Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán díospóireacht -
Tuesday, 6 Mar 2018

Scéim Ghinearálta an Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé

Cuirim fáilte roimh na finnéithe go léir. Go raibh maith ag an Teachta Ó Snodaigh as ucht teacht isteach. Tá tús curtha anois leis an gcruinniú. Tá a fhios agam go bhfuil na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí faoi bhrú mar, faraor géar, tá an díospóireacht maidir leis an nGaeilge ar siúl sa Dáil ag an am céanna is atá ag an gcoiste féin s’againne, agus tá sé deacair an dá thrá a fhreastal. B'shin an fáth go bhfuil slua beag anseo.

I dtús báire, maidir leis an Acht, ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009 go bhfuil finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thabharfaidh siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt amhlaidh, ní bheidh siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith a gcuid fianaise. Ordaítear dóibh gan fianaise a thabhairt ach amháin fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár cóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina n-ainm, ina hainm nó ina ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tionscnaimh seo a gcuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó maidir le hoifigeach ina ainm, nó ina hainm, ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Ba mhaith liom agus é sin ráite míle fáilte a chur roimh na hionadaithe ó Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG. Bhí duine eile le bheith anseo, gabh mo leithscéal faoi sin, ach níl sé ag teacht de réir mar a thuigim. Ba mhaith liom céad míle fáilte a chur roimh na hionadaithe ó COGG, go háirithe an tUasal Dónal Ó hAiniféin, cathaoirleach, agus Muireann Ní Mhóráin, príomhfheidhmeannach. Go raibh míle maith agaibh agus an bhfuil ráiteas agaibh?

Mr. Dónal Ó hAiniféin

Tá an ráiteas seolta isteach cheana féin agus ní léifidh mé é ina iomláine ach ba mhaith liom roinnt de na pointí is tábhachtaí atá sa ráiteas a shoiléiriú.

An bhfuil cóip agaibhse go léir de?

Mr. Dónal Ó hAiniféin

Mar is eol daoibh, bunaíodh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta faoin Acht Oideachais 1998 chun comhairle a chur ar an Aire Oideachais agus Scileanna agus ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, CNCM maidir le gach ní a bhaineann leis an nGaeilge, teagasc trí Ghaeilge agus teagasc na Gaeilge sa chóras oideachais. Is sa chomhthéacs sin a chuireamar an aighneacht seo isteach maidir leis an ngnó atá idir lámha inniu againn. Ba mhaith liom a aithint ag an tús ar fad an obair iontach atá déanta ag oifig an Choimisinéara Teanga ó bunaíodh an oifig sin, agus go háirithe an iarChoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, a d'éirigh as, áfach, de bharr gur theip air, a dúirt sé, dul i bhfeidhm ar an gcóras agus nach raibh sé sásta leis an dul chun cinn a rinneadh. Bhí díomá orainn nuair a bhí air an cinneadh sin a dhéanamh. Bhí sárobair déanta aige. Maidir leis an dul chun cinn faoi láthair atá déanta ag an gCoimisinéir Rónán Ó Domhnaill, ba mhaith liom tréaslú leis as an dea-obair atá ar siúl aige.

Maidir leis na leasuithe atá le déanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, chomh fada agus a bhaineann siad le feidhmeanna reachtúla COGG, molaimid go láidir an reachtaíocht nua atá molta a bhaineann le hearcaíocht na hearnála poiblí, is é sin go mbeadh 20% de na hearcaigh ina gcainteoirí Gaeilge. In imeacht bliana inár gcás féin nuair a bhí fostaí á lorg againn, theip orainn duine éigin a fháil trí Sheirbhís na gCeapachán Poiblí. Theip orainn teacht ar dhuine éigin sásúil ó thaobh na Gaeilge de le hardú céime chun teacht ag obair in COGG.

Tá a fhios againn go bhfuil sé thar a bheith deacair teacht ar dhaoine faoi láthair laistigh den tseirbhís. Molaimid go hard go mbeadh an sprioc sin, is é sin go mbeadh 20% de na hearcaigh a bheadh ag feidhmiú ina gcainteoirí Gaeilge, ann.

Chuige sin, má táimid dáiríre faoi sin, má tá sprioc de 20% á leagan amach againn agus má táimid ag iarraidh é sin a bhaint amach laistigh de amlíne áirithe, caithfimid an cheist a chur go macánta orainn féin cárbh as a thiocfaidh na daoine seo a bheidh ardchumasach sa Ghaeilge agus sa Bhéarla? Is breá linn an Béarla ach is fearr linn an Ghaeilge. Tá sé an-thábhachtach go dtuigfeadh daoine, chun a bheith réalaíoch agus an 20% a bhaint amach, gur gá dúinn féachaint ar an gceist ar bhonn níos leithne ar fad. Is gá dúinn féachaint ar an gcóras oideachais agus cad as atá an soláthar sin chun teacht. Mar atá luaite cheana féin ag COGG, is gá don Rialtas agus is gá don Stát plean comhordaithe oibre a fhorbairt don soláthar sin agus do na scoileanna lán-Ghaeilge timpeall na tíre go léir ag an mbunleibhéal, an iar-bhunleibhéal agus leibhéal na réamhscolaíochta fiú. Is gá an plean seo a fhorbairt ar bhonn céimnithe le go mbeidh teacht ar dhaoine chun na poist seo a ghlacadh sa tseirbhís phoiblí agus go mbeidh Gaeilge agus Béarla, an dá theanga chumasacha, ar fáil acu chun na poist sin a líonadh.

Faoi láthair tá sé ag dul dian ar an gcóras teacht ar dhaoine mar sin. Ceann de na cúiseanna atá leis sin ná easpa na hiar-bhunscolaíochta lán-Ghaeilge timpeall na tíre. Is gá plean a chur i dtoll a chéile le cinntiú gur féidir leis é sin a fhorbairt. Tá an-obair déanta ag leibhéal na réamhscolaíochta agus na bunscolaíochta, ach is gá aghaidh a thabhairt ar fhorbairt iomlán a dhéanamh ar leibhéal na hiar-bhunscolaíochta. Deireann 25% de thuismitheoirí na tíre go gcuirfidís a gcuid páistí chuig scoil lán-Ghaeilge dá mbeadh a leithéid ar fáil i ngiorracht dóibh. Cad ina thaobh nach bhfuilimid ag feidhmiú de réir a mianta, an soláthar sin a mhéadú, agus a chinntiú, má mhéadóimid an soláthar sin, go mbeidh teacht againn ar dhaoine don tseirbhís phoiblí a bheidh Gaeilge agus Béarla ar a dtoil acu?

Is gá dúinn chomh maith cur leis na hacmhainní atá ar fáil do scoileanna Gaeltachta atá páirteach sa scéim aitheantais Gaeltachta, chun cabhrú linn an anáil sin a threisiú agus a láidriú. Go traidisiúnta bhíodh go leor daoine le Gaeilge, gan dabht, ón nGaeltacht ag teacht isteach sa tseirbhís phoiblí agus iadsan ar fáil agus caighdeán ard acu sa dá theanga. Le déanaí, ó cuireadh deireadh le scoláireachtaí agus mar sin de don tríú leibhéal, tá sé ag dul an-dian ar theaghlaigh Ghaeltachta mic léinn a chur ag na coláistí oideachais agus mar sin de, lena dheimhniú go mbeidh ardchaighdeán Gaeilge ag múinteoirí chun freastal ar an éileamh atá ann. Is gá dúinn féachaint sna coláistí oiliúna ar na caighdeáin fágála seachas iontrála a bheidh i gceist le cáiliú mar mhúinteoir bunscoile chun cabhrú le daltaí uilig na tíre dul i bhfeidhm ar mhúineadh na Gaeilge agus múineadh trí mheán na Gaeilge ag leibhéal na bunscoile agus leibhéal na hiar-bhunscoile.

Tá sé riachtanach dúinn féachaint ar na ceisteanna seo go fuarchúiseach mar Stát agus sinn féin a cheistiú an bhfuilimid dáiríre faoi. Má táimid dáiríre faoin amlíne agus an 20% sin a chur ar fáil, caithfimid smaoineamh ar cén fhad a thógfaidh sé sin. Cad iad na spriocanna meántéarmacha agus fadtéarmacha atá againn? Cathain a bhainfimid 8%, 10%, 15% agus 20% amach? Caithfidh an amlíne sin a bheith soiléir dúinn le gur féidir linn é sin a dhéanamh ar bhonn tomhaiste, céimnithe agus pleanáilte. Gan dabht, is gá infheistíocht a dhéanamh anseo. Déanann an Stát infheistíocht go laethúil sa Bhéarla. Tá gach aon ní bunaithe ar an mBéarla agus is gá féachaint ar infheistíocht ar leith a dhéanamh chun cabhrú leis an nGaeilge mar phríomhtheanga sna scoileanna atá luaite agam nó mar theanga náisiúnta na tíre.

Más Gaeil sinn, agus is Gaeil sinn, cén luach atá ar an teanga agus cén luach atá ar an éileamh a dhéanann cainteoirí Gaeilge nuair is mian leo seirbhísí a bheith ar fáil tríd an teanga sin dóibh féin? Ní mian le Gaeilgeoirí a bheith ina nGaeilgeoirí cantalacha agus achrannacha nuair a lorgaíonn siad seirbhísí ón Stát. Go minic, nó níos minice ná a mhalairt, b'shin a shíleann an Stát nuair a théann duine i mbun iarrachta teagmháil a dhéanamh leis an Stát trí mheán na Gaeilge, mar nach bhfuil sé ann do na seirbhísí atá ag teastáil. Faraor, tá taithí againn go léir, bíodh sé san earnáil oideachais, sláinte nó in aon earnáil eile, go mbíonn ar Ghaeil iompú ar an mBéarla chun aon dul chun cinn a dhéanamh leis an Stát. Ní thugann sé sin cothrom na féinne. Is ísliú stádais iomláin atá ansin don Ghaeilge.

Agus sinn ag caint anois ar Sheachtain na Gaeilge agus ar thacaíochtaí don Ghaeilge, agus gach duine agus gach aon pháirtí ag caint faoi na rudaí iontacha go léir a bhaineann leis an nGaeilge, má táimid sásta luach a chur ar an teanga, sílimse go bhfuil an teanga níos luachmhaire ná gnéithe eile den chultúr agus go bhfuil an cultúr i bhfad Éireann níos boichte gan an teanga a bheith ann. Nach ann don chultúr, i ndáiríre, gan an teanga? Ní féidir in aon tír eile nó in aon chultúr eile an dá rud a stoitheadh agus a scaradh óna chéile. Síleann daoine go minic sa tír seo gur féidir linn cuid den chultúr a bhaineann lenár bhféiniúlacht féin a bheith againn gan an teanga. Is boichte i bhfad a bheimid má leanfaimid orainn síos an bóthar seo. Tá deis againn anois infheistíocht a dhéanamh sna rudaí atá luaite agam agus is dóigh liom go bhfuil sé thar a bheith in am do bhaill an choiste seo a nglacann go bhfuil siad dáiríre agus paiseanta agus go bhfuil spéis acu sa Ghaeilge dul i bhfeidhm ar an gcóras go ginearálta le gur féidir linn dul i bhfeidhm ar na páirtithe éagsúla lena dheimhniú go bhfuilimid dáiríre faoin gceist seo. Mar a dúirt mé cheana, mura bhfuilimid dáiríre faoi, ná bímis ag ligean orainn. B'shin atá le rá agam ag an bpointe seo.

