Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán díospóireacht -
Tuesday, 11 Jul 2017

Ceanncheathrú Fhoras na Gaeilge: Díospóireacht

Cuirim céad míle fáilte roimh chuile dhuine anseo. Beidh dhá chur i láthair againn. Beidh seisiún poiblí againn ar dtús agus ansin beidh sos beag. Beidh seisiún poiblí eile ag 6 p.m. ina mbeidh toscaireacht ó RTE os ár gcomhair. Tá leithscéal faighte ón Teachta Pat The Cope Gallagher. Beidh an Teachta Éamon Ó Cuív anseo mar ionadaí. Tá a fhios agam go bhfuil beirt nó triúr ball den choiste faoi bhrú mar tá cruinnithe eile ar siúl faoi láthair. Beidh siad ag dul isteach agus amach. Níl siad drochmhúinte: tá brú orthu agus beidh orthu freastal ar chruinnithe eile.

Tá toscaireachtaí againn ó Fhoras na Gaeilge agus ó Oifig na nOibreacha Poiblí. Tá fáilte roimh na finnéithe. Tá a fhios agam go bhfuil cuir i láthair ghearra acu, ansin beidh deis ag an choiste ceisteanna a chur. Is iad na rudaí atá i gceist inniu ná na sonraí maidir leis an léas, an t-airgead atá i gceist agus ná fáthanna taobh thiar den chinneadh bogadh as áit amháin go dtí áit eile. Tá a fhios agam go bhfuil cuir i láthair anseo ach bhí na sonraí sin maidir le cúlra Fhoras na Gaeilge againn roimhe seo. B'fhéidir go ndíreoidh Mr. Ó Coinn isteach ar na rudaí tábhachtacha.

Clerk to the Committee

Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar a n-aird go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, siad faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste do na finnéithe ámh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal tar éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urramú nach chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí ar bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuireann siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh ghréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe, nó le hoifigeach, ina ainm nó ina hainm ar shlí ina bhféadfaí é nó í a aithint.

Ó Fhoras na Gaeilge tá Seán Ó Coinn Uasal agus Shane Ó hEidhin Uasal againn. Tá Kennethe Moore Uasal, Maurice Buckley Uasal agus Úna Ní Fhaircheallaigh Uasal againn ó Oifig na nOibreacha Poiblí.

Mr. Seán Ó Coinn

Gabhaim buíochas leis an Chathaoirleach as cuireadh a thabhairt dúinn teacht i láthair an choiste arís. Tosóidh mé le rud beag de chúlra an scéil a thabhairt agus ansin iarrfaidh mé ar mo chomhghleacaí, Shane Ó hEidhin, labhairt ar na mionsonraí a bhaineann leis an cheanncheathrú úr.

Maidir leis an chúlra, tá léas ag Foras na Gaeilge ar an cheannáras ag 6 Cearnóg Mhuirfean ó bunaíodh é in 1999. Is léas 35 bliana é a shínigh Bord na Gaeilge-----

Léas 35 bliana, an ea?

Mr. Seán Ó Coinn

Is léas 35 bliana é a shínigh Bord na Gaeilge in 1980. Fuair Foras na Gaeilge an léas sin mar uacht nuair a d'aistríodh feidhmeanna Bhord na Gaeilge go Foras na Gaeilge. Bhí dáta éaga oifigiúil de 30 Aibreán 2015 ar an léas sin ach tá síneadh ama socruithe le Oifig na nOibreacha Poiblí, OOP, go dtí 30 Aibreán 2018. Is é sin an tríú síneadh ar an léas sin ó d'éag sé in 2015. Is le Oifig na nOibreacha Poiblí an foirgneamh. Tá an OOP tar éis tabhairt le fios dúinn nach mbeidh síneadh eile ar fáil ar léas Chearnóg Mhuirfean i ndiadh dheireadh mhí Aibreáin 2018.

Bhí oifig eile ag Foras na Gaeilge ag 24-27 Sráid Fhreidric Thuaidh. Bhí 14 bhall foirne san oifig sin. Ba le tiarna talún príobháideach an foirgneamh agus tháinig deireadh ar an léas a bhí ag an OOP leis an tiarna talún sin ag deireadh mhí Bealtaine i mbliana. Aistríodh foireann Shráid Fhreidric Thuaidh go Cearnóg Mhuirfean nuair a tháinig deireadh leis an léas. Tá Foras na Gaeilge ag plé le hOifig na nOibreacha Poiblí agus ag breathnú ar fhéidearthachtaí oifige i mBaile Átha Cliath le beagnach 14 bliana anois - ó bhí 2013 ann. Nuair a d'fhógair príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh, in 2013 go raibh sé i gceist foirne an dá oifig i mBaile Átha Cliath a thabhairt i gceann a chéile in aon oifig amháin i mBaile Átha Cliath, d'aithin muid nach mbeadh 6 Cearnóg Mhuirfean fóirsteanach mar oifig de bharr leagan amach an fhoirgnimh. Bhí an cinneadh sin bunaithe ar riachtanais a bhain go príomha le feidhmíocht na heagraíochta. Ceapadh go bhféadfaí cur go mór le héifeachtacht na foirne ar fad i mBaile Átha Cliath, le hobair na foirne, agus le rannpháirtíocht na foirne iomláine in obair na heagraíochta dá mbeadh an fhoireann ar fad lonnaithe in aon oifig amháin. De réir sin-----

Tá Mr. Ó Coinn ag léamh as cáipéis. An bhfuil sé sin againn?

Mr. Seán Ó Coinn

Níl, bhí sé i gceist agam é seo a chur ar fáil nuair a bheidh an cruinniú thart.

An bhfuil aon chóip eile? An é sin an t-aon----

Mr. Seán Ó Coinn

Thug mé go díreach-----

Nuair a bheas Mr. Ó Coinn críochnaithe is féidir leis cóipeanna a fháil agus a thabhairt do na baill.

Mr. Seán Ó Coinn

Déanfaidh mé sin. Is é sin an dea-chur chuige a bhíonn againn. Cuirimid ár n-aitheasc iomlán ar fáil i ndiaidh na héisteachta. Gabh mo leithscéal fadúda sin.

Bhain an dara pointe maidir le bogadh go dtí aon oifig amháin i mBaile Átha Cliath leis an fhoireann. Ceapadh go bhféadfaí cur go mór le feidhmíocht na heagraíochta agus go bhféadfaí leas níos fearr a bhaint as cumas agus am na foirne dá mbeadh siad uilig lonnaithe in aon áit amháin. Ceapadh freisin go bhféadfaí cur go mór le meon fhoireann na heagraíochta agus go bhféadfaí deiseanna chomhpháirtíocht foirne teacht chun cinn dá mbeadh teagmháil níos minice, níos luaithe agus níos éifeachtaí i measc na foirne uilig sna ranna éagsúla atá againn. Ar dheireadh, ceapadh go bhféadfaí forbairt mhór a dhéanamh ar mheon corparáideach Fhoras na Gaeilge.

Le cois na gcúiseanna eagraíochtúla sin, bhí cúiseanna praiticiúla i gceist leis an bhogadh fosta. Níl rochtain sásúil i gCearnóg Mhuirfean faoi láthair le haghaidh daoine faoi mhíchumas. Níl caighdeán an tsolais i gcuid de na seomra maith agus tá muid ag brath ar fhuinneoga sa díon nó ar fhuinneoga faoi bhun an urláir san íoslach. De bharr go bhfuil ordú caomhnaithe ar an fhoirgneamh, agus de bharr gur seanfhoirgneamh é, bheadh costas an-ard i gceist le bail a chur air. Tá drochbhail ar na fuinneoga, na hurláir agus an díon. Tá cuid de na hurláir aimhréidh, rud atá ag fágáil fadhbanna droma ag cuid den fhoireann. Tá deora anuas sna hoifigí ag barr an tí agus ní féidir insliú éifeachtach a dhéanamh ar na fuinneoga. De bharr sin tá costas an-ard ag baint le soláthar teasa i gCearnóg Mhuirfean. Ní oireann an suíomh i lár na gcathrach don chomhlacht seachadadh leabhair atá againn ach oiread. Maidir le seachadadh leabhair, baineann costas ard le feithiclí a thabhairt isteach i lár na cathrach le leabhair a bhailiú. D'fhéadfaí cuid de na deacrachtaí sin a réiteach trí athchóiriú a dhéanamh ar an teach. Bheadh costas de thart ar €500,000 air sin. Ní bheadh réiteach ar na deacrachtaí structúrtha san áireamh - fuinneoga, urláir, solas an lae, rochtain do chathaoireacha rothaí agus mar sin de.

Tá cúiseanna eile nach bhfuil Cearnóg Mhuirfean oiriúnach nach raibh a fhios againn fúthu in 2013. Tá curtha in iúl ag Oifig na nOibreacha Poiblí, OOP, nach mbeadh léas fádtéarmach ar fáil ar 6 Cearnóg Mhuirfean. Tá Oifig na nOibreacha Poiblí sásta síneadh amháin deiridh a chur ar fáil dúinn ar feadh bliana le deis a thabhairt dúinn aistriú go dtí oifigí nua. Dá mbeimis le fanacht ag 6 Cearnóg Mhuirfean tá curtha in iúl ag Oifig na nOibreacha Poiblí go mbeadh ráta an mhargaidh le híoc againn mar chíos - ráta a bheidh i bhfad níos airde ná an ráta reatha. Tá an ráta reatha bunaithe ar athbhreithniú cíosa a rinneadh in 2009, nuair a bhí an géarchéim eacnamaíochta ar siúl. Tá ráta an mhargaidh sa lá atá inniu ann dhá oiread níos airde ná ráta 2009. In 2013 ní raibh an ráchairt chéanna ar chóiríocht oifige i mBaile Átha Cliath agus atá anois. Anois, tá ganntanas chóiríocht oifige ann i lár na cathrach agus tá ard-costas ann dá bharr.

