Tráchtaireacht agus Tuarascálacha: An Coimisinéir Teanga

Tosóimid an seisiún poiblí mar táimid faoi bhrú maidir le am. Ba mhaith liom fáilte chroíúil a chur roimh an gCoimisinéir Teanga agus a bheirt comhgleacaithe, Mr. Éamonn Ó Bróithe agus Mr. Colm Ó Coisdealbha. Tá an coimisinéir ar ais arís tar éis cúpla mhí le dea-scéal. Táimid ag tnúth lena theachtaireacht, a threoirchlár agus a thuarascáil. Tosóimid díreach anois. Tá píosa le léamh maidir leis an dlí. Bí cúramach le bhur bhfocal.

Clerk to the Committee

Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar a n-aird go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste do na finnéithe ámh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal tar éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urraimiú nach chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí ar bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráiteas tionscnaimh a chuireann siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh ghréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe, nó leis na hoifigigh, ina ainm nó ina hainm ar shlí ina bhféadfaí é nó í a aithint.

Tá trí rud i gceist, an bhfuil?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Tá trí rud. Tá an tráchtaireacht ar chóras na scéimeanna teanga. Tá cóip chrua den tráchtaireacht ar taobh an choiste má theastaíonn sí ó éinne. Tá an tuarascáil bhliantúil 2015 tar éis sin, agus ansin tá tuarascáil a chuireadh faoi bhráid Tithe an Oireachtais maidir le cur i bhfeidhm moltái imscrúduithe i gcás na Roinne Oideachais agus Scileanna.

An bhfuil an coimisinéir chun díriú isteach ar na trí rud?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

I m'óráid thosaigh díreoidh mé go sonrach ar na trí rud ar feadh píosa beag, ach is í an tráchtaireacht an chéad chuid de mo chur i láthair. Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach féin agus leis an gcoiste as an gcuireadh teacht ina láthair anseo tráthnóna. Tá sé mhí caite ó bhí mé os a gcomhair go deireanach, tráth a raibh an coiste ag cur tús lena chuid oibre. Tréaslaím leis as an méid atá curtha i gcrích aige ó shin agus an fóram atá curtha ar fáil aige chun plé a dhéanamh ar chúrsaí Gaeilge, Gaeltachta agus oileánda. Cuirim fáilte ar leith roimh an spéis atá léirithe ag an gcoiste i gcúrsaí cearta teanga agus na céimeanna atá glactha aige chun eolas a bhailiú ar chumas Ranna Rialtais agus eagraíochtaí Stáit eile seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge.

Mar is eol don choiste, tá bóthar fada le taisteal againn más ann go mbeidh ar chumas an Státchórais seirbhísí a thairiscint go réamhghníomhach i gceachtar teanga oifigiúil do shaoránaigh na tíre. Tá taithí na mblianta ann ar an gcleachtas a fhágann go dtiteann sé ar an saoránach seirbhísí a lorg agus an crá croí a bhaineann go minic le teacht ar na seirbhísí sin ar aon bhealach sásúil. Ar ndóigh, tá eisceachtaí ann freisin agus is ceart go n-aithneofaí an méid sin. Níl aon amhras orm ach gurb é an easpa foirne le Gaeilge an bac is mó a bhaineann le cumas an Státchórais seirbhísí a sholáthar i nGaeilge. Is léir dom, ón gcur chuige atá glactha ag an gcoiste le roinnt míonna anuas, go dtuigeann sé an méid sin go maith.

I gcur i láthair an lae inniu ba mhaith liom díriú ar thrí phríomhábhar. Díreoidh mé tráchtaireacht ar fheidhm phraicticiúil an Achta atá á foilsiú agam i gcomhréir le halt 29 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla. Sá tráchtaireacht seo tá mionscagadh, bunaithe ar fhianaise, déanta agam ar chóras na scéimeanna teanga. Díreoidh mé freisin ar an tuarascáil bhliantúil 2015 agus ar tuarascáil speisialta chuig Tithe an Oireachtais faoi alt 26(5) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla maidir le heaspa cur i bhfeidhm moltaí imscrúduithe.

Díreoidh mé ar dtús, le cead an choiste, ar an tráchtaireacht ar fheidhmiú chóras na scéimeanna teanga atáim á sheoladh inniu. Is foilsiúcháin suntasach é seo a dhéanaim agus mé leath bealaigh trí mó thréimhse cheapacháin. Le linn dom bheith os comhair an choiste go deireanach thug mé cuntas ar mo mhíshástacht le feidhmiú chóras na scéimeanna. Dúirt mé an t-am sin go raibh níos mó scéimeanna á n-aontú anois mar a bhí le tamall de bhlianta roimhe sin ach go raibh mé thar a bheith amhrasach faoi fhiúntas na ngealltanas a bhí á n-aontú agus dá réir gur beag muinín a bhí agam sa gcóras trí chéile.

Bhraith mé gur theastaigh scrúdú grinn a dhéanamh ar na scéimeanna teanga i bhfianaise an chomhrá a bhí agam leis an gcoiste seo anuraidh chun freagra cuimsitheach, bunaithe ar fhianaise, a chur ar fáil dó. Is é sin atá deanta sa tráchtaireacht seo, an dara tráchtaireacht oifigiúil a foilsíodh ó theacht i bhfeidhm an Achta. Tá an tráchtaireacht curtha i Iáthair ina dhá cuid. Sa chéad chuid den tráchtaireacht tá anailís ghrinn déanta ar na scéimeanna teanga uile a aontaíodh le Iinn na mblianta 2015 agus 2016. Sa dara cuid den tráchtaireacht déanaim moltaí faoi bhealaí ina bhféadfaí feabhas a chur ar na socruithe atá i bhfeidhm chun seirbhísí Stáit a chur ar fáil i gcéadteanga oifigiúiI na tíre.

Léiríonn an anailís sa tráchtaireacht nach bhfuil córas na scéimeanna teanga ag baint amach na gcuspóirí a bhí i gceist leis, is é sin cur le raon agus caighdeán na seirbhísí atá ar fáil ón Státchóras trí Ghaeilge. Go deimhin, tá imní orm gur cur chuige íosta atá á ghlacadh in aontú scéimeanna teanga, gur beag fiúntas i ndáiríre atá i gcuid mhaith a bhíonn geallta agus go gcúlaítear ó ghealltanais a bhí tugtha má tharlaíonn go mbíonn a gcur i bhfeidhm ródhúslánach. Nuair a tharlaíonn an méid sin, tá seasamh reachtúil á thabhairt do chur chuige Iochtach.

Tá fianaise á cur ar fáil sa tráchtaireacht ar na laigí atá le sonrú, agus na patrúin atá le brath. Is iad seo a leanas na nithe is suntasaí a léirionn an anailís atá déanta. Bhí gealltanas a bhí mar ábhar d’imscrúdú laghdaithe nó curtha go Ieataobh in 64% de na chéad scéimeanna teanga eile a aontaíodh. As na 23 dara nó tríú scéim teanga a aontaíodh le Iinn na mblianta 2015 agus 2016, ní raibh dul chun cinn suntasach, i leith aon réimse gealltanas, le brath ach i gcás 17% díobh. Ní raibh post sainaitheanta le riachtanas Gaeilge ach i seacht gcinn den dá scór scéim a daingníodh in 2015 agus 2016. Sa bhreis ar na laigí ata le brath, Iéirionn anailís go dtógann sé ar an meán trí bliana go leith ón am a iarrtar ar chomhlacht poiblí an chéad scéim teanga a ullmhú nó go mbíonn sí daingnithe agus ceithre bliana i gcás an dara scéim teanga.

Tá trí phríomhmholadh á ndéanamh agam sa tráchtaireacht. Ar an gcéad dul síos, táim ag moladh polasaí nua earcaíochta a fheidhmiú ina sonrófar íosmhéid foirne le Gaeilge d’eagraíochtaí Stáit. Níl aon amhras orm ach gurb é an easpa foirne le Gaeilge an chonstaic is mó do sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge, agus ní mór polasaí earcaíochta a cheapadh agus a fheidhmiú a théann i ngleic leis sin. Mar chuid den mholadh sin is dóigh liom go mbeadh sé tairbheach dá mbeadh monatóireacht neamhspleách á déanamh ar fheidhmiú an pholasaí earcaíochta le tuairisciú rialta chuig coiste Oireachtais.

An dara priomhmholadh atá á dhéanamh agam ná go dtósófaí ag éabhlóidiú ó chóras na scéimeanna teanga chuig córas rialachán. Bheadh mar bhuntáiste leis seo go ndéanfaí socruithe cinnte do sholáthar réimse seirbhísí nach mbeadh ag brath ar chóras idirbheartaíochta na scéimeanna. Molaim go ndéanfaí seo go céimnitheach, agus de réir mar a bheifí ag cur le réimse na rialachán, bheadh Iaghdú ag teacht ar fheidhm agus ar éifeacht chóras na scéimeanna teanga.

An tríú príomhmholadh atá á dhéanamh agam ná go bhforbrófaí plean cuimsitheach do sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge, bunaithe ar thaighde gairmiúil. In ainneoin na ndeacrachtaí atá léirithe sa tráchtaireacht, caithfear a aithint go bhfuil muid i riocht níos fearr, de thoradh Acht na dTeangacha Oifigiúla, ná mar a bhíomar sula raibh Acht ann. Tá feasacht i bhfad níos airde ann anois i dtaobh cearta teanga, agus tá feabhas ar sholáthar seirbhísí sa dá theanga oifigiúla. Tá bunchloch ann ar féidir tógáil air. Creidim go dtacódh plean cuimsitheach do sholáthar na seirbhísí poiblí sa dá theanga oifigiúla chun muid a threorú ar an tslí cheart. Chuideodh a leithéid de phlean Iinn scrúdú a dhéanamh ar an staid reatha, pleanáil a dhéanamh do na seirbhísí is gá a chur ar fáil, na hacmhainní a thógfadh sé chun an méid sin a bhaint amach, agus an creat reachtaíochta is fearr a thacódh le soláthar na seirbhisí poiblí sa dá theanga oifigiúla.

Ní hé sin le rá, áfach, nach féidir céimeanna a ghlacadh Iáithreach chun aghaidh a thabhairt ar na laigí is eol dúinn go maith a bheith ann, go háirithe i réimse na hearcaíochta agus tabhairt faoi shocruithe do Ieathnú réimse feidhme na rialachán.

Ba mhaith liom díriú anois ar thuarascáil bhliantúil 2015. Tháinig ardú 6.5% ar líon na ngearán a rinneadh le m’oifig in 2015. Ar an iomlán rinneadh 755 gearán le m’oifig maidir le deacrachtaí a bhí ag daoine teacht ar sheirbhísí trí Ghaeilge ó chomhlachtaí poiblí na tíre. Bhain os cionn an tríú cuid de na gearáin sin le foráil de scéim teanga do sheirbhísí ar nós suíomhanna gréasáin, seirbhísí leictreonacha, foirmeacha agus mar sin de. Bhain an ceathrú cuid le heaspa Gaelige ar chomharthaíocht agus stáiseanóireacht, agus bhain 9% de na gearáin le freagraí i mBéarla ar chumarsáid i nGaeilge. Is éard a Iéiríonn na figiúirí sin ar fad ná go bhfuil cuid mhaith deacrachtaí ag an Státchóras go fóill freastal ar riachtanais teanga phobal na Gaeilge.

