Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán díospóireacht -
Tuesday, 4 Apr 2017

Riachtanas Gaeilge: Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Cuirim fáilte chroíúil roimh an toscaireacht ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, go háirithe an t-uachtarán, Dr. Jim Browne, Mr. Gearóid Ó Conluain, rúnaí, Mr. Dónal Ó Braonáin, príomhfheidhmeannach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, agus Mr. Tomás Ó Síocháin, clárbhainisteoir don rannpháirtíocht seachtrach. Is iontach gur ghlac sibh leis an gcuireadh agus díospóireacht a bheith againn maidir leis an gcinneadh atá déanta agaibh. Tá an cur i láthair scríofa againn go léir. Go raibh míle maith agaibh as sin.

Clerk to the Committee

Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar a n-aird go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste do na finnéithe ámh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal tar éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urraimiú nach chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí ar bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráiteas tionscnaimh a chuireann siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh ghréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe, nó leis na hoifigigh, ina ainm nó ina hainm ar shlí ina bhféadfaí é nó í a aithint.

Ní mór daoibh bheith cúramach le bhur gcuid focal.

Dr. James Browne

Mar is eol don choiste, is mise uachtarán Ollscoile na hÉireann, Gaillimh. Ar dtús, gabhaim buíochas leis an gcoiste as ucht an deis seo a thabhairt dom labhairt leis an gcomhcoiste maidir leis an nGaeilge san ollscoil. Ba mhaith liom leithscéal a ghabháil leis an gcoiste as an moill a bhí orainn teacht os a chomhair. Bhí orainn fanacht go dtí go raibh cinneadh déanta ag Údarás na hOllscoile maidir leis na riachtanais teanga don uachtarántacht.

Ba mhaith liom mo chomhghleacaithe a chur in aithne don choiste, Gearóid Ó Conluain, rúnaí na hollscoile, Dónal Ó Braonáin, príomhfheidhmeannach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, agus Tomás Ó Síocháin, atá ag obair in oifig an rúnaí agus atá freagrach as an scéim teanga san ollscoil. Faraor, ní raibh Catherine McGuinness, cathaoirleach Údarás na hOllscoile, ar fáil. Ní raibh sí in ann teacht linn inniu. D'iarr sí orm leithscéal a ghabháil ar a son.

Tá aighneacht curtha faoi bhráid an chomhchoiste againn agus is féidir le baill an aighneacht sin a léamh. Tabharfaidh mé roinnt eolais don choiste anois, a léireoidh an comhthéacs maidir le cur chun cinn na Gaeilge san ollscoil. Caithfidh mé a rá ar dtús, níl údarás ag an uachtarán ná ag foireann bainistíochta na hollscoile in aon chuid den phróiseas chun uachtarán nua a ceapadh. Caithfidh an coiste é sin a thuiscint. Titeann sé sin go hiomlán faoi chúram Údarás na hOllscoile.

Gabh mo leithscéal as cur isteach ar an uachtarán. An bhfuil cóip den óráid sin aige?

Dr. James Browne

Cheap mé go raibh sé ag an gcoiste. B'fhéidir nach bhfuil.

Tá an cur i láthair seo agam, ach níl an rud atá á léamh ag an uachtarán agam.

Dr. James Browne

Cheap mé go raibh sé ag an gcoiste. B'fhéidir nach bhfuil. Cheap mé gur cuireadh chuig an gcoiste inniu í. Más mian leis an gCathaoirleach cóip-----

Lean ar aghaidh agus tiocfaidh mé ar ais.

Dr. James Browne

An féidir liom leanúint ar aghaidh?

Lean ar aghaidh.

Dr. James Browne

Mar a dúirt mé, níl údarás ag an uachtarán ná ag foireann bainistíochta na hollscoile in aon chuid den phróiseas chun uachtarán nua a cheapadh. Titeann sé sin go hiomlán faoi chúram Údarás na hOllscoile faoi Acht 1997. Mar sin, ba mhaith liom an óráid seo - maybe cúig nóiméad de - a roinnt le mo chomhgleacaí, Gearóid Ó Conluain, a labhróidh leis an gcoiste go sonrach faoin uachtarántacht, faoin gcomórtas agus faoin bpróiseas sin.

Níl aon dabht ach go bhfuil Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ar aistear suntasach. Le deich mbliana anuas, tá fás thar cuimse tar éis teacht ar an ollscoil ó thaobh líon na mac léinn, líon na bhfoirgneamh agus n-ionad taighde, líon na bhfoilseachán, an méid airgid a chaitheamh ar thaighde agus, i ndairíre, ar na bealaí ina gcuirimid oideachas ar fáil do mhic léinn.

Táimid tar éis éirí sna córais rangaithe suas go dtí an 250ú ollscoil is fearr ar domhan. In ainneoin go bhfuil an ollscoil agus an campas athraithe go mór tá na luachanna céanna ann. Tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil na luachanna céanna againn. Leanfaimid orainn ag freastal ar an réigiún agus ar riachtanais ár réigiúin - riachtanais oideachais, riachtanais shóisialta agus riachtanais eacnamaíochta. Táimid fréamhaithe go doimhain i gcultúr agus traidisiúin an iarthair le breis agus 170 bliain. Táimid fíor-bhródúil as an oidhreacht sin.

Tá an ollscoil fréamhaithe sa Ghaeltacht freisin. Bainfimid úsáid as an bpríomhchampas i nGaillimh agus na trí hionad Gaeltachta atá againn - i gCarna, ar an gCeathrú Rua agus i nGaoth Dobhair - chun freastal ar phobal na Gaeltachta agus ar phobal na Gaeilge, in Éirinn agus ar fud an domhain.

Cuireann an ollscoil réimse leathan de chláir Gaeilge ar fáil, idir chláir fochéime agus chláir iarchéime. Tá modúil Gaeilge ar fáil sna coláistí ar fad san ollscoil agus tá deis ag gach mac léinn dioplóma sa Ghaeilge a dhéanamh, rud atá láraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Is í Ollscoil na hÉireann, Gaillimh príomhionad léann na Gaeilge in Éirinn. Tá a saineolas aitheanta ar fud an domhain. Tá áit ar leith ag an nGaeilge i saol na hollscoile. Tá sé sin cosanta i reachtaíocht na hollscoile. Chomh maith leis sin, tá tábhacht na Gaeilge treisithe ar an mbéim ar chur chun cinn na teanga inár bplean stráitéiseach, "Fís 2020".

San aighneacht a chuir muid faoi bhráid an chomhchoiste, feictear cur síos cuimsitheach ar obair an acadaimh. Le deich mbliana anuas, tá athrú suntasach tagtha ar an mbealach ina dhéantar teagasc ar an nGaeilge agus ar an mbealach ina dhéantar infheistíocht sa teanga. Mar gheall air sin tá an ollscoil ag athrú na bealaí ina gcuirimid cláir Gaeilge ar fáil, dírithe go háirithe ar riachtanais na mac léinn. Mar thoradh ar na hathruithe sin, tá líon na mic léinn Gaeilge ag fás arís, chomh maith leis an maoiniú a fhaighimid ó fhoinsí seachtracha.

Táimid ag obair i gcomhpháirt le heagraíochtaí eile chun freastal ar phobal na Gaeilge sa bhaile agus thar lear. Tá an obair seo le feiceáil i dtionscnaimh ar nós TG4 Foghlaim, foclóir.ie, agus an réimse leathan ceartanna Gaeilge atá faoin ár gcúram. Ba mhaith liom a rá go bhfuilimid thar a bheith sásta leis an obair atá déanta ag Mr. Ó Braonáin agus a fhoireann san acadamh. Táim féin fíor-bhródúil as na héachtaí atá bainte amach ag an bhfoireann sin. Tá an Gaeilge san ollscoil i bhfad níos láidre ná mar a bhí sé de thoradh na hoibre sin.

I gcomhar leis an bpobal Gaeilge san ollscoil agus lasmuigh de, táimid ag obair ar tuilleadh fáis agus feabhas a dhéanamh amach anseo. Ba bhreá linn na pleananna sin a chur os comhair an chomhchoiste seo agus iad a roinnt leis. Idir an dá linn, iarraim anois ar rúnaí na hollscoile, Gearóid Ó Conluain, labhairt leis an gcoiste faoin bpróiseas earcaíochta atá ar bun le huachtarán nua a cheapadh.

Mr. Gearóid Ó Conluain

Ar an gcéad dul síos, a Chathaoirligh, go raibh maith agat as an deis seo a thabhairt dúinn. Beidh mise sciobtha go leor mar tuigim go bhfuil an bhéim ar fad ar an gceistiúchán agus caithfidh sin tosú ar ball. Mar a dúirt an t-uachtarán, is mise rúnaí na hollscoile. Táimse freagrach as cúrsaí rialacháin san ollscoil ag leibhéal corparáideach. Tugaim tacaíocht ar leith d'Údarás na hOllscoile féin. Ní mise, nó ní feidhmeannas na hollscoile, a chinn nach mbeadh riachtanas Gaeilge ag dul le post na huachtaránachta as seo amach.

Arís tá mé ag teacht roimh Mr. Ó Conluain ach an bhfuil cóip den óráid seo aige?

Mr. Gearóid Ó Conluain

Tá sé anseo. Thug mé-----

Tá an dá cheann ann. Go raibh míle maith agat.

Mr. Gearóid Ó Conluain

Tá cuid den chaint seo ar an toirt. An bhfuil sé sin ceart go leor?

Tá sé ceart go leor.

Mr. Gearóid Ó Conluain

Seo rud a chinn an t-údarás a dhéanamh tar éir an-chuid cainte agus an-chuid díospóireachta. Tharla sé sin thar ceithre chruinniú agus thar ceithre mhí. B'in an tréimhse ama a bhí i gceist. Tháinig an chomhairle acadúil ar an tuairim chéanna, agus is í sin fóram na n-ollúna i ndairíre. Tháinig sí ar an tuairim chéanna agus bhí sí i bhfabhar an chinnidh. Mar thoradh ar chinneadh Údarás na hOllscoile, tugadh treoir domsa mar rúnaí na hollscoile reacht nua a ullmhú agus é a chur faoi bhráid na comhairle acadúla agus faoi bhráid an údaráis féin. Tá Údarás na hOllscoile den tuairim go bhfágann an reacht seo an bealach don ollscoil an oiread spéise agus is féidir a spreagadh i gcomórtas na huachtaránachta ag leibhéal réigiúnda, ag leibhéal náisiúnta agus ag leibhéal idirnáisiúnta.

Tá sé tábhachtach a thuiscint, tá an dualgas seo ar an ollscoil faoi mhír 18 d'Acht na nOllscoileanna. Agus muid ag breathnú ar an bpróiseas earcaíochta, ní mór dúinn bheith ar an eolas maidir leis an reachtaíocht a bhaineann le ceapacháin den saghas seo. Go hachomair, táimid ag caint ar Acht na nOllscoileanna 1997, Acht an Choláiste Ollscoile, Gaillimh (Leasú) 2006, Acht Uí Chuív, agus chomh mhaith leis sin, tá reachtaíocht fostaíochta agus comhionannais atá cuí chomh mhaith. Tá tuilleadh eolais faoin reachtaíocht seo san aighneacht so níl sé i gceist agam dul isteach go mion iontu, ach ba mhaith liom díriú ar cúpla ábhair anois.

Deirtear in Acht 2006 go bhfuil oideachas a sholáthar trí mheán na Gaeilge i measc príomhaidhmeanna na hollscoile agus go bhfuil dualgas reachtúil ar an ollscoil sin a leagan amach i bplean forbartha a ullmhóidh an ollscoil. Tá mé ag caint ar an bplean straitéiseach, rud atá déanta agus tá ceann ar fáil thuas go dtí an bhliain 2020. Nuair a tugadh isteach Acht an Choláiste Ollscoile, Gaillimh (Leasú) i 2006, fuarthas réidh ag an am leis an tús áite ar tugadh d'iarrthóirí a bhí líofa sa Ghaeilge i leith gach post. As sin amach bhí an ollscoil in ann ceannairí teagaisc agus taighde a mhealladh as gach cearn den domhan. Le bheith soiléir faoi sin, má amharctar ar phobal na hollscoile ina iomlan, idir scoláirí, nó mic léinn, agus léachtóirí, tagann 20% dóibh ó thíortha iasachta. Tá an-difear idir comhdhéanamh na hollscoile san am atá i láthair agus mar a bhí 20 bliain nó 10 bliain ó shin. Cé nach raibh an Gaeilge riachtanach do phost an mheabhránaí agus uachtarán ionaid, tharla sé gur ceapadh duine a bhfuil Gaeilge líofa aige. Cé gur cuireadh an reacht nua seo i bhfeidhm, mar is eol don choiste, ní hionann sin agus a rá nach bhféadfaí amach anseo duine a cheapadh a bhfuil smior na Gaeilge acu. Tharla sé i gcás phost an mheabhránaí.

Maidir le hÚdaras na hOllscoile, chun an coiste a chur ar an eolas, tá 40 duine air. Tá sé iontach mór mar údarás. Sílim gurb é an ceann is mó sa tír. Déanann sé ionadaíocht do ghrúpaí éagsúla lasmuigh agus laistigh den ollscoil. Ag cruinniú speisialta den údarás i mí na Nollag 2016 bheartaigh sé athrú a dhéanamh ar an riachtanas teanga a bhí luaite le post an uachtaráin, rud a chloínn go híomlán leis an reachtaíocht a bhaineann le hearnáil na n-ollscoileanna agus an reachtaíocht a bhaineann le hearnáil an ardoideachais i gcoitinne. Phléigh an t-údarás dréacht nua den reacht ag cruinniú eile i mí na Nollag agus ghlac comhairle acadúla na hollscoile leis an dréachtreacht sin i mí Feabhra. Ghlac an t-údarás go hoifigiúil leis an reacht nua i mí Feabhra na bliana seo.

Dhearbhaigh Údarás na hOllscoile tiomantas na hollscoile don Ghaeilge agus do chultúr na Gaeilge agus d’athraigh siad an reacht a bhaineann le ról an uachtaráin chun dualgas a chur ar an uachtarán ceannaireacht láidir a léiriú i leith chur chun cinn na Ghaeilge agus cultúr na Gaeilge. Tá béim iomlán nua ar an reacht seo i gcomparáid leis an reacht a chuaigh roimhe. Chomh maith leis sin beidh dualgas ar an uachtarán dúthracht agus dea-chleachtas pearsanta a léiriú ina chuid ceannasaíochta i leith na gcúraimí sin.

Mar fhocal scoir, más féidir liom seo a rá leis an gcoiste, tá difear mhór idir an reacht mar atá agus an reacht mar a bhí. Sa reacht mar a bhí, bhí an bhéim ar fad ar inniúlacht an uachtaráin i labhairt agus i scríobh na teanga mar dhuine aonair. B'in an bhéim. Bhí an leibhéal inniúlachta sin ard go leor - C1 ar an gcomhchreat Eorpach d'fhoghlaim teangacha. Tá an bhéim athraithe anois go dtí ról an uachtaráin maidir le ceannasaíocht shubstaintiúil a léiriú i gcur chun cinn na Gaeilge thart ar an ollscoil agus fiú dea-thionchar a bheith ag an duine sin taobh amuigh den ollscoil.

Agus má tá Gaeilge ag an bhfear sin nó ag an mbean sin, sin go han-mhaith ar fad. Cibé rud a tharlaíonn, beidh ar an duine sin ceannasaíocht agus ceannaireacht a chur ar fáil don Ghaeilge san ollscoil.

Díreach chun ceist eile-----

(Interruptions).

Mr. Gearóid Ó Conluain

Chuir an Seanadóir ceist maidir leis an gcóras ceapacháin. Ní fios agam cé mhéad eolais atá de dhíth, ach déanfaidh mé mo dhícheall a bheith sciobtha faoi seo. Ceaptar uachtarán san ollscoil, agus in ollscoileanna na tíre, achan deich mbliana. Maireann an post ar feadh deich mbliana. Leagtar an dualgas sin ar an ollscoil i reachtaíocht na Dála. Tá mé ag caint ar Acht na nOllscoileanna. Tá míreanna ansin a chuireann iachall ar an ollscoil an córas sin a rith. Glacann sé thart faoi bhliain iomlán an comórtas sin a eagrú agus a chur ar siúl.