Le dhá bhliain anuas, tá cuardach leanúnach ar siúl againn agus ag an OOP ar ár son. Níor tháinig ré ar bith eile chun tosaigh go dtí gur tháinig Sráid Amiens chun tosaigh thart ar bhliain ó shin. Tár éis cuardach fada cuimsitheach tá ré ar leith aimsithe ag Sráid Amiens a shásóidh riachtanais iomlána oibríochtúla Fhoras na Gaeilge agus a thabharfaidh deis don eagraíocht forbairt a dhéanamh sna blianta atá amach romhainn. Tá an socrú sin mar thoradh ar phroiséas ceithre bliana de chuardach agus mar thoradh ar phroiséas seacht mí de idirbheartaíocht le ghníomharthaí.

Iarrfaidh mé ar mo chomhgleacaí, Shane Ó hEidhin, stiúrthóir seirbhisí corparáideach Fhoras na Gaeilge, labhairt ar na gnéithe den cheist seo a bhaineann le cíos agus le costas.

Mr. Shane Ó hEidhin

Táimse díreach chun comhthéacs a thabhairt anseo maidir leis an mhargadh reatha cíosa i mBaile Átha Cliath agus sonraí maidir leis na socruithe léasa a bhaineann leis an fhoirgneamh nua.

B'fhéidir go mbeidh sos beag againn chun cóip a fháil. Tá sé i bhfad níos fearr ó thaobh na Gaeilge de agus ó thaobh na bhfigiúirí de an rud a bheith os ár gcomhair. Beidh sé níos éasca dúinn uilig.

Cuireadh an suí ar fionraí ar 5.25 p.m. go dtí 5.32 p.m.

Gabhaim mo bhuíochas leis na finnéithe as a gcuid foighne. Tá an cháipéis os ár gcomhair anois. Cén leathanach ar a bhfuil an tUasal Ó hEidhin?

Mr. Shane Ó hEidhin

Leathanach a 4.

Mr. Seán Ó Coinn

Leathanach a 6 ar mo chóipse.

Mr. Shane Ó hEidhin

Mo leithscéal. Tá mé díreach ag leagan amach na fíricí i dtaca leis an margadh reatha cíosa i mBaile Átha Cliath mar chomhthéacs agus an ráta cíosa atá i gceist ar Shráid Amiens agus ar Chearnóg Mhuirfean. An ráta cíosa atá á éileamh i lár chathair Bhaile Átha Cliath i láthair na huaire ná €62.50 in aghaidh na troighe cearnaí. Tá sé sin bunaithe ar alt a bhí i nuachtán an tseachtain seo agus é sin bunaithe ar tuairisc de chuid CBRE faoi fhoirgnimh de grád A agus, go háirithe, i mBaile Átha Cliath 2 agus i mBaile Átha Cliath 4. Sin na fíricí atá ag Foras na Gaeilge. Tá Foras na Gaeilge faoi láthair ag íoc thart ar €17 in aghaidh na troighe cearnaí ar Chearnóg Mhuirfean. Tá sé sin bunaite ar chíos de €350,000 in aghaidh na bliana gan spásanna páirceála san áireamh. An ráta reatha margaidh atá á iarraidh ar oifigí eile i gCearnóg Mhuirfean ná €35 in aghaidh na troighe cearnaí. Tá sé sin bunaithe ar fhógra a bhí ar myhome.ie ar maidin. Bunaithe ar an ráta sin, dá mbeadh ráta an mhargaidh le híoc ag Foras na Gaeilge ar 7 Cearnóg Mhuirfean, bunaithe ar 20,000 troigh cearnach, is isteach is amach le €700,000 a bheadh i gceist. Sin an comhthéacs reatha.

Ar mhaithe le comhthéacs, tá tábla leagtha amach sa cháipéis atá ag an gcoiste anois a dhéanann comparáid leis an ráta cíosa atá i gceist ar Shráid Amiens. Ní féidir a bheith 100% cinnte faoi seo go dtí go mbogfar isteach san fhoirgneamh mar bheidh ath-thomhas le déanamh ar an achar leis an achar a chinntiú. Bunaithe ar na figiúirí reatha, áfach, is €33 in aghaidh na troighe cearnaí a bheadh i gceist agus cíos bliantúil isteach is amach le €600,000. Tá spásanna páirceála san áireamh ansin. Sin an comparáid idir an dá áit. An ráta a bheadh á íoc ar Shráid Amiens, tá sé chóir a bheith leath an ráta ar an margadh reatha. Is leathchostas an mhargaidh reatha atá ann.

Tá Oifig na nOibreacha Poiblí tar éis míniú d'Fhoras na Gaeilge gurb é an polasaí atá ag an oifig sin ná go mbeadh ráta an mhargaidh i bhfeidhm ar aon fhoirgneamh de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí seachas i gcásanna áirithe a bhaineann le Ranna Rialtais. Níl Foras na Gaeilge sa chás sin de réir mheamram airgeadais na heagraíochta. Mar sin, tá sé soiléir go mbeidh ráiteas reatha an mhargaidh i gceist as seo amach d'Fhoras na Gaeilge, bíodh sé le tiarna talún príobháideach nó le hOifig na nOibreacha Poiblí.

Anois tabharfaidh mé na sonraí maidir leis na hoifigí ar Shráid Amiens. Mar a dúirt mé, bunaithe ar chíos bliantúil de €33 an troigh chearnach, is cíos de €554,000 in aghaidh na bliana a bheidh i gceist. Tá sé i gceist léas 30 bliain a shíniú le clásal scoir tar éis 15 bliain. Bheadh 15 spás páirceála ar €2,500 an ceann i gceist leis. Sin €37,500 ar áiteanna páirceála. Mar chomhthéacs, an ráta reatha sa mhargadh faoi láthair ná isteach is amach le €4,000 ar an spás páirceála sa chathair. Arís, isteach is amach le leath phraghas an mhargaidh atá á moladh. Is féidir an t-ardú cíosa atá i gceist anseo, i gcomparáid leis an costas reatha atá ar Fhoras na Gaeilge, a láimhseáil taobh istigh den bhuiséad corparáideach gan drochthionchar a imirt ar bhuiséad deontais don phobal trí shábháil ar chostais eile. Baineann sé seo le héifeacht foirgneamh de chuid grád A, go háirithe sábháil i dtéarmaí solais agus teasa, sábháil ar pháirceáil, mar a luaigh mé, agus sábháil ar stóráil. Baineann sé sin go háirithe le hathlonnú áise amach ó lár na cathrach - áit a bhfuil costas ard cíosa - chuig trádstóras taobh amuigh de lár na cathrach, áit a mbeidh sé i bhfad níos éifeachtaí ó thaobh costas de.

Is ceannáras aon fhoirgnimh i lár chathair Bhaile Átha Cliath a bheidh i gceist leis an bhfoirgneamh ar Shráid Amiens, rud atá thar a bheith deacair agus dúshlánach a aimsiú na laethanta seo. Is ceannáras buan, fadtéarmach a bheidh i gceist. Mar a luaigh mé, tá sé i gceist léas 30 bliain a shíniú le clásal scoir tar éis 15 bliana. Tá sé éasca teacht ar na mór-mhódhanna iompair ag an láthair sin. Tá gach mór-mhódh iompair a bhaineann le Baile Átha Cliath ansin ar fáil ann, ina measc an DART, na línte Luas glas agus dearg, Bus Átha Cliath, Bus Éireann, tacsaithe agus seirbhísí traenach. Tá Stáisiún Uí Chonghaile 200 m ón láthair. Níl áit níos fearr i mBaile Átha Cliath ó thaobh modhanna iompair ná an láthair seo.

Beidh dóthain spáis ann chun foireann iomlán Bhaile Átha Cliath a thógáil le chéile agus spás breise do bhaill foirne ó oifigí eile - tá seacht oifigí ag Foras na Gaeilge timpeall na tíre agus iad, ina measc, i nGaoth Dóbhair, i Ráth Chairn agus i mBéal Feirste, nó fostaithe nua dá mbeadh siad ar fáil dúinn. Is cinnte go bhfuil ganntanas ansin. Is foirgneamh nua-aimseartha a bheidh ann a chuirfidh le stádas Fhoras na Gaeilge agus le stádas na Gaeilge agus muid ag freastal ar an bpobal agus mar fhostóir chomh maith, rud atá tábhachtach. Le foirgneamh de chuid grád A, beidh caighdeán inslithe, teasa, solais agus theicneolaíocht na cumarsáide den chaighdeán is airde agus costais reatha níos ísle ar Fhoras na Gaeilge dá bharr a dhéanfaidh cúiteamh ar na costais níos airde cíosa agus a bheidh ag teacht leis an reachtaíocht chuí Rialtais a bhaineann le foirgneamh grád A a bheith ar fáil. Pointe thar a bheith tábhachtach dúinn mar eagraíocht ná go mbeidh rochtain cheart do dhaoine le míchumas siúil. Tá dualgas reachtúil agus mórálta ar Fhoras na Gaeilge i dtaca leis seo a chur ar fáil. Beidh na caighdeáin is airde i gceist leis an gceannáras nua. Ní bheidh infheistíocht mhór chaipitil ó Fhoras na Gaeilge nó ón gciste poiblí agus muid ag bogadh. Tá deis curtha ar fáil dúinn tionchar a imirt ar leagan amach agus dearadh an fhoirgnimh ionas go mbeidh sé ag teacht mar is ceart le riachtanais na heagraíochta, rud nach mbíonn ar fáil de ghnáth. De ghnáth, faightear oifig mar atá agus glactar leis. Bhí an deis anseo tionchar a imirt.

