Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán díospóireacht -
Thursday, 22 Sep 2016

Cur Chun Cinn agus Cothú na Gaeilge: Conradh na Gaeilge

Ba mhaith liom céad míle fáilte a chur roimh an toscaireacht ó Chonradh na Gaeilge, go háirithe ard-rúnaí an chonartha, Julian de Spáinn; bainisteoir an chonartha, Peadar Mac Fhlannchadha; agus feidhmeannach cumarsáide an chonartha, Síne Nic an Ailí. Caithfidh me rud oifigiúil a bhaineann leis an dlí a léamh amach i dtús báire.

Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe, de bhua alt 17(2)(l) den Acht Um Chlúmhilleadh 2009, go bhfuil finnéithe faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal dá éis sin ach pribhléide cáilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuir siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach ina ainm nó ina hainm nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Tá mo chuid oibre oifigiúil déanta agam. Is deas go bhfuil na finnéithe anseo agus fáiltím rompu. Fuair Conradh na Gaeilge an chéad cuireadh teacht os comhair an choiste seo. Táimid sásta go bhfuil an cruinniú sin ar siúl anois. Tá súil agam go bhfuil siad sásta freisin. Iarraim ar Julian de Spáinn cur i láthair a dhéanamh ar son Chonradh na Gaeilge.

Mr. Julian de Spáinn

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as ucht an deis seo a thabhairt dom cur i láthair a dhéanamh faoi ról Chonradh na Gaeilge i gcur chun cinn agus i gcothú na Gaeilge. Scaipeadh an chaint iomlán ar bhaill an choiste níos luaithe sa seachtain. Dá bhrí sin, tá sé i gceist agam achoimre a thabhairt don choiste anois. Tógfaimid ceisteanna agus déanfaimid plé ar na hábhair éagsúla ag an deireadh.

Ba mhaith liom tréaslú le Cathaoirleach agus le baill an buan-choiste nua seo. Bhí sé mar éileamh ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ó Dheas i rith an olltoghcháin go gcuirfí coiste Dála le freagracht ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta ar bun. Táimid lán-sásta go bhfuil an buan-choiste seo ag feidhmiú anois. Tá ard-mholadh ag dul do gach páirtí agus gach polaiteoir a sheas leis an éileamh seo i ndiaidh an olltoghcháin agus a chinntigh gur bunaíodh Buan-Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán. Guímse, agus guíonn Conradh na Gaeilge, gach rath ar bhur gcuid oibre.

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Saothraíonn an eagraíocht ar son na teanga ar fud na hÉireann uile agus timpeall na cruinne. Tá breis is 180 craobh ag an gconradh agus na céadta ball aonair. Tá baill na heagraíochta gníomhach ag cur na Gaeilge chun cinn i ngach gné de shaol na tíre. Bíonn conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Bíonn baill na heagraíochta ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Eagraíonn an conradh feachtais feasachta ar nós Sheachtain na Gaeilge, an fhéile bhliantúil Ghaeilge is mó ar domhan a ghlacann breis is 750,000 duine páirt inti, agus go leor feachtas eile.

Ba mhaith liom labhairt don bhuan-coiste inniu faoi dhá rud atá iontach tábhachtach agus práinneach - an gá le hinfheistíocht sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht i gcáinaisnéis 2017 agus an gá le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a láidriú ar bhonn céimiúil. Ar an gcéad dul síos, tá tacaíocht an bhuan-choiste seo á lorg againn don phlean infheistíochta arna aontú ag 80 grúpa Gaeilge, Gaeltachta agus oideachais. Táimid ag iarraidh go gcuirfeadh an buan-choiste an tacaíocht sin in iúl go hoifigiúil don Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe mar chuid den phróiseas do cháinaisnéis 2017.

Tá an €18 milliúin atá á lorg sa phlean infheistíochta briste síos againn thar trí bliana. Tá na sonraí sin ar fáil sa chaint iomlán a chur me ar fáil níos luaithe sa seachtain. Go príomha, tá cás á dhéanamh againn gur cheart don Rialtas €4.4 mhilliún sa bhreis a chur ar fáil i gcáinaisnéis 2017 agus an maoiniú breise sin a chaitheamh ar na spriocthionscadail Ghaeilge agus Ghaeltachta atá leagtha amach sa phlean infheistíochta. Tá sé fíorthábhachtach a rá go bhfuil na spriocthionscadail sin aontaithe ag an 80 grúpa atá luaite agam. Ba mhaith linn go gcloífidh Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta leis na spriocthionscadail sin má thagann méadú ar na buiséad atá ar fáil dóibh.

Sa cháipéis atá curtha amach againn, tá briseadh síos déanta ar an gcaoi inar cheart an t-airgead breise sin a chaitheamh an bhliain seo chugainn. Tá sé soiléir inár gcur i láthair go bhfuilimid ag lorg €2.4 mhilliún sa bhreis d'Fhoras na Gaeilge, briste síos idir €1 mhilliún d'airgead caipitil agus €1.4 mhilliún d'airgead reatha. I gcás Údarás na Gaeltachta, táimid ag lorg €2 mhilliún d'airgead caipitil le fostaíocht a chruthú, go háirithe sa Ghaeltacht. Tá figiúr de €590,000 luaite le haghaidh an pleanáil teanga atá ag dul ar aghaidh sa Ghaeltacht. San iomlán, táimid ag iarraidh go gcuirfidh Rialtas na hÉireann €4.4 mhilliún breise ar fáil don dá bhuiséad. Tiocfaidh cuid den airgead atá ag teastáil ón Rialtas ó Thuaidh.

Tá roinnt cúiseanna an-mhaith gur chóir tacú leis an bplean infheistíochta a mhaoiniú. De réir an méid a dúirt siad roimh an olltoghchán, aontaíonn móramh de na Teachtaí Dála a toghadh i mbliana - 84 Teachta - leis an plean infheistíochta. Deirtear i bplean an Rialtais go méadóidh an Rialtas an infheistíocht sa Ghaeilge. Dá bhrí sin, tá na moltaí atá á ndéanamh againn ag teacht leis an gclár atá foilsithe ag an Rialtas. Chruthódh an plean atá leagtha amach agam breis is 1,175 post, leis an gcuid is mó dóibh lonnaithe sa Ghaeltacht, rud a chabhródh go mór le hinmharthanacht na Gaeltachta. Chuirfeadh an plean maoiniú ar fáil do go leor tionscnaíochtaí ríthábhachtacha.

Ina measc, beidh maoiniú ar fáil le plean teanga a chur i bhfeidhm sna Dáilcheantair éagsúla; le deis a thabhairt do theaghlaigh sna Dáilcheantair, go háirithe iad siúd ó theaghlaigh faoi mhíbhuntáiste airgeadais, scoláireachtaí a fháil lena bpáistí nó leis an teaghlach iomlán a chur chun na Gaeltachta; agus le hionaid chúram leanaí a bhunú le seirbhísí naíolainne agus eile a chur ar fáil i nDáilcheantair éagsúla do phaistí atá á dtógáil trí Ghaeilge ó aois bhreithe go haois scoile.

Tá an pobal ar aon intinn linn gur chóir tacaíocht bhreise a chur ar fáil. Léirítear i suirbhé Millward Brown a ndeachthas ina bhun in Eanáir 2015 go n-aontaíonn 61% den phobal ó Dheas gur chóir don Stát tacaíocht bhreise a chur ar fáil don Ghaeilge. Ní raibh ach 18% ina choinne sin. Chomh maith leis sin, tá toil ann tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil don Ghaeilge ar leibhéal áitiúil freisin.

Laghdaíodh buiséad Fhoras na Gaeilge agus buiséad caipitil Údarás na Gaeltacht ó €45 mhilliún i 2008 go €22 milliún i 2015. Tá €18 milliún sa bhreise á lorg againn don údarás agus don fhoras leis na sprioc-thionscadail a áirítear sa phlean infheistíochta a chur i gcrích. Sin €5 mhilliún níos lú ná mar a bhí ar fáil i 2008.

D'fhógair an Rialtas ó Dheas caiteachas breise de nach mór €3 bhilliún i 2016 agus go mbeidh caiteachas breise de thuas le €21 bhilliún i 2017, idir chaitheamh agus fhaoiseamh cánach don phobal. Is ionann an €18 milliún sa bhreis atá á lorg againn agus níos lú ná 0.05% den tsuim sin. Is mór an dochar a rinneadh do na húdaráis Ghaeilge agus Ghaeltachta ó bhí 2008 ann. Ní mór é sin a chur ina cheart anois.

Laghdaíodh buiséad Sheachtain na Gaeilge 40% i 2016 ó 2015. Laghdaíodh buiséad scéim na gcampaí samhraidh 20% i 2016 ó 2015. Laghdaíodh scéim na n-imeachtaí óige 40% i 2016 ó 2015. Níl i gceist ach laghdaithe sa mhaoiniú atá ann d'Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta le tamall anuas.

Ní hamháin go gcruthófar poist ach beidh tionchair dhearfacha eile ag an infheistíocht bhreise seo ar gheilleagar an oileáin. Mar shampla, éiríonn le scéimeanna pobail Gaeilge an méid céanna airgid a thuilleamh agus a chuirtear ar fáil dóibh chun cabhrú lena gcur i bhfeidhm, airgead a théann isteach sa gheilleagar áitiúil.