Is próiseas an-daonlathach atá ann mar tá trí choiste a bhfuil baint acu leis an gceapachán. Tá coiste cuardaigh ann. Ar ndóigh is é an fhreagracht atá air iarrthóirí a chur chun chinn ón réigiúin, ón náisiúin agus go hidirnáisiúnta chomh maith. Ansin tá an coiste ceapacháin ann. Is é sin an choiste is tábhachtaí agus is bunúsaí. Tá daoine seachtracha ar an gcoiste sin, cuid acu ó thíortha eile. Ansin tá an mheitheal uachtaránachta, mar a thugtar air. Déanann an coiste sin imlíne an chomórtais a bhreacadh athuair achan am a mbíonn comórtas ann. Tá sórt model ansin a chuireadh i bhfheidhm i 1999, arís i 2007 agus anois i 2018. Ó théarma uachtaránachta go téarma eile, déantar léirmheas ar an model sin agus cuirtear athruithe i bhfeidhm. Sin mar a n-oibríonn sé. Is córas an-daonlathach é. Bíonn páirt lárnach ag gach roinn den údarás féin sa phróiseas. Bíonn siadsan ar na coistí difriúla.

Maidir leis an reacht, an t-uachtarán agus an cineál tionchair a bheadh ag duine mar sin ar chur chun cinn na Gaeilge ar fud na hollscoile, rinne mé iarracht a bheith soiléir faoi seo i mo chuid cainte féin ar ball. Roimhe seo bhí an bhéim ar cumas cainte agus cumas scríofa an duine féin mar uachtarán. Tuigim dearcadh an tSeanadóra faoi seo. Nílim ag iarraidh caitheamh anuas air. Tuigim go bhfuil malairt tuairime faoin gceist seo. Ach, ó thaobh an údaráis féin, agus ag caint ar son an údaráis, is éard a theastaíonn uaidh a chinntiú ná go neartófar ceannaireacht an duine seo i gcomparáid leis an reacht a chuaigh roimhe agus go mbeadh riachtanais cheannasaíochta leagtha go neamhbhalbh ar an duine nua a cheapfar amach anseo. Ní haon dochar cuid de seo a lua, "Ceannasaíocht láidir a léiriú maidir le gealltanas na hOllscoile i leith chur chun cinn na Gaeilge". Is gealltanas é seo a thagann anuas ón reachtaíocht. "Tacú go gníomhach le comhghleacaithe Ollscoile a bhfuil ról ar leith acu maidir le cur chun cinn na Gaeilge". Nílim ag caint ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge amháin. Tá mé ag caint ar roinn na nua-Gaeilge, ar Irish Studies, agus ar go leor aonaid agus oifigí mórthimpeall campas na hollscoile.

Maidir leis an gcóras earcaíochta, má thagann duine chun cinn le Gaeilge, an bhfaigheann siad aon sórt marcanna breise insan bpróiseas earcaíochta má tá Gaeilge líofa scríofa ar a dtoil acu? Ar bhuntáiste dóibh an Ghaeilge a bheith acu, dubh, bán nó riabhach?

Mr. Gearóid Ó Conluain

No, ach ó thaobh an fhógra a chuirfear sa pháipéir agus ó thaobh na cáipéisíochta a chuirfear ar fáil d'iarrthóirí a bhfuil spéis acu chur isteach ar an bpost, leagtar béim ar an nGaeilge agus cuirtear ina luí orthu gur campas dátheangach muid agus go bhfuil ról ceannasaíochta ar leith ag an uachtarán maidir le chur chun cinn na Gaeilge.

Ach ní buntáiste ba breise, ó thaobh urlábhraíocht na Gaeilge, labhairt agus scríobh na Gaeilge a bheith ag iarrthóir.

Mr. Gearóid Ó Conluain

Tá neart daoine san ollscoil a bhfuil in ann an ról sin a chomhlíonadh ag aon am amháin seachas an t-uachtarán.

Tuigim sin, ach le cáilíochtaí eile, mar shampla, nuair atá duine chun dul isteach ar phost, agus céim, iarchéim, dochtúireacht nó cáilíochtaí eile aige, faigheann an duine pointí nó marcanna breise sna córais earcaíochta éagsúla a bhíonn ar bun in áiteanna éagsúla. Cheap mé go mbeidh sé sin ina bhuntáiste d'ollscoil agus an teanga cuid den bhuntáiste atá aici. Dá mbeadh céim dochtúireachta ag duine amháin agus céim dochtúireachta ag duine éigin eile ach dá mbeadh Gaeilge ag duine amháin agus nach raibh Gaeilge ag an duine eile - nó dá mbeadh Sínis nó Seapáinis ag duine agus cúrsaí den chineál sin ar bun san ollscoil - cheapfá go mbeadh aitheantas áirithe tugtha sa chóras marcála don scil áirithe sin atá forbartha ag an duine.

Dr. James Browne

Tá sé deacair freagra a thabhairt air sin mar beidh ar an ngrúpa cinneadh a dhéanamh faoin duine sin. Beidh orthu féachaint ar an bpost agus ar riachtanais an phoist. Beidh critéir acu, criteria mar a deirtear i mBéarla, agus marcanna a thabhairt do na critéir sin. Ceapaim féin go bhfuil buntáiste ag duine a bhfuil Gaeilge aige de bhrí go bhfuil tábhacht ar leith ag an nGaeilge san ollscoil. Ceapaim féin go bhfuil, ach ní féidir liom a rá cad a dhéanfaidh an bord measúnachta a bheidh i gceannas ar an gcinneadh.

Chun ceist maidir le hollamh na Gaeilge a chur-----

Dr. James Browne

Is é mo thuairim go bhfuil buntáiste ag an duine sin. Gabh mo leithscéal.

Díreach an cheist a bhí ann maidir le ceapacháin ollamh le Gaeilge sa roinn Gaeilge, an bhfuil aon mhíniú-----

Dr. James Browne

B'fhéidir gur mhaith liom cúpla focal a rá faoi sin. Ar an gcéad dul síos ba mhaith liom a rá gur fógraíodh an folúntas an mhí seo caite agus tá an post anois ar publicjobs.ie. Tá sé ansin. Cad a tharlaíonn san ollscoil nuair a bhíonn folúntas ann? Nuair a bhíonn a leithéid d'fholúntas le líonadh is é polasaí na hollscoile ná próiseas athbhreithnithe a dhéanamh agus a chur i bhfeidhm. Bíonn saineolaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta páirteach san athbhreithniú chun macnamh a dhéanamh ar treoir straitéiseach an ábhair agus buneolas a chur faoina fhorbairt amach anseo. Rinneadh é sin agus cuireadh comhairle ar an ollscoil chun an post a líonadh. Cuireadh comhairle orainn faoin sórt duine gur cheart dúinn a fháil don phost sin.

Caithfidh mé a rá go bhfuil fadhb ag an ollscoil, agus go raibh fadhb ag an ollscoil ag an am sin, ó thaobh airgid de. Bhí líon na mac léinn i ndámh na ndán ag titim go dáinséarach. Bhí orainn postanna a chur ar ceal le cúpla mí. Bhí orainn dul i ngleic leis an déan agus comhairle a fháil uaidh maidir leis na postanna gur cheart dúinn a líonadh. Bhí déan nua againn. Tháinig an déan nua isteach sé nó ocht mhí ó shin. Rinneamar caint leis an duine sin agus rinne sé cinneadh cén postanna ba cheart dúinn a chomhlíonadh. Is é a rinneadh an cinneadh chun duine a fháil don fholúntas seo. Tá an post réidh anois.

Gabh mo leithscéal, níor chuala mé. Cé a rinne an cinneadh an folúntas a líonadh?

Dr. James Browne

An ollscoil a rinne an cinneadh ach fuaireamar comhairle ó dhéan na dámh. Sin an post againn. Fuaireamar comhairle ó ghrúpa a chuireamar le chéile chun an rud seo a phlé. Thug sé comhairle dúinn. Ansin, chuamar ar ais don déan. Bhí déan nua againn. Thug sé comhairle dúinn an post a chomhlíonadh. Tá sé á chomhlíonadh anois.

Mr. Gearóid Ó Conluain

Más féidir liom cur leis an méid a dúirt an t-uachtarán, nuair a bhíonn sé i gceist folúntas a líonadh, bíonn sé mar dea-nós imeachta go ndéantar athbreithniú ar an bpost agus ar an disciplín óna dtagann an post. I gcás na Gaeilge, is dóigh go raibh cúiseanna breise leis an athbhreithniú sin. Tuigeann an choiste go rímhaith, mar pholaiteoirí agus mar Theachtaí a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge, go bhfuil go leor céimithe sa tír seo ag teacht amach le céimeanna onóracha agus nach bhfuil ar a gcumas cómhrá a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Tá bliain bhreise le dul leis an gcéim atá againne a bheas bunaithe ar an gcaint, ar an módh cumarsáide agus ar na scileanna beochumarsáide a bheidh ag teastáil amach anseo. Sin cúis breise amháin go raibh orainn an t-athbhreithniú sin a dhéanamh ar an ollúnacht agus ar an bpost.

Mr. Dónall Ó Braonáin

Mar chuid den phróiseas a bhaineann le líonadh an phoist b'éigean plean gnó a réiteach a mhíneodh cén treo a bheadh faoin ndisciplín agus cén treo a bheadh faoin nua-Gaeilge mar roinn. Ní bhaineann an cúram liomsa go díreach ach mar chuid den phróiseas sin cuireadh céim nua i dtoll a chéile i gcomhar linn féin, idir roinn na Gaeilge agus an t-acadamh, agus is é an toradh a bhí air na go mbeadh bliain bhreise leis an BA sa Ghaeilge.

An toradh atá air ná go mbeidh bliain bhreise leis an BA sa nGaeilge agus go bhfuilimid ag díriú isteach ar chumas teanga. Chuireamar romhainn é seo sa bhliain 2014. Tá sé i gcroílár straitéis na hollscoile go mbeidh na mic léinn seo ag caitheamh tréimhse sa Ghaeltacht nó seimeastar Gaeltachta. Beidh socrúcháin oibre teanga-bhunaithe ina dhiaidh sin, rud a chuirfidh le hinfhostaíocht na mac léinn, táimid ag súil. Bhí sé sin mar chuid den phróiseas pleanála. Bhain an plé tamall maith míonna amach, is fíor sin. Mar chuid den phróiseas athbhreithnithe, thacaigh muid go láidir go líonfaidh an post agus rinneadh an moladh sin. Tá an post fógraithe faoi dheireadh.

Tógfaimid ceisteanna ón Teachta Muíneachán agus ansin ón Seanadóir Mullen.

Tá cúpla ceist agam ag lorg soléiriú. Tá sé soiléir dom go bhfuil an Ghaolainn an-thábhachtach don choláiste agus go bhfuil sé an-lárnach ann. Mar sin, shamhlóinn go mbeadh sé lárnach sa cheannaireacht chomh maith agus go leanfadh sé go dtí an t-uachtarán. Cad go díreach a spreag an plé agus cathain a thosnaigh an plé ar an ábhar? Luadh go bhfuil slua maith ar an gcoiste lárnach sin atá ábalta a ngnó a dhéanamh as Gaolainn. Nuair a rinneadh plé ar an ábhar, an as Gaolainn nó as Béarla a tharla sé? Cé a bhí chun tosaigh ansin?

Luaigh na finnéithe daonra an choláiste cúpla uair agus go raibh slua maith tagtha ó áiteanna iasachta. Luaigh siad figiúir de thart ar 20%. Cén tionchar a raibh aige sin ar an gcinneadh nó an raibh aon tionchar aige? Bhraitheas ón tslí gur luaigh na finnéithe é go raibh tionchar éigin aige. Ní dóigh liom gur chóir go mbeadh aon tionchar aige sin. Tháinig na daoine sin agus roghnaíodar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Bhíodar ar lán-eolas gur trí Ghaolainn a bheadh rudaí. D'fhéadfaidís aon choláiste nó tír eile a roghnú, ach níor dhein. Tháinig siad go dtí Gaillimh. Tá an Ghaolainn lárnach ag an gcoláiste. Mar sin, shamhlóinn go rabhadar ag beannú an córas a bhí ann.

Nuair a bhí an plé ag teacht chun críche, an ndearnadh plé ar cén teachtaireacht a bheadh á sheoladh amach ag a leithéid de chinneadh? Tá an unique selling point seo ag an gcoláiste. Agus an t-údarás aniar aduaidh nó ag teacht faoi sin, ar dhein na finnéithe pléigh ar caidé an éifeacht nó díobháil a bhféadfadh a leithéid de chinneadh a dhéanamh ar rud atá chomh lárnach don choláiste?

Dr. James Browne

Tá cúpla ceist ag an Teachta. Cé mhéad duine a bhí á phlé san údarás? Ní raibh mé ag freastal ar an údarás ag an am sin.

Mr. Gearóid Ó Conluain

Déanfaidh mise an chuid sin den cheist a mhíniú. Ar ndóigh, ní raibh an t-uachtarán ann mar ní thiocfadh leis a bheith i láthair. Bheadh coimhlint aige, is dócha. Thig liom a rá gur thosaigh an próiseas i mí na Samhna. Níor deimhníodh nó cláraíodh an reacht go dtí mí Feabhra. Bhí an díospóireacht agus an plé ar siúl thar thréimhse cheithre mhí agus thar cheithre chruinniú de chuid an údaráis san iomlán. Chuir an Teachta ceist faoi conas mar a oibríonn sé. Tabharfaidh mé achoimre beag dó. Achan am a mbíonn folúntas na huachtaránachta le líonadh, déantar athbhreithniú ar an gcomórtas a ritheadh an uair dheireanach. Go minic, bíonn go leor anailíse ar chomhad leis an díospóireacht sin a thacú. B'shin an áit a thosaigh an t-údarás. Mar eolas don choiste agus ar eagla nach dtuigtear seo, chuala an coiste go bhfuil 40 duine ar údarás na hollscoile. Ina measc, tá seachtar polaiteoir logánta nó réigiúnta nó comhairleoirí contae, ionadaithe an Aire Oideachais agus Scileanna féin, lucht acadúil agus riaracháin na hollscoile, céimithe nó iarchéimithe ollscoile, mic léinn agus ionadaithe ó eagraíochtaí seachtracha difriúla. Mar shampla, mar a luaigh mé cheana, tá duine amháin ó Údarás na Gaeltachta ar an údarás. Chomh maith leis sin, tá ionadaithe ó earnáil nó ó dhomhan na n-ealaíon. Tá iliomad grúpaí agus daoine a bhfuil spéiseanna difriúla acu ar an údarás.

Tá sé soiléir go maith go mbeadh an Ghaolainn in uachtar ann agus go mbeadh lucht na teanga go tréan ann-----

Mr. Gearóid Ó Conluain

D'iarr an Teachta ceist an raibh aon chuid den phlé seo trí Ghaeilge. Bhí. Ní raibh an oiread sin de, le bheith fírinneach faoi. Ní theastaím uaim aon rud eile a dhíol leis an Teachta. Caithfidh mé a bheith ionraic, ach bhí cuid den phlé trí mheán na Gaeilge.

Dr. James Browne

Bhí ceist ag an Teachta faoin éagsúlacht san ollscoil. Caithfimid a rá nach ollscoil réigiúnda í Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Caithfimid dul in iomaíocht go domhanda. Caithfimid mic léinn agus foireann a mhealladh ó thíortha éagsúla. Tá sé sin fíor-thábhachtach dúinn agus tá sé fíor-thábhachtach freisin do Ghaillimh agus do iarthar na hÉireann go mbeadh muid in ann é sin a dhéanamh. Is é sin an fáth go bhfuilimid ag cur béim air sin. Caithfimid an rud céanna a dhéanamh leis an uachtaránacht. Caithfimid a bheith cinnte go bhfuilimid in ann an duine is fearr a fháil. Ag an am céanna, caithfimid a bheith cinnte go mbeidh dualgais ar an duine sin agus go mbeidh tacaíocht á thabhairt aige nó aici do na dualgais mar aon leis an nGaeilge a chur chun cinn.

