéise de. Tá mise ag rá le fada an lá nach bhfuil sa straitéis ach cur i gcéill. An t-impire gan aon éadach atá, dar liomsa, san Aire stáit ó thaobh cur i bhfeidhm na straitéise. Tá sé thar am go ndéarfadh muid nach bhfuil cur i bhfeidhm na straitéise ag feidhmiú mar is ceart agus go gcaithfear athbhreithniú iomlán a dhéanamh faoi sin.

Dála an scéil, is é an fógra a rinne mé nuair a chuala go raibh an coimisinéir ag éirí as oifig ná nach eisean ba chóir a bheith ag éirí as beag ná mór, ach an tAire Stáit. Tá an fhianaise againn gur eisean atá faillíoch ina chuid oibre - nuair a bhreathnaíonn muid ar laghad na scéimeanna atá daingnithe. Nuair a bhreathnaíonn muid ar an easpa tacaíochta atá á fháil ó na Ranna Stáit éagsúla, is léir go raibh an coimisinéir ag déanamh a chuid oibre. Nuair a léann muid na tuarascálacha, feiceann muid an oiread díograise atá aige. Bhí an coimisinéir agus a oifigigh ag déanamh a gcuid oibre agus ag feidhmiú de réir an Achta. Bhí siad ag déanamh gach a ndúradh leo a dhéanamh. Bhí siad ag comhoibriú leis na Ranna chomh fada agus ab fhéidir. Bhí siad réasúnach sa mhéid a bhí siad ag iarraidh orthu agus cé nach raibh siad ag fáil comhoibrithe i go leor cásanna, bhí siad ag fáil comhoibrithe i cásanna eile. San áit a raibh sin ag tarlú, bhí rudaí socraithe go deas ciúin.

Leag Oifig an Choimisinéara tuairiscí os comhair Thithe an Oireachtais agus ba faoi an Oireachtas ansin feidhmiú ar na tuairiscí sin, ach le bheith fírinneach, níor fheidhmigh muid. Tugadh roinnt dreamanna, mar shampla, an Roinn Coimirce Sóisialaí, agus mar sin de os comhair an choiste faoinar thagair muid níos luaithe, ach níor tháinig an Rialtas taobh thiar de na hiarrachtaí sin. Aontaím le Seán Mag Leannáin sa mhéid a bhí á rá aige. Más tada an fhianaise a tugadh ag an Chomhchoiste Achanaithe agus Formhaoirsiú Poiblí ón Roinn Coimirce Sóisialaí, d'airigh mise an doicheall agus an ghráin a bhí acu maidir le cur i bhfeidhm an méid a bhí molta ag an gcoimisinéir. Bhí freastal láidir ann agus ba léir uathu gur bhraith siad nach raibh sa rud seo, ó thaobh na Gaeilge, ach rud beag fánach a bhí ag cur as dóibh agus go raibh fadhbanna i bhfad níos mó acu ná sin le réiteach. Léirigh sin domsa an méid a dúirt Seán Mag Leannáin go poiblí agus ceapaim go bhfuil an ceart ar fad aige.

Tá an rud adúirt an coimisinéir faoi léirmheastóireacht neamhspleách iontach tábhachtach, bunaithe ar thaighde an tagartha a d'úsáid sé. An bhféadfadh sé beagán leathnaithe a dhéanamh ar an smaoineamh sin? Cén taighde atá i gceist aige go díreach? Céard iad na fíricí ba chóir dúinne a bheith ag breathnú orthu? Sílim, gurb é atá á rá ag an gcoimisinéir, agus bhí sé ag labhairt go han-láidir anseo, go bhfuil sé ag cur dúshláin mór os comhair an choiste seo. Tá muid anseo le hathbhreithniú a dhéanamh ar an straitéis 20 bliain. Caithfimid tabhairt faoi sin agus tabhairt faoi i bhfad níos dáiríre ná mar atá déanta againn go dtí seo. Ba chóir dúinn an straitéis - táim ag déanamh an mholta seo don fhochoiste - a thógáil líne ar líne, moladh ar mholadh agus dul tríd gach cheann de na moltaí airithe. Le gach moladh, ba chóir dúinn féachaint céard é an moladh atá déanta, cén dul chun cinn atá déanta ar an moladh sin, agus céard eile is cóir a dhéanamh amach anseo. Sílim, go gheobhaimid amach i bhformhór na gcásannna gur beag atá déanta, ach coistí a bheith bunaithe. Deirtear go bhfuil neart cainte déanta ag leibhéal ard, ach ní fheiceann muid tada ag tarlú ar an dtalamh.

Déanaim an moladh sin don choiste seo, go ndéanfadh muid an straitéis a thógáil moladh ar mholadh, cáipéis a dhéanamh amach agus an dul chun cinn ar ghach moladh acu sin a theist. Mar adeir an coimisinéir, ba chóir an teist sin a bheith bunaithe ar thaighde. Ní hionann cáipéis agus straitéis. Deireann an coimisinéir go bhfuil an cúram pleanáil teanga curtha anuas ar ghuaillí an phobail. Ó a bheith ag caint leis na comharchumainn agus na daoine atá iontu, tá cineál gunna lena gcloigeann. Tá sé ráite leo go príobháideach go gcaithfidh siad an jab seo a dhéanamh nó nach bhfaighfidh siad tacaíocht. Sin an meon atá ar an dtalamh, gur cineál cailís mhailíseach atá tugtha dóibh. Tá an cúram tugtha dóibh, ach níl na hacmhainní tugtha dóibh leis an pleanáil teanga a chur i bhfeidhm. Mar a deireann an coimisinéir, tá an-chuid scileanna ag an dream atá ann agus tá jabanna eile le déanamh acu, ó thaobh scéimeanna agus an obair eile atá ar bun acu mar chomharchumainn agus comhlachtaí pobalbhunaithe, seachas an cúram pleanála teanga. Cá bhfeicfeadh an coimisinéir gur chóir an cúram sin a bheith leagtha, seachas anuas ar na pobail agus na húdaráis deonacha?

Maidir leis na scéimeanna teanga, luaigh muid cheana cé chomh dona agus atá cúrsaí faoi láthair maidir le cur i bhfeidhm agus daingniú na scéimeanna. Níl a fhios agam an bhfuil aon bealach chun cinn. Ar chóir dúinn dearmad glan a dhéanamh ar sin ag an bpointe seo nó an bhfuil muid díreach ag cur i gcéill? Aontaím leis an gcoimisinéir maidir leis an gcóras earcaíochta, ó thaobh nach bhfuil an polasaí nua ag dul i bhfeidhm. Le é a chur ar an taifead, cén moladh a bhí ag an gcoimisinéir maidir leis an bpolasaí earcaíochta? Luaigh sé córas cosúil leis an gceann atá sa PSNI, de réir mo chuimhne. B'fhéidir go m'bhfiú é sin a chur ar an dtaifead arís dúinn.

