Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017

Tá ceathrar comhaltaí i láthair agus is féidir linn tús a chur leis an gcruinniú. Tá leithscéal faighte agam ón Teachta Éamon Ó Cuív.

Inniu déanfaimid plé ar an scéim ginearálta agus na dréachtcheannteidil de Bhille na dteangacha oifigiúla (leasú) 2017 le hionadaithe ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Cuirim céad míle fáilte roimh an Dr. Aodhán Mac Cormaic, stiúrthóir na Gaeilge, an tUasal Micheál Ó Conaire, príomhoifigeach, agus Tríona Ní Mhathúna, Uasal. Beidh seisiún poiblí againn ar dtús agus ansin beidh seisiún príobháideach againn chun na mionsonraí a phlé. Tá sé tábhachtach tús poiblí a chur leis an bplé mar táimid ag fanacht le fada an lá ar an dréachtBhille seo. Tá an-tábhacht ag baint leis, go háirithe i bhfianaise an Choimisinéara Teanga agus na deacrachtaí atá againn faoi láthair maidir leis na scéimeanna teanga nach bhfuil ag feidhmiú agus maidir le cúrsaí earcaíochta mar a bhaineann siad le daoine le Gaeilge.

Clerk to the Committee

Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar a n-aird go bhfuil siad, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste do na finnéithe, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal tar éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urraimiú nach chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí ar bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuireann siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh ghréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach ina ainm nó ina hainm nó ar shlí ina bhféadfaí é nó í a aithint.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Gabhaim mo bhuíochas leis an gcoiste as ucht an cuireadh a thabairt dom labhairt anseo inniu. Tá mé anseo inniu, dar ndóigh, le labhairt faoi cheannteidil Bhille na dteangacha oifigiúla (leasú) 2017. Déarfainn go dtuigeann an coiste an cúlra maidir leis an athbhreithniú ar an Acht teanga. Foilsíodh torthaí an athbhreithnithe i mí Aibreán 2014. Mar atá a fhios ag an gcoiste, bhí go leor míshástacht le cuid de na leasuithe a bhí molta sa chéad leagan den Bhille leasaithe a d'eascair ón athbhreithniú sin agus níor foilsíodh riamh é dá bharr. D'iarr an t-iarAire Stáit, an Teachta Seán Kyne, athbhreithniú eile a dhéanamh ar an mBille nuair a ceapadh é don aireacht anuraidh. Tar éis thréimhse comhairliúcháin i mí Mheithimh na bliana seo, foilsíodh ceannteidil an Bhille nua. Is dóigh go bhfuil cur amach maith ag an gcoiste ar an bpointe seo ar céard atá sna ceannteidil. Níl sé i gceist agam mar sin dul tríd na ceannteidil ceann i ndiaidh a chéile ach tabharfaidh mé léargas ar na spriocanna atá againn leis an mBille.

Ba chóir a rá i dtosach gurb í an bhunfhadhb atá againn leis an mBille nua seo ná cinntiú go leanann an tAcht do bheith ina thacaíocht éifeachtach do gach duine ar mhian leo seirbhísí d'ardchaighdeán i nGaeilge a fháil ón Stát. Ó mo thaithí féin agus taithí na Roinne de agus ón bhfianaise atá ar fáil ó thaighde ó Oifig an Choimisinéara Teanga agus ó na heagrais Ghaeilge agus grúpaí eile, creidim go bhfuil éileamh ann i measc an phobail ar sheirbhísí a bheith ar fáil i nGaeilge. Ní hamháin sin ach tá an pobal ag súil go mbeidh na seirbhísí a bheidh ar fáil ar chomhchéim leis na seirbhísí a cuirtear ar fáil i mBéarla. Tá mé cinnte go bhfuil cur amach ag comhaltaí an choiste air sin óna dtaithí féin. Is iarracht í an Bille seo tríd na ceannteidil éagsúla timpeallacht a chruthú ina mbeidh ról níos lárnaí ag an teanga in obair an Stáit agus go mbeidh an teanga níos feiceálaí agus go mbeidh fáil i bhfad níos leithne ar sheirbhísí trí Ghaeilge, agus ní hamháin sin ach go mbeidh tuiscint i bhfad níos fearr ag an saoránach ar na seirbhísí atá ar fáil dó nó di agus cén caighdeán seirbhíse ar cheart a bheith ag súil leis.

Tá iarracht déanta sna ceannteidil seo dul i ngleic le dhá mhórcheist: na scéimeanna teanga agus an earcaíocht sa tseirbhís phoiblí. Mar atá a fhios ag an gcoiste, cuireadh córas na scéimeanna ar bun chun cur le líon agus caighdeán na seirbhísí trí Ghaeilge a bheadh á gcur ar fáil ag na comhlachtaí poiblí don phobal. Tá próiseas daingnithe na scéimeanna dúshlánach ach tá dul chun cinn áirithe déanta ó thaobh seirbhísí de ó cuireadh na scéimeanna ar bun. Ag an am céanna, tá sé aitheanta againn go raibh agus go bhfuil go leor deacrachtaí leis an gcóras. Ina thráchtaireacht níos túisce i mbliana, chuala muid ón gCoimisinéir Teanga faoi na laigeachtaí a bhaineann le córas na scéimeanna teanga. Ba mhór an cuidiú an tráchtaireacht sin agus tógadh na hargóintí a rinne sé ar bord agus muid ag dréachtú na gceannteideal. Mar sin, mar chuid den Bhille nua, tá sé i gceist córas na gcaighdeán a thabhairt isteach anseo in Éirinn. Faoin gcóras seo, beidh rangú le déanamh ar chomhlachtaí poiblí ag baint úsáid as rialacháin chun caighdeán a leagan síos do na comhlachtaí seo. Ar an mbealach seo, bheadh muid in ann a chinntiú go mbeadh na caighdeáin is airde ó thaobh úsáid na Gaeilge de bainteach leis na heagraíochtaí a mbíonn ag soláthar seirbhísí don phobal, go háirithe pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Táthar ag súil go mbeidh an córas seo níos éifeachtaí ó thaobh chearta an tsaoránaigh a chosaint agus go laghdóidh sé an t-ualach riaracháin a bhaineann le haontú scéimeanna teanga faoi láthair. Má tá an córas nua seo chun a bheith éifeachtach, beidh orainn díriú ar chúrsaí earcaíochta. Is é ceann de na príomhfhadhbanna a chuireann bac ar sheirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge nach bhfuil na daoine leis na scileanna cuí fostaithe sna hoifigí cuí. Má táimid chun feabhas a chur ar seo, caithfidh an Stát líon na bhfostaithe Stáit atá in ann seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge a mhéadú agus a chinntiú go bhfuil Gaeilge ar a dtoil ag oifigigh Stáit atá ag feidhmiú i gceantair Ghaeltachta.

Chun an cheist seo a fhiosrú, labhair muid le Ranna Stáit éagsúla le linn dréachtú na gceannteideal agus tá plé leanúnach ar bun leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí maidir le ceist na hearcaíochta.

Beidh sé mar chuspóir sa Bhille go mbeidh 20% de na daoine nua a earcaítear don tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge, go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge agus go mbeidh na comhlachtaí in ann freastal ar an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Ní tharlóidh sé seo thar oíche. Tuigimid sin. Creidim gurb í an earcaíocht croílár na ceiste agus táim dóchasach gur féidir tógáil, ar bhonn céimniúil, ar líon na bhfostaithe le Gaeilge agus, ag eascairt as sin, go mbeidh muid in ann feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge mar is cóir.

Is iad sin na mórphointí ó na ceannteidil. Mar a thuigfidh baill den choiste, tá roinnt mhaith ábhair eile chomh maith, mar shampla dualgais chomhlachtaí poiblí maidir le hainmneacha, seoltaí agus foirmeacha oifigiúla i nGaeilge. Táimid ag iarraidh cinntiú go n-éascóidh comhlachtaí poiblí úsáid ainmneacha agus seoltaí sa dá theanga oifigiúla. Is rud bunúsach é seo ach is rud fíor-thábhachtach é freisin. Táimid ag iarraidh cinntiú go mbeidh ainmneacha Gaeilge agus lógónna i nGaeilge ag gach comhlacht Stáit mar go bhfuil siombalachas láidir ag baint leis na nithe seo. Tá sé tábhachtach go mbeadh an Stáit ag léiriú meas ar ár gcéad teanga náisiúnta agus is modh díreach agus simplí é seo chun é sin a dhéanamh.