Go raibh maith agat, a Uasail Uí hAiniféin. Glaoim ar an gcéad chainteoir eile, Muireann Ní Mhóráin.

Ms Muireann Ní Mhóráin

Ní déarfaidh mise mórán ach díreach cúpla pointe eile a lua atá againne anseo. Maidir le cumas daoine óga an Ghaeilge a labhairt, cloisimid go rí-mhinic é, gach dara lá, go gcaitheann daoine óga an oiread sin de bhlianta sna scoileanna agus go bhfuil siad ag teacht amach gan de chumas acu comhrá a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Síleann COGG gur ceart aghaidh a thabhairt air seo mar ábhar práinne agus mar thús air seo gur gá féachaint ar scrúdú agus ar shiollabas na hardteistiméireachta. Fógraíodh sa bhliain 2007 go raibh athrú ag teacht ar an siollabas. Tosaíodh in 2012 ag déanamh scrúdú ar an siollabas don ardteistiméireacht ach gealladh go ndéanfaí athbhreithniú air. Níl an t-athbhreithniú déanta air ach tá sé soiléir d'aon duine go bhfuil fadhbanna leis an siollabas agus leis an gcóras measúnaithe. Cé go molann daoine an 40% atá ar fáil don scrúdú cainte, is léir dúinn, agus níl aon fhianaise ar chor ar bith ann, nach bhfuil aon tionchar tar éis a bheith aige seo de bharr nach bhfuil ag tarlú ach go bhfuil daoine óga ag foghlaim an t-uafás stuif de ghlanmheabhair. Níl an córas measúnaithe bailí mar chóras. Dá bhrí sin, níl caighdeán ná cumais na ndaoine óga ag feabhsú.

Mar a luaigh an tUasal Ó hAiniféin ansin, fuarthas réidh leis na scoláireachtaí tríú leibhéal a bhí mar chrann taca, go háirithe ag muintir na Gaeltachta, ach ag muintir na nGaelscoileanna chomh maith. Cúpla bliain ó shin, de bharr cúrsaí eacnamaíochta, fuarthas réidh leo, agus is éard a bhí iontu sin ná scoláireachtaí a bronnadh ar lucht ardteistiméireachta a rinne go maith san ardteistiméireacht agus a bhí tar éis na hardteistiméireachta a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Molaimidne go dtabharfaí iad sin ar ais chomh maith leis na deontais Ghaeltachta atá luaite ag an Uasal Ó hAiniféin.

Táimid ag moladh go bhféadfaí, mar shocrú eatramhach, aonad seirbhísí Gaeilge a bhunú ionas go bhféadfadh freastal a dhéanamh ar scoileanna agus mar sin de, go dtí go mbíonn an 20% seo ann, mar de réir mar atá ráite ag an Uasal Ó hAiniféin, ní tharlóidh sé sin thar oíche. Tá an t-aonad Gaeltachta ag feidhmiú go han-mhaith maidir leis an bpolasaí don oideachas Gaeltachta. Tá pointe teagmhála maidir leis an bpolasaí ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge ar fáil. Dá mbeadh a leithéid de sheirbhís ar fáil do na scoileanna ar fad le plé leis na rudaí éagsúla - cúrsaí foirne, foirgneamh agus mar sin de - ionas go bhféadfaidís plé trí mheán na Gaeilge leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, ba mhór an dul chun cinn a bheadh ann. Chinnteodh an t-aonad sin go mbeadh gach seirbhís ar fáil sna scoileanna. Tá sé go breá na múinteoirí nuair atá siad ar fáil, an chigireacht agus mar sin de, ach bíonn an tseirbhís sláinte, Tusla, teiripeoirí cainte agus daoine eile ag teacht agus ag imeacht ó na scoileanna.

Dá gcinnteofaí, go háirithe i gcomhthéacs an pholasaí don oideachas Gaeltachta, go raibh na seirbhísí sin ar fáil, mar a dúirt an tUasal Ó hAiniféin, gan argóint, gan bheith ar nós duine cantalach i gcónaí ach mar cheart, bheadh lá maith oibre déanta.

An bhfuil moltaí faoi leith ag na finnéithe do na ceannteidil den dréacht-Acht atá os ár gcionn?

Mr. Dónal Ó hAiniféin

An pointe is mó a bhaineann muidne as ná an 20% a bheith á n-earcú trí na seirbhísí poiblí sna blianta atá romhainn.

Tá sé sin molta sna ceannteidil. An bhfuil aon rud nua ag na finnéithe maidir leis na ceannteidil, mar is sin an rud atá á scrúdú againn faoi láthair?

Mr. Dónal Ó hAiniféin

Is sin an rud go bhfuilimid ag tacú go láidir leis, agus má dhéanfaimid é sin, is dóigh go bhfuil deis againn dul i bhfeidhm ar an gcóras. Má dhéanfaimid é sin go dáiríre, is dóigh go bhfuil deis againn dul i bhfeidhm ar na glúnta atá romhainn amach. Is sin an príomh phointe a bhí againn san aighneacht.

Maidir le aon cheann eile de na ceannteidil, an bhfuil na finnéithe ag aontú leo nó an bhfuil rudaí eile atá ag cur imní orthu?

Ms Muireann Ní Mhóráin

Díreach maidir leis na feidhmeanna reachtúla atá ar COGG agus ag plé le cúrsaí oideachais, teagasc na Gaeilge agus mar sin de, cé go bhfuil ceannteidil eile ann a bhfuil tábhacht leo, bhraith COGG nach bhfuil an-tionchar chun a bheith acu ar chúrsaí oideachais. An rud mór ná go mbeadh seirbhísí ar fáil tríd agus tríd don chóras oideachais agus do na feidhmeanna atá againne, agus gur cheist é seirbhísí a bheith ar fáil, gan argóint leis an Stát.

Aontaimíd uilig leis sin, ach an fáth go bhfuileamar anseo ná chun díriú isteach ar an dréacht-Bhille agus ar na ceannteidil. Tá gá le reachtaíocht nua because theip ar an gcóras a bhí ann. Tá a fhios againn sin ón gcur i láthair a bhí againne. Gabh mo leithscéal as ucht mé a bheith beagáinín dian, ach cé go bhfuil an rud atá ráite thar a bheith suimiúil agus cé nach bhfuil easpa dáiríreacht i gceist ar an gcoiste seo, tá ról le déanamh againn maidir leis an dréacht-Bhille agus na ceannteidil, so b'fhéidir go dtiocfaimid ar ais go dtí sin. Glaoim ar an Teachta Moynihan.

Fanfaidh mé leis an fhigiúir 20% sin an méid is féidir liom. Go raibh maith ag na finnéithe as ucht na tuairimí ann. Is ceist mhaith é cad as a dtiocfaidh an 20% seo mar tá sé soiléir ó na scoileanna agus na heagraíochtaí éagsúla go bhfuil deacrachtaí ann daoine a fháil, cosúil leis na finnéithe féin. Thóg sé thart ar bhliain, agus n'fheadar ar bhfuair siad an duine ar deireadh. Go rialta bíonn ar scoileanna post a fhógairt arís agus arís, thart ar trí huaire sara bhfaigheann siad aon duine cáilithe. Tá na finnéithe ag leagan amach sort amchlár i gcomhair an 20% seo. An bhfuil aon rud faoi leith in aigne ag na finnéithe go mbeadh sé thart ar cúig bliain nó deich mbliana sara bheimis ag dul i dtreo an 20% sin? An bhfuil aon tuairim faoi leith ar sin mar bhí cúpla tréimhse ama luaite níos luaithe?

Mr. Dónal Ó hAiniféin

Aithnímid go léir go bhfuil deacrachtaí ann faoi láthair, agus ní féidir an céatadán sin a bhaint amach le slaitín draíochta. Níl sé sin chun tarlú, ach caithfimid céimeanna ar leith a bheith aitheanta ar an mbóthar chuige sin. Tá sé go breá sprioc a bheith againn agus é sin a chaitheamh amach ansin, ach tá an baol an-láidir ann nach n-éireoidh linn dul chun cinn a dhéanamh sa treo sin in aon chur mura bhfuil spriocanna réadúla céimnithe againn chun dul sa treo sin le go mbeadh a fhios againn go bhfuil ag éirí linn nó nach bhfuil ag éirí linn.

Comhthreomhar leis sin, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí an fhorbairt a bhí luaite agam maidir le hearnáil na Gaeltachta, earnáil an Ghaeloideachais, an réamhscolaíocht, an bhunscolaíocht agus an iarbhunscolaíocht, le cinntiú go bhfuil an tobar as a bhfuilimid ag tarraingt ag méadú agus go bhfuil sé ag éirí níos doimhne seachas a bheith ag éirí níos éadoimhne mar atá cúrsaí faoi láthair. Má táimid réalaíoch faoin sprioc sin a bheith á baint amach againn, is gá don dá ghníomh tarlúint go comhthreomhar lena chéile.

Má bhreathnaímid chun cinn deich mbliana agus má bhímid ag smaoineamh ar dhaltaí atá a hocht nó a naoi nó a deich sna scoileanna faoi láthair, a bheidh ag teacht amach agus iad 18, 19 agus 20, iad ag críochnú san ollscoil agus ag fáil postanna agus mairtheana síos an bóthar, is gá dúinn féachaint ar thréimhsí ama mar sin leis an sprioc sin a bhaint amach mar ní éireoidh linn an sprioc sin a bhaint amach i dtréimhsí níos giorra ná sin. B'fhearr i bhfad go mbeimis réalaíoch agus go mbeimis dáiríre faoi na spriocanna atá á leagadh amach, seachas sprioc a leagadh amach atá dodhéanta.

Is dóigh liomsa gur féidir 20% a bhaint amach. Ní dóigh liom gur féidir é a bhaint amach laistigh de bhliain nó dhó nó trí, ach is féidir é a bhaint amach laistigh de thréimhse níos faide ná sin má táimid dáiríre faoi. Má táimid chun seirbhísí a sholáthar agus má táimid chun éalú ó na pleananna agus mar sin de, is gá go n-aontódh daoine anois nár oibrigh siad agus sinn ag plé le Ranna éagsúla agus mar sin de agus go mbeadh bunseirbhísí ar fáil, trí mheán na Gaeilge, ag saoránaigh ach iad a iarraidh agus iad a lorg.

