Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán díospóireacht -
Tuesday, 7 Mar 2017

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

Cuirimid tús leis an seisiún poiblí. Cuirim céad míle fáilte roimh na finnéithe go léir. Is ócáid stairiúil í seo i Seachtain na Gaeilge. Bhí sé roimh mo amsa, ach is é mo thuiscint go bhfuil an rud seo ina dtagann daltaí isteach ó scoileanna éagsúla ar siúl le cúpla bliain. Is é seo mo chéad uair mar Chathaoirleach ar an gcoiste don chruinniú seo. Cuirim fáilte Uí Cheallaigh roimh na finnéithe go léir, go háirithe iad siúd ó Ghaelcholáiste Choilm, Coláiste an Eachréidh agus Pobalscoil Chloich Cheannfhaola. Is iontach don choiste seisiún mar seo a bheith againne agus deis a bheith againn éisteacht libh. Gabhaim buíochas le na finnéithe as ucht sin.

Tá na baill anseo, fir uilig. Faraor géar, níl aon bhean fós-----

Ach tá bean i gceannas orainn.

Tosóimid.

Beidh ormsa imeacht ag 3.40 p.m. mar go bhfuil mé ar cheisteanna Dála. Tá an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ag tógáil ceisteanna Dála ag 3.40 p.m. Ní bheidh mé in ann fanacht go dtí go mbeidh an cruinniú thart. Caithfidh mé cúpla ceist chrua a chur ar an Aire. Glacfaidh an coiste mo leithscéal nuair a imeoidh mé go pras ag an am sin.

Roimh an tús, tá dualgas ar an gcléireach píosa a léamh maidir le cúrsaí dlí. Ligfidh mé dó.

Clerk to the Committee

Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar a n-aird go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste do na finnéithe ámh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal tar éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urramú nach chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí ar bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráiteas tionscnaimh a chuireann siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh ghréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe, nó leis na hoifigigh, ina ainm nó ina hainm ar shlí ina bhféadfaí é nó í a aithint.

Is é sin an dlí. Ní mór do na finnéithe a bheith cúramach maidir leis an méid atá le rá acu. Tosóimid le Coláiste an Eachréidh. Bí ar bhur gcompord.

Ms Eibhlín Nic Cormaic

Is mise Eibhlín Nic Cormaic ó Choláiste an Eachréidh agus inniu beidh mé féin agus mo chomhscoláirí ag plé an ráiteas seo: "An todhchaí: post in Éirinn nó an bád bán". Ar dtús, cad is brí leis an ráiteas sin? Is éard atá sa todhchaí ná an saol atá amach romhainn. Is éard atá i gceist le "post in Éirinn nó an bád bán" ná, an mbeidh mé agus mo ghlúin in ann postanna a fháil agus saolta a bheith againn anseo inár dtír dhúchais féin nó an mbeidh orainn bogadh agus postanna a fháil i dtíortha eile.

Ar an drochuair, níl móran seans ann go mbeidh postanna ann dúinn. Fiú dá bhfaighimis postanna anseo, is cosúil nach dtugfar an t-aitheantas ceart d’oibrithe na tíre maidir le tuarastal agus coinníollacha oibre. Mar shampla, i Meiriceá tuilleann altraí breis is dhá oiread an méad a thuilltear anseo. Tuilltear €31,000 anseo agus €64,000 i Meiriceá. Tá i bhfad níos mó measa léirithe ar an bpost agus dá bhrí sin fanann daoine leis an bpost a dhéanamh. Tá a leithéid fíor maidir le go leor postanna. Le fírinne, níl mé ag iarraidh an tír seo a fhágáil, ach táim buartha nach mbeidh an dara rogha agam agus go mbeidh orm an tír a fhágáil toisc nach bhfuil poist ar fáil anseo inniu.

Le déanaí, scríobh Conor Hynes i The Irish Times ag cur síos ar a chairde ag teacht ar ais ó imirce. Bhí éad air toisc go raibh siad tar éis an méid sin a dhéanamh thar lear. Cén fáth nach bhfuil a mhalairt fíor? Cén fáth nach mbíonn poist ag na daoine a fhanann in Éirinn agus éad ar na daoine a théann ar imirce?

I stáidéar a rinne Ollscoil na hÉireann, Corcaigh, atá foilsithe ag The Irish Times, d’aimsíodh go ndúirt tuismitheoirí na n-eisimirceach gur fhág siad toisc go raibh orthu, ach nuair a cheistíodh na heisimircigh féin dúirt siad gur fhág siad toisc go raibh siad ag iarraidh an tír a fhágáil. D’fhág siad mar gur cheap siad nach raibh rud ar bith tarraingteach fá fanacht. D’fhág siad mar gur cheap siad go mbeadh saol sna tíortha eile níos fearr. Fágtar an tír seo toisc nach bhfuil na poist agus na háiseanna ar fáil, ach is féidir linn é sin a athrú. Ní hamháin sin ach is féidir linn daoine ó thíortha eile a mhealladh anseo chomh maith. Ba chóir dúinn na háiseanna atá againn a úsáid agus a fhorbairt chun é seo a dhéanamh. Má dhéanann an tír infheistíocht sna háiseanna mealltacha atá againn, laghdóidh an ráta imirce.

Tá ard-chaighdeán oideachais agus scileanna sa tír seo ach ba chóir dúinn é sin a thaispeáint. Ba cheart go mbeadh cáil ar Éire mar thír le córas oideachais iontach agus poist iontacha le fáil de bharr an oideachais sin agus na scileanna sin. Bíonn seit scileanna ag gach uile duine a fhágann an tír seo. Gach uair a fhágann duine, caillimid mar thír píosa beag de fhéiniúlacht na tíre, toisc go n-imíonn ceird nó scil éigin le gach eisimearcach.

Le fírinne, níl teorann ar an méid go dtiocfadh linn a dhéanamh sa tír seo.

Níl mar bhac orainn ach ár samhlaíocht féin. Tá go leor féidearthachtaí go dtiocfadh linn a fhorbairt, ach caithfidh cúrsaí a athrú. Caithfidh ár meon mar Ghaeil a athrú. Caithfimid smaointiú dúinn féin agus gan a bheith ag brath ar cheannaireacht ón taobh amuigh. Is féidir linn foghlaim ón domhan idirnáisiúnta gan a bheith faoin ordóg aige. Caithfimid smacht a ghlacadh ar ár dtodhchaí féin agus ár gceannaireacht féin a léiriú ar stáitse an domhain go hidirnáisiúnta.

Sa todhchaí, má dhéanann Éire forbairt agus infheistíocht cheart agus má bhaineann muid úsáid as na háiseanna atá againn, beidh a dhóthain poist againn do mhuintir na hÉireann agus do mhuintir eile chomh maith.

Beidh mo chomhscoláirí Micheál Ó Gríofa agus Leah Ní Mhuirgheasa ag tógáil ar na pointí seo. Tá súil agam go dtabharfaidh siad ábhar machnaimh don choiste. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as ucht cluas a thabhairt le héisteacht dom.

Gabhaim buíochas leis an bhfinné. Rachaidh muid ar aghaidh go dtí Gaelcholáiste Choilm.

Mr. Darragh Lankford

Gabhaim buíochas as an gcoiste as ucht an deis seo a thabhairt dom tráthnóna. Ní gá a rá go bhfuil tionchar ag na topaicí a labhrófar fúthu inniu ar thodhchaí na hÉireann. Labhróidh mé leis an gcoiste faoi mo thuairimí féin maidir leis an mbád bán agus tionchar an bháid bháin ar thodhchaí na tíre. Ba cheart go n-éisteofaí le tuairimí an aosa óig inniu mar is ár nguthanna a bheidh ag stiúrú na tíre sna blianta beaga atá romhainn.

Bhí fonn taistil riamh ar na Gaeil. Ó thosach an Ghorta Mhóir, thosnaigh muintir na hÉireann ag fágáil na tíre ag lorg oibre thar sáile. Ba chúis leis an imirce i gcaitheamh an Ghorta Mhóir le titim siar na Gaeilge. Bhí ceann faoi ar na hÉireannaigh agus d’fhágadar a dtír dhúchais chun saol nua a aimsiú dóibh fhéin. Sar i bhfad, d’fhulaing muintir na hÉireann trí ré dhubh faoi chois na Breataine. Agus sinn ag lorg saoirse, bunaíodh ár Rialtas féin, ach níor stop tréimhse an bháid bháin fós. Bhí ganntanas saighdiúirí ag an mBreatain i rith an dá chogadh domhanda. D’fhág roinnt Éireannaigh chun cúnamh a thabhairt do chabhlach na Breataine.

Tuigtear dúinn gur tháinig athrú ar stádas na hÉireann sa bhliain 1967 agus fós sa lá atá inniu ann táimid ag tarraingt ár gcosa linn maidir leis an mbád bán. Sa bhliain 1967, cuireadh oideachas dara leibhéal ar fáil saor in aisce do dhaonra na hÉireann. Sna blianta beaga ina dhiaidh sin, chuaigh líon na ndaoine a bhí ag teitheadh na tíre i méid. Bhí an dara rogha ag daoine ansin. Dá mbeadh fonn taistil ar dhuine agus oideachas maith orthu, d’fhéadfaidís taisteal timpeall na cruinne. I gcaitheamh na mblianta, ní rabhamar ach ag piocadh linn trí roinnt géarchéimeanna uafásacha eacnamaíochta agus is de thairbhe an drochphá go bhfuil daoine ag fágáil na hÉireann. I ndáiríre, an féidir an milleán a chur orthu? Is í an fhadhb ná go dtéann altraí, múinteoirí agus dochtúirí, mar shampla, thar lear ag lorg oibre, socraíonn siad síos le clann agus ní thagann said thar n-ais go hÉireann riamh. Cuirtear oiliúint ar an dream a fhágann in Éirinn agus baintear úsáid as na scileanna a fhoghlaimítear anseo in Éirinn thar sáile.

Ní foláir polasaí nua a chur i bhfeidhm maidir leis an bhfadhb shuntasach seo. Ní mór dúinn muintir na hÉireann a ndeachaigh ar imirce a mhealladh ar ais go hÉireann. Dá dtiocfadh daoine thar n-ais, bheimis níos láidre le chéile agus thiocfadh feabhas as cuimse ar stádas an Rialtais. Is mór an chailliúint iad na daoine a d’fhág Éire ar mhaithe pá nó tuarastal níos airde agus oideachas den chéad scoth orthu. Is mór an dúshlán é ach ní mór don Rialtas béim a chur ar an bhfadhb seo sula bhfágann daoine le neart scileanna agus fuíollach oideachais orthu. Is dúshlán mór é ach ní leor an chaint. Ní foláir polasaí nua a chruthú agus cinnte feicfear impleachtaí dearfacha ar thodhchaí na tíre agus tiocfaidh forbairt ar chúrsaí eacnamaíochta na tíre seo.

Ar an lámh eile de, ní mór dúinn fáilte Uí Cheallaigh a chur roimh na heachtrannaigh atá ag teitheadh an Mheáin Oirthir i láthair na huaire. Bhíodh muintir na Éireann ag socrú síos i dtíortha ar fud na cruinne in imeacht na mblianta agus anois ní foláir dúinn cúnamh a thabhairt do dhaoine atá ag iarraidh dainséar an Mheáin Oirthir a sheachaint. Tá an cat crochta rompu ar fud an domhain agus níl sé cóir go gcaithfidh said a saoil a chur i mbaol an bháis lá i ndiaidh lae.

Ní féidir a shéanadh ach go gcaithfidh Rialtas na hÉireann polasaí nua a chur i bhfeidhm maidir leis na hÉireannaigh a ndeachaigh thar sáile ar imirce agus iarracht laghdú a chur ar líon na ndaoine atá le fágáil. Anuas ar sin, ní foláir dúinn ár ndoirse a oscailt roimh na bochtáin atá ag streachailt trí ghortaí is cogaí timpeall na cruinne.

Gabhaim buíochas leis an bhfinné. Ar aghaidh linn le Pobalscoil Chloich Cheannfhaola.

Mr. Conor Ó Gallchóir

Is mór an phribhléid domsa a bheith ag caint leis an gcoiste, polaiteoirí na tíre, agus mé ag nochtadh mo chuid tuairimí ar an ábhar seo a leanas: "An todhchaí: post in Éirinn nó an bád bán". Tosóidh mise mo chuid cainte le ruball an teidil sin, "an bád bán". Ní inniu ná inné a thosaigh an imirce sa tír seo faraor. Is gné í atá greanta go domhan i gcultúr na tíre. Téann sé ar ais chomh fada le ham Cholmchille, Teitheadh na nIarlaí agus ar aghaidh go dtí an Gorta Mór agus aimsir an Drochshaoil, nuair a d'fhág thar milliún duine an tír seo le dul ar deoraíocht i Meiriceá. Ansin tagann muid isteach go dtí an fichiú haois agus feicimid an gnáth-imirce go Sasana agus go hAlbain suas go dtí an lá atá inniu ann.