Cá bhfuil muid anois leis an mBille? Faoi láthair táimid ag obair i gcomhréir le dréachtóir in Oifig an Ard-Aighne chun an Bille a dhréachtú. Ag an am céanna agus muid ag foilsiú na gceannteideal, táimid i mbun comhairliúcháin leis na Ranna Stáit ábhartha, grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta, an Coimisinéir Teanga agus páirtithe leasmhara eile le cinntiú go mbeidh an Bille is fearr, is éifeachtaí agus is láidre gur féidir a bheith againn le tabhairt ós comhair an Oireachtais. Tá na ceannteidil curtha faoi bhráid an chomhchoiste ar mhaithe le scrúdú réamhreachtach a dhéanamh orthu. Tá súil againn go mbeidh an Bille ar chlár reachtaíochta an Rialtais ag tús 2018. Creidim go láidir gur ag obair i gcomhar lena chéile is fearr a bhainfimid tórthaí dearfacha amach don teanga agus do phobal na Gaeilge. Ag deireadh an lae tá na cuspóirí céanna againn ar fad. Is é sin an teanga a chur chun cinn sa Státchóras agus í a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile.

Ar dtús beidh ceisteanna ginearálta agus ansin beidh seisiún príobháideach againn. B'fhéidir go gcuirfidh na baill ceisteanna ginearálta, ag díríú isteach ar na ceisteanna atá tábhachtach.

Cuirim céad fáilte roimh na finnéithe. Táimid thar a bheith sásta go bhfuil muid ag an staid seo agus go bhfuil muid ag plé an Bille seo. Ceapaim go nglacann chuile duine ar an gcoiste seo leis go bhfuilimid ag iarraidh brú ar aghaidh leis an reachtaíocht chomh sciobtha agus is féidir. Aithnímid chomh maith céanna, ó bheith ag caint leis an gCoimisinéir Teanga agus le heagraíochtaí Gaeilge, go bhfuil deacrachtaí ollmhóra le cur i bhfeidhm an Achta mar atá. Maidir le ceist atá sna meáin arís inniu, bhí an Coimisinéir Teanga ag caint ar maidin maidir le comhlachtaí a chuireann seirbhísí ar fáil i gceantair Gaeltachta ar son Ranna Stáit nó comhlachtaí Stáit. An bhfuil sé i gceist go mbeidh sé sin clúdaithe i bhforálacha an Bhille nua? Mar shampla, má tá an Roinn Sláinte ag úsáid comhlacht príobháideach le seirbhísí sa nGaeltacht a sholáthar ar a son, an mbeidh sé sin clúdaithe faoin Acht nua?

Is é an taithí atá againn ná go bhfuil cuid mhaith de na Ranna Stáit an-dona ó thaobh seirbhísí Gaeilge agus mar sin de, de réir na tuairiscí bliantiúla a chuireann an Comisinéir Teanga amach. Ó thaobh na comhráite atá ar bun leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, an bhfuil na finnéithe dóchasach go bhfuil an Roinn tiomanta agus dairíre maidir leis an Acht nua seo, go háirithe ó thaobh na spriocanna dúshlánacha i leith earcaíochta? Caithfidh sí bheith lán taobh thiar dóibh siúd. Le bheith fírinneach, bhí an Roinn an-dona ó thaobh cur i bhfeidhm na scéime teanga a bhí aici féin. Bhí drochthaithí ag an gComisinéir Teanga léi de réir mar a thuigim. Bheadh sé sin tábhachtach.

Ó thaobh na rialachán, bhí Dr. Mac Cormaic ag caint ar rangú comhlachtaí. Cén chaoi a shamhlaíonn na finnéithe a tharlóidh an rangú sin? Cén rangú a bheidh i gceist? An mbeidh catagóir A, B agus C ar nós na catagóirí Gaeltachta? Cén chaoi a ndéanfar briseadh síos air sin? Cén chaoi a roghnófar an ceann ina gcuirfear comhlacht faoi leith?

Tá caint ar earcaíocht sa Státseirbhís agus go mbeidh 20% de na daoine inti inniúil ar an nGaeilge agus in ann seirbhís a thabhairt tríthi. Cén caighdeán Gaeilge a mbeifear ag súil leis ón ndream seo? An mbeidh muid ag caint ar lucht na cúpla focal nó an mbeifear ag úsáid caighdeán ar nós Theastas Eorpach na Gaeilge, TEG, atá aitheanta ar fud na hEorpa? An gcaithfidh duine caighdeán TEG a bhaint amach sula nglacfar leis go bhfuil sé nó sí inniúil agus incháilithe ó thaobh Acht na dteangacha oifigiúla de? Má táimid ag caint ar 20% den Státseirbhís agus na comhlachtaí seo, cé mhéad duine a bheadh i gceist go garbh? Cathain a shamhlaíonn na finnéithe go tiocfaimid le 20%? Chonaic muid taithí an Thuaiscirt nuair a bhí comhionannas á chur i bhfeidhm sa gcóras poilíneachta. Leagadh tréimhse ama síos - sílim gur cúig bliana a bhí i gceist - le comhionannas a bhaint amach. Cén sórt scála ama a bheadh muid ag caint faoi ó thaobh an 20% seo a bhaint amach tar éis na cainteanna a bhí ag na finnéithe?

An bhfuil comhráite ar bun maidir le comhlachtaí príobháideacha sa Stáit? Tuigim go bhfuil méid áirithe oibre ar siúl ag coimisinéir teanga na Breataine Bige agus go bhfuil cumhachtaí áirithe aige le hiarraidh ar chomhlachtaí príobháideacha an Bhreatnais a úsáid níos mó agus i mbealach i bhfád níos feiceálaí. An bhféadfaí sin a thabhairt san áireamh san Acht seo? Sílim go bhfuil go leor ceisteanna ansin agus go bhfuil cuid de na croícheisteanna san áireamh. Bheadh mé an-sásta na freagraí a chloisteáil.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Maidir leis an gceist faoin rud a tharla i Ros a' Mhíl, níl rud mar sin inghlactha. Bímid i gcónaí ag caint faoin deacracht a bhaineann le daoine le Gaeilge agus le scileanna arda ar nós dochtúirí, siceolaithe agus araile a fháil. Tá sé deacair ag an earnáil Stáit postanna le Gaeilge mar sin a líonadh sna ceantair Ghaeltachta. Maidir leis an bpost áirithe atá i gceist, tá cónaí orm agus ar an Seanadóir féin i gConamara, agus tá a fhios agam go bhfuil neart daoine le Gaeilge thart a bheadh in ann post ar nós an post i Ros a' Mhíl a chomhlíonadh. Caithfidh go mbeidh bealach níos fearr ann chun tabhairt faoin fhadhb sin a réiteach. Más buan mó chuimhne, bhí plé againn leis an gCoimisinéir Teanga agus bhreathnaigh muid ar bhealaí le tabhairt faoi sin. B'fhéidir gur bhféadfaí breathnú ar chonarthaí áirithe.

Bhí muid ag caint ag pointe amháin ar chonarthaí a mbaineann infheictheacht mhór leo, conarthaí ar nós ceann dublinbikes, cé gur comhlacht príobháideach é. Is léir go bhfuil tionchar mór ag an gcomhlacht sin agus go bhfuil sé le feiceáil ag chuile duine. Níl sé sásúil go mbeadh na rothair sin ag dul thart gan Ghaeilge orthu. Níl a fhios agam i ndairíre an bhfuil Gaeilge ar an tseirbhís toisc nár úsáidim é, ach is é sin an cineál rud go mbeadh muid in ann déileáil leis. Bheadh muid in ann teacht ar mheicníocht le conarthaí áirithe a aithint agus iad a chur san áireamh san Acht. Is é an freagra gearr atá ar cheist Ros a' Mhíl ná gur daoine le Gaeilge iad tromlach na ndaoine agus na gcustaiméirí a bhíonn ann. Ní bheadh sé sásúil dúinn mar Roinn go mbeadh ar dhaoine bheith ag plé leis an Stát i Ros a' Mhíl trí mheán an Bhéarla.

Ar an gceist sin, nár chóir go mbeadh an fhreagracht chéanna ar fhochomhlacht agus atá ar an Roinn?

