Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

Gabhaim buíochas leis na Teachtaí. Tá a fhios agam go bhfuil sibh faoi bhrú. Táimid tosaithe. Ba mhaith liom céad míle fáilte a chur roimh an gCoimisinéir Teanga. Tá sé ar ais arís os ár gcomhair agus in éineacht leis tá an tUasal Colm Ó Coisdealbha. Cuirim fáilte rompu agus gabhaim míle maith acu as an gcuireadh uainn a ghlacadh. Tá a fhios agam nach raibh mórán ama acu ach is é seo go gcuirfidh siad deireadh leis an gcuid seo den phróiseas.

Ba mhaith liom an tAcht um Chlúmhilleadh a lua, agus táim i gcónaí ag rá go bhfuil sé thar a bheith deacair ach déanfaidh mé mó dhícheall, mar sin: ba mhaith liom a chur ar bhur n-aird go bhfuil de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo.

Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt amhlaidh, ní bheidh siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith a gcuid fianaise. Ordaítear dóibh gan fianaise a thabhairt ach amháin fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár cóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina n-ainm, ina hainm nó ina ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tionscnaimh seo a gcuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó maidir le hoifigeach ina ainm, nó ina hainm, ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Beidh Teachtaí Dála agus Seanadóirí ag teacht agus ag imeacht. Tá siad go léir faoi bhrú maidir leis an Dáil agus le coistí eile.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Chuir mé mo ráiteas tosaigh ar aghaidh chuig an gcoiste Dé hAoine agus glacaim leis go raibh sé curtha ar aghaidh chuig na baill agus ní léifidh mé amach an ráiteas tosaigh dá bharr sin. Labhróidh mé faoi chuid de na príomhphointí maidir leis na leasuithe atá molta ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus na ceannteidil agus an chaoi gur féidir é sin a fheabhsú nuair a bheidh an Bille féin á fhoilsiú amach anseo.

Ba mhaith liom ar dtús mo bhuíochas a ghabháil leis an gCathaoirleach agus leis an gcomhchoiste as an spéis atá léirithe acu san ábhar seo, agus an obair luachmhar atá á déanamh acu ó thaobh na gceannteideal, agus táim ag súil go mór leis an tuarascáil a léamh nuair a bheidh sé sin foilsithe amach anseo. Molaim arís a gcuid oibre. Molaim chomh maith, agus mhol mé ag an am é, na ceannteidil a foilsíodh maidir le hAcht na dteangacha oifigiúla. Bhí dhá athrú shuntasacha le brath sna ceannteidil. An chéad cheann ó thaobh cúrsaí earcaíochta ná gur aithníodh nach raibh an córas atá i bhfeidhm faoi láthair, le go sainaithneofaí poist i ranna Rialtais, ag oibriú mar ba chóir mar go raibh líon an-bheag post á sainaithint. Chuige sin tá sna ceannteidil go mbeadh earcaíocht 20% sa tseirbhís phoiblí amach anseo.

An dara rud ba shuntasaí ná gur socraíodh go ndearnadh cinneadh imeacht ó na scéimeanna teanga agus dul i dtreo córais caighdeán comónta d’eagrais éagsúla, ag brath ar an teagmháil a bheadh acu leis an bpobal. Agus d'fháiltigh mé agus fáiltím roimhe sin.

Maidir leis na ceannteidil go sonrach, ba mhaith liom iad a phlé, mura mhiste leis an gcoiste, ina thrí chuid ó thaobh cé na hathruithe atá ag teastáil, dar liom. I dtús tá roinnt soiléirithe ag teastáil, go mór mór i dtaobh an chórais earcaíochta agus leasú uimh. 9 faoin earcaíocht seo de 20%. Tá ceisteanna áirithe agam faoi sin, arbh fhiú féachaint orthu. Mar shampla, an mbeidh an 20% seo ag chuile ghrád? An mbeidh sé ag an tseirbhís phoiblí ina iomláine nó sa Státchóras amháin? Cén tréimhse ama atá leagtha amach chun an 20% sin a bhaint amach?

Tá ceist freisin faoi chóras na gcaighdeán. Teastaíonn samplaí sonracha faoi céard iad na caighdeáin atá beartaithe ó thaobh an chórais seo agus cén chaoi agus cé leis a leagfar na caighdeáin sin.

Mar is eol don choiste, an t-am seo anuraidh leag mé tuarascáil maidir le córas na scéimeanna teanga faoi bhráid an choiste agus léiríodh ansin agus tugadh fianaise eolaíoch ansin faoi na fadhbanna a bhaineann leis an gcóras sin. Is maith an rud é go bhfuil cinneadh déanta ag an Rialtas imeacht ón gcóras sin. B'fhiú dom a rá freisin, ón am sin, go bhfuil scéimeanna fós á ndaingniú agus ag teacht faoi mo bhráid agus go bhfuil na laigí sin fós le brath i gcóras na scéimeanna teanga. Tabharfaidh mé sampla amháin de sin maidir le Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin. In 2007, sa chéad scéim teanga a bhí ag Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, gealladh go mbeadh ball foirne amháin ar a laghad ag deasc eolais agus i ngach ceann de na leabharlanna atá faoi chúram na comhairle agus go gcuirfí córas i bhfeidhm chun go mbeadh seirbhís iomlán dhátheangach ar fáil ó chúig cinn dá rannóga faoi 31 Iúil 2010. Tháinig sé sin, agus le deireanas rinneadh roinnt gearán le m'oifig nach raibh daoine in ann seirbhís i nGaeilge a fháil ón deasc eolais. Ansin daingníodh an dara scéim le Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin i mí Feabhra 2018 agus gealladh faoi dheireadh na scéime sin go mbeadh ball foirne ar a laghad ag an deasc eolais le Gaeilge. Is é seo in ainneoin go raibh a leithéid geallta sa scéim teanga in 2008 go dtiocfadh sé i bhfeidhm roimh dheireadh na scéime sin in 2010. Tá sé le feiceáil anois go bhfuil an rud céanna geallta in 2018 agus chomh maith leis sin go bhfuil an dara gealltanas, is é sin duine le Gaeilge a bheith ar fáil i gcúig ionad éagsúla de chuid na comhairle, imithe ar fad. B'shin sampla amháin den chaoi nach bhfuil an córas sin ag feidhmiú ar chor ar bith faoi láthair.

Chomh maith leis sin tá roinnt leasuithe ag teastáil ar chuid de na ceannteidil. Mar shampla, ó thaobh na n-ionad Gaeltachta ina mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre, tá sé tábhachtach go mbeadh dáta sonrach luaite leis sin faoi cén uair a mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre.

Chomh maith leis an leasú sin, ó thaobh sceideal an Achta, áit a mbíonn na comhlachtaí poiblí luaite a thagann faoi scáth an Achta, níl aon uasdátú déanta air sin le blianta fada. Ba cheart go mbeadh sé sin á uasdátú go huathoibríoch ar nós Achtanna eile, mar shampla, ar nós an Achta um Míchumas, an Achta Ombudsman agus mar sin de. Chuideodh sé sin le cúrsaí.

Tá roinnt forálacha breise ag teastáil freisin agus luaim feidhmeanna breise a thabhairt do m'oifig mar chuid díobh sin. Bhí tionchar nach beag agus bhí fáilte ag an gcoiste seo roimh an tráchtaireacht a rinne mé ar chóras na scéimeanna teanga. Bhí mé in ann an tráchtaireacht sin a dhéanamh mar gheall go bhfuil sé sin leagtha amach faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, gur féidir an tráchtaireacht a dhéanamh ar fheidhmiú an Achta. Bheadh sé ina chabhair dá mbeadh feidhm bhreise san Acht ó thaobh tráchtaireacht a dhéanamh ar fhorálacha éagsúla a bhaineann le cúrsaí teanga maidir le reachtaíocht eile. Bheadh sé sin úsáideach ó thaobh leithéidí an choiste a chur ar an eolas faoi cheard atá ag tarlú ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge, nó easpa chur chun cinn na Gaeilge i reachtaíocht éagsúil.

Chomh maith leis sin molaim go mbeinn in ann faireachán a dhéanamh ar fhorálacha eile nach mbaineann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla faoi láthair. Déanaim faireachán ar fhorálacha de chuid Acht na dTeangacha Oifigiúla ach níl an fheidhm ann ó thaobh faireachán a dhéanamh ar Achtacháin eile. Bheadh sé sin ina chabhair.

Faoina bhun sin ar fad, tá sé tábhachtach go mbeadh plean náisiúnta leagtha síos maidir le soláthar seirbhísí poiblí san Acht féin agus go dtabharfaidh stádas reachtúil dó sin.

Má fhéachaimid arís ar na cúiseanna gur theip ar chóras na scéimeanna, ba chóir dom a lua an tráth seo go bhfuil cinneadh déanta agam i bhfianaise a laghad gealltanas atá i go leor de na scéimeanna nach bhfuil sé i gceist agam monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm scéimeanna teanga níos mó. Tá feidhm orm faoin Acht monatóireacht a dhéanamh ar an Acht agus leanfaidh mé á déanamh sin: déanfaidh mé monatóireacht ar fhorálacha díreacha an Achta ó thaobh stáiseanóireachta, fógairtí, fógairtí taifeadta béil, agus comharthaíochta agus ar cháipéisí a bheith aistrithe go Gaeilge. Beidh mé ag fiosrú gearán, dar ndóigh, ach ó thaobh monatóireacht dhíreach a dhéanamh ar scéimeanna teanga, ní fheictear dom gur chun tairbhe na hoifige é nó chun tairbhe aon duine é i ndáiríre, faireachán díreach a dhéanamh orthu siúd mar gheall ar laige na ngealltanas atá iontu. Thug mé roinnt samplaí de chuid de na scéimeanna a daingníodh le píosa, agus arís tá na rudaí céanna ag teacht chun cinn go rialta iontu. Ó thaobh Chomhairle Contae Uíbh Fhailí, tá sí ag caint faoi a luaithe agus a bheidh acmhainní ar fail nó faoi réir na n-acmhainní riachtanacha; tá Comhairle Contae Shligigh ag caint faoi de réir ár n-acmhainní; tá Coláiste na Tríonóide ag rá de réir ár n-acmhainní agus tá an tSeirbhís Cúirteanna ag brath ar acmhainní. Tá sé an-deacair nó dodhéanta domsa, mar Choimisinéir Teanga, faireachán a dhéanamh ar a leithéidí sin nuair atá siad chomh coinníollach. Mar gheall air sin tá an cinneadh sin déanta agam.

