Breathnú ar Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014: Díospóireacht

Móra dhaoibh ar maidin. Anois, déanfaimid breathnú ar scéim ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014. Beidh trí seisiún againn inniu: seisiún a haon leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta; seisiún a dó le hOllscoiil na hÉireann Gaillimh, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (Fiontar), Foras na Gaeilge agus an Coimisinéir Teanga; agus seisiúín a trí le Conradh na Gaeilge; Comhluadar, Comhlachas na gComharchumann Gaeltachta, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. An aontaítear leis seo? Aontaítear.

Anois, cuirim fáilte roimh Máire Killoran agus Séamus Mac Giolla Chomhaill, agus gabhaim buíochas libh as ucht bheith i láthair ar maidin. Iarraim ar an gcléireach an gnáth fógra a léamh, a thugtar do gach finné a thagann os comhair coistí an Oireachtais.

Clerk to the Committee

Ba mhaith liom a chur ar bhur n-aird, de bhua Alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, go bhfuil finnéithe faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste daoibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann sibh dá tabhairt, níl sibh i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise agaibh. Ordaítear daoibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díbh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom sibh a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuir sibh faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach, ina ainm nó ina hainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Iarraim anois ar Mháire Killoran, stiurthóir na Gaeilge sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, labhairt os comhair an choiste.

Ms Máire Killoran

Gabhaim buíochas leis an bhfochoiste as an gcuireadh freastal ar an gcruinniú inniu chun ceannteidil Bhille na dTeangachta Oifigiúla (Leasú) 2014 a phlé.

Rinne an Rialtas na ceannteidil a fhaomhadh ag a gcruinniú ar an 1 Aibreán agus chinn an Rialtas go ndéanfaí Bille a dhréachtú chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Is é príomhaidhm an Bhille ná an tAcht teanga a leasú chun a chinntiú go leanfaidh sé de bheith ina thacaíocht do gach duine ar mian leis nó léi seirbhísí d’ardchaighdeán i nGaeilge a fháil ón Stát. Cuireadh ceannteidil an Bhille i dtoll a chéile i gcomhthéacs an athbhreithnithe a rinneadh ar an Acht teanga i gcomhréir leis an ngealltanas a tugadh i gClár an Rialtais 2011-2016. Shonraigh an gealltanas sin go ndéanfaí athbhreithniú ar an Acht teanga chun a chinntiú go mbaintear an leas is fearr as caiteachas ar an nGaeilge chun an teanga a fhorbairt agus chun a chinntiú go bhforchuirtear dualgas go cuí de réir éileamh ó shaoránaigh. Tá tuarascáil faoin athbhreithniú, mar aon leis na haighneachtaí éagsúla a bhfuarthas cead iad a fhoilsiú, le fáil ar shuíomh idirlín na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, ahg.gov.ie, in éineacht le ceannteidil an Bhille.

Sula ndírím ar na forálacha éagsúla atá sonraithe sna ceannteidil, áfach, ní miste dom tagairt a dhéanamh do mholtaí áirithe a rinneadh le linn an phróisis chomhairliúcháin phoiblí maidir le tionscnaimh pholasaí a meastar a chuirfeadh le stádas agus le húsáid na Gaeilge, dá gcuirfí i bhfeidhm iad. Tá sé aontaithe ag an Rialtas go bhféachfaí leis na tionscnaimh pholasaí seo a thabhairt chun cinn, i gcomhair leis na páirtithe leasmhara ábhartha. Tá plé ar siúl faoi láthair leis na páirtithe leasmhara maidir leis an bpróiseas sin a fhorbairt ar an mbealach is éifeachtaí. I measc na dtionscnamh atá faoi chaibidil, tá: bearta réamhghníomhacha chun an cohórt de státseirbhísigh atá in ann feidhmiú sa dá theanga oifigiúla a mhéadú thar thréimhse ama - tá idir bhearta earcaíochta agus oiliúna san áireamh anseo; seirbhís chomhroinnte aistriúcháin a bhunú chun freastal ar riachtanais Ranna Rialtais; deasc lárnach um sheirbhís do chustaiméirí a bhunú chun soláthar feabhsaithe i seirbhísí Gaeilge a chinntiú don phobal; an Ghaeilge a bheith á húsáid go barréifeacht ar chomharthaí tráchta bóthair agus; úsáid na Gaeilge in ainmneacha comhlachtaí poiblí nua atá á mbunú.

Ba mhaith liom anois léargas a thabhairt ar na forálacha atá sonraithe i gceannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014, a bhfuil 13 díobh ann. Is forálacha caighdeánacha iad ceannteidil 1 agus 2, a bhaineann le teideal, tosach feidhme agus léirithe an Bhille.

Is é atá i gceannteideal 3 ná leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht, is é sin an tAcht teanga. De bharr an leasaithe seo, bheadh an míniú ar cheann comhlachta phoiblí comhchosúil leis an míniú atá san Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí 1997, a meastar gurb é an míniú is cuí.

Is leasú é ceannteideal 4 ar alt 10 den Phríomh-Acht agus tá na forálacha seo a leanas i gceist leis an gceannteideal seo. Tá sé i gceist fáil réidh leis an bhforáil reatha in alt 10(a) lena gceanglaítear “aon doiciméad ina leagtar amach tograí beartais phoiblí” a chur ar fáil sa dá theanga oifigiúla. Tá sé i gceist alt 10(e) a leasú chun foráil bhreise a áireamh ann lena gceadófaí don Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a fhorordú go ndéanfaí doiciméid nó aicmí doiciméad ina leagtar amach tograí beartais phoiblí a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla. Bheadh an fhoráil seo ag brath ar thoiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus aon Aire nó Airí eile, de réir mar is cuí. Ceaptar go gcabhródh an tsolúbthacht a d'eascródh as na leasuithe seo le dul i ngleic le ceann de na príomhábhair imní atá tagtha chun cinn maidir leis na costais fhorfheidhmithe a ghabhann leis an Acht, is é sin an costas a bhaineann le doiciméid a aistriú nach bhfuil éileamh ón bpobal orthu. Ní miste a nótáil go bhfanfadh an ceanglas reatha i bhfeidhm faoi ailt 10(b), (c) agus (d) den Acht chun líon doiciméad sonraithe ar nós tuarascálacha bliantúla, cuntais bhliantúla agus ráitis straitéise a aistriú.

Is leasú teicniúil é an leasú faoi cheannteideal 5 ar alt 11 den Phríomh-Acht a chuirfeadh ar chumas an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta aisghairm a dhéanamh ar fhógra a eisíodh chuig comhlacht poiblí faoi alt 11(1) maidir le scéim teanga a ullmhú. Níl aon fhoráil dá leithéid san Acht faoi láthair agus cé go bhféadfadh sé nach n-úsáidfí go minic í, d’fhéadfadh an chumhacht chun fógra a tharraingt siar a bheith ag teastáil in imthosca áirithe i gcás athrú a bheith tagtha ar fheidhmeanna comhlachtaí poiblí.

Is leasú é ceannteideal 6 ar alt 13 den Phríomh-Acht. Is é atá i gceist leis seo ná foráil a dhéanamh maidir le fo-alt nua a áireamh in alt 13(2) lena gceanglófaí go ndéanfaí na poist laistigh den chomhlacht poiblí ina bhfuil gá le hinniúlacht sa Ghaeilge a shonrú i ngach scéim teanga. Eascraíonn an leasú seo as cinneadh an Rialtais ar an 30 Deireadh Fómhair 2013 an beartas a bhíodh ann marcanna bónais a bhronnadh as inniúlacht sa Ghaeilge i gcomórtais earcaíochta agus ardaithe céime sa Státseirbhís a chúlghairm agus córas bunaithe ar inniúlachtaí a chur ina áit. Faoin gcóras nua seo, beidh inniúlacht sa Ghaeilge ina ceanglas le haghaidh poist shonraithe sa Státseirbhís. Chomh maith leis an leasú reachtúil seo, ní miste a nótáil go mbeidh poist, nó réimsí oibre, ina bhfuil gá le daoine atá in ann feidhmiú sa dá theanga oifigiúla le sonrú i bpleananna fórsa saothair Ranna agus Oifigí Rialtais amach anseo.

Is leasú é ceannteideal 7 ar alt 14 den Phríomh-Acht. Is é atá i gceist leis an gceannteideal seo ná foráil a dhéanamh chun tréimhse feidhme na scéimeanna teanga a mhéadú ó thrí bliana go dtí seacht mbliana. Faoin mbeart seo, thabharfaí deis do chomhlachtaí poiblí a gcuid tosaíochtaí a shainaithint agus a eagrú chun go mbeifí ag cur feabhas de réir a chéile ar sheirbhísí trí Ghaeilge ar bhealach níos straitéisí. Is fiú a nótáil freisin go bhfuil cur chuige nua i bhfoirm teimpléid le cur i bhfeidhm le comhlachtaí poiblí anois chun cur chuige níos éifeachtaí a threisiú faoi chóras na scéimeanna teanga. Ní miste a rá go leanfaidh Oifig an Choimisinéara Teanga ag déanamh monatóireacht ar chur i bhfeidhm na scéimeanna teanga ag comhlachtaí poiblí.

Is leasú é ceannteideal 8 ar alt 15 den Phríomh-Acht. Is é atá i gceist leis an gceannteideal seo ná foráil a dhéanamh chun: Alt 15 den Acht a leasú chun cur ar chumas an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta aisghairm a dhéanamh ar fhógra a eisíodh chuig comhlacht poiblí maidir le scéim teanga a ullmhú. Tá an leasú seo ar aon dul leis an leasú réamhluaite i gceannteideal 5 maidir le halt 11 den Acht; Alt 15(1) den Acht a leasú chun go bhféadfadh tosaíocht a bheith ag scéim nua ar scéim reatha i gcás go gceadaítear í roimh dheireadh na tréimhse seacht mbliana ón dáta a cheadaigh an tAire an scéim reatha. I gcás go ndéanfadh an tAire scéim nua a chomhaontú sula mbeadh deireadh leis an tréimhse a bhaineann le scéim reatha, chinnteodh an leasú seo go mbeadh tosaíocht ag an scéim nua ar an scéim reatha agus; Alt 15(1) den Acht a leasú chun a cheadú don Aire fógra a eisiúint chuig comhlacht poiblí ina n-iarrfaí go ndéanfaí athbhreithniú ar an scéim 12 mhí roimh dheireadh na tréimhse seacht mbliana ón dáta a cheadaigh an tAire an scéim reatha. Tá gá leis an leasú seo chun nach mbeadh aon débhrí ann a bhainfeadh le bailíocht scéimeanna reatha thar an líon blianta (seacht mbliana atá i gceist) dár dhaingnigh an tAire iad.

Is alt nua é ceannteideal 9, a bhaineann le hainmneacha agus seoltaí poist i nGaeilge. Is é an cuspóir atá leis an gceannteideal seo ná a chinntiú gur féidir le daoine an leagan Gaeilge nó Béarla dá n-ainmneacha agus dá seoltaí a úsáid, cibé acu is mian leo, agus iad i mbun cumarsáide le comhlachtaí poiblí. Is é an prionsabal bunúsach atá leis nár cheart go ndéileálfadh comhlachtaí poiblí le níos lú fabhair le daoine ar mian leo an leagan Gaeilge a úsáid ná mar a dhéileálfaí le daoine ar mian leo an leagan Béarla a úsáid.

Ós rud é go bhféadfadh impleachtaí praiticiúla a bheith ann mar gheall ar an bhforáil seo i réimsí ar nós na teicneolaíochta faisnéise agus i gcórais ghnó eile a úsáidtear san earnáil phoiblí, tá sé i gceist a chumasú don Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an fhoráil seo a chur i bhfeidhm ar bhonn céimnithe ar dháta nó ar dhátaí a bheadh forordaithe le rialachán. Is é an aidhm atá leis an gcur chuige seo ná a cheadú don Aire cur leis an liosta de chomhlachtaí poiblí lena mbainfeadh an fhoráil seo de réir mar a ndéanfaí oiriúnú ar na córais ghnó sna comhlachtaí sin. Ar leibhéal praiticiúil, dhéanfaí an ceanglas nua seo faoin Acht a chur in iúl do chomhlachtaí poiblí ar bhonn riaracháin agus d'iarrfaí orthu scála ama a chur ar fáil chun na coigeartuithe cuí a dhéanamh ar a gcórais ghnó.

Is é atá i gceist le ceannteideal 10 ná foráil a dhéanamh maidir le halt 30(1) den Phríomh-Acht a leasú chun fáil réidh leis an gcoinníoll sé mhí maidir le tuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga. In ionad sin, bheadh sé i gceist go gcuirfí tuarascáil bhliantúil agus cuntais bhliantúla an Choimisinéara Teanga faoi bhráid an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag an am céanna. Mar thoradh ar an leasú seo, laghdófaí líon na n-aighneachtaí a bhaineann le tuarascáil bhliantúil agus cuntais bhliantúla an Choimisinéara Teanga agus a chuirtear faoi bhráid an Rialtais in aghaidh na bliana.

Is leasú é ceannteideal 11 ar alt 31 den Phríomh-Acht. Is é atá i gceist leis an gceannteideal seo ná foráil a dhéanamh chun fáil réidh leis an tagairt don Choimisiún Logainmneacha. Tá an leasú seo riachtanach mar thoradh ar chinneadh an Rialtais deireadh a chur leis an gCoimisiún Logainmneacha i mí Dheireadh Fómhair 2012, mar chuid dá phlean um athchóiriú na seirbhíse poiblí. Tá coiste saineolach a cheap an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar bhonn riaracháin curtha in áit an Choimisiúin Logainmneacha.

Is leasú é ceannteideal 12 ar alt 32 den Phríomh-Acht. Chuirfeadh an fhoráil seo ar chumas an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta dul i gcomhairle le cibé daoine a mheasann an tAire is cuí sula bhfeidhmíonn an tAire na feidhmeanna maidir le horduithe logainmneacha, dá dtagraítear dóibh i bhfo-ailt 32(1)(a) agus 32(1)(b) den Acht. Is mar thoradh ar an leasú i gceannteideal 11 atá an leasú seo beartaithe. Dhéanfaí foráil freisin leis an leasú seo maidir le próiseas comhairliúcháin a reáchtáil sula ndéanfadh an tAire ordú logainmneacha a shíniú, a leasú nó a chúlghairm.

Is leasú é ceannteideal 13 ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht. Tá dhá ghné ag baint leis an gceannteideal seo. Uimhir a haon, tá sé i gceist foráil a dhéanamh chun fáil réidh leis an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Acht agus foráil chineálach a chur ina ionad ionas nach mbeadh gá an Sceideal a thabhairt cothrom le dáta go tréimhsiúil de réir mar a thiocfadh athrú ar stádas comhlachtaí poiblí. Tá breis is 600 comhlacht poiblí luaite faoin gCéad Sceideal den Acht agus ní foláir rialacháin a dhéanamh chun an Sceideal seo a thabhairt cothrom le dáta nuair a thagann athrú ar stádas comhlachtaí poiblí. Ós rud é go gceaptar gur modh neamhéifeachtúil é seo chun a chinntiú go dtagann gach comhlacht poiblí faoin Acht, tá leasú i gceist chun foráil chineálach atá i gcomhréir le forálacha dá leithéid i reachtaíocht eile a chur in ionad an Sceidil atá ann faoi láthair. D’fhágfadh an méid sin, faoi réir comhairliúchán le hAirí eile, de réir mar is cuí, agus aon eisiamh a d'eascródh as an méid sin, go dtiocfadh gach comhlacht poiblí faoi réim an Achta go huathoibríoch. Uimhir a dó, tá sé i gceist freisin leasú a dhéanamh ar an tagairt sa Chéad Sceideal do na comhlachtaí forfheidhmithe a bunaíodh faoin Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999 chun gníomhaíochtaí na gcomhlachtaí sin faoin Acht a theorannú dá gcuid gníomhaíochtaí sa dlínse seo amháin. Tá an leasú seo á moladh tar éis ról agus feidhmeanna na gcomhlachtaí forfheidhmithe Thuaidh Theas a bhreithniú.

Mar fhocal scoir, ní miste a nótáil go ndearna an Rialtas cinneadh ar 1 Aibreán gan dul ar aghaidh leis an gcónascadh a bhí beartaithe idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus Oifig an Ombudsman. Agus an cheist seo á breithniú ag an Rialtas, tógadh san áireamh torthaí an phróisis chomhairliúcháin phoiblí a léirigh tacaíocht láidir d’Oifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil mar oifig iomlán neamhspleách.

Leanfaidh an Roinn ag obair i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara, lena n-áirítear an fochoiste seo agus an Coimisinéir Teanga, agus an próiseas dréachtaithe don Bhille ag dul ar aghaidh. Ar ndóigh, beidh an Bille féin ag teacht ar ais chuig an Oireachtas ar ball nuair a bheidh sé foilsithe.

Tá súil agam, a Chathaoirligh, go dtugann an méid seo léargas don fhochoiste ar an méid atá beartaithe ag an Rialtas maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a leasú. Tá mé sásta, ar ndóigh, aon cheisteanna atá ag an bhfochoiste ar an ábhar seo a fhreagairt feadh mo chumais.

Go raibh maith agat as an ráiteas tionscnaimh sin. Iarraim ar an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.

Cuirim céad fáilte roimh oifigigh na Roinne. Táim thar a bheith búioch díobh as ucht teacht i láthair. Lá tábhachtach é seo sa bhfochoiste. Tá aiféal orm nach bfhfuil níos mó comhaltaí i láthair leis an gceist a phlé ach déanfaimid ár ndícheall díriú ar na ceisteanna. Ag tosú ag an deireadh, bhí Ms Killoran ag caint ar an cinneadh gan Oifig an Choimisinéara Teanga a chomhnascadh le hOifig an Ombudsman, bunaithe ar na haighneachtaí a cuireadh chun cinn, agus fáiltím roimh an chinneadh sin. Ach an cáineadh is mó atá déanta go dtí seo maidir leis na cinnbhille, ná nach léir go dtógann siad na haighneachtaí ar bord, mar go bhfeictear do chuid mhaith des na daoine atá tar éis iad a léamh, agus do dhaoine san earnáil, gur ag lagú Acht na dTeangacha Oifigiúla, seachas foráil nó dhó atá i gceist anseo. Ón léamh a rinne mé ar na haighneachtaí, feictear dom go raibh na haighneachtaí a tháinig ón bpobal tré chéile - bhí thart ar 262 aighneacht nó mar sin ann - ag iarraidh láidriú a dhéanamh ar an Acht. Cuireadh na cinn a tháinig ó na heagrais Stáit, nó gó deimhin ó dhá Roinn - na Ranna Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe agus Oideachas agus Scileanna - ag dul a mhalairt treo. Tá sé aisteach dom go bhfuil an moladh a rinne an pobal maidir le Oifig an Choimisinéara Teanga tógtha ar bord ach nach bhfuil na moltaí eile maidir le láidriú an Achta tógtha ar bord sa bpróiseas. Níl a fhios agam an féidir léargas a thabhairt air sin? Má tógtar an cheist sin an bhféadfainn teacht ar ais le ceisteanna eile, a Chathaoirligh?

Ms Máire Killoran

Bhí próiseas uilechuimsitheach, uileghabhálach comhairliúcháin poiblí i gceist leis an mBille, mar is eol don choiste, sula cuireadh na cinn i dtoll a chéile. Tógadh na haighneachtaí agus na freagraí a fuarthas ar an suirbhé ar líne san áireamh agus cinn an Bhille á ndréachtadh sular cuireadh faoi bhráid an Rialtais iad le glanadh. Mar shampla, is féidir linn a rá gur tógadh moltaí a bhí déanta ag Oifig an Choimisinéara Teanga, ag dul siar, ar bord agus muid ag dréachtadh cinn an Bhille. Tá dhá fhoráil ar leith sa Bhille nach miste dom aird ar leith a tharraingt orthu. Is iad sin, an fhoráil a bhaineann leis an gceart a bhéas ag daoine a gcuid ainmneacha agus seolta poist i nGaeilge a úsáid agus iad i mbun cumarsáide le comhluchtaí poiblí. Baineann an dara fhoráil le go mbeadh poist le riachtanas Gaeilge le sonrú feasta i scéimeanna teanga, faoi alt 13 den Acht teanga, rud nach bhfuil i gceist go sonrach faoi láthair. Is dul chun cinn suntasach iad sin don Roinn ar an méid atá san Acht teanga faoi láthair.

Mar is eol don Seanadóir, tá an tAcht teanga i bhfeidhm le deich mbliana anuas. Rinneadh athbhreithniú ar an Acht, i bhfianaise an ghealltanais a bhí tugtha i gclár an Rialtais. Rinneadh próiseas cuimsitheach comhairliúchán poiblí, tógadh na moltaí a rinneadh ar bord agus, ag eascairt as sin, cuireadh cinn i dtoll a chéile. Feictear don Roinn gur iarracht mhacánta atá anseo chun go mbeidh an tAcht ag feidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí.

Tá sé deacair dom a chreidiúint go bhfuil Ms Killoran ag rá liom gur tógadh ar bord moltaí an iar-Choimisinéara Teanga, ach go háirid, i gcomhthéacs earcaidh sa Státseirbhís. Nuair a bhí seisean os comhair an choiste seo rinne sé cáineadh uafásach géar ar na moltaí a bhí á gcur chun cinn ag an Roinn. Dúirt sé nach n-oibreodh na moltaí atá an Roinn ag déanamh maidir le hearcadh dhaoine sa Státseirbhís, gur dallamullóg a bhíothas á chur ar an bpobal agus gurb shin ceann des na cúiseanna is mó gur éirigh sé an phost. Dá bhrí sin, níl aon ghlac agam leis an bhfreagra sin. Tuigim go bhfuil Ms Killoran féin ag labhairt thar ceann na Roinne agus gurb é an tAire agus an Rialtas a dhéanann na cinntí, ach ní féidir liom glacadh leis go bhfuil moltaí tógtha ar bord maidir le hearcadh státseirbhíseach. Ní dóigh liom go raibh sé in aon cheann des na haighneachtaí a tháinig ón bpobal, nó fiú ní dóigh liom gur luaigh an Roinn Oideachas agus Scileanna nó an Roinn Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe é, go sonrach. Bheinn ag súil go mb'fhéidir go dtógfadh an Roinn ar bord é sin agus go mbogfaí i dtreo an chinéal moladh a bhí déanta ag an iar-Choimisinéara Teanga maidir le hearcaíocht sa Státseirbhíseach.

Sa bhreis air sin, luaigh Ms Killoran an seirbhís comhroinnte aistriúcháin. An bhféadfadh sí léargas a thabhairt duinn faoi céard atá i gceist leis sin? Cén chaoi a n-oibreodh sé sin go praiticiúil? Cá mbeidh sé lonnaithe? Cén chaoi a n-oibreodh sé, ó thaobh na teicneolaíochta de?

Ceann des na rudaí eile adúirt an Coimisinéir Teanga, ina léargas ar rudaí éagsúla le deich mbliana anuas, gurb é an rud is mó a bhí ón bpobal maidir le hAcht na dteangacha ná seirbhís gan cheist gan choinníol do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta nuair a bheidís ag plé le Roinn Stáit ar bith, go bhféadfaidís an Ghaeilge a úsáid gan a bheith ag fanacht ar an bhfón ar feadh deich nóiméad, mar shampla, go dtiocfadh duine éigin ar ais an treo. Cén chaoi a n-oibreodh sé sin go praiticiúil?

Ms Máire Killoran

Mar fhreagra ar an gcéad cheist a chuir an Seanadóir i dtaca la cúrsaí earcaíochta agus oiliúna, mar is eol don Seanadóir thóg an Rialtas cinneadh Mí Dheireadh Fomhair 2013 chun cumas na Gaeilge sa Státseirbhís a threisiú. Mar thoradh air sin tá an Roinn Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe ag iarraidh ar Ranna Rialtais agus ar Oifigí Rialtais sainaithint a dhéanamh ar phoist agus ar réimsí oibre ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge, mar chuid den phróiseas pleanála don fhórsa oibre. Táthar ag iarraidh ar Ranna aird ar leith a thabhairt ar phoist atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó a dhéanann freastal ar cheantair Ghaeltachta. Mar atá ráite ag an Aire Stáit i bhfreagraí ar cheisteanna Dála ar an ábhar seo, is cinnte go mbeidh an próiseas seo lárnach chun a chinntiú go ndéanfar foráil dhóthanach i gcomórtais earcaíochta amach anseo do cheapacháin i bpoist ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge. Ina theannta sin, tá sé molta, mar chuid des na ceannteidil den Bhille, go sonrófar na poist ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge i scéimeanna teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla amach anseo. Tá na bearta sin ag teacht leis na spriocanna sonracha atá luaite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 chun cur leis an líon oifigeach atá in ann feidhmiú go dátheangach sa státchóras.

I dteannta leis sin, ní miste aird a tharraingt ar an gcomhaontú atá idir muid féin sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus an Roinn Caitheachas Phoiblí agus Athchóirithe maidir le cúrsaí oiliúna agus socruithe oiliúna a bheith ann don Státseirbhís fré chéile. Tuigtear dúinn, ón tréimhse idir 2011 agus 2014, go bhfuil os cionn 900 duine san earnáil phoiblí tar éis cúrsaí oiliúna a dhéanamh ag Gaelchultúr ar chonradh atá ag an gcomhlucht le Foras na Gaeilge. Tá sé i gceist, nuair a thagann deireadh leis an gconradh sin go mbeidh painéal de chomhluchtaí oiliúna á gcur i dtoll a chéile chun gur féidir freastal amach anseo ar na riachtanais oiliúna atá ag na Ranna Rialtais agus ag na hOifigigh Rialtais fré chéile.

Maidir leis an tseirbhís comhroinnte aistriúcháin, tá sé seo áirithe ar cheann des na tionscnaimh pholasaí a d'fhéadfaí a thabhairt chun cinn i gcomhair leis na pairtithe leasmhara éagsúla. Shocraigh an Rialtas, nuair a thóg sé cinneadh ar 1 Aibreán maidir le ceannteidil an Bhille, go bhféachfaí ar thionscnaimh pholasaí ar leith a thabhairt chun cinn i dteannta le ceannteidil an Bhille agus tá an Roinn i mbun plé faoi láthair leis na pairtithe leasmhara maidir leis na tionscnaimh sin, lena n-áirítear an tseirbhís comhroinnte aistriúcháin. Samhlaítear dúinn go mbéadh seirbhís lárnach aistriúcháin ar fáil do Ranna Rialtais in ionad an chórais atá ann faoi láthair agus Ranna Rialtais ag triall go minic ar an earnáil phríobháideach le hábhar a fháil aistrithe a theastaíonn ar iompú do bhoise agus a bhfuil riachtanas láithreach é a fháil aistrithe. Tá na ceisteanna sin á bplé faoi láthair.

Maidir leis na scéimeanna teanga agus freastal ar phobal na Gaeltachta, tá foráil ins an Acht teanga faoi láthair, maidir le freastal ar phobal na Gaeltachta ach go háirithe, agus tá sé sin sonraithe in Alt 13 den Acht teanga adeir go sonrach, agus scéimeanna teanga á n-ullmhú gur chóir do chomhlucht poiblí a chinntiú go bhfuil líon leordhónathach dá fhoireann inniúil sa Ghaeilge chun go mbeidh siad in ann a sheirbhís a sholáthar trí Ghaeilge chomh maith lena sholáthar trí Bhéarla, a chinntiú go bhfreastalófar ar na riachtanais áirithe Gaeilge a bhaineanna le seirbhísí a sholáthar i limistéir Ghaeltachta agus a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge ina teanga oibre ina chuid oifigí sa Ghaeltacht tráth nach déanaí nó cibé dáta a chinnfidh an comhlucht le toiliú an Aire. Tá na forálacha sin san áireamh cheana ins an Acht teanga mar a sheasann sé faoi láthair.

Ag dul ar ais ar cheist an aistriúcháin, go bhfios dom chuir an iar-Choimisinéir Teanga in aghaidh an argóna a bhí ann go raibh costas ollmhór ag baint le haistriú cáipéisí. Dúirt sé nach raibh bunús ar bith leis an argóint sin a bhíodh á chur chun cinn ag Ranna Stáit éagsúla, go deimhin gur bhain an chuid is mó de chostas tuarascálacha bliantúla leis an té a bhí ag cur na tuarascálach i dtoll a chéile agus le clóbhualadh agus dearadh na cáipéise, agus ní leis an gcostas aistriúcháin amháin. Dúirt sé go raibh costas an aistriúcháin á chur as riocht ar fad.

Tá daoine ann a déarfadh gur theip go huile agus go hiomlán ar Roinn na Gaeltachta daingniú a dhéanamh ar scéimeanna teanga ó cuireadh Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm. Tá na figiúirí i dtuarascálacha an Choimisinéara Teanga le blianta anuas ag léiriú go bhfuil an t-uafás des na scéimeanna - suas le 75% ag pointe amháin - imithe in éag agus go bhfuil cuid mhaith des na scéimeanna nach bhfuil daingnithe beag nó mór. Luaigh muid ag an gcoiste anseo, an uair dheireannach a bhí an tAire Stáit anseo, agus a luas a bhfuil scéimeanna á ndaingniú go dtógfadh sé 40 bliain orainn na scéimeanna ins na comhluchtaí a thagann faoin Acht a dhaingniú fiú, gan trácht ar athnuachan. An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta atá freagrach as daingniú na scéimeanna go dtí seo. Tá teipthe go hiomlán uirthi é sin a dheánamh. Cén chaoi is féidir leis an bpobal muinín a chur sa Roinn Acht nua a chur i bhfeidhm mar is ceart? Is é atá i gceist leis na cinn Bhille ná éascaíocht a dhéanamh don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta sa chaoi is nach mbeidh an oiread brú uirthi agus go mbeidh sí ag loic ar a cuid dualgaisí tríd na dualgaisí a bhaint dí.

Ms Máire Killoran

Tiocfaidh mé ar ais chuig an Seanadóir ar na pointí sin.

Maidir leis na costais aistriúcháin ag eascairt as forálacha an Achta mar atá sé faoi láthair, is fiú dom aird an tSeanadóra a tharraingt ar cheist Dála a freagraíodh i Mí Márta 2014 inar léiríodh, ón eolas a thug na Ranna éagsúla, go raibh costas de €456,000 ag baint le costais aistriúcháin i 2013. Ní miste a nótáil nach raibh figiúirí tógtha ag an Roinn Comhshaol Pobail agus Rialtais Áitiúil nó an an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige.

Arbh shin ar aistriúchán amháin nó ar na tuarascálacha a fhoilsiú?

Ms Máire Killoran

Ceist maidir le costais aistriúcháin a thit ar na Ranna i 2013 a cuireadh. Ceist ghinearálta a bhí i gceist maidir le costais aistriúcháin i gcoitinne. Sin an t-aon eolas atá againn maidir le costais aistriúcháin a thit ar Ranna i 2013.

I dtaca leis an bpointe a rinne an Seanadóir maidir le scéimeanna teanga, is féidir liom a rá leis go bhfuil 158 scéim teanga aontaithe ag an bpointe seo, lena n-áirítear 114 chéad scéim teanga, 39 dara scéim teanga agus cúig tríú scéim teanga. Tá 158 scéim teanga aontaithe faoi láthair san iomlán. Cuimsíonn na scéimeanna sin san iomlán 186 comhlucht poiblí a thagann faoin Acht teanga.

Maidir leis an dara pointe, ní miste a nótáil go bhfanann scéim teanga i bhfeidhm go dtí go ndaingnítear scéim nua. Tá sé sin sonraithe san Acht teanga. Mar sin, fanann na scéimeanna uilig atá aontaithe go dtí seo, an 158 acu sin, i bhfeidhm go dtí go ndaingnítear scéim nua.

Ar an bpointe deireannach a rinne an Seanadóir, mar a dúirt mé ó chianaibh, an bunús a bhí leis an athbhreithniú ar an Acht na an commitment a bhí tugtha i gclár an Rialtais. Is ar an mbonn sin a thugadh faoin athbhreithniú. Feictear don Roinn, tar éis deich mbliana de fheidhmiú an Achta go bhfuil muid ag iarraidh díriú ar an Acht a bheith á chur i bhfeidhm ar bhealach níos éifeachtaí. Sin an aidhm atá againn.

Séard atá Ms Killoran a rá ná, tar éis deich mbliana den Acht a bheith a bhfeidhm agus, de réir mar a thuigim, os cionn 600 comhlucht poiblí ag titim faoin Acht i láthair na huaire, go bhfuil 158 scéim i bhfeidhm ins na comhluchtaí sin agus cuid acu sin imithe in éag. Táthar ag caint ar an cheathrú chuid den dualgas ar bhí ar an Roinn i leith Acht na dTeangacha Oifigiúla a bheith comhlionta, le deich mbliana. Nach gceapfá go bhfuil sé sin scannalach agus go bhfuil an Roinn ag loiceadh go hiomlán ina cuid dualgaisí, is é sin dlí na tíre, Acht na dTeangacha Oifigiúla, a chur i bhfeidhm? Ar de bharr easpa cur chuige, easpa áiseanna nó doicheall na Ranna a tharla seo? Cén fáth nach bhfuil 600 scéim curtha i bhfeidhm le deich mbliana anuas?

Ms Máire Killoran

Má bhreathnaítear siar ar na díospóireachtaí i dThithe an Oireachtais a bhain le próiseas achtaithe an Achta, ag dul siar go dtí an tréimhse 2003, bhí sé ráite ag an am gur próiseas céimnitheach a bhéadh i gcur i bhfeidhm an Achta, ach go háirithe mar a bhain sé le scéimeanna teanga. Ní fás thar oíche atá i gceist. Tuigfidh an Seanadóir go bhfuil comhoibriú de dhíth idir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus comhluchtaí poiblí eile chun scéimeanna teanga a aontú leo. Tá rannóg ar leith sa Roinn ag plé le scéimeanna teanga a aontú le comhluchtaí poiblí a thagann faoin Acht.