Tá sé scannalach nach bhfuil Gaeilge ag deichniúr as an seisear déag sna hoifigí teagmhála atá ainmnithe le comhcheangail a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara Teanga. Nuair a labhraím le daoine sa Státseirbhís a bhfuil Gaeilge acu, deireann siad liom gur bhreá leo ról den chineál sin. Tá siad coinnithe in áiteanna eile, áfach, agus níl feidhm Ghaeilge ar bith ag baint leis an obair a dhéanann siad ó lá go lá. Cén chaoi a dtiocfaimid thairis sin? An féidir atheagrú a dhéanamh nuair atá bac ar earcaíocht sa Státseirbhís?

Tuigim chomh maith an frustrachas a bhaineann leis an ngéarchéim mhillteanach i dtaobh an Roinn Oideachais agus Scileanna. Tá an dá shampla a thug an coimisinéir náireach agus scannalach. Sílim gur chóir dúinn mar choiste iarradh ar ionadaithe ón Roinn teacht os ár gcomhair ag am tráth ann, agus an t-athbhreithniú seo á dhéanamh againn, chun iad a cheistiú go mion ar an méid atá luaite ag an gcoimisinéir.

Tá a fhios agam go bhfuil mé ag dul ar aghaidh píosa fada, ach ní gheobhaidh mé deis é seo a dhéanamh le Seán Ó Cuirreáin arís. Cuireann an méid a bhí le rá aige faoin na preasráitis - an cur i gcéill a bhaineann le ticeáil boscaí, agus an fhéinmheastóireacht vis-à-vis an mheastóireacht neamhspleách atá ag teastáil ó Oifig an Choimisinéara Teanga - an-imní orm. B'fhéidir go bhfuil an ticeáil boscaí seo ar siúl in áiteanna i bhfad níos leithne chomh maith céanna.

Tá tuairisc ag teastáil ón gcoiste seo. Caithfimid an dúshlán seo a ghlacadh. Ba cheart do bhaill an choiste gníomhú i bhfad níos láidre ar an méid atá ráite ag an gCoimisinéir Teanga. Sílim nach leor dúinn a rá go bhfuilimid báúil - caithfimid gníomhú. Molaim ní hamháin go mbeidh éisteachtaí ag an gcoiste seo, ach freisin go gcuirfimid tuairisc chuimsitheach le chéile maidir leis an straitéis 20 bliain don teanga. Chomh maith leis sin, is dócha go mbeidh orainn breathnú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus an Acht Oideachais de réir mar a bheidh cúrsaí ag dul ar aghaidh. Caithfimid bheith níos sainiúla maidir leis na mioncheisteanna a bhaineann leis an straitéis. Má fhanann an díospóireacht seo ginearálta, agus muna rachaimid go sainiúil tríd an straitéis féin pointe ar phointe, ní dóigh liom go mbeidh aon dul chun cinn déanta.

Ba mhaith liom mar rud pearsanta buíochas a ghlacadh le Seán Ó Cuirreáin as ucht an obair éachtach atá déanta aige. Tá mé cinnte, ón méid atá cloiste agam ón lá gur fhógair sé go raibh sé i gceist aige éirí as a phost, go bhfuil mé ag labhairt ar son pobal na Gaeilge nuair a deirim é sin. Is fiú a rá freisin go bhfuil an fhoireann bheag in Oifig an Choimisinéara Teanga iontach díograiseach, an-chúirtéiseach agus an-oibleagáideach go deo.

Rinne lucht Conradh na Gaeilge trí phointe, i dtaobh na gníomhartha gur gá a thógáil sa chomhthéacs seo, ag an gcruinniú poiblí a d'eagraigh siad i mBaile Átha Cliath le déanaí. Ar an gcéad dul síos, dúirt siad gur gá Acht na dTeangacha Oifigiúla agus Oifig an Choimisinéara Teanga a láidriú. Tá a fhios agam go bhfuil na pointí seo luaite ag an gcoimisinéir ina dtuarascálacha bliantúla agus in áiteanna eile, ach b'fhéidir gur cheart dó iad a mheabhrú dúinn arís. Cén chaoi a bhfeicfeadh sé gur chóir é seo a dhéanamh? Ar an dara dul síos, mhol Conradh na Gaeilge gur cheart a chinntiú go bhfuil dóthain Gaeilge ag fostaithe an Stáit. Tá sé luaite agam gur cheart go mbeadh na fostaithe in ann seirbhís a chur ar fáil gan cheist gan choinneáil faoi dheireadh 2016. Ar an tríú dul síos, dúirt Conradh na Gaeilge gur cheart seirbhísí Stáit a chur ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeilge. Ba mhaith liom dá gcuireadh an coimisinéir a smaointí sa chomhthéacs seo ar an taifead - nó, b'fhéidir, iad a sheoladh ar aghaidh chugainn - ionas go mbeimid in ann iad a thógáil san áireamh in aon tuarascáil a dhéanfaimid bunaithe ar na díospóireachtaí maidir leis an straitéis 20 bliain.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le seirbhísí na dTithe seo. An t-am deireanach a labhair an coimisinéir ag coiste Oireachtais, bhí fadhb theanga againn mar go raibh an córas aistriúcháin briste. Is maith an rud a thabhairt faoi deara go bhfuil cuí curtha ar sin. Tuigim gur fadhb theicniúil, seachas fadhb ateangaireachta, a bhí i gceist an lá sin. Ba cheart dúinn ár mbuíochas a ghlacadh leo siúd a sholáthraíonn seirbhísí na Tithe seo - an cléireach agus an fhoireann a bhíonn ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge - as ucht an obair éachtach a dhéanann siad sa chomhthéacs sin.

Níl aon amhras faoi ná go bhfuil an-chuid ceisteanna ansin. B'fhéidir gur fearr don choimisinéir iad a fhreagairt ag an am seo. Labhróidh an Teachta Ó Cuív agus an Teachta Tóibín ina dhiaidh sin.

Seán Ó Cuirreáin

Cé go bhfuil mé ag éirí as, tá coimisinéir nua le ceapadh. Ar bealach, ní réitíonn sé sin na fadhbanna céanna faoi earcaíocht agus easpa seirbhísí trí Ghaeilge do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Leanfaidh an easpa sin ar aghaidh muna rachfaí i ngleic leis. Is réiteach amháin é coimisinéir a cheapadh, ach tá súil agam go bhfaighidh an duine a bheidh i mbun na hoibre seo socrú éigin nó tuiscint pholaitiúil go bhfuil sé i gceist ag an Rialtas dul i ngleic leis na hábhair seo. Muna dtarlaíonn sé sin, tá baol ann go leanfaidh an tsraith fadhbanna seo ar aghaidh.

