Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán díospóireacht -
Tuesday, 29 Nov 2016

Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017 - 2022

Tá na finnéithe ag fanacht agus tá sé déanach san oíche. Cuirim céad míle fáilte roimh phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, an tUasal Seán Ó Coinn. Tuigim go bhfuil an tUasal Seosamh Ó Coinne agus an tUasal Seán Ó hArgáin in éindí freisin. Ó Ghaeloideachas, tá fáilte roimh Anna Ní Chartúir, leas-uachtarán, Bláthnaid Ní Ghréacháin, Niamh de Búrca agus Peigí Ní Chonghaile. Beidh Teachtaí agus Seanadóirí ag teacht agus ag imeacht mar tá an Dáil ina suí ag an am céanna. Níl sé feiliúnach, ach sin an córas. Bígí ar bhur suaimhneas agus bainigí taitneamh as an gcruinniú. Táimid ag súil leis an gcur i láthair, ach i dtús báíre tá sliocht le léamh ag an gcléireach maidir le cúrsaí dlí agus leis an Acht um Chlúmhilleadh.

Clerk to the Committee

Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar a n-aird go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste do na finnéithe ámh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal tar éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urraimiú nach chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí ar bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráiteas tionscnaimh a chur siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh ghréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe, nó leis na hoifigigh, ina ainm nó ina hainm nó ar shlí ina bhféadfaí é nó í a aithint.

Go simplí, bígí cúramach leis an méid atá le rá agaibh. Cé atá chun tosnú?

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin

An chuma leis an gCathaoirleach má thosaíonn Gaeloideachas?

Tá sé sin ceart go leor.

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin

Gabhaim buíochas leis an gcomhchoiste as an gcuireadh teacht ina láthair inniu. Is léir go n-aithníonn an coiste gur forbairt fíorshuntasach agus fíorthábhachtach é foilsiú an pholasaí oideachas Gaeltachta. Tá muid thar a bheith buíoch den choiste as an gcuireadh chun é sin a phlé.

Go gonta, bunaíodh an eagraíocht Gaelscoileanna Teoranta sa bhliain 1973. Bunaíodh í mar eagraíocht thacaíochta do bhunscoileanna agus do iar-bhunscoileanna lasmuigh den Ghaeltacht, ach sa bhliain 2014 ansin tháinig leathnú ar ár gcuraimí de bharr athstruchturú a tharla san earnáil. Anois tá an eagraíocht aithinte mar cheann de na ceanneagraíochtaí faoi chúram Fhoras na Gaeilge chun tacaíocht agus ionadaíocht a chur ar fáil do na scoileanna céanna sin ach anuas sa bhreis air sin do bhunscoileanna agus do iar-bhunscoileanna sa Ghaeltacht. Is de bharr an ról sin go bhfuil muid anseo inniu agus muid thar a bheith buíoch as an gcuireadh.

Liom inniu tá Anna Ní Chartúir, atá ina leas-uachtarán ar an eagraíocht Gaeloideachas. D'athraíomar an t-ainm cúpla mí ó shin agus tá sé fós aisteach a bheith a rá Gaeloideachas seachas Gaelscoileanna Teoranta. Is ó cheantar láidir Gaeltachta í Anna. Liom anseo freisin tá an bheirt oifigeach forbartha Gaeltachta atá ag an eagraíocht. Sin iad Peigí Ní Chonghaile agus Niamh de Búrca. Beidh an ceathrar againn an-shásta glacadh le ceisteanna ina dhiaidh.

Tá aighneacht curtha faoi bhráid an choiste. Tá a fhios agam go bhfuil sé fada ach bhí sé deacair roinnt de a fhágáil amach mar go leagan sé amach comhthéacs agus clár an pholasaí oideachas Gaeltachta. Díreoidh Anna ar na saincheisteanna a eascraíonn as seo. Fáiltímid ag an deireadh roimh aon cheisteanna a bheidh ann.

Ms Anna Ní Chartúir

Tá an-ríméad agus an-áthas orm, mar dhuine Gaeltachta, a bheith anseo ag caint ar an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta a foilsíodh le deireanas. Tá blianta fada caite againn sa Ghaeltacht mar oideachasóirí agus mar mhúinteoirí ag éileamh a leithéid. Más fada an fanacht a bhí orainn, tá an-áthas orainn go bhfuil sé anseo agus fáiltímid go láidir roimhe. Is é seo an chéad straitéis chuimsitheach don oideachas sa Ghaeltacht ó bunaíodh an Stát. Cé go gcuirfeadh sé sin iontas ar go leor, is maith an rud go bhfuil sé ann. Mar a dúirt Bláthnaid, cuireadh doiciméid sách cuimsitheach ós comhair an choiste ag leagan amach na príomhphointí a bhí sa bpolasaí. Níl sé i gceist agam dul siar orthu ach b'fhéidir go dtabharfainn spléachadh ar chuid de na rudaí is suntasaí dar linne atá sa bpolasaí oideachas Gaeltachta.

Tá go leor le moladh sa bpolasaí seo agus tá go leor anseo a bhfuil éileamh déanta le blianta fada air. Ina measc, tá an t-aitheantas a thugtar do chainteoir dúchais i bpolasaí na Roinne Oideachais agus Scileanna. Is iadsan na gasúir go bhfuil socruithe ag a dtuismitheoirí iad a thógáil le Gaeilge ar baile. Is é seo an chéad uair go bhfuil siad aithinte i bpolasaí na Roinne Oideachais agus Scileanna. Tá aitheantas tugtha do na riachtanais teanga atá acu agus aitheantas tugtha do na riachtanais teanga sin i gcomhthéacs go bhfuil siad measctha i scoileanna Gaeltachta le go leor foghlaimeoirí. Go deimhin, in 2004 ní raibh ach 40% de gasúir na Gaeltachta ag teacht ar scoil le Gaeilge nó ar bheagán Gaeilge. Chomh maith leis sin, sa bpolasaí seo, leagtar síos critéir don chéad uair riamh don scoil Ghaeltachta. As seo amach, aithneofar scoileanna Gaeltachta bunaithe ar chritéir atá leagtha amach seachas ar bhonn tíreolaíochtúil. Tá eolas againn ar fad le blianta fada go bhfuil scoileanna ann, cé go bhfuil siad sa Ghaeltacht ó thaobh na tíreolaíochta de, nach bhfuil ag feidhmiú mar scoileanna Gaeltachta. Tá sé sin ráite acu féin.

Cuireann muid fáilte mhór roimh an luath-thumadh dhá bhliain atá éigeantach anois má tá scoil ag iarraidh a bheith aithinte mar scoil Ghaeltachta. Dóibh siúd nach bhfuil ag plé le cúrsaí oideachais, is éard a chiallaíonn sé sin ná nach múinfear aon Bhéarla ar chor ar bith do gasúir i scoil Gaeltachta don chéad dhá bhliain agus iad sna ranganna naíonáin bheaga agus naíonáin mhóra. Is rud suntasach amach is amach é sin. Nuair a chuireann muid ina theannta sin an dá bhliain gur féidir le chuile gasúr Gaeltachta a chaitheamh i suíomh naíonra, táimid ag caint ar cheithre bliana a bheith ag páiste gan aon Bhéarla a bheith cloiste acu. Creideann muid go ndéanfaidh sé sin an-difríocht do chúrsaí teangan agus do chúrsaí oideachais. Chomh maith leis na réimsí eile a chlúdaíonn an polasaí seo, tá gealltanas tugtha maidir le tacaíochtaí teanga agus múinteoirí agus áiseanna breise don scoil a aithnítear mar scoil Ghaeltachta. Beidh na tacaíochtaí teanga sin dírithe ar na foghlaimeoirí chomh maith leis na cainteoirí dúchais. Is é a bheidh i gceist ansin ná go ndéanfar idirdhealú ar na riachtanais ó thaobh shaibriú teangan agus mar sin de atá ag cainteoirí dúchais, agus tá sé sin le moladh.

Cuireann muid fáilte mhór roimh an BEd atá geallta agus atá muid ag iarraidh le blianta fada. Síleann muid go ndéanfaidh sé sin an-difríocht do chaighdeán na múinteoirí a bheidh ar fáil do scoileanna na Gaeltachta mar go mbeidh trí nó ceithre bliana caite ag ábhair oidí ag fáil a gcuid oideachais féin ar fad trí mheán na Gaeilge. Beidh na modúil agus an méid staidéir a dhéanfaidh siad tiomnaithe i dtreo an éitis a bhaineann le scoileanna Gaeltachta agus a bhaineann lena bheith ag múineadh trí Ghaeilge.

Fáiltímid chomh maith roimh an ngealltanas atá ann go gcuirfear ar fáil 30 múinteoir ag an mbunleibhéal agus 30 múinteoir ag an iar-bhunleibhéal ex quota. Níl sé sonraithe cén uair a thosóidh sé sin ag tarlú ach ciallaíonn sé seo go bhféadfadh múinteoir breise a bheith ag scoileanna Gaeltachta ex quota. Is é atá i gceist ansin ná múinteoir breise os cionn an leibhéal atá sna treoirlínte atá leagtha amach ag an Roinn Oideachais agus Scileanna do chuile scoil eile.

Díreofar sa bpolasaí ar churaclam ar leith a sholáthar do na scoileanna Gaeltachta agus do chainteoirí dúchais. Fáiltímid roimh an athbhreithniú atá geallta ar scéim na gcúntóirí teanga agus ar an moladh atá ann go ndéanfaí neartú agus láidriú ar an scéim sin. Fáiltímid freisin roimh an tiomantas atá léirithe do na luathbhlianta agus ní ghabhfaidh mé isteach go mion ansin mar ní ábhar é go bhfuil an méid saineolais agam féin ann. Cabhróidh sé go mór le scoileanna na Gaeltachta dá mbeadh dhá bhliain caite sna naoinraí ag gasúir agus iad múinte go hiomlán trí Ghaeilge. Beidh deiseanna inseirbhíse ar fáil agus deiseanna traenála do bhoird bhainistíochta, do mhúinteoirí agus do phríomhoidí. Tá sé sin le moladh.

Gealltar dúinn go gcuirfear áiseanna breise agus foireann breise ar fáil don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, go mbeidh aonad nua ceaptha sa Roinn Oideachais agus Scileanna a bheidh ag plé go sonrach leis an bpolasaí seo agus go mbeidh leithroinnt déanta ar chigirí a bheidh saineolas acu agus an tacaíocht ag fáil uathu do scoileanna Gaeltachta. Sin an ról ar leith a bheidh acu. Sin cuid de na príomhphointí atá sa bpolasaí. Tá siad le moladh agus cuireann muid an-fháilte rompu. Cé gur chuir agus go gcuireann an polasaí an-ríméad orainn, tá a fhios againn nuair a thosaíonn muid ag léamh isteach go mion ar rudaí go dtagann ceisteanna agus dúshláin chun cinn. Breathnóidh mé ar chuid acu sin anois.

Má bhreathnaíonn muid ar an bpolasaí seo, caithfidh muid breathnú ar riachtanais an phobail. Cé air atá an polasaí seo dírithe? Brisfidh mé é sin síos i dtrí chuid. An dream is tábhachtaí ná an gasúr Gaeltachta agus an tuismitheoir Gaeltachta. Ansin, tá na heagraíochtaí éagsúla. Bhí agus tá go leor eagraíochtaí a bhfuil baint acu le hoideachas na Gaeltachta. Orthu siúd, tá an Roinn Oideachais agus Scileanna, Roinn na Gaeltachta, an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Údarás na Gaeltachta, lucht pleanála teanga, Foras na Gaeilge, Gaeloideachas, na scoileanna agus go leor eagraíochtaí eile a bhfuil baint acu le hoideachas Gaeltachta. Orthu siúd, áiríonn Tuismitheoirí na Gaeltachta, Comhar na Naíonraí Gaeltachta, Muintearas agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne. Tá seans go bhfuil daoine fágtha ar lár agam agus tá brón orm má tá.

Síleann muid go bhfuil géarghá anois le sainmhíniú agus sainiú a dhéanamh ar cén ról atá ag chuile cheann de na dreamanna sin i gcur i bhfeidhm an pholasaí seo. Tá gá plean soiléir comhtháite idir na dreamanna éagsúla a leagan amach ionas go mbeidh siad ag obair as lámh a chéile agus go mbeidh spriocanna agus tosaíochtaí leagtha síos acu ach go mbeidh an treoir a thabharfaidh siad soiléir agus go mbeidh leanúnachas ann ó leibhéal go leibhéal sa gcóras scolaíochta. An fáth leis sin ná go bhfuilimid ag caint ar pholasaí a chuimsíonn ó na luathbhlianta go dtí an bunleibhéal go dtí an iar-bhunleibhéal.

Dream eile lena mbaineann an polasaí seo leo ná na scoileanna agus na múinteoirí. Cinnte beidh treoir ag teacht i bhfoirm ciorcláin tar éis na Nollag, agus fáiltímid roimhe sin, ach beidh treoir ag teastáil ó bhoird bhainistíochta na scoileanna chomh maith. Beidh cúrsaí inseirbhíse agus tacaíocht ag teastáil agus tá sé sin geallta. Beidh tacaíocht ag teastáil ó thaobh chúrsaí riaracháin chomh maith. Ní chóir dúinn dearmad a dhéanamh ar na scoileanna beaga - formhór na scoileanna Gaeltachta - a bhfuil duine, beirt nó triúr múinteoir acu. Tá sé thar a bheith deacair orthu freastal ar chúrsaí inseirbhíse mar a tharlaíonn faoi láthair. Ní bhíonn siad in ann ionadaithe a fháil. Ní bhíonn siad ag iarraidh na scoileanna a fhágáil mar tá cúram cheithre rang orthu. Is gá iad seo a thabhairt san áireamh nuair a bheidh chúrsaí inseirbhíse agus traenáil á gcur ar fáil. Nílimid ag iarraidh go gcaillfeadh daoine na deiseanna ar an traenáil sin. B'fhéidir go gcaithfí smaoineamh ar scoileanna a thabhairt le chéile ar bhun ceantair agus scoileanna a dhúnadh, más gá, ionas go bhfaighidh chuile dhuine an traenáil. Ní leor go bhfaighidh an príomhoide nó an bord bainistíochta an traenáil. Caithfidh an traenáil agus an inseirbhís sin a bheith curtha ar fáil do chuile dhuine.

Áirím ina measc siúd a bheidh ag fáil an traenáil múinteoirí ag an mbunleibhéal agus múinteoirí ag an meánleibhéal. Tá tuairim an-láidir i measc múinteoirí na Gaeltachta go bhfuil sé thar am an liúntas Gaeltachta a gearradh sna blianta nach raibh airgead ar fáil sa tír a thabhairt ar ais. Síleann siad go bhfuil an liúntas seo tuillte dóibh mar gheall ar an obair bhreise atá ar bun acu. Tá go leor aistriúchán ar bun acu ar áiseanna atá ann agus cuireann siad dua orthu féin ag réiteach acmhainní agus síleann siad go meallfadh sé seo múinteoirí i dtreo scoileanna na Gaeltachta.