Fáth eile gur chóir tacú leis seo ná is iomaí comóradh atá ag tarlú le blianta beaga anuas agus ba chóir aitheantas a thabhairt don ról ar leith a bhí ag an nGaeilge i gcuid mhaith de na heachtraí a tharla 100 bliain ó shin. Beidh comóradh speisialta ann i 2018 chun tús na hathbheochana Gaeilge a chomóradh. Ba chóir na scéimeanna agus na tionscadail a bheartaítear sa phlean infheistíochta a chur i bhfeidhm ó 2017 lena chinntiú go dtabharfar spreagadh ar leith don Ghaeilge faoi 2018 ag an leibhéal áitiúil go mórmhór.

An dara rud gur mhaith liom plé leis an gcoiste inniu ná an géarghá atá ann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a láidriú lena chinntiú go mbeidh seirbhísí sásúla Gaeilge ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ón Stát. Mar is eol don choiste, is dócha, ní raibh ceannteidil Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014, foilsithe ag an Rialtas deireanach i 2014, sásúil ar chor ar bith. Níor aithin siad na moltaí a rinneadh sa chuid is mó de na haighneachtaí agus sna suirbhéanna a cuireadh chuig Roinn na Gaeltachta mar chuid den athbhreithniú ar an Acht i 2011. Ba é tuairim Conradh na Gaeilge agus an fochoiste den Chomhchoiste um Comhshaol, Cultúr agus Gaeltacht i 2015 go raibh roinnt de na ceannteidil lag, nó go ndéanfaidís lagú den Acht, agus go raibh an-chuid ceannteidil fágtha ar lár.

Le teacht i dtír ar na fadhbanna a d'éirigh as an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a tosaíodh i 2011, molann Conradh na Gaeilge go ndéanfar leasuithe ar an Acht ar bhonn céimiúil tríd an mbuan-choiste seo. Táimid ag moladh go dtosófar láithreach le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2016 agus na hábhair seo a leanas a chur san áireamh ann: comharthaí tráchta; foirmeacha oifigiúla; leaganacha Gaeilge nó Béarla d'ainmneacha, de shloinntí agus de sheoltaí poist; leasú ar sceideal an phríomh-Achta; agus ainmneacha comhlachtaí poiblí.

Molann an conradh go mbogfadh an buan-choiste seo ar aghaidh go dtí an dara Bille nuair a bheidh an próiseas don chéad Bhille ar bun go tréan agus gur chóir don dara Bille ábhair a chuimsíonn cumhachtaí agus ról an Choimisinéara Teanga, earcaíocht san earnáil phoibhlí, seirbhísí Stáit sa Ghaeltacht agus ábhair eile a chur san áireamh. Thabharfadh próiseas céimiúil le Bille na dTeangacha Oifigiúla 2003 a leasú deis cheart na leasuithe a phlé go cuimsitheach agus dearcthaí éagsúla a fháil ar na leasuithe ar fad.

Tréaslaím leis an gcoiste as bunú Bhuan-choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán. Tá súil agamsa agus ag Conradh na Gaeilge go n-éireoidh go geal leis an gcoiste leis an obair dhúshlánach atá os a chomhair. Tá súil agam chomh maith go bhfuil níos mó eolais ag an gcoiste ar ról Chonradh na Gaeilge i gcur chun cinn agus i gcothú na Gaeilge mar thoradh ar an gcur i láthair inniu.

Rinne mé cur síos ar an dá rud is práinni a fheictear dúinn gur ghá gníomhú orthu faoi láthair. Tá Conradh na Gaeilge agus 80 grúpa eile ag iarraidh ar an mbuan-choiste seo tacaíocht oifigiúil a thabhairt do phlean infheistíochta Gaeilge agus Gaeltachta agus go molfaidh an buan-choiste go hoifigiúil don Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe €4.4 mhilliún sa bhreis a chur ar fáil i gcáinaisnéis 2017 do na spriocthionscadail Ghaeilge agus Ghaeltachta atá leagtha amach sa phlean infheistíochta. Chomh maith leis sin, molann Conradh na Gaeilge go ndéanfar leasuithe le hAcht na dTeangacha Oifigiúla ar bhonn céimiúil tríd an mbuan-choiste seo. Táimid ag moladh go dtosófar láithreach le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2016 agus táimid ag súil go mbogfaidh an buan-choiste seo ar aghaidh go dtí an dara Bille nuair a bheidh an próiseas don chéad Bhille ar bun go tréan agus gur chóir don dara Bille ábhair a chuimsíonn cumhachtaí agus ról an Choimisinéara Teanga, earcaíocht san earnáil phoiblí, seirbhís Stáit sa Ghaeilge agus ábhair eile a chur san áireamh.

Gabhaim mo bhuíochas leis an gcoiste as éisteacht liom.

Gabhaim mo mhíle buíochas leis an Uasal de Spáinn. Tá éacht déanta aige ansin sa chúpla nóiméad a bhí aige.

An mbeidh cóip den script sin ar fáil?

Nach bhfuil sé ag na comhaltaí? Níl. Gabh mo leithscéal. Beidh, cinnte. Cheap mé go raibh sé ag na comhaltaí.

Níl fhios agam, mar a déarfá.

Gabhaim mo mhíle buíochas leis an Uasal de Spáinn as an gcur i láthair cuimsitheach agus soiléir sin. Ní féidir cur i láthair níos fearr a fháil. Tá sé dírithe ar dhá phointe: an gá le hinfheistíocht sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht sa cháinaisnéis atá le teacht agus an gá le hAcht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú ar bhonn céimiúil. Ní féidir an cur i láthair a bheith níos soiléire. Anois, le cúnamh Dé, beidh díospóireacht againn. Beidh ceisteanna againn anois.

Ar an gcéad dul síos, tá fáilte roimh na finnéithe agus gabhaim mo bhuíochas leo as ucht an chuir i láthair bheacht, chuimsithigh sin. Tácaím go ginearálta lena bhfuil le rá acu. Teastaíonn breis infheistíochta. Mar is eol dóibh, mar chuid den chomhaontú a rinne mo pháirtí leis an Rialtas, agus tá seo i scríbhinn againn, tá coinníoll go gcuirfear breis maoinaithe ar fáil do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Beidh mise ag obair mar urlabhraí in éineacht le mo chomhghleacaí anseo le déanamh cinnte de go gcomhlíonfar an gheallúint shollúnta sin.

Tá cúpla ceist beag agam. Is dóigh liom nach gá dul ar ais ar an méid atá ráite ag an Uasal de Spáinn. Glacaim leis nuair atá an conradh ag lua figiúr chomh beag le €4.412 milliúin nach bhfuil gnáth-chrutha fostaíochta sa Ghaeltacht taobh amuigh de fostaíocht na Gaeilge clúdaithe ann nó nach bhfuil na scéimeanna bunstruchtúir agus sóisialta - a bhí á riar ag Roinn na Gaeltachta i gcónaí agus gur cheart athbheochan a dhéanamh orthu - clúdaithe ann. Tá an-éileamh ag pobal na Gaeltachta ar na scéimeanna sin. Glacaim leis freisin nach bhfuil airgead oileánda - airgead bunstruchtúir agus seirbhísí aeir agus farantóireachta agus mar sin de - clúdaithe. Glacaim leis gur éileamh sa bhreis ar an €4.4 mhilliún atá i gceist leis na rudaí sin. Ar ndóigh, mar a thuigeann na finnéithe, ní mhairfidh pobal na Gaeltachta ar an nGaeilge. Mairfidh sé má tá seirbhísí chearta ann, chomh maith leis an nGaeilge. Ar ndóigh, is é an tionscal is mó sa Gaeltacht an Ghaeilge, ach tá rudaí eile ag teastáil freisin. Ba cheart go mbeadh Roinn na Gaeltachta agus ní aon Roinn eile freagrach as rudaí den chineál sin. B'fhéidir go ndéanfadh an tUasal de Spáinn soiléiriú ar an gceist sin nuair a bheidh sé ag tabhairt freagra.

Rud amháin nach bhfuil luaite anseo ag an gconradh mar éileamh, agus tá ionchur ag an gcoiste seo ann, ná an Ghaeilge sna meáin cumarsáide agus go mórmhór an t-ionsaí fadbtach agus maslach a rinne RTE ar TG4 i rith na deireadh seachtaine. Glacaim leis go gcreideann na finnéithe go mba cheart sciar níos mó den cheadúnas a thabhairt do TG4. Go mórmhór le bliain anuas, tá éacht déanta ag TG4, mar shampla, leis na cláir a rinneadh faoin Éirí Amach agus mar sin de. Glacaim go mbeadh an conradh ag tacú le hiarratas ar bhreis maoinaithe ón gceadúnas a bheith curtha ar fáil do TG4, an príomh-chraoltóir náisiúnta agus ní an dara ceann. Is é TG4 an ceann a chraolann go náisiúnta, mar a déarfá, agus a thugann aird ar mhianta náisiúin seachas an ceann áitiúil sin atá lonnaithe i D4 a bhreathnaíonn amach go D4.