Beidh spás stórais do gach cuid de chartlann Fhoras na Gaeilge ar fáil ar Shráid Amiens, go háirithe ábhair stairiúla tábhachtacha a bhaineann le Foclóir Gaeilge-Béarla agus ábhair eile stairiúla ag dul siar chuig na 1920dí agus na 1930dí. Beidh ráta cíosa iomaíoch ag Foras na Gaeilge anseo i gcomparáid le foirgneamh grád A eile i lár na cathrach. Mar a luaigh mé níos luaithe, chóir a bheith leathphraghas an mhargaidh a bheidh á íoc. Is é sin €33 an troigh chearnach i gcomparáid le €62 an troigh chearnach in áiteanna eile sa chathair. Tá samplaí eile cloiste againn le déanaí, san áireamh na bainc mhóra ar nós Barclays, Amazon agus Facebook atá ag íoc na praghasanna sin i lár na cathrach.

Beidh oifigí á chur ar fail freisin do Raidió na Life, atá lonnaithe i gCearnóg Mhuirfean i láthair na huaire. Bhí sé thar a bheith tábhachtach go raibh an féidearthacht sin ann an stáisiún a thógáil linn le go mbeidh sé in ann maireachtáil.

Beidh 15 spás páirceála ar an láthair i gcarrchlós sábháilte atá faoi ghlas agus ag ráta iomaíoch. Sin €2,500 in aghaidh an spáis. Is é €4,000 an ráta mhargaidh faoi láthair. Arís, sin chóir a bheith leath an phraghais. Beidh spás agus áiseanna cuí le rothair a chur faoi ghlas agus faoi dhíon a thabharfaidh spreagadh d'fhostaithe agus do chuairteoirí a bheith ag rothaíocht chuig an áit. Beidh cithfholcadán d'ardchaighdeán ann le seomra feistis do bhaill foirne a bhíonn ag rothaíocht. Freisin, beidh líon seomra cruinnithe ceart ann le freastal ar riachtanais oibre mar is ceart.

D'fhéadfainn cur leis an liosta sin ach is dócha go bhfeiceann an coiste a chuimsithí is atá na riachtanais sásaithe leis an rogha seo.

Ba mhaith liom pointe scoir a dhéanamh maidir leis an Áisíneacht Dáiliúchán Leabhar, nó ÁIS, de chuid Fhoras na Gaeilge. Mar chuid den athlonnú, tá sé i gceist ÁIS a bhogadh taobh amuigh de lár na cathrach chuig trádstóras, rud a bheadh i bhfad níos éifeachtaí ó thaobh costais agus ó thaobh an ghnó a bhíonn ar siúl ag ÁIS, sé sin, seachadadh leabhar. Níl sé éifeachtach bheith ag iarraidh leoraithe agus veaineanna a thiomáint isteach i lár na cathrach nuair atáimid ag iarraidh leabhair a sheachadadh ar fud na tíre. Déanfadh sé i bhfad níos mó céille dá mbeadh ÁIS lonnaithe ar an M50 nó in aice leis, ionas go mbeidís in ann an fheidhm atá acu a chomhlíonadh.

Mr. Seán Ó Coinn

Tá plé ar siúl faoi láthair faoi cheathrú Gaeilge a dhéanamh de Shráid an Mhúraigh i mBaile Átha Cliath. Tá sé molta go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh Foras na Gaeilge mar cheann de na heagraíochtaí a bheadh lonnaithe ansin. Tuigimid nach bhfuil ann faoi láthair ach moladh nach bhfuil cinnteacht ag baint leis. Má thagann an moladh seo chun cinn as seo go ceann roinnt blianta, agus má thacaíonn bord Fhoras na Gaeilge, na Ranna Rialtais agus an Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas leis, beidh sé indéanta ag Foras na Gaeilge idirbheartaíocht a dhéanamh chun an léas a bheidh againn ar oifigí Shráid Amiens a aistriú chuig tionóntaí eile gan dochar suntasach costais d'Fhoras na Gaeilge a dhéanamh. Beimid ábalta athlonnú a dhéanamh sa chás sin. Mar a luaigh mo chomhghleacaí, beidh clásal scoir 15 bliana leis an léas a bheidh againn ar scor ar bith. Ós rud é go bhfuil achoimre ar chuid de na pointí déanta ag mo chomhghleacaí, ní rachfaidh mé ar aghaidh níos faide. Ní theastaíonn uaim níos mó ama a chur amú.

Tá ceist agam do Shane Ó hEidhin sula mbogfaidh mé ar aghaidh go dtí Oifig na nOibreacha Poiblí. Cé mhéad a chosnaíonn an léas faoi láthair? Cad é an cíos faoi láthair? Bhí dhá fhoirgneamh i gceist.

Mr. Shane Ó hEidhin

Ag tógáil an dá fhoirgneamh le chéile, tá cíos amháin de thart ar €470,000 i gceist. Ní comparáid leanúnach a bheadh ann breathnú ar chíos amháin gan na rudaí eile a luaigh muid - solas, teas agus mar sin de - a chur san áireamh.

Tá sé sin ceart go leor. Tá mé ag lorg briseadh síos ar na bunfhigiúirí maidir leis an dá fhoirgneamh.

Mr. Shane Ó hEidhin

Is é €470,000 an bunfhigiúr. Beidh €600,000, isteach is amach, i gceist san áit nua.

No. Tá mé ag lorg na figiúirí don dá fhoirgneamh a bhí ann.

Mr. Shane Ó hEidhin

An dá fhoirgneamh le chéile-----

Níl mé ag caint fúthu le chéile. Gabh mo leithscéal. Cén figiúr a bhí i gceist ar Shráid Fhreidric?

Mr. Shane Ó hEidhin

Táimid ag caint faoi €85,000.

Agus thart ar €390,000 le haghaidh-----

Mr. Shane Ó hEidhin

Isteach is amach, agus na spásanna páirceála san áireamh.

Cé mhéad spásanna?

Mr. Shane Ó hEidhin

Bhí deich spás againn.

Bhí €400,000, isteach is amach, i gceist idir an dá fhoirgnimh.

Mr. Shane Ó hEidhin

Is é €470,000 an figiúr cruinn don chíos amháin. Mar a deirim, ní comparáid leanúnach é muna bhfuil rudaí eile tógtha san áireamh.

Beidh an tUasal Ó hEidhin in ann teacht ar ais isteach. Tá mé ag iarraidh na bunfhigiúirí a fháil-----

Mr. Shane Ó hEidhin

Tuigim é sin.

-----maidir leis an gcaoi ina raibh na socruithe seo.

Mr. Shane Ó hEidhin

Tá sé sin go breá.

B'shin an rud a bhí ag teastáil uaim. Tiocfaidh mé ar ais le haghaidh ceisteanna. Tuigim go bhfuil cur i láthair réitithe ag Oifig na nOibreacha Poiblí. Cuirim fáilte roimh an gcúlra atá leagtha amach ag na finnéithe. Táimid ag díriú isteach ar ról a bhí ag an oifig maidir leis na foirgnimh seo. Tá sé ceart go leor má tá an tUasal Buckley níos compordaí le Béarla.

Mr. Maurice Buckley

Cé nach bhfuil móran Gaeilge agam, is mian liom an ráiteas tosaigh a léamh i nGaeilge.

Go raibh míle maith agat.

Mr. Maurice Buckley

Tá súil agam nach mbeidh mé ró-mhall agus go mbeidh baill an choiste in ann mé a thuiscint.

Lean ar aghaidh.

Mr. Maurice Buckley

Tá áthas orm teacht anseo inniu chun aitheasc a thabhairt don choiste maidir le cúrsaí cóiríochta Fhoras na Gaeilge. I dtús báire, ba mhaith liom cur síos gairid a thabhairt ar ról Oifig na nOibreacha Poiblí, OPW. Mar is eol don choiste, tá an OPW freagrach as réimsí leathan feidhmeanna. Baineann croífheidhmeanna an OPW le dhá thosaíocht atá leagtha amach i gclár an Rialtais: bainistíocht riosca tuile, agus bainistíocht na punainne eastáit. Cuireann foireann ghairmiúil agus theicniúil na hoifige cabhair ar fáil maidir le réimse leathan feidhmeanna, ina measc caomhnú fuinnimh, cúrsaí ailtireachta agus bainistiú réadmhaoine. Mar is eol don chomhchoiste, is í an OPW an ghníomhaireacht threorach do bhainistíocht riosca tuile in Éirinn. Tá níos mó ná €400 milliún infheistithe ag an OPW i mbeartais bainistíocht riosca tuile chun bailte agus gnóthaí trasna na tíre ar fad a chosaint. Mar chuid den phlean infheistíochta caipitil, tá €430 milliún curtha ar fáil ag an Rialtas do bhainistíocht riosca tuile, cionroinnt shuntasach chaipitil a chuireann ar chumas an OPW i gcomhar leis na húdaráis áitiúla leanúint leis an gclár bainistíocht riosca tuile.