An obair mhaith atá déanta ag oifig an choimisinéara ná go bhfuil a fhios ag daoine anois go bhfuil an ceart acu na seirbhísí a éileamh. Tá a fhios ag daoine go bhfuil an ceart acu seirbhísí a éileamh ó dhreamanna éagsúla trí mheán na Gaeilge. An deacracht atá ann anois ná deimhniú go bhfuil dóthain daoine sna seirbhísí éagsúla chun freastal ar lucht na Gaeltachta agus lucht na Gaeilge gur mian leo seirbhís a bheith acu trí mheán na Gaeilge, agus gan iad a bheith ag mothú achrannach agus amaideach de bharr iad a bheith ag iarraidh a saol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge.

Aontaímid go léir nach féidir teacht ar an sprioc sin 20% ná aon sprioc thar oíche. Feicimid é sin ó na córais earcaíochta atá ann faoi láthair, ach tá sé soiléir go bhfuil daoine ann cheana féin agus go bhféadfar roinnt den sprioc sin a bhaint amach tapaigh go leor. Tuigim ón méid a dúirt an finné mar gheall ar daoine atá ar scoil faoi láthair gur glúin a bhfuil á úsáid aige mar shlat tomhais in ionad blianta. Sin céim mhór, mar bheadh daoine ag lorg na háiseanna agus ag iarraidh a bheith ábalta plé le Ranna inniu agus amárach agus thar na blianta romhainn. An bhfuil aon tuairim ag an bhfinné ar an líon daoine atá amuigh ann, má bheimis ábalta tosnú ag 3% nó 4% láithreach, nó an bhfuil aon tuairim faoi sin ag na finnéithe?

Mr. Dónal Ó hAiniféin

Mar a luaigh Muireann Ní Mhóráin agus nuair atáimid ag caint ar aonad seirbhísí Gaeilge, má thógfaimid an Roinn Oideachais agus Scileanna mar shampla, má ghlaonn duine ar an Roinn Oideachais agus Scileanna faoi chúrsaí pá, tuarastal, cóiríochta nó aon ní a bhaineann le scoileanna, agus cé go mbíonn an duine seo ag déanamh a chuid comhfhreagras ar fad leis an Roinn, toisc nach bhfuil ach 1.5% d'oifigigh na Roinne in iúl ar an nGaeilge faoi láthair, tá an duine sin in aimhleas cinnte de go mbeidh moill an-fhada ar a chuid nó a cuid gnó agus go mbeidh sé nó sí curtha siar de bharr go bhfuil an duine sin ag éileamh a chuid nó a cuid seirbhísí trí Ghaeilge. Le déanaí bhí an taithí agam féin agus mé ag plé leis an rannóg tógála. Gan dabht tá daoine an-deas agus tá daoine sásta beannú agus mar sin de as Gaeilge, ach nuair a bhíonn ar dhaoine a ngnó a dhéanamh chun dul chun cinn a dhéanamh, bíonn orthu é a dhéanamh trí Bhéarla. Dá mbunófaí an t-aonad seirbhísí Gaeilge mar atá luaite, mar shampla, just sa Roinn sin, agus dá mbeadh a fhios ag daoine go raibh pointe teagmhála nó duine éigin sna rannóga éagsúla lena d'fhéadfaidís teagmháil a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, táim cinnte go n-ardódh an t-éileamh agus go mbeadh daoine níos sásta agus níos shona a gcearta teanga a éileamh mar go mbeadh fáil acu ar sheirbhísí.

Creid é nó ná creid, éiríonn daoine bréan de bheith ag éileamh rudaí nach bhfuil ann. Éiríonn daoine bréan de bheith ag éileamh seirbhísí ar lucht sláinte, oideachais, cosanta agus mar sin de nuair nach bhfuil na seirbhísí ann. Géilleann daoine i ndeireadh thiar thall. Tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios ag daoine go mbeadh pointe teagmhála ar fáil le freastal agus le seirbhís a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Nuair a bheidh sé soiléir go mbeidh teagmhálacha dá leithéid ar fáil, ní bheidh leisce ar na Gaeil na teagmhálacha sin a dhéanamh.

An dóigh leis an Uasal Ó hAiniféin gur cóir go mbeadh spriocanna difriúla riachtanach i gcomhair na leibhéil post difriúil, cuir i gcás ról ceannaireachta, mar shampla, príomhoifigeach? An cóir go mbeadh sprioc níos airde ansin, go gcaithfidh go mbeadh na poist sin líonta as Gaeilge níos tapúla ná poist eile, toisc gur ról ceannaireachta atá ann, nó an mbeadh sé mar an gcéanna, nó an dtabharfar meáchan don duine front-line a bheadh ag freagairt an fón?

Mr. Dónal Ó hAiniféin

Is é an pointe teagmhála an pointe criticiúil. Nuair a bhíonn duine ag iarraidh teagmháil agus gnó a dhéanamh trí Ghaeilge le daoine, is é an chéad phointe teagmhála an pointe criticiúil. Gan dabht, tá dualgas ar cheannairí, mar atá léirithe go minic in earnáil na polaitíochta, sampla agus dea-shampla a thabhairt. Chun a bheith féaráilte san earnáil ina bhfuilimid, sa Roinn Oideachais agus Scileanna go dtí seo, tá lucht ceannaireachta cumasach agus báúil agus dátheangach agus ar fáil istigh sa Roinn, go háirithe nuair a bhítear ag plé le cúrsaí cigireachta. Mar sin féin, tá earnálacha eile agus eití eile den Roinn nach bhfuil chomh cumasach sa dá theanga. An buntáiste a bheadh ag baint le haonad seirbhísí Gaeilge ná go mbeadh na daoine sna hearnálacha nó sna ranna sin nó sna fo-ranna sin laistigh den Roinn bailithe le chéile agus ar fáil mar phointe teagmhála do na daoine atá ag éileamh seirbhísí trí mheán na Gaeilge agus gan glaonna a bheith á ndéanamh ar an rannóg tógála nó an rannóg forbartha nó seo nó siúd agus iad a rá nach bhfuil an t-oifigeach sin istigh inniu agus mar sin de.

Chun a rá arís, táimid anseo chun na leasuithe atá beartaithe a dhéanamh do Bhille na dTeangacha Oifigiúla a phlé. B'fhéidir go bhféadfadh na finnéithe díriú isteach air sin. Tabharfaimid neart deiseanna daoibh teacht ar ais agus táimid ag brath oraibh mar shaineolaithe, ach is gá é a chur in iúl gur shin an rud atá ar siúl againn. Tá a fhios againn na fadhbanna. Tá a fhios againn an fáth go bhfuilimid anseo agus cén fáth a bhfuil gá le hAcht nua, mar gur theip go huile is go hiomlán go dtí seo leis an gceann atá againn. Maidir leis an rud atá beartaithe, beidh cur i láthair eile i gceist ó Chonradh na Gaeilge. An bhfuil na finnéithe sásta leis na ceannteidil? Táim ag cur na ceisteanna arís. An bhfuil aon rud istigh iontu nach bhfuil na finnéithe sásta leis? Tá siad ag freagairt na ceisteanna sa chomhthéacs sin. An bhfuil Muireann Ní Mhóráin ag iarraidh teacht isteach?

Ms Muireann Ní Mhóráin

An seasamh atá againn maidir leis na ceannteidil agus na scéimeanna ná go n-aontaímid go bhfuil teipthe orthu sin. Is é sin atá á rá againn. I measc na ndeacrachtaí a bhí ann leis na scéimeanna ná nach ndearnadh athnuachan orthu agus níor tharla an cineál seirbhíse a bhí á ngealladh ag na comhlachtaí éagsúla, agus ní tharlóidh, mar nach raibh agus nach bhfuil an córas ann chun iad a chur i bhfeidhm i gceart. Anuas air sin, bhí rudaí á gcur ar fáil i gcuid de na scéimeanna a bhí ann nach raibh ag teastáil ó na daoine. Maidir le hathbhreithniú iomlán a dhéanamh air sin, an méid atá á rá againn ná gur ag teacht ina áit a bheadh muid á mholadh. Táimid ag aontú nár cheart leanúint leis na scéimeanna mar a bhí.

Go raibh maith agat. An raibh an Seanadóir Ó Domhnaill ag iarraidh teacht isteach?

Ag éisteacht leis an díospóireacht, táim ag piocadh suas go bhfuil na finnéithe ag tabhairt tacaíocht don 20% atá molta sa Bhille, agus cuirim fáilte roimhe sin. Is ceann de na ceannteidil is tábhachtaí sa Bhille é ceannteideal 9. Faoi láthair tá slad iomlán á dhéanamh ag an Státchóras ar an nGaeilge. Fiú amháin an coiste seo, rinne rúnaí agus Cathaoirleach an choiste seo réamhscrúdú ar na seirbhísí Stáit agus sa tseirbhís phoiblí ó thaobh líon na gcainteoirí Gaeilge atá i ngach rannóg Stáit nó gach Roinn Stáit, agus fuarthas amach nach bhfuil ach 1.5% de na daoine atá ag obair sa Státchóras a bhfuil Gaeilge acu agus in ann an tseirbhís a chur ar fáil tri mheán na Gaeilge. Ciallaíonn sé seo nach bhfuil 98.5% de na 37,500 duine atá ag obair sa Státchóras in ann an tseirbhís sin a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Músclaíonn sé sin suas muid le rá nach bhfuil an córas ag obair mar is cóir agus go gcaithfear rud éigin a dhéanamh.

Is sprioc atá ann an 20% seo. Tá cuimhne againn nuair a bhí feidhmeannaigh na Roinne os comhair an choiste agus nuair a bhíomar ag plé é seo leo. Bhíomar á gceistiú faoin sprioc sin agus cén dóigh a dtiocfadh leis an Roinn cinnteacht a bheith ann go mbeadh an sprioc sin comhlíonta. B'fhéidir gur brionglóid atá ann, ach más sprioc é, caithfimid é a leagan amach go soiléir. Má táimid ag caint ar thréimhse trí bliana, deich mbliana nó 20 bliain, caithfimid a bheith an-soiléir agus caithfimid é a thomhas go maith leis sin fosta. Níl a fhios agam cén tuairim atá ag na finnéithe agus níl a fhios agam an mbeadh siad ag aontú liom, ach ba mhaith liomsa sa Bhille seo go mbeadh ar an Aire teacht os comhair an choiste seo gach bliain le tuarascáil dul chun cinn ar an mBille, go háirithe ar na ceannteidil, a chur os comhair an choiste agus an Oireachtais. An mbeadh na finnéithe ag tabhairt tacaíocht do leithéid de mholadh?

