Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit

Inniu, déanfaimid breithniú ar éirí an Choimisinéara Teanga as a phost, le héifeacht ón 23 Feabhra 2014. An aontaítear leis seo? Aontaítear.

Cuirim fáilte roimh an Teachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich, Aire Stáit a bhfuil freagracht speisialta air maidir leis an Ghaeltacht agus na hoileáin, atá os ár gcomhair inniu. Cuirim fáilte freisin roimh na hoifigigh ón Roinn, Máire Killoran agus Seamus Mac Ghiolla Chomhaill. Go raibh maith agaibh as teacht agus as bheith i láthair linn inniu.

Iarraim anois ar an gcléireach an gnáth fhógra a léamh a tugtar do gach finné a thagann os comhair choiste an Oireachtais.

Clerk to the Committee

Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe, de bhua Alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, go bhfuil finnéithe faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cáilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuir siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach ina ainm nó ina hainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Go raibh maith agat. Iarraim anois ar an Aire Stáit labhairt os comhair an choiste.

Go raibh maith agat a Leas-Chathaoirligh, a Theachta agus a Sheanadóirí.

Ar dtúis, tá mé buíoch díbh as an chuireadh a thug sibh dom teacht anseo inniu chuig cruinniú den fhochoiste agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair thábhachtach atá ar siúl agaibh i ndáil le monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain don Ghaeilge agus tá áthas orm an deis a fháil díospóireacht a bheith againn faoi na nithe éagsúla a pléadh ag bhur gcruinniú leis an iar-Choimisinéir Teanga, an tUasal Seán Ó Cuirreáin, ar an 23 Eanáir 2014.

Mar atá a fhios agaibh, ar an 4 Nollaig 2013 ag cruinniú den Chomh-Fhochoiste um Achainíocha Poiblí, d’fhógair an t-iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, a chinneadh gan a théarma ceapacháin iomlán go dtí 22 Feabhra 2016 a chríochnú. Tá mo bhuíochas curtha in iúl agam don Uasal Ó Cuirreáin go pearsanta agus go poiblí as an méid atá curtha i gcrích aige le linn a thréimhse in oifig agus guím gach rath air féin agus ar a chúram sa todhchaí.

Tá na céimeanna cuí tógtha ag mo Roinn ó shin chun an coimisinéir nua a cheapadh i gcomhréir le halt 20(3) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a deir gurb é Uachtarán na hÉireann a dhéanann duine a cheapadh mar Choimisinéir Teanga ar chomhairle an Rialtais tar éis do Dháil Éireann agus do Sheanad Éireann rúin a rith ag moladh an duine a cheapadh. Ós rud é go bhfuil na rúin sin rite anois, tuigtear dom go ndéanfaidh an t-Uachtarán an t-Uasal Rónán Ó Domhnaill a cheapadh mar an dara Coimisinéir Teanga go han-luath. Ba mhaith liom fosta gach rath a ghuí ar an Choimisinéir Teanga úr agus eisean ag tabhairt aghaidh ar a chuid cúraimí a chur i gcrích.

Ba mhaith liom anois díriú isteach ar an phlé cuimsitheach a bhí agaibh leis an iar-Choimisinéir Teanga maidir leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus Acht na dTeangacha Oifigiúla ach go háirithe. Foilsíodh an straitéis i mí na Nollag 2010 tar éis don straitéis tacaíocht thraspháirtí a fháil i dTithe an Oireachtais agus tar éis próiseas cuimsitheach comhairliúcháin agus taighde a bheith curtha i gcrích. Cuireann an straitéis cur chuige iomlánaíoch, comhtháite i ndáil leis an Ghaeilge chun cinn, cur chuige a luíonn le dea-chleachtas idirnáisiúnta. Is straitéis uaillmhianach agus dúshlánach í a chuimsíonn naoi réimse gnímh lena n-áirítear oideachas, an Ghaeltacht, an teaghlach, seirbhísí poiblí, na meáin agus reachtaíocht.

Ba mhaith liomsa tiomantas agus dáiríreacht an Rialtais seo i leith chur i bhfeidhm na straitéise a threisiú anseo inniu. Tá sé ráite i gClár an Rialtais 2011-2016 go dtacóidh an Rialtas leis an straitéis agus go ndéanfar na spriocanna indéanta atá molta inti a sheachadadh. Is ar mo Roinnse, an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, atá an fhreagracht uileghabhálach an straitéis a chomhordú agus a chur i bhfeidhm i gcomhar le réimse mór páirtithe leasmhara. Is tionscadal spreagúil é seo a bhfuil sé i gceist leis an teanga a chosaint agus a chur chun cinn ar bhealach comhordaithe thar thréimhse scór bliain.

Aithnítear sa straitéis féin an gá atá le cur chuige céimnithe chun na bearta éagsúla a bhaint amach. Sa chomhthéacs sin, caithfear na srianta ar acmhainní a bhaineann le feidhmiú na straitéise a thógáil san áireamh. Is fíor, gan amhras, go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar an méid atáthar a chaitheamh ar an Ghaeilge ón tréimhse ar foilsíodh an straitéis in 2010. D’ainneoin go raibh tionchar aige seo ar fheidhmiú na straitéise, is díol suntais é an méid atá bainte amach cheana chun cuid de mhórspriocanna na straitéise a chur i bhfeidhm.

Luadh ag bhur gcruinniú ar an 23 Eanáir gur mhaith an rud é dá ndéanfaí scrúdú líne ar líne ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur i bhfeidhm na straitéise. D’fháilteoinn go mór roimhe sin, a Leas-Chathaoirligh, mar go gcreidim go léireodh sé go soiléir go bhfuil dul chun cinn fiúntach déanta agus go bhfuil comhoibriú an-mhaith á fháil ón iliomad páirtí leasmhar atá lán-tiomanta do spriocanna uaillmhianacha na straitéise a bhaint amach. Is fiú cúpla gné shuntasach a lua mar shamplaí.

Maidir le mo Roinn féin, an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta: achtaíodh Acht na Gaeltachta i mí Iúil 2012; achtaíodh an tAcht um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú) 2013 a fhorálann go ndéanfar athbhreithniú tréimhsiúil ar an Chaighdeán Oifigiúil; tá bearta éagsúla á gcur i bhfeidhm faoin chlár tacaíochta teaghlaigh chun tacú le tuismitheoirí atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge; d'fhoilsigh Foras na Gaeilge an foclóir nua Béarla/Gaeilge i mí Eanáir 2013; agus tá tionscnamh dar teideal Dúchas.ie á chómhaoiniú ag mo Roinnse, i gcomhar le Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, chun ábhar ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann a dhigitiú agus a chur ar fáil ar líne.

Maidir leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, a bhfuil ról lárnach aige i gcur i bhfeidhm na straitéise: tá polasaí oideachais á chur i dtoll a chéile do scoileanna Gaeltachta, ag aithint na riachtanas ar leith atá ag na scoileanna sin; tá scrúduithe caighdeánacha ar fáil agus in úsáid i mbunscoileanna Gaeilge; tá bearta tugtha isteach chun na bunriachtanais iontrála don Ghaeilge sna coláistí oiliúna a leasú, chun méadú a dhéanamh ar fhad na gclár oideachais tosaigh do mhúinteoirí agus chun síneadh a chur leis an tréimhse a chaitheann na hábhair oidí sa Ghaeltacht; agus tá polasaí réamhghníomhach glactha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna i ndáil le bunú scoileanna Gaeilge.

Tá na gníomhaíochtaí seo agus iliomad eile mar iad ag eascairt ón straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus tá an t-eolas iomlán ar fáil sa tuarascáil a d’fhoilsigh mo Roinn anuraidh ar chur i bhfeidhm na straitéise le linn na tréimhse idir 2010 agus 2013. Ina theannta sin, tá eolas cuimsitheach ar fáil sna pleananna forfheidhmithe faoin straitéis a d'fhoilsigh na Ranna Rialtais ábhartha, aon cheann déag acu san iomlán, ag an am céanna i mí Iúil anuraidh. Dá bhrí sin, is léir domsa go bhfuil cur chuige soiléir ann maidir le cur i bhfeidhm na straitéise agus go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh go staidéarach agus go stuama laistigh de na hacmhainní atá ar fáil.

In ainneoin an bhrú ar an Státchiste, is cúis sásaimh ar leith domsa é an t-allúntas ar leith de €0.5 milliún a cuireadh ar fáil don straitéis i gcáinaisnéis 2014. Cuirfidh an maoiniú seo ar chumas mo Roinne tabhairt faoi ghníomhaíochtaí éagsúla, ina measc gníomhaíochtaí a thacóidh leis an phróiseas pleanála teanga ar an talamh. Áirítear anseo tacaíocht d'eagraíochtaí pobail chun cabhrú leo tabhairt faoi phleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú faoi Acht na Gaeltachta 2012.

Aontaímid, ar ndóigh, go bhfuil go leor le déanamh go fóill, ach is trua liomsa, a Leas-Chathaoirligh, go ndéantar beag is fiú den obair fhiúntach agus dháiríre atá ar siúl ar fud an Státchórais in go leor den tráchtaireacht atá déanta ar an straitéis le tamall anuas. Tugann an straitéis an chreatlach pholasaí do na páirtithe leasmhara éagsúla, idir an Stát agus an pobal, chun obair as lámha a chéile ar bhonn comhpháirtíochta chun aidhmeanna fiúntacha a bhaint amach ar bhonn céimnitheach. Sa chomhthéacs seo, tá súil agamsa gur féidir le baill Thithe an Oireachtais comhoibriú ar bhonn traspháirtí chun treoir agus dea-shampla a thabhairt maidir leis an cheist thábhachtach seo.

Ba mhaith liom tagairt anois do chuid den phlé a rinne an fochoiste maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Measaim go bhfuil sé tábhachtach a aithint go bhfuil feabhas tagtha ar líon agus ar chaighdeán na seirbhísí i nGaeilge a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil ón uair ar tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm. Aithníodh ón tús gur próiseas forchéimnitheach a bheadh i gceist le forfheidhmiú an Achta agus tá an dul chun cinn atá déanta maidir le forálacha éagsúla den Acht le sonrú ón bhliain 2003 i leith. Tá úsáid agus feiceálacht na Gaeilge méadaithe mar gheall ar fhorálacha san Acht féin agus i rialacháin faoin Acht. Is gné an-tábhachtach den Acht iad na scéimeanna teanga a thugann creatlach do chomhlachtaí poiblí a gcuid tosaíochtaí a aithint agus a eagrú chun an réimse seirbhísí i nGaeilge a chuirtear ar fáil don phobal a mhéadú ar bhealach forchéimnitheach thar thréimhse ama.

Ón uair ar tháinig an tAcht i bhfeidhm sa bhliain 2000 tá 155 scéim teanga daingnithe. San áireamh san fhigiúr seo tá 113 chéad scéim, 38 dara scéim agus ceithre tríú scéim. Cuimsíonn na scéimeanna reatha atá i bhfeidhm tuairim is 185 comhlacht poiblí san iomlán. Cé go bhfuil tuairim is 600 comhlacht poiblí san áireamh faoin Chéad Sceideal den Acht, clúdaíonn na scéimeanna atá daingnithe mórchuid na gcomhlachtaí poiblí a mbíonn teagmháil rialta ag an phobal i gcoitinne leo. Daingníodh 16 scéim anuraidh agus, cheana féin i mbliana, tá sé cinn eile daingnithe; agus tá plé gníomhach ar siúl ag oifigigh mo Roinne le comhlachtaí poiblí éagsúla i ndáil le 121 dréachtscéim atá idir lámha faoi láthair.

Deántar go leor tagairtí i dtuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga don bhliain 2012 do scéimeanna teanga a bheith "imithe in éag" agus phléigh an comhchoiste é seo ag a chruinniú ar an 4 Nollaig 2013. Feictear dom go bhfuil sé tábhachtach an cheist seo a shoiléiriú. Ón chomhairle dlí atá faighte ag mo Roinnse, is léir, faoi réir alt 14(3) den Acht, go bhfanann scéimeanna teanga i bhfeidhm ar feadh trí bliana ón dáta a ndaingnítear iad, nó go dtí go ndaingnítear scéim nua ina n-áit, cibé acu is déanaí.

In ainneoin an cháinte atá déanta orthu, creidimse go bhfuil dul chun cinn fiúntach déanta de bharr na scéimeanna teanga. Tá tuiscint níos fearr ag comhlachtaí poiblí ar a ndualgais maidir le seirbhísí a chur ar fáil chun freastal ar dhaoine ar mian leo a ngnóthaí a dhéanamh leis an Stát trí mheán na Gaeilge agus tá a lán bearta curtha i bhfeidhm ag an iliomad comhlacht poiblí chun na críche sin le deich mbliana anuas. Tá dea-thoil agus dea-chomhoibriú na gcomhlachtaí poiblí le haithint go soiléir san idirphlé atá ag mo Roinn leo chun scéimeanna teanga a aontú leo. Tá sé tábhachtach an méid sin a aithint.

É sin ráite, aithnítear nach bhfuil córas na scéimeanna teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla gan laigí agus tá céimeanna dearfacha sa treis faoi láthair chun éifeachtacht chóras na scéimeanna teanga a fheabhsú, ar a n-áirítear na leasuithe reachtúla ábhartha a d’eascair as an athbhreithniú ar an Acht.

Is aidhm lárnach pholasaí de chuid an Rialtais í úsáid na Gaeilge a threisiú agus tá sé ina ghné thábhachtach den pholasaí sin i gcónaí go mbeidh baill foirne atá inniúil sa Ghaeilge ar fáil sa Státchóras. Ar ndóigh, mar a pléadh ag bhur gcruinniú ar an 23 Eanáir 2014, tá an cheist maidir le cumas comhlachtaí poiblí seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge agus ceist na hearcaíochta don Státchóras fite fuaite lena chéile.

Mar thoradh ar chinneadh a thóg an Rialtas i mí Dheireadh Fómhair 2013 chun cumas na Gaeilge sa Státseirbhís a threisiú, tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag iarraidh ar Ranna Rialtais agus ar Oifigí Rialtais sainaithint a dhéanamh ar phoist agus ar réimsí oibre ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge mar chuid den phróiseas pleanála don fhórsa oibre. Táthar ag iarraidh ar Ranna aird ar leith a thabhairt ar phoist atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó a dhéanann freastal ar cheantair Ghaeltachta. Beidh an próiseas seo lárnach chun a chinntiú go ndéanfar foráil dhóthanach i gcomórtais earcaíochta amach anseo do cheapacháin i bpoist ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge.

Ina theannta sin, sonrófar na poist sin ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge i scéimeanna teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 amach anseo. Mar chéad chéim sa phróiseas seo, cuirfear na socruithe nua i bhfeidhm don chomórtas earcaíochta d’oifigigh feidhmiúcháin, atá le reáchtáil go luath. Tá sé beartaithe fophainéal de dhaoine atá inniúil sa Ghaeilge a chruthú ar a mbeidh 6% de líon an phainéil iomláin air.

Chomh maith leis na beartais seo, tá comhaontú seirbhíse sínithe ag mo Roinn leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun oiliúint sa Ghaeilge agus tástáil inniúlachta a sholáthar don Státseirbhís agus d’eagraíochtaí seirbhíse poiblí ar leith. Is comhartha dóchais é go bhfuil, ó mhí na Samhna 2011 i leith, os cionn 300 seirbhíseach poiblí tar éis páirt a ghlacadh i gcúrsaí oiliúna atá eagraithe ag an chomhlacht oiliúna Gaelchultúr, a bhfuil conradh acu le Foras na Gaeilge cúrsaí oiliúna a sholáthar don tseirbhís phoiblí.

Tá an t-athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 críochnaithe anois agus cuirfear na dréacht-Chinn den Bhille chun an tAcht a leasú faoi bhráid an Rialtais go luath. Ba iad aidhmeanna an athbhreithnithe a chinntiú gur meicníocht é an tAcht a thacaíonn le forbairt na Gaeilge ar bhealach atá éifeachtach agus éifeachtúil ó thaobh costais de agus go bhfuil na dualgais a eascraíonn ón Acht cuí chun soláthar sásúil seirbhísí trí Ghaeilge ag comhlachtaí poiblí a chinntiú, de réir an éilimh atá orthu ón bpobal.

Fuarthas thart ar 1,400 freagra ar an suirbhé agus 262 aighneacht le linn an phróisis chomhairliúcháin a eagraíodh mar chuid den athbhreithniú. Tá sé i gceist na dréacht-Chinn den Bhille a chur faoi bhráid an Choiste um Chomhshaol, Chultúr agus an Ghaeltacht agus iad a fhoilsiú ar shuíomh idirlín mo Roinne i dteannta thorthaí an phróisis chomhairliúcháin, chomh luath agus atá cead an Rialtais faighte chuige sin.

Chomh maith leis na leasuithe éagsúla atá beartaithe mar thoradh ar an athbhreithniú ar an Acht, beidh forálacha a bhaineann le cónascadh Oifig an Choimisinéara Teanga le hOifig an Ombudsman san áireamh sna dréacht-Chinn den Bhille. Ba mhaith liom a threisiú anseo inniu nach gcuirfidh an cónascadh seo isteach ar neamhspleáchas an Choimisinéara Teanga i bhfeidhmiú a chuid cumhachtaí agus go bhfanfaidh an oifig sa Ghaeltacht. Tabharfar na mionsonraí maidir lena mbeidh i gceist leis an chónascadh nuair a fhoilseofar na dréacht-Chinn den Bhille.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá anois maidir le héilimh atá tagtha chun cinn chun cearta lucht labhartha na Gaeilge a láidriú ón uair a d’fhógair an t-iar-Choimisinéir Teanga go raibh sé chun éirí as. Go hachomair, áirítear sna héilimh sin nithe ar nós iad seo a leanas. An gá atá le hAcht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú agus Oifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil neamhspleách. An gá atá le daoine le Gaeilge líofa a fhostú chun freastal ar riachtanais teanga phobal na Gaeltachta ach go háirithe agus an líon earcaíochta san earnáil phoiblí do dhaoine le hinniúlacht sa Ghaeilge a ardú ó 6% go 30% don chéad deich mbliana eile. An gá atá le deireadh a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach tar éis an 1 Eanáir 2017. An gá atá le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a aithint mar pháirtithe leasmhara i gcur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain don Ghaeilge. An gá go ndéanfaí aisghairm nó leasú ar Acht na Gaeltachta 2012. An gá go gcuirfí boird oideachais speisialta ar bun do cheantair Ghaeltachta. An gá go gcuirfí cúnamh speisialta ar fáil do nuachtán seachtainiúil Gaeilge clóite, le freastal go príomha ar cheantair Ghaeltachta. An gá go mbeadh deis ag an phobal ionadaithe a thoghadh ar bhord Údarás na Gaeltachta.