Má fhéachaimid ar cén fáth gur theip ar an gcóras sin, bhí an smaoineamh taobh thiar den chóras go breá, ach i ndáiríre, is é atá ag teastáil ná go bhféachfadh an Stát ar cá bhfuilimid anois. Cá bhfuilimid ag iarraidh dul? Cá bhfuil na bearnaí sin? Cén chaoi a laghdóimid an bhearna chun teacht chuig an áit a bhfuilimid ag dul? Cé na hacmhainní daonna agus airgead atá ag teastáil chun é sin a dhéanamh? Mhol mé an plean seo sa tráchtaireacht do chóras na scéimeanna teanga anuraidh agus nuair a bheidh an Bille á dhréachtú ina iomláine agus ag dul trí Thithe an Oireachtais go mba cheart go mbeadh sé leagtha síos ansin go mbeadh an plean sin mar chuid de sin chun a chinntiú, nuair a bheidh na caighdeáin á dtabhairt isteach, nach i bhfolús a mbeadh sé sin ag tarlú agus go mbeadh siad mar chuid de phlean maidir le soláthar seirbhísí poiblí. Níl a leithéid ann, faoi láthair. Tá an straitéis 20 bliain don Ghaeilge ann faoi láthair, dár ndóigh, agus is maith ann é, ach níl an oiread sin nó mórán tagairt do sheirbhísí poiblí go ginearálta ansin. D'fhéadfaí é sin a fhorbairt agus a chur isteach sa Bhille féin. Ba mhór an chabhair a bheadh ansin freisin. Go raibh maith agaibh.

An n-aontódh an Coimisinéir gur féidir méid áirithe a chur i mBille, ach is cuma cé chomh maith is atá reachtaíocht, reachtaíocht faoi mhíchumas nó faoi rud ar bith, agus nach dtarlóidh aon rud mura bhfuil toil an Rialtais ann chun é a chur i bhfeidhm?

In go leor cásanna, thug na heagrais Stáit neamhaird ar an reachtaíocht agus thug siad neamhaird ar an straitéis 20 bliain don Ghaeilge a bhí aontaithe ag an Rialtas. Thug siad an dá mhéar don Rialtas agus don Oireachtas. An mbeadh sé fíor a rá freisin, le hais mar shampla, de réir mar a dhéanfadh an tOmbudsman cinntí agus moltaí, arís ar ais nár glacadh ann dáiríre? Níl mé ag cáineadh ceachtar den bheirt a bhí mar Choimisinéirí Teanga. Níor glacadh leis na breithiúnais a thug siad ar an gcaoi chéanna is a dhéanfaí a ghlacadh dá mba an tOmbudsman ginearálta a rinne an breithiúnas céanna. Arís ar ais tá go leor leor cásanna ina ndearnadh neamhaird ar mholtaí an Choimisinéara Teanga.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Faoin Acht féin, is féidir leis an gCoimisinéir, mura ndéantar na moltaí, mura gcuirtear na moltaí atá déanta ag an gCoimisinéir mar chuid d'imscrúdú i bhfeidhm, an rogha atá aige ina dhiaidh sin ná iad a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Rinneadh é sin i seacht gcás go dtí seo. Rinne mise uair amháin agus mé i mo Choimisinéir Teanga maidir leis an Roinn Oideachais agus Scileanna ó thaobh ath-imlonnú múinteora go scoil na Rinne i bPort Láirge nuair a dúirt an múinteoir féin nach raibh a dóthain Gaeilge aici le bheith ag teagasc sa scoil. Rinneadh imscrúdú air sin agus cuireadh é sin faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Tá mo chuid feidhmeanna agus mo chuid cumhachtaí leagtha amach san Acht. Déanaim imscrúdú nuair is gá é sin a dhéanamh agus déantar na moltaí do chomhlachtaí poiblí. Go minic, don chuid is mó déarfainn, cuirtear na moltaí sin i bhfeidhm ach nuair nár chuirtear, tá mo chuid lámha ceangailte sa mhéid is gurb é an t-aon áit eile atá fágtha agam sa reachtaíocht ná é sin a chur faoi bhur mbráid anseo, i dTithe an Oireachtais. Maidir leis an sé cinn a cuireadh faoi bhráid Thithe an Oireachtais, rinneadh dul chun cinn ansin ó thaobh an choiste a bhí ag plé leo ag an am, ó thaobh na gcomhlachtaí poiblí agus na moltaí a bhí ann a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin.

Tá a fhios againn sna ceannteidil faoi láthair mar atá siad foilsithe go mbeadh deis ag an gCoimisinéir Teanga fíneáil a ghearradh ar chomhlachtaí poiblí mura gcuirfí moltaí i bhfeidhm. B'fhéidir gur b'shin bealach amháin, is dócha - lena chinntiú nó lena dhéanamh níos éasca domsa mar Choimisinéir - go gcuirfear i bhfeidhm iad.

Mr. Colm Ó Coisdealbha

B'fhéidir go gcuirfidh mé leis sin ar feadh nóiméid. Ceann de na deacrachtaí is mó a bhíonn againne ná nuair a fhaighimid gearán, bíonn orainn breathnú an bhfuil dualgas ann nó nach bhfuil. Sa chás nach bhfuil dualgas caithfimid comhairliú don ghearánach nach bhfuil aon dualgas. An rud atáimid ag feiceáil níos minice ná nuair atá rudaí téagartha ag teacht chun cinn, rudaí tábhachtacha, a fháil amach an bhfuil dualgas ann. Minic go maith, mar shampla, i gcás cúrsaí oideachais, tugaimid faoi deara go bhfuil níos mó ceangail agus dualgais i gceist san Acht Oideachais, b'fhéidir, ná mar atá in Acht na dTeangacha Oifigiúla, mar tá an scéim teanga don Roinn Oideachais agus Scileanna réasúnta teoranta. Ní hé nach bhfuil rudaí maithe iontu. Bíonn rudaí maithe i chuile scéim. Ní léir, áfach, go bhfuil aon chomóntacht nó go bhfuil aon phlean lárnach ag dul i dtreo céard atáthar ag iarraidh a bhaint amach anseo.

Cén treoir mar státchóras a bhfuil siad ag iarraidh a thabhairt? Ó thaobh na seirbhísí a chuirfear ar fáil, cén caighdeán a bheidh ag na seirbhísí sin? Cén chaoi gur féidir le saoránach ar bith a bheith cinnte faoin leibhéal seirbhíse a chuirfear ar fáil? Táimid ag rá, is dóigh go pointe áirithe, gur deis atá anseo. Tá athbhreithniú á dhéanamh ar an Acht. Is deis atá ann chun foghlaim ón méid atá ag teacht chun cinn agus iarracht dul agus cleachtadh níos fearr a leagan síos. Táimid ag rá mar chuid de sin, ámh, díreach mar atá pleananna eile forbartha i réimsí eile, go dteastaíonn plean i leith sholáthar na seirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus ní hamháin sin ach go mbeadh dualgas reachtúil a leithéid de phlean a ullmhú agus sa bhreis air sin go ndéanfaí athbhreithniú ar an bplean sin chuile chúig bliana sa chaoi is gur próiseas leanúnach a bheadh ann. Tá a mhacasamhail in áiteanna eile: b'fhéidir plean gnímh atá iontu i ndlínsí eile ach tá siad ann. Leagtar amach ansin córas. Tuigeann daoine cá bhfuil muid ag dul.

Faoi láthair leagtar dualgais ar eagraíochtaí chun rudaí a dhéanamh. Uaireanta bíonn sé sin ina fholús. Tá chuile dhuine ag aontú plean ag leibhéal na heagraíochta féin ach níl aon cheo dul i dtreo mórsprioc agus feictear dúinn gur deis atá ann é sin a leigheas agus an t-athbhreithniú seo ar siúl.

Go raibh maith agat a Uasail Uí Choisdealbha.

An féidir linn dul i dtreo difriúil, más é bhur dtoil é? Is é an chéad rud mar gheall ar an earcaíocht, agus an 20%, agus an cheist mar gheall ar cé acu ar a mbeidh sé dírithe. An mbeadh sé dírithe ar na daoine ar an frontline a bhíonn ag plé go laethúil le muintir na Gaeilge nó an mbeadh sé scaipthe go forleathan sna gráid éagsúla ar fad? An bhfuil tuairim ag na finnéithe féin mar gheall air sin? Cé acu a bheadh níos oiriúnaí? Cén moladh mar gheall ar an tslí a bheadh an 20% sin ag cur béim faoi leith ar aon ghrád faoi leith agus an t-amchlár atá ann chuige sin? B'fhearr linn go léir go mbeadh sé láithreach ann ach ní fheadar cé chomh praiticiúil is atá sé. An bhfuil tuairim ag na finnéithe air sin? Fanfaimid leis sin mar gheall ar chúlra na bpleananna ansin.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Is ceart go mbeadh sé seo ag tarlú ag chuile ghrád i ndáiríre. Feictear domsa, nuair a bhímid ag déanamh gearán a fhiosrú nó ag déanamh monatóireacht ar an Acht, go minic má bhíonn duine atá báúil leis an nGaeilge, nó duine le Gaeilge i gceannas ar an eagraíocht sin, is ansin a dhéantar dul chun cinn go minic. An moladh a bheadh agamsa ná go dtarlódh sé ar chuile ghrád ach go n-iarrfaí go sonrach ar dhaoine a bhfuil teagmháil acu leis an bpobal. Táimid anseo chun labhairt faoi éascaíocht a dhéanamh do dhaoine chun seirbhísí a fháil trí Ghaeilge, go mbeadh sé níos éasca don phobal seirbhísí a fháil trí Ghaeilge ón Stát ná mar atá faoi láthair agus má théann duine isteach ag oifig Stáit go bhféadfaí a bheith cinnte ina dhiaidh sin siúd go mbeidh duine éigin le Gaeilge chun fáilte a chur roimh an duine sin ar dheasca eolais sna hionaid éagsúla in eagraíocht atá ag déileáil leis an bpobal. Is é sin an áit go mba cheart do na daoine a bheith. Ba cheart an earcaíocht sin a thosú i gceart, chomh sciobtha agus is féidir. Tá a fhios againn go bhfuil fadhbanna faoi láthair ó thaobh na hearcaíochta sin. Tá a fhios againn éinne a bhfuil ag iarraidh daoine a earcú le Gaeilge, go mbíonn moill go minic daoine a fháil. Caithfear dul i ngleic leis sin. D’fhéadfaí breathnú ar shampla ar bhealaí eile chun fógraíocht a dhéanamh ar na poist sin, b'fhéidir chun iad a fhógairt go háitiúil go minic, seachas iad a fhógairt go náisiúnta. Mar shampla, dá mbeadh oifigeach feidhmiúcháin ag teacht isteach i m'oifig siúd, nó oifigeach cléireachais nó aon oifigeach, is é a tharlódh go ginearálta ná go mbeadh liosta ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí d'oifigigh cléireachais nó d'oifigigh feidhmiúcháin. Bheadh daoine tar éis a chur isteach orthu go náisiúnta, is gan a fhios acu cén post a bheadh in ann dóibh, agus go dtabharfaí duine ón liosta sin domsa i m'eagraíocht nó i pé eagraíocht. D'fhéadfaí a leithéidí sin a fhógairt go háitiúil, mar shampla, go mbeimis ag lorg daoine le Gaeilge le hobair in Oifig an Choimisinéara Teanga, in Údarás na Gaeltachta, i bhForas na Gaeilge nó in aon eagraíocht eile. Chuideodh sé sin le daoine, go dtuigfidís céard iad na poist atá ann dóibh agus go bhféadfaidís teacht timpeall orthu ar an mbealach sin. Ba cheart go dtarlódh sé ar chuile ghrád agus ba cheart go dtarlódh sé sa tseirbhís phoiblí agus sa státchóras. Is léir gur b'shin an áit a bhfuil an fhadhb. Táim ag ceapadh go dtuigeann gach duine é sin gurb iad cúrsaí earcaíochta croí na ceiste i ndáiríre. Bhí scéal ansin go raibh 59 post as beagnach 50,000 post sa státchóras a bhí aitheanta mar phoist le riachtanais Ghaeilge. Is léir go bhfuil teipthe ar an gcóras sin faoi shainaithint post. Is é an earcaíocht an bealach le dul i ngleic leis sin.