Tá ceannteideal 9 ag brath ar na poist úra a bheidh le cruthú, ach níl sé ag déileáil leis na daoine atá ag obair sa Státchóras faoi láthair. Má táimid ag caint faoi 98.5% den 37,500, cad atáimid le déanamh faoi sin? Bhí córas iontach maith ann blianta ó shin, córas a raibh taobh istigh den Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus den Roinn Airgeadais, is é sin Gaeleagras. Níl a leithéid de chóras ann faoi láthair. An bhfuil gá lena leithéid de chóras nó d'ionad úr sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe nó sa Roinn Airgeadais a chur ar fáil chun deis a thabhairt do na daoine atá ag obair sa Státchóras ar mian leo an Ghaeilge a fhoghlaim é sin a dhéanamh? Thabharfadh sé deis do phobal na Gaeltachta chomh maith buntáiste a bhaint as sin fosta mar go dtagann na daoine go dtí ceantair Ghaeltachta, is cosúil, mar a bhí á dhéanamh roimhe seo. An bhfuil aon tuairim ag na finnéithe ar an moladh sin, go háirithe mar go mbaineann sé le cúrsaí oideachais? Tá siad féin ag plé le cúrsaí oideachais agus cúrsaí Gaeltachta. An bhféadfadh moladh den chineál sin oibriú go praiticiúil agus an bhfuil aon smaointe ag na finnéithe air sin?

Mr. Dónal Ó hAiniféin

Táim cinnte go mbeidh ár gcairde ag caint faoi na ceannteidil eile agus bhíomar ag díriú ar cheannteidil 9 mar gur bhain sé go dlúth leis an obair atá idir lámha againne. Maidir leis an 98% atá laistigh den chóras faoi láthair, gan dabht tá céatadán áirithe díobh sin go bhfuil Gaeilge áirithe acu a mhothaíonn nach bhfuil sé ar a gcumas seirbhís chuimsitheach a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Bheimis go hiomlán i bhfabhar cúrsaí forbartha gairmiúla a bheith ar fáil dóibh sin le feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge agus le tacú leo seirbhísí ar chaighdeáin áirithe a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Gan dabht chabhródh sé le hearnáil na Gaeltachta agus leis na Gaeltachtaí uilig, atá faoi bhrú ó thaobh fostaíochta agus mar sin de, cúrsaí a bheith ar fáil dá leithéidí sin sa Ghaeltacht agus iad a bheith creidiúnaithe agus céimnithe agus iad a bheith ar fáil mar mheascán ar líne agus cónaithe do na státseirbhísigh sin gur mian leo feabhas a chur ar an gcumas agus ar an gcaighdeán Gaeilge atá acu faoi láthair. An rud nach féidir a dhéanamh ná Gaeilge a bhrú ar dhaoine nach mian leo í a labhairt. Táim cinnte laistigh den 98%, ámh, go bhfuil dornán áirithe daoine gur cheart dúinne a bheith ag díriú orthu chomh maith san idirlinn.

An pointe is láidre ná, má táimid chun an sprioc de 20% a bhaint amach in aon chor agus má tá sé le bheith bainte amach againn faoi 2047, fiú, caithfimid bóthar agus céimeanna chuige sin a aontú. Thacóimis go láidir leis an tuairim go mbeadh ar an Aire teacht isteach ag amanta rialta in aghaidh na bliana nó mar sin chun cur síos a dhéanamh ar an dul chun cinn a bhfuil déanta sa bhliain atá imithe, an méid a bhfuil bainte amach, agus an t-ardú sna céatadáin a bhfuil ag úsáid na seirbhísí breise atá curtha ar fáil. Sa tslí sin, bheimis ábalta measúnú agus monatóireacht a dhéanamh ar an rud.

Mar a deirim, ní fiú an sprioc a chaitheamh amach mura bhfuilimid agus mura bhfuil an Teach seo sásta measúnú agus monatóireacht a dhéanamh air le fáil amach an bhfuil dul chun cinn á dhéanamh againn. Chun é sin a dhéanamh, caithfimid an earnáil eile, earnáil na Gaelscolaíochta i ngach leibhéal agus earnáil na Gaeltachta, a fhorbairt go comhthreomhar le cur ar chumas tuismitheoirí gur mian leo, sin 25%, ceathrú den daonra, go mbeadh Gaeloideachas ar fáil dá bpáistí. Caithfimid é sin a dhéanamh go comhthreomhar nó ní fiú faic an sprioc de 20%.

Caithfimid a bheith réalaíoch faoi seo. Go minic, cuirtear an iomarca béime ar an dlí mar uirlis ann féin le rud a bhaint amach. Tá trí rud ag teastáil, ceann acu is ea an dlí. Maidir leis an dlí ann féin, go minic tá an fhadhb chéanna ann, mar shampla, le daoine le míchumas, toisc nach ndéantar tada leis an dlí agus go ndéantar neamhaird air. Tá trí rud ag teastáil, is iad sin an dlí, an maoiniú leis an dlí a chur i bhfeidhm agus leis na tacaíochtaí a chur ar fáil, agus plean feidhmíochta. Ceann de na fáthanna nach bhfuil an oiread toradh ar an Acht a tugadh isteach i 2003, agus ba mhaith liom tuiscint a fháil ó na finnéithe, ná nár cuireadh an maoiniú ná an plean tacaíochta i bhfeidhm.

Tabharfaidh mé sampla den rud atá i gceist agam. Má táimid ag dul ag rá go mbeidh 20% den phobal nó de na daoine a earcófar sa Státseirbhís inniúil ar an nGaeilge, ní leor é sin a rá i dtéarmaí dlí mura bhfuil an córas oideachais eagraithe sa chaoi agus go mbeidh iarrthóirí againn. Táimid ar ais san fháinne fia seo, ag iarraidh an bhfuil an bhunscolaíocht ann, trí Ghaeilge agus trí Bhéarla, agus go deimhin féin tá cuid déanta ó Thuaidh ag scoileanna Bhéarla, an bhfuil an mheánscolaíocht ann agus an bhfuil an tríú leibhéal ann. Is siar go mór atáimid imithe ó thaobh an tríú leibhéal le hocht mbliana anuas. Caithfear plean a bheith ann má táimid ag iarraidh sprioc de 20%. Cé as a dtiocfaidh siad? Ní thiocfaidh siad anuas ón spéir. An bhfuilimid chun cúrsaí Gaeilge a chur le go leor ábhar éagsúla eile a d'fhéadfaí a dhéanamh sa tríu leibhéal agus ansin cáilíocht a thabhairt isteach go bhfuil duine inniúil ar an nGaeilge a úsáid ina cuid oibre laethúil? B'shin an áit, dar liomsa, nár cuireadh an Acht i bhfeidhm. Ba mhaith liom tuairimí na bhfinnéithe faoi sin.

An dtógann na finnéithe faoi deara, in ainneoin an Achta a deireann go gcaitheann duine freagra i nGaeilge a fháil ar chomhfhreagras i nGaeilge, go bhfuil go leor dreamanna Gaeltachta agus Gaeilge, scoileanna Gaeilge agus mar sin de a scríobhann litir i mBéarla agus i nGaeilge ag cuideanna eile den Roinn Oideachais agus Scileanna taobh amuigh de COGG mar nach bhfuil muinín acu as an gcóras agus go bhfuil an dá oiread oibre orthu ag cur litir in dhá theanga? Feicim na litreacha, mar cuirtear cóipeanna ag Teachtaí Dála go minic, a sheoltar chuig an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an leagan Béarla agus Gaeilge orthu. Deirim liom féin nár chuala siad ariamh go gcaithfidh siad na litreacha seo a fhreagairt i nGaeilge, go gcaithfidh siad déileáil leo, agus go bhfuil easpa muiníne ag daoine sa chóras dá bharr nach bhfuiltear ag déanamh seo.

Arís táimid ar ais ag plean feidhmíochta, mar níl aon mhaith in dlí gan plean feidhmíochta. Tá an ceart ag na finnéithe a rá anseo agus a chur ar ár súile anseo inniu nach bhfuil aon mhaith an dlí a bheith ann murar féidir le duine dul go héasca chuig an Roinn Oideachais agus Scileanna agus ceist a chur faoi na treoracha, na rialacha ar fad a fhaigheann siad, cóiríochta scoileanna agus mar sin de, agus na ceisteanna sin a chur trí Ghaeilge. Tá plean ag teastáil mar ní féidir é seo ar fad a chur i ndlí. Níl an dlí chomh mór sin. Caithfimid a rá leis an Aire go bhfuil na rudaí seo a leanas ag teastáil: dlí níos láidre, agus aontaímid ar fad leis sin, maoiniú, plean feidhmíochta, agus ar ndóigh ag deireadh an lae, níos mó cumhachtaí ag an gCoimisinéir Teanga.

Bhí rud amháin, nuair a bhí mé ag plé leis seo cheana, go bhfuil soláthar dó san Acht. Is maith le daoine airgead a fháil ón Stát, fiú mura bhfuil ann ach €10. Ceann de na rudaí a bhí ann ná go bhféadfaí cúiteamh a thabhairt do dhaoine dá mbeadh sárú ar an Acht ann. Mar shampla, dá bhfaigheadh duine litir ar ais i mBéarla agus an duine tar éis é a scríobh i nGaeilge, gheobheadh sé nó sí €20 nó €30 de chúiteamh ón gCoimisinéir Teanga. Tá mé cinnte nach bhfreagrófaí mórán litreacha ach go mbeadh go leor litreacha ag teacht isteach i nGaeilge ag súil le go bhfaighfí freagra i mBéarla. Mar sin féin, tá mé ag ceapadh go n-athródh na béasa go mór mar bheadh na hoifigigh chuntasaíochta sa Roinn ag ceistiú cén fáth go raibh airgead á chur amú.

Tá go leor le déanamh agus ná ceapfadh muid gurb é an dlí tús deireadh an scéal. Is cuid lárnach den scéal é ach gan an chuid eile, beidh thiar orainn sa deireadh agus just neamhaird á thabhairt ar an dlí.

Is tús agus deireadh an scéal anseo an dréacht-Bhille. Sin an rud atá os ár gcomhair.

Tuigim é sin ach an scéal atá ag na daoine ó COGG chugainn inniu ná nach bhfuil mórán le rá acu faoin dréacht, ach gan an chuid eile ag cur leis an dréacht, beidh thiar orainn sa deireadh. Sa tsochaí go ginearálta, tá nós ann ceapadh gur ionann dlí a fháil rite agus an cath a bheith buaite. Ní hionann é.

Ní hionann é ach tá práinn i gceist maidir leis an dréacht-Bhille, na leasuithe atá á dhéanamh agus é a thabhairt ar ais.

Ms Muireann Ní Mhóráin

Tuigim an cheist atá an coiste ag cur orainn agus an brú atá an coiste ag cur orainn, ach dar liom féin, is cuma. Is cuma faoi an-chuid den stuif atá sa Bhille i ndeireadh an lae mura bhfuil daoine againn atá cumasach sa teanga agus in ann a chuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Is cuma faoi lógónna nó foilseacháin ach amháin go bhfuil na daoine ansin le Gaeilge agus an dream ar an taobh eile den bhinse atá in ann a gcuid seirbhísí a chur ar fáil dóibhse trí Ghaeilge. Ní hé go bhfuilimid ag tabhairt neamhaird ar an ról atá againn anseo ach táimid ag iarraidh díriú isteach mar tá dlí mar sin ann ach fós ní féidir le duine dul isteach in oifig an phoist chun stampa a cheannach.

