Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán díospóireacht -
Tuesday, 29 Nov 2016

Gnó an Choiste

Cuirim fáilte Uí Cheallaigh roimh na hionadaithe ó Fhoras na Gaeilge agus ó Ghaeloideachas. Tiocfaidh mé ar ais chucu ach tá píosa oibre le déanamh againn maidir le comhfhreagras agus rudaí eile. Chun daoine a choiméad suas chun dáta, sheolamar litreacha chuig Airí éagsúla ag iarraidh orthu teacht os ár gcomhair. I gcásanna áirid, sin an dara litir a sheolamar agus táimid fós ag fanacht ar fhreagra.

Sheolamar litir chuig an Taoiseach ar an 7 Samhain 2016 agus thugamar cuireadh dó teacht os ár gcomhair chun, go háirithe, na spriocanna i Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 go 2030 atá bainte amach agus a bhí i bhfeidhm amhail ón 31 Deireadh Fómhair 2016 a phlé. Fuaireamar freagra ó Nick Reddy, rúnaí príobháideach an Taoisigh. Dúirt sé:

Is oth liom a chur in iúl nach bhfuil an Taoiseach ábalta ghlacadh leis an gcuireadh sin.

Mar is eol duit, is ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta atá an fhreagracht fhoriomlán as cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge i gcomhar le réimse mór páiritithe leasmhara. Sa chomhthéacs sin, tá do chuireadh á sheoladh ar aghaidh chuig an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne, T.D., atá freagrach as an gcúram sin.

Cuirim é sin os comhair an choiste ach is dócha go bhfuil cóip den litir sin ag na comhaltaí.

Ba mhaith liom a chur in iúl go bhfuil mé thar a bheith mí-shásta leis an gcomhfhreagras áirithe siúd. Sílim go raibh an Cathaoirleach thar a bheith foighdeach leis na hAirí éagsúla ach, i ndáiríre, léiríonn sé seo nach bhfuil an Rialtas ag comhoibriú leis an gcomhchoiste. Tá ceisteanna agus obair le déanamh againne ó thaobh cinntiú go bhfuil an Rialtas ag cur na Gaeilge chun cinn sna Ranna éagsúla agus go bhfuil an straitéis 20 bliain á cur i bhfeidhm mar is ceart. Is minic an Taoiseach á rá linn gurb eisean an cathaoirleach ar an gcoiste idir-rannach atá ag tabhairt aire don straitéis 20 bliain. Dá bhrí sin, ní thuigim cén fáth an bhfuil sé ag rá linn nach mbeadh sé féiliúnach go dtiocfadh sé os ár gcomhair. Maidir leis an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, an Teachta Paschal Donohoe, is eisean atá freagrach maidir le cúrsaí Gaeilge sna Ranna éagsúla agus an fhoireann a bheith lán-oilte ó thaobh na Gaeilge sna Ranna éagsúla. Bhí go leor ceisteanna le cur againn ar siúd. Tuigtear dom freisin gur cuireadh comhfhreagras ar ais i mBéarla ar bhun-chomhfhreagras a cuireadh i nGaeilge, rud atá ag sárú an dlí. Taispeánann sé drochmheas don chomhchoiste seo agus don obair atá ar siúl againn agus níl sé inghlactha ar chor ar bith.

Tuigim ón gCathaoirleach go bhfuil sí ag iarraidh scríobh ar ais chuig an Taoiseach agus gach seans a thabhairt dó ach, i ndáiríre, an teachtaireacht gur mhaith liomsa a fheiceáil ón gcomhchoiste seo ná nach bhfuilimid sásta dubh, bán nó riabhach, leis an gcaoi a bhfuil an Rialtas ag caitheamh leis an gcomhchoiste agus gur chóir dó na béasaí a athrú agus na hAirí a chur isteach le labhairt linn ar na ceisteanna atá ag déanamh tinnis do phobal na Gaeilge.