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Sílim go gcaithfimid breathnú ar an gceist. Bhí smaointe ag an gCoimisinéir Teanga faoi sin agus phléigh muid leis iad. Sílim go gcaithfimid breathnú níos géire air sin, go háirithe ar rudaí ar nós an cás sin a tharla ar maidin. Bhí go leor ceisteanna ag an Seanadóir. Maidir leis an gceann faoin Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, bhí cúpla cruinniú againn leis an Roinn agus bhí na hoifigigh thar a bheith cabhrach agus dearfach i rith na comhráite uilig a bhí againn. D'aithin siad go raibh fadhb ann leis an earcaíocht agus le líon na ndaoine le Gaeilge sa Státchóras agus go bhfuil deacracht ann maidir le postanna le Gaeilge. Nuair a ceapadh mé féin agus mo chomhghleacaí, an tUasal Ó Conaire, inár bpostanna ag deireadh na bliana seo caite, ghabh muid timpeall na Ranna Stáit uilig ag caint leis na hoifigigh pearsanra. Fuair muid tacaíocht don rud a bhí muid ag díol leo - seachas i Roinn nó dó - is é sin go raibh gá le níos mó daoine le Gaeilge a fháil isteach sa Státchóras. Luaigh siad cúis na deacrachta agus bhí sé thar a bheith simplí. Bhí orthu daoine a fháil le scil ar leith ar chostas neodrach do na Ranna seo. Dá mbeadh siad in ann teacht ar thuilleadh daoine le Gaeilge, chuirfidís fáilte mhór rompu.

Tá a fhios agam go bhfuil sé aitheanta ag an Seirbhís um Cheapacháin Phoiblí go bhfuil fadhb ann i dtaobh an bhealaigh ina láimhseáladh na comórtais. Tá sí tar éis breathnú ar na córais agus, go bhfios dúinn agus má tá an ceart agam, tá roinnt tweaking déanta aici ar an gcóras a úsáidtear. Tá sí ag dul sa treo agus go mbeidh toradh níos fearr ar na comórtais atá aici le haghaidh tuilleadh daoine le Gaeilge a sholáthar don Státchóras. Is fadhb mór é. Chuaigh muid ag go leor Ranna agus dúirt siad nach raibh siad in ann daoine le Gaeilge a fháil. Is é sin ceann de na deacrachtaí. Chun dul ar ais go buncheist an Seanadóra, go ginearálta tá na daoine a bhfuil muid ag plé leo sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe thar a bheith cabhrach. Aithníonn siad go bhfuil fadhb ann agus bíonn siad ag iarraidh tacú le réiteach na faidhbe a aimsiú.

Ar cheist na rialachán agus rangú a dhéanamh ar na comhlachtaí, tá roinnt mhachnaimh déanta againn air seo. I dtaobh an rangaithe, tá roinnt rudaí a sheasann amach. Féadfaí a rá gur féidir leis na Ranna Stáit, go háirithe dóibh siúd a bhfuil interface mór acu leis an bpobal, a chur isteach i rangú amháin. Bheadh rangú eile ann i leith na hearnála tríú leibhéal. Bheadh ceann eile do na húdaráis áitiúla. Tá a lán rudaí a tharlóidh anseo go nadúrtha agus a bheadh éasca. Is é an áit ina bheidh an deacracht ná nuair a tagtar síos go dtí cuid de na comhlachtaí poiblí - comhlachtaí leath-Stáit. Beidh cinneadh le déanamh maidir le conas a dhéileálann na comhlachtaí seo leis an bpobal. Is léir go bhfuil dreamanna ar nós an HSE a bhfuil interface mór acu leis an bpobal. Nuair a tagtar síos go dtí comhlachtaí ina bhfuil cúpla duine ag obair ag plé le hábhair nimhneach nó whatever, anseo caithfear a rá cén sórt catagóir inar chóir iad a chur. Is é sin an áit ina mbeidh na deacrachtaí. Ní dóigh liom go mbeidh deacrachtaí leis na príomhchomhlachtaí. Tá go leor machnaimh á dhéanamh againn air seo agus táimid ag breathnú air. Chas muid le Rialtas na Breataine Bige freisin agus chuaigh a ionadaithe tríd na deacrachtaí a bhí acu. Tá siadsan ag feidhmiú córas na caighdeán le roinnt blianta. Ag pointe amháin tháinig an córas beagnach go dtí lán stad mar gheall ar chomh casta a bhí na caighdeáin a leagadh síos. Is rud amháin nach bhfuil muid ag iarraidh é sin. Tá sé sách deacair bheith ag plé le scéimeanna teanga. Níl muid ag iarraidh críochnú suas le córas eile atá chomh casta leis agus lena thagann an t-uafás riaracháin. Táimid ag iarraidh go mbeidh na caighdeáin a leagfaidh muid amach chomh simplí agus is féidir. Tá súil againn go mbeidh muid in ann dréachtchaighdeáin nó dréachtrialacháin a chur le chéile mar phlécháipéis nuair a bheidh an Bille réidh le dul tríd an Oireachtas.

An é sin le rá nach mbeadh na rialacháin mar chuid den bhunreachtaíocht?

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Déanfar na rialacháin astu féin. Is é sin an bealach ina ndéantar é seo. Bheadh sé an-chasta dá mbeadh rialacháin san Acht. Nuair atáthar ag plé leis an oiread sin comhlachtaí poiblí, ní mhaith le go mbeadh na rialacháin istigh sa phríomhreachtaíocht. Dá mbeadh ceann le leasú, bheith orainn teacht ar ais agus an proiséas a chur tríd na Tithe arís. Is fearr é a dhéanamh mar sin. Is é sin atá déanta sa Bhreatain Bheag freisin. Tá na rialacháin nó na caighdeáin istigh i rialachán. Is é sin an coincheap ach beimid ag súil go mbeadh muid in ann rud éicint a chur ar fáil mar phlécháipéis in éineacht leis an mBille le go dtuigfidh Baill céard faoi a bhfuil muid ag caint agus an Bille ag dul tríd na Tithe.

Bhí cúpla rud eile ag an Seanadóir. Ar an 20% agus an caighdeán a bheadh muid ag úsáid ina leith, déileálfaidh mé leis an gcaighdeán ar dtús. Tá cúpla rud ann a dhéanann an scéal casta. Arís, tá áiteanna ar nós an oifig atá againn sna Forbacha ina dhéantar an gnó uilig trí mheán na Gaeilge. Bímid ag súil go bhfaighimid daoine le hardchaighdeán scileanna teanga idir labhartha agus scríofa isteach ansin. Is beithíoch ar leith é sin. Caithfimid teacht ar bhealach le déileáil leis sin. Is ceann de spriocanna na gceannteideal é go mbeidh na hoifigí Gaeltachta uilig ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge amach anseo. Caithfimid bheith ar an airdeall faoi sin. Nuair a bhfaighfimid daoine isteach sna hoifigí sin, caithfimid bheith cinnte go bhfuil na scileanna ar ardchaighdeán acu. Tá sé difriúil ansin nuair a tagtar go dtí Ranna Stáit atá lonnaithe ar Shráid Chill Dara, mar shampla. B'fhéidir go dteastaíonn leibhéal difriúil Gaeilge ansin. Braitheann sé go leor ar an bpost agus ar an ngrád atá i gceist. Bheifí ag súil go mbeadh duine ar leibhéal príomhoifigigh nó leibhéal príomhoifigigh cúnta ag teacht isteach réidh le himeacht. B'fhéidir go mbeidh am ann le haghaidh oiliúint a chur ar dhaoine i gcuid de na grádanna eile. Sin ceann de na rudaí ar a gcaithfimid breathnú freisin.

I dtaobh an 20%, beidh sé thar a bheith dúshlánach é sin a bhaint amach. Is é bunaidhm an Achta seo ná daoine a fháil isteach sa chóras cé chomh sciobtha is atáimid in ann. Táimid ag dul tríd an rud ceannann céanna anois agus muid ag plé leis na hinstitiúidí Eorpacha ar mhaithe le deireadh a chur leis an maolú ar úsáid na Gaeilge iontu. Tá siad ag cuardú daoine le hardscileanna - aistritheoirí agus dlítheangeolaithe. Níl daoine leis na scileanna sin ag titim ó na crainn. Caithfimid bheith réalaíoch faoi seo. Má táimid ag iarraidh daoine a fháil isteach sa Státchóras agus an cúota sin de 20% a líonadh, caithfimid caint faoi phroiséas fadtéarmach. Táimid ag caint faoi dul ag obair ar rud atá tosaithe cheana féin. Is é seo a bheith ag obair leis na scoileanna dara leibhéal agus cur ina luí ar na daltaí go bhfuil postanna amuigh ansin do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu, nó go mbeidh siad ann, nuair a chríochnaíonn siad ag an scoil nó an ollscoil. Beidh sé sin thar a bheith lárnach sa phroiséas. Táimid tosaithe air sin agus tá feachtas ar siúl againn sna scoileanna.

Cén chaoi a dhéanfaidh a leithéid den tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí é sin, mar shampla?

Tiocfaidh mé ar ais chuig an Seanadóir.