Chun soiléireacht a thabhairt isteach, táimid anseo le breis agus bliain agus tá an t-uafás cur i láthair cloiste againn. Tá a fhios againn go bhfuil an córas teipthe. Seo iarracht ón Rialtas ag rá, de bharr na gearáin atá déanta, gurb iad seo na ceannteidil. Sin an fáth go bhfuilimid ag díriú isteach air. Aontaím leis na finnéithe agus aontaíonn an coiste leo. Táimid anseo gach uile choicís ag éisteacht le cur i láthair ag cur in iúl chomh dona agus atá an córas agus an easpa éilimh. Níl daoine ag éileamh na seirbhísí - sin fadhb amháin - mar nach bhfuil muinín acu go bhfuil na seirbhísí ann. I gcónaí nuair a thagann na Ranna os ár gcomhair, deirtear linn nach bhfuil aon éileamh. Sin an saghas rud atáimid ag éisteacht leis.

Níl mé ag aontú leis sin ach ag rá gurb é an saghas rudaí atá i gceist. Is iad seo na ceannteidil. Tá a fhios againn na fadhbanna. Sin an fáth a bhfuil mé ag cur brú ar na finnéithe, ar na Teachtaí agus ar an Seanadóir díriú isteach ar an rud atá faoi chaibidil againn.

Mr. Dónal Ó hAiniféin

Táim an-bhuíoch don Chathaoirleach. Aontaím go hiomlán léi. Má tá daoine ag ceapadh go bhfuil easpa éilimh ann-----

Níl siad á cheapadh. Tá siad ag rá an méid sin go díreach linn.

Mr. Dónal Ó hAiniféin

Is é an pointe ná go raibh daoine ag rá ar feadh i bhfad nach raibh aon éileamh ar an earnáil lena bhfuil muidne bainteach nó ar an nGaelscolaíocht ag an mbunleibhéal nó ag an iar-bhunleibhéal. Bhí mé ag éisteacht le daoine i Luimneach ar feadh deich mbliana ag rá nach raibh aon éileamh ar iar-bhunscoil lán-Ghaeilge. Bunaíodh ceann agus tá sé ar an iar-bhunscoil lan-Ghaeilge is mó sa tír. Nuair a chuirtear seirbhísí ar fáil, mar a dúirt an Teachta, bíonn daoine sásta iad a úsáid. Nuair atá ríomhphost á sheoladh ag daoine ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, tá dhá rogha acu. Má sheolann siad a ríomhphost i nGaeilge amháin, féadfaidh siad feitheamh roinnt seachtaine ar fhreagra a fháil. Má tá pointe teagmhála ag daoine le duine le Gaeilge agus má sheolann siad ríomhphost ag an duine sin, gheobhaidh siad teachtaireacht i nGaeilge ar ais go tapaidh ag rá go bhfuil an duine sin buíoch as an gcomhfhreagras, go bhfuil sé nó sí ag féachaint ar an ábhar agus go mbeidh siad ar ais chucu laistigh de thréimhse ama. Má sheoltar ríomhphost den leithéid sin ag oifigeach nach bhfuil inniúil ar an nGaolainn, beidh feitheamh fada fuar ar chosa laga i gceist. Táim cinnte go mbeidh ár gcairde ag caint faoi na ceannteidil eile ach, maidir leis an gceannteideal is tábhachtaí agus an 20% a fhad is a bhaineann sé linne, is gá an dá rud a fhorbairt go chomhthreomhar lena chéile. Ní féidir linn a bheith níos soiléire faoi sin.

Measaim go bhfuil an ceart ar fad ag an Teachta Ó Cuív ansin nuair a deireann sé gur gá an dlí, an maoiniú agus plean feidhmíochta a bheith ann. Is gá go mbeidh monatóireacht á déanamh ar an bplean sin de réir a chéile. Mura ndéantar é sin, mar a deirim, ní fiú aon ní an sprioc agus déanfar neamhaird don dlí. Mar is eol dúinn, níor oibrigh na scéimeanna. Má tá bunseirbhísí le bheith ar fáil trasna an bhoird agus iad a bheith ar fáil i nGaeilge, is é seo an chaoi lena dhéanamh - an céatadán de chainteoirí Gaeilge agus Béarla san earnáil a mhéadú.

Gabhaim buíochas leis an bhfinné. Bhí Muireann Ní Mhóráin ag iarraidh teacht isteach.

Ms Muireann Ní Mhóráin

Ní raibh. Tá mise go breá.

Ba mhaith liom ceist a chur ar Muireann Ní Mhóráin. Is ceist an-simplí í. Glacaim leis go ndéanann na céadta agus na mílte teagmháil le COGG i gcaitheamh na bliana. Glacaim leis go bhfuil ar a laghad 90% den ghnó, nó níos mó, leo siúd a bhfuil Gaeilge acu, mar shampla na Gaelscoileanna agus mar sin de, déanta trí mheán na Gaeilge. Cén céatadán de na daoine ceannann céanna a bhacfadh leis an nGaeilge a úsáid agus iad a plé leis an gcuid eile den Roinn Oideachais agus Scileanna? An bhfuil aon bharúil ag Muireann Ní Mhóráin? Ar mhaith léi barúil a thabhairt?

Ms Muireann Ní Mhóráin

Tá an ceart ag an Teachta-----

Glacaim leis go bhfuil an t-éileamh ann nuair atá an tseirbhís ann. An mbeadh an ceart agam faoin méid de na daoine le Gaeilge a dhéanann teagmháil le COGG trí Ghaeilge?

Ms Muireann Ní Mhóráin

Cinnte. Móramh mór na ndaoine a dhéanann teagmháil linn is trí Ghaeilge a dhéanann iad é. Tá céatadán an-bheag a deir "I am from a Gaelscoil" nó rud éigin ach labhraítear Gaeilge leo, mar amanta ní bhíonn daoine ag súil le Gaeilge. Mar sin, is annamh i ndáiríre a bhíonn gnó le déanamh againn trí mheán an Bhéarla sa ghnáthlá oibre. Maidir leis an Roinn, níl fianaise agam ach déarfainn go bhféadfaí é a mhalartú an treo eile.

Freagraíonn sé sin ceist an éilimh in aon abairt amháin. QED, mar a deireann muid.

Mr. Dónal Ó hAiniféin

Má fhreastalaítear agus má chuirtear na seirbhísí ar fáil, bainfidh daoine úsáid as na seirbhísí sin. Is é an pointe teagmhála an pointe criticiúil. Sin an duine lena mbítear ag plé. Más féidir dul go dtí an duine sin faoi pé ábhair atá i gceist - bíodh sé sláinte, oideachas, nó rud ar bith eile - is é seo an pointe criticiúil agus an áit gur gá dúinn feabhas a chur.

An bhfuil an Teachta Tóibín ceart go leor?

Tá brón orm. Bhí mé ag labhairt sa Dáil. Tá ráitis ar an nGaeilge ar siúl.

Dúirt mé é sin. Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Gabh mo leithscéal go raibh mé beagáinín dian ach bhí mé ag iarraidh díriú isteach ar an ábhar. Bhí sé sin cabhrach dúinn.

Cuireadh an suí ar fionraí ar 6.15 p.m. go dtí 6.17 p.m.

Cuirim céad míle fáilte roimh na hionadaithe ó Chonradh na Gaeilge, go háirithe Julian de Spáinn, ardrúnaí, agus Peadar Mac Fhlannachadha, leas-ardrúnaí agus bainisteoir abhcóideachta. Níl Emma Ní Chearúil anseo. Tá sean-taithí ag na finnéithe ar bheith anseo. Tuigeann siad a ndualgais faoin Acht um Chlúmhilleadh 2009. Ní gá dúinn é a léamh arís. Tá ráitis tosaigh acu, an bhfuil?

Mr. Julian de Spáinn

Ba mhaith liom tréaslú, ar dtús, le Cathaoirleach, le baill agus le foireann an choiste seo as an obair mhaith thábhachtach atá ar siúl acu ó bunaíodh an comhchoiste seo. Aithním i measc na hoibre sin, an tuarascáil a d’eisigh an coiste ar a thoscaireacht ar na hoileáin, an tuarascáil ar straitéis óga don Ghaeltacht, an tacaíocht tugtha aige don oideachas Gaeilge agus Gaeltachta, Raidió Rí-Rá, Acht ó Thuaidh agus neart eile. Tá sé fíorthábhachtach go bhfuil an comhchoiste seo ann agus guím gach rath ar a chuid oibre i gcónaí.

Gabhaim buíochas, ar son an chonartha, as an deis cur i láthair a dhéanamh inniu ar na moltaí atá ag Conradh na Gaeilge le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a láidriú. Dar ndóigh, baineann an chaint inniu go háirithe leis na ceannteidil foilsithe ag an Rialtas ach tá súil againn, le cabhair an choiste, tionchar a imirt ar an reachtaíocht ag gach Céim den Bhille agus é ag dul tríd Tithe an Oireachtais. Cuireadh ár n-aighneacht chuig an gcoiste don phróiseas atá ar siúl ag an gcomhchoiste seo roimhe seo agus tá sé i gceist agam, mar sin, gan ach achoimre gasta a thabhairt ar chuid de na ceannteidil molta, cuid de na ceannteidil níos tábhachtaí a phlé, agus cur síos a dhéanamh ar na ceannteidil, inár dtuairim, atá in easnamh ó na ceannteidil foilsithe ag an bpointe seo.

Mar eolas, níl aon mholtaí againn do ceannteidil 1, 2 nó 3 agus táimid ag tacú le ceannteidil 4, 5, 6, 7, 11, 12, 13 agus 14. Agus iad sin ar fad ar leataobh, is féidir liom dul ar aghaidh go cinn áirithe eile. Táimid ag tacú le ceannteideal 8 ach táimid ag moladh go mbeidh spriocdháta de 2020 curtha leis an bhfeidhmiú ina iomláine de na córais faisnéise agus cumarsáide ó thaobh úsáid ainmneacha agus seoltaí Gaeilge de. Chomh maith leis sin, táimid ag moladh go mbeidh leasú ar an bhfoclaíocht beagáinín le haithint nach bhfuil leaganacha Béarla ar ainmneacha agus seoltaí ag go leor Gaeil agus nár chóir córas nua a sholáthar nach dtógfaidh sin san áireamh. Leis an bhfoclaíocht atá ann faoi láthair, sílimid go bhfuil an rud oscailte agus go bhféadfadh duine a rá go bhfuil leagan eile dá ainm nó hainm ann nuair nach bhfuil sé sin fíor do go leor daoine. Is gá a bheith cúramach leis sin ó thaobh foclaíochta de.

