Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán díospóireacht -
Tuesday, 2 May 2017

Plean Infheistíochta agus Scéimeanna Teanga: An tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta

Ba mhaith liom, i dtús báire, leithscéal a ghabháil ón Seanadóir Rónán Mullen. Tá an Teachta Éamon Ó Cuív ar a bhealach. Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit agus roimh na hoifigí ón Roinn. Is ócáid stairiúil é seo. Is é an tAire Stáit an chéad Aire nó Aire Stáit a bhí de mhuinín aige nó aici teacht os ár gcomhair. Ba mhaith liom é seo a rá agus a chur ar an taifead. An bhfuil an tAire Stáit faoi bhrú maidir leis an sceideal Dála?

Tá ceisteanna sa Dáil ag 5.30 p.m. agus tá freagracht as an dara cheist ormsa.

Níl i gceist ach fiche nóiméad.

Caithfidh mé imeacht ag 5.30 p.m.

Tuigim é sin agus tá mé féin faoi bhrú, mar a tharlaíonn. Ní bheidh deis againn ceisteanna a chur. Ní bheidh muid sásta leis sin.

Tá mé sásta teach ar ais.

Sin an rud. An mbeidh an chéad chruinniú eile oiriúnach? Níor mhaith liom am a ligint. Tá sé tábhachtach. Tá an tAire Stáit os ár gcomhair agus tá muid ag fanacht, ní hamháin air ní mór dom a rá, ach ar na hAirí eile.

Tá ceisteanna sa Dáil agam an tseachtain seo chugainn freisin.

Níl cruinniú againn an tseachtain seo chugainn mar a tharlaíonn. Tá fhios agam go mbeidh ar an Aire Stáit a dhialann a sheiceáil.

Beidh mé in ann teacht os comhair an choiste.

Beidh an chéad chruinniú eile ar an 16 Bealtaine.

Sin ceart go leor.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Tosóimid mar sin.

Gabhaim buíochas leis an gcomhchoiste as ucht an chuireadh teacht isteach. Mar Aire Stáit ar a bhfuil freagracht as gnóthaí Gaeltachta, fáiltím roimh an deis seo labhairt leis an gcomhchoiste inniu. Tuigim ón gcuireadh go bhfuil dhá ábhar sonrach gur mhaith leis an gcoiste a phlé: plean infheistíochta na Gaeilge agus na Gaeltachta a bhí aontaithe ag 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta, agus an tráchtaireacht ar chóras na scéimeanna teanga agus tuairisc an Choimisinéara Teanga faoi alt 29 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Ar dtus báire, ba mhaith liom tagairt den tráchtaireacht ar chóras na scéimeanna teanga a d’fhoilsigh an Choimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, ag tús na míosa seo caite. D’fháiltigh mé féin roimh an tuarascáil nuair a foilsíodh é, mar gur thuig me go mbeadh an taighde seo ina chuidiú dom féin agus do mo chuid oifigigh agus muid ag tabhairt aghaidh ar chuid de na dúshláin a aithnítear sa gcáipéis. Dúirt mé ag an am go raibh na spriocanna céanna agam féin agus ag an gCoimisinéir, sé sin feabhas a chur ar sheirbhísí do phobal na Gaeilge. Is ar mhaithe le cur le líon agus caighdeán na seirbhísí trí Ghaeilge a bheadh á gcur ar fáil ag na comhlachtaí phoiblí don phobal a cuireadh córas na scéimeanna teanga ar bun an cheád lá riamh. Creidim go bhfuil dul chun cinn déanta ó thaobh seirbhísí de ó cuireadh na scéimeanna ar bun agus tá obair leanúnach á dhéanamh ag mo chuid oifigigh chun cur leo, mar shampla, tá 17 céadscéim aontaithe le 16 mí anuas.

Is é sin 17 gcomhlacht nach raibh aon scéim acu riamh cheana agus atá anois ceangailte le réimse leathan de ghealltanais ó thaobh na Gaeilge de.