Díreach chun filleadh ar phointe a luaigh na finnéithe, dúirt siad go raibh siad ag déanamh teagmhála le heagraíochtaí éagsúla agus go raibh said ag déanamh teagmhála ag leibhéal ard go leor. An amhlaidh nach raibh aon deis ansin ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge leo, nach raibh an Ghaeilge ar fáil sna gráid is airde nó ar tharla sé sin go rialta?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Ónar dtaobhna, ó mo thaobh féin a bheith ag fiosrú-----

Beidh an fhinné ag brath ar bhoird na n-eagraíochtaí éagsúla, ar an Roinn Oideachais agus Scileanna nó ar aon oifig eile-----

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Shamhlóinn go mbíonn an chuid is mó de na cruinnithe a bhíonn againne le heagraíochtaí agus le comhlachtaí Stáit - cuirfidh mé mar sin é – ar siúl i mBéarla go minic seachas i nGaeilge. Is é an pointe a bhí me ag déanamh, má tá duine ag leibhéal ard san eagraíocht atá báúil don teanga, atá báúil d'Acht teanga, go gcuidíonn sé sin le cúrsaí. Dá mbeadh earcaíocht ag an leibhéal sin freisin agus riachtanais ann ó thaobh méid áirithe post a bheith líonta le Gaeilge ag leibhéil arda, go gcuideodh sé sin le cúrsaí freisin.

Díreach chun soiléiriú a fháil air sin, maidir leis an oifigeach Gaeilge a mbeadh sibh ag plé leis nó léi sna heagraíochtaí éagsúla, an rabhadar sin go léir ar ghráid ísle nó arda? Táim ag smaoineamh ar an ról ceannaireachta a bheadh ag an oifigeach Gaeilge. An mbeadh sé nó sí ag barr na heagraíochta?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Shamhlóinn go raibh siad sa lár, sa chuid is mó de na heagraíochtaí. Cuid acu, ní ag plé le cúrsaí Gaeilge amháin a bhíodh siad, ach ag plé le cúrsaí ó thaobh rialachais agus corparáideachais, seachas cúrsaí Gaeilge amháin. B'fhéidir go bhfuil an coiste ag súil le taithí an Uasail Uí Choisdealbha i gcomhair tuilleadh plé air sin ach níl Gaeilge ag chuile oifigeach Gaeilge, ach an oiread. Is é sin ceann de na fadhbanna.

Mr. Colm Ó Coisdealbha

Minic go maith is é an sórt taithí atá againn maidir leis na hoifigigh Ghaeilge nó nach mbíonn an oiread sin údaráis acu. Bíonn siad ann le seirbhísí áirithe a chur ar fáil. Bíonn cuid acu dírithe ar aistriúchán, bíonn cuid acu dírithe ar a chinntiú go dtuigeann an eagraíocht cé na dualgais atá le comhlíonadh aici. Cinnte tá ról ag oifigigh Ghaeilge taobh istigh d'aon eagraíocht ní hamháin ó thaobh a chinntiú go bhfuiltear ag cloí le reachtaíocht, ach ó thaobh an Ghaeilge a spreagadh agus a chur chun cinn ó thaobh oiliúna agus na rudaí sin uilig. Ó thaobh seachadadh seirbhísí, ó thaobh seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge, áfach, táimid ag moladh maidir leis an gcóras atá ann faoi láthair nach n-oibríonn sé. Caithfear córas eile a dhearadh má tá duine ag iarraidh a chinntiú agus más é an sprioc atá ann go mbeidh breis daoine le Gaeilge ag obair sa tseirbhís phoiblí trí chéile.

I dtús, táimid ag rá, caithfear plean a bheith ann lena rá cérbh iad na seirbhísí atáimid ag iarraidh a chur ar fáil. Ansin, beimid ag rá go gcaithfidh an córas earcaíochta a dhearadh chun an sprioc sin a bhaint amach. An chaoi ina bhfuil sé faoi láthair, ní fhaightear an chreidiúint ná an buntáiste ó thaobh na Gaeilge de, má aithnítear í mar scil atá luachmhar. Ní thagann sé sin go dtí deireadh an phróisis. Dá bhrí sin, tá go leor caillte tríd an bpróiseas sin. Caithfear dul agus córas a dhearadh a chinntíonn go bhfaighfear aitheantas mar gheall go dteastaíonn an scil sin sa státchóras. Má deir an státchóras go dteastaíonn an scil sin uainn, go dteastaíonn na daoine sin uainn, beidh buntáiste le fáil as. Sa chás sin caithfear córas earcaíochta a dhearadh lena chinntiú go n-aithnítear na daoine sin go luath sa phróiseas, go bhfaigheann siad an buntáiste go luath sa phróiseas agus go dtagann siad chun cinn.

Beidh fadhb i gcónaí le sainscileanna. Ní féidir a rá nach mbeidh. Beidh i gcás sainscileanna agus b'fhéidir nach mbeidh duine a bhfuil cumas sa Ghaeilge ar fáil. Tá ceist ansin, céard a dhéanann duine sna cásanna sin? Bheadh muid ag rá sna cásanna sin ba cheart do chomhlacht poiblí a rá gur thriail siad teacht ar dhuine le Gaeilge, gur theastaigh uathu duine le Gaeilge a fháil ach gur theip ar a gcuid iarrachtaí. Táimid in ann an duais a aimsiú. Ba cheart tacaíochtaí teanga a chur ar fáil do na daoine sin gan dabht ach ba cheart ansin chomh maith go mbeadh, go bunúsach, taifead ag an tseirbhís phoiblí ar cá bhfuil na bearnaí. Cá bhfuil na scileanna atá ag teastáil agus an féidir linn aon rud a dhéanamh le teacht i dtír ar na bearnaí sin? An féidir linn oibriú leis na hollscoileanna? An féidir linn rudaí a dhearadh agus a chur chun cinn ó thaobh na scileanna sin a fhorbairt? Tá sé tarlaithe i réimsí eile, teiripeoirí cainte agus an sórt sin rudaí. Chonacthas go raibh deacrachtaí ann agus dearadh córais le dul agus tacú leo le go dtiocfadh daoine chun cinn. Caithfear an tsamhlaíocht sin a bheith ann agus an córas a bheith in oiriúint don sprioc atá á iarraidh a bhaint amach.

Tá ceist agam maidir leis an gcúlú sna scéimeanna éagsúla. Ba mhaith liom tuairim a fháil ar cé chomh forleathan is a bhraitheann na finnéithe go bhfuil sé sin ag tarlú mar thug na finnéithe cúpla sampla ansin i nDún Laoghaire agus do luaigh na finnéithe cúpla ceann eile. An bhfuil aon tuairim acu cé chomh forleathan is atá sé? B'fhéidir 90% de na scéimeanna a thagann chucu den dara huair, an bhfuil siad tar éis cúlú a dhéanamh, de réir acmhainní a cuireadh isteach ann nó ar shlite eile? An bhfuil an méid tar éis cúlaithe nó an bhfuil siad sa mhionlach, 30% nó 40% díobh?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Rinneamar iniúchadh air seo in Aibreán 2016 agus d'fhéachamar ar chuile scéim teanga a daingníodh sa dá bhliain roimhe sin. Léiríodh ansin go raibh cúlú ag teacht go ginearálta ar na gealltanais. Bhí fadhbanna ag baint le go leor de na gealltanais a bhí geallta sa chéad scéim a bhí muid ag fiosrú nó go raibh imscrúdú déanta orthu agus go raibh na gealltanais sin bainte amach nuair a tharlódh an dara scéim nó an tríú scéim. Tá na fíricí ar fad faoi sin leagtha amach sa tráchtaireacht sin ar chóras na scéimeanna teanga. Feictear dom ó foilsíodh é sin go bhfuil ráite ag an Rialtas go bhfuil sé i gceist deireadh a chur leis an gcóras sin, agus fáiltím roimhe sin dar ndóigh, agus córas na gcaighdeán a thabhairt isteach. Ach feictear dom, ón sracfhéachaint atá tugtha agam ar na scéimeanna atá ag teacht faoinár mbráid go fóill, go bhfuil an rud céanna fós ar siúl. Tá na deacrachtaí céanna ann le brath ó thaobh an phobail de, nach bhfuil na gealltanais ann sách láidir. Tá siad ag rá arís go bhfuil siad ag brath ar acmhainní. Ní fheicim go bhfuil aon fheabhas ag teacht ar chaighdeáin na scéimeanna.