Táimid ag tacú le ceannteideal 10 ach táimid ag moladh go mbeidh dualgas soiléir agus cuimsitheach ar gach comhlacht poiblí agus Roinn Rialtas chun tairiscint ghníomhach a sholáthar don phobal san áireamh san Acht. Mura cuirtear an pobal ar an eolas go leanúnach agus go gníomhach go bhfuil ceart acu agus go bhfuil fáilte rompu na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil a úsáid, ní chuirfear go suntasach le húsáid na seirbhísí sin agus leanfar a rá nach bhfuil éileamh ar na seirbhísí céanna.

Is féidir liom a rá, ó mo thaithí pearsanta agus ó aiseolas ó go leor daoine, nach bhfuil an pobal ar an eolas ar na seirbhísí atá ar fáil ón Stát trí Ghaeilge tríd is tríd faoi láthair agus ní dhéantar beagnach aon tairiscint ghníomhach sa chás go bhfuil seirbhís ar fáil trí Ghaeilge. Tá an téarma "tairiscint ghníomhach" luaite sna ceannteidil ach níl an téacs curtha leis fós. Sin an fáth go bhfuil mé ag cur an-bhéim air sin. Bhí an coiste ag caint faoi roimhe seo. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh an tairiscint ghníomhach curtha os comhair an phobail i gcónaí. Mura cuirtear os a gcomhair, ní bhainfidh daoine úsáid as na seirbhísí agus deirtear i gcónaí nach raibh an t-éileamh ann. Tá an moladh sin fíorthábhachtach dá bharr agus ba cheart go mbeadh sé láidir agus soiléir sa reachtaíocht.

Níl aon cheist ann ach go bhfuil ceannteideal 9, earcaíocht san earnáil phoiblí, an ceannteideal is tábhachtaí le cinntiú go mbeidh seirbhís shásúil agus cuimsitheach curtha ar fáil don phobal as Gaeilge ón earnáil phoiblí. Ba mhaith liom cúpla rud a rá faoi. Ar dtús, tá moladh ag dul don chomhchoiste seo, don Fhreasúra, don Roinn Chultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus don Rialtas trí chéile as éisteacht leis an éileamh a chuir an conradh chun cinn le cúpla bliain anuas go mbeidh 20% d’fhostaithe nua a earcófar don tseirbhís phoiblí inniúil ar an nGaeilge. Is í ár dtuairim go bhfuil gá spriocbhliain a lua leis an gceannteideal seo. Táimid ag moladh 2020 le bheith ag an sprioc de 20%.

Teip a bhí ag gach Rialtas ó na 1970í ar aghaidh, nuair a athraíodh rialacha earcaíochta an earnáil phoiblí, le cinntiú go mbeadh seirbhís shásúil as Gaeilge ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Ligeadh síos muid thar na blianta agus le muinín an phobail a chinntiú don Acht leasaithe is gá, inár dtuairim, spriocbhliain a lua leis an gceannteideal seo. Ba chóir dúinn ceacht ciallmhar a fhoghlaim agus a leanúint ón Aontas Eorpach agus an dlús atá leis an obair chun fáil réidh leis an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach mar gheall ar an spriocbhliain de 2022 luaite leis. Chun cothrom na Féinne a thabhairt don Rialtas, tá obair mhaith ar siúl anois le bheith réidh ar 31 Nollaig 2021 chun ligean don mhaolú dul in éag agus stádas iomlán a bheith ag an teanga ann. I gcás na hearcaíochta san earnáil phoiblí sa bhaile in Éirinn, caithfear, cosúil leis an Aontas Eorpach, spriocbhliain a leagan síos agus plean cuimsitheach a chur le chéile leis an spriocbhliain sin a bhaint amach le hearcaíocht 20% inniúil ar an nGaeilge mar thoradh ar an bplean. Mura dhéantar seo, inár dtuairim teipfidh ar an iarracht seirbhís shásúil Ghaeilge a chinntiú do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Le críochnú, ba mhaith liom tagairt a dhéanamh de roinnt de na ceannteidil atá in easnamh sna ceannteidil faoi láthair. Ba chóir go mbeadh an Ghaeilge ar aon chéim leis an mBéarla ar chomharthaí bóthair na hÉireann. Déantar é seo sa Bhreatain Bheag, san Alban agus i dtíortha eile le breis is teanga oifigiúil amháin ar fud an domhain. Bhí an Taoiseach reatha, an Teachta Leo Varadkar, nuair a bhí sé ina Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt ar son an mholta seo. Chuir Cathaoirleach an comhchoiste Oireachtais ar iompair, an Teachta Fergus Ó Dubhda, in iúl ag an gcoiste seo roimh an Nollaig go raibh sé ar son an mholta seo. Ghlac an comhchoiste iompair leis an moladh cúpla bliain ó shin. Cén fáth nach mbeadh sé curtha san áireamh sna ceannteidil agus sa Bhille atá le teacht? Níl aon duine ag caint faoi na comharthaí a athrú thar oíche ach iad a athrú de réir is gur gá iad a athnuachan nó cinn nua a chrochadh.

Ar nós sa Bhreatain Bheag, ba chóir go mbeadh iniúchadh déanta ag an gCoimisinéir Teanga ó thaobh na teanga de ar reachtaíocht mholta agus ar aon straitéis phoiblí a bhaineann le teanga oifigiúil a chur chun cinn, mar shampla, an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Ceann de na heasnaimh is mó atá ann le cur i bhfeidhm na straitéise ná nach bhfuil aon dream neamhspleách ag déanamh monatóireachta air. Sílimid gurb é seo rud go bhféadfaí a chur sa reachtaíocht leis an dualgas sin a thabhairt don Choimisinéir Teanga. Ní hamháin sin ach sa Bhreatain Bheag, mar a luaigh mé, tá siad tosaithe ag breathnú ar reachtaíocht atá ag dul tríd gach Roinn ann. Níl aon fháth nach ndéanfadh an Coimisinéir Teanga in Éirinn an rud ceannann céanna.

Ba chóir go dtiocfadh gach comhlacht phoiblí agus gach feidhm de chuid an chomhlachta poiblí a bheidh idirghníomhaíocht ag an bpobal leis agus a roinnfear ar chomhlacht eile faoi réim an Achta go huathoibríoch. Tóg, mar shampla, Dublinbikes. Faoi láthair, má dhéanann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a dhualgas a thamligean ó thaobh rothair a chur ar fáil sa chathair go dtí comhlacht neamhspleách, ní thagann an comhlacht sin faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus níl gá don chomhlacht aon sheirbhís a chur ar fáil don phobal trí Ghaeilge. Mar gheall air sin, ní féidir liomsa fós clárú ar líne le Dublin Bikes trí Ghaeilge chun na rothair a fháil ar iasacht. Tá sé sin mar an gcéanna d'aon dhuine le Gaeilge. Táimid ag lorg go dtiocfaidís siad go huathoibríoch faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla má tá siad ag plé leis an bpobal nó ag fáil oibre ó chomhlacht Stáit.

Níor chóir go mbeadh dreamanna ar nós An Post in ann dualgais a 9 den Acht reatha a sheachaint maidir le hábhair margaíochta a cuirtear ar fáil don phobal mar gheall nach raibh na dualgais soiléir a dhóthain in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Má dhéanann comhlacht poiblí nó Roinn teagmháil ar bith leis an bpobal, ba chóir go mbeadh an teagmháil sin déanta go dátheangach nó i nGaeilge amháin agus níor chóir ligean d’eisceachtaí mar atá ann faoi láthair. Faighimse rudaí i mo bhosca poist go rialta agus den chuid is mó bíonn siad as Béarla amháin. An fáth leis sin ná go bhfuil solúbthacht fágtha san Acht atá ann faoi láthair i gcúrsaí margaíochta agus eile. Tá gá ann é sin a bhaint amach agus a chinntiú nach dtarlóidh sé a thuilleadh.

Tháinig moladh praiticiúil agus réasúnta chun tosaigh le déanaí sa chonradh agus ba chóir é a chur san áireamh in aon Acht nua. Is é sin go mbeidh an ceart céanna ag aon duine ag obair sa Státseirbhís lena chuid oibre a dhéanamh leis an Stát trí Ghaeilge. Mar shampla, ba chóir go mbeadh an próiseas ardú céime, an próiseas measúnaithe foirne agus comhfhreagras inmheánach don fhoireann agus araile ar fáil i nGaeilge do na státseirbhísí le Gaeilge. Conas gur féidir linn státseirbhísigh a bheadh sásta an Ghaeilge a úsáid go leanúnach a chothú muna bhfuil an Státchóras féin ag freastal orthu? Má táimid ag iarraidh daoine a spreagadh chun Gaeilge a úsáid go leanúnach sa Státchóras, is cinnte go gcaithfidh an Státchóras freastal orthu sa chéad áit.

Cuirtear cosc uaireanta ar úsáid na Gaeilge san ionad oibre gan bun ná barr a bheith leis an gcosc céanna. Is pleanáil teanga fíor-éifeachtach sa treo mícheart é ar gá á chosc má táimid le cur le húsáid na Gaeilge sa tsochaí seo.

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as éisteacht liom inniu. Ba bhreá liom aon cheisteanna atá ag an gcoiste a fhreagairt nó aon soiléiriú atá ag teastáil a thabhairt.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as teacht isteach inniu. Bhí an t-aitheasc sin an-suimiúil. Ní raibh mé anseo don chéad seisiún don chruinniú seo. Mar sin, ba mhaith liom a rá go bhfuil mé buíoch go bhfuilimid ag an staid seo leis an mBille seo. Tá an Bille á phlé againn le fada an lá sna Tithe anseo. Tá go leor rudaí maithe sa Bhille agus caithfimid iad a aithint. Tá laigeachtaí ann freisin agus sin an fáth go bhfuil coiste ann. Beimid in ann díriú orthu agus, más féidir, iad a dheisiú.

Tá go leor in aghaidh na Gaeilge agus tá siad ag iarraidh cur isteach ar an nGaeilge toisc an costas a bhaineann leis an teanga. Nuair a fheicimid ar Bille cosúil leis an gceann seo, tá sé soiléir, má dhéanann an Rialtas rudaí i gceart ón tús, nach mbeadh aon chostas breise i gcás i ndáiríre. Mar shampla, má chuireann siad comharthaí bóthair dhátheangach as seo amach, ní bheadh costas ag baint leis sin ar chor ar bith. Labhair mise leis an Aire, an Teachta Ross, faoin rud seo. D'iarr mé air an mbeadh sé sásta dul leis seo agus dúirt sé liom i rith an chomhrá de cúig nó deich nóiméad a bhí againn nach mbeadh fadhb ar bith aige leis na rudaí seo. Tá na comharthaí seo i bhfeidhm in Aerfort Bhaile Átha Cliath agus níl daoine caillte i Timbuktu nó i Tenerife ag an bomaite. Is léir go bhfuil daoine in ann iad a úsáid. Tá siad á n-úsáid go forleathan thar lear. Ba cheart go mbeadh in ann leasú a dhéanamh ar an rud seo.