Ní miste a nótáil go bhfuil formhór na gcomhluchtaí poiblí a bhfuil plé acu leis an bpobal clúdaithe faoi na scéimeanna teanga atá aontaithe go dáta, is é sin an 158 scéim atá i bhfeidhm faoi láthair. Tá formhór na gcomhluchtaí poiblí a bhfuil plé acu leis an bpobal clúdaithe faoi na scéimeanna teanga sin.

Maidir leis an rannóg atá ag plé leis seo, cé mhéad duine atá fostaithe go lánaimseartha ag an Roinn atá ag díriú go huile agus go hiomlán ar seo a chur i bhfeidhm?

Ms Máire Killoran

Tá rannóg Acht na dTeangacha Oifigiúla lonnaithe in oifigí na Roinne i nGaoth Dóbhair agus tá foireann ansin atá ag plé le haontú scéimeanna teanga le comhluchtaí poiblí eile. Mar chuid den rannóg sin tá an príomhoifigeach, príomhoifigeach cúnta, ardoifigeach feidhmiúcháin, oifigeach feidhmiúcháin agus oifigeach cléireachais.

Mar sin, tá cúigear sa rannóg. An bhfuil siad sin ag plé go huile agus go hiomlán leis an ghnó seo, nó an bhfuil cúraimí eile orthu chomh maith?

Ms Máire Killoran

Tá an ceathrar foirne atá lonnaithe san oifig i nGaoth Dóbhair ag plé go sonrach le haontú scéimeanna teanga le comhluchtaí poiblí eile. Tá cúraimí éagsúla ar an bpríomhoifigeach, Séamus Mac Giolla Chómhaill, i dteannta len é a bheith freagrach as scéimeanna teanga a aontú le comhluchtaí poiblí eile.

Cé mhéad scéim in aghaidh na bliana atá á ndaingniú? Cé mhéad atá daingnithe i mbliana, mar shampla?

Ms Máire Killoran

Tá naoi scéim teanga aontaithe go dtí seo i mbliana.

Ag glacadh leis go bhfuil beagnach leath na bliana caite, bheifí ag caint ar 18, b'fhéidir, as seo go deireadh na bliana. Sin as an 450 comhlucht stáit atá fágtha a bhfuiltear le scéimeanna a ndaingniú leo.

Ní miste liom aird an tSeanadóra a tharraingt arís ar an bpointe a rinne mé ó chianaibh gur próiseas céimnitheach atá i gceist in aontú scéimeanna teanga le comhluchtaí poiblí. Tá athruithe suntasacha tagtha ar na comhluchtaí poiblí atá sonraithe ins an Chéad Sceideal leis an Acht. Sin ceann des na cúiseanna go bhfuil muid ag iarraidh foráil ar leith a chur isteach ins an Bhille teanga sa chaoi is go mbeidh foráil chineálach ann feasta le comhluchtaí poiblí a thabhairt go bonn oibreathach faoin Acht seachas iad a bheith sonraithe ins an gCéad Sceideal faoin Acht. Is féidir liom a rá go hoscailte go bhfuil an Chéad Sceideal, mar a bhaineann leis an Acht faoi láthair, as dáta agus tá gá len é a thabhairt suas chun dáta. Sin ceann des na cúiseanna go bhfuil ceann teidil ar leith curtha isteach ins an Bhille áirithe.

Tá sé go hiontach a bheith ag éisteacht leis na daoine ansin a bhfuil an Ghaeilge go líofa agus go nádúrtha acu. Is iontach an rud é sin agus ní chloisimíd í ach go huaireanta anois. Bím i gCluain Dolcáin agus i dTamhlacht, áit a bhfuil Gaeltacht nua. Ba cheart na ceantair sin a chur síos mar Ghaeltacht nua agus na seirbhísí a chur ar fáil ansin, mar atá siad á gcur ar fáil ins na Gaeltachtaí. Tá daoine ins na ceantair sin i mBaile Átha Cliath atá ábalta an Ghaeilge a úsáid agus tá sé tábhachtach seirbhísí a chur ar fáil do dhaoine atá in ann í a úsáid.

Rugadh mise i gClochán i gConamara. An bhfuil seirbhísí Gaeilge curtha ar fáil i mBaile Uí Chonaola? Níl pioc ar bith Gaeilge á labhairt i mBaile Uí Chonaola. Tá mé cinnte de sin mar bím thiar ansin gach uile mhí. Services should be provided where they are needed and to people who need them. Tá sé ceart go bhfoilseofar gach uile policy document. Tá sé specified ins na rialacha, tá mé ag ceapadh, go mbéadh gach uile policy document foilsithe sa dá theanga. An bhfuil sé sin fíor? Tá sé tábhachtach go mbéadh policy documents aistrithe. Cén chaoi a mbéadh sé déanta? B'fhéidir go ndéarfaí cupla focal faoi sin.

Mar gheall ar definition of "head", cé hé the head of a public policy? Where does the buck stop? Caithfear ainmneacha a chur ar na daoine sin. Cé hé an duine atá ábalta an teanga Gaeilge a chur chun cinn ins na páirteanna agus na ranna a bhfuil demand air? Tá sé sin an-tábhachtach.

Tá central translation ins an mBille. Ní ball den bhfochoiste mé agus níl me up to speed ar gach rud ach tá mé ag ceapadh go bhfuil sé ráite ins an mBille go bhfuil central translation le bheith ann dos na Ranna ar fad. Má tá sé riachtanach é a dhéanamh agus má táthar ábalta é a dhéanamh ba cheart é a chur ar fáil. Tá sé an-éasca rud a scríobh síos ar píosa páipéir agus aistriúchán a dhéanamh ar gach rud agus piles of paper a bheith ann. How many documents are published in Irish each year and never used? An bhfuil figiúirí mar sin le fáil? Tá sé an-tábhachtach document a chur ar IT. Tá sé riachtanach policy documents a chur ar IT. Luaigh Ms Killoran €456,000 mar chostas aistriúcháin sa bhliain 2013. Sin suim mhór airgid agus cén toradh a bhí air? Ba cheart do gach Roinn torthaí a fhoilsiú. Tá results for expenditure an-tábhachtach. Bhéadh na torthaí níos fearr ag central translation seachas gach Roinn a bheith ag iarraidh aistriúchán a dhéanamh ar gach rud. B'fhearr doiciméid a chur ar IT agus a sheoladh chuig an central translation agus é a dhéanamh ansin. Bhéadh gá leis sin gach lá mar tá a lán daoine a bhfuil an gá sin orthu, ach an seirbhís a chur ar fáil efficiently chun an toradh ceart a bhaint amach.

Tá sé tábhachtach, mar adúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh, go mbéádh medical cards tré Ghaeilge ar fáil agus go mbéadh na seirbhísí ar fáil do dhaoine atá tinn tré Ghaeilge ins an Ghaeltacht. Tá sé tábhachtach go mbéadh an teanga ag dochtúirí. Níl an Ghaeilge ag gach dochtúir sa Ghaeltacht. Níl sí ag dochtúirí i mBaile Átha Cliath. B'fhéidir go bhfuil Gaeilge acu i gCluain Dolcáin nó i dTamhlacht agus i pockets mar sin. B'fhéidir go bhfuil dochtúir amháin in aon cheantar a bhfuil Gaeilge aige nó aici, ach tá sé an-tábhachtach go mbéadh seirbhísí ar fáil tré Ghaeilge ins an Ghaeltacht. Tá sé tábhachtach go mbéadh gardaí ins an Ghaeltacht in ann Gaeilge a labhairt. Dá mbéadh duine os comhair na cúirte nó dá stopfaí duine ar an mbóthar caithfear gach rud a scríobh i gceart agus gan cases thrown out in court because ní raibh sé tógtha síos i nGaeilge cheart ag an gharda a bhí ag stopáil cars.

Bhí an-díospóireacht againn mar gheall ar ainm Uisce Éireann, Irish Water. Corporate body nua atá ansin agus tá an t-ainm Irish Water á úsáid ag an gcomhlucht agus ag na media gach uile lá. Bhí an policy déanta sular cuireadh Irish Water ar bun. Tá policy anois, going forward, maidir le bodies nua agus ainmneacha nua ach bhí an policy seo leagtha amach. Bhí mé féin agus an Seanadóir Ó Clochartaigh ag caint faoi seo. Tá úsáid laethúil i bhfad níos tábhachtaí ná policy. Tá Bord Gáis ansin. Ní gá é a scríobh isteach i legislative document. Is leor a slap across the wrist.

Maidir le scéimeanna Gaeilge, beidh cúig bliana i bhfad níos fearr ná seacht mbliana, agus níos fearr ná trí freisin. Mholfainn an t-athrú sin. The Oireachtas, Government and local authorities have five year cycles. Molaim go mbéadh cúig bliana i bhfad níos fearr ná trí bliana nó seacht mbliana. Tá seacht too long, tá trí too short.

It is proposed that annual reports, statements of strategy and financial documents will be published in Irish and English. Tá sé an-tábhachtach go mbéadh siad sin available. Bhí rud ann freisin mar gheall ar co-ordination between the annual reports and the financial statements, agus tá sé sin an-tábhachtach freisin mar b'fhearr an obair ar fad, maidir le léamh na doiciméide agus í a aistriú a dhéanamh le chéile, tá mé ag ceapadh.

Ba mhaith liom ceist a chur ar Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Tá ceist ins an doiciméad a thairg an chomhdháil don bhfochoiste mar geall ar liabilities to staff, leases, regulations and mar sin. Tá sé an-tábhachtach go mbéadh gach rud maidir le foireann, leases agus mar sin á dhéanamh i gceart. An bhfuil aon comment air sin, mar tá sé an-tábhachtach? Tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar dul ar feadh 71 bliana agus thug sé seirbhís an-mhaith don tír.

Ms Máire Killoran

Maidir leis na foilseacháin atá clúdaithe faoin Acht teanga, faoi láthair tá foráil uileghabhálach i gceist faoi Alt 10 den Acht ina bhfuil dualgas ar chomhluchtaí poiblí tuarascálacha bliantúla, cuntais bliantúla, ráitis straitéise agus aon doiciméad ina bhfuil tograí beartais phoiblí luaite iontu a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla. Tá sé beartaithe, faoi na ceannteidil don Bhille teanga go ndéanfaí leasú air sin. Mar sin, d'fhanfadh an fhoráil reachtúil mar atá faoi láthair i dtaca le foilsiú tuarascálacha bliantúla, cuntais iniúchta agus ráitis straitéise. Bhéadh dualgas i gcónaí ar chomhluchtaí poiblí iad sin a fhoilsiú sa dá theanga oifigiúla. Ach tá sé molta go ndéanfaí leasú ar Alt 10 den Acht chun fáil réidh leis an bhforáil lena gceanglaítear aon doiciméad ina leagtar amach tograí beartais phoiblí a chur ar fáil sa dá theanga oifigiúla. Go bunúsach, leis an leasú atá beartaithe bhéadh cinneadh le tógáil ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athcóirithe agus aon Aire nó Airí eile, na doiciméid ina bhfuil tograí beartais phoiblí luaite iontu a chur ar fáil sa dá theanga oifigiúla. Mar atá ráite agam ó chianaibh, seo ceann des na mór ábhair imní a tháinig chun tosaigh maidir le costais aistriúcháin a bhaineann leis na foilsiúcháin atá le foilsiú faoi láthair faoin Acht. Bhéadh sé i gceist na tograí beartais phoiblí a bhéadh le foilsiú feasta a shonrú, seachas an fhoráil uileghabhálach atá i gceist faoi Alt 10 den Acht mar atá faoi láthair.

Maidir le sainmhíniú ar cheann an chomhluchta phoiblí, seo leasú atá beartaithe ar Alt 2 den Acht. Má bhreathnaítear ar Ranna Rialtais is é an tArd Rúnaí a bhíonn i gceist mar cheann an chomhluchta, seachas an tAire. Faoi láthair faoi Alt 2 den Acht tá an tAire ainmnithe mar cheann an chomhluchta phoiblí. Faoin leasú atá beartaithe is é an tArd Rúnaí a bhéadh i gceist mar cheann an chomhluchta phoiblí. Tá moladh déanta go mbéadh an sainmhíniú bunaithe ar an miniú ar cheann chomhluchta phoiblí atá áirithe in Acht um Bainistíochta na Seirbhíse Poiblí 1997, a meastar gurb é an miniú is cuí.

Maidir le seirbhísí i nGaeilge a bheith ar fáil, cuirtear na seirbhísí sin ar fáil, nó sonraítear na seirbhísí sin, tré na scéimeanna teanga a aontaítear le comhluchtaí poiblí seachas tré fhorálacha díreacha an Achta. Ní miste é sin a lua.

Maidir leis na tionscnaimh pholasaí ar leith a luaigh an Seanadóir Keane, an tseirbhís comhroinnte aistriúcháin mar shampla agus an chaoi ina bhfuil sé molta go ndéanfaí ainmneacha comhluchtaí poiblí nua a shonrú i nGaeilge, ní miste a nótáil go bhfuil an dá thionscnamh, an tseirbhís comhroinnte aistriúcháin agus ainmneacha na gcomhluchtaí poiblí nua, mar thionscnaimh polasaí atá le tabhairt chun cinn i bhfoirm plé leis na pairtithe leasmhara seachas iad a bheith áirithe per se ins na ceann teidil.

Thóg an Seanadóir ceist maidir le fad na scéimeanna teanga. Mar is eol don tSeanadóir tá sé beartaithe ins na ceannteidil go ndéanfaí tréimhse na scéimeanna teanga a leasú ó thrí bliana, mar atá faoi láthair, go dtí seacht mbliana. Tá sé nótáilte againn go bhfuil sé luaite ag an Seanadóir gurb é an moladh a bhéadh á dhéanamh aici féin nó cúig bliana. Níl muid ach ag tús an phróisis anseo. Tá na ceannteidil glanta ag an Rialtas, tá siad tógtha ag an bhfochoiste seo. Táimid ag tógáil moltaí a thagann ón bhfochoiste, agus ó na pairtithe leasmhara a thiocfas i láthair an fhochoiste, san áireamh. Ag deireadh an phróisis sin beimid ag dul ar ais ag an Rialtas le cead a fháil an Bille féin a fhoilsiú agus a thabhairt os comhair an Oireachtais. Beidh na moltaí uilig le tógáil san áireamh againn agus an próiseas ag dul ar aghaidh.

Maidir le comhordú idir tuarascáil bhliantúil agus cuntáis iniúchta a bheith á bhfoilsiú, baineann sé sin go sonrach le hOifig an Choimisinéara Teanga. Faoi láthair déantar tuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga a fhoilsiú ag pointe ar leith sa bhliain agus déantar na cuntais iniúchta a fhoilsiú níos moille sa bhliain nuair atá siad ar fáil. Ar bhealach, is foráil eisceachtúil atá ansin mar, má bhreathnaítear ar an reachtaíocht a bhaineann le comhluchtaí poiblí eile séard atá i gceist i dtaca le mórchuid na gcomhluchtaí poiblí ná go ndéantar an tuarascáil agus na cuntais iniúchta a eisiú an an am gcéanna. Sin an chúis go bhfuil an leasú sin á moladh ar an bhforáil áirithe sin atá san Acht teanga a bhaineann le hOifig an Choimisinéara Teanga.

Maidir leis an pointe deireannach a thóg an Seanadóir, baineann sé sin leis an athbhreithniú atá ar siúl ag Foras na Gaeilge ar na heagraíochtaí bunmhaoinithe. Tá cinneadh polasaí tógtha ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas maidir leis na socruithe nua maoinithe atá le cur i bhfeidhm ón gcéad lá de mhí Iúil. Tá sin idir lámha ag Foras na Gaeilge faoi láthair agus tá plé ar siúl idir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, an Roinn Cultúir Ealaíon agus Fóillíochta ó Thuaidh agus Foras na Gaeilge maidir leis na ceisteanna sin uilig.

Tá sé an-tábhachtach freisin an comhoibriú Thuaidh Theas a chur chun cinn. Dhein mé dearmad a rá gur éist muid leis an bpobal maidir le neamhspleáchas an Choimisinéara Teanga, agus molaim é sin freisin.

Labhair an Seanadóir Ó Clochartaigh faoi na scéimeanna teanga, mar sin níl mé chun a lán a rá faoin ábhar sin, ach amháin go bhfuil sé dochreidte go dtógfaidh sé 40 bliain chun iad a dhaingniú. Dúirt Ms Killoran nach raibh sé i gceist an obair seo a dhéanamh thar oíche ach tá an-difríocht idir oíche agus 40 bliain.

Níl go leor comhluchtaí poiblí ag tabhairt aird ar an gCoimisinéir Teanga, nó níor thug siad aird ar an iar Choimisinéir Teanga ar aon nós. Bhí mé i dteagmháil leis an ESB agus le Revenue cupla mí ó shin, chuir mé glaoch gutháin orthu, roghnaigh mé go ndéanfainn mo chuid ghnó i nGaeilge ach ní raibh éinne ann chun mo ghlaoch a fhreagairt.

Seachtain nó coicís ina dhiaidh sin fuair mé glaoch ar ais, ach idir an dá linn bhí an gnó déanta agam tré Bhéarla. Níl daoine atá gnóthach sásta an rud sin a dhéanamh arís agus arís eile. Piocfadh siad an rogha Béarla i gcónaí. D'fhéadfainn an fhadhb a lua leis an gCoimisinéir Teanga ach nílim chun é sin a dhéanamh arís agus arís eile. Bh'fhéidir go ndéanfadh an gnáth duine é sin uair nó dhó, má tá suim aige sa teanga nó más gníomhaí é no í. Agus níorbh é san an chéad uair a raibh an taithí sin agam. Tharla sé trí nó ceithre uaire roimhe sin. Cuireann comhluchtaí poiblí, ar nós an OPW fiú, fógraí suas agus Béarla amháin orthu, agus téann daoine i dteagmháil leis an gCoimisinéir Teanga dá bharr. Ansin, cuireann an OPW comharthaí dátheangacha ina n-áiteanna, ach taobh istigh de chúpla mí bíonn comharthaí nua curtha suas, agus iad i mBéarla arís. Ní bhíonn daoine sásta dul ar ais ag an gCoimisinéir Teanga arís agus arís eile.

An féidir píonós beag, nó a leithéid de three strikes and you are out, a leagadh ar chomhluchtaí poiblí, mar cosnaíonn sé a lán airgid agus ama ar an gCoimisinéir Teanga dul ar ais chuig na comhluchtaí poiblí arís agus arís eile chun na rudaí céanna a dhéanamh. Is é mo thuairim go bhfuil bainisteoirí na n-eagraíochtaí poiblí ag rá eatarthu féin, "do nothing and they will go away after a while". Sin an fhadhb atá ann. Tá difear uafásach mór idir an meon sin agus an meon a fheictear sa Bhreatain Bheag, mar shampla, áit a bhfuil daoine ag iarraidh rogha úsáid na Breatnaise a chur chun tosaigh. An féidir leis an Roinn aon rud a dhéanamh chun píonós a chur ar chomhluchtaí poiblí nach gcomhlíonann a gcuid dualgaisí de réir an Achta? I mo cheantar féin cuireann Comhairle Chontae na Mí comharthaí bóthar suas i mBearla nuair atá obair á dhéanamh ar na bóithre i Rath Chairn. Déantar seo arís agus arís eile.

Dúirt Ms Killoran go bhfuil 300 duine sa chóras poiblí i mbun ranganna Gaeilge.

Ms Máire Killoran

Ar mhaithe le soiléiriú, ón eolas atá faighte againn faoin gconradh atá ag Foras na Gaeilge le Gaelchultúr maidir leis an tréimhse idir 2011 agus 2014, rinne os cionn 900 duine ón earnáil phoiblí cúrsaí oiliúna le Gaelchultúr le linn na tréimhse trí bliana sin.

An bhfuil a fhios ag Ms Killoran cén céatadán é sin de dhaoine atá ag obair ins na heagraíochtaí poiblí? Muna bhfuil a fhios aici b'fhéidir go dtiocfadh sí ar ais leis an bhfigiúr sin. I mo thuairim féin is uimhir uafásach bheag í sin.

Cuireadh ceist ar Ms Killoran cé mhéad doiciméad Gaeilge a foilsítear gach bliain ach nách léitear ariamh. An bhfuil a fhios againn cé mhéad doiciméad Béarla a fhoilsítear gach bliain agus nach léitear ach oiread? I mo thuairim féin bhéadh staic mhór doiciméad ann, agus cén costas a bhaineann leis na doiciméid sin?

An gclúdaíonn an tAcht cártaí vótála? Cupla lá ó shin bhí daoine ag caitheamh a gcuid vótaí. Chláraigh mise mo sheoladh i nGaeilge ach tháinig an cárta vótála chugam i mBéarla. An mbéadh Ms Killoran in ann na ceisteanna sin a fhreagairt?

Ms Máire Killoran

Déanfaidh mé tréan iarracht. Tá súil agam go mbeidh na pointí ar fad clúdaithe agam tá mé cinnte go dtiocfaidh an Teachta ar ais chugam muna bhfuil.

Maidir le scéimeanna teanga agus an pointe a rinne an Teachta faoin gcaoi ina n-aontaítear scéimeanna teanga agus an próiseas ama atá i gceist. Tá athruithe suntasacha déanta ar líon na gcomhluchtaí poiblí a thagann faoin Acht. Mar is eol do bhaill an fhochoiste, tá athstruchtúrú déanta ar an earnáil rialtais áitiúil. Ciallaíonn sé sin go bhfuil níos lú comhairlí ann ná mar a bhíodh agus ná mar atá sonraithe ins an Chéad Sceideal den Acht. Ina theannta sin, tá comhtháthú déanta ar na coistí gairmoideachais faoi na struchtúir nua dos na boird oideachais agus oiliúna. Níl aon cheist ach go bhfuil athruithe suntasacha tagtha ar líon na gcomhluchtaí poiblí a thagann faoin Acht. Mar atá ráite agam cheana, feictear don Roinn go bhfuil formhór na gcomhluchtaí poiblí a bhfuil plé díreach acu leis an bpobal clúdaithe ins na scéimeanna teanga atá aontaithe againn leo.

Luaigh an Teachta na Coimisinéirí Ioncaim, go sonrach. Tuigfidh sé nach bhfil aon ról ag an Roinn maidir le faireachán, nó monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm scéimeanna teanga. Is ról ar leith atá ag an gCoimisinéir Teanga faoin Acht teanga. Tógann sé na céimeanna cuí faoin Acht maidir leis sin.

Luaigh sé cúrsaí comharthaíochta agus Oifig na n-Oibreacha Poiblí go sonrach, agus iad ag cur comharthaí in áirde. Mar is eol don Teachta, tá sin clúdaithe faoi Alt 9 den Acht maidir le rialacháin. Tá rialacháin ar leith i bhfeidhm maidir le cúrsaí comharthaíochta i dtaca le comhluchtaí poiblí.

An pointe a bhí á dhéanamh agam gur cuma faoi na rialacha muna dtugann comhluchtaí poiblí áird orthu. Muna bhfuil píonós ann ní bhacfaidh siad leis na rialacha. An bhfuil aon dul chun cinn déanta maidir leis an monatóireacht a dhéanamh níos láidre?

Ms Máire Killoran

Ní miste dom áird an Teachta a tharraingt ar Alt 27 den Acht, a deir go bhféadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim cúitimh a dhéanamh lena bhforálfar go n-íocfaidh comhlucht poiblí le cibé daoine cibé suimeanna a bhéadh sonraithe sa scéim i leith aon mhainneachtanna a bhéadh sonraithe i dtuarascáil ón gCoimisinéir Teanga. Níl a leithéid de fhoráil tar éis a bheith curtha i bhfeidhm go dáta. Tuigfidh an Teachta gur ceist polasaí don Rialtas a bhéadh ann an tAcht teanga a leasú maidir le forálacha éagsúla a thabhairt isteach chun píonós a chur i bhfeidhm ar chomhluchtaí poiblí. Faoi láthair tá córas ar leith i bhfeidhm faoin Acht teanga go ndéanann an Coimisinéir Teanga monatóireacht ar chur i bhfeidhm an Achta. Déanann sé iarracht, faoi mar is eol dúinn uilig, na gearáin a réiteach ar bhonn neamhfhoirmiúil. Muna n-éiríonn leis an gcóras sin bíonn ar an gCoimisinéir Teanga dul i muinín imscrúduithe. Ag deireadh thiar thall foilsítear torthaí na n-imscrúduithe sin sa tuarascáil bhliantúil. Mar atá ráite faoin Acht teanga, má theipeann ar chomhlucht poiblí fionnachtanna aon imscrúdú a chur i bhfeidhm is féidir leis an gCoimisinéir Teanga tuarascáil ar leith a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Tá sé sin déanta ag Oifig an Choimisinéar Teanga roinnt uaireanta go dtí seo. Sin an próiseas atá ann faoi láthair.

Mairdir leis an gcéadatán den earnáil phoiblí a rinne cúrsaí oiliúna i nGaelchultúr idir 2011 agus 2014, níl an t-eolas sin againn inniu ach d'fheadfaimís é a sholáthar don Teachta níos moille.

Maidir le hanailís a bheith déanta nó le heolas a bheith againn ar na foilseacháin a fhoilsítear i nGaeilge agus i mBéarla agus an t-éileamh atá orthu, níl an t-eolas sin ar fáil ach an oiread, mar a thuigfidh an Teachta. An nósmhaireacht atá anois ann ná in ionad cáipéisí a fhoilsiú i bhfoirm chrua go bhfoilsítear iad go leictreonach go príomha.

Rinne an Teachta pointe mar gheall ar chartaí vótála a bheith ar fáil.

Ceann des na cúiseanna go bhfuil sé beartaithe an fhoráil a thabhairt isteach go mbéadh sé de cheart ag daoine an leagan Gaeilge dá n-ainmneacha agus dá seolta poist a úsáid agus iad i mbun cumarsáide le comhluchtaí poiblí ná go rachadh sé sin i ngleic le haon fhadhb atá ann faoi láthair maidir le cartaí vótála sa mhéid is go mbéadh a leithéid de fhoráil sonraithe faoin Acht teanga dá gcuirfí an leasú sin i bhfeidhm.

Os rud é gur luadh comharthaí bóthar, an bhféadfaí soiléiriú a thabhairt dúinn maidir leis an dlí ó thaobh comharthaí bóthar sa Ghaeltacht? An bhfuil siad ceaptha a bheith i nGaeilge amháin, le Gaeilge agus Béarla ar chomhmhéad, nó céard? Tá an t-uafás airgid caite ar chomharthaí bóthar ins an nGaeltacht a bhaineann le Bealach Fiáin an Atlantaigh. Ón méid a fheicim des na comharthaí sin tá an leagan Gaeilge níos lú na na leaganacha Béarla. Tá tús áite tugtha dos na leaganacha Béarla ar na comharthaí sin ar fad, agus tá na céadta acu ann. An bhféadfadh Ms Killoran é sin a shoiléiriú dúinn? An bhfuil na comharthaí sin ag briseadh an dlí?

Má chuireann tú an leagan Gaeilge isteach sa GPS ní thuigeann sé thú. Tá sin an-tábhachtach. Ba cheart go mbéadh sé i nGaeilge agus i mBéarla ar mhaithe leis na tourists.

Ms Máire Killoran

Mar is eol don tSeanadóir Ó Clochartaigh, ní thagann comharthaí tráchta faoin Acht teanga faoi láthair. Tá sé luaite i gceann des na tionscnaimh pholasaí go rachaimid i ndáil chomhairle leis an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, mar is ar an Roinn sin atá an fheidhm reachtúil sa réimse seo, le cinntiú go mbeidh an Ghaeilge in úsáid go barr éifeacht ar chomharthaí tráchta. Tuigtear dúinn go bhfuil scéim phíolóiteach ar siúl ag an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt sa réimse seo faoi láthair agus tá plé ar siúl ag Roinn s'againne leis an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt.

Cén dul chun cinn atá á dhéanamh ag an bplé seo? An bhfuil sé ceaptha a bheith ar chomhchéim ó thaobh an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt de?

Ms Máire Killoran

Ní fhéadfainn a rá gur aon saineolaithe muide ar na hAchtanna ar leith a thagann faoin Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt maidir leis seo. Ní thagann sé faoin Acht teanga. Mar sin, is ceist don Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt na comharthaí tráchta. Ní thagann sé faoi Roinn s'againne.

Caithfear clabhsúr a chur leis an díospóireacht don seisiún seo. Tá sé thar a bheith soiléir go bhfuil an-chuid ceisteanna ann agus déarfainn go mbeidh an-chuid ceisteanna breise le cur amach anseo freisin. An rud is tábhachtaí dúinn uilig ná an dea-thoil atá amuigh imeasc an phobail do chothú agus do threisiú na seirbhísí cuí agus go gcuirfear ar fáil iad. Sin an chúis go bhfuil na díospóireachtaí seo ag tarlú.

Gabhaim buíochas libh, a Mháire agus a Shéamuis, toisc a bheith i láthair linn inniu agus cabhrú linn ins an bplé a bhí againn. Tá gach seans go mbeidh cuireadh eile ag dul chugaibh amach anseo. Go raibh míle maith agaibh.

An aontaítear go gcuirfear clabhsúr leis an seisiún seo? Aontaítear.

Cuireadh an comhchoiste ar fionraí ag 11.15 a.m go dtí 11.35 a.m.

Cuirim fáilte roimh na toscairí atá anseo. Leanfaimid ar aghaidh anois lenár mbreathnú ar scéim ghinearálta Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014. Sa dara seisiún seo, beidh ag plé leis an gCoimisinéir Teanga, Foras na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Fiontar, agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Cuirim fáilte anois roimh Rónán Ó Domhnaill, an Coimisinéir Teanga, Órla de Búrca, an bainisteoir imscrúdaithe, agus Colm Ó Coisdealbha, an bainisteoir géilliúlachta in Oifig an Choimisinéara Teanga. Anseo ó Fhoras na Gaeilge tá Liam Ó Maolmhichíl, cathaoirleach, Ferdie Mac an Fhailigh, príomhfheidhmeannach, Seán Ó Coinn, leas-phríomhfheidhmeannach agus stiúrthóir seirbhísí oideachais, Éamonn Ó hArgáin, stiúrthóir seirbhísí forbartha agus rúnaí an fhorais, Aodh Ó Coileáin , saineolaí ar reachtaíocht teanga, agus Lisa Ní Fhlatharta, saineolaí ar rialachas teanga. Anseo freisin tá Ciarán Mac Murchaidh, ceann scoile Fiontair ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Dónall Ó Braonáin, príomhfheidhmeannach, Acadamh na hOllscoilaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Baillimh. Gabhaim buíochas leo uilig as bheith i láthair anseo inniu.

Iarraim anois ar an gcléireach an gnáth fógra a léamh, a thugtar do gach finné a thagann os comhair coistí an Oireachtais.

Clerk to the Committee

Ba mhaith liom a chur ar bhur n-aird, de bhua Alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, go bhfuil finnéithe faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste daoibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann sibh dá tabhairt, níl sibh i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise agaibh. Ordaítear daoibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díbh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom sibh a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuir sibh faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach, ina ainm nó ina hainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Iarraim anois ar an gCoimisinéir Teanga a ráitis a thabhairt don coiste.

Mr. Rónán Ó Dómhnaill

A Chathaoirligh, a Theachtaí agus a Sheanadóirí, is cúis áthais dom a bheith anseo i bhur dteannta ar maidin den chéad uair mar Choimisinéir Teanga. Tá cearta teanga lucht labhartha na Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht go mór i mbéal an phobail le tamall anuas agus tá áthas orm go bhfuil deis ag an gcoiste seo plé a dhéanamh ar an gceist i gcomhthéacs phríomhfhorálacha Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014.

Ba mhaith liom ar dtús mo bhuíochas a chur in iúl don chéad Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, as an gcabhair agus an tacaíocht a chuir sé ar fáil dom ó ainmníodh mé mar Choimisinéir Teanga. Ní miste dom an méid sin a chur ar thaifead Thithe an Oireachtais agus, go deimhin, go n-aithneofaí an obair cheannródaíochta a rinne sé le linn a thréimhse mar an chéad Coimisinéir Teanga.

Tá beagán le cois dhá mhí caite ó bronnadh an onóir ormsa tabhairt faoin bpost seo. Cé go bhfuil mé go fóill ag socrú isteach i mo ról nua, tugann cinntí suntasacha atá glactha sa tréimhse sin ugach dom agus mé ag dul i mbun mo chuid cúraímí. Fáiltím go mór roimh chinneadh an Rialtais gan leanúint leis an gcónascadh a bhí beartaithe idir m'oifigse agus Oifig an Ombudsman. Is cinneadh stuama ciallmhar é an cinneadh seo a ghlanann an scamall a bhain le todhchaí na hoifige.

Cinntíonn sé go leanfaidh oifig an Choimisinéara teanga orthu ag feidhmiú mar eagraíocht iomlán neamhspleách agus í ag tabhairt cosaint do chearta teanga phobail na tíre seo.

In imeacht na mblianta d’éirigh le mo oifig tionchar suntasach a imirt ar eagraíochtaí stáit agus í ag cinntiú go bhfaigheadh saoránaigh na cearta teanga agus na seirbhísí a bhí ag dul dóibh faoi dhlí na tíre seo. Ní féidir le haon oifig stáit ar nós m’oifigse feidhmiú go héifeachtach gan foireann leis an leibhéal údaráis chuí agus leis na scileanna oiriúnacha. Tugann sé sástacht dom mar sin go bhfuil cead faighte ag an oifig anois an folúntas a bhí ag an leibhéal stiúrthóireachta le os cionn dhá bhliain anuas a líonadh. Is céim chun cinn é seo agus ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl d’Aire Stáit na Gaeltachta agus a Roinn as an gcomhoibriú atá curtha ar fáil dom ó chuaigh mé i mbun mo chuid cúraimí.

Mar cheann de heagraíochtaí stáit is lú a fhaigheann maoiniú ón státchiste creidim nach bhfuil an leibhéal barr mhaitheasa foirne bainte amach ag mo oifig go fóill, ach tá súil agam le himeacht ama agus má thagann feabhas ar chúrsaí eacnamaíochta go mbainfear amach an sprioc sin.