Tháinig formhór na ngearán, péire as chuile chúig cinn a rinneadh leis an oifig, ó Bhaile Átha Cliath, 15% as Gaillimh agus 6% as Contae na Mí. Réitítear formhór na ngearán tríd an bpróiseas neamhfhoirmiúil réitithe gearán a fheidhmíonn an oifig. Tabharfaidh an coiste faoi deara gur naoi n-imscrúdú fhoirmiúla a thug mé chun críche le linn na bliana 2015. Bhain an ceann is suntasaí acu sin le Eircode. Thug mé gearrchuntas ar an imscrúdú seo i mo chur i láthair deiridh don choiste de bharr gur cheangail sé le chéile cuid mhaith de na deacrachtaí is bunúsaí a bhaineann le cúram a dhéanamh de chúrsaí teanga i ngnóthaí oifigiúla an Stáit.

I 2015 freisin rinneadh iniúchadh ar 17 scéim teanga agus leantar próiseas caighdeánach ina mbailítear fianaise maidir le cur i bhfeidhm na scéime i bhfoirm comhfhreagrais agus cruinnithe le hionadaithe na gcomhlachtaí poiblí.

Tháinig ardú ollmhór ar líon na gcomhairlí do chomhIachtaí poibli, ardú 79% go deimhin. Tá sé mar aidhm agam go nglacfadh m’oifig ról réamhghníomhach ag cur comhairle ar chomhlachtaí poiblí. Le Iinn na bliana d’eagraíomar cruinnithe le roinnt comhlachtaí poiblí chomh maith le sraith seimineár chun an cuspóir sin a bhaint amach. Tá sé i gceist agam go leanfar agus go dtógfar ar an méid sin sa todhchaí.

Ar deireadh, ba mhaith liom diriú ar an triú hábhar a luaigh mé níos túisce, is é sin tuarascáil a sheol mé chuig Tithe an Olreachtais de thoradh moltaí imscrúdaithe gan a bheith curtha i bhfeidhm go sásúil ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Dúirt mé roimhe seo go bhfáiltím roimh an bpoIasaí oideachais Gaeltachta, 2017-2022 a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair anuraidh. Aithníonn an polasaí sin an soláthar is gá a dhéanamh don chainteoir dúchais Gaeilge agus do sheachadadh an oideachais i gcomhthéacs teangeolaíochta na Gaeltachta. Tá an creimeadh atá tagtha ar úsáid na Gaeilge sna pobail Ghaeltachta trí chéile aitheanta i roinnt píosaí éagsúla taighde atá foilsithe le tamall de bhlianta anuas. Nil aon amhras orm ach go mbeidh cur i bhfeidhm an pholasaí oideachais Gaeltachta dúshlánach, go háirithe sna pobail Ghaeltachta a bhfuil lagú suntasach tagtha ar úsáid na Gaeilge iontu. Ba bhreá, ar ndóigh, dá mbeadh an polasaí seo tagtha ar an saol ag tráth a raibh úsáid na Gaeilge níos tréine ná mar atá faoi láthair. Tá áit Iárnach ag an oideachas agus ag an scoil áitiúiI in aon phobal. In ainneoin na ndúshlán teangeolaíochta atá romhainn sa Ghaeltacht, caithfear aghaidh a thabhairt orthu ionas go dtacaíonn polasaithe an Stáit, go praiticiúil, leis na hiarrachtaí chun úsáid na Gaeilge a chaomhnú agus a láidriú sna pobail.

I gcaitheamh na mblianta tá cuid mhaith imscrúduithe déanta ag m’oifig ar an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir le cur i bhfeidhm forálacha éagsúla de chuid an Achta Oideachais 1998. Is forálacha iad sin a bhaineann le húsáid nó le stádas na Gaeilge. Sa bhliain 2013, rinne bunscoil Ghaeltachta gearán le m’oifig go raibh an Roinn ag cur brú uirthi glacadh le múinteoir ón bpainéal ath-imlonnaithe múinteoirí in ainneoin nach raibh cumas Gaeilge na múinteoirí a bhí i gceist sách maith le go bhféadfaidís múineadh i scoil Ghaeltachta. Bhí an méid sin admhaithe ag na múinteoirí féin. Rinneadh imscrúdú foirmiúil ar an ábhar seo agus rinneadh fionnachtain gur sáraíodh fórálacha an Achta Oideachais. I ndiaidh dom teacht ar an tuairim nach raibh moltaí an imscrúdaithe sin á gcur i bhfeidhm go sásúil, chinn mé tuarascáil speisialta a chur faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, an chéim dheiridh is féidir liom a thógáil faoin Acht.

Mheas mé ag an am nach raibh na socruithe leasaithe a bhí curtha i bhfeidhm ag an Roinn Oideachais agus Scileanna dóthanach chun a chinntiú nach bhféadfaí tabhairt ar scoil Ghaeltachta glacadh le múinteoir, gan an inniúlacht chuí sa Ghaeilge ón bpainéal ath-imlonnaithe. Táim fós den bharúil sin, fiú is go dtugann an polasaí oideachais Gaeltachta le fios go gcoinneofar na socruithe atá i bhfeidhm faoi athbhreithniú.

Ní féidir aon spás a chruthú don amhras sna cúrsai seo. Ní féidir glacadh le socruithe a d’fhágfadh an baol ann go fóill go gceapfaí múinteoir ar bheagán Gaeilge i scoileanna Gaeltachta. Tugann an tuarascáil speisialta atá curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais léargas níos iomláine ar an ábhar seo, agus tá mé sásta glacadh le haon cheist atá ag an gcoiste ar an ábhar.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom filleadh ar an gcéad ábhar a chuir mé faoi bhráid an choiste. Is é seo an dara huair, in imeacht 13 bliana ó bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga, a foilsíodh tráchtaireacht ar fheidhm phraiticiúil agus ar oibriú fhorálacha an Achta. Tá aird tarraingthe ag m’oifig ar laigí chóras na scéimeanna teanga chomh fada siar le 2008. Sa tráchtaireacht seo tá fianaise bheacht againn anois, bunaithe ar fhíricí, a léiríonn go bhfuil an córas teipthe. Is léir na cuspóirí fiúntacha a bhí leis an gcóras ach teastaíonn cur chuige nua anois, cur chuige a neartóidh cearta teanga an tsaoránaigh, a laghdóidh an maorlathas a théann le haontú agus le daingniú scéimeanna don Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus na comhlachtaí Stáit eile agus a chuirfidh le hiarrachtaí Bille leasaithe nua a aontú a bheidh oiriúnach dá fheidhm.

Go raibh maith agat. An bhfuil comhghleacaithe an Chomisinéara ag iarraidh teacht isteach ag an bpointe seo? Níl. Tá sé oscailte do cheisteanna.

Cé mhéad ama atá againn don mhír seo?

Tosóidh an cruinniú maidir leis an ollscoil ag 6.30.

Tá sé sin tábhachtach. Ba mhaith liom, i dtosach báire, fáilte a chur roimh Mr. Ó Domhnaill agus na Státseirbhísigh atá in éineacht leis. Is léir go bhfuil ollfhadhbanna ann. I gcásanna áirithe tá neamhaird á déanamh ar dhlí atá thar a bheith soiléir agus beacht, mar shampla, maidir le comhfhreagras i nGaeilge agus comharthaí. Tar éis a bheith ag feiceáil, má bhreatnaítear ar an Luas nua i mBaile Átha Cliath agus an síneadh atá á dhéanamh uirthi, tá na comharthaí i mBéarla níos soléite ná na comharthaí i nGaeilge má seastar siar uathu mar tá dath faoi leith orthu. De réir mar a thuigim, ó na rialacháin a thug mé féin isteach, tá sé sin in aghaidh an dlí. Níl an Luas fiú oscailte agus tá an dlí á shárú aici. Tá sé an-deacair, ar bhealach éigin, do siceolaíocht sa tír seo cur ina leith ar dhaoine rudaí beaga simplí a dhéanamh ar chomhchéim idir an Ghaeilge agus an Béarla. Is sampla ollmhór é sin agus má chuirtear ina ceart é, beidh colúnaithe ag gearán faoin gcostas. Dá mbeadh sé i gceart ón tús, ní bheadh aon costas.

Mar a deireann an tAire, táimid uile anseo sa Teach seo, cinnte na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí, ag déanamh scrúdú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Is ceart go ndéanfadh muid é sin, ach tógfaidh sé tamall. Ar ndóigh, fiú má athraítear an tAcht, má tá an dearcadh céanna ann agus atá ann i láthair na huaire, ní éireoidh linn é a fheidhmiú.

Ba mhaith liom ceist a chur ar an gcomisinéir. Feictear domsa, faoin Acht atá ann i láthair na huaire, nach bhfuil úsáid á mbaint as na feidhmeanna atá ann. An bhféadfadh an comisinéir a rá cé mhéad rialacháin nua a tugadh isteach ó rinne na rialacháin maidir le cúrsaí comharthaíochta nuair a bhí mé féin mar Aire? Ag an am sin bhí rialacháin beagnach réidh againn faoi, mar shampla, cúrsaí fógraíochta. Bhí plé ar bun i measc na nGaeilgeoirí maidir leis an gcaoi a gcuirfí é sin i bhfeidhm. Is ceist theicniúil í. Bhí dhá thuairim ann agus bhí mé ag iarraidh sin a phlé agus tharaibh as an Roinn mé.

An bhféadfadh an Coimisinéir a rá liom cé mhéad rialachán nua a tugadh isteach, mar d'fhéadfaí go leor eile a dhéanamh faoi na rialacháin láithreach gan aon phríomh-Acht?

Faoi alt 12(1), tá sé de chumhacht ag an Aire treoirlínte a eisiúint chuig comhlachtaí poiblí i ndáil le hullmhú dréachtscéimeanna. Is í an bhrí atá le sin ná go bhféadfadh an Roinn treoirlínte a eisiúint a deireann gur chaithfidh comhlachtaí a phléann le pobal na Gaeltachta ó lá go lá é sin a dhéanamh trí Ghaeilge. D'fhéadfadh sí rangú ar na comhlachtaí poiblí a dhéanamh faoin bhfo-alt sin, agus a rá más i gcatagóir A comhlacht, go gcaithfidh sé seo siúd agus uile a dhéanamh. Bhí obair tosaithe ar sin sa Roinn sa mbliain 2009. An bhfhéadfadh an Coimisinéir an cheist sin a fhreagairt - cé mhéad treoirlínte atá eisithe le sé bhliain anuas faoin bhfo-alt sin? An bhfuil treoirlínte eisithe ag an Aire a chuir ceangail ar na comhlachtaí rudaí áirithe a dhéanamh? Tá fo-mhíreanna eile ansin a thugann an chumhacht don Aire an rud céanna a dhéanamh.