Tá an ceart ag an Teachta. Tá USP againn ó thaobh na Gaeilge de agus tuigimid é sin. Bhí mise ag freastal ar an gcomhairle acadúil nuair a bhí an díospóireacht ann faoin reacht seo. Bhí mise i mo chathaoirleach air. Mar a dúirt mé cheana, ní raibh éinne sa gcomhairle acadúil nach raibh báúil don Ghaeilge. Ní raibh éinne sa chomhairle acadúil nár thuig cé chomh tábhachtach is atá an Ghaeilge don ollscoil agus nach raibh sásta tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge. Táim fíor-chinnte faoi sin. Is é sin an rud is tábhachtaí domsa: go bhfuil foireann uilig na hollscoile aontaithe faoi seo. Bhí beagnach 50 duine ag freastal ar an gcomhairle acadúil. Ní raibh ach duine amháin a bhí sásta a lámh a chur suas le rá nach raibh sé sásta leis an gcóras nua atá ag teacht isteach leis an reacht seo. Bhí daoine eile agus b'fhéidir go raibh deacrachtaí acu leis na sonraí, ach maidir leis an bprionsabal, ní raibh ach duine amháin ag an gcruinniú sin a bhí sásta a rá go raibh sé go hiomlán i gcoinne an chórais nua. Ceapaim féin go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go dtuigeann foireann na hollscoile, an chuid is mó acu nach bhfuil Gaeilge acu, an tábhacht atá ag baint leis an nGaeilge agus go bhfuil siad sásta a rá go poiblí go bhfuil siad sásta tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge.

Beidh an advert sna páipéir i gceann cúpla mí nó mar sin. Níl a fhios agam cén am. Beidh an tús áite atá ag an nGaeilge san ollscoil agus an tábhacht atá ag baint leis soiléir do gach iarrthóir don phost. Tá an tábhacht atá ag baint leis an nGaeilge soiléir ón reacht. Cé nach bhfuil aon sórt róil agam ó thaobh an phoist seo de, tá mé go pearsanta sásta go bhfuil stádas maith ag an nGaeilge san ollscoil agus go mbeidh sa todhchaí.

Glacaim leis gur aithníodh cé chomh lárnach is atá an Ghaolainn mar USP don choláiste. Mar sin, cén plé a rinneadh ar an díobháil a bhféadfadh a leithéid de chinneadh a dhéanamh? Cén plé a rinneadh ar cén sórt droch-theachtaireacht a bheadh á sheoladh amach lena leithéid de chinneadh?

Dr. James Browne

Níl aon dabht ach go bhfuil fadhb againn leis an rud sin. Tá sé thar a bheith deacair an teachtaireacht seo a chur ar fáil, ach ceapaim féin go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh straitéis maith ag an ollscoil. Is é sin an rud is taitneamhaí domsa. Táim ag féachaint anois ar an Teachta Ó Cuív agus an obair a rinne sé blianta ó shin air seo.

Ar deineadh plé ar-----

Dr. James Browne

Tá mé ag caint faoin obair a rinne sé nuair a rinne sé leasú ar an Acht.

Ní dhearna mé sin. Ní dhearna mé. An b'fhéadfainn iarraidh ar an uachtarán, a Chathaoirligh? Rinne an t-Oireachtas leasú.

Dr. James Browne

Tuigim é sin.

Ní raibh mise mar Aire i gceannas oideachais ag an am. Ba í an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an tAire Oideachais agus Scileanna a stiúir é trí Tithí an Oireachtais, ní mise. Ba chinneadh Rialtais é. Bhí mé sa Rialtas ag an am, ach ní raibh aon bhaint pearsanta agam leis.

Dr. James Browne

Tuigim é sin agus gabh mo leithscéal faoi sin ach ceapaim féin go raibh tú an-bháúil don-----

Gabh mo leithscéal. An féidir libh díriú isteach ar na ceisteanna agus na freagraí gan dul ar strae?

Dr. James Browne

Tá mé tar éis dul ar strae faoin gceist. Cad é an cheist arís? Gabh mo leithscéal.

Ar deineadh plé ar an droch-theachtaireacht nó an droch-chlú go bhféadfadh a leithéid de chinneadh a tharraingt?

Dr. James Browne

Mar a dúirt mé, ní raibh mé ag an gcruinniú.

Mr. Gearóid Ó Conluain

Seans go gcabhróidh sé seo leis an Teachta. Nuair a pléadh an rud seo go cuimsitheach ag leibhéal an údaráis féin, ní raibh ach triúir as an 40 nach raibh i bhfábhar an chinnidh seo.

An raibh an 40 i láthair?

Mr. Gearóid Ó Conluain

Yes. De gnáth bíonn mór-thromlach na mball i láthair.

Tuigim é sin ach tá tú ag lua-----

Mr. Gearóid Ó Conluain

Bhí ceithre chruinniú ann. Athraíonn an tinreamh ó chruinniú go cruinniú.

Nuair a deir tú nach raibh ach triúir nó ceathrar as 40, chun a bheith cruinn, ní raibh an 40 ann.

Mr. Gearóid Ó Conluain

Mar a deireann-----

B'fhéidir go bhfuil mé mícheart, ach sin an rud a chuala mé.

Mr. Gearóid Ó Conluain

Bhí ceithre chruinniú ann san iomlán. De ghnáth, bíonn tinreamh ard go leor ag na cruinnithe sin. Ní bhíonn sé sin amhlaidh maidir leis an bhfóram eile a luadh roimhe seo. Sin an chomhairle acadúil. Bíonn an tinreamh an-ard ag an údarás de ghnáth. Níl mé ag iarraidh caitheamh anuas ar duine ar bith, just tá mé ag tabhairt na fíricí don choiste. Sin an méid a bhí i gcoinne an chinnidh.

Luaigh an Teachta rud eile agus - mar a dúirt an Cathaoirleach nár fhreagair muid na ceisteanna cuimsitheach go leor - luaigh an Teachta na meáin ansin. Tá cúis mhaith ann nach dheachaigh muid os comhair na meáin roimhe seo. Tá córas ar leith ann le reacht a ghiniúint nó a chumadh agus é a dheimhniú nó a fhaomhadh. Caithfimid bheith airdeallach ar sin. Tá an próiseas sin cláraithe in Acht na nOllscoileanna féin. Tá an reacht cláraithe anois. Chomh maith le sin bhí fhios againn go mbeidh orainn, agus go nglacfaimid le cuireadh an choiste féin, dul os a chomhair, so níor theastaigh muid mórán a rá roimhe sin. Táimid breá sásta dul amach as an gcruinniú seo agus cinneadh an údaráis féin a chosaint mar fheidmeannaigh a bhfuil an cúram orthu an rud sin a chur i gcrích. Níl duine ar bith anseo ag iarraidh dul i bhfolach taobh thiar den údaráis nó taobh thiar de sceach. Ná bímís in amhras faoi sin.

Ní hea easpa preasráitis nó aon rud a bhíos ag díriú air ach, b'fhéidir, an íomhá nó an blas a bheith ag a leithéid de chinneadh agus go bheadh an Ghaolainn á tarraingt siar ón duine lárnach sa cheannaireacht i gcoláiste ina mbeadh an Ghaolainn chomh tábhachtach.

Mr. Gearóid Ó Conluain

Tá pointe foirfe á dhéanamh ag an Teachta. Thig leis amharc air ar an dóigh sin. Is cinnte gur pléadh é mar phointe mar chuid den díospóireacht. Tá sé sin fíor, ach i ndeireadh an lae, níor ghlac formhór an údaráis leis an bpointe sin. An rud a theastaigh uathu ná go mbeadh an cómortas seo chomh oscailte agus ab fhéidir. B'in an chúis gur chinn siad ar an gcinneadh.

I dtosach báire, ba mhaith liom fáilte a chur roimh na finnéithe agus mo bhuíochas a ghabháil leo as bheith anseo. Is duine mise freisin a bhain taitneamh agus tairbhe as mo laethanta ollscoile i nGaillimh. Táim fíor-bhuíoch dairíre as na deiseanna a bhfuair mé i UCG, mar a bhí aithne ar an gcoláiste ag an am, ach go háirithe na buntáistí agus an tairbhe a bhain mé as na deiseanna a bhfuair mé ó thaobh cur le mo chumas sa Ghaeilge labhartha mar mhac léinn nach raibh Gaeilge á déanamh agam mar ábhar ollscoile - ní go hoifigiúil ar aon nós.

Tá mé an-amhrasach faoin gcinneadh seo. B'fhéidir gur féidir liom é seo a thógáil ceist ar cheist le go dtuigim i gceart. Gabh mo leithscéal nach bhfuil fhios agam, ba chóir go mbeadh fhios agam, ach an ndúirt an t-uachtarán nach raibh vóta ag an uachtarán ar an gcoiste rialaithe nó ar an údarás de gnáth? Sa chás seo, an raibh sé ann? Ar chaith sé vóta? Muna raibh sé ann, cén fáth?

Dr. James Browne

Ní raibh mé ann, mar tá an údarás ag plé le mo phost. Tá mé sórt conflicted, mar a dhearfá.

Bhuel tá siad ag plé lena chomharba, ní leis a phost féin.

Dr. James Browne

Tá an ceart ag an Seanadóir ach sin an cultúr san ollscoil. An cultúr atá againn ná nach mbeadh aon sórt róil agamsa i mo chomharba.

An nglacann Dr. Browne leis gur féidir idirdhealú a dhéanamh idir an coincheap sin - nár chóir go mbeadh lámh aige sa phróiseas ina gceapfar a chomarba - ach gur cheist mór polasaí é seo i ndairíre? Nach ceart go bhféadfaí a rá go raibh gá lena cheannaireacht ar thaobh amháin nó ar thaobh eile den cheist seo? Tá fhios agam go bhféadfaí a rá go mbeadh saghas tionchair indíreach ag Dr. Browne, cur i gcás, dá mba rud é go raibh sé ag iarraidh an Ghaeilge a choimeád mar riachtanas. Ag an am céanna, nach mó an tábhacht a théann leis an gá le ceannaireacht a thabhairt maidir leis an gceist seo? Ní bhaineann sé, i ndairíre, lena phost ach leis an bpróiseas. Ní leis an gceapacháin féin ach leis an bpróiseas ina gceapfaí uachtarán na hollscoile amach anseo.

Dr. James Browne

Tuigim an cheist agus rinne mé sórt idirdhealú ar sin liom féin, ach i ndeireadh na dála an cultúr san ollscoil ná nach mbeadh aon sórt róil ag uachtarán na hollscoile ina chomharba. B'fhéidir nach bhfuil sé sin ceart, ach sin mar atá sé. Chuir an Seanadóir ceist faoi modh oibre na hollscoile agus an vótáil agus mar sin de. B'fhéidir gur cheart go ndéarfaidh Mr. Ó Conluain cúpla focal faoi sin. Tá sé seo fíor-thábhachtach i mo thuarimise.

Mr. Gearóid Ó Conluain

Chuir an Teachta ceist mhaith, más féidir liom é sin a rá.

Níl ionam ach Seanadóir faraor.

Mr. Gearóid Ó Conluain

Gabh mo leithscéal. Amach anseo, b'fhéidir.

Sa Teach is tábhachtaí.

Mr. Gearóid Ó Conluain

Thug an t-uachtarán a fhreagra don Seanadóir. B'fhéidir go bhfuil freagra difriúil agamsa. Tá mise freagrach as cúrsaí rialachais san ollscoil agus dá mbeadh sé i gceist go mbeadh tionchar ar bith ag an uachtarán atá ag imeacht ar a chomharba atá ag teacht isteach, bheadh rud éigin le rá agam fadúda sin, mar tá coimhlint ansin. Nuair a bhí an scéal seo á phlé ag leibhéal an údaráis, d'iarr mé ar dhaoine difriúla, a dúirt go raibh suim acu sa phost, nó a mbhféidir go raibh suim acu sa phost, an seomra a fhágail ar mhaithe leis an gcoimhlint sin a sheachaint. Tá mé lán-sásta cinneadh mar sin a chosaint ó thaobh an rialachais de.

Maidir le cúrsaí vótála, níor chaitheadh aon vóta ar an gcaoi seo. Thig leat an cheist a chur go tuige. Ar bhealach, tá sé an-bhunúsach. Tá sé simplí go leor. De réir Acht na nOllscoileanna féin, agus tá mé ag caint ar mhír 12 atá i gcroílár Sceideal 3 taobh istigh den reachtaíocht sin, caithfear gach ceist atá le réiteach ag cruinniú an údaráis a dhéanamh le chomhthoil. Caithfear é a dhéanamh ar bhonn comhthuisceana agus ar bhonn comhthoile. Sa chás nach mbíonn sé indéanta an sprioc sin a bhaint amach nó an cruinniú a reachtáil ar an dóigh sin, is féidir vóta a chaitheamh ar an gceist atá idir láimhe le toil an chathaoirligh. Tá sé dothuigthe go dtarlaíonn sé sin go heisceachtúil. Tá mise seacht mbliana sa phost mar rúnaí na hollscoile agus níor tharla sé ach uair amháin le linn m'amsa, gur chaitheamh vóta ar rud ar bith a bhí á phle ag an údarás.

Sin an gríosadh. Sin an fhoclaíocht. Sin an cúram atá leagtha amach mar chuid den reachtaíocht agus tá sé mar iachall orainn chloígh le sin.

Ní caitear vótaí ar cheisteanna de gnáth.

Ceangailte leis an gcéad ceist, nach rachaidh sé leis an loighic, mar sin, gur chóir go bhfanfadh aon duine eile a d'fhéadfadh a bheith ag cur isteach ar an bpost amach anseo, cur i gcás ionadaí ón bhfoireann acadúil ar Údarás na hOllscoile, amach ón gcinneadh freisin? Nár chóir go bhfanfadh dá mbéadh siad chun an eiseamláir sin a leanúint?

Mr. Gearóid Ó Conluain

Ag an bpointe seo ní heol domsa cé a bheas mar iarrthóirí amach anseo. Ar bhealach táimid ag braith ar an duine féin agus a choinsias féin. Thig liom a rá leis an Seanadóir gur fhág daoine an seomra nuair a bhí na ceisteanna seo faoi chabidil againn.

Is mó an seans go mbeadh siadsan ag cur isteach ar an Dáil. Ar aon nós, fágfaimid an cheist sin. Níl mise i bhfad ar an gcoiste seo ach tá go leor cloiste agam cheana féin faoin difear idir an dlí atá ann, Acht na dTeangacha Oifigiúla agus araile, agus an neamhaird a dhéantar ar an dlí ag an am céanna - an teip atá ar scéimeanna teanga agus mar sin de. Is léir go bhfuil an Coimisinéir Teanga, an fear bocht, agus a fhoireann cráite. Nílim ag rá go bhfuil ag teip ar an gcoláiste. Is léir go bhfuil an-chuid rudaí maithe ag dul ar aghaidh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ach ag an am céanna, is léir an fhadhb maidir le chur chun cinn na Gaeilge sa tír seo. Muna bhfuil rud ceangailte agus sáite sa dlí titeann an lug ar an lag de réir a chéile.

Feicim na fine words, agus níl aon easpa measa ann, agus feicim an méid atá ráite faoin mbéim nua maidir le ceannaireacht láidir a thabhairt. Ag an am céanna ceapaim gur cheart, ar a laghad, go mbeadh ar an té a cheapfar an Ghaeilge a fhoghlaim, agus caighdeán áirithe a bhaint amach, laistigh de trí bliana nó mar sin. Nach léireodh é sin go bhfuil an t-iarrthóir daingean faoin rud seo? Tagann an ceannaireacht ón mbarr. Ní cheart go mbeadh an Gaeilge i gcoinne iarrthóra ach tá faitíos orm faoin riail nua seo. Ní féidir mórán níos mó a rá ar féidir le a bheith daingean faoi. Táim ag ceapadh gurb ionann é agus easpag a cheapadh agus é ina aindiachaí nó, b'fhéidir, duine ar bheagán diagachta.

Nach fíor gur chóir go mbeadh riachtanas ar an duine an Ghaeilge a fhoghlaim, más Seapánach nó Francach a cheapfar sa phost? Má cheapfar Éireannach sa phost agus nach bhfuil an Ghaeilge aige nó aici, nó fiú an toil an Ghaeilge a fhoghlaim laistigh de thréimse áirithe, nach léir nach bhfuil sé nó sí dairíre faoi thodhchaí na Gaeilge? Nach vótá mímhuiníne i dtodhchaí na Gaeilge atá ann?

Dr. James Browne

Ceist fíor-shuimiúil é sin agus rinneamar plé ar an gceist sin ag an gcomhairle acadúil. Bhí beirt nó triúir ann a raibh sásta an cur chun cinn sin a chur ar fáil dúinn. Rinneamar plé air. An deacracht atá ann ná tá sé thar a bheith deacair rud mar sin a chur i gcrích ó thaobh HR de.

Gabh mo leithscéal.