Sé an phríomhchúis gur tugadh cuireadh domsa teacht i bhur láthair inniu ná labhairt faoi Cheannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla atá foilsithe ag an Rialtas. Cé gur ndearnadh leasaithe ar forálacha éagsúla de chuid an Acht roimhe seo is iad seo na céad mhór leasaithe atá á mholadh a dhéanamh ar an Acht agus an chéad uair in imeacht deich mbliana a rinneadh athbhreithniú ar fheidhmiú an Achta. Eascraíonn an t-athbhreithniú seo as gealltanas a tugadh i gclár an Rialtais go ndéanfaí athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla chun a chinntiú go mbainfear an leas is fearr as caiteachas ar an teanga chun an teanga a fhorbairt agus chun a chinntiú go bhforchuirtear dualgas go chuí de réir éilimh ó shaoránaigh. Ní easaontaím leis an gcuspóir sin agus luíonn sé le réasúin go ndéanfaí athbhreithniú ar phíosa úr nua reachtaíochta tar éis é a bheith ag feidhmiú ar feadh tamaill de bhlianta. Ní féidir a shéanadh ach go bhfuil pobal líonmhar sa tír se ar mian leo a gcaidrimh a dhéanamh leis an Státchóras trí Ghaeilge. Tá an pobal seo scaipthe fud fad na tíre agus é de cheart acu go gcaithfí go chóir leo agus iad ag lorg bunseirbhísí riachtanacha in a dteanga féin, céad teanga oifigiúil na tíre seo.

Anois agus an t-athbhreithniú seo a thabhairt go dtí céim na reachtaíochta, ní cheart go ligfí i ndearmad bunchuspóir an Achta, is é sin an Ghaeilge a chur chun tosaigh chun críoch oifigiúil sa Stát. Ba phíosa reachtaíochta ceannródaíche a bhí in Acht na dTeangacha Oifigiúla agus é múnlaithe ar reachtaíocht teanga a bhí in úsáid i gCeanada agus sa Bhreatain Bheag. Tá an deis anois ann leas a bhaint as na ceachtanna atá foghlamtha againn le blianta beaga anuas ag cinntiú go dtiocfadh an tAcht leasaithe chun sochar na ndaoine sin ar mhian leo a gcuid gnó a dhéanamh leis an Stát trí Ghaeilge. Má tá aon ní foghlamtha again le deich mbliana anuas is é sin nach féidir le reachtaíocht teanga feidhmiú i bhfolús. Teastaíonn struchtúr agus córas tacaíochta a chinnteodh go mbunaítear cultúr sa Státchóras a n-aithníonn an riachtanas agus an tábhacht a bhaineann le bheith ag freastal orthu siúd ar mian leo seirbhísí a bheith curtha ar fáil dóibh i gcéad teanga oifigiúil na tíre seo. Thar aon ní eile, ní féidir seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge gan an acmhainn foirne a bheith ann chun an méid sin a dhéanamh. Tá sé aitheanta cheanna féin agus ní gá domsa an argóint a dhéanamh in athuair, go bhfuil easpa mhór foirne le cumas Gaeilge sa státchóras faoi láthair. Caithfear dul i ngleic leis seo ar bhealach cuimsitheach a aithníonn an cohórt foirne atá de dhíth chun gur féidir leis an Stát leibhéal sásúil seirbhíse a chur ar fáil trí Ghaeilge. Gan é seo a bheith curtha ar fáil beifear de shíor ag streachailt le seirbhísí mar is ceart a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Níl sé i gceist agam, agus go deimhin ní bheadh chuí dom bheith sáite in aon díospóireacht pholaitiúil faoi na ceannteidil atá foilsithe ag an Rialtas. Tá de chumhacht agam tráchtaireacht a dhéanamh ar fheidhm phraiticiúil agus ar oibriú an Achta agus ní dochar dom trácht a dhéanamh chomh maith ar an tuarascáil a d’eisigh an chéad Choimisinéir Teanga i Mí Iúil 2011 maidir le feidhmiú an Achta. Bhí na tuairimí a nochtadh sa tuarascáil sin bunaithe ar thaithí na mblianta ar fheidhmiú an Achta mar aon leis an gcleachtas a bhí in úsáid i dtíortha eile. Tacaím mar Choimisinéir Teanga anois leis na moltaí tomhaiste stuama a rinne inti. Is mian liomsa mar a rinne an tuarascáil ar fheidhmiú an Achta, déileáil leis an riachtanas speisialta teanga a bhaineann le soláthair seirbhísí stáit sa Ghaeltacht. Ba cheart go mbeadh ar chumas an Stáit seirbhísí ar chomhchaighdeán a chur ar fáil trí Ghaeilge do phobal na Gaeltachta. Ní éileamh míréasúnach é sin.

In imeacht na mblianta tá imscrúduithe go leor déanta ag mo oifig i léiriú easpa cumais an Stáit seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Leitheadaí maorpobail gan Ghaeilge i gceantair Ghaeltachta Conamara, seirbhísí cigireachta réamhscoile a bhí i mBéarla amháin, cur chuige an córas oideachais i Leith na Gaeltachta agus lion suntasach gardaí i gceantair Ghaeltachta Ghaoth Dobhair gan Ghaeilge.

Má aithníonn an Stát seo an stádas teangeolaíochta a bhaineann le ceantair Ghaeltachta, nár cheart mar sin go gcosnódh an reachtaíocht teanga cearta na bpobail sin a gcuid seirbhísí a fháil trí Ghaeilge. D’fhéadfaí an cás a dhéanamh nach raibh cúram mar is ceart déanta ón tús, de sheachadadh seirbhísí stáit trí Ghaeilge sa Ghaeltacht nuair a tháinig an tAcht i bhfeidhm sa chéad lá riamh.

Tá an deis ann anois ach an toil a bheith ann chuige sin a chur ina cheart. Ní chuireann aon statistic a bhí luaite sa cháipéis a d’fhoilsigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta mar thráchtaireacht ar thorthaí an tsuirbhé, a bhí mar chuid den phróiseas athbhreithnithe an Achta aon iontas orm. Léiríodh ansin gur chuir beagnach gach freagra, ord 99% go deimhin, in iúl go raibh sé tábhachtach nó an-tábhachtach go mbeadh oifigí comhlachtaí poiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht nó atá ag freastal ar phobail Ghaeltachta líofa i nGaeilge. Ba chóir prionsabail soiléir a leagan síos i bpríomh reachtaíocht teanga na tíre seo go gcaitheadh Gaeilge ar a dtoil a bheith ag fostaithe an Stáit a bhíonn lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó a bhíonn ag tabhairt seirbhíse don phobail sna ceantair aitheanta sin. Cuideoidh dualgas soiléir reachtúil den chineáil seo le cultúir a bhunú sa státchóras go gcaithfear aird faoi leith a thabhairt ar an mbealach a chuirtear seirbhísí ar fáil sna ceantair Ghaeltachta. Ba chóir seo a dhéanamh sa reachtaíocht féin seachas mar chuid de aon scéim teanga.

Mar tá ceisteanna ann chomh maith, faoin easpa feidhmiúlachta i measc na scéimeanna teanga. Tá sé aitheanta cheana féin nach bhfuil ag éirí mar ba chóir le córas na scéimeanna teanga an bhunfheidhm a bhí leo a bhaint amach. Dúirt an Dr. John Walsh, mar shampla, in alt in iris Comhar Mí an Mhárta i mbliana agus é ag déanamh tagairt do na scéimeanna teanga, “tá cuid de na gealltanais chomh lag sin, nárbh fhiú am agus acmhainní a chur amú á ndaingniú i gcáipéis reachtúil”. Níl aon cheist ann ach go bhfuil roinnt scéimeanna teanga níos fearr ná a chéile agus d’éirigh leo an méid áirithe seirbhísí fiúntacha breise a chur ar fáil trí Ghaeilge. Ach mar chóras tá mé amhrasach maidir lena bhfíor éifeacht agus is léiriú é an easpa tráthúlachta a bhaineann le haontú scéimeanna teanga nua go bhfuil ag cliseadh ar an gcóras le tamall fada de bhlianta. Tá samplaí feicthe againn freisin de bhealaí ar éirigh le heagraíochtaí Stáit gealltanais a bhí tugtha acu i scéimeanna teanga a leasú nó nár fheil tionchar na ngealltanas sin dóibh. Cé gur tréith maith an tsolúbthacht a bhaineann le scéimeanna teanga uaireanta ní chun leasa cearta teanga a théann an iomarca solúbthachta. An moladh atá agamsa mar Choimisinéir Teanga ná go maolófaí go mór réimse feidhme na scéimeanna teanga. In ionad an chórais reatha molaimid go leagfaí dualgais dhíreacha i bhfoirm rialachán ar chatagóirí de eagraíochtaí Stáit ag brath ar an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal agus an cineáil seirbhíse a bhíonn á gcur ar fáil acu.

D’fhéadfadh córas níos teoranta a fheidhmiú do na scéimeanna teanga a thacódh leis na rialacháin sin. Ba le leas lucht labhartha na Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht a bheadh sé seo.

Dírim aird chomhaltaí an Chomhchoiste ar an tuarascáil ar fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus ar an óráid seo atá ar shuíomh idirlín na hoifige agus tá súil agam go mbeidh an dá cháipéis mar thaca daoibh agus sibh ag scrúdú an Bhille seo.

Mar fhocail scoir, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do phobail bríomhar na Gaeilge agus na Gaeltachta agus do na heagraíochtaí Gaeilge atá tar éis léiriú gur cás leo an leibhéal seirbhíse trí Ghaeilge atá ar fáil ón ár státchóras féin. Is cúraim don Oireachtas anois atá sé na glórtha sin a chloisteáil agus an reachtaíocht fheiliúnach a chur in áit a chinnteoidh go mbeidh cosaint teanga mar is ceart ar fáil dóibh siúd arbh í an Ghaeilge an rogha teanga agus iad i mbun teagmhála le státchóras na tíre seo.

A Chathaoirligh agus a Chomhaltaí an Oireachtais gabhaim buíochas libh as bhur bhfoighne agus as ucht cluas éisteachta a thabhairt dom inniu.

Go raibh maith agat as ucht an ráitis sin, a chur os ár gomhair agus anois iarraim ar Fhoras na Gaeilge labhairt os comhair an Choiste.

Mr. Liam Ó Maolmhichíl

Go raibh maith agat, a Chathaoirligh, as an deis seo a thabhairt dúinn an chur i láthair a dhéanamh chomh maith. Agus ar dtús ba mhaith liom na daoine atá in aice liom agus in éineacht liom a chur i láthair chomh maith, Ferdia Mac an Fhailigh an Príomhfheidhmeannach den Fhoras, Seán Ó Chuinn an leas-phríomhfheidhmeannach agus Eamon Ó hAragáin an stiúrthóir seirbhísí forbartha. Agus do bhí sé i gceist againn agus tá sé sa pháipéar a chuireadh in bhur láthair an cúlra den fhoras a thabhairt agus chomh maith leis sin na feidhmeanna reachtúla atá ag an bhForas. Níl sé i gceist agam an chuid sin de a léamh ach ba mhaith liom dul ar aghaidh go dtí na príomhchúramaí atá orainn mar a fheicimid iad. Agus ar dtús ba mhaith liom a rá go ndéanfaimid ár ndícheall cabhrú le cur i bhfeidhm an Achta na dTeangacha Oifigiúla agus An Straitéis 20 Bliain agus tá sé sin ráite againn arís agus arís eile.

Dé réir na reachtaíochta faoin a fheidhmíonn Foras na Gaeilge tá ocht gcinn de eagraíochtaí a chuireann Foras na Gaeilge bunmhaoiniú ar fáil dóibh agus cuirimid an bunmhaoiniú ar fáil do 11 eagraíocht eile lena chois sin. Ar na tionscadail is mó atá againn i bhForas na Gaeilge faoi láthair áirím athstruchtúrú ar an earnáil bunmhaoinithe seo. Agus tá fhios ag an tsaoil go bhfuil sé sin ar siúl le tamall.

Nuair a bunaíodh Foras na Gaeilge i 1999 aistríodh cúram na n-eagras Gaeilge a bhí ag fáil maoinithe ón Stát sa dá dhlínse chuig Foras na Gaeilge. Ciallaíonn sin gur fágadh ocht gcinn déag de na naoi gcinn déag de eagrais bunmhaoinithe atá ann ag Foras na Gaeilge le huacht. An t-aon eagras úr atá againn ná Raidió Fáilte a chuireann seirbhís raidió pobail ar fáil do phobal na Gaeilge i mBéal Feirste. Ar an tarna lá de Nollaig 2009 do thug an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas treoir d’Fhoras na Gaeilge athstruchtúrú a dhéanamh ar an earnáil bunmhaoinithe agus i Mí Iúil 2013 do thug an Chomhairle Aireachta faomhadh don mholadh a rinne Foras na Gaeilge maidir le sé cheann d’eagraíocht a bheith i gceannas ar sé mhór réimse straitéiseacha. Agus is iad na réimsí san ná, Gaeloideachas agus tumoideachas agus réamhscolaíocht lán Ghaeilge; oideachas in earnáil an Bhéarla agus do aosaigh agus deiseanna úsáide do dhaltaí scoile; forbairt phobail agus eacnamaíochta; deiseanna a thacaíonn le húsáid na Gaeilge agus le bunú gréasáin; ardú feasachta, cosaint teanga, agus ionadaíocht; agus forbairt dheiseanna úsáid na Gaeilge agus gréasán do dhaoine óga.

Chomh maith leis sin, moladh scéim raidió pobal a fhógairt agus maoiniú a chur ar fáil don áisionad lán Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile Naomh Mhuire i mBéal Feirste le háiseanna teagaisc agus foghlama a chur ar fáil d’earnáil na gaelscolaíochta ó Thuaidh. Tá an moladh faoi na sé cheann d’eagraíochtaí bunaithe ar chur chun cinn na comhpháirtíochta ag súil go mbeidh na ceann eagraíochtaí agus Foras na Gaeilge ag obair go dlúth lena chéile leis an teanga a chur chun cinn agus ráiteas físe Fhoras na Gaeilge a chur chun cinn chomh maith. Sin an Ghaeilge a bheith neadaithe agus normalaithe i measc na mórphobail agus feasacht fhorleathan a bheith ar shaíocht na Gaeilge.

Chomh maith leis na moltaí thuas, aontaíodh ar dhá fhóram a bheith ann, an chéad cheann an fóram comhpháirtíochta chomhdhéanta de na sé ceann d’eagraíochtaí, cathaoirleach an fhóraim fhorbartha teanga agus fóram na Gaeilge. Sé an aidhm atá leis an bhfóram ná dlús a chur leis an gcomhoibriú agus leis an gcomhpháirtíocht. An tarna cheann ná fóram forbartha teanga, chomhdhéanta de dhaoine atá ionadaíoch ar phobal na Gaeilge ar fud an oileáin agus atá ag fáil maoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Sé an aidhm atá leis an bhfóram seo ná thionchar an phobail ar na pleananna agus ar na ceann eagraíochtaí agus ar fheidhmiú na bpleananna sin agus moltaí a chur faoi bhráid an fhóraim chomhpháirtíochta.

Nuair a ghlac an Chomhairle Aireachta leis na moltaí a chur Foras na Gaeilge chun cinn i ngach réimse, is iad na grúpaí a roghnaíodh ná: na Gaelscoileanna le gaeloideachas agus tumoideachas agus réamhscolaíocht a chur chun cinn; Gael Linn le earnáil oideachais an Bhéarla agus d’aosaigh agus deiseanna úsáide do dhaltaí scoile; Glór na nGael le forbairt phobail agus eacnamaíochta; Oireachtas na Gaeilge le deiseanna a thacaíonn le húsáid na Gaeilge agus le bunú gréasáin; Conradh na Gaeilge le hordú feasachta, cosaint teanga agus ionadaíocht; agus Cumann na bhFiann le forbairt deiseanna úsáidte Gaeilge agus gréasáin do dhaoine óga. Tá an scéim raidió phobail fógartha agus measúnú ar siúl ar na hiarratais faoi láthair. Tá plé ar siúl leis an áisionad maidir le leanúint de bheith ag soláthair áiseanna i mBéal Feirste. Tá plé ar siúl leis na ceann eagraíochtaí maidir le buiséad agus sceideal fostaíochta i ngach ceann ar leith.

Chomh maith le maoiniú a chur ar fáil do na ceann eagraíochtaí, seo sampla agus ní liosta iomlán cuimsitheach d’obair a dhéanann Foras na Gaeilge leis na cúraimí atá ar an eagraíocht a chomhlíonadh agus leis an teanga a chur chun tosaigh. Tá an obair ar fad a dhéanann Foras na Gaeilge dírithe ar an ráiteas misin ag Foras na Gaeilge, mar a dúirt mé cheanna, úsáid sa saol laethúil a mhéadú agus a normalú agus saíocht na Gaeilge a chur i láthair an tsaoil. Agus dá réir dírithe ar forsprioc na straitéise Gaeilge sin, 200,000 cainteoir Gaeilge a bheith ann faoi 2030. Tá foclóir nua Béarla Gaeilge á fhorbairt. Do sheol Uachtarán na hÉireann, Micheal D. Higgin, an leagan leictreonach in Eanáir 2013 agus faoi láthair tá 58,000 aonad céile ar an suíomh agus faoi dheireadh Mí na Samhna 2015 beidh leagan leictreonach iomlán den fhoclóir ar fáil ina mbeidh 130,000 aonad céile. Faoi dheireadh Mhí an Mheithimh i mbliana beidh 74,000 aonad céile ar an suíomh agus anuas ar seo tá an suíomh www.breisfoclóir.ie ar fáil. Sin leagan digiteach incuairte d’fhoclóir de Bhaldraithe agus d’fhoclóir Uí Dhónaill.

Tá forbairt leanúnach á dhéanamh ar an bunachar náisiúnta téarmaíochta ar le Foras na Gaeilge é. Tá 168,000 téarmaí Gaeilge ar fáil ar an suíomh agus táimid ag cur leis i gcónaí. Déantar níos mó ná milliúin cuardach sa mhí go rialta ar an suíomh seo.

Faoi Scéim Phobail Ghaeilge tá maoiniú á chur ar fáil do 19 de Oifigeach Forbartha ag obair le plean aontaithe a chur i bhfeidhm ina gceantair féin. Tá Scéim na gCampaí Samhraidh agus Scéim na n-Imeachtaí Óige ann le deis a thabhairt do dhaoine óga agus os cionn 5,000 duine idir an dá scéim an teanga a úsáid ag imeachtaí spraoiúla taobh amuigh den seomra ranga. Tá Scéim na gCompleachtaí Drámaíochta ann le deis a thabhairt do lucht drámaíochta léirithe i nGaeilge a chur ar fáil. Tá Scéim na bhFéilte ann le maoiniú a chur ar fáil do imeachtaí Gaeilge ag féiltí éagsúla ar fud an oileáin.

Tá uirlisí aistriúcháin agus traenála mar aon le séala do aistreoirí agus do eagarthóirí forbartha agus i bhfeidhm ag Foras na Gaeilge. Cuireann An Gúm téacsleabhair cosúil le Séidean Sí ar fáil chun áiseanna foghlama agus teagaisc a bheith ar fáil d’earnáil na Gaelscolaíochta, trí Chlár na Leabhar Gaeilge cuirtear tacaíochta ar fáil d’fhoilsitheoirí na Gaeilge os cionn €700,000 do 18 gcomplacht agus riarann siad an scéim scríobh leabhair atá dírithe ar dhaltaí bunscoile a chur ag scríobh agus ag léamh. Tríd na Scéimeanna Colmcille tógtar naisc idir phobail na Gaeilge in Éirinn agus pobail na Gaelic in Albain. Déanann Áis leabhair Ghaeilge a dháileadh agus tá siad ag brath ar scéim na margaíocht a dhéanamh ar leabhair Ghaeilge a fhógairt go luath.

Rinne Foras na Gaeilge taighde uile oileáin i Mí Deireadh Fómhair agus Mí na Samhna 2013 agus léiríonn na luath-thorthaí go bhfuil bá an phobail go fóil láidir ó thaobh na teanga de 77 gcinn ó dheas agus 45 ó thuaidh sásta leis an teanga. Léiríonn an taighde chomh maith go bhfuil méadú tagtha ar lion na ndaoine a labhraíonn Gaeilge go laethiúil nó go seachtainiúil 13 ó dheas agus 12 ó thuaidh. Chomh maith leis seo tá cúpla rud nua ag teacht, tá conradh dár luach níos mó ná milliúin thar ceithre bliana fógraithe ar na mallaibh le nuachtáin ar line a fhoilisiú a bheidh ar fáil saor in aisce ag pobail na Gaeilge. Beidh fógra ann an tseachtain seo ar chonradh dár luach €240,000 thar trí bliana le hiris stíl mhareachtála arlíne a chur ar fáil saor in aisce. Beidh fógra san fhómhair maidir le hiris níos troime a fhoilisiú thar trí bliana. Sé an aidhm leis an tionscadal se oar fad ná scéimeanna Clár na Leabhar Gaeilge agus Scríobh na Gaeilge a chothú. Beidh an dá iris ag mealladh agus ag cothú pobail leitheoireachta agus ag an am céanna ag cothú iriseoireacht na Gaeilge. Táimid ag obair ar striatéis leitheoireachta do Fhoras na Gaeilge le cur le líon na leitheoirí a léieann ábhar i nGaeilge. Chomh maith leis sin, tá plé ar siúl le hÚdarás na Gaeltachta agus leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir leis na bailte seirbhíse Gaeltachta agus na líónraí Gaeilge. Tá súil againn i bhForas na Gaeigle Scéim le haghaidh líonraí Gaeilge a fhógairt san Fhómhair.

Faoi láthair tá oifigí ag Foras na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feiriste, i Rath Chairn a fuair muid nuair a haistríodh Bord na Leabhar Gaeilge chuig an Fhoras agus i nGaoth Dobhair a osclaíodh i Mí Meán Fómhair 2010 faoin chlár díláraithe. Ba mhór an ónóir dúinn cuireadh a fháil labhairt leis an gComhchoiste inniu agus beidh áthas orainn aon cheist atá agaibh a fhreagairt go raibh mile maith agaibh.

Go raibh maith agat as ucht an ráitis sin agus iarraim anois ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath labhairt ós comhair an Choiste.

Mr. Ciarán Mac Murchaidh

A Chomhaltaí Thithe an Oireachtais is mian liom buíochas a ghlacadh leis an fhochoiste as an chuireadh teacht in bhur láhtair inniu chun plé a dhéanamh ar na dréacht mholtaí atá foilsithe ag an Rialtas mar chuid den phróiseas athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is mise Ciarán Mac Murchú tá mé mar cheann scoile ar FIONTAR in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus tá an Dr.Peadar Ó Flathartha léachtóir sínsearach le Gaeigle in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i mo chuideachta anseo inniu fosta.

Achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla sa bhliain 2003 le tacaíocht iomlán thithe an Oireachtais ba é sin an chéad uair ar achtaíodh dlí chun éifeacht a thabhairt don seasamh atá ag an Ghaeilge in alt a hocht de Bhunreacht na hÉireann 1937. Cé go raibh nuaíocht ag baint leis an reachtaíocht sa tír seo ag an am is léir go raibh tiochur ar an reachtaíocht ag forbairtí i reachtaíocht teanga a bhí ag titim amach go hidirnáisiúnta agus ag achtanna teanga a bhí rite i gCeanada agus sa Bhreatain Bheag ach go háirithe.

Sa bhliain 2011 d’fhógair an Rialtas go raibh sé socraithe athbhreithniú a dhéanamh ar an acht mar chuid de Chlár an Rialtais 2011 – 2016. Mar chuid den athbhriehtniú sin reachtáil an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta próiseas comhairliúcháín poiblí. D’fhreagair 1,467 duine suirbhé arlíne agus chomh maith leis sin fuair an Roinn 262 aighneacht eile. Sílim gurbh fhiú féachaint go mear ar chuid de thorthaí de thorthaí an tsuirbhé sin. Chuir beagnach gach freagóir idir 97 – 99% in iúl go raibh sé tábhachtach go gcuirfeadh comhlachtaí poiblí seirbhísí ar fáil i nGaeilge. Go raibh sé tábhachtach go núsáidfeadh comhlachtaí poiblí an Ghaeilge ar chomharthaí lena n-áirítear comharthaí bother agus sráide, stáiseanóireacht , fógraíocht agus fógraí ó bhéal. Gurbh fhearr leo dá gcuirfí fhoilsiúcháín oifigiúla ar fáil i nGaeilge nó go dátheangach. Go raibh sé tábhachtach nó an-tábhachtach go mbeadh oifig ag comhlachtaí poiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht nó atá ag freastal ar phobail Ghaeltachta líofa sa Ghaeilge.

Bhí tromlach na bhfreagróirí idir 53 – 59% míshásta nó an-mhíshásta áfach le seirbhísí a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil sa Ghaeltacht faoi láthair. Míshásta nó an-mhíshásta le seirbhísí neamhphearsanta i nGaeilge foirmeacha iarratais, billeoga eolais, brochiúr, foilsiúcháin cumarsáide i scribhinn etc. Míshásta nó an-mhíshásta le caighdeán na seirbhísí pearsanta atá ar fáil i nGaeilge seirbhísí teileafóin agus fáiltithe cruinnithe etc. Le gcur féidir le athbhreithnithe ar éifeacht an Achta is gá dár linn cuspóir an Achta a thabhairt chun chuimhne. San fhoiliúcháín Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 osradharc dhearbhaigh an Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta cuspóir an Achta mar seo a leanas; ‘Is é bun-chuspóir an Achta ná soláthair níos mó do sheirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil ón tseirbhís phoiblí ar chaighdeán níos airde bainfear é seo amach go príomha trí dhualgas reachtúil a chur ar Ranna Stáit agus ar chomhlachtaí poiblí a leithéad de sheirbhísí a sholáthair ar bhealach chomhtháite trí chreat pleanáil reachtúil ar a dtúgtar scéim a bheidh le hathnuachan gach trí bliana le haontú an Aire agus ceann an comhlacht poiblí atá i gceist. Úsáidfear an próiseas seo chun feabhas suntasach céimiúil a bhaint amach thar tréimhse ar leibhéal na seirbhísí trí Ghaeilge a chuirfear ar fail’. Déanann formhór na ndréacht mholtaí atá foilsithe ag an Rialtas tagairt do chuí chóiriú riaracháin nó laghdú a dhéanamh ar an uallach riaracháin. Ó tharla an chuspóir seo a bheith chomh tábhachtach agus a tugadh le tuiscint is féidir linn sprioc a bhaint amach ar bhealaí níos éifeachtaí a chuireas le seirbhísí i nGaeilge a bheith ar fál go saoráideach don saoránach. An bealach is éifeachtaí ar fad chun seirbhísí Gaeilge a sholáthair ná dualgais agus oibligeáidí díreacha a chur ar an státchóras agus córas cúitimh a shocrú lena chur i bhfeidhm ar chomhlachtaí poiblí nach gcomhlíonann an dlí.

Is féidir córas cúitimh den chineáil seo a reachtú faoi alt 27 den Acht dár linn. I ráiteas a rinne an t-iarChomhisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin ós chomhair an fhochoiste seo ar an 13 Eanáir an bhliain seo mhol sé gur cheart go mbeadh seirbhísí á gcur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta in a dteanga féin gan cheist gan choiníoll agus mura bhfuil sin ar fáil go bhfuil an státchóras ag rá le muintir na Gaeltachta labharaigí Gaeilge le chéile ach ná labhairigí linne í. Is fada idir an soláthair seirbhísí teanga atá molta ag an iar-Choiminiséir Teanga sa ráiteas sin agus an staid reatha agus ní léir go bhfuil mórán moltaí curtha chun cinn i measc dréacht mholtaí an Rialtais chun feabhais ar bhonn céimiúil a chur ar an staid reatha. Is den riachtanas é aghaidh a thabhairt ar an cheist seo trí mholtaí a fhorbairt a chuirfidh freagrachtaí díreacha ar eagraíochtaí agus institúidí poiblí atá ag feidhmiú sna contaetha Gaeltachta agus ar chomhlachtaí poiblí agus institúidí eile a dhéanann freastal ar phríomh réimhsí de shaol na Gaeltachta ar a n-áirítear an t-Oideachas, an sláinte, an dlí agus an ceart, ag tabhairt áird ar leith ar na príomh phointí teagmhála idir an saoránach agus an státchóras.

De bhreis ar seo, de bharr go bhfuil fás leanúnach ag teacht tar lion na gcainteoirí Gaeigle sna ceantair uirbeacha agus i mórcheantair Bhaile Átha Cliath go háirithe tá gá le dualgais den leibhéal chéanna a chur ar na comhlachtaí stait a dhéanann freastal ar na ceantair sin.

Bheadh sé inmholta go mbeadh na moltaí seo ag teacht le mianta an phobail mar atá léirithe i dtorthaí an phróisís chomhliúcháin phoiblí. Tá an scéim teanga ar cheann de na phríómh bhealaí in Acht na dTeangacha Oifigiúla le seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil. Tógadh an chur chuige seo as Acht Teanga na Breataine Bige agus tá go leor plé déanta ar liúntas an chur chuige chéanna. Is fíor le rá gur chur chuige é a fhéilíonn foinsí agus achmhainní riaracháín agus bainistíochta san eagraíocht a mbaineann an scéim léi agus sa Roinn a bhfuil freagracht uirthi scéimeanna a aontú leisna comhlachtaí poiblí. Má leantar le córas na scéimeanna teanga caithfear a chinntiú go mbíonn an tacaíocht seo ar fáil le gur féidir an córas a fheidhmiú go héifeachtach. Tá sé molta go sínfidh tréimhse na scéimeanna ó thrí bliana go seacht mbliana. Má chuirtear síniú le tréimhse feidhme na scéimeanna bheadh sé riachtanach go leagfaí amach go beacht spriocanna agus aschur cinnte de réir gach bliain féilire. Tá cúram monatóireachta na scéimeanna ar Oifig an Choiminiséara Teanga agus is ar chonradh seacht mbliana a cheaptar an Choimisinéir Teanga. Dá sínfí tréimhse na scéimeanna amach go seacht mbliana mar atá molta ag an Rialtas is léir dár linn go gcruthófaí deacrachtaí maidir le monatóireacht éifeacht ar na scéimeanna.

Is ar mhaithe le dea-chleachtais riaracháin a mholtar sna dréacht mholtaí síneadh ar thréimhse ama na scéimeanna. Mar a luadh cheanna féin laghdófaí ar an uallach riaracháin dá mbogfaí príomh aschur na scéimeanna isteach mar dhualgas dhíreacha isteach i gcorp na reachtaíochta. Is fiú a lua arís gur tógadh chur chuige na scéimeanna teanga as reachtaíocht na Breataine Bige agus go bhfuil Rialtas na Breataine Bige tar éis imeacht ó chuir chuige na scéimeanna teanga agus go bhfuil glactha acu le córas caighdeán a leagtar síos do na comhlachtaí poiblí. B’fhiú iniúchadh iomlán a dhéanamh ar chóras nua na gcaighdeán sa Bhreatan Bheag sula socraítear fanacht anseo le córas na scéimeanna teanga in Éirinn. Moltar sma dréacht mholtaí go gcuirfí alt nua le hAcht na dTeangacha Oifigiúla a thabharfaidh ceart don saoránach leagan Gaeilge dá hainm nó dá ainm agus dá seoladh nó dá sheoladh a úsáid agus iad ag deileáil le comhlachtaí poiblí. Moltar sa dréacht mholtaí go bhfágfaí faoi dhiscréid an Aire an t-alt seo a thabhairt chun cinn de réir scála ama a thabharfaidh deis do chomhlachtaí poiblí a gcuid córas a chur faoi réir don athrú. Cuirfidh sé iontas ar shaoránaigh a chloisteáil nach bhfuil an ceart seo acu cheanna féin. Ceart atá ar fáil do shaoránaigh ar fud an domhain faoi reachtaíochta idirnáisiúnta. Molaimid an ceart seo a bhronnadh a luaithe agus is féidir.

Tá tagairt déanta agam níos luaithe do scéim cuitimh chun a chinntiú go gcuirtear an dlí i bhfeidhm. Moltar forbairt a dhéanamh ar scéim dá leithead chun spreagadh a thabhairt do na comhlachtaí poiblí le cúram ceart a dhéanamh de chearta teanga agus lena chur in iúl don saoránach go bhfuil meas ag an stát ar a chearta teanga. Is léir ó aisfhreagairt an phobail tríd an phróiseas comhairliúcháin poiblí agus ó imscrúduithe an Choiminiséara Teanga go bhfuil easpa foirne sa tseirbhís phoiblí go bhfuil ar a gcumas a gcuid curaimí gairmiúla a chur i gcrích sa dátheanga oifigiúla. Ní féidir an scéal seo a chur ina cheart gan polasaí ceart earcaíochta a thabhairt isteach sa tseirbhís phoiblí a thabharfaidh aitheantas chuí do chumas gairmiúil sa dátheanga. De bhreis ar sin, tá gá le córas oiliúna agus tacaíochta chun forbairt a dhéanamh ar chumas teanga na n-oibrithe i gcomhlachtaí poiblí an stáit. Is ceart an deis a thapú anois dár linn chun foráil a bheachtú leis an torthaí sin a bhaint amach sula gcuirfear tús le beartais nua ear caíochta.

Agus sina bhfuil de ráiteas uainn agus táimid millteanach buíochas daoibh as an deis teacht os bhur gcomhair agus mar a deir ionadaithe eile anseo beimid breá sásta aon ábhar atá luaite againn anseo a phlé libh ina dhiaidh seo. Go raibh mile maith agaibh.

Go raibh maith agat as an ráiteas sin agus iarraim anois ar Ollscoil na hÉireann Gaillimh labhairt ós comhair an Choiste.

Mr. Dónall Ó Braonáin

Go raibh maith agat a Chathaoirligh agus a Sheanadóirí agus a Theachta thar cheann Uachtaráin na hOllscoile an Dr. Jim Browne ba mhaith liomsa agus mo chuid comhghleacaithe anseo Aodh Ó Coilleáin agus Lisa Ni Fhlathartha búiochas a ghlacadh leis an gComhchoiste as cuireadh a thabhairt dúinn teacht in bhur láthair agus tuairimí institúideach na hOllscoile a chur in iúl daoibh.