Agus muid anseo i dTithe an Oireachtais ar 7 Márta 2017, tá thar 500,000 Éireannach scaipthe ar fud an domhain ar imirce, iad lonnaithe i bPerth agus Brisbane na hAstráile, i gCeanada, i Meiriceá agus le blianta beaga anuas in Abu Dhabi. I gcomhthéacs áitiúil, le linn an ghéarchéim eacnamaíochta, d'fhág 200 duine óg idir Cloch Cheannfhaola, Gaoth Dobhair agus na Rosa ag tabhairt aghadha ar an Astráil in aon seachtain amháin. Tá roinnt cúiseanna leis seo, ar ndóigh. Is í an ghéarchéim eacnamaíochta a chuirtear an milleán is mó ar, ach tá cúiseanna eile chomh maith, cosúil le droch-choinníollacha oibre agus na ciorruithe leanúnacha atá á dhéanamh i roinnt gairmeacha agus tionscail éagsúla. Tóg mar shampla cás na mbanaltraí, cás atá go mór i mbéal an phobail faoi láthair. Tá ciorruithe leanúnacha á dhéanamh ar an ngairm sin. Cén fáth an mbeadh duine ag mairstin sa tír seo ag marú é nó í féin ar bheagán pá, nuair atá i bhfad níos mó measa ar an obair i leithéidí na hAstráile agus Abu Dhabi agus i bhfad níos mó pá le saothrú?

Is cásanna náisiúnta iad sin, ar ndóigh. Ba mhaith liom díriú ar mo chás fhéin, cás Thír Chonaill agus an iar-thuaisceart agus cás na Gaeltachta. Anuraidh, de réir an daonáirimh d'fhág 6,731 an contae le dul ina gcónaí in áiteanna eile ar fud na tíre seo agus dar ndóigh ar fud an domhain. Ní thiocfadh linn a bheith ina ndiaidh orthu. Bánú na tuaithe atá ann. Ní hiontas ar bith go bhfuil siad ag imeacht. Níl na seirbhísí riachtanacha ann le freastal a dhéanamh orthu ó lá go lá. Inniu sa pháipear, deirtear linn go bhfuil ceithre scór eile d'oifigí poist le druid in gceantracha tuaithe. Nílimid abálta mairstin sna ceantracha seo agus ní hiontas ar bith go bhfuil an t-aos óg ag imeacht. Dár ndóigh, is féidir a rá le blianta beaga anuas go bhfuil neamhaird déanta ag an Rialtas ar Dhún na nGall agus ar cheantracha tuaithe cosúil leis. I mo thuairim féin, tá sé chomh maith acu droichead a thógáil i Leifear agus ar an taobh eile den chontae mar, i súile an Rialtais seo, is oileán í Tír Chonaill.

Maidir leis an todhchaí, cá bhfuil ár dtriall? Is muide anseo i bpríomhchathair na hÉireann i mBaile Átha Cliath inniu, is ábhar dóchais an méid atá le feiceáil againn sa bhfeabhas agus forbairt i roinnt tionscail agus gairmeacha éagsúla, ach níl sin le feiceáil i ngach áit, mo cheantar féin san áireamh. Mar sin, caithfear polasaí a chur i bhfeidhm le teacht ar réiteach ar na fadhbanna fostaíochta seo agus an easpa seirbhísí atá ar fáil, nó beidh an tír seo tréigthe, go háirithe na pobail tuaithe agus pobail na nGaeltachtaí. Tá na baill ina suí ar Chomhchoise na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán. Muna théitear i ngleic le na fadhbanna seo, cá háit a mbeidh staid na Gaeilge, na Gaeltachta agus go háirithe na n-oileán? B'fhéidir staitistic imirce a bheidh ionamsa agus na daltaí eile anseo sa chéad daonáireamh eile, muid ag leanúint ár sinsir ar an mbád bán ar deoraíocht san Astráil nó in Abu Dhabi.

B'fhéidir nach bhfuil mórán dúile ag an gcoiste i gcuid de na fíricí agus na ráitis atá tugtha agam inniu mar gheall ar staid na tíre. Muna bhfuil baill an choiste, cuid acu cíbe, ag iarraidh drochstaid na tíre a admháil, mar a dúirt an scríbhneoir cáiliúil, Seosamh Mac Grianna, rí-éigeas na nGael, "Deir siad go bhfuil an fhírinne searbh, ach creid mise, ní searbh atá sí ach garbh – agus sin an fáth a seachantar í". Tóg uaimse é: ní féidir an cheist seo a sheachaint níos mó nó beidh an tír seo tréigthe go deimhin.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom scéal béaloidis a insint faoi mo cheantar féin. Fada ó shin, thuas againne sa bhaile i gCloch Cheannfhaola, ba ghnách le muintir na háite siúl amach ar chúl na Mucaise, bealach iargúlta, go dtí áit ar a thug siad Droichead na nDeor leis an duine a bhí ag dul ar imirce. Shiúlfadh an duine a bhí ag dul ar imirce an chuid eile den bhealach go Doire Cholmcille nó go Baile Átha Cliath. Is iomaí deor a sileadh ag an droichead céanna sin. Is cinnte go raibh croíthe briste brúite mar go raibh a fhios acu nach bhfeicfeadh siad an duine seo choíche arís. Is samplaí nua-aimseartha den droichead sin atá in aerfoirt agus calafoirt ar fud fad na tíre seo. Is léir go bhfuil an t-uaigneas agus an briseadh croí céanna le feiceáil sna haerfoirt sin gach uile lá.

Impím ar na polaiteoirí a ndícheall a dhéanamh polasaithe a chur i bhfeidhm le dul i ngleic le fadhbanna fostaíochta agus easpa seirbhísí, go háirithe i bpobal tuaithe Gaeltachta, agus gníomh a chur i gcrích ar son pobal tuaithe, pobal Gaeltachta agus pobal iomlán na tíre chun deireadh a chur leis an uaigneas seo.

Gabhaim buíochas leis an bhfinné. Rachaimid ar ais arís go Coláiste an Eachréidh.

Mr. Micheál Ó Gríofa

Tá mé féin ag leanstan ar na pointí faoin topaic "An Todhchaí: Post in Éirinn nó an bád bán".

Le deanaí, leigh mé scéal faoi chailín óg, Molly Bogan. Tá sí críochnaithe sa mhéanscoil san Astráil agus ba mhaith léi teacht ar ais go dtí a tír dhucháis. An fhadhb ná go mbeidh uirthi €7,000 a íoc mar tháillí ollscoile i gcomporáid le €3,000. I gcás Molly, conas gur féidir linn duine mar sin a mhealladh ar ais le na táillí seo?

Cinnte, mothaím go bhfuil an t-ádh dearg orm go bhfuil cónaí orm in Éirinn mar is aoibhinn liom mo thír dhúchais. Le fírinne, ag an bpointe seo creidim nuair a chríochnaím sa choláiste go mbeidh orm an tír seo a fhágail. Ó aimsir an Ghorta ar aghaidh, tá nós cruthaithe dul ar imirce ó Éirinn go dtí áiteanna cosúil le Meiriceá nó chun na hAstráile mar gheall nach raibh an dara rogha ag daoine. Ní raibh postanna nó seirbhísí cearta ag daoine in Éirinn fadó, ach anois tá daoine fós ag fágáil ina sluaite. De réir na Príomh-Oifige Staidrimh, bhí breis agus 243 duine ag fágáil na tíre gach uile lá in 2013 agus 80,000 duine in 2016. Is ionann sin agus glúin iomlán caillte. Le fírinne, tá na glúnta caillte ó aimsir an Ghorta ar aghaidh. I mo thuairim go simplí, níl a dhóthain deiseanna againn sa tír seo do dhaoine. Le deireanas, leigh mé i Tuairisc.ie, as an 18,000 post atá ar fáil sa Státseirbhís, nach bhfuil ach 15 aitheanta mar phoist a bhfuil líofacht sa Ghaeilge riachtanach, An Roinn Oideachais agus Scileanna, An Roinn Airgeadais, An Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil, An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige agus An Roinn Cosanta san áireamh. Níl amhras ar bith ach gur náireach na staitisticí seo.

Ba mhaith liom díriú ar an topaic seo mar Ghael óg. Ba mhaith liom labhairt faoin buntáiste a bhaineann leis an Ghaeilge mar theanga sa tír agus conas gur féidir linn í a úsáid chomh maith is gur féidir linn i bpoist. Cé go bhfuil an tAcht i bhfeidhm ó 2010, níl ach plean gnímh á chur le chéile faoi láthair, seacht mbliain ar aghaidh. Anuraidh, rinneadh comóradh náisiúnta ar Éirí Amach 1916 agus muid ag cuimhneamh ar chlann uile an náisiúin. Céad bliain ar aghaidh, nílimid ag tabhairt aire do theanga an náisiúin i gceart fiú. Tá deiseanna dochreidte i gceist maidir le forbairt ár dteanga sa tsochaí. Dá mbeadh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge curtha i bhfeidhm i gceart, bheadh pobal na tíre nua-chothaithe agus spreagtha gan amhras. Ní fiú dúinn a bheith ag brionglóid faoi 250,000 cainteoirí Gaeilge sa tír muna dtig linn iad a shamhailt le rólanna lárnacha, iad gníomhach agus ag obair sa tír le postanna in Éirinn.

Ba cheart is ba chóir go mbeadh an Ghaeilge ag pléascadh amach as na ceantracha Gaeltachta agus as na Gaelscoileanna fud fad na hÉireann agus ag dul i bhfeidhm ar phobal uile na tíre i rith na bliana, i bhfad níos mó ná díreach cúpla focal le linn Sheachtain na Gaeilge. Ní leor an béalghrá anois má táimid i ndáiríre faoinár dteanga, faoinár bpobal is faoinár dtír. Tír gan teanga, tír gan anam. Caithfear níos mó deiseanna a chur ar fáil leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i gcrích. Deir lucht gnó linn, mar shampla, gur féidir linn leas a bhaint as an Ghaeilge i gcúrsaí margaíochta agus turasóireachta, ach tá i bhfad níos mó i gceist le teanga pobail. Ní neart go cur le chéile. Neartaíonn teanga an pobal. Is í an Ghaeilge bunchloch ár gcultúr. Tá sampla maith den phobal athchothaithe le feiceáil faoi láthair sa cheantar tuaithe ó thuaidh i Sleacht Néill, áit ina bhfuil athbheochan cultúrtha ar siúl agus an Ghaeilge mar chroí-lár na hathbheochana.

Mar a dúirt Máirtín Ó Cadhain, "Is í slánú na Gaeilge athghabháil na hÉireann". Níl aon amhras orm go raibh an ceart aige. Más rud é go dtiocfadh linn an Ghaeilge a athchothú, bheadh na Gaeil ag smaointiú faoi phostanna in Éirinn go cinnte. Tá dúshláin ann go fírinne ach má thugtar na deiseanna don ghlúin seo, táim dóchasach go dtiocfaidh linn na dúshláin a chomhlíonadh.

Gabhaim buíochas leis an bhfinné. Anois, an dara chainteoir ó Ghaelcholáiste Choilm.

Ms Rachel Lingwood

Táim sa séú bhliain ag freastal ar Ghaelcholáiste Choilm i gContae Chorcaí. Is mór an phribhléid dom bheith anseo os comhair an choiste chun labhairt faoi thopaic fíor-thábhachtach, is é sin an féinmharú agus daoine óga. Ní féidir a shéanadh gur fhadhb ollmhór í seo agus ba cheart labhairt fúithi, mar tá sé soiléir nach bhfuil sí ag bailiú léi in aon áit. Is é atá sa cheann agam le plé ná an strus a chuirtear ar dhaoine óga, an dúlagar agus na slite ar féidir an féinmharú a sheachaint sa todhcaí.

I láthair na huaire, tá mé féin agus daltaí cosúil liomsa, ar fud na tíre, i mbun obair dhian. Tá an ardteist ag teacht agus beidh sé anseo go tapaidh. Caithfidh mé a admháil, mar dhalta, is saol crua é saol an scoláire. Bíonn orainn obair lá i ndiadh lae, ó mhaidin go hoíche le haghaidh scrúdú dodhéanta agus míchothrom a mhaireann breis is dhá uair go leith. Bíonn a lán rudaí ag tarrac ár n-aird agus bíonn sé an-deacair do gach duine bheith sásta leo féin agus bródúil astu féin. Cén fáth? Mar, do dhaoine áirithe, an rud is tábhachtaí dóibh ná bheith ar fheabhas ag gach uile rud. An fhoirfeacht a bhíonn á lorg acu. B'fhéidir go bhfuil brú orthu sa bhaile óna dtuismitheoirí nó óna múinteoirí ar scoil. Cuireann sé sin isteach go mór ar a sláinte intinne. Tugann sé sin ar aghaidh mé chuig mo dhara phointe faoin dúlagar.