Dr. James Browne

Ó thaobh human resources agus ó thaobh conartha de, tá sé thar a bheith deacair rud mar sin a chur isteach i gconradh agus iachall a chur ar duine caighdéan éigin Gaeilge a bhaint amach tar éis cúpla bliain. Tá sé sin thar a bheith deacair.

Cén fáth? Nach "condition subsequent" é?

Dr. James Browne

Sin an chomhairle a fuaireamar ó na daoine ó HR. Níl sé sin ag tarlú san ollscoil seo amháin ach féach ar cad atá ag tarlú sa Bhreatain Bheag. Tá an fhadhb céanna acu in ollscoileanna mar Aberystwyth agus Bangor. Tá siad ag déanamh an rud céanna agus atá muidne á dheanamh. Tá siad ag cur, mar a dhéarfá, moral obligation ar an uachtarán nua muna bhfuil Breatnais aige, nó an Ghaeilge i gcás na hollscoile seo. Tá siad ag cur - ní hiachall air - ach moral obligation air nó uirthi meascán Gaeilge a labhairt agus a fhoghlaim.

An dtarlaíonn sé riamh? B'fhéidir nach dtarlaíonn sé sin sa saol acadúla. Gabh mo leithscéal arís nach bhfuil an freagra ar eolas agam sula gcuirim an cheist, mar a mholtar-----

A Sheanadóir, an féidir leat ceist a chur? Lean ar aghaidh, ach ceisteanna a chur amháin. Tiocfaidh mé ar ais chugat. Lean ar aghaidh. Má tá ceist, nó tuilleadh ceisteanna, cuir iad.

Tá an cheist dheireanach sin ceangailte leis sin. An dtarlaíonn sé riamh insan saol acadúil go gceaptar daoine i bpost áirithe ar an gcoinníoll go bhfaighfidh siad máistreacht nó dochtúireacht laistigh de thréimse áirithe?

Dr. James Browne

Ní dóigh liom é. B'fhéidir go rinneadh é sin blianta ó shin ach níl sé á dhéanamh anois. Ní dóigh liom gur féidir an coinníoll sin a chomhlíonadh. Tá mé réasúnta cinnte faoi sin.

Cuirim buíochas le Dr. Browne.

Gabh mo leithscéal as chur isteach ar an Seanadóir. Má tá ceisteanna eile aige tiocfaidh mé ar ais chuige.

Cuirim míle fáilte roimh na finnéithe. Tá plé an-bhunúsach agus an-tábhachtach á dhéanamh tráthnóna. Ó tharla go bhfuilimid i dTithe an Oireachtais, an áit a dhéantar dlí na tíre, is dóigh liom gur cheart dúinn breathnú siar ar céard a deireann an dlí a d'achtaigh an Teach seo sa bhliain 2006. Is é an dualgas a leagadh ar an ollscoil ag an am seo ná "The governing authority of the College shall ensure that one of the principal aims for the operation and development of the College set out in each strategic development plan ... is the provision of education at the College through the medium of the Irish language". Cuimhnigh céard atá ráite, "through the medium of the Irish language". Níl siad ag caint ansin sa reachtaíocht ar mhúineadh na Gaeilge. Tá siad ag caint ar mhúineadh trí Ghaeilge is é sin cúrsaí, nach cúrsaí Gaeilge iad, a mhúineadh trí Ghaeilge. Bhí sé sin le déanamh ag leibhéal na bunchéime agus na hiarchéime.

Caithfidh mé a adhmháil, sa bplean straitéiseach 2003 agus 2008, deirtear go bhfuil sé mar thosaíocht straitéiseach ag an ollscoil struchtúir agus cur chuige nua a fhorbairt chun tacú le forbairt inmhartana an teagaisc agus gníomhaíochtaí taighde trí Ghaeilge. I dtaca leis seo deirtear go nglacfar céimeanna agus leagtar amach iad.

Sa phlean straitéiseach 2009 agus 2014, leanadh an múnla céanna. Spéisiúil go leor, sa bhliain 2015, nuair a leagadh amach an plean straitéiseach 2015-2020, ba léir, in ainneoin an dlí - cuimhnigh is dlí na tíre é, ní raibh rogha ag an ollscoil, ní mian atá ann ach dualgas reachtúil - in ainneoin sin ar fad is léir go bhfuil tarraingt siar ar an tiomantas seo cúrsaí nua céime agus iarchéime a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Mar shampla, sa slat tomhais reatha a leagtar síos ar leathanach 43 don mhír faoi phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, níl aon tagairt le fáil do chúrsaí nua iomláine a chur ar fáil trí Ghaeilge. Tá na slata tomhais atá luaite bainteach den chuid is mó le breis cúrsaí a chur ar fáil sa Ghaeilge féin agus do ghearrchúrsaí Gaeilge a chur ar fáil d'ábhair oidí, cúrsaí atá tánaisteach don aidhm seo, mar a luadh cheana. D'athraigh an bhéim ó bheith ag múineadh trí Ghaeilge, an dualgas reachtúil, go múineadh na Gaeilge, nach duagas reachtúil é. Loic siad ar an dualgas reachtúil.

Feicfimid an cúlú céanna san athrú a rinneadh ar statute Acadaimh na hOllscolaíochta Gaeilge i 2016. Nuair a bhunaíodh an t-acadamh sa bhliain 2004, leagadh cúram orthu mar seo.

Ba í feidhm Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ceannródaíocht a léiriú agus a spreagadh trí ghníomhaíochtaí acadúla i measc pobal na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus lasmuigh de, a chuirfidh le forbairt shóisialta, cultúrtha, eacnamaíochta agus teanga an phobail sin agus na tíre trí chéile. Chuige sin, beidh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge freagrach, faoi údarás na hollscoile, as forbairt inbhuanaithe a dhéanamh ar chúrsaí ollscoile, ar thaighde agus ar sheirbhísí agus ar ghníomhaíochtaí ollscoile trí mheán na Gaeilge agus iad sin a sheachadadh agus a riaradh. D'éirigh go maith le sin. Bhí siad ag éirí go maith. Bhí sé chúrsa iarchéime agus trí chúrsa fochéime ann a bhí á reachtáil go hiomlán trí Ghaeilge. Nílim ag caint ar mhúineadh na Gaeilge. Bhain an t-acadamh cáil náisiúnta amach. Bhí 130 mac léinn ag déanamh cúrsaí iarchéime. Bhí 123 mac léinn ag déanamh cúrsaí fochéime.

Go tobann anuraidh tháinig an dara athrú. Is éard an rud a fheictear san athrú, ó thaobh plean straitéiseach na hollscoile agus an bhéim reachtúil a bhí leagtha orthu de, ná rinneadh leasú ar an statute a bhaineann le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Deireann mír 2 don statute go n-aithnítear an t-Acadamh mar institiúid teagaisc de chuid na hollscoile. Cé go ndeirtear chuile áit san ollscoil go bhfuil an ollscoile tiomanta ar thaighde a bheith mar chuid den mhúineadh, níl aon tagairt do thaighde i gceist le ról an acadaimh níos mó. Is ar teagasc na Gaeilge is mó atá an t-údarás ag díriú anois. Mar sin, tá tarraingt siar ollmhór ag an ollscoil ón ndualgas reachtúil atá uirthi.

Cuireann sé iontas orm i gcónaí an chaoi go gceapann daoine nach bhfuil reachtaíocht a bhaineann le Gaeilge dáiríre. Tá rannóg ollmhór dlí agus cearta daonna ag an ollscoil. Shílfí go dtuigeadh an ollscoil, nuair a dhéanann stát daonlathach dlíthe, go bhfuil dualgas ar gach áisíneacht de chuid an Stáit, agus atá ag fáil maoiniú ón Stát, na dlíthe sin a chomhlíonadh.

Mar sin, an cheist atá agamsa ná an bhfuil na finnéithe sásta go bhfuil siad ag comhlíonadh an dlí anois? An bhfuil pleananna acu chun cur leis na cúrsaí atá á dteagasc trí Ghaeilge sa deich mbliana atá romhainn? Cén clár taighde atá acu a bheas ar bun trí mheán na Gaeilge sa deich mbliana atá romhainn? Feictear domsa go bhfuil an ollscoil seo sásta airgead an Stáit a thógáil ach nach bhfuil sí seo ró-dhírithe ar dhlí an Oireachtais a chomhlíonadh. B'fhéidir go bhféadfadh siad an ceist ollmhór sin a fhreagairt.

Dr. James Browne

B'fhéidir go ndéanfaidh mise an chéad iarracht freagra a thabhairt don Teachta, agus b'fhéidir gur cheart ansin do Mr. Ó Braonáin cúpla focal a rá leis. Tá an ceart ag an Teachta. Tá sé fíor-deacair cúrsaí trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil. Bí cinnte faoi sin. Níl an fhoireann ann. Níl na téacsleabhair ann. Níl an taighde idirnáisiúnta ann. Tá sé an-deacair. Tá a lan samplaí san ollscoil. Sa roinn ceimice, sa roinn fisice nó sa roinn matamataice, tá b'fhéidir beirt san fhoireann a bhfuil Gaeilge acu agus atá sásta an t-ábhar sin a chur ar fáil trí Ghaeilge. Tá líon na mac léinn atá sásta freastal ar na cúrsaí sin beag ar fad. Tá mé ag caint faoi beirt nó triúir atá sásta freastal ar chúrsaí trí Ghaeilge. Tá sé sin fíor. Ní mhaith liom é sin a rá. Cuireann sé díomá orm, ach tá sé sin fíor. Níl an éileamh ann do na cúrsaí sin. Níl an fhoireann ann chun iad a chur ar fáil agus níl na téacsleabhair agus na hacmhainní teagaisc agus taighde ar fáil. Cuireann sé díomá orm é sin a rá ach sin an fhírinne. Caithfimid déileáil leis an fhadhb sin. B'fhéidir go mba ceart dom anois seans a thabhairt do Mr. Ó Braonáin freagra a thabhairt don Teachta maidir leis an módh oibre atá againne chun déileáil leis an fhadhb sin.

Mr. Dónall Ó Braonáin

Tá an ceart ag an Teachta Ó Cuív ó thaobh na pleananna straitéiseach a luaigh sé i dtéarmaí 2003, 2008, 2009 agus 2014. Bhí an aidhm sin ag na pleananna. Ní hionann an aidhm a bhí leis na pleananna sin agus an mianaidhm atá sa bplean straitéiseach don tréimhse 2015 go 2020. Tá cúpla údair le sin. An ceann is práinní agus is tábhachtaí acu ar fad ná an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. D'fhéach muid, ní hamháin san acadamh ach san ollscoil trí chéile, go mbeadh ailíniú chomh dlúth agus ab fhéidir linn a dhéanamh idir an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus an plean straitéiseach a bheadh againn féin. Ba í an léamh mion barainneach a rinne muid ar an straitéis sin ná go raibh cumas teanga i gcroílár na straitéise.

Tá an ceart arís ag an Teachta Ó Cuív ó thaobh na hinfheistíochta Stáit, mura mbeadh muid ag cur na n-acmhainní sin i bhfíor-treo na gcuspóirí sin, go mbeadh muid faillitheach agus siléigeach. Ní as ucht mé féin a bheadh á rá, ach sílim go bhfuil plean eisceachtúil againn. Sílim go bhfuil tiomantas aisteach léirithe againn, ní hamháin sa bplean agus sa bhfís ach sa gcur chuige le sin a bhaint amach. Táimid sásta gníomhú. Bhí trácht ag an Teachta ar chúrsaí nua. Le ceithre nó cúig bhliain anuas ní dóigh liom go bhféadfaí a rá nach raibh muid ar thús caidhníochta agus ar thús ceannródaíochta ó thaobh cúrsaí nua a sholáthar, ní hamháin ó thaobh ábhar, ach ó thaobh an gcaoi a gcuirimid ar fáil iad. An dioplóma sa phleanáil agus buanú teanga, an dioplóma sa chultúr dúchais, an BA sa Ghaeilge fheidmheach, an MA sa léann teanga agus an teastas iarchéime-----

Ní shin ábhar na ceiste. Is é sin múineadh na Gaeilge. Dhírigh mé go sonrach ar chúrsaí trí Ghaeilge. An bhféadfadh an t-uachtarán an cheist seo a fhreagairt? Tá sé ag rá nach féidir leis iad a chur ar fáil. Éiríonn dhá cheist as sin. An ndeachaigh sé, agus ar thuairisc sé, don Roinn Oideachais agus Scileanna nach raibh sé in ann an dlí a chomhlíonadh? Sin uimhir a haon. Uimhir a dó, ar chuir sé aon iarratas réamhchláir nó aon éileamh airgid ag an Údarás um Ard-Oideachas le go bhféadfadh sé an dualgas reachtúil seo a chomhlíonadh? Ag deireadh an lae, leagadh dualgas reachtúil ar an ollscoil. Tharraing sí siar, gan aon údarás ón Teach seo, ón dualgas sin. Ní léir go ndeachaigh sí chuig an Roinn Oideachais agus Scileanna, cinnte ní dheachaigh sí chuig an Oireachtas, agus ní léir fiú an ndeachaigh sí chuig an tÚdarás um Ard-Oideachas. B'fhéidir go bhféadfadh an t-uachtarán insint liom.

Dr. James Browne

Labróidh Mr. Ó Braonáin leis an Teachta anois agus beidh mise sásta caint leis tar éis sin.

Mr. Dónall Ó Braonáin

Ní mhaith liom a bheith ag bréagnú an Teachta, ach is dóigh gur ceist anailíse í an bhfuilimid ag comhlíonadh an dlí, mar is amhlaidh don Teachta é, nó nach bhfuil. Dar linn go bhfuil. Dar linn go bhfuil an plean atá againn ag teacht leis na cuspóirí ata leagtha amach sa straitéis 20 bliain. Tá comhaontú leibhéal seirbhíse againn leis an an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, agus comhcheangailte le sin tá maoiniú ón Údarás um Ard-Oideachais i leith na hollscolaíochta Gaeilge. Déanaimid tuairisciú mion in aghaidh na bliana ar tháscairí feidhmíochta a n-aontaítear roimh ré. Ó thaobh na hinfheistíochta Stáit, ó thaobh fíor-chuspóirí an phlean straitéisí, ó thaobh a bheith ag cur dualgas na hollscolaíochta Gaeilge chun cinn, d'áiteoinn go láidir go bhfuil gach arbh fhéidir linn a dhéanamh, sna cúinsí a bhí ann, á dhéanamh againn agus nach bhfuilimid ag sárú Acht 2006.

I gcead do Mr. Ó Braonáin, ní hí an an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta a rinne an dlí. Ní haon ceann de na heagraíochtaí a luaigh sé a rinne an dlí.

Is iad an dá Theach anseo a rinne an dlí. Ar ndóigh, ní féidir le héinne breithiúnas deiridh a dhéanamh ar a bhfuil an coláiste ag sárú an Achta nó nach bhfuil, seachas na cúirteanna. Ach, i gcead don fhinné, faighimse deacair é a thuiscint gur féidir le héinne an meabhair atá an finné ag baint as an Act a bhaint as. Nuair a bunaíodh an ollscoil siar in 1929 faoin Acht sin, bhí sé soiléir gurb é an mian a bhí ann ag an am ná go mbeifí ag múineadh go leor ábhar trí Ghaeilge. Nuair a tháinig an ollscoil ag an Rialtas sa mbliain 2006, rinne an ollscoil soiléir don Rialtas ag an am gurb é an mian a bhí acu - rud a scríobhamar sa dlí, a chuireamar faoi bhráid Thithe an Oireachtas agus a ghlac Tithe an Oireachtais leis – was the provision of education of the college through the medium of the Irish language. Ní dóigh liomsa, i gcead don fhinné, go bhféadfadh aon rud a bheith níos soiléire ná sin. Caithfidh mé a rá nach féidir liomsa teacht leis an bhfinné go bhfuil an ollscoil ag comhlíonadh an rud a leag an Teach seo síos. Chomh maith le sin, ní féidir liom glacadh leis go bhfuil sé ag teacht leis an rud a cuireadh faoi bhráid an Rialtais sa bhliain 2006 faoi mhúineadh trí Ghaeilge. Tá sé spéisiúil go raibh sé sna pleananna straitéiseacha-----

Dr. James Browne

Roimhe seo.

-----roimhe seo agus gur thuig na finnéithe gurb é sin a bhí sa dlí. Ansin, gan cead uaidh an t-aon áit a bhféadfadh cead a thabhairt don choláiste, Tithe an Oireachtais, loic an coláiste é sin.