Tá léargas tugtha agam anseo inniu ar an méid atá ar siúl cheana nó beartaithe maidir le roinnt de na héilimh sin. Is féidir liom a dhearbhú anseo fosta go bhfuil mé breá sásta na héilimh a bhreithniú agus tuilleadh plé a dhéanamh fúthu sa tréimhse atá amach romhainn. Mar chéad chéim sa phróiseas plé seo, tá áthas orm a fhógairt go bhfuil coiste comhairleach á bhunú ag mo Roinn, i gcomhar le hÚdaras na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, ar a mbeidh ionadaíocht ag eagraíochtaí ábhartha Gaeilge agus Gaeltachta. Is í an phríomhaidhm atá leis an choiste comhairleach eolas a roinnt agus a mhalartú maidir le cur i bhfeidhm na straitéise agus an phróisis pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012 chun comhoibriú agus comhthuiscint níos fearr a chothú idir na páirtithe éagsúla i dtaca leis an réimse oibre sin. Tá súil agam go gcuideoidh bunú an choiste seo go mór le haidhmeanna na straitéise a chur i gcrích ar bhonn comhpháirtíochta.

A Leas-Chathaoirligh, mar fhocal scoir ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl arís as an deis a fháil léargas a thabhairt ar an méid atá ar siúl faoi láthair chun aidhmeanna na straitéíse 20 bliain don Ghaeilge a bhaint amach. Is gnéithe fíorthábhachtacha dár n-oidhreacht chultúrtha iad an Ghaeilge agus an Ghaeltacht agus is onóir agus pribhléid domsa an deis a fháil mo chion féin a dhéanamh mar Aire Stáit sa Rialtas seo chun tacú le caomhnú agus forbairt na hoidhreachta sin. Aithním agus tuigim go maith gur ag obair i gcomhar lena chéile is fearr a bhainfidh muid torthaí fónta amach chun an oidhreacht bheo seo a thabhairt ar aghaidh slán don chéad ghlúin eile mar a tugadh dúinne é.

Go raibh maith agat, a Aire Stáit. Anois beidh cead ag na baill ceisteanna a chur.

A Leas-Chathaoirligh, táimid anseo le cur i bhfeidhm na straitéise a phlé. Bheadh mise ag moladh go dtógfadh muid, leathanach ar leathanach, céim ar chéim é, go scrúdódh muid gach aon ní atá istigh sa straitéis agus go bpléifeadh muid an bhfuil an rud atá ann curtha i bhfeidhm nó nach bhfuil nó cén dul chun cinn atá déanta, agus go bpléifeadh muid go fírinneach agus go hoscailte an bhfuil nó nach bhfuil impleachtaí airgid ag baint le go leor de na moltaí atá istigh sa straitéis. Ní dhéanfaimid é sin i dtráthnóna amháin. Bheadh mise ag moladh, mar shampla, go bpléifeadh muid An Fhís, Comhthéacs Polasai, Straitéis Chéimnithe, Cuspóirí Sonracha agus Struchtúir Feidhmithe inniu, is é sin an chéad cúig mhír, agus ar lá eile níos faide anonn go bpléifeadh muid Oideachas mar lá iomlán leis féin, an Ghaeltacht mar lá iomlán leis féin agus ansin na míreanna eile atá istigh sa straitéis. B'fhéidir go bhféadfaí iad a chríochnú amach i ndá lá eile má tá an dul chun cinn á dhéanamh. Thógfadh sé cúig nó sé thráthnóna. Ar mhaithe le slánú na Gaeilge b'fhiú an t-am a chaitheamh leis. Mar a dúradh ag an am gur foilsíodh an straitéis ba é iomlán na straitéise a bhí ag teastáil agus ní codanna den straitéis. Tá go leor cainte á dhéanamh faoi céard atá ann nó nach bhfuil ann. Bhuel, beidh a fhios againn céard atá ann agus cén dul chun cinn atá á dhéanamh más rud é go dtéimid tríd, líne ar líne. Tá mise ag moladh gur mar sin a thabharfas muid faoin gcruinniú seo.

Céad fáilte roimh an Aire Stáit os ár gcomhair arís. Tá a fhios agam go bhfuil sé cruagach go maith. Bheinn ag teacht, a bheag nó a mhór, leis an méid atá molta ag an Teachta Ó Cuív. Sílim go mbeadh an-chiall leis sin. Sula dtosóimís ar an bpróiseas sin tá trí cheist bheaga gur mhaith liom a chur a bhaineann leis an gcomhthéacs ina bhfuilimid ag suí inniu agus sílim go bhfuil sé tábhachtach iad sin a chur as an mbealach roimhré.

Bheinn ag teacht go huile agus go hiomlán leis an cur chuige atá molta mar sílim go bhfuil frustrachas áirid ag baint le cuid de ráitis an Aire Stáit, i gcead dhó, go dtéann siad an-ghinearálta faoi na ceisteanna éagsúla ach nach dtéimid go sonrach de réir na straitéise, agus sílim go bhfuil sé thar am an fhiniúchadh ghrinn seo a dhéanamh ar an straitéis, ar a raibh molta, ar an méid atá a bhaint amach agus mar sin de. Bheinn ag teacht le moladh an Teachta Uí Chuív, ach sula dtosódh muid isteach sa méid sin ba mhaith liom cúpla ceist ghonta a chur, más féidir sin a dhéanamh.

Cuireann an ráiteas atá tugtha ag an Aire Stáit iontas orm. I ráitis atá faighte againn cheana agus muid ag fiafrú cé tá i gceannas na straitéise deineadh scéal mór de go raibh an Taoiseach i mbun na straitéise agus go raibh coiste ag leibhéal Rialtais ag plé leis seo. Níor airigh mé focal ar bith i ráiteas an Aire Stáit inniu maidir leis an Taoiseach agus go bhfuil sé i gceannas na straitéise. Ó thaobh an fhochoiste Rialtais sin, cé mhéad cruinniú a bhí aige, cé chomh minic is a thagann sé le chéile agus, i ndáiríre, an bhfuil baint ar bith aige le cur chun cinn na straitéise?

An dara ceann ná seo. Bhí dhá mhórshiúl ann le deireannaí, ceann i mBaile Átha Cliath a raibh 10,000 duine ag freastal air agus ceann i gConamara a fhreastail, b'fhéidir, 1,200 duine air. Fágadh litir isteach ag oifig an Aire Stáit ag an gceann i gConamara. Ba bhreá linn a fháil amach an bhfuair an t-Aire Stáit litir, an bhfuil sí léite aige agus an bhfuil sé i gceist aige freagra a thabhairt ar na nithe atá luaite ansin? Bhí rudaí luaite ansin nach bhfuil luaite ina fhreagra, mar shampla ó thaobh na n-éileamh atá déanta ag pobal na Gaeltachta.

An tríú cheist, chaith muid cuid mhaith uair a chloig inné ag plé Acht na dTeangacha Oifigiúla. Dúradh linn go raibh na Cinn Billí gar a bheith réidh. Is féidir liom a rá go bhfuil cáipéis faighte againn agus is cosúil gurb é an dréacht de chinn teidil Bhille nua na dteangacha oifigiúla atá innti. Is cosúil chomh maith go bhfuil an-imní ar an dream a bhfuil an cháipéis feicthe acu gurb é an treo atáthar ag dul ná go bhfuiltear ag dul a déanamh lagú an-mhór ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Dá bhí sin, ba bhreá liom a fháil amach ón Aire Stáit arbh iad seo na dréacht Cinn Billí a bhfuil an Rialtas á bplé. Más iad, an é seo an treo atá Acht na dTeangacha Oifigiúla ag dul? Más é, an bhfuil na dréachtaí den mBille seo pléite leis an té a bhéas ag teacht i gcomharbacht ar Sheán Ó Cuirreáin nó fiú an treo atá i gceist? An bhfuil sé curtha in iúl dó go bhfuil i gceist ag an Rialtas lagú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla?

Ba mhaith liom cur leis sin. Ar an gcéad dul síos muna bhfuil cóip den litir ag an Aire Stáit tá cóip agam anseo.

Go maith. Ta áthas orm é sin a chloisteáil. Tá cóip mar atá ag an Seanadóir Ó Clochartaigh agamsa freisin. Tá seo beagáinín scansúil. Tá páirteanna uimhir a haon, a dó agus a trí den dréacht teicniúil. Tagrann uimhir a ceathar do laghdú ar an méid cáipéisí a chaithfear a aistriú go Gaeilge, gan aon chruthúnas a bheith ann go gcosnaíonn sé aon airgead ar an Stát. Go deimhin féin, tá mise cinnte go sábhálann sé airgead go mbíonn na rudaí seo le n-aistriú mar nach gcuirtear an oiread ráiméise iontu agus a chuirfí muna gcaithfí iad a aistriú.

Tá uimhir a cúig teicniúil. Leasú maith is ea uimhir a sé agus tá mé ina fhábhar. Is rud dearfach é go gcaithfear a rá cé mhéad duine a bhfuil Gaeilge acu. Tá i gceist go mairfeadh na scéimeanna seacht mbliana. Beidh plé spéisiúil ar an gceann sin. Tá cead tarraingt siar as scéim.

Tá ceann anseo a chuir an-iontas ormsa. Déantar tagairt do "the use by persons of the Irish language or English language version, whichever they so wish, of their names and addresses when communicating with public bodies". Caithfidh mé a rá nár shíl mé go raibh aon chead ag éinne sa tír m'ainm a aistriú. Shíl mé go mbaineann ainm duine leis féin, nach bhfuil aon chead ainm Rúisis a aistriú go Béarla agus go bhfuilimid imithe i bhfad ón áit a mbíodh na Yanks fadó nuair a landáileadh daoine i Meiriceá. Bhí an-iontas orm faoin gceann sin, caithfidh mé a rá.

An chéad ceann eile ná, go mbeidh an tuarascáil á chur ar aghaidh ag an gCoimisinéir Teanga go dtí an Aire Caitheachas Phoiblí agus Athchóirithe, ó tharla go mbeidh siad cónasctha.

Tá an chéad ceann eile diúltach ar fad, is é sin deireadh a chur le Coimisiún na Logainmneacha. Tá an chéad ceann eile teicniúil, an chéad ceann arís teicniúil agus an chéad ceann eile diúltach amach is amach, is é sin an cónascadh le hOifig an Ombudsman. Sin an t-Acht leasaithe, de réir mar a thuigimid.

Tá rud beag amháin ann, go gcaithfear a lua go sonrach cad iad na jabanna a theastós Gaeilge dóibh. D'fhéadfaí sin a dhéanamh ar aon chaoi ón Roinn agus ní miste é a bheith san Acht ach tá mé i bhfábhar sin. Tá gach uile ceann eile teicniúil nó diúltach.

Maidir leis an leasú atá ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 atá beartaithe agus atá geallta, tá dréacht mholtaí ann ach ní shílimse gur chóir domsa a theacht isteach anseo agus a dhul tríd moltaí nach bhfuil, fiú amháin, glactha ag an Rialtas. Caithfidh sé seo a dhul os comhair an Rialtais in am chuí agus nuair a bhéas sé sin déanta agus na moltaí, nó na leasaithe ar na moltaí, glactha ag an Rialtas tá mé tar éis a rá agus a dhearbhú, má tá mé fós anseo, go mbeidh mé sásta a theacht isteach anseo ag an chomhchoiste agus na forálacha nó na leasaithe atá déanta a phlé libh agus éisteacht le bhur gcuid tuairimí. Ag an phointe seo, sílim nach fiú é sin a dhéanamh mar nach bhfuil aon rud glactha nó ceadaithe ag an Rialtas go fóill, chomh fada agus a bhaineann sé leasaithe. Sin an chéad rud a ba mhaith liom a rá.

Maidir leis an dara pointe faoi na Ranna eile, níl sé de chúram ormsa a theacht isteach agus labhairt thar cionn Ranna eile. Ar ndóigh, beidh sé de cheart ag an chomhchoiste cuireadh a thabhairt dos na Ranna eile teacht isteach agus cuntas a thabhairt ar cad atá á dhéanamh acusan maidir le cur i bhfeidhm na straitéise. Tá cúram ormsa, uimhir a haon glacadh leis na scéimeanna teanga agus aontú leo. Chomh fada agus a bhaineann sé le Ranna is é an curam atá ormsa ná cinnte a dhéanamh de go bhfuil mo Roinn féin ag cur leis an phlean teanga atá againn, agus tá an cúram céanna ar gach Roinn ina aonar.

Dúirt an t-Aire Stáit ar ball:

Is ar mo Roinn-se, an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta, atá an fhreagracht uileghabhálach an straitéis a chomhordú agus a chur i bhfeidhm i gcomhair le réimse móra páirtithe leasmhara.

Ceist í seo don Aire Stáit i dtaca leis na moltaí a tháinig chun cinn i mí Eanáir 2012 ón phobal, go háirithe ó phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. An bhfuil na moltaí sin curtha i bhfeidhm ins an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla? An bhfuil aon cheann de na moltaí sin curtha i bhfeidhm ins an doiciméad atá le cur os comhair an Rialtais? Má tá, b'fhéidir go dtiocfadh leis an Aire Stáit a chur in iúil cad iad atá curtha i bhfeidhm nó atá curtha isteach sa plépháipéar sin?

Ba mhaith liom dul ar ais ag an trí cheist a chuir mé mar ní dóigh liom go bhfuair muid freagra ar bith orthu. Baineann ceann amháin acu le ráiteas atá déanta ag an Aire Stáit maidir le nach bhfuil de chúram air ach na scéimeanna a dhaingniú. Bhí muid á phlé sin inné go mion agus léirigh muid ár míshástacht faoi. Táimid ag caint faoin straitéis 20 bliain inniu. De réir mar a thuig mise, bhí trí comhchoiste idir-rannach i bhfeidhm agus go raibh coiste ard-leibhéal a raibh an Taoiseach ina shuí mar chathaoirleach air i gceannas na straitéise agus cur chun cinn na straitéise. Tá an t-Aire Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltacht, an Teachta Deenihan, in ainm is a bheith rannpháirteach sa bplé sin agus cuireann sé iontas orm go ndeir an t-Aire Stáit linn go bhfuil sé sásta labhairt faoi rud ar bith a bhaineann leis an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta ach nach mbaineann aon rud eile ins na Ranna eile leis. Ach má tá sé i gcomhthéacs na straitéise agus má bhí an t-Aire Stáit nó an t-Aire ag suí ar na comhchoistí éagsúla seo nar chóir go mbeadh sé in ann teacht isteach inniu agus, ar a laghad, muid a chur ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta. Níl sé seo maith go leor, i ndáiríre.

Chuir mé an dara ceist faoinn litir a fágadh isteach. Tá sé sin léite ag an Aire Stáit, deir sé liom. D'fhiafraigh mé cé chomh minic is a thagann na comhchoistí éagsúla sin le chéile.

An bhfuil an tAire Stáit sásta a dhearbhú gur cáipéis bhailí í seo, a tháinig óna Roinn? Is féidir liom í a dháileadh i gceann soicind. Leagann sí amach an treo ina mbeidh Acht na dTeangacha Oifigiúla ag dul. Ar phléigh an tAire Stáit na hathruithe seo - lagú Acht na dTeangacha Oifigiúla - leis an Uasal Rónán Ó Domhnaill roimh ré, nó an mbeidh sé ag iarraidh air muc i mála a cheannach nuair a shíníonn sé a shéala oifige le teacht i gcomharbas ar Sheán Ó Cuirreáin?

Ba mhaith liom a rá arís go mbeidh deis agam teacht isteach anseo agus na leasuithe atá á ndéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a phlé nuair a bheidh siad faofa ag an Rialtas. Níl mé chun é sin a dhéanamh inniu. Níor tháinig an reachtaíocht os comhair an Rialtais go fóill. Níl sé faofa ag an Rialtas. Dá bhrí sin, ní fiú dom a leithéid de phlé a dhéanamh. Nuair a bheidh an Bille ceadaithe ag an Rialtas, tiocfaimid isteach anseo. Beidh deis againn dul tríd na moltaí nuair a bheidh na leasuithe foilsithe. Ní shílim gur fiú dul ar aghaidh ag an bpointe seo le rud nach bhfuil seasamh oifigiúil aige, chomh fada agus a bhaineann sé leis an Rialtas.

Cén plé a rinne an tAire Stáit leis an gcoimisinéir nua atá le ceapadh go hoifigiúil go luath? An dúradh leis "tá tú ag dul isteach sa jab agus ní bheidh athrú dá laghad ar chúrsaí"? An dúradh leis "tá sé i gceist againn an tAcht a lagú"? Cén plé a bhí idir an tAire Stáit agus an tUasal Rónán Ó Domhnaill?

Níl aon phlé idir mé féin agus an coimisinéir nua-ainmnithe, atá le ceapadh an tseachtain seo chugainn. Níl anseo ach dréacht. Ar ndóigh, beimid ábalta na cinntí a phlé leis an gcoimisinéir nuair a bheidh siad déanta ag an Rialtas. Tá mé cinnte go mbeidh sé ábalta a thuairimí agus a bharúlacha a chur in iúl nuair a bheidh gach ball den choiste seo-----

Tá an Rialtas ag iarraidh orainn muc i mála a cheannach.

Beidh lagú i gceist sa reachtaíocht nua atá le tabhairt isteach amach anseo.