Glacann an dúlagar smacht ar shaol iomlán an duine, ar bhealach sleamhain, slítheanta agus cumhachtach. De ghnáth, ní bhíonn aon rian fisiciúil le feiceáil. Fulaingíonn duine as gach deichniúr idir trí bliana déag d’aois agus naoi mbliana déag d’aois leis an dúlagar. Cúpla blian ó shin, chaill mé cara le féinmharú. Bhíos an-mhór leis ach fós féin ní raibh a fhios agam go raibh sé ag fulaingt go dona leis an dúlagar. Duine greannmhar agus fuinniúil ab ea é agus bhínn ag gáire an t-am go léir leis. Cheap mé nach raibh cíos cás ná cathú air ach nach ormsa a bhí an dul amú. Níor labhair sé le haon duine faoin dúlagar agus ní féidir liom mo cheann a chur timpeall air sin. Níor oscail sé a bhéal chun cabhair a lorg. Cuireann sé isteach go mór ar mo chroí gur cheap sé nach mbeadh sé in ann cabhair a fháil. Bhí fonn éalú air agus roghnaigh seisean an tslí is measa ar domhan chun críoch a chur lena fhadhb.

Tarlaíonn rudaí cosúil leis seo gach uile lá agus thosnaigh mé ag ceistiú ár sochaí. Cad atá á dhéanamh againn chun a léiriú do dhaoine faoi ghruaim go bhfuil ualach cabhrach ar fáil sa tír? Níl aon réiteach tapaidh air seo ach caithfimid tosú ag déanamh jab níos fearr aire a thabhairt do na daoine óga atá ag fulaingt sa tír seo. Tugann sé sin ar aghaidh mé chuig mo phointe dheireanach.

Ní mór don Rialtas airgead a chur ar fáil do na heagraíochtaí a chuireann seirbhisí ar fáil, mar shampla, Pieta House. Déanann siad sár-jab ag cabhrú le daoine óga in am an ghátair.

Ba chóir go mbeadh cabhair phroifisiúnta ar fáil sna scoileanna chun cabhrú le scoláirí atá faoi bhrú ón gcóras oideachais. Inár scoilse tá beirt ghairm threoraí go leith againn agus ní leor sin in aon chor do scoil le daonra scoláire thar 1,400. Ní mór do Facebook, Twitter agus na meáin cumarsáide sin gach ar féidir leo a dhéanamh chun deireadh a chur le bulaíocht ar líne agus chun faire amach dos na daoine óga a bhaineann úsáid as na suíomhanna sin. Caithfidh an coiste agus an Rialtas a chinntiú go bhfuil dlithe sa Bhunreacht a dhéileáileann leo siúd ata i mbun na bulaíochta ar líne.

Cloistear scéalta go minic faoi dhaoine cáiliúla a labhraíonn go hoscailte faoina bhfulaingt féin leis an ndúlagar, mar shampla, Bressie, a labhair amach sa bhliain 2014 faoina dheacrachtaí féin. Spreag a scéal flúirse daoine óga chun a bhí ag cur as dóibh a phlé nó é a lua le duine fásta.

Más rud é nách dtógann baill an choiste aon rud eile ón óráid seo, tá súil agam go dtuigeann siad é seo. Tá sé de cheart againn ar fad súp is sásamh a bhaint as ár saoil agus muna mbraitheann duine 100%, tá sé sin ceart go leor. Tá cabhair ann, ach caithfimid mar shochaí jab níos fearr a dhéanamh chun an chabhair sin a fhógairt. Mar a dúirt Donal Walsh, is réiteach buan é féinmharú ar fhadhb shealadach. Tá slí eile éalú ón ndorchadas, ach ní hé féinmharú an freagra riamh. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an éisteacht bhéasach. Rachel Lingwood is ainm dom agus is iad sin mo thuairimí faoi fhéinmharú agus daoine óga. Beir bua is beannacht.

Gabhaim buíochas leis an bhfinné. Rachaimid anois go dtí an dara chainteoir ó Phobalscoil Chloich Cheannfhaola.

Ms Eilís Ní Ruiséil

Is mór an onóir domsa a bheith anseo inniu ag labhairt libh faoin ochtú leasú i mBunreacht na hÉireann. Is ábhar fíor-chonspóideach é seo gan dabht agus ba mhaith liomsa cúlra nó stair na conspóide a thabhairt ar dtús. Bhí dlí frith-ghinmhillte sa tír seo in 1861. De réir Acht um Chionta in Aghaidh an Duine, cuireadh príosúnacht ar bhean ar bith a rinne iarracht ginmhilleadh a fháil muna raibh bagairt siceolaíocht láithreach ann. Bhí eagla ar dhreamanna difriúla sa tír a bhí i gcoinne an leasú seo go raibh an dainséar ann go nglacfadh breitheamh ciall eile as na focal "bagairt siceolaíocht" agus go mbeadh ginmhilleadh ceadaithe. Mar sin chuir siad brú ar an Rialtas reifreann a bheith ann leis na focail a athrú ionas go mbeadh sé an-deacair ginmhilleadh a fháil. Ba é seo an t-ochtú leasú i mBunreacht na hÉireann in 1983. Deir an leasú a leanas: "Admhaíonn an Stát ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha agus, ag féachaint go cuí do chomhcheart na máthar chun a beatha, ráthaíonn sé gan cur isteach lena dhlíthe ar an gceart sin agus ráthaíonn fós an ceart sin a chosaint is a shuíomh lena dhlíthe sa mhéid gur féidir é". Ghlac an pobal leis an reifreann sin.

Mhúscail an reifreann seo dearcaí eagsúla ó dhreamanna difriúla sa tír agus bhí dream mór a bhí go huile agus go hiomlán i gcoinne an leasuithe seo. Tharla cúpla rud i ndiaidh sin a thug an t-easaontas chun tosaigh arís. In 1984, chuir scéal scanrúil scáfaireach Ann Lovett brón agus uafás ar phobal na tíre. Girseach bheag óg cúig bliana déag d'aois a bhí inti, dhá bhliain níos óige ná mé féin ag an am. D’fhág sí a scoil ag am lóin. Lá fuar, fliuch, cáidheach a bhí ann. Rug sí breith ar leanbh beag bídeach faoi dhealbh na Maighdine Muire. Thainig páistí beaga uirthi ar maidin an lae arna mhárach agus í ar imeall an bháis agus corp a linbh beag clúdaithe ina cóta féin. Fuair Ann bocht bás ar an turas go dtí an ospidéal. Tharla seo bliain i ndiaidh an ochtú leasuithe, dlí a cuireadh i bhfeidhm chun beatha a chosaint. Is soiléir gur a mhalairt a tharla. Bhí an tír náirithe.

In 1992, tharla rud uafásach eile ar a tugadh cás X. Arís, girseach óg 14 bliana d’aois a bhí i gceist. Bhí sí ag iompair clainne de bharr coir uafásacha éagnú a d’fhulaing sí. Ní raibh sí ag iarradh an páiste a bheith aici agus bhí smaointí féin-mharaithe aici feasta. Bhí sí ar a bealach go Sasana le ginmhilleadh a fháil ach cuireadh stop léi. Bhí racán sa tír arís. Chuaigh an cás go dtí an Cúirt Uachtarach agus dúirt an breitheamh go raibh an ceart ag bean ginmhilleadh a fháil má bhí a saol i mbaol.

Ansin tharla scéal millteanach brónach Savita Halappanavar cúig bliana ó shin. Bhí cuimhneamh ag mo thuismitheoirí ar na cásanna eile agus bhí mé ábalta ceisteanna a chur orthu faoi caidé a bhí ag dul ar aghaidh ag an am, ach tá cuimhneamh agam fhéin ar an gcás seo. Fuair Savita bás i ndiaidh breith mhairfeach sheipteach. Fuair an leanbh bás chomh maith ach rinneadh an scéal tragóideach seo níos measa mar go bhféadfadh saol Savita a shábháil. Nuair a bhí a fhios acu nach dtiocfadh leis an leanbh teacht ar an saol beo, dúirt sí go raibh sí ag iarraidh foirceannadh. Dhiúltaigh siad é sin a dhéanamh agus fiú dúradh léi nach ndéanfadh siad é sin, mar a dúirt siad fhéin, "This is a Catholic country." Bhí muid náirithe arís.

Chruthaigh a bás fearg agus frustrachas i measc cuid mhór daoine sa tír agus bhí daoine ag iarraidh dlí a dhéanamh a bheadh soiléir. Ó na casanna seo uilig tá sé rí-shoiléir gur topaic iontach casta agus achrannach é seo ach caithfear réiteach fóirsteanach a fháil air. Gach uile lá téann ar a laghad deichniúr ban trasna go Sasana le ginmhilleadh a fháil, thar 3,500 sa bhliain. De réir fianaise atá foilsithe ag an Irish Family Planning Association, IFPA, cuireadh tuairim is 1,600 piollaí ginmhille chun na tíre seo idir 2010 agus 2012. Tá tuairimí an-láidir ag an dá thaobh atá ag argóint faoi. Cé atá ceart? An bhfuil ceart nó citeach ann? Cé a shocróidh é? Leanfaidh an conspóid ar aghaidh bliain i ndiaidh bliana agus mar sin tá socrú ag gabháil orainn go luath, agus tá an socrú sin ag brath ar na polaiteoirí.

Tá an t-ábhar seo i mbéal an phobail. Fiú rinne The Irish Times suirbhé ar an topaic seo an Aoine seo caite. Seo roinnt de na ceisteanna a bhí i gceist. Ar cheart do bhean cead ginmhilleadh a fháil ma tá sí ag iompar clainne de bharr éigniú nó ciorrú coil? Bhí 77% i bhfábhar ginmhilleadh sa chás sin. Fosta, ar cheart di cead ginmhilleadh a bheith aici má tá féatas marfach mí-normalta ag an leanbh? Bhí 76% i bhfábhar sin. Chomh maith le sin, tá ceisteanna eile a gcaithfear smaoineamh air. Ar cheart do bhean a cearta bunúsacha a bheith aici agus a rogha fhéin a dhéanamh? An bhfuil cearta ar bith ag an athair? Cá huair go bhfuil féatas ina leanbh? Caidé faoi chearta an linbh sin nach bhfuil ar an tsaol go fóill?

Tá sé doiligh freagraí cearta a thabhairt ar na ceisteanna seo gan dabht. Tá cuid mhór rudaí a gcaithfidh polaiteoirí smaoineamh air go hionraic le croí agus intinn oscailte. Ná déan cinneadh mar gheall ar bhrú ó thaobh amháin nó taobh eile, nó a bheith ag smaoineamh ar an chéad toghchán eile. Gabh de réir bhur gcoinsiasaí fein.

Gabhaim buíochas leis an bhfinné. Rachaimid ar ais arís go dtí an cainteoir deireanach ó Choláiste an Eachréidh.

Ms Leah Ní Mhuirgheasa

Leah is ainm dom agus táim ag leanstan leis na pointí a bhí ag mo chomh-scolairí ar an topaic: “An Todhcaí: Post in Éirinn nó an bád bán”. Ba mhaith liom díriú ar an "imeacht intleachta" atá ag tarlú agus moladh conas a mheallaimid Éireannaigh ar ais.

Gan dabht ar bith, pé áit a bhfuileamar, tá súil againn uilig go mbeidh post againn sa todhcaí. An cheist ná, an mbeidh muid anseo inár dtír dhúchais nó an mbeidh muid ag obair thar lear? Go simplí, braitheann an leibhéal imirce ar an leibhéal fostaíochta. Faoi láthair, an meon ginearálta atá ag Éireannaigh ná gur féidir leo oideachas a fháil in Éirinn. Muna bhfuil siad in ann post a fháil, níl ach an bád bán mar rogha acu. Ó staitisticí an CSO, tá an méid is mó eisimircigh idir 25 agus 44 bliana d'aois. Dar liom, seo na daoine is tábhachtaí inár sochaí. Is féidir linn "imeacht intleachta" a chur ar seo. In 2016 amháin, d’fhág 32,000 duine le oideachas tríú léibhéal ár dtír agus tá na mílte eile le scileanna eile ag fágáil ár dtír chomh maith.

Caithfimid é seo a cheistiú. Cén fáth a bhfuil na daoine is cliste inár dtír ag fágáil chun a gcuid saineolais a chur in úsáid áit éigin eile? Cén fáth nach féidir leo post a fháil ina dtír féin? Cén fáth nach bhfuil a ndóthain tacaíochta ag teacht ónár dtír go mbeadh siad in ann pá réasúnta a shaothrú? Cén fáth, chun an méid is mó a bhaint amach sa saol, go bhfuil orthu a n-áit cónaithe agus a gclainne a fhágáil? Conas a bhfuil muid ábalta an fhadhb seo a réiteach? Conas a mheallann muid na daoine riachtanacha seo ar ais?