Luaigh an Seanadóir cé chomh riachtanach is atá sé don choiste iniúchadh nó "tuairisc chuimsitheach" a fháil ar fheidhmiú na straitéise. Caithfear go mbeadh a leithéid déanta go neamhspleách. Ní leor a rá go simplí leis na Ranna éagsúla Rialtais tuairisc ar an méid atá déanta acu a sheoladh chugainn. Má dhéanann an coiste é sin, gheobhaidh sé tuairisc dhearfach ina mbeidh na boscaí ticeáilte. Mar a deirim i gcónaí, ní hionann i gcónaí na boscaí a ticeáil agus an obair a bheith déanta. Is ansin atá an deacracht, i ndáiríre. Tá a fhios agam gur tugadh sainchomhairleoirí náisiúnta agus idirnáisiúnta isteach nuair a bhí an straitéis á dhréachtadh. B'fhéidir go mbeadh dream éigin den chineál sin in ann comhairle a chur oraibh maidir leis an gceist seo; sé sin, an bhfuil na rudaí a bhí á moladh acu nuair a bhí an straitéis á chur le chéile á dhéanamh go cuí, go ceart agus go cóir. B'fhéidir go mbeadh grúpa ar nós an dream a chuir an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch le chéile in ann breathnú ar na rudaí seo ón taobh amuigh go fuarchúiseach, go fírinneach, go macánta agus go hionraic, agus an saineolas atá acu a úsáid chun cinneadh a dhéanamh an bhfuil sé seo ag tarlú.

Aontaím leis an Seanadóir go bhfuil gníomhartha praiticiúla ar an talamh, seachas focail mhilse, riachtanach i láthair na huaire. Níl aon bhuntáiste dúinn i gcur i gcéill. Ní dhéanfaidh gealltanais fholmha aon mhaith. Creidim go bhfuil sé bunúsach - tá sé seo curtha ar an taifead agam roinnt uaireanta - dul i ngleic leis an earcaíocht ionas go mbeidh céatadán ceart i gceist. Luaigh mé an múnla a úsáideadh i dTuaisceart Éireann nuair a chuaigh an tseirbhís póilíneachta ann ón RUC go dtí an PSNI agus theastaigh ó na húdaráis ó Thuaidh líon na ndaoine san fhórsa ó chúlra náisiúnach a mhéadú. Bhí orthu a chinntiú go mbeadh idirdhealú dearfach i gceist ar feadh roinnt blianta leis an gcothromaíocht a bhaint amach. Sílim go rabhadar in ann éirí as an idirdhealú dearfach, agus é a fhágáil faoin margadh ina dhiaidh sin, tar éis ocht mbliana ós rud é go raibh cothromaíocht bainte amach.

Tá na figiúirí an-íseal i láthair na huaire. Tá a fhios agam go raibh ceisteanna sa Dáil faoin ábhar seo an tseachtain seo caite. Chonaic mé cuid de na freagraí. Bhí Ranna Rialtais ag rá go raibh Gaeilge mhaith ag 1% dá foirne. Chuir Ranna eile na figiúirí i dtaobh daoine le Gaeilge mhaith agus daoine le Gaeilge réasúnta le chéile, ionas go mbeadh cuma níos fearr ar an bhfigiúr deireanach. I ndáiríre, muna bhfuil daoine le Gaeilge agat, ní féidir leat seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Níl an cheist seo ar an gclár oibre i láthair na huaire. Foilsíodh cáipéisí tábhachtacha an tseachtain seo caite faoi athchóiriú na Státseirbhíse agus athchóiriú na seirbhíse poiblí ar fad. Cé go raibh na cáipéisí sin an-snasta ar fad, níor luaigh siad in aon áit an easpa seirbhíse i nGaeilge nó an easpa seirbhíse Gaeltachta.

Chuir an Seanadóir ceist orm faoin scéal go hidirnáisiúnta. Ní heol domsa faoi aon ombudsman a d'éirigh as go hidirnáisiúnta. Tá deichniúr coimisinéir teanga ar fud an domhain agus, mar a tharlaíonn sé, beidh cruinniú ag Cumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga amárach. Tarlaíonn na cruinnithe seo gan dualgas a bheith ar éinne a oifig a fhágáil. Tagann siad ó thíortha chomh fada ó thuaidh leis an gCiorcal Artach agus chomh fada ó dheas leis an Aifric Theas. Úsáidtear córas teicneolaíochta atá an-saor, ionas gur féidir na cruinnithe a reáchtáil gan éinne a gcuid oifigí a fhágáil. Tá comhoibriú an-mhaith idir an deichniúr atá i mbun na gcúraimí seo. Níorbh éigean d'éinne acu sin éirí as a gcuid oifigí de bharr fadhbanna chomh bunúsach seo. Is fíric de chuid na staire í sin.

D'iarr an Seanadóir orm ar cheart plé le scéimeanna teanga. Aontaíodh 16 scéim teanga nua anuraidh, ach chuaigh 20 scéim as feidhm sa tréimhse chéanna. Mar sin, tá carnadh breise á dhéanamh i gcónaí ar an bhfarasbarr. Níltear in ann dul i ngleic fiú leis an méid sin. Mhol mé go mb'fhéidir gur chóir breathnú i dtreo na Breataine Bige i gcomhthéacs an leasú atá le déanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá córas nua á thabhairt isteach ansin, ar a dtugtar "caighdeáin" seachas "scéimeanna teanga". Tá sé cineál cosúil le rialacháin a gcuirfear i bhfeidhm ar eagraíochtaí Stáit áirithe, ag brath ar an gceangal atá acu le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. I bhfocail eile, ní bheimid ag súil leis an tseirbhís chéanna i nGaeilge a fháil ón nGarda Síochána, ó na Coimisinéirí Ioncaim nó ón Roinn Coimirce Sóisialaí - seirbhís a bheadh an-ard ar fad - agus ó eagraíochtaí beaga Stáit ar nós an Poisons Council. Níl aon ghá go mbeadh ar dhreamanna beaga mar sin an leibhéal céanna seirbhís a chur ar fáil. B'fhéidir gur chóir breathnú ar chórais eile, seachas ar chóras na scéimeanna teanga. D'oibreodh córas na scéimeanna dá gcuirfí i bhfeidhm mar is ceart é; sé sin le rá, dá gcuirfí an dua agus an obair ann. Níltear sásta, is cosúil i láthair na huaire, dul i ngleic leis sin. Tá sé ráite liom ag an Roinn go bhfuiltear chun na háiseanna a mhéadú, ach dúradh é sin cheana roinnt uaireanta agus níl sé sin tarluithe.