An féidir liom díreach soiléiriú a fháil ar an gceist seo faoi na caighdeáin? An bhfuilfimid ag caint faoi dhaoine a bhfuil Gaeilge láidir acu nó a bhfuil TEG acu?

Gabh mo leithscéal. Beidh neart ama ag an Seanadóir sa seisiún príobháideach.

Is ceist phoiblí é seo atá fíor-thábhachtach do dhaoine.

Tá a fhios agam ach tá cúigear ag iarraidh teacht isteach. Beimid anseo go 7.30 p.m. Beidh neart ama agus neart deiseanna ag an Seanadóir. Gabh mo leithscéal as cur isteach ar an Seanadóir. An tabharfaidh Dr. Mac Cormaic freagra ar an gceist deireanach seo agus ansin rachaidh mé ar aghaidh go dtí an Teachta Tóibín?

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Is rud fadtéarmach é agus caithfimid bheith réalaíoch faoi seo. Níl líon na daoine a thagann tríd an Seirbhís um Cheapacháin Phoiblí faoi láthair, fiú na daoine a chuireann isteach ar na postanna le Gaeilge, chomh fairsing sin. Caithfimid tosú ag aois óg ag cur in iúl do na daoine óga gur féidir le postanna le Gaeilge a bheith ann, ní hamháin sa Státchóras in Éirinn ach sa Státchóras sa Bhruiséil. Táimid ag cur tograí eile chun cinn sna hollscoileanna. Luaigh an Seanadóir comhráite faoi na comhlachtaí príobháideacha. Faoi láthair níl aon rud faoi comhlachtaí príobháideacha sna ceannteidil mar atá siad, seachas comhlachtaí a fhaigheann conarthaí ón Stát. Caithfimid teacht ar bhealach le hiad a chlúdach san Acht.

Is lá maith é seo. Is é sin an chéad rud. Is iontach an rud go bhfuil muid ag tosnú ar an mbóthar sin. Tá fíor-dheis againn ré nua a chruthú mar gheall ar an nGaeilge agus mar gheall ar an nGaeltacht.

I ndáiríre, braitheann sé ar na sonraí freisin. Is féidir linn rogha idir dhá Bhille a dhéanamh: Bille atá láidir nó Bille atá lag. Tá an deis sin os ár gcomhair.

Labhair an Seanadóir Ó Clochartaigh faoin méid a thit amach i Ros an Mhíl agus chuirfeadh sé mearbhall agus fearg ar dhuine. Sin eagraíocht Stáit ag déanamh neamhaird iomlán arís is arís eile ar an nGaeltacht agus ar an nGaeilge agus ar a dualgais freisin. Ní thuigeann eagraíochtaí Stáit an rud atá ann. Tá taithí agamsa ar an OPW, ar an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, ar líne gutháin na gCoimisinéirí Ioncaim agus ar cúram baile an HSE. Tá na heagraíochtaí Stáit sa tír seo ag déanamh neamhaird arís is arís eile ar an nGaeilge agus tá siad ag déanamh dochar don teanga, ach tá deis againn é seo a dheisiú. Ba cheart go mbeadh cairéad agus bata sa Bhille seo. Tá cabhair de dhíth ag eagraíochtaí a ndualgais a chomhlíonadh, ach caithfidh go mbeadh a fhios acu go mbeidh bata éigin ann, mar shampla, fíneáil, má sháraíonn siad a ndualgais.

Má chuirfimis na rudaí i bhfeidhm i gceart, ní bheidh costas mór ag baint leis seo ar chor ar bith. Ní bheidh costas mór ann do na heagraíochtaí a ndualgais earcaíochta a chomhlíonadh. Chun é seo a dhéanamh, áfach, ba cheart don chóras oideachais cabhrú leis. Ba cheart don Aire Oideachais agus Scileanna agus a Roinn a bheith ag obair leis an Roinn seo chun gach ceann de na céimeanna a chur i bhfeidhm ag an am ceart ionas go dtiocfaimid go dtí an sprioc atá againn.

Maidir leis na mionsonraí, tá go leor daoine ag teacht chugam agus tá siad ag dul go dtí an Coimisinéir Teanga freisin ag iarraidh a n-ainmneacha iomlána a úsáid as Gaeilge. Tá a fhios agam go bhfuil an Bille seo ag iarraidh fíoraitheantas dlíthiúil a thabhairt dóibh siúd atá ag iarraidh a n-ainm Gaelach a úsáid. Is iontach an rud go bhfuil an nós sin i bhfad níos feiceálaí thart timpeall orainn anois ná mar a bhí nuair a bhí mise óg. Ní cheapaim go bhfuil córas simplí, éasca agus caighdéanach ann chun go mbeadh daoine in ann é a bhaint amach, áfach. Ceapaim go bhfuil ceann ag Oifig na bPasanna ach ba cheart go mbeadh caighdeán ann do na heagraíochtaí eile sa Stát. Ba cheart go mbeadh duine in ann cinneadh a dhéanamh agus go mbeadh a ainm aitheanta go hiomlán.

Ba cheart go mbeadh córas ann chun profáil a dhéanamh ar Bhillí nua atá ag teacht ón Rialtas agus ón bhFreasúra ó thaobh a ndualgais Ghaeilge a chomhlíónadh. Titfidh an rud amach as a chéile sa todhchaí má bhíonn reachtaíocht nua ann agus fós neamhaird déanta sa reachtaíocht sin ar an nGaeilge.

An mbeadh aon deis againn sa Bhille seo dualgais a chur ar eagraíochtaí príobháideacha ar nós na bainc atá ag feidhmiú le ceadúnas ón Stát? Nílim ag caint faoi dhualgais a bheadh mar an gcéanna le dualgais an Stáit ach, mar atá sa Bhreatain Bheag, go mbeadh dualgais orthu a gcuid seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge in áiteanna áirithe.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Maidir leis na hainmneacha Gaeilge agus go mbeadh cead ag daoine ainmneacha Gaeilge a úsáid, bhíomar ag obair leis an rannán sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a bhíonn ag plé le cúrsaí ríomhaireachta agus a leithéid ar son an Stáit. Bhíomar ag plé leis an rannán seo faoin chóras IT atá ag na heagraíochtaí Stáit a chur in oiriúint do hainmneacha Gaeilge. Mar is eol dúinn uilig, go hiondúil bíonn ár gcuid ainmneacha i nGaeilge níos faide. Bíonn rudaí den tsaghas sin ann. Tá ceann de na ceannteidil sa Bhille dírithe ar chórais a chur in oiriúint le haghaidh ainmneacha Gaeilge. Is rud difriúil uilig go mbeadh duine éigin a bhí ag baint úsáid as leagan Béarla dá ainm ar feadh na mblianta ag teacht isteach ón tsráid agus a rá go bhfuil siad ag iarraidh úsáid a bhaint as an leagan Gaeilge. Tá deacrachtaí ansin ó thaobh chúrsaí slándála agus mar sin de. Tá a córas féin ag gach eagraíocht agus aontaím leis an Teachta go mbeadh sé go deas dá mbeadh an córas céanna ag gach dream, mar shampla, Oifig na bPasanna nó an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí. Níl mise chun dul i ngleic leis sin mar is ceist difriúil é seachas ceist teanga. Is ceist slándála é sin agus tá mé ag ceapadh nach bhfeillfeadh an cheist áirithe sin don Bhille seo.

Maidir le Billí agus polasaithe an Stáit profáilte le haghaidh cúrsaí teanga, mar státseirbhíseach bím i gcónaí in amhras faoi na rudaí sin. Feicimid go leor den stuif agus chuamar tríd go leor pleananna forbartha náisiúnta. Feictear poverty proofing, rural proofing agus chuile saghas proofing ann ach, ag deireadh an lae, bíonn siad fágtha ag bun an liosta. Níl mé ag rá go dtarlaíonn sé seo i gcónaí ach go leor den am bíonn an claonadh ar an tseirbhís phoiblí an bosca a ticeáil nach bhfuil aon impleachtaí ansin. Tá sé feicthe againn uilig. Sin an fáth go bhfuil mé cineál amhrasach faoin rud seo. Tá sé iontach a bheith in ann a rá go bhfuilimid ag déanamh cineál profáil i dtaobh teanga ar reachtaíocht agus polasaithe, ach bíonn an claonadh sin ann. Ní dhéarfainn go bhfuil sé chomh tábhachtach sa mhéad is go shílfear.