Ní aontaím ar chor ar bith. Tá a fhios acu siúd a bhí ag éisteacht leis an Taoiseach sa Dáil go dtiocfaidh na leasuithe atá molta san athbhreithniú os comhair an choiste. Beidh deis ag baill an choiste iad a phlé agus éisteacht leis an méid atá le rá-----

An nglacfaidh an Rialtas le moltaí dearfacha atá ag iarraidh an Acht a láidriú? Cén uair a fhoilseoidh an Rialtas iad, ionas go bhfeicfimid-----

Foilseofar iad nuair a rachaidh siad os comhair an Rialtais agus nuair atá cinneadh déanta ag an Rialtas. Níl cinneadh Rialtais anseo in aon chor. Níl ach cinneadh amháin déanta go dtí seo - sé sin, go ndéanfar athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Níl aon chinneadh eile déanta go dtí seo.

Caithfidh mé a rá go bhfáiltím roimhe sin. Déarfaidh mé an fhírinne leis an Aire Stáit - más é sin atá i gceist, ní bheidh aon ghlacadh ag pobal na Gaeilge leis. Mar dhuine atá i mo chónaí sa Ghaeltacht, a thóg clann le Gaeilge agus a bhfuil garchlann á tógáil le Gaeilge, tá a fhios agam nach bhfuil aon ghlacadh leis seo. Is céim siar ar fad atá ann. Más rud é go dtagann an méid atá curtha in iúl dúinn amach ón bpróiseas atá ar bun ag an Rialtas, déanfaidh mé gach is féidir liom, ó cheann ceann na tíre, le cur ina haghaidh, mar níl aon mhaith ann. Ní hamháin sin, ach de réir mar a thuigim - is dócha go gcruthófar ceart mé ar ball - bhí formhór na n-aighneachtaí a chuaigh isteach go dtí an Roinn ag moladh go ndéanfaí treisiú ar an Acht, seachas ag cur in éadan treisiú ar an Acht. Cuireann sé iontas an tsaoil orm, tar éis comhairliúchán poiblí, go dtabharfar an dá mhéar don dream a chuir de stróbh orthu féin aighneachtaí a chur isteach, agus go dtiocfaidh leo dóibh siúd nár chuir aighneachtaí isteach ach atá a fhios againn atá naimhdeach do theanga na Gaeilge.

De réir leathanach 10 den straitéis 20 bliain, "déanfaidh an Coiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht, a mbeidh an Taoiseach ina chathaoirleach air, maoirseacht ar an dul chun cinn agus tabharfaidh sé tuairisc don Rialtas mar is gá". Faoi dhó, d'iarr mo chomhghleacaí, an Seanadóir Ó Clochartaigh, ar an Aire Stáit cá mhéad uair a tháinig an coiste sin le chéile ó bunaíodh an Rialtas seo. Deireann an straitéis freisin, "tacóidh Grúpa Oifigeach Sinsearach a bheidh comhdhéanta d’oifigigh ardleibhéil ó Ranna cuí leis an gCoiste Rialtais.". An bhfuil an grúpa sin ann? Cá mhéad uair a chas an grúpa le chéile ó bunaíodh an Rialtas seo? Tá sé ráite ar an leathanach céanna den straitéis go mbeidh "Aire sinsearach agus Roinn Rialtais .... ar a mbeidh lárfhreagracht maidir le cúrsaí Gaeilge fós ann". Cé hé nó hí an tAire sinsearach a bhfuil an lárfhreagracht maidir le cúrsaí Gaeilge? B'fhéidir go n-ainmneoidh an tAire Stáit an té sin. Deirtear freisin sa straitéis go ndéanfar "pleanáil agus feidhmiú na Straitéise a threorú ó Aonad Straitéise laistigh den Roinn sin" agus go mbeidh "foireann thiomanta ann agus sannfar dualgais agus róil feidhmithe do ghníomhaireachtaí forfheidhmithe mar is gá." Deireann an straitéis go bhféadfar "líon beag d’fhoireann ar iasacht a mbeidh saineolas acu i mbainistiú riaracháin phoiblí, i bpleanáil teanga agus in oideachas a shannadh don Aonad le tascanna ar leith a dhéanamh más gá". Ba mhaith liom a fháil amach an bhfuil an t-aonad straitéise sin ann. Cá mhéad duine atá fostaithe san aonad? Cá mhéad duine atá tagtha isteach ar iasacht a bhfuil saineolas faoi leith acu?

Bíonn cruinnithe ag an gcoiste Rialtais de réir mar is gá. Bhí ceann againn an mhí seo caite agus beidh ceann eile againn roimh dheireadh na míosa seo. Beidh cruinnithe eile againn de réir mar a théann an bhliain ar aghaidh agus mar is gá. Níl figiúr cruinn agam, ach sílim go mbíonn timpeall ar cheithre chruinniú, ar a mheán, gach bliain.

An féidir leis an Aire Stáit liosta a thabhairt dúinn-----

----- de na dátaí ar a raibh cruinnithe ar siúl ó bunaíodh an Rialtas seo?

Cuirfidh muid an liosta ar fáil. Ní bheidh aon deacracht leis sin.

Tá sonraí á lorg againn freisin i dtaobh an dream a fhreastal orthu ó na Ranna éagsúla.

Tá siad go léir ar fáil.

An bhfuil tuairisc le fáil ar an bplé a bhíonn ag na cruinnithe sin?

Ní shílim go bhfuil mar go dtagann sé faoi na cúinsí teoranta ar chruinnithe Rialtais.

An mbaineann an rud céanna leis na trí choiste idir-rannacha?

Ní shílim go dtagann siad faoi riail na rúndachta, mar a thagann coistí Rialtais.

An féidir leis an Aire Stáit tuairiscí a thabhairt dúinn faoi na cruinnithe a bhíonn ar bun ag na hardfheidhmeannaigh sin?

Tá 11 Roinn tar éis tuairisc a chur ar fáil faoin méid atá déanta acu maidir le cur chun cinn na straitéise go dtí 2013. Foilsíodh é sin i mí Iúil anuraidh.

Ní hí sin an cheist a chuir mé. Tá trí fhochoiste bunaithe le breathnú ar ghnéithe éagsúla den straitéis. Tá an tAire Stáit ag rá liom nach dtagann siad faoi phribhléid Rialtais. Tá muidne, mar choiste Oireachtais, ag iarraidh a fháil amach céard a bhíonn á phlé ag na coistí sin maidir le dul chun cinn na straitéise. An féidir linn tuairisc a fháil maidir leis na cruinnithe sin? Cé a bhíonn i láthair? Céard a bhíonn aontaithe agus socraithe?

Ní fheicim go mbeadh aon deacracht leis sin ar chor ar bith. Is féidir linn fiosruithe a dhéanamh faoi sin. Más rud é nach dtagann na sonraí seo faoin gcosc ar ghnéithe áirithe de chruinnithe Rialtais a scaoileadh amach, ní fheicim go mbeidh deacracht ar bith ann tuairisc ar na cruinnithe sin a sholáthar.

Bheadh sé sin ar fheabhas.

Chuir mé ceist mar gheall ar an ngrúpa oifigeach sinsearach.

Tá an grúpa oifigeach sinsearach ann chun tacaíocht a thabhairt don choiste Rialtais. Tagann siad le chéile go rialta le hoifigigh mo Roinne.

An bhfuil an tAire Stáit in ann a rá linn cé chomh rialta a thagann siad le chéile?

N'fheadar an bhfuil eolas againn i dtaobh cé chomh minic a thagann siad le chéile. Ní bhím ag na cruinnithe sin. Aon uair a bhíonn cruinniú de choiste Rialtais, bíonn cruinniú ag na hoifigigh roimh ré.

An bhféadfaimis liosta a fháil de na cruinnithe a bhí ann le trí bliana anuas?

Tá an t-eolas sin á lorg agam freisin.

Bheadh sé sin úsáideach.

Sílim gur féidir é sin a dhéanamh.

Deireann an straitéis freisin go mbeidh "Aire sinsearach .... ar a mbeidh lárfhreagracht maidir le cúrsaí Gaeilge fós ann". Cé hé nó hí an tAire sinsearach sin?

Tá an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ann i láthair na huaire. Is é mo chomhghleacaí - an t-Aire, an Teachta Deenihan - an t-Aire sinsearach ansin. Tá cúraimí ealaíona agus oidhreachta air. Tá cumhachtaí Gaeltachta agus oileánacha tarmligthe orm mar Aire Stáit.

Ciallaíonn sé sin go bhfuil aidhm seo na straitéise briste glan. Cuireadh an aidhm seo - go mbeadh "Aire sinsearach .... ar a mbeidh lárfhreagracht maidir le cúrsaí Gaeilge fós ann" - sa straitéis ionas nach dtarlódh an méid atá tarlaithe.

Tá an tAire Stáit ag rá nach bhfuil aon Aire sinsearach le lárfhreagracht maidir le cúrsaí Gaeilge fós ann, ach scríobhadh é sin leis an mbrí sin.

Gabh mo leithscéal. An féidir leis an Teachta é sin a rá arís?

Deir an straitéís: "Beidh Aire sinsearach, ar a mbeidh lárfhreagracht maidir le cúrsaí Gaeilge fós ann." Dá mba rud é go raibh Aire sinsearach maidir le lárfhreagracht do chúrsaí Gaeilge, is eisean a bheadh istigh anseo ag freagairt dúinne maidir le cúrsaí Gaeilge. Briseadh an gealltanas sin i smidiríní. Is í an bhrí a bhí le sin, ná go mbeadh an tAire sinsearach ó lá go lá ag Bord an Rialtais agus anseo agus gach aon áit eile freagrach as an nGaeilge agus nach bhfágfaí faoi Aire Stáit í. Ba cheart an aireacht shinsearach a thabhairt don Aire Stáit má bhíodar ag tabhairt chúram na Gaeilge dó.

Sílim gur sin cáipéis den straitéis a bhí foilsithe roimh athrú an Rialtais.

Seo an straitéis a chinn an Rialtas a chur i bhfeidhm.

Freisin, tá comhoibriú maith idir mé féin agus an tAire sinsearach agus aon uair a bhíonn ceist ag teacht aníos a bhaineann leis an Ghaeilge, an Ghaeltacht nó go speisialta nuair a bhíonn Acht i gceist, bíonn deis agam dul isteach chuig an Rialtas agus cur i láthair a dhéanamh. Rinne mé é sin trí huaire nó mar sin.

An gceapann an tAire Stáit go bhfuil an stádas agus an chumhacht chéanna ag Aire sóisearach agus atá ag Aire sinsearach?

Tá fadhb phraiticiúil leis sin i gcomhthéacs an méid a luaigh an tAire Stáit roimhe seo. Dúirt sé go raibh pribhléid Rialtais ag baint leis na cruinnithe a bhí ar bun ag leibhéal an Rialtais. An mbíonn an tAire Stáit ag freastal ar na cruinnithe sin? Má tá an tAire Stáit freagrach as cur chun cinn na straitéise agus í a chur i bhfeidhm, nach bhfuil deacracht ann má bhíonn air tuairisc a thabhairt don Aire le cur os comhair an chomhchoiste ar a bhfuil an Taoiseach mar chathaoirleach? Nach bhfuil fadhb bhunúsach ann nach bhfuil an tAire Stáit i lár an aonaigh ó thaobh cur chun cinn agus cur i bhfeidhm na straitéise?

Bím ag gach cruinniú den choiste Rialtais agus bíonn an tAire ansin chomh maith.

An gcuirfidh an tAire Stáit tuairisc ar fáil dúinn faoin líon acu sin a bhí ann agus cé hiad na hAirí éagsúla a bhí i láthair?

Sea, cuirfidh mé sin ar fáil. Bhí ceann againn an mhí seo caite agus beidh ceann eile roimh dheireadh na míosa seo. Sílim go raibh ceithre cinn againn anuraidh.

Ag glacadh leis an ráiteas a rinne an tAire Stáit leis an Teachta Ó Cuív, go raibh athrú Rialtais ann ó scríobhadh an straitéis, déantar cuid mhór de agus deir an tAire Stáit féin é i mbeagnach gach ráiteas a dhéanann sé, gur ghlac gach uile pháirtí leis an Straitéis 20 Bhliain don Ghaeilge. Aontaíodh í trasna na bpáirtithe ar fad. An bhfuil an tAire Stáit ag rá linn anois go bhfuil athrú ar an straitéis mar gheall go raibh athrú Rialtais ann? Níor cuireadh aon straitéis 20 bhliain nua leasaithe os ár gcomhair. Mar sin, táimid ag glacadh leis go bhfuil an straitéis le cur i bhfeidhm mar a bhí sí scríofa. An bhfuil athrú air sin?

Bhuel, nuair a thagann Rialtas isteach, i gcónaí is beag uair nach gcuirtear athrú ar Ranna agus ar dhualgais a bhíonn ar dhaoine taobh istigh de na Ranna sin. Tá a fhios agam nach é seo an chéad uair a bhí Aire Stáit ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Bhí an Teachta Ó Cuív é féin mar Aire Stáit ar feadh tamaill agus bhí Aire sinsearach ag Bord an Rialtais. Mar sin, tharlaigh sé seo cheana agus tarlóidh sé arís. Sin an cur chuige atá ann. Is cuimhin liom uair eile, nuair a bhí an Taoiseach féin - an Taoiseach Ó hEochaidh, beannacht Dé leis - ina Aire Gaeltachta. Bhí mo chomhghleacaí féin ina Aire Stáit i gcúrsaí Gaeltachta. Tharla sin don Teachta Ó Cuív agus tharla sé domsa. Ní rud úr é seo, ach is rud é a tharla go minic roimh seo.

An féidir liom comparáid a dhéanamh?

Gabh mo leithscéal, duine amháin anois.

Rinneadh dearmad sa bhliain 1997 nuair a cheapadh Aire Gaeltachta sinsearach nach raibh Gaeilge aici. Ba í mo chol ceathrar féin í. Bean bhreá í agus tá an-mheas agam uirthi, ach cheap mé gur dhearmad é ag an Taoiseach ag an am - agus dúirt mé sin leis - nach raibh Gaeilge ag an Aire. Nílim ag rá nár cheart do Shíle de Valera a bheith ina hAire, ach dar liomsa gur ceart d'Aire na Gaeltachta a bheith ina Aire sinsearach. Mar is eol don Aire Stáit, ghlac an Chomh-aireacht deiridh leis gur dhearmad an rud a rinneadh san am atá caite - Aire sóisearach Gaeilge a cur in áit agus gan an tAire sinsearach a bheith freagrach ó lá go lá as an nGaeilge. Chonaic muid na dearmaid.

An smaoineamh a bhí leis an straitéis ná bogadh ar aghaidh ó dhearmaid an ama atá caite agus teacht ar chur chuige nua. Scríobh muid sin d'aon turas istigh anseo, dá mba rud é go raibh muid chun dul chun cinn a dhéanamh, go gcaithfeadh an tAire Gaeltachta a bheadh freagrach ó lá go lá a bheith ag Bord an Rialtais. Tugadh an moladh sin isteach sa choiste seo, agus bhí an tAire Stáit mar cheann ar an bhFreasúra ar an gcoiste agus chaith muid sé mhí ag dul timpeall na straitéise. Míníodh gurb é a bhí i gceist ná go mbeadh Aire sinsearach ann agus nach ndéanfar na dearmaid céanna a rinne Fianna Fáil agus Rialtais eile san am atá caite maidir le stádas na Gaeilge ag Bord an Rialtais.

Ní raibh gíog ná míog as aon duine faoi seo; thacaigh siad ar fad leis an straitéis. Mar a deirtear faoi chonradh Luimnigh, ní túisce go raibh an dúch tirim, ná go raibh ceann de bhun clocha na straitéise curtha ó mhaith - is é sin go mbeadh an duine istigh ag Bord an Rialtais agus smacht aige nó aici ar acmhainní iomlán na Roinne leis an jab a dhéanamh ar son na Gaeilge. Bheadh sé nó sí ag Bord an Rialtais agus, mar a dúirt an tAire Stáit faoi féin - freagrach go huile as an straitéis a chomhordú. Má tá an té atá freagrach ó lá go lá ag Bord an Rialtais, leis an gceathrar déag eile, tá sé in ann an comhordú sin a dhéanamh, mar beidh sé ag casadh leo gach Máirt ar a laghad. Ní hamhlaidh d'Airí Stáit. Tá a fhios sin agam, mar bhí mé i m'Aire Stáit agus ní bhíonn cruinnithe ag Airí Stáit le chéile leis na hAirí sinsearacha go seachtainiúil leis an gcomhordú seo a dhéanamh go neamhfhoirmeálta chomh maith le go foirmeálta. Baineadh bun chloch mhillteanach den straitéis nuair a cuireadh leathanach 10 den straitéis in aeir.

An féidir leis an Aire Stáit a rá liom cé mhéad duine atá ag obair san aonad straitéise? Freisin, ar tugadh isteach saineolas ón taobh amuigh?

Ba mhaith liom fáil réidh le rud amháin. Nuair a luaigh mé gur é seo an tríú ham, gur eol domsa, go raibh cúraimí Gaeltachta ar Aire Stáit, luaigh mé nuair a bhí an Teachta Ó Cuív é féin ina Aire Stáit agus Síle de Valera ina Aire sinsearach ag an am. Bhí ard mheas agam uirthi agus chuamar ar aghaidh go han-mhaith le chéile. Bhí cur agus cúiteamh againn go minic. Rinne mé an pointe ina taobh chun a léiriú nach é seo an chéad uair a tharla sé. Ba mhaith liom sin a shoiléiriú ar eagla go mbeadh aon mhíthuiscint ann. Ní raibh aon rud agam ina héadan ag an am.

Maidir leis an dara ceist faoi ar athraíodh an straitéis. Athraíonn rudaí. Cé mhéad doiciméad ar cuireadh amach riamh nach raibh athruithe iontu? An rud atá ráite ag an Rialtas ná go gcuirfear an straitéis i bhfeidhm chomh fada agus is féidir. Is cuma cad é, ní fhaca mé doiciméad riamh as ar cuireadh gach rud i bhfeidhm chomh luath agus ab fhéidir - fiú amháin an comhaontú Thuaidh-Theas, Comhaontú Aoine an Chéasta. Tá an comhaontú sin déanta le beagnach 20 bliain agus níl na rudaí uile a ghealladh ann curtha i bhfeidhm. Fiú amháin an bíobla, tá go leor rudaí ann atá ar eolas againn le 2,000 bliain, ach tháinig athruithe orthu.