Le bheith soiléir, nach é Roinn na Gaeltachta atá ag feidhmiú daingniú na scéimeanna? Tá an cúram sin ar an Roinn, seachas ar Oifig an Choimisinéara Teanga.

Seán Ó Cuirreáin

Níl an cúram sin ar m'oifig. Aontaíonn na heagraíochtaí Stáit na scéimeanna le Roinn na Gaeltachta. Tá na deacrachtaí seo ag fás áit éigin sa chaidreamh idir na Ranna éagsúla Rialtais agus na heagraíochtaí Stáit agus Roinn na Gaeltachta. Tuigim go bhfuil na dréachtaí curtha isteach ach, ar chúis éigin, go bhfuil idirbheartaíocht ag dul ar aghaidh ar feadh na mblianta. Mar shampla, tá sé beagnach seacht mbliana ó iarradh ar an HSE go náisiúnta scéim teanga a chur le chéile. Ní thógann sé seacht mbliana aon phíosa oibre mar sin a dhéanamh, má táthar dáiríre agus macánta faoi. Sílim go bhfuil dreamanna ar nós Comhairle Chontae Thiobraid Árann Thuaidh ag plé scéim teanga a fháil le cúig nó sé bliana. Tá dreamanna ar nós RTE agus An Post ag plé scéimeanna teanga le breis agus trí bliana. Arís, níl dul chun cinn á dhéanamh ansin. D'oibreodh an córas dá gcuirfí i bhfeidhm é.

Nuair nach bhfuil sé dhá chur i bhfeidhm, b'fhéidir go bhfuil sé in am smaoineamh ar chóras úr nua eile.

Cén míniú an bhfuair an coimisinéir ón Roinn faoi sin?

Seán Ó Cuirreáin

Sin an rud atá ann. Tá míniú éagsúil tugtha faoi imeacht na blianta, go bhfuil stró ag baint le agus acmhainní ag teastáil le seo a dhéanamh. Is í fírinne an scéil gur gnó don Roinn é seo a dhéanamh, agus ní gnó domsa é. Mar sin, ní gá dóibh a mhíniú domsa cén fáth nach bhfuil sé ag tarlú. Is faoi na hAirí atá sé, faoin Aire Stáit sa chás seo, na scéimeanna a cheadú agus a dhaingniú. Ní thagann na scéimeanna ar aghaidh chugamsa go dtí go bhfuil sin tarlaithe.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an coimisinéir agus buíochas a ghlacadh leis as ucht glacadh leis an gcuireadh a thugamar dó tamall de bhlianta ó shin bheith mar Coimisinéir Teanga. Ba mhaith liom moladh a thabhairt don obair atá déanta aige. Is trua liom go bhfuil sé ag éirí as a phost ach tuigim na fáthanna atá mínithe aige go soiléir.

Má tá muid fírinneach faoi, tá cuid den fhadhb ag baint leis an Oireachtas. Seachas a bheith ag díriú ar na rudaí a bhféadfadh chuile duine eile a dhéanamh maidir leis an gceist seo, sílim gurb é an rud ba mhó a bhféadfadh an coiste seo a dhéanamh anois ná ceist a chur orthu féin céard a bhféadfadh muide, mar Oireachtas, a dhéanamh le díriú isteach ar na fadhbanna atá luaite ag an gcoimisinéir. Tá go leor go bhféadfadh muid a dhéanamh. Tá taithí agam ar choistí eile agus cuireann siad a gcuid oibre i gcríoch ar bhealach cuimsitheach, slachtmhar, ach ar bhealach a thógann an t-uafás oibre. Ní réiteofar aon cheann de na fadhbanna seo gan dua. Caithfidh muide ceist a chur orainn féin mar Oireachtas - an bhfuil muid sásta an dua a chur orainn féin?

An chéad rud gur mhaith liom tagairt a dhéanamh dó, agus thagair an coimisinéir do seo, ná do ceist a chur mise síos chuig an Aire Caiteachais Phoiblí maidir le cé mhéid duine sa Státseirbhís a raibh ar a gcumas a gcuid oibre a dhéanamh trí Bhéarla agus trí Ghaeilge. D'iarr mé céard a bhí i gceist ansin leis an líon sin a mhéadú agus an ndéanfadh sé ráiteas ina thaobh. Is í an Roinn Caiteachais Phoiblí atá freagrach as an Státseirbhís, ach an rud ba aistí faoi seo ná gur chuir an Roinn an cheist seo thart ar fud an Tí, chuig chuile Roinn Stáit, amhail is nach raibh dream amháin freagrach as earcaíocht sa tseirbhís poiblí agus ag déanamh soiléir nach bhfuil aon phlean lárnach ag an Roinn.

Mar a deireann an coimisinéir, bhí na freagraí spéisiúil. Fuair mé freagra ón Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, ach ní bhfuair mé freagraí. Dúirt an Roinn Oideachais agus Scileanna go bhfuil 1.5% dá bhfoireann ábalta feidhmiú sa dá theanga. Dúirt an Roinn Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil go bhfuil 31 duine, nó 4% den bhfoireann, a raibh an cumas feidhmiú sa dhá teanga acu. Dúirt an Roinn Ealaíon, Oidhreacht agus Gaeltachta go raibh an cumas seo ag 90 duine, 15% den bhfoireann. Fuair mé freagra ón Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais, ach níor freagraíodh an cheist a chur mé. Dúirt an tAire Cosanta go bhfuil naonúr sa Roinn, ach níor tugadh an céatadán dom.

D’iarr mise dhá rud i mo cheist – cé mhéid duine agus cén céatadán. Sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, tá an cumas feidhmiú sa dá theanga ag 1%, nó 35 duine. Bheinn beagnach in ann ainmneacha a chur orthu sin. Sa Roinn Sláinte tá deichniúr, nó 3% agus sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála tá 2.6%, nó 55. Ní bhfuair mé aon fhreagra ó na Rannaí eile. B’fhéidir nach bhfuil siad ann níos mó.

Is léir go bhfuil fíor bheagán duine sa Státseirbhís a bhfuil ar a gcumas feidhmiú sa dhá teanga. Má chuireann muid sin i gcomparáid le líon na ndaoine a deireann go labhraíonn siad an Ghaeilge go laethúil mar chéatadán den phobal, is léir – ainneoin an rud a bheifeá ag súil leis – gur luath ná meán é. Ó tharla gur aicme le hoideachas iad an dream atá ag obair sa Státseirbhís, bheadh muid ag súil go mbeadh an céatadán de dhaoine a bheadh inniúil ar an dá theanga a úsáid níos airde ná líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa tír.