An bhfuil an Coimisinéir sásta go bhfuil na comhlachtaí poiblí ag tabhairt aird ar na treoirlínte atá eisithe faoi alt 12 sna pleananna atá á ndaingniú ag an Roinn? An bhfuil sé sásta go bhfuil siad ag cinntiú - mar atá de dhualgas orthu faoin Acht atá ann i láthair na huaire - go bhfuil líon leordóthanach d'fhoireann atá inniúil sa Ghaeilge acu chun go mbeidh siad in ann a seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge agus trí Bhéarla? An bhfuil sé sásta go bhfuil an Roinn ag daingniú scéimeanna a chinntíonn go bhfreastalófar na riachtanais áirithe Gaeilge a bhaineann le seirbhís a sholáthar i limistéir Gaeltachta? Faoi alt 13(2)(e), tá sé ar chomhlachtaí poiblí "a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge ina teanga oibre ina chuid oifigí sa Ghaeltacht tráth nach déanaí ná cibé dáta a chinnfidh sé le toiliú an Aire". An bhfuil aon chás ann gur chinneadh, le toiliú an Aire, ar dháta?

Dá ndéanfaí an méid sin, agus dá gcuirfí an méid sin - atá san Acht - i bhfeidhm, dhéanfadh sé an-leas ó thaobh chur i bhfeidhm an Achta, roimh aon Acht nua a thabhairt isteach, agus mar a deirim, creidim go bhfuil Acht nua ag teastáil. Is í mo cheist go simplí - an bhfuil teipthe ag an Roinn agus ar an Rialtas an tAcht a fheidhmiú mar a bhí sé leagtha amach?

Is í sin mo cheist dheireanach, beidh áthas ar an gCathaoirleach a chloisteáil. Bhí Rory Brady - go ndéana Dia ghrásta ar an bhfear - a bhí mar Ard-Aighne nuair a tugadh isteach an tAcht den tuairim, de bharr stádas bunreachtúil na Gaeilge, nach bhféadfadh plean nua leasaithe a thabhairt isteach a bheadh níos laige ná an ceann a chuaigh roimhe. Bhí Mr. Brady an-oilte ó thaobh chúrsaí dlí. Ba ceann de na habhcóidí is fearr sa tír é. Sa tuarascáil a chuir an Coimisinéir faoinár mbráid dúirt sé go bhfuil go leor de na pleananna nua níos laige ná na pleananna a chuaigh rompu. An bhfuair Oifig an Comisinéara aon tuairim abhchóide ar sin? Ar tástáladh an cheist sin sna cúirteanna? Mar a deirim, bhí Mr. Brady an-láidir den tuairim nach féidir dul siar ar phlean, go gcaithfidh gach plean bheith níos láidre agus nach féidir le haon cheann bheith níos laige. Bhí go leor de na cinnidh a rinne me préamhaithe ar an tuairim an-láidir a thug sé dom.

B'fheidir go bhfreagróidh an Comisinéir an cheist dheireanach ar dtús?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Fuair muid comhairle dlí faoi dhaingniú scéimeanna. Fiú mar a dtugann sí aird ar fhorálacha de chuid an Achta, mar a luaigh an Teachta, ó thaobh alt 12, ó thaobh líon leordóthanach foirne a bheith ann, ó thaobh seirbhísí sa Ghaeltacht agus mar sin de, an chomhairle atá faighte againne ná nuair atá scéim teanga daingnithe, go bhfuil se daingnithe agus go bhfuil stádas reachtúil ag an scéim daingnithe sin chomh maith.

An bhfuil an tAire ag sarú an dlí mura gcuireann sé faoin Aire don scéim clóigh leis an dlí?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

An chomhairle atá againne ná nuair atá an scéim daingnithe-----

Tá fhios agam, ach an bhfuair an Comisinéir comhairle - an bhfuil an tAire ag sárú an dlí nuair nach gcuireann sé faoi deara do na dreamanna atá ag cur na scéimeanna isteach cloígh leis an dlí?

Cén chaoi is féidir plean níos laige a thabhairt isteach faoin dlí? Sin an cheist.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Is léir, sa gcéad dul síos, go bhfuil scéimeanna níos laige ag teacht i bhfeidhm agus sin a léiríonn an anailís anseo ó thaobh alt 12. An t-aon chomhairle go bhfuil mise ar an eolas faoi ná go bhfuil stádas reachtúil dlíthiúil ag an scéim teanga atá daingnithe, fiú mura bhfuil aird tugtha ar alt de chuid an Achta ar nós alt 12 agus alt 11.

Sin mar gur dhaingnigh an tAire é. Sa gcás go dtagann scéim nach bhfuil ag teacht leis an Acht isteach chuig an Aire, ó tharla go bhfuil an méid seo sa dlí agus gurb í an tOireachtas a cheap an dlí, nár cheart don Aire é a chur ar ais agus a rá nach bhfuil sé seo ag teacht leis an dlí? Sa gcás go ndiúltíonn fós an comhlacht poiblí, mar a dtugtar orthu san Acht, an scéim a leasú le teacht leis an dlí, nár cheart don Aire ansin dul chuig an Rialtas agus aontú an Rialtas a fháil go ndéarfaí leis an Aire atá i gceannas ar an gcomhlacht poiblí áirithe sin, a insint don chomhlacht chloígh leis an dlí. Sa gcás nach ndéantar é sin, nach bhfuil an tAire féin ag briseadh an dlí?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Níl comhairle dlí faighte agam ar an gceist sonrach sin. Tá rud san Acht ó thaobh gur féidir leis an Aire a thuairisc a chur chuig an Oireachtais mura féidir teacht ar shocrú agus aontú le comhlacht poiblí maidir le daingniú scéime.

Ar tharla sé sin riamh?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Níor tharla sé sin riamh, in ainneoin go raibh scéim teanga ag seasamh amach le blianta fada ag naoi gcomhlacht poiblí ag deireadh 2016 .

An féidir liom ceist bheag amháin a chur?

Tiocfaimid ar ais because is ceist thar a bheith tábhachtach é. Tiocfaimid ar ais ar an gceist because muna bhfuil Oifig an Choimisinéara in ann rud a dhéanamh tá bearna sa reachtaíocht. Tiocfaimid ar ais go dtí an ceist sin agus tabharfaidh mé deis daoibh leanúint ar aghaidh leis na ceisteanna eile mar tá na Seanadóirí agus na Teachtaí Dála ag iarraidh teacht isteach freisin. Gabh mo leithscéal, bhí cúpla ceist eile.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Díreoidh mé ar an gcéad cuid ina raibh an Teachta ag caint faoi comharthaí Luas agus mar sin de agus nach bhfuil na comharthaí as Gaeilge chomh feiceálach. Sílim go bhfuil sé go dona go bhfuil an tAcht i bhfeidhm anois ó 2003 agus go bhfuil botúin mar seo fós ag tarlú. Ba cheart go mbeadh comhlachtaí poiblí ar an eolas go soiléir faoi na dualgais atá orthu ó thaobh comharthaíochta ag an tráth sin, agus ó thaobh comhfhreagrais i mBéarla ar litreacha i nGaeilge agus mar sin de chomh maith. Ní cheart go mbeadh sé ag tarlú go mbeadh na botúin ceannann céanna ag tarlú arís agus arís eile. Mar a dúirt an Teachta féin, nuair a chuirtear na comharthaí sin ina gceart ardaítear an cheist ansin faoin gcostas a bhaineann leis. Sin ceann de na cúiseanna gur shocraigh mé a bheith an-réamhghníomach ó thaobh comhairle a chur ar chomlachtaí poiblí. An teachtaireacht a bhíonn agamsa dóibh ná sula gcrochtar comharthaíocht, nó sula ndéantar aon rud den tsaghas sin, tá muidne ar fáil chun comhairle a chur ar fáil. Is fearr i bhfad saíocht roimh a leithéid í sin, seachas a bhéith á gceartú i ndiadh sin, ach ní cheart go dtarlódh sé sa gcéad dul síos.

Chuir an Teachta ceist chomh maith faoi na rialacháin atá i bhfeidhm agus ar tugadh stádas d'aon rialacháin breise ó d'fhág an Teachta féin mar Aire, maidir le cúrsaí fógraíochta, fógraí béil a bheith beo agus mar sin. Ní dhearna sin riamh ach an oiread. Sin cuid eile den Acht nár chuireadh i bhfeidhm.

Bhí ceist ag an Teachta chomh maith faoi na treoirlínte. Cé is moite d'orduithe logainmneacha, níor chuireadh iad sin i bhfeidhm ach an oiread.

Níor tharla tada?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Níor tharla.

Ní raibh an Roinn gníomhach ó thaobh fheidhmiú an Achta. Níor bhreathnaigh sí ar gach a bhfuil ann agus níor dúirt sí, fiú mar atá sé, fiú má tá sé lochtach, tá míle rud gur féidir linn a dhéanamh. Theastaíonn siad a bhreathnú air ach ní chuireadh aon rud i bhfeidhm. Níor bhaineadh an méid-----

Mr. Rónán Ó Domhnaill

O thaobh na treoirlínte freisin, tá feidhm reachtúil acu. Chomh maith le sin tá treoirleabhar eisithe ag an Roinn freisin, ach níl feidhm reachtúil aige sin.

Is iad na treoirlínte ar a mbíonn muid ag breathnú orthu nuair a bhíonn muid ag breathnú ar na scéimeanna teanga seo.

Feicim é sin. Sin atá san Acht.

Gabhaim mo leithscéal nach raibh mé i láthair nuair a bhí an coimisinéir ag cur a rud i láthair mar bhí vótaí thuas staighre againn ag an am céanna ach tá a chuid oibre léite agam. Cuireann an méid a chur sé in ár láthair alltacht agus olc orm. I gcead don gcoimisinéir, sílim i ndáiríre gur cheist pholaitiúil í seo. Tá an coimisinéir agus a oifig ag feidhmiú de réir an dlí atá leagtha amach dóibh ach is léir nach bhfuil an Státchóras ag tacú leis an Acht ó thaobh brí an Achta agus an cineál bunspioraid a bhí taobh thiar de bhunú an Achta. Is léir go dtéann an cheist seo siar go maith. Táimid ag feiceáil comhlachtaí poiblí nach bhfuil scéim daingnithe acu le naoi mbliana agus os a chionn. Is léir gur beag suntais a thugadar sin d'Acht na dTeangacha Oifigiúla fiú chomh fada sin siar. Cuireann sé sin an-olc orm.

Tá na príomhthorthaí agus na moltaí sa tuairisc atá réitithe ag an gcoimisinéir thar a bheith suntasach ó thaobh an 122 iarratas atá fós le daingniú agus an tréimhse suntasach atá ag baint le haontú na scéimeanna. Is léir go bhfuil na comhlachtaí poiblí ag tarraingt na gcos agus is léir nach bhfuil an Roinn, ar chúis amháin nó ar chúis eile, ag dul i bhfeidhm orthu.