Cuimsíonn an clár bainistíocht na punainne eastáit agus bainistíocht, cothabháil agus forbairt na punainne réadmhaoine an Stáit. Tá réimsí caomhnaithe, slánchoimeádta agus cuir i láthair séadchomhartha náisiúnta agus réadmhaoine stairiúla faoi chúram an Stáit san áireamh anseo. Is dualgas suntasach den chlár seo riachtanais cóiríochta na Ranna lárnach Rialtais a chomhlíonadh. Is í cóiríocht an dara costas riaracháin is airde tar éis pá agus pinsin atá ag an Rialtas agus é i mbun seirbhísí a chur ar fáil. Tá tasc dúshlánach tugtha ag an Rialtas don OPW le blianta beag anuas punann eastáit an Stáit a chuíchóiriú chun an costas sin a bhainistiú de réir an éilimh do chóiríocht na Státseirbhíse. Tá úinéireacht réadmhaoin Stáit in Éireann dílsithe do go leor údaráis agus gníomhaireachtaí eagsúla Stáit. Mar thoradh ar seo, is féidir modhanna difriúla agus neamhspleácha a ghlacadh chun réadmhaoin a bhainistiú. Is fiú a rá go bhfuil sí mar bhunsprioc inghnóthaithe ag an OPW an cur chuige seo a athrú chun samhail láraithe a chur i bhfeidhm ionas go mbeidh punann eastáit an Stáit á bhainistiú ar bhonn comhoibríoch agus seasmhach.

Bhí Foras na Gaeilge lonnaithe i bhfoirgneamh a bhí ar léas ón OPW ag 7 Cearnóg Mhuirfean i mBaile Átha Cliath. Tháinig deireadh leis an léas i mí Aibreáin 2015. Tar éis plé idir an dá eagraíocht, cheadaigh an OPW síneadh leis an léas le haghaidh 2015, 2016 agus 2017. Cheadaigh an OPW an léas is déanaí i mbliana. Beidh an Foras in ann fanacht san fhoirgneamh go dtí mí Aibreáin 2018. Tá forbraíocht suntasach pleanáilte do 7 Cearnóg Mhuirfean agus an talamh teorantach leis. De bharr sin, tá seilbh ghlan den fhoirgneamh ag teastáil i mí Aibreáin na bliana seo chugainn. Thairg feidhmeannaigh ó m'oifig cabhrú leis an bhForas teacht ar fhoirgnimh eile a bheadh in oiriúint don eagraíocht sin. Bhí ionaid i mBaile Bhlainséir agus i nDún Laoghaire san áireamh ach, ar an drochuair, ní raibh siad feiliúnach. Chuir Foras na Gaeilge in iúl dúinn le déanaí go bhfuil sé ag tabhairt socrú chun críche maidir le ceanncheathrú nua in áit eile sa chathair.

Tá sé curtha in iúl agam don Fhoras go bhfuil mé sásta feidhmeannaigh ghairmiúla ón OPW a chur ar fáil má tá siad ag teastáil chun cabhrú lena socruithe cuí a chur i bhfeidhm. Ar ndóigh, táimid ag obair le chéile go maith maidir le troscáin agus rudaí mar sin. Cé nár glacadh leis an tairiscint maidir leis an léas go fóill, tá mé thar a bheith sásta na feidhmeanna a chur ar fáil nuair a iarrtar iad. Cuirfidh mé fáilte roimh ceisteanna, ach glacfaidh mé leo trí Bhéarla.

Gabhaim buíochas leis an tUasal Buckley. Rinne sé sár-iarracht.

Ba mhaith liom dul ar ais go dtí leathanach 6 den mhéid a bhí le rá ag an Uasal Ó Coinn. Má bhreathnaímid ar na figiúirí, feicfimid gur beag difríocht atá ann idir Chearnóg Mhuirfean agus Sráid Amiens. Tá níos lú spáis i gceist. Beidh Foras na Gaeilge ag dul ó 20,000 troigh chearnach go dtí 16,800 troigh chearnach. Cé go mbeidh os cionn 3,000 troigh chearnach níos lú ag an bhForas, tá lucht an Fhorais ag rá go mbeidh níos mó spáis acu agus go mbeidh siad in ann soláthar don dream a bhí i dhá fhoirgneamh roimhe seo. B'fhéidir go dtabharfaidh na finnéithe míniú dom air sin.

Níl an oiread sin de dhifríocht shuntasach idir na costais a bhaineann leis an dá áit don té atá ag breathnú ar na figiúirí go fuarchúiseach. Tá sé spéisiúil gur luaigh na finnéithe gur féidir leis an OPW ráta faoi leith a thabhairt do Ranna Rialtais, ach nach bhfuil Foras na Gaeilge i dteideal an ráta sin a fháil. An bhfuil aon chúis ag baint leis sin? Aon bhfuil aon reachtaíocht gur chóir dúinn leasú a dhéanamh air? An féidir aon socrú a dhéanamh ionas go mbeidh an Foras i dteideal an ráta sin? Ba cheart go mbeadh an OPW ag cur spáis ar fáil d'eagraíochtaí cosúil le Foras na Gaeilge. Cén fáth nach bhfuil an socrú sin ann i dtaobh an Fhorais? Más €400,000 an costas a bhaineann le Cearnóg Mhuirfean, an bhféadfaí socrú den chineál sin a chur ar fáil ón OPW ag dul ar aghaidh? Sa chás sin, an mbeadh an OPW freagrach as aon uasghrádú a dhéanamh ar an bhfoirgneamh? Cén fáth nach bhfuilimid ag dul an treo sin leis an bhForas a choinneáil i gCearnóg Mhuirfean?

Níl na socruithe páirceála atá ag Foras na Gaeilge i látháir na huaire 100% soiléir dom. Tá sé ráite go mbeidh páirceáil san áireamh sa leagan amach nua, ach cén socrú atá i gceist i láthair na huaire?

Luaigh an tUasal Ó hEidhin go mbeidh oifigí á gcur ar fáil do Raidió na Life. An mbeidh an spás iomlán atá ag Raidió na Life faoi láthair le haghaidh stiúideonna, srl., ag an stáisiún sin sna hoifigí nua? Dar ndóigh, tá níos mó i gceist ná na hoifigí. Tá stiúideonna agus spásanna eagarthóireachta, srl., i gceist freisin. Ba mhaith liom soiléiriú a fháil an bhfuil Foras na Gaeilge chun an méid céanna spáis a thabhairt do Raidió na Life san fhoirgneamh nua agus atá acu i láthair na huaire.

Luaigh an tUasal Buckley ón OPW go raibh dhá áit eile - i mBaile Bhlainséir agus i nDún Laoghaire - san áireamh freisin. Céard a bhí mícheart leis na roghanna sin? Cén fáth nár ghlacadh leis na hionaid sin?

Ar bhreathnaigh Foras na Gaeilge ar bogadh taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath? Ar smaonigh lucht an Fhorais ar spásanna oifige taobh amuigh den phríomhchathair? Deirtear linn go bhfuil go leor spásanna oifige i mbailte eile ar fud na tíre. An mbeadh sé praiticiúil a leithéad d'athlonnú a dhéanamh? Ar bhreathnaigh an Foras ar an bhféidearthacht sin? Má bhreathnaigh, cén fáth ar roghnaíodh gan a leithéad de chinneadh a ghlacadh?

Cén próiseas comhairliúcháin a bhí ann leis an bhfoireann tríd an bpróiseas seo ar fad? Tá a fhios agam go raibh roinnt poiblíocht tamall siar gur bhrath daoine ar an bhfoireann nach raibh siad ar an eolas ó thaobh na hathruithe a bhí le teacht. Bhí an-mhíshuaimhneas orthu faoi sin.

An bhfuil an conradh ar Shráid Amiens sínithe ag an bpointe seo? An bhfuilimid ag caint i ndáiríre faoi done deal, mar a deirtear? An bhfuil an socrú déanta chomh fada is nach fiú dúinn bheith ag caint ar na ceisteanna seo? B'fhéidir go dtiocfaidh mé isteach arís ar ball má tá aon cheist eile agam.

Ba mhaith liom freagra a fháil ar an gceist dheireanach a chur an Seanadóir. An bhfuil an léas sínithe?

Mr. Seán Ó Coinn

B'fhéidir go dtabharfaidh mé freagra ar chuid de na ceisteanna agus iarrfaidh mé ar an Uasal Ó hEidhin freagra a thabhairt ar an gcuid eile acu. D'iarr an Seanadóir an bhfuil an conradh sínithe. Tá comhaontú déanta againn do Shráid Amiens leis na gníomhaithe agus leis na tiarnaí talún ansin. Ní bheidh an léas sínithe go dtí go mbogfaimid isteach. Mar a luaigh mo chomhgheacaithe níos luaithe, ní féidir cinnteacht a bheith ann go dtí go bhfuilimid san achar deiridh - go dtí go mbeidh an t-athchóiriú ar an bhfoirgneamh úr críochnaithe. Seachas mionrudaí den chineál sin, tá gach rud eile aontaithe againn agus tá ceangal dlí orainn i dtaca le Sráid Amiens. Níl léas sínithe go fóill agus ní dhéanfar é sin go dtí go mbogfaimid isteach. Tá súil againn go mbogfaimid isteach i mí Mheán Fómhair nó mí Dheireadh Fómhair i mbliana.