Tá na tuairimí seo bunaithe ar shaineolas agu tá siad bunaithe freisin ar chleachtas freisin sa chaoi is bhfeidhmíonn an Ollscoil capus eisiomarach go dátheangach. Tá misean institúideach agus reachtúil ag Ollscoil na hÉireann Gaillimh oideachas trí Ghaeilge agus an Ghaeilge mar theanga acadúil a chur chun cinn in Ollscoil na hÉireann ar an gcampas i nGaillimh agus in ionad Gaeltachta na hOllscoile ar an gCeathrú Rua agus Carna i gContae na Gaillimhe agus i nGaoth Dobhair i gContae Dhún na nGall. Tá breis agus deich mbliana ann ó achtaíodh an reachtaíocht seo agus fáiltíonn an Ollscoil roimh an deis feidhmiú an Acht a athbhreithniú, scagadh fuarchúiseach a dhéanamh ar fhoráileacha an Achta agus tráchtaireacht a dhéanamh ar cheannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla leasú 2014.

Dár linne gur éirigh leis an Acht bonn soiléir, seasamhach a chur faoi chearta phobail dul i gcumarsáid leis an stat trí mheán n Gaeilge, cearta úsáide teanga i suíomh ar Leith mar shampla sna cúirteanna agus anseo id Tithe an Oireachtais, feiceáileacht, feasacht agus úsáid institúideach na Gaeilge agus gradam údarás agus ceart úsáid ár logainmneacha Gaeilge. D’aithinigh an Coiminiséir Teanga sa tuairisc athbhreithne a réitíodh ar fheidhmiú ar Achta sa bhliain 2011 go raibh dúshlán áirithe ann nár mhiste aghaidh a thabhairt orthu dá mbeadh leasuithe le déanamh ar an reachtaíocht. Ina measc bhí easpa inniúlachta i measc fostaithe an stáit, seirbhís teanga a chur ar fail do phobal na Gaeilge, seirbhís a bheadh ar chomhchaighdeán le seirbhís Bhéarla, caidreamh agus leibhéal seirbhísí teanga na gcomhlachtaí poiblí chomhchaighdeán seirbhíse na chomhlachtaí úd sa Ghaeltacht, soláthair dhátheangach do fhoilsiúcháin oifigiúla an stáit, cearta phobail a rogha leagan dá n-ainm, sloinne agus seoladh a úsáid agus iad i gcomharsáid leis an stat, eagrais stáit nó comhlachtaí stáit agus chomhsheasamhacht agus straitéis fheidhmithe na scéimeanna teanga faoin Acht.

Mar institúid ard-oideachais ba cheart dúinn a rá freisin gur cás linn feidhmiú phraitriciúil an Achta ó tharla go mbíonn oiliúint gairmiúil á chur againn ar ábhar aistritheoirí agus ateangóirí ag léibhéal fo-chéime agus iar-chéime.

Thug muid suntas do lion, téigear agus géarchúis na n-aighneachtaí a chuireadh faoi bhráid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta mar chuid de athbhreithniú na Roinne úd ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Is léir agus is ríléir gur cás le pobail na Gaeilge feidhmiú agus treisiú an Achta seo bídís ag cur futhu sa Ghaeltacht nó go Náisiúnta.

Ba mhaith linn trácht a dhéanamh ar na chinteidil faoi seach de réir mar a leagtar amach iad sa gcaipéis chomhchomhairliúcháin. Tuigtear gur cinn teidil caighdeánach iad, cinnteidil a haon agus a dó agus maidir le ceannteideal a trí ar leasú é ar alt a dó den phríomh Acht. Tuigtear go bhfuiltear ag iarraidh leasú a dhéanamh ar na focail ardrúnaí agus ceann in áit a chuir Aire de réir mar si cuí. A gcead do thicniúleacht an leasaithe ní mhór a bheith cúramach go dtuigtear go soiléir cén t-údarás atá agus a bheidh freagrach as feidhmiú fhorálacha an Achta agus nach ndéantar laghdú ar lion na gcomhlachtaí freagracha trí shíor thagairt a dhéanamh don Acht um Bhainistíocht na Seirbhíse PoiblI 1997 i bhfianaise lion na n-eagrais stáit agus na gcomhlachtaí poiblí atá bunaithe ó shin i leith. I dtaca le ceannteideal a ceahtair ar leaú é ar alt a deich den phríomh Acht níor cheart dár linne leasú a mholadh ar an alt seo bunaithe ar chuinsí caola coatais amháin. Dé réir mar a mhínítear an chás sna notaí miniúcháín. Baineann dár linn ceist láithreach chomhionannais do hábhar anseo agus an clásáil idirdhealaithe in airtigeal a ceatair déag den choinbhinsiúin Eorpach um Cheart an Duinne agus Saoirsí Bunúsacha. Bainfear amach comhlíonadh na gceart agus na saoirsí a leagtar amach sa choinbhinsiúin don idirdhealú ar aon chuinse mar atá gneiss, cine, dath, teanga, creideamh, tuairim pholaitiúil nó tuairim eile bunú náisiúnta nó sóisialta baint le mionlach náisiúnta, maoin breith nó céimíocht eile.

San am chéanna glactar leis gurbh fhiú sainmhíniú a dhéanamh ar chéard is togra beartais phoiblí ann agus cineáil na gcaipéisí a thiocfadh i gceist le sainmhíniú mion. Is cinnte nár cheart go bhfágfaí cáipéisí mórchuntais a leitheidí pháipéir bhána agus pháipéir glasa as an áireamh mar thoradh ar pé ar bith cén leasú atáthar á dhul ag beartú.

Ní miste a thabhairt faoi deara go mbeidh tionchar nach beag ag na leasuithe seo ar earnáil ghairimiúil an aistriúcháin chomh maith. I dtaca le ceann teideal a cúig ar leasú é ar alt a 11 den phríomh Acht ní léir dúinn cén riachtanas a bhaineann leis an leasú molta seo agus ní thugtar míniú faoi gcineáil imthosc a d’fhéadfadh a bheith i gceist.

Dá réir sílimid go bhfuil baol ann go lagófaí ar chumhacht an Aire tabhairt ar chomhlachtaí poiblí a bhfuil athrú in ann dá fheidhm nó tacaí ar a fheidhm seirbhís chomhionann teanga a chur ar fail.

Ó thaobh ceannteideal a sé ar leasú é ar alt 13 den phríomh Acht tuigtear éirim agus mín-aidhm an leasaithe ach moltar a bheith chuid mhaith níos cáiréisí faoi fhoclaíocht an leasaithe le gcur féidir leis an stát eagrais stáit agus comhlachtaí dul i mbainní ar sheirbhísí ar chomh chaighdeán i nGaeilge agus i mBéarla.

Feictear dúinn ach gcinnteofar inniúlacht Gaeilge ag lion leorfhothaineach fóirne nó go nglacfar céimeanna súntasacha maidir le pleanáil teanga agus earcaíochta lena chinntiú go bhfuil cumas aitheanta teanga ag an bhfoireann a fhostaítear chun na críche seo. Is mó go mór an seans go mbeidh toradh leanúnach ar na hiarrachtaí seo mar chinntítear cumas teanga sula bhfostaítear foireann a mbeidh a chúraim orthu freastal ar riachtanais sreirbhísí teanga.

Is iondúil gur gá don chomhlacht poiblí nó eagrasagus stáit an cumas teanga seo a thástáil go heolaíochtúil de réir na gcleachtas measúnaithe is fearr féachain an bhfuil inniúileacht fhírinneach ag an earcach sula a ndéantar iad a cheapadh. Dé réir thaithí institúideacht Ollscoil na hÉireann Gaillimh ní mhór na nithe seo a chur sa mheá ar fheidhmiú an Achta agus na scéimeanna teanga agus inniúchadh á dhéanamh agus iniúchadh á dhéanamh ar sholáthair agus leibhéal seirbhíse teanga agus inniúlachta teanga. Sé sin éascaíocht, go mbeadh sé éasca teacht ar sheirbhís trí mhéan na Gaeilge agus go mbeadh sé forasach don phobal go bhfuil a leithéad de sheirbhís ar fáil is tugtar an tairiscint gníomhach ar sin. Leanúnachas sé sin go mbeadh an tseirbhís dhátheangach ar fáil i gcaitheamh an ama.

Chomhchaighdeán sé sin go mbeadh an caighdeán nó soláthair na seirbhíse i nGaeilge agus i mBéarla ar chomhchaighdeán agus dár linne nach dtig an tairiscint gníomhach seirbhíse teanga a chur ar fail dá noireasa na inniúlachtaí eagraíochtúla seo chomh fada lenár dtiathí féin san Ollscoil áit a ndéanfaimid sár iarracht capus dátheangach a reachtáil agus a chur ar fail do chomhluadar uile na hOllscoile idir mhicléinn agus fhoireann. Agus chomh maith leis sin is fiú an taighde idirnáisiúnta atáaige seo i gCeanada agus i dtír na mBascach.

Maidir le ceannteideal a seacht ar leasú é ar alt a ceathair déag den phríomh Acht, cuirfí fáilte roimh thimpléid saoráideach a bhféadfadh eagraíocht stáit agus comhlachtaí poiblí earraíocht a bhaint as le riachtanais daingnithe na scéimeanna a éascú. Athnítear cén cúram a caithfidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta leis an obair seo agus moltar gurbh fhiú breithniú a dhéanamh ar an moladh go sonrófaí dualgais faoin Acht sa reachtaíocht seachas i scéimeanna. D’ard tréimhse shonraithe a lua le feidhmiú scéimeanna más ann dóibh toisc go bhfuil siar athrú ar nósmhaireachtaí chomhdhéanamh agus scaipeadh phobail na teanga síntear go bhfuil géarghá le téarma seasta a lua a le feidhmiú athbhreithniú, athdhréachtadh agus faofadh scéime ar bith. Ba mba príoracht é an téarma seo a bheith réasúnta agus gan a bheith níos faoide ná cúig bliana le gur féidir dul chun cinn a mheas go tráithiúil. Bheadh a leithéad de chleachtas am-shonraithe ag teacht le moltaí agus tréimhse thollta fheidhmithe na straitéise 20 bliain don Ghaeilge agus an staidéar cuimsitheacht teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht inar tugadh le fios nach raibh de shaolré ag an nGaeigle mar theanga bheo sa Ghaeltacht ach tréimhse theoranta achar nach faide ná fiche bliain de réir údair na tuarascála. Cuireadh a leithéad le héifeachtúlacht riaradh na scéimeanna teanga sna heagrais agus comhlachtaí poiblí chomh maith, de bhrí go gcaithfí a bheith san airdeall i gcónaí ar athruithe éileamh srl.

I dtaca le ceannreideal a hocht tugtar faoi deara gur leasú é seo atá á mholadh do ghreim an leasaithe i gceannteideal a cúig. Mar a tugadh le fios cheanna ní léir cén riachtanas a bhaineann leis an leasú molta seo agus ní thugtar míniú faoin gcineáil imthosca a d’fhéadfadh a bheith i gceist.

Ceannteideal a naoi moltar nach dtitfeadh an dualgas seo faoi réir fhororadú an Aire ach go n-éascófaí an próiseas trí dháta feidhmithe chomhchoitianta a lua sa reachtaíocht do chomhlachtaí poiblí uile an stát le dáta feidhmithe nach deireanaí ná dhá mhí dhéag i ndiaidh fheidhmiú na reachtaíochta. Is baineann sé seo leis na hainmneacha agus seoltaí poist trí Ghaeilge. Síltear go gcuideoidh sé seo le chuí cóiriú na bpróisis cuí gceartaithe córais ar an múnla céanna leis an mbeartas ar a tugadh faoi roimh theacht na mílaoise mar a tugadh air ar chasadh an chéid. Bheadh sé de bhuntáiste ag an gcur chuige seo gur móide go dtarbharfaí cleachtas chomhchaighdeán i bhfeidhm ar feadh córais teicneolaíochta fáisneise na hearnála poiblí.

Ceannteideal a deich moltar go mbeadh tréimhse cinnte ama luaite leis an leasú seo sa chaoi is nach bhfuil feasacht phoiblí faoi ábhar tráchtaireachta thuairiscáil bhliaintiúil an Choimisinéir Teanga faoi mhíbhuntáiste de bharr riachtanais nó moill ó earraí oibriúcháin in Oifig an Ard Reachtaire. Toradh amháin a d’fhéadfadh a bheith ar leasú den chineáil seo nach toradh d’aon fhuaim é ach llgfí gan choinne go mbainfí den chuntasacht phoiblí an Choimisinéara Teanga trí mhoilleadóireacht phróiseála riaracháin iniúchta.

Cinnteideal a haon déag agus a dó dhéag moltar go láidir nach dtiocfadh an dá leasú seo chun cinn toisc a lárnaithe is atá saoithiúlacht an ainm eolaíochta de Dhúchas na hÉireann. Glactar leis gur cinneadh Rialtais é a thagraíonn ar chomhlachtaí poiblí ach moltar go scrúdófaí go cúramach arbh fhéidir ar choiste saineolach nach bhfuil seasamhacht reachtúil leis feidhmiú chun fónamh an stáit i bhfad na haimsire. Is fada uainn í go raibh an dámh le dtuaithe an mhúnla a chuid suntasach den tsamhlaíocht liteartha gaelach ón gcinnaimsir anuas go dtí an féin aitheantas Éireannach chomhaimsearach, tá áit ar leith ag logainmneacha sa gcoincheap seo. De bharr uilghneitheacht castacht agus sainiúlacht an réimhse léinn seo síltear gur gá i gcónaí a bheith ag leithiúnas foras aitheanta a bhféadfaí muinín a chur ann maidir le leaganacha údarásacha den logainmneacha na tire a chur ar fáil.

Agus ceannteideal a trí déag moltar go ndéanfaí crítéir na n-eisiamh a áireamh go beacht agus go soiléir sula gcuimhneófaí ar éisiamh a áireamh mar chuid den leasú se oar chor ar bith. Tá fáil ar Aodh Ó Coilleáin agus ar Lisa Ní fhlathartha agus orm féin ar ndóigh, má tá aon cheist ag ball den Choiste faoi ábhar an ráiteas sin.

Agus go raibh maith agat arís as an ráiteas sin agus de ghnáth bíonn roinnt ceisteanna ag an am seo agus i dtosach an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.

Go raibh mile maith agaibh ar fad bhí na cur i láthaireacha éagsúla thar a bheith úsáideach don obair atá ar bun ag an gComhchoiste maidir leis an athbhreithniú ar an Acht Teanga agus tá mile fáilte romhaibh ar fad. Ba cheart dom b’fhéidir fáilte faoi Leith más féidir liom caithfidh mé an duine a phiocadh amach a chur roimh an Choimisinéir Teanga nua-cheapadh Rónán Ó Domhnaill mar gurb é seo an chéad uair atá sé ag labhairt ag an gChomhchoiste áirithe seo. Mo léamh féin go scioptha ar an méid atá ráite más féidir liom é a chur i bhfocal simplí ná ó thaobh an Choimisinéara Teanga go dtagann sé leis an méid a dúirt an iarChoimisinéara ach go bhfuil sé féin ag dul céim níos faide agus níos láidre ó thaobh na dualgais atá tú ag déanamh moladh ó thaobh na rialacháin go gcuirfí rialacháin i bhfeidhm. Tá roinnt agaibh tar éis tagairt do na scéimeanna teanga. Bhí mé féin cáinteach ar an Roinn níos túisce maidir le daingniú scéimeanna feictear domsa nach bhfuil go bhfuil an Roinn tar éis loic go hiomlán ar a cuid dualgais ó thaobh daingniú scéimeanna gurb sin ceann de na deacrachtaí atá is má leanann siad ag dul ar aghaidh an chaoi a bhfuil siad nach mbeifear na scéimeanna atá i gceist a dhaingniú go ceann dhá scór bliain agus sin gan tógtha san áireamh go gcaithfear athnuachan a dhéanamh ar na scéimeanna. So is cineáil red herring atá sa rud seo faoi trí nó seacht mbliana mar de réir na figiúirí a fograíodh níos túisce tá 600 de na scéimeanna teanga nach mbeidh daingnithe faoi cheann seacht mbliana ar aon chuma go ceann dhá scór bliain de réir na figiúirí má thuigeann sibh sin. So is cuma ar trí bliana nó seacht bliana atá i gceist agam a rá ó thaobh daingniú na scéimeanna mar níltear ag athnuachan na scéimeanna sách scioptha. Sí an cheist atá ann ná uimhir a haon an bhfuil na scéimeanna ag oibriú táthar ag rá tá muintir na Breataine Bige tar éis an chleachtas seo a chaitheamh amach agus teach t ar chóras eile. Tá an Coimisinéir ag rá go mb’fhéidir go mba cheart dúinn breathnú ar rialacháin ó thaobh na dualgais reachtúla agus sílim go bhfuil Ollscoil na hÉireann Gaillimh ag teacht le cur chuige difriúil ó thaobh na scéimeanna chomh maith so b’fhéidir gurbh fhiú dúinn díriú go sonrach ar sin mar ghné áirithe a bhfuil na scéimeanna ag oibriú agus mara bhfuil céard is choir a chur ina áit agus an bhfuil an Bille nua ag du lag déanamh an rud theastaíonn ó thaobh níos mó daoine a sholáthair.

An rud eile a dhéarfainn chomh maith chéanna ón méid atá feicithe agama g an gcomhchoiste seo ná an bhfuil sé in am dúinn admháíl nach bhfuil na heagrais stáit ag comhoibriú. Is ag tarraingt fiacla atá an Coimisinéir i ndáiríre ag iarraidh comhoibriú a fháil ó na heagrais stáit. Ó na haighneachtaí uilig a chuireadh isteach ó dhaoine sa phobal agus sna heagraíochtaí dar liomsa bhí dhá Roinn stáit a bhí diúltach don méid a bhí san Acht agus a bhí ag iarraidh rudaí a lagú agus bhí na haighneachtaí pobail agus aonair ar fad ag iarraidh an Achta a láidriú. An bhfuil mé ceart sa méid atá mé ag rá? An Roinn Oideachais ach go háirithe, Roinn a bheithfeá ag súil a bheadh ag iarraidh an rud a láidriú agus an Roinn Caiteachais Phoiblí atá freagrach as daoine a fhostú sa státchóras. An rud eile atá i gceist ná ó thaobh daoine atá fostaithe sa státchóras. Rinne an iarChoimisinéir Teanga d’éirigh sé as dá bhríbheadh sé chomh maith agat a rá mar go ndúir sé go bhfuilimid ag cur dallamullóg orainn féin má cheapann muid go n-oibreoidh an córas nua earrcaíochta atá molta ag an Rialtas ó thaobh daoine a sholáthair sa státseirbhís. Ní chloisim mórán dóchais in sna ráitis atá déanta inniu go n-oibreoidh an scéim nua atá molta ná go mbeidh a dóthair daoine ar fail le seirbhís gan cheist gan choinníoll a chur ar fail don duine atá ag iarraidh deileáil leis an státchóras i nGaeilge. So cén chur chuige is comhair a bheith againn ó thaobh daoine earrcú sa státsheirbhís le Gaeilge. Bunaithe ar sin agus b’fhéidir dírithe ar an bhForas ó thaobh daoine le Gaeilge ar a bheiht freastal ar sheirbhísí agus ar an bpobal trí mheán na Gaeilge tharainn an chuí chóiriú ar na heagrais Gaeilge raic faoi dhó b’éigean daoibh dul ar ais faoi dhó ar an gcóras. Ceapadh go raibh socrú déanta maidir le sé cheann eagraíocht ach tá mise ag cloisteáil go leor míshuaimhneas faoi láthair gurb shin atá ag tarlú in san chéim is deireannaí den athchóiriú sin nó an chuí chóiriú sin ná go bhfuil slad á dhéanamh ar lion na ndaoine a bheas fostaithe ins na heagrais in sna sé cheann eagraíocht. Bhí cineáíl go leath súil dtiocfadh auid den dream a bhí sna heagraíochtaí nár piocadh isteach faoi na ceanneagraíochtaí ach anois cloisimid go bhfuil gearradh siar le déanamh ar lion na ndaoine atá sna heagraíochtaí sna sé bhuneagraíocht agus tá sé ag cur an-imní ar dhaoine. So sibhse mar eagraíocht eisimleáireach atá ag feidhmiú trí Ghaeilge ag cur na Gaeilge chun cinn an bhfuil sibhse ag gearradh siar ar an méid daoine atá fostaithe agaibh agus muid ag an am céanna ag iarraidh go bhfostódh an státseibhísí níos mó daoine le Gaeilge le freastal ar phobal na Gaeilge. Agus tá an cheist eile ansin ó thaobh inniúlacht na ndaoine ní leor daoine a chur ar chúrsa Gaeilge. Chuala muid níos túisce ón Roinn go raibh 900 duine a freastal ar chúrsaí Gaeilge a bhí curtha ar fail ag Gaelchultúir ó 2011 ar aghaidh. Chuir Peadar anseo ceist bhuel cé mhéid duine atá ag obair sa stáchóras agus cén céatadáin é sin de dhaoine sa státchóras ach an cheist eile faoi ná ar chúpla focal a bhí i gceist anseo ar daoine iad a cuireadh ar chúrsa cúpla focal ar feadh deireadh seachtaine nó an bhfuil muid ag caint ar inniúlacht Gaeilge mar a lua Dónaill Ó Breannáin agus léirigh Ciarán Mac Murchú sílim an rud céanna.

Tá difríocht an-mhór idir duine a chur ar chúrsa Gaeilge agus duine atá in ann a gcuid oibre a dhéanamh go cumasach, go paiseanta agus chomh maith céanna i nGaeilge agus i mBéarla. An bhfuil na toscairí anseo dóchasach go gcuirfidh na cinn Bhille nua agus an t-athbhreithniú daoine atá cumasach agus inniúil i nGaeilge ar fáil sa Státchóras? Tá neart eile ceisteanna agam ach sílim gur leor an méid sin le tosnú. Níor mhaith liom an t-am ar fad a thógáil.

Ar mhaith le héinne aon cheann de na ceisteanna sin a thógaint?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Labharfaidh mise faoi cheist na scéimeanna teanga agus faoi an bhfuil siad ag oibriú. Ón méid atá feicthe agam ó thosaigh mé sa bpost seo feicim gur mó tionchar i bhfad a bhíonn ag rud a bhíonn leagtha síos i reachtaíocht seachas i scéim teanga ar chomhlachtaí phoiblí, mar shampla, rudaí ar nós comharthaíocht, fógraíocht, an Ghaeilge a úsáid san Oireachtas agus na cúirteanna agus mar sin de. Is mó an tionchar a bhíonn ag an reachtaíocht ar chomhlachtaí poiblí agus feicim go bhfuil tuiscint níos fearr ag na comhlachtaí poiblí faoi na dualgais atá orthu maidir leis an reachtaíocht seachas scéimeanna teanga. Maidir leis an bpobal, feicim gur mó tuiscint atá ag an bpobal faoi chéard atá leagtha amach sa reachtaíocht seachas i scéim teanga agus nach dtuigeann siad cad iad na dualgais atá ar na heagraíochtaí nó na comhlachtaí poiblí éagsúla faoi na scéimeanna teanga. Tá doiléireacht agus éiginnteacht ag baint le sin.

An rud is mó atá tugtha faoi ndeara agam ná go bhfuil muid - na heagraíochtaí ar fad atá anseo - ar aon intinn faoi seo, go mba ceart athrú ó bhun a dhéanamh ar sin agus seachas a bheith ag brath ar na scéimeanna teanga, go mba ceart bheith ag brath ar an reachtaíocht. Táimid ar fad aontaithe gur reachtaíocht ceannródaíoch a bhí ann deich mbliana ó shin, ach nach bhfuil sé gan locht agus gur féidir leasuithe fiúntacha a dhéanamh. Tuigeann muid go bhfuil lochtanna ar chóras na scéimeanna teanga, go bhfuil fadhbanna maidir le hiad a chur i bhfeidhm agus a dhaingniú. De bharr sin, táimid aontaithe, anseo ar aon nós, go mba ceart níos mó a bheith sa reachtaíocht ó thaobh dualgais a leagan ar chomhlachtaí poiblí seachas i scéimeanna teanga.

Tagann seo ar ais chuig pointe a bhí agam i m'óráid, go mba ceart prionsabail soiléir a leagan amach sa reachtaíocht. Cuideoidh na scéimeanna teanga le lucht labhartha na Gaeilge ar fud na tíre, ach ba ceart go mbeadh prionsabal leagtha síos freisin maidir leis an Ghaeltacht - go mbeadh sé de dhualgas ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú go mbeadh Gaeilge ar a dtoil ag oifigigh iontu agus go mbeadh siad in ann cumarsáid a dhéanamh go compórdach le daoine sa Ghaeltacht, go háirithe oifigigh lonnaithe sa Ghaeltacht nó ag cur seirbhísí ar fáil sa Ghaeltacht. Ba chóir go ndéanfaí é seo sa reachtaíocht ar bhonn rialacháin agus ba cheart sin a chur i gcrích.

Ar mhaith le héinne eile freagra a thabhairt ar na ceisteanna a bhí ag an Seanadóir Ó Clochartaigh?

Mr. Ferdie Mac an Fhailligh

Ba mhaith liom labhairt maidir leis na ceann-eagraíochtaí agus cóiriú orthu. Tá seo ag dul ar aghaidh ó 2008. Bhí go leor cur agus cúiteamh agus anonn agus anall fá dtaobh de. An rud atá ráite againn ná go bhfuil an bunús athraithe ó 19 eagras, mar a bhí, go dtí sé cheann-eagraíochtaí, móide scéim raidió pobail, faoina mbeidh dhá scéim raidió maoinithe agus an tAisaonad. Beidh an buiséad céanna, liúde cibé cén ciorrú a bheid ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge, ar fáil do na naoi n-eagras sin agus a bhí ar fáil do na 19 eagras. Táimid ag caint ar bhuiséad de thart ar €5 milliún a bheidh ar fáil do na ceann-eagraíochtaí agus don scéim raidió agus don Aisionad.

Ó thaobh cúrsaí fostaíochta de, tá figiúirí luaite sa chás gnó againn agus táimid ag iarraidh go mbeidh go leor daoine sna heagraíochtaí seo. Deir daoine gur bhain seo le sábhailt airgid, ach níor bhain. Bhain seo le seirbhísí a sholáthar do phobal na Gaeilge agus ar bhealach níos fearr agus níos éifeachtaí. Bhí cruinniú den fhóram chomhpháirtíochta ann Déardaoin seo caite agus pléadh moladh ansin leis na ceann-eagraíochtaí. Tá soiléiriú le fáil againn ó na Ranna maidir le líon na ndaoine agus céatadán chaiteachais ar thuarastail, ar sheirbhísí agus ar chúrsaí reatha. Tá an soiléiriú sin lorgtha. Pléadh an moladh leis na ceann-eagraíochtaí maidin Déardaoin seo caite agus ag an mbord maidin Dé hAoine agus beidh muid i dteagmháil leis na ceann-eagraíochtaí mar gheall ar sin an tseachtain seo.

Mr. Seán Ó Coinn

I dtaca le ciorrú de, ní dóigh liom go raibh sé riamh i gceist go mbeadh ciorrú i líon na bpost a bhí sna ceann-eagraíochtaí. I láthair na huaire, tá 39 duine fostaithe sna sé ceann-eagraíochtaí agus beidh, ar a laghad, 53 fostaithe amach anseo. Má fhaigheann muid soiléiriú ar an tsolúbthacht a bheidh i gceist ag Foras na Gaeilge ó thaobh níos mó acmhainní a chur sa treo sin, d'fhéadfaimís a dhul amh le b'fhéidir 60 go 63 post. Is mó idir sin agus 39 post, mar atá sna sé ceann-eagraíochtaí i láthair na huaire.

Gabhaim buíochas leis na toscairí go léir as an gcur i láthair agus as an saineolas a thug siad dúinn. Aontaím leis an gCoimisinéir Teanga go huile agus go hiomlán, go gcaithfí go mbeidh prionsabail lárnach san Acht as seo amach maidir le caighdeán Gaeilge sna heagraíochtaí poiblí. I mo thuairim, tá na scéimeanna teanga briste. Téim i dteagmháil leis na heagraíochtaí Stáit ach ní féidir liom a rá go bhfuil aon eagraíocht díobh ag obair i gceart. Má roghnaíonn duine iarracht a dhéanamh gnó a dhéanamh trí Ghaeilge, ní bhíonn aon duine ar an dtaobh eile le Gaeilge ag an am. Bíonn ar dhuine teachtaireacht a fhágáil agus ní thagann duine ar ais chuige go ceann seachaine nó mar sin. Faoin am sin, bíonn an gnó déanta le duine éigin eile trí Bhéarla. Níl gnáth daoine sásta an iarracht sin a dhéanamh arís agus arís eile agus géillíonn siad mar ní féidir leo leanúint mar sin leis an fhadhb go brách. Bheadh na daoine seo sásta dul i dteagmháil leis an gCoimisinéir Teanga uair nó dhó, ach níl siad chun sin a dhéanamh arís agus arís eile.

Labhair muid faoi seo ar maidin agus dúirt muid go bhfuil gá le córas cúitimh. Chaithfí pionós a bheith ann - three strikes and you are out, nó rud éigin mar sin - chun go mbeidh brú ar na heagraíochtaí soláthar a dhéanamh. Tá taithí agam maidir leis an OPW, mar cuireann an t-eagras sin comharthaí suas thar timpeall na tíre. Ar dtús, bíonn na comharthaí ar fad i mBéarla. Téim i dteagmháil leis an gCoimisinéir Teanga faoi sin agus athraíonn an OPW na comharthaí agus cuireann siad suas comharthaí dhátheangach, ach trí mhí ina dhiaidh sin cad a dheineann an OPW ach comharthaí eile a chur suas i mBéarla amháin. Éiríonn daoine bréan de bheith ag dul i dtóir orthu ansin. Is léir, mar sin, nach bhfuil an córas atá ann faoi láthair ag oibriú.

Freisin, ní chlúdaíonn an tAcht atá againn gach eagraíocht Stáit ar chor ar bith. Ba chóir go mba é an default go mbeadh an brú nó an caighdeán céanna ag baint le haon eagraíocht Stáit a mbíonn i dteagmháil le daoine maidir le dul i dteagmháil le daoine atá ag iarraidh gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. An bhfuil aon smaoineamh ag na finnéithe anseo maidir le córas cúitimh? Faoi láthair, ní thagann comharthaí bóthar faoin Acht. An gceapann na finnéithe gur ceart go gclúdódh an tAcht na comharthaí bóthar?

Mr. Aodh Ó Coileáin

Is as Daingean Uí Chúis mise agus níor mhaith liom díospóireacht na gcomharthaí bóthar a oscailt.

I dtaca leis an reachtaíocht, deir alt 13 (2)(c) go gcinnteofar go bhfuil líon leor dhóthanach de fhoireann inniúil sa Ghaeilge. Is ceist eile í cad is brí le sin go praiticiúil. Sílim go bhfuil an reachtaíocht réasúnta soiléir, mar a bhíonn reachtaíocht scríofa go hiondúil, i dtéarmaí oscailte go maith. Is ceist eile í, cad is leor dhóthanach ann.

Ceist eile ná cén chaoi a ndeintear teist ar inniúlacht?

Cén caighdeán acadúil a bheadh ann? Dá mbeadh muid ag déanamh an rud céanna ó thaobh inniúlacht sa Bhéarla sa Státchóras, an bhfuil aon teist ann. Céard atá i gceist le seo go praiticiúil?

Mr. Dónall Ó Braonáin

Tá córas san ollscoil s'againne, mar a tharlaíonn sé, ó thaobh inniúlachta a theist go díreach agus go barainneach. Bíonn mo chomhghleacaí, Lisa Ní Fhlatharta, atá anseo, páirteach sa phróiseas sin agus b'fhéidir go dtabharfaidh sí míniú air.

Ms Lisa Ní Fhlatharta

Maidir lenár dtaithí in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ó thaobh fheidhmiú an Achta, na scéimeanna teanga, inniúlacht teanga agus ceist na hearcaíochta, faoi reacht na hollscoile, tá sé de dhualgas ar an gcoiste seasta um cháilíocht teanga an cinneadh a dhéanamh maidir leis an leibhéal inniúlachta Gaeilge a bheidh luaite le post agus folúntas á líonadh ag an ollscoil. Tá sé sin bunaithe ar fhráma tagartha comónta Eorpach do theangacha, ar léibhéil éagsúla ó A1 go dtí C2. Arís, ag brath ar an bpost, cuirtear leibhéal teanga leis an bpost. Cinntítear go bhfuil riachtanais teanga luaite le poist faoi leith sna háiteanna is mó teagmhála le mic léinn, le foireann agus le pobal na hollscoile. Is é sin an rud ar a dtugtar an "seirbhís duine ar dhuine", nó na frontline services. Táimid ag iarraidh a chinntiú go mbeidh daoine le Gaeilge ansin, ag an dream a bhíonn teagmháil leanúnach acu leis an bpobal.

Díreach ar an bpointe sin, mar shampla, má tá post á fhógairt, an ndeirtear sa bhfógra poist go gcaithfí Gaeilge ar leibhéal A, B nó A2 a bheith ag an duine?

Lisa Ní Fhlatharta

Sea, deirtear.

Cuirim fáilte roimh chách anseo inniu. Go háirithe, ba mhaith liom fáilte a chur roimh an gCoimisinéir Teanga nua, Rónán Ó Domhnaill. Guím rath ar an obair atá á dhéanamh san oifig sin agus go n-éirí an t-ádh leis an gcoimisinéir.