Níl an méid atá sa straitéis greanta i gcloch, ach caithfidh muid oiread agus is féidir linn a chur i bhfeidhm chomh maith agus is féidir linn.

Tá an tAire Stáit ag soiléiriú ruda a bhí ar eolas againn agus a bhí á rá ag pobal na Gaeilge le fada an lá, rud a dúirt an Coimisinéir Teanga nuair a bhí sé anseo os ár gcomhair, go bhfuil cuid mhaith cur i gcéill maidir leis an straitéis. Ní féidir leis an Aire Stáit ar lámh amháin a bheith ag rá go bhfuil an Rialtas seo ag cur na straitéise i bhfeidhm agus ar an lámh eile a bheith ag rá go gcuirfidh sé píosaí de i bhfeidhm. Mar shampla, inné chuir an Rialtas amach plean fostaíochta nua 2014. Tá an straitéis seo i bhfeidhm le riar blianta anois. Má bhí athrú polasaithe ag an Rialtas nuair a tháinig sé isteach i Rialtas agus mura raibh sé sásta cloí leis an straitéis mar a bhí, cén fáth, le trí bliana anuas, nach bhfuil sé tar éis leasú a dhéanamh ar an straitéis agus tar éis insint dúinn go soiléir cén polasaí atá ag an Rialtas, seachas a bheith ag ligean ar féin go bhfuil sé ag rith le straitéis nach bhfuil sé ag rith leis?

Níl muid ach ar an gcéad chéim de ó thaobh dul tríd an straitéis. Tá sé an-soiléir nach bhfuil an Rialtas ag cur na straitéise i bhfeidhm mar a bhí beartaithe agus mar a aontaíodh í tras-pháirtí nuair a bhí an tAire Stáit sa Fhreasúra agus nuair a pléadh í. Ba bhreá linn dá ndéarfadh sé linn nach bhfuil an Rialtas chun cloí leis an straitéis mar atá sí ionas nach mbeadh muid ag cur ama amú anseo ag obair ar straitéis nach bhfuil an Rialtas chun dul ag plé léi. Bíodh muid ag plé le straitéis atá an Rialtas ag iarraidh a chur i bhfeidhm.

Ba cheart dom a lua gur creatlach atá sa straitéis 20 bliain. Tá cuspóirí agus aidhmeanna sa straitéis atá le baint amach againn i 20 bliain agus caithfidh muid é sin a dhéanamh ar an dóigh is éifeachtaí.

Ar ndóigh, beidh dóigheanna eile againn le hamharc ar ghnéithe eile den straitéis sin. Bhí na dóigheanna sin ag an Rialtas a bhí ann roimhe seo freisin. Níl mé chun aon leithscéal a dhéanamh faoi sin. Tá go leor athruithe déanta ar an straitéis. Mar shampla, dhiúltaigh muid ar "údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta" a bhunú. Tá Údarás na Gaeltachta againn agus tá cúraimí na Gaeilge ar Fhoras na Gaeilge. Níl mé chun aon leithscéal a dhéanamh faoi sin. Sílim gurb é sin an cur chuige is fearr.

Bhí sé sin dodhéanta.

Tá rudaí eile sa straitéis a bheidh athraithe. Táimid ag díriú isteach ar na príomhrudaí atá sa straitéis, mar shampla trí iarracht a dhéanamh an líon cainteoirí sa Ghaeltacht a ardú sna 20 bliain atá amach romhainn. Táimid ag díriú isteach ar an mór-rud sin.

Ba chóir don Aire Stáit na hathruithe eile atá i gceist aige a leagadh amach, ionas nach mbeimid ag cur am amú.

Tá mé ag amharc ar an bpictiúr mór. Is féidir le duine ar bith suí síos agus mionrud anseo is ansiúd a phiocadh amach. Ba cheart dúinn amharc ar an bpictiúr mór.

Tá ráiteas iomlán déanta ag an Aire Stáit ar an taifead. Tá leagan scríofa de againn. Níl aon rud sa ráiteas sin mar gheall ar athruithe sa straitéis. Táimid ag iarraidh dul tríd an straitéis céim ar chéim.

Tá seachtainí pléite againn le breathnú air seo. Níl ann ach béasa dúinn mar ionadaithe poiblí, agus mar an dream atá ag éisteacht leis seo, míniú dúinn céard iad na athruithe atá beartaithe ag an Aire Stáit.

Ní thuigim cén fáth nár fhéad an Taoiseach Aire sinsearach Gaeltachta a cheapadh. Nílimid ach ar an gcéad leathanach den phlé, ach tá sé soiléir go bhfuil athruithe suntasacha á ndéanamh. Tá sé i gceist cuid de na rudaí is bunúsaí sa straitéis a athrú ó bhonn. Ó tharla go bhfuil a leithéid de choradh sa scéal, ba mhaith liom a mholadh go gcuirfí an cruinniú seo ar athló. Ba cheart go dtiocfadh an tAire Stáit isteach arís nuair a bheidh cáipéis faighte againn a leagann amach na cinntí atá déanta ag an Rialtas maidir le gan cur i bhfeidhm na straitéise. Ba chóir go gcuirfí doiciméad ar fáil a thabharfadh soiléiriú dúinn céard iad na codanna den straitéis nach bhfuil i gceist. Tá péire luaite. D'fhéadfainn go leor ceisteanna teicniúla a chur ar an Aire Stáit. Mar shampla, cén fáth nár fhéad an Taoiseach duine le Gaeilge a cheapadh? Cén costas a bhainfeadh leis? Chuir mé ceist eile faoin aonad straitéise. Cén smacht díreach iomlán atá ag an Aire Stáit agus ag an Rialtas ar Fhoras na Gaeilge?

Tá 11 Roinn tar éis a gcuid pleananna forfheidhmithe a fhoilsiú. Tharla sé sin sé mhí ó shin. Tá eolas ar na mionsonraithe sin, i dtaobh an méid atá á dhéanamh acu maidir leis an straitéis 20 bliain, le fáil go hoscailte ar shuíomh gréasáin gach Roinn acu sin. Má tá fonn ar an gcoiste seo eolas níos mine a fháil agus scrúdú a dhéanamh, tuigim go maith go bhfuil a fhios ag Cathaoirleach an choiste go bhfuil sé de chead ag an gcoiste ionadaithe ó gach Roinn a thabhairt isteach anseo agus fáil amach cad atá á dhéanamh i dtaobh gach ceann de na mionsonraithe seo.

Tá an tAire Stáit freagrach. Níl sé maith go leor go dtiocfadh an tAire Stáit isteach anseo chun "is ar mo Roinnse, an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, atá an fhreagracht uileghabhálach an straitéis a chomhordú agus a chur i bhfeidhm i gcomhar le réimse mór páirtithe leasmhara" a rá más rud é go bhfuil sé chun a leithscéil a ghabháil nuair a thagann brú air. Seachas glacadh leis an bhfreagracht sin, is léir go bhfuil an tAire Stáit ag iarraidh na ceiste a chaitheamh anonn ar dhuine éigin eile.

Níl an díospóireacht seo ag dul áit ar bith. Tá sé soiléir ón méid atá ráite anseo go bhfuil an Rialtas ag déanamh athruithe bunúsacha ar an straitéis. D'éirigh an tUasal Ó Cuirreáin as a phost mar nach raibh sé sásta go raibh an straitéis á cur i bhfeidhm. Chonaic sé go raibh cinntí á nglacadh agus athruithe á ndéanamh de réir mar a bhí an ghaoth ag séideadh. Ní raibh sé sásta leis sin. Tá an cumadh ar an scéal nach bhfuil Uachtarán na tíre sásta leis, de réir mar a bhí le rá aige i rith na seachtaine. Chonaic mé cóip den mhéid a bhí le rá aige. Dúirt sé go bhfuil díomá pearsanta air de bharr an dóigh atáthar ag caitheamh le daoine atá ag iarraidh a gcuid gnó a dhéanamh leis an Stát trí mheán na Gaeilge. Tá an cumadh ar an scéal, tar éis dúinn cúpla líne den straitéis a phlé, go bhfuil an Rialtas imithe i bhfad ón straitéis agus ó na focail atá sa straitéis. Má táimid ag iarraidh bheith ionraic le muintir na Gaeilge agus le muintir na Gaeltachta, caithfimid dul tríd an straitéis líne ar líne sa choiste seo. Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit sásta teacht isteach chun a leithéid de phlé a dhéanamh.

Ní féidir an milleán nó an locht a chur ar na Ranna Rialtais uile. Tá Roinn Rialtas amháin freagrach as an straitéis a chur i bhfeidhm. Má tá daoine ag iarraidh an milleán a chur ar Ranna Rialtais eile, titfidh siad idir dhá stól. An bhfuil an tAire Stáit agus an Roinn sásta é seo a thiomáint? Tá sé soiléir nach bhfuil an Rialtas sásta é a thiomáint? B'fhéidir go bhfuil an Rialtas ag iarraidh go dtitfidh sé seo idir dhá stól. Measaim go bhfuil am á chur amú againn muna bhfuilimid sásta dul tríd an straitéis seo líne ar líne. Caithfimid cuidiú a thabhairt don Aire Stáit agus muid ag dul tríd an straitéis chun a fhail amach cad atá á dhéanamh ag an Rialtas. Ba cheart é a dhéanamh i gceart sula dtagann aon reachtaíocht úr os comhair Thithe an Oireachtais. Caithfimid na mionsonraí a phlé líne ar líne. Más gá seachtain a chaitheamh ag cruinnithe coiste chun é sin a dhéanamh, measaim gur obair mhaith a bheadh ann. Is ceist bhunúsach í seo ó thaobh cúrsaí na straitéise. Is cuma céard atá sa straitéis - muna bhfuil an meon ann chun é a thiomáint agus muna bhfuil an Rialtas sásta é a bhrú chun tosaigh, ní fiú straitéis a bheith ann, fiú. Muna bhfuil an Rialtas sásta an straitéis a chur i bhfeidhm, bheadh sé chomh maith é a chaitheamh amach leis an lán mara.

Mar chathaoirleach ar an gcoiste idir-rannach, tá sé mar ról agam comhordú a dhéanamh agus a chinntiú go gcuireann gach Roinn tuairisc ar fáil ar an méid atá déanta acu. Tá siad sin ar fáil go poiblí ar suíomh gréasáin gach Roinn. Má tá fonn ar an gcoiste dul tríd an méid atá á dhéanamh ag gach Roinn, is féidir ionadaithe na Roinne éagsúla a thabhairt isteach agus é sin a dhéanamh. Tá sé de dhualgas orm iad a thabhairt le chéile agus a fháil amach uathu cad atá á dhéanamh acu. Tá an fhreagracht sin ar gach Roinn. Níl aon rud in Acht ar bith, dá bhfios dom, a thugann deis dom a rá leis na Ranna éagsúla rudaí áirithe a dhéanamh sa chomhthéacs seo. Níl sé de chumhacht agam.

Tá mé ag iarraidh bogadh ar aghaidh. Táimid ag iarraidh eolas de chineál éigin a fháil a chuirfeadh leis an straitéis. Luaigh mé na cruinnithe idir-rannacha a raibh an tAire Stáit mar chathaoirleach orthu. Chas sé leis na hAirí nó na feidhmeannaigh ó na Ranna éagsúla. Ba mhaith liom an Roinn Sláinte a thógáil mar shampla. Cén dul chun cinn atá déanta, ó thaobh cur chun cinn na straitéise sa Roinn sin, mar thoradh ar na cruinnithe a bhí ag an Aire Stáit le hionadaithe na Roinne?

Tá an t-eolas sin curtha ar fáil. Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte tiomanta don phróiseas chun foireann a fhorbairt a bheidh ábalta seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge i gceantair Ghaeltachta.

Céard a chiallaíonn sé sin don té thiar i gConamara atá ag cuardach seirbhís teiripe urlabhra trí mheán na Gaeilge, nó dochtúir na gcos, fiaclóir nó GP le Gaeilge?

Tá prótacal earcaíochta i bhfeidhm ó mhí Aibreán 2013 ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte maidir le ceapacháin i gceantair Ghaeltachta. Déanann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte earcaíocht ar fhoireann le Gaeilge de réir an phrótacal sin agus de réir mar a thagann folúntais chun cinn i gceantair Ghaeltachta. Is é sin an tuairisc atá curtha ar fáil ag an Roinn Sláinte.

Níl aon bhaint idir an tuairisc sin agus an méid atá ag tarlú ar an talamh. Bhíomar ag caint inné faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Níl scéim teanga fiú daingnithe ag an Roinn Sláinte, go bhfios dom, nó ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, ón bhliain 2007. An bhfuil sé sin á phlé ag na coistí? Cén dul chun cinn atá á dhéanamh?

Níl sé déanta ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, ach tá sé déanta ag an Roinn féin.

Nach mbeadh an t-aontú scéim teanga mar cheann de na bunchlocha a bhainfeadh le rud ar bith a dhéanamh ó thaobh straitéis a chur chun cinn?

Tá scéim teanga ag réigiún an iarthair d'Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. De réir mar a thuigim, táthar i dteagmháil leis an gcuid eile. Tá sé sin ag tarlú.

Sa bhliain 2007, fuair siad litir ag rá leo gur cheart dóibh scéim a ullmhú. Fuair siad ordú ón Aire a bhí ann ag an am, atá suite linn inniu. Shílfinn go mbeadh sé seo mar cheann de na bunrudaí a bheadh le déanamh ó thaobh na Ranna éagsúla agus na heagraíochtaí Stáit. Ba cheart go n-iarrfaí orthu "cá bhfuil bhur scéim teanga?" agus "cén uair a bhfuil sibh chun é a chur ar fáil?". Baineann sé seo leis na seirbhísí atá pobal na Gaeilge ag lorg sna ceantair éagsúla.

Mar a dúirt mé, tá scéim teanga ag an Roinn Sláinte agus tá siad tar éis na tuairisce sin a chur ar fáil. Má tá ceisteanna ag an gcomhchoiste faoi sin, b'fhiú oifigigh na Roinne a thabhairt isteach.

Cinnte, tabharfaimid isteach iad, ceann ar cheann, ach dá mbeadh an tAire Stáit, mar chathaoirleach ar an gcomhordú, -----

Is é an gnó atá agamsa mar chathaoirleach ná a dhéanamh cinnte go bhfuil rudaí ar siúl ansin agus go bhfuil a fhios acu go bhfuil an straitéis ann agus go gcaithfidh siad cuspóirí na straitéise a chur i bhfeidhm. Ach is ag gach Roinn atá sé le déanamh. Ní féidir liomsa mar Aire Stáit dul isteach in aon Roinn eile agus a rá nach bhfuil siad ag déanamh seo, siúd agus rudaí eile. Tá sé de dhualgas orthu scéimeanna teanga a chur ar fáil.

Leis an fhírinne a rá, is dóigh gur ról don choimisinéir é a chinntiú go bhfuil na scéimeanna teanga atá faofa agus aontaithe a chur i bhfeidhm. B'fhéidir go bhfuil ról ag an gcomhchoiste seo chomh maith, nó ag an gcomhchoiste atá ag plé le cur i bhfeidhm na straitéise i ngach Roinn.

San fhianaise a thug an tAire Stáit dúinn inné, dúirt sé nach raibh freagracht ar bith air ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla ach amháin ó thaobh daingniú scéimeanna. Dúirt sé sin linn inné go neamhbhalbh, agus cheistigh muid é faoi céard a dhéanfadh sé leis na himscrúduithe a chuireann an Coimisinéir Teanga ar fáil. Dúirt sé nach raibh aon bhaint acu leis, nach raibh dada sa reachtaíocht a chuireann an dualgas sin air. Anois tá sé ag rá linn go bhfuil sé ina chathaoirleach ar choiste idir-rannach a bhíonn ag cur brú orthu. Dúirt sé rud amháin inné agus rud eile inniu. Tá sé an-deacair a chreidiúint go bhfuil an tAire Stáit ag comhordú na straitéise mar is cóir agus mar a leagadh amach sa straitéis féin.

Cuireann an Coimisinéir Teanga tuairisc ar fáil gach bliain agus leagtar an tuairisc sin os comhair Thithe an Oireachtais. Tá ról ansin ag Tithe an Oireachtais, cibé cad iad na gearáin atá déanta aige a fhiosrú.

Agus, i gcás go bhfuil Tithe an Oireachtais ar an tuairim nach bhfuil an dlí dhá chomhlíonadh ag na heagraíochtaí, níl aon chead ná aon cheart ag aon eagraíocht reachtúil sa tír seo an dlí a bhriseadh. Mar sin, titeann an dualgas ar an Taoiseach agus ar an Rialtas a dhéanamh cinnte go gcomhlíonann gach eagraíocht Stáit an dlí. Mar sin, más é tuairim an choimisinéara agus tuairim an Oireachtais go bhfuil an dlí dhá shárú-creidim go bhfuil roinnt oibre le déanamh againn ar sin- caithfear a mhíniú dúinn cén fáth gurb é tuairim an Rialtais agus an tArd-Aighne nach bhfuil an dlí á shárú nó caithfear cloí leis an dlí. Tá íié fíor shimplí go deo.

Tá a fhios agam, ó bheith ag plé leis an iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, má chuaigh duine chuige agus má iarr sé air rud a cheapfá gur ceart a bheith déanta ag an Stát, ach nach raibh in aon Acht mar dhualgas ar an Stát, déarfadh sé nach féidir leis dada a dhéanamh sa chás mar nach raibh aon soláthar sa dlí le mian an duine sin a chur i bhfeidhm. Mar sin, aon uair a rinne sé imscrúdú agus aon uair a fuair sé amach nó a thug sé an tuairim nach raibh rud ag teacht de réir an dlí, is mar sin a bhí sé dar leis agus ní hé gur rud inmhianaithe a bhí ann, ach rud ó thaobh ceiste dlí.

