Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán díospóireacht -
Thursday, 8 Mar 2018

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

Ós rud é go bhfuil níos mó ná ceathrar comhaltaí i láthair, idir Theachtaí Dála agus Seanadóirí, is féidir linn tús a chur leis an gcruinniú. Ní mór dom a rá go bhfuil leithscéal faighte ón Seanadóir O'Reilly. Tá fáilte roimh gach éinne atá i láthair. Bhí toscaireacht ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne le bheith anseo freisin, ach tá pobal na scoile sin faoi bhrón mar gheall ar bhás tragóideach dalta óg. Déanann Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán comhbhrón ó chroí lena mhuintir agus le pobal na scoile.

Ba mhaith liom céad míle fáilte a chur roimh na finnéithe. Tá mouthful le léamh amach agam i dtús báire. Tá mé ag lorg an Ghaeilge ar "mouthful" arís inniu. Má tá an focal sin ag éinne atá i láthair, bheinn an-bhuíoch dá gcuirfidís in iúl dom é roimh dheireadh an chruinnithe seo. Ní thógfaidh sé ach cúpla soicind. Baineann sé leis an Acht um Chlúmhilleadh. Beidh mé ag tnúth leis an bhfocal ar "mouthful" tar éis an mhéid atá le rá agam anois. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar a n-aird go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, siad faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste do na finnéithe ámh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal tar éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo. Fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urramú nach chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí ar bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráiteas tionscnaimh a chuireann siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh ghréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe, nó le hoifigeach, ina ainm nó ina hainm ar shlí ina bhféadfaí é nó í a aithint. Anois, cad í an Ghaeilge ar "mouthful"?

Cuirfimid tús leis an gcruinniú agus ba mhaith liom céad míle fáilte a chur roimh na scoileanna atá anseo, agus tá ceithre scoil i gceist agus rachaidh mé tríothu. Ó Coláiste Ghobnait ó Inis Oírr tá na daltaí, Muireann Ní Fhlatharta, Michéala Ní Eochaidh agus Dara Ó Maoileáin, agus na múinteoirí, Mary Ann Ní Chonghaile agus Éilis Uí Chatháin. Ó Choláiste Naomh Éinne ar Oileán Árainn tá na daltaí, Caobhán Ó Maoláin, Ciarán Ó Flaithearta, Aoife Nic Giolla Dé agus Patrick Nevin, agus an múinteoir, Fionnuala Ní Iaráin-Uí Fhlaithearta. Ó Choláiste Naomh Eoin, Inis Meáin, tá na daltaí, Michael Ó Coinceanainn, Córa Ní Chonghaile agus Cáit Ní Fhátharta, agus na múinteoirí, Mairéad Ní Fhátharta agus Máirtín Ó Goill, agus ó Ghaelcholaiste Reachrann, Baile Átha Cliath, tá na daltaí, Ana Níc Liam, Aisling Ní Chearbhaill agus Caoimhe Ní Bhaoilláinn, agus na múinteoirí, Brian Ó Cróinín agus Emer Ní Mhaitiú. Céad míle fáilte romhaibh. Táimid anseo chun éisteacht libh. Is é sin an ról atá againn inniu agus is pribhléid dúinne go bhfuil sibhse os ár gcomhair i mí na Gaeilge agus i mBliain na Gaeilge. Is dócha go bhfuil ráitis tosaigh agaibh go léir? Tosóimid le Scoil Reachrann ó Bhaile Átha Cliath.

Ms Ana Nic Liam

A Chathaoirligh, a Theachtaí Dála, a Sheanadóirí agus a dhaoine uaisle, Ana Nic Liam is ainm dom agus inniu beidh mé féin agus mo chomhscoláirí ag plé an ráitis seo: na deiseanna a bheidh ann do lucht fágála scoile agus na dúshláin agus na baic a bheidh rompu in 2019. Is dalta mé sa chúigiú bliain i nGaelcholáiste Reachrann i nDomhnach Míde, Baile Átha Cliath. Agus muidne ag druidim i dtreo ár n-ardteistiméireacht a dhéanamh, tuigimid go gcaithfimid cinneadh tábhachtach a dhéanamh faoi céard a bheimid ag iarraidh a dhéanamh nuair a fhágfaimid an mheánscoil. Níl an cinneadh sin éasca. Tá gnéithe áirithe a bhfuil orainn smaoineamh orthu sula ndéanfaimid é. Do na daltaí a dhéanann cinneadh freastal ar an ollscoil, is bac é an costas a bhaineann leis sin do roinnt daltaí. Cé go mbíonn deontais agus faoiseamh cánach ar fáil, bíonn costais mhaireachtála mac léinn agus costais lóistín ró-ard. Mar gheall air sin níl deis acu freastal ar an ollscoil a theastaíonn uathu. Cé go bhfuil an t-ádh ar na mic léinn a bhfuil cónaí orthu i mBaile Átha Cliath toisc gur féidir leo fanacht sa bhaile, níl an dara rogha ag mic léinn a chónaíonn i bhfad ó na hollscoileanna ach fanacht i lóistín mac léinn. Tá costas idir €348 agus €1,089 gach mí ar lóistín DIT. Ar an meán íocann mic léinn €10,000 gach bliain le haghaidh lóistín. Tá sé sin iomarcach agus beidh sé sin ina chúis nach bhfuil roinnt daoine in ann dul chuig an gcoláiste.

Ní hamháin go gcuireann sé stop ar mhic léinn dul chuig an gcoláiste ach cuireann sé brú ar mhic léinn taisteal ar fud na tíre chun dul chuig an gcoláiste chomh maith. Cuireann sé seo fíorbhrú ar na mic léinn sa chás seo. Eascraíonn teip i scrúduithe agus is minic a chríochnaíonn mic léinn a gcúrsaí go luath. Ní bhíonn mic léinn in ann taitneamh a bhaint as a gcuid ama san ollscoil agus is dúshlán é sin a bheidh romhainn agus muid ag fágáil na scoile.

Tá Éire faoi láthair sa deichiú háit le haghaidh na táillí ollscoile is airde timpeall na hEorpa, de réir thejournal.ie. Léiríonn na figiúirí sin go bhfuil bealach isteach níos éasca fós ag duine saibhir, fiú le teacht isteach na dtáillí saor in aisce deich mbliana ó shin. Tá an-chuid de na teaghlaigh atá faoi mhíbhuntáiste ag taisteal ar institiúidí teicneolaíochta áitiúla mar gheall ar chostas ró-ard chun freastal ar choláistí sna cathracha sa tír seo. Sílim go bhfuil scéim iasachta mac léinn á beartú ag an Rialtas, ach ceapann sé gur cóir ár n-oideachas a bheith saor in aisce. Ní cóir go mbeadh fiachas €20,000 ag mic léinn agus iad ag fágáil na hollscoile.

Dúshlán eile a bheidh romhainn mar dhaltaí scoile ag críochnú scoil in 2019 ná leas a bhaint as na scileanna a bhfuil staidéar déanta againn orthu sa mheánscoil chun riachtanas agus scileanna atá ag teastáil ó na comhlachtaí móra IT agus ó na comhlachtaí cógaisíochta atá ag lonnú anseo. Tá níos mó post ar fáil dúinn sna gairmeacha sin, ach is í an cheist ná an bhfuil an dara leibhéal leathan go leor nó an bhfuil sé tar éis bac a chur orainn post a fháil sna tionscadail mhóra sin? Ní shroicheann na hábhair roghnacha na critéir atá ag teastáil ó na comhlachtaí móra seo. Ba chóir go mbeadh níos mó béime leagtha ar an teicneolaíocht i scoileanna mar gheall go bhfuil na comhlachtaí móra IT ag lonnú anseo agus beidh scileanna áirithe ag teastáil ó na daltaí seo sa todhchaí. Tá sé ag cur bac ar na hiardhaltaí gairmeacha a fháil sna comhlachtaí seo anois toisc nach bhfuil na scileanna cuí acu, ach is féidir é sin a athrú.

Ní stopann an fhadhb sin ag oideachas dara leibhéal. Nuair a théann daltaí ar aghaidh chuig an ollscoil, níl scileanna cuí á bhfoghlaim acu le haghaidh fostaíochta sa ghnó agus i gcógaisíocht go háirithe. Bíonn béim leagtha ar ghráid an mhata sna scrúduithe in ionad na mic léinn a ullmhú leis na scileanna agus na riachtanais atá á lorg ag na comhlachtaí seo. Is dúshlán ollmhór é seo dúinn toisc go gcuirimid tréan-iarracht isteach agus muid ar scoil, ach nuair a éiríonn linn céim a fháil, d'fhéadfaí nach mbeidh scileanna cearta againn chun fostaíocht a fháil. Ba chóir go mbeadh béim curtha ar chláir phrintíseachta agus muid sa choláiste, ionas go mbeidh deiseanna níos fearr ar fáil dúinn agus fostaíocht níos fearr leis na comhlachtaí a thagann anseo. É sin ráite, sílim gur cóir na scileanna seo a bheith mar chuid den oideachas leathan atá ar fáil sa tír seo.

Cé go bhfuil sé i bhfad uainn, agus muid ag an aois seo, ní féidir gan smaoineamh ar an deacrachtaí a bheidh romhainn agus muid ag iarraidh teach a cheannach nó teach a fháil ar cíos, fiú. De réir na Príomh-Oifige Staidrimh tá innéacs praghais réadmhaoine cónaithe náisiúnta tar éis ardú 7.7%, agus le ganntanas tithe agus éileamh ard, ní fheicimse an figiúr sin ag ísliú go luath. Is dúshlán é sin dúinn toisc go gcaithfimid an fhadhb a chur san áireamh agus muid ag déanamh cinneadh ar an ngairm atá ag teastáil uainn. Fiú le post a bheith faighte, tá praghsanna ar thithe ró-ard do roinnt daoine. Anois, tá seans ann, toisc na faidhbe seo, go ndéanfaidh daoine an rogha maidir leis an ngairm atá uathu ar an ráta pá in ionad céard atá siad ag iarraidh a dhéanamh.

Sna laethanta seo bíonn daoine fós ina gcónaí sa bhaile, go dtí go sroicheann siad 30 bliain d'aois. Is rud nua é seo nach raibh ann roimhe. Ach anois níl rogha eile ag daoine. Is buairt é sin dúinn toisc nach bhfuil teorainn ar an ardú praghais seo. Níl a fhios againn cad a tharlóidh sa todhchaí maidir leis seo. An mbeimid in ann ár dteach féin a cheannach sa tír seo? Fiú mura bhfuilimid ag iarraidh teach a cheannach, tá rátaí cíosa tar éis ardú chomh maith. De réir na Príomh-Oifige Staidrimh bhí ardú 11.2% ar an ráta cíosa an bhliain seo caite agus go náisiúnta. Is é an meánchíos i mBaile Átha Cliath €1,198 gach mí faoi láthair, agus é sin fós ag ardú. Is dúshlán é sin dúinn, agus toisc an éilimh aird agus an ghanntanais tithe ní bheidh aon rogha eile againn ach fanacht sa bhaile mar gheall ar na praghsanna neamhrealaíocha atá ar thithe anois. Chuirfeadh sé sin díomá ort agus tú tar éis tréaniarracht a chur isteach i d'oideachas agus freisin i do phost, ach níl tú in ann do theach féin a cheannach, nó a fháil ar cíos. Faraor, má leanann na rátaí ag ardú, beidh an fhadhb seo fós ann nuair a thagann sé go dtí an t-am i mo shaol agus i saol mo chomhscoláirí chun teach a fháil. Go raibh maith agaibh as ucht cluas éisteachta a thabhairt dom.

Go raibh míle maith agat a Iníon Nic Liam. Rachaimid ar aghaidh ag an bpointe seo go dtí Coláiste Ghobnait.

Ms Muireann Ní Fhlatharta

A Chathaoirligh agus a chomhaltaí comhchoiste, ba mhaith liom buíochas a ghabháil as ucht an chuiridh a tugadh dom teacht i láthair an choiste inniu. Is mise Mairéad Ni Fháthartha, scoláire as bliain a cúig i gColáiste Ghobnait, Inis Oírr agus is de bhunadh Inis Oírr mé.

Tréaslaím leis an gcomhchoiste as na forbairtí tábhachtacha atá déanta le blianta beaga anuas ar an soláthar oideachais iar-bhunscoile ar Oileáin Árann. Tús maith leath na hoibre agus is cinnte go bhfuil mise agus mo chairde ó Choláiste Ghobnait in Inis Oírr tar éis buntáiste ollmhór a fháil ón deis a bhí againn fás suas ar oileán agus ár gcuid oideachas luath-óige a fháil ar oileán. Thar aon rud eile, ba mhaith linn go mbeadh an deis sin ag chuile ghasúr a fhásann suas ar oileán agus go mbeidh na tacaíochtaí atá ag chuile ghasúr eile sa tír ar fáil ar Inis Oírr. Tús maith leath na hoibre sa saol, agus cé go bhfuil mise ag cur síos ar na buntáistí ar fad a bhaineann le hoideachas ar oileán, beidh Michéala ag cur síos ar na constaicí agus ar na baic atá ann freisin, agus beidh Dara ag cur síos ar an bhfís atá againn faoi na deiseanna a d’fhéadfadh a bheith ann dúinn amach anseo dá mbeadh muid ag iarradh filleadh ar ais ar ár n-áit dúchais, Inis Oírr, chun slí beatha fhiúntach a bhaint amach.

Is treise nádúr ná oiliúint ach tá an t-ádh linn gur tháinig an dá ghné sin le chéile dúinn, sé sin go bhfuil muid ag fáil ár gcuid oiliúna ag an am seo i lár an nádúir ar Inis Oírr. Ag am cinniúnach agus múnlaitheach inár saol, tá muid inár gcónaí i mionphobal láidir oileánda i measc ár muintire féin, lárnach sa phobal agus ag cur le saol sóisialta, eacnamaíochta agus cultúrtha an oileáin agus ag sú isteach na buntáistí ar fad a bhaineann leis sin. Táim cinnte go mbeidh sé sin linn go deo na ndeor agus táim cinnte dearfa de gur timpeallacht shláintiúil é chun daoine cruthaitheacha agus éirimiúla a thógáil. Bíonn tionchar an-mhór ag d’áit dhúchais ar do chuid seansanna amach sa saol, agus dá bhrí sin má éiríonn linn an ceann is fearr a fháil ar na baic atá romhainn, éireoidh go breá linn.