Tá a lán ráite ag na finnéithe agus tá neart doiciméad againn le léamh agus is maith sin don obair atá ar siúl ag an gcoiste maidir leis an Acht a chur i bhfeidhm. Táimid ag éisteacht leis an méid atá á rá agus tá daoine ag éisteacht leis an díospóireacht ina hoifigí freisin. Tá seo an-úsáideach ar fad chun an tAcht a fheabhsú, mar an fáth go bhfuil muid anseo ná chun éisteacht agus chun feabhas a chur le na heads of the Bill.

Mar a dúirt an coimisinéir, tá líon mhaith de phobal na tíre a bhfuil grá acu don Ghaeilge agus a bhaineann úsáid aisti agus a dhéanann gnó trí Ghaeilge. Ba cheart dúinn uile é sin a dhéanamh i bhfad níos éasca dóibh ná mar atá sé inniu. Tá airgead á chur isteach, ach an cheist atá ann ná - an bhfuil an t-airgead á chur isteach san áit cheart? Caithfimid féachaint anois ar thoradh gach value for money review atá déanta ag gach Roinn. Deireann an tsuirbhé a rinneadh go bhfuil 56% de phobal na Gaeilge míshásta leis an seirbhís atá ar fáil faoi láthair. Caithfimid rud éigin a dhéanamh faoi seo. Is uafásach an rud é go scríobhann duine chuig an Roinn trí Ghaeilge agus go bhfaigheann sé freagra as Béarla. Níl aon leithscéal dó sin. Is uafásach an rud é freisin go mbíonn ainm duine scríofa mícheart ar seoltaí nó ar chártaí vótáls, mar nach féidir le duine an síneadh fada a chur isteach i gceart. Tá IT againn agus ní rocket science atá i gceist le CTRL + ALT agus an litir a chur isteach. One does not have to devise a new IT programme to add a síneadh fada on a voting register.

Caithfimid rudaí beaga a dhéanamh. Gach rud must be targeted, go háirithe chuig daoine sna Gaeltachtaí mar tá an gá ansin. Ach tá Gaeltachtaí ag fás aníos agus ba cheart targeting a dhéanamh ar na daoine iontu sin agus cabhair a thabhairt. Nuair a bhí an Roinn anseo níos luaithe, labhair mé faoi áiteanna cosúil le Tallaght agus Clondalkin. Tá cónaí orm féin i mBaile Átha Cliath anois agus feicim go bhfuil a lán Gaelscoileanna ag fás aníos, ach tá cuid mhaith de na Gaelscoileanna sin i community halls nó i bhfoirgnimh míshásúil. Táim ag obair leis an Roinn Oideachais faoi sin. Mol an óige agus tiocfaidh sí a deirtear. Mol an oideachas trí Ghaeilge agus tiocfaidh sé freisin. Is sna scoileanna, le páistí beaga, gur ceart dúinn agus do tuismitheoirí a bheith ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn, go háirithe sna Gaelscoileanna. Ba cheart breis oibre a dhéanamh chun foirgnimh ceart a chur ar fáil. Tá Gaelscoil na Giúise i Firhouse lonnaithe thuas staighre sa community hall. Níl sin ceart nó cóir. Ba cheart dúinne agus do na finnéithe iarracht a dhéanamh díriú ar seo a chur i gceart.

Dúirt an coimisinéir go raibh sé an sásta go raibh an post mar director a bhí folamh le cúpla bliain líonta anois. Is breá sin a cloisteáil mar léiríonn sé meas an Stáit don post sin agus don obair atá ar siúl. Maidir leis na scéimeanna Gaeilge, dúirt UCG gur cóir go mairfeadh siad trí, cúig nó seacht mbliana. Mhol mé féin go mairfeadh siad cúig bliana, mar go maireann an rialtas áitiúil an fhad sin. Sílim gur é an moladh a bhí ag UCG ná seacht mbliana, ach tuig leo leathnú a thabhairt ar sin níos moille.

Maidir le húsáid na teanga sna Ranna éagsúla, tá sé molta go mbeidh poist faoi leith nó major concentration on the reservation of special posts for staff with fluency in the Irish language. Rud maith é seo. Faoi láthair, séard atá ann ná daoine cosúil liom féin le beagán Gaeilge agus duine amháin le specialty. Níl sin ceart. Ba cheart go mbeadh níos mó daoine ann le specialty sa Ghaeilge agus go mbeadh na daoine seo focused agus ag obair le chéile chun an obair a dhéanamh i gceart, seachas píosa den obair á dhéanamh ag duine anseo agus ansiúd - where it gets half done and done half right. Molaim an cur chuige atá molta san Acht.

Nuair a bhí na daoine ón Roinn anseo níos luaithe, labhair mé faoi chostais aistriúcháin, a chosnaíonn €456,000. An cheist mhór í sin? Tá moladh déanta central aistriúchán a chur ar fáil. Is dóigh liom go mbeadh sin i bhfad níos fearr.

Maidir le Foras na Gaeilge, tá liosta fada den obair atá ar bun aige curtha os ár gcomhair. Molaim an foras as an obair atá á dhéanamh aige agus á chur chun cinn. Luaitear uirlisí aistriúchán agus uaireanta bainim úsáid as na huirlisí sin. Dúirt an foras go raibh sé chun nuachtán nua a chur ar líne.

Tá a lán ráite anseo faoi na scéimeanna. Tá taithí agam ar scéim amháin ón uair a bhí mé ar Chomhairle Contae Átha Cliath Theas. Táim cinnte go bhfuil an scéim sin ag obair. I 1991, ní raibh aon scéim ann, ach nuair a tháinig an scéim isteach agus nuair a thosaigh muid ag obair uirthi, bhí fócas maith ar an teanga sa chomhairle agus rinneamar iarracht rudaí a dhéanamh tríd an scéim sin. Mar shampla, le scéim an tidy towns, rinneamar iarracht ainmneacha siopaí a chur as Gaeilge agus rudaí beaga eile mar sin.

Bhí comharthaí Gaeilge timpeall fhoirgeamh an chomhairle contae freisin agus cuireadh initiatives mar sin a bhí leagtha síos i bhfeidhm - achievable initiatives. Cén mhaith atá ann scéimeanna fada a fhágáil ar an tseilf? Is fearr i bhfad fócas a chur ar an scéim agus aidhm amháin a bhaint amach i mbliain amháin agus aidhm eile sa dara bhliain agus mar sin de. Ansin, ba chóir review a dhéanamh ar an scéim gach bliain. Tá sé an-tábhachtach seo a dhéanamh agus ceisteanna a chur. Did we achieve our aims or not? Did we get value for money or not? This is the kind of focus required.

A scheme for the sake of a scheme is probably the system we had, but what we want is to have a scheme that works, that is implementable and that will give value for money. We want respect for the language. Everybody wants to promote the language and that is our aim. To do that, we must ensure the shemes are focused.

I thank all of the witnesses who have attended this meeting. We have only touched on the basics of what is in the documents, but the committee will look carefully through them and at the points made, which I find very helpful.

Bhí an-chuid pointí sa mhéid a dúradh ansin. Ar mhaith le duine ón ollscoil i nGaillimh freagra a thabhairt ar an cheist maidir leis na scéimeanna.

Mr. Dónall Ó Braonáin

Tabharfaidh mé freagra gonta don Seanadóir. Luaigh muid tréimhse nach faide ná cúig bliana, ar an údar go mbíonn síor athrú ar an bpobal teanga. Cuireann muid san áireamh ansin dhá rud ó thaobh chúrsaí polasaí de, ceann amháin acu an stratéis 20 bliain. Más 20 bliain an tréimhse shamhalta feidhmithe a bhaineann leis an straitéis, má ligtear chomh fada le seacht mbliana í, b'fhéidir gur tréimhse ró-fhada í sin. Chomh maith le sin, cuireann muid san áireamh an méid atá ar eolas againn go heolaíochtúil faoin mhoill atá ar an nGaeltacht chomhaimseartha, is é sin go bhfuil imní ann nach mbeidh an teanga mar theanga bheo phobail i go leor ceantar, as an straitéis seo a úsáid, i ndiaidh 20 bliain. Ar an gcaoi sin, táimid ag moladh go mb'fhéidir nach mbeadh an tréimhse tada níos faide ná cúig bliana.

Táimid ar an aon intinn mar sin, mar sin mar a mhol mise nuair a bhí an Roinn anseo.

Dr. Peadar Ó Flatharta

Sílim go mbeadh sé díchéillí againn a bheith ag argóint faoi na blianta seo. An t-aon argóint a rinne muide maidir le líon blianta don scéim ná go gcothódh sé deacrachtaí monatóireachta de réir an chórais atá leagtha síos ag Oifig an Choimisinéara Teanga dé sínfí an tréimhse go dtí seacht mbliana. Ní chloisim éinne i bhfábhar an mholaidh sin, go sínfí go seacht mbliana é.

Sílim go gcaithfidh muid níos mó machnaimh a dhéanamh ar chur chuige na scéimeanna go bunúsach. An bhfuil muid chun leanúint leis na scéimeanna mar atá? Is cosúil gur sin an moladh ag teacht ón Rialtas. Má bhreathnaíonn muid ar na scéimeanna mar atá siad leagtha amach san Acht, is deacair locht a fháil orthu, ach is é an áit a bhfuil an locht ná nuair a thosaítear á bhfeidhmiú. Caithfidh an tiomantas le feidhmiú na scéimeanna a theacht ón Státchóras féin nó ón gcóras polaitíochta, rud atá easnamhach ar fad maidir le cúrsaí reachtaíochta de. Mar sin, táimid ag dul isteach i réimse dlí bog de chineál éigin, mar a dhéantar go minic leis na cineálacha cearta seo nach bhfuil daoine ag iarraidh a thabhairt uathu.

Mar sin, in áit dul ar aghaidh lom lár isteach ag leanúint le córas na scéimeanna, mar gheall go dtógann sin go leor achmhainní, feicim go bhfuil an dá thaobh - an dream atá ag iarraidh scéime a aontú agus an dream atá ag iarraidh scéime a chur i bhfeidhm - ag brath ar an gcóras Stáit le hiad a thiomáint agus ar an gcóras polaitíochta le hiad a thiomáint. Mar sin, ba cheart ath-mhacnamh a dhéanamh orthu. Ba cheart an rud atá déanta ag an mBreatain Bheag a scrúdú go géar, ag féachaint cén fáth gur imigh siadsan ó na scéimeanna agus cén fáth an bhfuil siad imithe i dtreo caighdeán.

Tá go leor rudaí atá tagtha chun cinn anseo gur féidir a fhreagairt go héasca, mar adúirt Lisa Ní Fhlatharta, faoi na caighdeáin teanga agus mar sin. Tá siad sin coitianta ar fud na hEorpa ar fad. Fiú, tá neart samplaí ar fud na hEorpa, mar shampla smaoiním ar an cheantar riaracháin atá idir An Iodáil agus An Ghearmáin, áit a bhfuil an dá theanga, an Iodáilis agus an Ghearmáinis ann. Tá teastas dhátheangach acu siúd dírithe ar an tseirbhís phoiblí sa réigiún sin. Caithfidh duine an teastas sin a fháil sular féidir dul ag obair sa tseirbhís phoiblí. Mar sin, tá neart samplaí de na rudaí sin. Ní theastaíonn aon Einstein uainn le na rudaí seo a oibriú amach. Tá siad oibrithe amach in áiteanna éagsúla ar fud an domhain cheana féin.

Is dóigh liom go mbeadh cluasa dóite ar John Tierney dá mbeadh sé ag éisteacht linn agus muid ag labhairt faoi na ainmneacha a dtugann muid dár gcórais nua poiblí. Deirtear san Acht gur cóir go mbeadh ainm Gaelach ar aon chóras nua, ar nós Uisce Éireann. Tá na daoine cearta anseo inniu chun an aidhm seo a chur chun cinn. Caithfimid a rá arís agus arís eile gur cóir úsáíd a bhaint as an teanga. Tá tuiscint ag gach éinne, fiú muna bhfuil ach cúpla focal acu, ar cad atá i gceist le Bord Gáis. Ba cheart freisin nach mbeadh ach ainm amháin, Uisce Éireann, ar an bord uisce nua. Caithfimid úsáid a bhaint as an Acht. Tá an polasaí leagtha síos againn ann agus is cóir dúinn a rá le gach éinne, an media ina measc, gur cóir cloí leis agus an t-ainm Gaelach a úsáid agus gan Irish Water a úsáid. Caithfimid an teanga a chur chun cinn. Ní bhfaigheann mise ach beagán cleachtadh ar mo chuid Gaeilge, nuair a bhíonn baint agam le Gaelscoileanna agus áiteanna eile mar sin. Ni bhíonn mórán deiseanna againn leis an teanga a labhairt, ach déanaim iarracht san Oireachtas. Ba chóir dúinn an teanga a úsáid sna bealaí beaga seo.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do ceisteanna a cuireadh faoin Acht go ginearálta. Luaigh an Seanadóir an cheist faoi value for money. Ní easaontaím le sin beag nó mór. Ní dóigh liom ach an oiread go n-easaontaíonn lucht labhartha na Gaeilge, taobh istigh nó taobh amuigh den Ghaeltacht, leis an gcuspóir sin - go mbeadh value for money ann. Maidir leis na moltaí atáimse ag déanamh anseo inniu, ní bheadh costas breise leo, nó fíor bheagán. B'fhiú a lua chomh maith, maidir le aistriú cháipéisí agus go gcosnaíonn seo os cionn €450,000 ar aistriú, gur léirigh an freagra Dála céanna gur mó airgead a chaitear ag aistriú cháipéisí ó Bhéarla go theangacha eile, seachas an Ghaeilge ná don Ghaeilge fhéin.

Tháinig roinnt nithe eile chun cinn chomh maith. D'ardaigh an Teachta Tóibín ceist faoi chóras chúitimh. Maidir leis an gcóras atá againn in Oifig an Choimisinéara Teanga faoi láthair, déileáileann muid le casaoid agus ansin déanann muid imscrúdú, má thagann sé chuige sin, i bhfíor annamh cásanna. Ina dhiaidh sin, foilsítear torthaí an imscrúduithe sin i dtuarascáil bhliaintiúil Oifig an Choimisinéara Teanga. Ceann de na moltaí atá ann faoi láthair dar ndóigh ná go bhfoilseofar an tuarascáil sin agus na cuntais ag an am céanna. Ceann de na rudaí a d'fhéadfadh tarlú dá bharr sin ná go mbeadh an tuarascáil bhliaintiúil á fhoilsiú níos deireannaí sa mbliain seachas níos luaithe sa mbliain. D'ardaigh an tAcadamh an cheist faoi seo, faoin tráthúlacht a bhainfeadh le sin. Mar shampla, i dtaobh an gcóras chúitimh, dá ndéanfadh muid imscrúdú i mí Feabhra 2014, go mb'fhéidir nach mbeadh an toradh ar sin le feiceáil sa tuarascaíl bhliaintiúil go dtí mí Dheireadh Fómhair 2015, mar gheall go gcaithfeadh muid fanacht go mbeadh na cuntais faofa ag an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.

Ina theannta sin, córas cúitimh eile atá againn ná tuarascáil a chur ar aghaidh chuig Thithe an Oireachtais. Ansin, d'fhéadfadh coiste Oireachtais iad siúd a bhí faoi imscrúdú a thabhairt isteach. Ní fiú beagán a dhéanamh dhó sin ach an oiread. Níor chodail mise ró-mhaith ar aon nós ag cuimhneamh ar theacht isteach anseo inniu. Is maith é go bhfuil sin ann agus gur féidir daoine a ghlaoch isteach. Is fiú tabhairt faoi deara go bhfuil scéim cúitimh luaite sa reachtaíocht, ach níl sin curtha feidhmithe fós.

Ábhar amáin eile a tháinig chun cinn ná an cheist faoi ainmneacha agus seolta a bheith in úsáid i nGaeilge. Saghas lúb ar lár atá ansin ar bhealach, nach bhfuil sé sin in aon reachtaíocht cheana. An moladh a bheadh againn faoi shin, moladh a chuir muid ar aghaidh i 2011, ná go mbeadh seo sa reachtaíocht. An léamh atá agamsa ar seo faoi láthair, ná go socródh na comhlachtaí poiblí cén uair go mbeidh siad in ann é seo a dhéanamh. An moladh a bheadh againn ná go luadh an tAire, an Roinn nó an Rialtas dáta agus go ndéarfadh siad leo go gcaithfeadh sé a bheith i bhfeidhm faoin am sin.

Ansin, dá mbeadh deacracht ag na comhlachtaí poiblí ina dhiaidh sin, d'fhéadfaidís díolúine a lorg. Ach ba cheart go mbeadh dáta sonrach leagtha síos le sin a theacht i bhfeidhm.

Luaigh an Dochtúir Peadar Ó Flatharta na caighdeáin atá i gceist. An bhféadfaí sampla de na caighdeáin sin a chur ar aghaidh chuig an gcomhchoiste. Sílim go mbeadh siad úsáideach don tuarascáil a bheidh á ullmhú againn.

Rinne an Coimisinéir Teanga tagairt do scaradh na tuarascálacha éagsúla. Sílim go mbeadh dochar ag baint le sin. Táim ar an gCoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha, Joint Committee on Public Service Oversight and Petitions, agus sin an coiste a bhíonn ag déileáil leis an tuairisc faoi leith maidir leis na deacrachtaí ó thaobh cur i bhfeidhm an Achta. De réir mar a thuigim, is é an Coiste um Airgeadais, Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a bhíonn ag déileáil leis an taobh airgeadais agus an tuarascáil airgeadais in aghaidh na bliana. Mar sin, sílim go mbeidh an coimisinéir ag déanamh dúbailte ansin. An chaoi a bhfuil sé faoi láthair, déiláiltear leo ar bhealach éagsúil ag an dá choiste. Bhein den tuairim gur chun dochar a bheadh sé seo a athrú, gan trácht ar an mhoill a dtiocfadh as sin. Bheadh fadhb le sin ó thaobh Thithe an Oireachtais chomh maith.

Luaigh an coimisinéir cearta teanga agus costas. Táimid ag caint faoi value or money, ach ag an am céanna an bhfuil costas ar chearta? Luadh comhionnanas teanga agus mar sin de. Fiú má chosnaíonn sé leath mhilliún leis an rud a aistriú, nach bhfuil sé de cheart againn an tseirbhís sin a bheith ar fáil againn.

Maidir le comharthaí bóthar, an bhfuil na finnéithe in ann soiléiriú a thabhairt dom maidir le comharthaíocht sa Ghaeltacht i láthair na huaire. Tá an t-uafás airgid caite ar Bhealach Fiáin an Atlantaigh ó thaobh comharthaí bóthar de, cuid mhaith de na comharthaí sin sna Gaeltachtaí. Feictear dom go bhfuil an leagan Gaeilge sna Gaeltachtaí in italics agus níos lú ná an leaga Béarla atá ar na comharthaí céanna. An bhfuil sé sin in aghaidh an dlí i láthair na huaire?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

An gcuirfidh an Seanadóir an cheist sin arís?

Baineann seo le Bealach Fiáin an Atlantaigh. Tá an t-uafás comharthaí bóthar crochta le cúpla seachtain anuas, go háirithe sna ceantair Gaeltachta. Ón méid atá feicthe agam, tá an leagan Béarla i gnáth téacs, ach tá an leagan Gaeilge in italics os a chionn agus níos lú. Nach é an dlí atá ann nár gur chóir gur leagan Gaeilge amháin de na logainmneacha Gaeilge a chur le na comharthaí sa Ghaeltacht? Mar sin, nach bhfuil na comharthaí seo mídhleathach? B'fhéidir nach bhfuil freagra na ceiste sin ag an gcoimisinéir ar an toirt.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Mar gheall nach logainm é an Bealach Fiáin Atlantaigh, tá ceisteanna faoi. Beidh orm a sheiceáil go mionn agus teacht ar ais chuig an Seanadóir faoi sin, má tá sin ceart go leor.

Bhí ceist níos leithne faoi na comharthaí bóthar go ginearálta. Cé go dtagann na comharthaí bóthar faoi Achta eile, seachas Acht na dTeangacha Oifigiúla -----

Na comharthaí atá i gceist agam ná, mar shampla, tá An Clochán - Clifden luaite. Má théann duine go Casla, sílim go bhfuil an comhartha sin le feiceáil, agus tá An Clochán níos lú in italics agus Clifden mór. Shíl mise go gcaithfeadh -----

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Bheadh siad sin sa dá theanga ar aon nós, mar gheall nach bhfuil An Clochán sa Ghaeltacht.

Is as An Clochán mise agus tá a fhios agam go bhfuil a lán daoine i mBaile Conaola agus An Clochán nach bhfuil pioc Gaeilge acu. Mar sin, is ceart go mbeadh na hainmneacha i nGaeilge agus i mBéarla, ach ba cheart go mbeadh na hainmneacha sa litriú céanna, go mbeadh an mhéid chéanna ar na litreacha agus go mbeadh an leagan Ghaeilge ar bharr an chomhartha. Ní mholfainn gur Gaeilge amháin a bheadh ar na comharthaí, mar bímid ag gabháil le tourists ón bhFrainc, ón Spáinn agus ó áiteanna eile, cuma an sa Ghaeltacht nó sa Ghalltacht atá muid. Níl an córas GPS fós -----

I gcead don Seanadóir, má théann duine chuig an Fhrainc, déanann sé a bhealach agus na comharthaí ar fad i bhFraincis.

Sea, déanaimid iarracht sin a dhéanamh, ach ní dhéanann a lán daoine anseo iarracht an Ghaeilge a labhairt ná a chur chun cinn. Ach tá gach duine sa Fhrainc in ann an Fhraincis a labhairt. Níl gach duine in Éirinn in ann an Ghaeilge a labhairt. Ba cheart dúinn bheith real. Let it be achievable. Maidir leis na comharthaí bóthar, ba cheart go mbead tourists in ann iad a léamh.

Má théann muid chuig an Fhrainc, ní bhíonn muid ag súil go gcuirfidís na comharthaí i mBéarla. Níl Fraincis líofa agamsa, ach b'fhéidir go bhfuil ag an Seanadóir Keane. Ní gá na comharthaí a aistriú go Béarla dúinn.

Ceapaim gur maith an rud é an dá theanga, Gaeilge agus Béarla, a chur ar na comharthaí.

An cheist a bhí ag an Seanadóir Ó Clochartaigh ná an bhfuil an rud atá á dhéanamh dleathach. B'fhéidir go mbeidh an Coimisinéir Teanga in ann é sin a scrúdú dúinn, mar is ceist an-thábhachtach í. Is í an cheist ná, an bhfuil na comharthaí a cuireadh suas le déanaí dleathach?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

An tuiscint atá agam ná go bhfuil siad dleathach mar atá siad faoi láthair, ach go bhfuil moltaí déanta ag leithéid Conradh na Gaeilge faoi sin agus go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ag an Aire Iompair, an Teachta Varadkar, ar sin faoi láthair.

Maidir leis an gceist sin, molaim go bhféadfadh an gcomhchoiste cuireadh a thabhairt don Roinn Iompair teacht isteach anseo amach anseo le go gcuirfidh muid ár dtuairimí faoi seo in iúl dóibh.

Seans go bhfuil ocras ar na finnéithe ar fad. Mar sin, cuirfidh muid clabhsúr anois leis an díospóireacht don seisiún seo. Ba mhaith liom ár mbuíochas a chur in iúl dóibh. Bhí siad thar a bheith cabhrach anseo inniu. Tá géarghá le sin, mar séard atá muid ag iarraidh a dhéanamh ná neart a thaispeáint trí bheith ag obair le chéile.

Tuairim amháin, tá an-chuid ábhair tábhachtacha pléite againn anseo inniu, ach chomh maith le seirbhísí a bheith curtha ar fáil, tá sé an-thábhachtach go ndéantar fógraíocht ar na seirbhísí sin. Ní hamháin go gcaithfimid fógraíocht a dhéanamh, caithfimid daoine a spreagadh chun na seirbhísí sin a úsáid. I rith samhradh na bliana seo caite ag Fleadh Cheoil na hÉireann i nDoire Cholmcille thug mé rud faoi deara a raibh mé an-tógtha leis. Bhí fógra ag na póilíní, an PSNI, go raibh grúpa póilíní ar fáil chun seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Ní hamháin go raibh fógraí ann, foilsíodh an tseirbhís seo sna meáin chomh maith. Mar sin, bhí a fhios ag daoine ní hamháin go raibh seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge, ach go raibh fonn ar na póilíní é sin a dhéanamh. Uaireanta nuair a bhíonn seirbhís ar fáil, ní bhíonn duine ró-chinnte an bhfuil fáilte roimhe nó nach bhfuil. Chualamar na scéalta faoi na hoifigí poist agus mar sin de. Tá sé tábhachtach fógraíocht a dhéanamh ar ghach seirbhís.

Arís, gabhaim buíochas leis na finnéithe. Beidh roinnt mhaith grúpaí eile istigh linn inniu. Tá súil agam go dtiocfaidh maitheas as na ceisteanna agus na freagraí a bhí le cloisint anseo inniu. Rud amháin atá cinnte, tá dea-thoil iontach ann i láthair na huaire i measc an phobail don Ghaeilge. Caithfimid ní hamháin an dea-thoil sin a chosaint ach í a chothú agus seirbhísí a chur ar fáil. Dá bh'féadfadh muid obair le chéile, d'fhéadfaimis cur leis an méid atá déanta go dtí seo.

Cuireadh an comhchoiste ar fionraí ag 1.10 p.m go dtí 2.15 p.m.

Tá muid i seisiúin poiblí arís agus leanfaimid ar aghaidh in am reatha nua ar scéim ginealálta Bille na dTeangach Oifigiúla leasú 2014 agus sa triú seisiúin beidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Comhluadar agus Conradh na Gaeilge. An aontaítear leis seo? Aontaítear. Go raibh maith agat. Cuirim fáilte anois roimh Kevin de Barra Stiúrthóir ar son Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Fergal Ó Cuilinn ar son Chomhluadar agus Julian de Spáinn Ardrunaí ar son Conradh na Gaeilge agus Aodhán Ó Dea agus Coilín Ó Cearbhaill ceart go leor. Agus go raibh maith agaibh as bheith i láthair agus iarraim anois ar an gcléireach chun an gnáth fhógra a léamh a hocht do gnach finné a thagann os comhair Coistí Oireachtais.

Clerk to the Committee

Ba mhaith liom a chur ar bhur náird go bhfuil de bhua alt a 17(2)(l) den Acht an Chlúmhilleadh 2009 finnéithe faoi chosaint ag lán pribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don Choiste seo. Má ordaíonn an coiste duit ámh éirí as fianaise i leith ní áirithe agus má leanann tú dá tabhairt níl sib hi dtiedeal dá theis sin ach pribhléid athcháilithe i leith na fianaise agaibh. Ordaítear daoibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear daoibh cleachtadh parlaiminte a urraimiú ná choir más féidir daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí ar bhféadfaí iad a aitheant. Ba mhaith liom sibh a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chur sibh faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh greasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleadhtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na tithe nó le hoifigeach ina ainm, ina hainm ar shlí ar bhféadfaí iad a aithint.

Iarraim anois ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge labhairt os comhair an Choiste.

Mr. Kevin de Barra

A Chathaoirligh, A Sheanadóir agus a chairde thar cheann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an bhfochoiste as an deis labhartha seo a thabhairt dúinn inniu. Sí Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge lárchomhairle na Gaeilge ar phobal na Gaeilge. Fheidhmimid chun bá agus chun tacaíocht don Ghaeilge mar bheotheanga a neartú agus a bhuanú i ngach gné de shaol mhuintir na hÉireann. Bunaithe i 1943 feidhmíonn an Comhdháil mar scáth eagraíocht ar na heagrais dheonacha Gaeilge agus thar cheann phobal na Gaeilge ar mhaithe leis an gcuspóir náisiúnta an Ghaeilge a athbheochan. Tá 22 de bhall eagraíochtaí ó mhór réimhsí uile na hearnála. Fáiltíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge roimh athbhreithniú na Roinne Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus le bhur gcead cuirfimid ár gcuid moltaí i leith na leasaithe os bhur gcomhair. Ach chomh maith leis sin tagraímid freisin do roinnt nithe atá ag titim amach i measc earnáil dheonach na Gaeilge.

Ceithre cinn déag de cheannteideal ina iomlán atá molta sna ceannteidil bhille agus baineann roinnt mhaith acu sin le nithe teicniúla chun lúb ar láir san Acht féin a cheartú. Ach tá moltaí eile ann a bhaineadh go mór ó stádas na reachtaíochta reatha agus a dhéanadh Acht na dTeangacha 2003 a lagú go mór.

Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom a rá gur gá go mbeadh gach seirbhís ón stát don phobal ar fail trí mheán na Gaeilge chun feidhm phraiticiúil a thabhairt do sheasamh faoi airtegal a hocht den bhunreacht. Is gá mar sin a chinntiú go dtagann aon leasú molta ar Acht na dTeangacha Oifigiúla leis an seasamh sin, ionas go dtabharfar feidhm iomlán do stádas na Gaeilge mar theanga náisiúnta agus mar phríomhtheanga oifigiúil an stáit seo.

Is gné lárnach de Acht na dTeangacha Oifigiúla iad na scéimeanna teanga do na comhlachtaí poiblí. Faoi alt 11 den Acht sin, aontaíonn comhlachtaí poiblí scéim teanga leis an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta áit a ndéantar cur síos ar ghealltanais an chomhlachta phoiblí i leith seirbhísí Gaeilge a chur ar fail don phobal. Tá amhras agus go deimhin tá buairt léirithe ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge le blianta beaga anuas maidir le córas na scéimeanna teanga agus muide de tuaraim gur léiriú í an easpa dul chun cinn ar dhaingniú agus ar chur i bhfeidhm na scéimeanna teanga ar dhrogall an státchórais a dhualgais i leith na Gaeilge a chomhlíonadh. Tháinig céad scéim teanga na Roinne Oideachais agus Scileanna i bhfeidhm sa bhliain 2005 scéim trí bliana a bhí anseo a leag amach gealltanais na Roinne i dtaca leis an seirbhís a gcuirfidís ar fáil don phobal. Bhí an scéim sin in éag ón bhliain 2008 agus tar éis 5 bliana fada ag fanacht ar an dara scéim tá sé sin daingnithe anois ag an Roinn Ealaíón Oidhreachta agus Gaeltachta ón bhliain seo caite.

Ní hamháin nach dtógann an dara scéim seo ar a bhí geallta sa chéad scéim ach go deimhin tá cuid mhaith de mhéid a bhí geallta sa chéad scéim curtha anois ar neamhní. Má bhreathnaimid ar cheanntiedeal a seacht agus an leasú atá beartaithe ar alt a 14 feicimid go bhfuil i gceist an córas lochtach seo a lagú a thuilleadh faoi réir an leasaithe atá beartaithe do alt a ceathar déag moltar téarma na scéimeanna teanga a ardú ón tréimhse reatha de 3 bliana go tréimhse níos faide sé sin 7 mbliana. Mínítear sa cháipéis go ndéantar an moladh seo ar mhaith leis an uallach riarachán a bhaineann le haontú, le dréachtú agus le daingniú na scéimeanna a laghdú. Dá nglacfaí leis an tan réimhse molta seo do scéimeanna teanga bheadh tréimhse na scéimeanna seo níos faide ná mar a bheadh tréimhse an Choimisinéara Teanga féin fiú. An té ar a bheas an dualgas monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú na scéimeanna sin. In áir dul i ngleic leis na ríaráistí reatha a bhain le córas na scéimeanna agus iarracht a dhéanamh an córas seo a neartú ina áit an rud atá á mholadh anseo ná go mbeidh an canna á ciceáil síos an bóthair agus nach mbeidh freagracht ar an Roinn as forbairtí céimiúla sna scéimeanna a aontú go tráth rialto. Má chinntear gur gá tréimhse na scéimeanna teanga a leathanú is gá spriocanna bliantúla a leagan amach do gach scéim teanga ionas nach dtabharfadh an leasú seo an deis do chomhlachtaí poiblí a ndualgais a sheachaint.

Chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge moltaí .cuimsitheach chun cinn inár naghneacht le linn an phróisis chomhairliúchán maidir le bealaí chun córas na scéimeanna a fhorbairt. Moltar ar an gcéad dul síos go mbeidh leasuithe ar an Acht bunaithe ar chearta teanga in áit a bheith bunaithe ar ghealltanais na gcomhlachtaí poiblí. Tá ceithre príomh mholadh againn i dtaca le córas na scéimeanna agus conas an córas sin a fhorbairt. Uimhir a haon go bhforbrófaí córas nua le caighdeán a bheas bunaithe ar rialacháin reachtúla. Uimhir a dó go ndéanfaí aicmiú ar chomhlachtaí poiblí de réir an réimse feidhme agus de réir na sainseirbhísí agus na seirbhísí line tosaigh a gcuireann siad ar fail don phobal. Uimhir a trí go mbeadh soláthair chomhleibhéal seirbhísí mar bhunriachtanas do eagraíochtaí sna réimsí céanna mar shampla go gcuirfeadh comhairlí contae i ngach contae a bhfuil ag freastal ar Ghaeltacht seirbhísí comhchineáil ar fail do phobal na Gaeltachta agus uimhir a cheathair go leafarchur chuige cosúil le samhail Cheanda sin é an tairiscint gníomhach a chíallódh go mbeadh ar chomhlachtaí poiblí a chuid seirbhísí a fhógairt agus a chur in iúl don phobal. Ní mór do gach comhlacht poiblí éileamh ar sheirbhísí a chothú agus an pobal urlabhartha a spreagadh chun úsáid a bhaint as na seirbhísí sin.

Breathnóimid anois ar cheannteideal a cheathair lagú mór eile. Moltar leasú a dhéanamh ar alt a deich de uanú fhóráil reatha maidir le soláthair aon doiciméad ina leagtar amach tograí beartais phoiblí i ngach ceann de na teangacha oifigiúla a scriosadh. Chuimsíonn an an dualgas ar chomhlachtaí phoiblí faoi alt a deich doiciméid áirithe a fhoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla doiciméad i nach mbeadh suim ag an ghnáth shaoránach iontu b’fhéidir bíodh siad siúd ar fail i nGaeilge nó i mBéarla. Moltar faoi cheannteideal a cheathair an dualgas a scriosadh go hiomlán. Dár le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge nár choir leasú den chineáil seo a dhéanamh bunaithe ar cheisteanna praiticiúla nó ar shábháilt airgead amháin. Ní mór a aitheant go bhfuil tábhacht le foilsiú áirithe a bhfuil sádas ag baint leo go dátheangach rud atá riachtanach chun úsáid na Gaeilge i ngníomhaíochtaí an stáit a éascú agus a chinntiú agus chun chur leis na deiseanna don phobal gnó dhéanamh leis an gcóras poiblí trí mheán na Gaeilge.