Má théann muid ar ais chuig an straitéis, chuig leathanach a trí, an chéad leathanach den straitéis féin, feiceann muid gur í aidhm pholasaí an Rialtais chomh maith cur le méid na dteaghlach ar fud na tíre a bhaineann úsáid as an nGaeilge mar theanga chumarsáide laethúil. Tá sé mar aidhm freisin:

tacaíocht theangeolaíoch a sholáthar don Ghaeltacht mar phobal labhartha Gaeilge a thugann aitheantas do shainriachtanais na gceantar sin ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh;

a chinntiú chomh fada agus is féidir go mbeidh úsáid na Gaeilge nó an Bhéarla mar rogha ag an saoránach i ndioscúrsa poiblí agus i seirbhísí poiblí agus de réir a chéile go ndéanfaidh níos mó daoine ar fud an Stáit cinneadh a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge; agus

a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge níos infheicthe sa tsochaí againn, mar theanga labhartha ag ár gcuid saoránach mar aon le bheith le feiceáil ar chomharthaí agus i litríocht.

Tá gach rud de na mionrudaí atá sa straitéis bunaithe ar an bhfís sin. Nuair a théann muid chuig leathanach a ceathair, feiceann muid an comhthéacs polasaí ann. Tá sé spéisiúil breathnú ar an gcomhthéacs polasaí. Deir sé:

Seasfar leis an stádas faoi leith atá ag an nGaeilge sa Bhunreacht agus i ndlíthe na tíre ar nós Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, an tAcht Oideachais 1998, an tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000 agus an tAcht Craolacháin 2001.

Tá muid ag baint an bhoinn de chodanna d'Acht na dTeangacha Oifigiúla anois. Leannann an comhthéacs ar aghaidh:

Cuirfear Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm go hiomlán. Forbrófar cearta an phobail an Ghaeilge a úsáid agus iad ag plé leis an Stát agus le dreamanna eile agus déanfar socruithe cuí chun é seo a chur i bhfeidhm. Tabharfar spreagadh agus tacaíocht do phobal na Gaeilge ...

agus mar sin de. Leanann an comhthéacs ar aghaidh leis na cuspóirí, 13 acu, ach ní rachaidh mé tríd gach ceann. Deir uimhir 10:

Tabharfar gach cúnamh agus tacaíocht don Aontas Eorpach i bhfeidhmiú an chinnidh an Ghaeilge a bheith ina teanga oibre agus ina teanga oifigiúil san AE ón 1 Eanáir 2007.

Cuireann Conradh na Gaeilge, mar shampla, ceist maidir leis an moilliú agus maidir le deireadh a chur leis an moilliú istigh san Eoraip. De réir mar a thuigim, tá dóthain ateangairí agus daoine le haistriúchán anois le sin a dhéanamh, ach níl gíog ná míog as an Rialtas an bhfuil sé i gceist sin a dhéanamh.

Tá na mionrudaí sa straitéis bunaithe ar na rudaí móra. Tá an pictiúr mór le feiceáil, agus téann sin siar go 2006. Cuireadh na rudaí seo d'aon turas isteach sa straitéis le go mbeadh an pictiúr mór soiléir agus nach gcaillfí muid sa mhion argóint. Ach deir an tAire Stáit linne, nuair a thagann muid go dtí an chéad leathanach, "Sorry, by the way, i ndorchadas na hoíche, d'athraigh muid é seo ar fad, ach ní dúirt mé libh é."

Cé mhéad duine atá san aonad straitéise?

Tá an straitéis agus aidhmeanna na straitéise ar fud na Ranna ar fad, agus tá freagracht ar gach Roinn an straitéis a bhrú ar aghaidh.

Chuir mé ceist, ach is léir nár thuig an tAire Stáit an cheist.

Caithfidh an Teachta seans a thabhairt don Aire Stáit an cheist a fhreagairt.

Baineann an cheist atá agam le leathanach 10. Deir sé ansin maidir leis an aonad straitéise: "Déanfar pleanáil agus feidhmiú na Straitéise a threorú ó Aonad Straitéise laistigh den Roinn sin." An bhfeiceann an tAire Stáit an abairt sin?

B'fhéidir go bhfreagróidh an tAire Stáit mar sin, cé mhéad acu sin, de na míreanna sin ar fad, atá curtha i bhfeidhm?

Tá foireann na Roinne sna Forbacha, thiar i gceantar an Teachta, agus cuid d'fhoireann na Roinne i mo cheantar féin, in oifig i nGaoth Dobhair, fite fuaite le cur i bhfeidhm na straitéise. I nGaoth Dobhair, tá ionad ansin atá ag plé le scéimeanna teanga.

Chomh maith le sin, tá freagracht ar gach duine sa Roinn maidir le cur i bhfeidhm na straitéise. Is cuid mhór de chuspóir na Roinne é, is cuid mhór de chuspóir an Rialtais é agus tá freagracht ar gach duine. Maidir le cé mhéad duine atá sa Roinn -----

An t-aonad a bhí i gceist agam.

Tá thart faoi 60 duine thiar i láthair na huaire.

An bhfuil an 60 duine san aonad ag plé le cur i bhfeidhm na straitéise?

Trasna an bhoird, tá an straitéis fite fuaite. Tá gach gné d'obair na Roinne fite fuaite leis an straitéis 20 bliain.

Nuair a bhí Fianna Fáil i Rialtas agus nuair a tháinig muid faoi bhráid an choiste leis an straitéis a chur i láthair don choíste a bhí ann, ar chreid an tAire Stáit ina chroí istigh gurbh é a bhí i gceist againn ná an Roinn a bhí ann cheana féin agus gach aon duine a bhí ag obair sa Roinn a bheadh i mbun na straitéise - bhí i bhfad níos mó ag obair sa Roinn an t-am sin ná mar atá anois ag plé le cúrsaí Gaeilge - nó ar chreid sé go raibh sé i gceist aonad a bhunú a bheadh tiomnaithe ó lá go lá le haidhm amháin - an straitéis a chur i bhfeidhm trasna na Ranna Stáit ar fad agus a thiomáinfeadh é? Creidim go dtuigfeadh aon duine a léifeadh an straitéis gur sin a bhí i gceist.

Anois, maidir leis na pointí ar an gcéad leathanach, táimid tar éis a fháil amach go bhfuil an tAire sinsearach gone, agus an t-aonad straitéise gone - dead. Sin amháin ar an gcéad leathanach.

Ba mhaith liom soiléiriú a fháil ón Aire Stáit. An é atá sé ag rá ná nach bhfuil aon aonad straitéise faoi leith sa Roinn ach go bhfuil gach oifigeach ag plé leis an straitéis ar bhealach amháin nó ar bhealach eile? As an 60 duine atá fostaithe i dtaobh gnóthaí Gaeltachta sa Roinn, cé mhéad acu atá ag plé go lánaimseartha le cur i bhfeidhm na straitéise, ó thaobh na hoibre comhordaithe ar fad a theastaíonn idir na coistí éagsúla agus na daoine eile ar fad atá i Roinn na Gaeltachta a chomhordú ó thaobh na hiarrachtaí atá ar bun acu? Cé mhéad duine atá ag plé go huile agus go hiomlán, go lánaimseartha sa Roinn le cur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain?

Níl aon ionad sonrach sa Roinn gur féidir a rá gur seo an t-ionad straitéise.

Is é sin an fáth go bhfuil mé ag cur na ceiste.

Tá dualgas agus freagracht ar gach duine aird a thabhairt ar an straitéis i gcomhthéacs obair na Roinne. Téann sé ó cheann amháin go dtí an ceann eile. Tá aidhmeanna na straitéise fite fuaite le hobair na Roinne. Tá rannóg amháin sa Roinn ag plé le gné amháin den straitéis - na scéimeanna teanga - i láthair na huaire. Tá sé sin lonnaithe ó thuaidh i láthair na huaire.

Is breá an rud go bhfuilimid ag fáil soiléiriú nach bhfuil aonad ann. Tá scéimeanna éagsúla ar bun ag an Roinn. Tá daoine éagsúla ag plé le scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge. Tá daoine eile ag plé le rudaí éagsúla a bhíonn ar bun ag an Roinn, ar nós scéim a bhaineann le heachtrannaigh. Cá mhéad duine as an 60 duine atá fostaithe ag an Roinn atá ag plé go lánaimseartha - go huile is go hiomlán - le cur chun cinn na straitéise a chomhordú sa Roinn? Tá mé ag caint faoi dhaoine a chaitheann gach uair an chloig atá siad fostaithe ag déileáil leis an straitéis.

Tá a fhios agam go bhfuil spéis ag an bpobal-----

An féidir liom freagra a fháil ar mo cheist i dtosach? Beimid in ann bogadh ar aghaidh ansin. Cá mhéad duine as an 60 duine atá fostaithe sa Roinn atá ag plé go huile is go hiomlán - an lá ar fad, cúig lá na seachtaine - le feidhmiú agus comhordú na straitéise? Caithfidh go bhfuil a fhios ag an gcomhghleacaí ón Roinn atá i láthair cén duine, as an 59 duine eile atá fostaithe sa Roinn, atá ag comhordú na hoibre seo go lánaimseartha. Cá mhéad duine atá ag déanamh an jab sin?

Tá an chuid is mó de na bainisteoirí sinsearacha sa Roinn lonnaithe sna Forbacha. Is féidir a rá go bhfuil siad ag déileáil le cur chun cinn na straitéise ar bhonn laethúil.

Tá dualgais eile orthu.

Is cinnte go bhfuil, ach tá dualgas ar leith orthu maidir le cur i bhfeidhm na straitéise sa rannóg ina bhfuil siad fostaithe. Tá an Roinn go léir páirteach ann. Is dócha go bhfuil dualgas ar na hoifigigh shinsearacha i ngach rannóg acu sin maidir le cur i bhfeidhm na straitéise.

Dá bhrí sin, níl aon aonad lánaimseartha ann-----

Níl aon ionad ar leith.

-----agus níl aon duine faoi leith fostaithe go lánaimseartha leis an straitéis a chur i bhfeidhm.

Ba cheart go mbeimid soiléir. Tá a fhios againn go bhfuil go leor de phobal na hÉireann ag iarraidh an fhírinne a fháil. Níl na cáipéisí atá againne os a gcomhair amach. An chreatlach a bhí ann ná coiste Rialtais, grúpa oifigeach sinsearach, Aire sinsearach agus Roinn Rialtais. Deir an straitéis faoin sin:

Déanfar pleanáil agus feidhmiú na Straitéise a threorú ó Aonad Straitéise laistigh den Roinn sin. Beidh foireann thiomanta ann agus sannfar dualgais agus róil feidhmithe do ghníomhaireachtaí forfheidhmithe mar is gá. Beidh an tAonad Straitéise freagrach as:

- maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas pleanála straitéise;

- monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairt acmhainní;

- a chinntiú go ndéantar feidhmiú tras-rannach ar thionscnaimh;

- sainchomhairle a sholáthar;

- maoirseacht a dhéanamh ar phleananna oibríochta mar a bheidh forbartha ag na comhlachtaí forfheidhmithe; agus

- tuairiscí cothrom le dáta agus cáipéisíocht chuí a fhoilsiú mar eolas don phobal.

Sa chomhthéacs seo, ciallaíonn "comhlachtaí" na Ranna Stáit agus na heagraíochtaí Stáit ar fad. Téann an straitéis ar aghaidh:

Féadfar líon beag d'fhoireann ar iasacht a mbeidh saineolas acu i mbainistiú riaracháin phoiblí, i bpleanáil teanga agus in oideachas a shannadh don Aonad le tascanna ar leith a dhéanamh más gá. Féadfaidh an tAonad measúnuithe, nuair is gá, nó seirbhísí sonracha, a choimisiúnú ó ghníomhaireachtaí atá ann nó ón earnáil phríobháideach. Déanfar pleananna agus tiomantais earnálacha a sheachadadh trí na Ranna agus na gníomhaireachtaí cuí.

B'shin ceann de na bunclocha ar fad de chur i bhfeidhm na straitéise. Bhí sé i gceist go mbeadh an láthair cumhachta, ó thaobh an straitéis a thiomáint sa Státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí, ansin. Bhí sé i gceist go mbeadh saineolas ann agus go mbeadh dream in áit le pleananna a réiteach. In ionad é sin a fháil, tá an tAire Stáit tar éis a rá nach bhfuil tada againn. Nílimid ach ag leathanach a haon, ach is léir nach bhfuil aon aonad ann. Tá sé ráite ag an Aire Stáit go mbíonn daoine ag plé le mír anseo agus mír ansiúd, ach níl aon dream a deireann "seo é an straitéis, cuirfear i bhfeidhm é". Dúirt an tAire Stáit nach bhfuil an t-aonad ann. Gabhaim buíochas leis. Ní gá aon fhreagra a thabhairt ar sin.

Tá stiúrthóir na Gaeilge sa Roinn lonnaithe thiar. Tá na príomhfheidhmeannaigh i ngach rannóg ag obair le stiúrthóir na Gaeilge. Tá siad i dteagmháil leis na Ranna eile trasna an Státchórais. Bíonn cruinnithe acu. Cé nach dtugaimid rannóg ar sin, is é sin an comhdhéanamh atá i gceist - an stiúrthóir, na feidhmeannaigh shinsearacha agus iadsan a bhíonn i dteagmháil leis na Ranna eile i gur chun cinn na straitéise. Tá sé ag tarlú.

Cá mhéad príomhfheidhmeannach nó príomhoifigeach atá sa Roinn ag plé leis an nGaeilge?

Tá stiúrthóir na Gaeilge agus beirt phríomhoifigeach ann.

Tá siad freagrach as scéimeanna na n-oileán, scéimeanna Gaeltachta, pleananna teanga, rudaí Thuaidh-Theas, Foras na Gaeilge, ciste na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus - áit éigin sáinithe isteach sa lár - an dualgas maidir le cur i bhfeidhm na straitéise. An í sin an chaoi ina n-oibríonn an Roinn?

Dá bhrí sin, níl aon aonad ann.

Tá. Tá an stiúrthóir agus na hoifigigh ann. Trasnaíonn an straitéis chuile rud a dhéantar sa Roinn. Tá siad i dteagmháil leis na Ranna eile.

Tá sé mar fhreagracht ar chuile seirbhís phoiblí maidir le cur i bhfeidhm na straitéise. Caithfidh siad cloí leis.

Ba mhaith liom an cheist a chuir mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Cuív, a mhíniú. Tá sé deacair ciall a bhaint as cuid de na hábhair seo. An bhfuil aonad speisialta nó sonrach sa Roinn? Tá aonad speisialta nó sonrach sa Roinn, nó níl aonad speisialta nó sonrach sa Roinn. Ba mhaith liom ceann amháin de na freagraí sin a chloisteáil. Tá mé fós ag lorg focal nó dhó ón Aire Stáit i dtaobh an méid a dúirt an tUachtarán le 24 uair an chloig anuas. Dúirt sé go bhfuil díomá pearsanta air faoin "leibhéal dealraitheach íseal cumais atá sa Státchóras do na saoránaigh" gur mian leo an Ghaeilge a úsáid. Tá mé cinnte gur tholg an tAire Stáit an méid a bhí le rá ag an Uachtarán ag an ócáid speisialta a cuireadh le chéile chun bronnadh a dhéanamh ar an iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin. An aontaíonn an tAire Stáit leis na focail a dúirt an tUachtarán? An bhfuil an ceart ag an Uachtarán? Má tá an ceart aige, is cinnte go n-aontóidh an tAire Stáit liom gur gá na fadhbanna a chuir an iar-Choimisinéir Teanga in iúl don choiste seo, don Aire Stáit agus don Roinn a chur i gceart. Níl ach dóigh amháin é sin a dhéanamh - sé sin, dul tríd an straitéis líne ar líne. An bhfuil an tAire Stáit sásta é sin a dhéanamh?

Mar a dúirt mé, tá stiúrthóir na Gaeilge agus na rannóg ansin. Tá rannóg ar leith ag plé le comhordú na straitéise agus na struchtúir faoin straitéis. Tá stiúrthóir na Gaeilge, príomhoifigeach, leas-phríomhoifigeach agus foireann tacaíochta sa rannóg sin.

An ea nach ndéanann na daoine sin tada ach plé leis an straitéis 20 bliain?

Tá siad ag plé le rudaí éagsúla. Is ormsa atá an príomhchúram maidir leis an straitéis. Tá siad ag plé le rudaí eile. Tá príomhchúram na straitéise ormsa.

Caithfimid bheith cúramach faoi fhocail anseo. Tá príomhchúram orthu faoi fheidhmiú na straitéise, ach ní hé feidhmiú na straitéise an príomhchúram atá orthu. Tá go leor príomhchúraimí eile orthu.

An féidir liom freagra a fháil ar an gceist a chuir mé faoin mhéid a dúirt an tUachtarán?

An bhfuil níos mó eolais á lorg ag an Seanadóir?

Tá brón orm. An aontaíonn an tAire Stáit leis an méid a bhí le rá ag an Uachtarán inné? B'fhéidir go bhfuil an tAire Stáit sásta cúpla focal a rá.

Níl sé ar intinn agam trácht a dhéanamh ar an méid a bhí le rá ag an Uachtarán ag an ócáid a chuir sé ar fáil don iar-Choimisinéir inné.

Ba rud cúirtéiseach a bhí ann an cuireadh a thabhairt dó agus a bhuíochas a chur in iúl mar go raibh muid féin anseo. Maidir le haon rud a bhí le rá ag an Uachtarán taobh amuigh de sin, níl sé ar intinn agam trácht ar sin anseo inniu.

Tá mé ag iarraidh mo chloigeann a fháil timpeall ar cén chaoi a n-oibríonn an córas atá ag an Rialtas. Cén chaoi an bhfuil sé ag déanamh monatóireachta ar an bhfuil sé ag déanamh dul chun cinn nó dul siar? Má ghlacann an tAire Stáit go nglacann muid leis go bhfuil sé ag obair de réir na straitéise, cén chaoi an bhfuil ag éirí leis an Roinn? Tá státsheirbhísigh an-mhaith ó thaobh cóid agus páipéarachas agus rudaí a theist de réir a chéile agus boscaí a thiceáil maidir le céard a bhí beartaithe againn agus cá bhfuil muid ag iarraidh a bheith an mhí seo chugainn nó ar bhain muid amach an méid a bhí le baint amach againn. Cén córas monatóireachta atá ag feidhmiú ó thaobh na straitéise taobh istigh den Roinn? An bhfuil liosta ann de na cuspóirí ar fad atá luaite sa straitéis agus an bhfuiltear ag breathnú air gach mí ag rá go bhfuiltear ag déanamh dul chun cinn áirithe anseo ach níl ansiúd?