Chomh maith leis sin, glacaim leis go mbeadh an conradh ag tacú leis an éileamh go mbeadh tuarastail Raidió na Gaeltachta ar chomhchéim leis na tuarastail eile in RTE agus go gcuirfear breis airgid ar fáil do Raidió na Gaeltachta.

An bhfuil aon éileamh sonrach ag Conradh na Gaeilge go mbeadh stáisiún náisiúnta ann a bheadh ag craoladh popcheol, ar nós Raidió Rí Rá ach ar bhonn náisiúnta ag craoladh ar FM chomh maith leis an idirlíon?

Maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, aontaím leis an Uasal de Spáinn go hiomlán. Caithfimid próiséis a chur ar bun láithreach, agus tá súil agam go ndéanfaidh an coiste seo é, maidir le hathnuachan agus forbairt Acht na dTeangacha Oifigiúla. Idir an dá linn, tá go leor san Acht nach bhfuil á chur i bhfeidhm. Ní gá aon leasú a dhéanamh ar an Acht le go mbeadh i bhfad níos mó cumhachtaí faoi. D'fhéadfadh an tAire i bhfad níos mó cumhachtaí a bhaint amach faoin Acht a mbeadh toil iontu. Is mór don choiste an Acht atá ann a chur i bhfeidhm i mbealach i bhfad níos foirfe ná mar atá sé á dhéanamh. Is féidir é a dhéanamh. Tá go leor rud ann fós nár feidhmíodh. Chomh maith le sin, tá gá é a leasú.

Os rud é go bhfuil dhá sheisiún maidir le Acht na Gaeltachta curtha tríd an Dáil deiridh á leasú, baineann sé go mórmhór le na gréasáin Gaeltachta seo. Is cosúil ón gcruinniú a bhí ar siúl i nGaillimh - de réir mar a chloisim, chuir mé ionadaí ann ar mo shon aréir - go rabhadar ag rá nach raibh aon bhaint ag an Stát le gréasáin Gaeltachta agus go raibh an pobal, ar €20,000 sa bhliain nó rud éigin, dualgasach leis an rud seo a chur chun cinn agus an pleanáil teanga a dhéanamh. Tá gá go dtiocfaimid ar ais agus go leagfaimid síos sa reachtaíocht céard iad dualgasaí an Stáit i leith na ngréasán Gaeltachta seo. Tá an Ghaeltacht, mar atá ar eolas againn, thar a bheith tábhachtach. Muna bhforbraímid gréasáin Gaeltachta ar fud na tíre sna háiteanna go bhfuil an Ghaeilge réasúnta láidir agus Gaelscoileanna agus mar sin de ann, táimid ag dul ó ghlúin go glúin ag múineadh na Gaeilge, trí na Gaelscoileanna go mórmhór, ach nílimid ag cruthú pobal labhartha na Gaeilge mar níl an chuid eile againn sa chothromóid. Cén dearcadh a bheadh ag Conradh na Gaeilge ar láidriú a dhéanamh ar an gcur chuige sin agus, ar ndóigh, na hacmhainní dáiríre a chur ar fáil le go mbeadh pobal foirfe labhartha na Gaeilge, ní hamháin sa Ghaeltacht ach sna bailte ina leithéid de Cluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath, nó thart ar Scoil Lorcáin, Coláiste Eoin, Coláiste Íde agus mar sin de? Muna ndéanaimid é sin, beimid ag dul i gciorcal an t-am ar fad ag tosú as an nua chuile ghlúin, seachas a bheith ag tógáil, mar atá i Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, pobal labhartha na Gaeilge ar fud na tíre agus go deimhin ar fud an domhain.

Is iad sin na pointí atá agam inniu. Tá súil agam go nglacfaidh na finnéithe le mo leithscéal. Léifidh mé na freagraí sa taifead mar tá díospóireacht san ollscoil i nGaillimh trathnóna agus tá cuid de na daoine óga ag iarraidh a rá go bhfuil an Ghaeilge marbh. Breathnaíonn na finnéithe atá anseo inniu sách beo. Caithfidh mé dul agus an Ghaeilge a chosaint san ollscoil i nGaillimh trathnóna inniu.

An bhfuil an Teachta ag fanacht ar na freagraí?

Beidh mé in ann na freagraí a fháil ar an taifead. Tá brón orm ach tá a fhios ag an gCathaoirleach an fad a thógann sé dul go Gaillimh.

Tá sé cheist i gceist anseo. An bhfuil na finnéithe ag iarraidh na ceisteanna sin a fhreagairt? B'fhéidir gur tús maith é na ceisteanna sin a fhreagairt mar tá sé cinn i gceist. Tiocfaidh mé ar ais go dtí an Teachta Ó Snodaigh ina dhiaidh sin.

Mr. Julian de Spáinn

Tosóidh mé leis an gcéad cheist faoi na gnáthscéimeanna fostaíochta, airgead do na hoileáin agus eile. Tá siadsan lasmuigh don airgead atáimid ag lorg inniu agus atá aontaithe ag Conradh na Gaeilge le hocht ngrúpa Gaeilge agus Gaeltachta. Beimid ag súil, dar ndóigh, go mbeidh an t-airgead cuí curtha ar fáil do na rudaí eile. Mar a dúirt an Teachta Ó Cuív, tá an bun-infreastruchtúr fíor-thábhachtach agus cinnte is cóir go mbeadh an infheistíocht ceart curtha isteach ann.

Ó thaobh na Gaeilge sna meáin cumarsáide de, beimid ag súil le sciar níos mó a bheith curtha ar fáil do TG4 chun an obair iontach atá ar siúl ann a chothú agus chun cur leis. Má chuirtear TG4 i gcomparáid le S4C, tá an maoiniú a fhaigheann sé i bhfad Éirinn níos lú. Táimid ag súil go ndéanfaidh siad an jab céanna agus níl sé sin indéanta leis an maoiniú a chuirtear ar fáil do TG4. Ó thaobh ionsaithe sna meáin, tá an-chuid dóibh ann. Bhí mé ar Newstalk ar maidin ag labhairt le Paul Williams, a rinne tagairt inné don fhoireann peile i gConamara a chuir gearán isteach toisc go raibh sé ráite leo Béarla a úsáid. Rinne Paul Williams comparáid le daoine "fundamentalist" agus rinne sé tagairt i gcanúint Gearmánach le léiriú, b'fhéidir, go raibh rud éigin Naitsíoch ag baint leis an méid sin a bheith déanta ag foireann peile agus iad díreach ag iarraidh labhairt ina dteanga féin. Sílim gur mhór an masla a bhí i gceist ansin. Níor ghabh sé leithscéal agus níor thuig sé cé chomh mór is a bhféadfadh sé sin-----

Níor chuala mé an clár. Iarraim ar an Uasal de Spáinn a bheith cúramach agus é á mhíniú. Léigh mé amach an cleacht faoi chlúmhilleadh. Tuigim a chás, ach iarraim air a bheith cúramach.

Mr. Julian de Spáinn

Tuigim. Mar a deirim, ghortaigh a leithéid de chaint go leor daoine agus ní chuireann sé leis an nGaeilge a spreagadh. An rud a bhí mé ag iarraidh a chur trasna ar maidin ná go bhfuil scéal dearfach ann faoin teanga amuigh ansin faoi láthair ó thaobh dearcadh de, go háirithe i measc dhaoine óga. Ba chóir dúinn é sin a chur chun cinn agus ní chóir go mbeadh na hionsaithe ag leanúint ar aghaidh sna meáin in áit a bheith ag iarraidh breathnú ar céard iad na bealaí gur féidir linn an teanga a chur chun cinn sa phobal.

Maidir le stáisiún raidió don aos óg, is cinnte go bhfuil Conradh na Gaeilge taobh thiar den éileamh agus den choincheap sin. Tá Raidió Rí Rá ag feidhmiú sa ról sin ach níl sé ar FM faoi láthair. Tá iarratas istigh leis an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil go gcuirfeadh an Roinn cuid den airgead ón gceadúnas teilifíse ar fáil ionas go bhféadfaí a leithéid de stáisiún a chur ar bun. Dá mbeadh RTÉ ag cur an soláthar tarchuir ar fáil, ní bheadh i gceist ach b'fhéidir €400,000 sa bhliain le stáisiún lán-aimseartha FM a chur ar fáil don aos óg. Sílim gur infheistíocht dochreidte maith a bheadh ann toisc go bhfuil an-spéis ag daoine óga i gcursaí ceoil. Dá gcuirfí stáisiún raidió ar fáil dóibh leis an gcaint as Gaeilge agus an ceol a thaithníonn leo de ghnáth, sílim go rachadh sé go mór i bhfeidhm orthu. Tá sé sin cruthaithe cheana féin sa mhéid atá bainte amach ag Raidió Rí Rá.

Ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 de, aontaímid go huile is go hiomlán gur chóir go mbeadh sé ag feidhmiú níos fearr. Síleann Conradh na Gaeilge gur chóir go mbeadh roinnt rudaí atá luaite ag feidhmiú i bhfad Éirinn níos fearr, mar shampla, scéimeanna agus eile. Níl siad ag feidhmiú i gceart agus tá gá bun-athruithe a chur i bhfeidhm. Mar chuid de na moltaí atá déanta againn tá rud éigin ar nós rangú déanta agus rangú le déanamh. Mar shampla, bheadh na hollscoileanna ar fad curtha le chéile agus bheadh tuiscint againn ar chéard iad na seirbhísí Gaeilge a bheidh ar fáil sna hollscoileanna ar fad. Bheadh tuiscint i bhfad Éirinn níos fearr againn ar sin. Sílim gur féidir é sin a dhéanamh go héasca agus go simplí, agus dá mbeadh an buan-choiste seo sásta moladh mar sin a chur chun tosaigh, bheadh sé ar leas an Achta sin.

Maidir le hAcht na Gaeltachta, b'fhéidir go labhróidh an tUasal Peadar Mac Fhlannchadha beagáinín faoi sin. An t-aon rud a luafainnse faoi na struchtúir nua atá luaite san Acht sin ná go bhfuil an-chuid de na hacmhainní - agus tá na hacmhainní luaite sa phlean infheistíochta seo - atáimid ag caint faoi don phleanáil agus don struchtúr nua atá curtha ar bun, ionas gur féidir leis an bpobal féin dul agus an obair a dhéanamh. Má fhanaimid ar an Stát chun é a dhéanamh, beimid ag fanacht ró-fhada. Is fearr infheistiú a dhéanamh sa phobal ionas gur féidir leo siúd dul agus gníomhú ar an obair.

Mr. Peadar Mac Fhlannchadha

Maidir le hAcht na Gaeltachta, cinnte is gá é a fheabhsú. Dúirt mé sa seomra seo ag cruinniú cheana gurb é an chaoi go bhfuil an pobal Gaeltachta ag mothú faoi Acht na Gaeltachta ná go raibh Roinn na Gaeltachta freagrach as é a chur i bhfeidhm, gur thug an Roinn é ar lámh go hÚdarás na Gaeltachta agus gur thug Údarás na Gaeltachta é ar lámh go dtí an pobal ag rá, "Ar aghaidh libh, déan é. Má theipeann ar seo, is oraibhse atá an locht agus ní orainne." Aontaím 100%. Bhí mé i láthair ag an gcruinniú aréir. Bhí sé ar nós nach raibh aon rud foghlamtha againn. Arís, bhí ar an ngrúpa deonach seo teacht le chéile i gcathair na Gaillimhe agus plé a dhéanamh le na heagrais Stáit ach go háirithe, eagrais a bhfuil a fhios againn nach bhfuil seirbhís i nGaeilge ar fáil uatha. Tá a fhios againn é sin. Ní gá aon taighde a dhéanamh. Ardaíodh na pointí seo go sonrach aréir agus níor tugadh aon fhreagra orthu. Ag an am céanna, níl aon pholasaí Stáit ann le tacú leis. Má táim ag pléigh cursaí oideachais le grúpa pleanála i mo cheantar féin, agus má chuireannn an Roinn Oideachais agus Scileanna múinteoirí gan Ghaeilge isteach sna scoileanna, cén seans atá ag an bpobal?

Tá a fhios againn go bhfuil an t-ábhar seo á phlé ag nach mór chuile ghrúpa Gaeltachta. Mothaíonn na pobail Gaeltachta go bhfuil siad faoi bhrú aisteach faoi seo. Tá leibhéal soiniciúlacht á chruthú ag an bpróiseas seo. Tá mé dóchasach go bhfuil ról láidir ag an gcoiste seo agus muid ag tabhairt faoin cheist seo. Is dóigh liom go mbeidh an choiste seo mar ardán do na grúpaí sin agus iad ag lorg níos mó eolais ó na pobail.

An bhfuil aon rud eile le rá ag Ms Nic an Ailí?

Ms Síne Nic an Ailí

Tá an méid a bhí le rá agam faoi Raidió Rí Rá ráite ag mo chomhghleacaí.

Ba mhaith liom é a chur ar thaifead an choiste seo, gan dul chun leadráin leis, go raibh sé i gceist nuair a cuireadh na gréasáin Gaeltachta isteach sa straitéis 20 bliain go leagfaí amach do na pobail céard a bhí le déanamh acu siúd agus go gcuireadh an Stát na hacmhainní riachtanacha - na foirgnimh, na foirne agus mar sin de - ar fáil. Bhí sé beartaithe go gcuireadh an Stát airgead ar fáil le haghaidh naíolanna, clubanna óige agus líonraí na máithreacha, mar shampla, agus gur margadh dhá bhealach a bheadh ann. Déanfadh na pobail iarratais agus déanfar cinnte de go mbeadh na saoráidí ar fáil mar thoradh ar na hiarratais sin ionas go mbeadh an tseirbhís ar fáil. Ní léir domsa gur mar sin atá. Dar liomsa, caithfear an tAcht a dhéanamh níos soiléire. Tá a fhios ag gach éinne faoin chaoi inar ritheadh an tAcht tríd. Níor pléadh riamh é. Ba cheart go mbeadh sé soiléir go gcaithfidh an Stát na hacmhainní a chur ar fáil mar chuid de seo.

Tá roinnt ceisteanna agam. Déanfaidh mé iarracht déileáil leis an gceist maidir leis an airgead ar dtús. Tá sé molta ag Conradh na Gaeilge le tamall anuas gur cheart líon áirithe airgid a chur ar fáil. Is maith an rud é go bhfuilimid ag díriú isteach ar figiúr anois. Is féidir trácht a dhéanamh ar fhigiúr teibí nuair atá níos mó infheistíochta á lorg. Tá iomarca bliana caite againn ag lorg, mar a deirtera, níos mó infheistíochta. Ar a laghad, tá figiúr os ár gcomhair anois. Dá mbeadh gach rud atá sa phlean seo faighte ag Conradh na Gaeilge tar éis trí bliana, ní bheimid ach ag filleadh ar an áit ina rabhamar sa bhliain 2008. An bhfuil an cheart agam faoi sin?

Mr. Julian de Spáinn

An bhfuil an Teachta ag caint faoin mhéid airgid atá curtha ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht le chéile trí Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge?

Tá mé. Tá sé ráite ag Conradh na Gaeilge go bhfuil €22 milliún nó mar sin caillte.

Mr. Julian de Spáinn

Sin é. Bheadh an méid airgid atá ar fáil d'Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge fós €5 mhilliún níos lú ná an méid a bhí ar fáil sa bhliain 2008.

Measaim go bhfuil sé tábhachtach an phointe sin a chur trasna. Níl breis airgid á lorg ag Conradh na Gaeilge faoi láthair. Tá lucht an chonartha ag moladh go rachfaimid i dtreo an méid airgid a bhí ann sa bhliain 2008, nuair a thosaigh an Rialtas a bhí againn ag an am ag gearradh siar. Is léir go raibh ciorruithe eile ó shin. Ba cheart go dtuigfeadh an pobal, go háirithe ag am nuair atá gach dream eile san earnáil phoiblí ag lorg arduithe nár bhfuair siad idir an dá linn, nach bhfuil á lorg ag lucht an chonartha ach dul ar ais go dtí an áit ina raibh siad ocht mbliana ó shin. Sa chomhthéacs sin, iarraim ar na finnéithe cur síos a dhéanamh ar an damáiste atá déanta de bharr na ciorruithe a tharla ó 2008 de. Luaigh siad cuid de na heagrais atá thíos leis. Tá a fhios againn gur tharla athruithe sna heagrais difriúla de bharr an tsnaidhm nua maoinithe a cuireadh anuas orthu. Bhí orthu athruithe suntasacha a dhéanamh ar feadh cúpla bliain. Bhí orthu díriú isteach orthu féin, seachas ar an fáth gur bunaíodh iad, agus chuir sé sin teorainn orthu agus iad ag déileáil leis an bpobal. Chosnaigh sé sin airgead chomh maith céanna. Ag an staid seo, agus leis na hathruithe seo déanta, an bhfuil Conradh na Gaeilge agus an 180 craobh atá ag an gconradh ábalta déileáil leis an dúshlán a bheidh ann má thagann €4 mhilliún breise an bhliain seo chugainn, agus €6 mhilliún agus €4 mhilliún sna blianta ina dhiaidh sin? An bhfuil lucht Chonradh na Gaeilge cinnte go mbeidh siad in ann an t-airgead sin a chaitheamh? Uaireanta ní bhíonn eagrais réidh nuair a fhaigheann siad slám airgid. Bunaithe ar an méid pleanála atá déanta ag ionadaithe an chonartha agus an cur chuige atá léirithe acu, measaim go bhfuil siad réidh. B'fhéidir go mbeidh na finnéithe in ann a rá conas a bheidh Conradh na Gaeilge in ann déileáil leis an maoiniú breise má thagann sé.