Ceann de na ceisteanna móra atá le réiteach ná tuismitheoirí a chur ar an eolas. Táimid ag caint ar pholasaí a bheidh ag teacht i bhfeidhm in 2017. Sin seacht, ocht nó naoi mí uainn. Céard atá déanta go dtí seo le tuismitheoirí a chur ar an eolas? An dtuigeann tuismitheoirí a bhfuil a gcuid gasúr ag freastal ar scoileanna na Gaeltachta na buntáistí oideachasúil, na buntáistí cognaíocha agus na buntáistí a bheidh ag a gcuid páistí ar fad má bhíonn an teagasc agus an mhúinteoireacht sna scoileanna ar fad i nGaeilge. An dtuigeann siad an tionchar a bheidh ag an bpolasaí seo ar chúrsaí fostaíochta agus ar an turasóireacht chultúrtha go bhfuilimid uilig ag brath air sa Ghaeltacht? An dtuigeann siad an cur chuige a bheidh ag an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir le múineadh an Bhéarla? Sílim gur shin gné thar a bheith tábhachtach. Ní thagraítear go sonrach dó sin sa bpolasaí seo. Is ceist mhór í do thuismitheoirí a bhfuil a gcuid gasúr ag freastal ar scoileanna Gaeltachta. Má dhéanann scoil cinneadh gan Béarla a mhúineadh ar feadh dhá bhliain, tá impleachtaí ann do thuismitheoirí.

Beidh ceisteanna acu agus níl siad ag iarraidh na ceisteanna sin a phlé i Meán Fómhair 2017. Tá siad ag iarraidh freagraí anois. Tá siad ag iarraidh freagraí anois agus tá siad ag iarraidh a bheith cinnte nach mbeidh aon mhí-bhuntáiste ann dá gcuid páistí.

Mar sin, creidimid go bhfuil cáipéis eile le réiteach ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Is é sin caipéis ar mhúineadh an Bhéarla i scoileanna na Gaeltachta. Ba mhaith linn freisin go ndéanfaí taighde agus go ndéanfaí scagadh ar an taighde idirnáisiúnta atá ann, ach go gcuirfí i bhfoirm é go dtuigfeadh tuismitheoirí na buntáistí atá ann agus go mbeidh tionchar aige ar an mheon atá acu. Beidh sé ró-mhall má thagfaimid go dtí 2017 agus polasaí i bhfeidhm agus gan glacadh ag tuismitheoirí leis. Tá an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscoileanna luaite leis an bprionsabal sin a bheith ag déileáil le tuismitheoirí, ach an bhfuil tosú curtha leis an obair sin? An bhfuil na háiseanna agus an fhoireann curtha ar fáil dóibh le tosú ar an obair sin anois? Sin í an réamhobair is tábhachtaí ó thaobh éifeachtúlacht an pholasaí seo i scoileanna na Gaeltachta.

Ba mhaith linn go dtuigfeadh tuismitheoirí na himpleachtaí ag an tríú leibhéal. Nuair a thosaíonn gasúr i mbunscoil Gaeltachta nó fiú sa naíonra, tá na tuismitheoirí ag smaoiniú ar an tríú leibhéal. Tá siad ag smaoiniú ar cén bealach a mbeidh a ngasúr ag staidéar, cén teanga ina mbeidh siad ag staidéar ann agus céard iad na postanna atá ann dóibh amach anseo. Tá sé thar a bheith tábhachtach go gcuirfí taighde agus eolas os ár gcomhair le míthuiscintí atá orthu a shoiléiriú. Dar ndóigh, tá taighde ann ó 2007 a rinne an foras taighde a léirigh go raibh gasúir na Gaeltachta go maith os cionn an mheán náisiúnta ó thaobh an Bhéarla de. An bhfuil an t-eolas sin ag tuismitheoirí i scoileanna na Gaeltachta, áfach? An dtuigeann siad go gciallaíonn sé sin nach ndéantar aon mhíbhuntáiste ar a gcuid gasúr má chuirtear siar múineadh an Bhéarla? Tá sé thar a bheith tábhachtach go dtuigfidís é sula dtosaíonn scoileanna ag plé an pholasaí seo ag leibhéal na scoile. Dar ndóigh, le haitheantas a fháil mar scoil Gaeltachta, beidh ar na scoileanna cur isteach air. Feictear dúinn go mb'fhéidir go bhfágfaidh go leor den obair sin faoi bhoird bhanaistíochta agus faoi phríomhoidí ach is rannpháirtithe ollmhóra iad na tuismitheoirí. Tá sé tábhachtach go mbeadh an t-eolas uilig acu sula ndéanann siad cinneadh.

Céard a tharlódh sa gcás go socraíonn tuismitheoirí nach bhfuil siad ag iarraidh aitheantas a bhaint amach mar scoil Gaeltachta dá gcuid scoileanna? Céard atá chun tarlú sa gcás sin? Cé a chuirfidh soláthar oideachais ar fáil dóibhsean agus, chomh maith leis sin, céard iad na himpleachtaí do na ceantair Ghaeltachta má shocraíonn scoil gan dul chun cinn agus aitheantas mar scoil Gaeltachta a fháil? Sin ceisteanna go n-airíonn muid nach bhfuil aghaidh tugtha orthu go fóill ach ceisteanna atá suntasach.

Tagaim anois go dtí mo dhara pointe, céard atá ag teastáil dar le Gaeloideachais anois. Dar linn, tá buiséad ag teastáil. Tá costasú ag teastáil ar na gnéithe ar fad atá sainithe sa bpolasaí seo. Tá €1 milliún geallta do 2017, €3 mhilliún do 2018 agus €7 milliún, dar linn, in 2019. Sin i bhfocal an phríomhchigire, Harold Hislop, ach nílimid cinnte cad é an briseadh síos a bheidh air sin. Má chuirtear 30 múinteoir ag an bunleibhéal agus 30 múinteoir ag an iar-bhunleibhéal ar fáil ex quota, samhlaíonn muid nach seasfadh an €1 milliún sin do 2017 i bhfad.

Ba mhaith linn go mbeadh tuiscint níos fearr againn ar an aonad Gaeltachta. Cé a bheidh ann? Céard iad na dualgais a bheidh orthu? Ba mhaith linn go mbeadh ceannasaíocht láidir san aonad sin agus go mbeadh tuiscint ar leith acu ar an oideachas Gaeltachta agus ar scoileanna na Gaeltachta. Ba mhaith linn go ndéanfaí sainmhíniú ar ról COGG agus go gcuirfí áiseanna agus foireann breise ar fáil don chomhairle anois. Tá sé riachtanach go mbeadh foireann ann faoi láthair atá ag tabhairt aghaidh ar na ceisteanna móra atá le réiteach. Ba mhaith linn go mbeadh sainiú déanta ar cé hiad na cigirí a bheidh ag plé le scoileanna na Gaeltachta agus cén saineolas ar leith atá acu chuige sin.

Ó tharla go bhfuil an tumoideachas anois geallta dúinn ar dhá bhliain éigeantach, is í an chéad cheist a bheidh ag scoileanna na Gaeltachta ná céard iad na tacaíochtaí agus na múinteoirí breise a chuirfear ar fáil dúinn. Tá scoileanna aon oide i gcuid de na scoileanna Gaeltachta atá ann. Cén chaoi a gcuirfear tumoideachas i bhfeidhm i scoil aon oide mura gcuirfear múinteoir breise ar fáil láithreach? Cén chaoi a gcuirfear tumoideachas i bhfeidhm ar ranganna na naíonáin, áit a bhfuil naíonáin bheaga, naoináin mhóra, rang a 1 agus rang a 2 á múineadh le chéile? Beidh gá le múinteoir breise ansin láithreach bonn. Ceist mhór a ardaíonn an luath-thumadh seo do mhúinteoirí na Gaeltachta ná na tástálacha caighdeánacha Béarla a dhéanann muid i scoileanna na tíre. Is é an cleachtas atá ann faoi láthair ná go ndéantar na tástálacha Béarla sin i rang a 1 i nGaelscoileana, i scoileanna Gaeltachta agus i ngnáth-scoileanna. I ngnáth-scoileanna, tá na gasúir ag foghlaim Béarla ón gcéad lá. Dá bhrí sin, nuair a thagann siad go dtí rang a 1, tá trí bliana caite acu ag foghlaim an Bhéarla. An bhfuil sé feiliúnach anois go gcuirfí na tástálacha ceannann céanna sin ar gasúir na Gaeltachta a mbeidh bliain amháin caite acu ag foghlaim an Bhéarla i rang a 1? Ní dóigh linn go bhfuil. Síleann muid go gcaithfear na tástálacha caighdeánacha sin a chur siar, ar a laghad, go dtí rang a 3, ach tá an cheist sin le soiléiriú do thuismitheoirí agus do scoileanna.

Beidh ról ceannasaíochta ag príomhoidí na scoileanna Gaeltachta, ach tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfaighidís deiseanna inseirbhíse agus traenáil. Tá ceisteanna fós le réiteach maidir le múinteoirí a chur ar fáil le múineadh i scoileanna na Gaeltachta. Tá a fhios againn ó thuairisc an phríomhchigire agus ó staidéir taighde éagsúla go bhfuil ceisteanna móra maidir le caighdeán Gaeilge na múinteoirí féin agus leis an gcaighdeán i gceachtanna Gaeilge a ndearnadh staidéar orthu. Cad é an bealach le tabhairt faoi seo?

Labhróidh mé faoin bpainéal ar dtús. Faoi láthair tá scoileanna na Gaeltachta ag iarraidh go mbeadh painéal ar leith ann - painéal breise do scoileanna na Gaeltachta - ina bhféadfaí a chinntiú go raibh Gaeilge ag na múinteoirí a bheadh ag cur isteach ar scoileanna na Gaeltachta. Mar a sheasann an córas faoi láthair, caithfidh scoileanna a ghlacadh le múinteoirí nach bhfuil siad cinnte go bhfuil a gcaighdeán Gaeilge ar an leibhéal a mbeidís ag iarraidh glacadh leis ina gcuid scoileanna. Tá deis ag múinteoirí a rá go bhfuil siad toilteanach múineadh i scoileanna Gaeltachta agus go bhfuil a gcuid Gaeilge ar chaighdeán, ach sin a gcuid meastóireachta féin. Tá gá le córas chun a chinntiú go bhfuil caighdeán Gaeilge sách maith ag na múinteoirí sin le go gcuirfí ag múineadh i scoileanna Gaeltachta iad.

Tá a fhios againn chomh maith go bhfuil fadhbanna suntasacha maidir le soláthar múinteoirí ag an iar-bhunleibhéal. De réir an pholasaí seo, beidh 30 áit breise curtha ar fáil in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh do chéimithe chun cáilíochtaí breise a bhaint amach le bheith in ann múineadh i meánscoileanna na Gaeltachta. Ní dóigh linn gur leor 30 múinteoir breise. Tá gá le ardú suntasach air sin agus tá gá le breathnú air sin ar bhonn tíreolaíochtúil - ar na ceantair Ghaeltachta eile agus ar an ardchathair, Baile Átha Cliath - go gcuirfí na cúrsaí sin ar fáil ionas go mbeadh líon múinteoirí le caighdeán Gaeilge ar fáil le múineadh sna meánscoileanna.

Ag trácht ar an iar-bhunscoil-----

Tá deacracht éigin ann ach lean ar aghaidh.

Ms Anna Ní Chartúir

Ag an iar-bhunleibhéal, fáiltíonn muid roimh an sonrúchán nua a bheidh ann ar a dtugtar T1. Beidh curaclam ar leith do pháistí a mhúintear trí mheán na Gaeilge agus ar chainteoirí dúchais iad don teastas sóisearach. Tá sé á fhorbairt faoi láthair agus is curaclam atá ann a bheidh níos dúshlánaí. Deirtear sa bpolasaí nua seo go gcuirfear sonrúchán cosúil leis seo ar fáil don ardteistiméireacht nuair a léirítear go bhfuil an ceann ag an tsraith sóisearach ag oibriú go maith agus má bhíonn glacadh láidir leis sa tsraith sóisearach. Ní dóigh linn go bhfuil sé sin sách maith.

Muna gcuirtear sonrúchán ar leith ar fáil ag leibhéal na hardteistiméireachta do ghasúir na Gaeltachta, tá faitíos orm gurb é an caighdeán a bheidh acu ag an leibhéal sin ag an ardteist an caighdeán a bheidh acu agus iad ag dul isteach sna coláistí tríú leibhéal agus iad ag teacht amach ar an taobh eile mar mhúinteoirí cáilithe. Má bhreathnaíonn muid ar an sonrúchán atá ann ag leibhéal na hardteistiméireachta faoi láthair agus a hathraíodh in 2010 agus má bhreathnaíonn muid ar an siollabas, tá gasúr ag déanamh staidéar ar b'fhéidir cúig dhán Gaeilge. Tá siad ag déanamh staidéar ar sliochtaí as scéalta Gaeilge. Tá deis acu, más mian leo, píosa d'úrscéal a léamh. Cuir é sin i gcomparáid leis an gcuraclam Béarla do ghasúir ab ea í an Béarla a gcéad teanga. An nglacfadh tuismitheoirí le gasúr a bheith ag déanamh sliochtaí as drámaí Shakespeare? An nglacfaidís leis go mbeidís ag déanamh sliochtaí as drámaí Kavanagh agus Yeats? Dar ndóigh ní ghlacfaí. Ag an leibhéal sin, tá siad ag déanamh staidéir ar suas le 50 nó 60 dán, go leor úrscéalta agus go leor dhrámaí Shakespeare. An bhfuil sé sách maith go mbeadh gasúir atá á dtógáil le Gaeilge ag feidhmiú ag leibhéal nach bhfuil siad ach ag breathnú ar shliochtaí as úrscéalta, sliochtaí as scéalta agus cúpla dán fánach anseo is ansiúd?

Creidimid go bhfuil oideachas iomlán á cheilt ar na gasúir sin. Tá stair na litríochta bainte ar fad den chúrsa ó 2010. Is í litríocht na Gaeilge an litríocht is ársa agus is sine san Eoraip. Níl sé ceart go ligfidh gasúr trí chóras na hardteiste gan staidéar a bheith déanta acu ar an Táin, an Rúraíocht, an Fhiannaíocht, stair na litríochta comh maith le na scríbhneoirí agus filí iontacha atá againn atá ag cur litríochta ar fáil i nGaeilge sna ceantair Gaeltachta ar fad agus laismuigh dóibh. Is é sin an caighdeán a bheadh ag na gasúir dá mbeadh sé sin ar fáil dóibh. Sílimid go gcaithfear breathnú go suntasach ar sin. Ach, má táthar chun a leithéid de shonraíocht a chur ar fáil, caithfear na gasúir a mhealladh chun tabhairt faoi chúrsa dá leithéid. Faoi láthair, tá 25 pointe breise á fháil san ardteist má thógann siad an cúrsa roghnach mata. Faigheann siad na pointí sin fiú muna mbaineann siad amach ach D3 sa gcúrsa sin. Tá a leithéid ag teastáil don Ghaeilge ag leibhéal na hardteiste agus bheadh muid ag éileamh a leithéid.

Tiocfaidh mé go dtí na ceisteanna a fágadh ar lár ar deireadh. Creideann muid go bhfuil riachtanas oideachais speisialta lárnach sa gceist seo ar fad. Tá tionchar aige seo ar an gcur chuige ag an mbaile le tuismitheoirí, ar an gcur chuige sa scoil agus ag an gcur chuige sa bpobal. Tá gá le siceolaithe, teiripeoirí cainte agus teiripeoirí saothair i scoileanna Gaeltachta. Tá gá le struchtúr agus co-ordú a dhéanamh ar sin ionas go mbeidh an t-ábhar atá ann feiliúnach do na cainteoirí dúchais agus do na gasúir atá ag fáil oideachais trí mheán na Gaeilge. Chomh maith le sin, sa gcomhthéacs seo, tá gá ag tuismitheoirí le seirbhísí Stáit a bheith ar fáil dóibh i nGaeilge, ó chlárú a gcuid páistí nuair a bheirtear iad go dtí na seirbhísí ar fad a fhaigheann siad ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus seirbhísí banaltrachta agus dochtúireachta, ón mbun go dtí go dtéann na páistí sin isteach sa tríú leibhéal agus iad 18 mbliana d'aois, mar tá tionchar acu sin ar an gcinneadh a dhéanann tuismitheoirí maidir le cén teanga a úsáideann siad sa mbaile lena gcuid gasúir.