Mar shampla, luaigh an Teachta Ó Cuív cuspóir 10: "Tabharfar gach cúnamh agus tacaíocht don Aontas Eorpach i bhfeidhmiú an chinnidh an Ghaeilge a bheith ina teanga oibre agus ina teanga oifigiúil san AE ón 1 Eanáir 2007." Sin ceann de na cuspóirí. Cé atá ag plé le sin sa Roinn, cé atá freagrach as, cé leis an mbíonn siad ag caint faoi sin, cé a fhaigheann aiseolas faoin mhéid atá pléite, cén chaoi an gcuireann an Roinn an t-eolas sin suas chuig an gcomhchoiste Rialtais le go ndéanfar na cinntí oifigiúla ag an leibhéal is airde sa Stát agus cén chaoi an gcuirtear a leithéid sin in iúl don Aontas Eorpach? An dtabharfaidh an tAire Stáit míniú dúinn ar sin agus ar cén dul chun cinn atá á dhéanamh ar a leithéid?

Tá rannóg ar leith sa Roinn ag plé le Gaeilge san Aontas Eorpach agus tá plé ag dul ar aghaidh idir an rannóg sin, Roinn an Taoisigh agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha maidir le cinneadh a dhéanamh faoin Ghaeilge ag leibhéal na hEorpa. Bhí díolúine againn agus tá sin ag imeacht i 2017 agus caithfidh muid cinneadh a dhéanamh roimh dheireadh 2015. Tá súil agam go mbeidh cinneadh déanta roimh sin, ach tá sin á phlé ag an rannóg sa Roinn atá ag plé le cúrsaí teanga ag leibhéal na hEorpa agus ag na Ranna a luaigh mé.

Maidir le tuismitheoirí daltaí atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge, an bhfuil aon phlean ann iad a mhealladh chun níos mó Gaeilge a úsáid sa bhaile lena bpáistí?

Silim go bhfuil. Tá eagrais úra ann anois, sé eagras ceannais úr. Bhí 19 ann ach tá sé chinn anois a bheidh ag gníomhú as seo amach. Tá cúraimí gaelscolaíochta ar cheann acu sin agus tagann seo faoina réimse siúd díriú isteach ar an ábhar atá luaite ag an Teachta.

Nílim ag fáil mórán údar misnigh ón méid atá á rá ag an Aire Stáit ó thaobh cur chun cinn na straitéise. Ceann de na moltaí a chuireadh os ár gcomhair anseo ná go bhféadfaí, nuair a bheidh athbhreithniú á dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, mar shampla, ról monatóireachta a thabhairt don Choimisinéir Teanga maidir le cur i bhfeidhm na straitéise. An mbeadh an tAire Stáit sásta dul le sin? Is léir go bhfuil an Roinn faoi bhrú, le gan ach 60 duine, agus go bhfuil sé deacair gach trá a fhreastal. Nach ndéanfadh sé ciall an ról sin, ról monatóireachta, a thabhairt don Choimisinéir Teanga maidir le cur i bhfeidhm na straitéise? Ansin, bheadh muinín níos mó ag pobal na Gaeilge agus againne go bhfuil duine éigin ag coinneáil súile ó lá go lá ar na cuspóirí a bhí ann, an bhfuil siad á bhaint amach agus le treoir a thabhairt don Rialtas ar an bhealach is fearr leis an straitéis a chur chun cinn.

Tá an coiste Rialtais a thagann le chéile ag déanamh monatóireachta ar chur i bhfeidhm na straitéise. Arís, mar a dúirt mé, chuir 11 Roinn tuairisc amach i mí Iúil 2013. Freisin, tá monatóireacht leanúnach ar phleananna forfheidhmithe trí chruinnithe le Ranna eile. Bíonn cruinnithe go rialta agus go leanúnach idir oifigigh na Roinne agus oifigigh Gaeilge na Roinne agus na Ranna eile. Tá tuairisc idir-rannach ar siúl ag grúpa idir-rannach. Tagann an grúpa sin le chéile cúpla uair sa bhliain agus bíonn ionadaithe ó gach Roinn ansin agus tugann siad tuairisc ar céard atá ag dul ar aghaidh ina Ranna féin. Tá na tuairiscí sin curtha ar fáil.

Tá sé sin úsáideach. Baineann sin leis an gceist a chuir mé níos túisce maidir leis an bpróiseas monatóireachta. An bhfaigheann an tAire Stáit tuairisc mhíosúil ó gach Roinn ó thaobh an dul chun cinn atá déanta? Nuair a thagann na tuairiscí sin os comhair an choiste, an ndéantar scagadh ar an mhéid atá déanta maidir leis na spriocanna a bhí acu agus an bhfuil siad bainte amach nó céard atá le déanamh sa chéad tréimhse eile? Cén chaoi a n-oibríonn sé sin?

Faigheann muid tuairiscí go tréimhsiúil ó na Ranna agus de ghnáth bíonn na tuairiscí sin againn roimh an gcruinniú den choiste Rialtais.

Glacaim leis nach bhfuil aon phribhléid Rialtais ag baint leis na tuairiscí sin. An bhféadfaí cóipeanna de na tuairiscí sin a chur ar fáil dúinn.

Tá na pleananna forfheidhmithe foilsithe ag na Ranna cheana féin.

Tuigim go bhfuil na pleananna forfheidhmithe foilsithe, ach tá an tAire Stáit ag caint faoi rud eile anseo. Dúirt sé go gcuireann na Ranna tuairiscí tréimhsiúla ar fáil chomh maith ar an dul chun cinn atá déanta. Bíonn plean mór ag duine ar bith atá ag cur togra de chineál éigin i gcrích agus déantar tuairisciú gach mí nó gach tréimhse ar an dul chun cinn. Glacaim leis go bhfuil mórphlean ag na Ranna éagsúla agus go bhfuil siad ag déanamh tuairisciú dhá réir má tá an Rialtas ag déanamh monatóireachta ar an dul chun cinn. An féidir cóipeanna a fháil de na tuairiscí tréimhsiúla chomh maith?

Chuir gach Roinn tuairisc ar fáil i 2013 agus beidh tuairisc eile á chur ar fáil acu i 2016. Idir eatarthu, bíonn cruinnithe ag oifigigh Gaeilge agus oifigigh shinsearacha sa Roinn leis na Ranna agus tugtar an tuairisc sin don Rialtas. Nílim siúráilte an féidir nó nach féidir iad sin a chur ar fáil, mar pléitear iad sin ag an gcoiste Rialtais.

Dá fhad agus a théann an cruinniú seo ar aghaidh, is mó mionphlé gur gá a dhéanamh ar an gceist seo. Tá mise d'aon turas tar éis an cathú a sheachaint dul ag plé le míreanna a sé ar aghaidh den straitéis, mar sílim go bhfuil sé fíorthábhachtach inniu breathnú ar an mbunstruchtúr a bhí taobh thiar den straitéis. Cén uair atá i gceist an cruinniú seo a chur ar athló? An bhfuil cur chuige straitéiseach againn le plé leis an gceist seo?

Nuair a bheidh muid réidh le míreanna 1-5 agus ag dul ar aghaidh chuig na réimsí gnímh, is éard a bheidh orainn a dhéanamh ná an straitéis agus na pleananna forfheidhmithe ón Roinn Oideachais agus Scileanna a fháil agus an méid dul chun cinn atá déanta go dáta a chur taobh le taobh agus dul tríothu líne ar líne. Más gá, thiocfainn leis an Aire Stáit gur ab iontach an rud é dá dtiocfadh an tAire sinsearach Oideachais agus Scileanna isteach in éineacht leis le sin a phlé linn líne ar líne. Tá na cluasáin ann dó mura bhfuil sé in ann Gaeilge a thuiscint. Ba chóir go bhfreagródh sé agus an tAire Stáit ceisteanna ar na míreanna sin.

An bhféadfainn a mholadh nach dtiocfaimis thar na struchtúir feidhmithe agus na bunchuspóirí inniu agus go gcuirfí an cruinniú ar athló nuair a bheidh an méid sin pléite?

Mar is eol don Teachta, is obair leanúnach atá ar siúl ag an bhfochoiste seo agus níl críoch curtha ar chor ar bith leis an díospóireacht. Níl sé ach ag tosú. Beimid ag teacht ar ais arís, mar is sin an dualgas atá orainn. B'fhéidir go mbeadh sé níos fearr leanúint ar aghaidh leis an díospóireacht seo an chéad lá eile. Thug mé faoi deara nach bhfuil gnáth bhaill an fhochoiste i láthair inniu agus is trua liom sin. Tá súil agam go mbeidh siad ar fad i láthair an chéad lá eile, mar tá dualgas orthu freisin an obair a dhéanamh. Tá díomá orm mar chathaoirleach inniu nach bhfuil siad i láthair.

Is mise an t-aon duine amháin ón bhfochoiste atá i láthair. Tá súil agam go mbeidh gach éinne i láthair an chéad lá eile. Ag an am céanna, tá cead ag Teachtaí agus Seanadóirí eile bheith i láthair. Gan aon amhras, bhí díospóireacht iontach againn inniu mar thús ar an bpróiseas seo. Tá súil agam go mbeimid in ann leanúint ar aghaidh an chéad lá eile. Déarfainn go mbeadh an tAire Stáit sásta glacadh leis an moladh atá déanta mionscrúdú a dhéanamh ar an straitéis. Déarfainn go mbeadh an tAire Stáit sásta bheith ag plé le sin.

Ba bhreá liom cúpla pointe atá beagáinín imeallach a chur os comhair an Aire Stáit. Chuala mé é go minic ag déanamh óráide sa Seanad. Táimid ag brath ar an Rialtas agus ar an bpobal chun obair a dhéanamh maidir leis an straitéis. Is iad na heagrais Ghaeilge is mó a thugann dóchas dúinn sa chomhthéacs sin. Tugann siad treoir dúinn ar an talamh. Tá ardmheas ag an bpobal orthu. Ní dóigh liom go mbeadh an-chuid den dul chun cinn atá déanta tarlaithe gan na heagrais. Tabharfaidh mé sampla amháin. Ní dóigh liom go mbeadh stádas oifigiúil oibre ag an nGaeilge san Eoraip gan iarrachtaí na heagrais Ghaeilge a bhí chun tosaigh san fheachtas sin. Déarfainn go raibh áthas ar an Aire Stáit, cosúil liomsa, nuair a tháinig 10,000 duine amach ar shráideanna Bhaile Átha Cliath mar chuid d'fheachtas atá curtha chun cinn ag na heagrais seo. Bhí go leor daoine óga, ar a bhfuilimid ag brath, ina measc. Nach iontach an rud é go raibh daoine óga chun tosaigh san obair sin?

B'fhéidir nach mbeidh an tAire Stáit in ann freagra díreach a thabhairt ar cheist atá agam, ach ba bhreá liom í a chur. B'fhéidir go ndéanfaidh sé machnamh air. Tá córas nua maoinithe ann do na heagrais. Tháinig sé cinn chun tosaigh, agus tréaslaím leo. Is cinnte go mbeadh an Ghaeilge i bhfad níos laige gan eagraíochtaí ar nós Conradh na Gaeilge. Tháinig ionadaithe ó na heagrais éagsúla go dtí an fochoiste seo chun caint linn. Bhí na daoine a tháinig isteach an-spreagúil. Tá an-áthas orainn go bhfuil eagrais ar nós Conradh na Gaeilge ann. Tá an-díomá orm nach bhfuil aon aird tugtha sa chóras nua ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, atá ag saothrú ar son na Gaeilge ar feadh 70 bliain. Tuigim go bhfuil an fhreagracht as an gcinneadh sin ag Foras na Gaeilge. Taobh istigh de mhí nó dhó, beidh díshealbhú á dhéanamh ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge as an ardoifig atá acu. Beidh díomá agus náire orainn nuair a tharlóidh sé sin. Is fiú a rá freisin go bhfuil ochtar ar an bhfoireann ag an gcomhdháil. Tá na daoine seo thar a bheith gníomhach. Ní bheidh post acu taobh istigh de mhí nó dhó. Bheadh an-áthas orm dá mbeadh an tAire Stáit in ann machnamh a dhéanamh ar an ábhar seo. An bhfuil aon leigheas ar an scéal? Tá an-chuid daoine mór le rá, atá ag saothrú ar son na Gaeilge, tar éis labhairt liom i dtaobh na comhdhála. Níor thuig siad ag an am go raibh sé seo ag tarlú. Táimid go léir i ndúiseacht anois. Tuigimid go bhfuil ré na comhdhála beagnach thart má tá sé ag brath ar mhaoiniú ón Stát. Beidh grúpaí den chineál seo ag teastáil uainn i gcomhthéacs na straitéise.

Tá an ghaelscolaíocht luaite sa straitéis 20 bliain. Cosúil le TG4 agus Raidió na Gaeltachta, tugann an obair iontach a dhéanann na gaelscoileanna spreagadh dúinn. Bíonn saghas eagla orm ó am go chéile go bhfuil brú Béarla á chur ar na gaelscoileanna - sé sin le rá, go bhfuil baol ann go mbeidh orthu an Béarla a úsáid sa ghaelscolaíocht. Ceapann an-chuid daoine a bhaineann le cúrsaí oideachais trí mheán na Gaeilge go ndéanfadh sé sin díobháil don chóras iontach atá ar bun sna gaelscoileanna. Níor bhunaigh an Stát na gaelscoileanna. Daoine deonacha, a raibh fís acu don Ghaeilge, a dhein é sin.

Bhí gach éinne thar a bheith sásta nuair a bhí nuachtán Gaeilge clóite ar fáil. Deirtear liom anois gur ar an Idirlíon amháin a bheidh a leithéid ar fáil amach anseo. Nuair a deineadh suirbhé suimiúil go leor maidir leis an gceist seo, dúirt 85% dóibh siúd a fhreagair gurb fhearr leo go mbeadh nuachtán Gaeilge clóite go rialta. Ní hionann é sin agus a rá nach nglacaimid leis go bhfuil athrú ag teacht ar an saol de bharr na rudaí iontacha atá ar fáil san earnáil IT. Tá sé ró-thapa agus ró-luath, áfach, fáil réidh go hiomlán le nuachtán Gaeilge atá clóite nó clóbhuailte a fhoilsiú go rialta. Tuigim gur féidir a rá go mbaineann na trí cheist atá curtha agam le Foras na Gaeilge, ach is dóigh liom go mbaineann siad leis an straitéis chomh maith. An bhfuil aon dul as i gceist i dtaobh na pointí a luaigh mé?

Aontaím go bhfuil seirbhís fhada tugtha ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge le linn a staire. Tá mé ag plé leo le fada an lá, fiú amháin sular tháinig siad go dtí Sráid Chill Dara. Bhí mé ag plé leo nuair a bhí siad ar Shráid Uí Chonaill Íochtarach na blianta fada ó shin. B'fhéidir go bhfuil cuimhne ag an gCathaoirleach Gníomhach ar Dhonnchadh Ó Laoghaire, a bhí mar stiúrthóir ar an gcomhdháil ag an am, agus ar dhaoine eile a bhí bainteach leis an ngrúpa sin. Mar a tharlaíonn sé, sílim go raibh an nuachtán Gaeilge a bhí ann ag an am, Inniu, lonnaithe san oifig chéanna. Ar ndóigh, rinne an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas cinneadh gur cheart comhordú a dhéanamh ar na heagraíochtaí Gaeilge. Tá sé socraithe go ndéanfar laghdú ar líon na n-eagraíochtaí ó 19 gcinn go dtí sé cinn. Cuirim fáilte roimh na cinn atá roghnaithe. Mar a dúirt an Cathaoirleach Gníomhach, níl Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge roghnaithe agus is dócha go bhfuil ár ndearcadh féin againn uilig ar sin. Ar an lámh eile, ba mhór an trua é dá n-imeodh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Ní shílim go gcuirfeadh aon rud cosc ar an gcomhdháil leanúint ar aghaidh ar bhonn dheonach. B'fhéidir go dtarlóidh sé sin. Is dócha go bhfuil sé sin le socrú go fóill.

Labhair an Cathaoirleach Gníomhach mar gheall ar na gaelscoileanna. Bíonn gach éinne in ísle brí anois is arís i dtaobh cúrsaí Gaeilge sa Státchóras nó sa Ghaeltacht. Táimid ag díriú isteach ar na pleananna teanga i láthair na huaire. Chaith muid cuid mhór ama ag plé le rudaí áirithe anseo inniu. Tá rudaí móra ag tarlú a raibh muid ag súil leo le blianta fada. Tá sé cinn as na 20 ceantar pleanála teanga aimsithe. Tá trí cinn eile á n-eagrú i láthair na huaire, ceann amháin acu thiar i gCois Fharraige. Chuir sé áthas orm gur tháinig na gluaiseachtaí agus na heagrais go léir le chéile ansin. Tá siad aontaithe ar phlean teanga a chur chun tosaigh anois. Tá an rud céanna á dhéanamh i mo cheantar féin thuas i nGaoth Dobhair agus thíos i mBaile an Fheirtéaraigh. Beifear á dhéanamh i deich gceantar eile. Tá na rudaí sin ag dul ar aghaidh mar pháirt ríthábhachtach den straitéis. B'fhéidir nach bhfuil duine i bhfeidhm anseo nó ansiúd, ach tá sé ag dul ar aghaidh. Chuir muid an reachtaíocht tríd ionas go mbeadh sé ar ár gcumas é seo a dhéanamh. Ghlac sé am na dúshraitheanna a leagan síos, ach tá siad leagtha síos. Tá sé sin ag dul ar aghaidh. Tá mé dóchasach go mbeidh 13 ceantar Gaeltachta tar éis scéimeanna teanga a chur ar fáil faoi dheireadh na bliana seo. Tagann na scéimeanna sin ó na pobail féin, le cabhair, tacaíocht agus comhairle ó Údarás na Gaeltachta, an Roinn agus grúpaí eile. Tá súil agam nach mbeidh siad ag rá nach bhfuil an líne sin nó an líne siúd i gceart anseo nó ansiúd.