Agus an méid sin ráite, aontaím go bhfuil fadhbanna leis an gcórás mar atá sé faoi láthair. I mí an Mhárta, chas mé le Alun Davies, Aire i Rialtas na Breataine Bige a bhfuil cúrsaí teanga faoina chúram, agus phléigh muid cúrsaí teanga sa dá dhlínse. Mar thoradh air seo, chas mo chuid oifigeach le hoifigigh na Breataine Bige an mhí seo caite chun ceist na scéimeanna, na gcaighdeán agus na rialachán a phlé ar mhaithe le córas níos éifeachtaí a chur ar bun anseo in Éirinn. Tar éis an phlé seo, agus i gcomhthéacs an t-athbhreithniú ata déanta againn ar an mBillle teanga, tá mionscrúdú á dhéanamh agam maidir le córás na gcaighdeáin a thabhairt isteach anseo in Éirinn. Tuigim ón méid atá raite ag an gCoimisinéir Teanga go bhfeiceann sé féin na buntáistí a bhainfeadh lena leithéid de chóras a chur i bhfeidhm. Faoin gcóras seo, bheadh rangú le déanamh ar chomhlachtaí poiblí, ag baint úsáide as rialacháin chun caighdeáin a leagan síos do na comhlachtaí sin. Ar an mbealach seo, d’fhéadfaí a chinntiú go mbeadh na caighdeáin is airde ó thaobh úsáid na Gaeilge de bainteach leis na heagraíochtaí a mbíonn ag soláthar seirbhísí don phobal, pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta san áireamh. Ní hamháin go mbeadh an córas seo níos éifeachtaí ó thaobh cearta an tsaoránaigh a chosaint, ach laghdódh sé an t-ualach riaracháin a bhaineann le haontu scéimeanna teanga faoi láthair.

Ar ndóigh, má tá rath le bheith ar a leithéid de chóras, caithfear dul i ngleic le fadhb na hearcaíochta. Tá sé soiléir go bhfuil fadhbanna ann faoi láthair agus creidim go láidir go gcaithfear méadú a chur ar líon na bhfostaithe Stáit atá in ann seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge agus a chinntiú go bhfuil Gaeilge ar a dtoil ag oifigigh Stáit atá ag feidhmiú i gceantair Ghaeltachta. Ar iarratas uaimse, tá plé ar bun le tamall anuas ag m’oifigigh lena gcomhghleacaithe i Ranna eile agus sna príomhfhorais phoiblí le scrúdú a dhéanamh ar a gcuid riachtanas i dtaca le daoine atá feidhmiúil go dátheangach. Tá an próiseas seo ag teacht chun críche anois, agus tá sé beartaithe ag mo chuid oifigigh an cás a phlé arís leis an Roinn Caiteachas Phoiblí agus Athchórithe agus leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Bheinn dóchasach go mbeimis in ann teacht ar réiteach a chinnteodh go mbeadh líon leordhóthanach de chainteoirí Gaeilge á earcú sa Státchóras. Ní réiteodh sé seo na fadhbanna thar oíche, ach caithfear breathnú air mar chuspóir fadthéarmach.

Ó thaobh phlean infheistíochta na Gaeilge agus na Gaeltachta, tá réimse leathan ábhar agus gníomhaíochtaí ar leith clúdaithe sa phlean infheistíochta. Tá dul chun cinn suntasach á dhéanamh in an-chuid de na ghníomhaíochta seo cheana féin. Cé go bhfuil neart le déanamh fós, is léiriú é seo ar an dul chun cinn atá á dhéanamh faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Tá sé tábhachtach, dar liom, go n-aithneofaí na cúinsí deacra ina raibh gníomhaireachtaí na Gaeilge, idir mo Roinn féin, Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus na heagraíochtaí éagsúla atá á maoiniú acu, ag feidhmiú le blianta beaga anuas. Tá éacht déanta acu leis an méid den straitéis 20 bliain atá bainte amach acu sa chéad sé bliana dá saolré.

Gabh mo leithscéal a Aire Stáit. Sin an dá rud atá ar an chlár oibre inniu. B'fhéidir gurb é an rud is fearr a dhéanamh ag an phointe seo ná go stopfaidh an Aire Stáit anois, mar tá muid faoi bhrú, deis a thabhairt don choiste cúpla ceisteanna a chur agus leanúint ar aghaidh leis an méid eile an chéad uair eile.

Sin ceart go leor.

Sin an dá rud. Tá fhios agam go bhfuil chuile rud tábhachtach agus tá ceangail idir chuile rud, ach sin an dá phríomhrud inniu. An bhfuil aon bhall den choiste ag iarraidh teacht isteach ag an phointe seo?

Go raibh maith agat a Chathaoirligh.