Ba mhaith liom, tar éis an méid sin, meabhrú don choiste cén fáth go bhfuil sé tábhachtach chuile thacaíocht a fháil ó Rialtas na hÉireann do na scoileanna ar na hoileáin agus go mórmhór do na hiar-bhunscoileanna ar na hoileáin Ghaeltachta. Is iad na scoileanna croílár an phobail agus is iad na hoileáin a bhfuil iar-bhunscoil Ghaeltachta orthu na cinn is sláintiúla sa tír. Tá scoileanna i gcroílár gach pobal, ach go mórmhór ar na hoileáin. Gan na scoileanna, bheadh na hoileáin i mbaol a mbánaithe. Is acmhainn iad na hoileáin don tír ar fad ar roinnt leibhéal, ní hamháin saibhreas teanga ach ó thaobh acmhainní nádúrtha de agus earnáil na turasóireachta. Tugann na hoileáin go leor ar ais don tír seo agus tá na hiar-bhunscoileanna ar na hoileáin tuillte agus saothraithe ag pobal na n-oileán.

Tá Gaeilgeoirí bundúchasacha, an cineál duine óg sin atá ag éirí an-neamhchoitianta sa tír seo, dá n-oiliúint sna scoileanna seo. Tá daoine óga le hardchaighdeán oideachais ag teacht ó na scoileanna seo agus is muidne todhchaí na tíre. Impím ar an gcoiste breathnú ar an leithroinnt múinteoirí, is é sin go bhfuil na scoileanna ar na hoileáin ag lorg ardú ar an leithroinnt, ó 1.0 reatha go dtí 2.5 coibhéis lánaimseartha, ex quota. Is é nádúr scoileanna oileáin ná go mbeidh líon beag daltaí iontu i gcónaí, rud a chiallaíonn go bhfuil foirne teagaisc beaga iontu. Ní féidir curaclam oiriúnach, caighdeánach a chur ar fáil leis an dáileadh beag múinteoirí a chuireann an leithdháileadh, mar atá sé, ar fáil. Tá scoileanna ar na hoileáin ag streachailt ó bhliain go bliain le go leor dúshlán maidir lena leithdháileadh múinteoirí. Gné shuntasach, thábhachtach agus bunriachtanach atá de dhíth ná méadú a dhéanamh ar an leithdháileadh múinteoirí le forbairt timpeallachtaí cuimsitheacha scoile a chruthú do dhaltaí Oileáin Árann.

Freisin, impím ar an gcoiste go mbeidh na liúntais teagaisc ann do mhúinteoirí le go mbeidh an jab tarraingteach do mhúinteoirí óga agus chomh maith leis sin, go méadófaí buiséad na scoileanna, sa chaoi is go mbeidh mo leithéid in ann an deis chéanna a bheith agam agus go mbeidh tacaíochtaí breise cinntithe dúinn cosúil leis na scoláireachtaí do dhaltaí ón taobh amuigh, a chuirfeadh go mór lenár ndeiseanna.

Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh oideachas caighdeánach iar-bhunscoile, atá dlite do scoláirí, á thairiscint do na scoláirí ar na hoileáin.

Mar fhocal scoir, gabhaim buíochas libh as an deis a thabhairt dom labhairt anseo inniu. Go raibh maith agaibh.

Go raibh míle maith agat a Iníon Ní Fhlathartha agus bogaimid ar aghaidh anois go dtí Coláiste Naomh Eoin.

Ms Córa Ní Chonghaile

A Chathaoirligh agus a chomhaltaí comhchoiste, is mise Córa Ní Chonghaile, scoláire ardteistiméireachta ó Choláiste Naomh Eoin, Inis Meáin ar Oileain Árann. Táim an-bhuíoch as an deis seo a bhronnadh orm agus is mór an onóir dom mo smaointe ar an ábhar seo a roinnt leis an gcoiste.

Tá cáil ar Éire na naomh agus na n-ollamh leis na cianta agus aithnítear go bhfuil córas oideachais d'ardchaighdeán againn sa tír seo. Bíonn muid ag caint ar mheasúnú rialta a dhéanamh ar dhaltaí mar an bealach chun cinn sa chóras oideachais nua-aimseartha agus is cinnte, leis an teastas sóisearach nua, tá tús curtha leis seo. É sin ráite, cad iad na deiseanna atá romhamsa ag fágáil na scoile dom i mbliana? Mar scoláire Éireannach, tá áthas ormsa a rá go bhfuil an oiread féidearthachtaí ar fáil do gach scoláire sa tír seo agus iad ag fágáil na scoile. Tá cúrsa ann do chuile dhuine agus mura bhfaigheann tú na pointí atá uait, ní hé sin deireadh an rása. Tá an doras cúil thar cionn sa tír seo. Tá rogha mór leathan cúrsaí tar éis na hardteistiméireachta, nó PLCs mar a thugtar orthu, ar fáil do gach mac máthar. Tá cúrsaí rochtana ar oideachas dá rith ag na hollscoileanna dóibh siúd ó chúlraí míbhuntáiste. Don té nach mbíonn fonn orthu dul ag an gcoláiste láithreach, bíonn deis aige nó aici filleadh ar oideachas mar scoláirí aibí ag 23, is cuma mura raibh an ardteistiméireacht déanta aige nó aici fiú, agus freisin, má bhí sé nó sí dífhostaithe agus ag fáil liúntas leasa shóisialaigh. Caithfidh an coiste aontú nach bhfuil mórán tíortha sa domhan chomh tiomanta sin d’oideachas. Is iomaí dúshlán agus deacracht a bhíonn ag faire ar dhaoine óga ag an am leochaileach seo dá saol. Is cuma cén áit sa tír as a dtagann duine, níl dabht ar bith nach bhfuil fadhb na tithíochta mar chrá náisiúnta.

Ach ní hé sin le rá gur aoibhinn beatha an scoláire agus nach bhfuil dúshláin romhainn. Aithníonn mise an easpa tithíochta mar cheann de na dúshláin is mó atá roimh dhaoine óga i láthair na huaire agus sna blianta amach romhainn. Tá géarchéim náisiúnta tithíochta againn, tá sé chomh simplí leis sin. Ní féidir Éire a lua anois gan géarchéim tithíochta a bheith san abairt chéanna. Ní féidir breathnú ar an teilifís nó ar d'fhón gan duine éigin a bheith ag clamhsán faoin easpa tithíochta, lánúin nach féidir leo tithe a cheannach, daoine fásta ina gcónaí lena dtuismitheoirí ag iarraidh a bheith ag sábháil le haghaidh éarlais tí, iad siúd gan dídean agus praghas tí ar cíos imithe go dtí an gealach. Lena bheith fírinneach, is beag suim a chuir mise sna cúrsaí seo go dtí i mbliana.

Chuaigh mo dheirfiúr chuig coláiste i nGaillimh agus bhí deacracht mhór aici lóistín a fháil. Shíl mise nach raibh le déanamh ach seomra singil a bhualadh isteach ar daft.ie agus go mbeadh do rogha agat. Ní mar sin atá an scéal ar chor ar bith. Tá géarchéim ann, easpa tithíochta agus, ar ndóigh, scoláirí ar bhun an liosta agus tionónta dá roghnú. D’fhógair tuairisc a d’eisigh daft.ie gur ardaigh cíos 2.4% go náisiúnta sa trí mhí dheiridh de 2017 agus go bhfuil cíos náisiúnta suas 10.4% i gcomparáid leis an am seo anuraidh. De réir na tuairisce seo freisin, is i Liatroim agus i nDún na nGall an praghas is ísle le haghaidh cíosa, ar an meán, agus is i mBaile Átha Cliath is airde atá an cíos. Is go Gaillimh a bhéas mo thriall i Meán Fómhair agus de réir na dtuairiscí chuaigh an cíos suas go mór sa chontae seo. Aithnítear cathair na Gaillimhe mar cheantar le brú cíosa, ach fós féin, níl teorainn leis an gcíos.

Ní haon rud nua don choiste mo scéal inniu, fadhb náisiúnta í an fhadhb tithíochta. Do m’aoisghrúpa, tráth, ní raibh imní faoi thithíocht ann chomh luath seo. Fuarthas teach ar cíos agus baineadh sásamh as laethanta ag an gcoláiste. Ach anois, tá déagóirí beagnach liath roimh an am, agus gan cos sa choláiste acu, ag tóraíocht áras dóibh féin. Tá saol an duine fásta ar leac an dorais láithreach. Tá sé nádúrtha i go leor tíortha do theach a thógáil ar cíos go deo, ach in Éirinn cuirtear an-bhéim ar do theach féin a bheith agat. Tagann sé seo chugainn, is dócha, mar oidhreacht ón stair, an gá úinéireachta a bheith ag duine sular dtógtar uaidh é. Níl an tionscail tógála ag díriú ar an margadh cíosa.

Céard é an réiteach ar an scéal seo? Níl dabht ar bith ach go mbeidh mise agus scoláirí na tíre seo sáite go feirc sa rás seo as seo go dtí Meán Fómhair 2018, agus go deimhin in 2019 agus 2020 chomh maith. Níl leigheas láithreach ar an scéal agus is dócha go bhfuil céimeanna gur féidir leis an Rialtas a thógáil chun an fhadhb seo a réiteach, nó ar a laghad a mhaolú. Tá sé i bhfad níos éasca seomra a ligean go gearrthéarmach ar Airbnb ná é a scaoileadh go fadtéarmach. Tá go leor téip dhearg ag cur bac ar ligean. Idir na 1930í agus na 1980í tógadh ceathrú milliún teach sóisialta. Caithfear filleadh ar an modh soláthair seo chun freastal orthu siúd a bhfuil cabhair tithíochta tuillte acu, ach atá in iomaíocht le scoláirí agus daoine óga eile faoi láthair, de bharr easpa tithe sóisialta sa ghnáthmhargadh. Teastaíonn an éarlais 20% dóibh siúd atá ag iarraidh an dara teach a cheannach a ísliú. Bhí sé de ghnáth ag daoine a raibh sé d’acmhainn acu an dara teach a cheannach le ligean, agus ba iad scoláirí na tíre a d’íoc as na tithe seo. Infheistíocht a bhí ann, ach faoi láthair leis an éarlais ard, níl daoine ag ceannach an dara teach le ligean ar cíos. Teastaíonn a chinntiú go bhfuil baoite éigin chun teach a ligean le scoláirí, is daoine óga aibí críonna muid agus ní ciseach a bheidh dá bharr. Bheadh sé go maith dá mbeadh liosta lóistín ag na coláistí tríú leibhéal agus aontú acu le húinéirí go mbeadh na tithe seo ar fáil do scoláirí amháin le linn thréimhse an choláiste.

A Chathaoirligh agus a bhaill comhchoiste, deirtear gurb iad blianta scoile duine na laethanta is fearr ina shaol agus níl dabht ar bith ormsa leis an neamhspleáchas a thagann le saol an choláiste go bhfuil na laethanta is fearr amach romham, agus is cinnte tá ó thaobh roghanna agus fáil ar oideachas. Ach leis an easpa tithíochta atá sa tír seo faoi láthair, tá sé deacair gan imní a bheith orm. Nuair a chónaíonn duine ar oileán níl an bóthar faoina chos agus beidh air an baile a fhágáil. An mbeidh teach le fáil agam? Sin í an cheist agus má bhíonn, ar cén costas agus cén caighdeán? Táim buíoch as an deis seo agus táim cinnte go dtógfadh sibh ar bord a bhfuil ráite agam agus go mbeidh sibh gníomhach ar an dúshlán seo. Gabhaim buíochas leis an gcoiste.

Go raibh míle maith agat, a Iníon Ní Chonghaile, agus bogfaimid ar aghaidh anois go dtí Coláiste Naomh Éinne.

Mr. Ciarán Ó Flaithearta

Dia daoibh, a Theachtaí Dála agus a chomhairleoirí. Is mise Ciarán Ó Flaithearta. Tá mé i mo chónaí ar Inis Mór, sna hOileáin Árann, i nGaillimh. Tá mé ag freastal ar Choláiste Naomh Éinne ar an oileán. Tá mé chun labhairt faoi na buntáistí, na míbhuntáistí agus na deacrachtaí a bhíonn ag daoine óga ag dul chuig an gcoláiste agus ag fágáil an oileáin sna blianta beaga seo amach romhainn.

Ar dtús báire is focal an-tábhachtach é an focal "fágáil" mar is é sin go díreach a bheidh á dhéanamh. Más ag dul ag coláiste nó ag tóraíocht oibre atá muid, beidh orainn an baile a fhágáil agus bogadh amach ar an mórthír. Chun é seo a dhéanamh, beidh orainn taisteal. Chun taisteal, beidh orainn bád nó eitleán a fháil, agus bus nó carr. Tá difríocht iontach mór idir an chaoi a mhaireann muintir na n-oileán i gcomparáid le muintir na mórthíre. Ní féidir linn léim isteach sa charr agus tiomáint cibé áit atá muid ag iarraidh. Le taisteal ó na hoileáin, tógann sé pleanáil, mar go hiondúil, caithfear an aimsir a chur san áireamh. Anseo, i mBaile Átha Cliath, tá seirbhísí DART, Luas, bus, traenach, taxi a fhágann chuile deich nó 15 nóiméad. Ar na hoileáin, tá bád faoi dhó sa lá, agus plane, ar maidin ag a 8 a.m. agus tráthnóna ag a 6 p.m. Bí ann nó bí as.

Ní thagann scoláirí abhaile gach uile dheireadh seachtaine ón gcoláiste mar gheall ar an méid taistil atá i gceist agus ar ndóigh an costas freisin. Tar éis dóibh, mar shampla, bus a fháil ó Ollscoil Luimnigh isteach ag stáisiún na gcathrach i Luimneach agus traen a fháil ó sin go Gaillimh, beidh orthu bus a fháil ó chathair na Gaillimhe siar go calafort Ros a Mhíl chun bád a fháil chuig na hoileáin. Faoin am a bhíonn said sa bhaile tar éis an taisteal mór fada sin, bíonn orthu iompú ar a sháile an lá dar gcionn agus a bhealach ar ais go Luimneach a dhéanamh. Ní fiú é. Bíonn orthu lóistín a fháil fresin ar an mórthír mar go bhfuil an teaghlach ar fad ar an oileán agus is fadhb mhór í sin.

Is iad ceann de na buntáistí ar an oileán ná nach mbíonn mórán coiriúlachta againn mar gheall go bhfuil aithne ag gach uile dhuine ar a chéile, ach is mí-bhúntáiste é nuair atá muid ar an mórthír mar bíonn daoine saonta maidir leis an mbaol atá ar an mórthír.

I dtaobh spóirt de, bíonn orainn taisteal chuig Gaillimh mar gheall nach bhfuil na huimhreacha againn d'fhoireann, nó rogha spóirt, nó na háiseanna. Faoi láthair níl foireann pheil ag na haoisghrupaí ón gcéad bhliain suas go dtí an séú bliain mar níl na huimhreacha ann. Tá daoine atá ag iarraidh imirt, ag imirt leis an Spidéal a bhíonn siad agus tá cailín ag imirt do Bhearna. Níl ach rogha beag de na spóirteanna ar an oileán. Tá triúr, mé féin san áireamh, ag taisteal go Gaillimh dhá uair sa tseachtain chun rugbaí a imirt. Is buntáiste mór é nuair a théann muid chuig an gcoláiste mar bíonn muid in ann spóirt éagsúla a thriail ach b'fhéidir go bhfuil sé ró-dhéanach le haghaidh sin.