An bhfuil sé sin ar siúl le bliain nó dhó in ainneoin go bhfuilimid ag cloisteáil go bhfuil níos mó acmhainní ann?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Le bliain, ó d'fhoilsigh mé an tráchtaireacht. An méid atá tarlaithe ná go bhfuil sé ráite go bhfuiltear chun deireadh a chur leis an gcóras agus córas na gcaighdeán a thabhairt isteach. Tabharfaidh mé sampla amháin eile anseo, is é sin faoi Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain. Deir sé go méadófaí líon na bpreaseisiúintí a fhoilseodh sé sa dá theanga ag an am céanna, ó 5% go 7%. Tá sé sin ró-íseal, tá sé thar a bheith íseal agus ní dhéanfadh sé ciall dom mar Choimisinéir Teanga acmhainní na hoifige a úsáid chun anailís a dhéanamh ar rud chomh beag leis sin. Léiríonn sé an fhadhb atá ann leis an gcóras. Maidir leis An Bord Pleanála, mar shampla, dúradh go bhfoilseodh siad chuile phreasráiteas i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna, 100% acu, agus bhí an eagraíocht eile ag rá go ngabhfadh siad ó 5% go 7%. Léiríonn sé arís an difear idir na scéimeanna agus na fadhbanna a bhaineann leis an gcóras sin.

Ba mhaith liomsa an seans seo a ghlacadh, toisc nár bhuail mé leis an gCoimisinéir go poiblí ó toghadh é mar Choimisinéir Teanga, mo chomhghairdeas pearsanta a ghabháil leis agus ádh mór a ghuí air sa phost.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Go raibh maith agat.

Bhí aithne agam ar an gCoimisinéir mar iriseoir agus a leithéid, agus mar chraoltóir, agus bhí sé an-mhaith sa jab sin. Is cosúil go bhfuil sé mar an gcéanna sa jab seo. Aontaím go mór leis an rud atá á rá acu anseo, go bhfuil an próiseas go léir ró-mhall. Tá sé go hainnis go bhfuil sé bliana imithe gan an leasú a chur i bhfeidhm. Is maith an rud go bhfuil cineál iarrachta i gceist ag an mbomaite seo chun é a chríochnú. Ba chóir go mbeadh sé críochnaithe. Ní dóigh liom go bhfuil sé oiriúnach go bhfuil a leithéid de sé bliana imithe gan aon rud ag tarlú. Tá sé sin uafásach. Táimid go léir i bhfabhar an moladh go mbeadh 20% de na daoine fostaithe sa Státseirbhís ina gcainteoirí Gaeilge. Is fiú é sin a bhaint amach agus a dhéanamh. Ceapaim féin, agus ba mhaith liom cloisteáil ó na finnéithe mar gheall air seo, go mbeidh sé an-deacair na daoine sin a fháil anois leis na scileanna iomlána chun bheith ina gcainteoirí Gaeilge, agus taobh amuigh de sin, na scileanna chun bheith mar státseirbhísigh éifeachtacha freisin. Is cosúil go mbeidh sé deacair na daoine sin a fháil ar dtús báire. An bhfuil aon tuairim ag na finnéithe faoi sin, agus cad ba chóir dúinn a dhéanamh sa chás sin? Chomh maith leis sin cheap mé na blianta ó shin go raibh oiliúint inseirbhíse ar siúl an t-am ar fad do státseirbhísigh.

Bhí a fhios agam go raibh státseirbhísigh ó na Roinne ag dul go Tír Conaill agus a leithéid de Gaeltachta sin, ar feadh seachtain, coicís nó mí. Bhí deontas ann chun é sin a dhéanamh. Bhí sé ag athrú go rialta. An bhfuil sé sin ar siúl fosta? An dtarlaíonn sé? An bhfuil na finnéíthe ábalta é sin a thacú? Fiú taobh amuigh den 20% seo, ba chóir go mbeadh gach deontas do gach státseirbhíseach agus go mbeadh sé éasca dóibh dul ar feadh tréimhse gach bliain nó gach cúpla bliain go dtí an Ghaeltacht chun a bheith i measc pobal Gaeilge, chun an teanga a fheabhsú agus a leithéid. Is fiú sin a dhéanamh.

Gan amhras, ba chóir go mbeadh na seirbhísí lonnaithe sa Ghaeltacht trí mheán na Gaeilge. Níl aon choimhlint faoi sin. Ní bheadh tuairim eile ag éinne. An bhfuil sé fíor nach bhfuil sé sin le fáil sna Gaeltachtaí fosta? Cén fianaise de sin atá ann nach bhfuil sé le fáil? Tá díoma orm go bhfuil meath ag teacht ar an nGaeilge sna Gaeltachtaí ach mura bhfuil na seirbhísí le fáil as Gaeilge, tá sé sin go dona agus ba chóir go mbeadh. Bheadh spéis agam sna freagraí mar gheall air sin.

Ba chóir go mbeadh na hacmhainní ann. Tá níos mó acmhainní le fáil anois. Deirtear go bhfuil. Ba chóir go mbeadh siad ann don obair seo. Níl a lán le rá agam. Fáiltím roimh na finnéithe agus tréaslaím go mór leis na haidhmeanna seo. Taobh amuigh de sin níl a fhios agam.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Ó thaobh ceist na Gaeltachta sa chéad dul síos, tá sé tábhachtach, ní hamháin go mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre sna hoifigí atá sa Ghaeltacht ach chomh maith leis sin, sa chás go mbeadh comhlachtaí ag cur seirbhísí ar fáil sa Ghaeltacht, go mbeadh na seirbhísí sin ar fáil trí Ghaeilge freisin. B'fhéidir nach bhfuil siad lonnaithe sa Ghaeltacht féin. Is cuimhin liom, mar shampla, go mbeadh sé de dhualgas ar chigirí talmhaíochta agus mar sin de ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Ní ceart dúinn díriú ar oifigí atá lonnaithe sa Ghaeltacht amháin ach ar sheirbhísí atá curtha ar fáil freisin.

Ó thaobh na scéimeanna teanga agus na gealltanais atá ann ó thaobh na Gaeltachta de, ní raibh dáta luaite ag go leor de na scéimeanna. Bhí scéim teanga ann ach níor tugadh aon gealltanas ar leith maidir le seirbhís a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta in ocht gcinn acu sin. Ní raibh aon gealltanas ann. Is léiriú é sin ar na fadhbanna a bhaineann leis sin. Is trí fhoráil dhíreach san Acht féin, nuair a thiocfadh sé sin, go mba cheart go bhfeabhsófaí an riachtanas sa gcás sin ó thaobh na nGaeltachtaí de.

Ó thaobh cúrsaí oiliúna de, bíonn ranganna agus deis ag daoine dul go dtí an Ghaeltacht. Tá a fhios agam go dtéann lucht an Airm mar shampla agus go mbíonn seal acu san acadamh ar an gCeathrú Rua. Chomh maith leis sin, tá Gaelchultúr ag cur ranganna ar fáil, agus bhí Éamon Ó Domhnaill os comhair an choiste ag tabhairt fianaise faoin obair atá ar siúl ag Gaelchultúr ó thaobh cuidiú le daoine feabhas a chur a gcuid Gaeilge. Tá sé sin an-mhaith agus cuidfidh sé sin le cúrsaí i dteannta cúrsaí earcaíochta. Teastaíonn an dá rud chun a cinntiú go mbeidh an tseirbhís cheart ar fáil ina leith sin.

Ó thaobh na hacmhainní, tá acmhainní daonna tábhachtach ach teastaíonn an toil le chur leis sin. Is ceist tola atá ann chomh maith. Ba chóir go mbeadh an toil á fheiceáil againn sa gcóras polaitíochta ag leibhéal sa Státchóras agus go mbeadh an toil ann daoine le Gaeilge a earcú agus a aithint cá bhfuil siad ag teastáil agus iad a chur san áit ina bhfuil siad ag teastáil.

Tá go leor fadhbanna romhainn, is cuma cén chaoi a mbreathnóimid air. An aontaíonn an Coimisinéir nach bhfuil sa reachtaíocht ach béillic amháin ar an mballa? Gan phlean agus gan thoil lena fheidhmiú, nach dtarlóidh an rud a bheimid ag súil leis?

Tá ceist eile agam. Tá mé i bhfabhar go mbeadh caighdeáin leagtha síos faoin gceist ó thús, go mbeadh sé sin déanta trí na pleananna agus bhíomar tosaithe ar an obair sin. Níl aon fhadhb agam go mbeadh sé mar ghníomh faoi leith ó thaobh na reachtaíochta de. An bhfuil sé ceart fáil réidh le córas na bpleananna? Tá rudaí ar bun ag Ranna Stáit éagsúla nach dtitfidh isteach go héasca i gcóras leathan caighdeán mar go bhfuil éagsúlacht ollmhór idir obair na Ranna Stáit. An bhfuil deireadh curtha go hiomlán agus go huile ag muintir na Breataine Bige le pleananna agus an bhfuil sé ar fad anois bunaithe ar chaighdeáin? Shamhlóinn, más caighdeáin atá i gceist, go mbeadh ar dhuine caighdeán a leagan síos a bheadh sonrach do Roinn amháin nó do dhá Roinn.

Tá an triú ceist agam. Bhí moladh amháin sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge go dtabharfadh cúram don údaráis agus don Roinn níos mó seirbhísí laethúla a chur ar fáil sa Ghaeltacht don phobal, mar shampla, seirbhísí tithíochta, seirbhísí pleanála nó seirbhísí bóithre. B'fhéidir go mbeadh na rudaí sin á ndéanamh ag an gcomhairle contae ó thaobh riaracháin laethúil ach go dtiocfadh siad faoi Údarás na Gaeltachta nó faoin Roinn ar an mbunús go luíonn sé le nadúr na n-eagraíochtaí sin a ngnóthaí a dhéanamh trí Ghaeilge. Ní hamháin sin, ach an éilíonn an pobal na seirbhísí trí Ghaeilge orthu ó tharla go dtuigeann siad go bhfaighidh siad seirbhísí trí Ghaeilge? Go hiondúil éilítear na seirbhísí ceannann céanna trí Bhéarla ar eagraíochtaí ar nós comhairle contae, fiú má tá siad le fáil i nGaeilge, mar tá cáil an Bhéarla ar na heagraíochtaí sin agus beidh go brách.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Ó thaobh cúrsaí reachtaíochta de, níl sa reachtaíocht ach cuid amháin den réiteach ar an bhfadhb.