Caithfidh mé a rá go bhfáiltím go mór roimh an athrú atá déanta ag na finnéithe ar reachtaíocht na hollscoile. Ceapaim gur rud é a bhí in easnamh cheana mar go bhféadfadh Gaeilge a bheith ag duine agus gan an duine sin a bheith báúil leis an nGaeilge. Creidim féin má ghlactar le mo reachtaíocht sa Teach, beidh an dá thaobh den scéal againn: an duine le Gaeilge agus báúil don Ghaeilge. Láidreoidh sé an seasamh a bhí ann go dtí seo ina bhféadfadh duine le Gaeilge gan a bheith báúil le Gaeilge a bheith mar uachtarán. Is ceist do Thithe an Oireachtais é sin agus ní gá é sin a phlé anseo inniu mar go mbeimid ag plé na ceiste sin sa Dáil.

Tá dhá cheistín beag eile agam. Táimid ag caint ar uachtaráin ollscoile – na daoine is meabhraí dá bhféadfaí a shamhlú.

Dr. James Browne

Go raibh maith agat.

Dá dtiocfadh duine isteach an doras ag Dónall Ó Braonáin, cén fhad de dhianchúrsa a thógfadh sé le go bhféadfadh an duine B2 sa Common European Framework of Reference for Languages a bhaint amach?

Mr. Dónall Ó Braonáin

Is ceist an-mhór í sin. An freagra ar an gceist sin ná ag deireadh na céime BA, is iondúil go mbítear ag súil go bhfuil caighdeán ar a laghad B2.2 bainte amach ar an gcomhchreat ag céimí sa Gaeilge. Braitheann sé ar an bhfoghlaimeoir agus ar an gcumas teanga atá ag an duine sin. Tá sé an-deacair tomhais chruinn mharthanach a dhéanamh ar cén t-achar a ghlacfadh sé teanga a shealbhú ag an leibhéal ar a bhfuil an Teachta ag caint. Bheifí ag caint ar achar bhlianta.

Le filleadh ar an gceist faoin soláthar, agus arís ar ais, ní maith liom a bheith ag easaontú leis an Teachta, ach caithfidh mé a rá nach bhfuil cothrom na féinne ar fáil san anailís atá aige ar an soláthar atá againn. Tá soláthar leathan trí mheán na Gaeilge á chur ar fáil, ní hamháin againne san Acadamh ach ag roinnt ranna eile, cur i gcás roinn na Fraincise agus scoil an oideachais. Tá an soláthar sin ar fáil. I gcead don anailís a rinneadh ar an soláthar atá againne, ní cúrsaí teanga amháin ach réimse den teangeolaíocht fheidhmeach agus réimse den léinn cultúrtha atá i gceist.

Cé mhéad cúrsa trí Ghaeilge atá á reachtáil taobh amuigh de fhoghlaim na Gaeilge agus staidéar na Gaeilge trí Ghaeilge?

Dr. James Browne

Tá an máistir gairmiúil san oideachas trí Ghaeilge. Tá cúrsaí ar fáil trí Ghaeilge ach tá sé an-deacair cúrsaí a chur ar fáil sa Ghaeilge, bí cinnte faoi sin.

Ag leibhéal céime leibhéal a hocht, mar shampla, cé mhéad duine atá ag déanamh cúrsa trí Ghaeilge agus ag leibhéal a naoi agus a deich-----

Mr. Dónall Ó Braonáin

Ag leibhéal a hocht, tá 191 duine cláraithe linne-----

No, tá siadsan-----

Mr. Dónall Ó Braonáin

Tá a fhios agam. Tiocfaidh mé ag na sonraí eile. Anuas ar sin, i dtéarmaí chúrsaí eile, tá faoi láthair ag leibhéal fo-chéime 90 duine idir tíreolaíocht, Fraincis agus matamaitic ag foghlaim trí mheán na Gaeilge. Tá 148 ag déanamh oideachais trí mheán na Gaeilge.

An bhfuil na daoine sin ag déanamh an chéim ar fad trí Ghaeilge?

Mr. Dónall Ó Braonáin

Do lucht an oideachais, tá an cúrsa sin ar fad trí mheán na Gaeilge. Ó thaobh na Fraincise de, déantar an méid a bhaineann le cúrsaí teanga nó ranganna teanga trí Ghaeilge agus Fraincis. Tá leibhéal suntasach creidmeasanna i dtreo na céime ansin é ach ní cúrsa céime iomlán é trí Ghaeilge. I dtéarmaí na tíreolaíochta agus na matamaitice, táimid ag caint ar mhodúil, nó codanna den chúrsa. Ní cúrsaí iomlána trí Ghaeilge iad.

Sin 100 duine, ab ea?

Mr. Dónall Ó Braonáin

Ag leibhéal fo-chéime, 89 duine.

Cé mhéad fo-chéimí atá san ollscoil?

Dr. James Browne

16,000.

Mr. Dónall Ó Braonáin

Idir 191 mac léinn sna cúrsaí s'againne agus 89 eile, tá an méid sin ag plé le hábhair trí mheán na Gaeilge, le Gaeilge agus i nGaeilge.

Mar a deirim, níl aon rud ráite sa dlí faoi mhúineadh na Gaeilge sa chás sin. Dúirt an t-uachtarán nach féidir a leagadh síos go gcaithfidh Gaeilge a bheith ag uachtarán agus go mbeadh fadhbanna móra ann. An féidir leis a shamhlú go gceapfaí duine i gceannas ar, mar shampla, TG4, fiú gur eachtrannach atá ann - go deimhin, ní Éireannach atá ann - nó i gceannas ar Údarás na Gaeltachta agus gan Ghaeilge a bheith ag an duine? Nach ndéarfaí nach bhféadfadh an duine sin feidhmiú?

Dr. James Browne

Tuigim é sin, ach nílimid mar an gcéanna le hÚdarás na Gaeltachta.

Dúirt an t-uachtarán go ndúirt HR nach bhféadfaí é a dhéanamh. Ach, d'fhéadfadh na heagraíochtaí sin é a dhéanamh.

Dr. James Browne

Mar a dúirt mé cheana, tá dualgais ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ó thaobh réigiúin na Gaillimhe agus réigiún an iarthair de. Caithfimid freastal ar a lán dualgas.

Dr. James Browne

Is í an Ghaeilge ceann amháin acu. I mo thuairimse féin, tá orainn an duine is fearr a fháil don phost.

Dr. James Browne

Ach, ag an am céanna caithfimid a bheith cinnte go mbeidh an duine sin báúil agus freagrach as oideachas trí Ghaeilge a chur ar fáil san ollscoil. Ceapaim féin go bhfuilimid á dhéanamh sin. Féach ar na figiúirí atá anseo. Féach ar cad atá ag tarlú-----

Is é sin an t-imní atá orm.

Dr. James Browne

Tá an ceart ag an Teachta, gan aon dabht, go bhfuil sé thar a bheith deacair cúrsaí trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil mar nach bhfuil an t-éileamh ann. Féach ar cad atá ag tarlú sa chóras CAO. Féach ar líon na mac léinn atá ag iarraidh freastal ar chúrsa trí Ghaeilge. Tá sé an-bheag ar fad. Ní chuireann sé áthas orm é sin a rá, ach is iad sin na facts. Sin mar a bhfuil sé agus caithfimid mar ollscoil déileáil leis sin. Táimid ag déanamh ár ndícheall chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Ceapann muidne go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh daoine ag teacht amach ón ollscoil, daoine cosúil le cairde Dónall Ó Braonáin, atá in ann Gaeilge a labhairt agus a bhfuil seans acu Gaeilge a fhoghlaim san ollscoil. Táimid ag déanamh é sin. Tá an dioplóma ar fáil do gach mac léinn. Tá cúrsaí ar fáil do gach mac léinn. Táimid ag iarraidh modúil a chur ar fáil do dhaoine i leigheas, i dlí agus in eolaíocht le seans a thabhairt dóibh Gaeilge a fhoghlaim agus a bheith in ann a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Is é sin an solution atá againn. Níl sé praiticiúil cúrsaí eolaíochta a chur ar fáil go léir trí Ghaeilge.

Caithfidh mé a rá-----

Dr. James Browne

Mar a dúirt mé, níl an fhoireann ann, níl an téacsleabhar ann, níl an taighde ann, níl na hacmhainní ann agus, go háirithe, níl na mic léinn ann. Ní chuireann sé sin áthas orm, ach is í sin an fhírinne.

Nuair a bunaíodh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, coincheap a díoladh liomsa ná gur cineál ollscoile taobh istigh de ollscoil a bhí ann in ionad daoine ag éileamh coláiste tríú leibhéal a bheadh ag múineadh go hiomlán trí Ghaeilge agus a bheadh féin-sheasmach. Tháinig mé ar aghaidh ag an am leis an smaoineamh seo faoin Acadamh gur ollscoil taobh istigh den ollscoil a bheadh i gceist. Ach arís feicimid san athrú a rinneadh sa mbliain 2016 go bhfuil deireadh á chur le sin. Is dóigh liomsa go n-ardaíonn sé seo go leor ceisteanna dúinne mar Bhaill an Oireachtais. An ceart don Stát maoiniú a dhéanamh ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge scunscan trí NUIG agus a rá go gcaithfidh sé seasamh nó súfar isteach é agus brisfear é? Mar shampla, bhí orainn faoi dheireadh a rá nach raibh ag éirí le RTE an dualgas reachtúil a bhí orthu i leith na Gaeilge a chomhlíonadh. An gcuimhin le na finnéithe an plé sin ar fad faoi dhaoine ag dul go príosún i ngeall ar dhiúltiú iomlán RTE an dlí a chomhlíonadh? Ar deireadh, bhí orainn teacht agus a rá-----

Tabharfaimid deis don fhinné an cheist a fhreagairt.

Ba mhaith liom an abairt seo a chríochnú. Is é an rud céanna a tharla le Raidió na Gaeltachta agus TG4. B'fhéidir gurb é réiteach na faidhbe ná go gcaithfidh muide smaoineamh an ceart don Acadamh a bhriseadh amach glan as an ollscoil agus a rá le cibé cé cheann de na hollscoileanna ar fud na tíre atá sásta breathnú i ndiaidh an Acadaimh i gceart, go rachaidh siad siúd i bhfeighil an chomhcheangail agus gan a bheith, mar atá ag tarlú, á shrianadh agus á bhriseadh ón rud a bhí i gceist sa bhliain 2003 agus 2004 nuair a bunaíodh é.

Dr. James Browne

An bhfuil cead agam ceist a chur ar an Teachta?

No, díreach na ceisteanna a fhreagairt. Is féidir leis an bhfinné ceisteanna a chur ach na ceisteanna a fhreagairt ar dtús.

Dr. James Browne

Tuigim é sin. Déanfaidh mé mo dhícheall.

Táimid anseo ó 5 p.m. agus tá súil agam go gcríochnóimid ar 8.30 p.m. Tá na finnéithe ag iarraidh teacht isteach arís.

Is é an Ciarraíoch a fhreagraíonn ceist le ceist eile, an ea?

Má tá eolas ag na finnéithe orm, ba mhaith liom freagraí a fháil. Is é sin mo stíl.

Mr. Dónall Ó Braonáin

Freagróidh mé cuid de na ceisteanna atá ag an Teachta Ó Cuív. Maidir leis an leasú a rinneadh ar reacht an Acadaimh sa mbliain 2016, bhí roinnt údair le sin. D'athraíodh stádas an Acadaimh ó aonad riaracháin, mar is é sin an stádas a bhí againn san ollscoil, i dtreo institiúide teagaisc. Is é an córas atá ag an ollscoil ná dul i dtreo coláistí a bhfuil líon mór institiúidí agus scoileanna ag feidhmiú faoina scáth. Tá caint faoi láthair faoi réir údarás na hollscoile faoi athruithe struchtúir a dhéanamh ar an ollscoil le go mbeadh b'fhéidir trí chinn de choláistí móra ann agus go mbeadh institiúidí ag feidhmiú faoi scáth an struchtúir sin. Dá bhrí sin, bhí sé fíor-thábhachtach go mbeadh féiniúlacht ag eintiteas ar leith le reachta dá chuid fhéin aige taobh istigh de Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a dhéanadh freastal ar an ollscolaíocht Ghaeilge.

Maidir leis an moladh agus an cheist a chur an Teachta faoina mbeadh sé inmholta dá ndéanfaí scarúint idir an tAcadamh agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, déarfaidh mé an méid seo: ón mbliain 2011 ar aghaidh, chonaic muide, foireann an Acadaimh, an déine is mó a bhuail an tír seo ariamh i dtéarmaí eacnamaíochta. Tá mise go pearsanta fíor-bhródúil as an bhfoireann atá ag obair in éineacht liom, mar, ó shin i leith, tá siad tar éis oibriú ó dhubh go dubh ag iarraidh go mbeadh forbairt inbhuanaithe i gcroílár chuile shórt atá déanta againn. B'éigean dúinn cinnithe an-deacair a dhéanamh, ach leis an gceart a thabhairt don ollscoil, sheas sé le coincheap na hollscolaíochta Gaeilge. Choinnigh muid leis na hionaid ollscoil sa nGaeltacht, ainneoin chuile bhrú i dtéarmaí eacnamúla agus i dtéarmaí rannpháirtíochta mac léinn go ndéanfaí comhtháthú ar an struchtúr taobh istigh de champas na Gaillimhe. Is é sin an dá chleachtas a bhí á bhrú ó shaineolaithe idirnáisiúnta ar an ollscolaíocht orainn, ach rinneamar cinneadh go bhfágfaidh an bonneagar sin slán agus go mbeadh rochtain ag pobal na Gaeltachta ar an ollscolaíocht Ghaeilge. Ba chinneadh an-fhad-bhreathnaíoch a bhí ann ag an am i gcúinsí a bhí fíor-dheacair.

Ní call domsa a mheabhrú do Theachtaí agus do Sheanadóirí sa Teach seo cén laghdú a tháinig ar vóta Roinn na Gaeltachta agus ar vóta an Údarás um Ard-Oideachas sna blianta sin. Ansin, b'éigean dúinne dul ag fuint de réir na mine. B'éigean dúinne dul le samhail eile ar fad a thógáil agus an t-éadach sin orainn.

Ag an bpointe seo, ba mhaith liomsa teacht isteach. Ní mór dom a rá go dtéann comhionnanas inscne na bhfinnéithe go mór i bhfeidhm orm. Tá ceathrar fear anseo ón ollscoil. Idir súgradh agus dáiríre, tá ceathrar fear agus níl bean le feiceáil. B'fhéidir go bhfuil sé sin do lá eile.

Ní mór dom a rá gur tháinig cinneadh an údaráis aniar aduaidh orm. Tá cúpla ceist agam. Tá sé ráite go raibh ceithre chruinniú i gceist idir mí na Samhna agus mí Feabhra. Baineann an cur i láthair seo go mórmhór leis an gcinneadh fáil réidh leis an riachtanas Gaeilge don chéad uachtarán eile. Cén fáth go raibh ceithre chruinniú ann idir mí na Samhna agus mí Feabhra?

Dr. James Browne

Tá sé sin an-éasca a fhreagairt.

Mr. Gearóid Ó Conluain

Chun an cheist sin a fhreagairt, caithfidh mé a mhíniú don Chathaoirleach conas mar a chláraítear reacht san ollscoil. An rud a tharlaíonn-----

Chun é a shimpliú, an bhfuil mise iomlán mí-cheart nuair a deirim go raibh an méid sin cruinnithe agaibh mar go raibh raic sna meáin cumarsáide agus sa choiste seo? Ní mór dom an cheist a chur. Is é sin an t-aon rud. Is féidir leis na finnéithe easaontú liom agus níl fadhb ar bith agam le sin. Bhí raic i measc na mac léinn. An é sin an fáth go raibh ceithre chruinniú ann?

Mr. Gearóid Ó Conluain

No.

Dr. James Browne

Níl sé sin ceart ar chor ar bith. Tá sé sin fíor-thábhachtach.

Okay. Tá sé sin ráite agaibh. Níl sé sin ceart.

Dr. James Browne

Tá próiseas againn.

Glacaim le sin. Tá sé ráite. Níl aon ghá dul tríd arís. Tá sé aontaithe. Bhí orm an cheist sin a chur. Tá na finnéithe ag rá go bhfuil mé iomlán mí-cheart agus go bhfuil próiseas ann.