Luaigh an Teachta comhlachtaí príobháideacha ar nós na bainc agus iad sin a fháil isteach faoin reachtaíocht. Mar a luaigh mé leis an Seanadóir Ó Clochartaigh, táimid ag breathnú ar bhealaí le haghaidh comhlachtaí a bhfuil conarthaí Stáit acu a fháil isteach faoin Acht. Tá conarthaí ag an Roinn seo againne, mar shampla, seirbhísí farantóireachta agus seirbhísí aeir ar chósta an iarthair. Mar gheall go bhfuil an teanga ar an radar seo againne sa Roinn, níor theastaigh Acht teanga le haghaidh stuif a chur isteach sna conarthaí le go leor de na comhlachtaí sin. Tá coinníollacha curtha isteach sna conarthaí sin faoi sheirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil do na custaiméirí. Leath de na hoileáin sin, is oileáin Gaeltachta iad. Mar sin, leag muide síos sna conarthaí seo go gcaithfidh siad a bheith in ann seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. De réir mar a chuirfimid le líon na ndaoine le Gaeilge sa Státchóras, tiocfaidh an Ghaeilge ar an radar níos mó nuair a bheidh conarthaí Stáit á mbronnadh agus cáipéisí tairisceana á ndréachtú. Beidh daoine ag labhairt faoi cheisteanna teanga sna conarthaí sin. Tiocfaidh sé sin in imeacht ama. Má oibríonn an rud atá beartaithe againne amach i gceart, tiocfaidh sé sin in imeacht ama.

Dul chun cinn maith é seo agus aontaím go mór leis an bhfinné mar gheall ar an gclár ama. Ba chóir dúinn brú ar aghaidh go tapa leis chun go mbeidh sé ar an gclár reachtaíochta tar éis na Nollag. Is maith an rud a bheadh ann dá bhféadfaí é a bhrú ar aghaidh chomh tapaidh leis sin. Bí cinnte go mbeidh mé ag déanamh gach iarracht chuige.

Tá an-chuid ráite ag an bhfinné mar gheall ar na comhlachtaí éagsúla agus an teanga. Teastaíonn uaim díriú ar ábhar amháin faoi leith agus is é sin na conarthaí agus na comhlachtaí a bheadh ag cur seirbhísí ar fáil do mhuintir na Gaolainne ar fud na tíre ar fad. Go leor dóibh, tá na conarthaí ann cheana féin agus leanfaidh cuid de na conarthaí sin ar feadh na mblianta amach romhainn. Cuir i gcás an ceadúnas tiománaí: comhlacht príobháideach a bheidh ag freastal ar mhuintir na Gaolainne. An bhfuil sé in aigne an Roinn go mbeadh coinníoll sna conarthaí dá leithéid sin nuair a bheidh athnuachaint á dhéanamh orthu nó an féidir dul thar nais chuig na comhlachtaí sin a bhfuil conradh ann ar feadh tamaill fada chun é a phlé leo chun a chinntiú go mbeidh seirbhísí don chaighdeán cuí á gcur ar fáil do mhuintir na Gaolainne?

Maidir leis an 20%, is é an tuiscint atá agam ná go bhfuil an finné ag díriú go hiomlán ansan ar earcaíocht agus ar dhaoine nua ag teacht isteach sa chóras. An bhfuil an finné sásta go mbeidh an córas ábalta agallamh a chur orthu? An bhfuil go leor ag an gcóras cheana fein? N'fheadar cé chomh tapaidh is a bheadh sé in aigne teacht ar an 20% sin. Cad faoi dheiseanna a thabhairt dóibh siúd atá sa chóras cheana féin chun feabhas a chur ar a gcuid Gaolainne nó a chur leis an gcaighdeán atá acu?

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Ní dóigh liom go bhféadfaí dul ar ais ar aon chonradh Stáit atá ann faoi láthair. An t-aon bhealach a bhféadfaí é sin a dhéanamh ná ar bhonn deonach. Ní dóigh liom go bhféadfaí dul ar ais agus iachall a chur ar chomhlachtaí a bhfuil conarthaí nó téarmaí agus coinníollacha áirithe acu cheana agus a rá go gcaithfidh siad rud ar leith a chur i bhfeidhm. Má éiríonn linn rud éicint mar seo a chur isteach sa mBille, déarfainn le haghaidh conarthaí nua a bheadh sé le cur i bhfeidhm.

Mar a dúirt mé leis an Seanadóir Ó Clochartaigh faoin 20%, tá sé deacair a rá cén t-amscála a bheadh ann lena chur i bhfeidhm. Caithfimid dul i bhfeidhm ar dhaltaí óga sna meánscoileanna agus mic léinn sna hollscoileanna ionas go mbeadh siad ag smaoineamh agus ag cuimhneamh go bhfuil poist d'ardchaighdeán le Gaeilge sa Státchóras dóibh.

Mar sin, an bhfuil an finné ag tomhais an t-amscála i nglúine nó blianta nó míonna?

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Ní mhaith liom dáta a chur air. Táimid tosaithe cheana féin le feachtas postaer agus le feachtas leis na scoileanna. Táimid ag obair leis an dream atá i gceannas ar careersportal.ie. Úsáideann múinteoirí gairmthreoracha an suíomh seo. Táimid ag obair leis an suíomh seo agus ag cur suas stuif maidir leis na poist san earnáil phoiblí a bhfuil Gaeilge riachtanach lena n-aghaidh. Tá sé sin tosaithe cheana féin le mic léinn dara leibhéal. Táimid ag déanamh go leor oibre ag an tríú leibhéal freisin. Go háirithe, táimid faoi láthair ag díriú ar na poist san Eoraip. Tá thart ar 185 post d'ardchaighdeán ansin a bheidh le líonadh idir seo agus deireadh 2021. Tá cuid acu líonta cheana féin. Is dúshlán é mar gheall ar na scileanna teicniúla atá i gceist. Táimid ag caint faoi dhlítheangeolaithe agus aistritheoirí go príomha. Bheadh máistreachtaí déanta ag na daoine seo agus Gaeilge acu freisin. Mar a dúirt mé níos túisce, níl siad ag titim ó na crainn agus is dúshlán atá ann. Ó thaobh na hearnála tríú leibhéal, táimid ag díriú ar na poist sin san Eoraip go príomha ag an bpointe seo. Tá súil agam go bhfreagraíonn sé sin ceisteanna an Teachta.

Molaim an méid atá ráite agus an obair atá déanta go dtí seo. Is dócha go bhfuilimid go léir ar chomhaigne gur rud maith é an Bille seo. Tá cúpla rud le rá agam. Ba chóir go mbeadh an Béarla agus an Ghaeilge comhionann lena chéile ar chomharthaí bóithre ach, nuair a bhíonn duine ag féachaint orthu, níl an Ghaeilge róshoiléir. Sin mar atá domsa ar aon nós. When there is an obligation to have rudaí dátheangach, they should be the same size font agus gan difríocht. Mar a fheicimse é, níl sé soiléir go bhfuil an bhéim ar an nGaolainn chomh maith agus is chóir. Sin mo thuairim phearsanta. B'fhéidir go bhfuil rud bun os cionn le mo spéaclaí ach sin a deirimse.

Labhair an Seanadóir faoi cháilíochtaí chun Gaolainn a labhairt agus an leibhéal atá ag teastáil. Níl éinne ag rá gur chóir go mbeadh PhD sa Ghaeilge ag duine. Ba chóir dúinn seans a thabhairt do dhaoine nach bhfuil an Ghaeilge rómhaith acu obair a dhéanamh trí Ghaeilge agus a bheith ag déileáil leis an bpobal. Tuigim nach bhfuil aon duine ag rá nach chóir é sin a dhéanamh. Baineann sé seo le daoine - an custaiméir agus an Státseirbhíseach - a mhealladh chun Gaolainn a úsáid. Má tá Gaolainn ag duine agus, b'fhéidir, canúint Mhuimhneach aige, uaireanta ní thuigeann sé na canúintí eile. Caithfidh an Roinn féachaint air sin. Bhí Gaeilge na Mumhan ag mo athair. Na blianta fada ó shin, bhí cúrsaí cánach á phlé aige le bean in oifigí na gCoimisinéirí Ioncaim. Bhí Gaolainn Dhún na nGall aici agus Gaolainn na Mumhan ag mo athair agus níor thuig ceachtar acu cad a bhíodar ag rá ach ní raibh aon duine den bheirt acu an Béarla a labhairt. Lean an rud ar aghaidh ar feadh tamaill agus ní raibh aon fhreagra fiúntach air. Caithfidh béim a chur ar na canúintí agus go mbeadh eolas éigin ag daoine ar na canúintí eile, go mórmhór nuair nach bhfuil mórán Gaeilge acu. Cabhródh sé sin le labhairt na Gaeilge.