Má bhriseann an Foras an ceangal dlí sin, cén pionós a bheidh i gceist?

Mr. Seán Ó Coinn

Níl a fhios agam go baileach. Níl sé sin pléite againn, ar ndóigh. Níl sé i gceist againn an ceangal dlí sin a bhriseadh. Is cinnte go mbeadh pionós de shórt éigin le híoc againn dá bharr.

B'fhéidir go bhfreagróidh mé cúpla ceist eile a bhaineann le hábhair a bhfuil mé eolach orthu. D'iarr an Seanadóir orainn cén fáth a shocraíomar ar athlonnú i lár na cathrach seachas in áit ar bith eile sa tír. Thagair sé freisin do chomhairliúcháin leis an fhoireann. Nuair a fhógair muid sa bhliain 2013 go raibh sé i gceist againn bogadh agus an dá oifig a bhí againn i mBaile Átha Cliath a thabhairt le chéile, chinntigh muid go raibh tuiscint mhaith againn ar thuairimí ár gcuid oifigeach maidir leis na rudaí a bheadh an-thábhachtach dóibh i dtaca lenár n-oifigí nua. Bhí fonn orainn bheith cinnte go raibh an tuiscint sin againn agus oifigí nua á lorg againn le haghaidh na bliana 2014 agus amach ansin. Ag an am sin, bhí sé ar bharr liostaí na dtosaíochtaí ón fhoireann go mbeadh ionad againn i lár chathair Bhaile Átha Cliath. Bhí cúiseanna áirithe leis sin. Mar shampla, cheap oifigigh an Fhorais gur cheart go mbeadh rochtain againn ar na hacmhainní agus na háiseanna atá againn i lár na cathrach, go mbeadh rochtain againn ar oifigí an Rialtais, na Ranna éagsúla agus na húdaráis chomhpháirtíochta eile, ar nós Conradh na Gaeilge agus an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, atá uilig lonnaithe i lár na cathrach. Lena chois sin, bhí sé soiléir dúinn féin agus don fhoireann go raibh sé an-tábhachtach ó thaobh stádas na Gaeilge de go mbeadh an phríomheagraíocht atá ag plé leis an teanga lonnaithe sa phríomhchathair, áit ina bhfuil trian de chainteoirí Gaeilge na tíre seo lonnaithe. Tá earcaíocht foirne an-tábhachtach dúinn freisin. Tá oifigí againn i Ráth Chairn, i nGaoth Dobhair agus i mBaile Átha Cliath. Nuair a bhíonn muidne mar eagraíochtaí Gaeilge ag iarraidh ár gcuid foirne a earcú, is léir go mbíonn muid ag tarraingt as líon an-bheag ar fad nuair a chuirtear na scileanna atá de dhíth orainn taobh le taobh leis na scileanna teanga atá ag teastáil. Bhí muidne san fhoireann ardbhainistíochta, sa bhord bainistíochta agus san fhoireann go ginearálta den tuairim go raibh sé tábhachtach go mbeimid lonnaithe i lár na cathrach ionas go mbeimid tarraingteach mar ionad d'earcaithe nó d'fhostaithe úra. Is iad sin na hargóintí do lár na cathrach.

An bhfuil an fhoireann 100% sásta leis an socrú?

Mr. Seán Ó Coinn

Is dócha go bhfuil éagsúlacht mhaith tuairimí i measc na foirne. Tá cuid den fhoireann atá againn i láthair na huaire lonnaithe san áit ina bhfuilimid i gCearnóg Mhuirfean le 35 bliain. Níl aon amhras ach go bhfuil suíomh an-ghleoite againn ann, agus páirc phoiblí díreach os ár gcomhair amach. Tá sé sin iontach tarraingteach. Ní bheidh sé sin againn nuair a bhogfaimid go Sráid Amiens. Ag an am céanna, sílim go n-aithníonn an fhoireann cé chomh tábhachtach is atá sé teacht ar áit ina mbeimid ábalta an cíos a íoc agus ina mbeimid cóngarach go fóill do lár na cathrach. Ní bheidh na hoifigí úra a bheidh againn níos mó ná míle amháin - nó ceathrú uaire siúil - ón oifig atá againn i gCearnóg Mhuirfean faoi láthair. Cé gurb iad ár gcuid oibre agus cur i gcrích ár gcuid feidhmeanna na rudaí is tábhachtaí dúinn, ar ndóigh, tá sé tábhachtach freisin nach mbeidh fadhbanna rochtana againn i lár na cathrach. Sa chomhthéacs sin, ní bheidh difríochtaí suntasacha idir an áit ina bhfuilimid i láthair na huaire agus an áit ina mbeimid i bhFómhar na bliana seo. Iarraim ar mo chomhghleacaí, an tUasal Ó hEidhin, na ceisteanna a d'iarr an Seanadóir faoi Raidió na Life, páirceáil agus an méid spáis a bheidh againn a fhreagairt.

Mr. Shane Ó hEidhin

Tá sé thar a bheith éasca freagra gasta a thabhairt ar chúpla ceist, ar nós ceist na socruithe páirceála. Mar a luaigh mé le Cathaoirleach an choiste, i láthair na huaire tá deich spás páirceála againn le haghaidh an ionad atá againn i gCearnóg Mhuirfean. Níl siad ar láthair Chearnóg Mhuirfean - tá siad in aice leis. Tá siad tógtha ar cíos agus tá ráta bliantúil de €3,250 in aghaidh an spáis á íoc. Nuair a bhogfaimid go dtí Sráid Amiens, beidh ráta i bhfad níos ísle á íoc againn le haghaidh gach spás. Beidh 15 spás againn agus beimid ag íoc €2,500 ar gach ceann acu.

Mar a dúirt mé, is é an ráta reatha sa mhargadh ná €4,000 i láthair na huaire. Sin freagra na ceiste sin.

Is cinnte go mbeidh sé i gceist Raidio na Life a thógáil linn. Beidh spás cuí ar fáil ó thaobh na stiúideonna agus ó thaobh oifigí cearta a bheith ag an stáisiún. Beidh siad ar chaighdeán níos airde ná na caighdeáin atá ag an stáisiún i láthair na huaire agus oifigí cearta ar fáil. Sin freagra na ceiste sin.

Maidir le spás, bhí roinnt iomrá leis an gceist seo. Is é sin, an raibh iomarca spáis á thógáil? Idir Sráid Fhrederick agus Cearnóg Mhuirfean, b'fhiú a lua gurb é an spás iomlán a bhí i gceist ná isteach is amach le 27,000 troigh chearnach. Le Cearnóg Mhuirfean leis féin, is isteach is amach le 20,000 troigh chearnach atá i gceist ansin. Anois, le Sráid Amiens, is faoi bhun 17,000 troigh chearnach atá i gceist. Ceistíodh conas gur féidir é sin a dhéanamh go héifeachtach. Go simplí, déarfainn dhá rud. Le foirgneamh ceart de chuid grád A atá ag feidhmiú mar is ceart, is féidir an spás a úsáid ar bhealach atá i bhfad níos éifeachtaí ná seanfhoirgneamh Seoirseach. Tá na seanseomraí agus na síleálacha arda agus mar sin de galánta, ach níl siad oiriúnach ó thaobh freastal ceart agus spás oifige. Úsáidtear spás i bhfoirgneamh mar sin ar bhealach nach bhfuil éifeachtach. Sin cuid de freagra na ceiste. An dara chuid den fhreagra ná, mar a luaidh mé níos luaithe, ÁIS. Beidh an spás i gCearnóg Mhuirfean atá á úsáid ag ÁIS á bhogadh amach chuid trádstóras leis féin ar an M50.

Cé mhéad troigh chearnach atá ansin?

Mr. Shane Ó hEidhin

Isteach is amach le 4,000 troigh chearnach. Más maith linn, sin cuid mhór den difear idir an dá rud.

An mbeidh ar an bhForas an cíos a íoc do ÁIS, áfach?

Mr. Shane Ó hEidhin

Is pinginí atá i gceist le cíos ar trádstóras ar imeall na cathrach i gcomparáid leis an bpraghas a bheadh á híoc ar an spás céanna i lár na cathrach. Táimid ag labhairt ar isteach is amach le €5 an troigh cearnach. Tá sé i bhfad níos ísle.

Cad a bhí mícheart le Dún Laoghaire agus Baile Bhlainséir?

Mr. Shane Ó hEidhin

Ar an gceist áirithe sin, díreach le bheith soiléir, níor tháinig aon tairiscint foirmeálta i dtaca le haon láthair ar leith i mBaile Bhlainséir nó i nDún Laoghaire. An bhfuil an tUasal Ó Coinn ag iarraidh an chuid sin a fhreagairt?