Conas gur féidir linn iad a stopadh ag imeacht sa chéad dul síos? Tá Éire cheana féin bunaithe ar dhaonra thar a bheith cliste. Tá beagnach 200,000 duine in institiúidí ard-oideachasa in Éirinn faoi láthair, ach an féidir leo na scileanna seo a chur in úsáid? Faoi láthair, ní féidir. Is tír idirnáisiúnta, ilchultúrtha muid ach caithfimid toiseacht ag cur postanna ar fáil in Éirinn. Is tír neamhspleách muid, ach cé chomh neamhspleách is atáimid i ndáiríre? Táimid ag brath ar chomhlachtaí iasachta chun lonnú in Éirinn chun postanna a chruthú. Cén fáth nach bhfuil muinín ag ár Rialtas i muintir na hÉireann? Tá muid oilte agus saibhir le scileanna sa tír seo. Ba chóir go mbeadh ár Rialtas sásta tacú linn agus ba chóir go mbeadh muid muiníneach ionainn féin mar phobal.

San aois seo, tréimhse leis an oiread sin cúrsaí neamhchinnte, níl an dara rogha againn ach toiseacht ag brath ar ár bpobal féin. Is féidir linne a bheith mar cheannródaithe domhanda i réimsí ar nós cúrsaí teicneolaíochta agus cúrsaí leighis. Chomh maith, tá bearna mór sa domhan i gcomhair chaomhnú timpeallachta. Níl aon amhras go bhfuil cúrsaí timpeallachta ar cheann de na fadhbanna is mó atá romhainn sa lá atá inniú ann. Rugadh agus tógadh mo ghlúin leis na fadhbanna seo. Tá sé thar a bheith práinneach go rachaimid i ngleic leis na deacrachtaí seo láithreach. Cinnte, mar shampla, thiocfadh linn a bheith mar cheannródaithe ó thaobh ábhair a hathchursáil san Eoraip, rud a chruthódh go leor fostaíochta. Ní hamháin sin ach is féidir linn a bheith mar cheannródaithe ó thaobh fhuinnimh in-athnuaite - fuinnimh atá ag teastáil uainn gan amhras - agus rudaí eile a chruthódh go leor fostaíochta. Bheadh na postanna seo in Éirinn agus ní bheadh daoine ag smaointiú faoin mbád bán. Níl de dhíth leis na samplaí seo a chur i gcrích ach an toil ceart a bheith ag ceannairí ár dtír tabhairt fúthu.

Is cosúil go bhfuil Rialtas na tíre seo ag cur béime ar chúrsaí gnó agus conas gur féidir le daoine áirithe airgead agus brabús a dhéanamh. Creidim go bhfuil sé in am dúinn smaointiú faoin bpobal iomlán - gach uile duine sa tsochaí - agus fís cheart a bheith againn don todhchaí. Caithfimid toiseacht ag léiriú tionscnaíochta chun a bheith mar thír nuálach agus lán le deiseanna, áit a bhfuil daoine bródúil as agus tír atá ag obair ar son an domhan a fheabhsú.

Gabhaim míle buíochas leis an gcoiste as ucht cluas a thabhairt dom féin agus do mo chomh-scoláirí.

Anois beidh an cainteoir deireanach ó Ghaelcholáiste Choilm againn.

Ms Ciara Ní Icí

Sula dtosnaím, ba bhreá liom buíochas a ghabháil as ucht an tseans seo labhairt faoi thuairimí an aosa óig.

Galar tostach a thugtar ar an ngalar dubh. Glacann an galar seo smacht ar shaol iomlán an déagóra ar bhealach sleamhain, slítheánta agus cumhachtach. Mothaíonn an duine atá ag fulaingt go bhfuil sé á thachtadh ag an dorchadas agus is iad an dearóil agus an t-éadóchas an dá thréith is measa. De ghnáth ní bhíonn aon chúis fhisiciúil le feiceáil; bíonn siad ag fulaingt i ngan fhios. Níos minice ná a mhalairt, bíonn na híobartaigh ar na daoine ba shóisialta and ba mhuiníní atá ann.

Tarlaíonn sé arís is arís eile. Tuigfidh éinne atá ar Facebook. Feiceann siad na pictiúirí úd de dhaoine, fír óga de ghnáth, ag gáire lena gcairde. Pictiúirí atá dorcha ach spleodrach, a nglacadh ar oíche amuigh, atá iontu den chuid is mó. Faoi na pictiúir sin, bíonn an teachtaireacht chéanna i gcónaí ann: "Ar iarraidh. An bhfaca éinne an duine seo? Eolas á lorg ag na gardaí faoin duine seo." Duine atá imithe gan tásc gan tuairisc agus gach seans, faraor, go dtiocfaidh na gardaí ar a chorp in abhainn éigin in aice láimhe, luath nó mall. Cloistear an scéal céanna i bhfad ró-mhinic amanta ach fós tá fás as cuimse tagtha ar rátaí féinmharaithe i measc déagóirí le blianta beaga anuas. Is léir don dall go bhfuil rud éigin mí-cheart.

Cad ba chúis leis? An é an córas oideachais? An é an cibearbhulaíocht? An é brú na scrúduithe? An é fadhbanna teaghlaigh? Is cuma. An rud is measa ná go bhfuil an fhadhb fós inár dteannta agus tá sé ag dul in olcas. Ní thuigtear cad ba chúis leis. Dá mbeadh, bheadh míniú ar an mothú. Cuireann an easpa mínithe seo le fulaingt an duine bhoicht.

Chun an fhírinne a rá, tá iarracht á dhéanamh ag an Rialtas ach, i ndairíre, níl leath a dhóthain á dhéanamh. Deirtear le déagóirí gan é a dhéanamh. Deirtear leo go bhfuil gach éinne taobh thiar dóibh. Deirtear leo go bhfuil orthu labhairt faoi. Níl sé chomh héasca sin. Níl focail a ndóthain. Tá orainn síneadh amach; tá orainn iarracht níos mó a chur isteach. Ní hionann cúpla focal agus saol déagóra a shábháil. Mar shampla, dá dtabharfainn pláta briste do dhuine agus dá n-iarrfainn air a bhrón a ghabhadh leis, an mbeadh sé deisithe? Ní bheadh. Sin sampla maith den locht atá ag focail do dhaoine féinmharfacha sa lá atá inniu ann.

Tá easpa áiseanna, cúnaimh agus tuisceana sa tír seo mar gheall ar shláinte intinne. Tá stiogma roimh an ngalar dubh agus níl sé ceart ná cóir. Ba cheart do gach duine meas a bheith acu ar dheacrachtaí dhaoine eile. Níl saol aon duine againne foirfe nó éasca, fiú má tá gach cuma ar an scéal go bhfuil. Ba cheart don Rialtas iarracht a dhéanamh brú dhaltaí a mhaolú agus dul i ngleic leis na fadhbanna a chránn iad. Ba cheart tacaíocht agus moladh a thabhairt do dhaoine in ionad iad a cháineadh. Ní laige nó leithscéal é drochshláinte intinne. Caithfimid an teachtaireacht a scaipeadh go bhfuil cabhair ann i gcónaí agus go bhfuil réiteach ann dóibh.

Tá sé cruthaithe ag saineolaithe go bhfuil dlúthcheangal idir cleachtadh coirp agus sláinte intinne. Creideann dochtúirí go bhfuil sé riachtanach go ndéanann daoine a fhulaingíonn ón ngalar dubh aclaíocht chun ionoirfiní an choirp a scaoileadh. Cuidíonn seo le sláinte intinne an duine. Ní mór dúinn, mar sochaí, iomaí imeachtaí a chur ar siúl do dhaltaí méanscoile. Fiú amháin siúlóid timpeall an estáit: dhéanfadh sé an méid sin maitheasa do dhuine. Ní chreidfeá cén difríocht a ndéanfadh sé go dtí go bhfuil triail bainte againn astu.

Fulaingíonn duine as gach deichniúr idir 13 bliain d’aois agus 19 bliain d’aois ón dúlagar agus is minic a leanann féinmharú an dúlagar seo. Cuireann níos mó fear a lámha ina mbás féin ná mná. De réir Phríomh-Oifige Staidrimh na hÉireann cláraíodh curiarracht de 457 cás féinmharaithe i rith 2010. B’fhir nó buachaillí 78% díobh siúd a thug a mbás féin agus ba mhná nó cailíní an 22% eile. Samhlaigh go mba tusa a bhí ann. Bheadh cabhair uait, nach mbeadh? Tá sé de dhualgais orainn moill a chur ar an méid déagóirí a fhulaingíonn ón ngalair dubh sa todhchaí agus méid a chur ar an méid imeachtaí sláintiúla agus aclaíochta atá ar siúl i rith na bliana do dhéagóirí. Is rud comónta é an galar dubh. Cén fáth nách rud comónta é cabhair a fháil dó?

Ceapaim gurb é spreagadh folláine an rud ba thábhachtaí i measc daoine óga. Ní hé an réiteach is fearr leigheas cuimsitheach a chuardach do gach chás de dhúlagar nó imní, ach slí beatha sláintiúil, feasach, folláin a spreagadh do gach duine. Is é an t-aon rud gur chóir dúinn neamhaird a thabhairt air ná ár neamhaird agus aineolas. Sa todhcaí, ba bhreá liom Éire a shamhlú mar thír a chuireann sláinte intinne ar chomh-thábhacht le sláinte fhisiciúil. Mura bhfuil ár sláinte intinne mar thosaíocht againn, conas a d’fhéadfaimís súil le sláinte fhisiciúil sláintiúil? Mar a deirtear, tá intinn fholláin i gcorp folláin.

Glaoim ar Ronán Mac Aoidh, a bhí thar a bheith foighdeach. Is é an cainteoir deireanach ó Phobalscoil Chloich Cheannfhaola.

Mr. Ronán Mac Aoidh

Ba mhaith liom labhairt san áras breá seo faoi ábhar nár maith le daoine labhairt faoi - ábhar a ndéanann an chuid is mó againn iarracht é a chur amach as ár n-intinn. Ábhar é nach bhfuilimid ag déanamh go leor le réiteach na faidhbe a fháil. Is é sin féinmharú agus an t-aos óg. Tá mé cinnte nach bhfuil duine ar bith i láthair inniu nach bhfuil a fhios acu ar dhuine inteacht - scoláire dá scoil féin, duine muintire nó duine san chomharsanacht - a fuair bás de bharr an fhéinmharaithe. De réir statisticí, fuair 554 duine - óg agus aosta - bás de bharr an fhéinmharaithe in 2011. Sin uimhir atá i bhfad níos mó ná an uimhir de dhaoine a fuair bás de bharr timpistí bóithre agus táimid uilig ag cur brú ar an Rialtas rudaí a dhéanamh faoi na timpistí seo ach nílimid ag cur leath an bhrú orthu faoin bhfhéinmharú.

De réir staidéir a rinne Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn, tá duine as achan seisear déagóir ag fulaingt ó neamhord meabhrach agus is é seo príomhchúis an féinmharaithe. I gcásanna áirithe tá an neamhord seo géiniteach ach tá a lán cúiseanna eile ann, ina measc ólachán agus drugaí, brú sa bhaile nó ar scoil, uaigneas, bulaíocht, gnéaschlaonadh agus a lán cúiseanna eile.

Mar gheall ar shrian ama, ba mhaith liom díriú ar chuid de na cúiseanna a chuireann isteach ar dhaoine óga. Ar dtús labhróidh mé faoin ólachán. I láthair na huaire, de réir scrúduithe a rinneadh le déanaí, d'admhaigh 85% de scoláirí dara leibhéal go n-ólann siad deochanna meisciúla. Cé go bhfuil sé seo scanrúil, ní chuireann sé iontas ar bith orm féin. Mar a deir an seanfhocal, "An rud a chíonn an leanbh is a níonn an leanbh". Cíonn an t-aos óg a lán ólacháin. Cíonn siad daoine óga ag dul amach achan deireadh seachtaine ag ól agus ag glacadh drugaí agus tá brú orthu an rud céanna a dhéanamh. Gan mhoill, tá cuid acu sáinnithe agus níl seo maith don mheabhairshláinte.

Tá réiteach ar an fhadhb seo, áfach. I láthair na huaire, tá sé ró-éasca deoch a cheannach. Tá slabs móra leanna le fáil ar bheagán euro i siopaí, stáisiún peitril agus siopaí eischeadúnais. Tig dlí a chur i bhfeidhm nach ceart deochanna a dhíol ar luach íseal agus stop a chur le deochanna a bheith ar fáil i stáisiúin peitril agus a leithéidí. Ní smaointe úra iad seo. Mar shampla, sa tSualainn, tá monaplacht ag an Rialtas ar an díolachán óil. Níl cead deoch a cheannach áit ar bith ach amháin sna siopaí Rialtais agus caithfidh an ceannaitheoir a bheith thar 20 bliain d'aois. I mo thuairimse, ba chóir níos mó eolais a bheith ar fáil in ár scoileanna faoi dhainséar an alcóil.