Aontaím gur chóir go mbeadh comhlachtaí príobháideacha ag úsáid Gaeilge, más féidir. Ag an am céanna, dúirt Banc na hÉireann go raibh sé chun deireadh a chur leis an rogha Ghaeilge ag an ATM toisc nach raibh aon duine á húsáid. Níl a fhios agam cad a tharla ó shin ach dúradh nach raibh ach b'fhéidir 1% nó 2% de na daoine a bhí ag úsáid na hATManna ag baint úsáid as an rogha Ghaeilge. Níl aon mhaitheas rialacha agus dlíthe a bheith ann muna bhfuil an Ghaeilge féin á labhairt nó á úsáid. Aontaím leis an méid atá ráite ó thaobh na Roinne Oideachais agus Scileanna chun cabhrú le Gaolainn a mhúineadh i slí níos fearr nó níos simplí agus níos mó béime a chur ar labhairt na Gaeilge.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Tá an chéad cheist faoi chomharthaí bóithre ardaithe le blianta ag Conradh na Gaeilge, go háirithe, agus daoine eile nach iad. Ní thagann an chomharthaíocht bóithre faoin Acht seo ach faoi reachtaíocht atá faoi chúram na Roinne Iompair, Turasóireachta agus Spóirt.

An féidir leasú a chur sa Bhille seo chun é sin a thabhairt faoin reachtaíocht seo?

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Go bhfios domsa, is rud an-chasta í an chomharthaíocht bóithre. Tá go leor múnlaí ann. Bhí mé féin agus an tUasal Ó Conaire thall sa Bhreatain Bheag agus, i measc rudaí eile a bhíomar ag déanamh, bhíomar ag déanamh suntais de na comharthaí agus an stíl a úsáideann siad thall ansin.

Tá a fhios agam go bhfuil deacrachtaí áirithe leis an múnla a úsáideann muide agus go bhfuil míshástacht ann i measc cainteoirí Gaeilge leis an gcóras atá ann, ach níl i gceist dul i ngleic leis sa mBille seo. Roinnt blianta ó shin, nuair a bhí an Taoiseach ina Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt ag an am, más buan mo chuimhne, thug sé scéim phíolótach isteach ach ní dheachthas ar aghaidh leis sin ar fáth éicint. Is faoin Roinn eile atá an cúram sin.

Maidir leis na canúintí, ní dóigh liom go bhfuil aon duine ag iarraidh coinneáil daoine le cánúintí áirithe amach as an tseirbhís phoiblí. Ní hé sin a bhí i gceist ag an Teachta, dar ndóigh. Nuair a chasaim le daoine le Gaeilge sa Státchóras, feicim meascán de chanúintí.

Is é a bhí i gceist agam ná go mbeadh duine leis an gcanúint chéanna ar fáil, mar shampla, ar an teileafón.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Tarlaíonn sé sin go nádúrtha in áiteanna ar nós an áit a bhfuil muide lonnaithe sna Forbacha, mar shampla. An chuid is mó de na daoine atá ag obair ansin, is daoine le canúint Chonamara iad seachas mé féin agus cúpla Dub eile. Sin a tharlaíonn go nádúrtha. Lonnaíonn daoine iad féin i gceantair mar sin. Ach an oiread leis an dream atá san oifig seo againne thuas i dTír Chonaill, is daoine le canúint Dhún na nGall iad. Tarlaíonn sé sin sna réigiúin agus déarfainn go dtarlaíonn sé go nádúrtha. B'fhéidir go bhfuil sé difriúil i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil meascán mór de dhaoine.

Tá mé ag caint faoi ghnáthdhaoine ar, b'fhéidir, the eastern side of the country atá ag iarraidh Gaeilge a labhairt le Státseirbhíseach. That is my point. I accept nach mbeadh an difríocht sin ann sa Ghaeltacht.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

An fhadhb atá ann ná go mbíonn sé sách deacair teacht ar dhaoine le Gaeilge. Má thosaíonn muid ag rá go dteastaíonn duine le canúint Dhún na nGall nó canúint-----

If it happens that people do not understand each other, that is the problem. As a principle, I think it would be a good one that we would try to help them. Perhaps I am wrong.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Luaigh an Teachta Banc na hÉireann agus na hATManna. Is comhlacht príobháideach é Banc na hÉireann. Tá a fhios agam go raibh feachtas ann maidir leis an gcinneadh. Go bhfios dom, thosaigh Conradh na Gaeilge an feachtas. Níl a fhios agam cad a tharla.

Níl a fhios agam ach an oiread.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Tá an rogha fós ann i go leor de na hATManna ach níl a fhios agam an mbaineann sé le hinnill áirithe atá siad á gcur isteach seachas na cinn uilig.

Ba mhaith liom dul ar ais go dtí pointe a luaigh an Teachta Moynihan faoi dheiseanna a thabhairt do dhaoine taobh istigh den Státchóras an Ghaeilge a fhoghlaim. Tá conradh ag Foras na Gaeilge le Gaelchultúr agus cuireann an cuideachta sin seirbhís ar fáil. Tá na figiúirí thar a bheith folláin. Má bhreathnaíonn muid ar na figiúirí ó thús 2013 go dtí Nollaig 2016, chuaigh 4,744 seirbhísigh phoiblí tríd na doirse ansin chun cúrsa a dhéanamh.

Cé mhéad?

Dr. Aodhán Mac Cormaic

An figiúir atá ann ná 4,744 suas go dtí deireadh na bliana seo caite. An líon daoine san earnáil phoiblí a rinne na cúrsaí ná 5,258. Is líon mór daoine atá i gceist agus is iadsan oifigigh atá ag feidhmiú sa chóras cheana féin. Má táimid chun réiteach a fháil ar an bhfadhb seo, is meascán de dhaoine nua le Gaeilge a fháil isteach agus oiliúint níos fearr a chur ar dhaoine atá ann sa chóras cheana féin a bheadh ann.

Maidir leis na figiúirí sin, cén caighdéan a bhí ag na daoine ag déanamh na cúrsaí sin?

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Tá an liosta iomlán agam. Tabharfaidh mé blas dó-----

Fiú an liosta a chur ar fáil tar éis an chruinnithe.

B'fhéidir go dtabharfadh an Dr. Mac Cormaic cóip den liosta do chuile dhuine. Glaoim ar an Seanadóir Ó Domhnaill.

Tá lúchair orainn an deis a bheith againn an phlé seo a bheith againn. Bille tábhachtach an Bille seo agus tá sé tábhachtach go mbeadh an réamhscrúdú seo ann. Is deis mhaith é don choiste seo go bhfuil an deis sin againn. Tá cúpla ceist agam ag an phointe seo. Is é sprioc an Bhille seo ná leibhéal na Gaeilge san earnáil phoiblí a ardú agus an tseirbhís a chuirtear ar fáil ón Stát a bheith níos coithroime ó thaobh na Gaeilge de, rud nach bhfuil, de réir cosúlachta, ag tarlú trasna go leor de na Ranna Rialtais, eagraíochtaí Stáit agus comhlachtaí pobalbhunaithe faoi láthair. Ó thaobh an chórais mar atá sé faoi láthair, bhí seirbhís darbh ainm Gaeleagras ar fáil taobh istigh den Státchóras agus bhí deontais ar fáil do dhaoine a bhí ag obair san earnáil phoiblí chun dul go dtí an Ghaeltacht leis an Ghaeilge a bhí acu a fhorbairt nó leis an Ghaeilge a fhoghlaim, ach cuireadh deireadh leis sin. An féidir é sin a athbhunú taobh istigh den Bhille seo? Measaim go raibh buntáiste mór leis an scéim sin.

Ó thaobh an sprioc earcaíochta maidir leis an 20%, glacaim go mbaineann sé sin leis na comhairlí contae fosta. An mbaineann?

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Baineann sé sin leis an tseirbhís phoiblí agus bheadh na comhairlí contae agus na húdaráis áitiúla san áireamh.

Nuair a bhristear síos an 20%, an mbaineann sé le gach grád? Mar shampla, an mbaineann sé le seirbhísí riaracháin agus innealtóirí nó an sprioc ghinearálta atá i gceist? Más sprioc ghinearálta atá i gceist, an contúirt a bheadh ann ná go mbeadh Gaeilge ag daoine ag an leibhéal is ísle san chóras poiblí agus go mbeadh skewing ar na figiúirí. An bhfuil sé sin briste amach sa Bhille?