Mr. Seán Ó Coinn

Bhí sé riamh i gceist ag an bhord, ag an fhoireann agus againn féin ar an fhoireann ardbhainistíochta nach mbeidh sé fóirsteanach a bheith seolta amach go dtí imeall na cathrach agus go dtí áit ina mbeidh Foras na Gaeilge i bhfolach ar an phobal. Tá píosa oibre mór le déanamh ag Foras na Gaeilge le hainm Fhoras na Gaeilge a chur i mbéal an phobail. Tá daoine go fóill ar caint ar Bhord na Gaeilge in ainneoin go bhfuil Foras na Gaeilge ar bun ó bhí 1999 ann. Mar eagraíocht, nílimid chomh héifeachtach agus ba chóir dúinn a bheith ag cur ár n-ainm i mbéal an phobail agus ag ardú feasachta fá dtaobh de ról na príomheagraíochtaí Gaeilge ar an oileán. Is cinnte gur measa i bhfad a bheidh i gceist dá mbeimis lonnaithe amuigh sna bruachbhailte. I dtaca le Dún Laoghaire, go háirithe, ní bheadh sé fóirsteanach sa mhéad is go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh rochtain ar na hoifigí atá againn do na baill foirne atá againn i mBéal Feirste, i nGaoth Dobhair agus i Ráth Chairn. Bheadh siad ag trasnú na cathrach go hiomlán le fáil a fhad leis na hoifigí sin. Bhí sé riamh i gceist go mbeadh ár n-oifigí i lár na cathrach.

Maidir le socrú leis an OPW ó thaobh ráta faoi leith a fháil ar nós na Ranna Stáit, cén fáth nach bhfuil-----

Mr. Seán Ó Coinn

Ní heol dúinn féin reachtaíocht ar bith ar a leithéid. Is dócha, b'fhéidir, gur cheist d'Oifig na nOibreacha Poiblí an féidir socrú a dhéanamh d'fhorais Stáit mar muid. Ar feadh ár n-eolais, ní féidir.

Sin ceist don OPW. Cén fáth nach bhfuil socrú faoi leith ann ó thaobh Fhoras na Gaeilge de mar a bhfuil do Ranna Stáit?

Mr. Kenneth Moore

Government policy is for Departments and bodies directly aligned to Departments to be accommodated by the OPW. That is the way the OPW works. The funding is directed by the Department of Finance to the OPW to pay for it. Most other bodies that are set up by statute, such as Foras na Gaeilge, normally arrange their own accommodation at their own cost. Good practice is that the OPW will assist where it can in providing accommodation. Sometimes we are able to negotiate better rates or are able to accommodate bodies in one building, which is more efficient. We worked closely with Foras na Gaeilge. It was very frustrating for a while, but that simply reflects the market at the moment. There are very few buildings available in Dublin and there is huge demand from the Civil Service and the public service for those spaces. We looked for suitable buildings but, unfortunately, that was not possible. The funding is the same. The OPW does not own the building so the external cost would be the same. We might be able to negotiate a better rate but the question really is whether the Government funds are channelled through Foras na Gaeilge to the OPW and on to the landlord or from the Exchequer to the OPW and on to the landlord. We are talking about the same funding.

With respect to the question about the current building on Merrion Square, a major redevelopment is planned for the building. This involves another building beside it and a large space behind it. It is important because at the moment we badly need accommodation in the city centre for the Civil Service and the public sector.

Tá sé sin leagtha amach sa ráiteas, ach tá ceist ann. Cén scála ama atá i gceist? Is leis an OPW an foirgneamh sin. Is foirgneamh poiblí é an foirgneamh ar Chearnóg Mhuirfean.

Mr. Kenneth Moore

It is a public-----

Sea, agus is le hOifig na nOibreacha Poiblí é.

Mr. Kenneth Moore

Yes, the building is owned by the OPW.

Cén scála ama atá i gceist leis an obair atá á dhéanamh?

Mr. Kenneth Moore

As explained in the statement, the work has been planned since 2015 but it was extended year by year. We are now planning in the capital review to develop that building from April 2018. Therefore, the clock is ticking. We would be developing the building already but we had to wait until accommodation was found by-----

Cén fáth nach féidir leis an OPW é a thabhairt ar ais go dtí Foras na Gaeilge nó aon eagraíocht eile? Cé atá ar líne chun an foigneamh sin a fháil nuair a bheidh athchóiriú déanta air?

Mr. Kenneth Moore

The site will be completely redeveloped. It will be a three or four-year major building project. It would be possible to consider that Foras na Gaeilge would move somewhere else for three or four years and, perhaps, come back to a much larger building. However, that is difficult. Foras na Gaeilge staff will be in a new building and will have new transport routes and so on. Normally it is very difficult to move an office twice. It is difficult for the business, the brand and the staff. It is not a practice that is usually encouraged.

Comhghairdeas, i dtosach, don Uasal Ó Coinn faoin a cheapachán mar phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge. Go n-éirí an bóthar leis. Sílim go ndúirt sé go bhfuil an rud seo socraithe. Mar sin, ní thiocfaí siar air sin. Cé mhéad duine atá ag obair i nGaoth Dobhair faoi láthair?

Mr. Seán Ó Coinn

Ochtar.

Tá an-díomá orm nach bhfuil níos mó ag obair ann. Bhí cineál iontas orm sa mhéad a dúirt an tUasal Ó Coinn faoi earcú agus mar sin de. Is miotas é dar liomsa nach féidir daoine a earcú taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. Tóg, mar shampla, TG4, Raidió na Gaeltachta, Oifig an Choimisinéara Teanga, an Roinn le freagracht as ealaíon, oidhreacht agus an Ghaeltacht, nó cultúr, oidhreacht agus an Ghaeltacht, mar a bheidh, agus Údarás na Gaeltachta. Níl aon fhadhb acu daoine, agus daoine den scoth, a earcú. Tá a fhios agam gur chomhlacht teilifíse é ach is mó i bhfad atá TG4 i mbéal an phobail, ná mar atá Foras na Gaeilge, in ainneoin go bhfuil sé thiar i mBaile na hAbhann. Caithfidh mé a chur ar thaifead an choiste seo nach dtagaim ar chor ar bith go gcaithfidh chuile shórt a bheith lárnaithe i mBaile Átha Cliath le go mbeadh sé i mbéal an phobail nó éifeachtach. Tiocfaidh na daoine go dtí an áit atá na jabanna.

Go deimhin fein, is dóigh liomsa gur an mhalairt atá fíor. Nuair a shocraíonn daoine in oifig tuaithe, tá siad an-deacair iad a bhogadh ar ais go Baile Átha Cliath, fiú ar ardú céime sa Státseirbhís. Feiceann muid é sin sa Státseirbhís. De na daoine a théann siar, is fíorbheagán dóibh a thagann aniar. Ba mhaith liom go mbeadh sé sin ar an taifead mar tá díomá orm nach bhfuil ach ochtar i nGaoth Dobhair.

Cén fáth Gaoth Dobhair seachas Conamara? Nuair a roghnaíodh Gaoth Dobhair, mé féin a roghnaigh é. Ar an gcéad dul síos, bhí cás ann go raibh Gaeltacht Chonamara tar éis go leor a fháil. Bhí mise mar ionadaí ar Ghaeltacht Chonamara. An dara rud ná, ó tharla gur forais Thuaidh-Theas iad Foras na Gaeilge agus An Foras Teanga, shíl mé go mbeadh sé go maith go mbeadh Gaeilge Chúige Uladh i dtreis i bpríomhoifig Foras na Gaeilge, mar a bhí leagtha amach, ach ní mar sin atá.

Tá ceist amháin agam ar an Uasal Ó Coinn a bhaineann le hOifig na nOibreacha Poiblí. Is dóigh liomsa gurb é an rud is mó a bhí ag déanamh imní domsa ná, mar is eol don Uasal Ó Coinn, go bhfuil plean a réitíodh maidir le Sráid an Mhúraigh. Nuair a réitíodh an plean sin, ní coiste amuigh ansin ach coiste a bhunaigh an tAire a réitigh an plean. A nAire féin atá i gceist. Caitheadh go leor smaoineamh air. Mar is eol don Uasal Ó Coinn, bhí iarArd-Rúnaí ar an Roinn, Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, a raibh eolas aige ar chúrsaí Rialtais, mar chathaoirleach ar an gcoiste. Stiúir sé an coiste go maith.

An bhfuil ceist?

Is moladh an-dáiríre é go mbeadh lárionad lán-Ghaelach istigh i lár na cathrach. An fís atá ann ná go mbeadh tionónta lán-Ghaelach amháin ann agus go mbeadh rudaí ar nós naíolann, naíonra agus mar sin don fhoireann a bheadh ag obair i bhForas na Gaeilge ann. Bheadh amharclann beag ann le húsáid i rith an lae le haghaidh gnóthaí ar Shráid an Mhúraigh a bheadh ar fáil don phobal. Bheadh bialann lán-Ghaelach agus na rudaí sin ar fad ann. Cé chomh héasca is a bheadh sé fáil as an léas seo nuair a bheidh sé sin ar fad curtha ar fáil ag an OPW do Fhoras na Gaeilge?

Mr. Seán Ó Coinn

Tabharfaidh mé sampla don Teachta. Na hoifigí atá againn i mBéal Feirste, is le tiarnaí talún príobháideacha iad. Bhí trí thiarna talún éagsúil againn ó fuair muid na hoifigí sin i mBéal Feirste deich mbliana ó shin. Ní raibh athrú ar bith ann dúinne. Mar an gcéanna, ní bheidh le déanamh ag Foras na Gaeilge, nuair atá sé i gceist againn bogadh roimh an clásal briste atá ann tar éis 15 bliain, ach tionóntaí a aimsiú agus an léas a aistriú chuig na tionóntaí sin. Beidh muidinne ábalta imeacht gan pionós dá réir sin. Ligfidh mé le mo chomhghleacaí labhairt air seo. Tá sé níos eolaí ar an cheist. Sin mo thuiscint, áfach.