Téann daoine ón oileán chuig coláiste le Gaeilge den scoth idir baile agus an scoil. Bíonn gach uile ábhar á mhúineadh trí mheán na Gaeilge agus is tréith í, a bhíonn suim ag fostóirí ann. Mar shampla, nuair a bhí mo dheartháir ar champas, an chéad lá ag an gcoláiste, d’iarr an treoraí dó, cárbh as é. As Árainn, a d’inis sé dó, agus an freagra a thug sé air ná, má tá Gaeilge agat beidh jab agat gan stró nuair a fhágann tú an choláiste.

Bíonn ardteistiméireacht iontach ag daoine ón scoil seo mar gheall go bhfuil ranganna chomh beag againn, ach freisin tuigeann na múinteoirí na riachtanais foghlama a bhíonn ag daltaí. Bíonn níos mó muiníne ag daoine astu féin. Ach, tá an t-oideachas ró-mhaith ar bhealach mar níl na hiarscoláirí ag teacht ar ais mar níl na postanna le fáil ar an oileán do na cáilíochtaí atá acu.

Is rud iontach a bheith ón oileán ach bíonn go leor ag dul inár n-aghaidh agus cuireann muid fáilte roimh gach cúnamh a thugtar dúinn.

Rinne mé dearmad fáilte a chur roimh na daltaí eile atá sa seomra freisin. Céad míle fáilte agus beidh deis ag na finnéithe ceisteanna a chur más mian leo freisin. Ba mhaith liom a chur in iúl go mbeidh Teachtaí Dála agus Seanadóirí ag teacht agus ag imeacht mar tá freagrachtaí orthu freisin sa Dáil. Tá sos beag ann faoi nóiméad, ach feicfear ar an scáileán sin go bhfuil an Dáil ar siúl freisin, so beidh orthu teach agus imeacht. Rachaimid ar ais arís go dtí Baile Átha Cliath agus chualamar ó Iníon Nic Liam so cé hí an chéad cainteoir eile?

Ms Aisling Ní Chearbhaill

Is mór an chúis áthais dom an deis seo labhairt os comhair an choiste faoi na dúshláin agus na baic atá romhainn mar lucht fágáil na scoile. Tá Caoimhe Ní Bhaoilláin chun labhairt faoi na deiseanna a bheidh romhainn.

I dtús báire, ba mhaith liom labhairt faoin mbrú a chuirtear ar dhaltaí meánscoile freastal ar an gcoláiste. Tagann an brú seo ó gach taobh, ón scoil atá ag iarraidh ar dhaltaí freastal ar triú leibhéal, ó na tuismitheoirí, ó na cairde agus ón tsochaí go ginearálta. Nach mór, glactar leis go rachfaidh duine ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal, fiú muna dteastaíonn sin ó dhuine nó muna n-oireann an choláiste do dhuine. Mothaíonn daltaí nach bhfuil an tarna rogha acu agus go bhfuil beagnach dualgas orthu dul.

Uaireanta, ní bhíonn a fhios ag daltaí céard ba mhaith leo a dhéanamh tar éis na scoile. Tá an dá bhliain dheireanach ar scoil caite ag ullmhú do na scrúduithe Stáit. Éiríonn duine as gach seisear as a gcúrsa sa chéad bhliain toisc cúiseanna ar leith ach cinnte is ceann de na cúiseanna sin ná nach bhfuil an rogha ceart déanta acu.

Níl mórán rogha ann do dhaltaí nach bhfuil chomh acadúil sin. B'fhéidir go n-oirfeadh printíseacht níos fearr dóibh ach níl mórán béime leagtha orthu sna scoileanna. Tá an fócas ar fad dírithe ar an gcoláiste. Caithfear níos mó rogha a chur ar fáil dóibh siúd nach bhfuil suim acu sa triú leibhéil. Faraor, tá cuid mhaith post nach féidir a fháil gan chéim agus go minic gan iarchéim sa lá atá inniu ann. Is dúshlán é sin do dhaoine ar chomhaois liom. Beidh an chuid is mó dúinn fós ag freastal ar an gcoláiste le blianta fada amach anseo, ionas go mbeadh seans againn post a fháil.

Freisin, más rud é go bhfuil suim ag dalta staidéar a dhéanamh ar chúrsa ar leith, ní mór dó nó di na pointí a fháil. Tá roinnt cursaí ann le pointí an-ard. Is go hiomlán toisc an éilimh agus an méid spéise sa chúrsa sin é. Cruthaíonn an córas seo míchothromaíocht i measc daltaí ó chúlraí difriúla.

Freastalaíonn beagnach leath de dhaltaí na séú bliana ar ranganna breise ionas gur féidir leo an méid is mó pointí is gur féidir leo a bhaint amach. Bíonn ardchostas ar na ranganna seo, go minic níos mó ná €20 nó €30 in aghaidh an rang. Cuireann seo daltaí ó chúlraí gan mórán airgid faoi mhíbhuntáiste. Tá níos mó oibre le déanamh acu. Is fadhb í seo do dhaltaí i nGaelscoileanna chomh maith. Bíonn na ranganna breise seo ar fáil as Béarla. Ní raibh mé in ann teacht ar aon ranganna as Gaeilge ar líne seachas an mhata. Cruthaíonn seo deacrachtaí do dhaltaí má tá cabhair sa bhreis de dhíth. Caithfear gach rud a aistriú. Fiú téacsleabhair scoile, bíonn cuid mhaith dóibh as Béarla.

Muna n-éiríonn le daltaí na pointí atá ag teastáil uathu a bhaint amach, go minic téann siad isteach i gcúrsa eile nach bhfuil suim acu ann. Tá bealaí eile an cúrsa atá ó dhuine a dhéanamh ach go minic bíonn na bealaí sin níos faide agus mar thoradh, níos costasaí. Ní féidirtheacht é seo do gach duine.

Toisc an ardchostais atá ar lóistín, go háirithe i mBaile Átha Cliath, fanann daoine ina gcónaí sa bhaile más féidir leo. Ní féidir le gach duine seo a dhéanamh toisc taistil fhada. Cailleann siad amach ag freastal ar an gcoláiste nó fiú ag bogadh amach as an teach. Seans maith go mbeidh mé fós i mo chónaí sa bhaile ar feadh na blianta.

Ach fiú má tá cónaí ar dhuine i mBaile Átha Cliath agus iad ag freastal ar an gcoláiste i mBaile Átha Cliath, tá deacrachtaí ann. Níl rogha ag duine ach brath ar an gcóras iompair phoiblí toisc an chostais ard árachais charr. Tá sin go breá má tá bus a théann ann. Ní bhíonn i gcónaí. Mar shampla, ó mo scoil, nach bhfuil ach 20 nóiméad sa charr ó DCU, tógann sé uair an chloig agus dhá bhus dul ann ag baint usáide as an gcóras iompair phoiblí. Is féidir dul isteach sa chathair éasca go leor, ach má tá áit eile ó dhuine, go minic bíonn taisteal fada ann ar an mbus.

Níl an méid céanna infreastruchtúir ar an taobh thuaidh den chathair agus a bhfuil ar an deisceart. Tá go leor cairde agam atá ina gcónaí i Sord, áit ina bhfuil daonra ard de dhaoine óga. Chun an bus a fháil chuig an gcathair, tá ardchostas air agus tógann sé tamall fada. Níl an t-airgead sin ag déagóirí agus toisc sin ní féidir leo dul amach lena gcáirde nuair is mian leo. Tá costas níos airde ar ná mar a bhfuil i dtíortha eile. Níl an costas ar an leibhéal céanna le lóistín gan dabht. Fós, is sin na cúpla céadta euro in aghaidh na bliana, ar bharr táillí ollscoile.

Faraor, fágfaidh roinnt mhaith de lucht fágála na scoile na tíre mar atá déanta tríd stair na hÉireann. Is toisc nach féidir leo pá maith go leor a thuilleamh anseo. D'fhéadfaí céim agus fiú iar-chéim a bheith bainte amach ag duine éigin agus fós ní féidir leis nó léi go leor airgid a thuilleamh chun maireachtáil anseo. Ar ndóigh tá fáthanna eile ann a théann daoine ar imirce. Rachaidh roinnt de mo chairde agus b'fhéidir mé féin ar imirce. Cén fath nach rachadh?

Is féidir le haltraí i bhfad níos mó airgid a thuilleamh sa Bhreatain nó sna Stát Aontaithe ná anseo le coinníolacha oibre níos fearr, agus is mar an gcéanna é do mhúinteoirí. Tá na stailceanna agus na agóidí feicthe againn mar dhaltaí. Ní bheidh muid ag iarraidh a bheith mar mhúinteoir munar féidir pá cothrom a fháil as.

Tá deacrachtaí ann poist mhúinteora a líonadh, go háirithe muinteoirí le Gaeilge. Deirtear linn i gconaí an rud atá uainn a dhéanamh tar éis na scoile. Níl seo i gcónaí féideartha. Seans nach n-éireodh le duine dul isteach sa chúrsa atá uathu, b'fhéidir nach bhfuil printíseacht ar fáil, b'fhéidir nach féidir le duine íoc as na costais atá bainteach leis an rud sin, agus b'fhéidir nach mbeadh post ar fáil do dhuine amach anseo, nó nach mbeadh duine in ann pá maith go leor a thuilleamh. Sa chás sin, téann daoine le an-scil agus tallann ar imirce.

Ms Michéala Ní Eochaidh

Is mise Mícheala Ní Eochaidh, scoláire as bliain a cúig i gColáiste Ghobnait, Inis Oírr. Is ó Dhún Beag i gContae an Chláir mé agus duine de na scoláirí atá ag fáil scoláireachta chun bliain a chaitheamh i gColáiste Ghobnait ar oileán Gaeltachta i measc Gaeilgeoirí dúchasacha. Is iontach go deo an deis é seo domsa agus is cinnte go mbeidh tionchar aige ar mo shaol ar fad, ceangal a mharfaidh fad-saoil le hInis Oírr agus na dlúth-chairde atá déanta agam agus mé i mo chónaí le teaghlach oileánda. Gan trácht air, is í an Ghaeilge mo ghnáthmhodh cumarsáide anois, teanga bheo agus teanga phobail Inis Oírr. Tá scéim na scoláireachtaí ar cheann de na forbairtí is tábhachtaí do na hoileáin. Tá go leor buntáistí ag baint le scéim na scoláireachtaí ó thaobh an óige, ó thaobh na Gaeilge agus ó thaobh na heacnamaíochta ar na hoileáin.

Bíonn dhá insint ar gach uile scéal agus déanfadh mise cur síos ar na dúshláin a bhíonn roimh scoláirí ar na hoileáin agus iad ag bogadh ar aghaidh. Ag an mbunscoil bhí ceathrar i rang Muireann Ní Fhlatharta agus Dara Ó Maoileáin. Ag an meánscoil, bhí ceathrar i rang Mhuireann agus Dhara ach tháinig triúr eile isteach sa rang don idirbhliain. Anois tá seachtar i rang Mhuireann agus Dhara de bharr na scoláireachtaí. Is daltaí cosúil liomsa iad a fuair an deis iontach seo. Bhí sé thar a bheith go maith do Mhuireann agus Dara freisin, mar bhí deis acu aithne a chur ar dhaoine nua a thug buanna éagsúla chun na ranga.

Tá compord agus sábháilteacht ag baint le bheith i rang chomh beag agus deis chaidrimh mhaith leis na múinteoirí. Faraor, tá dúshláin amach rompu a chuireann ríméad orthu ar lámh amháin agus cuid mhaith scanraidh orthu ar an lámh eile. Téann an chuid is mó d'iar-scoláirí Choláiste Ghobnait ar aghaidh chuig tríú leibhéal, ach sin áit ina bhfuil na mílte scoláirí eile. Tá go leor deacrachtaí ag baint leis seo. Ní bheidh siad gar dá muintir agus beidh siad scoilte amach ón bpobal. Tá sé níos deacra ag oileánach dul abhaile ná scoláire as aon áit eile. Tá seans ann go mbeadh siad in áit nach bhfuil aithne acu ar aon duine eile agus nach mbeidh aon tacaíochtaí ar fáil. Bíonn costais níos airde ar scoláirí ó na hoileáin de bharr costais taistil agus lóistín. Ní féidir leo dul abhaile chomh minic le scoláirí eile de bharr na haimsire. Bíonn ar go leor scoláirí poist pháirtaimseartha a thógáil, rud a chiallaíonn go gcaithfear oibriú ar an deireadh seachtaine agus um thráthnóna.

Tá sé aitheanta go bhfuil ioncam teaghlaigh ar na hoileáin 25% níos ísle ná an meán. Dá bhrí sin, bíonn deacrachtaí airgid ag scoláirí as na hoileáin. Is é an deontas céanna atá ar fáil do scoláirí ó na hoileáin agus tá gá le tacaíochtaí breise. Bíonn uaigneas i gceist tar éis teacht ó phobal beag. Níl aon tacaíochtaí curtha ar fáil ag na coláistí a aithníonn na deacrachtaí seo. Ar na cúiseanna seo, tá baol láidir ann go dtitfidh na scoláirí seo amach as an gcoláiste, go nglacfaidh siad páirt i mí-úsáid drugaí nó alcóil agus go mbeidh fadhbanna meabhairshláinte acu. Ar leibhéal an-bhunúsach, tá sé deacair dóibh siúd atá ina gcónaí i mbaile mór, gan mórán aithne acu ar aon duine, teacht ar dhochtúir teaghlaigh. Is beag deis atá ag na daoine seo dul abhaile agus obair fhiúntach a fháil mar go bhfuil cúrsaí eacnamaíochta teoranta ar na hoileáin. Tá sé ríthábhachtach don scoláire ón oileán ardoideachas a fháil don todhchaí mar go bhfuil an saol ag athrú. Beidh deiseanna nua ann do mhuintir na n-oileán ar na hoileáin agus i ngach áit eile amach anseo ach an oiliúint cheart a bheith orthu.

Ba mhaith linn iarraidh ar an Oireachtas na rialacha maidir leis na deontais tríú leibhéil a athrú. Ba cheart eisceachtaí agus buntáistí breise a chur isteach do scoláirí ó na hoileáin a thógann san áireamh na deacrachtaí atá acu maidir le costais maireachtála breise. Moltar go mbeidh breis scoláireachtaí ar fáil do mhic léinn ó na hoileáin chun an timpeallacht oideachais a dhéanamh níos cothroime. Freisin, ba cheart go mbeadh tacaíochtaí agus seirbhísí tacaíochtaí speisialta ar fáil do mhic léinn ó na hoileáin i gcoláistí na tíre. Tá seirbhísí tacaíochta ríthábhachtach sa chéad bhliain. Sa saol atá ann in 2018, ba cheart forbairt a dhéanamh ar dheiseanna oideachais tríú leibhéal atá pobalbhunaithe, seachas chuile rud a bheith lonnaithe sna cathracha móra, agus ba cheart freisin uas-bhuntáiste a bhaint as modhanna nuatheicneolaíochta. Glacaim buíochas leis an gcoiste as deis a thabhairt dom labhairt anseo inniu.