Ba mhaith liom cúpla pointe a dhéanamh. Uimhir a haon, is léir nach bhfuil aon bhunachar lárnach ag an Roinn Caiteachais Poiblí, an Roinn atá i gceannas ar chúrsaí foirne, ar cé mhéid daoine atá ar a gcumas feidhmiú go ceart agus go cuí i nGaeilge agus i mBéarla. Uimhir a dó, rud atá a fhios againn le fada, níor shuigh éinne síos sa Roinn sin go fóill le hoibriú amach cé mhéid duine a theastódh leis na seirbhísí a chur ar fáil. Uimhir a trí, is féinmheastóireacht a bhíonn i gceist i gcónaí le ranganna Gaeilge. Ní chreidim sna ranganna Gaeilge seo. Má tá duine ag cur seirbhíse ar fáil trí Ghaeilge agus trí Bhéarla, caithfidh caighdeán an chainteora dúchais, geall leis, a bheith acu. Tá an caighdeán sin leagtha síos i gCeanada.

Creidim go gcaithfidh aon teastasú a bhainfeadh le haon chóras sa seirbhís poiblí, ach an oiread leis an teastasú a bhaineann le tiomáint, a bheith neamhspleách. Samhlaigh, dá dtiocfadh an saol amárach go bhféadfaí jab a fháil sa Státseirbhís a raibh tiomáint riachtanach agus go bhféadfadh an Roinn a rá go bhfuil sé sásta go bhfuil an duine in ann tiomáint, seachas go mbeadh dream neamhspleách ann go bhfuil an cúram orthu an teastas tiomána a thabhairt. Rinne muid é sin, córas neamhspleách a chur ar fáil, i gcás na n-aistritheoirí. Tá an ceart ag an gcoimisinéir faoin mhéid a dúirt sé faoin múinteoireacht. Má bhreáthaíonn muid sa straitéis, déantar iarracht déileáil leis an oideachas ar an mbealach go mbeadh daoine cáilithe le múineadh in nGaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta.

Seo an áit a thagann an cheist dúinne. Dar liomsa go mba cheart don choiste seo obair a thógáil orthu féin. Táim chun clár oibre a leagaint amach a cheapaim a bheadh réasúnach. Uimhir a haon, go dtógfadh an coiste seo ar féin an cheist maidir le cúrsaí pearsanra le Gaeilge sa Státchóras a iniúchadh, finnéithe a thabhairt isteach anseo ó na heagrais cuí agus tuarascáil traspháirtí a réiteach le moltaí, ciallmhara stuama ann ar cén chaoi le dul i ngleic leis an bhfadhb seo. Tá tuarascáil mar sin réitithe ag an gcoiste agus an fochoiste talmhaíochta agus d’fhoilsíodh ceann in Inis Oírr le gairid. Is féidir le coiste sin a dhéanamh. Dá mbeadh sin ann, d’fhéadfadh muid dul traspháirtí leis. Tá rud maith amháin sa Dáil anseo, mura dtagann an páirtí Rialtais ann, ní chuireann siad riamh in aghaidh na tuarascálacha seo agus bíonn a n-ainmneacha leo –Bingo.

An dara rud a cheapaim go mba cheart don choiste seo a dhéanamh – níl mé ar an gcoiste faraor – ach bhí cinneadh déanta iniúchadh a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na straitéise. Níl a fhios agam cé mhéid den obair sin atá déanta, cé go gcoinním súil ar na cruinnuithe coiste chuile sheachtain. Ba cheart dúinn cur chun oibre muna bhfuil an obair seo déanta - mar adúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh - le hiniúchadh a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na straitéise. Ach is ceart an obair seo a dhéanamh ar an gcaoi a dhéanann an PAC a chuid oibre faoi chúrsaí airgid, díreach ar an mbealach fuarchúiseach céanna agus a dhéanann an coiste sin a chuid oibre.

Tá acmhainní le fáil ón Leabharlann ag coistí le cúnamh a thabhairt ó thaobh tuarascálacha a réiteach agus taighde a dhéanamh. Mar sin, d’fhéadfadh an coiste, sa ngearrthéarma, go dtí go leagfar an dualgas go foirmeálta sa dlí ar an gcoimisinéir nua, an obair seo a dhéanamh. Sin mar a dhéanfadh an dream a dhéanann an iniúchadh ar na cuntais, i gcás airgid, é. Déantar an iniúchadh agus leagtar an tuarascáil os comhair an choiste agus ansin go mbeadh na héisteachtaí ann.

Ba cheart an rud céanna a dhéanamh maidir le tuarascáil an choimisinéara. Ba cheart go dtógfadh an coiste seo air féin, díreach mar a dhéanann an PAC, chuile duine atá luaite sna tuarascálacha seo atá faillíoch ina gcuid dualgaisí a ghlaoch isteach anseo agus ansin éisteachtaí poiblí a bheith ann.

Tuigeann gach duine atá i láthair cad a tharlaíonn sa chomhthéacs sin. Tá a mhacasamhail ann ó thaobh an airgid de.

Bogfaidh mé ar aghaidh go dtí an tríú rud go mbeidh orainn a dhéanamh. Tá sé fógartha ag an Taoiseach sa Dáil, mar fhreagra ar cheist a chuir mé, go bhfuil sé i gceist ag an Rialtas cinn an Bhille a fhoilsiú sula bhfoilseofar an reachtaíocht féin. Ar an bpointe nuair a fhoilseofar na cinn, ba cheart don choiste seo ar bhonn traspháirtí na cinn a iniúchadh, finnéithe a lorg, tuarascáil a chur ar ais chuig an Taoiseach agus iarracht a dhéanamh tacaíocht traspháirtí a fháil le moltaí ón Oireachtas faoi céard ba cheart a bheith sa Bhille sin. Dá ndéanfadh an tOireachtas na trí rud seo go cuimsitheach agus go hiomlán as seo go deireadh na bliana, is mó a bheadh déanta againn don Ghaeilge ná mar a dhéanfadh céad míle óráid. Má tá sé seo le cur i bhfeidhm, beidh ar dhaoine am a chur ar leataobh, seachtain i ndiaidh seachtaine, chun teacht isteach anseo agus éisteacht, plé agus iniúchadh fuarchúiseach agus staidéar a dhéanamh agus ansin tuarascáil a réiteach. Beidh cúnamh le fáil leis an tuarascáil - mar a deirim, tá airgead ag an Leabharlann obair mar sin a dhéanamh.

Caithfidh mé a rá ag deireadh an lae go bhfuil sé tugtha le fios ag Seán Ó Cuirreáin go bhfuil rudaí i dtaobh na Gaeilge i bhfíor-dhrochstaid. Tá mé buíoch de as ucht é sin a dhéanamh. Tá sé in am gníomh ceart a dhéanamh, seachas bheith ag óráidíocht faoi. Mar a deirtear, is fearr coinneal a lasadh ná bheith ag mallachtú an dorchadais. Sílim gur cheart dúinn bheith ar an gcéad dream le coinneal a lasadh anseo agus gníomh praiticiúil a dhéanamh chun tabhairt faoin bhfadhb. Tá mé ag moladh go ndéanfar na trí ghníomh atá luaite agam idir seo agus deireadh na bliana.