Maidir leis an tráchtaireacht ar chóras na scéimeanna, an dara moladh a bhí agam tar éis cúrsaí earcaíochta ná plean do sholáthar seirbhísí na Gaeilge agus tá sé sin luaite agam arís. An méid atá molta agam ná go mbeadh na seirbhísí atá mar thosaíocht ag an Stát á gcur ar fáil trí Ghaeilge; go mbeadh na slite a bheartaítear chun na seirbhísí sin a chur ar fáil, na socruithe is gá chun na seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge sa Ghaeltacht, agus na hacmhainní, lena n-áirítear achmhainní daonna agus acmhainní airgeadais, atá ag teastáil ann; agus ansin an creat reachtaíochta a theastaítear le cur leis sin chomh maith. Tá nithe eile ann: go n-aithneodh an Stát céard atá ann faoi láthair, céard atá ag taisteál, céard atá sa lár atáimid ag iarraidh líonadh isteach agus céard iad na hacmhainní atá ag taisteál chun sin a dhéanamh agus go mbeadh sé sin leagtha amach go soiléir i bplean. Tá a leithéid déanta i gCeanada. Tá péire ansin ó Cheanada agus cuirfidh mé faoi bhráid an choiste é go bhfeicfidh an coiste céard atá i gceist. Leagann siad amach go soiléir céard atá i gceist acu a dhéanamh ó thaobh plean do sholáthar seirbhísí. Bhí ceann ann anseo, forbairt agus nuálaíocht ár seirbhís poiblí 2020 ag Rialtas na hÉireann, ag deireadh na bliana seo caite. B'fhéidir gur ansin gur cheart dó a bheith ach i ndáiríre níl. Níl ach beag-tagairt ansin don straitéis 20 bliain a chur i bhfeidhm, ach tá níos mó ná sin ag taisteál. Bheadh leithéid í seo ó thaobh seirbhísí trí Ghaeilge ina chuidiú agus bheadh sé ina chuidiú freisin go mbeadh sé sin mar chuid den reachtaíocht nua freisin le cinntiú go bhféadfaí é a chur i bhfeidhm.

Ó thaobh cheist na gcaighdeán, ní fheictear dom agus ní cheart go dtarlódh sé, nuair a thiocfaidh na caighdeán i bhfeidhm, dá mbeadh gealltanas déanta i scéim teanga, go raibh fiúntas ag baint leis agus a bhí ag oibriú, go dtiocfaidh deireadh leis sin.

Nuair a thiocfas na caighdeáin isteach, má tá rud éicint geallta i scéim teanga nach bhfuil sna caighdeán, bheinn ag súil go leanfadh an dualgas reachtúil ó thaobh sin freisin. Tá sé sin tábhachtach. Tá sé tábhachtach nach dtiocfaidh na caighdeáin isteach i bhfolús agus go mbeadh siad ag luí leis an bplean atá réitithe ó thaobh na seirbhísí. Tá sé tábhachtach go mbeadh na caighdeán ag teacht le cá bhfuil an Stát ag rá go dteastaíonn uaidh dul.

Ó thaobh na Breataine Bige, is é an tuiscint atá agamsa ná go bhfuil sí imithe ó chóras na scéimeanna go dtí córas na gcaighdeán. Arís, sílim go mbeadh sé ina chabhair, nuair a bheas an Bille á dhréachtú, go dtabharfaí sampla dúinn de na caighdeáin atá beartaithe ag an Rialtas sa gcaoi go dtuigfeadh daoine céard atá i gceist. B'fhéidir go dtabharfaí sampla de phéire nó de thrí cinn de chaighdeáin a bheas leagtha síos le go dtuigfeadh muid céard atá i gceist. An bua atá leo ná go mbeidh comóntacht ann. Ní bheidh an easpa comóntachta sin ann. Shamhlóinn go rachadh sé níos leithne ná ceann ná péire de Ranna Rialtais. B'fhéidir go mbeadh sé thar chuile Roinn nó, ar a laghad, thar chuile údarás áitiúil nó chuile údarás áitiúil atá ag plé le ceantair Gaeltachta. Bheadh na dualgais ceannann céanna leagtha síos sa gcás sin.

Ó thaobh seirbhísí laethúla sa Ghaeltacht agus ó thaobh riarachán na seirbhísí sin don údarás nó don Roinn, ag deireadh an lae, mar Chomisinéir Teanga cuirim fáilte le cibé a chuireann feabhas ar chúrsaí. Más sin an bealach le feabhas a chur ar chúrsaí d'fháilteoinn roimhe sin. Is dóigh gur b'in comhrá idir iad siúd atá ag dréachtú an pholasaí ina leith sin agus na comhairlí áitiúla, an t-údarás agus mar sin de. Faoi láthair, níl an córas ag feidhmiú mar ba chóir ó thaobh seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge trí phostanna a shainaithint faoi chóras na scéimeanna.

Caithfimid a bheith réalaíoch faoin rud seo. Tá triúr againn anseo. Tá an Comisinéir ina chónaí i nGaillimh thiar agus tá beirt againn a dhéanann ionadaíocht do Ghaillimh thiar. Nuair a théann daoine le Gaeilge ón nGaeltacht ag an údarás nó ag an Roinn labhraíonn siad Gaeilge. Níl bheinn chomh cinnte gur b'in an idirghabháil a bhíonn acu ar fad leis an gcomhairle contae nó an HSE taobh istigh den Ghaeltacht. Nílim ag caint ar taobh amuigh den Ghaeltacht ach ar na gcodanna de na heagraíochtaí sin atá ag feidhmiú in oifigí taobh istigh den Ghaeltacht. Ní labhraíonn mar ní bheifí cinnte go mbeadh Gaeilge ag an duine ar an dtaobh eile den fhón. Is dóigh go gcaithfimid a bheith réalaíoch faoi sin. Imíonn an reachtaíocht isteach sa bplean a thuigeann fíor-nadúr daoine agus an chaoi ina mbreathnaíonn an pobal ar eagraíochtaí.

Ach ag dul ar ais ag an rud a dúirt an Coimisinéir faoi chaighdeáin, cuir i gcás, mar shampla, go mbeadh caighdeán leagtha síos do na gcontaetha a bhfuil Gaeltachtaí faoina gcúram go mbeadh duine ar fáil le seirbhísí pleanála a chur ar fáil trí Ghaeilge. Tá difríocht ollmhór idir Ráth Chairn agus Baile Ghib agus Conamara ó thaobh chomh forleathan agus a b'fhéadfaí a bheith ag súil go mbeadh seirbhísí thar oíche, mar tá ceann amháin i bhfad níos mó ná ceann eile. B'in an bua a ceapadh a bheith ag baint leis an bplean. Ceapadh go bhféadfaí a rá i gcás na Gaillimhe, mar shampla, ó tharla go bhfuil X% den phobal inniúil i nGaeilge nó go bhfuil critéir eile comhlíonta, beidh beirt nó triúr san oifig mhótarchánach, beidh duine san oifig pleanála, beidh duine sa rannóg tithíochta nó whatever. Bheadh i bhfad níos mó éilimh in áiteanna mar sin ná mar a bheadh in áit beag nó, mar shampla, i gcontae. Ansin i mBaile Átha Cliath d'fhéadfaí go mbeidh go leor éilimh ann freisin mar, tar éis go bhfuil céatadán na nGaeilgeoirí beag, tá líon na nGaeilgeoirí mór mar go bhfuil an pobal ollmhór.

Má chuirtear aisghairm ar chuid d'Acht, tá deireadh leis. Nuair a deirtear go bhfuil na caighdeáin ag teacht isteach, tá deireadh leis. An bhfuil an Coimisinéir cinnte nár cheart dúinn na caighdeáin a tabhairt isteach agus an cumas plean a éileamh a bheith fágtha, go mórmhór sa gcás go raibh Rialtas tugtha le deis a bhaint as féidearthachtaí na bpleannana sa mhullach ar na caighdeáin mar go bhféadfaí rudaí sainiúla a bheith difriúil i gceantar amháin ná ceantar eile? Ní ghlacaim leis go gciallaíonn caighdeán gur rud forleathan é. Mar shampla tá caighdeán sa mBille cheana féin faoi fhógraíocht agus faoi chomharthaíocht. Níl an fhógraíocht déanta ach bhí an deis ann í a dhéanamh. Tá na bearta faoi chomharthaíocht, staiseanóireacht, litreacha a fhreagairt agus mar sin de, go héifeachtach, ina gcaighdeán. An idea a bhí faoin bplean ná go bhféadfaí rud éigin sonrach a leagan amach ach loic ar an Rialtas a rá lena Ranna Stáit agus na háisíneachtaí go bhfuil cinneadh Rialtais déanta go mbeidh minimum X, Y nó Z sna pleananna agus nach ghlacfar le haon phlean nach bhfuil siad ann. Beidh ar na Ranna agus áisíneachtaí plean a réiteach agus mura ndéanfaidh siad tiocfaidh an Aire air a bhfuil freagracht as an nGaeltacht ar ais ag bord ag Rialtas ag rá go bhfuil sé diúltaithe ag eagraíochtaí A, B, C agus D plean a réiteach ar an gcaighdeán a leag an Rialtas síos agus a d'aontaigh sé. Déarfadh an Rialtas leis an Aire sin go gcaithfidh sé nó sí treoir a thabhairt dóibh é a dhéanamh. Ar ndóigh, dá dtarlódh sé sin, ní bheadh go leor de na fadhbanna ann. An bhfuil an Coimisinéir fós a rá gur cheart fáil réidh leis an gcumas sin maidir leis na pleananna?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

An rud atá mé a rá ná más rud é go mbeadh gealltanas sonrach luaite i scéim teanga, mar shampla scéim teanga Chomhairle Chontae na Gaillimhe a luaigh an Teachta, a bhain le hiarratais phleanála, mar shampla, nó aon rud mar sin, agus muna chuimsíodh na caighdeáin a dtiocfadh isteach an méid a bhí geallta sa scéim teanga, níor cheart go n-imeodh an gealltanas a bhí déanta sa scéim teanga.