Le suimiú suas, fáiltíonn Gaelscoileanna go mór roimh an bpolasaí seo, in ainneoin na saincheisteanna agus na ndúshláin atá mé tar éis a ardú. Is deis iontach dúinn é seo ar fad tarraingt le chéile agus todhchaí na Gaeilge sa Ghaeltacht a chinntiú don chéad ghlúin eile. Beidh coiste comhairleach anois ceaptha agus glacann muid, maidir leis na Gaelscoileanna, go mbeidh ionadaíocht againn ar an gcoiste sin. Táimid ag súil go mór le bheith ag obair leis.

Ar deireadh, ba mhaith liom roinnt buíochais a ghabháil. Tá buíochas le gabháil leis an Roinn Oideachais agus Scileanna as an gceannródaíocht a léirigh sé sa bpolasaí seo a fhoilsiú, go háirithe do Bhreda Naughton agus do Sheán Ó Foghlú, an tArd-Rúnaí, a d'fhógair an t-athbhreithniú ar an oideachas Gaeltachta thiar in 2014, do na cigirí, Pádraig Mac Fhlannchadha agus Treasa Kirk, agus go háirithe don phríomh-chigire Harold Hislop, a chaith go tuisceanach linn i gcónaí agus a thug éisteacht fíor-mhaith dúinn. Tá buíochas ag dul don Aire Oideachais agus Scileanna, an Teachta Richard Bruton, agus don Aire Stáit Gaeltachta, an Teachta Seán Kyne. Tá buíochas ag dul do na heagraíochtaí Gaeilge uilig a lua mé cheana nach bhfuil mé chun a lua anseo arís, do na scoileanna, do na tuismitheoirí agus do na pobail Gaeltachta a raibh ról lárnach acu san idirbheartaíocht a rinne siad nuair a chuaigh an Roinn Oideachais agus Scileanna chun cainte leo agus sna 500 aighneacht a chur siad chomh fada leis an Roinn. Tá buíochas ag dul do na múinteoirí sna scoileanna agus do na boird bainistíochta, don Taoiseach, an Teachta Enda Kenny, a léirigh tiomanatas don Ghaeilge nuair a thug sé a shéala don pholasaí oideachais Gaeltachta seo, agus do na daoine eile ar fad nár luaigh mé a bhí páirteach.

Mar a deirim, is deis é dúinn ar fad oibriú le chéile chun todhchaí na Gaeilge sa nGaeltacht a láidriú agus a neartú. Mar a deir an seanfhocal, bailíonn brobh beart.

Gabhaim buíochas leis an bhfinné. Is dócha nach bhfuil gá le focal eile ó aon dhuine eile, bhí an cur i láthair chomh chruinn agus chomh chuimsitheach sin. Ag an bpointe seo, ligfidh muid do Fhoras na Gaeilge a chur i láthair a dhéanamh.

Mr. Seán Ó hArgáin

Is mise Seán Ó hArgáin. Is comhalta boird mé de chuid Fhoras na Gaeilge. Chun mo scéal pearsanta a thabhairt, is príomhoide Gaelscoile i gCill Chainnigh mé ach is de bhunaibh Uíbh Ráthaigh mé. Chaitheas deich mbliana de mo shaol ag teagasc mar mhúinteoir tacaíocht foghlama i scoileanna Gaeltachta agus Galltachta sa cheantar sin. Tá suim ar leith agam féin go pearsanta in impleachtaí an pholasaí seo do mhion-Ghaeltachtaí agus na háiteanna is mó ina bhfuil an teanga faoi bhrú. Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach as ucht an deis a thabhairt dúinn aitheasc a chur i láthair an choiste ar sholáthar oideachais sa Ghaeltacht agus ar an bpolasaí don oideachas Gaeltachta 2017-2022.

Fáiltíonn Foras na Gaeilge roimh an bpolasaí don oideachas Gaeltachta. Tá súil againn go gcuirfear na hacmhainní cuí ar fáil ina fheidhmniú. Tréaslaíonn muid leis an Aire Oideachais agus Scileanna agus le na hoifigigh ina Roinn as an bpolasaí don oideachas Gaeltachta. Dar linn, tá moladh tuillte ag an Aire Oideachais agus Scileanna as an gcéad pholasaí don oideachas Gaeltachta i stair an Stáit a chur in áit, rud atá pobal na Gaeltachta agus lucht na Gaeilge ar fud na tíre á iarraidh le blianta fada. Tá sé cóir chomh maith an creidiúint céanna a thabhairt don iar-Aire Oideachas agus Scileanna, an Teachta O'Sullivan, a chur tús leis an bpróiseas.

Cé go bhfuil Foras na Gaeilge tríd agus tríd sásta go bhfuil na príomh-ghnéithe den pholasaí atá de dhíth le dul i ngleic le na dúshláin atá roimh an oideachas lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht ann, tá roinnt ábhair bhuartha againn agus bheadh siad mar an gcéanna i slite le cuid de na cinn luaite ag Anna Ní Chartúir cheana féin.

Iarrfaidh mé anois ar Sheán Ó Coinn, leas-phríomhfheidhmeannach agus stiúrthóir sheirbhísí oideachais, agus Seosamh Ó Coinne, clár-bhainisteoir sheirbhísí oideachais Fhoras na Gaeilge, aitheasc Fhoras na Gaeilge a thabhairt ar sholáthar oideachais sa Ghaeltacht agus ar an bpolasaí don oideachas Gaeltachta 2017-2022. Labhróidh Seán ar dtús ar na hábhair mhóra agus labhróidh Seosamh ina dhiaidh sin ar ról Fhoras na Gaeilge i dtaca le feidhmniú an pholasaí.

Mr. Seán Ó Coinn

Ní rachaidh mé tríd na hábhair bhuartha uilig atá againn. Luaigh Anna Ní Chartúir cuid mhaith acu cheana féin agus ní gá iad a lua in athuair arís. Tosóidh muid le ceann de na hábhair is mó buartha atá ar Fhoras na Gaeilge. Is é sin firic a léiríodh sa tuairisc faoin líon ard scoileanna agus suíomhanna réamhscoile atá lonnaithe i bpobal Gaeltachta nach bhfuil á reachtáil go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Tá beagnach an ceathrú cuid de bhunscoileanna Gaeltachta, 22 cheann acu, nach bhfuil á reachtáil go hiomlán trí Ghaeilge. Tá beagnach trian de na scoileanna dara leibhéal, naoi meánscoil, agus os cionn leath na suíomhanna poiblí réamhscoile, 68 acu, nach bhfuil ag feidhmiú go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Léiríonn na staitisticí loma sin an ghéarchéim atá roimh an nGaeilge sna pobail Gaeltachta agus an práinne lena bhfuil cur i bhfeidhm an polasaí seo ag teastáil a luaithe agus is féidir.

Is ábhar buartha againn go bhfuil sé le tuiscint as an ráiteas insan pholasaí go bhfuil an féidireacht ann nach gcuirfear acmhainní ar fáil don pholasaí amach anseo agus go bhfuil, ó mhacalla na tuairisce féin, an polasaí le cur i bhfeidhm ar bhun céimnithe, rud atá le moladh, ach de réir mar a cheadaíonn acmhainní. Tá súil againn go n-éiríonn leis an Aire Oideachais agus Scileanna agus leis an Rialtas a chinntiú go mbíonn acmhainní go leor ar fáil leis an bpolasaí seo a chur i gcrích go hiomlán idir seo agus 2022.

Táimid buartha faoi chaighdeán Gaeilge na múinteoirí nua-cháilithe atá ag céimniú ó na colaistí oiliúna i gcomhthéacs an pholasaí seo. Tá caighdéan an oideachais agus feidhmiú an pholasaí seo ag brath go hiomlán ar sholáthar mhúinteoirí d'ardchaighdeán a bhfuil scoth na Gaeilge acu agus tuiscint ceart acu ar an tumoideachas. Sa chomhthéacs sin, tá géarghá le dul i ngleic láithreach le deacrachtaí an phainéil ath-imlonnaithe do mhúinteoirí, mar a luaigh Anna Ní Chartúir ní ba luaithe ina cuid cainte. Tá cur chuige de dhíth a chinntíonn nach mbeidh múinteoirí gan an caighdeán cuí Gaeilge á gcur isteach i scoileanna Gaeltachta. Dar linn i bhForas na Gaeilge, is féidir leis na pátrúin uilig teacht le chéile le painéal tras-phátrún ar leith a fhorbairt le riar ar riachtanais na scoileanna lán-Ghaeilge nó, ar a laghad, na scoileanna Gaeltachta.

Fáiltíonn muid roimh an aitheantas nach leor na socruithe reatha i dtaca le hoiliúint tosaigh múinteoirí le feidhmiú an pholasaí seo a chinntiú ag leibhéal na bunscoile. Is léir go n-aithníonn an Roinn Oideachais agus Scileanna saintréithe na deacrachta seo agus is léir go n-aithníonn siad fosta an réiteach is éifeachtaí le dul i ngleic leis an deacracht seo agus is é sin cúrsa comhthráthach ceithre bliana in oideachas tosaigh múinteoirí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Is moladh é sin a rinneadh - tá sé bliain ó shin - sa straitéis 20 bliain agus molann Foras na Gaeilge don Roinn stádas níos cinnte a thabhairt don mholadh seo anois ná mar rud a dhéanfar a mheas amach anseo. Sa chomhthéacs sin, molann Foras na Gaeilge don Roinn Oideachais agus Scileanna tús a chur láithreach le measúnú ar an fhéidearacht seo le gur féidir í a chur i bhfeidhm le linn 2017. Ábhar múinteora ar bith a thosófar ar an gcúrsa sin in 2017, beidh ceithre bliana eile ann sula mbeidh na múinteoirí sin cáilithe le dul i mbun oibre i gcomhthéacs an pholasaí seo.

Iarraim anois ar mo chomhghleacaí, an tUasal Ó Coinne, labhairt fá chuid de na bealaí ar féidir le Foras na Gaeilge tacú leis an pholasaí sin. Cé nach bhfuil cúraimí na Gaeltachta go príomha ar Fhoras na Gaeilge, tá tacaíochtaí áirithe gur féidir linn a chur ar fáil.

Mr. Seosamh Ó Coinne

Sa pholasaí, moltar bunú líonraí idir múinteoirí scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna. Tá Foras na Gaeilge ag cur maoiniú ar fáil do Ghael Linn mar cheanneagraíocht. Ceann de na feidhmeanna atá ag Gael Linn ná bunú líonraí idir mhúinteoirí. Beimid ag iarraidh dlús a chur leis na feidhmeanna sin i gcomhthéacs an pholasaí. Chomh maith, táimid ag cur maoiniú ar fáil do Ghaeloideachas, atá linn anseo inniu, mar cheanneagraíocht agus ar na feidhmeanna a bhfuil freagracht ag Gaeloideachas ina leith, tá tacú le forbairt an cur chuige lán-tumtha i scoileanna Gaeltachta. Arís, beimid ag iarraidh go mbeidh dlús curtha leis na feidhmeanna sin i gcomhthéacs an pholasaí.

Moltar sa pholasaí tairseach tacaíochta agus acmhainní a bhunú do scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna trí scoilnet.ie. Tá comhpháirtíocht láidir bunaithe cheana féin idir soláthraithe acmhainní don Ghaelscolaíocht sa Tuaisceart agus sa Deisceart. Tá tús curtha le plé fosta leis an Roinn oideachais ó Thuaidh leis an ábhar don Gaelscolaíocht atá ar fáil ar an ardán ar a dtugtar C2K a chur ar fáil do Ghaelscoileanna agus do scoileanna Gaeltachta ó Dheas. Molaimid arís dlús a chur leis an phlé sin i gcomhthéacs an pholasaí agus an Roinn Oideachais agus Scileanna a bheith rannpháirteach sa phlé sin.

Tá ról ag Gaeloideachas mar cheanneagraíocht luaite le deiseanna foghlamtha gairmiúla do phríomhoidí. I láthair na huaire, níl Foras na Gaeilge ag cur maoiniú ar fáil do Ghaeloideachas le tabhairt faoi na feidhmeanna a bhaineann le forbairt gairmiúil múinteoirí nó príomhoidí. Baineann ról Ghaeloideachas le scoileanna Gaeltachta, le forbairt an lán-tumtha i scoileanna Gaeltachta agus le forbairt an eiteas teanga. Tá sé sin dírithe ar scoileanna nach bhfuil lán-tumadh i bhfeidhm iontu. Lena chois sin, tá maoiniú á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge do Ghaeloideachas leis an scoil phobail a láidriú chomh maith.

Déarfaidh mé cúpla focal faoin soláthair acmhainní agus an méid a chuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil dóibh. Is é An tÁisaonad lán-Ghaeilge i gColáiste Ollscoile Naomh Mhuire i mBéal Feirste ceann de grúpaí sin a sholáthraíonn acmhainní don Ghaelscolaíocht. Cuireann muid maoiniú ar fáil go hinmheánach fosta don Ghúm le hacmhainní a chur ar fáil don oideachas trí mheán na Gaeilge agus cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáíl do Ghael Linn chomh maith le heolas a sholáthar do mhúinteoirí maidir le háiseanna tríd an suíomh idirlín eolaireg.ie. Lena chois sin, tá comhpháirtíocht bunaithe idir Foras na Gaeilge agus an chomhairle um curaclam agus measúnuithe ó Thuaidh le hacmhainní a sholáthar don Ghaeloideachas. Tá sé sin dírithe ar áiseanna digiteacha de Shéideán Sí. Tá súil againn go gcuirfimid leis an méid sin amach anseo.

Measann muid go bhféadfaí cur go mór leis an soláthar seo agus leis an chomhpháirtíocht idir na páirtithe éagsúla ach maoiniú breise a bheith curtha ar fáil chuige sin d'Fhoras na Gaeilge tríd an Roinn urraíochta seo againne féin nó tríd an Roinn Oideachais agus Scileanna mar a dhéantar le Séideán Sí.

Fáiltíonn muid roimh an tsraith sa pholasaí ar an chomhoibriú Thuaidh-Theas. Baineann cúraimí agus dualgais oideachais Fhoras na Gaeilge leis an dá dhlínse. Mar sin, bheimis ag moladh go gcuirfeadh an dá Roinn atá freagrach as an oideachas sa dhá dhlínse grúpa comhairle ardleibhéal ar bun leis an chomhpháirtíocht sa dá dhlínse a chur chun cinn. Rinneadh é sin san am a chuaigh thart agus d'éirigh go han-mhaith leis an chur chuige sin.

An bhfuil cóip den méid a bhfuil léite ag an Uasal Ó Coinne ar fáil?

Mr. Seosamh Ó Coinne

Níl, ach cuirfimid cóip ar fáil ina dhiaidh seo.

Mr. Seán Ó hArgáin

Ba mhaith liom ár mbuíochas a ghabháil leis an gcoiste as an deis a thabhairt dúinn. Táim féin ag caitheamh cúpla hata anseo ach tá sé tábhachtach chun deighilt a bheith ann i dtaobh ról an fhorais agus cinntiú a bheith ann. Tá roinnt ceisteanna tábhachtacha ardaithe anseo tráthnóna. Is dóigh liom go bhfuil gá, b'fhéidir, le breis iniúchadh a dhéanamh orthu. Le cúnamh Dé, amach anseo, beidh deiseanna eile againn chun obair leis an gcoiste seo agus a chinntiú go gcuirfear na polasaithe seo i bhfeidhm. Ba chóir go mbeadh ról leanúnach ag an gcoiste agus ag na heagraíochtaí seo idir seo agus 2022 agus sinn ag déanamh scagadh ar cad atá ar siúl agus conas go bhfuil an polasaí á chur i bhfeidhm. Cuir i gcás an straitéis teangan, mar shampla, caithfimid a chinntiú go bhfuilimid ag coiméad súil air mar táimid ag obair sa chóras agus tá baint againn le cur i bhfeidhm na straitéise.