Mhol Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge go láidir go gcosnófaí neamhspleachas Oifig an Choimisinéara Teanga agus cuirfimid dáilte is fiche mar sin roimh chinneadh an Rialtais gan Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsmann mar a bhí beartaithe roimhe seo. Le linn an phróisis chomhairliúcháin dhá bhliain ó shin thacaigh an Chomhdháil go mór le hiarrachtaí na Roinne agus i rith Tostal na Gaeilge 2012 a bhí á eagrú ag an gComhdháil go hiomlán ar athbhreithniú an Achta Teanga. Fuaireas 1,400 suirbhé ón bpoball mar aon le 262 aighneacht. Tar éis an stró agus tar éis an t-anthró a chur an pobal orthu féin chun páirt gníomhach a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin seo is úadar mór díomá é don Chomhdháil agus don phobal i gcoitinne nár éistíodh lena moltaí. Luaigh mé ag tús mo chuid cainte go raibh uaimh bhur n-áird a tharraingt ar cheist eile nach mbaineann go dlúth le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 in Eanáir na bliana seo fograíodh na sé cheanneagraíocht a roghnaíodh chun feidhmiú mar cheann eagraíochtaí faoin múnla nua maoinithe atá beartaithe ag Foras na Gaeilge. Ó tharla nár roghnaíodh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge fágann sin nach bhfuil de rogha ag Bord na Chomhdhála anois ach deireadh a chur le fostaíocht an tseisear foirne reatha. Ó Fógraíodh an chinneadh i Mí Eanáir tá plé déanta le dreamanna éagsúla maidir le haistriú na dtionscadal atá faoi chúraim na Chomhdhála chunrathúlacht na dtionscadal sin a chinntiú amach anseo. Cé go bhfuil dul chun cinn áirithe déanta ar an bplé seo tá bac ar leith air ó tharla nach fios do na ceann eagraíochtaí go fóil cé hiad na achmhainní idirdheontais agus fhoireann a bheas ar fail dóibh tar éis an 30 lá de Mheitheamh na bliana seo. Tuigeann Bord na Comhdhála nach mbeidh maoiniú ar fail tar éis an tríochú lá de Mheitheamh agus le croí trom tá cinneadh glactha ag an mBord chun crinniú úrghnách a ghairm chun scorn a heagraíochta a phlé. Tar éis 71 bliain de obair mhór mhaith beidh an stát seo ag cur deireadh le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Tá dualgais agus go deimhin tá dlítineas ar an gComhdháil lena n-áirítear dualgais reachtúla amhail iomarcaíocht na foirne agus rátaí anuas ar sin sa bhliain 1991 cheannaigh an Comhdháil léas ar an gceannceathrú anseo ar shráid Chill Dara le beannacht na Roinne Gaeltachta agus go deimhin tá an Roinn sin luaite sna cáipéisí dlíthiúla a bhain leis an socrú sin. Léas 35 bliain a bhí ann agus maireann sé go stí an bhliain 2017. Tá muid ag iarraidh teacht ar chomhréiteach leis an tiarna talún maidir leis an léas a bhriseadh luath ach tá an t-ádh ag sleamhnú go scioptha ní fanta anois ach beagáinín le cois ceithre seachtain sula mbeidh deireach á chur le conarthaí fostaíochta gach ball foirne agus ar an droch foirne níl tacaíocht á fail againn ó Fhoras na Gaeilge nó ón Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta i dtaca leis an gceist seo.

Ní achmhainn don Chomhdháil na dlítineas ar fad atá uirthi a íoc idir iomarcaíocht rátaí agus pé socrú a thiocfaimid air leis an tiarna talún agus lenár gcreidiúnaithe eile. Bhíomar riamh neamhspleach ar an stát do bhunmhaoiniú na heagraíochta agus dá mbeadh pigin rua fanta ag deireadh na mbliana rinneamar é sin a aisghairm ar ais ag an stát. Tuigimid go rímhaith go dtiteann an dualgas reathúil ar ár n-eagraíocht féin ach sé an stát seo a bhunaigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus sé an stát chéanna seo atá anois ag iarraidh deireadh a chur léi agus atá ag iarraidh orainn deireadh a chur le conarthaí fostaíochta ár bhfoirne gan aon soláthair a dhéanamh chun cúiteamh a íoc leo rud atá míchuí rud atá míchóir agus rud atá mícheart gan trácht ar go dtagann sé go hiomlán salach ar dlíthe fostaíochta na tire seo. Molaim don chomhchoiste seo agus don bhfochoiste iniúchadh a dhéanamh ar an scéal seo agus féachaint chuige go gcuirfear na tacaíochtaí chuí ar fail do eagraíochtaí na hearnála deonaigh Gaeilge chun an tréimhse dhúshlánach seo a bhainistiú mar is ceart. Gabhaim buíochas leis an bhfochoiste as an deis a thabhairt leis an gComhdháil a gcuid moltaí a chur os gcomhair inniu agus tá mé lán sásta aon cheist a bheas aghaibh a fhreagairt.

Go raibh mile maith agat as an ráiteas sin agus táim cinnte go mbeidh ceisteanna níos déanaí a beidh seans agaibh uilig labhairt linn i dtosach agus ansin beidh ceisteanna ó na baill atá i láthair agus iarraim anois ar Chomhluadar labhairt os comhair an Choiste.

Mr. Feargal Ó Cuilinn

A Chathaoirligh agus a chomhaltaí don Chomhchoiste beidh aththeagasc agus tuairisc an-gharraid agam. Thar cheann teaghlaigh atá ag tógáil a páistí le Gaeilge is mian liom ár mbuíochas a ghabháil leis an chomhchoiste seo as ucht an deis a thabhairt dúinn ár dtuairimí a roinnt leis an bhfochoiste ar leasú Bille na dTeangacha Oifigiúla. Tá sé i gceist agam díriú go sonrach ar trí mhórghnéithe in san tuairisc ó bhéal seo. Sara glacadh le Acht na dTeangacha Oifigiúla bhí dea-thoil pobal na Gaeilge le brath maidir leis an gcur chuige nua seo de cheart pobail na Gaeilge agus Gaeltachta chun teacht ar sheirbhísí ón stát. Le fada an lá bhí ar saoránaigh na tire dul i dtoil na cúirte chun seirbhís chomhionann a fháil sa chéad teanga oifigiúil de réir alt a hocht de Bhunreacht na hÉireann. Gheall an Acht bealach nua chun an comhionannas sin a aimsiú ach caithfear a rá i bhfianise tuairiscí an iarChoimisinéir Teanga agus taithí pobal na Gaeilge i gcoitinne go bhfuil teipithe ar an Acht an chomhionannas sin a bhronnaadh ar shaoránaigh.

Tá cúlú ó fheidhmiú iomlán an Achta sa státchóras iarrachtaí leanúnacha ó Ranna stát dualgaisí faoin Acht a sheachaint nó a laghdú agus feictear dúinn i bhformhór na leasuithe atá molta anseo go ndéanfar an bonn a bhaint ón Acht féin.

Go deimhin féin, ó thaobh iarrachtaí tuistí freastal trí mheán na Gaeilge a fháil dá bpáistí ní fheictear dúinn go bhfuil aon feabhas ar na soláthair sin go mórmhór in san dá réimse atá lárnach i saol an teaghlach san chóras oideachais agus san chóras sláinte. Ní gá ach breathnú ar suíomh nua An Ghníomhaireacht Um Leanaí Agus Teaghlaigh chun neamhaird agus neamhshuim i leith tuistí agus páistí le Gaeilge a fheiscint. Is léiriú an-láidir an suíomh tusla.ie ar fíor thionachar Acht na dTeangacha agus meon stáitseirbhísigh. Is é an laige is mó a bhaineann le feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla ná nach bhfuil sé de chumas ag an státchóras de bharr easpa inniúlacht sa Ghaeilge na seirbhísí a chur ar fáil in aon chor. Go minic i scéimeanna na gcomhlachtaí poiblí gealladh seirbhísí agus freastal gan na hacmhainní daonna a bheith ar fail chun freastal ar na cuairimí uaillmhianach a bhí luaite ar roinnt de sna scéimeanna. Leis na deacrachtaí eacnamaíochta a tháinig chun saol agus bac ar fhostaíocht freisin ba iad cearta saoránaigh an Ghaeilge a úsáid leis an státchóras ceann de sna chéad íospartaigh le tamall de bhlianta anuas. Tá sé raichtanach anois mar chuid de chóras earcaíochta agus ceapachán na gcomhlachtaí stáit agus poiblí gur díreofar ar an easpa ollmhór inniúlachta Gaeilge. Tá sé soiléir dúinn nach n-éireoidh leis an scéim phiolótach atá molta faoi láthair mar a dúirt an iarChoimisinéir Teanga tógfaidh sé 28 bliain méadú ó 1.5% go 3% sa Roinn Oideachais faoin gcóras molta. Pé dea-thoil atá ann agus pé dóchas atá ann do shaoránaigh le Gaeilge, caillfear é agus iad ag fanacht beagnach tríocha bliain eile do sheirbhís Gaeilge ón Roinn Oideachais.

Tá muid ag moladh go leasófar an reachtaíocht sa chaoi go mbeidh oibligeáid ar chomhlachtaí poiblí 30% de fhostaithe nua, don chéad 10 mbliain eile a bheidh in ann cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal i gceachtar den dá theanga oifigiúil. Maidir le moltaí do na scéimeanna iad féin agus táim ag trácht go mór ar cheannteideal a seacht, molaimid go láidir gan tréimhse na scéime a mhéadú ó trí go dtí seacht mbliana. Ó thosaigh córas na scéimeanna tá siad lag agus cé go dúradh go mbeidh na scéimeanna ag treisiú thar tréimhse ama is a mhallairt atá tarluithe. Mar shampla mar a chonaiceamar i 2012, nuair a thug an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta cead don Roinn Dlí agus Cirt gealltanas reachtúil a chur ar ceal agus a bhaint ón scéim acu siúd. Léiríonn seo an treo ina bhfuil á chaitheamh le scéimeanna faoin Acht sa státchóras agus mar chuid den athbhreithniú seo gurbh fhiú breathnú ar chur chuige éagsúil seachas na scéimeanna a ládródh in ionad laghdú a dhéanamh ar stádas na Gaeilge sa státchóras agus a chinnteódh seirbhís de ardchaighdeán don saoránach.

I saolré an Achta, ba é an ábhar is mó conspóide agus b’fhéidir le ana-bhunús aneolas ann chomh maith, ná an cheist ar chápéisí a bhaineann le beartais poiblí agus costas aistriúcháin a théann leo. Níl aon dabht ach gur tharraing an chonspóid seo drocháird ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus freisin gur úsáideadh na costais aistriúcháin mar armlóin ionsaithe ar chearta pobail na Gaeilge. Ach maidir le leasú alt (10) (A) ceannteideal a ceathair molaimidne gurb í Oifig an Choimisinéara ar a bheadh an cinneadh fágtha ar cad iad na cáipéisí agus cad iad na beartais poiblí gur gá a chur ar fail sa dátheanga oifigiúil. Cinnte is é an moladh is ciallmhaire agus an deachleachtas idirnáisiúnta maidir le foirmeacha poiblí atá in úsáid ag pobal na tire ná go mbeadh an Ghaeilge agus an Béarla taobh le taobh in aon cháipéis nó in aon fhoirm dhátheangach taobh istigh den aon clúdach amháin. Agus tá mé ag tnúth go mór bhur ceisteanna a fhreagairt níos déanaí. Go raibh mile maith agaibh.

Go raibh maith agat as an ráiteas sin agus iarraim anois ar Conradh na Gaeilge labhairt os comhair an Choiste.

Mr. Julian de Spáinn

Go raibh maith agat a Chathaoirligh. A Chathaoirligh, a Sheanadóirí, A Theachta Dála agus a chairde. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil libh as an deis seo a chur ar fáil do Chonradh na Gaeilge lenár gcáineadh agus níos tábhachtaí ná sin ár moltaí le Bille na dTeangacha Oifigiúla leasú 2014 a chur os bhur gcomhair inniu. San áireamh sna moltaí a bheidh le déanamh agam beidh roinnt mhaith de na moltaí a chur an Conradh ar aghaidh mar chuid den phróiseas athbhreithnithe ar an Acht dhá bhliain go leith ó shin. Is chomh maith leis sin beidh roinnt de na moltaí eile ó phobal na Gaeilge agus Gaeltachta a bhí san áireamh san haighneachtaí san athbhreithniú chéanna.

Is fiú dom tagairt a dhéanamh ar dtús don athbhreithniú a rinneadh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i Mí na Samhna 2011. Mar is eol dúinn, bhí 1,466 freagra ar an suirbhé agus 262 aighneacht curtha chuig an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta don athbhreithniú. As na céadta moladh déanta sna haighneachtaí ar fad ní raibh ach 60 moladh san áireamh san athchoimre ar na moltaí a leag an Roinn amach sa cháipéis oifigiúil a d’fhoilsigh siad i Mí Aibreáin 2014 le torthaí an athbhreithnithe. Is fiú aitheantas a thabhairt don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta as glacadh leis an moladh láidir gan Oifig an Choimisinéara Teanga a chur isteach le hOifig an Ombudsmann. Ba iad an Rialtas áfach a chruthaigh an fhadhb seo an chéad lá riamh agus ní raibh sé ceart go raibh stocaireacht agus fachtasaíocht go raibh gá dúinn stocaireacht agus fachtasaíocht ar feadh breis is dhá bhliain le dul i bhfeidhm orthu faoin gceist seo. Dar ndóigh b’éigean do 10,000 duine dul ar sráideanna Baile Átha Cliath ar an 15ú lá ag Lá Mór Na Gaeilge agus 1,000 duine i gConamara ag Slán Le Seán ag an 23 Feabhra leis seo a chur ina luí ar an Rialtas. Maidir leis an athbhreithniú agus an 60 moladh sna torthaí oifigiúil den athbhreithniú as na céadta moladh a chuireadh chun cinn ag an pobal Gaeilge agus Gaeltachta níl ach 13 cheannteideal molta agus baineann ceannteideal 1,2,3,5,10,11 agus 12 le hathruithe teicniúla don chuid is mó nach mbaineann le moltaí a tháinig ón athbhreithniú. Níl ach sé fíor cheannteideal mar sin molta ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta san athbhreithniú se oar fad a ghlac dhá bhliain go leith a chur le chéile. I gcás na 6 fíor cheannteideal sin molta mar sin sé tuairim an Chonartha gur lagú atá in ann don Acht le ceannteidil 4 agus 7, go bhféadfadh ceannteidil 6 agus 8 cuir leis an Acht má tá an fhoclaíocht sna leasuithe den Bhille láidir agus go mbeidh fiúntas le ceannteidil 9 agus 13 má tá an fhoclaíocht chuí láidir sa Bhille.

Déanfaidh mé cur síos níos cuimsithsí go luath ar na 6 fíor cheannteideal seo agus ar na moltaí ar fágadh ar láir a bhfuil géargá lena cur san áireamh sa Bhille.

Ar an iomlán, ní fhéadfaí a rá go athbhreithniú cuimsitheach atá i gceist san athbhreithniú seo. Níl ann i ndáiríre ach iarracht an tAcht a lagú agus cúpla moladh beag a glacadh leis an gcuma a chur ar an scéal gur éist an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta leis an bpobail agus na moltaí a rinne siad san athbhreithniú. Ach i ndáiríre bhí na céadta moladh ann agus níl ach idir 2 agus 4 moladh san áireamh sna ceannteidil go bhfuil an fhéidearacht ann go bhféadfadh maitheas a bheith leo. ‘Siad na moltaí is tábhachtaí gur gá a chur san áireamh sa Bhille nach bhfuil ann faoi láthair ná; 1. Go mbeadh foráil nua san Acht go mbeadh faoi dheireadh 2016 gach seirbhís ar fail trí Ghaeilge agus na seirbhísí sin a bheith ar chomhchaighdeán leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Bhéarla in áiteanna eile. 2. Go leasófar an reachtaíocht sa chaoi is go mbeadh oibligeáid ar chomhlachtaí poiblí ar a laghad 30% dá fhostaithe nua sa státseirbhís fostaithe don chéad 10 bliana eile a bheith in ann cunarsáid a dhéanamh leis an bpobal trí Ghaeilge i scribhínn nó le post leictreonach. Labharfaidh mé arís faoi na moltaí seo níos déanaí.

Maidir le ceannteideal 4 agus cúrsaí aistriúcháin, is maith é go bhfanfaidh an ceangalas reatha faoi alt 10 (b), (c) agus (d) chun lion teoranta doiciméid sonraithe ar díol spéise poiblí iad a chur ar fail go dátheangach i.e. tuarascálacha bliantúla, cuntas bliaintiúil agus ráiteas stráitéise. Táimid buartha áfach nach mbeidh aon doiciméad ina leagtar amach tograí beartais poiblí aistrithe amach anseo, mar go bhfuil sé ag brath ar thuaraim an Aire reatha.

B’fhearr an cinneadh a fhágáil faoin gCoimisinéir Teanga atá neamhspleách ar an bpolaitíocht ar céard iad na beartais phoiblí gur chóir a aistriú don phobal Gaeilge agus Gaeltachta. Dar ndóigh ní fiú daoine a spreagadh agus a oiliúint le Gaeilge a úsáid mura mbíonn cáipéisí ann dóibh sa todhchaí le húsáid. So, cúpa moladh ábhar eile againn don cheannteideal seo nó le cur san áireamh mar cheannteidil nua. Ba chóir gach foirm chlóite nó leictreonach a baineann an pobal úsáid as a chur leis an liosta ag alt 10 (e). Ba chóir suíomhanna greasáin a chur leis an liosta ag alt 10 (f). Ba chóir na meáin shoisialta a chur leis an liosta ag alt 10 (g). Ba chóir rialachán a chur le halt 10 go mbeidh an Ghaeilge agus an Béarla in aon cháipéis nó foirm dátheangach taobh le taobh leis an teanga eile faoi aon chlúdach amháin. Réiteódh sé seo an fhadhb nach mbíonn foirmeaca Gaeilge ar fáil in oifigí stáit agus thabharfadh sé deis agus spreagadh don phobal ar fad foirmeacha a líonadh as Gaeilge más main leo. Ba chóir go mbeidh gach cáipéis corparáideach curtha ar fáil go leictreonach amháin. D’fhéadfadh na comhlachtaí poiblí nó na leabharlanna cóipeanna aonracha den cáipéis seo a chur i gcló ar ghnáth inneall printéara do aon duine gan teach tar ríomhaire. Sábháilfeadh sé seo a leithead de mholadh na milliúin Euro ar an stát gach bliain, mar gheall nach mbeadh orthu na milliúin cáipéis corparáideach a chur i gcló a thuilleadh.

Maidir le ceannteideal 7 agus tréimhse na scéimeanna teanga níor chóir dul ar aghaidh leis an leasú seo in aon chor níor chóir aon síneadh ama a thabhairt. Ó thosaigh córas na scéimeanna tá siad lag agus an rud a chuir an Rialtas in iúl i gcónaí ná go n-éiróidís níos láidre gach trí bliana. Moltar sa cheannteideal seo go sínfí an tréimhse go seacht mbliana rud a ligeadh do na Ranna Rialtais éagsúla a ndualgais a sheachaint .

Tá cúpla moladh ábhartha eile againn don cheannteideal seo nó chuir san áireamh mar cheannteidil nua. Ba chóir fáil réidh le córas na scéimeanna agus córas nua a fhorbairt le caighdeán bunaithe ar rialacháin reachtúla cosúil leis na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 alt (9) 2008 nó an córas caighdeáin atá bunaithe acu sa Bhreatain Bheag.

Ba chóir go mbeadh sé riachtanach do aon scéim nó aon chóras caighdeán go mbeadh ar an gcóras caighdeán go mbeadh ar an gcomhlacht poiblí a bheith gníomhach i gcur in iúl don phobal na seirbhísí as Gaeilge atá ar fáil uathu.

Maidir le ceannteideal 6 agus inniúlacht sa Ghaeilge san earnáil phoiblí. Mar a dúirt mé níos luaithe, molann an Conradh go leasófar an reachtaíocht sa chaoi is go mbeidh oibligeáid ar chomhlachtaí poiblí ar a laghad 30% dá fhostaithe nua sa státseirbhís fostaithe don chéad 10 mbliana eile a bheith in ann cunarsáid a dhéanamh leis an bpobal trí Ghaeilge, i scríbhinn nó go le post leictreonach. Dá ndéanfaí an beart seo bheadh ciorriú ar an gcaiteachas ar sheirbhísí aistriúchán chomh maith. Ní haon rud aisteach é ag leagan céatadáin amach i reachtaíocht le fadhb a réiteach. Mar shampla tá leagtha amach do na páirtithe polaitiúla ag glacadh le maoiniú ón stát gur gá go mbeadh ceatadáin de 30% dá n-iarrathóirí sa chéad olltoghachán eile a bheith baineannach agus tá an céatadán sin le hardú go 40% i gceann 7 mbliana.

Tá cúpla moladh ábhartha eile againn don cheannteideal seo nó le cur san áireamh mar cheannteideal nua. Ba chóir go mbeadh sé mar fhoráil nua san Achtgo mbeidh faoi dheireadh 2016 gach seirbhís ar fáil do phobal na Gaeltachta trí Ghaeilge agus na seirbhísí sin a bheith ar chomhchaighdeán leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Bhéarla in áiteanna eile. Mar chuid de rialacháin nua san Acht ba cheart go mbeadh dualgas ar an bhfoireann a bhaineann tairbhe as oiliúint sa Ghaeilge seirbhísí i nGaeilge a thairiscint don phobal. Ba cheart go ndéanfaí foráil do chóras chun go mbeidh teastas aitheanta ar fáil a léireódh go cruinn cumas na mball foirne seirbhísí a sholáthair i dteangacha oifigiúla an stáit.

Maidir le ceannteideal 8 níl aon gá leis an tríú leasú mar níor chóir tréimhse na scéime a shíneadh go dtí seacht mbliana. Ba chóir an fhoclaíocht a láidriú sa dara alt chomh maith chun nach mbeidh aon lagú déanta ar aon scéim tríd scéim nuna a chur ina áit i.e. d’fhéadfaí seo a dhéanamh leis an fhoclaíocht seo a chur leis an alt. Ní chuirfear scéim níos laige in áit scéim reatha nó scéim imithe as feidhm.

Maidir le ceannteideal 9 agus úsáid leagan Gaeilge nó Béarla in animneacha agus seoltaí poist. Tá an moladh seo ró-lag. Caithfear teorainn ama a chur sa reachtaíocht i.e. go mbeidh ar gach córas san earnáil phoiblí a bheith réidh do úsáid ainmneacha agus seoltaí i nGaeilge taobh istigh de trí bliana agus go ndéanfar socrú sealadach le haon saoránach ar iarraidh a ainm nó a sheoladh a úsáid as Gaeilge idir an dá linn. Chomh maith leis sin tá deis iontach anois leis an gcóras códphoist nua éircóid gur féidir dualgas a leagan ar gach comhlacht príobháideach agus poiblí an rogha a chur ar fáil do gach saoránach an leagan Gaeilge nó Béarla dá seoladh agus ainm a úsáid más mian leis/léi.

Maidir le ceannteideal 13 agus ag cur leis an sceideal do na grúpaí a thagann faoi choimirce an Achta. Aontaíonn muid leis an moladh seo. Tá cúpla moladh ábhartha eile againn don cheannteideal seo nó le cur san áireamh mar cheannteideal nua. Sa chás go gceapann nó go ndeireann comhlacht poiblí cuideachta príomháideach nó gníomhaireacht de chineáil ar bith le feidhmiú thar cheann agus é ag deileáil leis an pobal ba chóir go mbeadh na dualgas céanna acu agus atá ag an gcomhlacht poiblí le seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge don fheidhm a cheapfar iad a chur i gcrích ar son an chomhlachta poblí sin. Ar nós Dublin Bikes, nach féidir clárú arlíne trí Ghaeilge faoi láthair mar gur ghníomhaireacht éagsúil atá i mbun na hoibre sin. Ba chóir go dtiocfadh aon chomhlacht gur leis an stát é ina iomlán nó cuid de bainc, comhlachtaí leathstát srl san áireamh nó aon chomhlacht a fhaigheann ceadúnas ón stát le gníomhiú sa tír faoin Acht. Lasmuigh de na ceannteidil agus na moltaí d’aontaigh an Chonradh chun iad a láidriú tá roinnt mhaith moltaí eile gur chóir chur san áireamh sa Bhille nach bhfuil san áireamh sna ceannteidil.

Cuirim i gcuimhne nach bhfuil ach suas le ceithre moladh san áireamh sna ceannteidil ag teacht ó mholtaí pobal na Gaeilge agus Gaeltachta go bhfuil aon mhaith leo. San áireamh sna moltaí breise tá; ba chóir go mbeadh gach ainm comhlacht poiblí nua atá ag teacht ar an bhfód as Gaeilge agus úsáidte go poiblí as Gaeilge. Cuirfeadh sé seo go mór le stádas na Gaeilge gan aon chostas sa bhreis. Mar shampla bhí sé de cheart an teideal Uisce Éireann amháin a úsáid seachas Irish Water. Ba chóir ról monatóireachta a thabhairt do Oifig an Choimisinéara Teanga ar chur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain don Ghaeilge 2010-2030. Tá lógó comhlachta lárnach do íomhá an chomhlachta sin. Ba cheart deireadh a chur leis an éisceacht atá ar fáil le lógóanna comhlachtaí poiblí sna rialacháin agus féachaint chuige go mbeidh an Ghaeilge chomh feiceáileach ar gach lógó nua comhlachta poiblí feasta.

Maidir le híomhá na tire seo mar thír dhátheangach thar sáile ba chóir deireadh a chur leis an éisceacht a dhéanann deinmhniú comhlacht poiblí thar lear na hambasaidí, Coláiste na nGael sa Louváin agus eile. Ba chóir go mbeadh rialacháín ann maidir le fógraíochta mar shampla ba chóir go mbeadh 20% den fhógraíocht déanta ag comhlachtaí poiblí sna meáin déanta sna meáin Ghaeilge.

Ba chóir foráil a chur isteach go mbeidh ar chomhlachtaí lipéid ar earraí díolta in Éirinn a bheith i mBéarla agus i nGaeilge ar nós na foláireamh sláinte ar phacáistí tobac, ní chosnódh sé seo aonairgead ar an stát.

I dtithe an Oireachtais, ba chóir go mbeadh foráil ann ag leagan dualgais ar an Rialtas Billí a fhoilsiú go dátheangach. Ba chóir ath-eagar a chur ar na rannóga aistriúcháin chun an foráil seo a fheidhmiú. Ó tharla go bhfuil formhór na reachtaíochta ar fáil sna rialacháin a dhéantar de bhun Achtanna, ba chóir an reachtaíocht táinisteachta a fhoilsiú go dátheangach feasta.

Tá neart moltaí ag Conradh na Gaeilge bunaithe ar mholtaí ag teacht ó phobal na Gaeilge agus Gaeltachta. Tá cúis agus gá le gach ceann díobh. Chuir sé iontas orainn i ndiaidh próisis dhá bhliain go leith de athbhreithniú nach raibh ach suas le ceithre moladh ag teachct ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a bhféadfadh Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú. Tá súil agam agus ag Conradh na Gaeilge go mbeidh an chomhchoiste Dála seo sásta glacadh lenár moltaí ar fad agus iad a chur ar aghaidh chun an Roinn chun a chur san áireamh i mBille Acht na dTeangacha Oifigiúla leasú 2014 sula bhfoilseofar é.

Tá an Conradh an-bhuíoch daoibh as an deis seo inniu ár moltaí a chur i bhur láthair agus as an tacaíocht leanúnach a thógann sibh do mhianta pobal na Gaeilge agus Gaeltachta.

Go raibh maith agat as ucht an ráitis sin agus beidh ceisteanna againn anois ar ball. Ach i dtosach, is mian liom féin a rá go bhfuil an-díomá orm an rucht ina bhfuil Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i láthair na huaire. Bhí sár-obair déanta agaibh ar feadh na blianta agus bhí sí proifisiúnta in san obair sin agus cuireann sé an teachtaireacht mícheart amach go bhfuil na fostaithe ansin agus go bhfuil neamhaird á dhéaamh orthu agus mar a luaigh tú ansin is an stát a bhunaigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge siar is dócha i 19943. Cad is dóigh leat, cad is féidir leis an gCoiste a dhéanamh nó mar atá cúrsaí díreach anois nó an bhfuil aon dul chun cinn á dhéanamh.

Mr. Kevin de Barra

Measaim gurb iad na rudaí go gcaithfear díriú isteach air ná dá bhféadfadh an fochoiste seo b’fhéidir iniúchadh sac heist seo agus breathnú ar an tacaíocht a cheart go mbeadh á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge nó ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta do na heagrais. Ní hamháin an Comhdháil ach do na heagraíochtaí bunmhaoinithe ar fad, nach mbeidh ag dul chun cinn sa phróiseas nua. Tuigimid agus nílimid ag argóint leis go mbeidh deireadh ag teach leis an mhaoiniú ar an 30 Meitheamh. Tá glactha againn leis an gcinneadh sin. Tá glactha ag Bord na Comhdhála go mbeidh siad ag gairm cruinniú úrghnách agus go mbeidh siad ag plé scoir na heagraíochta. Ach an deacracht atá ag an mBord agus ag an eagraíocht agus ag eagraíochtaí coisúil linn, ná go bhfuil go leor dlitineas reachtúla ar na heagraíochtaí sin agus tá Foras na Gaeilge, tá a gcuid lámha nite acu ar bhealach is bhíodar ag rá bhuel titeann na dualgas ar fad ó thaobh fostaíochta leis an eagraíocht féin agus bíodh is go n-aithníonn muid é sin measeann muid mar gheall go bhfuil ról an scáth-fhóstóra ag an maoinitheoir gurb iad a leagann síos rudaí ar nós cá mbeidh na postanna luaite cén t-aitheantas post a bheas ann, cén scála, cén grad rudaí denar chineáil sin go bhfuil dualgas ar an scáth-fhostóra ansin an tacaíocht chuí a léiriú do na heagraíochtaí bun-mhaoinithe nach mbeidh ag dul ar aghaidh. Is dóigh an cheist is mó a atá ann ná, tá dlitineas reachtúla ar an eagraíocht féin ní achmhainn dúinn na dlitneas sin ar fad a íoc agus go bhfuil gá dúinn breathnú i dtreo an mhaoinitheora i dtreo Fhoras na Gaeilge agus i dtreo na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le haghaidh an tacaícht chuí a fháil.

Go raibh maith agat, sea. An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.

Bhuel díreach tacaím leis an moladh sin atá déanta ag Kevin go dnéanadh muid éisteacht faoi leith ar an ábhar sin. Ní bhaineann sé go díreach leis an Acht inniu ach sílim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach. Tá díomá orm féin i ndáiríre leis an chaoi a bhfuil sé á láimhseáilte ag Foras na Gaeilge agus ag an Roinn sa gcomhtheacs seo. Tá mé ag ceapadh gur tugadh le fios go mbeifí ag deileáil, tuigimid agus dúirt mé féin ar maidin leis an bhForas go raibh an próiseas ina phraiseach faoi dhó agus go raibh go leor deacrachtaí éirithe as an phróiseas cúlchóiriú agus go dtuigtear dom go bhfuil géarchéim eile sa gcaoichóiriú ó thaobh na rudaí a tuigeadh agus na rudaí atá ag titim amach agus b’fhéidir go ndéanfaí tagairt dó sin ar ball beag chomh maith mar nuair a d’ardaigh muid an cheist sin ar maidin maidir leis lion na bhfoirne atá ann gurb é an tuiscint ginearálta a bhí leis an gcaoichóiriú go mbeadh na sé ceanneagraíocht cineáil ag tógáil isteach cuid de na cúraimí agus cuid de na fostaithe go deimhin nó na réimsí oibre a bhí ag na heagraíochtaí eile nach mbeadh ag fáil an bunmaoiniú feasta. Dé réir mar a thuigimse ó bheith ag caint le daoine san earnáil le deireanaí sé a mhalairt atá sib hag tuiscint ag an bpointe seo go bhfuiltear i gceist gearradh siar fiú ar an lion foirne atá in sna buneagrais sin an sé cheanneagraíocht agus go bhfuiltear ag iarraidh na dualgais bhreise a thógáil chomh maith leis sin. Níorbh shin é an freagra a fuair muid ó Foras na Gaeilge ar maidin níl fhios agam ar áiribh sibh céard a bhí le rá acu ach bhíodar á rá go bhfuil comhráití fós ar bun agus sílim go ndúireadar nach raibh sé i gceist gearradh siar ar an mhaoiniú go €5 mhilliúin go dtógfaí ar bord go mbeadh gearradh siar éigin sa mhaoiniú go ginearálta don earnáil ach nach mbeadh i gceist ach an méid cineáil ginearálta go mbeadh buiséad de €5 mhilliúin agus go gcaithfí é sin ar fad ar an earnáil agus nár chóir nach mbeadh titim sa bhfostaíocht ach go mbeadh méadú ar an bhfostaíocht.