Sin an cheist a bhí mé chun a chur. Sa gcás go raibh malairt spáis tógtha ag Foras na Gaeilge gar don GPO, an mbeadh Oifig na nOibreacha Poiblí in ann tionónta eile a fháil le cur isteach i Sráid Amiens? An mbeadh Oifig na nOibreacha Poiblí sásta é sin a dhéanamh? An gceapann na finnéithe go bhfuil an foirgneamh den chaighdeán sin?

Mr. Maurice Buckley

I would not be able to that answer that today because I am not familiar with the building in Amiens Street. We have not been involved in that negotiation. I am aware, of course, of the developments on Moore Street and the group there that has been looking at it, which involves the families and all the different parties. Commissioner John McMahon, my colleague in the OPW, is part of that group. I do not have to hand the size involved. I am not aware of the actual plans or if plans have been made yet. I am not sure about the idea the Deputy suggested. I can certainly bring it back to my colleague and ask him to consider it. However, I would not be in a position to comment on it today.

Tá beagáinín díomá orm. Nuair a chuala mé go raibh an léas seo le síniú, thóg mé an cheist leis na Airí. Tá díomá mhór orm nár seiceáladh amach é seo sular shínigh an bheirt Aire é. Bhí an-deifir orthu. Ag deireadh an lae, táimid ag caint ar fhís ollmhór don Ghaeilge ar shuíomh stairiúil a bhaineann leis an nGaeilge sa mhéad is a raibh formhór mhuintir an Éirí Amach. Tá díoma mhór orm nár seiceáladh é sin agus nár seiceáladh leis an OPW go bhféadfaidís a dhéanamh.

Mr. Seán Ó Coinn

Rinne muid seiceáil cé acu atá féidearthacht ann le gur féidir linn imeacht mar thionóntaí as an léas a bheidh againn ar Sráid Amiens. Táimid cinnte de gur féidir linn é sin a dhéanamh. Níor sheicéail muid cé acu is féidir linn é a dhéanamh le hOifig na nOibreacha Poiblí. Is ceist eile í sin, ach tá mé cinnte go mbeidh Oifig na nOibreacha Poiblí ar fáil le tacaíocht a thabhairt dúinn agus muid ag dul don obair sin.

Cén chaoi gur féidir leis an Uasal Ó Coinn a bheith cinnte gur féidir-----

Mr. Seán Ó Coinn

Sa mhéad is nach bhfuil an foirgneamh feicthe ag an OPW go fóill, an pointe atá an tUasal Maurice Buckley ag déanamh ná nach féidir leis an OPW tuairim a léiriú ar chaighdeán an fhoirgnimh sin agus an cineál áise a bheidh ar fáil le haistriú chuig tionóntaí eile. Is féidir linn a dhearbhú, áfach, gur caighdeán an-ard a bheidh i gceist leis an fhoirgneamh agus is féidir linn a dhearbhú fosta go mbeidh sé an-tarraingteach do thionóntaí ar bith a bheidh ag iarraidh aistriú isteach ann.

Tá an-díomá orm nár chuir an tAire an OPW síos leis é sin a sheiceáil, ach sin mar atá sé. Tá ceist agam ar an OPW. Seo ceist ghinearálta, b'fhéidir. Dúradh go bhfuil dúshláin olllmhóra ar an OPW mar gheall ar áit a fháil ar cíos istigh i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath agus go bhfuil sé an-daor. An féidir leis na finnéithe a dheimhniú dom go raibh an OPW in ann, mar shampla, na sealúchais ar fad a gceannaíodh ar fud na tíre maidir leis an gclár dílárnaithe a fháil i bhfad níos saoire ná mar a gheobhfaí a gcomhionann i mBaile Átha Cliath? Chomh maith leis sin, an bhféadfadh siad a dheimhniú dom an bhfuil mórán foirgintí ar léas ag an OPW sa gcathair? An bhfuil aon tuairim acu, ar an méan, an costas a bhaineann leis sin le hais, mar shampla, léas ar na lárionaid atá amuigh faoin tuath?

Mr. Maurice Buckley

I will take the general point first and ask my colleague, Mr. Kenneth Moore, to comment on the difference between the rates in Dublin and the countryside. In Dublin at the moment, the market is extremely tight. There are few, if any, buildings available and the rent is extremely high. The figures that we heard earlier would now be quite good. In the intervening times since those figures were negotiated, the market would have risen. To answer the Deputy's question about Amiens Street, with the current market I am sure that, even without seeing the building, if Foras na Gaeilge needed to move somewhere else, something could be done to find a client to take on the lease responsibilities. At the moment we are looking for any property that may be available in the region of Moore Street or anywhere else. I can tell the committee that at this point we have something in the region of 700 civil servants and 500 gardaí in Dublin awaiting accommodation. We are looking for approximately 1,200 places in Dublin and the rents are very rapidly heading towards €60 per sq. ft. or €600 per sq. m., which is significantly higher or around the level being looked at. All the signs we have are that rents will continue to increase. My colleague may be able to speak to decentralisation and the situation around the country better than I would.

Mr. Kenneth Moore

We have a variety of sites throughout the country that have not been developed since the Government shelved the decentralisation programme. We have several sites left and we are working through a process of identifying practical uses for them, whether that be a driving test centre, as in one location, or, potentially, a building in another to get us out of leased accommodation in the town involved. There are challenges in that because all this comes with a capital cost. That is where we are at the moment. To refer back to costs in Dublin versus those outside Dublin, Dublin is a unique property market all on its own at the moment.

Coming out of the recession and the complete collapse of the property market, it was quite dysfunctional for a while so there was no building in Dublin for six or seven years. The cranes can be seen starting to pop up all around the place again but a lot of these buildings are either being built as pre-lets or they are snapped up as soon as they are on the ground. From the State's perspective it is definitely a seller's market in the city. The figures being quoted by Foras na Gaeilge of €60 or €65 per square foot are typical for good quality city centre space. I can offer a comparator. Like the Chairman I have not seen the building in Amiens Street, but we are renting a building around the corner from it. It is on Talbot Street, not far from the building in Frederick Court where Foras na Gaeilge had an office. It is in the same ballpark. It costs us €31 per square foot. On the basis of that direct comparison and from what I know of the building, the rent being quoted is not off the mark. It is actually very reasonable.

An féidir áit a fháil ar cíos i Tubbercurry, nó Boyle, nó Gaillimh fiú? Bhuel tá Gaillimh daor, tá brú ar an gcathair sin, ach an féidir áit a fháil sna bailte tuaithe leithéidí Clár Chlainne Mhuiris?

Mr. Kenneth Moore

In recent years and through the boom years certain towns around the country developed what might be called an office market. Some of them developed industrial estates and business parks. It really depends on what is available in the town. I do not know the market in small towns like Boyle but they could potentially offer something. One would not expect to go to the smaller towns looking for space and to find an empty office block. It does not happen. Galway-----

We have two in Tubbercurry.

Mr. Kenneth Moore

We do, yes.

They would not cost €60 per square foot.

Mr. Kenneth Moore

They would not. Rural rents would not be anything near that at all.

They would be much cheaper, would they not?

Mr. Kenneth Moore

They would be a lot cheaper, yes.

So really what needs to be done is to shift some of these civil servants. There is a big demand. There is no problem shifting civil servants.

Mr. Kenneth Moore

There is a demand, yes. As the old adage goes, it is all about location, location, location. If people want to rent a space in the middle of Dublin they will pay for it, and at a high rent.

An-mhaith. Gabhaim buíochas le Mr. Moore as sin.

Mr. Seán Ó Coinn

An bhféadfainn pointe amháin a lua maidir leis an cheist a chur an Teachta Ó Cuív i dtaca le líon na ndaoine atá lonnaithe san oifig i nGaoth Dóbhair chun go dtuigfidh sé féin agus go dtuigfidh daoine eile? Níl smacht ag Foras na Gaeilge féin ar an líon sin foirne. Tá líon na bpost atá lonnaithe sna oifigí seachtracha taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath leagtha síos ag an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas. Níl neart againn air sin.

Maidir leis na hoifigí i nGaoth Dóbhair, tá scoth na foirne againn ansin. Bhí an t-ádh dearg orainn foireann den scoth a fháil den oifig i nGaoth Dobhair agus táimid an-sásta faoin dóigh ina bhfuil an oifig sin ag obair. Níl an t-ádh sin ar dhuine atá ar lorg duine le sainscileanna agus Gaeilge lena cois sin go minic. Bíonn daoine ar lorg oibre cóngarach den áit a bhfuil cónaí orthu nó taobh istigh d'uair a chloig taistil. Laghdaíonn sé na féidearthachtaí. Glacaim pointe an Teachta ceart go leor. Is as ceantar tuaithe mé féin. Nuair a bhogann duine go dtí ceantar tuaithe, ní bhíonn siad ag iarraidh bogadh ar ais go dtí na bailte móra.