Ar tháinig an raic a bhí sa choiste seo, sna meáin cumarsáide agus i measc na mac léinn aniar aduaidh ar na finnéithe mar fhoireann sa choláiste? An raibh siad ag súil leis?

Mr. Gearóid Ó Conluain

Ní dóigh liom go raibh raic faoi.

Dr. James Browne

Ní dóigh liom go raibh raic mór faoi.

Bhí raic ar an gcoiste seo maidir leis an gcinneadh. Bhí raic i measc na mac léinn de réir mar a thuigim. Ar tháinig sin aniar aduaidh ar na finnéithe? An raibh siad ag súil le sin?

Dr. James Browne

Tá mise ag obair in ollscoileanna le beagnach daichead bliain. Mar a deirtear, tá a lán tuairimí san ollscoil.

Alright.

Dr. James Browne

Níl mé ag magadh. Tá a lán tuairimí san ollscoil. Mar a dúirt mé, ní raibh mé páirteach sa chinneadh, ach caithfidh mé a rá go bhfuil an ollscoil beagnach d'aon ghuth faoi seo.

Chuala mé sin. Ní hé sin mo cheist.

Dr. James Browne

Sin é mo thuarim.

An cheist ná, ar tháinig sé aniar aduaidh ar na finnéithe mar fhoireann go raibh muidne mí-shásta leis an gcinneadh? An raibh siad ag súil le sin nó ar tháinig sé aniar aduaidh orthu?

Dr. James Browne

Chun bheith féaráilte, níor cheap mise go mbeadh an raic ann.

An raibh aon duine eile ag súil leis an raic seo?

Mr. Dónall Ó Braonáin

Tá muide san Acadamh i suíomh ar leith. B'ábhar iontais dúinn an scéal ar fad. Bhí plé cuimsitheach inmheánach ann. Thrácht an t-uachtarán ar ball ar an éagsúlacht tuairimíochta atá san ollscoil. Ní dóigh liom go gcuirfeadh sé iontas ar bhaill den choiste seo cén leagan amach a bhí againne faoin ábhar seo mar fhoireann.

Cén leagan amach a bhí agaibh mar fhoireann?

Mr. Dónall Ó Braonáin

Chuireamar an leagan amach sin le chéile i bhfoirm páipéir isteach nó amach le trí nó ceithre mhíle focal. Chuireamar ar aghaidh na comhairle acadúla é agus pléadh ansin é. Bhí sé chomh cuimsitheach agus ab fhéidir linn. Léirigh an fhoireann trí choinnithe agus aighneachtaí go raibh an-imní orthu faoin gcinneadh agus go raibh an-imní orthu faoin athrú ar an reacht.

An raibh an cháipéis sin i nGaeilge nó i mBéarla?

Mr. Dónall Ó Braonáin

Réitíodh an cháipéis sin i nGaeilge. Rinneadh é a aistriú é go Béarla agus scaipeadh é ar bhall den chomhairle acadúil le go mbeadh deis ag gach ball den chomhairle acadúil an páipéar a léamh i nGaeilge agus i mBéarla.

Glacaim leis go dtí seo má bhíonn an tAcadamh ag cur comhfhreagrais chuig an meabhránaí, an rúnaí nó an t-uachtarán, go mbíonn sé in ann é a chur i nGaeilge.

Mr. Dónall Ó Braonáin

Bíonn.

Má ghlactar leis an reacht seo agus má cheaptar duine gan Ghaeilge, beidh athrú ar an gcleachtas sin. Beidh sibh ar fad san Acadamh ag scríobh rudaí i mBéarla le go mbeidh siad intuigthe don té a bheidh i gceannas ar an ollscoil. Tiocfaidh an t-uachtarán amach go dtí an tAcadamh ag labhairt Béarla mura mbeidh Gaeilge aige nó aici. Ó lá go lá, an toradh praiticiúil a bheidh ar an ollscoil iontach Gaelach seo ná nach mbeidh an tAcadamh in ann plé leis an duine seo trí Ghaeilge. Rud a chuireann iontas ormsa, 100 bliain tar éis Éirí Amach na Cásca, ná-----

Gabh mo leithscéal. Tiocfaidh mé ar ais go dtí an Teachta. Bhí mise i mbun ceisteanna.

De ghnáth bím sciobtha go leor le ceisteanna. An raibh an tAcadamh mí-shásta leis an gcinneadh?

Mr. Dónall Ó Braonáin

Bhí.

Okay. Maidir leis an gcomhairle a bhfuair an ollscoil nach féidir coinníollacha a chur leis an bpost, cé as a tháinig an comhairle sin?

Dr. James Browne

Tháinig sé ón ollscoil agus ó na daoine san ollscoil a bhfuil saineolas acu faoi rudaí mar seo.

Cé hiad? Nílim ag iarraidh na hainmneacha, ach cé hiad?

Dr. James Browne

Duine den fhoireann bainistíochta.

Ar bhreathnaigh an ollscoil ar aon áit eile sa domhan a chuireann coinníollacha le post maidir le teanga, mar shampla, an Fhraincis i gCeanada nó in áiteanna eile? An ndearna an ollscoil aon taighde?

Dr. James Browne

Rinneamar taighde.

Abair liom.

Dr. James Browne

Rinneamar taighde faoin méid atá ag tarlú sa Bhreatain Bheag, i gCeanada, i Holland-----

Chuir mé ceist shimplí agus dhíreach maidir le cén taighde a rinne siad faoi choinníollacha a chur leis an bpost leis an nGaeilge a fhoghlaim laistigh de thréimhse ama. An ndearna na finnéithe taighde ar phost cosúil le sin in aon tír eile a chur coinníollacha ann an Fhraincis nó aon teanga eile a fhoghlaim? S'ea nó ní hea.

Dr. James Browne

Mar a dúirt mé, rinneamar taighde. Tá eolas againn ar cad atá ag tarlú i Switzerland, Holland, sa Bhreatain Bheag agus i gCeanada. Go háirithe, tá eolas againn faoi cad atá ag tarlú sa Bhreatain Bheag mar is í sin an tír is gaire dúinn. Tá mé ag caint faoi na ollscoileanna i Bangor agus Aberystwyth. Tá an modh atá againne mar an gcéanna leis an modh atá acu.

Ní hí sin an cheist. Is as Gaillimh mé. D'fhreastal mé ar an ollscoil. Rinne mé a lán cúrsaí ann. Níl mé anseo chun caint fúm féin, ach bhí mé an-bhródúil as an ollscoil. Is campas dátheangach é i gcathair dhátheangach ar thairseach na Gaeltachta is mó sa tír, ach tá na finnéithe ag rá go bhfuil siad chun fáil réidh leis an riachtanas Gaeilge a bheith ag an gcéad uachtarán eile. Cén fáth? Mar nach féidir an duine is fearr a fháil má chuireann an ollscoil coinníoll ann Gaeilge a bheith aici, le cúnamh Dé, nó aige. Dar leis an ollscoil, beidh sé sin ró-shrianta. Tá sé deacair glacadh le sin, ach tá sé ráite go neamhbhalbh ag na finnéithe. Chomh maith le sin, tá sé ráite go bhfuil cúrsaí na Gaeilge san ollscoil thar a bheith goilliúnach faoi láthair. Úsáideann na finnéithe an argóint sin le cur lena n-argóint fáil réidh le riachtanas na Gaeilge, seachas le dul i ngleic leis an dúshlán. Ní mór dom é sin a rá. Níor chuala mé aon rud a chuaigh i bhfeidhm orm go bhfuil siad ag dul i ngleic leis an dúshlán, má tá an Ghaeilge i dtrioblóid mar atá luaite anseo.

Críochnóidh mé mar gur thug mé ceithre nóiméad dom féin. Bhí an coimisinéir teanga os ár gcomhair inniu. Níl a fhios agam an bhfuair na finnéithe deis éisteacht leis.

Dr. James Browne

Ní bhfuair.

Is fiú an tuarascáil a léamh i mBéarla nó i nGaeilge. Tá na deacrachtaí maidir leis an scéim teanga agus na scéimeanna éagsúla curtha in iúl go sonrach. Tá gá le rud i bhfad níos foirmiúla agus níos mó brú a chur ar na hinstitiúid chun cloí le na dualgais atá orthu. Tá sibhse ag dul an treo eile-----

Dr. James Browne

Níl sé sin fíor.

Stopfaidh mé ag tabharfaidh mé deis do na finnéithe gan cur isteach orthu. Le dul ar ais go dtí an méid a bhí le rá ag an Teachta Ó Muíneacháin maidir leis an teachtaireacht, dar liom - is féidir mé a fhreagairt - is teachtaireacht thar a bheith diúltach é le cur amach i gcampas dátheangach agus i gcathair dhátheangach ar thairseach na Gaeltachta is mó sa tír go bhfuil an ollscoil ag fáil réidh leis an riachtanas Gaeilge a bheith ag an gcéad uachtarán eile. Mar a dúirt an Teachta Ó Cuív, is duine é sin a bheidh thar a bheith meabhrach le bheith mar uachtarán ar ollscoil atá chomh hard sin sna rangú. Ní chreidim nach bhfuil an ollscoil in ann Gaeilge a chur isteach mar choinníoll agus ní chreidim nár smaoinigh siad ar an teachtaireacht diúltach a bhí siad ag cur trasna. Ní chuirfidh mé isteach ar na finnéithe sna freagraí atá le teacht.

Mr. Gearóid Ó Conluain

Tá rud beag amháin. Chuirfeadh sé iontas orm dá mba rud é go bhfuair an Coimisinéir Teanga locht ar an ollscoil maidir le cur chun cinn scéim-----

Ní dúirt mé é sin so ná bac le sin. Níor dúirt sé focal faoi sin. Tá mé ag caint go ginearálta maidir le lochtanna nó laigí. Lean ar aghaidh. Níor luaigh sé Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Mr. Gearóid Ó Conluain

Sula dtáinig mise chun na hollscoile, bhíos ag obair ag leibhéal sinsearach go leor sa Státchóras sa Roinn oideachas agus in áiteanna eile chomh maith. Tá cúlra agamsa i ngluaiseachtaí Gaeilge thart ar an tír. Ach, tuigim go maith go bhfuil na scéimeanna seo curtha le chéile agus dréachtaithe ag eagrais dhifriúla agus go ndearnadh cúlú ar go leor acu thar am. Ní rabhas ag éisteacht leis an gCoimisinéir Teanga so níl a fhios agam caidé a dúirt sé go díreach. Inár gcás, tá scéim teanga na hollscoile i láthair na huaire níos uallmhianaí ná mar a bhí sé blianta ó shin. Chuaigh muidne ar aghaidh lenár spriocanna. Ní dheachaigh muid ar chúl. Tá súil agam nár thagair sé dúinn ar bhealach-----

Tá sé ráite faoi dhó agam nár thagair. Rinne mé pointe ginearálta maidir leis an teachtaireacht.

Mr. Gearóid Ó Conluain

Maidir leis an phointe a rinne an Cathaoirleach fá dtaobh de na coinníollacha a leagadh síos do phost na huachtaránachta nó gan na coinníollacha a leagadh síos, mar a dúirt mé cheana, chinn údarás na hollscoile an comórtas seo a rith ar an dóigh a bhfuil á rith i láthair na huaire. An chomhairle a thug siad dúinn na gur cheart go mbeadh an comórtas seo chomh hoscailte agus gur féidir. Is ar a bhonn sin a chuaigh muid i mbun gnímh. Is é sin an treoir a tugadh dúinn. Is feidhmeannaigh sinn de chuid na hollscoile. Caithfimid toil an údaráis a chomhlíonadh agus a chur i bhfeidhm, agus b'shin an dearcadh a bhí acu. Nílim ag iarraidh caitheamh anuas ar dhuine ar bith anseo. Tuigim go bhfuil an dá thaobh den argóint ann agus go bhfuil stuamacht ag baint le hargóint an Chathaoirligh. Tá an dá thaobh ann, ach is é sin toil an údaráis agus tá dearcadh eile ar fad acu.

Tagaim ar ais go pointe a luaigh mé tamall ó shin. Níl todhchaí na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ag brath ar chumas cainte nó cumas scríofa duine aonair ar bith. Tá an bhéim ar fad sa reacht nua ar cheannasaíocht an duine agus ar conas a thabharfadh an duine seo faoi chás na Gaeilge a fhréamhú, a chur chun cinn, a fhorbairt agus a thacú mar aon le daoine eile a bhfuil an cúram sin ar a nguaillí ar fud na hollscoile. Tá difear an-shuntasach agus substaintiúil idir an reacht mar a bhí agus an reacht mar atá. Ach, tuigim gur tuairim eile é sin. Is féidir dul i ngleic leis an tuairim sin.

Dr. James Browne

Táimid ag caint faoi chúram symbolic, mar a déarfá, agus cúram sonrach. I mo thuairim féin, an rud is tábhachtaí anois ná go bhfuil dualgas reachtúil ar an ollscoil agus ar an uachtarán an Ghaeilge a chur chun cinn. Sin an rud is tábhachtaí. Beidh an t-uachtarán freagrach d'údarás na hollscoile agus beidh an ollscoil freagrach don Dáil agus don chóras dlí na dualgais sin a chomhlíonadh. Tá sé i bhfad níos tábhachtaí go mbeadh straitéis againn agus go mbeadh modh oibre againn ná an Ghaeilge a bheith ag duine amháin. Tuigim an tuairim symbolic. Tuigim é sin, ach is dóigh liom féin go bhfuil cad atá againn anois i bhfad níos fearr.

I mo thuairim, agus tá mé san ollscoil b'fhéidir beagnach 40 bliain anois, tá an Ghaeilge i bhfad níos fearr anois ná mar a bhí sé go dtí seo. Tá i bhfad níos mó daoine ag foghlaim na Gaeilge. Tuigim an rud atá á rá ag an Teachta Ó Cuív agus tá an ceart aige. Tá sé an-deacair cúrsaí leanúnach trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil. Táimid ag déanamh ár ndícheall agus beimid ag déanamh ár ndícheall ach tá sé an-deacair.

Bí cinnte go bhfuilimid i ndáiríre faoi seo. Tuigim go bhfuil agóid againn ach ba mhaith liom go mbeadh seans againn níos mó plé a dhéanamh faoi seo agus níos mó míniú a dhéanamh ar cad tá ag tarlú san ollscoil. B'fhéidir gur cheart do dhaoine teacht go dtí an ollscoil agus caint linn agus leis na daoine san Acadamh, Ollamh na Gaeilge, an tOllamh le Sean- agus Meán-Ghaeilge, an meabhránaí, an rúnaí, Dónall Ó Braonáin agus mar sin de agus féachaint ar an bhfoireann atá san ollscoil agus an obair atá faoi lámh acu chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Gan aon dabht, táimid dírithe agus tiomanta ó thaobh na Gaeilge de. Bí cinnte faoi sin.

Ar a laghad, bheadh sé sin ag teastáil mar is campas dátheangach i gcathair dhátheangach é.

Dr. James Browne

Chun an fhírinne a rá, ní campas dátheangach atá ann. Táimid ag iarraidh é a bheith dátheangach.

Gabh mo leithscéal. Ní campas dátheangach é?

Dr. James Browne

Chun an fhírinne a rá, níl sé sin fíor. Táimid ag iarraidh é sin a dhéanamh-----

Tá sé sin ar an website. Nach bhfuil?

Dr. James Browne

Sin aspiration - chun a bheith cinnte faoi agus chun a bheith fírinneach faoi.

Sin aspiration?

Dr. James Browne

Táimid ag déanamh ár ndícheall chun go mbeadh an campas dátheangach. Táimid ag cur ar fáil seirbhísí trí Ghaeilge. Tá sé sin fíor. Ach níl Gaeilge ag gach éinne sa champas.

Is é an fhadhb sa tír seo ná go bhfuil an Ghaeilge leochaileach - fíorleochaileach - agus is i ndonacht atá cúrsaí ag dul. Tá sé fíor freisin go dtagann ceannaireacht ón mbarr.

Dr. James Browne

Sea.

Níl amhras orm, agus glacaim go huile is go hiomlán leis, go bhfuil sé i gceist ag an ollscoil an Ghaeilge a chur chun cinn agus a dícheall a dhéanamh chun a chinntiú go ndéanfaidh an chéad uachtarán eile a dhícheall agus mar sin de. Ach an méid sin ráite, níor éist an ollscoil lena shaineolaithe féin maidir le cur chun cinn na Gaeilge agus buanú na Gaeilge. Níl amhras ach go mbeadh aon duine atá bainteach le gluaiseacht na Gaeilge a bhfuil saineolas aige nó aici ar chur chun cinn na Gaeilge i gcoinne a leithéid de chinneadh. Ní 50-50 atá ann. Tá aon duine atá bainteach agus freagrach as cur chun cinn na Gaeilge fíorbhuartha faoin gcéim seo.