Deir an coimisinéir go mbeadh se ina raic dá dtarlódh a leithéid de rud le Ombudsman na Leanaí, leis an gnáthOmbudsman nó Ombudsman na Fórsaí Cosanta. Bheadh an cheist seo ar phríomhleathanach The Irish Times, the Irish Independent agus a leithéidí. Bheadh raic sa Dáil agus sa Seanad faoi. Mar gheall go bhfuil muid ag plé le cúrsaí Gaeilge, cén fáth nach bhfuil raic faoi? Céard atá an Rialtas ag déanamh faoin gceist seo? Níl a fhios agam an bhfuil aon samplaí ann. Tá a fhios agam nach féidir gach Ombudsman a chur i gcomparáid lena chéile, ach an raibh aon chúlú i gceist ó thaobh dualgais a bhí ar dhaoine maidir le Ombudsman eile ar nós Ombudman na Leanaí agus mar sin de sa stair ó thaobh na hOmbudsmen agus na hoifigigh atá acu?

I gcead don gCathaoirleach, sílim go bhfuil muid i bhfad ró-bhog sa gcoiste seo. Tá olc orm le roinnt míonna anuas nach bhfuil muid ag feiceáil an Taoiseach ag teacht os ár gcomhair agus é an cathaoirleach ar an gcoiste comh-Aireachta atá in ainm is a bheith ag brú na straitéise chun cinn. Ba cheart go mbeadh Cinn Bille den Acht nua Teangacha Oifigiúla le fáil againn. Ba cheart go mbeadh an tAire Caitheachais Phoiblí agus Athchóirithe istigh anseo agus os ár gcomhair le ceisteanna a fhreagairt faoin fáth nach bhfuil na Ranna Stáit agus na comhlachtaí poiblí ag comhlíonadh a gcuid dualgais faoin dlí. Ar deireadh thiar thall, seo dlí na tíre atá aontaithe ag Tithe an Oireachtais agus níl siad á chur i bhfeidhm. Dá mbeadh sé sin amhlaidh in aon réimse eile den saol poiblí sa tír seo, bheadh sé ina chogadh dearg.

Tá mé thar a bheith buíoch den gcoimisinéir faoi na sonraí atá curtha os ár gcomhair. Ó thaobh an ghnáthphobail, 'séard atá muid ag súil leis agus 'séard a bhí sna céad scéimeanna - mar a bhí súil againne leis - ná na bunrudaí tosaigh a bheadh i gceist ó thaobh páipéarachais, freagraí ar línte teileafóin, comharthaíocht agus mar sin de. Bhí muid ag súil de réir a chéile go mbeadh gnáthsaoránaigh na tíre in ann dul isteach chuig an gcomhairle contae agus na húdaráis éagsúla ar nós na gailearaithe náisiúnta agus a gcuid Gaeilge a úsáid dá mba mhian leo é gan cheist agus gan choinníoll ach tá muid i bhfad i bhfad ó sin i ndáiríre.

Bheinn ag iarraidh go dtiocfadh na hAirí éagsúla atá ag plé leis seo os ár gcomhair. Sílim gur gcaithfimid an diabhal a thabhairt le n-ithe dóibh i ndáiríre píre. Tá muid i bhfad ró-dheas leo i bhfad ró-fhada. Is léir go bhfuil an Rialtas seo ag ligint do na comhlachtaí poiblí seo an dlí a bhriseadh ar bhonn leanúnach agus nach bhfuil sé ag déanamh tada faoi.

Tá cúpla ceist ansin.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Tá. Cuireadh ceist faoi chúrsaí Ombudsman agus mar sin de. Ar an gcéad dul síos, tá cumhachtaí éagsúla ag Ombudsmen difriúla. Mar shampla, tá ról comhairleach ag an Ombudman Leanaí don Roinn Gnóthaí Leanaí agus Óige nuair a bhíonn reachtaíocht á dhréachtú, rud nach bhfuil agamsa mar Choimisinéir Teanga.

Rud amháin a tháinig chun cinn i bpríomhthorthaí an taighde atá déanta maidir leis an tráchtaireacht ar aidhmeanna chóras na scéimeanna teanga ná é seo: Nuair a rinne Oifig an Choimisinéara Teanga imscrúduithe ar chomhlachtaí poiblí de thoradh gearán amháin le scéim teanga nó le faireachán a dhéanamh ar scéim teanga, i ndá thrian den uair a daingníodh scéim teanga ina dhiaidh sin, laghdaíodh nó baineadh amach an gealltanas a bhí mar thoradh den imscrúdú. Dá mbeadh sé sin tarlaithe d'aon oifig Ombudsman eile, bheadh sé ina raic amach is amach. Ní ceart go mbeadh a leithéid ag tarlú.

Tabharfaidh mé sample amháin de sin a bhain leis na Tithe seo go speisialta maidir le Comhairle Contae na hIarmhí. Rinneadh gearán faoi shuíomh gréasáin Chomhairle Contae na hIarmhí. Bhí sé geallta ag an gcomhairle sa scéim teanga go mbeadh an suíomh gréasáin dátheangach. Rinneadh imscrúdú air sin agus frítheadh nach raibh an chomhairle ag comhlíonadh an méid a bhí geallta sa scéim teanga. Rinneadh moltaí ag rá go mba cheart cloí leis an scéim agus an suíomh a bheith dátheangach. Ní dhearnadh sin. Cuireadh tuarascáil faoi sin faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Is gníomh an-shuntasach é go gcuirfear tuarascáil faoi bhráid Thithe an Oireachtais mar gheall go bhfuil comhlacht poiblí ag diúltú moltaí atá déanta ag m'oifig a chur i bhfeidhm. In ainneoin go raibh tuarscáil ina leith curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais, nuair a daingníodh an chéad scéim teanga eile le Comhairle Contae na hIarmhí, 'séard a tharla ná go mbaineadh amach agus laghdaíodh go suntasach an gealltanas sin. Sílim nach nglacfaí agus ní cheart go nglacfaí lena leithéid sin.

An raibh aon idirphlé idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus an Roinn Gaeltachta go raibh i gceist acu é sin a dhéanamh? An raibh aon treoir glactha? Ní raibh aon phlé. As a stuaim féin, rinne an Roinn an scéim a dhaingniú. Is dóigh go raibh sé ar iarratas ó Chomhairle Contae na hIarmhí go raibh an chomhairle ag iarraidh cúlú ar an dualgas agus ghlac an Roinn leis.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Tá sé sin fíor. Tá deighilt shoiléir idir cúraimí na Roinne agus cúraimí an Aire ó thaobh na scéimeanna a dhaingniú le comhlachtaí poiblí. An dualgas atá orm ina dhiaidh sin ná monatóireacht a dhéanamh ar na scéimeanna agus a chinntiú go gcuirtear iad i bhfeidhm. An chéad uair go raibh a fhios agamsa go raibh a leithéid ag tarlú ná nuair a tháinig an scéim teanga isteach ar ríomhphost ag rá gurb é seo an scéim teanga nua atá daingnithe le Comhairle Contae na hIarmhí.

An mbíonn aon phlé ginearálta fiú ar dhaingniú an dara scéim agus ar an gcur chuige atá acu nó aon rud mar sin? B'fhéidir nach bpléann Roinn na Gaeltachta cásanna sonracha nó scéimeanna sonracha ach, i bhfeidhmiú ginearálta an Achta, sa gcás is go bhfuil an chéad scéim a bhí i bhfeidhm gabhta in éag agus an dara scéim le haontú, an bhfuil aon phlé idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus Roinn na Gaeltachta nó an tAire maidir leis an gcur chuige a bheadh ann ó thaobh dhaingniú an dara scéim?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Ní bhíonn i ndáiríre. Bíonn plé ginearálta againn le hoifigigh na Roinne faoi chóras na scéimeanna agus tá an Roinn agus an tAire ar an eolas go sonrach faoin míshástacht atá orm mar choimisinéir faoi chóras na scéimeanna teanga. Tá eolas agus fíricí le feiceáil go heolaíoch dúinn, más féidir é a chur mar sin, leis an bhfianaise sa tráchtaireacht seo go bhfuil cúlú á dhéanamh ar ghealltanais de thoradh chóras na scéimeanna teanga. Tá cúlú á dhéanamh ar ghealltanais i 52% de na dara agus tríú scéimeanna teanga atá daingnithe le dhá bhliain anuas. Ag deireadh an lae, áfach, is iad Aire na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta atá freagrach as daingniú na scéimeanna sin.

Tá sé sin náireach amach is amach.

Aon duine eile?

Gabhaim buíochas leis an gcoimisinéir agus le gach duine ina oifig as an obair go léir atá déanta acu ar an ábhar seo. Tá sé soiléir on tuarascáil go bhfuil a lán rudaí le déanamh againn chun é seo a fheabhsú. Tá na pointí sa tuarascáil déanta go héifeachtúil. Gabhaim mo bhuíochas leis an gcoimisinéir as sin. Mar Theachta, beidh mé ag déanamh mo chuid oibre air seo. Níl sé maith go leor go bhfuil na fadhbanna seo fós ann. Tá a lán le déanamh againn chun iad a réiteach.

Maidir leis an méid atá ráite ag an Seanadóir, ní mór dom a rá nach bhfuil an coiste seo ar an bhfód ach sé mhí. Bhí an chéad chruinniú againn i Mí Mheán Fómhair agus tá an t-uafás oibre déanta. Nílimid ró-bhog le ró-fhada agus nílimid ró-dheas. Tá an t-uafás oibre déanta ag an gcoiste agus níl ach sé mhí i gceist. Tháinig a lán daoine os ár gcomhair agus is é seo an dara uair don choimisinéir. Tá rudaí nochtaithe againn agus tá ar a laghad ceithre chuireadh tugtha ag an gcoiste don Taoiseach teacht os ár gcomhair. Ar eagla na heagla go raibh míthuiscint i gceist, tar éis an dara cuireadh, sheolamar an tríú cuireadh agus an ceathrú cuireadh mar cheap mé go raibh míthuiscint i gceist. Dúirt an Taoiseach go raibh an dualgas ar an Aire sóisearach. Mar sin, thugamar cuireadh arís dó ag cur in iúl dó go raibh ról faoi leith aige mar chathaoirleach ar an gcoiste comh-Aireachta Gaeilge. Sin an chaoi a luíonn rudaí faoi láthair.

Chomh maith leis sin, tá ceistneoir seolta againn chuig chuile Roinn agus tá na haisfhreagraí ag teacht isteach. Táimid ag fanacht le hoibrí breise chun an obair a dhéanamh orthu. Ní haontaím leis an Seanadóir ach amháin le rá nach bhfuil an Rialtas i ndáiríre faoin nGaeilge. Ba mhaith liom é sin a rá. Tá cur i gcéill i gceist, gan dabht.

Tá súil agam nach bhfuil an Cathaoirleach ag cur i mo leith gur cur i gcéill atá i i gceist agamsa.

Ní hea, ach ag an Rialtas.