Gabh mo leithscéal, a Sheanadóir. Tabharfaidh mé deis do chuile duine. Táimid faoi bhrú maidir leis an am. Níl am againn do níos mó ná ceist nó dhó.

I dtús báire ba maith liom mo mhíshástacht iomlán a léiriú maidir leis an gcruinniú seo agus leis an laghad ama atá againne leis an gceist a phlé. Tuigim go mbeidh an tAire Stáit ag teacht ar ais ach táimid ag caint ar choicís eile. Ní thuigim cén chaoi ar oibrigh sé amach, ach tá an bealach ina gcaitheann daoine éagsúla ar tugadh cuireadh dóibh leis an gcomhchoiste seo scannalach.

Tosóidh mé ar an abairt dheireanach a bhí ag an Aire Stáit, go bhfuil éacht déanta ag na heagraíochtaí leis an méid den straitéis 20 bliain atá bainte amach acu sa chéad sé bliana dá saolré. Ní dóigh liom go n-aontódh aon duine i saol na Gaeilge ná na Gaeltachta leis an abairt sin leis an fhírinne a rá. Ba mhaith liom ceist a chur ó thaobh na straitéise 20 bliain. An bhfuil cuspóirí ag gach ceann de na gníomhaíochtaí a bhí luaite ansin? Cé mhéad acu atá bainte amach agus cé mhéad nach bhfuil? Cén uair a bhainfear amach an méid atá le déanamh?

Tá go leor déjà vu ag baint leis an chur i láthair inniu. Táimid ag éisteacht leis an chinéal seo cainte maidir le scéimeanna teanga agus mar sin de le sé nó seacht mbliain anuas, ó d'éirigh Seán Ó Cuirreáin as oifig. Bhí sé thar a bheith soiléir ag an am sin nach raibh an córas sin ag feidhmiú agus nach raibh tacaíocht na Ranna Stáit nó na gcomhlachtaí poiblí á fáil ag an gCoimisinéir Teanga. Is beag atá athraithe ó shin. Ba mhaith liom ceist dhíreach a chur ar an Aire Stáit. Cé atá ag cur cos i dtaca sa Rialtas maidir le Acht na dTeangacha? An bhfuil fadhb leis an Roinn Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe ó thaobh an Acht nua a thabhairt chun cinn agus deireadh a chur leis na scéimeanna go luath seachas níos deireanaí? Teastaíonn sé sin a dhéanamh mar bhunriachtanas.

Ó thaobh chúrsaí airgeadais de, bhí €18 milliúin á lorg ag na 80 eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta. De réir figiúirí atá curtha ar fáil dúinne acu, chuardaigh siad €5 milliúin breise i 2017 ach ní bhfuair siad ach €759,000 breise i mbliana. Tá siad a rá gur ionann sin agus 15% den mhéid a bhí siad á chuardach i mbliana agus nach ionann é ach 4% den mhéid a bhí siad á lorg ina iomlán. Is léir go bhfuil míshástacht iomlán ansin agus nach leor na h-acmhainní breise atá á gcur ar fáil do na heagraíochtaí leis na stratéisí agus na rudaí eile atá leagtha ar a bpláta a chur i gcrích. Níl sé sin sásúil. Céard atá an Aire Stáit dul a dhéanamh faoi?

An bhfuil aon bhall den choiste chun teacht isteach agus an dheis a thapú ag an phointe seo?

Tá cúpla ceist agam. Ar an gcéad dul síos, cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Is é sin an chéad uair go bhfuil aon bhall den Rialtas isteach linn. Tá an chuireadh seolta chuig an Taoiseach agus beimid ag súil leis chomh maith. Fáiltím go bhfuil dul chun cinn éigin ann. B'fhearr linn go mór go mbeadh an Taoiseach ann.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as an chur i láthair. Tá roinnt eolais ann ach teastaím díriú isteach, más féidir, ar na scéimeanna teanga agus, mar a luaigh an Seanadóir Ó Clochartaigh chomh maith, an ráiteas deireanach sin, go bhfuil éacht déanta as an mhéid den straitéis 20 bliain atá bainte amach. Cad é an éacht? Cad iad na spriocanna a bhraitheann an Aire Stáit go bhfuil bainte amach? Ní bhraitheann go leor duine go bhfuil an fuinneamh nó an brú faoin straitéis sin. Braitheann siad nach bhfuil sé beo bríomhar agus nach bhfuil puinn in aon chor bainte amach.