Ms Anna Ní Chartúir

Ba mhaith liom pointe amháin eile a chur leis an méid a dúirt mé féin. Díreach mar eolas faoin chaoi a n-oibríonn an scéim tacaíochta foghlamtha i scoileanna Gaeltachta, bíonn múinteoirí tacaíochta foghlamtha agus múinteoirí amhainne ann. Tá an scéim seo ar fad chun athrú i Meán Fómhair na bliana seo chugainn. Níl eolas cuimsitheach againn fós ón Roinn Oideachais agus Scileanna ar cé na hathruithe a tharlódh ach tá imní i scoileanna na Gaeltachta maidir le seo. Tá imní orthu go gcaillfeadh siad múinteoirí. Is cosúil go mbeidh an leithroinnt nua bunaithe ar próifíl na scoile agus ar cheistneoirí a líon na scoileanna amach. Níor cuireadh an Gaeilge san áireamh ansin. Tá an-imní orthu go gcaillfeadh siad múinteoirí ach, i gcailliúint múinteoirí scoileanna Gaeltachta chomh maith, téann na múinteoirí ar phainéal. Ciallaíonn sé seo go bhféadfadh siad poist a fháil i scoileanna Béarla. Síleann muid go gcaithfear cuimhneamh air sin i gcomhthéacs an phainéil freisin. Má chailleann scoileanna Gaeltachta múinteoirí, ba cheart go bhféadfadh iad a choinneáil i scoileanna na Gaeltachta seachas iad a chur ón nGaeltacht isteach go scoil cathrach ag múineadh trí Bhéarla. Sin imní mhór atá ar scoileanna na Gaeltachta faoi láthair: go gcaillfeadh siad múinteoirí an Meán Fómhair seo chugainn. Tiocfadh sé sin salach ar gheallúint atá againn go bhfaighidh siad múinteoirí tacaíochta breise don Ghaeilge. Tá soiléiriú cineál láithreach ag teastáil mar tá impleachtaí fostaíochta agus oibrithe ann do mhúinteoirí, ach níl muid ag fáil freagraí sásúil ar an gceist.

Anois beidh ceisteanna againn. Glaoim ar an Teachta Ó Muineacháin.

Gabhaim mo bhuíochas leis na finnéithe as na tuairiscí cuimsitheacha. Bhí an-chuid eolais iontu agus tógfaidh sé tamaillín é a scagadh. Teastaíonn uaim díriú ar cúpla ábhar. Luaigh siad an cigireacht. Tuigim go bhfuil an Roinn Oideachais agus Scileanna ag plé le meánscoileanna agus bunscoileanna ach ceann de na heagraíochtaí eile atá fíorthábhachtach, agus b'fhéidir an ceann is tábhachtaí, ná an naíonra mar is é an naíonra a leagfaidh an bunchloch do gach réimse eile ina dhiaidh. An bhfuil na finnéithe ag plé leis an naíonraí? Conas a leagfaí síos aon chaighdeán ar an nGaolainn ag teacht isteach chuig an bunscoil? Cé go bhfuil an-chuid béime ar an dá bhliain sin i dtosach, ní hiad sin an chéad dhá bhliain. Tá dá bhliain caite cheana féin sa naíonra. An bhfuil tuairim ag na finnéithe maidir leis sin? An bhfuil aon chigireacht ansan nó aon phlé ag na finnéithe leis?

Tá rud an-mhaith sa straitéis maidir le múinteoirí ex quota. Is dócha go n-aontaímid go léir go mbeidh 30 ann do mheánscoileanna. Beidh 30 ann i gcóir bunscoileanna chomh maith, mar a thuigim. Cé mhéad scoil atá Gaeloideachas ag plé leis, nó an mbeidh ceann ar fáil i gcóir gach scoil?

Maidir le soláthar na múinteoirí, is ábhar conspóideach é, is dóigh liom. Tá an-chuid plé déanta ag na finnéithe maidir leis an bpainéal. Luaigh na finnéithe go mbeadh painéal ann i gcóir scoileanna Gaeltachta. An chóir go mbeadh an painéal sin ar fáil do na Gaelscoileanna chomh maith? Tá an cheist cheannann chéanna pléite arís is arís eile ag príomhoidí na nGaelscoileanna atá ag lorg múinteoirí chomh maith agus ag a bhfuil an deacracht céanna acu teacht ar mhúinteoirí.

Tá an-chuid béime á leagadh ar na cúrsaí inseirbhíse do na múinteoirí atá ann. Tá roinnt deacrachtaí ann cinnte, ach an mbeidh sé sin ábalta freastal ar na múinteoirí go léir? Braithim féin gur chóir béim chomh maith a chur ar bhreis mhúinteoirí, spásanna breise sna coláistí agus an méid daoine atá ag teacht isteach sa chóras a ardú. An bhfuil aon tuairim ag na finnéithe faoi sin?

Maidir leis an iarratas féin, tá scoileanna an-ghnóthach i gcónaí agus tá obair breise de réir na straitéise seo ag teastáil chun an stádas scoile Gaeltachta a bhaint amach agus a choimeád. Cén sórt ról a bheidh ag na heagrais éagsúla i dtacaíocht a thabhairt do na scoileanna chun an iarratas sin a dhéanamh, ach go háirithe, chun an stádas sin a bhaint amach agus chun é a choimeád níos déanaí?

Tá cúig nó sé cheist ansin. An bhfuil an Seanadóir Ó Clochartaigh ag iarraidh teacht isteach anois?

Más mian le na finnéithe freagraí a thabhairt, ansin b'fhéidir go bhfreagrófaí cuid de na ceisteanna a bheadh agamsa agus ní bheadh gá dúinn a bheith ag dúblú ceisteanna ansin.

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin

Táimse sásta tabhairt faoi ceist a haon agus ceist a trí maidir le cúrsaí naíonraí. Tá eagraíocht darbh ainm Comhar Naíonraí na Gaeltachta atá freagrach as naíonraí sa Ghaeltacht. Táimid féin ag plé le naíonraí laismuigh den Ghaeltacht mar eagraíocht. B'fhéidir go dtuigeann an coiste go bhfuil cigireacht oideachais ar bun anois sna naíonraí don chéad uair riamh. Tá dhá chineál cigireachta ar bun i ngach naíonra anois. Tá ceann ann ón Roinn Sláinte agus ceann ón Roinn Oideachais agus Scileanna. An mhórcheist ná cén chaoi an bhfuil cigireacht á dhéanamh ar chúrsaí tumoideachais ag leibhéal oideachais. Cén chaoi an bhfuil na modheolaíochtaí agus iad sin ar fad á mheas? Cén ról atá ag an Roinn Oideachais agus Scileanna i dtreorú agus cumasú na naíonraí i dtaobh na gceisteanna sin? Is ceisteanna an-mhóra iad sin. Táimid ag plé leis an Roinn mar gheall ar sin agus is obair idir láimhe é.

Ceann de na fadhbanna atá ann ná go bhfuil an-easnamh ann ó thaobh cigirí agus daoine gairmiúla atá ag dul isteach ag cur seirbhís ar fáil do na naíonraí. Tá an-easnamh ann ó thaobh na seirbhísí sin a bheith ar fáil trí Ghaeilge. Is fadhb í seo go háirithe taobh amuigh den Ghaeltacht, ach sa Ghaeltacht chomh maith. Bíonn orthu dul i muinín seirbhísí as Béarla agus freastal, tabhairt fúthú agus plé a dhéanamh ar a bpolasaithe a bhaineann le suíomh Gaeltachta nó lán-Ghaeilge trí mheán an Bhéarla. Tá mé cinnte go dtuigeann an coiste nach réiteach iontach é sin.

Maidir le ceist an phainéil, ceann de na héilimh atá á dhéanamh ag na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta le chéile ná go mbeadh painéal ar leith ann dóibh. Mar a luaigh Anna Ní Chartúir, dhá bhliain ó shin, rinneadh leasú ar an bpróiseas chun dul ar an bpainéal. Tugadh deis do mhúinteoirí tic a chur i mbosca ag léiriú toilteanas dul ag múineadh i scoil lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Ar ndóigh, ní hionann toilteanas agus cumas. Ní raibh an Roinn Oideachais agus Scileanna riamh sásta go mbeadh ar mhúinteoirí fiú féin-mheasúnú a dhéanamh orthu féin. Tuigeann an Roinn gur fadhb í sin. Tuigeann siad nach bhfuil daoine ag cur tic sa bhosca, agus dóibh siúd a chuireann tic sa bhosca, níl an caighdeán acu. Is fadhb an-mhór í agus tuigeann an Roinn é sin. Mar fhreagra gonta ar sin, sílim gur céim amháin eile i dtreo réitigh a bheadh i bpainéal ar leith, ach tá bunchéim ag teastáil roimhe sin. Is é sin go gcaithfimid teacht ar bhealach éigin chun teastasú, caighdeánú nó creidiúint éigin a bheith ar fáil acu siúd a dteastaíonn uatha dul ar an bpainéal sin.

Cad faoi phainéal a bheith ar fáil do na Gaelscoileanna?

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin

Ní fheicim aon fhadhb é a bheith ar fáil do na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta le chéile. Tá an riachtanas céanna ó thaobh chaighdeán na Gaeilge ag múinteoirí de ag an dá ghrúpa.

Mr. Seán Ó Coinn

I dtaca le Foras na Gaeilge, bheadh an tuairim cheannann chéanna againn maidir leis an bpainéal. Tuigimid gur cheist an-chasta í ceist seo an phainéil. Baineann sé le i bhfad níos mó ná ceist na Gaeilge. Dar linne, inár ndá eagraíocht, tá gá tús áite a thabhairt do cheist na Gaeltachta agus na Gaeilge anois, go háirid nuair a chíonn muid an ghéarchéim atá i scoileanna Gaeltachta i láthair na huaire agus gur gá aghaidh a thabhairt ar an gceist seo fá dtaobh den phainéal. Táimid ag teacht leis feasta gur phainéal amháin don dá chineál scolaíochta a bheidh i gceist.

I dtaca le cúrsaí naíonraí de, níl cúramaí réamhscolaíochta sna ceantracha Gaeltachta ar Fhoras na Gaeilge. Mar a dúirt Bláthnaid Ní Ghreacáin, is ar Chomhair Naíonraí na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta atá na cúramaí sin. Tá cúramaí orainne i dtaca le réamhscolaíocht lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Iarraimid ar Ghaeloideachas tabhairt faoi na cúramaí sin ar ár son. Beimid ag bualadh le hoifigigh ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige gan mórán moille le plé a dhéanamh leo faoin riar a dhéanann siad ar earnáil na Gaeilge i gcoitinne sa réimse seo. Beimid ag iarraidh ceist a thógáil leo feasta ag an gcruinniú sin maidir le conas gur féidir leas a bhaint as na hathruithe agus na leasuithe a bheidh siad ag moladh don chur chuige d'earnáil na Gaeilge agus conas úsáid a bhaint as sin do na ceantracha Gaeltachta feasta, más féidir agus más buntáiste atá ann.

Bhí ceist ann go díreach faoi na coláistí oiliúna agus áiteanna breise a chur ar fáil iontu. Is dóigh liom go gcuirtear áiteanna ar leith ar fáil do dhaoine as an nGaeltacht sna coláistí oiliúna agus nach féidir na háiteanna sin a líonadh i láthair na huaire. Seans gurb í an ghéarchéim is mó atá sna coláistí oiliúna i láthair na huaire ná caighdeán Gaeilge na múinteoirí nua-cháilithe nuair a thagann siad amach as na coláistí. Is é sin an tosaíocht a bheadh ag Foras na Gaeilge agus muid ag cur comhairle, mar atá dualgas reachtúil orainn a dhéanamh, ar an Roinn Oideachais agus Scileanna i dtaca le na coláistí oiliúna.

Ms Anna Ní Chartúir

Maidir le soláthar múinteoirí, chuir an Teachta Moynihan ceist faoin 30 múinteoir ex quota ag an mbunleibhéal agus 30 ag an iarbhunleibhéal. Tá Gaeloideachas ag plé le 124 bhunscoil Gaeltachta, 18 iarbhunscoil Gaeltachta, trí shraith agus aonad amháin. Dar ndóigh, ní leor an 30 múinteoir ex quota ag an mbunleibhéal agus an 30 ag an iarbhunleibhéal. Ach, tá bealaí ann chun iad a roinnt, mar tá go leor de na scoileanna Gaeltachta beag. D'fhéadfaí múinteoir amháin a roinnt ar bhonn céimnithe, mar a dhéantar le múinteoirí tacaíochta agus múinteoirí acmhainne, ach é a bheith leagtha síos.

Thagair an Teachta Moynihan do laethanta inseirbhíse. Is é Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, an eagraíocht atá luaite go sonrach le sin. Mar a deirim, bíonn deacrachtaí ann le múinteoirí ó scoileanna Gaeltachta a fháil le freastal ar lá inseirbhíse mar nach mbíonn siad in ann na scoileanna a fhágáil. Is ceist a bheidh ansin. Tá sé an-tábhachtach go bhfaigheadh chuile dhuine sa scoil an teachtaireacht céanna faoin bpolasaí seo. Má théann duine amháin ón scoil ann, is scéal scéil atá acu do na múinteoirí eile nuair a thagann siad ar ais. Ba cheart go cloisfeadh chuile mhúinteoir agus príomhoide an teachtaireacht céanna. Ba cheart go mbeadh deis ag chuile mhúinteoir an inseirbhís seo a fháil. Is é sin an rud faoi. Tá go leor múinteoirí scoile nach bhfuil tuiscint chomh leathan sin acu ar an tumoideachas. Is rud é go gcaithfidh siad tuiscint a fháil air agus na buntáistí a thuiscint dóibh féin sula mbeidh siad in ann éifeacht fheidhmiúil a thabhairt dó ina gcuid ranganna.

Tá sé sin thar a bheith tábhachtach. Chomh maith le sin, tá soláthar múinteoirí ann. Sílim go gcaithfidh muid a bheith ag breathnú i dtreo na comhairle múinteoireachta chomh maith le ceisteanna a chur faoin bhfáth gur íslíodh an caighdeán Gaeilge agus faoin bhfáth go bhfuil gá le duine acu dul isteach sna coláistí oideachais le blianta beaga ansin anuas. Is beag ceisteanna a cuireadh faoi.

Le teacht ar ais go sonrach don ardteist, má ardaíonn caighdeán na ngasúr ag leibhéal na hardteiste, ardóidh an caighdeán a bheidh ag múinteoirí. Chomh maith le sin, cinnteoidh sé go mbeidh iriseoirí, craoltóirí, dochtúirí, banaltraí agus múinteoirí sa nGaeltacht le leibhéal Gaeilge níos airde. Sílim gur athraíodh an siollabas in 2010. Gheall an Roinn Oideachais agus Scileanna athbhreithniú ar sin in 2012. In 2012, cuireadh an t-athbhreithniú sin siar go dtí 2013. Fós, níl athbhreithniú déanta ar shiollabas na hardteiste a athraíodh in 2010 nó ar an tionchar atá aige ar chaighdeán Gaeilge scoláirí agus múinteoirí. Is cinnte dá mbreathnófaí go géar ar sin go bhfeicfí go bhfuil gaol eatarthu.

Mr. Seán Ó hArgáin

Tá cúpla rud agam le cur leis an méid atá ráite.