Gabh mo leithscéal. Maidir le mo cheist féin, luaigh an coimisinéir tráchtaireacht eile. Seo an dara tráchtaireacht. Cad é an difríocht idir an chéad tráchtaireacht agus an ceann seo? Léigh mé é go léir agus ní féidir ach alltacht agus olc a bheith ar dhuine agus é á léamh. Tá an cosúlacht ar an scéal go mbíonn píonós ar an gcoimisinéir agus ar a fhoireann nuair a dhéantar gearán. Is dona an rud é sin. Níl aon spreagadh ann dá oifig chun gearán a dhéanamh mar tá an cosúlacht ar an scéal go mbíonn rudaí níos measa tar éis an ghearáin.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Tá sé soiléir anois céard atá ar siúl agus tá eolas fíriciúil ann faoi céard atá ag tarlú, go mórmhór ó thaobh lagú ar ghealltanais a bhí mar ábhar d'imscrúdú agus cúlú ar ghealltanais sa dara agus sa tríú scéim. De thoradh na tráchtaireachta seo agus de thoradh go bhfuil aird an choiste dírithe air anois, bheinn ag súil go bhféachfaí chuige go bhfuil córas na scéimeanna anois imithe in amhréidh agus go bhfuil sé seo deacair. In ainneoin an dea-chuspóir a bhí leo, is léir go bhfuil fadhbanna ollmhóra ann agus tá gá féachaint ar bhealaí eile ar nós rangú a dhéanamh ar chomhlachtaí poiblí agus rialacháin a leagan síos atá bunaithe orthu sin.

Ó thaobh na tráchtaireachta féin, is de thoradh cruinniú leis an gcoiste seo i Mí Dheireadh Fómhair gur chinn mé an tráchtaireacht a dhéanamh. Cuireadh ceisteanna go sonrach orm faoi chóras na scéimeanna teanga agus iarradh orm samplaí a thabhairt don choiste agus léiriú a thabhairt ar aon phatrún a bhí le brath faoi lagú ar ghealltanais. Is de thoradh sin gur shocraigh mé tabhairt faoin tráchtaireacht. Bhí barúil mhaith agam go mbeadh na torthaí sa tráchtaireacht lom agus go léireofaí go sonrach cé chomh lag is a bhí an córas ach níor thuig mé i ndáiríre go mbeadh siad chomh dona agus chomh lag agus atá. Tá sé sin le feiceáil.

Cuireadh ceist faoin tráchtaireacht eile a rinneadh. Rinne an chéad Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, é in 2011. Rinneadh an tráchtaireacht sin ar fheidhmiú iomlán an Achta seachas cuid amháin sonrach mar atá déanta agamsa le córas na scéimeanna teanga. Bhain an chéad tráchtaireacht le cur i bhfeidhm iomlán an Achta agus moltaí faoin Acht a leasú. D'eascair sé sin as aidhm a bhí ann. Fógraíodh in 2011 go mbeadh leasú á dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus is mar chuid de sin gur cinneadh tráchtaireacht ar fheidhmiú an Achta ina iomláine a fhoilsiú an uair sin. Caithfidh mé a rá go díreodh aird an uair sin chomh maith ar laigeachtaí agus na deacrachtaí a bhain le seirbhísí Stáit trí Ghaeilge, go mórmhór ó thaobh chóras na scéimeanna.

Dá mbeadh Aire gníomhach sa Roinn, an n-aontódh an coimisinéir liom go bhféadfadh sé, ar an gcéad dul síos, céimeanna a ghlacadh i gcás an 51 scéim teanga atá imithe in éag, agus 600 dóibh níos faide ná seacht mbliana, agus go bhféadfadh sé na daoine sin ar fad a thuairisciú don Dáil - rud nach bhfuil déanta. Bheadh sé suas don choiste seo anois agus is mór an mhaith go bhfuil an coiste ann mar, dar liom, níl muid ach ag tús ár gcuid oibre. Go dtí seo, bhí rudaí ag teacht isteach go dtí an tOireachtas agus - deirim an fhírinne - bhí sé báite san Oireachas agus á fhágáil ar leataobh.

Ag éirí as cruinniú an lae inniu, tá súil agamsa go n-iarróidh muid ar an Aire teacht isteach agus míniú a thabhairt cén fáth nach bhfuil sé ag feidhmiú an Achta. D'fhéadfadh an tAire rud éigin a dhéanamh faoin mhoill ag feidhmiú nó ag tabhairt scéimeanna nua. D'fhéadfadh sé thuairisciú a dhéanamh don Rialtas agus do Thithe an Oireachtais. Sa gcás sin, ba cheart don Taoiseach, atá ceaptha mar chathaoirleach ar an gcoiste comh-Aireachta Gaeilge, ordú a thabhairt do gach Aire agus do gach comhlacht poiblí feidhmiú de réir an Achta.

Maidir le dul siar ar na gealltanais, tá comhairle curtha ormsa nach bhfuil sé sin bunreachtúil. Is léir go bhfuil comhairle eile nach bhfuil ag teacht leis sin agus is mór an trua é sin. Ar ndóigh, fós is féidir leis an Aire diúltú aon scéim a dhaingniú. An bhfuil an ceart agam? An aontaíonn an coimisinéir liom go bhféadfadh an tAire diúltú ar aon scéim a dhaingniú a bhfuil dul siar ar ghealltanais a bhí ann cheana?

Maidir le soláthar seirbhísí sa Ghaeltacht, bheadh an tAire go hiomlán taobh istigh de chearta agus d'fhéadfadh sé tuairisc a chur chuig an Oireachtas dá ndiúltófaí scéim a dhaingniú de bharr nach bhfuil sé ag teacht leis na forálacha atá san Acht maidir le cúrsaí Gaeltachta agus seirbhísí trí Ghaeilge. Fiú mar atá an teacht i láthair na huaire, an rud atá mé ag rá ná go raibh go leor uirlisí ag an Aire scríofa isteach san Acht dá dteastódh uaidh nó uaithi iad a fheidhmiú. Tá cinneadh polaitiúil déanta, áfach, gan iad agus an tAcht a fheidhmiú. Cuireann sé sin an-bhuairt orainn. Is cuma cé chomh láidir is atá sé, muna bhfuil daoine sásta é a fheidhmiú níl aon fheidhm leis an Acht.

Dá mbeadh Aire gníomhach ann, an bhfuil an ceart agam go bhfuil go leor uirlisí ann a bhféadfadh feabhas a chur ar rudaí le hais mar atá siad i láthair na huaire ó thaobh an méid a bheadh sna pleananna agus cén uair a bheadh na pleananna réidh, ach nach bhfuil na huirlisí sin á n-úsáid?

An bhfuil an Seanadóir ag iarraidh teacht isteach anois?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Chun beagán stair a thabhairt dóibh seo, bhí go leor casaoid déanta faoi líon na scéimeanna a bhí a dhaingniú sna blianta a bhí caite. Mar shampla, níor daingníodh ach scéim amháin nó dhá scéim in imeacht aon bhliain amháin. Sílim in 2011 a bhí sé. Bhí go leor casaoid faoi sin. 'Séard a tharla ina dhiaidh sin ná gur cuireadh dlús faoi sin agus tá líon na scéimeanna atá á dhaingniú ag méadú. Ar an meán, bhí scór scéim teanga daingnithe le dhá bhliain anuas. Cibé faoi líon na scéimeanna atá á dhaingniú, an bhuairt atá ormsa ná gurb é caighdeán na scéimeanna atá á dhaingniú an áit a bhfuil an fhadhb. Léiríonn anailís atá déanta againn sa tráchtaireacht seo go dtógfaidh sé os cionn sé bliana breith suas ar na hiarratais sin amháin atá ag seasamh amach ag deireadh 2016 agus sin ag dul leis an luas atá ann faoi láthair.

Maidir leis an cheist sonrach a chuir an Teachta faoin gcumhacht atá ag an Aire é sin a thuairisciú, níl a fhios againn cén tionchar a bheadh aige sin. An mbeadh dea-thionchar nó droch-thionchar? Níor tharla sé riamh. Cén fáth nár tharla sé? Sin ceist nach féidir liomsa a fhreagairt. An rud gur féidir liomsa a dhéanamh ná aird a tharraingt ar na fadhbanna atá ann agus a rá leis an gcoiste nár tharla se sin ariamh, nár tuairisciú é sin ariamh agus go riabh deacrachtaí le daingniú scéimeanna. Mar a luadh, tá go leor ag seasamh amach le blianta fada. Bhí seacht n-iarratas ag seasamh amach le naoi mbliana anuas nó mar sin. Ó cuireadh an tuarascáil seo le chéile, bunaithe ar figiúirí 2016, tá péire den seacht scéim sin daingnithe ó shin. Is iad sin scéimeanna Chomhairle Contae Uíbh Fháilí agus Ard-Mhúsaem na hÉireann.

Tá imní orm, áfach. Céard faoin mhoill a bhain leis é sin a dhéanamh? Tá imní orm faoi na gealltanais atá istigh ann freisin. Tabharfaidh mé sampla beag amháin dó sin: Comhairle Contae Uíbh Fháilí. Cuimhnigh cé chomh fada is a thóg sé an scéim teanga sin a dhaingniú ach fós, tar éis na mblianta sin ar fad, tá an comhairle ag rá: "Déanfaimid iniúchadh ar an bhféidearthacht atá ann Oifigeach Gaeilge a earcú chuig Comhairle Chontae Uíbh Fhailí." Tar éis naoi mbliana, tá an chomhairle ag rá go ndéanfaidh sí iniúchadh ar an bhféidearthacht maidir le hoifigeach Gaeilge.

An bhfuil an ceart agam go bhféadfaí go leor de sin a ghlan amach as an mbealach dá n-eiseofaí tuilleadh treoirlínte. Dá dteastódh an Rialtas é a dhéanamh, d'fhéadfaí treoirlíne a eisiúint le toil an Aire agus mar sin de ag rá go gcaithfidh oifigeach Gaeilge a bheith ag chuile chomhairle contae sa tír nó ag chuile chomhairle contae a bhfuil os cionn méíd áirid nó go gcaithfidh ceann a bheith roinnte idir comhairlí contae beaga. Is féidir é sin a dhéanamh le treoirlínte.

Mar sin, d'fhéadfaí go leor den fhadhb seo a réiteach ó thaobh moill a bheith ar réiteach pleananna dá ndéarfaí leo, más eagraíocht de chineál áirid iad, go gcaithfidh siad an gréasáin-----

Nach ceist pholaitiúil é sin?

Baineann an cheist le cumhachtaí-----

Tuigim-----

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Labhróidh an tUasal Ó Coisdealbha, stiúrthóir na hoifige, faoi na treoirlínte.

Mr. Colm Ó Coisdealbha

Ní raibh againn riamh ach na céad treoirlínte a heisíodh agus tá siad ginearálta. Bhain siad leis an am: am a raibh Acht nua ann agus mar sin de. Dá mbeadh treoirlínte ann agus dá leanfaí na treoirlínte sin, d'fhéadfaí ansin dul agus a rá go gcaithfear an nósaireacht seo a leanúint i ngach uile chás. Ar an mbealach céanna, is é an pointe atá muid ag iarraidh a dhéanamh ná go laghdaítear an spás idirbheartaíochta ma tá rialacháin ann. Fiú na rialacháin a tháinig amach in 2008, ceadaigh siad sin go bhféadfaí socruithe a dhéanamh do chuile chomhlacht poiblí, aicme de chomhlachtaí poiblí nó aon aicme sheirbhísí chomhlachtaí poiblí. Bhí sé scríofa san Acht. Tugann an reacht cead rialacháin a scríobh ar bhealach sonrach nó ar bhealach an-leathan. An rud atá muid ag rá ná go bhfuil próiseas idirbheartaíochta ar siúl leis na scéimeanna. Fiú le troeoirlínte agus chuile shórt-----

A Theachta-----

De réir mar a thuigim é-----

A Theachta, lig dó é a fhreagairt.