Maidir leis na scéimeanna teanga, tá an Coimisinéir Teanga tar éis é a rá linn arís agus arís eile go mbraitheann sé go bhfuil an Roinn ag glacadh le laghdú sna scéimeanna nua nuair a thagann siad i gcomhar athnuachana. Cad ina thaobh go nglacfadh an Roinn lena leithéid de laghdú? Tá sé soiléir ó bheith ag féachaint ar na cinn éagsúla, ach cad ina thaobh? Tuigim go mbeadh an argóint á cur ag na heagraisí éagsúla go bhfuil brú maoinithe orthu, ach cad iad na priorities atá againn? Surely is é an teanga go príomha. Cad ina thaobh go nglacfaí le h-aon laghdú sna scéimeanna sin nuair a thagann siad i gcomhar athnuachana?

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit freisin. Aontaím go bhfuil a dhícheall á dhéanamh aige, cé nach mbeimis riamh sásta leis an méid oibre atá á dhéanamh ag aon Aire. Tá ceist agam mar bhí mé sa Ghaeltacht, Gaeltacht Chiarraí, i rith na seachtaine atá imithe tharainn. Tá laghdú ar an daonra ansin i gcónaí. B'fhéidir nach inniu an uair is fearr chun an cheist atá agam ar an Aire Stáit a fhreagairt, ach an trioblóid atá ann de 100 bliain nó mar sin ná go bhfuil fairsinge na Gaeilge nó the area of the Gaeltacht ag laghdú. Is trioblóid freisin í an méid daoine atá ag imeacht. Tá siad ag fáil poist, nó ní fheadar cad atá ag tarlú. An bhfuil aon rud déanta ag an Aire Stáit nó ag an Roinn chun cruinnithe a eagrú le daoine sa Ghaeltacht chun dul ag caint leo, muna bhfuil sé déanta acu cheana féin?

Níl mé i mo chónaí sa Ghaeltacht ar chor ar bith. Cad iad na fadhbanna atá ann? Cad is féidir linn a dhéanamh? Tá plean 20 bliain ann ach is cuma faoin bplean i ndáiríre má tá an daonra atá ag labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht ag titim. Cad is féidir linn a dhéanamh agus, go háirithe, cad atá ag teastáil ó mhuintir na háite?

I dtús báire, caithim a rá nach ormsa an locht maidir le sceideal na Dála and sceideal an chomhchoiste. Bhí mé sásta teacht anseo ar a 5 p.m. ach d'athraigh sceideal na Dála. Tá mé sásta teacht ar ais am éigint chun rudaí a phlé.

Níl aon duine ag cur moille ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú). Tá an dul chun cinn atá á dhéanamh againn pléite agam le comhghleacaí an Sheanadóra, an Teachta Tóibín. Beidh na cinn Bille réidh againn agus beidh muid ag dul os comhair an chomhchoiste Rialtais ar an 15 Bealtaine. Sin an dáta atá againn faoi láthair. Ina dhiaidh sin, cuirfear faoi bhráid an Rialtais iad agus ansin chuig an gcomhchoiste seo. Níl aon duine sa Rialtas ag iarraidh moill a chur air seo. Tá an Taoiseach i bhfábhar é seo agus bíonn sé ag cur ceisteanna ormsa maidir leis. Táimid ag déanamh an réamhobair chun iad a fhoilsiú go luath. Táimid ag obair le grúpaí ar nós Conradh na Gaeilge agus ag fáil comhairle ón gCoimisinéir Teanga.

Tá a lán rudaí sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge bainte amach. Cuireadh na rudaí seo ar thaifead an tSeanaid agus ba mhaith liom iad a chur ar an taifead anseo freisin. Tógfaidh sé am, áfach, agus ba mhaith liom an deis sin a fháil, b'fhéidir, ag an gcéad chruinniú eile. Bhí an Seanadóir i láthair ag an ócáid-----

An féidir linn tuairisc a fháil roimh an gcéad chruinniú eile ar gach gníomh atá sa straitéis, an chuid atá bainte amach agus an chuid nach bhfuil?

Bhí cuid acu clúdaithe san óráid a bhí le tabhairt agam ach bhí orm stop chun ceisteanna a thógáil. Sin cinneadh an Chathaoirligh. Bhí rudaí leagtha síos agam ann.