Caithfimid ár n-intinn agus ár n-aire a choinneáil ar an mórphictiúr. D'fhéadfaimis 20 bliain a chaitheamh anseo ag plé an líne seo agus an líne siúd, ach ní dhéanfadh sé aon rud chun an Ghaeilge a chur chun tosaigh. Táimid ag cur na pleananna teanga le chéile sna Gaeltachtaí anois agus le tamall anuas. Bhí sé sa straitéis gurb é seo an phríomhrud atá le déanamh má táimid chun an Ghaeilge a choinneáil beo sa Ghaeltacht. Is fear Gaeltachta mé. Feicim cad atá ag dul ar aghaidh. Tá an Ghaeilge ag meath sna Gaeltachtaí. Caithfidh an Seanadóir Ó Domhnaill aontú liom go bhfuil sé seo ag tarlú ina pharóiste féin. Tá bailte fearainn ina raibh an Ghaeilge i ngach teach 30 nó 40 bliain ó shin, ach is beag de na teaghlaigh sin a labhraíonn Gaeilge leis an aos óg anois. Is é sin an dúshlán atá againn. Is féidir linn bheith anseo ag argóint faoi phointí ghramadaí agus faoi fhocail anseo is ansiúd.

Dírímis isteach ar mhórobair na straitéise, uimhir a haon, an Ghaeltacht a shábháil agus tacaíocht a thabhairt do na pobail taobh amuigh den Ghaeltacht, na líonraí Gaeilge. Tá an foras ag obair orthu i láthair na huaire agus beidh tréimhse chomhairliúcháin aige agus beidh sé ag aimsiú agus ag ainmniú na líonraí seo gan mhoill. Tuigim go ndéanfaidh sé sin an bhliain seo chugainn agus go n-ainmneoidh sé na bailte seirbhísí Gaeltachta. Caithfimid díriú ar seo. Is é an chiall a bhainim as an straitéis 20 bliain ná go gcaithfidh muid an Ghaeltacht a shábháil ar dtús. Tá sin á dhéanamh againn. Táimid ag dul ar aghaidh leis an bplean le sin a dhéanamh. Freisin, caithfidh muid tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Caithfidh muid díriú ar an nGaeilge sa tseirbhís phoiblí agus mar sin de fosta.

Nuair a fheicim cad atá ag dul ar aghaidh sna gaelscoileanna, tugann sin dóchas agus misneach dom. Chuirfeadh sé isteach go mór orm dá mbeadh aon truailliú ar an Ghaeilge sna gaelscoileanna. Aontaím ar fad leis an gcathaoirleach agus ba bhreá liom iad a oscailt go hoifigiúil ó seo go Corcaigh. Feicim an obair iontach atá ag dul ar aghaidh ansin. In ionad truailliú a dhéanamh ar an teanga ansin, caithfimid tacaíocht a thabhairt don teanga. Nuair a bheidh mo Roinn agus Ranna eile ag caint ar cad é atá siadsan ag déanamh maidir le cur i bhfeidhm na straitéise, is féidir an pointe seo a dhéanamh. Níl aon deacracht agam le sin.

Maidir le nuachtán clóite, ba dheas an rud é dá mbeadh nuachtán clóite againn. Bhí nuachtán clóite againn le blianta. Is cuimhin liom Amárach, Inniu, Foinse agus mar sin de. Bhí deacracht an uair dheireanach a bhí nuachtán clóite againn. Ar an drochuair, ní raibh aon díolaíocht air, thart faoi 1,400 cóip in aghaidh na seachtaine. Bhí fordheontas maith le fáil, ach tá cinneadh déanta i láthair na huaire, i bhfianaise an méid airgid agus acmhainní atá againn, go mbeidh an nuachtán clóite ar líne. Chomh fada agus a bhaineann sé liomsa, is maith liom nuachtán a bheith i mo lámh agam, ach tá aithne agam ar dhaoine, b'fhéidir daoine óige ná mé, nár cheannaigh nuachtán le blianta. Caithfimid amharc ar sin. Dá mbeadh an saol i gceart agus dá mbeadh gach rud foirfe, bheadh sé go deas dá mbeadh nuachtán Gaeilge againn. Sin mo dhearcadh féin, ach caithfimid amharc ar cad iad na hacmhainní atá againn agus an dóigh is fearr le dul i bhfeidhm ar phobal na Gaeilge.

Tá mo mhacasamhail measartha tábhachtach, ach is iad na daoine is tábhachtaí ar fad ó thaobh na Gaeilge de ná an ghlúin atá le teacht. Tá sé iontach tábhachtach go ndéanfaí freastal orthusan. Ar a laghad, tá an rud atá i gceist ag Foras na Gaeilge ar an idirlíon chun freastal orthu siúd. Níl a fhios agam cad iad na féidearthachtaí maidir le gnáth nuachtán traidisiúnta a chur ar fáil, ach ba mhaith liom dá mbeadh sé ann.

Maidir leis an deacracht atá ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, bíonn gach seans ag an Aire Stáit bualadh leis an gcomhdháil agus tá a fhios agam gur bhuail sé leo cheana. Caithfidh go bhfuil modus operandi ann le cinntiú nach mbeidh siad díshealbhaithe as an teach atá acu. Má tharlaíonn sé sin, cuirfidh sé isteach ar an dóchas agus an dea-thoil atá i measc an phobail. Caithfidh rud éigin a dhéanamh, fiú má bhíonn ar an Aire Stáit labhairt le Foras na Gaeilge chun teacht ar phlean. Beidh díomá orainn ar fad taobh istigh de trí nó ceithre mhí má thagann deireadh le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus go bhfuil siad amuigh ar na sráideanna agus gan aon duine ag obair dó. Nuair a thagann eisceacht mar seo chun tosaigh, caithfidh go bhfuil slí éigin, idir cainteanna agus idirghabháil, freagra a fháil ar an deacracht speisialta seo, má tá an tAire Stáit sásta tabhairt faoi sin.

Níl aon deacracht agam leis sin. Bhí cruinniú agam le príomhfheidhmeannach Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge seachtain nó coicís ó shin agus níl aon bhac orm é sin a dhéanamh san am amach romhainn. Níor cinneadh é a bhain liom féin. Tá ionchur Thuaidh-Theas ar seo ag an Comh-aireacht Thuaidh-Theas. Tá mé cinnte -----

Tá an tAire Stáit ag freagairt na ceiste a chuir mé - faoi dheireadh - nuair a deir sé nach bhfuil smacht iomlán ag an Rialtas ar chinntí an fhorais. Sin an fáth go raibh Údarás na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta molta ar dtús, mar má theastaíonn ón Rialtas rud a dhéanamh ó Dheas agus mura dteastaíonn é sin ón bhfeidhmeannas ó Thuaidh é sin a dhéanamh, ní féidir leis an Rialtas é a dhéanamh tríd an bhforas. Tá áthas orm gur fhreagair an tAire Stáit an cheist sin anois.

Is eagraíocht uile-oileáin é Foras na Gaeilge agus ní fheicim go bhfuil aon rud mícheart leis sin. Bíonn comhoibriú ansin i gcónaí ach ní féidir liom a rá go ndéanfaidh muid seo ná rudaí go dtí go mbeidh siad pléite. Sin an t-aon rud gur féidir liom a rá. Is rud maith é sin agus tá an foras ag tabhairt tacaíochta dúinn leis an méid atá á dhéanamh anseo agus tuigeann muid an méid atá á dhéanamh acusan. Is deas an rud go bhfuil muid ábalta dul ar aghaidh le chéile. Tá an iomad deighilt sa tír agus is rud maith é go bhfuil muid le chéile ar seo.

B'fhéidir gur mhaith an rud smaoineamh anois ar an ráiteas "Is fearr focal sa chúirt ..."

Ní ball den chomhchoiste seo mé ach is cuairteoir mé. Tá díomá orm agus mé ag éisteacht leis an díospóireacht mar tá cluichí polaitiúla i gceist agus níl mórán suime agam sna cluichí sin. Is cinnte go bhfuil ról ag an Rialtas maidir leis seo, ach mar a dúirt an tAire Stáit, tá ról ag na comhlachtaí poiblí eile chomh maith. Níl a fhios agam ar phlé an coiste an cheist seo roimhe seo, ach creidim gur cóir cuireadh a thabhairt do phríomhfheidhmeannaigh an HSE, RTE, an Garda Síochána agus eagrais eile chun plé a dhéanamh ar an cheist seo.

Tá earcaíocht ag tosú sa Gharda Síochána go luath, mar shampla, agus b'fhéidir go mbeimis in ann tosú leis an gcoimisinéir le fáil amach céard atá á dhéanamh sa Gharda Síochána agus an bhfuil sé sásta go mbeidh an méid gardaí atá líofa sa Ghaeilge a theastaíonn aige i ndiaidh na hearcaíochta sin. Mar a dúirt mé, tá ról ag an Rialtas, ach tá ról ag na heagrais eile chomh maith, ach b'fhéidir nach bhfuil an tsuim acu sna scéimeanna teanga agus ba cheart a bheith acu.

Tá sé soiléir go bhfuil daoine ag iarraidh an mhilleáin a chur ar an Aire Stáit faoi gach rud agus faoi chaighdeán na Gaeilge sa Ghaeltacht faoi láthair. Tá a fhios ag gach duine nach bhfuil an caighdeán maith go leor, ach tá ról ag gach duine é sin a chur ina gceart. Ní féidir an milleán a chur ar an Aire Stáit ná ar an Rialtas faoi seo. Tá laghdú ag teacht ar an gcaighdeán ar feadh na mblianta. Ó bheith ag éisteacht le daoine eile anseo, cheapfaí go raibh daoine Gaeltachta in ann na seirbhísí ar fad a fháil trí Ghaeilge i 2008, 2009 nó 2010. Níl sé sin fíor; ní raibh siad.

Tá a fhios ag gach duine go raibh feachtas ag Conradh na Gaeilge agus bhí an ceart sin aige. Níl fadhb ar bith agam faoi go raibh daoine amuigh ag máirseáil ná go bhfuil muintir na Gaeltachta ag iarraidh a gcearta a fháil. Ba cheart go mbeidís in ann na seirbhísí a fháil trí Ghaeilge, ach ní hionann sin agus a rá go raibh na seirbhísí sin ar fáil cúig nó trí bliana ó shin. An ról atá againn anois ná dul tríd an straitéis agus féachaint chuige go gcuirtí i bhfeidhm í, seachas a bheith ag imirt cluichí polaitiúla anseo. An bhfuil toghchán ag teacht nó rud éigin? Tá suim ag gach duine sa Ghaeltacht go ndéanfaí dul chun cinn leis an straitéis agus caithfidh muid sin a dhéanamh. Ní cóir an milleán a chur ar an Rialtas maidir leis an gcaighdeán, mar níl sé i gcumhacht ach le trí bliana anuas.

Níl aon rud le rá agam maidir leis an fheidhmeannas sláinte ná faoi aon Rúnaí Roinne a ghlaoch isteach anseo. Ar ndóigh, is gnó don choiste é sin. Ní chuirfidh mise aon chosc orthu teacht isteach. Aontaím leis an méid a dúradh maidir le go bhfuil deacrachtaí maidir le seirbhísí Gaeilge ann le blianta fada. Táimid ag tabhairt faoi sin anois ag an leibhéal earcaíochta.

Tá dearmad déanta air sin. Ní fiú cad atá á dhéanamh ag daoine áirithe. Táimid tar éis tús a chur le rud a cuireadh deireadh leis 40 bliain. Níl leisce orm é sin a admháil. Mar a dúirt mé, tá gach Roinn ag fáil amach cén áit ina bhfuil gá le daoine chun seirbhísí a sholáthar sa Roinn sin. Tá treoir curtha ar fáil ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Tá rudaí an-deimhneacha ag tarlú.

D'fhéadfainn teacht isteach anseo achan seachtain chun dul tríd gach focal ar gach líne. Sa deireadh thiar thall, áfach, is é an rud is tábhachtaí maidir leis an straitéis ná na príomhrudaí sa straitéis a chur i bhfeidhm i measc an phobail. Níl mórán suim ag pobal na Gaeltachta faoin mhéid atá sa líne seo nó sa líne siúd. Tá suim acu sa mhéid atá ag tarlú ar an talamh i measc a bpobail féin. Tá suim acu sna seirbhísí éagsúla - sa chóras oideachais, mar shampla - atá de dhíth orthu. Cé nach mbaineann siad go díreach linn, tá suim acu sna seirbhísí eaglaise atá de dhíth orthu. Tá na rudaí seo ar siúl sna ceantair seo. Tá sé i gceist agam m'aire a dhíriú, agus tacaíocht a léiriú, i dtaobh an méid atá ag dul ar aghaidh i measc an phobail ar an talamh. Tá súil agam nach dtógfaidh duine ar bith a súil ón mhéid sin. Is féidir díospóireacht a bheith againn ar fhocail bheaga, nó ar líne anseo is ansiúd, ach is fearr díriú isteach ar an mórphictiúr - an méid atá ag dul ar aghaidh i measc mórphobal na hÉireann agus an méid is féidir linn a dhéanamh chun freastal orthu.

An féidir linn clabhsúr a chur leis an díospóireacht tar éis beirt chainteoirí eile.

Tá mé buíoch go raibh an tAire Stáit linn inniu. Cé nach bhfuil mé sásta le cuid de na freagraí atá faighte agam, sílim go bhfuil soiléiriú níos mó faighte agam ar seasamh an Rialtais i leith na straitéise. Ní bhfuaireamar a leithéid de fhreagairt nuair a chuireamar go leor ceisteanna roimhe seo. Sílim go bhfuil sé féaráilte a rá go bhfuilimid ag díriú ar an straitéis agus na ceisteanna seo á gcur againn. Is é sin an jab a tugadh dúinn. B'fhéidir nach dtaitníonn sé sin le Teachtaí eile atá i láthair, ach is é sin atáimid ag iarraidh a dhéanamh mar sin féin.

Mar chlabhsúr agus mar chéim dhearfach chun cinn ó thaobh an chuid eile den phlé a bheidh againn anseo, bheadh sé soiléir dá mbeadh an tAire in ann a rá linn an bhfuil cuspóirí sonracha na straitéise mar a chéile i gcónaí ó thaobh an Rialtais de? An bhfuil siad athraithe? Dá mbeinn ag tógáil tí, mar shampla, agus buiséad faoi leith i gceist, chuirfinn na rudaí uilig is mian liom isteach i mo phlean tógála. Dá ndéarfaí liom "níl an oiread céanna airgid agat, so caithfidh tú gearradh siar beag a dhéanamh", b'fhéidir nach mbeadh na seomraí baile chomh mór, b'fhéidir nach mbeadh an oiread seomraí ann, nó b'fhéidir nach mbeadh aon conservatory os comhair an tí.

Luaigh an tAire Stáit le linn na gcruinnithe go bhfuil rudaí áirithe nach mbeifear in ann a chur i bhfeidhm ó thaobh na straitéise de mar gheall ar dheacrachtaí acmhainne, srl. Glacaim leis, dá bhrí sin, go mbeidh sé níos deacra na cuspóirí sonracha a bhaint amach mar gheall nach mbeidh na rudaí ar fad atá luaite sa straitéis á gcomhlíonadh. Is é sin an fáth a bhfuil soiléiriú á lorg agam. Tá na cuspóirí sonracha leagtha amach ar leathanach 9 den straitéis. Deirtear go bhfuil sé mar aidhm "an líon daoine a mbeidh eolas acu ar an nGaeilge [a ardú] ón 1.66 milliún atá ann faoi láthair go 2 mhilliún" agus "an líon daoine a úsáideann an Ghaeilge gach lá [a ardú] ón leibhéal atá ann faoi láthair de thart ar 83,000 go 250,000". An bhfuil an tAire Stáit ag rá go gceapann sé go mbainfidh sé na cuspóirí sonracha amach fós, cé nach gcuirfear an straitéis iomlán i bhfeidhm? An bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ar na cuspóirí sonracha? Má tá, céard iad na cuspóirí nua?

Is iad sin na cuspóirí ann. Tá sé mar mhóraidhm na straitéise líon na gcainteoirí dúchais sa Ghaeltacht a ardú 25%. Tá deacrachtaí uafásacha ag baint le sin. Tá breis agus 80,000 duine ina gcónaí sa Ghaeltacht. De réir an daonáirimh is déanaí, tá an Ghaeilge mar theanga laethúil ag 24,000 acu. Is uafásach an pictiúr é sin. Is dúshlán mór é an taoide a chasadh agus 6,000 cainteoir eile a chur le líon na gcainteoirí laethúla atá sa Ghaeltacht faoi láthair.

Má tá sé i gceist ag an Aire Stáit na céimeanna uilig atá luaite sa phlean atá aontaithe ag an Rialtas seo a leanúint, conas ar féidir an sprioc chéanna a bhaint amach? Tá sé sin ar nós mise a ligean orm féin go bhfuil mé chun an teach mór millteach atá uaim a thógáil, ach gan an buiséad céanna a bheith agam.

Táimid tosnaithe air sin. Tá an tosnú déanta. Táimid amuigh i measc phobal na Gaeltachta i láthair na huaire ag iarraidh é sin a bhaint amach. Tá sé sin ar obair.

Sílim go bhfuil an tAire Stáit ag cur dallamullóg air féin.

Níl sé ar obair ach le tamall anuas. Tá sé ar obair i gceantar an tSeanadóra agus i mo cheantar féin. Tá sé i gceist againn gach rud is féidir linn a dhéanamh chun an sprioc sin a bhaint amach. Tá sé sin ag tarlú. Cé go bhfuil acmhainní an-teoranta agus an-ghann, tá €500,000 d'airgead speisialta curtha ar fáil. Ní mórán é, ach ar a laghad is cuidiú é. Is aitheantas é don obair atá le déanamh agus an dúshlán atá romhainn. Beidh sé ina chuidiú againn agus muid ag iarraidh na pobail a thabhairt le chéile agus an sprioc a bhaint amach. Ar ndóigh, is straitéis 20 bliain é. Tá cúpla bliain imithe, ach tá tosnú déanta. Mar a dúirt mé, beidh leath na Gaeltachta eagraithe le pleananna teanga roimh dheireadh na bliana.