Táim ag lorg soiléiriú.

An bhfuil dhá chathaoirleach ann?

De réir mar a thuigim é, má thugann an tAire treoirlínte isteach, tá sé ráite go sonrach san Acht go bhfuil feidhm dlí acu. Tá an seasamh céanna acu siúd de réir dlí agus a bheadh ag rialacháin. Mar sin, níl aon spás idirbheartaíochta ann. Is de facto rialacháin atá ann. An bhfuil mé ceart nó mícheart?

Mr. Colm Ó Coisdealbha

Breathnóidh mé air le bheith cinnte dó. Ba é an rud gur mhaith liom breathnú air, sula-----

Tóg t'aimsir agus tiocfaidh mé ar ais-----

Mr. Colm Ó Coisdealbha

Déarfainn an méid seo. Nuair atá na rialacháin ann, agus má tá siad scríofa amach go sonrach nó ar bhealach atá sórt leathan, is féidir na dualgais a bheith in oiriúint do pé aicme comhlachtaí poiblí atá i gceist. Feiceann muid go n-oibríonn sé do chomharthaíocht, do stáiseanóireacht agus d'fhógairtí taifeadta béil. Dá bhrí sin, d'fhéadfadh treoirlínte a bheith ann dóibh siúd chomh maith, ach is fearr a oireann - go pointe - rialacháin. Ceann de na cúiseanna atá leis sin ná nach bhfuil scéim teanga ag chuile eagraíocht Stáit. Nuair atá rialacháin ann, tá siad i bhfeidhm do chuile eagraíocht Stáit. Is féidir rangú a dhéanamh taobh istigh dó sin agus aicme a dhéanamh taobh istigh dó sin agus iad a dhéanamh chomh casta nó chomh simplí agus is mian linn ach ar a laghad, táimid ag tabhairt chuile eagraíocht Stáit faoi scóip na rialacháin sin gan gá dul tríd próiseas scéimeanna teanga. Sin ceann de na príomhbhuntaistí a bhaineadh le rialacháin le hais dul tríd treoirlínte. Ní bheidh scéim teanga ag chuile eagraíocht nó chuile aicme eagraíocht.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Le cur leis sin, tá thart ar 116 scéim teanga as thart ar 400 comhlacht poiblí ina n-iomláine sa tír. Ag brath ar scéimeanna teanga, bheadh muid ag fágáil na comhlachtaí eile sin ar fad amach as an áireamh. Le rialacháin atá leagtha síos go sonrach san Acht féin, tá na comhlachtaí sin ar fad istigh ann.

Níl mise in aghaidh leasuithe a dhéanamh ar an Acht ach an pointe atá agam air seo-----

Tá mé oscailte do dhíospóireacht, a Theachta, ach ní mór dom deis a thabhairt do dhaoine eile. Tiocfaidh mé ar ais chuig an Teachta. Glaoim ar an Seanadóir Ó Clochartaigh.

Dá mbeadh carr ceannaithe agam in 2003, bheadh sí imithe as dáta faoin am seo mura mbeadh an-aire tugtha agam di ar fad nó mura mbeadh sí ar ard-chaighdeán. Sílim gurb é an rud atáimid ag plé leis anseo. Bhí an-dea-mhéin ó thaobh an Achta ag an am agus bhí muid ag súil go raibh sé snasta agus oiriúnach don fheidhm a bhí á leagan amach. Is léir ón méid a bhí le rá ag an bhfear a chuaigh roimh an coimisinéir, Seán Ó Cuirreáin, an méid atá an coimisinéir féin ag rá, an méid atá muid féin ag feiceáil agus an méid atá ráite ag na heagraíochtaí Gaeilge go bhfuil sé in am i ndáiríre Acht nua a thabhairt isteach.

D'fhéadfadh muid an t-uafás ama agus acmhainní a chaitheamh ag iarraidh a bheith ag cur na scéimeanna in oiriúint agus daoine a tharraingt chun cinn leis na scéimeanna a chur i bhfeidhm. Ach, mar a deir na finneithe, nár bhfearr go mór fada ag an bpointe seo dlús an sciobtha a chur faoi Acht a thabhairt isteach, na rialacháin sin a chur i bhfeidhm agus ansin bogadh ar aghaidh ón taobh sin de. Is bun agus barr an scéil ná go bhfuil muid agus b'fhéidir daoine ag éisteacht linn sa mbaile ag argóint faoi chúrsaí teicniúla agus dlíthiúla agus mar sin de ach níl an t-é atá ag iarraidh dul isteach ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, comhairle cathrach na Gaillimhe, leabharlann áirithe, an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara chun gnóthaí a dhéanamh trí mheán na Gaeilge in ann é a dhéanamh. An rud a bhí muid ag iarraidh ná go mbeadh an duine atá ag úsáid na Gaeilge mar ghnáththeanga labhartha in ann dul isteach ag na comhlachtaí poiblí seo agus a leithéidí a dhéanamh. Dá mbeadh muid fírinneach faoi, tá ag teip orainn. Nach é an rud is tábhachtaí a bhféadfadh muid a bheith ag déanamh ná dlús a chur ó thaobh an Acht nua a thabhairt isteach, na rialacháin agus na moltaí eile a chuir an coimisinéir os ár gcomhair cheana a chur i bhfeidhm san Acht nua agus gan a bheith ag dul anonn is anall ag an bpointe seo faoi.

An féidir liom ceist a chur maidir leis na comhlachtaí poiblí ar iarradh orthu dréacht scéim a ullmhú os cionn naoi mbliana ó shin? Ina measc, tá Amharclann na Mainistreach, an Ceoláras Náisiúnta, Ard-Mhúsaem na hÉireann, an Comhairle Oidhreachta, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Comhairle Contae Uíbh Fháilí. Ós rud é nach bhfuil scéim ar bith daingnithe acu sin, agus glacaim leis gur b'shin an cás ina bhfuil siad, ní féidir leis an coimsinéir i ndáiríre drannadh leo. An féidir? Níl cumhacht dá laghad aige go dtí go bhfuil scéim daingnithe ag dul gar dóibh sin. Dá bhrí sin, is cineál joyriders atá iontu ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla mar níl licence acu agus agus níl cáin acu. Tá siad ag imeacht leo agus ní féidir leis an ngarda atá i gceist - agus é ós ár gcomhair anseo - drannadh leo mar go bhfuil siad faoin aois. Sin go bunúsach é. Nach é sin an samhail atá againn? B'fhéidir gur cheart don choiste iad siúd a thabhairt ós ár gcomhair le feiceáil cén fáth nach bhfuil siad tar éis na scéimeanna a ullmhú.

Má tá aon cheann de na dreamanna seo ag sárú an dlí mar gheall nach bhfuil scéim daingnithe acu agus mar gheall nach bhfuil siad ag cur i bhfeidhm na cearta atá agam mar shaoránach faoin mBunreacht, ar féidir liom cás dlí a thógáil ina aghaidh? An bhfuil muid gabhta go dtí an staid gur cheart do na heagraíochtaí Gaeilge nó daoine aonaracha cuimhneamh ar chásanna a thógáil in aghaidh de chuid de na comhlachtaí poiblí seo? Cén seasamh faoin dlí a bheadh acu leis é a dhéanamh?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Ó thaobh an cheist faoi Acht nua, d'aithin mé i m'aitheasc ag an tús agus tá mé á aithint anois arís go bhfuil cúrsaí níos fearr de thoradh Acht na dTeangacha Oifigiúla a thugadh isteach in 2003. Caithfear é sin a aithint. Tá daoine níos eolaí anois faoina gcuid cearta teanga agus tá dul chun cinn ó thaobh chomharthaíocht, stáiseanóireacht agus mar sin de. Ba reachtaíocht úr nua ceannródaíocht a bhí ann ag an am. Déanfadh sé ciall chomh maith, áfach, 13 bliain ó tháinig an tAcht i bhfeidhm, go bhféachfaí in athuair chun féachaint cén chaoi gur féidir an tAcht a fheabhsú anois. Tá an saol athruithe ó shin chomh maith. Tá níos mó seirbhísí idirghníomhacha ann anois ná mar a bhí. Tóg, mar shampla, na dualgais ar cheart a bheith ar chomhlachtaí poiblí faoi na meáin shóisialta agus a leithéidí sin. 'Sé sin, rudaí atá tagtha chun cinn ón am sin. Is rudaí iad sin go bhféadfaí a bheith mar chuid d'aon díospóireacht faoi Acht nua. Cuideodh sé sin.

Bhain an dara cheist le comhlachtaí poiblí agus gan aon chumhacht a bheith agam mura bhfuil scéim teanga ann. Agus muid ag caint níos luaithe faoi rialacháin agus na buntáistí a bhaineann le rialacháin, b'fhiú a lua go gcaithfidh siad cfós loí leis na rialacháin atá leagtha síos san Acht féin ó thaobh fógairtí, taifeadta béil, stáiseanóireacht agus comharthaíocht agus mar sin de. Fós tá de dhualgas ar na comhlachtaí sin na dualgais sin a chomhlíonadh agus is féidir linn iad sin a fhiosrú.

Luadh Ard-Mhúsaem na hÉireann. Sin ceann de na comhlachtaí a bhfuil scéim teanga daingnithe leo ó dheireadh 2016 go dtí an am anois ar a bhfuil na fíricí seo bunaithe. Is fiú a lua chomh maith go bhfuil dualgais ar an gcomhlacht sin freisin bunaithe ar an reachtaíocht faoinar bunaíodh é. Baineann sé sin le 2005 go sonrach. Tá sé spéisiúil go bhfuil san Acht a bhain le bunú an Ard-Mhúsaem foráil go mbeidh líon leor dhóthanach foirne ag an músaem chun seirbhisí a chur ar fáil i nGaeilge. Sa scéim teanga, atá daingnithe ó dheireadh 2016, deir sé go sainaithneofar poist mar riachtanais Gaeilge ag baint leo faoi dheireadh chéad bliana na scéime. Is léir go bhfuil deighilt ansin ar bhealach idir an méid atá ráite san Acht inar bunaíodh an músaem agus ag méid atá ráite sa scéim teanga.

Chun é sin a leathnú amach beagánín ó thaobh obair na hoifige, ní faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla amháin a bhíonn muid ag feidhmiú. Bíonn muid in ann breathnú ar Achtanna Oireachtais eile a bhfuil dualgais leagtha síos ar chomhlachtaí poiblí - Acht an Gharda Síochána agus an tAcht Oideachais ina measc.