Now, níl mé cinnte cá seasann sibhse leis sin ach b’fhéidir gur mhaith libh tagairt a dhéanamh do sin. Ach cinnte ó thaobh sibhse a bheith ag obair mar dhaoine deonacha agus eagrais dheonacha agus daoine ón bpobal a bheith go deonach ar na Boird caithfidh an Roinn teacht isteach agus tacaíocht a thabhairt daoibh ó thaobh scoir na heagraíochtaí nó na heagraíochtaí a bhogadh ó spota go bhfuil siad ag fáil maoiniú stáit go dtí an staid nach bhfuil siad nó go bhfuil siad féinseasamhach nó ag scor agus na dualgais reachtúla a bhaineann leis sin a láimhseáil ar bhealach stuama agus ar bhealach féaráilte nach bhfágfadh an pobal as an áireamh mar a déarfá. So, bheinn ag tacú leis an moladh mar sin go ndéanfadh muid éisteacht faoi leith.

Now ar na pointí éagsúla tá sibh ag teacht cuid mhór le go leor dá bhfuil ráite ar maidin . Is léir gur cuireadh dhá bhliain go leith de phróiseas comhairliúcháin ar bun go bhfuaireas go leor aighneachtaí gur shuí siad sin ar bhord na Roinne ar feadh bliain go leith. Agus sa deireadh thiar nár tógadh ar bord ach cuid beag bídeach de na moltaí. Tógadh ar bord an moladh a dúradh linn ar maidin maidir le hOifig an Choimisinéara Teanga ach feictear dom gur fágadh go leor eile as an áireamh agus gur lagú atá i ndán do Acht na dTeangacha i bhur dtuairim agus i dtuairim phobal na Gaeilge rud nach bhfuil aon ghlacadh ag an bpobal leis. Tógaim ar bord na moltaí a bhfuil sibh ag déanamh agus sílim go mbeidh muid ag tógáil sin ar bord sa tuairisc ó thaobh a mhalairt a bheith i gceist ó thaobh an rud.

An bun rud a bhí ag teacht tríd ar maidin ná i ndáiríre tá an prionsabail na scéimeanna as data. Tógadh isteach é ar bhunú na Breataine Bige bhí sé ceart ag an am ba é an bealach ciallmhar ag an am é le dul ach 10 mblana chun cinn tá muintir na Breataine Bige tar éis é sin a chaitheamh i dtraipisí chomh maith go bhfuil siad ag dul i dtreo rialachán agus bhí moltaí ar maidin fiú ag an gCoimisinéir Teanga fiú go gcuirfí na rialacháin sin sa reachtaíocht. So an bhfuil sib hag teacht leis sin gurb shin é an treo gur gá dúinn dul gur gá dúinn na rialacháin agus na hoibligeáidí, ní iad a fhágáil as na scéimeanna ach iad a chur sa reachtaíocht ó thaobh na heagrais stáit. Agus an rud eile an príomh rud is dóichí ná sotháthair na seirbhísí go bhfuil an Roinn fós ag cur dallamológ orthu féin go mbeidh an inniúlacht in sna daoine atá ag obair in san stáitseirbhís bunaithe ar na moltaí atá déanta acu ó thaobh earrcaíochta de agus gur gá a bheith i bhfad níos láidre ar na moltaí atá déanta agaibh 30% de na daoine nua a thógfar ar bord as seo go ceann 10 bliana go mbeadh Gaeilge ar a dtoil acu agus cén slat tomhais atá againn ó thaobh inniúlacht. Cén chaoi a mbeidh fhios againn. Dúradh linn ar maidin mar shampla go raibh 900 duine in san státsheirbhís ar chúrsa de chineáil éigin. Níl fhios agama ar fheasacht Gaeilge nó cúrsa Gaeilge a bhí ar bun faoi scáth Gaelchultúir. Ar leor sin, mar inniúlacht sa Ghaeilge. Ar leor sin le bheith in ann soláthair, má thagann duine isteach le Gaeilge ag iarraidh a chuid gnóithe a dhéanamh bíodh siad ag plé le cárta leigheas nó deontas nó cúrsaí soisialta. Céard atá i gceist agaibh-se le inniúlacht sa Ghaeilge agus cén chaoi a ndéanfaí treise ar sin agus cén chaoi is cóir é sin, ar chóir é sin a bheith sa reachtaíocht nó nár chóir.

Ar mhaith le héinne agaibh na ceisteanna sin a fhreagairt?

Mr. Kevin de Barra

Tiocfaidh mise ar ais orthu sin. Tá roinnt mhaith ceisteanna ardaithe ansin agat a Sheanadóir. Ar an gcéad dul síos ó thaobh cúrsaí fostaíochta a luaigh tú ansin ó thaobh na hearnála deonaigh is mar sin de. Mar eagraíocht nach mbeidh ag dul chun cinn sa tréimhse seo tar éis an 30 de Mhí Meithimh ó Eanáir na bliana seo nuair a fógraíodh go mbeadh deireadh ag teacht leis an maoiniú tá go leor céimeanna glactha againn féin mar eagraíocht agus cuid mhaith acu sin tharla siad gan aon tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge nó ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Mar shampla chuaigh muid tríd gach ceann de sna tionscadal atá faoin ár gcúraim i láthair na huaire agus bhí muid i mbun plé leis na ceanneagraíochtaí agus leis na heagraíochtaí eile maidir leo sin a aistriú. Tá cuid mhaith de na cúraimí sin aistrithe ag an bpointe seo ach tá deacracht ar leith ag baint leis ó thaobh na cuid atá le haistriú go na ceanneagraíochtaí mar nach fios do na ceanneagraíochtaí go fóil cén busiéad nó cén fhoireann a bheas acu ón 1 Iúil ar aghaidh. Is bac é sin dúinn agus tá muid ag caint ar tionscadail a asitriú.

Anuas ar sin ceann de na tionscadail is mó a bhíonn plé againn leis ná an tseirbhís digiteach Gaelport.com agus ar an drochuair cuireadh in iúl dúinn ó Fhoras na Gaeilge nach mbeadh siad sásta Gaelport a mhaoiniú amach anseo cuma cé bhí ina stiúir agus tá siad tar éis tarraingt ar sin ó shin. Chuir sé sin ana-bhac ar phlé idir muid agus ceanneagraíochtaí ar raibh spies acu sa tseirbhís ach fós tá muid anois ceithre seachtaine ón sprioc dháta agus níl a fhios ag na ceanneagraíochtaí cén bhuiséad a bheas acu, cén fhoireann a bheas acu, agus ní féidir linn a bheith ag caint ar tionscadal a aistriú nuair nach bhfuil fhios againn go mbeidh an scill nó an cumas nó an fhoireann ar fáil le haghaidh tabhairt futhu. So sin é is dóichí ceist na fostaíochta. Arís ónár dtaobh measaimid gurb é an rud is tábhachtaí do na heagraíochtaí nár éirigh leo ná go mbreathnófaí ar na tacaíochtaí chuí a chur ar fáil do na heagraíochtaí sin.

Luaigh tú ansin tábhacht na scéimeanna teanga agus go bhfuil an córas sin chomh lofa sin go smior is go bhféadfadh é a chaith sna traipisí agus a admháil nach bhfuil sé á chur i bhfeidhm mar is ceart. Is dóichí agus muid ag breathnú ar an plé ar fad a bhí ar maidin, measann muid go mbeadh sé cineáilín fánach againn a bheith ag argóint idir arc heart do na scéimeanna a bheith trí bliana nó cúig bliana nó seacht mbliana má tá na scéimeanna sin chomh lochtach is nach fiú iad a chur i bhfeidhm. Bheinn-se agus bheadh an Comhdháil ag moladh mar a lua muid sa ráiteas a thosaigh ansin, go bhfuil bealaí ann chun an córas scéimeanna sin a fhorbairt ach caithfimid a admháil mar thus phointe gurb é spiorad an Achta ná breis seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge agus go bhfeictear dúinn go bhfuil leor leor samplaí Na Coimisinéirí Ioncam, An Roinn Oideachais agus Scilleanna atá ag iarraidh cúlú a dhéanamh ar na dualgais reachtúla atá acu. Tá sé luaite sa dara scéim teanga atá ag na Coimisinéirí Ioncam go bhfuil siad féin go bhfuil siad ag cúlú ó chuid mhaith de na céad gealltanais ach tá foclaíocht ar nó chomh fada is a ligeann do achmhainní, chomh fada agus atá achmhainní ar fáil, go dtí go mbeidh achmhainní ar fáil chuige agus rudaí den chineáil sin á sníomh isteach sna scéimeanna rud a chiallaíonn go bhfuil bealach ealaithe ag na comhlachtaí poiblí sin agus nach bhfuil an dualgas céanna orthu. Gabhfaidh an Coimisinéir Teanga i mbun monatóireachta agus a luaithe agus a bhfuil rud éigin ráite atá nasctha le achmhainní ní gá don chomhlacht poiblí sin a chur i gcrích agus is dóigh gurb é an bunús ansin ná go mba cheart go mbeadh na rudaí seo bunaithe ar chearta teanga in áit a bheith bunaithe ar ghealltanais na gcomhlachtaí poiblí.

Rud eile a lua muid ná go mba cheart go mbeadh na cineáileacha seirbhísí céanna ar fail ó chomhlachtaí poiblí atá chomhcosúil. Ceann de na deacrachtaí is mó a fheictear dúinn ó thaobh na scéimeanna teanga ná go bhfuil sé fíor fíor-dheacair ag an gnáthdhuine iad a thuiscint. Ní thuigeann an gnáthdhuine ag dul isteach san Oifig Mótarchánach i nGaillimh nó Oifig Mótarchánach i Longfort a bhfuil a cead acu an gnó sin a iarraidh trí Ghaeilge nó nach bhfuil. Mar gheall go mbriatheann siad go hiomlán ar córas na scéimeanna agus sin rud ar ghá dúinn dul i ngleic leis go mbeidh a fhios ag an bpobal i gcoitinne céard iad na seirbhísí atá ar fáil dóibh ó chomhlachtaí poiblí trí Ghaeilge agus chuige sin tá muide ag moladh mara bhfuil an t-iarChoimisinéir Teanga go ndéanfar aicmiú ar na comhlachtaí poiblí iad siúd atá ag cur seirbhísí níos mó ar fáil don phobal gur orthu sin is mó a bheadh an dualgas.

Anuas ar sin, tá an aicmiú sin pléite againn ach feictear dúinn freisin gur chear an tairiscint gníomhach mar atá luaite i gCeanada gur gá dúinn dul i ngleic leis sin. Ní féidir linn a bheith ag teach tag cruinnithe den chineáil seo ag rá ó bhí cáipéis ann ach ní raibh éileamh ar bith air. Mura bhfuil fhios ag pobal na Gaeilge go bhfuil cáipéisí nó go bhfuil seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge cén chaoi sa diabhal a bhfuil siad ceapatha na seirbhísí sin a éileamh agus sin ceann de na bun-deacrachtaí.

Ceist eile atá ná maidir leis na seirbhísí tá comhlachtaí poiblí ag tairmligean a ndualgais amach go dtí gníomhairí eile agus níl na dualgais reachtúla ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla ag leanúint na seirbhísí. Luaigh Julian níos túisce Dublin Bikes tá neart samplaí eile agus caithfimid a bheith cinnte go bhfuil na rialacháin sin go reachtúil istigh san Acht Teanga agus nach féidir tairmligean a dhéanamh ar dhualgais ar leith gan an dualgas reachtúil a bheith ag leanúint na seirbhíse sin.

Mr. Julian de Spáinn

Bhuel, bheinn ag teacht go láidir leis an moladh atá agaibh le seisiúin speisialta a eagrú chun cúrsaí Fhoras na Gaeilge a phlé. Sílim go bhfuil sé scannalach ag muintir seo nach bhfuil fhios ag na daoine nach bhfuil le bheith maoinithe ó 1 Iúil ar aghaidh an mbeidh sin in ann cothrom na féinne a thabhairt do na fostaithe atá acu. Ach go háirithe i gcomhthéacs iomarcaíocht agus eile. Le roinnt mhaith blianta anuas táimid ceangailte le leibhéal na státseirbhíse nuair a thagann sé go dtí cúrsaí tuarastail bhuel ba chóir go mbeadh an rud ceanainn céanna i gceist mar sin má tá an stát ag iarraidh gearradh siar ar an mhaoiniú atá ar fáil agus tá siad ag iarraidh go bunúsach daoine ag dul a chur amach agus sílim gur chóir go mbeadh ar a laghad na scoruithe céanna ann ó thaobh cúrsaí iomarcaíochta . So go mbeadh siad ag aithint agus go mbeadh siad ag tabhairt cúitimh chuí do na fostaithe nach bhfuil ag leanúint ar aghaidh. Agus an rud a luaigh an Seanadóir ansin freisin an tuiscint a bhí againn chomh maith ag dul isteach sa chóras maoinithe nua ná go mbeadh deiseanna breise ann ó thaobh an réimse oibre atáimid le bheith i gceannas air amach anseo. Ach ag breathnú ar na figiúirí agus na rudaí a bhí luaite ag Foras na Gaeilge ar maidin, b’fhéidir go mbeidh cineáil mearbhail ort ó thaobh na figiúirí de ach caithfidh mé a rá bhí thart ar 73 duine fostaithe ag an 15 eagraíocht sin a ghlacann le raidió agus nach téann iad ach san áireamh. Tá thart at 73 duine fostaithe ag na heagraíochtaí eile i ndiaidh an athchóiriú seo ar fad atá siad ag caint air beidh 38 fostaithe chun an obair cheanainn céanna a dhéanamh.

Chomh maith leis sin tá siad ag iarraidh 13 a chur amach ar an mbóthair a bheith ag obair sa phobal ach ní bheidh ach 38 ag obair in áit go raibh 73. So tá laghafú dochreidte mór déanta ar an lion daoine atá fostaithe nó atá chun a bheith fostaithe amach anseo agus is soláthair foirne nach bhfuil sásúil do na ceanneagraíochtaí atá ag leanúint ar aghaidh agus a bheas ag tabhairt faoin obair seo ar fad. Agus mar a luaigh Kevin atá ag cruthú go leor leor deacrachtaí ó thaobh aon athrú tionscadal agus eile agus mar a shílimear i gcónaí ag an tús go mbeidh deiseanna ann do na daoine ins na heagraíochtaí nach mbeidh ag leanúint ar aghaidh. Níl cuma ar an scéal go mbeidh na deiseanna sin ann so mholfainn dul leis an moladh atá agaibh le cruinniú speisialta leis an gcás sin a phlé.

Maidir le cúrsaí scéimeanna agus eile agus sílim go raibh freagra cuimsitheach ansin ag Kevin so b’fhéidir just go ndéanfaidh mé tagairt don Bhreatain Bheag an rud a luaigh an Seanadóir Ó Clochartaigh ansin freisin. Ba chóir dúinn foghlaim ó muintir na Breataine Bige agus tá siadsan tar éis córas na scéimeanna a chaitheamh amach agus córas caighdeán a chur isteach agus sílim go bhfuil an córas sin déanann sé i bhfad níos mó céile agus bá chóir dúinn dul len a leithead. Ach caithfear breathnú ar cén slí a thugann siadsan faoin post an Choimisinéara Teanga mar shampla atá siad tar éis a chur ar bun sa Bhreatain Bheag. Tá siad tar éis i bhfad níos mó de chumhacht a thabhairt don Choimisinéir Teanga sa Bhreatain Bheag mar go n-aithníonn siad an tábhacht a bhaineann leis an bpost. Tá muid anseo ag iarraidh láidriú a dhéanamh ar Acht go bhfuil an Roinn ag iarraidh a lagú tá siad san tar éis cur leis an méid gur féidir déanamh ó thaobh na Breatainise de ann. Sampla amháin de sin ná mar shampla ná an Coimisinéir Teanga sa Bhreatain Bheag is féidir leo comhairle a chur ar fáil do gach Aire sa Bhreatain Bheag maidir le haon reachtaíocht atá siad ag cur le chéile agus is gá do pé Aire aird a thabhairt ar an gcomhairle sin ag teacht ón gCoimisinéir Teanga. So aithníonn siad san go bhfuil ról trasna an bhoird ag an gCoimisinéir Teanga ansin. An ról atá ann in Éirinn tá sé thar a bheith teoranta agus tá iarracht ar siúl chun é sin a dhéanamh níos laige fós. Agus an rud deireanach a dheirinse faoin 900 duine atá faoi threanáil faoi láthair ceann de na fadhbanna is mó a bhaineann le cúrsaí treanála agus daoine a oilliúint le Gaeilge, níl aon dualgas orthu an Ghaeilge sin a úsáid ina gcuid postanna ina dhiaidh sin chun seirbhísí a chur ar fáil don phobal. So ar mbealach áirithe is deas é go bhfuil siad ag cur cúrsaí treanála ar fáil ach mbun a bhfuil sé ceangailte le breis seirbhísí ní fiú é a dhéanamh. B’fhearr go mbeadh sé seo ceangailte go dlúth agus níos mó daoine faoi oiliúint chomh maith.

Ar phointe eolais bunaithe ar sin maidir le Ceanada agus na moltaí a rinne tú ansin agus maidir leis an Bhreatain Bheag, an mbeadh sibh ábalta breis eolais a chur ar fáil ina dhiaidh seo faoi sin?

Mr. Julian de Spáinn

Beidh.

Ina dhiaidh seo faoi sin agus bheadh muid in ann é a thógáil ar bhord.

Tá brón orm nach raibh mé in ann a bheith anseo níos túisce ach bhí gnóthaí eile ar bun agus tarlaíonn sé sin sa teach seo. Maidir le ceist Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus na heagraíochtaí bhunmhaoinithe eile nach mbeidh ag fáil aon mhaoiniú, cuireann sé iontas ormsa nach bhfuil maoiniú curtha ar fáil lena dualgas reachtúla a chomhlíonadh. Mar mar a dúirt tú féin is ón stát a tháinig an t-airgead ar fad. Agus creidim gur cheist an-tromchúiseach é sin agus bheadh súil agam go gcuireadh an coiste seo moladh láidir ar aghaidh ag an bheirt Aire go bhfuil anforláimheas acu ar an gnóithe treoir a thabhairt don Fhoras rud a féidir leo a dhéanamh mar chomh-Airí, an t-airgead sin a chur ar fáil. Ní fheicim gur ceist go mbeadh aon phlé faoi. Ní shamhlaím cén chaoi ar tharla sé fiú gur tharla sé seo mar shílfeá go mbeadh sé bunúsach go gcaithfí maoiniú a chur ar fáil go gcomhlíonadh sibh bhur ndualgaisí go mórmhór ag bhur gcuid fostaithe. Agus mar a deirim is ceist í don dá Aire agus atá acu siúd atá réiteach na faidhbe agus lá amháin cruinniú beag amháin idir an dá Aire agus tóg an doras agus jab déanta. Níl fhios agam an fúinne nó an coist amach anseo an bheir t a thabhairt isteach agus ceist díreach a chur orthú cén fáth nach raibh sé sin mar choinníoll ón tús don atheagar.

Now an dara rud b’fhéidir go bhféadfadh sibh bhur míniú a thabhairt air. Tá sibh ag caint ar an bhfostaíocht al laghadú ó 73 go 51 mar beidh na daoine a bheas amuigh ar an mbóthair ag fáil pá. Ach ag an am sin de réir mar a thuigim níl an méid sin de laghadú tagtha ar an airgead. Sé sin, níl dhá seachtú chuid den airgead imithe so an bhféadfadh sibh a mhíniú cá bhfuil an chuid eile den airgead ag dul a bheith caite. Now, má sé chun a bheith caite sa phobal caithfidh tú ansin breithiúnas a dhéanamh an raibh gá leis an méid sin foireann oifige agus an bhféadfá níos lú a chaitheamh ar dhaoine ag suí istigh in oifigí agus níos mó a chaitheamh amach sna pobail agus más féidir bhuel sin a chaithfimid uilig a dhéanamh. Ach más ciorraithe de bhreis ar na ciorraithe atá ráite linn sin ceist eile ar fad agus b’fhéidir go bhféadfadh sibh míniú a thabhairt ar sin.

Anois tá mé tar éis éisteacht go cúramach len a bhfuil le rá agaibh faoin mBille agus faoin dréacht scéim. Agus dáiríre tá sibh ag rá cuid mhaith de na moltaí seo is moltaí teicniúla iad. Má thuigim ceart. Cuid acu is céim ar gcúl iad cúpla ceann fánach céim ar éigin ar aghaidh. Ach nach bhfuil aon rud fíor shubstaintiúil ann. Now caithfidh mé fainic a chur oraibh dá mbeadh an Bille seo foilsithe mar Bhille pléite sa dara chéim sa Dáil agus muid ag cur na moltaí atá sibhse ag cur chun cinn ar aghaidh ag Céim an Choiste mar shampla ríalófaí gach aon cheann beagnach de na moltaí atá déanta as ord ar an mbunús go gcuirfidís costas ar an stát. Agus ní féidir leis an bhfreasúra agus tuigigí é seo ní féidir leis an bhfreasúra leasú a mholadh a chuirfidh costas ar an státchiste agus baintear brí an-leathanas sin mar gheobhfá amach dá mbeifeá amach dá mbeifeá ag iarraidh na leasuithe a chur síos. Agus is dóigh liom go nardaíonn sé seo an cheist an gceapann sibhse go mba cheart don Choiste seo iarraidh ar an Aire an Bille seo a tharraingt siar go hiomlán agus teacht ar ais le dréacht scéim eile a thabharfadh aird ar na moltaí a rinneadh agus a bheadh cun tairbhe na Gaeilge nó an fiú ag tógáil an laincis agus mar deireann an tAire níl mé ag du lag glacadh le fiú aon chuid de na moltaí atá déanta agaibh. An bhfuil an tairbhe níos mó ná an dochair ar dhul ar aghaidh leis an mBille seo? Nó an mb’fhearr dúinn a rá éist leis ar fad is fearr an status quo ná an méid atá á mholadh anse.

Tá an mheicníocht a bhaineann leis seo thar a bheith tábhachtach. Caithfidh mise a rá, nach bhfeicimse aon rud mórán chun tairbhe sa mBille mar de réir mar a thuigim sé an fáth go bhfuil an Bille seo ann ar chor ar bith ná maolú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Sin an t-údar a chuireadh an athbhreithniú ar bun. Fair play do eagraíochtaí na Gaeilge agus do phobal na Gaeilge nuair a tháinig an córas comhairliúcháin d’fhan na Béarlóirí a bhí ag gearrán ina dtost agus tháinig sibh ar ais le moltaí foirfe.

Ach ba é an bun-fheidhm an athbhreithnithe ná lagú a dhéanamh ar an Acht fiú is go n-ordóinn féin nach bhfuil sé bainte amach na rudaí ar mhaith liomsa is dóigh liom go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil sé ann ach d’fhéadfadh cinnte tá go leor foghlamtha againn ó tháinig sé isteach agus mar atá luaite anseo. Bhreannaigh muid ar obair Cheanada ag an am agus bhreannaigh muid ar obair na Breataine Bige. Thóg muid an Coimisinéir ó Cheanada agus déarfainn nach bhfuil duine ar bith sa tír a déarfadh narbh lá maith oibre é sin. Ba i gceist an-foirfe a dhéanamh ar cheist na scéimeanna ach mar tá sib hag cur i bhfeidhm níl siad ag feidhmiú mar níl an toil ann.

Now just cúpla ceist, déarfainn sibh go mba cheart go mbeadh gach seirbhís ar fáil do phobal na Gaeltachta trí Ghaeilge. Now baineann pobal na Gaeltachta úsáid as gach seirbhís sa tír agus tá ar nós 400 eagraíocht stáit ann agus ar ndóigh dá mbeadh sé ar fáil do phobal na Gaeltachta tuige nach mbeadh sé ar fáil do phobal na Gaeilge mar tá níos mó Gaeilgeoirí i mBaile Átha Cliath ná mar atá i go leor leor de na Gaeltachtaí ach go praiticiúil cén chaoi a chuirfí rud mar sin i bhfeidhm?

Mar is dóigh liomsa go gcaithfimid a bheith cúramach gan rudaí a mholadh nach bhfuil praiticiúil mar ní tharlóidh siad.

Now an dara ceist atá agam ná cuireann sibh an-bhéim ar 30% den fhostaíocht nua a bheith inniúil ar an dátheanga. Má chuirtear ar an mbealach sin, an bhfuil an seans ann go gcuirfear neart duine Gaeilge scéal amach go bhfuil siad ag iarraidh go mbeidh 30% laistigh de 10 mbliana den státseirbhís agus den seirbhís poiblí obair a dhéanamh i nGaeigle agus i mBéarla. Agus mar sin ó thaobh na huimhríochta de agus sé an toradh céanna é, de réir mar thuigim thabharfadh 30% suas le 10% duit faoi cheann 10 mbliana. An bhfuil sé sin fíor? An mbeadh muid níos fearr a bheith ag rá go mba cheart go mbeadh 10% de sheirbhísígh poiblí inniúil ar an seirbhís a chur ar fáil sa dátheanga faoi cheann 10 mbliana seachas an figiúir eile mar feicim contúirt ann nua agus thiocfaidh mé aige i gceann soicind. Ba mhaith liom bhur dtuairim ar sin mar tá cur i láthair fíor-thábhachtach mar ní hamháin go bhfuil tú ag caint ar phobal na Gaeilge, caithfidh tú cuimhneamh is treise i bhfad an pobal eile. Sé an rud céanna é.

An cheist eile faoi seo ar fad ó thaobh fostaíochta de, an bhfuil gá go mbeadh scríofa san Acht nua córas caighdeáin neamhspleách ó thaobh céard a bheas inniúil ar obair a dhéanamh sa dá theanga go mbeadh sé scríofa síos agus nach mbeadh sé fágtha faoin gcóras poiblí a rá a bhfuilid inniúil nó nach bhfuil. Because má tá tú ag du lag tiomáint lorraí don stát ní féidir leis an státseirbhís a rá a bhuel ceapaim go bhfuil tusa sách maith ag tiomáint agus sure foghlaimeoidh tú de réir a chéile. Caithfidh duine teacht isteach leis an cheadúnas chuí. Agus is dóigh liom agus bhí i gceist díriú ar an gceist seo fadó go mbeidh an chéad chéim eile go gcaithfidh caighdeán neamhspleách a leagan síos, Ní chreidim agus tá taithí agam ar an obair seo, ní chreidim go bhfuil mórán tairbhe, tá tairbhe pearsanta ann ach ó thaobh seirbhísí de ard chaighdeán a chur ar fáil trí Ghaeilge. Níl na cúrsa seo atá á chur ar fáil taobh istigh den seirbhís poiblí ag aistriú Béarlóirí isteach go daaoine dátheangach atá chomh compordach i nGaeilge is atá i mBéarla. Agus seo é an áit a bhfuil an laige mar is féidir leat dul ar an gcúrsa agus níl aon teastas uaidh ag a dheireadh agus ní córas an teastasú a bheadh sách ard is go bhféadfá a bheith cinnte go mbeadh an duine in ann an obair a dhéanamh sa dátheanga ar a gcompord. Agus mura bhfuil agus caithfidh mé a rá an-chreidiúint do na coimisinéirí ioncam bímíd á gcáineadh ach rud amháin go gcaithfidh mé a rá aon uair a d’úsáid mise agus actually úsáidim é de rogha ar an seirbhís ar an seirbhís Béarla fiú le rudaí nach mbaineann le, má tá fiosrúcháin agam. Mar tugaim faoi deara mar ghlaoim ar an uimhir faighim daoine an-deas, feictear dom go bhfuil caintiúintí Thír Chonaill ar a gcuid mhaith acu agus téann siad as a mbeallach uilig le bheith cuiditheach b’fhéidir dá nglaofainn ar an uimhir Béarla nach bhfaighfinn seirbhís leath chomh maith. Agus ar ndóigh seo é an rud faoi thairiscint agus faoi roghanna agus faoi chumas agus faoi so tá sé sin fíor thabhachtach. Ba mhaith liom bhur mbarúil ar sin mar an fiú dul ar aghaidh leis seo uilig go dtí go mbeidh na caighdeáin ann, ar ndóigh an gcaithfimid mar atá déanta in Ceanada tá caighdeán leagtha síos an gcaithfidh tú an caighdeánú agus an córas le faofadh a dhéanamh ar chumas daoine a chur sa gcéad áit anois céad chéim eile sa phróiseas.

Tá spéis agam sa méid atá le rá agaibh faoi Choimisinéir Teanga ar rogha na cáipéisí. Ach ar bhealach an rud seo ar fad faoi na cáipéisí is léiriú é ar chumas roinnt bheag daoine taobh istigh den chóras agus bí cinnte go dtáinig sé seo ón gcóras agus na meáin scéal cailleach an úafáis a dhéanamh. An manna seo whats the point in translating documents that people don’t read. Pointe maith agus tá pointe níos bunúsaí cé fáth iad a scríobh ar chur ar bith mar a bhfuil daoine á léamh.

Rinne mé suirbhé le gairrid chuir mé ceist na Dála síos agus is tógtha go bhfaca cuid aghaibh é ar TG4 é. Chuir mé ceist ar gach Roinn stáit cé mhéad a chaith siad ag aistriú cáipéisí ó Bhéarla go Gaeilge nó ó Ghaeilge go Béarla agus ó Bhéarla go teangacha eile. Ar an gcéad dul síos bhí níos mó caite ag aistriú cáipéisí oifigiúla go teangacha eile ná mar a bhí caite go Gaeigle i stát gurb í an Ghaeilge an príomhteanga oifigiúla agus an dara rud a bhí thar a bheith spéisiúil den chaiteachas riaracháin, den chaiteachas riaracháin ba ionainn agus an méid a chaitheadh agus 0.03% . Now, caithfidh mé a rá agus ba mhaith liom bhur dtuairim ar seo ní dóigh liomsa más beartas poiblí é, is beartas poiblí é. Agus ní cheart do, an idea a bhí taobh thiar de sin ná pé cáipéisí na cáipéisí sin ar fad ní raibh aon ghá iad a aistriú bheadh sé indéanta ach d’ordaigh muid ceist achmhainne ach más polasaí de chuid eagraíochtaí an stáit. Bhí an argóint ann now ó thaobh an Choimisinéara ba mhaith liom a fháil amach an bhfuil sibh i bhfábhair nach mbeidh gach beartas poiblí le naistriú fiú nach bhfuil aon chostas ag baint leis ar chor ar bith a dhéanadh aon difríocht , €300,000 a bhí ann don 15 de Ranna stáit nó 16 de Ranna stáit mar atá sé nó an bhfuil sibhse ag rá go mba cheart don Choimisinéir leagan síos go raibh cáipéisí eile chomh tábhachtach is go mba cheart iad a aistriú. Ach an bhfuil sib hag rá nach ceart go mbeadh gach beartas poiblí le naistriú. Ba mhaith liom bhur dtuairim ar sin.

An-spéis agam faoin méid atá le rá agaibh faoin mBreatain Bhear agus faoi Cheanada. Caithfidh mé a rá go gcreidim go mba cheart don choiste seo plé a dhéanamh le muintir na Breataine Bige faoin a bhfuil foghlatha acu. Mar tá cás Ceanada an-úsáideach ach beagáinín difriúil is teanga mó domhanda í an Fhraincis. Agus go mórmhór i dtaobh na scéimeanna aontaím go hiomlán caithfidh mé a rá leis an aicmiú seo bhí sé sin díreach ag tosú nuair a d’fhág mé an Roinn. Ach is cosúil go bhfágfadh sé sin go mbeadh aicmiú déanta ní raibh sé chun a bheith reachtaíochtach ach bhí sé ag dul a bheith déanta Roinn Talmhaíochta, Roinn Leasa Shóisialaigh agus mar sin de agus go mbeadh aicme ann dó Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus na Comhairlí Contae sna Contaetha Gaeltachta is go mbeadh rudaí áirithe go gcaithfidís a dhéanamh i bplean agus go mbeadh sé ráite leo caithfidh bhur bplean. Now b’fhéidir go mba cheart í sin a chur san Acht ba mhaith liom córas na Breataine Bige a fheiceáil sílim féin go gcaithfimid tuilleadh plé a dhéanamh faoi sin.

So, is dóigh an bun bun bun cheist atá agama ag deireadh an lae, an fiú dul ar aghaidh leis an bpróiseas seo mura bhfuil an tAire ag dul á athrú ó bhonn. In bhur dtuairim, ba mhaith liom bhur dtuairim, caithfidh an Coiste a n-intinn féin a dhéanamh suas ag an deireadh nó an mb’fhearr go ndéarfadh muid níl aon mhaith sa rud seo níl aon rud ann más theastaíonn uait 2 line Bille a thabhairt isteach maidir leis na hainmneacha agus seoltaí agus caithfidh mise i gcónaí go raibh cead agat d’ainm agus seoladh, níor úsáid mé ainm ó bhí méi mo ghasúir i mBaile Átha Cliath níor úsáid mé ainm ná seoladh i mBéarla agus ní úsáidfidh ach an oiread. Tá rudaí eile a chuireann as dom faoi cháipéisí le gairid mar shampla tá leagan amach ar na ríomhairí do sheoladh agus bíonn an rud seo baile. Ní chónaím-se i mbaile you know town mar a thugann siad ar i mBéarla bailechuinse, bailefearainn. Cónaímse i mbailefearainn ceart go leor ach ní i mbaile agus Mr agus Ms agus na rudaí seo agus gan Gaeilge ar bith orthu agus táidear ag éileamh rudaí craiceáilte ort. Níl aon teideal ormsa ach Eamon Ó Cuív. Ach ag fágáil sin i leath taobh d’fhéadfaí ní gá Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasú le na leasuithe a bheith tairbheacha a dhéanamh anseo.

So ba mhaith liom a fháil amach céard iad na leasuithe práinneacha chun tairbhe anseo a chaithfí dul ar aghaidh leis agus in uaidh sin a chur i mBille beag is just iad a chur amach as an mbealach. B’fhéidir go bhféadfaimid i a dhéanamh i mBille príomháideach mé féin agus an Seanadóir Ó Clochartaigh agus an mb’fhearr ó thaobh an mórphictiúr gur seo leasú agus athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus go ba é seo é. An mb’fhearr a rá leis an Aire, sorry no dice, tosaigh all over again agus scríobh Bille ceart nó ná bac leis

Tá roinnt mhaith tuairimí agus ceisteanna ansin. An féidir linn díriú isteach ar na leasuithe, mar a d'iarr an Teachta Ó Cuív?