Cuirfidh mé ar bhealach eile é. Dá dtiocfadh na caighdeáin isteach agus mura gcuimseoidh siad rud éicint a cheapann an Roinn a bheith thar a bheith indéanta i gcás Chomhairle Chontae na Gaillimhe, mar shampla, nó an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara i gConamara, nach mbeadh sé go maith go mbeadh córas na bpleananna fágtha ann leis an rud breise sin a chur ann?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Ba cheart. Ba cheart aon dualgas sa bhreis atá----

No, nílim ag rá é sin. An cheart go mbeadh an fhéidearthacht go dtiocfadh an Roinn ar ais ag rá go bhfuil na caighdeáin air seo ar fad ann agus caithfear cloí leis sin ach, sa bhreis air sin, go bhfuil sí ag iarraidh plean ina mbeidh A, B, C agus D go bhreis ar na caighdeáin.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

D'fhéadfaí féachaint air sin. Is dóigh gur b'in ceist dóibh atá ag ullmhú na reachtaíochta seo. Glacaim leis an méid atá an Teachta ag rá sa mhéid is go bhfuil difear idir Ráth Chairn agus Gaeltacht na Gaillimhe, mar shampla, ó thaobh iarratas pleanála. Ag an am céanna, ó thaobh Chomhairle Contae na Mí mar shampla, ní fheicim go mbeadh sé dodhéanta go mbeadh sé ar a cumas duine le Gaeilge a chur ar fáil sa rannóg phleanála chun cabhrú le daoine i Ráth Chairn, i mBaile Ghib nó in aon áit eile i gContae na Mí atá ag iarraidh an tseirbhís sin trí Ghaeilge. Sílim go dteastaíonn an chomóntacht sin ó daoine chun go mbeidh an tuiscint ag daoine, nuair a théann siad isteach in oifig Stáit atá ag freastal ar phobal Gaeltachta, gur féidir leo a bheith cinnte gur féidir leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

Ach má thógfaimid mar shampla cás Bhaile Átha Cliath versus Ceatharlach nó Laois.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Arís shamhlóinn go mbeadh caighdeán difriúil leagtha síos do Bhaile Átha Cliath, áit a bhfuil pobal líonmhar le Gaeilge ann, agus go mbeadh na dualgais ar eagraíochtaí i mBaile Átha Cliath níos troime ó thaobh na seirbhísí go gcaithfí a chur ar fáil de bharr gur léir go bhfuil daoine ann le Gaeilge atá ag iarraidh a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Shamhlóinn go mbeadh an córas leagtha síos le freastal ar chontaetha eile sa tír freisin. Sílím gurb í an imní atá an Teachta á léiriú ná go bhféadfadh sé tarlú go mbeadh níos lú dualgas ann de thoradh chóras na gcaighdeán sin. Ach ní fheicim gur cheart go dtarlódh sé sin ar aon bhealach. Bheidh sé an-tábhachtach go leagfaí síos sa reachtaíocht nua go leanfadh aon ghealltanas atá in aon scéim teanga nach bhfuil clúdaithe ag caighdeán ar aghaidh.

Tá rud amháin faighte amach agamsa. Nuair is rud diúltach é, tá rud ar bith indéanta ó thaobh na Gaeilge de. Tá rud ar bith indéanta a cheapann tú gur plean maith é. Faigheann tú amach go gcuirtear i bhfeidhm é ar bhealach an-aisteach.

Táimid ag caint ar phleananna a réiteach agus tuarascálacha a sholáthar. San áit seo, cuirtear moill ar tuarascálacha ar chúiseanna éagsúla. Chonaic muid leis an bplean tuaithe sampla maith den rud atá ar bun anseo. Ní dhearnadh tada ach scríobhadh chuig chuile Roinn ag iarraidh orthu céard atá i gceist acu a dhéanamh leis na ceantair thuaithe ar fad. Sheol siad ar fad ar ais na rudaí ar fad atá ar bun acu, ar nós scoileanna agus bóithre faoin tuath, agus bully for that. Cuireadh chuile rud isteach i leabhar mór, ach níl aon rud ann a chuirfidh ceantair thuaithe chun cinn nach raibh ar bun cheana féin. Tá sé soiléir sna tuairiscí ar an straitéis 20 bliain go bhfuil an-chumas ag an Státseirbhís tuairiscí a scríobh nach bhfuil tada téagartha nua iontu atá comhdhéanta. Le gairid, bhreathnaigh mé ar an bplean náisiúnta ó thaobh na Gaeltachta de. An bhfuil moladh ar bith sa chreatlach phleanála nó sa phlean forbartha ó thaobh forbairt na Gaeltachta? An bhfuil aon rud ann nach raibh ann? Táthar chun ionad do chomharchumann nó comhlacht forbartha Inis Meáin a thógáil, agus bully for that. Tá súil agam go dtuigeann an tUasal Ó Coisdealbha an méid atá á rá agam. An bhfuil aon rud ann a dhéanfaidh difríocht nach raibh ann cheana? Is é sin an fáth go bhfuil mé in amhras gur féidir an rud seo a dhéanamh gan toil Rialtais. Nuair a deirim "toil Rialtais", nílim ag caint ar thoil na Státseirbhíse - tá mé ag caint faoi dheimhniú ag teacht anuas ó bhord an Rialtais go ndéanfar é seo. Dar liom, is cuma cén reachtaíocht a chuirfidh muid i bhfeidhm - caithfear Rialtas a bheith ann a deireann go ndéanfar é seo agus mura ndéanfar beidh an tAire ag leagan síos go ndéanfar mar is cinneadh Rialtais é.

Mr. Colm Ó Coisdealbha

Tá rudaí áirithe go bhfuil smacht againn orthu agus tá rudaí áirithe nach bhfuil aon smacht againn orthu ar chor ar bith. Táimid ag rá go bhfuil buanna ag baint leis na scéimeanna teanga mar phróiseas agus mar chóras. Táthar in ann iad a chur in oiriúint don eagraíocht. Is é sin an bua is mó. Is í an deacracht atá leo ná go bhfuil siad bunaithe ar phróiseas idirbheartaíochta. Aontaíonn an dá pháirtí céard iad na seirbhísí a chuirfear ar fáil de thuras na huaire, mar a deirtear. Má tá eagraíocht ann atá iontach báúil - tá caint déanta ar an toil a bheith ann - aontaítear riar maith. Tá mé in ann samplaí a thabhairt den chineál sin scéim. Táimid ag féachaint ar an bpróiseas agus ar an gcóras. Dá bheimis uilig ag dul sa treo céanna, bheimis in ann a rá "tá na scéimeanna mar uirlis le fáil ansin". Is próiseas idirbheartaíochta iad faoi láthair, áfach. Nuair a aontaítear rudaí, cuirtear coinníollacha agus teorainneacha leo in áiteanna áirithe ach ní tharlaíonn a leithéid in áiteanna eile. Ní bhíonn an toradh cinnte. Táimid ag caint faoi chóras caighdeán cosúil leis na rialacháin atá déanta le comharthaíocht, stáiseanóireacht agus mar sin de. Tá sé luaite sa reachtaíocht gur féidir aicmí difriúla caighdeán a leagan síos de réir mar a shocraítear. Is féidir breathnú ar aicmí difriúla caighdeáin ag aon tráth nó ag aon bhealach. Sa bhreis air sin, má theastaíonn uainn dul i ngleic réasúnta sciobtha le rud éigin a tharlaíonn gan choinne nó rud éigin faoi leith nach bhfuil clúdaithe ag na caighdeáin, ba cheart dúinn dualgas a leagan ar bhealach éigin eile taobh amuigh de na caighdeáin, bíodh sin i bhfoirm scéim nó ar aon bhealach eile, ionas go mbeidh údarás nó cumhacht ag Aire dul i ngleic leis an gcineál sin rud.

Tá sé ráite san Acht faoi láthair gur féidir rialacháin a dhéanamh faoi ábhar ar bith. B'fhéidir go bhfuil argóint dlí ann i dtaobh cé chomh leathan is atá sé sin.

Mr. Colm Ó Coisdealbha

Sea.

Ar ndóigh, tá mé go hiomlán i bhfabhar córas na gcaighdeán. Is é sin an fáth go raibh deis againn na rialacháin a dhéanamh, mar shampla. Ba í an fhógraíocht an chéad rud eile a bhí i gceist againn ag an am. Tháinig deireadh leis sin nuair a cuireadh mé as an Roinn. Bhí mé ag obair air. Is cuimhin liom an lá. An t-aon rud a bhí ag coinneáil moille ar cheist na fógraíochta ná go raibh daoine áirithe i bhfabhar go gcuirfinn-----

Gabh mo leithscéal. Iarraim ar an Teachta díriú isteach-----

Tagann sé seo go croí céard a dhéanann an tAcht. Bhí díospóireacht ag an am an bhféadfaí fógra comhionann a chur in iris Ghaeilge, nó an gcaithfear fógra dátheangach a chur in The Irish Times ar chostas ollmhór. Bhí na meáin Gaeilge - na hirisí agus an teilifís, srl. - go mór i bhfabhar go gcuirfí na fógraí seo i dtreo na meáin Gaeilge - na hirisí, an teilifís agus mar sin de - seachas bheith ag tabhairt tuilleadh acmhainní chuig na páipéir mhóra nuachta nach ndéanann an oiread sin don Ghaeilge. Ba mhaith liom freagra a thabhairt ar an gcruacheist a luadh níos túisce. Dúradh go bhfuil idirbheartaíocht i gceist idir dhá eagraíocht - an Roinn agus eagraíocht X - agus go bhfuil fadhb ann mura ngéilleann eagraíocht X don Roinn ós rud é nach n-éiríonn le Roinn na Gaeltachta mórán a bhaint amach. Nach í sin an tuairim? Ar ndóigh, an rud a bhí taobh thiar den choincheap seo ar fad ná go raibh páirtí amháin - an Rialtas - a bhí níos treise ná eagraíocht X agus mura raibh an eagraíocht sin ag teacht suas go dtí caighdeáin na Roinne, gheobhadh sé treoir ó bhord an Rialtais ag rá "tough, déan é, end of story".