Aontaím leis an méid atá ráite ag an Seanadóir. Tá sé áiféiseach go maith nach bhfuil an Taoiseach ná na hAirí tagtha chun páirt a ghlacadh anseo sa choiste. Léiríonn sé neamhshuim an Rialtais ó thaobh chúrsaí Gaolainne. Tuigim go raibh cúpla deacracht ann leis an dáta agus nach raibh sé oiriúnach don Aire, an Teachta Donohoe, ach caithfear dáta eile a aimsiú chun a chinntiú go mbeadh sé ábalta freastal ar chruinniú. Maidir leis an Taoiseach, ní hamháin ceannaire bhord an Rialtais é ach is ceannaire é ar an bhfochoiste atá ann chun comhordú a dhéanamh ar chúrsaí Gaolainne. Shamhlóinn go mbeadh sé anseo agus go mbeadh sé sásta páirt a ghlacadh. Tá sé áiféiseach go maith nach bhfuil se tagtha chugainn fós. Ba chóir ar a laghad cuireadh eile a sheoladh chuige chun a chinntiú go mbeadh sé anseo.

Ar eagla na heagla go raibh míthuiscint i gceist, seolfaimid litir eile i nGaeilge, agus tá súil agam go mbeidh an freagra i nGaeilge. B'fhéidir go raibh míthuiscint ann. Bhíomar foighneach. Ní raibh mé ag iarraidh a bheith trodach nó trioblóid a tharraingt. Mar choiste, táimid ag iarraidh a bheith dearfach agus ag obair as lámh an Taoiseach agus-----

Sílim gur fiú a rá leis an Taoiseach go bhfuil muid ag iarraidh air treoir a thabhairt do na hAirí teacht os ár gcomhair. Ní fhaca mise aon chomhchoiste eile nach raibh na hAirí sásta teacht i láthair agus cúrsaí a phlé. Tá muid ag iarraidh ár gcuid oibre a dhéanamh, tá na finnéithe ag teacht os ár gcomhair agus tá muid ag cur na ceisteanna ach níl na hAirí ag comhoibriú linn. Níl sé sin sách maith.

Tabharfaimid deis eile dóibh agus pléifimid é amach anseo.

Go sciobtha, maidir leis an tseirbhís farantóireachta, is dócha go bhfuil siad i dtrioblóid arís agus go mbeidh deireadh leis an tseirbhís amárach go dtí Árainn. Bhí an Seanadóir Ó Clochartaigh ag iarraidh labhairt faoi.

Bhí. Tá súil agam go bhfuil suim ag an gCathaoirleach féin sa scéal seo.

Tá an-imní orainn i ndáiríre faoin scéal atá tagtha amach nach bhfuil comhréiteach tagtha idir Comhairle Chontae na Gaillimhe agus an comhlacht atá ag cur seirbhís farantóireachta i láthair. Tuigim go gcaithfidh na comhráití sin a bheith idir an chomhairle contae agus an comlacht, ach tá ról ag Aire na Gaeltachta maidir le deimhniú go mbeidh seirbhís farantóireachta ag muintir na n-oileán. Ós rud é nach bhfuiltear tagtha ar chomhréiteach leis an gcomhlacht atá ann i láthair na huaire, ba cheart dúinn scríobh láithreach chuig an Aire Stáit, an Teachta Kyne, ag fíorú dó cén plean B atá sé ag cur i bhfeidhm le déanamh cinnte go mbeidh seirbhís leanúnach farantóireachta ar fáil do mhuintir Árann ar feadh an gheimhridh. Tá siad thar a bheith buartha faoin scéal. Táimid ar fad ag fáil glaochanna maidir leis an imní atá orthu ó thaobh daoine atá ag dul go coinní ospidéil, daoine atá i mbun gnóthaí, daoine atá ag múineadh agus mar sin de. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh a fhios againn cén freagra atá ag an Rialtas le deimhniú go mbeidh seirbhís leanúnach farantóireachta ar fáil.

Aontaím leis an Seanadóir. Pléann an coiste seo le polasaí ach ní fiú tada a bheith ag caint faoi pholasaí gan daoine a bheith in ann maireachtáil ar Oileáin Árann. Aontaím leis sin agus seolfaimid litir.

Barr
Roinn