Ba mhaith liom ceist mhór eile a ardú. Nílimid tar éis díriú isteach uirthi ón am a bhí díospóireacht againn maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Tá mé ag smaoineamh ar na dáinséir a bhí ann nuair a bhí an cheist seo idir lámha againn sa chéad dul síos. Dúirt roinnt againn ag an am nach raibh an córas nua chomh maith is ba chóir dó a bheith. Dúramar go mbeadh na heagrais Stáit in ann moill a chur ar an bpróiseas. Is léir anois gur mar sin a tharla. Tá sé ráite ag na finnéithe gur chóir go mbeadh Bille na dteangacha oifigiúla nua ann. Aontaím gur cheart dúinn déileáil leis sin, ach tá spéis agam sa dara Bille atá á lorg ag Conradh na Gaeilge. An féidir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a leasú leis na cúinsí sin a bhaint amach, nó an caithfear Bille difriúil a bheith ann? Más rud é go bhfuil gá le Bille Gaeilge difriúil, cad go díreach atá á lorg? An bhfuil cumhachtaí an Choimisinéara Teanga i gceist? An cheart go mbeadh riachtanaisí agus dualgaisí breise ar an Státchóras? Luaigh duine éigin múinteoirí ag teacht isteach i gceantracha Gaeltachta gan leibhéal oiriúnach Gaeilge. Conas is féidir linn é sin a stopadh ó thaobh reachtaíochta de? An cheart go mbeadh cuótaí i gceist maidir le státsheirbhísigh nua a bheith earcaithe? An síleann Conradh na Gaeilge gur cheart go mbeadh ról ag an gcoiste seo sa phróiseas sin?

Níl a fhios agam an bhfuil a fhios ag na finnéithe go bhfuil athrú tagtha sa bhealach ina rithfear reachtaíocht tríd an Oireachtas. Thosaigh an córas nua seo sa Dáil dheireanach, ach tá sé níos daingnithe sa Dáil seo. Sa chéim nua, nó pre-legislative stage, atá sa chóras reachtaíochta anois, déanfar scrúdú ar cheannteidil an Bhille. Tá mé ag lorg na sonraí sin ó na finnéithe. Ag an gcéim sin, tagann grúpaí isteach chun feoil a chur ar na cnámha. Is ag an phointe sin a dhéanfar an Bille a leagadh amach agus a thosaíonn an seanchóras arís. Tá sé i gceist go mbeidh Billí níos foirfe toisc go bhfuil an bunchomhairliúchán déanta go hoscailte os comhair an domhain. Sa chás seo, ba chóir go mbeidh na dréachtóirí ag tabhairt éisteacht dúinn agus, dá bhrí sin, go mbeidh an choiste seo in ann roinnt den obair a dhéanamh gan déileáil leis an Aire. Is iad sin na ceisteanna atá agam.

Mr. Julian de Spáinn

Ba mhaith liom ar dtús roinnt eolais a thabhairt don choiste faoi chúrsaí maoinithe, go háirithe i gcás Foras na Gaeilge. Tugadh roinnt airgid breise do nach mór gach Roinn Rialtais anuraidh, roimh olltoghchán na bliana seo, le caitheamh ar rudaí éagsúla. I gcás Foras na Gaeilge, laghdaíodh an mbuiséad arís mar go bhfuil an fhoras ceangailte mar chomhlacht tras-Teorann leis an Rialtas ó Thuaidh. Ní dhearnadh aon iarracht méadú a thabhairt don fhoras. Tá laghdú eile, ó thaobh an maoinithe atá againn cheana féin don bhliain seo chugainn, curtha i láthair ag Foras na Gaeilge dúinne mar eagraíocht. Cé go bhfuil airgead breise ann ó Dheas, tá an cuma ar an scéal go bhfuil na laghdaithe agus na ciorruithe fós ag dul ar aghaidh maidir leis an méid airgid atá ar fáil don Ghaeilge. Is é sin fáth eile go bhfuilimid ag iarraidh teacht i dtír ar seo agus ag moladh go ndéanfar é go céimiúil thar trí bliana chun an t-airgead a bhí ann a fháil ar ais agus a úsáid leis an obair a dhéanamh. Bheadh sé fós níos lú ná mar a bhí sé sa bhliain 2008.

Tá an-damáiste déanta. Luaigh an Teachta go bhfuil níos lú eagraíochtaí i gceist anois. Rinneadh an-dochar don earnáil Gaeilge nuair a laghdaíodh an maoiniú a bhí ar fáil. Chaill roinnt mhaith de na daoine a bhí ag obair nó páirteach san earnáil seo a misneach nuair a bhí orthu an oiread sin ama a chaitheamh leis na ciorruithe seo, in ionad a bheith ag plé leis an nGaeilge a chur chun cinn i measc an phobail. Cé go bhfuil sé sin thart anois, is féidir an damáiste a rinneadh a fheiceáil go fóill. Tá ísliú tagtha ar na campaí samhraidh agus na h-imeachtaí óige. I gcás na scéimeanna pobail Gaeilge, mar shampla, níl ach ceithre lá maoinithe anois in ionad cúig lá. Muna féidir leis na scéimeanna teacht ar airgead don cúigiú lá, ní féidir leo daoine a fhostú ar feadh níos mó na ceithre lá sa tseachtain.

Tá córas scoláireachtaí ann do dhaoine ag teacht ó chúlra faoi mhíbhuntáiste agus cúlraí eile. Tá méid beag airgid ar fáil a chuirtear ar fáil do theaghlaigh ó Thuaidh. Iarradh córas Tríocha-Dó Chontae a bheith ann ach níl an t-airgead ann dó. Tá forbairt iontach ag dul ar aghaidh ó Thuaidh faoi láthair agus lár-ionaid Ghaeilge á dtógáil ar fud na Sé Chontae faoi láthair ach níl aon chiste mar sin ann ó Dheas.

D'fhéadfá a rá nach bhfuil an-chuid tar éis tarlúint nó go bhfuil damáiste déanta leis an laghdú airgid atá ann ó 2008 de 4ar aghaidh. Tá an plean don €18 milliún dírithe ar spriocthionscadail agus go mbeadh dreamanna áirithe faoi leith i gceannas orthu - bíodh siad san Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, nó eagraíochtaí nó grúpaí eile atá luaite leis an airgead - agus beimid lán-mhuiníneach go bhfuil dóthain saineolais agus dóthain achmhainní ag na dreamanna sin chun go bhféadfadh siad na rudaí sin a chur i bhfeidhm.

Mr. Peadar Mac Fhlannchadha

Más féidir liom teacht isteach ansin, mar shampla don dochar atá déanta, baineann ceann de na forálacha leis na bailtí seirbhíse Gaeltachta agus na líonraí Gaeilge. Tá Cluain Dolcáin, Inis agus Baile Locha Riach roghnaithe ó Dheas agus i mBéal Feirste agus i gCarn Tóchair ó Thuaidh. Bhíodh scéim pobail Gaeilge ag feidhmiú sna ceantair sin ar fad. Sin an scéim pobail a bhí an tUasal de Spáinn ag caint faoi ansin. Deineadh gearradh siar ó maoiniú cúig lá go maoiniú ceithre lá cheana féin. Ciallaíonn sé seo go n-imeoidh na daoine a bheas le fostú sna háiteanna sin mar níl aon duine in ann morgáistí a íoc ar phá ar cheithre lá sa tseachtain. Ach sa chás Baile Locha Riach, áit atá roghnaithe mar líonra Gaeilge, bánaíodh an scéim sin ar fad. Cén réasúnacht atá taobh thiar de sin? Níl aon rud i gceist leis. Sin sampla ní hamháin don dochar ach don craiceáilteacht atá ag baint le chuid den obair sin.

Mr. Julian de Spáinn

Maidir leis an gceist a bhí ann faoi na ceannteidil a bheimid ag moladh don Bhille, an t-aon fáth go bhfuilimid ag moladh próiseas le Bille amháin ar dtús agus ansan Bille eile ná go bhfeictear dúinn, agus sin le tamall anuas, nach mbíonn dóthain ama caite ag plé le Bille atá ró-mhór nó ró-leathan nó a bhfuil an iomarca istigh ann. Tá an oiread sin ag teastáil chun Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a láidriú i gceart. Sin an fáth go bhfuilimid ag moladh am a chaitheamh air agus é a chaitheamh i gcúpla céim. Níimid ag rá go mbeidh deireadh leis tar éis an dara Bille ach sin an fáth, le chomhchoiste mar seo, go shílfeá go mbeimid in ann an t-am a chur i leataobh lena leithéid a láidriú agus é a láidriú i gceart. Ní sin le rá nach é an réiteach is fearr ná Bille amháin a bheith ann, ach tá gá feidhmiú ar láithreach. Táimid ag fanacht i bhfad ró-fhada. Cuireadh tús leis an bpróiseas athbhreithnithe i 2011 ach fós nílimid ag an bpointe ag a bhfuilimid ag breathnú ar Bhille atá sásúil don phobal Gaeilge agus Gaeltachta, don Rialtas nó don phobal ina iomláine. Níl sé sin ar an mbord faoi láthair agus táimid ag moladh go mbogfaí ar aghaidh go tapaidh leis.