Bíonn an Rialtas i gcónaí ag gearán faoin gcostas a bhaineann le seirbhísí a chur ar fáil do shaoránaigh trí Ghaeilge. Má earcaítear daoine atá in ann a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge, ní bheidh aon chostas ag baint leis sin ar chor ar bith.

Beidh gearán ann faoi na moltaí atá déanta agus ba cheart dúinn iad a phlé. An bhfuil an chomhréir a luadh sodhéanta? Beidh an Rialtas ag rá go gcaithfimid é a dhéanamh i slí fadtéarmach. Ní aontaím leis an tuairim sin. An bhfuil 2020 mar spriocbhliain sodhéanta chun é a chur i bhfeidhm? Caithfeadh impleachtaí a bheith ann maidir le neamhcomhlíonadh leis na rialacha agus leis an dlí agus na ráitis agus tuarascáil a thagann as Oifig an Choimisinéara Teanga.

Is léir d'éinne atá ag díriú isteach ar an ábhar seo go mbíonn na heagraíochtaí Stáit i gcónaí ag tabhairt neamhaird don Choimisinéir Teanga. B'fhéidir go bhfuil rudaí ag dul i bhfeabhas le cúpla bliain anuas, ach tá a fhios agam go mbíonn eagraíochtaí Stáit cosúil le hOifig na nOibreacha Poiblí fós ag sárú a gcuid dualgais maidir leis an dlí. Nuair a chuirtear glaoch ar Oifig an Choimisinéara Teanga, téann sé i dteagmháil leis an eagraíocht atá i gceist agus deisítear an fhadhb. Bíonn sé mar an gcéanna an chéad uair eile, áfach. Bíonn sé briste arís. Cuireann sé sin an-chuid ama, airgid agus iarrachta amú. Ní bheadh an fhadhb sin ann ar chor ar bith dá mbeadh bata mór de chineál éigin i gceist. Ba cheart go mbeadh cairéad éigin i gceist freisin chun cabhrú leis na heagraíochtaí a gcuid dualgais a chomhlíonadh.

Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do rud beag nach bhfuil luaite go dtí seo. Baineann sé le feachtas ollmhór a bhí ann trí mhí nó ceithre mhí ó shin. Tá go leor eagraíochtaí agus comhlachtaí ag feidhmiú sa tír seo ar bhonn ceadúnais a fhaigheann siad ón Rialtas. Tá mé ag smaoineamh ar na bainc agus na comhlachtaí árachais, mar shampla. Úsáideann go leor comhlachtaí idirnáisiúnta an Ghaeilge i slite iontacha, ach tá sé dochreidte go bhfuil go leor comhlachtaí Éireannacha fós ann a dhéanann neamhaird iomlán ar an teanga. Ní thuigeann siad an deis, nó an competitive advantage, atá i gceist anseo. An ceart dúinn rud éigin a dhéanamh chun dualgas a chur ar na bainc, nó na comhlachtaí árachais, níos mó measa a thaispeáint agus níos mó Gaeilge a úsáid? Is féidir linn a chruthú go bhfuil dualgais ar chomhlachtaí atá ag feidhmiú anseo an Ghaeilge a úsáid. Chuala muid cúpla seachtain ó shin gur cuireadh iachall ar dhuine taobh istigh in AA Ireland a bhí ag labhairt Gaeilge le custaiméir ar a thoil féin athrú go Béarla. Céard ba cheart don Rialtas agus don Stát a dhéanamh sna cásanna sin?

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh na finnéithe. Is maith an rud é go bhfuil siad anseo agus go bhfuil an comhrá seo againn. Tréaslaím leis na finnéithe i dtaobh na hoibre iontaí atá ar siúl acu. Fuair mé eolas faoin obair sin nuair a bhuail mé le cuid acu in Óstán Buswells. Is fiú an obair iontach atá ar siúl acu.

Tá ceist agam a bhaineann le rud beag tábhachtach. Tá sé mar éileamh go mbeidh Gaeilge líofa, nó Gaeilge mhaith, ag 20% d'fhostaithe sa Státseirbhís, sna Ranna Stáit agus sna comhairlí contae. Is breá an t-éileamh é sin, ar bhealach, ach an bhfuil sé réalaíoch? An mbeadh dóthain iarrthóir sa tír leis an gcaighdeán cuí Gaeilge acu? An mbeadh go leor daoine le Gaeilge ann leis na poist seo a líonadh? Ba chóir go mbeadh, ach sílim go mbeidh deacracht ansin.

De réir mo léamh ar an mhéid atá á rá ag na finnéithe, tá cúig leasú uathu. Baineann an chéad dá cheann le 2020 a chur isteach mar spriocdháta ó thaobh feidhmiú an chórais faisnéise agus freisin maidir le hearcaíocht. Baineann na trí cinn eile leis na comharthaí bóthair, le margaíocht agus le comhfhreagras inmheánach. An bhfuil na finnéithe ag rá go gcuirfeadh na hathruithe sin, agus iad déanta réasúnta foirfe, leis an mhéid atá molta? Nílimid ag rá go mbeadh gach rud ann, ach is féidir dul ar aghaidh leis. B'fhéidir gurb é an rud is tábhachtaí le déanamh anois ná dul ar aghaidh agus Acht leasaithe a chur i bhfeidhm. Cuirfidh mé mar seo é. Bheadh comhghéill i gceist i gcomhthéacs an mhéid atá á lorg agus an dlús a bhaineann le rud éigin a dhéanamh. An bhfuil an ceart agam gur shin atá ar bun?

Rinne mé dearmad a rá go bhfuil mé lán i bhfabhar na comharthaí bóithre a chur as Gaeilge. Ba chóir é sin a dhéanamh.

Mr. Peadar Mac Fhlannchadha

Tosóidh mé leis an gceist ón Teachta Ó Cuív. Táimid ag iarraidh an rud seo a bhrostú ar aghaidh. Beidh deiseanna fós ann leasuithe a mholadh. Tá sé tábhachtach go gcuirfear an cheist seo ar ais ar bhord an Rialtais agus go mbogfar an Rialtas ar aghaidh. Le bheith macánta, bhí comhghéill i gceist sa bunBhille a chuir muid féin amach an chéad lá riamh. Má thiteann an Rialtas agus má thagann Rialtas nua ina áit - is cuma cén meascán páirtithe a bheadh ann - beidh buairt ann an mbeidh Acht chomh láidir againn. Níl aon cheist faoi ach nach mbeadh roinnt den Státchóras sásta an t-éileamh 20% a scaoileadh tríd sna cúinsí sin.

Bhí plé níos luaithe ar cheist an-mhaith faoin éileamh a bheadh ann. Táimid ag obair ar roinnt scéimeanna ar an dara leibhéal agus an tríú leibhéal faoi láthair. Táimid réasúnta dóchasach go mbeidh an t-éileamh ann. Ní mór dúinn breathnú freisin ar céard a bhí ar siúl ó thaobh cúrsaí earcaíochta. An babhta deireanach a fógraíodh scéim earcaíochta, cruthaíodh painéal Béarla agus painéal Gaeilge. Fágadh ar an bpainéal Gaeilge an cúpla chéad duine a chur isteach ar an bpainéal sin agus níor éirigh leo dul chun cinn a dhéanamh. Dá mbeidís tar éis cur isteach ar an bpainéal Béarla, bheadh seans acu agus b'fhéidir go mbeadh post faighte acu ag an bpointe seo, ach ní raibh an deis sin acu. Fágadh i liombó iad mar go raibh na Ranna Stáit ag rá nach raibh aon éileamh ar phoist i nGaeilge. Bheadh an cúpla céad duine sin againn ar aon nós, mar thús, chomh maith leis na daoine eile lena mbeimid ag súil. Téann sé ar ais go dtí an plé a bhí againn roimhe seo. Má tá an t-éileamh ann agus má tá na poist ann, tiocfaidh na hiarrthóirí. Mar a dúirt an tUasal de Spáinn níos luaithe maidir le ceist na hEorpa, má tá poist san earnáil phoiblí le rátaí tuarastail agus coinníollacha maithe, beidh éileamh orthu.

Ba mhaith liom soiléiriú a fháil ar an gceist seo. Nuair atá líon áirithe Gaeilgeoirí ag teastáil agus daoine á gceapadh, shíl mise i gcónaí go gcuirfear gach iarrthóir ar an bpainéal Béarla amháin nó ar an bpainéal Gaeilge-Béarla. Níl aithne agam ar éinne a bheadh ag cur isteach ar an Státseirbhís nach mbeadh Béarla aige nó aici. Tá Béarla ag gach cainteoir dúchasach Gaeilge a bheadh ag cur isteach ar phost mar sin. An bhfuil an tUasal Mac Fhlannchadha ag rá nach mbeadh duine a chuir isteach ar an bpainéal Gaeilge in ann jab Béarla a fháil? B'fhéidir go mbeadh Béarla níos fearr ag an duine sin ná ag an dream ar an bpainéal Béarla.

Mr. Peadar Mac Fhlannchadha

B'shin a tharla an babhta deireanach.

Níl ansin ach cleasaíocht ón Státseirbhís ag iarraidh daoine a choinneáil ó dhoras. An raibh deis ag daoine cur isteach ar an dá phainéal?

Mr. Peadar Mac Fhlannchadha

Tá mé ag caint faoi dhuine amháin. Níor mhaith liom í a ainmniú. Thuig sí go raibh sí ag cur isteach ar an dá phainéal. Nuair a rinne sí fiosrúcháin níos faide, dúradh léi go raibh sí ar an bpainéal Gaeilge agus go mbeidh sí ina suí ansin go dtí go bhfuil an t-éileamh ann. Tá aithne fhíormhaith agam ar an duine atá i gceist. Níor mhaith liom a hainm a lua. Tá an fhianaise seo ann.

Tá sé seo lárnach. Deirim i gcónaí go bhfuil dhá chineál duine ann ó thaobh postanna poiblí - daoine aonteangacha le Béarla agus daoine dátheangacha le Gaeilge agus Béarla. Tá mé ag caint faoi dhaoine le hoideachas tríú leibhéal, mar shampla. Níl éinne aonteangach Gaeilge ann ar an leibhéal sin.

Mar sin bheadh sé an-tábhachtach dúinne an cheist sin a thógáil láithreach leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus a rá leo - in ainm Dé - bíodh dhá pháinéal ann, ceann dóibh siúd atá in ann an dá chluiche a imirt agus ceann dóibh siúd nach bhfuil in ann ach cluiche amháin a imirt, agus ná bíodh míbhuntáiste ar dhuine a bheith dhátheangach seachas a bheith aonteangach.

An bhfuil an finné ag rá go bhfuil sé seo tarlaithe le déanaí?

Mr. Peadar Mac Fhlannchadha

Sa bhabhta deireanach ba os cionn sé a bhí againn.

Beidh dualgas orainn é sin a leanúint suas. Tá sé sin ráite agam.