Ag an bpointe seo, b'fhéidir go bhféadfá na ceisteanna a fhreagairt.

Mr. Seán Ó hArgáin

Cinnte. D'ardaigh an Teachta ceist na naíonraí agus an cigireacht atá á dhéanamh orthu. Tá ceist shuntasach ansin, mar atá le hábhar mhúinteoirí. D'fhéadfaí ceist a ardú mar gheall ar chaighdeán na Gaolainne labhartha agus na scileanna teanga atá ag na hoibrithe atá ag obair i naíonraí i láthair na huaire chomh maith. Ar chóir dúinn tosnú ag leibhéal na gcáilíochtaí atá ag daoine agus iad á cheapadh in amanta, ní hamháin mar oibrithe, ach faraor uaireanta mar stiúrthóirí ar naíonraithe laismuigh den Ghaeltacht agus sa Ghaeltacht, chun an caighdeán Gaolainne atá acu a chinntiú? Muna bhfuil sár-chaighdeán labhartha Gaeilge ag na daoine atá ag feidhmiú i naíonraí, tá sé an-deacair an caighdeán cuí a chur ar aghaidh go dtí na páistí sa chomhthéacs sin.

I dtaobh an phainéil do na scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna, aontaím go hiomlán. I nGaeltacht Chorca Dhuibhne, tá scoileanna Gaeltachta atá laistigh de 20 míle ón nGaelscoil is cóngraí. Ní bheadh aon fhadhb, mar sin, i dtaobh an phainéil sin a bheith ag feidhmiú idir na Gaelscoileanna agus na scoileanna Gaeltachta. Ach, mar a dúirt Seán Ó Coinn, tá sé an-thábhachtach tosnú in áit éigin chun a chinntiú go bhfuil an painéal ag feidhmiú. Mar a dúradh, tá ceisteanna eile ann. Tá ceisteanna daonna ann chomh maith. I mo thuairim pearsanta féin, ba chóir go mbeadh sé roghnach do mhúinteoirí dul ar phainéal Gaeltachta agus Gaelscoileanna. Cur i gcás má tá iachall á chur ar mhúinteoirí in áiteanna uirbeacha nó i mbailte mhóra dul ar an bpainéal, níl sé de cheart acu ansin fanacht ina gceantar féinig ina bhfuil siad lonnaithe go pearsanta. Bheadh deacrachtaí ansin chomh maith. Is dóigh liom gur chóir féachaint ar an bpainéal i slí difriúil agus go bhféadfadh múinteoirí dul go deonach ar phainéal a bhaineann le scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna.

Maidir leis an tumoideachas, is dóigh liom gur cheist an-thábhachtach í seo. Luaigh Anna Ní Chartúir í. Go pointe, tá Gaelscoileanna céim chun tosaigh ar scoileanna Gaeltachta sa mhéad is go bhfuilimid ag cur beagnach an dá bhliain de thumoideachas i bhfeidhm. Chuamar tríd an bpróiseas de bheith ag caint le tuismitheoirí. Bhí buairt ar mhúinteoirí agus ar thuismitheoirí i dtaobh an tumoideachas a thabhairt isteach. D'ardaigh Anna Ní Chartúir cuid de na ceisteanna ansin. An mbeadh tionchar aige ar thorthaí chaighdeán an Bhéarla a bheadh ag na páistí, ach go háirithe ag leibhéil rang a haon, rang a dó agus rang a trí? Tá an taighde ag taispeáint go mbeadh eireaball ansin. Aontaím go hiomlán leis an méid atá ráite ag Anna Ní Chartúir maidir le na dtorthaí scrúdaithe caighdeánacha. Bíonn titim ar feadh bliain nó dhó. Caithfear glacadh le sin. Má tá sé sin mínithe do thuismitheoirí roimh ré, beidh siad ag súil leis. Ní hamháin sin, éiríonn múinteoirí abhrasach nuair a chíonn siad titim ag teacht i dtorthaí na scrúdaithe caighdeánacha sa Bhéarla.

Luadh COGG agus na háiseanna ansin. Is dóigh liom gur chóir dúinn díriú isteach ar na háiseanna. Luadh Séideán Sí ansin cúpla uair. Tá Séideán Sí breis is deich mbliana d'aois anois mar scéim. Tá gach múinteoir atá ag déileáil leis ag déanamh an argóint go bhfuil gá práinneach le breis maoiniú a dhéanamh ann. Má tá na háiseanna atá á chur ar fáil do scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna ar leibhéal níos ísle ná na háiseanna atá ar fáil do scoileanna ag foghlaim trí Bhéarla, beidh an straitéis seo i dtrioblóid ón tús. Ba chóir dúinn díriú isteach go háirithe ar na háiseanna sin le cinntiú go bhfuil an maoiniú ceart curtha ar fáil.

Bhí ceist amháin eile ón Teachta Moynihan maidir leis an iarratas féin.

Bhí an cheist faoin stádas a bhaint amach. Tá gach scoil fíor-ghnóthach faoi láthair agus tá ualach breise orthu anois chun an stádas seo a bhaint amach, chun an t-iarratas sin a chur le chéile agus chun an stádas a choimeád ina dhiaidh, ach go háirithe chun an plean agus an t-iarratas a chur le chéile. Cén tacaíocht a bheidh ann dóibh?

Ms Anna Ní Chartúir

An chéad rud a dúradh linn ná go dtiocfaidh ciorcalán ón Roinn Oideachais agus Scileanna tar éis na Nollag. Aon treoracha a fhaightear ón Roinn Oideachais agus Scileanna, tagann siad i bhfoirm ciorcaláin. Nuair a thagann siad i bhfoirm ciorcaláin, caithfear iad a dhéanamh. Is cosúil go mbeidh treoracha sa gciorcalán go mbeidh trí bliana tugtha do scoil chun plean gníomhaíochta a leagan amach. Bheadh an plean gníomhaíochta sin an-chosúil le pleananna atá á réiteach ag na scoileanna atá páirteach sa scéim DEIS cheana féin. Pleananna gnímh nó pleananna feabhsúcháin atá orthu. Beidh sé comhchosúil le sin. Beidh cúig bliana acu ansin. Bunaithe ar an bplean sin, gheobhaidh siad áiseanna agus tacaíochtaí breise. Beidh cúig bliana acu chun aitheantas a bhaint amach. Níl aon eagraíocht ar leith luaite leis, go bhfios dom. Beidh sé fágtha faoi na scoileanna féin. Obair bhreise a bheidh ann. Bheadh imní ann go bhfuil scoileanna ann nach dtabharfaidh faoi.

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin

Ó thaobh Gaeloideachas de, ceann de na róil a fheiceann muid dúinn féin ná dul i mbun feachtas feasachta go tréan anois. Luaigh Anna Ní Chartúir ansin go mbeidh sé mar sprioc againn anois na róil a shainiú idir muid féin agus na heagraíochtaí eile. Ansin, is dócha gurb é an rud ba mhaith linn ná go mbeadh muid ag comhaontú plean gníomhaíochta i dtaobh fheachtas feasachta le go mbeidh scoileanna cumasaithe le tús a chur leis an bpróiseas cinnteoireachta sin.

Mr. Seán Ó hArgáin

Ba mhaith liom pointe amháin a lua i dtaobh an traenála agus i dtaobh an réitiúcháin. Má chuirtear i gcomparáid an córas atá ann don straitéis agus an rud atá ar siúl leis an gcuraclam teanga sna bunscoileanna i láthair na huaire, beidh mo scoil dúnta go hiomlán i gceann coicíse chun lá iomlán traenála a chur ar fáil don churaclam nua teanga. Is dóigh liom go ritheadh sé le ciall go mbeadh an cur chuige céanna ann agus go mbeadh scoileanna in ann dúnadh ionas go mbeadh lá nó laethanta iomlána traenála ar fáil dóibh.

Tá an Seanadóir Ó Clochartaigh le teacht isteach agus ansin an Teachta Éamon Ó Cuív. Iarraim ar na finnéithe ag an bpointe seo díriú isteach ar na freagraí. Beidh mé beagáinín níos déine sa bhabhta seo.

Nuair a bhí mé ag plé le cúrsaí drámaíochta, bhíodh an nós ann dá mbeadh níos mó daoine sa slua os comhair na daoine ar an stáitse, nach leanfadh an léiriú ar aghaidh. Sílim gur trua nach bhfuil tuilleadh Baill Oireachtais i láthair leis an rud seo a chloisteáil. Níl mé ag casadh bealaí leis na Baill Oireachtais. Ó mo thaithí a bheith ag éisteacht le cuir i láthair sna comhchoistí, is é seo ceann de na cinn is fearr atá cloiste agam. Tá sé iontach sonrach agus tá ualach ceisteanna curtha ag na finnéithe gur gá dúinne dul ar ais agus a chur ar an Roinn Oideachais agus Scileanna. Táimid an-bhuíoch agus déanfaimid scagadh orthu sin. Tá sé thar bheith sonrach agus táimid an-buíoch le na finnéithe as é sin a dhéanamh.

Mar thuismitheoir a bhfuil leanaí agam i scoileanna Gaeltachta, is féidir liom a dhearbhú nach bhfuaireamar scéal ar bith faoi aon pholasaí oideachais Gaeltachta. Murach go raibh mé ag plé leis an réimse a bhfuil mé ag plé leis, ní gá go mbeadh a fhios agam go bhfuil a leithéidí ann dubh, bán nó riabhach. Go deimhin is ar éigin a bhfuair cuid againn cuireadh ag an oscailt agus an seoladh den rud a bhí ag tarlú sa scoil a bhfuil mo chuid páistí ag freastal air agus a bhfuil mé mar ionadaí tofa sa cheantar air. Sin scéal eile.

Ceisteanna, más é do thoil é.

Sílim go bhfuilimid ag dul timpeall i gciorcal maidir le soláthar múinteoirí. Tá iníon liom féin atá ag freastal ar choláiste oiliúna. Níl aon mhaith, dar liomsa, a bheith ag cur áiteanna breise ar fáil sna coláistí oiliúna atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla mar tá comhthéacs Gaeilge ag teastáil má tá duine le Gaeilge a thabhairt leo, í a bheith paiseanta acu agus í a mhúineadh i scoil Gaeltachta. Sna coláistí oiliúna, déantar roinnt uaireanta a chloig ó thaobh na Gaeilge de, ach is trí Bhéarla atá chuile shórt eile ag tarlú sa gcoláiste. Táthar ag brath ar an gcuid bheag atá ag freastal ó na Gaeltachtaí le Gaeilge a mhúineadh don chuid eile don rang, le bheith iomlán fírinneach.

Feicim sa gcur i láthair a rinne Gaeloideachas gur luadh sa chuid nár bhain leis an bpolasaí go bhfuil gá le coláiste oiliúna go hiomlán trí mheán na Gaeilge. An dóigh le na finnéithe ó Ghaeloideachas go bhfuil gá le sin i gcónaí, mar a bhí luaite sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch, rud nach bhfuil sa bpolasaí agus atá easnamhach?

Agus atá sa straitéis.

Agus atá sa straitéis. Aontaím leis an Teachta. Bhí go leor cainte ar na coláistí oiliúna, ach ó thaobh an iarbhunoideachais, bhí cruinniú aréir maidir le pleanáil teanga Chois Fharraige agus iad ag cur i láthair an plean atá réitithe acu. Ó thaobh iarbhunoideachais, céard iad na hábhair is mó a bhfuil na finnéithe ag feiceáil a bhfuil deacrachtaí ann múinteoirí le Gaeilge mhaith a sholáthar? Céard is féidir a dhéanamh, más miotalóireacht, ceol nó stair atá i gceist, le déanamh cinnte go mbeidh dóthain múinteoirí le Gaeilge mhaith sna hábhair sin ar fáil? Ní dóigh liom go bhfuil sé ró-phointeáilte sa pholasaí.

I láthair na huaire, tá díolúine don dream a thagann ar scoil nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu. Cén chaoi a bhfuilimid chun déileáil leo siúd? Deirtear le duine a thagann abhaile ó Shasana nó Meiriceá nach gá Gaeilge a dhéanamh mar tá díolúine aige nó aici toisc nár tógadh é nó í le Gaeilge. An bhfuil figiúirí ag na finnéithe ar an méad duine acu sin atá sna scoileanna Gaeltachta i láthair na huaire? Cén chaoi a bhfuilimid chun déileáil le sin ag dul chun cinn? Tá sé go breá a bheith ag plé le tumoideachas don dhream atá ag teacht isteach sna naíonáin bheaga agus mhóra, agus má thagaimse abhaile agus mo pháistí ag dul isteach i rang a ceathair nó cúig, cén chaoi an bhfuil muid chun deimhniú go bhfuil siad sin in ann an Ghaeilge a thabhairt leo? An bhfuil siad fós i dteideal díolúine? Céard a dhéanfaidh muid sa gcás sin?

Baineann cuid de na cúramaí breise a bheidh ar an bhfoireann leis an réiteach faoin iarratas, ach baineann sé sin leis an mbord bainistíochta agus foireann na scoile ar fad. Ach, beidh cúramaí breise ar na múinteoirí, príomhoidí agus mar sin de. Táimid ag breathnú ar chásanna i láthair na huaire. Tá go leor idirbheartaíocht ar bun maidir le uaireanta breise mhúinteoirí. An bhfuil aon phlé déanta leis na ceardchumainn, dar le na finnéithe, faoin ábhar seo agus an obair bhreise? An bhfuilimid ag brath go huile is go hiomlán ar dea-thoil na múinteoirí Gaeilge agus Gaeltachta le seo a chur i bhfeidhm gan cheist nó choinníoll, nó an mbeidh gá idirbheartaíocht mhór a dhéanamh leis na ceardchumainn? An bhféadfadh an rud ar fad titim i dtraipisí má dheireann múinteoirí go bhfuil a ndóthain ar a n-aire acu cheana féin? Dar le na finnéithe, cén plé atá á dhéanamh ar sin?

Níl aon duine ag tagairt don chomhnascadh scoileanna a d'fhéadfadh a bheith in úsáid mar bhata, b'fhéidir. Tá meacan dearg á chur os comhair scoileanna go bhfaighfidh siad tuilleadh áiseanna, múinteoirí agus mar sin de. Ach, tá sé luaite go bhféadfadh comhnascadh scoileanna, go háirithe bunscoileanna beaga sna ceantracha tuaithe, a bheith mar thoradh ar seo. An bhfuil imní ar Ghaeloideachas faoi sin? An dea-rud é? An comhnascadh sa bhealach traidisiúnta atá i gceist go gcaitheadh scoil amháin dúnadh agus daoine teacht le chéile in aon láthair amháin, nó an mbeadh comhroinnt bainistíochta, príomhoidí agus múinteoirí i gceist? Céard é an bealach is fearr chuige sin? An bhfuil impleachtaí breise ann do na scoileanna oileánda, dar le Gaeloideachas?

Luadh an curaclam nua agus na pointí breise. Luadh é sin ag an gcruinniú aréir fiú. Don té atá ag déanamh na hardteiste, muna bhfeiceann siad go bhfuil buntáiste breise dóibh an curaclam breise a dhéanamh, a mbacfaidh siad leis fiú? An bhfanfaidh siad leis na hábhair níos éasca? An bhfágfaidh siad an Ghaeilge dheacair mar nach mbeidh aon phointí breise le fáil as?