Iarraim anois ar an gcéad cainteoir eile ó Choláiste Naomh Eoin, Cáit Ní Fhátharta, a cur i láthair a dhéanamh.

Ms Cáit Ní Fhátharta

Is scoláire ardteistiméireachta mé i gColáiste Naomh Eoin, Inis Meáin ar Oileáin Árann. Táim an-bhuíoch as an deis seo a bheith agam labhairt sa Teach clúiteach seo agus ar ndóigh mo chuid a dhéanamh ar son scoláirí na tíre. Is tír í Éire a thugann deiseanna go minic don té atá faoi mhíbhuntáiste, gníomh atá le moladh go mór. Tháinig an clár DEIS, a aithníonn scoileanna a thagann faoi mhíbhuntáiste eacnamaíochta agus sóisialta, i bhfeidhm i mí na Bealtaine 2005 agus a leathnaíodh amach é in 2017. Tugann an scéim deiseanna iontacha do ghasúir sna scoileanna DEIS bogadh chuig tríú leibhéal agus, faoin scéim HEAR, áiteanna a fháil ar chúrsaí ollscoile ar phointí níos ísle ná an gnáthscoláire. Tá deontas ann faoin scéim SUSI a íocann táillí coláiste agus deontais chothabhála le haghaidh daoine a thagann ó cheantair iargúlta, ag brath ar a gcúlraí eacnamaíochta. Tá na deiseanna iontacha seo ag brath ar chúlraí eacnamaíochta na dtuismitheoirí. Ní gá bheith ag maireachtáil ó lámh go béal sa tír seo le tuiscint nach mbíonn mórán le spáráil go minic ag an té atá ag obair. Nuair a thagann sé chuig freastal ar an gcoláiste, tá daoine atá i lár báire ag streachailt agus faoi bhrú.

Nuair a fuair mé an teideal seo, phléigh mé féin agus mo chomhscoláirí na deiseanna agus na mórdheacrachtaí atá romhainn mar scoláirí. Níl dabht ar bith nach raibh airgead nó costas ar bharr a mbéil ag gach scoláire, is cuma cén cúlra atá aige nó aici. Ní fadhb le duine amháin é seo, ach le chuile dhuine. Tá cáil na bpócaí folamh agus cloigeann tinn ar scoláirí ar aon chaoi, ach an bhfuil scoláirí an chéid seo níos boichte ná riamh? In 1996, tháinig deireadh le táillí tríú leibhéal trasna an bhoird do chuile scoláire, ba chuma cén chúlra a bhí aige nó aici. Cé gur chéim mhillteanach a bhí ann, níor bhain cinnteacht lena gcinniúint riamh. Mar thoradh ar an lagtrá eacnamaíochta, diaidh ar ndiaidh d'éalaigh na táillí ar ais faoi ainmneacha cleite ar nós "táillí clárúcháin". Níl institiúid sa tír nach mbaineann amach táillí suas go €3,000 a íocann scoláirí nuair a ghlacann siad a gcúrsaí. Má cháilíonn scoláire do dheontas SUSI, clúdaíonn an Stát an táille seo, gníomh a thugann an-chúnamh don té a dteastaíonn sé uaidh nó uaithi.

De réir suirbhé ar chostas dul chuig coláiste in Éirinn a rinne an comhlacht Zurich, cosnaíonn sé ar an meán €32,824 scoláire a thabhairt chuig céime in Éirinn. Le gairid, rinne an tÚdarás um Ard-Oideachas maoirsiú ar thaighde a léirigh go bhfuil deacrachtaí airgeadais ag aon trian de scoláirí na tíre. Ghlac 10% de scoláirí tríú leibhéal páirt sa staidéar seo. Sa staidéar céanna, dúirt duine as gach triúr go raibh deacrachtaí móra airgid acu. Dúirt leath acu go raibh siad ag obair i rith an téarma agus gan an obair seo nach mbeadh luach na coláiste acu. D'aithin an staidéar céanna go bhfuil tionchar diúltach ag an méid ama caite ag obair ar na gráid iomlán a bhaineann scoláirí amach, mar nach bhfuil sé ar chumas an lucht a chaitheann an-chuid ama ag obair mórán ama a thabhairt dá gcuid staidéar.

Tá oideachas iomlánach an duine ríthábhachtach domsa agus cuirim béim ar bheith folláin. In achar gearr, téann duine ó pháiste a bhíonn a dhinnéar réidh dó nó di chuile oíche go dtí duine fásta a dhéanann cinntí maidir lena shaol féin - má tá cornflakes mar dhinnéar aige nó aici, mar shampla. Am deacair a bhíonn anseo do dhaoine óga. Ní hé nach bhfuil na deiseanna nó na seirbhísí ann go minic, ach nach bhfuil a fhios ag daoine óga cén áit a bhfuil cabhair ar fáil agus nach leosan amháin a bhaineann an deacracht. Dá bhrí sin, ba cheart tuilleadh ama sna scoileanna a chaitheamh ar ullmhú do shaol na hoibre, ar thuiscint ar bhuiséadú agus ar láimhseáil airgid. Is é seo ceann de na deacrachtaí is mó a bhíonn ag scoláirí. Tá eolas faoi sheirbhísí éagsúla a thacaíonn leo ó thaobh sláinte coirp agus intinne an duine de dhíth orthu.

Mar réiteach na faidhbe, mholfainn go mbeadh ciste tríú leibhéal in ann iasacht maoiniú a thabhairt do scoláirí ar ús an-íseal. Ba chóir go mbeadh sé ar a gcumas an iasacht seo a íoc ar ais de réir a chéile nuair a bheidh siad i bpost lánaimseartha. Iarraim ar an Oireachtas fáil réidh leis an táille chlárúcháin do gach dalta, is cuma cad é a cúlra nó a chúlra. Tá go leor airgid i gceist le €3,000. Is é seo bun agus barr leis an mbrú airgeadais atá ar mhórán scoláirí. Iarraim ar thuilleadh maoiniú chun seirbhísí tacaíocht ag tríú leibhéal a bheith ar fáil chun scoláirí a threoiriú ar bhóthar a leasa. Is tír iontach í Éire ar go leor bealaí. Is iomaí deis atá amach romham sna blianta 2018, 2019 agus 2020, blianta a bhfuil mé ag tnúth go mór leo agus cinnte a mbeidh foghlaim iontu ní amháin go hacadúil ach ó ollscoil an tsaoil mhóir chomh maith. Níl mé ag iarraidh nó ag ceapadh gur chóir go mbeadh mo chuid oideachais go hiomlán saor, ach ba mhaith liom go mbeadh tacaíocht airgeadais ar fáil do chuile scoláire. Déanann sé ciall infheistíocht a dhéanamh ionainn anois chun an ráta críochnú coláiste a ardú agus a chinntiú gur ag tacú leis an Státchiste a bheidh muid agus muid ag obair inár rogha gairme amach anseo. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an deis seo a bhronnadh orm. Tá mé fíorbhuíoch.

Glaoim anois ar an dara cainteoir ó Choláiste Naomh Éinne, Caobhán Ó Maoláin.

Mr. Caobhán Ó Maoláin

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an gcoiste as an seans seo a thabhairt dom agus do mo chairde plé á dhéanamh anseo ar na deiseanna agus na dúshláin atá amach romhainn agus muid ag fágáil slán le hoideachas dara leibhéal i gceann bliain nó dhó. Is as Inis Mór dom agus tá mé ag freastal ar Choláiste Naomh Éinne in Inis Mór. Tá mé sa chúigiú bliain faoi láthair agus beidh mé ag déanamh na hardteistiméireachta in 2019.

Is iontach an rud é go mbíonn fonn ar an gcuid is mó de dhaoine óga a thosaíonn oideachas dara leibhéal é a chríochnú agus ardteistiméireacht mhaith a bhaint amach. Sna blianta atá caite, is iomaí cailíní agus buachaillí óga a bhí cliste agus éirimiúil a d'fhág an scoil go luath. Chuaigh siad ar imirce nó ag obair ag aois óg mar gheall nár fhaca siad aon bhuntáiste leanacht ar aghaidh lena gcuid oideachais. I gcásanna eile, ní raibh siad ag iarraidh leanacht ar aghaidh le saol an oideachais mar nach mbeadh na hacmhainní ag a gcuid tuismitheoirí íoc as. Ní mar sin atá anois agus fórmhór na ndaoine óga ag freastal ar chúrsaí tríú leibhéal nó ar chúrsaí oiliúna a thugann an-deiseanna dóibh agus an-seansanna slí mhaith mhaireachtála a bhaint amach ina dtír féin más mian leo fanacht.

Ar ndóigh, sula bhfaigheann aon duine seans tosnú ar shaol neamhspleách an scoláire tríú leibhéal, tá dúshlán mór roimhe nó roimpi, is é sin, déanamh go maith i scrúdú na hardteistiméireachta. Táimid ar fad ag súil leis na seansanna a thabharfaidh coláiste tríú leibhéal dúinn.

Beidh seans againn go leor cairde nua a dhéanamh a bhfuil suim acu sna rudaí céanna linn féin. B'fhéidir go mbeimid in ann gnéithe den saol nár chleacht muid go dtí seo a chur ar ár súile dúinn. Is difríocht mhór é seo, go mórmhór dúinn atá ag teacht ó scoileanna beaga. Níl ach 56 scoláire i mo scoil féin, mar shampla. Tá neart roghanna ann anois don duine óg. Tá cúrsaí ar fáil a fheileann gach té ar a gcuid cumais agus ar na gnéithe a bhfuil suim aige nó aici iontu. Tá na céadta sochaí agus clubanna ann le haghaidh gach duine freisin. Tá scoláirí tríú leibhéal in ann bualadh le daoine nua agus a bheith páirteach i bpobal na hollscoile. Tá siad in ann triail a bhaint as spóirt nua nach raibh teacht acu orthu ina scoileanna beaga oileáin. Tá deis ag scoláirí tríú leibhéal teangacha nua a fhoghlaim. Tá cúrsaí ar fáil trí Ghaeilge dóibh siúd gur mhian leo fanacht lena dteanga dhúchais.

Bíonn dhá insint ar gach scéal, áfach. Tá cúpla bac atá in ann moill a chur orainn freisin. Creidim go gcuireann scrúdú na hardteistiméireachta agus córas na bpointí mar atá sé an-strus ar dhaoine óga. Tógann sé seo ón taitneamh atá le baint as saol na scoile. Creidim freisin go gcuireann an córas mar atá sé bac ar fhéinfhorbairt an duine óig. Tá mé ag smaoineamh go háirithe ar an méid ama a chaitear ag foghlaim rudaí de ghlanmheabhair. Ba cheart breathnú ar mhodhanna eile le meastóireacht a dhéanamh ar obair an scoláire. Tá an scéim pointe an-chrua ar scoláirí a chailleann amach ar chúrsaí le pointe nó dhó tar éis iarracht mhór a chur isteach. Tá go leor éilimh ar lóistín agus tá seans nach mbeidh lóistín ar fáil ar phraghas réasúnta nuair atáimid ag iarraidh dul ar an gcoláiste. Tá sé fíordheacair ar scoláirí atá ina gcónaí ar oileáin filleadh ar ais sa bhaile gach deireadh seachtaine, go háirithe sa gheimhreadh. Tá brú curtha orainn an cúrsa ceart a phiocadh mar gheall má phiocaimid cúrsa nach maith linn tá sé intuigthe go gcaithimid fanacht leis an gcúrsa sin ar feadh trí nó cheithre bliana. Tá sé deacair an cúrsa ceart a phiocadh agus ní cead an rogha a athrú tar éis na hardteistiméireachta tríd an gcóras CAO. Gabhaim buíochas leis an gcoiste arís as an deis seo a thabhairt dom a bheith in ann caint faoi na deiseanna agus na baic a bheidh ag lucht fágála na scoile idir 2018 agus 2020.

Rachaimid ar ais go Gaelcholáiste Reachrann i mBaile Átha Cliath. Is í Caoimhe Ní Bhaoilláinn an cainteoir deireanach ón scoil sin.

Ms Caoimhe Ní Bhaoilláin

Ba mhaith liom buíochas mór a ghabháil leis an gcoiste as ucht an chuiridh seo. Tá áthas an domhain ar dhaltaí Gaelcholáiste Reachrann bheith i láthair ag an ócáid seo i dTithe an Oireachtais. Táim anseo chun na deiseanna atá ag lucht fágála na scoile a phlé. Feictear dom ón taighde atá déanta agam ar an ábhar seo go bhfuil an saol ar mo thoil agam. Tá réimse leathan deiseanna ann do dhaoine óga sa lá atá inniu ann. Tugann na scéimeanna DARE agus HEAR comhionannas don phobal mar bhealach chun dul ar aghaidh go dtí oideachas tríú leibhéal. Tugann DARE cúnamh dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí acu san oideachas dara leibhéal. Fiú mura sroicheann na daoine seo neart pointí chun na cúrsaí atá roghnaithe acu a dhéanamh sa choláiste, bíonn seans acu faoi na scéimeanna seo na cúrsaí sin a dhéanamh. Tá DARE ar fáil dóibh siúd atá faoi bhun 23 bliana d'aois. Is scéim coláiste agus ollscoile é HEAR a thugann áiteanna sa choláiste do mhic léinn nach fuair neart pointí chun na cúrsaí a roghnaíodar a dhéanamh de bharr cúlra socheacnamaíoch faoi mhíbhuntáiste a bheith acu. Cruthaíodh HEAR toisc go bhfuil fianaise ann go mbíonn drochthionchar ag an mbochtanas ar cé chomh maith is a n-éiríonn le daltaí atá ag iarraidh bheith ábalta freastal ar an ollscoil. Léiríonn sé seo dom go bhfuil deiseanna ag gach cineál aicme in Éirinn agus go bhfuil comhionannas curtha i bhfeidhm go mór thar na blianta. Mar dhalta scoile, is rud fíordhóchasach dom é seo a chloisteáil.