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Tá tagairt sa cheannteidil do choiste comhairleach a chur le chéile leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus muid féin. Táimid tar éis moladh a fháil ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí go mba cheart go mbeadh sé sin leathnaithe amach d'aon dream a bheadh ag déanamh earcaíochta. Is é a tharlóidh anseo, dar liom, ná go mbeidh muid ag breathnú ag tús na bliana ar an bplean earcaíochta don bhliain seo chugainn agus, mar shampla, dá mbeadh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag dul ag earcú líon mór oifigigh talmhaíochta, bheadh muid in ann a rá leo go mbeidh cuid acu lonnaithe i gceantair Ghaeltachta agus go dteastaíonn deichniúr le haghaidh Dún na nGall, Conamara, Corcaigh agus Ciarraí. Bheadh muid ag breathnú ar na comórtais. Tagann an líon is mó daoine isteach sa Státseirbhís ag leibhéal an oifigigh cléireachais. Aon duine atá ag obair sa Státseirbhís faoi láthair, feiceann siad an throughput d'oifigigh cléireachais. Tá siad ag teacht agus ag imeacht chuile lá. Bíonn sé deacair daoine le Béarla a choinneáil, ná bac daoine le Gaeilge. Go nádúrtha, mar sin, tagann an líon is mó daoine isteach ag na gráid is ísle agus sin an áit a bheadh líon mór ann chun an cuóta a líonadh. In áiteanna eile, b'fhéidir nach mbeimid ag líonadh an cuóta.

Go minic bíonn an pobal ag iarraidh labhairt le duine ag grád níos airde agus tá sé tábhachtach go mbeadh-----

Iarraim ar an Seanadóir ceisteanna a chur.

An bhfuil aon mhachnamh déanta ag an Roinn ar an chóras atá acu i gCeanada? Tá an Fhraincis agus an Béarla fite fuaite ansin. Cé nach bhfuil aon mhachnamh déanta agamsa air, óna bheith ag amharc air, chím go bhfuil briseadh síos ar fáil ag gach grád.

Tá an Fhraincis agus an Béarla ag 31.5% de na hoibrithe ag an grád is ísle i federal Government Cheanada, is é sin an grád riaracháin, agus tá an Fhraincis agus an Béarla ag thart ar 30% d'oibrithe ag leibhéal bainistíochta. Is é sin an córas atá i bhfeidhm ansin. Níl a fhios agam an bhfuil aon machnamh nó obair déanta ar sin. Tá ardú suntasach tagtha ar líon na foirne atá ag obair leis an dá theanga atá ann i gCeanada ó 10.4% go ginearálta i 1964 go dtí thart ar 30% inniu. Obviously tá rud éigin ag obair go maith ansin. B'fhiú breathnú ar sin.

Tá sé tábhachtach go mbeidh na boird Stáit go léir clúdaithe faoin reachtaíocht. Go minic bíonn cinntí móra polasaithe le déanamh ag boird Stáit a bhfuil tionchar acu ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Tá sé tábhachtach go mbeidh na ndaoine ar na boird sin clúdaithe faoin reachtaíocht seo. Tá sé ráite ag Dr. Mac Cormaic ina ráiteas gur chuspóir é seo. Tá súil agam gur níos mó ná cuspóir é. Tá súil agam go mbeidh reachtaíocht dhaingean ann agus go mbeidh remit dlíthiúil ag an Stát í a chur i bhfeidhm. Tá sé maith go leor mar chuspóir. Is rud maith cúspóir. Tá go leor cuspóirí againn uilig. Beidh cuspóirí ag gach duine tar éis na Nollag meáchan a chailleadh, ach ní hionann cuspóir agus cailleadh meacháin. Caithfidh níos mó ná cuspóir a bheith againn.

Tá a fhios agam go raibh ceist faoi mhúinteoirí bunscoile ag an Seanadóir Ó Clochartaigh fosta. Tá beirt dheirfiúr agam féin a tháinig amach ó cheann de na coláistí oiliúna do mhúinteoirí. Tá a fhios agam go bhfuil géarchéim mhúinteoirí bunscoile ann faoi láthair. Ó thaobh an chórais oideachais do mhúinteoirí bunscoile sna hinstitiúidí tríú leibhéal, anseo sa chathair agus in áiteanna eile, an bhfuil aon rud sa reachtaíocht chun an córas oiliúna a laidriú ó thaobh na Gaeilge de? An gcreideann na finnéithe go bhfuil sé láidir go leor? Deireann tuismitheoirí ó scoileanna Gaeltachta linn go minic nach bhfuil Gaeilge láidir ag cuid de na múinteoirí. Cén fáth go bhfuil sé seo ag tarlú nuair atá na coláistí oiliúna againn?

Ní fiú bheith ag dul síos bóthar amháin agus a bheith ag cruthú faidhbe in áit éigin eile. Caithfear an Roinn Oideachas agus Scileanna, agus na Ranna Stáit eile, a thabhairt ós comhair an chomhchoiste. Rinne Dr. Mac Cormaic pointe ó thaobh an proofing de - rural-proofing and language-proofing - but muna bhfuil an proofing ann trasna gach uile eagrais nó Roinn Stáit, ní oibreoidh sé. Caithfidh sé seo tarlú ón bhun aníos. Caithfidh a fhios a bheith ag páistí go bhfuil an Stát dairíre faoi seo agus iad cúig, sé nó seacht mbliana d'aois agus ag dul ar an scoil agus ag dul ar aghaidh go dtí an dara agus an tríú leibhéal. Caithfidh a fhios a bheith acu, dá rachaidís ar aghaidh lena gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge, go mbeadh post acu ag deireadh an lae, agus go mbeadh deiseanna níos fearr acu. Ar a laghad, caithfidh deis níos fearr a bheith ag duine ó Dhún na nGall nó Contae na Gaillimhe, duine nach raibh an deis chéanna acu féin agus nach raibh duine ar bith dá mhuintir ag obair san earnáil phoiblí, a chuid scileanna Gaeilge agus cumarsáide a úsáid agus post a bhaint amach má tá Gaeilge láidir aige. Tá súil againn go mbeidh na postanna lonnaithe i gceantair taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath freisin.

Tá go leor deiseanna anseo. B'fhiú breathnú ar seo go fábhrach. Is deis mhór é sin don tír, don Stát, dár gcultúr agus dár n-oidhreacht. Tá súil agam gur níos mó ná cuspóir a bheidh ann agus go mbeidh sé níos buaine ná sin. Tá go leor cáineadh déanta againn ó thaobh an straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Bhí díospóireacht agam féin leis an Aire Stáit sa Seanad an seachtain seo caite faoi. Bhí an Seanadóir Ó Clochartaigh agus daoine eile i láthair fosta. Dúirt mé nach bhfuil machnamh iomlán déanta ar an straitéis sin. Níl a fhios againn cá bhfuil muid. Leis an straitéis úr seo agus an Bille úr seo, an mbeadh remit ar an Roinn agus ar an Aire teacht ós comhair an choiste seo agus tuarascáil a thabhairt gach bhliain ar an dul chun cinn atá déanta? Gan sin, ní bheadh na figiúirí againn, ní bheadh an t-eolas againn agus ní bheadh an chinnteacht againn go bhfuil an tAcht ag obair.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Tosóidh mé leis an gceist dheireadh ansin. Bhí an Seanadóir ag caint faoin Aire Stáit nó muid féin teacht-----

Bhí mé ag caint faoi tuarascáil bhliantúil ar an dul chun cinn.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Bhille, an ea? Tá córas istigh san Acht cheana go leagfaidh an tAire tuairisc ós comhair na dTithe chuile bliain maidir le cur i bhfeidhm an Achta. Tá sé sin istigh san Acht cheana. Dar ndóigh, déanann an Coimisinéir Teanga a chuid tuairisciú freisin. Sílim go bhfuil an mheicníocht istigh ansin é sin a dhéanamh. Chun teacht ar ais go dtí an cheist sin faoin gcúota agus é a bheith ina sprioc, táimid ag iarraidh go mbeidh sé sin scríofa isteach sa mBille. Níl aon cheist faoi sin. Is é sin an aidhm atá againn maidir leis an gceann sin.

Díreoidh mé isteach ar roinnt de na ceisteanna eile a bhí ag an Seanadóir ansin. D'fhreastal mé féin ar chúrsaí Gaeleagrais thíos i mBaile an Fheirtéaraigh blianta ó shin. Scéim iontach a bhí ann. Tá sé roinnt blianta ó cuireadh deireadh leis an scéim sin. Dá mbeadh airgead ar fáil-----

Tá go leor airgid ann anois.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

-----tá go leor rudaí gur féidir a dhéanamh.