Luaigh na finnéithe na himpleachtaí do na scoileanna a shocraíonn gan aitheantas a lorg. Cuirim i gcás go bhfuil ceantar ar imeall na Gaeltachta a dheireann go bhfuil siad ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge beag nó mór nó pé rud é agus nach bhfuil siad chun bacadh le cur isteach ar an aitheantas áirid seo. Má tá mise i mo chónaí mar shaoránach sa gceantar Gaeltachta sin, an bhfuil cearta bunreachtúla agamsa le rá go bhfuil mé ag iarraidh go mbeidh oideachas trí mheán na Gaeilge le fáil ag mo chuid gasúr sa gceantar sin? An bhfuil ceisteanna bunreachtúla ann? Ar an taobh eile, má shocraítear dul le polasaí iomlán trí mheán na Gaeilge ar an gCeathrú Rua agus tá duine éigin ag rá go bhfuil ceart acu oiliúnt a chur ar a pháistí trí mheán an Bhéarla, an féidir leis an duine sin cás a thógáil sa gcás sin le rá nach bhfuil sé nó sí sásta? Níl aon rogha eile i bhfoisceacht 30 míle don duine. An bhfuil impleachtaí éagsúla ansin? Ní mór go mbeadh na pobail Gaeltachta agus na tuismitheoirí ar an eolas faoin sórt seo ruda roimh ré.

Bhí na finnéithe ag rá nach leor 30 múinteoir breise. An bhfuil buille fé thuairim acu an méid múinteoir breise ar chóir glacadh leo sna coláistí oiliúna le go bhféadfaí freastal ar an soláthar breise a theastaíonn?

Bhí caint ag an gcruinniú aréir freisin maidir le oideachas comhthreomhar. Bhíothas ag caint faoi sin ag leibhéal na naíscoile. Is é sin go mbíonn tuismitheoirí ar bheagán Gaeilge istigh le páistí atá ag foghlaim Gaeilge sna naíscoil. Foghlaimíonn siad Gaeilge le chéile. Bíonn níos mó Gaeilge ag an tuismitheoir ag dul abhaile. Bhíomar ag caint faoi fhoghlaimeoiorí sa gcás áirid sin. An bhfuil aon tuairimíocht ag na finnéithe faoi sin i gcomhthéacs an pholasaí? Caithfimid comhoibriú ó thaobh Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus dul i ngleic leis na polasaithe atá le dul amach sna Gaeltachtaí. Caithfidh an straitéis sin comhoibriú leis an bpolasaí áiríd seo maidir le caighdeán Gaeilge na dtuistí chomh maith céanna.

Luadh cás na naíonraí. Tá géarchéim eile sna naíonraí i láthair na huaire. Is é sin go bhfuil an chuid is mó de na stiúrthóirí naíonraí ag dul isteach sna scoileanna mar chúntóirí riachtanas speisialta mar gheall ar an ngéarchéim pá. Is ceist pá í ar fad. Tá cás ar an gCeathrú Rua nach féidir bainisteoir a fháil san ionad mar go bhfuil an iomarca oibre i gceist, an iomarca freagrachtaí agus nach bhfuil an pá sách maith. Tá impleachtaí ann ansin ó thaobh-----

Tá deich gceist ansin agus tiocfaidh-----

Ach bhí cur i láthair an-fhada agus bhí go leor leor ceisteanna-----

Tá a fhios agam.

An féidir liom teacht ar ais arís? Tá cúpla rud eile.

Tá a fhios agam. Is féidir leis an Seanadóir teacht ar ais arís. Tá deich gceist ansin. Tosóidh muid le sin agus tiocfaidh mé ar ais chuige. Tá súil agam go bhfuil liosta de na ceisteanna go léir ag na finnéithe.

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin

Tá Anna Ní Chartúir chun plé a dhéanamh ar chomhnascadh scoileanna. Tá Peigí Ní Chonghaile chun labhairt faoi scoileanna oileánda. Feicfimid cá bhfuilimid ina dhiaidh sin.

Ms Anna Ní Chartúir

Comhnascadh scoileanna ar dtús mar sin. Bhí mé ag cuartú an focal a bhí sa bpolasaí féin. Sílim gur "achoimriú" an focal. Caithfidh mé foclóir éigin a sheiceáil. Chuir mé ceist ar an bpríomh-chigire ar an gCeathrú Rua faoi sin. D'iarr mé air cad go díreach a chiallaíonn sé seo do scoileanna. Dúirt mé go bhfuil imní ar scoileanna beaga go mbeidh siad comhnascaithe dá mbuíochas. An freagra a thug sé orm ná gur an rud a bhí i gceist leis ná go roinneadh bord bainistíochta agus nach raibh aon chiall go mbeadh bord bainistíochta ag chuile scoil bheag. D'fhéadfadh go gciallódh sé go mbeadh scoileanna beaga ag roinnt bord bainistíochta nó acmhainní. Is é sin an freagra a bhfuair mé ar an gceist sin.

Tá seans ann amach anseo, b'fhéidir, go gcaillfeadh scoileanna gasúir mar gheall ar an bpolasaí seo, rud a chuireann muid i gcónaí ar a shúile don Roinn Oideachais agus Scileanna. Roghnaíonn tuismitheoirí scoileanna bunaithe ar a gcreideamh féin agus ar céard atá siad ag iarraidh a bhaint amach as scoil. Go dtí seo, bhí polasaithe éagsúla i scoileanna Gaeltachta. Tá cuid acu saor ón mBéarla ón gcéad lá, cuid acu saor sna naíonáin mhóra, agus cuid acu saor ag deireadh naíonáin bheaga. Bhí tuismitheoirí ann ag roghnú scoileanna bunaithe ar sin. Anois, beidh chuile scoil Gaeltachta ag déanamh an rud céanna. B'fhéidir go mbeadh tuismitheoirí ann a cheapfaidh nach bhfeileann an scoil atá ag cur an polasaí oideachais Gaeltachta i bhfeidhm dóibh níos mó. As sin, imeodh ceathrar nó cúigear agus ansin bheadh an scoil imithe faoi bhun an fhigiúir draíochta. Sílim gurb é 19 nó 20 dalta an uimhir sin do scoil le dhá oide. Bheadh múinteoir caillte ag an scoil sa chás sin. Tá impleachtaí tromchúiseacha aige sin, mar sin, ar scoileanna áirid. Ní bheidh a fhios againn go dtí go dtarlóidh sé.

Maidir leis na díolúintí, ní dóigh liom go bhfuil aon fhigiúirí againne. Is ceist í a chuireann muide go minic ar COGG agus a chuireann COGG ar an Roinn Oideachais agus Scileanna. Ní bhfuaireamar freagra sásúil go fóill. Cinnte, tagann gasúir isteach i scoileanna Gaeltachta i rang a ceathair, cúig nó sé. Nuair a bhí mé fhéin mar phríomhoide i scoil dhá-oide, i mbliain amháin, tháinig duine isteach i chuile rang sa scoil. Bhí ochtar Béarlóir againn meascaithe le cainteoirí dúchais, rud a chiall go raibh na gasúir uilig ag Béarlóireacht taobh istigh de choicís. Tá impleachtaí aige sin. Is ceist í sin atá le laghas. Bheadh muid ag súil go gcuirfidh na tacaíochtaí breise ar fáil, ach tá soiléiriú le déanamh ar an díolúine. Go deimhin, tá daoine ann nach dtuigfeadh cén fáth go bhfaigheadh gasúr i scoil Gaeltachta díolúine nuair atá an meán-teagasc trí Ghaeilge. Tá daoine eile nach dtuigfeadh cén fáth nach bhfaigheadh gasúr Gaeltachta díolúine ón mBéarla má tá an teagasc trí Ghaeilge. An bhfuil ceisteanna an Seanadóra á fhreagairt agam?

Mr. Seán Ó Coinn

Ní rachaidh mé trí gach ceist, ach tá roinnt pointí nár mhiste a lua. Luadh feasacht do thuismitheoirí. Aithníonn muid go bhfuil sé sin rí-thábhachtach. Tá sé rí-thábhachtach do chuid mhaith de na pointí a luadh ansin, cur i gcás an tuairim a bheadh ag tuismitheoirí agus an toilteannas a bheadh acu fanacht i scoil a bheadh ag iarraidh aitheantas Gaeltachta a bhaint amach. Sílim go bhfuil ról an-thábhachtach ag Gaeloideachas agus taithí acu a bheith ag plé le tuismitheoirí i dtaca leis an gceist seo taobh amuigh den Ghaeltacht. Beidh an cheist seo á phlé againn go mion, tá súil agam, ag an gcéad cruinniú eile den fhóram chomhpháirtíochta, áit a dtagann na ceann-eagraíochtaí uilig le chéile. Tá féidireachtaí ansin gur féidir le cuid de na ceann-eagraíochtaí eile cuidiú leis an obair seo, go háirithe Conradh na Gaeilge, a bhfuil an-taithí acu ag dul i bhfeidhm ar an bpobal i dtaca le ceisteanna den chineál seo.

Bhí ceist ann faoi mhúinteoirí sainábhair iarbhunscolaíochta. Cé nach bhfuil réiteach iomlán na ceiste ann, tá múnla ar leith ann ó Thuaidh a bunaíodh roinnt blianta ó shin le hiarracht a dhéanamh teacht ar bhealach le múinteoirí sainábhair a chur ar fáil do sholáthraithe iarbhunscolaíochta lán-Ghaeilge ó Thuaidh. Tá líon na scoileanna i bhfad níos lú ó Thuaidh ar ndóigh, ach is fiú amharc ar an múnla sin. Beimid ag moladh don Roinn Oideachais agus Scileanna amharc ar sin.

I dtaca le ceist na díolúine, de réir mar a thuigimid, tá athbhreithniú á dhéanamh i láthair na huaire ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ar an bpolasaí agus an cur chuige bainte leis. Beimid ag lorg nua-shonrú ar an athbhreithniú sin gan mórán moille le fáil amach cad é an stádas atá aige.

Maidir le comhnascadh na scoileanna, de réir mar a thuigimid, mar a dúirt Anna Ní Chartúir, is comhnascadh bainistíochta a bheidh i gceist. Ceann de na rudaí gurb fhiú don Roinn Oideachais agus Scileanna agus páirtithe leasmhara eile a dhéanamh feasta ná amharc ar na múnlaí ó Thuaidh. Tá múnlaí in earnáil an Bhéarla ó Thuaidh do scoileanna beaga, áit ar dearadh socruithe ar leith le cuidiú lena chéile, ar nós príomhoide nó bord bainistíochta a roinnt idir dhá scoil an-bheag. Nílimid ag moladh ceachtar cur chuige ach b'fhiú amharc ar an eispéireas a bhí ann ó Thuaidh agus caidé an dearcadh a bhí ag tuismitheoirí, go háirithe múinteoirí ag teagasc sa dá scoil agus na boird bainistíochta agus príomhoidí féin.

Ar an gceist faoi thuismitheoirí ag roghnú le fanacht i scoil nó imeacht ó scoil de bharr go bhfuil stádas ar leith bainte amach ag an scoil, sílim go bhfuil sé an-thábhachtach go bhfuil cur chuige tuisceanach in úsáid agus muid ag cur i bhfeidhm an pholasaí seo. Ón gcéad lá nuair a thosaíonn scoileanna ag machnamh agus ag meabhrú ar an gceist seo, tá sé tábhachtach go bhfuil siad á dhéanamh i gcomhairle le tuismitheoirí agus go bhfuil tuismitheoirí ar an eolas ón gcéad lá faoin bpróiséas comharliúcháin a bheidh le déanamh leo, mar in iúl is gur féidir le scoileanna tuismitheoirí a bhreith leo nuair a dhéanann siad an cinneadh, go háirithe más cinneadh é chun aitheantas Gaeltachta a lorg. Is é an tsúil a bheadh againn ná gurb é sin an cinneadh a dhéanfaidh an chuid is mó de na scoileanna Gaeltachta. Ní dóigh liom go bhfuil rud ar bith eile agam le rá ar na ceisteanna.

Níor fhreagair éinne an cheist faoi na ceardchumainn agus na múinteoirí.

Ms Anna Ní Chartúir

Labhair muid le na ceardchumainn ag comhdháil Gaeloideachas thíos i gCill Chainnigh agus tá sé i gceist againn casadh leo go luath leis an gceist a chíoradh mar is cúis imní dúinn ceist na gceardchumann. Mar a dúirt an Seanadóir, tá seans ann nach dtarlódh sé seo muna dtugann scoileanna faoi, ach ní chreidim go dtarlóidh sé sin.

Maidir leis an gceist faoi choláistí oiliúna, dá mbeadh an sparán inár lámha, is cinnte go mba bhreá linn é sin. Nuair a bhreathnaítear ar Choláiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste agus an obair iontach atá déanta acu, oibríonn sé. D'fhéadfadh sé oibriú. Tá sé mar cheann de na moltaí i Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, mar cheann de na moltaí a déanadh i bhfad roimhe sin siar sna 1980dí agus 1990dí agus is moladh é atá curtha le fada an lá againn. Fáiltíonn muid roimh an BEd a bheidh ar fáil. Cúrsa iomlán is ea trí Ghaeilge ar feadh ceithre bliana. Sílim go gcabhróidh sé sin chuige sin.

Mr. Seán Ó hArgáin

Díreach le cur le sin, tá máistreacht ar fáil chomh maith sa tumoideachas i láthair na huaire. Is dóigh liom go bhfáiltíonn muid ar fad roimhe sin, ach ba chóir go mbeadh an tumoideachas mar aonad laistigh de na coláistí oiliúna ionas go bhféadfadh le hábhar múinteoirí tuiscint ar leith a fháil ar an tumoideachas agus an slí a bhfeidhmíonn sé agus féachaint ar an taithí idirnáisiúnta.

Ba mhaith liom tagairt don díolúine. Creid é nó ná creid, fuaireas féin mar phríomhoide Gaelscoile iarratas ar dhíolúine do pháiste a bhí i rang a sé agus ag dul ar aghaidh tar éis ocht mbliana de oideachas lán-Ghaeilge. An fáth gur lorgaíodh é ná go n-eagraítear, go mórmhór i scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna ina dtéann páistí ar aghaidh go meánscoileanna atá ag feidhmiú trí Bhéarla, an tacaíocht foghlama do pháistí le riachtanais teanga don chuid is mó ar nós go bhfuil an Ghaolainn ar siúl mar ábhar. Dá bharr sin, bhí an tuismitheoir ag lorg an díolúine. Caithfear feachaint ar an gcur chuige atá ann i dtaobh tacaíocht foghlama a chur ar fáil do pháistí ag leibhéal na meánscoile chun a chinntiú nach bhfuil sé ag teacht salach ar chúrsaí Gaolainne.

Chuir an Seanadóir Ó Clochartaigh ceist mar gheall ar cheist bhunreachtúil. Is dóigh liom go bhfuil sé tábhachtach freagra a thabhairt dó. An tuiscint atá agamsa air ná go bhfuil ceart bunreachtúil ag gach tuismitheoir oideachas trí Ghaolainn a bheith ar fáil dá pháiste. Dá bharr sin, tá páistí ag teacht 30 míle chugainne mar scoil agus tá siad i dteideal taisteal bhus a fháil go Gaelscoil toisc go bhfuil sé de cheart acu freastal ar Ghaelscoil. Ní hionann sin is a rá go dtugann sé an ceart do dhaoine cur i gcoinne scoil atá ag iarraidh deireadh a chur lena stádas Gaeltachta. San áit óna dtagaim féin, ceapaim go mbeidh roinnt de na scoileanna atá ag feidhmiú go sonrach trí Bhéarla le na glúinte faoi bhrú uafásach. An dúshlán atá á chur rompu ná athrú ina scoil Gaeltachta ag an bpointe seo, ainneoin nach rabhadar ag feidhmiú mar sin. Baineann sé sin le na scéimeanna teanga a bheidh á chur ar fáil sna ceantracha sin chomh maith. N'fheadar an bhfuil sé féaráilte. An bhfuilimid ag iarraidh ar na scoileanna na traidisiúin teanga atá ann le 20 nó 40 bliain a chasadh go hiomlán ar a gcinn anois agus dul ar ais i dtreo eile? Is dócha, áfach, gurb é sin an dúshlán atá ann rompu.