Fadhb eile ná an bhulaíocht. Is fadhb mhór í seo, go háirithe an méid cibearbhulaíochta atá ag dul ar aghaidh ar na meáin shóisialta, cosúil le Snapchat agus Facebook Messenger. Sílim féin go bhfuil an chibearbhulaíocht i bhfad níos measa ná an bhulaíocht fhisiciúil mar nílimid in ann na marcanna atá fágtha ar an intinn a fheiceáil. Má tá an bhulaíocht ag dul ar aghaidh ar scoil, leanann sé an dalta abhaile tríd na meáin shóisialta. Níl faoiseamh ar bith ag an duine óg. Níl siad ábalta codladh san oíche. Síleann siad go bhfuil fuath ag daoine orthu agus nach bhfuil cairde ar bith acu. Is é seo ceann de phríomhchúiseanna an fhéinmharaithe. Mar gheall air seo, tá caint ann nár ceart do pháistí atá faoi 16 bliain d'aois fón póca a bheith acu. Fón póca é seo ina bhfuil suíomhanna pornagrafaíochta le fáil go héasca. Fón póca é seo ina bhfuil daoine óga ábalta cibearbhulaíocht a dhéanamh ar dhaoine eile. B'fhéidir gur chóir do pholaiteoirí ár dtíre smaoineamh a dhéanamh air sin.

Smaoinigh ar an mbrú atá ag baint leis an scoil. Tá scrúduithe le déanamh. Caithfear an méid ceart pointí a fháil. Muna n-éiríonn leis an dalta, síleann sé nó sí nach bhfuil maitheas ar bith ann nó inti agus go bhfuil sé nó sí teipthe. Tá piarbhrú ag baint leis an scoil fosta le cuma ceart a bheith ar an dalta. Tá aithne agam ar chailíní i mo rang féin a n-éiríonn ar a 6 a.m. le smideadh a chur orthu agus ní hamháin smideadh ach an smideadh ceart a chosnaíonn a lán airgid. Cuireann sé seo uilig isteach go mór ar dhaoine óga. Ba chóir traenáil speisialta a thabhairt do mhúinteoirí ar scoileanna le bheith ábalta déileáil le fadhbanna an duine óig. Ba chóir saineolaithe a bheith ar fáil le déileáil le páistí a bhfuil faoi bhrú mór, go háirithe le daoine óga atá ag fulaingt ó neamhord meabhrach.

Tá grúpaí sa tír seo atá ag déanamh obair iontach ar son an aosa óig, ina measc, na Samaritans, Childline agus CAMHS agus i nDún na nGall tá Jigsaw Leitir Ceanainn. Ach ar an drochuair caithfear níos mó a dhéanamh. Trí obair le chéile, b'fhéidir go dtiocfadh linn pláigh an fhéinmharaithe a dhíbirt ónár dtír, go háirithe ón aos óg.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom thar ceann Phobalscoil Chloich Cheannfhaola buíochas a thabhairt don Chathaoirleach, an Teachta Catherine Connolly, agus do Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán an deis seo a thabhairt dúinn labhairt anseo. Gabhaim buíochas speisialta lenár Seanadóir féin, an Seanadóir Brian Ó Domhnaill, iar-scoláire Phobalscoil Chloich Cheannfhaola. Tá súil agam gur bhain an coiste sult as ár gcuid cainte agus, cé nach cainteoirí proifisiúnta muid, b'fhéidir lá inteacht go mbeimid ar ais go proifisiúnta.

Ní fhaca mé polaiteoirí chomh ciúin riamh i mo shaol, mé féin san áireamh. Tá deis ceisteanna anois ann. B'fhéidir ceist nó dhó amháin. Nílim ag iarraidh cúig nó sé cinn i dtús ach tiocfaidh mé ar ais.

Cuirim míle fáilte roimh na finnéithe. Dúirt duine éigin acu gur pribhléid dóibh é a bheith anseo. Ní shin atá i gceist cor ar bith ach is pribhléid dúinne siadsan a bheith anseo i ndáiríre píre. Bíonn muid ag go leor cruinnithe comhchoiste agus, le bheith fírinneach, dá mbeadh chuile chur i láthair chomh spleodrach, domhain agus smaointeach leis an gcuid atá déanta acu, bheadh an obair ar bun anseo i bhfad i bhfad níos fearr. Tá ardmholadh ag dul leo agus ní plámás é sin. Tá sé sin dáiríre. Thug siad go leor ábhar machnaimh dúinn ansin ó thaobh na ceisteanna éagsúla ar nós inimirce agus féinmharú.

An rud a bhí do mo bhualadh ansin ná go bhfuil daoine áirid sa tír seo a déarfadh nár ceart vóta a thabhairt do dhaoine óga ar aois a 16 bliain. Bheinn ag rá le daoine atá ar an tuairim sin éist leis an díospóireacht a bhí anseo inniu. Sílim go bhfuil na finnéithe breá ábalta agus léiríonn siad go mbeadh siad breá cumasach le vóta a chaitheamh agus a n-intinn féin a dhéanamh suas faoi chúrsaí polaitíochta. Ba mhaith liom an cheist sin a chur ar ais ar na finnéithe. Céard é a dtuairim ó thaobh an vóta a bheith acu ag 16 bliain?

Luaigh Rachel Lingwood an brú a bhíonn ar dhaltaí ó thaobh scrúduithe agus ó thaobh na hardteiste agus mar sin de. An bhfuil aon tuairimí ag na finnéithe maidir leis an gcóras oideachais, go háirid córas na hardteistiméireachta agus an brú a bhíonn ann ó thaobh na scrúduithe? Ar mhaith leo athruithe a fheiceáil air sin? Ar mhaith leo go mbeadh níos mó meastóireacht leanúnach nó go mbeadh na scrúduithe ar bhealach éagsúil agus mar sin de? An athródh siad an córas dá mbeadh siad ábalta é sin a dhéanamh?

Is daoine óga iad na finnéithe ó cheantair éagsúla. Tá cuid acu gar do bhaile mór. Tá cuid eile acu ar an Eachréidh amuigh faoin tuath. Tá cuid acu gar do bhaile mór agus cuid acu i gceantair tuaithe. Ó thaobh áiseanna do na daoine óga, tá brú mór ar dhaoine óga ó thaobh an fhéinmharaithe, mar a chuala muid, agus ag an scoil agus mar sin de. An bhfuil dóthain áiseanna ar fáil do dhaoine óga? An bhfuil tacaíocht ar fáil dóibh ó thaobh na n-áiseanna atá ag teastáil le go mbeadh siad in ann saol folláin a chaitheamh? Dá mbeadh breis áiseanna agus breis airgid ar fáil, céard na háiseanna gur mhaith leo?

Gabhaim míle buíochas leis na finnéithe as teacht isteach agus as neart ábhar smaointeoireachta a thabhairt dúinn. Ó thaobh an Seanadóir Ó Domhnaill, an creatúr, glacaim leis nach bhfuil sé i bhfad imithe ón meánscoil. Ceapaim go gcaithfidh sé a bheith an-chúramach mar tá ábhar polaiteoirí ag teacht ina dhiaidh a bheidh á chur faoi bhrú agus muid ar fad faoi bhrú, sílim.

Bhí trí cheist ann: ceisteanna maidir leis an vóta, scrúduithe agus an brú atá leo, agus easpa áiseanna. Is féidir leis na finnéithe ón dtrí scoil ceann acu a phiocadh agus í a fhreagairt.

Mr. Conor Ó Gallchóir

Creidim gur ceist chonspóideach í an cheist faoin chóras oideachais. Níl mise ach 15 bliana agus ceist í don Roinn Oideachais agus Scileanna ar ndóigh agus ní ceist domsa í. I mo thuairim féin, tá cáil ar an oileán seo - Oileán na Naomh agus na nOllamh - agus deir siad gur an scrúdú is deacra a dhéanfaidh tú choíche ná an scrúdú ardteiste. Sílim féin gur ullmhúchán breá don saol an scrúdú céanna sin. Ní saineolaí mise agus níl ann ach mo thuairim pearsanta féin. Is ceist í ba chóir a phlé sa Roinn Oideachais agus painéal ar leith eile le hathbhreithniú a dhéanamh air.

An bhfuil aon rud le rá ag a bheirt chomhghleacaí? Níl. Bhí ceist ann faoi easpa áiseanna.

Ms Eibhlín Nic Cormaic

Labhróidh mise ar an vóta. Ceapaim gur chóir go bhfanfadh sé mar atá agus an aois vótála a choimeád ag 18 mbliana. Sin an aois a bhíonn an duine fásta. Tá dhá bhliain níos mó taithí ag an duine idir 16 bliana d'aois agus 18 mbliana d'aois. Cé go mbeadh cuid acu réidh ag aois 16 bliana, ceapaim go mbeidh i bhfad níos mó daoine, agus 18 mbliana d'aois acu, réidh le vótá a thabhairt agus níos mó tuairimí acu.

Mar sin, bheadh sé níos fearr fanacht go dtí 18 mbliana d'aois seachas 16 bliana.

Mr. Micheál Ó Gríofa

Thug an coiste deiseanna dúinn anseo inniu. Ní cheapaim go bhfuil aon duine anseo 18 mbliana d'aois ach b'fhéidir go bhfuil daoine 16 nó 17 mbliana d'aois agus is deis iontach é seo ár dtuairimí a thabhairt don choiste seachas fanacht dhá bhliain eile. Má tá fadhb agamsa inniu, nílim chun fanacht dhá bhliain eile chun mo thuairimí a thabhairt. Is deis iontach é gur féidir linn ár dtuairimí a chur faoi bhráid an choiste inniu.

Mr. Darragh Lankford

Is dóigh liom go bhfuil thart ar 1,500 dalta in ár scoil agus níl ach beirt mhúinteoirí gairmthreoracha againn. Sin múinteoir gairmthreorach amháin in aghaidh gach 750 dalta agus ní leor san. D'fheicfí orainn mar dhaoine le fadhbanna. Is mór an méadú i líon na ndaltaí a bhí againn in ár scoil agus ní leor beirt mhúinteoirí gairmthreoracha.

Ms Rachel Lingwood

In ár scoil, tá múinteoirí den scoth againn. Tá siad an-tuisceanach agus is féidir linn dul chucu le haon fhadhb atá againn. Mar a dúirt Darragh, níl beirt mhúinteoirí gairmthreoracha ceart go leor. Níl ach múinteoir amháin le haghaidh gach 750 dalta. Tá an-chuid oibre á dhéanamh acu ach níl go leor acu ann.

Ms Ciara Ní Icí

Dá mbeadh fadhb agam agus dá mbeadh orm labhairt leis an múinteoir gairmthreorach go práinneach, ní bheadh an deis agam dul díreach chuici. Bheadh orm fanacht go dtí go bhfuil sí saor mar bheadh 749 dalta eile ann romham. Tá na háiseanna spóirt ar fáil dúnn ach uaireanta bíonn orainn labhairt faoi chun réiteach a fháil ach ba chóir go mbeadh gach réiteach ann dúinn.

Bhí mé ag iarraidh smacht a chur ar bhaill an choiste. Glaoim ar an Teachta Ó Muineacháin.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an gcur i láthair. Tá an-chuid eolais ann agus an-chuid tuairimí láidre. Tá áthas orm iad a chloisteáil. Gan dabht, léiríonn sé seo ní hamháin na tuairimí atá ag na finnéithe ach an tsuim sna hábhair éagsúla. Teastaíonn uaim díriú ar chúpla ábhar. Rinne an-chuid de na finnéithe plé ar fhostaíocht agus imirce agus mar sin de. Níl an cheist seo dírithe ar aon duine faoi leith, ach luaigh Darragh, mar shampla, an éifeacht a bhí ag an oideachas saor. Luaigh na finnéithe éagsúla angles difriúla. Cad iad a dtuairimí mar gheall ar fhostaíocht amach anseo? Cad é an chuma a bheidh ar fhostaíocht? An mbeidh daoine ag déanamh an ról céanna ar feadh a saolta ar fad? An mbeidh daoine ag obair agus ag cónaí san áit chéanna? An mbeidh an obair ar an Idirlíon agus daoine ábalta suí ar an trá áit éigin, siúl isteach agus roinnt gnó a dhéanamh ar an ríomhaire glúine? An mbeidís ag obair ó thíortha difriúla? Cad é an leagan amach a bheidh ar chúrsaí oibre amach anseo? An mbeidh sé cosúil le hobair Gharda nó mhúinteoir atá ag cónaí agus ag obair sa tír chéanna nó an mbeidh cuma dhifriúil ar an bhfostaíocht?