Tá níos mó rogha de chúrsaí ar fáil do mhic léinn na laethanta seo. Tá líon na mic léinn atá ag freastal ar ollscoileanna ag ardú le roinnt blianta anuas. Mar shampla, d'fhreastail 39,915 scoláire ar an ollscoil sa bhliain 2007, ach bhí an uimhir seo ardaithe go dtí 50,000 faoin mbliain 2017. Léiríonn sé seo gur mhéadaigh líon na ndaltaí a fuair tairiscintí áite do chúrsaí tríú leibhéal thar tréimhse deich mbliana. Leagtar an-bhéim ar oideachas tríú leibhéal. Tuigtear do dhaltaí meánscoile go bhfuil gá le hoideachas tríú leibhéal le post a bhaint amach. Tá athrú an-mhór tagtha ó am á dtuismitheoirí, nuair a bhíodh réimse leathan fostaíochta ar fáil i go leor earnáil dóibh siúd nach raibh oideachas tríú leibhéal acu. Teastaíonn ó go leor daltaí meánscoile freastal ar choláistí tríú leibhéal agus céim nó iarchéim a bhaint amach. Cuireann an t-éileamh chun freastal ar an ollscoil níos mó roghanna ar fáil do mhic léinn. Rinne 57,929 dalta an ardteistiméireacht sa bhliain 2015 agus ardú de 1.6% a bhí ansin ón bhliain 2014. Tá an uimhir sin fós ag méadú go bliantúil. Mura bhfaigheann dalta an méid áirithe pointe atá ag teastáil chun an cúrsa atá roghnaithe aige nó aici a bhaint amach, bíonn slite éagsúla fós ann inar féidir leo an sprioc sin a bhaint amach. Mar shampla, is féidir le daltaí cúrsaí iar-ardteistiméireachta, nó PLC, a dhéanamh ionas gur féidir leo bogadh ar aghaidh go dtí leibhéal oideachais níos airde. Maireann cúrsaí iar-ardteistiméireachta ar feadh bliain nó dhó. Ceapaim gur mhodh iontach atá iontu chun brú agus strus na ndaltaí a laghdú.

Tá an t-ádh le daltaí go mbíonn siad ábalta taisteal thar lear chun oideachas tríú leibhéal a fháil, mar shampla tríd an scéim Erasmus. Bíonn seans iontach ag mic léinn a dhéanann Erasmus forbairt a dhéanamh ar a gcuid scileanna cumarsáide agus teanga agus iad thar sáile. Bailíonn siad níos mó eolais ó na tíortha sin agus faigheann siad léargas ar chultúir agus caithimh aimsire na bundúchasaigh. Maireann Erasmus idir dhá mhí agus bliain. Tá sé coitianta go dtéann daltaí go dtí cathracha ar nós Búdaipeist, Sevilla agus Barcelona ar Erasmus. Má theastaíonn uaim céim a bhaint amach i dteangacha nuair atá mé ag freastal ar an gcoláiste, beidh suim agam Erasmus a dhéanamh.

Deirtear linn go bhfuil borradh faoin ngeilleagar sa tír álainn seo arís. Is léir go bhfuil an ráta dífhostaithe ag laghdú go mór le cúpla bliain anuas. Sa bhliain 2008, bhí 14.5% den daonra dífhostaithe, ach tá ráta dífhostaíochta de 6.1% againn lá atá inniu ann. Tá méadú de 2.5% tagtha ar ghnáthphá sa tír seo agus is é sin an t-ardú is airde ó bhí an cúlú eacnamaíochta ann. Tá 75% de chomhlachtaí Briotanacha tar éis a rá go n-úsáidfidh siad an tír seo mar chúldoras chun gnó a dhéanamh leis an AE tar éis na Breatimeachta. Cruthóidh sé seo roinnt mhaith poist in Éirinn sa tionscal seirbhísí airgeadais toisc go bhfuil lucht saothair maith sa tír seo, le hoideachas den tsaghas seo acu. Tá éileamh ar Bhaile Átha Cliath mar chathair atá ag dul chun cinn ó thaobh an tionscal seirbhísí airgeadais de. Faoi láthair, tá sé sa 30ú áit ó thaobh an tionscal seo. Roghnaíodh Baile Átha Cliath, Shanghai, Singeapór agus Frankfurt i measc an 15 ceantar atáthar ag súil go mbeidh siad níos suntasaí ó thaobh an ghnó de sa todhchaí. Mar dhalta meánscoile, tá mé sásta go bhfuil an-chuid deiseanna i gceist do scoláirí a bheidh ag iarraidh poist a fháil sa réimse gnó sna blianta amach romhainn. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as ucht a gcomhoibriú agus as éisteacht liom.

Iarraim anois ar an gcainteoir deireanach ó Choláiste Ghobnait ó Inis Oírr, Dara Ó Maoileáin, tús a chur leis an méid atá le rá aige.

Mr. Dara Ó Maoileáin

Gabhaim buíochas leis an gcomhchoiste as an gcuireadh a tugadh dom labhairt anseo inniu. Tá mé sa chúigiú bliain i gColáiste Ghobnait ar Inis Oírr. Sna blianta amach romhainn, is cinnte go bhfuil an-deis againn an saol a bheith ar ár gcomhairle féin againn de bharr an sároideachais a fuair muid ag an mbunscoil agus atá á fháil againn ag an meánscoil in Inis Oírr, má éiríonn linn dul i ngleic leis na deacrachtaí atá luaite ag mo chairde. Tuigeann muid agus muid an-óg ag an bpointe seo go bhfuil seans ann nach rachaidh muid ar ais go hInis Oírr inár saol oibre. B'fhéidir nach bhfuil sé sin fíor, nó an bhfuil? San am atá caite, ní raibh ann ach iascaireacht, feirmeoireacht agus b'fhéidir roinnt oibre le turasóirí ach tá rudaí ag athrú. Is cinnte gur ceart dúinn a bheith ag smaoineamh go domhain air seo agus ar na roghanna a dhéanann muid sa chuid eile dár n-oideachas.

Tá dúshlán anseo do scoláirí an oileáin. An mhí seo caite, mar shampla, bhí ceardlann ghairme ar an mórthír ach níor éirigh le aon duine do scoláirí Choláiste Ghobnait dul ann mar go raibh sé ar siúl idir 5 a chlog agus 8 a chlog sa tráthnóna. Chiallódh sé seo oíche i lóistín ar an mórthír agus leathlá scoile a chailleadh an lár dár gcionn. Bhí scoláirí na mórthíre in ann freastal ar an gceardlann, ach bheadh costas sa bhreis agus €100 ar scoláire ón oileán dul ann. Is léir go bhfuil gá níos mó ná riamh le seirbhísí gairme do dhaoine óga ar na hoileáin. Tá an tsochaí ag athrú agus chuile sheans go mbeidh deiseanna nua ar na hoileáin ag eascairt as athrú aeráide agus an gá atá le fuinneamh inathnuaite. B'fhéidir go mbeidh gá le heolaithe, innealtóirí agus fiontraithe chun buntáiste a bhaint as na deiseanna seo. Tá láidreachtaí ag na hoileáin maidir le hacmhainní nádúrtha agus ról nua maidir le caomhnú agus eolaíocht na timpeallachta. Beidh turasóirí ag tarraingt i gcónaí ar na hoileáin ach is gá díriú ar thurasóireacht d'ardchaighdeán cultúrtha a fhorbairt.

Teastaíonn daoine le fís agus ardchaighdeán oideachais chun é seo a bhaint amach. Ar ndóigh, tá deiseanna iontacha maidir le caomhnú agus buanú na teanga, táirgí teanga cosúil le háiseanna aistriúcháin agus eile, na healaíona agus deiseanna go leor bunaithe ar an láidreacht dúchasach atá againn, an Ghaeilge. Tá súil agam go mbeidh áiseanna fiontraíochta ar fáil ar na hoileáin cosúil le moil dhigiteacha agus go mbeidh deis againne filleadh ar ais ar hInis Oírr agus obair fhiúntach a bheith againn ar na hoileáin sna blianta amach romhainn. Ní tharlóidh sé sin gan chabhair. Tá cabhair an choiste de dhíth orainn.

Mar fhocal scoir, teastaíonn cúnamh ó na hiarbhunscoileanna ar na hoileáin. Tá aos óg Inis Oírr agus na n-oileán ar fad ag brath ar an gcoiste. Tá Inis Oírr aitheanta mar cheann de na háiteanna is speisialta ar domhan faoin gclár, Living Communities of The World. Mar sin, is daoine óga cosúil le Muireann, Michéala agus mise a thabharfaidh an oidhreacht sin ar aghaidh. Is fiú an infheistíocht sin muidne, nach fiú?

Glacaim buíochas leis an gcoiste as an deis a thabhairt dom labhairt anseo inniu. Go raibh maith agaibh.

Go raibh míle maith agat, Dara. Agus anois, an cainteoir deireanach ó Choláiste Naomh Eoin.

Mr. Michael Ó Coinceanainn

A Chathaoirligh agus a chomhaltaí comhchoiste, ba mhaith liom buíochas a ghlacadh as an gcuireadh a tugadh dom teacht i dteannta an choiste inniu. Is mise Michael Ó Coinceanainn, scoláire ardteistiméireachta ó Choláiste Naomh Eoin, Inis Meáin. Is as Inis Meáin ó dhúchas mé agus is ann a fuair mé m’oideachas ar fad go dtí seo, agus beidh sé sin ag teacht chun críche i mí an Mheithimh seo chugainn nuair a shuífidh mé m’ardteistiméireacht. Is dócha nár chuimhnigh mé mórán faoi mo shaol tar éis na scoile go dtí seo, ach le tamall anuas, rith sé liom gur beag duine a thagann ó cheantair iargúlta cosúil liomsa a mbíonn deis cónaí acu ina gceantar áitiúla tar éis na scoile. Is aisteach an ráiteas a rá go dtagann deireadh le do mhaireachtáil bhuan i do cheantar áitiúil le críoch na scoile, ach tá sé sin fíor, go mór mór má chónaíonn tú ar oileán.

Ceann de na dúshláin is mó a fheicim ná go bhfuil muid ag fáil oideachas chun ár gceantair iargúlta a fhágáil. Tá oideachas den scoth faighte agamsa i gColáiste Naomh Eoin, in Inis Meáin agus tá a fhios agam go mbeidh mé ag dul chuig an tríú leibhéal, go cinnte. Tá mé réidh faoina chomhair seo agus beidh fáilte agam roimh an deis. Osclaíonn taisteal na súile agus is cinnte déanfaidh sé an-leas dom an saol mór a bhlaiseadh, ach an b’in le rá, go bhfuil cinneadh indíreach déanta agam slán a fhágáil leis an mbaile ar feadh formhór mo shaoil, ar a laghad go rachaidh mé ar scor?

Tá doimhneacht níos mó ag baint le críochnú scolaíochta ar oileán mar dá mbeinn i mo chónaí i gcathair, nó ar a laghad an bóthar a bheith faoi mo chos, bheadh deis agam oibriú ó bhaile i mbeagnach gach gairm, ach i ndáiríre, ar oileán tá tú fíor-theoranta, agus le hoideachas tagann bánú pobail. Ní féidir liom a bheith ag súil le maireachtáil chompordach a dhéanamh i ngairmeacha éagsúla sa mhodh traidisiúnta mura dtagann feabhas ar chúrsaí leathanbhanda agus mé a bheith nuálach i mo ghnó. Is minic a chasaim le daoine a deir gur bhreá leo cónaí ar na hoileáin dá mbeadh fostaíocht ann. Ag deireadh an lae réitítear sna scoileanna muid le bheith ullamh don saol mór ach is réiteach uilíoch é seo, rud a fhágann nach bhfuiltear ag díriú isteach ar chur leis an saol atá againn cheana ar an oileán. Tá feirm againn féin sa bhaile agus ba bhreá liomsa a bheith in ann leanúint leis an bhfeirmeoireacht, chomh maith le slí bheatha a bhaint amach dom féin, i mo rogha gairme, tar éis mo chuid scolaíochta. Níor chóir go mbeadh gá dom mo dhroim a iompú agus rogha a dhéanamh idir an saol atá agam agus na féidearthachtaí nua amach romham.

Ní leor deacrachtaí nó dúshláin a aithint gan réiteach na faidhbe a bheith taobh leis. Teastaíonn pleanáil fhadtéarmach do cheantair bheaga iargúlta ar nós na n-oileán, chun a chinntiú go mbeidh gach plean agus polasaí stáit ag tacú leis na pobail bheaga seo, mar, gan an óige, ní mhairfidh siad i bhfad. Teastaíonn tacaíocht sna scoileanna go mbeidh siad in ann cabhrú le scoláirí roghanna cliste a dhéanamh maidir leis an gcoláiste, go mbeidh féidearthachtaí ann dóibh cónaí ina gceantair áitiúla tar éis a gcuid oideachais. Bheadh uaireanta breise múinteoireachta lena n-úsáid le gairmthreoir an-úsáideach, mar faoi láthair bíonn an oiread brú ar scoileanna beaga nach mbíonn ach rang sa tseachtain againn go minic le múinteoir nach bhfuil cáilithe, fiú. Is é an leathanbhanda a cheanglaíonn an saol mór agus nuair atáthar lonnaithe ar oileán, tá an ceangal sin rí-thábhachtach. Teastaíonn an tseirbhís seo a neartú chuig caighdeán fíor-mhaith chun go mbeidh muid in ann iomaíocht a dhéanamh ar bhonn domhanda. Ceapaim go bhfuil ról lárnach ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta chomh maith le hÚdarás na Gaeltachta i gcaomhnú agus i dtacú le pobail ar oileáin. Caithfear pleanáil fhadtéarmach a dhearadh chun pobail a choinneáil ar na hoileáin, chun a bheith féinchothaithe agus a bheith in ann slí mhaireachtála a bhaint amach. Teastaíonn cuirí, fostaíocht agus baoití airgeadais le go mbeidh an deis chéanna ag na hoileánaigh óga a fhanann ag baile is atá acu siúd a thagann ón tír mhór.

Is seoid iad na hoileáin ar fiú na milliúin euro iad mar bhranda don Státchiste chuile bhliain. Is iad na daoine óga dóchas agus todhchaí pobail agus faoi láthair, gan aon infheistíocht ná pleanáil leagtha síos, ní bhíonn deis ag daoine óga fanacht ar na hoileáin. Beidh ormsa imeacht i Meán Fómhair 2018 agus ba mhaith liom filleadh tar éis mo chuid staidéir, agus deis a bheith agam mo ghairm a chleachtadh ar an oileán ach, idir an dá línn, teastaíonn ó na Ranna éagsúla Rialtais gníomhú ar an tuiscint go dteastaíonn polasaí ar leith chun oileáin na hÉireann a bheith inmharthana. Ba mhaith liomsa nach é mo chinniúint Inis Meáin a fhágáil go fadtéarmach, mar sin fágaim mo chás i lámha an Stáit. Go raibh maith agaibh

Go raibh míle maith agat, Michael, agus anois éistfimid leis an gcainteoir deireanach, Aoife, ó Choláiste Naomh Eoin.