Ó thaobh cumhachtaí an Choimisinéara Teanga, tá an-chuid sa bhreis a bhféadfaí a bheith ann. Níl gá dúinn ach breathnú ar an mBreatain Bheag agus roinnt de na samplaí an-mhaith atá i bhfeidhm ansin. Mar shampla, téann aon pholasaí nua rialtais atá le teacht i bhfeidhm sa Bhreatain Bheag faoi bhráid an choimisinéara teanga ar dtús le féachaint an ndéanfaidh sé dochar nó an imreoidh sé tionchar de shaghas éigin ar an mBreatanais. Sílimid go mbeadh sé thar a bheith fiúntach mar chumhacht ag an gCoimisinéir Teanga go rachadh aon pholasaí nua os a chomhair lena chinntiú go mbeidh seirbhísí á gcur ar fáil tré Ghaeilge agus nach ndéanfaí aon dochar don Ghaeilge nó don Ghaeltacht.

Sílimid gur chóir spriocdháta a leagadh síos agus gur chóir gach seirbhís Stáit a bheith ar fáil as Ghaeilge sa Ghaeltacht faoin dáta sin. Bíodh sé sin i gceann trí bliana nó cúig bliana, ach go mbeadh dáta leagtha síos agus go mbeadh an Stát ag obair sa treo sin chun é sin a bhaint amach. Baineann sé sin leis an gceist earcaíochta. Is gá an earcaíocht a shocrú. Luaitear rud éigin san Acht Gaeltachta a bhféadfaí a úsáid anois láithreach. Níl gá fanacht. Tá mír san Acht a forálann gur féidir le h-aon chumachtaí nó le h-aon seirbhís a bheith tarmligthe d'Údarás na Gaeltachta chun é a chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht. D'fhéadfadh, mar shampla, cúrsaí mara a bheith tarmligthe ag an Roinn sin go dtí Údarás na Gaeltachta le dul i gceannas orthu sa Ghaeltacht. Féadfadh cuid dá mhéid sin a dhéanamh cheana féin. Ó thaobh próiseas de, táimid ag moladh go mbeadh próiseas céimiúil ann chun go mbeadh dóthain ama caite leis na rudaí éagsúla a phlé agus leis na finnéithe éagsúla a thabhairt isteach le labhairt ar na rudaí éagsúla. É sin ráite, tá gá tosú láithreach air.

Molaimid don chéad Bhille go mbeadh ceart ag duine a ainm Gaeilge agus a sheoladh Gaeilge a úsáid. Sin ceann de na rudaí is bunúsaí gur chóir go mbeadh againn ach nach bhfuil againn agus a bhféadfaí a chur ar bun ar maidin. Rud eile atá á moladh againn, agus cabhróidh sé seo go mór, ná eagar a chur ar na scéimeanna atá ann faoi láthair faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Sin an rangú a bheith déanta ar na scéimeanna sin chun go bhféadfaí dul ar aghaidh leo, le cúrsaí earcaíochta agus leis an spriocdháta sin ar a bhíomar ag caint faoi. Cabhróidh sé sin go mór dul san treo sin.

Tá neart ann go bhféadfaí a dhéanamh leis an mBille. Tá neart a tháinig ón tuairisc ón bhfochoiste Dhála ón tréimhse deireanach a chur le chéile a bhféadfaí a chur i bhfeidhm freisin. Ba bhreá linne a fheiceáil gur féidir leis an mbuan-choiste seo feidhmiú láithreach ar a leithéid de rud. Mar a luadh, tá feidhmeanna nua anois gur féidir le coistí a bheith ag leanúint. Sílim go mbeidh sé thar a bheith tábhachtach don Ghaeltacht agus don Ghaeilge go bhféadfaí bogadh ar aghaidh leo láithreach.

Gabhaim mo bhuíochas leis na finnéithe as an gcur i láthair. Tá an-chuid eolais ansan in aon ghuth amháin. Ó shin, leis na gceisteanna eile, tá roinnt soiléiriú déanta ar chuid de na h-ábhair a bhí ag cur as dom ann. Tá sé soiléir go bhfuil an-chuid go bhféadfaí a bheith á dhéanamh agus go mbeadh carn maith airgid ag teastáil chun é sin a chur i bhfeidhm. Cuireann sé saghas ionadh is dócha ar dhaoine nach bhfuil an conradh ag lorg an méid is a bhíodh aige cheana féin. Is dóigh liom gur sin uirlis nó buntáiste mór atá ag an gconradh agus é ag dul ag lorg airgid agus é sin €5 mhilliún níos lú ná mar a bhí i 2007.

Teastaíonn uaim díriú ar chúpla rud. An chéad rud ansan ná Acht na dTeangacha Oifigiúla agus an Bille nua. B'fhéidir go bhfuil rudaí gur aithníodh ón Acht deireanach nach bhfuil ann nó rudaí san Acht deireanach nach bhfuil á gcur i bhfeidhm. B'fhéidir go bhfuilid ann cheana féin agus go gcaithfí scaoileadh leis iad a chur i bhfeidhm i gceart. An bhfuil eagrais ag cur ar fáil scéimeanna nach bhfuil ag leanúint tríd leis na scéimeanna sin a chur i bhfeidhm? Ba chóir anois go mbeadh a lán acu tagtha chuig an tarna scéim Gaolainne. An bhfuil aon athrú idir an chéad scéim agus an dara scéim a bhí acu? D'fhéadfaí rudaí nua ar fad a thabhairt isteach san Acht.

Ba mhaith liom roinnt soiléiriú a fháil ar an tacaíocht don teaghlach atá luaite. Do bhíodh an scéim labhartha Gaolainne, na deontais tithíochta, scoláireachtaí tríú leibhéal agus go leor eile mar sin ann. An é sin an saghas tacaíochta atá in aigne ag an Uasail de Spáinn? An bhféadfadh sé é sin a shoiléiriú? Cad atá in aigne aige ansan? Do bhíodh an-thairbhe sna scéimeanna sin cheana féin agus bhí folúntas mór ann nuair a chuadar san.

Maidir leis an pleanáil teanga, tá roinnt de na scéimeanna atá ag bogadh ar aghaidh ag déanamh na pleanáil teanga agus is baolach go bhfuil airgead suarach ar fad ar fáil - b'fhéidir €10,000 i gcomhair chuid de na pleananna. An é chun an plean a chur i bhfeidhm nó a tharraingt le chéile atá siad dírithe? Fiú mar atá sé, tá an-bhrú ar chuid de na grúpaí sin, leis na hacmhainní atá curtha ar fáil dóibh, chun iad a chur i bhfeidhm.

Cad é tuairim an Uasail de Spáinn maidir leis an airgead a chuirtear ar fáil sna Gaeltachtaí agus an tslí a scaipfí amach é?

Tá na catagóire A, B agus C leagtha síos i gcomhair na district electoral divisions, DED, éagsúla. Braithim nach bhfuil sé sin ag cur pobal san áireamh. Sílim go mbeadh na DEDs ag scoilt pobal, nach mbeadh pobal ábalta catagóir A a bhaint amach agus nach bhfuil sé sin á aithint nuair atá pobail scoilte de réir DEDs. Mar shampla, seasann Cúil Aodha amach toisc go bhfuil aithne agam air. Cén sórt slat tomhais gur chóir go mbeadh ann chun an t-airgead agus na háiseanna a scaipeadh amach?

Baineann mo phointe deireanach le múinteoirí, rud a luaigh an tUasal de Spáinn, go háirithe múinteoirí ag teacht isteach i scoileanna. Toisc go bhfuil ról na scoileanna chomh tábhachtach, an bhféadfadh - agus b'fhéidir gur tríd Bille nua nó tríd an coiste oideachais a rachadh sé seo - an staffing schedule a bheith difriúil i scoileanna Gaeltachta i gcomparáid le scoileanna laismuigh den Ghaeltacht, go háirithe toisc gur scoileanna beaga go leor acu? Ó thaobh líon na ndaltaí, dá gcaillfí cúigear acu agus dá dtiocfadh seisear nó seachtar an bhliain ina dhiaidh, bheadh éifeacht mhór aige sin ar scoil bheag, bheadh líon na múinteoir ag teacht agus ag imeacht níos mó agus bheadh éifeacht níos mó aige ar scoileanna Gaeltachta agus Gaeilge. Cad é tuairim an fhinné ar sin? An féidir é sin a thabhairt isteach faoi scáth an Achta nó an mbeadh tairbhe ann? An bhfuil aon smaoineamh ag an Uasal de Spáinn ar na heisceachtaí nó na exemptions don ardteist atá á lorg ag a lán daoine i meánscoileanna? An bhfuil tuairim aige ar sin?

Mr. Julian de Spáinn

B'fhéidir go mbeidh an tUasal Mac Fhlannchadha in ann labhairt beagáinín níos mó faoi na catagóire sa Ghaeltacht agus faoi na scoileanna sa Ghaeltacht freisin. Glacaim leis go dtagann cuid mhaith de sin faoin bpolasaí oideachais Gaeltachta atá á chur le chéile faoi láthair agus nach bhfuil foilsithe go fóill. Tá sé thar am go mbeadh sé foilsithe. B'fhéidir go ndéarfaidh an tUasal Mac Fhlannchadha cúpla rud ar sin.