Bíonn níos mó imscrúduithe déanta i mbliain amháin faoin Acht oideachais ná faoi aon Acht eile. Léiríonn sé sin go bhfuil cumhachtaí agam taobh amuigh de Acht na dTeangacha Oifigiúla féin. Maidir le cás dlí a thógáil in aghaidh eagraíochtaí, i ndeireadh na dála is dóigh gur ceist í sin do pé eagraíocht nó duine aonair, más mian leo. Má théann muid siar inár gcuimhne go bunú na hoifige, cás Uí Bheoláin agus rialú Breitheamh Hardiman ag an am sin faoi sheirbhísí Stáit a bheith ar fáil, is as sin a d'eascair Acht na dTeangacha Oifigiúla sa gcaoi go mbeadh Coimisinéir Teanga ann le go bhféadfadh daoine dul chuige nó chuichi chun a gcearta a lorg. Má tá ceist bhunreachtúil ann faoina bhfuil an Stát ag comhlíonadh a chuid dualgas, is ceist í sin atá taobh amuigh de mo chuid cumhachtaí agus is ceist í do na cúirteanna.

Má dhéantar neamhaird ar thuairisc a leagann an Coimisinéir Teanga os comhair an Oireachtais agus má leanann an eagraíocht ar aghaidh ag feidhmiú díreach mar atá siad gan na moltaí a chur i bhfeidhm, an bhfágann sé sin oscailte gurb é an chéad chéim eile atá ag an duine aonair ná cás dlí a thógáil tríd na cúirteanna i gcoinne na heagraíochta sin muna bhfuil cearta an duine aonair á chur i bhfeidhm?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Is rogha é sin atá ag an saoránach. Ní minic a tharlaíonn sé go gcuirtear tuarascáil faoi bhráid an Oireachtais. An chéim dheireanach gur féidir liomsa mar Choimisinéir Teanga a thógáil ná tuarascáil a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Níl sé sin déanta agamsa ach uair amháin, maidir leis an Roinn Oideachais agus Scileanna. Bheinnse ag súil go mbeadh Tithe an Oireachtais sa gcás sin in ann díriú ar an gceist sin.

Maidir le na rialacháin a tugadh isteach, glacaim leis gur faoi alt 4 den Acht a tugadh isteach iad. Rinneamar rialacháin ar fógraí taifeadta agus ar chomharthaíocht.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Alt 9.

Faoi alt 4, tá an tAire in ann rialacháin a dhéanamh le ní ar bith a bhaineann leis an Acht freisin. Tá cumhacht ginearálta ann rialacháin a dhéanamh ar chomharthaíocht nó fógraíocht, nach ea?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Is ea. Aon rialachán a tugadh isteach go dtí seo, is faoi alt 9 den Acht a tugadh isteach iad.

An t-imní atá ormsa faoin rud seo ar fad ná nach bhfuil aon mhaith an dlí a dhaingniú má tá daoine ag dul ag déanamh neamhaird iomlán den dlí. Mar a luaigh mé faoi na comharthaí don seirbhís Luas, an seirbhís nua traenach, má thugann duine do dhúshlán an Choimisinéara Teanga agus mura dtagann na meáin agus an tOireachtas ar a shon, tá fadhb ag an gCoimisinéir Teanga. Glacfaimid leis go bhfuil gearrán oifigiúil déanta agus go bhfuil sé tugtha chun suntais ag an gCoimisinéir Teanga. Má théann sé síos go dtí Faiche an Choláiste, feicfidh sé nach bhfuil na comharthaí chomh feiceálach i nGaeilge is atá siad i mBéarla. Teist iontach a bheadh ann feiceáil an éireoidh leis an gCoimisinéir Teanga, ainneoin go bhfuil sé dubh agus bán agus nach bhfuil aon what ifs or where buts. Más buan mo chuimhne, tá sé leagtha síos sa dlí go gcaithfidh comharthaí a bheith comhfhéiceálach i nGaeilge agus i mBéarla. An bhfuil an ceart agam?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Tá.

Feictear domsa nach bhfuil. Is sárú iomlán glan é seo ar an dlí. Beidh le feiceáil céard a tharlóidh. Is í seo an fhadhb atá agamsa leis an rud seo ar fad. Is féidir linn a bheith ag déanamh Achtanna istigh i dTithe an Oireachtais, ach an t-am ar fad tá an Státchóras ag tabhairt an dúshláin agus ag rá go bhfuil an-trua orthu gur seo siúd. Tá an-trua acu don taobh eile atá ag troid leo nuair a thugann siad neamhaird. Bíonn siad ag caint i Meiriceá ar an Monroe Doctrine. Tá an Ó Beoláin doctrine againne. Is é sin an rud a dúirt Ó Beoláin sa gcás cúirte cáiliúil. Dúirt sé má tá trua ar an Stát, go gcuirfidh an Stát go leor trua ar an saoránach agus mar sin de. Is fadhb í sin don Stát. Caithfidh sé glacadh leis an trua. Is cuma cén trua atá ar an Stát, caithfidh an Stát glacadh leis an dlí. Ní léir go dtuigeann an Stát é sin i gcás na Gaeilge. Go dtí go dtuigfidh siad é sin, is féidir linn reachtaíocht a rith ó mhaidin go oíche, ach beidh fadhb ann fós mar go dtabharfar ár ndúshlán ag eagraíochtaí móra Stáit chuile lá den tseachtain.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Tá dhá chuid de fhreagra agam ar sin. Tabharfaidh mé an dara chuid ar dtús. Ceann de na bealaí go bhféadfaí teacht i dtreis ar sin ná i gcúrsaí earcaíochta. Is é sin an áit a bhfuil bunfhadhb ó thaobh seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge. Níl a ndóthan daoine le Gaeilge ag obair sa Státchóras. Níl a ndóthan earcú ar siúl faoi láthair le sin a chur ina cheart. Níl postanna á shainaithint, mar atá leagtha síos sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, ina deir sé go mbeidh postanna sainaitheanta i gcomhlachtaí poiblí go bhfuil riachtanas Gaeilge leo. Níl sé sin ag tarlú ar aon bhealach chórasach ná chuimsitheach ar chor ar bith. Tá sé soiléir le feiceáil sa tráchtaireacht atá déanta agam nach bhfuil post le riachtanas Gaeilge sainaitheanta ach i gcás 17.5% de na scéimeanna a dhaingníodh le dhá bhliain anuas agus nach bhfuil socruithe cinnte de earcú comhaltaí foirne le Gaeilge luaite ach i gcás 7.5% de chuile scéim teanga a dhaingníodh i 2015 agus 2016. Is áit í sin ina bhfuil fadhb shuntasach. Is léir nach bhfuil an Roinn, córas na scéimeanna teanga agus na comhlachtaí poiblí ag dul i ngleic le sin le daingniú scéimeanna ina bhfuil an figiúr sin chomh híseal.

Tá an dara chuid de mo fhreagra faoi na comharthaí. Tagann gearráin isteach againne go rialta faoina leithéidí go bhfuil luaite ag an Teachta faoi chomharthaí gan aon Ghaeilge orthu ar chor ar bith, le Gaeilge ar scríobh níos lú ná an Béarla, nó - i gcás an Luas - le Gaeilge ar chomh-mhéid ach nach bhfuil comhfheiceálach mar gheall ar an dath atá air. Tagann an trí shaghas gearráin sin isteach chugainne go rialta. Don chuid is mó, éiríonn linn iad a réiteach agus dul i gcion ar chomhlachtaí poiblí chun iad a chur ina gceart. An áit a mbíonn díospóireacht ann le comhlachtaí poiblí go minic, rud a luaigh an Teachta Ó Cuív, ná go dtagann siad ar ais go minic leis an gcostas a bhaineann lena leithéid. Dá dtiocfaí linn sa gcéad dul síos sampla den chomhartha atá i gceist a ardú, ní cheart go dtiocfadh a leithéid de fhadhb chun cinn arís.

Glacaim leis an rud atá á rá faoin earcaíocht. Is ceist í sin go gcaithfear dul i ngleic leis, ach ní fhreagraíonn sé sin an cheist. Dá ndéarfaí liomsa go gcaithfinn comharthaí a chur suas sa Seapáinis agus níl focal Seapáinise agam, chuirfinn suas sa Seapáinis iad más é sin atá ráite sa dlí. Gheobhainn duine le Seapáinis cheart le na comharthaí a scríobh agus chuirfinn suas iad de réir mar a bhí leagtha amach. Is féidir le haon Béarlóir é sin a dhéanamh mar tá go leor daoine agus cuireann muid go leor áiseanna agus dreamanna ar fáil le haistriú ceart a dhéanamh ar chomharthaí. Is rud é a rinneadh ag tús an Achta le rudaí a dhéanamh éasca do na comhlachtaí poiblí. Ach fós féin, tugann siad an dá mhéar dúinn chuile uair. Níl a fhios agam céard atáimid ag dul ag déanamh mar Stát le cur isteach ina gcloigne má tá rud sa dlí, tá sé sa dlí agus caithfear é a chomhlíonadh. Más Gaeilge, Béarla, Fraincis nó Gearmáinis atá ag duine, caithfear an dlí a chomhlíonadh. Full stop. Tá fadhb uafásach ann go bhfuil dea-thoil don Ghaeilge ar lámh amháin, ach ar an lámh eile, ná bí dáiríre faoi actually rud a dhéanamh faoi. Is dóigh liom go bhfuil fadhb anseo nach bhfuilimid ag aithint. Tá sé ag cothú faidhbe ollmhór. Fuair an coiste seo litir ar ais ón tAire Caiteachais Poiblí agus Athchóirithe agus bhí an litir i mBéarla. Scríobh sé chuig comhchoiste na Gaeilge é. Cad a cheapann an Coimisinéir Teanga faoi sin? Seo hé an meon le feiceáil arís. Caithfimid cur ina luí ar an Rialtas go gcaithfear dul ar ais ag na heagraíochtaí Stáit agus a dhéanamh soiléir go gcaithfidh siad cloí leis an dlí. Ní ceist roghnach é d'aon eagraíocht Stáit cloí nó gan cloí le dlí na tíre. Má dhéanann an tOireachtas dlí, tá sé ina dlí go leasaítear é. An aontódh an Coimisinéir Teanga go bhfuil fadhb ollmhór ann leis an meon sin?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

D'aontóinn, gan dabht. Tá sé sin soiléir. Luaigh mé nuair a bhí mé ag caint faoin tuarascáil bhliaintiúil gur ábhar díoma é go dtagann na fadhbanna céanna chun cinn go minic. In ainneoin go bhfuil an tAcht ann ó 2003 agus in ainneoin go bhfuil cuid mhaith de na rialacháin ann ó 2006, tá na fadhbanna ceannann céanna ag teacht aníos an t-am ar fad. Ní cheart go dtarlódh sé. Ní dóigh liom gurb é réiteach na faidhbe misneach a chailleadh agus gan dul i dteagmháil liomsa nó le mo oifig. Is chuige sin atáimid chun ceisteanna mar sin a réiteach, más féidir linn é sin a dhéanamh.

Faigheann muid gearráin go rialta faoi chúrsaí cóiríochta. Is é sin an rud is sofheicthe don duine atá ag siúl timpeall na cathrach nó ag siúl timpeall aon bhaile: go bhfeicfeadh an duine an comharthaíocht mar ba chóir dó a bheith ar chomh-chaighdeán, ar chomhleibhéal, leis an size céanna agus leis an nGaeilge ar dtús. Tagann daoine chugainn agus déantar gearráin linn. Go minic, ach ní an t-am ar fad, éiríonn linn teacht ar shocrú ina leith sin.