Ms Aoife Nic Giolla Dé

A chomhairleoirí, a Theachtaí Dála, a mhúinteoirí agus a chomhscoláirí, ar dtús báire ba mhaith liom buíochas a ghabháil as ucht an chuiridh a tugadh dúinn, muintir óga na Gaeltachta agus na n-oileán, teacht anseo inniu, chun ár dtuairimí pearsanta faoi na deiseanna agus na dúshláin a bheidh amach romhainn agus muid ag fágáil na scoile chun aghaidh a thabhairt ar an saol mór, a chur os comhair an choiste. Aoife Nic Giolla Dé is ainm dom. Táim 15 bliana d’aois agus is scoláire idirbhliana mé atá ag freastal ar Choláiste Naomh Eoin ar Inis Mór. Beidh mé ag déanamh m’ardteistiméireacht i mí an Mheithimh 2020. Ní féidir é a shéanadh ach gur iomaí deis a chruthaíonn fás aníos ar oileáin Ghaeltachta. De bharr an líon beag scoláirí sna scoileanna, is mór an cúnamh breise a fhaigheann scoláirí ó na múinteoirí sna ranganna agus go ginearálta, agus iad ag ullmhú do scrúduithe. I mo thuairimse, tá an t-ádh dearg orainn freastal ar scoil Ghaelach. Gan caint, fiú, ar na deiseanna a chruthaíonn líofacht na teanga dúinn sa todhchaí, mar gheall go ndéanann muid ár n-ábhar trí Ghaeilge don ardteistiméireacht, faigheann muid breis phointí freisin, rud a chabhraíonn go mór le scoláirí a rogha cúrsa a fháil san ollscoil.

Tá sé soiléir go gcruthaíonn freastal ar scoileanna oileán Gaeltachta go leor seansanna chun pointí arda a bhaint amach san ardteistiméireacht. Is iomaí dúshlán a chruthaíonn sé freisin. Mar gheall ar an líon beag scoláirí, tá líon beag múinteoirí, agus mar gheall air sin, tá muid ag cailleadh amach ar réimse leathan ábhar, cosúil le rogha teangacha, staidéar clasaiceach, agus na hábhair eile eolaíochta – ceimic, fisic nó fis-ceim – ábhair atá riachtanach dóibh siúd gur mian leo staidéar leighis nó tréidliachta a dhéanamh san ollscoil. Níl sé dodhéanta dóibh na cúrsaí seo a dhéanamh, ach tógann sé bliain nó dhó níos faide ná mar is gnáth.

Dúshláin mór a bheidh romham go pearsanta, agus mé ag tabhairt aghaidh ar an ollscoil ná an spórt. Tá an-suim agam sa spórt, go háirithe sna cluichí Gaelacha, ach mar gheall nach bhfuil a dhóthain béime ar spórt sa scoil nó a dhóthain cailíní anseo chun foireann a bheith ann, níl an seans agam na cluichí sin a imirt. Tá imní orm nach mbeidh an caighdeán céanna scileanna agam is a bheidh acu siúd atá ag imirt le clubanna ó bhí siad ina bpáistí óga, rud a d’fhéadfadh stop a chur liom áit a fháil ar fhoireann. Dúshláin iad seo a chruthaíonn an scoil agus an áit chónaithe atá agam dom.

Imní eile atá agam agus mé ag tabhairt aghaidh ar an ollscoil, ná an líon daoine a bheidh thart orm. Beidh mé ag suí isteach ar léachtaí le níos mó daoine ná mar atá ag pobal an oileáin féin.

Ba maith liom buíochas a ghlacadh leis an gcoiste as ucht éisteacht liom inniu. Sin é atá le rá agam. Go raibh maith agaibh.

Go raibh míle maith agat, Aoife. Rachaidh mé go dtí na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí ach ní mór dom a rá go bhfuil meascán de mhothúcháin agam. Tá gliondar ar mo chroí, táim i bhfad níos dóchasaí inniu, anois ag an bpointe seo ná mar a bhí mé ag tús an lae, Lá Idirnáisiúnta na mBan. Ag éisteacht libhse, tá níos mó dóchais agam, ní mór dom a rá, ach ag an am céanna, tá mé saghas brónach ag éisteacht leis an réimse leathan fadhbanna agus dúshlán atá curtha os bhur gcomhair, go háirithe go bhfuil sibh ag rá go soiléir dúinn nach mbeidh sibh in ann slí mhaireachtála a bhaint amach ar na hoileáin. Ligfidh mé do na Teachtaí agus do na Seanadóirí na ceisteanna a chur. Go raibh míle maith agaibh.

Go raibh míle maith agat, a Chathaoirligh, as sin agus gabhaim míle buíochas leis na finnéithe as teacht anseo inniu. Bhí sé go hiontach a bheith in ann éisteacht leo. Nuair a bhí mise ar a n-aois, ní bheinn in ann an rud sin a dhéanamh, i ndáiríre. Ní bheadh an mhuinín agam chun é sin a dhéanamh. Bhí sé ar feabhas ar fad. Mar a dúirt an Cathaoirleach, is drochrud ar shlí amháin, go bhfuil an méid rudaí sin ag cur isteach ar na finnéithe ar an aois atá acu anois, ach ar an lámh eile is rud iontach freisin go bhfuil siad chomh eolach ar cén sórt saoil ina bhfuil siad ag maireachtáil ag an mbomaite seo. Tá na fíricí acu, tá an anailís mar gheall ar na fíricí acu freisin agus tá sé sin tábhachtach. Ba cheart dom a rá do na finnéithe freisin go bhfuil an chumhacht acu, i ndáiríre, chun go leor de na rudaí sin a athrú ina saol. Ag eagrú, ag bailiú le chéile, ag obair go dian, is féidir leo na freagraí a aimsiú mar gheall ar na fadhbanna atá os a gcomhair.

Ag an mbomaite is leis an gcoiste an fhreagracht an rud sin a dhéanamh.

Mar gheall ar an nGaeilge freisin, nuair a bhíonn seoid cosúil leis an nGaeilge ag duine, uaireanta bíonn sé deacair tabhairt faoi deara cé chomh luachmhar agus atá sé. Tá sé go hiontach luachmhar agus tá an t-ádh dearg ag na finnéithe go bhfuil an Ghaeilge chomh líofa acu freisin. Tugann sé solúbthacht smaoinimh do na finnéithe anois agus sa todhchaí.

Tá cupla ceist agam. An mbíonn deacrachtaí ag na finnéithe a gcuid gnó agus a saol a chaitheamh i nGaeilge? B'fhéidir dá bhféadfaimis éisteacht ó chúpla duine ó na hoileáin agus duine amháin ó Bhaile Átha Cliath? An ndéanann na finnéithe iarracht an Ghaeilge a úsáid ina gnáthshaol taobh amuigh den scoil, agus nuair a dhéanann siad iarracht, an mbíonn deacrachtai ag baint leis? An bhfuil aon duine sásta a lámh a chur suas faoi sin?

Mr. Ciarán Ó Flaithearta

Tá sé againn de nadúrtha an Ghaeilge a labhairt sa bhaile. Tá sé feicthe agam le cúpla duine de mo chairde, is Gaeilge amháin a bhímid i gcónaí ag labhairt. Bheadh cúpla duine ag labhairt Béarla, agus an formhór de mo chairde ag labhairt Béarla leo. Tá cúpla duine a labhraímid Gaeilge amháin leo agus tá sé sin go maith dúinne.

An bhfuil aon duine ó Bhaile Átha Cliath ar mhaith leo an cheist sin a fhreagairt?

Ms Aisling Ní Chearbhaill

Ní labhraímid mórán Gaeilge lasmuigh den scoil le cairde nach bhfreastalaíonn ar an scoil chéanna. Ní bheadh aon Ghaeilge acu. Go ginearálta, má táimid amach áit éigin lenár gcairde, ní thuigeann gach duine an Ghaeilge so ní féidir í a úsáid.

Tá sé mar an gcéanna anseo uaireanta. An féidir le daoine a lámha a chur suas má cheapann siad go mbeidh siad ag obair sa bhaile ina bhfuil siad nó ar an oileán ina bhfuil siad ina gcónaí i gceann 15 bliana. Éinne a cheapann go mbeidh siad ag obair san áit sin, cuir suas na lámha. Tá triúr as Baile Átha Cliath ach gan éinne as na hoileáin. Tá sé sin suimiúil. Cuir suas na lámha má cheapann na finnéithe go mbeidh siad ag obair as Gaeilge i gceann 15 bliana. Tá sé sin suimiúil freisin.

Caithfidh mé a rá leis na finnéithe go bhfuil siad ar fheabhas ar fad. Molaim dóibh leanúint ar aghaidh, agus tá mé an-sásta gur tháinig siad isteach anseo inniu.

Ba bhreá liom a chur in iúl an ríméad atá orm, dáiríre, a bheith ag éisteacht leis na finnéithe agus an méid atá ráite acu inniu. Go pointe áirithe, beidh mé ag rá roinnt rudaí a dúirt an Teachta Tóibín. Bhí mé an-tógtha le, agus guím Lá Idirnaisiúnta na mBan sona ar, na finnéithe uilig, mná óga Gaelacha na hÉireann agus na fir freisin mar tá gá le solidarity idir an dá ghnéis. Is lá dúinn ar fad Lá Idirnaisiúnta na mBan chun dínit agus tábhacht na mban inár sochaí a chéiliúradh. Is deas a fheiscint go bhfuil tromlach na mná anseo inniu, bíodh nach bhfuil tromlach - buíochas le Dia go bhfuil ár gCathaoirleach ann inniu - ó thaobh na Baill Oireachtais de.

Bhí mé an-tógtha le cé chomh cuimsitheach agus a bhí an léirmheas a thug na finnéithe dúinn. Ar an gcomhthéacs ina bhfuil siad ag feidhmiú, mar dhaltaí, mar mhic léinn agus an súil ar an tsochaí atá acu. Bhí mé an-tógtha leis an méid a dúradh faoi shaol na coláiste agus bhí mé an-tógtha leis nach amháin ar an saol acadúil sa choláiste a bhí na finnéithe ag caint ach ar na deiseanna idirphearsanta a fhaigheann duine sa choláiste. Is cuimhin liom, nuair a chuaigh mé go dtí an choláiste, ní raibh tuairim agam faoi céard a bheadh i ndán dom amach anseo. Chaith mé dhá bhliain ag an gcoláiste. Bhí mé thar a bheith uaigneach. Thóg sé dhá bhliain dom socrú síos.

An bhfuil tú socraithe síos fós?

Táimid uilig ar thuras. Thug sé dha bhliain orm, bíodh go raibh mé an-páirteach sa chumann díospóireacht i nGaillimh, sa Literary and Debating Society ach go háirithe. De réir a chéile, toisc go raibh mé páirteach sna díospóireachtaí, chuir mé suim san iriseoireacht agus is iriseoireacht a rinne mé i ndiaidh na coláiste. Thóg céim amháin go céim eile mé, bíodh nach raibh a fhios agam ag an tús, céard a bhí i ndán dom. Más féidir liom rud a mholadh do na finnéithe, is é gach rud ar féidir leo a thógáil as saol na coláiste. Beidh an deis ag formhór dóibh dul ag an gcoláiste. Molaim dóibh gach deis a thógáil mar go maolaíonn na deiseanna sin ár laigí. Fiú an ócáid seo inniu, cé gur iontach é agus cé gur léir dom go bhfuil na finnéithe breá sásta cur agus cúiteamh a dhéanamh leis an gcoiste, mar sin féin, go pointe áirithe tá dúshlán ann freisin. Caithfear stuif a réiteach agus smaoineamh ar na ceisteanna a chuirfear ar an gcoiste. Is iontach ócáidí mar seo chun ár laigí a mhaolú agus ár mbuanna a threisiú. Gheobhaidh na finnéithe na deiseanna sa choláiste é sin a dhéanamh.

Mar a dúirt mé, bhí mé an-tógtha, ní hamháin leis an radharc cuimsitheach a bhí ag na finnéithe, ach le saibhreas a gcuid Gaeilge freisin. Ó bheith ag éisteacht leis na finnéithe inniu, is léir nach aistriúchán amháin ó Bhéarla go Gaeilge atá i gceist. Chuala mé saibhreas na Gaeilge sna nathanna a d'úsáid siad. Bhí duine amháin ag caint faoi ainmneacha cleite a bheith in úsáid chun táillí ollscoile a chur isteach gan daoine a bheith á gcáineadh agus mar sin de. Bhí saibhreas na Gaeilge le cloisteáil ó na finnéithe an t-am ar fad agus chuir sé sin áthas orm.

Nuair a bhímid ag freastal agus ag breathnú ar na fadhbanna, ná caill muinín as an daonlathas ag an am céanna. Léigh mé rud le déanaí, faoin Iodáil nó na Stáit Aontaithe b'fhéidir, go bhfuil go leor daoine óga ann nach gcreideann sa daonlathas a thuilleadh. B'fhéidir gurb é Trump nó daoine eile ag leagadh cúis den shórt sin dímheas. Tá sé sin fíor-chontúirteach. Tá áthas orm go bhfuil na finnéithe anseo inniu ag plé leis an gcoiste agus ag léiriú a muiníne as an bpróiséas daonlathach, fiú má tá fadhbanna móra - agus tá na fadhbanna casta. Ag an am céanna tá na deiseanna againn inniu dul i ngleic go pointe áirithe leis an bhfadhb sin.

Is dócha nach raibh ar na finnéithe Peig Sayers a léamh. An bhfuil sé sin athraithe go mór sna scoileanna? Bhí orainn, agus is cuimhin liom a bheith ag léamh Peig agus bhí mé in ísle brí, bhí an saol chomh deacair. Is cuimhin liom í a bheith ag caint faoi na daoine a bheith ag dul ar imirce agus cé chomh brónach agus a bhí daoine, nach bhfeicfeadh siad a clainne a thuilleadh ach ag an am céanna ag rá, bíonn súil le muir ach ní bhíonn súil le huaigh. B'in nath Gaeilge eile.

Nílim ag déanamh beag de na fadhbanna ach ag an am céanna, bímis dóchasach i gcónaí go bhfuil ar ár gcumas dul i ngleic leis na fadhbanna. Beidh sé deacair i gcónaí. Ní bheidh sé riamh chomh héasca do dhuine fanacht ar an oileán. Ní féidir gach rud a dhéanamh, aon áit a bhfuil daonra beag ann. Sin le bheith réalaíoch faoi. An dúshlán atá romhainn ná an fhadhb sin a mhaolú chomh mór agus is féidir le go mbeidh níos mó deiseanna ná mar atá anois ann.

Molaim na finnéithe go mór agus mo bhuíochas leo as ucht dóchas a thabhairt don choiste inniu. Ba chóir dóibh coinnigh leis an géar-anailís ar rudaí mar is ar an gcaoi sin a dhéantar dul chun cinn.

Bhí mé ag smaoineamh ansin go bhfuil scoil amháin ó Bhaile Átha Cliath - cathair Bhaile Átha Cliath - againn anseo agus scoileanna ó na hoileáin, agus go bhfuil difríocht mór idir an dá scoil agus difríocht mór idir a bheith i gcónaí i gcathair agus a bheith i gcónaí ar oileán amuigh ón chósta agus na deacrachtaí a bhaineann leis sin. Tá buntáistí mór ag baint leis sin fosta. Tá deacrachtaí ann do dhuine a bheith ina chónaí i mBaile Átha Cliath faoi láthair mar a chualamar, de bharr costas ard agus mar sin de.