Tá a lán ann de réir an Rialtais.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Níor tháinig an scéim sin faoinár Roinn ag an am. Tháinig sé faoi chúram an Roinn Airgeadais. Is rud go bhféadfaimid breathnú air agus is féidir linn an cheist sin an thabhairt chuig an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Maidir le Ceanada, níl a fhios agam gur ionann an dá dlínse. Tá daonra mór de chainteoirí Béarla agus cainteoirí Fraincise ansin le hais líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge anseo in Éirinn. Tá cineál dynamic difriúil ansin. Caithfimid teacht aníos le réiteach ar an bhfadhb a n-oibreoidh dúinn in Éirinn. Bhí muid ag caint le Rialtas na Breataine Bige agus tá a chuid deacrachtaí féin aige. Feiceann muid na rudaí atá déanta aige agus na botúin atá déanta aige atá muid in ann foghlaim uathu, ach ní hionann an dá chóras nó an dá dhlínse. Bímid airdeallach ar na rudaí a tharlaíonn sna dlínsí seo. Bainimid triail as gnéithe maithe de na córais atá acu. Fanann muid go dtí go bhfuil muid in ann foghlaim ó na botúin atá déanta acu.

Níl aon rud sa reachtaíocht faoi dhaoine le Gaeilge a bheith ar na boird Stáit. B'fhéidir go gcaithfear machnamh a dhéanamh ar sin. Níor smaoinigh muid ar an gceann sin. Cuirfimid san áireamh é agus muid ag plé an reachtaíocht. Maidir leis an gceist a chuir an Seanadóir faoi mhúinteoirí bunscoile, tá polasaí d'oideachas Gaeltachta ann agus tá tús curtha lena chur i bhfeidhm. Is ceist thar a bheith leathan í an cheist faoi chaighdeán Gaeilge na múinteoirí bunscoile, agus múinteoirí meánscoile freisin. Is ceist í a bhaineann leis na rudaí atá ráite agam anseo inniu. Níl daoine le hardscileanna Gaeilge ag titim ó na crainn. Caithfimid tosnú ag leibhéal na meánscolaíochta, agus ag leibhéal na mbunscoileanna freisin, chun na scileanna a fhorbairt. Tá ár Roinn ag cur an polasaí maidir le pleanáil teanga i bhfeidhm faoi láthair agus bíonn an t-aonad um oideachas Gaeltachta sa Roinn ag obair as lámh a chéile leis an Roinn Oideachais agus Scileanna leis an bpolasaí don oideachas Gaeltachta a chur i bhfeidhm. Tá dlúthbhaint idir an dá pholasaí sin.

Arís, is próiseas fadtéarmach é seo. Nílimid chun réiteach a fháil thar oíche. Tá dul amú ar aon duine a bhfuil súil aige go bhfaigheann. Is ceist an-leathan í sin. Tá ceist ann faoin tumoideachas do ghasúir óga agus an gcuirfidh sé sin leis an gcaighdeán Gaeilge labhartha atá acu.

Táimid ag obair leis an Roinn Oideachais agus Scileanna le dul i ngleic leis sin.

An bhfuil aon cheist eile ag an Seanadóir? Tá ceist amháin agam maidir leis an gCoimisinéir Teanga. Tá a fhios againn go raibh tráchtaireacht i gceist agus is é sin an fáth go bhfuil práinn leis an mBille seo. Cén cumhachtaí breise a bheidh ag an gCoimisinéir Teanga? Tá sé tábhachtach an Bille seo a chur i gcomhthéacs. Tá práinn ag baint leis. Luaigh mé an tráchtaireacht agus luaigh Dr. Mac Cormaic croílár na faidhbe, is é sin an ghéarchéim daoine atá inniúil sa Ghaeilge atá ann. Tá fadhb ann le scéim na pleanála teanga freisin. Breathnaíonn sé iontach dearfach ach, faoi láthair, níl a lán muiníne agam maidir le scála ama. Chuir roinnt Teachtaí agus Seanadóirí ceisteanna maidir leis seo. Cén uair a bheimid in ann an Bille a léamh? Mí Eanáir? Cuirfidh mé na ceisteanna agus ansin stopfaidh mé. Tá sé níos éasca. Maidir leis an 20%, dúirt Dr. Mac Cormaic ina ráiteas go mbainfear é amach ar bonn céimniúil. Cad is brí leis sin? Dhá bhliain, trí bliana, cúig bliana? Cén uair a bheidh Gaeilge ag 20% d'fhostaithe sa Státseirbhís?

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Ar an gceist faoin 20%, is é an sprioc ná Gaeilge a bheith ag 20% de na daoine a n-earcaítear seachas Gaeilge a bheith ag 20% d'fhostaithe trasna an Státchóras.

De réir a chéile-----

Dr. Aodhán Mac Cormaic

De réir a chéile, déanfar-----

Gabh mo leithscéal, de réir a chéile beidh Gaeilge ag 20% de na daoine nua atá ag teacht isteach.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Beidh, ach beidh sé mar sprioc ón tús. Táimid ag iarraidh go mbeidh sé mar sprioc ón tús. Is í an fhadbh atá anseo ná, ón taithí atá againn agus atá ag an Seirbhís um Cheapacháin Phoiblí, níl Gaeilge ag 20% de na hiarrthóirí a chuireann isteach ar phost. Is é sin an fáth go bhfuilimid ag caint faoin jab mór atá againn i dtaobh gasúir óga a spreagadh sna scoileanna agus a chur ar a radar go bhfuil postanna le Gaeilge ann. Is rud thar a bheith fadtéarmach atá ann. Bheadh sé fíor-dheacair dáta a chur leis na rudaí seo. Is próiseas fadtéarmach é. Níl muid in ann ach daoine a spreagadh agus iad a chur ar an eolas go bhfuil postanna ann agus, má chuireann siad feabhas ar a nGaeilge agus má bhíonn na scileanna cearta acu, go mbeadh siad in ann cur isteach ar na postanna sin le Gaeilge sa Státchóras nuair a tiocfaidh siad amach ó na meánscoileanna agus na hollscoileanna.

Maidir leis na cumhachtaí breise a bheadh ar an gComisinéir Teanga, ceann de na rudaí atá istigh sna ceannteidil ná go mbeadh córas fíneála i gceist. Nílim cinnte cén ceannteideal faoi leith atá i gceist. Bheadh an comisinéir in ann fíneálacha a chur ar comhlachtaí nach gcomhlíonann a gcuid dualgais. Is rud nua atá istigh ann é sin. Tá rud san Acht cheana féin a deireann go bhfuil an comisinéir in ann scéim a chur ar fáil le hairgead a aisíoc mar chúiteamh le daoine a bhí as póca toisc nach raibh siad ag fáil seirbhísí i nGaeilge. Níor cuireadh é sin i bhfeidhm riamh. An rud a bheidh i gceist anseo ná córas píonóis a chur i bhfeidhm. Is cuma cén leibhéal fíneála a bheidh i gceist ar bhealach. Is airgead cáiníocóra a bheidh i gceist agus ní mhaith le státseirbhísigh teacht ós comhair coistí de chuid an Oireachtais chun míniú a thabhairt ar airgead Stáit a cuireadh amú ar fíneálacha. Sin a bheidh i gceist ansin.

Le teacht ar ais go dtí ceist na scéimeanna, i ndairíre ní chiallaíonn córas píonóis tada muna bhfuil daoine istigh le haghaidh na caighdeáin a chomhlíonadh agus na seirbhísí a chur ar fáil. Muna gcuirfimid le líon na ndaoine atá istigh sa Státchóras, beimid ar ais anseo an chéad bhliain eile agus an bhliain ina dhiadh sin ag rá an rud céanna. Beidh an comisinéir ag cur píonós ar chomhlachtaí Stáit ach, muna bhfuil na daoine le Gaeilge istigh sa Státchóras, ní bheidh na comhlachtaí poiblí in ann na dualgais atá orthu a chomhlíonadh.

Tiocfaimid ar ais ar an gceist sin sa seisiún príobháideach. Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Ní tús spleodrach ach tús tábhachtach é. Sin a bhí i gceist inniu. Ba é an chéad chéim í. Cén dáta atá i gceist maidir leis an mBille?

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Tá sé ráite go poiblí ag an Aire Stáit go mbeidh sé ar chlár reachtaíocht an Rialtais don sheisiún tar éis na Nollag.

Mí Eanáir?

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Táimid ag iarraidh go mbeidh sé ar an gclár reachtaíochta nuair a fhoilseofar é. Once go bhfoilseofar é, ní bheidh aon deacracht ann am a fháil ar chlár na Dála mar tá an Príomh-Aoire sa champa.

Gabhaim buíochas le Dr. Mac Cormaic. Sin deireadh leis an seisiún poiblí.

Chuaigh an comhchoiste isteach i seisiún príobháideach ar 6.20 p.m. agus cuireadh ar athló é ar 7.15 p.m. go dtí 5 p.m. Dé Máirt, 21 Samhain 2017.