Luaigh Eilís an t-ochtú leasú ar an mBunreacht. Bhí samplaí an-dian á léiriú aici. An dóigh leis an bpainéal ar fad gur chóir rudaí a athrú agus rud éigin nua a chur ina áit nó an rud atá ann a chur ar leataobh ar fad? An chóir é a leasú agus rud éigin eile a chur ann nó an chóir gan aon rud a bheith ann?

Ábhar an-tromchúiseach é an féinmharú. Labhair Ciara ar an dorchadas agus an tslí go raibh daoine ag fulaingt ina n-aonar. Luaigh Rachel a cara. An bhfuil eolas ag daoine faoi na háiseanna atá ar fáil go háitiúil dóibh? Luadh Pieta House. Eagraíocht náisiúnta é sin. An bhfuil eolas ag daoine ar áiseanna áitiúla ina gceantair féin? Bhí an-chuid plé ar an teagmháil leis an múinteoir. Cé mhéad teagmháil agus comhrá a bhíonn ann idir daltaí agus cairde chun tacaíocht a thabhairt dá chéile?

Tá trí cheist arís ann. Is féidir leis na finnéithe na ceisteanna a phiocadh. Bhí ceann mar gheall ar fhostaíocht. An fostaíocht fad-shaoil a bheidh i gceist nó fostaíocht eile? Muna phiocann na finnéithe an cheist, beidh orm an scoil a phiocadh.

Mr. Darragh Lankford

Mar a dúras níos luaithe, téann daoine thar lear agus tá aithne againn ar fad ar dhaoine a ndeachaigh thar lear a bhí beartaithe acu teacht thar n-ais. Socraíonn siad síos, áfach, agus tógann siad a gclainne thar sáile. Tá cúrsaí níos fearr thar lear agus poist le tuarastail níos fearr ná mar atá anseo ann. Déanann siad an cinneadh a gclainne a thógaint ann agus saol a bhunú ann. Anuas air sin, tá tionchar ag ról na teicneolaíochta ar an todhchaí. Bhíodh comharsan béal dorais dom a bhí ag taisteal ar fud na cruinne. Le cúnamh na teicneolaíochta, tá sé in ann videoconferencing a dhéanamh ag baile seachas dul thar lear go dtí an Ind, an tSeapáin agus pé áit eile a rachadh sé. Tá tionchar ag ról na teicneolaíochta ar an eisimirce mar níl gá taisteal mar a bhíodh. Tá an tarna rogha againn anois agus oideachas maith againn. Má tá fonn taistil orainn, d'fhéadfaimis taisteal.

Bhain an dara cheist leis an ochtú leasú.

Ms Eilís Ní Ruiséil

Is deis iontach é seo domsa agus mé féin a theagasc ar an topaic seo. Níl agam ach 17 mbliana d'aois agus níl an cead vóta agam go fóill. Tá na cásanna seo uilig iontach achrannach agus iontach pearsanta. Níl maith ar bith domsa a bheith i mo shuí anseo ag insint don choiste cad é le déanamh. Tá sé iontach casta agus conspóideach. Sin socrú a gcaithfidh polaiteoirí smaoineamh air go hionraic agus socrú a fháil air.

Bhí sé sin soiléir. Bhain an cheist dheireanach le daoine atá in ísle brí, go háirithe daoine óga agus Pieta House.

Ms Eibhlín Nic Cormaic

Bhí ceist ann maidir le heolas na ndaoine óga ar na háiseanna atá ar fáil. Ceapaim go bhfuil a fhios ag an gcuid is mó dóibh ar na háiseanna atá ann ach uaireanta bíonn náire orthu cabhair a aimsiú mar, má théann siad síos an bóthar sin, ceapann siad go gceapfadh daoine go bhfuil siad in ísle brí agus rudaí mar sin. Bíonn iomarca náire orthu agus ní dhéanann siad rud faoi. Ceapaim gurb é sin an fáth go bhfanann siad ciúin agus nach úsaideann siad na háiseanna atá ar fáil dóibh.

Ms Leah Ní Mhuirgheasa

Ní cheapaim féin go bhfuil dóthain fógraíochta déanta ó thaobh na n-áiseanna seo. Níl móran ar eolas agamsa faoi na háiseanna atá ar fáil i mo cheantar féin. Ba chóir go mbeadh níos mó déanta ón dtaobh sin de.

Tá brón orm go rabhas déanach ach bhíos sa Dáil agus bhí ceisteanna againn ar an Taoiseach.

Sin an fáth go bhfuilim déanach. Ba mhaith liom fáilte faoi leith a chur roimh na finnéithe. Tá aithne agam ar roinnt acu. Bhí roinnt seanathar ag cur glaoch orm maidir leis na lads atá le teacht inniu. Maidir le féinmharú, go háirithe i gcomhthéacs na scoileanna, an dóigh leis na finnéithe go bhfuil ról speisialta ag comhairleoirí sna scoileanna, go háirithe na guidance counsellors, chun déileáil le fadhbanna pearsanta b'fhéidir atá ag mic léinn? Anois is arís, bíonn easpa stiogma ann nuair atá na guidance counsellors ag déileáil le mic léinn éagsúla. An féidir ról níos láidre a bheith ag na guidance counsellors?

An bhfuil an Teachta ag fanacht ar fhreagra na ceiste amháin sin?

Tá trí cheist agam.

Más mian leis an Teachta-----

Níl eolas agam ar na rialacha.

Níl aon rialacha i ndáiríre againn inniu.

Sin ceist amháin. Tá fealsúnacht faoi leith agam féin-----

Is féidir leis an Teachta stop ansin.

-----agus cuirimse béim ar na guidance counsellors ó thaobh chúrsaí polasaithe de. Bheadh suim agam tuairimí na bhfinnéithe a fháil maidir leis an gceist sin.

Ó thaobh na nithe eile, is é an díospóireacht an rud is tábhachtaí sa chóras daonlathach atá againn. Cad é tuairim na bhfinnéithe faoin saghas deighilt idir aos óg na tíre seo agus córas polaitíochta na tíre seo maidir leis na mórábhair atá agus a bhí faoi chaibidil ag na finnéithe sna díospóireachtaí áirithe a ghlac siad páirt iontu?

Tá dhá cheist ansin. Is féidir le haon duine agaibh an cheist a phiocadh.

Ms Ciara Ní Icí

Tá beirt guidance counsellors inár scoil ach tá sé an-deacair dóibh déileáil le gach rud lá i ndiaidh lae. Gach bliain bíonn seachtain sláinte intinne againn. Bíonn aird ar shláinte intinne don tseachtain ar fad ach níl ansin ach cúig lá sa bhliain. Ba chóir go mbeadh an aird sin againn gach lá. Ní bhíonn an aird ceart againn air gach seachtain eile sa bhliain. Níl a fhios agam cén fáth nach bhfuil an aird sin ann gach lá agus cén fáth nach bhfuil gach éinne, agus ní hamhain na guidance counsellors, ar an eolas maidir leis seo. Níl a fhios agam cén fáth nach bhfuil an deis ag daltaí an aird sin a bheith acu agus an deis a thapú chun rud a dhéanamh faoi gach lá in ionad seachtain amháin sa bhliain.

Ms Eibhlín Nic Cormaic

Is é an príomhoide inár scoil an guidance counsellor ach níl sé sin ar eolas go ginearálta sa scoil. Dá gcuirfí an cheist, gheofar amach é ach níl a fhios ag na daltaí cé hé nó hí an guidance counsellor. Mar sin, níl a fhios acu cé hé nó hí an duine atá freagrach as na rudaí seo. Bheadh sé níos fearr guidance counsellor a fhostú seachas an teideal sin a thabhairt ar an bpríomhoide. Ba cheart go mbeadh ar a laghad guidance counsellor amháin i ngach uile scoil.

Ms Leah Ní Mhuirgheasa

Aontaím le Ms Eibhlín Nic Cormaic. Is múinteoirí iad formhór na guidance counsellors ach tá an iomarca le déanamh ag múinteoirí cheana féin gan é seo á chur leis. Ba chóir go mbeadh an post seo ag duine áirithe. I scoileanna ollmhóra go háirithe, tá an iomarca le déanamh ag múinteoirí cheana féin gan é sin a chur leis.

Mr. Conor Ó Gallchóir

Bhí ceist ag an Teachta Martin faoi aos óg na tíre agus an pholaitíocht. Is deis é an díospóireacht anseo inniu maidir lenár gcuid tuairimí. Ní saineolaí polasaithe páirtithe mé ach má tá páirtí ar bith leis an tír seo a thógáil agus athnuachan a dhéanamh ar an tír le haghaidh fostaíochta agus infheistíochta, go háirithe i bpobal tuaithe agus Gaeltachta, caithfidh an páirtí sin éisteacht le tuairimí aos óg na tíre, mar is muidne an ghlúin atá le teacht.

Gabhaim míle buíochas le daltaí na scoileanna atá anseo. Seo deis iontach dóibh a bheith páirteach sa chomhrá linne mar Theachtaí agus Seanadóirí ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán. Tá na tuairimí atá siad ag nochtadh fíor-spéisiúil agus tábhachtach. Chomh maith leis sin, seo deis dóibh, thar ceann dhaltaí óga na tíre, a dtuairimí a chur i bhfeidhm orainn. Tá lúcháir orm go bhfuil an Cathaoirleach ag tabhairt an deis dúinn an díospóireacht seo a bheith againn inniu.

Tá lúcháir orm go bhfuil daltaí ó m'iarscoil anseo. Ag éisteacht leis na cuir i láthair, bhí pointí fíor-shuimiúla ann. Bhí trí ábhar ann agus cuid acu conspóideach. Tá ceist an fhéinmharaithe agus ceist an ochtú leasú ar an mBunreacht conspóideach go maith agus b'fhéidir go bhfuil sé thar am déileáil leis an ochtú leasú. Labhair Ms Eilís Ní Ruiséil go hiontach ar ábhar coigilte. Dúirt sí go gcaithfidh polaiteoirí a n-intinn a dhéanamh suas go coinsiasach. Sin freagra na ceiste i ndáiribh. Caithfimid é sin a dhéanamh. Caithfimid machnamh a dhéanamh ar an dá thaobh, éisteach le hachan dhuine agus ár gcoinsias a úsáid sna Tithe anseo. Maith thú, Eilís. Aontaím léi ar an phointe sin.

Scoileanna ó na réigiúin - an deisceart, an tuaisceart agus cheantar na Gaillimhe - atá anseo i ndáiribh. Tá na ceantair buailte go huile is go hiomlán go dona le cúrsaí dífhostaíochta, go háirithe Dún na nGall agus iarthar Chorcaí. Bhí Dún na nGall buailte go huile is go hiomlán ó thaobh chúrsaí fostaíochta. Mar a dúirt Mr. Conor Ó Gallchóir, tá sé sin ag cruthú deacrachtaí i gceantair tuaithe le daoine a choinneáil agus, de réir fhigiúirí an daonáirimh, tá daoine ag imeacht. Ceist í atá ceangailte le cúrsaí oideachais chomh maith le cúrsaí fostaíochta.

Beidh ar dhaltaí atá ag déanamh na hardteiste cinneadh a dhéanamh dul ar aghaidh agus post a fháil nó oideachas tríú leibhéal a fháil. An bhfuil an t-ardchostas a bhaineann le hoideachas tríú leibhéal a bhaint amach - costais lóistín agus a bheith ag siúl as baile agus gach rud - ag cur bac ar dhaoine dul go dtí oideachas tríú leibhéal? Labhair na finnéithe ar chúrsaí Idirlín agus leathanbhanda. Dá mbeadh na coláistí sa Stát sásta na cúrsaí atá acu a chur ar fáil trí na scoileanna a bhfuil daoine óga ag déanamh freastal orthu faoi láthair, an mbeadh fonn orthu tabhairt faoi oideachas tríú leibhéal a dhéanamh ar líne? An bhfuil deis ansin? Beidh tuairim ann fá choinne 20 bliain síos an bóthar ach an oibreodh sé anois? Oibríonn sé i dtíortha eile ar nós Ceanada agus na Stáit Aontaithe. Tá costais ollmhóra ag baint le dul isteach go cathracha ar nós Toronto agus Nua Eabhrac ach bíonn na meánscoileanna ag cur na cúrsaí ar fáil i gcomhar leis na hollscoileanna. Beidh sin ina rud a d'oibreodh i gceantair ar nós Corcaigh, Dún na nGall agus Gaillimh. Bhuel, tá ollscoil ann i nGaillimh ach b'fhéidir go mbeadh siad ag iarraidh freastal a dhéanamh ar ollscoil i mBaile Átha Cliath. An dtiocfadh é sin a dhéanamh?

Cad iad tuairimí na bhfinnéithe ó thaobh poist a chruthú? Maidir leis na jabanna móra atá ag teacht isteach go dtí an tír, an bhfuil go leor fócas ar cheantair tuaithe nó an bhfuil an fócas go huile is go hiomlán ar na bailte móra? Má tá duine ag iarraidh jab a fháil, an gcaithfidh dó a bhaile a fhágáil?