Mr. Colm Ó Coisdealbha

Tá foráil san Acht a cheadaíonn don Aire tuairisciú a dhéanamh má tharlaíonn sé nach bhfuil comhlacht poiblí ag comhoibriú leis nó léi i dtéarmaí a bheith ag aontú scéim teanga. Níor tharla sé sin riamh.

Níor tharla sé riamh.

Mr. Colm Ó Coisdealbha

Ní féidir liom a rá ach gur fíric í sin. Níor dúradh riamh go raibh fadhb ann le bheith ag aontú scéim teanga. Tá na scéimeanna mar atá siad. Ní féidir linn ach labhairt faoin chaoi go bhfeictear dúinn go bhfuil siad. Go bunúsach, is conarthaí faoi sholáthar na seirbhísí thar tréimhse áirithe ama atá iontu. Athraíonn siad. Mar a bhíos ag tráchtaireacht, maolaítear agus laghdaítear iad. Cuirtear leo chomh maith. Ní féidir linn a rá go bhfuil sé uilig diúltach. Bheimis ag rá go bhfuil cuid de na scéimeanna an-mhaith. Mar phátrún, is léir go ginearálta go bhfuil teorannú i gceist. D'iarr an Cathaoirleach an ceart dúinn iad go léir a dhíbirt, agus fáil réidh leo uilig. Is cinnte gur cheart go mbeadh na caighdeáin in ann bheith níos foirfe mar chóras. B'fhéidir go dteastaíonn rud éigin breise i dtaobh na rudaí eisceachtúla. Sa chás sin, b'fhéidir gur scéim nó rud éigin eile a bheadh i gceist a thabharfadh cead don Aire rialacháin a dhéanamh, más mian leis nó léi é sin a dhéanamh, ag aon tráth i leith aon chineál seirbhíse ag an leibhéal eagraíochta. Táimid ar ais go dtí an mórphointe - gur cheart an phleanáil cheart a bheith déanta. Ní ceart malartú a dhéanamh idir an córas scéimeanna agus an córas caighdeán gan an phleanáil cheart a bheith déanta leis an earcaíocht, leis na seirbhísí agus leis an treo ina bhfuilimid ag dul. Teastaíonn an plean sin go mbeadh dualgas reachtúil leis an bplean, go mbeadh an plean ullmhaithe taobh istigh de thréimhse áirithe ama agus go mbeadh na dualgais á gcomhlíonadh. Tá mé ag caint faoi phlean náisiúnta seachas faoi phlean ag leibhéal eagraíochta.

Tá dhá rud i gceist anseo - ceist ollmhór na tola Rialtais agus an reachtaíocht chuí a thabhairt isteach. Is í seo an tríú huair a tháinig an Coimisinéir os ár gcomhair. Bhí teachtaireacht i gceist an dara huair a tháinig sé os ár gcomhair. Dúirt sé go soiléir ina ráiteas tosaigh go raibh teipthe go huile is go hiomlán ar na scéimeanna teanga. Tá sé sin ráite ag an gCoimisinéir arís inniu. An bhfuil an leagan Gaeilge den togra 2040 foilsithe fós?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Níl dóigh liom go bhfuil.

An bhfuil cumhacht ar bith ag an gCoimisinéir faoin reachtaíocht atá ann maidir leis an tuarascáil sin?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Tá, i dtaobh cuid de ar aon nós. Tá roinnt gearáin déanta leis an oifig s'againne faoi sin. Tagann sé faoi dhá Roinn - an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil. Táimid i dteagmháil leo faoi sin. Tagann cuid amháin - an creat pleanála náisiúnta - faoin Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil agus an chuid eile - an plean forbartha náisiúnta - faoin Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Táimid i dteagmháil leis an dá Roinn. Tá sé sin fós ar siúl. Táimid fós ag plé leis na gearáin.

Ba mhaith liom díriú isteach ar shampla de na laigí atá laistigh den reachtaíocht atá ann. Cén fáth an bhfuil Oifig an Choimisinéara Teanga fós i mbun idirbheartaíochta? Cad atá ar siúl? An bhfuil dualgas ar an Rialtas an tuarascáil seo a fhoilsiú trí Ghaeilge agus trí Bhéarla? Tá an tuarascáil sin pioctha amach agam mar shampla den phointe atá déanta ag an Teachta Ó Cuív agus daoine eile, mé féin ina measc.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Tá dualgas san Acht rudaí a dtugtar "tograí beartais phoiblí" a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla - go bhfoilseofar iad ag an am ceannann céanna. Leagann scéim teanga na Roinne Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil amach cáipéisí go bhfuil i gceist acu a fhoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla. Is cinnte go dtagann an chuid sin den tionscnamh 2040 faoin méid atá geallta i scéim teanga na Roinne, sé sin, go bhfoilseofar é i nGaeilge agus i mBéarla.

An chuid eile ansin a thagann tríd an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, níl aon ghealltanas chomh sonrach leis sin sa scéim teanga. Táimid ar ais ag céard atá san Acht féin maidir le tograí beartais phoiblí. An cheist atá ann maidir leis an bplean seo ná an plean é atá aontaithe ag an Rialtas, seachas moltaí i ndáiríre, an leanann an gealltanas sin ar aghaidh? An dearcadh a bheadh agam sa chás sin ná gur plean é seo atá aontaithe, seachas moltaí. Dá bharr sin, d'fhéadfadh sé nach dtagann an chuid sin faoin gcuid sin den Acht. An bealach go b'fhéadfaí é sin a dhéanamh faoin Acht ná faoi alt 10 a deir gur féidir leis an Aire fo-ordú a dhéanamh go bhfoilseofaí cáipéisí nó doiciméid go bhfuil tábhacht faoi leith leo sa dá theanga. Níor tharla sé sin riamh agus níor tharla sé sa chás seo ach an oiread. Sin bealach amháin lena chinntiú go mbeadh a leithéid ar fáil ag an am céanna. Tá an dá pháirtí, an dá eagraíocht, an dá Roinn ag rá go bhfoilseofaí i nGaeilge é, ach i ndáiríre tá sé an-deireanach anois agus ní raibh sé ar fáil nuair ba cheart dó a bheith ar fáil do dhaoine ag am a fhoilsithe.

Nach léargas é sin? Táimid ag caint faoi fhreagrachtaí atá ar na comhlachtaí poiblí agus na fochuideachtaí de, ach níl an Rialtas é féin, agus níl Oifig an Choimisinéara Teanga in ann aon rud a dhéanamh faoi láthair ach-----

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Táimid in ann ó thaobh cuid amháin de cinnte.

Beidh cuid den tuarascáil foilsithe i nGaeilge agus beidh an chuid eile i mBéarla.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Tá an dá Roinn ag rá go bhfoilseoidh siad an leagan i nGaeilge ach tá sé ró-mhall ar aon nós. Ba cheart go mbeadh sé tarlaithe ag an am. Arís is rud é a thagann chun cinn go minic, go ndeirtear linn go bhfoilseofar é i nGaeilge amach anseo ach go raibh brú ama ann é a fhoilsiú i mBéarla ag an dtús. Níl sé sin sásúil.

Maidir leis an dréacht-Acht, an bhfuil seans ann go dtarlóidh sé sin arís leis an reachtaíocht nua? An bhfuil foráil faoi leith anseo?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Níl aon athrú ar alt 10. Tá roinnt bealaí timpeall air. Cinnte bealach amháin, tá sé ráite go sonrach agus sílim gur tuigeadh é seo nuair a bhí an tAcht a dhréachtú, go bhféadfadh sé tarlú go mbeadh doiciméid nó tuarascálacha ag teacht chun cinn a bhí tábhacht faoi leith leo. Luaitear ansin in alt 10(e) gur féidir leis an Aire fo-ordú a dhéanamh go gcaithfear é sin a bheith ar fáil go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla. Dá bhfeicfeadh Aire Rialtais go raibh tábhacht faoi leith ag baint le cáipéis a bheith ag teacht, muna raibh sé ag teacht faoin Alt féin, go bhféadfadh sé fo-ordú a dhéanamh go gcaithfear é a fhoilsiú sa dá theanga ag an am céanna.

Deireann an tAcht go gcaithfear gach togra beartais phoiblí-----

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Deireann.

Nach togra beartais phoiblí é an plean náisiúnta agus an creatlach náisiúnta pleanála?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

An léamh a bheadh agam air ná gur plean é seo atá aontaithe ag an Rialtas, seachas moltaí. Dá bharr sin, ní thagann sé faoi alt 10(a) go sonrach, ach tagann sé, ó thaobh an Roinn Tithíochta, Pleanála, agus Rialtais Áitiúil de, faoin dualgas sa scéim ó thaobh cáipéisí a bheith aistrithe go Gaeilge. Tagann an chuid sin den Acht, den tionscnamh 24, faoin dualgas ansin.

Dá gceapfainn go raibh amhras nach polasaí poiblí ná beartas phoiblí é an creatlach pleanála, ní shin an fhoclaíocht a bheadh sa reachtaíocht mar ceapadh ag an am gur b'in an ciall leis sin. Ní raibh amhras ar bith faoi agus mar a dúradh bhí sé faomhaithe ag an Ard-Aighne ag an am. Fear an-chumasach a bhí ann, go ndéana Dia grásta air. Rud eile a dúirt sé a bhí spéisiúil i gcomhthéacs an comhrá a bhí againn faoin mBunreacht ná go bhféadfadh plean a leanann an chéad phlean a bheith níos laige ná an chéad phlean. Tá mise ag teacht chun tuairim gur féidir le lucht dlí an dubh a chur ar an mbán ar aon lá den tseachtain.

Tuigim gur an strategic communications unit a bhí amach go láidir ag craoladh agus ag cur eolais ann mar gheall ar an bplean Éire 2040. N'fheadar, ar dheineadar aon teagmháil le hOifig an Choimisinéara Teanga? Is í an bhunfheidhm atá aige ná cumarsáid. Ar dheineadar aon teagmháil leis mar gheall ar conas a dheanfadh sé idirdhealú idir na scéimeanna éagsúla nó cén dualgas a bheadh aige maidir leis an bplean 2040 a chur chun cinn as Gaeilge?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Ní dhearnadh aon teagmháil linn roimh ré. Rud a dúradh linn ó chuaigh muid i dteagmháil leis na Ranna Rialtais ina dhiaidh sin ná go raibh brú ama orthu ó thaobh é a fhoilsiú. Arís, faraor ní rud neamhchoitianta é sin. Tarlaíonn sé sin go ndeirtear gur tógadh cinneadh. Sa gcás seo, dúirt siad nár tógadh an cinneadh Rialtais go dtí an mhaidin sin agus gur foilsíodh an doiciméad nuair a bhí an cinneadh Rialtais tógtha. I ndáiríre tá sé sin-----

An é sin an leagan Béarla?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Sin é.