Ms Peigí Ní Chonghaile

Ba mhaith liom rud éigin a rá faoi scoileanna na n-oileán. Nuair a rinne mé fhéin agus mo chomhghleacaí, Niamh de Búrca, comhairliúchán scoile leis na scoileanna Gaeltachta uilig, thugamar cuairt ar Oileán Thoraí, na trí Oileán Árann, Árainn Mhór agus Oileán Chliara, agus cinnte bhí sé soiléir ó na cuairteanna sin uilig go dteastaíonn acmhainní breise agus maoiniú breise le haghaidh scoileanna na n-oileán a choinneáil ag imeacht. Bíonn sé an-dheacair ag na hiarbhunscoileanna réimse leathan ábhar a chur ar fáil do na scoláirí. Bíonn sé deacair múinteoirí a mhealladh isteach ar na hoileáin. Má éiríonn aon duine tinn, bíonn sé an-dheacair ionadaithe a fháil. Freisin, sna bunscoileanna, bíonn sé deacair ionadaithe a fháil. Tá cúrsaí taistil i gceist. Má táimid ag caint ar iarbhunscoil ina bhfuil ábhar amháin á dhéanamh ar maidin, caithfidh an t-ionadaí teacht isteach an oíche roimh ré. Tá go leor nach bhfuil sásta é sin a dhéanamh. Bíonn sé an-dheacair acu teacht timpeall ar na dúshláin sin. Dúirt go leor de na príomhoidí go dteastaíonn liúntas oileánda chun na múinteoirí a mhealladh agus a choinneáil ar na hoileáin, cosúil leis an liúntas Gaeltachta a luaigh Anna Ní Chartúir níos luaithe.

Fiú amháin taobh amuigh de chúrsaí múinteoireachta féin, bhí na príomhoidí ag labhairt faoin gcostas a bhaineann le cothabháil na scoileanna nuair a bhriseann nó imíonn cuid den trealamh nó mar sin. Caithfear duine a thabhairt isteach agus caithfidh an duine sin, má tá sé nó sí ag teacht as Gaillimh go hÁrainn, an lá uilig a chaitheamh ag taisteal ann agus as. B'fhéidir go mbeadh ar an duine fanacht thar oíche. Tá costas mór breise a bhaineann le sin i gcomparáid le scoil ar an mórthír. Ag deireadh an lae, ní féidir éalú uaidh, ach is ceart maoiniú breise a chur ar fáil do na scoileanna seo. Is sainphobail le saibhreas cultúrtha dá gcuid féin iad. Muna mbeidh na scoileanna acu, ní bheidh na pobail acu. Le gairid, tá fáilte curtha roimh an gcinneadh nach mbeidh aon bhunscoil ar oileán fágtha le oide amháin. Is rud maith é sin, ach teastaíonn i bhfad níos mó uatha. Teastaíonn an liúntas breise agus maoiniú breise. Ba cheart tacaíocht a thabhairt dóibh le go gcuirfidh gréasán de scoileanna oileánda le chéile a bheidh in ann teacht le chéile le saineolas agus comhairle dá gcuid féin a fháil. Ba chóir maoiniú airgid agus tacaíocht a thabhairt don ghréasán sin.

Tiocfaidh mé ar ais chuig an Seanadóir Ó Clochartaigh. Tabharfaidh mé deis don Teachta Ó Cuív. Tá a fhios agam nach mbeidh ach ceist amháin aige.

Caithfidh mé a admháil nach bhfuil an polasaí oideachais Gaeltachta léite ar fad agam. Déanfaidh mé é sin thar an Nollaig agus déanfaidh mé dianscrúdú air. Tá sé éasca breathnú ar na cinnlínte, ach caithfear breathnú ar pholasaí mar seo san iomlán. Is ceist shimplí í an chéad cheist atá agam. Is féidir tá nó níl a thabhairt mar fhreagra air. An bhfuil na finnéithe den tuairim go gcuirfí an polasaí i bhfeidhm go hiomlán? An bhfuil na hacmhainní daonna ann agus an mbeidh na hacmhainní airgid ann?

An bhfeiceann na finnéithe an polasaí Gaeltachta seo mar rud breise bunaithe ar Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge? Is é sin, an féidir leis feidhmiú muna gcuirtear an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i bhfeidhm go hiomlán comhthreomhar leis?

Nuair a tháinig mé isteach ar an gcruinniú, bhí na finnéithe ag caint ar cheist na gcainteoirí dúchasacha Gaeilge. Céard é barúil na bhfinnéithe faoi dhá ábhar a bheith ann don ardteist, is é sin go mbeadh ábhar amháin ann ar an teanga Gaeilge agus an t-ábhar eile ar litríocht na Gaeilge? D'fhéadfadh duine an dá ábhar a dhéanamh agus an dá A a fháil má tá sé nó sí inniúil ar sin a dhéanamh. Is beag nár éirigh linn é sin a chur thar an líne nuair a bhí an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á réiteach, ach bhí cur ina aghaidh ón Roinn Oideachais agus Scileanna, ainneoin go gceadaítear, mar shampla, fisic agus matamaitic onóracha. Rinne mé féin na hábhair sin agus tá siad trasnaithe ar a chéile. Má dhéanann duine fisic agus matamaitic onóracha, is deimhin é go ndéanfaidh sé nó sí thar cinn. Don té atá go maith ag matamaitic, is buntáiste mór é go bhfuil cead é sin a dhéanamh. Tá go leor ábhair mar sin atá comhthreomhar le hábhair eile.

B'é bunús na straitéise ná go mbeadh níos mó agus níos mó cainteoirí dúchasacha, ní hamháin taobh istigh den Ghaeltacht, ach taobh amuigh dó. Creidim gur chainteoir dúchasach Gaeilge é nó í an páiste a thógtar le Gaeilge sa mbaile. An bhfuil gá níos mó soláthair nó an soláthar céanna a dhéanamh do na cainteoirí dúchasacha a thógtar taobh amuigh den Ghaeltacht? Ceann de na fadhbanna nó dúshláin atá roimh na gasúir sin ná go ndéantar truailliú ar a gcuid Gaeilge nuair a théann siad ar scoil, seachas a mhalairt.

Do na hionadaithe atá anseo ón nGaeltacht, tá roinnt naíonraí Gaeltachta thar a bheith beag i gceantracha atá an-imeallach. An bhfuil gá le maoiniú breise a chur ar fáil do na naíonraí sin le cinntiú go bhfuil siad in ann an fhoireann a choinneáil leis an naíonra a choinneáil ar oscailt?

Cé chomh lárnach is atá ceist sholáthar múinteoirí? Glacaim leis go bhfuil soláthar múinteoirí lárnach don pholasaí seo. An aontódh na finnéithe liom, ní hamháin sa gcás seo ach i gcás státseirbhísigh, garda agus chuile shórt, go bhfuil teastasú neamhspleách do phostanna ina bhfuil an Ghaeilge riachtanach lárnach i gceist fostaíocht in earnáil na Gaeilge?

An mbeadh na finnéithe i bhfábhar education and training board, ETB, a phléadh le chuile scoil Gaeilge agus Gaeltachta ar fud na tíre, seachas chuile cheann de na scoileanna ETB a bheith faoi chontae nó faoi ghrúpa contaetha agus iad i gcónaí mar mhionlach taobh istigh de chontae? An dtiocfadh na finnéithe liom go bhfuil gach rud atá ráite faoi scolaíocht ag brath go mór ar an nGaeilge a bheith le cloisteáil agus le feiceáil taobh amuigh den scoil? Nach oileán é an scoil nach féidir feidhmiú gan an méid taobh amuigh dó?

Cé chomh tábhachtach is atá sé filleadh ar an bhfigiúr a bhí ann suas go 2011 go gcoinneofaí an dara múinteoir ranga i scoileanna beaga Gaeltachta nuair a bheadh níos mó ná 12 ghasúr sa scoil?

Céard é meas na bhfinnéithe ar an gcur chuige sa mBreatain Bheag, rud atá mé féin an-thógtha leis? Sa chás sin, má tá duine gan Ghaeilge ón taobh amuigh ag tosú i rang a cúig nó sé, mar a bhíomar ag caint faoi ar ball, caithfidh sé nó sí freastal ar chúrsa teanga ar feadh sé seachtaine sula scaoilfear isteach sa scoil lán-Ghaeilge Gaeltachta é nó í. Is é sin é.

Go raibh maith agat. Tá naoi gceist ansin.

An é sin an méid?

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin

Cuirfidh mise freagra sciobtha ar dhá nó trí cheist. Is maith liom go mór an tearmann teanga sin atá sa Bhreatain Bheag. Ceapaim go bhféadfadh sé a bheith an-éifeachtach. Ar ndóigh, ní raibh sé luaite sa pholasaí, ach níl aon chúis nach bhféadfadh muid brú a chur ar an Roinn agus na ceisteanna sin a ardú.

Luadh roimhe seo go raibh gá le teastasú de shaghas éigin mar chritéar chun a bheith aitheanta mar mhúinteoir atá incháilithe nó incheaptha le haghaidh scoil Gaeltachta, gan cheist.

D'ardaigh an Teachta Ó Cuív ceist faoi chainteoirí dúchasacha laismuigh den Ghaeltacht. Is ceist í sin atá gar do mo chroí féin. An chéad rud eile a tharlóidh anois ná go mbeidh na scoileanna lán-Ghaeilge laismuigh den Ghaeltacht ag éileamh a bpolasaí oideachais féin. Go deimhin, tá sé sin ag teastáil. Tá a fhios agam go bhfuil géarchéim sa Ghaeltacht agus táimid ag tabhairt aghaidhe ar sin, ach bheinn ag súil leis go mbeidh tionchar an-dhearfach ag an bpolasaí seo ar a chomhionann laismuigh den Ghaeltacht. Is dóigh liom gurb é sin é. An bhfuil aon duine eile ag iarraidh léimt isteach?

Ms Anna Ní Chartúir

Rinne mise go leor cainte ar an gceist faoin ardteist, b'fhéidir sular tháinig an Teachta Ó Cuív.

Gabh mo leithscéal faoi sin. Bhí mé ag cur ceisteanna ar an Aire Stáit don Ghaeltacht thíos sa Dáil.

Ms Anna Ní Chartúir

Maidir leis an gceist seo faoi dhá ábhar don ardteist, ceann amháin ar an teanga Gaeilge agus ceann eile ar litríocht, cinnte níl aon deacracht le sin. An rud a bheidh muid ag éileamh chomh maith ná go gcuirfidh ceann T1 ar fáil don chainteoir dúchais nó don ghasúr atá ag fáil oideachas trí Ghaeilge, cosúil leis an teastas sóisearach. Níl aon gheallúint sa bpolasaí faoi. Tá sé ráite go gcuirfear ar fáil é má oibríonn an ceann eile go maith agus má léirítear go bhfuil éileamh air. Ní dóigh linn gur leor é sin. Cinnte, tá a leithéid ag teastáil, ach, mar dúirt muid níos luaithe, caithfear pointí breise a thabhairt don scoláire chun é nó í a mhealladh an Ghaeilge a dhéanamh. Caithfear a bheith in ann a léiriú do thuismitheoirí chomh maith gur buntáiste é a bheith ag éileamh na scileanna is airde óna gcuid gasúr ó thaobh na Gaeilge de. Níl sé sách maith go mbeadh gasúr ag leibhéal ardteiste ag cumadh scéalta bunaithe ar sraith pictiúr. Is éagóir é amach is amach go dtarlódh sé sin. Aontaímid le sin.

An bhfeiceann muid an polasaí oideachais Gaeltachta mar rud breise ar Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge? Bhí an t-oideachas mar chuid lárnach den Sraitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Faraor, má bhreathnaíonn duine ar an bplean sin, níor cuireadh go leor de na moltaí a bhí ann i bhfeidhm de cheal airgid. Feicim-----

Le cead, ní ceal airgid. Bhí an chuid is mó de na rudaí nach raibh curtha i bhfeidhm ón Sraitéis 20 Bliain don Ghaeilge de bharr cheal tola agus ní ceal airgid. Mar shampla, tá an costas céanna ar oiliúnt a thabhairt do mhúinteoirí trí mheán na Gaeilge agus oiliúnt a thabhairt do mhúinteoirí trí mheán an Bhéarla - costas ar bith. Easpa tola a bhí ann. Do 90% den straitéis nár cuireadh i bhfeidhm, ní fhéadfaí a rá gur ceist airgid a bhí ann. Is leithscéal é sin a d'úsáid an Rialtas, ach níl bunús dá laghad leis má scrúdaítear an straitéis.

Ms Anna Ní Chartúir

Tuigim céard atá-----

Gabh mo leithscéal. Tabharfaidh mé deis do Anna Ní Chartúir teacht ar ais. Iarraim ar an Teachta Ó Cuív ligeant do na finnéithe na ceisteanna a fhreagairt.

Ms Anna Ní Chartúir

Tuigim céard atá á rá ag an Teachta agus glacaim le sin, ach an uair dheireanach a bhreathnaigh mé ar an gcaipéis i Roinn na Gaeltachta, bhí leor de na beartais oideachais bainteach le conas a cheadaíodh foinsí airgid agus acmhainní. Mar a dúirt an Teachta, b'fhéidir gur cheist tola é sin.

An gcuirfí an polasaí i bhfeidhm go hiomlán? Bheinn an-dóchasach go gcuirfí mar go bhfuil sé i gceist againn leanúint le na héilimh agus leis an bpolasaí. Táimid á iarraidh le fada an lá agus tá sé anois ann. Tá súil agam agus creidim go pearsanta go gcuirfí i bhfeidhm é. Creidim gur rud suntasach é go raibh an méid sin daoine sinsireacha sa Roinn Oideachais agus Scileanna fábharach don pholasaí, go háirid an príomh-chigire, Harold Hislop, a léirigh tuiscint an-mhaith ar scoileanna Gaeltachta.

Mr. Seán Ó Coinn

Ag teacht leis an méid atá Gaeloideachas ag rá i dtaca le cur i bhfeidhm an pholasaí, tá an-dea-thoil agus an-commitment léirithe ag an Ard-Rúnaí, an príomh-chigire agus ag na hoifigigh shinsireacha a bhí ag plé leis an bpolasaí. De réir mar a thig linn a fheiceáil, d'éist siad go cúramach leis na comhairliúcháin éagsúla a rinneadh leis na páirtithe leasmhara agus na grúpaí éagsúla, macasamhail Gaeloideachas, muid féin agus eagraíochtaí eile nach muid.

I dtaca leis an dá ábhar Gaeilge don ardteist, is dóigh liom go ndéanadh trácht orthu cheana. Sílim go bhfuil sonrúcháin ar leith de dhíth do dhaltaí T1 ag gach leibhéal sa chóras. Tá sé sin againn anois sa tsraith shóisearach agus beimid ag súil go mbeidh an rud céanna ar fáil don ardteist. Bheadh sé an-tábhachtach go mbeadh litríocht agus teanga i gceist sa tsonrúchán sin do dhaltaí T1.

Caithfidh mé a rá, tá sé tamall óna ndearna mé an ardteist. An bhféadfadh an finné soiléiriú-----

Gabh mo leithscéal. Ligfidh mé don Teachta, ach iarraim ar ligeant do na finnéithe na ceisteanna a fhreagairt.

Críochnóidh mé mar ní thuigim an freagra.

Ceist amháin.

An bhféadfadh an finné soiléiriú a dhéanamh ar an T1 seo atá sé ag caint ar?