Ní raibh mé ag iarraidh an t-am a úsáid ag léamh tríd-----

Tá a fhios agam, ach bhí rudaí leagtha síos ann ó thaobh na straitéise. Tá a lán rudaí bainte amach agam. Tá siad ar taifead an tSeanaid agus bheinn sásta iad a chur ar thaifead an chomhchoiste seo freisin ag an gcéad chruinniú eile. Tógfaidh sé roinnt ama.

Ó thaobh na scéimeanna teanga, tá sé ráite ag an gCoimisinéir Teanga, an tUasal Rónán Ó Domhnaill, agus ag an iar-Choimisinéir Teanga freisin nach raibh siad ag oibriú agus nach raibh siad feiliúnach. Tá sé ráite ag an gCoimisinéir Teanga liom go minic - ón gcéad chruinniú a bhí againn nuair a bhfuair mé an post seo - nach raibh siad ag obair. Sin an fáth go bhfuil siad pléite againn leis na feidhmeannaigh sa Rialtas sa Bhreatain Bheag: chun an próiseas a athrú agus rialacháin a thabhairt isteach seachas scéimeanna teanga. Sin atáimid á dhéanamh. Sin an plean atá againn. Beidh rialacháin againn a bheidh níos láidre ná na scéimeanna atá againn faoi láthair.

An nglacann an Roinn leis an moladh sin ón gcoimisinéir?

An bhfuil scála ama i gceist maidir leis na hathruithe sin agus leis na rialacháin a thabhairt isteach?

Bhí muid ag plé é sin an tseachtain seo caite. Beidh muid sásta spriocdáta a chur isteach san Acht go mbeadh siad foilsithe am éigint i ndiaidh achtú an Acht. Beidh muid sásta spriocdháta a bheith ann chun go mbeadh daoine cinnte go bhfuil muid ag dul ar aghaidh leis na rialacháin sin. Sin an aidhm atá agam. Níl na scéimeanna teanga ag obair faoi láthair.

An mbeadh sé dírithe ar na heagraíochtaí atá ann faoi láthair nó an sínfí amach é go dtí eagraíochtaí eile?

Tá liosta ann faoi láthair sa sean-reachtaíocht agus beidh muid ag déanamh athbhreithniú ar an liosta sin. Beidh muid sásta é a chur sa reachtaíocht go mbeidh dualgas ar an Aire liosta nua a fhoilsiú gach bliain nó gach dhá bhliain, b'fhéidir. Sin liosta de na heagraíochtaí a bheidh dualgas orthu na rialacháin a chur i bhfeidhm. Beidh liosta nua le foilsiú mar pháirt don reachtaíocht.

Labhair an Teachta O'Dowd faoin daonáireamh. Sin an fhadhb i gcónaí i gceantair faoin tuath agus sin an fáth go bhfuil córas pleanála teanga againn. Níl siad ann ach amháin chun an teanga a chur chun cinn ach chun seirbhísí a chur ar fáil i gceantair Ghaeltachta atá faoin tuath. Tá na pleananna in ann cabhrú le daoine a choiméad sna ceantair agus teacht ar ais chucu. Ag an am céanna, tá pleananna eile ag an Rialtas ar nós na pleananna gníomhaíochta faoin tuath. Tá a lán rudaí eile a theastaíonn ó thaobh leathanbhanda agus rudaí mar sin. Sin cuid de na rudaí a theastaíonn chun daonra faoin tuath a choiméad agus chun daoine a thabhairt ar ais go dtí na ceantair faoin tuath. Tá ról ag chuile Roinn sa Rialtas ó thaobh na ceiste sin ach tá na pleananna teanga lárnach sa straitéis ag an Roinn.

Níl aon difríocht eadrainn faoin méid a dúirt an tAire Stáit ach tá rud speisialta ag baint leis an nGaeltacht nach bhfuil ag baint le haon áit tuaithe eile cé go bhfuil, i slite, na fadhbanna céanna i ngach áit. Tá Roinn atá freagrach as an nGaeltacht ann, áfach, ach tá an Ghaeltacht ag dul in éag i gcónaí. Cén sórt comhrá atá ann? Tuigim go bhfuil na pleananna go léir ann, ach cén sórt comhrá atá ann? Cad é an focal atá ag teastáil uaim? What active engagement ó thaobh cruinnithe atá ann? Bheadh sé cosúil le feachtas chun an Ghaeltacht a láidiriú agus tuairimí mhuintir na háite a fháil. Rud bunúsach é.