Ba mhaith liom mo leithscéal a ghabháil ós rud é go raibh mé mall agus go mbeidh orm dul go dtí cruinniú eile. Aontaím leis an Teachta Ó Cuív, go háirithe i dtaobh na moltaí a chur sé ar aghaidh i dtaobh an Oireachtais. D'aontaigh mé go mór leis nuair a dúirt sé go gcaithfimid coinneal a lasadh - is é sin a príomhrud i gcónaí. Ba mhaith liom ár fíorbhuíochas a léiriú leis an bhfoireann ó Oifig an Choimisinéara Teanga. Sílim, agus síleann Sinn Féin, go ndearna Seán Ó Cuirreáin jab galánta. Is mór an trua é, i mo thuairim, nach bhfuil an Rialtas dáiríre faoin straitéis. Tháinig mé anseo chun buíochas a thabhairt do Sheán Ó Cuirreáin.

Aontaím freisin leis na moltaí atá déanta ag an Teachta Ó Cuív. Cathain a bheimid in ann an t-Aire Oideachais agus Scileanna agus an t-Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a thabhairt isteach?

Beimid ag caint faoi sin i gceann cúpla nóiméad.

Ba cheart dúinn Ard-Rúnaithe na Ranna sin a thabhairt isteach os ár gcomhair freisin chun na ceisteanna an-tábhachtacha seo a chur rompu.

Seán Ó Cuirreáin

Ba mhaith liom i dtús báire freagra a thabhairt ar na pointí a rinne an Teachta Ó Cuív. Ba bhreá liom a fheiceáil go mbeadh sé mar thoradh ar mo chinneadh seasamh siar ón phost seo go dtógfadh Tithe an Oireachtais an cineál gníomhaireachta atá molta ag an Teachta. Luaigh sé trí rud ach go háirithe, ina measc an gá atá ann dul i ngleic le ceisteanna pearsanra agus earcaíochta, ar nós cé mhéad duine le Gaeilge atá ann agus cé mhéad duine le Gaeilge a theastódh sa Státchóras. Tá an ceart ag an Teachta nuair a deireann sé nach bhfuil sé sin déanta. Ba bhreá an rud go dtógfadh an coiste seo, nó Tithe an Oireachtais, tosaíocht é sin a dhéanamh.

Labhair an Teachta freisin faoi imscrúdú a dhéanamh ar chinn an Bhille. Bheadh sé sin ar fheabhas. Tiocfaidh ceisteanna móra chun cinn nuair a bheidh cinn an Bhille sin foilsithe. Beidh ar an Oireachtas a chinntiú go bhfuil an reachtaíocht "fit for purpose", mar a deirtear i mBéarla. Ba cheart go mbeadh toradh ar na leasuithe a dhéanfar san Acht nua.

Leag an Teachta béim ar an tábhacht a bhaineann le hiniúchadh na straitéise. Labhair mé níos luaithe faoin smaoineamh go ndéanfaí iniúchadh ar fheidhmiú na straitéise ar an mbealach a dhéanann an Coiste um Chuntais Phoiblí iniúchadh ar chúrsaí airgeadais. Dúirt mé gurb é sin é an treo gur cheart don choiste a leanúint. Is cuimhin liom rud a tharla deich mbliana ó shin nuair a thosaigh Oifig an Choimisinéara Teanga ag déanamh iniúchadh ar scéimeanna teanga. Nuair a chuaigh mé amach le hiniúchadh a dhéanamh ar an gcéad scéim teanga go dtí Roinn áirithe Rialtais, dúirt mé go raibh mé ag iarraidh fáil amach an raibh an scéim, a bhí ann le bliain faoin tráth sin, á chur i bhfeidhm. Dúradh liom "we agreed these things, but we never thought anyone would come back and ask". Ní raibh an coincheap sin ann. Níor cheap siad go mbeadh iniúchadh á dhéanamh. Tá sé foghlamtha agam ó mo chomhghleacaí a bhíonn ag plé leis an gcúram seo, Colm Ó Coisdealbha, gur fíor a rá "what gets measured gets done". Má tá maoirseacht á dhéanamh ar an rud seo, feictear go bhfuil toradh air.

Ghlac an Teachta Adams buíochas linn as ucht na hoibre atá ar siúl againn. Tá mé buíoch as sin. Maidir leis an méid a bhí le rá ag an Teachta Tóibín faoi na hAirí agus na Ard-Rúnaithe a thabhairt isteach, is gnó don choiste é sin, ar ndóigh.

Mar is eol daoibh, níl anseo ach cuid den phróiseas atá ar siúl againn i láthair na huaire. Beidh éisteachtaí eile againn go fóill. Tá cuireadh tugtha don Aire Stáit, an Teachta Mac Fhionnlaoich, teacht anseo chun an t-ábhar seo a phlé linn. Táimid ag súil go dtarlóidh sé sin go luath. Níl na socruithe déanta go fóill. Tá sé ráite freisin gur chóir don Aire Oideachais agus Scileanna teacht anseo. An mbeadh sé níos fearr moltaí a fhágáil go dtí go bhfuil an próiseas tagtha chun deiridh? B'fhéidir go bhfuil sé níos tábhachtaí freagraí a lorg. Tá gach seans go bhfaighidh Seán Ó Cuirreáin cuireadh teacht ar ais chugainn arís. Níl an scéal seo críochnaithe ar chor ar bith. Is dócha gur cheart dúinn díriú ar fhreagraí a fháil. Dé réir mar a thuigim é, glacadh leis an straitéis d'aon ghuth ag an am. Is fochoiste atá anseo. Tá sé tábhachtach go gcomhlíonaimid an fhreagracht a cuireadh orainn tuarascáil a ullmhú agus réiteach ar na fadhbanna seo a mholadh. Tá obair le déanamh againn. Ba chóir go mbeadh an obair sin déanta go práinneach. Ní féidir linn leanúint ar aghaidh de shíor. Is dócha go gcaithfimid seans a thabhairt do dhaoine eile teacht isteach agus freagraí a thabhairt dúinn. Má tá baill an fhochoiste sásta, beidh an tAire Stáit istigh linn ag ár gcéad chruinniú eile. Tá rudaí curtha i láthair anseo inniu. Caithfidh mé a rá go bhfuil ráiteas an-chuimsitheach curtha os ár gcomhair. Ní dóigh liom gur féidir linn na rudaí tábhachtacha sa ráiteas sin a chur ar leataobh. Mar a dúirt mé cheana, téann sé seo go dtí croí na straitéise. Ba bhreá liom tabhairt faoin dualgas a cuireadh orainn mar fhochoiste agus an obair a bhaineann leis an dualgas sin a dhéanamh go leanúnach ach go práinneach ag an am céanna.