Mr. Seán Ó Coinn

De réir an chur chuige, beidh sonrúchán nó siollabas ar leith do dhaltaí ar bith arbh í an Ghaeilge a gcéad teanga, agus ansin beidh siollabas nó sonrúchán ar leith eile ann do dhaltaí arbh í an Ghaeilge an dara teanga acu.

Tá sé thar cinn go teoiriciúil a bheith ag caint ar sin, ach breathnaíonn tuismitheoirí ar rud amháin atá níos luachmhara ná airgead, is é sin pointí le fáil isteach sa trí leibhéal. Mar sin, an ndéanfaidh sé seo tada chun breis pointí a thabhairt do na cainteoirí dúchasacha Gaeilge? Mar shampla, tá clann dheartháir liomsa agus is lucht labhartha Iodáilise iad sa mbaile. Bhí na gasúir in ann Laidin agus Iodáilis a dhéanamh agus ní raibh mórán eatarthu. An dtuigeann an finné? Bhíodar in ann an dá ábhar a dhéanamh. An dtugann an T1 aon bhuntáiste ó thaobh pointí a fháil san ardteist de?

Mr. Seán Ó Coinn

I láthair na huaire, ní thugann nó ní hionann dó. Mar a dúirt Anna Ní Chartúir, tá sé ráite sa pholasaí go mbreathnófar ar chur i bhfeidhm an chur chuige ag leibhéal na sraithe sóisearaí agus go dtabharfaí isteach é bunaithe ar an eispéireas sin. Ar ndóigh, agus iad ag tabhairt faoin tsonrúchán, sílim go mbeimid uilig ag moladh go mbeadh pointí breise ann do pháistí T1 a bhfuil an Ghaeilge acu mar chéad teanga. B'fhéidir go mbeadh réiteach de dhá chineál siollabais, ceann teanga agus ceann teanga móide litríocht, do dhaltaí T2, ach ní dóigh go mbeidh sin amhlaidh don sonrúchán do dhalta T1. Tá sé rí-thábhachtach go mbeidh teanga agus litríocht i gceist sa tsiollabas sin.

Bhí cúpla ceist eile nár mhiste cúpla rud a rá ina leith. Luaigh an Teachta teastas neamhspleách do sholáthar mhúinteoirí atá faoi oiliúnt sna coláistí oilúna. Is dóigh liom gurb é an rud is tábhachtaí i dtaca le sin ná go mbeadh íoschaighdeán ann a chaitheadh múnteoirí a bhaint amach sula dtiocfadh leo a gcáilíochtaí a bhaint amach. Díreach mar atá íoschaighdeán ann i dtaca leis an tsochrúchán scoile - an cleachtadh múinteoireachta a chaithfidh múinteoirí a bhaint amach - tá íoschaighdeán ann i dtaca le litearthacht agus uimhearthacht. Níl sin amhlaidh i dtaca leis an nGaeilge agus beimid go mór ag iarraidh a leithéid a bheith ar fáil ó thaobh na Gaeilge de i dtaca le múinteoirí á chailleadh sna coláistí oiliúna.

An bhfuil an finné-----

Gabh mo leithscéal, a Theachta. Tá mé ag déanamh mo dhícheall mar Chathaoirleach. Tá Seán Ó hArgáin ag iarraidh teacht isteach. Tiocfaidh mé ar ais chuig an Teachta. Níl mé ag iarraidh dul trasna mar seo. Tá mé ag iarraidh freagraí a fháil ar na ceisteanna. Bhí naoi gceist ag an Teachta. Tá siad beagnach go léir freagraithe ag an bpointe seo.

Mr. Seán Ó hArgáin

Freagróidh mé roinnt de na ceisteanna eile. Ag tagairt don teastasú-----

Iarraim ar an bhfinné díriú isteach ar na freagraí más féidir. Ag an bpointe seo, tá sé 7.25 p.m.

Mr. Seán Ó hArgáin

Ag tagairt don teastasú, aontaím leis. Ceann de na hathruithe atá déanta sna coláistí oiliúna ná go bhfuil an costas don taithí Gaeltachta atá ábhar mhúinteoirí ag fáil sna coláistí curtha ar ais orthu féinig. Tráth dá raibh, go dtí cúpla bliana ó shin, bhí daoine ag fáil míosa sa Ghaeltacht ag deireadh na chéad bliana chun taithí teanga a fháil. Bhí sé á fháil saor in aisce. Anois, caithfidh siad íoc as. Is mí-bhuntáiste ollmhór é sin. Tá sé an-thábhachtach go dtabharfar é sin ar ais. Chomh maith le sin, ó thaobh an teastasú, ní bhaineann sé díreach leis an ábhar oide atá tagtha amach as an gcoláiste. Uaireanta, bogann daoine ó áit amháin sa tír go dtí áit eile. Is dóigh liom go gcaithfimid a bheith in ann dó sin. Labhraíomar cheana féin faoin tacaíocht gairmiúil atá ar fáil do mhúinteoirí. Caithfear cabhrú le múinteoirí agus iad ag dul trí a saoil múinteoireachta. B'fhéidir, tar éis deich nó 20 bliain a chaitheamh ag múineadh i scoil Béarla, gur chóir dóibh teacht ar ais agus an teanga a athfhoghlaim arís agus cur le na scileanna teanga atá acu sa chaoi is go mbeadh siad in oiriúint do scoileanna Gaeltachta má bhogann siad go dtí an Ghaeltacht nó go ceantar ina bhfuil postanna ar fáil i nGaelscoileanna.

Aontaím go hiomlán leis an Teachta Ó Cuív maidir le cainteoirí dúchasacha laismuigh agus laistigh den Ghaeltacht. Tá éagóir á dhéanamh orthu in an-chuid slite i scoileanna de bharr nach bhfuil áiseanna cuí á chur ar fáil. Ba mhaith liom tagairt amháin a dhéanamh do rud atá an-thábhachtach nár luamar in aon chor go dtí seo, is é sin na modhanna múinte nua-aimseartha teanga. Baineann an-chuid acu siúd, cosúil le na hábhair digiteacha atá á chur ar fáil trí Séideán Sí, le leathanbhanda a bheith ar fáil i scoil. I scoileanna Gaeltachta agus ar na hoileáin, tá sé sé bliana óna bhfuair aon scoil deontas chun áiseanna teicneolaíochta a chur ar fáil. Tá sé á gheallúint le sé mhí anuas go bhfuil sé ag teacht agus ag teacht. Tá leathanbhanda ar chaighdeán réasúnta ag teacht isteach in an-chuid scoileanna, ach níl aon áiseanna laistigh den scoil ó thaobh routers agus mar sin de chun é a chur ar fáil i ngach seomra ranga, gan chaint ar na scoileanna Gaeltachta atá ag brath ar cheangailtí satailíte agus ceangailtí uafásacha leathanbhanda. Níl sé féaráilte a bheith ag iarraidh ar mhúinteoirí ag feidhmiú san 21ú aois na háiseanna sin a chur i láthair gan an bunchaighdeán ann.

Bhí naoi gceist. Tá siad beagnach go léir freagraithe. Tá ceann amháin fágtha maidir leis an dara mhúinteoir.

Ms Anna Ní Chartúir

Cheap mé gur fhreagair mé é sin. Sílim go ndéanfadh sé an-chiall. Faraor, tá sé ró-mhall do chuid againne. D'fháilteodh scoileanna beaga go mór roimhe sin mar nach gcuirfeadh sé i mbaol iad.

Maidir leis an gceist faoin ETB, sílim gur moladh an-stuama é. D'fháilteodh scoileanna go mór roimh seirbhísí comh-ordaithe agus mar sin de agus a bheith in ann saineolas a roinnt. Sílim go ndéanann sé an-chiall. Nuair a chloistear aon phlé faoi na ETBs ar an raidió nó ar na meáin, bíonn sé deacair na scoileanna Gaeltachta a fheiceáil sa bplé.

Déanfaidh mé pointe an-sciobtha faoin T1 don ardteist. Ní dóigh go bhfuil sé fíor amach is amach le rá nach bhfaighfeadh tuismitheoirí agus gasúir pointí breise dá mbeadh cúrsa ar leith do T1 ann. Is éard a tharlódh ná go mbeadh scileanna litríochta níos airde ag na gasúir sin. Bheadh scileanna scríbhneoireachta, smaointeoireachta, cognaíochta agus intleachtúla níos fearr acu. Má fhorbraíonn siad iad sin i nGaeilge, tabharfaidh siad iad go dtí na hábhair ar fad eile agus go dtí na haistí atá le scríobh sa stair, tíreolas, eolaíocht agus i chuile ábhair eile a dhéanann siad don ardteist. Ní féidir linn breathnú ar an nGaeilge mar theanga as féin i scoileanna Gaeltachta. Múintear Gaeilge trí ábhair ach múintear ábhair trí Ghaeilge chomh maith. Ná déanadh muid dearmad ar an mbuntáiste sin.

Ms Niamh de Búrca

Dar liom, tá rud amháin atá tábhachtach. Faraor níl an Seanadóir Ó Clochartaigh sa seomra níos mó, ach luaigh sé an cheist bhunreachtúil a bhaineann leis an rud ar fad. An bhfuil sé de cheart ag tuismitheoirí oideachas a fháil trí cibé mheán ar mhian leo? Ó thaobh taighde idirnáisiúnta agus cearta idirnáisiúnta, tá sé de cheart ag tuismitheoirí oideachas a fháil dá bpáistí sa mháthair-theanga. Is dóigh liom go bhfuil sonrúchán ag teastáil ón Roinn ina leith sin.

Tá rud amháin eile ar a bhfuil sonrúchán ag teastáil ón Roinn. An féidir an t-aitheantas a chailleadh? Má bhaineann scoil an t-aitheantas amach, tar éis cúpla bliain nó mar sin, an féidir an t-aitheantas sin a chailleadh? B'fhéidir go dtitfeadh an córas ar fad ina dtraipisí dá bhféadfadh sé sin tarlú. B'fhéidir go bhfuil sonrúchán ag teastáil ina leith sin freisin.

An bhfuil aon duine eile ag iarraidh freagra a thabhairt? Rachaidh mé ar ais go dtí an Teachta Ó Cuív go sciobtha.

An bhfuil Seán Ó Coinn ag rá gur féidir cáilíocht a bhaint amach sa tír seo mar bhun-mhúinteoir agus Gaeilge a mhúineadh i mbunscoileanna na tíre, gan scrúdú Gaeilge ar bith a phasáil, ach an staidéar a dhéanamh?

Mr. Seán Ó Coinn

Ní hé sin an rud atáim ag rá. Tá scrúduithe Gaeilge ann ach níl íoschaighdeán ann a gcaithfidh múinteoirí a bhaint amach i ndiaidh na gceithre bliana de staidéar. Níl sé riachtanach le cáiliú.

Nuair a thagann mac léinn go dtí an scrúdú deiridh, nuair a chaitear an t-uisce air nó uirthi agus deirtear gur múinteoir buscoile é nó í, an bhfuil ar an mac léinn scrúdú sa Ghaeilge a dhéanamh agus an scrúdú sin a phasáil?

Mr. Seán Ó Coinn

Níl mé cinnte den phointe áirithe sin.

Mura gcaithfear, nach seafóid é go bhféadfadh duine éigin a bheith ag dul isteach ag múineadh teanga ar scoil gan an caighdeán is ísle go bhféadfá a shamhlú bainte amach acu san ábhar áirid sin? Má tá muid ag ceadú múinteoirí mar sin, ní cheart go mbeadh aon chead ag na daoine sin Gaeilge a mhúineadh. Ba cheart go dtabharfaidís isteach múinteoir eile. Tá mé ag caint ar na scoileanna Béarla mar, go deimhin féin, déantar dearmad go bhfuil go leor scoileanna Béarla a mhúineann an Ghaeilge thar cinn. Chuaigh mise ar scoileanna Béarla. Fuair mé mo chuid oideachais ar fad trí Bhéarla anseo i mBaile Átha Cliath, ach bhí Gaeilge mhaith sa scoil. B'in ceann de na rudaí a bhí sa straitéis. Bheadh an-spéis agam go dtiocfadh na finnéithe ar ais go dtí an coiste le soiléiriú ar an gceist sin. Cinnte dearfa faoi, má tá daoine ag dul amach ansin gan aon Ghaeilge, ní cheart go mbeadh cead acu dul isteach i rang agus í go gann acu. Níl aon neart i nGaeilge ag na creatúr, is dóigh. Is seafóid é dualgas a bheith orthu Gaeilge a mhúineadh gan é a bheith acu. Is fada an lá gur aithníodh nach féidir rud a mhúineadh muna bhfuil eolas ag an múinteoir air.

Aon cheist eile?

Ní mhaith liom. Táim ró-thuirseach.

Bhí súil agam nach raibh sé de dhánacht sa Theachta tuilleadh ceisteanna a chur ag an bpointe seo. Tá an Teachta Ó Muineacháin sásta. Faraor, bhí ar an Seanadóir Ó Clochartaigh imeacht go dtí an Seanad. An bhfuil éinne ag lorg aon rud eile a rá go sciobtha ag an bpointe seo?

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin

Gabhaim mo bhuíochas leis an gcoiste as an éisteacht cúramach, cairdiúil, tacúil agus cabhrach. Tá muid an-bhuíoch as an aitheantas agus an dua ar fad a chur an coiste air féin inniu chuige sin.

Mr. Seán Ó hArgáin

Mar an gcéanna, thar ceann an fhorais, gabhaim ár mbuíochas ó chroí don cheathrar den choiste a bhí i láthair. Tá sé an-tábhachtach go bhfaighimid an éisteacht seo ón gcoiste agus, mar a dúras ag an tús, go mbeadh ról b'fhéidir ag na heagraíochtaí seo, ar a laghad, ar scagadh a dhéanamh ar an gceist a chur an Teachta Ó Cuív i dtaobh é a chur i bhfeidhm. Chuirfí i bhfeidhm é, b'fhéidir, má táimid ar fad ag faire ar an straitéis agus ag cinntiú go gcuirfí i bhfeidhm é. Táimid buíoch as an éisteacht a bhfuaireamar agus, cinnte, beimid ag súil le tuilleadh plé amach anseo.

Mar bhall den bhord, d'fhéadfainn é seo a rá. Cé nach bhfuil sé i láthair le déanaí, mar d'éirigh Ferdia Mac an Fhailigh amach as a phost mar phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge, agus é ina phost, bhí suim ar leith aige tríd na blianta in oideachas Gaeltachta agus Gaeilge. Ní bheadh sé féaráilte ligint don lá seo imeacht gan ár mbuíochas a ghábháil dó as ucht an dúracht a bhí aige i dtaobh na cúrsaí seo. Le cúnamh Dé, leanfaidh sé sin ar aghaidh leis an gcéad phríomhfheidhmeannach eile amach anseo.

Ar son an choiste, cuirim ár mbuíochas in iúl do na finnéithe. Tá a fhios agam go raibh dua i gceist agus go bhí orthu taisteal anseo. Táimid buíoch díobh. Ní féidir linn feidhmiú gan eagraíochtaí ar nós eagraíochtaí na bhfinnéithe ag teacht os ár gcomhair. Táimid thar a bheith sásta obair as lámh a chéile. Beidh cuireadh ag na finnéithe arís, má táimid ann, teacht ar ais os ár gcomhair. Muna bhfuilimid ann, ar a laghad beidh an coiste ann mar is buan-choiste é. Sin an rud is tábhachtaí. Táimid go léir anseo ar son na Gaeilge. Go raibh míle maith agaibh arís.

The joint committee adjourned at 7.35 p.m .until 5 p.m. on Tuesday, 13 December 2016.
Barr
Roinn