Cén uair go beacht a bhfuil an tAire Stáit ag fágáil?

Ar 5.30 p.m. Sílim go mbeidh na ceisteanna sa Dáil ag tosnú in am.

Seo tús próisis agus táim buíoch go bhfuil an tAire Stáit anseo. Nílim ag iarraidh a bheith diúltach agus tuigim go bhfuil sé faoi bhrú, ach beidh neart ama aige an chéad uair eile a bheidh sé anseo.

Níl an deis ann. Tá an tAire Stáit ag fágáil ar 5.30 p.m.

Anois díreach. Sin an rud. Ba mhaith liom an rud a chur i gcomhthéacs. An fáth go bhfuil sé chomh práinneach sin ná gurb é seo an dara tráchtaireacht ó bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga. Sin an fáth go bhfuil muid ag cur brú ar an Aire Stáit a bheith os ár gcomhair chun dul i ngleic leis seo. Tá trí phríomh-mholta ag an gcoimisinéir. Tá an tAire Stáit ag glacadh leis an moladh maidir le rialacháin. Tá dhá mholadh eile ag an gCoimisinéir: plean cuimsitheach maidir le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge agus plean eile maidir le polasaí nua earcaíochta. Ní féidir freagraí a fháil inniu ach ba mhaith linn díriú ar na rudaí sin chomh maith leis na moltaí a tháinig ó na heagraíochtaí éagsúa. Bhí moltaí ann ó Chonradh na Gaeilge ar son 80 eagraíocht. Sin iad na rudaí-----

Tá a fhios agam.

Ba mhaith linn díospóireacht a bheith againn agus freagraí a fháil. Tá a fhios agam go bhfuil a lán eolais sa doiciméad seo ach ní féidir é a léamh amach. Ní sin úsáid éifeachtach d'am an choiste. Is féidir linn é a léamh roimh an chéad chruinniú eile agus beimid in ann díriú ar na freagraí ansin.

Ba mhaith liom soiléiriú a fháil ar phointe amháin. Luadh spriocanna na straitéise 20 bliain agus dúradh go mbeadh an tAire Stáit ag teacht ar ais le leagan amach éigin a léireoidh na sprioacanna atá le baint amach. Anuas air sin chomh maith, an mbeidh liosta d'aon work in progress ag leagan amach, mar shampla, go bhfuil sprioc amháin ag 0% agus ceann eile ag 10% leagtha amach?

Sin a d'iarr mé ar m'oifigigh agus tá siad á ullmhú. Tá an tUasal Ó Conaire ag ullmhú plean gníomhaíochta ó thaobh na straitéise, an méid atá bainte amach, na rudaí atá muid ag déanamh agus na rudaí nach bhfuil tosnú déanta againn fós orthu. Aontaím leis an gCathaoirleach ó thaobh éifeacht an ama ach, ag an am céanna, ba mhaith liom deis a fháil na rudaí sa straitéis atá bainte amach a chur ar an taifead. Tá a fhios agam go bhfuil cóip den óráid ar fáil ach ba mhaith liom an deis é a chur os comhair an chomhchoiste freisin.

Tabharfaimid deis don Aire Stáit ach braitheann sé ar an am. Níl an dara rogha againn anois ach-----

Ó thaobh an cheist a chur an Teachta O'Dowd, tá na haighneachtaí faighte mar pháirt den phróiseas don phleanáil teanga. Bhí cruinnithe ag coistí áitiúla ar siúl i ngach uile limistéar pleanála teanga. Cuirfear moltaí an choiste sa phlean. Breathnóidh Údarás na Gaeltachta ar na moltaí agus ansan tiocfaidh sé os mo chomhair. Tá ról lárnach ag Údarás na Gaeltachta freisin ó thaobh an infheistíochta. Sin an fáth go raibh mé sásta breis airgid a chur ar fáil i mbliana don Údarás chun postanna a chruthú agus a choiméad sna ceantair atá faoin tuath.

An bhfanfaidh an Teachta Ó Cuív?

Ní fhéadfainn é a leanúint.

Cheap me go raibh an Teachta feabhsaithe.

The joint committee went into private session at 5.32 p.m. and adjourned at 5.45 p.m. until 5 p.m. on Tuesday, 16 May 2017.
Barr
Roinn