Mar a dúirt an Teachta Moynihan, d'aithin Conradh na Gaeilge na rudaí nach raibh san Acht trí bhreathnú ar áiteanna eile. Bhreathnaíomar ar an mBreatain Bheag, ar Cheanada agus ar thíortha eile maidir le dea-chleachtais agus eile. Freisin, d'aithníomar roinnt de na fadhbanna a bhí ag teacht chun cinn mar gheall ar chur i bhfeidhm an Achta mar atá sé faoi láthair, ar nós na scéimeanna. Cheana féin tá sé tosaithe - nuair atá grúpa éigin ar scéim 2 nó 3 - go bhfuil siad ag rá go gcuirfear é i bhfeidhm díreach má tá na hacmhainní ar fáil. I scéimeanna áirithe, tá rudaí á ghearradh amach a bhí geallta sna scéimeanna roimhe sin. Sílim go bhfuil sé sin ag déanamh lagú iomlán ar an gcóras a bhí le bheith i bhfeidhm. Ceann de na leasuithe atá ag teastáil san athchóiriú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla ná nach mbeadh aon ghrúpa in ann an rud atá aontaithe cheana féin a lagú nó a chur siar. Is rud bunúsach é sin go gcaithfear a chur i bhfeidhm.

Maidir leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, scoláireachtaí d'ábhair mhúinteoirí sna Gaeltachtaí agus eile, aontaímid go huile is go hiomlán gur chóir go mbeadh an Roinn ag glacadh leis an gcúram sin ionas go bhfuil sé mar dhlúthchuid den traenáil a bhíonn ar siúl ag na múinteoirí. An fáth nach bhfuileamar ag caint faoi an-chuid de na rudaí sin inniu ná, mar a mhol an Teachta féin, gur chóir go mbeadh an coiste oideachais ag pléigh le cuid mhaith de na rudaí seo freisin. Tá súil againn na héilimh sin a chur os comhair an choiste oideachais chomh maith. Cinnte, tá an ceart ag an Teachta Moynihan go mbaineann sé le hábhair.

Maidir le pleanáil teanga sa Ghaeltacht, tá lán-cheart ag an dTeachta go bhfuil an t-airgead atá curtha ar fáil do na grúpaí éagsúla chun an pleanáil a dheánamh, chomh maith leis an airgead a chuirtear ar fáil ionas gur féidir leo feidhmiú a dhéanamh ar na pleananna, suarach. Tá sé sin mar cheann de na croí-rudaí atá sa phlean infheistíochta atá luaite againn: go mbeadh buiséad ceart ag gach grúpa atá ag dul i mbun na pleanála teanga chun gur féidir leo duine a fhostú agus cisteoir a bheith acu ar fad chun an plean a fheidhmiú. Tá sé sin mar bhun-rud atá luaite sa phlean infheistíochta.

An é sin le rá an plean a chur le chéile agus an plean a chur i bhfeidhm?

Mr. Julian de Spáinn

Sin é. An plean a chur le chéile agus an plean a chur i bhfeidhm.

Mr. Peadar Mac Fhlannchadha

Tá dhá chéim dhifriúil ann.

Mr. Julian de Spáinn

Tá an bealach a bhfuil an t-airgead seo briste síos againn thar trí bliana ag aithint go bhfuil grúpaí áirithe ag pointí éagsúla den phróiséis. Bheadh airgead áirithe ann do na grúpaí atá ag cur pleananna le chéile, agus airgead ann do na grúpaí atá na pleananna acu cheana féin agus atá anois ag iarraidh iad a fheidhmiú. Faoin tríú bhliain, bheadh an t-airgead ar fáil dóibh ar fad chun iad a fheidhmiú ag an bpointe sin. Tá sé fíor-thábhachtach go mbeadh an dá chéim d'airgead ag gach grúpa.

An mbeadh sé sin scaipthe amach sa slí go raibh sé cheana féin? An mbeadh sé mar chás de 40 i gcomhair dream amháin agus deich i gcomhair dream eile, nó cén sórt slat tomhais a bheadh ann? An mbeadh sé cosúil le catagóir A, B, agus C?

Mr. Julian de Spáinn

Sa bhealach a luaitear é sa phlean, tá sé nach mór ar nós go mbeadh idir €80,000 agus €100,000 ann do gach grúpa le feidhmiú a dhéanamh ar an bplean teanga atá siad ag cur le chéile.

Luaigh an Teachta scoileanna agus na díolúintí ó staidéar na Gaeilge. Arís, is rud é sin gur mhaith linn a thógáil os comhair an choiste oideachais. Tá moladh ag Conradh na Gaeilge go mbeadh an bunchúrsa Ghaeilge i scoileanna dara leibhéal bunaithe ar an bhfráma coiteann Eorpach nó an bealach a mhúintear teangacha san Eoraip. Díríonn sé sin ar scileanna na ndaltaí nó scileanna na ndaoine atá ag foghlaim. Déantar é sin go minic le daoine fásta in Éirinn, ach timpeall na hEorpa baintear úsáid as an bhfráma sin le daoine óga chomh maith. Chabhródh a leithéid de chóras sa slí go bhféadfadh aon dhalta a thagann isteach sa chóras déanach nó aon dhalta nach bhfuil go maith ag foghlaim teangacha in ann an teanga Gaeilge nó teanga eile a fhoghlaim ar an gcumas atá acu do teangacha, nó an áit go bhfuileadar ag teacht isteach sa chóras ionas nach mbeadh aon duine fágtha amach agus go mbeadh deis ag gach duine an Ghaeilge a fhoghlaim. Bheadh sé bunaithe ar an bhfráma coiteann Eorpach. Sílimid uaireanta, nuair atá rud éigin ag feidhmiú go maith in áit éigin eile ar domhan, gur chóir dúinn breathnú air agus é a thógáil go hÉireann agus a leithead de chóras a úsáid. Is é sin an moladh a bheadh againn chun deileáil leis na díolúintí. Sílim go mbeidh an tUasal Mac Fhlannchadha in ann labhairt leis an Teachta faoi na catagóire agus an sceideal sna Gaeltachtaí.

Mr. Peadar Mac Fhlannchadha

Gan obair bhaile eile a thabhairt don choiste, ceapaim go mbeadh sé tráthúil oifigí an Roinn Oideachais agus Scileanna a thabhairt os comhair an choiste seo agus roinnt ceisteanna a ardú leo, go háirithe ó thaobh na tuarascála a d'fhoilsigh an Roinn an tseachtain seo caite nach raibh aon tagairt ann i ndáiríre don Ghaeilge, go háirithe i gcomhthéacs Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, agus an chaoi go raibh an Roinn le tacaíocht a chur ar fáil chun spriocanna oideachais na stratéise a bhaint amach. Ní haon dochar ardú leis an Roinn an pointe a d'ardaigh an Teachta Moynihan maidir leis na scoláireachtaí tríú leibhéal, scoláireachtaí a bhí ann le fada, agus an chaoi go bhfuair an Roinn réidh leo ag úsáid géarchéim airgeadais na tíre ar bhealach suarach agus, i mo thuairim, pearsanta. Is beag airgid a bhí i gceist ach ba spreagadh iontach é do scoláirí i gceantair Gaeltachta. Ní dóigh liom gur cheist airgid a bhí i gceist agus b'fhéidir gur cheist í sin gur fiú a ardú leis an Roinn.

Tá roinnt ceisteanna a bhí spesiúil ansin maidir leis an gcóras oideachais go ginearálta agus scoileanna. Tá an ceart ag an Teachta Moynihan gur scoileanna beaga iad formhór na scoileanna Gaeltachta, go háirithe bunscoileanna. Tá an-tionchar ar na scoileanna sin ar an nGaeilge sa cheantar agus ar an gceantar trí chéile. Mar a luaigh an Teachta Ó Cuív níos luaithe, tá na ceantair Gaeltachta ar fad faoi bhrú, ní hamháin ó thaobh cursaí Gaeilge de ach ó thaobh inmharthanachta. I gceantar Chonamara, mar shampla, dúnadh bunscoil i mbliana agus tá slad eile acu atá ag moilliú i gcónaí de bharr pátrún na tíre ó thaobh an líon duine atá ina gcónaí faoin dtuath, chomh maith le rudaí practiciúla ar nós an deacracht a bhíonn ag daoine cead pleanála a fháil ina gceantair féin. Tá siad ag bogadh amach óna gceantair dá bharr. B'fhéidir gur obair bhaile eile é sin.

Maidir le na scoileanna, dúradh liom go mbeadh an polasaí oideachais Gaeltachta á sheoladh an mhí seo. Ní cosúil anois go mbeidh. Beimid ag faire amach agus tá súil agam go mbeidh cuid de na freagraí sna polasaí oideachais Gaeltachta. Caithfear aitheantas a thabhairt don Roinn Oideachais agus Scileanna ar an mbealach a thug sé faoin bpróiséis seo.

Bhí an t-uafás cruinnithe ag an Roinn sna ceantair Ghaeltachta uilig. Bhí próiseas buy-in an-mhaith ón phobal agus bhí an chuma ar an scéal go dtí seo go raibh na hoifigigh a bhí ag plé leis an gceist seo sa Roinn go hiomlán tiomanta don phróiseas seo. Beidh le feiceáil céard a thiocfas ar aghaidh agus an mbeidh an maoiniú curtha ar fáil chun é seo a chur i bhfeidhm.