Tá níos mó ceisteanna gur mhaith liomsa freagra a fháil orthu. Tuigeann an tUasal ó Cuilinn an rud a dúirt mé faoi na leasuithe.

Mr. Feargal Ó Cuilinn

Tuigim sin. Ar lámh amháin, dá mba rud é go ndeachaigh an Freasúra isteach ag moladh ruda a dtarraingeodh costas breise anuas ar an Stát, chaithfí amach an doras é. Mar sin, ní dóigh liom go bhfuil sé mar ról againn teacht isteach agus a mhíniú don bhFreasúra nó don Rialtas cad ba chóir a dhéanamh, ach is féidir linn moladh a dhéanamh don comhchoiste seo. Idir na moltaí a tháinig chun cinn ar maidin ó na finnéithe a bhí anseo agus na moltaí atá curtha le chéile againn, atá bunaithe ar an gcóras chomharliúcháin agus ar mhianta phobal na Gaeilge, táimid ag iarraidh ar an gcomhchoiste seo a chinntiú go gcuirfear iad sin faoi bhráid an Aire agus an Roinn agus nach ndéanfear neamhaird orthu. Mar atá le feiscint go sonrach, rinneadh neamhaird ar fhormhór na moltaí a tháinig ón gcóras chomharliúcháin.

Abair go ndeireann an tAire nach bhfuil sé chun bacadh leis, an ceart dúinn iarradh air dearmad a dhéanamh ar reachtaíocht, mar nach bhfuil aon tairbhe ann, cé gur sin atá molta?

Mr. Feargal Ó Cuilinn

Mar a deireann an Teachta agus mar a dúirt mé féin, nuair a tháinig an tAcht chun cinn, b'shin an chéad uair riamh go raibh deis ag pobal na Gaeilge aitheantas a fháil go raibh cearta teanga acu. Tá cúlú ann cheana féin maidir le feidhmiú an Achta, ach drochlá amach agus amach a bheadh ann dá gcaithfí ar leataobh go huile agus go hiomlán é. Ní dóigh liom go mbeadh aon chaint ann i dtaobh deireadh a chur le hAcht a bhain le cearta do dhaoine a bhfuil míchumas orthu, ach tá cuma ar an scéal gur féidir caitheamh le Gaeilgeoirí ar an mbealach sin.

In ionad a bheith ag caint maidir le deireadh a chur leis an Acht, táim ag caint ar deireadh a chur leis an mBille seo a dhéanann leasú ar an Acht.

Mr. Julian de Spáinn

Mar a luaigh an Teachta, d'fhéadfaí a rá go bhfuil dhá mholadh gur fiú dul ar aghaidh leo ag an bpointe seo - an moladh maidir le hainmneacha agus seoltaí agus an moladh go mbeadh gach comhlacht agus Roinn faoi choimirce an Achta go huathoibríoch, gan gá cur leis an Schedule. Sin an dá mholadh is mó a thagann ó na ceannteidil seo go bhfuil aon mhaith leo. Tá dhá mholadh eile sna ceannteidil, ach níl mórán maitheas iontu.

I ndáiríre, tá an oiread sin fágtha amach go bhfuil moltaí déanta againn mar chuid den próiseas seo - má leanann sé ar aghaidh - agus tá súil againn go dtacóidh an fochoiste leo. Is léir nach raibh an próiseas seo ar fad ann leis an tAcht a láidriú. Dá mba rud é go raibh sé ann ansin, bheadh an chuid is mó de na 60 moltaí atá san áireamh sa tuairisc ar an athbhreithniú a rinneadh ar an Acht san áireamh sna ceannteidil, ach níl siad le feiceáil; níl siad ann. Mar sin, tá rud eigin thar a bheith lag agus lochtach os ár gcomhair le plé. B'fhearr - luaigh muid é seo leis an Roinn cúpla uair - mar sin gan dul ar aghaidh leis an mBille go dtí go bhfuil an Bille i gceart. Luamar sin cúpla uair agus bhí an-díomá orainn, mar atá ráite againn arís agus arís eile go poiblí, leis an rud atá tar éis teacht amach ón Roinn. Tá sé thar a bheith lochtach agus easnamhach agus níor tógadh na moltaí nó na rudaí atá ag teastáil ó phobal na Gaeilge agus Gaeltachta san áireamh, seachas, b'fhéidir, an dá rud a luaigh mé.

D'fhéadfaí a rá go ndéanann ceann amháin de na rudaí sin a luaigh mé faoin Schedule saol na Roinne níos éasca. Maidir leis an an dara rud, na hainmneacha agus seoltaí, thuigeamar ar fad i gcónaí go bhféadfadh muid sin a dhéanamh, ach is maith ann é mar mholadh. Lasmuigh den dá rud sin, níl na moltaí le feiceáil. Mar sin, más gá an próiseas a chur ar leataobh chun gur féidir an Bille a dhéanamh i gceart, tacóidh muid le sin.

Mar phointe eolais, an bhfuil na moltaí atá déanta, fiú na leasuithe diúltacha atá ag teacht chun cinn, maidir leis an Acht a athrú molta sna haighneachtaí? An bhfuil siad sin le feiceáil sna haighneachtaí nó an ón Roinn atá siad ag tacht.

Mr. Julian de Spáinn

Tá beagán díobh le feiceáil. Mar shampla, luadh cúig bliana sna moltaí, ach níor luadh seacht mbliana.

Mar sin, táimid ag feiceáil ceannteidil an Bhille bunaithe ar rudaí nach bhfuil eolas againn futhu, mar nach raibh siad clúdaithe sna haighneachtaí. Cuireann sé sin leis an bhfearg. Níl na moltaí dearfacha ann agus maidir leis na rudaí diúltacha ann, ní léir gur mhol aon duine na rudaí sin ach go bhfuil an Roinn féin ag dul céim níos faide.

Mr. Julian de Spáinn

Rud beag amháin eile, maidir leis na moltaí a tháinig agus atá le feiceáil, fiú sa 60 moladh atá luaite san achoimre, tá an meacan céanna le moladh ag teacht ó Roinn amháin nó b'fhéidir moladh amháin ag lua gur chóir an rud a shíneadh go dtí cúig bliana nó gur chóir gearradh siar ar chuid de na cumhachtaí atá ag an gcoimisinéir agus le rud éigin ar thacaigh, b'fhéidir, deichniúr leis, ar nós fáil réidh leis na scéimeanna ar fad agus córas caighdeánach a chur isteach. Tá an meacan céanna leis an rud atá le feiceáil san achoimre agus atá leis na moltaí ag teacht ón athbhreithniú. I ndáiríre, b'fhearr an Bille seo a chur ar leataobh agus an rud a dhéanamh i gceart agus go dtiocfadh muid ar ais agus go mbeadh Bille cuimsitheach ceart again a fhreastalóidh ar phobal na Gaeilge agus Gaeltachta i gceart. Ní cóir dul ar aghaidh leis an mBille mar atá leagtha amach sna ceannteidil atá luaite anseo. Ní fhreastalaíonn siad ar an méid a chuir pobal na Gaeilge agus Gaeltachta os comhair na Roinne.

Mr. Kevin de Barra

Luaigh an Teachta Ó Cuív gur dóigh leis gur é an bunaidhm a bhí leis an athbhreithniú seo ná lagú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. I dtír ina bhfuil an Ghaeilge mar phríomh theanga oifigiúil na tíre, ní dóigh liom go bhfuil sé inghlactha go mbeadh sé sin mar bhunaidhm ag aon athbhreithniú - gur lagú ar chearta teanga a bheadh i gceist. Measaim gur rud é seo gur gá dúinn dul i ngleic leis - an sórt soiniciúlacht atá muid ag feiceáil ó thaobh -----

B'shin a bhí i gceist agat.

Mr. Kevin de Barra

Sin é go díreach. Maidir leis an gceist a bhí ag an Teachta maidir le costais don Stát, má bhreathnaíonn muid ar chuid de na moltaí atá muid ag déanamh, tá cuid mhaith acu, má dhéantar i gceart iad, a bheidh costas neodrach. Na cinn sin ná na moltaí atá á dhéanamh maidir le córas na scéimeanna teanga. Dá mba rud é go ndearnamar aicmiú ar na comhlachtaí poiblí agus go raibh muid ag cur an dualgas is mó ar an dream is mó a bhí ag plé leis an bpobal, ní bheadh gach dualgas ar gach dream agus bheadh níos lú airgid á gcaitheamh. Is bealach é sin don Fhreasúra an moladh sin a chur chun cinn.

Measaim gur é a rud atá ag teastáil ná go ndéanfar iniúchadh ar na seirbhísí atá á gcur ar fáil trí Ghaeilge, nó a theastaíonn go gcuirfí ar fáil trí Ghaeilge ón Státchóras, trasna an Státchórais uilig. Níl an t-iniúchadh sin déanta, ach céim phraiticiúil a bheadh ansin sula dtabharfadh muid faoin athbhreithniú. Dá mba rud é gur bhreathnaigh muid ar gach uile comhlacht poiblí ag féachaint céard iad na seirbhísí a theastaíonn uainn, céard iad na poist ar gá dúinn a bheith luaite leo gur gá don té iontu Gaeilge a bheith acu, agus dá mba rud é go ndearnamar é sin, bheadh muid in ann airgead a shábháil. Baineann sé sin leis an gcaighdeánú agus an aicmiú ó thaobh na gcomhlachtaí poiblí de.

Chuir an Teachta ceist freisin maidir le caighdeán na Gaeilge ag daoine ar leith. Bhí Lisa Ní Fhlatharta, ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, isteach ag an gcoiste níos túisce agus rinne sí cur síos ar an bpróiseas a bhíonn acu san ollscoil sin. Measaim go bhfuil an próiseas sin thar a bheith ciallmhar, go bhfuil siad ag úsáid an chórais Teastas Eorpach na Gaeilge, TEG, mar chaighdeán agus mar chreatlach Eorpach a leagann amach na bunscileanna a theastaíonn le haghaidh post a fháil, anuas ar aon inniúlacht eile atá á chuartú le haghaidh post ar leith. Tá sé tábhbachtach go mbreathnóidh muid ar creatlach den chineál sin a leagan síos trasna an Státchórais agus go mbeadh sé sin in úsáid go forleathan. Mar a luaigh muid níos túisce, agus mar a luadh ar maidin, tá daoine eile sa Státchóras atá ag tabhairt faoi cheachtanna as Gaeilge, ach cén mhaitheas é sin muna bhfuil muid ag feiceáil mar thoradh as sin go bhfuil tuilleadh seirbhísí á chur ar fáil. Measaim gur é an bealach chun cinn ná an córas TEG sin a úsáid.

D'fhiafraigh an Teachta ar fiú dúinn é seo ar fad a chaitheamh sna traipéisí agus tosú as an nua. Measaim go mbeadh sin indéanta, ach ó thaobh na praiticiúlachta de, measaim go bhfuil rud éigin ar an mbord againn anseo agus gur féidir linn oibriú laistigh den méid atá os ár gcomhair. Ní dóigh liom go mbeadh sé praiticiúil dá mba rud é go raibh muid ag iarraidh é seo ar fad a chaitheamh amach. Bhí muid sách fada ag fanacht ar na cáipéisí seo. Bhí an próiseas chomharliúcháin sa bhliain 2012, in Eanáir na bliana sin, agus anois dhá bhliain níos deireannaí, táimid ag feiceáil na moltaí. Dá mba rud é gur chaith muid é seo sna traipéisí, measaim nach dtarlódh ach go mbeadh -----

An cheist atá agam ná, abair sa gcás go ndéanann muid cás láidir go mbeidh cuid mhaith de na moltaí atá déanta ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus ag daoine eile curtha isteach sa Bhille len é a láidriú, agus abair go bhfileann muid ag deireadh an tsamhraidh le Bille atá díreach mar an gcéanna leis an mBille os ár gcomhair, ar cheart dúinn a rá ag an bpointe sin gur cóir stop a chur le seo ar fad. Is é sin, ar cheart dúinn cur in aghaidh an Bhille ar an Dara Chéim, ag tógáil san áireamh go mbeidh daoine ag déanamh iontais nach mbeidh muid ag déanamh leasuithe chun tairbhe ar an mBille mar nach bhfuil muid in ann? Dá mbeadh an foláireamh ag an Rialtas go mbeidh cur in aghaidh an Bhille má fhágtar mar atá sé, b'fhéidir go gcuirfeadh sé sin beagáinín brú air, ach an oiread leis an rud a tharla leis an gCoimisinéir Teanga, nuair a bhí an 10,000 duine síos i Sráid Maolbhríde.

Tuigfidh siad nach bhfuil an Bille seo sásúil mar atá sé, dubh, bán nó riabhach, agus más seo an rud atá muid ag fáil tar éis dhá bhliain, go mb'fhearr éisteacht linn go dtí go mbeidh Bille ceart againn.

Mr. Kevin de Barra

Measaim féin go mbeadh sé baolach sin a dhéanamh, sa gcaoi agus go gcuirfeadh sin tuilleadh moille ar an gcóras i gcoitinne. Tuigeann muid nach bhfuil córas na scéimeanna teanga ag oibriú agus dá bharr sin nach bhfuil Acht na dTeangacha Oifigiúla ag oibriú. Measaim go bhfuil an dréacht Bhille atá caite os ár gcomhair thar a bheith lochtach, ach gur féidir linn an Bille sin a fhorbairt agus teacht isteach le rud éigin -----

An rud atá mé ag iarraidh a rá ná nuair a thagann an Bille faoi bhráid na Dála, tar éis an phróisis seo, muna bhuil se forbartha ag an bpointe sin, is beag seans go ndéanfaidh an tAire - an t-aon duine atá in ann é a fhorbairt ag an bpointe sin - é, go háirithe muna bhfuil sé tar éis é a fhorbairt tar éis an phróisís chomarliúcháin seo. Seo an fáth go bhfuil an próiseas chomharliúcháin ann. An cheist atá agam ná, má tá an tAire ag rá "It is this or nothing", an fearr nothing?

Mr. Kevin de Barra

Tá cumhacht ag an bhfochoiste seo moltaí a dhéanamh agus is féidir an dréacht Bhille a leasú, bunaithe ar mholtaí an fhochoiste seo.

Sea, ach má dhiúltaíonn an tAire é sin a dhéanamh agus má thagann sé faoinár mbráid mar Bhille mar atá sé faoi láthair, an mbeadh sibhse ag comhairliú dúinn cur in aghaidh an Bhille i bprionsabal ar an Dara Chéim?

Mr. Kevin de Barra

Bheinn ag súil go mbeidh an deis ag an bhfochoiste seo leasuithe a bhaint amach sa Bhille seo, go háirithe nuair a bhreathnaíonn muid ar an gcáipéis a tháinig leis an mBille, agus nuair a thuigeann muid go raibh 97% de na daoine sa bpróiseas chomharliúcháin ag rá go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfear seirbhísí poiblí ar fáil trí Ghaeilge. Má bhreathnaíonn muid ar na cáipéisí gaolmhara a bhí le seo, feiceann muid go bhfuil bá an phobail ag Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tuigeann muid go bhfuil an dréacht Bhille seo thar a bheith lochtach, ach measaim gur gnó don fhochoiste seo a chinntiú go ndéanfar na leasuithe cuí ar an dréacht Bhille.

Cuirim fíor fáilte roimh gach éinne anseo agus gabhaim buíochas leo as na doiciméid a sheoladar chugainn, atá an-éasca a léamh agus ina bhfuil na moltaí leagtha amach go soiléir.

Dúirt duine go bhfuil an Bille ró-mhaith le rud eile a dhéanamh, ach níl sé. Táimid go léir anseo ag éisteacht agus muna bhfuil muid sásta éisteacht, b'fhearr dúinn imeacht amach an doras. Tá sé an deacair caint a dhéanamh agus gach rud a mholadh anois. Tá sé an-deacair rudaí a dhéanamh gan airgead. Teanga an-sean í an Ghaeilge, atá ann ó thosaigh an tír. Bhí a lán airgid sa tír, ach níor tugadh mórán don teanga. Tá brón orm nach ndearnadh mórán ag an am sin, when airgead was scattered around the place during the Celtic tiger years. Cén leasú a ndearnadh don Ghaeilge ag an am sin? An féidir freagra a thabairt ar sin? I mo thuairim, is beag ar fad an méid a rinneadh ansin. Tá brón orm i dtaobh na blianta sin. Bhí airgead sa tír, ach is beagnach tada a rinneadh ar son na Gaeilge. Náire ar gach éinne, mé féin ina measc.

Tá sé an-éasca moladh a dhéanamh A, B nó C a dhéanamh, ach níl fonn orm, agus cinnte níl fonn ar an Rialtas, gearradh siar a dhéanamh just for the sake of it. Caithfimid, mar a deirtear, "Cut your coat according to your cloth". Dúirt an Coimisinéir Teanga nuair a bhí sé anseo go raibh an post a bhí folamh do director don oifig líonta anois. Mar sin, tá rudaí á dhéanamh, ach níl muid in ann gach rud a dhéanamh ag an am céanna. Mar a dúirt mé cheana, tá a lán le déanamh, ach caithfimid na priorities a bhaint amach. Caithfimid priority a thabhairt do na rudaí a mholann an coiste seo maidir leis an mBille a dhéanamh bliain ar bhliain. Bhí sé an-éasca a scríobh isteach san Acht go gcaithfí scéimeanna a leagan amach. Tá daoine an-chriticiúil faoi na scéimeanna anois, mar go bhfuil sé leagtha amach gur cóir scéimeanna a bheith ann, ach nár cuireadh i bhfeidhm iad. Cén mhaitheas atá le sin? Níl maitheas ar bith leis. Ceapaim gur duine maith atá againn sa Choimisinéir Teanga nua agus is dóigh liom go leagfaidh sé amach cad is ceart a dhéanamh.

Ní leis an teanga amháin a bhaineann seo. Tá roinnt foireann á ghearradh siar i ngach Roinn, san Oireachtas agus sna rialtais áitiúla. Níl gearradh siar á dhéanamh ar an teanga amháin, mar adúirt duine éigin, ó 1933 go dtí anois. Caithfimid rud éigin a dhéanamh. Ní mhian linn gearradh siar a dhéanamh, ach caithfear é a dhéanamh sna rialtais áitiúla agus gach áit eile.

Maidir le caighdeáin, cinnte caithfimid féachaint ar sin. Tá moladh sa Bhille go mbeidh 6% d'fhoireann mar experts sa teanga. An moladh atá ann ná go mbeidh 6% den fhoireann particularly fluent, nó experts in the Irish language, i ngach Roinn, seachas beagán Gaeilge a bheith ag gach éinne agus iad ag obair trí Ghaeilge. Moltar specialised nó centralised services agus seirbhís lárnach aistriúcháin a chur i bhfeidhm. Bheadh sin i bhfad níos éifeachtúla ná mar a bheadh seirbhísí scaipthe ar fud an Oireachtais, na Roinn agus na rialtais áitiúla.

Labhair mé féin agus daoine eile faoi Uisce Éireann. Tá mé blue in the face ag caint faoi sin. Baineann sin le gach córas Stáit nua freisin. Maidir leis na scéimeanna teanga, mhol mise cúig bliain agus mhol UCD agus DCU an méid ama céanna. Is fearr cúig nó trí nó seacht mbliana mar théarma mar gheall ar an roll-over atá ag an rialtas áitiúl agus an Oireachtas.

Níl an Roinn Oideachais agus Scileanna anseo, ach mar a dúirt mé cheana "Mol an óige agus tiocfaidh sí". Maidir le hoideachas don óige agus scoileanna Gaeilge, aidhm faoi leith í na scoileanna Gaeilge a chur chun cinn agus foirgnimh cuí a chur ar fáil dóibh.

Gabh mo leithscéil, ceapaim go bhfuil vótáil ar siúl sa Seanad.

Is féidir "pair" a dhéanamh idir an bheirt again.

Tá suim ag gach éínne sna Gaelscoileanna, ach ta an-chuid díobh suite i community halls. Níl sin ceart nó cóir. Ba cheart go mbeadh gach éinne ag screadaíl chuig an Aire Oireachtais chun foirgnimh cuí a chur ar fáil chomh luath agus a bunaíteart Gaelscoil.

Maidir le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, labhair méi dtaobh na leases agus an foireann. Labhair an Seandóir Ó Clochartaigh faoi na trioblóidí atá ag an gcomhdháil mar gheall ar an lease, an foireann agus redundancy. Chuir mé an t-ábhar sin ar an gclár nuair a bhí an Roinn anseo ar maidin. Tá sé tábhachtach go dtiocfaidh réiteach ar sin.

Labhair Julian de Spáinn faoi chomhlachtaí agus i dtaobh lipéid a bheith ar earraí ag taispeáint gur in Éirinn a ndearnadh iad. Ba chóir go mbeadh gach rud scríofa i nGaeilge ar na boscaí. Níl aon chostas breise le sin a dhéanamh.

Ar oibríodh amach cén costas a mbeadh ar chomhlachtaí na lipéidí seo a chur ar fáil? Inniu, chuir SAP 200 post ar fáil, ach an mbeidh ar SAP gach rud a chur as Gaeilge ar bhoscaí earraí? Chuir Ericsson 200 post ar fáil freisin. Céard faoi go díreach an bhfuil muid ag caint? An bhfuil muid ag caint faoi gach saghas earraí déanta in Éirinn? Caithfimid breathnú ar sin. Tá sé tábhachtach go bhfuil muid ag déanamh gach ar féidir linn chun jabanna a mheallú isteach sa tír, ach caithfidh balance a bheith ann.

Maidir leis an gceist faoi chostas aistriúcháin, sílim go mbeadh sé níos fearr gan rudaí a chur amach ar pháipéar agus a fhágaíl ar seilf ach gur ceart iad a chur amach trí IT. Tá beagnach gach duine ábalta computer a úsáid. Caithfimid breathnú ar sin. Bheadh sé go maith dá mbeadh sin leagtha síos agus dá mbeadh agreed policy i dtaobh céard a bheadh ar fáil maidir leis na documents sin. Tá sin tábhachtach. Ba cheart freisin go mbeadh na scéimeanna scríofa síos agus go mbeadh gach éinne ábalta iad a chur i bhfeidhm, seachas iad a bheith ró-dheacair le bheith curtha i bhfeidhm.

Mr. Julian de Spáinn

Maidir leis an lipéadú, b'fhéidir go dtagann sé seo ar ais beagáinín go dtí an cheist a bhí ag an Teachta Ó Cuív chomh maith leis an méid a bhí le rá ag an Seanadóir Keane. Maidir le cén áit an bhfuil muid sa phróiseas seo ó thaobh an Bhille seo agus an fiú é seo a phlé anois nó an fiú iarracht a dhéanamh seo a láidriú, tá muid den tuairim gur fiú é a láidriú. Tá muid mar chuid de phróiseas agus tá muinín againn go mbeidh sé níos láidre. B'fhéidir, síos an bóthar, nach mbeidh muid muiníneach a thuilleadh, ar nós a tharla le Bille na Gaeltachta nuair a d'imigh sé tríd an gcóras gan glacadh le haon leasú. Ach ag an bpointe seo, síleann muid go bhfuil an-chuid gur féidir a chur isteach sa Bhille nach gcosnódh airgead agus a d'fhéadfadh difear a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge de, bíodh sin lipéadú nó ná bíodh.

An rud atá i gceist againn le lipéadú ná go mbeadh sé dhátheangach. Mar shampla, bheadh "Calóga Arbhair" nó "Bainne" ar na hearraí sin. Bheadh lipéadú ar na rudaí a fheiceann daoine timpeall orthu sa saol as Gaeilge chomh maith le Béarla, ar nós a d'fheicfí in aon tír eile ar domhan ina bhfuil níos mó ná teanga amháin. Ní chosnódh seo pingin orainn, mar ag deireadh an lae beidh Kellogs fós ag iarraidh calóga arbhair agus crispíní rís a dhíol in Éirinn, fiú más gá dóib an Ghaeilge a chur ar an mbosca freisin. Is féidir a bheith cinnte faoi sin. Mar sin, ní chosnódh sé pingin orainn agus d'fhéadfaí é a chur isteach sa reachtaíocht.

Luaigh an Seanadóir Keane Uisce Éireann. Is mór an náire é gur cuireadh an t-ainm Irish Water le hUisce Éireann, go háirithe nuair a bhí sé le dul faoi chúram Bord Gáis. Ní dhéanann sin aon chiall. Tá an duine atá i gceannas, John Tierney, an-bháúil don teanga, ach nuair a tugadh an reachtaíocht dó, luadh an dá teideal. Chomh luath agus a tharla sin, lean siad ar aghaidh ag úsáid Irish Water nuair atá siad ag plé leis an bpobal as Béarla. Is trua sin. Mar sin, ba chóir go mbeadh seo mar chuid den reachtaíocht sa todhcaí. Bheadh sé saor in aisce. Ní chosnódh sé pingin agus d'fhéadfaí é a chur isteach.

D'fhéadfaí go leor rudaí eile a chur isteach freisin, mar shampla, fógraíocht. Bíonn an earnáil poiblí ag déanamh fógraíochta ar rudaí éagsúla an t-am ar fad agus níl aon fáth nach mbeadh céatadán den bhfógraíocht sin le bheith as Gaeilge agus ag dul go dtí na meáin Gaeilge. Ceann de na ceisteanna is mó a bhí á plé inniu ná an cheist earcaíochta. Ní chosnódh sé pingin ar an Stát, an méid atá luaite do na phoist ar thagair an tUasal de Barra dóíbh, 6% - méid seafóideach - a mhéadú go 30%, chun go mbeadh daoine ar fáil. Ba chóir go ndéanfaí iniúchadh ar cén áit an bhfuil na daoine sin ag teastáil agus ba chóir a dhéanamh cinnte de go mbeidh dóthain daoine ann leis na poist sin a líonadh amach anseo. Ní chosnódh sin pingin. Is rudaí iad seo ar fad a bhféadfaí a dhéanamh.

D'fhéadfaí dul tríd an chuid is mó de na moltaí atá á dhéanamh againn inniu agus a fheiceáil nach gcosnóidis airgead, go mbeadh feidhm phraiticiúl acu agus go mbeadh siad go maith don teanga. D'fhéadfaí iad seo a chur isteach sa Bhille. Beidh le feiceáil an nglacfaidh an Rialtas leo, cinnte. Mar chuid den phróiseas, tá muidne á gcur chun cinn ag an bpointe seo. Tá súil agam go mbeidh an fochoiste taobh thiar de na moltaí seo agus ansin rachaimid ar aghaidh go dtí an chéad céim eile sa phróiseas. Tá súil againn go bhfuil an Rialtas ag éisteacht. Sa deireadh, d'éist siad maidir leis an gCoimisinéir Teanga agus tá Coimisinéir Teanga neamhspleách againn. Tá súil agam go bhfuil siad fós ag éisteacht agus go gcuirfidh siad na rudaí atá á moladh againn san áireamh sa Bhille.

Ceist amháin eile. B'fhéidir go gcuirfidh tú - lazy man's load - na moltaí sin chugam. D'fhéadfaí a lán a dhéanamh gan costas ar an Stát agus ba cheart dúinn féachaint ar na rudaí sin, chomh maith le rudaí eile. An féidir highlight a chur ar na rudaí sin sa document agus é a chur chugam agus chuig an coiste. Highlight in red lights na rudaí a d'fhéadfaí a dhéanamh gan costas ar an Stát.

Mr. Julian de Spáinn

Cinnte.

Beidh orainn críoch a chur leis an gcruinniú go luath.

Mr. Kevin de Barra

Luaigh an Seanadóir níos túisce an gearradh siar ar líon na bpost san earnáil dheonach Gaeilge, cosúil leis an rud atá ag tarlú i ngach Roinn agus leis na comhairlí contae agus sa chóras phoiblí timpeall na tíre. Bhí príomh fheidhmeannach Fhoras na Gaeilge istigh ag an gcoiste inniu agus ceann de na rudaí a luaigh sé ná an chaoi a tharla an cóiriú in earnáil dheonach na Gaeilge. Ní le haghaidh airgead a shábháil a bhí sé. Níl airgead dhá sábháil mar chuid den chóíriú seo, bíodh agus go bhfuil poist á gcailliúint.

D'ardaigh an Teachta Ó Cuív ceist mhaith níos túisce. Má tá níos lú post ann, ach an buiséad céanna don earnáil i gcoitinne, cá bhfuil an t-airgead eile ag dul? Is dóigh gur cheist í sin gur fiú don fhochoiste seo aird a dhíriú air. Luaigh an Seanadóir Keane córas lárnach aistriúchán agus measaim gur moladh stuama é sin. Bheadh sé an-chiallmhar gach úsáid a bhaint as cúrsaí teicneolaíochta chun aistriúcháin trasna an Státchóras a éascú oiread agus is féidir.

Luaigh sí fad na scéimeanna chomh maith agus mhol sí cúig bliana. Measaim go gcaithfimid breathnú ar na scéimeanna agus tá sin luaite agam agus ní rachaidh mé siar air. Má táimid ag caint ar chúig bliana, bheadh sé níos ciallmhaire agus níos éifeachtúla dá mba rud é go raibh spriocanna bliaintúil leagtha síos, laistigh den cúig bliana sin, ionas go dtuigfeadh muid cá mbeadh muid ag bliain a haon, bliain a trí, bliain a cúig agus mar sin de.

Luadh cás na neagraíochtaí freisin agus measaim go bhfuil sé ag teacht trasna ó gach Ball Oireachtais anseo gur gá dúinn breathnú ar chás na neagraíochtaí Gaeilge nár éirigh leo bunmhaoiniú a aimsiú tar éis mhí Mheithimh. Ba cheart breathnú ar na ceann eagraíochtaí chomh maith céanna. B'fhéidir gur fearr seisiún eile a bheith againn ar an ábhar sin amach anseo.

Mr. Feargal Ó Cuilinn

Maidir leis na heagrais Gaeilge, mar eagraíocht a chuaigh i muinín ar an gcóras, aontaim leis an Seanadóir nuair a deireann sé go ndearnadh praiseach ceart den mhaoiniú. Cosúil leis an gcomhdháil, rinne muid iarracht, trí cumas le ceann de na ceann eagraíochtaí, na seirbhísí a chosaint agus a chinntiú agus rinne muid iarracht go mbeadh an t-aistriú agus an leanúnachas saineolas agus mar sin de ann. Ach bhí sé soiléir sa phróiseas nár thuig Foras na Gaeilge na dualgaisí a bhí orthu ó thaobh na rialacha agus an reachtaíocht a bhaineann le fostaíocht, le aistriú agus le rialacha corporáideach. Ar an mbonn sin, beidh deireadh ag teacht - tá seo curtha in iúl againn seachtain ó shin - do thacaíocht do teallaigh atá ag tógaint a bpáistí le Gaeilge, ar an 30 Meitheamh. Is mar thoradh ar an phróiseas seo é sin. Is droch scéal é amach agus amach.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe ar fad agus ba mhaith linn ár mbuíochas a chur in iúl dóibh. Níl aon amhras faoi ná go bhfuil muid go mór faoi chomaoin acu. Tá siad i measc na ndaoine a bhíonn ag saothrú na Gaeilge gach lá ar an dtalamh agus tá tuiscint acu ar cad atá ag tarlú agus cad ba chóir a dhéanamh. An ról atá ag an bhfochoiste seo ná cabhrú leo agus leis na daoine eile go bhfuil dualgas agus baint acu le reachtaíocht agus an Ghaeilge i gcoitinne. D'ardaigh an Seanadóir Keane ceist an-thábhachtach, maidir leis an dul chun cinn atá déanta. Thosaigh mé ag deánamh macnaimh ar sin. Bhí mé mar thimire le Conradh na Gaeilge sna 1960í agus níl aon amhras faoi ná go raibh easpa dea-thola ann i leith na Gaeilge ag an am sin. Bhí coimhlint uafásach ann. Bhí an Language Freedom Movement, LFM, an-ghníomhach ag an am chomh maith.

Bhí an díospóireacht sin nimhneach, ach tá athrú an-mhór tagtha idir an dá linn. Tá dea-thoil iontach i measc an phobail, tá Raidió na Gaeltachta agus TG4 againn, tá Gaelscoileanna againn, tá stádas oibre oifigiúil don Ghaeilge san Eoraip agus tá liosta fada eile againn den dul chun cinn atá déanta. Caithfimid tógáil ar sin, ach ní féidir tógáil gan an reachtaíocht bunúsach a bheith ceart agus, dar ndóigh, gan an t-airgead atá ag teastáil a bheith ann. Tá sé an-deacair luach a chur ar teanga náisiúnta na hÉireann. Uaireanta, ní figiúirí móra ar chor ar bith iad na figiúirí a bhíonn á lua, go háirithe nuair a smaoiníonn muid ar cé chomh tábhachtach agus atá an Ghaeilge do spiorad na tíre agus ó thaobh cultúir agus mar sin de.

Ceapaim anois go bhfuil muid ag dul i ngleic leis na pointí agus le rudaí tábhachtacha. Aontaím leis an Seanadóir Keane go mba mhaith an rud é dá bhféadfadh Conradh na Gaeilge na moltaí a chur le chéile dúinn arís, leis na cinn gan costas breise "soilsithe", más é sin an focal ceart. Níl aon amhras faoi gur is ag na finnéithe atá anseo atá macnamh domhain déanta acu ar an gceist seo. I mo thuairim, bheadh sé thar a bheith truamhéileach dá mba rud é gur chailleamar an deis seo chun an rud ceart a dhéanamh. Ní bheadh an pobal i gcoitinne ró-bhuíoch. Caithfimid aitheantas a thabhairt don dea-thoil agus don tacaíocht atá amuigh ansin i measc an phobail.

Tá súil agam go bhféadfaidh muid leanúint ar aghaidh leis na díospóireachtaí seo. Ní bheidh gach rud ina ceart taobh istigh de seachtain amháin. Mar sin, caithfimid a bheith in ann scrúdú a dhéanamh ar gach gné den obair atá idir lámha againn. Le bhur gcead mar sin, cuirfear deireadh leis an díospóireacht seo. Gabhaim buíochas arís.

Cuireadh an cruinniú den fho-choiste ar athló ag 4.05 i.n. sine die.