Ó thaobh an brú-----

An í sin an tríú ceist nó an ceathrú ceist?

Bhí a lán cainte taobh thiar de na ceisteanna sin.

B'fhéidir gurb í seo an tríú ceist.

Ó thaobh na ceiste faoi bhrú, rinne Rónán Mac Aoidh tagairt do fhéinmharú agus an brú atá ar dhaoine óga le alcól, scrúduithe agus mar sin. Bhí an pointe ginearálta déanta ag an trí scoil faoin mbulaíocht ar líne. Tá cás i nDún na nGall a bhfuil aithne mhaith agam ar theaghlaigh ann. Maraíodh cúpla duine óg. Bhí bulaíocht ar líne i gColáiste Ghleann na Finne. Tharla cúpla eachtra ansin. Tá brú ar dhaoine óga. Tá sé spéisiúil go bhfuil na finnéithe ag ardú sin inniu. Tugadh moladh faoi fhóin phóca agus daoine faoi 16. Tá moladh amuigh ansin i measc an phobail gur chóir gan fón póca a thabhairt do dhuine faoi 16. Tá 60% den surfáil ar líne in Éirinn déanta ar fhóin phóca. Ciallaíonn sé sin go bhfuil daoine faoi 16 ag baint go leor úsáid as na fóin sin fosta. An fiú é sin a chur i bhfeidhm mar pholaiteoirí, an smaoineamh sin a chur i bhfeidhm agus bac a chur ar pháistí faoi 16 úsáid a bhaint as fóin phóca? An gcuirfeadh sé sin isteach ar na finnéithe?

Tá mé ag breathnú ar an Teachta Ó Cuív. Beidh mé faoi bhrú anois ó thaobh tuilleadh ceisteanna.

Is féidir le na finnéithe cainteoir a phiocadh arís. Ar thuig siad na ceisteanna?

Ms Rachel Lingwood

Luadh an brú ó chostasaí tríú leibhéal. Mar dhalta ardteiste, caithfidh mé a admháil go bhfuil mé ag smaoineamh faoin gcóras pointí gach nóiméad. Smaoiním faoi cé chomh hard is a bhí pointí an bhliain seo caite agus an mbeidh athrú mór orthu an bhliain seo. B'fhéidir le haghaidh daoine eile, tá brú ón chostas airgid ann, ach ceapaim féin go bhfuil an brú ag teacht ón gcóras oideachais agus na pointí. Mar a dúirt mé, bíonn orainn obair lá i ndiaidh lae le haghaidh scrúdú dodhéanta agus míchothrom a mhaireann breis is dhá uair go leith. Bíonn duine ar scoil le haghaidh ceithre bliana déag agus caithfear scrúdú dhá uair go leith a dhéanamh agus gach rud a bheith ar eolas. Ceapaim go bhfuil an brú sa chóras oideachais.

Ms Ciara Ní Icí

Tá fadhb ann mar go bpiocann daoine na hábhair atá le déanamh acu don ardteist sa cheathrú bliain nó sa tríú bliain i scoileanna eile. Ní phiocann siad ábhair ina bhfuil suim acu iontu. Piocann siad ábhair de bharr go bhfuil sé éasca H1 a fháil nó éasca na pointí a fháil. Mar sin, ag deireadh an lae, má tá suim ag dalta fisic a dhéanamh ach ceapann sí go bhfuil sé ró-dheacair na pointí a fháil, piocann sí rud éigin eile a cheapann sí a bhfuil níos éasca. I mo thuairim, níl sé sin ceart. Níl sí ag leanúint a croí, tá sí ag leanúint an córas pointí agus cad atá ar fáil aici go héasca. Is fadhb mhór í sin, ach is fadhb í an t-airgead chomh maith. I mo thuairim, is fadbh níos mó é sin.

Mr. Ronán Mac Aoidh

Ba mhaith liom labhairt ar an gcás bulaíochta a bhí an Seanadóir Ó Dónaill ag caint faoi agus na daoine a bhfuair bás faoi. Táim cinnte sna cásanna sin nach raibh a fhios ag na tuismitheoirí nó na múinteoirí faoi seo go dtí gur tharla sé. Is í sin an fhadhb atá ann. Níl daoine ag labhairt amach faoi. Maidir le fadhb na bhfón póca, beidh sé deacair é a dhéanamh mar go bhfuil na fóin phóca ceangailte i gcultúr na ndaoine óga anois. Beidh sin doiligh a bhaint amach.

Mr. Micheál Ó Gríofa

Maidir leis an gceist faoin oideachas agus na táillí arda ollscoile, ní cheapaim féin gur fadhb í sin. Aontaím gur fadhb í go bhfuil a lán struis taobh thiar den chóras pointí. An t-aon am a cheapaimse go bhfuil fadhb ann le na táillí ná le daltaí a bhí orthu an tír a fhágáil cúpla bliain ó shin mar nach raibh an dara rogha acu. Luaigh mé Molly Bogan i mo óráid. Mar nach bhfuil cónaí uirthi in Éirinn nó san Aontas Eorpach, tá uirthi táillí dúbailte de €7,000 a íoc seachas €3,000 dá mbeadh cónaí uirthi in Éirinn. Dá mbeadh an rogha sin aici, ní bheadh uirthi ach an €7,000 sin a íoc, ach níl an rogha sin aici. Bhí uirthi an tír a fhágáil agus ní cheapaim gur cheart go mbeadh uirthi íoc as fadhb airgeadais na tíre seo. Ní cheapaim gur chóir go mbeadh ar dhaoine cosúil le Molly íoc as sin.

Ms Eibhlín Nic Cormaic

Maidir leis na fóin phóca, is fadhb mhór í an bulaíocht ach ceapaim nach réiteach ceart é gan an fón póca a cheadú do dhaoine faoi sé bliana déag d'aois. Ceapaim gurb é sin ár dtodhchaí. Bíonn gach duine ag déanamh teagmháil leis na fóin phóca agus bíonn gach rud ar líne anois. Muna bhfuil an deis sin ag na daltaí dul ar líne, ní bheidh na deiseanna céanna acu nuair atá siad san ollscoil agus rudaí mar sin. Is féidir leo rudaí a scríobh ar a bhfóin phóca anois. Tá sé sin cosúil le cóipleabhar a bhaint blianta ó shin agus a rá nach bhfuil cead cóipleabhar a úsáid. Ceapaim nár chóir é a chur ar dhaoine faoi sé bliana déag d'aois nach bhfuil cead fón póca a bheith acu.

Ms Ciara Ní Icí

Maidir le na fóin phóca chomh maith, má tá duine ar aois 15 ag siúl abhaile ina haonar agus gan fón póca a bheith aici agus dá dtarlódh rud éigin, is córas teagmhála é an fón. Is féidir trackers a bheith orthu agus tá cúis sábháilteachta ann go mbeadh siad ann chomh maith. Dá bhfaighfí réidh le fóin phóca, ní bheadh na daoine seo sábháilte.

Ms Eilís Ní Ruiséil

Is féidir páistí a theagasc agus eolas a thabhairt dóibh faoi na rudaí atá acu ar fhóin phóca. Thig le páistí a bheith cruálach agus tá siad i bhfad níos cróga taobh thiar den fhón. Má thugtar sin ar siúl, beidh bealach fós le dul in áiteanna ach ba chóir iad a theagasc ar an dóigh ceart agus an t-eolas sin a thabhairt dóibh maidir leis na fóin.

Rachaimid ar ais go dtí an Teachta Ó Cuív. Tá an t-árdán aige le haghaidh trí cheist.

Coinneoidh mé súil ar na ceisteanna. Caithfidh mé dul ar ais go dtí an Dáil ar baillín beag. Tá an dara ceist agam ar an Aire Stáit Gaeltachta an t-am seo. Tá cúpla nóiméad agam roimh ré. Ar an gcéad dul síos, tá míle fáilte roimh na daltaí. Tá brón orm nach raibh mé anseo ó thús go deireadh, ach bhí mé sa Dáil. Molaim na daltaí as ucht an Ghaeilge bhreá atá acu. Is deas go bhfuilimid in ann an comhrá seo a bheith againne i nGaeilge agus nach bhfuil éinne ag úsáid an córas aistriúcháin. Is rud iontach é sin. Maidir leis an gceist seo faoi fhéinmharú, tá na daltaí ag rá agus tuigim go mbíonn brú ollmhór orthu i ngeall ar an ardteist agus an chaoi go n-oibríonn sé. Tá sé éasca a aithint go bhfuil fadhb. Tá sé níos deacra teacht ar réiteach. An cheist atá agamsa ná, céard a chuirfeadh siad in áit na hardteiste? Is é sin i ndáiríre an dúshlán atá romhainn i gcónaí i bpolasaí. Ba mhaith liom tuairimí na ndaltaí a fháil air sin.

Maidir leis an imirce, tá beirt agamsa ar imirce ach ní raibh orthu dul ar imirce. Chuaigh beirt de mo chlann ar imirce le taithí saoil a fháil. Ar ndóigh, b'fhearr le chuile duine go mbeadh breis postanna ann. Déanfaidh mé níos éasca é ar bhealach mar gur cheist an-leathan é. An é an tIdirlíon snáthoptaice a bheith ag gach duine sa tír, cuma cén áit sa tír a bheadh duine d'fhéadfaí gnó a rith uaidh, an rud is mó? An é sin an rud is mó, nó an é bóithre nó deontais? Iarraim ar na daltaí a lua céard a cheapann siad go ndéanfadh siad dá mbeadh siad i gcumhacht. Tá sé alright polasaí a scríobh, ach céard a bheadh sa pholasaí? Tá mise an-tugtha don Idirlíon snáthoptaice. Chuaigh mise siar as Baile Átha Cliath. Tógadh mé i mBaile Átha Cliath agus is as Baile Átha Cliath dom. Chuaigh mé siar ar mhaithe le postanna a chruthú i gConamara. Tá mo thuairimí láidre féin agam faoi chruthú postanna agus céard a chaithfear a dhéanamh.

Tá mé ag iarraidh a fháil amach céard iad na rudaí a ndéanfadh siad. Chuir siad an-bhéim ar fhostaíocht. Céard iad na rudaí a dhéanfadh siad leis an bhfostaíocht a chur ar fáil, go mórmhór in iarthar na tíre? Céard iad na fáthanna nach bhfuil postanna ann, dar leo? Bheadh an-spéis go deo agam freagra a fháil ar an gceist sin. Fágfaidh mé aige sin é.

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Sin trí cheist.

Bhuel, dhá cheist i ndáiríre.

Trí, is dócha.

Tá go leor fo-cheisteanna ann. Tá ceist amháin faoin bhfostaíocht agus ceist faoi fhéinmharú.

Agus fibre optics, deontais agus bóithre.

Tá a fhios agam, ach is fo-cheisteanna iad sin.

Okay. Leanfaimid ar aghaidh. Tá trí scoil ann so is féidir leo piocadh arís, ag tosnú leis an gceist maidir le féinmharú b'fhéidir. Níl aon scrúdú i gceist. Táimid ar ár gcompord anseo.

Níl aon scrúdú i gceist. Táimid ag iarraidh tuairimí na bhfinnéithe a tharraingt amach. By the way, níl mise i bhfábhar fáil réidh le fóin phóca. Ceapaim gur idea craiceáilte é sin.

Mr. Darragh Lankford

Tá an-chuid daoine le hoideachas maith orthu thar lear faoi láthair. Is mór an dúshlán é iad a mhealladh thar n-ais. Ba chóir rud éigin a chur i bhfeidhm chun iad a mhealladh thar n-ais, ar nós buntáistí cánach nó rud éigin.

Mr. Conor Ó Gallchóir

Tá sár-aithne ag an Teachta Ó Cuív ar chás na bpobal tuaithe agus cás na Gaeltachta óna sheal a chaith sé mar Aire. An fhadhb is mó a luaigh sé ná fostaíocht a chruthú, go háirithe sna Gaeltachtaí. I mo thuairim fhéin, ní dhearnadh an infheistíocht cheart ag an am ceart le hathrú ó ré na déantúsaíochta go dtí ré na nua-theicneolaíochta, go háirithe i dTír Chonaill. Deir Údarás na Gaeltachta gur tharla sé go tobann nó thar oíche. Caithfidh go bhfaca duine é seo ag teacht. Is léir gur chóir infheistíocht a dhéanamh ansin le níos mó comhlachtaí a mhealladh chun na Gaeltachta agus chun na tuaithe.