An aontódh an Coimisinéir Teanga go bhfuil sé lárnach don cheist seo, má tá go leor comhlachtaí ag déanamh neamhaird agus má bhíonn ar an Coimisinéir Teanga dul chuchu, go bhfuil sé in am ag an Rialtas dul ag na comhlachtaí seo ar fad mar go bhfuil gach aon cheann acu faoi cheannas Roinn éigin den Stát? Tá 16 rannóg den Stát sa chaoi a bhfuil sé leagtha amach. An bhfuil sé in am ag an Rialtas a rá go dtugann sé faoi deara go bhfuil sárú i ndiaidh a chéile ag tarlú agus a rá nach nglacann an Rialtas leis an neamhaird sin ar dlithe Oireachtais Éireann? An mbeadh sé ina chuidiú dá mbeadh an Rialtas ag tógáil seasaimh láidir taobh thiar d'Oifig an Choimisinéara Teanga le rá nach nglacann sé go mbíonn ar dhaoine dul chuig an Coimisinéir Teanga go rialta?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Sílim gur cheist cheannaireachta é i ndáiríre le go mbeadh an teachtaireacht tugtha go soiléir. Má bhreathnaíonn muid ar sceideal an Achta, tá na comhlachtaí poiblí seo ar fad luaite. Is faoin sceideal a chaithfidh mise a fheidhmiú.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Tá na comhlachtaí poiblí seo ar fad luaite. Má dhéantar gearrán faoi chomhlacht poiblí atá faoi sceideal an Achta - rud nár uasdátaíodh le blianta fada ach sin ceist eile - tá rogha ann nach mbeadh luaite sa sceideal ach le Ranna Stáit amháin ina aonar. Dá mbeadh comhlacht poiblí éigin ag sárú an Achta, bheinnse ag déanamh fiosrú nó imscrúdú ar an Roinn Stáit a dtagann an comhlacht poiblí sin faoina chúram. Is bealach eile í sin le breathnú ar an bhfadhb. D'fhéadfaí breathnú ar sin dá mbeadh Acht nua nó sceideal nua, agus tá súil agam go mbeidh sceideal nua-----

Beidh sceideal nua.

Tar éis an méid oibre agus taighde atá déanta ag Oifig an Choimisinéara Teanga, tá sé ag rá nach bhfuil na pleananna teanga ag feidhmiú agus nach bhfuil siad cuí nó feiliúnach níos mó. An é sin an teachtaireacht?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Sílim go raibh an chuspóir a bhí leo an-mhaith. D'fheil sé ag am mar gur b'shin an dea-chleachtas a bhí ann ag an am. D'fhéadfaí scéimeanna aonaracha a dhaingniú agus a aontú le comhlachtaí aonaracha, ag brath ar na seirbhísí a bhí á gcur ar fáil acu. Is léir, tar éis na mblianta, nach bhfuil sé ag obair agus go bhfuil bealaí eile ar nós-----

Agus go bhfuil siad ag brath ar idirbheartaíocht.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Tá siad ag brath ar idirbheartaíocht idir an comhlacht poiblí agus Roinn na Gaeltachta.

Okay. Tá ceist amháin agamsa. I measc na gcomhlachtaí go léir, an raibh aon dea-shampla ann? An raibh aon eiseamlár i gceist?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Bhí.

Abair linn.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

As an 23 dara nó tríú scéim teanga a aontaíodh le linn na mblianta 2015 agus 2016, ní raibh dul chun cinn suntasach i leith aon réimse gealltanais ach i gcás 17% dóibh. Bhí roinnt feabhais ar roinnt scéimeanna teanga. Is fiú a rá má tá feabhas ar scéim in áit amháin gur féidir cúlú a bheith in áit eile chomh maith. Bhí feabhas, mar shampla, in áiteanna ar nós an Roinn Sláinte, an Garda Síochána, Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus a leithéidí sin.

An raibh siad ag tosnú ó chaighdeán an-íseal? Cur i gcás an Fheidhmeannais Seirbhísí Sláinte.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

An Roinn Sláinte seachas an Feidhmeannas Seirbhísí Sláinte.

Gabh mo leithscéal.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Maidir leis an Roinn Sláinte, sa chéad scéim, dúirt siad go mbeadh 10% de na preasráitis eisithe i mBéarla agus i nGaeilge. Sa dara scéim, dúirt siad go ndéanfadh siad iarracht chuile phreasráitis a chur ar fáil sa dá theanga. Bhí dul chun cinn ar bhealaí áirid ina leithéidí sin. An teachtaireacht iomlán ón tráchtaireacht ar fad ná, seachas mar atá leagtha síos san Acht go mbeadh seirbhísí ag fás agus go mbeadh cearta teanga ag forbairt de réir mar atá scéimeanna á dhaingniú, go bhfuil cúlú á dhéanamh go ginearálta.

Tá sé beagnach 6.30 p.m.

Ba mhaith liom soiléiriú a fháil ar chúpla phointe. Bhí an finné ag rá go raibh cúlú sna scéimeanna. An raibh na scéimeanna sin aontaithe leis an Roinn? An raibh an Roinn tar éis scrúdú a dhéanamh ar na dréacht-scéimeanna agus glacadh leo?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Bhí. Is iad Aire Stáit na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta a dhéanann an plé leis na comhlachtaí poiblí. Is iad an Roinn agus an tAire Stáit a dhaingníonn an scéim. Ansin, cuirtear an scéim faoi mo bhráid mar Choimisinéir Teanga chun monatóireacht a dhéanamh air, ach is iadsan a dhéanann an obair chun an scéim a dhaingniú.

So bhí an tAire Stáit tar éis glacadh leis an gcúlú. Maidir leis an liosta comhlachtaí nó eagraíochtaí agus an uasdátú atá riachtanach ansin, an bhfuil puinn comhlachtaí nó eagraíocht nua nó athraithe ann nó an bhfuil cinn a gcaithfear a bhaint ón liosta? An féidir leis an bhfinné é sin a shoiléiriú?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Measaimid go bhfuil thart ar dhá scór chomhlacht poiblí ann nach bhfuil faoi scáth an Achta ar chor ar bith. Níl aon dualgas orthu ó thaobh na scéime teanga-----

Cé mhéad?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Thart ar dhá scór, ina measc comhlachtaí móra ar nós Uisce Éireann agus an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre. Ní dhearnadh aon uasdátú ar an sceideal ó 2006. Tá 11 bliain imithe óna rinneadh aon uasdátú air. Is léir go bhfuil géarghá lena leithéid. Ní shin le rá nach bhfaigheann muid gearráin faoi na comhlachtaí sin, mar shampla, an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre. Déanann muid teangmháil neamh-fhoirmeáilte leo cé nach dtagann siad faoin Acht. Go minic, is féidir fadhbanna atá ag daoine a réiteach, ach níl aon dualgas reachtúil ar an gcomhlacht.

Nach raibh an NRA faoin Acht cheana féin? Shamhlófá gur shíolraigh TII ón NRA faoi bhráid an Acht.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Táimse ag caint faoin Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Tá roinnt comhlachtaí atá nasctha isteach i gcomhlachtaí eile, ach go ginearálta, níl aon chomhlacht nua a tháinig ar an saol ó 2006 faoin chumhacht an Achta. Níl sé sin fíor i gcás coistí gairmoideachais a d'eascair isteach go heagraíochtaí eile i ndiaidh sin, cosúil le Boird Oideachas agus Traenála agus mar sin de.

Tá bealach ag oifig an ombudsman go gclúdaítear iad go huathoibreach agus teastaíonn sé sin san Acht don choimisinéir. Tháinig sé sin isteach tar éis 2003. Níl aon cheist i m'intinnse go bhfuil leasú iomlán le déanamh ar an Acht. Nílim ag cur ina aghaidh sin, ach tá mé ag rá fós nach bhfuil an tAcht ag feidhmiú. Ní haon mhaith Acht nua mura bhfuil an tAire sásta rialacháin a scríobh. Cén fáth go scríobhfadh sé rialacháin faoin Acht nua nuair nach bhfuil sé sásta gníomhú faoi sean-Acht, mar shampla le rialacha-----

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Sílim gur b'shin a léiríonn na torthaí anseo. Léiríonn siad an rud ceanann céanna is atá an Teachta ag rá.

Ní hamháin nach bhfuil 40 comhlachtaí nach bhfuil istigh sa chóras, ach tá príobháidiú i gceist le seirbhísí eile. Is ceist eile í sin, mar shampla, an bailiúchán bruscair i nGaillimh. Tá príobháidiú déanta ar an tseirbhís sin agus mar sin níl aon dualgas ar chor ar bith orthu maidir leis an nGaeilge. Tá seirbhísí poiblí á phríobháidiú an t-am go léir.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Sa Bhreatain Bheag, ní comhlachtaí poiblí amháin a thagann faoin Acht. Tá dualgais leagtha ar chomhlachtaí príobháideacha freisin.

Sin an rud.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

In Acht na dTeangacha Oifigiúla, is comhlachtaí poiblí amháin atá i gceist.

Tá sé tugtha chun suntais go bhfuil dream amháin ag comhlíonadh an Achta go thar a bheith beacht. Go deimhin, tá sé ag dul thar an Acht agus ag cur an Ghaeilge níos mó ná an Béarla. Sin dream na gcomhlachtaí tobaic. Tá siad ag cur an Ghaeilge níos mó ná an Béarla. Faraor géar, an t-aon údar atá acu ná go gcuireann siad an dallamullóg ar na stráinséirí agus na heachtrannaigh nach dtuigeann an Ghaeilge. Nach bocht an scéal é nuair an fheileann sé do na comhlachtaí féin go bhfuil siad in ann é a fheidhmiú agus a thuiscint. Baineann sé sin leis an rud ar fad atá mé ag rá. Is fadhb meoin go leor de seo.

Mar phointe deireanach, sílim go bhfuil sé tábhachtach go ngabhann muid buíochas leis an gCoimisinéir Teanga as ucht an obair atá a oifig ag déanamh. Leis an bpolaitíocht nua atá sna Tithe seo, má sheasann muid an fód, is féidir linn brú a chur le go gcuirfear an méid atá ag teastáil i bhfeidhm. Baineann sé sin le na moltaí a thagann ón gcoiste. Má sheasann na páirtithe agus na baill neamhspleách atá anseo le chéile ar an leagan amach atá againn, ba chóir go bhféadfaí an rud seo a bhrú chun cinn. Ba cheart go bhféadfaí an scéal a fheabhsú. Ba cheart dúinne a bheith ag díriú ar sin mar bhunsprioc in obair an choiste seo.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as a gcuid oibre.

Tá fhios agam go bhfuil an t-uafás oibre taobh thiar den chur i láthair seo. Go raibh míle maith agaibh agus slán abhaile. Beidh sos beag againn anois.

Sitting suspended at 6.30 p.m. and resumed at 6.35 p.m.