Baineann sé seo ní hamháin leis an siombalachas ach leis na fíricí ar an talamh freisin. Tá sé níos deacra cultúr a chur chun cinn in eagraíocht muna bhfuil sé le feiceáil go soiléir go bhfuil, mar a deirtear sa Bhéarla, skin in the game ag an t-é atá ag an mbarr. Sin an fáth go dtéim ar ais ar an gceist a chur mé ar an bhfinné - tá sé ardaithe ag an gCathaoirleach freisin - maidir le riachtanas agus go mbeadh sé riachtanach go gcuirfeadh duine feabhas ar an Ghaeilge atá aige nó aici agus go ndéanfadh sé nó sí iarracht ar leith.

Tá dhá cheist agam. Luadh an Bhreatain Bheag. Tá na finnéithe ag rá go bhfuil ollscoil láidir dhátheangach sa Bhreatain Bheag agus nach bhfuil sé mar riachtanas go mbeadh an Breatnais mar theanga ag an duine nó go ndéanfadh sé nó sí cúrsa sa Bhreatnais fiú. Tá siad ag brath air sin. Is féidir a rá, áfach, go bhfuil an Breatnais i bhfad níos láidre ná mar atá an Ghaeilge.

Dr. James Browne

Tá an ceart ag an Seanadóir.

Tá an Ghaeilge níos leochailí.

Dr. James Browne

Tá an ceart ag an Seanadóir.

Mar sin, ní dóigh liom go bhfuil an eiseamláir sin úsáideach. De réir mar a théann an Ghaeilge i laige, is mó an riachtanas ar chóir a bheith ann le go mbeadh an cultúr daingnithe. Mar sin, cuirim ceist: An bhfuil ar aithne na bhfinnéithe ollscoileanna ina bhfuil sé riachtanach go mbeadh an teanga mionlach ag an uachtarán nó ina bhfuil riachtanas air nó uirthi cúrsa a dhéanamh?

Tá an dara cheist atá agam ceangailte leis an gcéad cheist. Luadh go ndúirt lucht HR go mbeadh fadhb ann.

Dr. James Browne

Sea.

Nílim ag rá gur Sir Humphrey atá i gceist lena leithéid d'fhreagra ach ní dúirt an finné gur fadhb ó thaobh an dlí atá i gceist. Dúirt sé go ndeir lucht HR go bhfuil fadhb ann. Cad é an fhadhb agus cén fáth nach mbeadh an creativity ag an ollscoil dul i ngleic leis an bhfadhb sin? Is léir go mbeidh go leor dualgas ar an gcéad uachtarán eile. Beidh ról le comhlíonadh aige nó aici. Cén fáth nach bhféadfaí a chinntiú go mbeadh mar dhualgas air nó uirthi go ndéanfadh sé nó sí méid áirid uaireanta de chúrsa? Rinne an Teachta Joe McHugh é nuair a cheapadh mar Aire Stáit é agus léirigh sé go raibh sé d'fhreagracht. Tá a fhios agam go ndearna sé é dá thoil féin é agus bheadh rudaí difriúla anseo ó thaobh an daonlathais de. Bheadh ceist bhunreachtúil, b'fhéidir, ag baint leis dá ndéanfaí iarracht é a chur sa dlí go mbeadh air Gaeilge a bheith aige. Ba léir go raibh sé cuí go ndéanfaí é go deonach.

Tá dualgas mór ar an ollscoil, áfach, mar chosantóirí na Gaeilge sa tír ar leibhéal acadúla. Dúirt an finné nach amháin coláiste réigiúnda an ollscoil ach coláiste náisiúnta le fís náisiúnta agus idirnáisiúnta. Sin an fís atá againne mar is í an Ghaeilge an phríomhtheanga oifigiúíl sa tír seo. Tá an Ghaeilge aitheanta go hidirnáisiúnta agus ar leibhéal an Aontais Eorpaigh mar theanga oifigiúil.

Dr. James Browne

Tuigim é sin.

De réir na loighce sin, mar chuid den choincheap gur choláiste agus ollscoil náisiúnta agus idirnáisiúnta atá ann, ba chóir go mbeadh an ollscoil ag iarraidh a thabhairt le fios go dtéann an Ghaeilge agus tábhacht na Gaeilge leis an agenda sin freisin.

Dr. James Browne

Téann. Gan aon amhras, téann.

Tá cúpla ceist agam. Baineann an cheist is tábhachtaí le HR. Ní dóigh liom gur leor d'fhreagra é go bhfuil daoine san oifig HR a deir go mbeidh sé deacair. Ba bhreá liom níos mó a chloisteáil faoi sin. An bhfuil sé in aghaidh an dlí go mbeadh a leithéid de dhualgas ar dhuine cúrsa a dhéanamh nó fiú scrúdú a dhéanamh?

Dr. James Browne

Caithfidh mé níos mó eolais a fháil faoi sin ach is é mo thuairim féin go mbeadh sé an-deacair dualgas mar sin a chur ar dhuine.

Céard is brí le "an-deacair"?

Dr. James Browne

Féach ar an ról seo - ról uachtarán na hollscoile. Tá a lán le déanamh. Tá a lán éagsúlachtaí ag baint leis. Táimid ag iarraidh an duine is fearr a fháil don ról ó thaobh dul chun cinn na hollscoile agus dul chun cinn iarthar Éireann agus an tír. Caithfimid an duine is fearr a fháil.

Gabh mo leithscéal, ach tá sé sin ráite go mion minic.

Dr. James Browne

Tuigim, ach tá pointe agam, más féidir liom-----

Is féidir, ach tá sé 8.30 p.m.

Dr. James Browne

An deacracht atá againn-----

Maidir leis an gceist-----

Dr. James Browne

Níl an rogha againn. Dá gcuirfimis iachall ar dhuine Gaeilge a fhoghlaim i gceann, mar shampla, cúpla bliain, an mbeadh sé nó sí sásta teacht go dtí an ollscoil?

Cén fáth nach mbeadh?

Dr. James Browne

Tá mise tar éis an post a chomhlíonadh le deich mbliana anuas agus tá se fíordheacair. Bí cinnte faoi sin. Tá sé fíordheacair.

Cad atá fíordheacair?

Dr. James Browne

An post atá agam; an ról atá ag an uachtarán. Tá sé an-deacair iachall a chur ar dhuine. Níl aon dabht ann. Féach ar cad atá sa reacht: "Agus é/í i mbun gnímh chun gealltanas na hOllscoile i leith na Gaeilge agus chultúr na Gaeilge a chomhlíonadh, beifear ag súil go léireoidh an tUachtarán dúthracht agus dea-chleachtas pearsanta ina c(h)uid ceannasaíochta."

Céard is brí leis sin? "Is maith liom an Ghaeilge a labhairt deich n-uaire in aghaidh na seachtaine."

Tá ceist an tSeanadóra curtha. Léigh an finné rud amach ach níor thug sé freagra ar an gceist. Chuir an Seanadóir ceist shonrach.

Dr. James Browne

Mar a dúirt mé, ní raibh me páirteach sa chinneadh seo, ach an chomhairle atá agam ná nach bhfuil sé dleathach rud mar seo a dhéanamh. Sin an comhairle a fuair mé.

Comhairle dlíthiúil?

Dr. James Browne

Sin an comhairle. Beidh sé an-deacair condition mar sin a chur chun cinn.

An bhfuil an chomhairle sin ar fáil i scríbhinn?

Dr. James Browne

Níl.

Ar lorg an ollscoil comhairle ó dhlíodóir ar an gceist sin?

Dr. James Browne

Ní dóigh liom é. No.

Jaypers. Is mór an cheist í gan chomhairle a lorg mar gheall air. Léiríonn sé sin nach ndearna an ollscoil mórán machnaimh ar an gceist.

B'fhéidir nach bhfuil an Seanadóir sásta leis ach tá an freagra-----

Gabh mo leithscéal. Nílim ag iarraidh a bheith mímhúinte-----

B'fhéidir nach bhfuil an Seanadóir sásta leis an bhfreagra - níl mé féin - ach sin an freagra. Ní bhfuair siad aon chomhairle dlí. Ar a laghad, tá sé sin soiléirithe.

Nuair a thiocfaidh an Bille atá foilsithe agam ar aghaidh, má cheaptar nach bhfuil sé dleathach ar ndóigh, níl aon amhras ach go mbeidh an Rialtas ag lorg comhairleoir an Ard-Aighne agus réiteoidh sé sin an cheist, ach ní chreidim é. Dá mbeadh sé sin faoi amhlaidh, ní fhéadfaí, mar shampla, coinníoll a chur ar an t-é a cheapfaí ar TG4 agus Údarás na Gaeltachta an Ghaeilge a bheith aige nó aici.

Ní thuigim an rud seo faoi dúthracht agus seo siúd. Ag deireadh an lae, is é úsáid an teanga a chruthaíonn an dúthracht. Tá an Stát seo neamhghnáthach ó thaobh chúrsaí teanga de. Bhain muid amach stádas oifigiúil oibre don Ghaeilge san Eoraip - go hidirnáisiúnta. Ní teanga de chuid na Ríochta Aontaithe í an Bhreatnais. Bhí an argóint seo agamsa le Neil Kinnock mar, neamhchosúil leis an mBreatain Bheag, i gcás na tíre seo is í an Ghaeilge an teanga náisiúnta. An rud a bhíothas sásta glacadh leis go dtí seo ná go mbeadh institiúid tríú leibhéal amháin - ollscoil amháin - sa tír a mbeadh uachtarán uirthi a bheadh inniúil ar an nGaeilge. Ollscoil amháin i dtír a deir gurb í an teanga náisiúnta. Is cuma cé mhéad duine a labhraíonn nó nach labhraíonn an teanga.

Creidim go bhfuil sé fíorthábhachtach go bhfuil Gaeilge ag uachtarán na tíre. Buíochas le Dia, bhí Gaeilge ag formhór na n-uachtarán a bhí againn go dtí seo agus ní hamháin go raibh Gaeilge acu ach bhí Gaeilge líofa acu agus feiceann muid an tionchar a d'imir sé ar an bpobal. Má cheaptar uachtarán gan Ghaeilge ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, cén bealach gur féidir le duine a bheith dúthrachtach? B'fhéidir go bhféadfaidís a bheith ach smaoinigh go praiticiúil ar an iliomad ócáidí poiblí ar fad a bheidh á reachtáil ag an ollscoil, ina measc, dinnéaracha bliantúla agus bronntaí céimeanna. Ní bheidh an t-uachtarán in ann labhairt i nGaeilge. Ní bheidh an t-uachtarán in ann plé le na meáin cumarsáide trí mheán na Gaeilge. Seo í an ollscoil le dualgas speisialta Gaeilge leagtha uirthi agus í ar thairseach na Gaeltachta. Chomh maith leis sin, mar a dúirt mé ar ball beag, iontóidh cuid d'obair an Acadaimh ar an mBéarla. Nuair a bheidh siad ag plé go díreach leis an uachtarán, trí bhéal nó i scríbhinn, beidh orthu é a dhéanamh i mBéarla.

Mar dhuine a bhí mar cheann ar eagraíocht sa Stát seo - an Roinn Ealaíon, Oidhreacht, Gaeltachta agus Oileán, mar a bhí ann ag an am, nó an Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta - tá a fhios agam go ndearna se an-difríocht chuile uile lá ó thaobh modh iompair teanga taobh istigh den Roinn go raibh Gaeilge agamsa. Bhí cuid mhaith den Roinn ag feidhmiú go hiomlán trí Bhéarla ach, aisteach go leor, an tionchar a bhí aige ná go ndearna siadsan iarracht éigin ó thaobh na Gaeilge de agus bhí siad i bhfad níos coinsiasach i dtaobh na Gaeilge. An chuid den Roinn a bhí ag feidhmiú trí Ghaeilge, céard a rinne siad? D'fheidhmigh siad trí Ghaeilge. Fiú rudaí a bhain le hoileáin Galltachta agus mar sin de, bhí an chumarsáid ar fad trí bhéal agus i scríbhinn i nGaeilge. Éinne a deir liom nach ndéanfaidh sé aon difríocht do sheasamh na Gaeilge san ollscoil ó lá go lá agus go siombalach agus go náisiúnta, ní dóigh liom go dtuigeann sé nó sí siceolaíocht teanga.

Tá an-díomá orm faoin gcinneadh atá déanta ag an ollscoil. Ar ndóigh, anois beidh ar Thithe an Oireachtais breithiúnas a dhéanamh air seo. Má cheapann siad gur cás sách tromchúiseach é, beidh deis acu rudaí a chur ina gceart nó freagra a iarraidh ar na pointí seo. Táimid an-deireanach anocht ach beidh an deis sin ann rudaí a chur ina gceart. Caithfimid breathnú ar institiúidí tríú leibhéal san iomlán agus san uileag le chéile agus, déan cinnte, má cheapann Tithe an Oireachtais gur le leas náisiúnta na tíre é - ní leas na hollscoile atá i gceist anseo ach leas náisiúnta na tíre - beidh orainn an cinneadh sin a dhéanamh, agus déanfaidh muid é.

An bhfuil an Teachta Moynihan chun fanacht nó teacht isteach anois?

Tá cúpla ceist agam faoi na cruinnithe a bhí ag an ollscoil. Bhí sraith cruinnithe idir Mí na Samhna agus Mí Feabhra. Ceithre chruinniú a bhí ann. An cruinnithe speisialta ar an ábhar seo nó an gnáth-chruinnithe míosúla a bhí ann?

Mr. Gearóid Ó Conluain

Meascán a bhí ann.

Mr. Gearóid Ó Conluain

Sílim go raibh dhá chruinniú speisialta againn agus ceann eile de chuid an choiste sheasta. Más buan mo chuimhne, bhí dhá cheann eile de chuid an údaráis féin. Sin ceithre nó cúig chruinniú san iomlán. Agus mé ag díriú ar an méid atá ráite ag an Teachta Ó Cuív-----

An bhfuil an Teachta Moynihan críochnaithe?

Bhí an dhá cheann speisialta agus bhí na gnáth-chruinnithe eile ina raibh sé mar mhír sna cruinnithe sin. Ar mhair na cruinnithe sin ar feadh i bhfad?

Mr. Gearóid Ó Conluain

Mhair dhá nó trí cinn ar feadh, b'fhéidir, cúig uaire an chloig nó níos mó.

An iad sin na cinn speisialta?

Mr. Gearóid Ó Conluain

Yes. Cé go raibh an t-ábhar cainte seo ar an gclár oibre chomh maith le rudaí eile, tugadh i bhfad níos mó ama don rud seo i gcomparáid leis na rudaí eile.

Ag cén cruinniú a deineadh an cinneadh?

An cruinniú deireanach.

Mr. Gearóid Ó Conluain

An cruinniú deireanach. Bíonn sé ghnáth-chruinniú de chuid an údaráis ar siúl i rith na mbliana. Achan dara mí, bíonn cruinniú den saghas sin ann. Más gá aon rud eile a phróiseáil roimh na cruinnithe sin, is féidir cruinniú speisialta a ghlaoch. Sin mar a dhéantar rudaí a phróiseáil san ollscoil.

Ag an gcruinniú i Mí Feabhra agus ní cruinniú na Samhna-----

Mr. Gearóid Ó Conluain

Sílim go bhfuil cuid de na comhaltaí ar mhíthuiscint faoi conas mar a láimhsíonn an t-údarás a chuid gnóthaí. Nuair atá reacht le cur os comhair an údaráis, caithfidh an reacht sin dul os comhair an údaráis faoi dhó. De ghnáth, bíonn dhá mhí idir an dá chruinniú. Cén fáth go ndéantar sin? Déantar an chéad léamh ar an reacht ag an gcéad chruinniú. Bíonn fáil ag na baill ag an gcruinniú sin athruithe a mholadh agus leasuithe a chur ar aghaidh. De ghnáth, glactar leo agus déantar an reacht a athdhréachtú. Ina dhiaidh sin, caithfidh sé dul os comhair na comhairle acadúla - na hollúna, i ndáiríre. Tá daoine eile ann ach na hollúna i ndáiríre atá i gceist. Caithfidh siadsan an rud a phlé.