Molaim go mbeadh cruinniú príobháideach ag an bhfochoiste seo an tseachtain seo chugainn le clár oibre a leagan amach, cur chuige a aontú, agus na hacmhainní atá riachtanach leis an obair a dhéanamh a fháil.

Tá deacracht amháin leis sin. Níl an Teachta mar bhall den fhochoiste.

Tá a fhios agam. Iarraim ar an mbeirt baill atá i láthair machnamh a dhéanamh ar an moladh atá á dhéanamh agam.

Tá an-áthas orainn go bhfuil an Teachta Ó Cuív i láthair agus go bhfuil an méid seo le rá aige.

Is fiú a rá sa chomhthéacs seo go bhfuil fadhb agam le struchtúr na gcoistí. Níl mé mar bhall den choiste comhshaoil. Níl a fhios agam cén chaoi inar ainmníodh baill an fhochoiste seo.

Is fiú smaoineamh ar an bpríomhdhualgas a chuir an coiste Oireachtais orainn mar fhochoiste. Baineann an dualgas sin leis an straitéis 20 bliain. Tá ceist an choimisinéara tar éis teacht chun tosaigh idir an dá linn. Tá sé soiléir anseo inniu go bhfuil an dá rud ceangailte le chéile. Tá dul chun cinn áirithe á dhéanamh chun teacht go dtí croí na ceiste. Iarraim ar an bhfochoiste bheith beagáinín foighneach fad is a bhfuil an próiseas á chur i gcrích.

Cén próiseas atá ar bun? Bíonn mé ag faire ar an gclár a chuirtear amach chuile sheachtain le haghaidh cruinnithe den fhochoiste seo.

Mar is eol don Teachta, an próiseas atá i gceist agamsa ná an dualgas a cuireadh orainn maidir leis an straitéis agus rudaí eile -----

Maidir leis an straitéis, cén próiseas atá ar bun?

An cruinniú atá ag tarlú inniu, mar shampla. Tá an fhianaise atá curtha os ár gcomhair inniu bunúsach agus tábhachtach -----

Tá a fhios agam sin, ach bhí cruinniú-----

Tá an cruinniú tábhachtach, mar tá an fhianaise curtha os ár gcomhair go hoifigiúil.

Cé mhéid cruinniú den fhochoiste a bhí ann?

Rinne mé moladh níos túisce agus déanfaidh mé arís é. Le bheith soiléir, sílim go gcuideodh sé agus go luíodh sé leis an méid atá ráite ag na cruinnuithe go dtí seo, dá mbeadh muid in ann iarradh ar an gcléireach agus ar an bhfoireann cáipéis a dhéanamh, bunaithe ar an straitéis féin, a dhéanfadh achoimre ar na príomh moltaí atá sa straitéis - b'fhéidir go gcabhródh an Leabharlann le seo - nóta a dhéanamh de aon dul chun cinn atá déanta orthu sin ó na Ranna. Ansin, is féidir linne mar coiste breathnú ar cén dul chun cinn is gá a dhéanamh. Ba cheart go bhunódh muid ár gclár oibre ar an gcáipéis sin.

Is cinnte go mbeidh géarghá le páipéar, níl aon amhras faoi sin.

Threoródh sé sin an clár oibre dar liom.

An rud a bhí i gceist agam ná go gcaithfidh muid roinnt eolas agus fianaise eile a bhailiú ar dtús. Is iontach an chabhair atá faighte againn anseo inniu, mar caithfidh duine éigin freagra a thabhairt ar na ceisteanna a ardaíodh. Níl aon amhras faoi ná go bhfuil dualgas orainn maidir leis an straitéis, ach tá an dá rud ceangailte le chéile. Nuair a thiocfaidh an tAire Stáit isteach, is cinnte go mbeidh an caipéis sin os ár gcomhair agus go mbeidh air freagraí a thabhairt ar na ceisteanna.

Glacaim leis an méid atá á rá ag an Seanadóir freisin. Caithfimid féachaint ar an straitéis, mar cé eile atá chun scrúdú a dhéanamh ar an dul chun cinn? Aontaím leis an Seanadóir.

Le go ndéanfadh muid é sin go héifeachtach, ba chuidiú é dá bhféadfadh an foireann, b'fhéidir i gcomhairle leis an Leabharlann, cáipéis a réiteach dúinn agus dul tríd an straitéis agus na moltaí atá déanta inti agus na spriocanna a leagaint amach, chomh maith le céard atá déanta dar leis an Aire agus céard atá fós le baint amach. Ar nós mar a dhéanann an PAC, caithfimid dul tríd céim ar chéim agus féachaint ar ghach moladh agus fiafrú cén moladh a bhí ann, cé a bhí freagrach as agus céard atá déanta. Ba chóir go mbeadh an clár oibre bunaithe ar an mhéid atá nó nach bhfuil bainte amach.

Mar is eol don Seanadóir, ardaíodh ceist na straitéise sa Seanad agus seans go raibh an scéal amhlaidh sa Dáil. Níor tháinig mórán freagraí ar aghaidh, ach is í sin an chúis go bhfuil an fochoiste ann. Is é an t-aon fóram atá ann i lathair na huaire chun teacht ar fhreagraí. Táimid ag súil le go dtiocfaidh an tAire Stáit isteach chuig an fochoiste roimh deireadh na míosa, tá an dáta 29 Eanáir luaite, agus nuair a thagann sé isteach, beidh seans againn freagraí a fháil ar na ceisteanna a cuireadh sa Seanad agus sa Dáil. Ina dhiaidh sin, beidh an fochoiste in ann moltaí a dhéanamh agus modus operandi a mholadh. Tá géarghá le sin. Aontaím go bhfuil práinn mhór le seo.

Cuirim fáilte roimhe sin, ach is straitéis uile-Rialtas atá i gceist. Tá Airí eile i gceist freisin agus, i gcead don Aire Stáit, tá faitíos orm go gheobhaidh muid an bladar céanna a fhaigheann muid sa Seanad nuair a thagann sé isteach ag plé cúrsaí Gaeilge. Gheobhaidh muid an cineál ráitis uilíoch seo go bhfuil sé go mór ar son na Gaeilge, gur fear Gaeltachta é agus go bhfuil daoine thíos i gCeatharlach a labhrann Gaeilge gach lá den tseachtain agus nach bhfaigheann siad deontas ar bith. Geallaim gur rud mar sin a bheidh againn. Ach, tá mise ag iarraidh go ndíreodh muid ar an straitéis go sonrach, mar a dhéanfadh muid ar Chéim an Choiste de Bhille, agus go rachadh muid tríd pointe ar phointe. Sin an cineál forensic examination atá ag teastáil le nach féidir leis na hAirí éagsúla éalú ó na buncheisteanna, mar tiocfaidh siad isteach anseo, déanfaidh siad óráid bhreá ghroíúil ag léiriú go bhfuil siad báúil don Ghaeilge agus imeoidh siad arís agus ní bheidh tada maith déanta.