Ms Eibhlín Nic Cormaic

Maidir leis an fibre don fhostaíocht, ceapaim gur chóir breathnú ar dtús ar na mion-áiseanna agus na postanna a bhraitheann orthu siúd. Mar shampla, sna hospidéil, is féidir linn i bhfad níos mó altraí a fhostú agus ní bheadh orthu an tír a fhágáil. I dtaobh múinteoireachta de, bheadh buntáiste iontach ann más rud é go raibh i bhfad níos mó múinteoirí sna scoileanna. Dá gcuirfí guidance counsellor i ngach scoil, fostaíocht a bheadh ansin. Ba chóir breathnú ar na mion-áiseanna ar dtús agus níos mó postanna a chur ar fáil ansin ionas nach mbeidh ar dhaoine atá cáilithe sna postanna sin bogadh go dtí tíortha eile.

An bhfuil aon duine eile ag iarraidh teacht isteach ag an bpointe seo?

Céard a chuirfeadh sibh in áit na hardteiste?

Ms Rachel Lingwood

Sílim go bhfuil sé deacair. Go pearsanta, ba bhreá liom dlí a dhéanamh, ach tá na pointí chomh hard sin. Ceapaim go dtagann sé go léir ar ais go dtí fadhb an chórais pointí. Tá na pointí ró-ard. Is é sin é.

Tá sé sin an-spéisiúil. Cuireann na daltaí an-bhrú orainn.

Anois, a Sheanadóir-----

Just ceist amháin. Abair go raibh seans ag daoine dul isteach i dlí trí bhliain amháin a dhéanamh ag déanamh gnáth ealaíona san ollscoil. Sa dara bliain, tiocfadh leo dlí a dhéanamh. An ndéanfadh sé sin níos éasca é?

Ms Rachel Lingwood

Dhéanfadh. Níl a fhios ag éinne. D'fhéadfadh duine a théann isteach i dlí múinteoireacht a dhéanamh ar deireadh. Níl a fhios ag duine cad a dhéanfaidh sé nó sí go dtí go bhfuil sé nó sí ann.

Tá an ceart ag an bhfinné.

Ms Rachel Lingwood

Caithfear seans a thabhairt do gach duine a chroí nó a croí a leanúint agus féachaint cad a tharlaíonn.

Tá sé sin an-mhaith.

Déanfaimid rud neamh-ghnách. An bhfuil fonn ar aon duine eile sa ghailearaí rud a rá? Bhí an lucht féachana thar a bheith ciúin agus dea-mhúinte.

Ms Deirdre Ní Shúilleabháin

Ní cheapaim féin, agus sílim go n-aontóidh daoine liom, go mbaineann cé chomh héirimiúil is atá dalta leis an méid focal gur féidir leo scríobh in uair go leith. Tá leabhair á staidéar againn agus caithfimid gach rud faoi chúlraí agus faoi charactair a bheith ar eolas againn bun os cionn. Níl a fhios againn sula dtéann muid isteach cad a thiocfaidh suas. Mar sin, caithfidh deich n-aiste a bheith eagraithe againn sula dtéann muid isteach. Téann imní agus neirbhís i bhfeidhm ar a lán daltaí i scrúduithe éagsúla, fiú i scrúduithe na Nollag. Sa scrúdú, b'fhéidir go bhfuil sé ar eolas ag an duine ach níl sé nó sí in ann é a scríobh san uair an chloig sin. Ceapaim go bhfuil sé mí-fhéarálta ar dhaltaí a theipeann orthu ar an lá cé go bhfuil an t-eolas acu.

An bhfuil aon duine eile ag iarraidh labhairt? Táimid ag teacht chun deiridh. Bhí turas fada ag na daltaí, so bain triail as.

Ms Aoife Ní Mhathúna

Mar a dúirt Deirdre Ní Shúilleabháin agus Rachel Lingwood maidir leis an gcóras oideachais, san ardteist d'fhéadfadh rud éigin tarlú do dhaltaí i rith na seachtaine nó na míosa a théadh go mór i bhfeidhm orthu. D'fhéadfadh siad botún a dhéanamh ar an lá. Mairfidh an botún leo. Mar a dúirt Rachel Lingwood, d'fhéadfadh siad a seansanna de phointí arda a loiteadh de bharr rud éigin uafásach a tharla ina saoil. Chomh maith leis sin, ceapaim go mbeadh measúnú leanúnach i bhfad níos fearr ó thaobh chothromaíochta de. Is féidir féachaint ar chaighdeán an dalta i rith an tréimhse scoile ar fad in ionad breathnú díreach ar lá amháin. D'fhéadfadh an méid sin rudaí cur isteach ar an dalta ar an lá sin, cosúil leis an dúlagar agus gach rud eile. Ní dóigh liom gur scrúdú féarálta é ón taobh sin de.

An mbeadh faitíos ar an bhfinné dá mbeadh measúnú leanúnach ann go ndéarfaí go ndearna dalta go maith mar gur pheata múinteora a bhí ann?

Ms Aoife Ní Mhathúna

Má tá an méid sin múinteoir ann, beidh tuairim an-chothrom ann, in ionad díreach ceist a chur ar mhúinteoir amháin. Tá seacht n-ábhar ag daoine don ardteist. Má fhaightear tuairim ó gach uile mhúinteoir, bheadh tuairim soiléir den dalta in ionad tuairim ó mhúinteoir amháin.

An bhfuil aon duine eile ag iarraidh labhairt?

Ms Molly De Búrca

Maidir le sláinte intinne agus an t-eolas atá ar fáil, téann sé ar ais go dtí na meáin chumarsáide agus a leithéid. Is féidir linn gach saineolaí a chur isteach i seomra le labhairt le gach dalta sa tír, ach bheadh sé deacair fós. Suíonn muid i seomra ranga lá i ndiaidh lae ag éisteacht le daoine fásta agus a dtuairimí.

Caithfimid an stuif a bhíonn á rá acu a dhéanamh. Caithfimid na treoracha a thugann siad dúinn a leanúint. Tá brón orm a rá go bhfuil sé deacair éisteacht leo. Tuigim go gcaithfimid é sin a dhéanamh. Ba cheart níos mó eolais a bhailiú ó dhaoine le níos mó taithí. Is dócha nár fhás daoine atá 40 bliain d'aois aníos sa tslí céanna is a d'fhásamar aníos. Bheadh sé an-mhaith eolas a bhailiú ó dhaoine atá 17 mbliana nó 18 mbliana d'aois a bhfuil an taithí seo acu. Tá sé thar am eolas a bhailiú uathu ionas go mbeimid in ann dul i dteagmháil leis na fadhbanna seo. Bheadh sé go deas dá mbeadh fonn ar dhaoine éisteacht, mar cabhródh sé linn dul i dteagmháil leis na hábhair seo níos mó.

Gabhaim buíochas le hAoife Ní Mhathúna, Deirdre Ní Shúilleabháin agus Molly de Búrca. Rinne mé botún beag níos luaithe. Tá an triúr acu ón scoil chéanna.

Ms Molly de Búrca

Táimid.

B'shin mar a tharla. Is féidir leo dul ar ais arís go dtí an Gailearaí.

Ms Molly de Búrca

Go raibh maith agat.

Tá an gender balance ag feabhsú.

Tá sé ag feabhsú. Bhí sé sin ag teastáil uaim. Muna bhfuil aon cheist eile, ba mhaith liom buíochas a ghabháil arís le Ronán Mac Aoidh, Eilís Ní Ruiséil, Conor Ó Gallchóir, Eibhlín Nic Cormaic, Leah Ní Mhuirgheasa, Mícheál Ó Gríofa, Darragh Lankford, Rachel Lingwood agus Ciara Ní Icí. I ndáiríre, tá éacht déanta acu agus ag a múinteoirí agus a scoileanna. Tá a fhios agam go bhfuil an t-uafás oibre taobh thiar den togra seo. Tá na finnéithe tar éis ardú meanman a thabhairt dom i leith na Gaeilge mar theanga bheo, bhríomhar chumarsáide. Níl aon dabht ná go bhfuil an teanga láidir. Bhí mé in ísle bhrí ó thaobh na Gaeilge de le cúpla seachtain anuas, ach tá an buairt sin imithe inniu. Go raibh míle maith agaibh. Sula gcríochnaíonn mud, iarraim ar Brenda Ní Ghairbhí ó Chonradh na Gaeilge focal nó dhó a rá. Tá fáilte roimpi. Rinne mé dearmad uirthi roimhe seo.

Ms Brenda Ní Ghairbhí

Ná bí buartha.

Bhí na daltaí chomh suimiúil sin go ndearna mé dearmad.

Ms Brenda Ní Ghairbhí

Caithfidh mé a rá go bhfuil mé beagáinín neirbhíseach ag labhairt os a gcomhair anois.

Bhí na cuir i láthair a rinne siad go hiontach.

Ms Brenda Ní Ghairbhí

Bhí. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gcoiste as an ócáid seo a eagrú inniu. Tá féile Seachtain na Gaeilge ar siúl faoi láthair ón 1 Márta go dtí an 17 Márta. Is mór an t-aitheantas a thugann Tithe an Oireachtais don fhéile nuair a eagraítear an ócáid seo agus ócáidí eile i dTeach Laighin go bliantúil. Ba mhaith liom cúpla nóiméad a thógaint chun buíochas a ghabháil leis na daltaí agus na múinteoirí atá anseo inniu. Labhair siad go hiontach ar fad. Bhí mé faoi gheasa ag an méid le bhí le rá acu. Aontaím leis an gCathaoirleach gur chúis dóchais é i dtaobh todhchaí na teanga agus todhchaí na tíre go bhfuil daoine óga atá chomh cumasach ag teacht chun cinn.

Tá mé ag obair le Conradh na Gaeilge, eagraíocht atá ar an bhfód ón bhliain 1893. Tá nach mór 150 bliain caite ag an gconradh ag saothrú ar son na teanga agus ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn i gach gné den saol - i rudaí oifigiúla agus freisin sa saol ginearálta. Eagraíonn Conradh na Gaeilge Seachtain na Gaeilge chuile bhliain. Tá sé mar chuid den ról atá againn brú a chur ar na húdaráis oifigiúla feabhas a chur ar an teanga go hoifigiúil ionas go mbeidh seirbhísí ar fáil ón Stát. Tá sé mar aidhm againn go mbeidh daoine in ann an méid is mó rudaí gur mhaith leo a dhéanamh trí Ghaeilge agus gur ghnáthrud, seachas rud aisteach, a bheidh i gceist.

Ós rud é go bhfuil na daltaí sa chúigiú bliain agus sa séú bliain, beidh cuid acu ag bogadh ar aghaidh go dtí an ollscoil sna blianta atá romhainn. Ba mhaith liom cuireadh a thabhairt dóibh bheith páirteach i gConradh na Gaeilge mar eagraíocht agus i bpobal na Gaeilge i gcoitinne. Tá súil agam go n-úsáidfidh siad an deis a bhí acu go dtí seo an Ghaeilge a bheith acu, go mbainfidh siad úsáid as an nGaeilge amach anseo agus go ndéanfaidh siad gach iarracht grá don Ghaeilge a scaipeadh. Tá níos mó ná 180 craobh ag Conradh na Gaeilge timpeall na hÉireann agus thar lear. Tá craobhacha againn i bPáras, i mBeirlín, san Astráil, i Meiriceá agus ar fud na hÉireann. Tá craobhacha an-láidre againn sna hinstitiúidí tríú leibhéal. Má théann na scoláirí atá linn inniu ar aghaidh go dtí na coláistí tríú leibhéal sna blianta atá amach romhaibh, gheobhaidh siad amach go bhfuil na cumainn Ghaelacha atá mar chuid de Chonradh na Gaeilge an-pháirteach i saol na gcoláistí sin. Tagann siad go dtí an Ard-Fheis a bhíonn ar siúl againn gach bliain. Cuireann siad rúin isteach agus bíonn vótaí orthu. Beidh an deis céanna ag na daltaí atá i láthair má tá suim acu páirt a ghlacadh sa chineál seo gníomhaíochta. Is cuimhin liom nuair a bhí mé ar scoil, cheap mé gurb é an t-aon slí go bhféadfainn an Ghaeilge a choimeád na staidéar a dhéanamh uirthi ar an gcoláiste. Nuair a chuaigh mé ar an gcoláiste, thuig mé go bhféadfainn pé rud gur mhaith liom a dhéanamh agus an Ghaeilge fós a thabhairt liom. Is féidir leis na finnéithe é sin a dhéanamh. Tá súil agam go mbeidh siad mar chuid ghníomhach den teanga amach anseo. Tréaslaím leo agus tá súil agam go mbuailfidh mé leo amach anseo.

Go raibh míle maith agat. Níl le déanamh agam ach an cruinniú a chur ar athló. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le foireann an choiste, atá tar éis an t-uafás oibre a dhéanamh chun an cruinniú seo a eagrú. Tá Ciarán an grianghrafadóir ag fanacht go foighneach le grianghraf a thógáil.

The joint committee adjourned at 4.55 p.m. until 5 p.m. on Tuesday, 21 March 2017.
Barr
Roinn