Bhí réimse leathan plé ag na finnéithe, bainteach le cúrsaí oideachais, cúrsaí saoil, cúrsaí oibre, cúrsáí infreastruchtúir agus na deacrachtaí a bhaineann le go leor de na gnéithe sin. Bheadh an múnla céanna amhlaidh i go leor scoileanna ar fud na tíre. Ní hamháin ar na hoileáin ach ar scoileanna eile fosta.

Tá an saol athraithe go mór ón am a bhí mé féin agus cuid de na lads anseo ar scoil. Tá an saol athraithe go mór ón am a bhí an Teachta Ó Cuív ar scoil. Bhí fóin phóca ag teacht isteach in 1999 nó 2000, thart faoin am sin, ach anois tá na smartphones ag gach duine. De réir an daonáirimh dheireanaigh, tuigim go bhfuil smartphone anois ag thart ar 80% de phobal na tíre. Déantar go leor den surfáil ar an Idirlíon ar an fhón póca anois nó ar an smartphone.

Tá an banda leathan tábhachtach? Níl a fhios agam an bhfuil an tseirbhís ó thaobh an bhanda leathain sásúil ar na hoileáin go háirithe. Tá sé go maith i mBaile Átha Cliath. Níl sé go maith i mo cheantar i nDún na nGall. An bhfuil sé go maith ar na hoileáin? Tá go leor de thodhchaí cúrsaí cumarsáide, cúrsaí oideachais agus an saol ag brath ar sheirbhís láidir bhanda leathain. Mar shampla, bhí cuid de na finnéithe ó na hoileáin ag rá go mbeidh siad ag fágáil na n-oileán tar éis dóibh cúrsa ollscoil a dhéanamh agus nach raibh na deiseanna fostaíochta oiriúnacha ar na hoileáin. B'fhéidir go mbeidh na finnéithe ag dul ar ais ag plé le cúrsaí feirmeoireachta agus iascaireachta agus mar sin de. Ó thaobh na deiseanna fostaíochta oiriúnacha a bheith ar na hoileáin agus ar an mhórthír, táthar ag brath go láidir ar chúrsaí bhanda leathain. Bheadh sé suimiúil a fháil amach conas mar atá rudaí faoi láthair ó thaobh sin de.

Luaigh na finnéithe liúntas na muinteoirí. Tá sé sin tábhachtach. Tá coiste eile de Thithe an Oireachtais, an Coiste Oideachais agus Scileanna, tar éis moltaí sonracha a dhéanamh i dtaca le cúrsaí oideachais ar na hoileáin go háirithe. Ceann de na moltaí ná go mbeadh an liúntas, €1,600 nó rud éigin mar sin, tugtha ar ais do na múinteoirí. Táimid go léir ag tabhairt tacaíochta dó sin.

Chonaic mé fógra ar shuíomh Idirlín éigin an bhliain seo caite nuair a bhí meánscoil thuas in Albain ag iarraidh múinteoir a earcú agus bhí siad ag cur ar fáil pá de thart faoi £50,000 le cois tí le bheith i gcónaí ann ar an oileán. Níl a fhios agam an bhfuil Rialtas na hÉireann ag cur sin ar fáil do mhúinteoirí anseo. Ní dóigh liom go bhfuil. Tá na deacrachtaí céanna ansin in Albain agus i dtíortha eile. Caithfimid a bheith dáiríre faoi chúrsaí oideachais ar na hoileáin. Tá sé tábhachtach an tseirbhís sin a chur ar fáil. Tá a fhios agam ó thuaidh - ó oileán Thóraigh agus ó oileán Árann Mór - go bhfuil an caighdeán oideachais ar fáil sna meánscoileanna ar na hoileáin go hiontach ar fad. Cruthaíonn sé sin deiseanna iontach fosta. Tá sé tábhachtach go mbeidh an tacaíocht iomlán ar fáil dó sin.

An chéad cheist ná an ceist faoin bhanda leathan agus an tarna ceist ná, an aontaíonn na finnéithe go mbeidh na deiseanna fostaíochta a bheidh ar fáil dóibh amach anseo ag baint usáide as an Gaeilge? An bhfeiceann na finnéithe, mar mhic léinn, go mbeidh deiseanna fostaíochta ann? Tá Bille os comhair an choiste seo faoi láthair agus ceann de na moltaí atá sa Bhille ná go mbeidh Gaeilge ag 20% de na daoine atá ag obair sa Státchóras, sin an Civil Service. Sin na fostaithe úra nó na daoine úra a bheidh á n-earcú ag an Státchóras. An aontaíonn na finnéithe leis sin? Faoi láthair tá Gaeilge ag a dtoil ag1.6% de na daoine atá ag obair sa Civil Service agus tá siad in ann seirbhís a chur ar fáil. Tá sé chomh híseal sin. An maitheas seo, as 7,500 daoine atá ag obair sa Civil Service, níl ach thart faoi 500 acu a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu agus atá in ann seirbhís a chur ar fáil. Is é sprioc atá leagtha amach sa Bhille úr ná 20%. Caidé an tuairim atá ag na finnéithe ar sin? An bhéarfaidh sé sin deiseanna do na finnéithe? An bhfeiceann na finnéithe iad féin ag obair sa Stáchóras? Beidh sin suimiúil, dá mbeadh daltaí Gaelscoileanna agus daltaí ó na Gaeltachtaí le chéile. Sin dhá cheist, ó thaobh bhanda leathain agus ó thaobh a bheith ag obair sa Státchóras, Civil Service, agus an bhfuil suim ag na finnéithe?

Mr. Caobhán Ó Maoláin

Mar gheall ar bheith ag obair sa Státchóras mar a dúirt an Seanadóir, beidh sé iontach má táimid in ann níos mó poist a chur ar fáil le Gaeilge mar gheall gurb í an teanga dúchais atá againn. Má tá líon na nGaeilgeoirí sa Státseirbhís chomh beag sin, cén fáth? Tá Gaeilge ag na daoine atá ag obair sna poist sin. Bheadh súil agam go mbeadh poist ar fáil i nGaeilge. Cuireadh ceist orainn freisin, an bhfeicimid go mbeimid in ann obair i bpostanna atá Gaeilge leo agus níor chuir aon duine suas a lámha. Níl sé sin féaráilte. Ba bhreá le gach duine obair i gceann Gaeilge ach níl siad ar fáil. Má tá seans obair trí Ghaeilge, tá mé cinnte go dtógfadh gach duine anseo an seans sin.

Sin an tAcht atá ag teacht agus táimid ag déanamh réamh-machnamh ar an Acht sin faoi láthair. Thart ar an cheist, cén fáth go bhfuil sé chomh híseal sin, 1.6%, sin ceist mhaith. Deireann na feidhmeannaigh ón Rialtas linn a bhí istigh os comhair an choiste go bhfuil sé chomh híseal sin mar nach bhfuil an t-éileamh ann. Níl pobal na tíre ag iarraidh seirbhíse trí mheán na Gaeilge. Ní ghlacaim leis sin. Ní fheictear dom go bhfuil sé sin fíor. Muna bhfuil na seirbhísí ar fáil agus na daoine fostaithe sna Ranna Rialtais in ann an tseirbhís a chur ar fáil, ní bheidh dóchas nó misneach ag pobal na tíre an tseirbhís sin a lorg. Sin an fáth a bhfuil an Bille sin ag dul os comhair Tithe an Oireachtais faoi láthair. Shílfeá go mbeidh ar an Stát daoine le Gaeilge a fhostú. Béarfaidh sé sin deis do na finnéithe, beidh siad ag déanamh cúrsa nó céime agus beidh deiseanna fostaíochta á mbaint amach sa Státchóras. Bheadh sé sin go hiontach. Tá súil agam go mbeidh suim ag na finnéithe a bheith ag obair don Stát agus do na Ranna Rialtais. Tá a fhios agam go bhfuil na múinteoirí ag déanamh jab iontach. Tá an HSE ann agus tá go leor Ranna Rialtais eile ansin fosta.

Tá beirt Teachtaí Dála fágtha ach ag an bpointe seo, an bhfuil ceisteanna ag na finnéithe? Cuir ceisteanna ar an gcoiste más mian libh. Tá sibh ag éisteacht leis an t-uafás cainte anois. Fad agus atá sibh ag smaoineamh, chuir an Seanadóir ceist maidir le córas leathanbhanda ar na hoileáin.

Mr. Dara Ó Maoileáin

Bíonn go leor fadhbanna ar an oileán leis an gcóras leathanbhanda. Bímid ag triail ag dul a bheith ag obair le ríomhairí. Bíonn go leor dúshlán ansin. Cuid laethanta, ní oibríonn na ríomhairí. Ní bheadh an Wi-Fi ag obair agus bheadh ar duine ethernet cable a úsáid. Bheadh go leor fadhbanna mar sin. Bheadh go leor oibre le bheith déanta amuigh ar na hoileáin leis an leathanbhanda, cinnte.

Ms Aoife Nic Giolla Dé

Is é an an rud céanna ar Inis Mór. Tá áiteanna ann ina mbíonn an leathanbhanda ag obair ach tá áiteanna eile nach mbíonn. Ní bhíonn na networks a bhíonn daoine á n-úsáid ag obair i gcónaí. Bíonn problem leis i gcónaí, go háirithe sa scoil. Tá mise san idirbhliain. Bímid i gcónaí ar ríomhairí le haghaidh obair a dhéanamh. Bímid ag déanamh na cúrsaí agus gach uile rud ar an Idirlíon ach ní bhíonn sé ag obair leath den am. Bíonn sé crua orainn aon obair a dhéanamh mar gheall air sin.

Mr. Ciarán Ó Flaithearta

Fiú amháin ansin, má tá sé imithe, tógfaidh sé lá nó dhó ar dhuine éicint teacht amach chun é a shocrú. Sin é an fáth go bhfuil deacrachtaí ann leis mar go mbíonn ar duine éicint taisteal ón mórthír agus teacht isteach le rud éicint a shocrú. Ansin táimid ag dul taobh thiar ar obair mar gheall ar sin.

Fiú nuair a bhí mé thuas staighre toisc go raibh rudaí le déanamh agam, bhí mé in ann éisteacht lena raibh ar bun anseo. Molaim na finnéithe, gach uile duine dóibh, muintir Bhaile Átha Cliath agus muintir na n-oileán.

Gabh mo leithscéal a Theachta. Tá ar na Seanadóirí an seomra a fhágáil anois mar tá vótáil ar siúl sa Seanad.

Tá an cléireach tar éis a rá liom go gcaithfidh mé deireadh a chur leis an gcruinniú ag a 5 a chlog ós rud é go bhfuil na daltaí faoi bhrú maidir leis an mbus.

Tá fonn orthu dul ag siopadóireacht.

Is féidir leo ceist nó dhó eile a thógáil mura bhfuil siad faoi iomarca brú.

Ms Muireann Ní Fhlatharta

Is féidir linn é a chur siar.

Ba mhaith liom rud amháin a rá ag an tús. Bhí an t-ádh liom go ndearnadh cinnte de go raibh an Ghaeilge agam agus mé ag fás aníos. B'fhéidir go gceapann daoine go dtagaim ón iarthar, ach tógadh mé i mBaile Átha Cliath, aisteach go leor. Is buntáiste mór é bheith dátheangach le Gaeilge agus Béarla. Tuigfidh na hógánaigh amach anseo sa saol nach bhfuil aon mhíbhuntáiste ag baint leis. Is cuma cá mbeidh siad ag obair in aon áit ar domhan, nó céard a bheidh á dhéanamh acu, feicfidh siad gur bhronntanas iontach a bhí ann gur tugadh an deis dóibh an Ghaeilge a thabhairt leo.

Bhí mé ag éisteacht leis an méid a bhí le rá ag na finnéithe faoin mbrú atá ann dul chuig an tríú leibhéal. Creidim an-mhór gur cheart do dhaoine an rud atá ina gcroíthe a dhéanamh - más printíseacht é nó rud ar bith - fad is gur rud stuama é. Sílim gur cheart do chuile dhuine óg á croí a leanúint agus gan a bheith faoi bhrú rud áirithe nó rud eile a dhéanamh. Ba cheart dóibh an rud a theastaíonn uathu a dhéanamh. Ní gach rud é dul chuig an ollscoil.

Bhí sé thar a bheith spéisiúil nuair a labhair na daltaí faoi na roghanna, nó an easpa roghanna, atá acu i dtaobh fanacht ar an oileán nó imeacht ón oileán. Creidim nach dochar ar bith é do dhaoine óga dul as baile. Baineann sé sin le muintir Bhaile Átha Cliath freisin. Is maith an rud é cónaí as baile ar feadh scaithimh i rith laethanta an óige. Tugann sé léargas ar an saol agus neamhspleáchas, b'fhéidir, dóibh siúd a dhéanann é. Ag am éigin, tagann fonn ar go leor daoine filleadh abhaile nó bogadh go dtí cibé áit a dteastaíonn uathu a bheith. Creidim go bhfuilimid ag tús ré réabhlóideach. Ní fheicim daoine thíos i Sráid Uí Chonaill le gunnaí, ach tá réabhlóideach istigh sa snáithín optach. Tá a fhios ag na scoláirí céard é an snáithín optach nó fibre optic. Is é an píosa cábla sin a chiallaíonn gur mar a chéile é bheith in Inis Oírr, Inis Meáin, Inis Mór, Domhnach Míde nó Nua-Eabhrac, ó thaobh cumarsáid leis an domhan, atá i gceist agam. Má táthar in ann píosa snáithin optach a chur trasna an Atlantaigh, táthar in ann é a chur go hÁrainn. Tá leictreachas ag dul go hÁrainn i gcábla. Shamhlóinn go dtarlóidh an saol seo amach anseo. Beidh go leor daoine i bpoist d'ardchaighdeán, le saothar airgid mór, a chaithfidh lá nó dhá lá sa tseachtain, nó b'fhéidir lá sa choicís, istigh sa bhaile mór, ach a bheidh ina maireachtáil in áit i bhfad níos deise ná sin.

Is cuimhin liom lá amháin bhí mé amuigh ar oileán - ní ceann de na hOileáin Árainn a bhí ann, ach oileán eile amach ó chósta an Chlocháin - agus ag obair liom. Nuair a bhí mé ag breathnú amach ar an bhfarraige, sheol mé teachtaireacht le pictiúr suas go Baile Átha Cliath agus dúirt mé "nach breá an áit í seo a bheith ag obair". Má tá an toil againn mar pholaiteoirí, creidim gur féidir linn déanamh cinnte go bhfuil roghanna i bhfad níos fearr i gceist ná na roghanna a fheiceann an t-aos óg anois. Is féidir linn a chinntiú go bhfuil daoine in ann bheith ina gcónaí ar Inis Oírr, Inis Meáin, Inis Mór, agus cúpla lá a dhéanamh ar an mórthír agus oibriú ón mbaile an chuid eile den am. Mar sin, ní cheart go mbeadh chuile duine óg ag ceapadh "má fhanaim ar an oileán, is iascaireacht, turasóireacht agus feilmeoireacht a bheidh amach romham".