Caithfidh siadsan a gcuid díospóireachta a dhéanamh. Arís, tá sé de phribhléid acu agus de cheart acu moltaí nó leasuithe eile a chur chun cinn arís. Ina dhiaidh sin, nuair a dhéantar é sin a mheá agus a thabhairt isteach san áireamh, téann sé thar n-ais go dtí an t-údarás don dara léamh. Má ghlactar leis an dara léamh ag an bpointe sin, déantar an reacht a faomhadh nó a dheimhniú agus ansin cuirtear séala na hollscoile leis. Nuair a chuirtear séala na hollscoile leis, bíonn aird na hArd-Chúirte ar an reacht. Is ionann an reacht agus reachtaíocht don ollscoil.

Ag an gcéad chruinniú i mí na Samhna, ar tógadh cinneadh i bprionsabal?

Mr. Gearóid Ó Conluain

Yes.

Dr. James Browne

Déanadh cinneadh roimhe sin an rud a phlé.

Déanadh cinneadh roimh-----

Mr. Gearóid Ó Conluain

Mar is eol dom-----

Dr. James Browne

An rud a dhéanfaidh mé, más mian leis an-----

Gabh mo leithscéal. Dúirt na finnéithe gur tharla sé seo idir mí na Samhna agus mí Feabhra. Táimid go leír tuirseach anois. Cuireadh ceisteanna maidir leis an gcruinniú ag a rinneadh an cinneadh seo. Thug na finnéithe léargas dúinn ar an bpróiseas.

Mr. Gearóid Ó Conluain

Yes.

Okay. Nuair a tháinig an t-uachtarán isteach, dúirt sé go raibh cruinniú roimhe sin. Ar tharla sé sin roimh mí na Samhna?

Dr. James Browne

An eolas atá agamsa-----

Mr. Gearóid Ó Conluain

Caithfimid bheith an-chúramach.

Mr. Gearóid Ó Conluain

Ba cheart dúinn plé a dhéanamh ar céard is brí le cinneadh. Is ionann cinneadh nuair atá an cinneadh deimhnithe.

Tá a fhios againn é sin.

Mr. Gearóid Ó Conluain

Níor tharla sé sin go dtí mí Feabhra.

Tuigim. Chuir an Teachta Ó Cuív ceist. D'iarr sé an glacadh leis an gcoincheap roimh na cruinnithe seo atá luaite ag na finnéithe ó mí na Samhna go dtí mí Feabhra. An raibh cinneadh maidir leis an gcoincheap? An glacadh leis an gcoincheap roimh-----

Mr. Gearóid Ó Conluain

Cuirfidh mé mar seo é. Bhí sé an-soiléir ón chéad cruinniú a luaigh mé i mí na Samhna-----

Mí na Samhna.

Mr. Gearóid Ó Conluain

-----go raibh tromlach an údaráis i bhfábhar an chinnidh a rinneadh ina dhiaidh sin, i mí Feabhra.

Ceart go leor.

Cén uair a cuireadh an dréacht-reacht chun cinn? Ag cén cruinniú-----

Mr. Gearóid Ó Conluain

I mí Eanáir-----

I mí na Samhna, rinneadh cinneadh go ndéanfaí an rud a leasú, ach cén uair a cuireadh chun cinn an dréacht-reacht a leag amach go gcaithfeadh an t-uachtarán bheith báúil agus tiomanta don Ghaeilge agus chuile rud mar sin? Cén uair a cuireadh é sin i dtosach báire faoi bhráid-----

Mr. Gearóid Ó Conluain

Ar an 15 Nollaig.

Tar éis na reachta.

Dr. James Browne

Níl sé sé sin fíor. B'fhéidir gur cheart dom rud a dúirt mé níos luaithe a mhíniú. Mar is eol dom, bhí cruinniú ag an údarás faoin uachtaránacht. Bhí díospóireacht ag an gcruinniú sin agus, de réir mar a thuigim, rinneadh cinneadh go gcuireadh an tUasal Ó Conluain dréacht-reacht ar fáil don chéad chruinniú eile - cruinniú mí na Nollag. Rinne sé dréacht den reacht.

Mr. Gearóid Ó Conluain

Yes.

Dr. James Browne

Chuir sé os comhair-----

Ní raibh baint ar bith ag an Dr. Browne leis an bpróiseas seo.

Dr. James Browne

Ní raibh-----

Dr. James Browne

-----ach tá a fhios agam-----

Ní raibh baint ar bith ag an Dr. Browne leis an bpróiseas atá soiléirithe ag an Uasal Ó Conluain, a mhair ó mí na Samhra go dtí mí Feabhra.

Mr. Gearóid Ó Conluain

Déanfaidh mé é sin a dheimhniú, más mian leis an gcoiste, agus cuirfidh mé nóta chuig an gcoiste.

Good. An bhfuil an Teachta Ó Muimhneacháin críochnaithe?

Tá. Tá mé sásta.

An bhfuil an Teachta Ó Cuív ag iarraidh teacht isteach don uair dheireanach?

Níl. Tá mise réidh.

Ba mhaith liom ceist a chur ar an uachtarán. Chuala mé an míniú a thug na finnéithe dúinn níos luaithe maidir leis an folúntás atá ann le trí bliana anuas. Níor thuig mé é. Ní thuigim, i ndáiríre, cén fáth go bhfuil folúntas do phost an ollaimh le Gaeilge in ollscoil dátheangach i gcathair dhátheangach fós ann tar éis trí bliana. Cén fáth nach bhfuil ollamh ceaptha ag an ollscoil? Thug mé ón méid a bhí le rá ag an tUasal Ó Braonáin go raibh tréimhse déine i gceist agus go raibh an Ghaeilge thíos dá bharr. Tá fondúireacht phríobháideach mhór in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, maidir le hairgead a thabhairt amach. Ar smaoinigh an ollscoil riamh ar an airgead ón fondúireacht a úsáid le haghaidh an Ghaeilge i gcomhthéacs na fulaingthe a bhí i gceist ó thaobh na géarchéime de. Tá dhá cheist curtha agam.

Dr. James Browne

Tá mé ag iarraidh freagra a thabhairt don Chathaoirleach.

Go raibh maith agat.

Dr. James Browne

Níl aon ról ag an Galway University Foundation i rudaí mar seo.

Dr. James Browne

Tá tosaíochtaí ag an bhfondúireacht. Déanann sí iarracht airgead a fháil don ollscoil chun na tosaíochtaí sin a chur chun cinn.

Tosaíochtaí oideachasúla.

Dr. James Browne

Baineann siad le hoideachas agus le taighde. Chun an fhírinne a rá, bhain an chuid is mó den obair a bhí idir lámha ag an bhfondúireacht go dtí seo le foirgnimh a chur ar fáil don ollscoil. Tá tosaíochtaí den tsórt sin acu. Ní bhíonn seans acu airgead a fháil chun gnáthphoist a mhaoiniú. Ní dóigh liom go mbeadh sé cóir nó ceart-----

Níl mé ach ag cur ceist maidir leis an bhfondúireacht.

Dr. James Browne

Tuigim é sin. Ní dóigh liom go bhfuil aon ról ag an Galway University Foundation-----

Níor ceapadh duine breise san ollscoil riamh ón airgead a chuireann an fhondúireacht ar fáil.

Dr. James Browne

Níl sé sin fíor.

Níl ann ach ceist.

Dr. James Browne

Oibríonn an Galway University Foundation ar bhonn margin of excellence, mar a tugtar air. Níl bhíonn an fhondúireacht ag iarraidh airgead nó maoiniú a fháil do ghnáthphoist san ollscoil. Táimid in ann na poist sin a mhaoiniú.

Ní dóigh liom go bhfuil, ós rud é go bhfuil an folúntas seo fós ann. Thuig mé ón méid a dúirt an tUasal Ó Braonáin liom - go raibh déine i gceist agus go raibh cinneadh déanta - go raibh easpa airgid nó easpa acmhainne i gceist. Ba mhaith liom ceist shimplí a chur. Má tá an ollscoil dáiríre faoin Ghaeilge, cén fáth nach raibh ollamh ceaptha roimhe seo? Conas is féidir leis an ollscoil folúntas den tsórt seo a fhágáil in áit? Ba cheart go mbeadh an duine seo i gceannas. Fágfaidh mé ceist na fondúireachta ar leathaobh.

Dr. James Browne

Déanfaidh mé iarracht an cheist sin a fhreagairt.

Más é do thoil é.

Dr. James Browne

Mar a dúirt mé cheana, nuair a bhíonn a leithéid d'fholúntas le líonadh san ollscoil, tá sé mar pholasaí ag an ollscoil próiseas athbhreithnithe a dhéanamh. Rinneamar é sin tar éis d'Ollamh na Gaeilge éirí as oifig. Rinneamar an rud sin agus fuaireamar an chomhairle sin. Tar éis sin, tháinig béim nua isteach i nDámh na nDán. Caithfidh mé a rá freisin go bhfuil fadhb ag Dámh na nDán ós rud é go bhfuil líon na mac léinn atá ag freastal ar an ndámh sin ag titim. Bhí ar Dhámh na nDán athbhreithniú a dhéanamh ar an méid a dhéanfadh sé ó thaobh na folúntais a bhí acu. Rinne siad an cinneadh an post seo a líonadh agus fógraíodh an folúntas.

Cén uair a tharla an t-athbhreithniú?

Dr. James Browne

Tharla an chéad athbhreithniú tar éis do Ghearóid Denvir éirí as a phost. Nuair a tháinig Déan nua isteach, rinne sé athbhreithniú ar an gceist seo freisin.

Cén toradh a bhí ar an gcéad athbhreithniú?

Dr. James Browne

Dúradh linn gur cheart an post a líonadh-----

Ag an am sin?

Dr. James Browne

-----agus straitéis don Ghaeilge i Scoil na Gaeilge na hollscoile a chur chun cinn.

Moladh tar éis an chéad athbhreithniú gur cheart an folúntas a líonadh.

Dr. James Browne

Sea.

Okay. Go raibh maith agat. Cén bhliain inar tharla sé sin?

Dr. James Browne

Níl a fhios agam.

Gabh mo leithscéal, ach tá sé tábhachtach.

Dr. James Browne

Cathain a d'éirigh Gearóid Denvir as oifig?

Mr. Dónall Ó Braonáin

Trí bliana ó shin. Tá mé ag ceapadh gur tharla sé seo i mí Feabhra nó mí an Mhárta 2014, ach ní fhéadfainn dul i mbannaí air. Tháinig an grúpa athbhreithnithe le chéile go gairid tar éis don Ollamh Denvir dul ar scor. Is dóigh liom nach ndearna siadsan mórán moill ó thaobh tuairisc a chur ar fáil. Sílim gur in earrach na bliana 2014-----

Níl mé ag caint faoi lá nó mí nó aon rud mar sin. Cén uair a rinneadh an moladh an folúntas a líonadh?

Mr. Dónall Ó Braonáin

Moladh i dtéarmaí cothromaíochta sa choláiste nach líonfaí postanna oiliúnachta eile thart ar an am céanna. Ar bhealach, sa chaoi a n-oibríonn an chóras anois, ní dhéantar talamh slán go líontar postanna sinseareacha go huathoibreach. Caithfear cás a chruthú le go ndéanfaí moladh i bprionsabal go líonfaí an post. Is dóigh liom gur cuireadh athrú leis ionas go mbeadh straitéis ag dul leis an gceapachán féin.

Tá sé réasúnta coitianta go mbeadh cás gnó le réiteach.

Mar a tharlaíonn, tá aithne agam ar an iar-ollamh mar d'fhásamar aníos le chéile i mBaile Átha Cliath.

Ceisteanna ag an am seo, le do thoil.

Bhí a fhios agam, agus caithfidh go raibh a fhios ag na finnéithe, go raibh sé le dul in aois an phinsin trí bliana ó shin. Cuireann sé an-iontas orm nach raibh an t-athbhreithniú déanta. Cén fáth nach raibh an t-athbhreithniú déanta? Is í sin an chéad cheist. Ní éirí as tobann a bhí i gceist.

Dr. James Browne

Tuigim é sin.

Ba cheart go mbeadh an ollscoil réidh leis an bhfolúntas a líonadh an lá ar tháinig sé amach as an jab, mar a dhéantar le Ard-Rúnaí Roinne ag an leibhéal is airde sa Stát. Tá ceist eile agam. Cé mhéad ollamh le Ghaeilge atá san ollscoil?

Mr. Gearóid Ó Conluain

Beirt.

Tá mé ag caint faoin nua-Ghaeilge. Ceann amháin, an ea?

Mr. Dónall Ó Braonáin

Ní dóigh liom go bhfuil beirt sa nua-Ghaeilge.

Tá ollamh amháin ag an ollscoil sa nua-Ghaeilge.

Mr. Dónall Ó Braonáin

Is é an folúntas atá fógraithe faoi láthair ná an t-ollamh bunaithe. Is grád ardaithe céime atá san ollúnacht phearsanta. Ní dóigh liom go bhfuil aon ollamh pearsanta le nua-Ghaeilge ann faoi láthair. Tá ollamh bunaithe le sean-Ghaeilge ann, ach tá mé cinnte nach bhfuil aon ollamh pearsanta le nua-Ghaeilge ann.

An bhfuil na finnéithe ag rá linn i ndáiríre go raibh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ag brath ar an ollscoil a fhágáil gan ollamh a bheith ann go praiticiúil - is cuma céard a thabharfar air - a bheadh ag plé leis an nua-Ghaeilge? Má tá, caithfidh mé a rá go bhfuil an cheist seo ag éirí níos measa chuile nóiméad. Ba cheart gur done deal a bheadh ann, i ndúiche Uí Chadhain, go mbeadh ollamh le nua-Ghaeilge san ollscoil. Is dóigh liom go bhfuil an scéal seo ag dul chun donais an t-am uilig.

Dr. James Browne

Míneoidh mé an modh oibre atá ag an ollscoil nuair atá duine ag dul ar scor, go háirithe duine a bhí ceaptha mar ollamh. Déanaimid athbhreithniú tar éis don duine a bheith éirithe as oifig.

Nach droch-chleachtas é sin?

Dr. James Browne

Ceapaim gur dea-chleachtas é. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeimid in ann athbhreithniú a dhéanamh - gan ollamh a bheith ann - ar an méid atá ag tarlú san ollscoil.

Nach mbeadh sé i bhfad níos fearr é a dhéanamh-----

Dr. James Browne

Tá sé deacair é sin a dhéanamh má tá an t-ollamh fós sa phost.

Níl a fhios agam.

Dr. James Browne

Is é sin an cleachtas atá againn. Tá sé mar an gcéanna liomsa i gcomhthéacs an uachtarán nua. Níl ról agam sa phróiseas sin.

Tá a fhios agam. Nach gceapfar uachtarán nua an lá a rachfaidh an Dr. Browne ar scor?

Dr. James Browne

Tá an ceart ag an Teachta, ach níl aon ról agam ann.

Cé mhéad ceapachán a bhí ann le linn an tréimhse sin? B'fhéidir go mbeidh na finnéithe in ann teacht ar ais chugainn leis na sonraí sin.

Dr. James Browne

Ní raibh a lán ceapacháin ann.

Is fiú cur san áireamh gur ollscoil faoi leith maidir leis an nGaeilge atá i gceist. Pé scéal é, tá an clog ag breith orainn. An bhfuil an Seanadóir Mullen sásta go leor?

Tá. Gabhaim buíochas leis na finnéithe.

Gabhaim buíochas leo freisin. Tá siad an-fhoighneach.

Tá mé sásta leis na freagraí atá faighte agam, ach níl mé sásta leis an gcinneadh.

Nílimid sásta leis an gcinneadh, ach táimid an-bhuíoch gur tháinig na finnéithe os ár gcomhair agus gur thug siad cur i láthair dúinn. Tuigim go bhfuil siad chun teacht ar ais chugainn le rud éigin.

Dr. James Browne

Gheobhaidh mé an sceideal ama - sceideal na gcruinnithe - don choiste ionas go mbeimid beacht faoin gceist nach bhfuilimid 100% cinnte faoi.

Dr. James Browne

Tá mé sásta é sin a admháil.

An gheobhaidh muid nóta ar an bpróiseas freisin?

Dr. James Browne

Tá mé ag caint faoi nóta ar na cruinnithe.

An mbeidh cruinniú príobháideach againn anois?

Beidh. Tá an fhoireann tuirseach. Tá rud amháin le déanamh againn. Gabhaim buíochas leis na finnéithe arís.

Barr
Roinn