Cloisim é seo faoi sainscileanna agus sé siúd an t-am ar fad. Breathnaím ar chomhlachtaí thar a bheith teicniúil atá ag obair ó cheantair tuaithe. Níl fadhb acu foireann a fháil. I gcás na Gaeltachta, ní roghnaítear áit lasmuigh den Ghaeltacht. I gcás na Gaeltachta, chomh luath agus a fhógrófar an jab, tiocfaidh duine éigin abhaile.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as ucht teacht isteach. Tá cúpla ceist agam féin. Is dóigh go bhfuil míthuiscint áit éigin. Bhí dhá fhoirgneamh i gceist, ceann i Sráid Fhreidric Thuaidh agus ceann ar Chearnóg Mhuirfean. Cé mhéad cíos a bhí i gceist ina iomlán? An raibh €400,000 i gceist?

Mr. Seán Ó Coinn

Bhí €470,000 i gceist.

Tá ardú cíosa suntasach i gceist maidir leis an fhoirgneamh nua, nach bhfuil?

Mr. Seán Ó Coinn

Tá. Tá ardú go €600,000 i gceist.

Tá ardú suntasach i gceist. Táim buíoch do na finnéithe as na sonraí. Thug siad codarsnacht dúinn idir na praghasanna sa mhargadh príobháideach faoi láthair, ach maidir leis an chodarsnacht idir an rud a bhí ann agus an cíos nua, tá ardú cíosa suntasach i gceist, nach bhfuil?

Mr. Seán Ó Coinn

Tá.

Nuair a tháinig na finnéithe os ár gcomhair, bhíomar buartha mar choiste faoin chaoi ar éirigh leo teacht ar an gcinneadh seo. D'iarramar orthu mar choiste dul ar ais chuig an bhord stiúrtha agus ár n-imní a chur in iúl. An ndearna na finnéithe é sin?

Mr. Seán Ó Coinn

Ní chuimhin liom gur iarr an choiste orainn é sin a dhéanamh-----

Mr. Seán Ó Coinn

-----ach tá sé pléite go mion agus go minic leis an bhord stiúrtha.

Gabh mo leithscéal, d'ardaigh mise é tar éis an chruinnithe dheireanaigh. Tá sé agam anseo. D'ardaigh mise an cheist. Dúirt mé nach feidir liom na finnéithe a ligean as an bhfoirgneamh gan ceist a chur orthu. Chuir muid in iúl chomh buartha agus a bhíomar maidir leis an gcíos a bhí i gceist. An ndeachaigh siad ar ais chuig stiúrthóirí Fhoras na Gaeilge, nó cibé ainm atá orthu, ag rá go raibh an coiste buartha maidir leis an luach airgid agus go raibh Oifig na nOibreacha Poiblí ag éalú as an rud, de réir an tuiscint a bhí againn?

Mr. Seán Ó Coinn

Thug muid cuntas iomlán do na comhaltaí boird ar an seisiúin deireanach leis an choiste. Tugadh cuntas iomlán don bhord air sin. I dtaca le luach airgid-----

Gabh mo leithscéal, ach an raibh an bord sásta leis sin? An dúirt sé go bhfuil an coiste buartha ach nach féidir aon rud a dhéanamh? An dúirt sé nach raibh gá dul ar ais chuig Oifig na nOibreacha Poiblí ag rá-----

Mr. Seán Ó Coinn

D'iarr an bord orainn dul ar ais cúpla uair chuig Oifig na nOibreacha Poiblí ar an cheist seo. Cuireadh in iúl dúinn nach mbeadh léas ar fáil ar cheachtar den dá oifig i mBaile Átha Cliath ón uair a thiocfaidh deireadh leis an dá léas. Bhí beag beann ar cheist an cíosa. Bhí a fhios againn nach mbeadh léas againn ar Shráid Fhreidric Thuaidh i ndiaidh Bealtaine 2017 agus nach mbeadh léas againn ar Chearnóg Mhuirfean i ndiaidh Aibreáin 2018. Bhí freagracht orainn bheith cinnte go raibh áit éigin againn leis an fhoireann a chur in 2018.

Tuigim go raibh freagrachtaí ar na finnéithe. Ní dóigh liom go raibh comhairle chuí idir Oifig na nOibreacha Poiblí agus Foras na Gaeilge. Ní raibh Oifig na nOibreacha Poiblí bainteach, beag ná mór, leis an bhfoirgneamh nua. Ní dheachaigh siad ann. Níor bhreathnaigh siad air. Níl mé ag cur an locht ar na finnéithe. Tá mé ag iarraidh rud a fháil amach. Tá Oifig na nOibreacha Poiblí anseo. Tá sé ráite acu go soiléir go bhfuil siad chun caoi a chur ar an bhfoirgneamh atá ann i gCearnóg Mhuirfean agus go raibh ar Fhoras na Gaeilge bogadh amach as mar níl caoi ná cóir air. Más rud é go raibh Foras na Gaeilge in ann fanacht ann, dúirt Oifig na nOibreacha Poiblí go mbeadh ardú cíosa ann ar aon nós. An bhfuil sé sin ceart?

Mr. Maurice Buckley

That is very much correct. The rent in Merrion Square at the moment is significantly below the market rate.

Dá mba rud é go raibh Foras na Gaeilge chun fanacht ann, dúirt Oifig na nOibreacha Poiblí go mbeadh ardú cíosa agus an cíos margaidh i gceist.

Mr. Maurice Buckley

Yes.

Alright.

Mr. Maurice Buckley

The rent would be reassessed. We would do an independent assessment of market rate-----

Mr. Maurice Buckley

Yes. It could easily increase by 100%.

Is iad ról an OOP agus polasaí an Rialtais croílár na faidhbe i ndairíre. Tiocfaidh muid ar ais air sin. Maidir leis na foirgnimh gur cheap Foras na Gaeilge nach raibh siad feiliúnach, cén fáth nach raibh siad feiliúnach? Cén praghas a bhí i gceist maidir leis an dá áit a luaigh Foras na Gaeilge agus an OOP i mBaile Bhlainséir agus i nDún Laoghaire?

Mr. Seán Ó Coinn

D'amharc muid ar liosta i bhfad níos faide d'fhoirgnimh ná sin ó thús 2014. Go háirithe ó thosaigh Shane Ó hEidhin ag obair linn, d'amharc muid ar liosta an-fhada ar fad d'fhoirgnimh a d'fhéadfaimis dul isteach iontu.

Ligfidh mé don Uasal Ó hEidhin labhairt ar cén fáth nach raibh siad fóirsteanach.

Tá sé ráite cheana ach ní glacaim leis go bhfuil Baile Bhlainséir nó Dún Laoghaire ró-fhada amach. Is é sin mo thuairim féin. Cé mhéad airgid a bhí i gceist? An raibh sé i bhfad níos saoire?

Mr. Shane Ó hEidhin

Ní léir mar níor tháinig tairiscint fhoirmiúil ar na háiteanna sin. Bheifí ag súil le go mbeadh costas macasamhail €30 an troigh chearnach ar na háiteanna sin mar is é sin an praghas a bhí ar áiteanna eile sa cheantar sin a d'fhéachamar orthu. D'fhéachamar ar fhoirgnimh eile-----

Ba fhoirgnimh phríobháideacha an dá áit sin i nDún Laoghaire agus Baile Bhlainséir, ab ea? Ní le hOifig na nOibreacha Poiblí na foirgnimh seo.

Mr. Maurice Buckley

It was before my time in the Office of Public Works, OPW, but, as I understand it, these were not OPW buildings. We were of the view at the time that we might be able to find a building in those areas for Foras na Gaeilge at the indicated market rents. This is a typical conversation. Very often we might look at ten different alternatives.

Mr. Shane Ó hEidhin

Tá sé tábhachtach go mbeadh sé sin soiléir. Deineadh an anailís agus féachadh ar phraghas an mhargaidh sna bruachbailte. Bhí sé ag teacht leis an phraghas atá á íoc againn anois i lár na cathrach i dtaca leis an fhoirgneamh ar ghrád A seo. Tá €30 nó mar sin le híoc sa Charraig Dhubh, i nDún Laoghaire agus i mBaile Bhlainséir. Níl aon mhargadh maith le fáil amach ansin.

Gabhaim buíochas leis an Uasal Ó hEidhin as ucht é sin a shoiléiriú dom. Ní mór dom dul ar ais chuig Oifig na nOibreacha Poiblí agus polasaí an Rialtais in áit éigin eile agus i bhfóram eile. I ndairíre tá an polasaí sin ag cothú an mhargaidh an t-am go léir seachas a bheith ag tógáil foirgnimh poiblí agus iad a úsáid. Is é sin mo thuairim. Maidir le Foras na Gaeilge, tá airgead poiblí suntasach ag dul go dtí tiarna talún príobháideach. Tá sé ag ídiú an buiséad atá ar fáil aige chun Gaeilge a chur chun cinn. Is seafóideach amach agus amach é.

Mr. Seán Ó Coinn

Cuireann sé go mór orainn go gcaithfimid €600,000 a chur amach ar chíos. Thuig muidne inár n-eagraíocht go raibh dhá prionsabal ann. Is iad sin ná go mbeadh cíos le híoc ar fhoirgneamh áit éigin, is cuma cén áit a rachaimis, agus go mbeadh muid ag déanamh feall ar an eagraíocht, an teanga agus pobal na teanga muna bhfanfaimis cóngarach do lár na cathrach, áit a mbeadh rochtain ag an phobal orainn.

Go raibh míle maith agaibh. Cuirfimid an cruinniú ar fionraí ar feadh cúpla nóiméad.

Cuireadh an suí ar fionraí ar 6.35 p.m. go dtí 6.38 p.m.
Barr
Roinn