Mr. Julian de Spáinn

Baineann sé sin freisin leis an gcóras a cuireadh ar bun i ndiaidh fáil réidh leis na marcanna bónais. Tógadh anseo an córas seo agus dúradh go mbeadh 6% de na spásanna curtha ar fáil do dhaoine le Gaeilge. Ach dúradh freisin go mbeidh sé i gceist daoine le Gaeilge a fháil do phostanna ina n-aithnítear go bhfuil gá le Gaeilge. Dar ndóigh, níor aithníodh aon phost i ndáiríre. Níor aithníodh mórán post ina raibh gá le Gaeilge. Tháinig sé ar ais go dtí ceist an éilimh arís. Tá muid ag iarraidh sin ar fad a pháirceáil nó a chur ar leataobh agus a rá gur theip air. Leis an reachtaíocht nua is féidir a rá go mbeidh 20% i gceist. Táimid ag rá gur chóir é sin a bheith i bhfeidhm faoi 2020 toisc go gcaithfear, mar a dúradh níos luaithe, go mbeidh plean cuimsitheach ann a mbeidh maoiniú taobh thiar de agus go gcaithfear bogadh láithreach air seo. Más rud é agus muid ag cur plean mar sin le chéile go mbeadh síneadh le déanamh air ar fáth faoi leith, bheadh muid lánsásta breathnú air sin sa tslí chéanna ina bhfuil muid ag breathnú ar rud éigin a bheith réidh agus i bhfeidhm faoi dheireadh san Eoraip faoi 2021. Táimid ag breathnú go mbeidh sé sin ag feidhmiú i gceart faoin am sin.

Ach san Eoraip caithfidh trí theanga a bheith ar dhuine.

Gabh mo leithscéal, tá ceisteanna eile le freagairt.

Mr. Julian de Spáinn

Sular fhág an Teachta Tóibín luaigh sé na comharthaí bóthar agus go raibh an tAire, an Teachta Ross, ar a son freisin. Tá an Teachta Ross ar a son, tá an Taoiseach, an Teachta Varadkar, ar a son, agus tá an Fergus O'Dowd, atá mar chathaoirleach ar an gComhchoiste um Iompar, Turasóireacht agus Spórt, ar a son. Ní fheicim na daoine atá ina gcoinne ach amháin an Státchóras a bhí ag iarraidh stop a chur leis nuair a bhí an iar-Aire, an Teachta Varadkar, sásta bogadh ar aghaidh leis. Sílim gur rud é seo a bhféadfadh an coiste a chur san áireamh mar go bhfuil an oiread sin tacaíochta amuigh ansin dá leithéid cheana féin. Tá sé luaite gan chostas, mar a luaigh an Teachta Tóibín freisin.

An labhróidh an finné faoin spriocdháta de 2020?

Mr. Julian de Spáinn

Mar a deirimid, is spriocdháta é sin a bhí againn nuair a thosaigh an próiseas seo ar fad. Ní fheicimid aon fháth go bhfuil gá é a shíneadh fós. Táimid ag iarraidh go mbeidh an plean cuimsitheach ceart curtha le chéile. Luaigh Dónal Ó hAiniféin agus Muireann Ní Mhóráin níos luaithe go bhfuil sé fíorthábachtach go mbeidh sé sin déanta lámh le lámh le céard atá ag dul ar aghaidh sna scoileanna. Tá ceannródaíocht ar siúl againn sa chonradh. Tá tionscadal ar siúl againn i bpáirt leis an Roinn. Táimid istigh sna scoileanna agus institiúidí tríú leibhéal ag iarraidh daoine a chur ar an eolas go bhfuil a leithéid de fhéidearthacht fiú ann. Táimid ag labhairt leo faoin Eoraip den chuid is mó, ní faoi na poist sa bhaile mar níl na poist sa bhaile ann. D'fhéadfaí é sin a bheith athruithe.

Bhí an Teachta Tóibín ag caint faoin mbata mór. Cad é an bata mór le cinntiú go dtarlóidh na rudaí seo agus go leanfaidh siad? Tá rud amháin molta againn nach bhfuil san áireamh anseo ach go bhféadfaí é a chur san áireamh. Tá fineálacha luaite sna ceannteidil mar atá siad faoi láthair agus bheadh muid ag aontú leis sin mar a luaigh mé níos luaithe. Ach, sa chás nach n-oibríonn fíneálacha agus go gcuirtear pé tuairisc ón gCoimisinéir Teanga os comhair Tithe an Oireachtais agus fós nach bhfuil aon rud tar éis a tharla, sílimid féin gur chóir go mbeadh deis ag saoránaigh nó ag an gCoimisinéir Teanga dul chuig na cúirteanna chun cinntiú go mbeidh ordú cúirte curtha i bhfeidhm.

Mr. Peadar Mac Fhlannchadha

Más féidir liom teacht ar ais ar rud eile ó thaobh chúrsaí earcaíochta, phléigh an Seanadóir Brian Ó Domhnaill ábhar eile níos luaithe. Cinnte tagann daoine tríd an gcóras oideachais agus foghlaimíonn siad Gaeilge. Níl aon cheist faoi sin. Bhí grúpaí ar nós Gaeleagrais ag cabhrú le daoine a bhí istigh sa chóras freisin. Ach léiríonn an taighde idirnáisiúnta, go háirithe i gCeanada, go bhfoghlaimíonn céatadán fíorbheag de na daoine nach bhfuil an teanga atá ag teastáil uathu acu é tríd córas ranganna nó córas oiliúna agus iad laistigh den phost. Ní raibh mé ag caint faoi chúrsaí Gaeilge, bhí mé ag caint faoi thaighde atá déanta i gCeanada. Is é sin an fáth go bhfuil gá go mbeidh an teanga sách maith ag daoine atá ag teacht isteach sa chóras.

Mr. Julian de Spáinn

Mar a luaigh mé níos luaithe, agus na daoine sin sa chóras caithfidh an córas tacú leo agus a bheith oscailte d'úsáid na Gaeilge laistigh de. Tá sé cloiste agam ó go leor daoine atá sa chóras nach féidir leo an t-athbhreithniú feidhmíochta nó eile a dhéanamh trí Ghaeilge. Sílim muidne go bhfuil sé sin thar a bheith lochtach mar chóras.

An féidir leis na finnéithe soiléiriú a thabhairt ar ról an Choimisinéara Teanga? Ní dóigh liom go dtuigim go cruinn cad atá i gceist ag an gconradh ansin.

Mr. Julian de Spáinn

Cinnte. Tá córas ann sa Bhreatain Bheag anois. Má tá Roinn Rialtais ag cur polasaí nó reachtaíocht nua le chéile, caithfidh sí é a chur ar aghaidh go dtí an Coimisinéir Teanga le-----

An dréacht-reachtaíocht atá i gceist, an ea?

Mr. Julian de Spáinn

Is ea. Sa tslí chéanna ina gcuirtear a leithéid timpeall na Ranna ar fad, cuirtear chuig an gCoimisinéir Teanga é. An rud atá sa reachtaíocht ná go gcaithfear aird a thabhairt ar na moltaí a thiocfaidh ar ais ón gcoimisinéir. Dar ndóigh, níl sé luaite go gcaithfidh na Ranna feidhmiú ar aon rud atá ráite ag an gcoimisinéir ach go gcaithfidh siad aird a thabhairt dó. Sin an chéad rud. Is é an dara rud ná go mbeadh an Coimisinéir Teanga mar an duine gur féidir leis nó léi breathnú ar pholasaithe an Stáit i leith na Gaeilge nó i leith na Gaeltachta agus féachaint go neamhspleách an bhfuil ag éirí le pé Rialtais leis an obair atá geallta acu i gcibé straitéis atá acu. An sampla is fearr de sin ná an-----

An straitéis 20 bliain don Ghaeilge.

Mr. Julian de Spáinn

-----straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Níl aon duine ag déanamh measúnú seachtrach air sin ar bhonn leanúnach cuimsitheach i ndáiríre. Tuigim go bhfuil an coiste seo ag breathnú ar mhíreanna áirithe den straitéis go leanúnach, agus is maith sin, ach ba chóir go mbeidh plean faoi leith leis sin a dhéanamh ar bhonn leanúnach.

Agus is é an moladh atá ag an gconradh ná é a chur isteach sa reachtaíocht, an ea?

Mr. Julian de Spáinn

Sin é - dualgais an Choimisinéara Teanga a leathnú agus an dá rud sin a chur san áireamh.

Mar chóras monatóireachta neamhspleách.

Mr. Julian de Spáinn

Sin é.

An bhfuil aon rud gur mhaith leis an bhfinné a rá?

Mr. Julian de Spáinn

D'fhág mé rud amháin ar lár atá fíorthábhachtach. Tagann sé leis an earcaíocht freisin. Tá luaite ansin ceannteideal maidir le húsáid na Gaeilge agus maidir le gach seirbhís Stáit a bheith ar fáil do phobal na Gaeltachta trí Ghaeilge. Tá sin luaite mar cheannteideal ach sílim go mbraitheann sé ar an gceannteideal a bhaineann le hearcaíocht. Le cinntiú go mbeidh na seirbhísí curtha ar fáil do phobal na Gaeltachta i gceart, is gá go mbeidh na daoine ann chun sin a dhéanamh. Tá dlúthcheangal idir an dá rud. Arís, níl aon spriocbhliain luaite leis seo. Cén bhliain gur féidir le pobal na Gaeltachta a bheith ag súil leis go mbeidh gach seirbhís shásúil curtha ar fáil dóibh trí Ghaeilge? Níl a fhios againn. Má chuirtear reachtaíocht tríd gan spriocbhliain luaite leis, d'fhéadfaimis a bheith ag fanacht air ar feadh 20 nó 30 bliain eile. Cá bhfios?

Tá an ceart ag an bhfinné. Gabhaim buíochas leis an da fhinné. Táimid buíoch. Tá sé cabhrach dúinn. Ní bheidh moill eile. Tá cúpla dream eile chun teacht os ár gcomhair amárach agus i gceann coicíse agus ansin beidh deireadh leis an bpróiseas le cúnamh Dé agus beidh an Bille ar ais ar bhord an Rialtais.

Roimh dheireadh an chruinnithe, ní bhfuair mé deis rath a ghuí ar an iar-Sheanadóir, Trevor Ó Clochartaigh. Ní raibh deis againn aon rud a rá because, mar a tharla, ní raibh cruinniú againn Dé Máirt seo caite. Beidh an coiste seo beagáinín níos boichte gan é. D'fhreastail sé ar chuile chruinniú agus ghlac sé páirt ghníomhach. Gabhaim mo bhuíochas leis agus guím gach rath air sa phost nua atá aige.

Chuaigh an comhchoiste isteach i seisiún príobháideach ar 6.50 p.m. agus cuireadh ar athló é ar 7 p.m. go dtí 5 p.m., Dé Céadaoin, 7 Márta 2018.
Barr
Roinn