Tá an-díomá orm nach bhfuil ionadaí anseo ón Rialtas. Ar bhealach, tá freagra ag teastáil maidir le sin. Má fhéachann muid ar chuid de na coistí eile, mar shampla an PAC, bhí an áit seo lán. Tá ábhar na díospóireachta seo chomh tábhachtach le sin. Tá cúrsaí airgid i gceist chomh maith, ní ceist na Gaeilge amháin atá faoi scrúdú. Chomh maith le sin, tá an cinneadh atá déanta ag an Oireachtas i gceist. Mar sin, tá súil agamsa go rachaidh teachtaireacht amach chuig na hionadaithe eile a ba chóir a bheith anseo go gcaithfidh siad a bheith anseo an chéad lá eile. Caithfimid é sin a dhéanamh.

Glacaim go dteastaíonn ón Seanadóir go ndéanfar rud éigin go tapaidh, ach molaim fanacht go dtí an chéad cruinniú eile. Má tharlaíonn sé taobh istigh de dheich lá, ní bheidh sin ró olc agus beidh seans againn déileáil le rudaí ansin. Deireann an Seanadóir nach mbeidh freagraí ag teacht ón Aire Stáit, ach bheadh an-díomá orm dá mba rud é nach raibh freagraí ag teacht uaidh. Seo an dualgas atá faighte againn ó choiste an Oireachtais agus caithfimid leanúint ar aghaidh leis na ceisteanna a chur. Inniu, tá triúr fágtha anseo.

Cathain an mbeidh an tAire Stáit ag teacht isteach?

Tá dáta atá i gceist, ach táthar ag fanacht le deimhniu a fháil ón Roinn. Le cúnamh Dé, beidh sé anseo roimh deireadh na míosa, b'fhéidir an tseachtain seo chugainn fiú.

I gceann deich lá mar sin.

Aontóidh sibh liom gur cóir do gach ball den fochoiste seo a bheith i láthair.

An bhfuil cuireadh curtha amach againn chuig na hArd Rúnaithe agus an Aire Oideachais agus Scileanna? An féidir linn é sin a dhéanamh anois?

Níl go fóill, ach ón méid atá cloiste, beidh géarghá le sin.

Ar chóir moladh a dhéanamh ar mhaithe le soiléireacht don chéad uair eile a bheidh cruinniú againn, go bhféadfaí, b'fhéidir, liosta a chur síos de na finnéithe atá muid ag smaoineamh a thabhairt isteach? An féidir sin a dhéanamh nó ar chóir dúinn teacht isteach le moltaí do na dreamanna go mb'fhiú cuireadh a thabhairt dóibh teacht isteach le fianaise a thabhairt dúinn.

An gnáthchóras ná gur féidir moltaí a chur isteach i scríbhinn. Ón méid atá ráite anseo, tá sé níos soiléire cé hiad na daoine gur cóir a thabhairt isteach anseo. Ní dóigh liom gur leor an tAire Stáit a thabhairt isteach. Tá an Státchóras féin agus státseirbhísigh i gceist anseo chomh maith. Caithfimid smaoineamh ar sin agus cén córas gur cóir a bheith againn chun cuireadh a thabhairt do dhaoine mar sin. Moladh an tArd Rúnaí a thabhairt isteach mar shampla, agus caithfimid é sin a dhéanamh. Bheadh sé cabhrach dá ndéanfadh gach ball macnamh ar seo agus dá gcuirfeadh sé moltaí isteach ar cé hiad na finnéithe gur cóir a thabhairt os ár gcomhair.

Molaim mar sin go scríobhfadh muid chuig baill an choiste le sin a chur in iúl dóibh don chéad cruinniú eile, gur cóir scríobh chuig an gcléireach le moltaí. An bhféadfadh an cléireach a mheabhrú do na baill gur mhol muid go gcuirfeadh siad isteach moltaí de na finnéithe gur fiú a thabhairt isteach le gur féidir linn iad sin a phlé ag an gcéad cruinniú eile?

Tá sé suas don fhochoiste féin mar tá an próiseas idir láimhe acu. Is moladh réasúnta é. Tá an moladh sin cosúil leis na moltaí a chur an Teachta Ó Cuív ar aghaidh. Tá sé tábhachtach iad sin a chur i scríbhínn chomh maith agus táim chun sin a rá leis. Ní raibh seans agam é a rá leis sula d'imigh sé. Caithfidh sé na moltaí a chur isteach agus caithfidh muid tabhairt faoi iad a chur i gcríoch amach anseo.

Tá deireadh leis an díospóireacht anois. Arís, ár mbuíochas don coimisinéir. Níl aon amhras faoi ach gur chabhraigh sé go mór linn anseo inniu. Bhí sé an-oscailte. Tá géarghá le macántachta den tsaghas sin. Táim ag féachaint ar na cuairteoirí atá anseo, daoine atá ag saothrú na Gaeilge gach lá, seachtain agus bliain sa tír siad. Tá siadsan ag brath go mbeidh misneach againn go léir maidir le cur chun cinn na Gaeilge. An rud a thugh mé faoi deara ná chomh dearfach agus atá an coimisinéir fós. Tá sé ag súil go rachaidh rudaí ar aghaidh, ach muna bhfuil muid in ann dul i ngleic leis na pointí atá curtha os ár gcomhair, beidh imeallú á dhéanamh ar an Ghaeilge. Tá sé soiléir go maith go bhfuil an coimisinéir tar éis méire a phointeáil i dtreo an Státchórais. Sin atá ag teastáil. Ón méid atá cloiste ó na baill, tá sé soiléir go bhfuil siad thar a bheith dáiríre faoi seo.

Is próiseas atá i gceist agus tá sé suas dúinn go léir an struchtúr ceart ar chur ar siúl. Chomh maith le sin, caithfimid teacht ar thuarascáil agus ar pháipéar maidir leis an méid atá luaite. Mar adúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh, caithfimid féachaint ar an straitéis agus measúnú a dhéanamh ar cad atá déanta agus cad iad na spriocanna atá bainte amach. Is cinnte go mbeidh an cáipéis a chur an coimisinéir ar fáil dúinn thar a bheith cabhrach amach anseo. Beidh sé lárnach in aon díospoireacht a bheidh againn leis an Aire Stáit agus le finnéithe eile.

Cuireadh an fochoiste ar athló ag 1.40 i.n. sine die.
Barr
Roinn