Go deimhin féin, bhí mé ag smaoineamh ar an gceist seo ar ball beag. Chas na finnéithe le muintir Rannóg an Aistriúcháin anseo. I ndáiríre, níl aon chúis go bhfuil siad anseo i dTeach Laighean. Níl aon chúis nach fhéadfadh Rannóg an Aistriúcháin a bheith thiar sna hoileáin. Ag deireadh an lae, ní bhíonn na haistritheoirí istigh i Seomra na Dála. Bíonn siad ag breathnú ar an scáileán agus déanann siad an t-aistriú ó cibé cén áit atá siad. Tá an rud céanna i gceist leis an gclóscríobh ar an méid a deirtear anseo. Is cuma cá ndéantar é mar tagann sé síos go leictreonach. B'fhéidir gur cheart dúinn Rannóg an Aistriúcháin a aistriú go dtí ceann de na hoileáin. Nuair a cuireadh an tAcht teanga le chéile, bhí sé i gceist go mbeadh go leor den aistriú á dhéanamh ag baile ag daoine, nó i láithreacha oibre in áiteanna ar nós na hoileáin.

Ba mhaith liom ceist dhíreach a chur ag an deireadh. Ar mhaith leis na finnéithe go mbeadh tuilleadh scoláireachtaí agus tuilleadh scoláirí sna scoileanna ar na hoileáin? Ba mhaith liom freagra ó na daoine atá ar na hoileáin ar scoláireachtaí agus ó na hoileánaigh. Ar mhaith leo go gcuirfí tuilleadh scoláireachtaí ar fáil ionas go mbeidh tuilleadh daoine sna scoileanna oileánda? Maidir le muintir Ghaelcholáiste Reachrann i nDomhnach Míde, ar mhaith leo dul go dtí na hoileáin ar feadh bliain nó dhó mar scoláirí ar scoláireachtaí?

Mr. Ciarán Ó Flaithearta

Ceapaim gur rud iontach é go bhfuil na scoláireachtaí ann agus go bhfuil daoine ag teacht amach le Gaeilge ón scéim seo. Ar an taobh eile, b'fhéidir go bhfuil an Ghaeilge imithe níos measa sna scoileanna dá bharr. Má tá daoine ag teacht isteach le fíorbheagán Gaeilge, an mbeidh na daoine as na hoileáin ag dul siar ag labhairt níos mó Béarla leo mar gheall nach bhfuil an Ghaeilge acu? Mar gheall air sin, b'fhéidir nach bhfuil na daoine atá tagtha ag réiteach a gcuid Gaeilge agus b'fhéidir nach bhfuil an Ghaeilge atá againn féin ag éirí níos fearr. Is deis iontach le Gaeilge a fhoghlaim ag na daoine atá ag teacht isteach, ach caithfidh na daoine as an oileán iarracht a dhéanamh níos mó Gaeilge a labhairt seachas casadh ar an mBéarla.

An ceart go mbeadh caighdeán Gaeilge áirithe riachtanach sula bhfaighfear scoláireacht?

Mr. Ciarán Ó Flaithearta

Ní cheapfainn é sin. Tá daoine ag teacht le fíorbheagán chun Gaeilge mhaith a fháil. Is é sin an fáth go bhfuil siad ag teacht go dtí an t-oileán. Sílim gur rud maith é go bhfuil siad ag teacht. Tá níos mó scoláirí sa scoil. Caithfidh muid coinneáil suas leis an nGaeilge gan dul siar agus casadh ar an mBéarla. Ní dhéanann sé sin aon mhaitheas d'aon duine.

Céard faoin dá scoil eile?

Ms Cáit Ní Fhátharta

Aontaím le Ciarán, ach ceapaim gur seoid é teanga a bhronnadh ar dhuine éigin eile nach bhfuil an teanga sin ó dhúchas aige nó aici. Tá beirt scoláire agam sa bhaile agus tá grá acu don Ghaeilge. Tháinig siad gan mórán Gaeilge. Tháinig duine acu as Baile Átha Cliath, áit ina raibh sí ag dul ar Ghaelscoil. Bímid ag caint trí Ghaeilge sa mbaile. Nuair a thagann daoine ar ais chuig an oileán, labhraíonn siad an Ghaeilge ón uair a gcuireann siad cos ar an mbád go dtí go dtéann siad abhaile agus iompaíonn siad ar an mBéarla. Cothaítear grá don Ghaeilge nuair a thagann daoine chuig áit dúchais agus feictear dóibh go bhfuilimid in ann maireachtáil tríd an teanga.

Ms Muireann Ní Fhlatharta

Ceapaim go méadaíonn an scéim seo ár ndeiseanna go mór. Mar gheall go mbíonn níos mó daoine sa scoil, bíonn i bhfad níos mó deiseanna ar fáil ann. Chomh maith leis sin, is deis iontach é do na daoine ar scoláireacht grá a fháil don Ghaeilge. Tugann sé deis iontach dóibh í a labhairt. Nuair a thagann siad, ní bhíonn aon fhocal acu agus nuair a fhágann siad, bíonn siad líofa.

Céard faoi na daltaí ó Ghaelcholáiste Reachrann? An bhfuil siad ag iarraidh dul amach go dtí na hoileáin?

Ms Ana Nic Liam

Sea. Níor thuig mé go raibh a leithéid de dheis ann go dtí inniu.

Foghlaimíonn tú rud nua chuile lá.

Ms Ana Nic Liam

Ar scoil, foghlaimíonn muid a lán faoi na hoileáin agus muid ag déanamh na hardteistiméireachta. Ceapann gach duine sa rang go bhfuil saol iontach ag na hoileánaigh, ach ní thuigeann muid na deacrachtaí atá acu agus iad ina gcónaí ar na hoileáin. Mar aon le Máirtín Ó Direáin ina gcuid dánta, tá a fhios againn go bhfuil saol iontach ann ach ní thuigeann muid na deacrachtaí atá acu.

An raibh na finnéithe ó Bhaile Átha Cliath riamh ar na hoileáin?

Ms Ana Nic Liam

Ní raibh.

Ms Aoife Nic Giolla Dé

Ceapaim féin go dtugann na scoláirí a thagann isteach an-chúnamh don scoil. Bíonn níos mó scoláirí sa scoil so bímid in ann múinteoirí a choinneáil. Ach sa gcás sin freisin, tagann siad isteach chun Gaeilge a fhoghlaim agus nuair a dtéann siad abhaile bíonn Gaeilge i bhfad níos fearr acu. Nuair a dtéann siad abhaile bíonn Gaeilge acu so nuair a dhéanann siad an ardteist bíonn an Gaeilge sin fós acu. Tugann sé sin cúnamh dóibh agus faigheann siad deis pointí breise a fháil tar éis an Ghaeilge a fhoghlaim.

Mr. Ciarán Ó Flaithearta

Tá sé feicthe agam féin. Táim sa cheathrú bhliain agus tá 12 duine tagtha isteach ar scoláireachtaí. Tá cupla duine feicthe agam nach bhfuil an oiread sin suim acu sa Ghaeilge ach tagann feabhas ar a gcuid Gaeilge gan mórán iarracht a chur isteach i bhfoghlaim na teanga. Fiú na daoine atá ag cur iarracht isteach ann, tá a gcuid Gaeilge ag éirí i bhfad níos fearr ó bheith timpeall orainn. Is rud an-mhaith dóibhsean teacht isteach.

Ach an rud maith do na finnéithe é ó thaobh comhluadair agus tuilleadh daoine a bheith sa scoil?

Mr. Ciarán Ó Flaithearta

Sea. Sa mbunscoil bhí ceathrar sa rang liom. Ansin chuaigh mé isteach sa mheánscoil agus tá 11 duine ann anois. Leis na scoláirí atá tagtha isteach tá 24 sa rang. Sin an rang is mó a bhí sa scoil ó bhliain éigin sna 1950í. Taispeánann sé gur rud iontach don scoil é.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as na cuir i láthair agus an t-eolas. Tá brón orm go raibh orm dul amach agus isteach. Bhí ráitis ar an nGaolainn ar siúl sa Dáil. Ní hamháin go mbíonn orainn a bheith dhátheangach ach bíonn orainn a bheith i dhá áit ag an am céanna. Bhí mé abálta éisteacht le roinnt den chruinniú ar an scáileán agus bhí mé anseo do roinnt dó chomh maith. Tá sé soiléir go bhfuil an-chuid béime sna scoileanna ar phointí; ar dul i dtreo coláiste agus, mar a luaigh na finnéithe féin, ar chéimeanna a bhaint amach. B'fhéidir nach oireann é sin do gach éinne agus go mbíonn daoine míchompórdach tar éis bliain nó dhó. Gan dabht, tá sé an-deacair bogadh as sin.

Luaigh duine amháin na printíseachtaí. An mbíonn daoine ag féachaint ar roghanna eile seachas an coláiste? Cad é an saghas leagan amach a bhraitheann na finnéithe féin a bheith ar a gcuid oibre amach anseo? An é go mbeidís ag obair in oifig ó 9 a.m. go 5 p.m. nó an é go mbeidís ag teacht agus imeacht go dtí áit cosúil le Baile Átha Cliath? An é go mbeidís ag obair ó bhaile ar an Idirlíon mar a luadh ansin? Cad é an saghas leagan amach ar mhaith leo a bheith ar a gcuid oibre amach anseo? An bhfuil aon tuairim ag éinne?

Mr. Dara Ó Maoileáin

Bímid ag smaoineamh faoi rudaí mar seo ach níl aon mhúinteoir gairmthreorach againn sa scoil. Bímid ag iarraidh freagraí ar na ceisteanna seo ach bíonn easpa cúrsa gairmthreorach ann. Dúirt mé nár éirigh le aon de na scoláirí i gColáiste Gobnait dul chuig an oíche ghairme. Is dúshlán mór é sin nuair atáimid ag iarraidh eolas a fháil ar chúrsaí nó ar phrintíseachtaí. Ní bhíonn aon chaint air seo nó ar chúrsaí. Níl aon mhúinteoir a bhfuilimid in ann dul chuige nó chuici chun an t-eolas seo a fháil. Sin rud a thaitneodh linn amuigh ar an oileán.

Tá sé sin soiléir. Tá sé cloiste againn ó scoileanna in áiteanna i ngach aon áit. Tá taithí agam ó na scoileanna a bhfuilim féin bainteach leo, go háirithe na scoileanna Gaeltachta, ar na deacrachtaí a bhíonn ann i gcónaí maidir le múinteoirí cáilithe a fháil. Is minic a bhíonn orthu post a fhógairt suas le trí huaire sula ndéanann aon duine cáilithe iarratas. Tá sé soiléir go bhfuil deiseanna ann do na finnéithe agus do gach éinne eile. Tá sé suimiúil go bhfuil an brú sin ann leis an career guidance chomh maith.

An mbeadh sé in aigne ag na finnéithe, nó ar mhaith leo, a bheith ábalta obair ó bhaile thar an Idirlíon? Ar smaoinigh éinne dóibh air riamh? Cad é na saghas bacanna a bhfeiceann siad rompu lena leithéid?

Mr. Ciarán Ó Flaithearta

Dá mbeadh duine éicint ag déanamh physiotherapy nó rud éicint cosúil leis sin, bheadh áit ann ar an oileán é sin a dhéanamh. Tá sóirt post den leithéid sin ann gur féidir le duine iad a dhéanamh ó bhaile. Is é an t-aon rud ná nach mbeadh an oiread sin clients ag an duine sin mar gheall ar an daonra an-bheag atá ann. D'fhéadfaí b'fhéidir deich ndaoine a fháil sa tseachtain agus b'fhéidir nach gcuirfí sé sin mórán airgid sa phóca. Is deacracht é má tá duine ag iarraidh a bheith ag obair ó bhaile ar an oileán sa gcaoi sin.

Aontaím leis an bhfinné go mór. Ach má tá duine ag obair in earnáil inar bhféadfaí a bheith ag freastal ar dhaoine ar fud an domhain ar fad, b'fhéidir i gcúrsaí IT, aistriúcháin, dlí nó pé rud, mar a bhí luaite sna cuir i láthair níos luaithe, tá deiseanna ann. Aontáim leis an bhfinné go láidir go bhfuil daoine saghas srianta leis an méid cliant a bheadh ar fáil. Sin iad na pointí faoi leith gur theastaigh uaim soiléiriú a fháil orthu. B'fhéidir go gcuirfidh mé ceist tapa amháin eile. Leis an slua atá sna ranganna leis na finnéithe, an dtéann gach éinne ar aghaidh go dtí an ardteistiméireacht nó an dtéann daoine i dtreo printíseachtaí nó aon rud eile roimh an ardteistiméireacht?

Mr. Ciarán Ó Flaithearta

Le trí bhliain anuas sa scoil 'sagainne rinne chuile duine sa scoil an ardteistiméireacht. Níor chuala mé trácht ar daoine ag déanamh printíseachtaí as ár scoil ach b'fhéidir go bhfuil sé ag tarlú ar na hoileáin eile.

Agus cad faoi Bhaile Átha Cliath?

Ms Ana Nic Liam

Tarlaíonn sé uaireanta ach de ghnáth déanann gach duine an ardteistiméireacht.

Ar mhaith le haon duine eile teacht isteach? Ar mhaith le haon duine de na daltaí teacht isteach? Tá a fhios agam go bhfuil siad tuirseach ach is deis daoibh é seo.

Na cúlbhinseoirí.

Na cúlbhinseoirí. Okay. Gabhaim míle buíochas leis na finnéithe. Dá mba rud é go raibh comparáid nó codarsnacht i gceist idir iadsan agus polaiteoirí - mise san áireamh - ní bheadh sé féaráilte do na polaiteoirí. Bheadh an bua ag na finnéithe. Rinne siad cur i láthair iontach proifisiúnta inniu. Tá an t-uafás oibre déanta acu agus ag a múinteoirí. Ní sé éasca. Is turas fada é. Is lón machnaimh dúinn iad na fadhbanna agus dúshláin atá curtha os ár gcomhair. Bhí a fhios againn na fadhbanna sin mar bíonn cuir i láthair againn chuile coicís ó eagraíochtaí éagsúla. Ag éisteacht leis na finnéithe inniu agus chomh líofa is atá siad ag cur na fadhbanna sin agus, níos tábhachtaí, na réitigh in iúl, tá obair le déanamh againn. Ag an bpointe seo ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na ceithre scoil, na daltaí agus na múinteoirí. Tá a fhios agam go bhfuil turas fada acu. Bain taitneamh as. Tá an t-uafás foghlamtha againn. Tá súil agam go raibh lá suimiúil ag na finnéithe freisin. Go n-éirí an bóthar leo.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 5.10 p.m. go dtí 4 p.m., Dé Máirt, 20 Márta 2018.
Barr
Roinn