Ceapaim gur tháinig roinnt mhaith moltaí ar aghaidh mar chuid den phróiseas chomhairliúcháin sin a bheadh infheidhmithe agus a bheadh ina chúnamh mór do scoileanna Gaeltachta, go háirid ó thaobh scoileanna beaga. Mar shampla, féadfadh múinteoir amháin a bheith ag freastal ar cúpla scoil. Féadfadh córas príomhoideach lárnach a bheith ag déanamh an obair bainistíochta ar fad ar cheithre nó cúig scoil seachas an ceithre nó cúig scoil sin agus an príomhoide ag caitheamh leathlá nó lá iomlán ag plé le cúrsaí riaracháin. Scaoilfí saor iad le bheith ag múineadh sa scoil féin.

Arís, tháinig roinnt mhaith moltaí ar aghaidh maidir le cén chaoi a bhfuil na múinteoirí in ann déileáil leis an meascán teanga atá ann anois. Mar shampla, bhí cruinniú againn anuraidh ag troid le haghaidh an dara mhúinteoir a fháil le haghaidh Scoil Inis Meáin, mar shampla, áit a bhfuil pobal fíor-bheag. Léirigh Orlaith Breathnach, príomhoide na scoile sin, ag an cruinniú i mBaile Átha Cliath, an meascán atá ann. Ceapaim go bhfuil deichniúr sa scoil. Níl na figiúir go hiomlán cruinn agam ach tá roinnt acu sin a bhfuil an Ghaeilge acu mar an teanga baile, do chuid eile acu Béarla é agus do chuid eile arís ceapaim gur Polainnis é, mar daoine atá tar éis bogadh isteach iad. Tá meascán aisteach sa scoil agus tá gá le teacht ar aghaidh le próiseas gur féidir déileáil leis an dream atá ag teacht isteach gan Ghaeilge ach gan dochar a dhéanamh do na páistí atá ag teacht isteach sa chóras gur cainteoirí ó dhúchas iad. Beidh le feiceáil ó thaobh an pholasaí sin cén toradh a bheidh ann. Le bheith féaráilte don Roinn, ceapaim go raibh gach duine an-tógtha leis an gcaoi gur thugadh faoi. Is ceist anois é an mbeidh an Roinn sásta maoiniú a chur ar fáil.

Ó thaobh na exceptions agus na exemptions, agus ag dul leis an méid a bhí an Cathaoirleach ag rá ag an tús, tá roinnt rudaí nach bhfuil mé in ann a rá. Tá súil agam go mbeidh taighde foilsithe an bhliain seo chugainn a thabharfaidh toradh níos fearr dúinn ar sin. Is grúpa eile atá ag plé leis. Ní mhaith liom an t-ainm a lua. Tá súil agam go mbeidh eolas ceart againn faoi cé atá ag cur isteach ar na exemptions seo. Mar shampla, an bhfuil daoine ann a bhfuil ag cur isteach ar exemptions don Ghaeilge ach a bhfuil breá sásta dul ar aghaidh agus an Fraincis nó an Gearmainis a dhéanamh? Tiocfaimid ar sin.

Tuigim an pointe atá ardaithe maidir le ceist na district electoral divisions, DEDs, agus rangú na ceantair Ghaeltachta. Cinnte tá obair le déanamh ansin i roinnt ceantair, i gceantar an Teachta Moynihan ach go háirithe agus ceantar Tír Chonaill chomh maith. Le bheith féaráilte don údarás, caithfear córas éigin a roghnú. Is dócha gur sa chóras DEDs an t-aonad is lú gur féidir figiúir a tharraingt as. I mo thuairimse, an chaoi go gcaithfear déileáil le sin nuair atá plean teanga á ullmhú ná go gcaithfear é sin a chur san áireamh. I gcuid de na ceantair - má thógamar an ceantar a luaigh an Teachta Moynihan, Cúil Aodha - ar bhealach beidh dhá phlean teanga ag teastáil ansin, ceann le haghaidh ceantar Cúil Aodha agus ceann don chuid eile den DED nach bhfuil Gaeilge á labhairt ann. Muna ndéanfar é sin, ní éiroidh leis an rud. Ceapaim go gcaithfear é sin a chur san áireamh in ullmhú an phlean teanga agus ansin ag feidhmiú an phlean teanga féin.

Arís, chun a bheith féaráilte, ceapaim go bhfuil obair mhaith á dhéanamh go dtí seo ag Údarás na Gaeltachta mar chuid den chóras seo. É sin ráite, caithfear a rá nach mbíonn an sainmhíniú céanna ag gach duine ar pleanáil teanga. Mar a luaigh mé níos luaithe, leis an méid atáimid ag éileamh ar na pobail féin a dhéanamh leis seo, caithfimid an tacaíocht cheart a chur ar fáil chun na pleananna seo a dhéanamh agus a fheidhmiú. Nuair atáimid ag caint faoi tacaíocht, táimid ag caint faoi daoine a fhostú le cabhrú. Tá obair áirid gur féidir a dhéanamh ar bhonn deonach ach tá obair eile nach féidir é a dhéanamh. Muna chuirfimid an tacaíocht seo ar fáil do na pobail, beimid thiar go mór leis. Mar a deirim, beidh an leibhéal soiniciúlachta cruthaithe agus beidh daoine ag rá, agus tá a fhios agam mar tá sé ráite liomsa, “Bíodh an diabhal agaibh. Sábhálfaidh sibh an Ghaeilge sibh féin.” Tá rudaí chomh dáiríre sin.

Go raibh maith agat. Cuirim fáilte roimh an Teachta Smith.

Tá an-bhrón orm. Bhí mé ag coiste eile ag déileáil leis an Low Pay Commission agus mar sin de.

An bhfuil ceist ar bith ag an Teachta ar na finnéithe?

Níl. Tá brón orm.

Tá tú ceart go leor. An bhfuil an Teachta Moynihan sásta go leor?

Gabhaim mo bhuíochas leis na finnéithe. Tá a fhios agam go bhfuil an t-uafás oibre déanta acu ó sheachtain go seachtain go dtí seo agus go leanfaidh siad ar aghaidh ag cur an Ghaeilge chun cinn. Tá a fhios agam freisin go bhfuil an t-uafás oibre curtha isteach acu maidir leis an gcur i láthair seo. Táimse buíoch agus tá an coiste buíoch dóibh. Is é seo an chéad chruinniú agus an chéad chur i láthair. Tá ceist amháin agam. An bhfuil aon mhachnamh déanta ag Conradh na Gaeilge ar an mbealach is fearr chun obair a dhéanamh leis an gcoiste seo? An bhfuil smaointe ag na finnéithe ar cén chaoi is fearr úsáid a bhaint as an gcoiste seo chun an Ghaeilge a chur chun cinn?

Mr. Julian de Spáinn

An chéad rud ná an rud a bhíomar ag caint faoi níos luaithe ó thaobh reachtaíochta de - an rud is gaire don scornach, d’fhéadfá a rá. Tá cúpla rud go bhfuileamar ag súil go mbeadh an coiste in ann tacú leo láithreach. Chomh maith le sin, ba bhreá linn go mbeadh an coiste ar an eolas go bhfuilimid ar fáil i gcónaí le cabhrú nó chun aon eolas breise a chur ar fáil don choiste atá ag teastáil ón gcoiste. Táimid ann chun mianta an phobail a chur chun cinn agus beidh sé sin ar fáil don choiste.

Ó thaobh chlár oibre de, tuigim go mbeidh an coiste ag breathnú ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus cur i bhfeidhm na straitéise chomh maith. Bheadh go leor le rá againn ar an ábhar céanna freisin. Ach don chuid is mó, táimid ar fáil le cabhrú leis an gcoiste más féidir linn cabhrú leis. Tá saineolas áirithe againn agus an conradh 123 bliain ar an saol. Chomh maith le sin, táimid tar éis a bheith i dteagmháil le cuid mhaith de na grúpaí thar lear agus b’fhéidir go gcabhróidh sé sin leis an gcoiste. Aon chabhair nó cúnamh gur féidir linn a chur ar fáil, táimid lán-sásta é sin a dhéanamh.

Mar fhocal scoir, tá páipéar taighde curtha le chéile ag Leabharlann an Oireachtais agus beidh sé i nGaeilge an tseachtain seo chugainn. Is fiú é a léamh. Tá sé anseo agam. Tá sár-obair déanta ag an Leabharlann maidir ar stádas na Gaeilge sa tír faoi láthair, an ghéarchéim atá ann agus na rudaí dearfacha agus na rudaí diúltacha. Is cúis imní é.

An bhfuil sé ar fáil ón Leabharlann?

Tá sé. Foilsíodh é i mí Mheán Fómhair.

An bhfuil teideal air?

Tá sé i mBéarla anseo ach beidh sé i nGaeilge. An teideal atá air ná The Irish language - a linguistic crisis?. Géarchéim atá ann. Táim ag iarraidh é sin a chur faoi bhráid na gcomhalta. An bhfuil aon ghnó nó smaoineamh eile ag aon duine fad is atá an toscaireacht anseo?

Níl mé ábalta smaoineamh ar aon rud anois.

Mar sin, cuirim deireadh leis an gcruinniú.

The joint committee adjourned at 4.20 p.m. sine die.
Barr
Roinn