I gcomhthéacs na cuspóirí sonracha, is é an príomhaidhm ar a bhfuil daoine ag faire ná "an líon daoine a úsáideann an Ghaeilge gach lá [a ardú] ón leibhéal atá ann faoi láthair de thart ar 83,000 go 250,000". Cén sprioc atá ag an Rialtas le haghaidh an chéad daonáireamh eile? Cén t-ardú a bhfuil an Rialtas ag súil leis? Glacaim leis gurb é an daonáireamh an slat tomhais atá in úsáid ag an Rialtas. Cén t-ardú a bheidh tagtha ar an bhfigiúr reatha de 83,000 ag an gcéad daonáireamh eile agus muid ag dul i dtreo an sprioc de 250,000? Céard iad na céimeanna lena bhfuil an Rialtas ag súil sna daonáirimh idir seo agus 2020?

Sa daonáireamh a bhí againn sa bhliain 2006, bhí 1.6 milliún-----

Tá mé ag caint faoi na cainteoirí laethúla.

Bhí ardú tagtha ar an bhfigiúr sin, go dtí 1.77 milliún, sa daonáireamh is déanaí. Má théann an méadú sin ar aghaidh, ní bheidh deacracht ar bith againn.

Ní hí sin an cheist a chuir mé. Bhain mo cheist leis an sprioc atá ann "an líon daoine a úsáideann an Ghaeilge gach lá [a ardú] ón leibhéal atá ann faoi láthair de thart ar 83,000 go 250,000". Tá an daonáireamh le húsáid mar shlat tomhais sa chomhthéacs sin. Dá bhrí sin, cén fhigiúr atá i gceist ag an gcomhchoiste mar sprioc sa chéad daonáireamh eile? An bhfuil sé i gceist go mbeadh 100,000 duine, 120,000 duine nó 150,000 duine ag labhairt na Gaeilge go laethúil faoin tráth sin? An bhfuil sprioc ar bith ann le haghaidh an chéad daonáireamh eile i dtaca leis an méadú a dtiocfaidh ar líon na ndaoine a úsáideann an Ghaeilge ó lá go lá ón leibhéal atá ann faoi láthair?

Tá sé leagtha amach sa straitéis 20 bliain go bhfuilimid ag iarraidh an figiúr sin a ardú ó 83,000 go dtí 250,000. Is é sin an sprioc atá againn.

Is é an chéad daonáireamh eile atá i gceist agam. Cén sprioc a bheidh ann nuair a chuirfear an cheist seo ag an daoiáireamh sin?

Iarraim ar an Seanadóir deis a thabhairt don Aire Stáit an méid atá á rá aige a chríochnú.

Níl sé ag freagairt an cheist a chuir mé.

Is í an sprioc atá againn sa straitéis 20 bliain ná go mbeidh 250,000 duine ag labhairt na Gaeilge go laethúil ag deireadh na straitéise.

Tá a fhios agam é sin.

Is é sin an rud atá ann.

Níl sé sin á shéanadh agam. Déanfar tástáil ar an dul chun cinn atá á dhéanamh gach uair a thógfar daonáireamh idir seo agus 2020. Céard í an sprioc le haghaidh an chéad daonáireamh eile? An mbeidh an figúir ardaithe ó 83,000 go dtí 110,000, 150,000 nó 180,000?

Mar a dúirt mé, is í an sprioc atá againn sa straitéis 20 bliain ná 250,000 cainteoir laethúil. Tá mé cinnte agus tá mé ag súil go mbeidh dul chun cinn déanta i ngach daonáireamh as seo amach. Ní féidir liom a rá ag an bpointe seo cad a bheidh sa daonáireamh, ach beidh iontas mór orm muna n-éiríonn linn an sprioc a bhaint amach.

Sa bhliain 1950, dhein m'athair mórstaidéar ar líon labhartha na Gaeilge go laethúil sa Ghaeltacht. Tá sé foilsithe sa leabhar Irish Dialects and Irish-Speaking Districts, atá ar fáil ón Institiúid Ard-Léinn. Ó bharr mo chloiginn, mheas sé go raibh 30,000 cainteoir laethúil Gaeilge fágtha sa Ghaeltacht ag an am sin. Tar éis an méid athrú atá tagtha sa saol ó shin i leith - mar shampla, imirce na 1950í agus forbairt na blianta atá imithe - ní dóigh liom go gcuireann sé droch-chuma ar pholasaithe an Stáit go bhfuil 24,000 cainteoir laethúil fágtha sa Ghaeltacht. Tá tuar dóchais ann. Tháinig méadú ar líon na gcainteoirí laethúla sa tír ar fad, agus sa Ghaeltacht, idir an dá daonáirimh dheiridh.

Faraor géar, níl figiúirí cruinn ann mórán roimhe sin, mar ní raibh an chomparáid cheart dhá dhéanamh. Tá dúshláin ann.

Ba smaoineamh simplí é an smaoineamh a bhí taobh thiar den straitéis. Bhí sé ag teacht leis an smaoineamh go raibh go leor lochtaí agus go leor buanna leis an straitéis a bhí againn go dtí seo. Bhí go leor rudaí maithe déanta le céad bliain anuas, ach nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge, mura ndéanfaí rud éigin ag an am, bheadh an Ghaeilge mharbh i bhfad ó shin. Mar sin, d'éirigh réasúnta maith le polasaí an Stáit, tar éis chomh lochtach agus a bhí sé, ach an smaoineamh a bhí taobh thiar den straitéis ná go bhféadfaí i bhfad níos fearr a dhéanamh agus anailís a dhéanamh ar na háiteanna ina raibh na laincisí taobh istigh den chóras agus rud éigin a dhéanamh fúthu. Bhí muid ar fad aontaithe go raibh drochrudaí agus rudaí maithe déanta suas go dtí sin.

Tá an straitéis fíor-shoiléir faoi céard í an aidhm. Is í aidhm polasaí an Rialtais i leith na Gaeilge ná húsáid agus eolas ar an nGaeilge a mhéadú mar theanga phobail ar bhonn céimiúil. É sin déanta, is í an aidhm ná tagairt faoi leith a dhéanamh don Ghaeltacht. Deirtear go ndéanfaí cúram agus soláthar ar leith don teanga sa Ghaeltacht, go háirithe i bhfianaise an taighde a léiríonn go bhfuil géarchéim ann maidir le hinmharthanacht na Gaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht. Mar sin, tá aidhm na straitéise fíor-shoiléir agus tá sé ar an gcéad leathanach den straitéis céard atá i gceist a dhéanamh.

Tá casaoid déanta ag an Teachta Kyne go raibh muid géar ar an Aire Stáit inniu. Ar ndóigh, dá mba rud é go raibh muid istigh ag an gcoiste a dhéanann iniúchadh ar na cuntais phoiblí, bheadh iontas ar dhaoine agus muid ag caint faoi airgead. Agus dá mbeadh tuarascáil os ár gcomhair ag rá nach raibh aire cheart á thabhairt d'airgead an Stáit, go raibh sé á chur amú agus nach raibh polasaithe á chur i bhfeidhm leis an airgead, ní cheapfadh aon duine go brách na breithe go raibh sé aisteach go dtiocfaimis géar, líne ar líne, ag rá gur seo an rud a bhí ráite a bhí le déanamh agus gur seo an rud a atá déanta. Ach nuair a thagann sé chuig an Ghaeilge, nuair a chuireann muid chuige ar an meán proifisiúnta céanna, ag déanamh anailíse focal ar fhocal ar céard atá déanta agus céard nach bhfuil déanta, go tobann, ní ceart é sin a dhéanamh. Ní ceart don Oireachtas seo feidhmiú mar Oireachtas.

Dúirt an Teachta Kyne go raibh muid ag imirt cluichí polaitiúla. Tá mise ag iarraidh ar an Teachta Kyne é sin a tharraingt siar. Ó d'fhág mise an scoil, tá mo shaol caite go deonach, go proifisiúnta agus ar bhonn teaghlaigh leis an nGaeilge. Nuair a bhí mé ar an ollscoil, bhí mé ar choiste gnó Chonradh na Gaeilge agus in iliomad eagraíochtaí eile. Nuair a d'fhág mé an ollscoil, chuaigh mé ag obair le Conradh na Gaeilge agus ansin le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus ansin chuaigh mé siar go dtí an Ghaeltacht mar bhainisteoir ar chomharchumann. Ní as an nGaeltacht mé, ach thug mé faoi chónaí sa nGaeltacht. Tá mo chlann tógtha le Gaeilge agus tá mo gharchlann dhá thógáil le Gaeilge. Tá gach lá de mo shaol, príobháideach agus poiblí, caite agam leis an nGaeilge.

Is cás liom an Ghaeilge agus aon chasaoid atá agam nó aon cháineadh atá á dhéanamh agam ar pholasaí an Rialtais, tá sé á dhéanamh mar go gcreidim i mo chroí istigh go bhfuil faillí aisteach dhá dhéanamh go ciúin réidh maidir leis an straitéis. Táthar tar éis a dhul, gan a rá go hoscailte go bhfuil sé déanta, agus an straitéis a stróiceadh ó chéile. Cheana féin inniu, fuair muid amach go bhfuil an bun ailtireacht ar a raibh an straitéis bunaithe curtha ó mhaith ar fad ag an Rialtas seo, agus ba mhór ab fhiú go bhfuair muid é sin amach inniu.

Creidim go bhfuil sé de dhualgas orainn, mar bhaill den Oireachtas, iniúchadh géar a dhéanamh ar gach rud atá an Rialtas ag déanamh. Sin an fáth go bhfuil an tOireachtas ann. Líne ar líne, caithfimid gach polasaí a sheiceáil in éadan na spriocanna atá leagtha amach acu féin. Má cheapann an tAire Stáit nach í seo an straitéis ar cheart a bheith ann, deireadh sé é sin, ach go dtí go n-athróidh an Rialtas an straitéis, seo í an straitéis agus tá dualgas ar an gcoiste seo obair an Rialtais a theist, bunaithe ar an straitéis seo.

Ní ghlacaim leis ó dhuine ar bith go bhfuil mé ag imirt polaitíochta anseo. Tá an iomarca de bhlianta de mo shaol caite agam ag obair ar son na cúise. Ag éirí as an gcruinniú seo, molaim don choiste seo leanúint leis an ngrinnstaidéar atá á dhéanamh againn líne ar líne agus tuarascáil a chur amach ag an deireadh ag taispeáint gach mír atá curtha i bhfeidhm agus gach mír nach bhfuil curtha i bhfeidhm agus na cúiseanna a tugadh dúinn nár cuireadh i bhfeidhm iad. Molaim don chéad lá eile, go ndíreoidh muid isteach ar chúrsaí oideachais agus go dtabharfar cuireadh don Aire Stáit, don Aire sinsearach Gaeltachta atá freagrach as an nGaeilge agus don Aire Oideachais agus Scileanna teacht os ár gcomhair.

Tá an chaibidil den straitéis atá i gceist againn, ach sula dtiocfaidh siad os ár gcomhair, is cóir go gcuirfear ar fáil an plean forfheidhme ón Roinn le gur féidir linn é a chur i gcomparáid leis an straitéis. Chomh maith leis sin, is cóir go mbeidh os ár gcomhair le plé an tuarascáil a chuireadh ar fáil de dhul chun cinn i gcur i bhfeidhm na straitéise ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Ná bíodh ach mír amháin ar an gclár an chéad lá eile - imscrúdú iomlán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na Roinne Oideachais.

Dúradh cheana gur obair leanúnach atá ar siúl againn agus tiocfaidh muid ar ais go dtí an cheist seo an chéad lá eile.

Ba cheart a shocrú go bpléifí an Roinn Oideachais agus Scileanna agus go dtabharfaí cuireadh don Aire agus don Aire sinsearach Gaeltachta teacht isteach.

Tá deacracht le moladh a ghlacadh inniu, mar nach bhfuil gnáth bhaill an fhochoiste i láthair.

Tá an leaschathaoirleach i láthair agus in ann cinneadh a dhéanamh.

Tá an deacracht sin ann, ach ní hionann sin agus a rá nach ndéanfar é, mar tiocfaidh muid ar ais go dtí an pointe seo.

Cén chaoi an féidir cinneadh a dhéanamh mura bhfuil na baill sásta freastal ar an gcruinniú?

Ó thaobh cúirtéise de, ba chóir an focal deireanach a thabhairt don Aire Stáit inniu. Tá beagnach trí huaire a chloig caite againn anseo ar dhíospóireacht an-oscailte. Anois, ba chóir dúinn leanúint ar aghaidh ar an mbonn sin. Ag an gcéad chruinniú eile, más é toil an choiste agus toil na mball é, is féidir linn déileáil leis an díospóireacht mír ar mhír, ach ní gá dúinn an moladh nó an socrú sin a dhéanamh anois. Tá súil agam go mbeidh gnáth bhaill an fhochoiste seo i láthair an chéad lá eile.

Bhí díospóireacht bhríomhar againn agus tá súil agam go rachaidh sé chun tairbhe don teanga agus don straitéis chomh maith. Labhair an Teachta Ó Cuív faoin straitéis 20 bliain agus an Roinn Oideachais agus Scileanna. Tá an plean a chuir siadsan ar fáil cuimsitheach go leor agus tá leathanaigh go leor ann agus ní dóigh liom go bhfuil aon rud ina éadan, ach níl aon rud agam i gcoinne iad a thabhairt isteach anseo le dul trí na rudaí atá sa phlean ar chor ar bith. Baineann an rud céanna le haon cheann de na 11 Roinn ar fad. Más féidir dul tríd na pleananna líne ar líne leis na Ranna sin, beidh mise i mo shuí istigh anseo, ach caithfidh daoine as na Ranna sin a theacht isteach agus cuntas a thabhairt, mar ní hé mo dhualgas é an cuntas a thabhairt ar an rud atá ag dul ar aghaidh i ngach Roinn. Tá go leor le déanamh agam amharc i ndiaidh an méid atá le cur i bhfeidhm i mo Roinn féin.

An rud deireanach gur mhaith liom a rá ná go bhfuil infreastruchtúr iontach ann don teanga sna Gaeltachtaí, infreastruchtúr iontach atá ag tabhairt tacaíochta don teanga iontu. Tá naíolanna ann agus áiseanna ar fáil le páistí a chur iontu sula mbíonn aon teanga acu. Tá naíonraí againn chomh maith. Tá cúntóirí teanga againn - chuir an Teachta Ó Cuív iad seo ar bun agus chuir muid leis an scéim sin. Tá ionad tacaíochta teaghlaigh againn thiar sa Cheathrú Rua, agus go leor eile i nGaillimh, ar nós Sailearna. Tá ceann breá, atá ag cosaint na milliún, thíos i mBaile an Fheirtéaraigh. Bhíodar ag fanacht le sin le blianta fada, ach táimid tar éis é sin a cheadú.

Tá sé sin go léir dírithe isteach ar thacaíocht a thabhairt do na tuismitheoirí a chineann a gclann a thógáil le Gaeilge. Níl a fhios agam an bhfuil mórán tíortha eile le mionteangacha ina bhfuil a leithéid d'infreastruchtúr cuimsitheach iomlán ar fáil.

Tá mé ag caint mar dhuine a bhfuil mo shaol caite agam sa Ghaeltacht. Bhí mé sna gluaiseachtaí céanna leis an Teachta Ó Cuív agus i gConradh na Gaeilge. Ghlac mé páirt i bhfeachtas anseo agus i bhfeachtas ansiúd. Bhí mé sna trinsí agus b'fhéidir go bhfuil mé sna trinsí go fóill. Is é an dúshlán atá romhainn ná cur ina luí ar thuismitheoirí cé chomh tábhachtach agus atá sé an teanga a labhairt. Tá an cinneadh le déanamh acu sin. Is féidir linn na tacaíochtaí, na háiseanna, na hallaí pobail, na hionaid tacaíochta teaghlaigh, na dánlanna, na naíonraí agus na cúntóirí teanga go léir a chur ar fáil, ach sa deireadh thiar thall táimid ag brath ar na fir agus na mná óga a bhfuil páistí ag teacht ar an saol acu cinneadh a dhéanamh i dtaobh an teanga a labhróidh siad. Is é sin an dúshlán. Is é an fáth go gcaithfear tabhairt faoi seo amuigh ar an talamh agus an bua a bheith againn. Táimid ag iarraidh an claonadh atá ann leanaí a thógáil le Béarla a chloí. Níl mé ag rá go mbeidh sé furasta, ach caithfimid é a dhéanamh. Tá na tacaíochtaí ansin.

B'fhéidir go bhfuil sé sin tábhachtach, ar dóigh amháin, díospóireacht a bheith againn mar gheall ar líne amháin agus líne eile, ach is dóigh liom gur cheart dúinn díriú ar an mórphictiúr amuigh ansin i measc an phobail. Tá scéimeanna teanga agus scéimeanna teaghlaigh á n-ullmhú againn sa mhéid den Ghaeltacht atá fágtha - is beag atá fágtha i gcuid de na Gaeltachtaí - chun an Ghaeilge a choinneáil beo. Is é sin an cuspóir atá againn. Tá an Rialtas ag iarraidh é sin a dhéanamh. Sa deireadh thiar, is é sin an rud atá sa straitéis 20 bliain. Ná bímís in abar ar rudaí beaga. Ní dóigh liom go mbeadh aon rud mícheart i gceist dá dtiocfadh na Ranna isteach chun plé a dhéanamh ar na scéimeanna atá curtha ar fáil. Caithfimid dul i ngleic leis an dúshlán atá romhainn ar an talamh - an áit ina bhfuil an cath le troid.

Cuirtear clabhsúr leis an díospóireacht anois. Is mian liom buíochas a ghabháil leis an Aire Stáit agus leis na hoifigigh as cabhrú linn sa díospóireacht anseo inniu. Is mian liom freisin buíochas a ghabháil leis na baill a dhein an obair bhaile agus an taighde agus a chabhraigh chomh mór sin chun struchtúr a chur ar an díospóireacht. Mar a dúirt muid, níl ann ach tús. Tá súil agam go mbeidh an seanfhocal "tús maith, leath na hoibre" fíor sa chás seo.

Cuireadh an fochoiste ar athló ag 4.55 i.n. sine die.