Glacaim leis go ndeachaigh duine éigin isteach ag bord an Rialtais le leagan Béarla. Cén fáth nach ndúirt sé go raibh leagan Béarla ann agus go raibh leagan comhionann Gaeilge ann?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Is ea.

Cé lenar aontaíodh é?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Táimid ag teacht ar ais arís i ndáiríre, go ceist phleanála agus go ceist tola.

Chuala mé go bhfuil sé níos measa ná sin, go raibh action plan déanta é a fhoilsiú trí Ghaeilge agus go scupperáileadh é.

Mr. Colm Ó Coisdealbha

Ag an tráth seo, táimid tar éis scríobh chuig na Ranna Rialtais. Tá freagra faighte le gach ceann acu sin. Tá fadhb leis an bhfoclaíocht mar atá sé. Gan dabht is beartais phoiblí é; is é an cheist ná an bhfuil tograí iontu nó an bhfuilimid bailithe thar stáid an togra. Ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, bheadh mé ag rá go bhfuil níos mó seans go bhfuil togra sa chreat agus go bhfuil níos mó seans gur plean atá sa phlean agus b'fhéidir go dtiteann sé taobh amuigh de scóip na bhfocal atá ins an Acht mar atá sé faoi láthair.

Ag teacht ar ais go dtí na cumhachtaí breise atá á lorg chun monatóireacht a dhéanamh ar phleananna, sa todhchaí amach an dtiocfaidh na pleananna seo laistigh de na cumhachtaí sin a bhíonn ag Oifig an Choimisinéara Teanga?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Ba mhaith liom a shamhlú go dtiocfadh agus go bhféadfadh an fheidhm a bheith ag an gCoimisinéir Teanga - féachaint ar phleananna mar sin agus féachaint cén tionchar a bheidh acu ar chúrsaí.

Sin an moladh atá déanta ag an bhfinné - go mbeidh cumhachtaí breise aige. Laistigh de na cumhachtaí breise sin, ní tharlódh seo arís dá mbeadh an cumhacht sin aige. Bheadh de cumhacht aige chun breathnú roimh ré.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Dá mbeadh sé sin leagtha síos sa reachtaíocht d'fhéadfainn é sin a fhiosrú roimh ré agus é a chur ar shúile pé eagraíocht nó pé Roinn Rialtais atá ag forbairt na bpleananna seo go bhfuil dualgas orthu ó thaobh na reachtaíochta de agus ó thaobh iad a bheith ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla. Tá sé tábhachtach freisin - an smaoineamh atá taobh thiar den mholadh i ndáiríre - go bhféachfainn ar na tuairiscí seo ina iomláine ag féachaint cén tionchar atá acu ó thaobh na Gaeilge de agus ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge de sa Stát go ginearálta, seachas ar chúrsaí aistriúcháin. Ní hé sin a bhí i m'intinn ag an am, ach ó thaobh na beartais a bheadh istigh ann ó thaobh na Gaeilge de.

Nuair a bhí an dréachtphlean ann, ní raibh laistigh den rud iomlán ach alt beag bídeach faoin nGaeilge: sin an t-aon rud. Rinneamar go léir gearáin, agus ansin bhí píosa breise i gceist. I bhfad níos tábhachtaí, ní raibh muid in ann díospóireacht a dhéanamh mar ní raibh leagan Gaeilge againn ar chor ar bith. Ag teacht ar ais arís, nuair a tháinig an finné os comhair an choiste bhí trí phríomhmoladh i gceist aige. Dúirt an finné go mbeadh sé tairbheach dá mbeadh monatóireacht neamhspleách á déanamh ar fheidhmiú an pholasaí earcaíochta le tuarisciú rialta chuig coiste Oireachtais. An raibh Oifig an Choimisinéara Teanga i gceist ansin nó córas neamhspleách eile?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Oifig an Choimisinéara Teanga féin. Tá taithí ann ag déanamh monatóireachta ar fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus mar sin de agus tá na scileanna sin ag an bhfoireann le tabhairt faoin obair sin. Ó thaobh Ombudsman na Leanaí, mar shampla, tá dualgas leagtha síos ar an ombudsman ansin ó thaobh iniúchadh a dhéanamh ar reachtaíocht atá ag teacht chun cinn, féachaint cén tionchar a bheidh aige sin ar chúram agus ar chosaint leanaí. Ba cheart go mbeadh a leithéid ar fáil ó thaobh chosaint chearta teanga freisin.

Agus ó thaobh earcaíochta de freisin.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Is ea, gan dabht.

Okay. Maidir leis na scéimeanna teanga agus an moladh a bhí ag an gCoimisinéir Teanga go dtosófaí ag éabhlóidiú ó chóras scéimeanna teanga chuig córas rialachán ar bhonn céimneach, ar mhiste leis léargas a thabhairt air sin? Dá mba rud é go raibh an reachtaíocht againn amárach, cad a tharlódh maidir le scéimeanna teanga agus an córas nua?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Tagann sé ar ais don phointe a bhí an Teachta Ó Cuív ag déanamh freisin.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

An fhadhb a bhaineann le córas na scéimeanna teanga ná nach raibh an tuiscint ann ó thaobh cá bhfuil muid anois, cá bhfuil muid ag dul agus céard atá ag teastáil.

Tuigim é seo agus, mar a tharla, aontaím leat. Ach, ó thaobh an chórais phraiticiúil, tá na scéimeanna ann. An mbeidh oifig an Choimisinéara ag cur brú ar na comhlachtaí leanacht ar aghaidh leis na scéimeanna a fhad is atáimid ag fanacht ar an reachtaíocht? Cad a tharlóidh san idirthréimhse?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Is í an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a dhaingníonn na scéimeanna leis na comhlachtaí poiblí. Is é an ról atá agamsa ná faireachán a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla féin. Bheinn ag samhlú gur phróiseas éabhlóide a bheas ann ó chóras na scéimeanna go córas nua caighdeán. Shamhlóinn nach féidir fáil réidh le córas na scéimeanna agus a rá go bhfuil na caighdeáin i bhfeidhm go dtí go bhfuil na caighdeáin mínithe i gceart agus go bhfuil tuiscint ann faoi céard iad na caighdeáin féin. Tuigim an imní atá ann go bhféadfadh sé go mbeadh geallúint sa scéim teanga nach mbeadh clúdaithe ag an gcaighdeán. Cinnte sa gcás sin chaithfí a chinntiú go leanfaidh pé dualgais atá sa scéimeanna ar aghaidh. Tagann sé ar ais go dtí an méid a bhí mé ag rá faoi phleanáil do sheirbhísí poiblí. Ba cheart go mbeadh sé sin mar bhunchloch don reachtaíocht nua chun cinntiú nach i bhfolús a dtagann na caighdeáin i bhfeidhm.

Mr. Colm Ó Coisdealbha

Feicimid é seo ag oibriú sa tslí atá leagtha amach sna ceannteidil féin, is é sin go leanfadh córas na scéimeanna ar aghaidh go dtí go dtagann na caighdeáin isteach. Tógaimid seirbhís éicint, b'fhéidir suíomhanna gréasáin, mar shampla. Tagann sé ar ais go dtí na seirbhísí. Faoi láthair tagann suíomhanna gréasáin nó seirbhísí ar líne faoi scéimeanna teanga. Tá chuile scéim difriúil. Tá cuid acu cosúil lena chéile agus tá cuid acu an-difriúil. Táimid ag rá go leagfaí síos caighdeán, le haghaidh seirbhísí ar líne mar shampla, agus is é seo an caighdeán seirbhíse a bheadh muid ag súil leis le haghaidh seirbhísí ar líne, idir chinn nua agus sheanchinn a athróidh thar tréimhse ama. Nuair a bheidh sé sin aontaithe agus socraithe, ní bheidh bailíocht ag aon ghealltanas a tugadh sa scéim teanga. Beidh an réimse seirbhísí sin anois clúdaithe ag caighdeán. Sa gcaoi chéanna, bheadh seirbhísí ar líne, foilseacháin ar nós an tuarascáil a luaigh muid, foirmeacha iarratais agus an sórt sin reimsí seirbhísí clúdaithe i gcaighdeáin thar tréimhse ama. Sular aontaítear sin, leanann bailíocht aon ghealltanais atá tugtha sa scéim teanga. Fanann sé seo i bhfeidhm go dtí go n-aontaítear caighdéan. Thóg sé dhá bhliain chun na rialacháin atá ann le haghaidh stáiseanóireachta, comharthaíochta agus mar sin de a chur i bhfeidhm. Tógann sé am chun dul tríd an bpróiseas. Caithfidh deis a bheith ag daoine comhairliúcháin agus tuairimí a thabhairt. A fhad is atá sé sin ag dul tríd an bpróiseas, go dtí go n-aontaítear Acht, fanann na gealltanais. Nuair a aontaítear caighdeán ní bheidh bailíocht ag an ngealltanas níos mó.

Tá cúpla ceist eile agam. Tá sé soiléir, agus bhí sé soiléir sa ráiteas a thug an Coimisinéir i mí Aibreáin 2017, gurb é croílár na faidhbhe ná easpa foirne. Tá sé sin soiléir agus tá sé ráite. Níl mé chun dul ar ais air. Tá sé ag rá go bhfuil gá le córas monatóireachta neamhspleách. Sin croílár na faidhbe.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Táim ag moladh go mbeadh creidiúint ag daoine go bhfuil sé ag tarlú.

Chomh maith leis sin tá pointe déanta ag an Uasal Ó Domhnaill maidir le lógónna. Dúirt sé gur chóir go mbeadh sainmhíniú ann. Dúirt sé freisin gur chóir go mbeadh caighdeán ann i leith seirbhísí ateangaireachta. B'fhéidir go mbeadh sé in ann teacht ar ais le soiléiriú air sin. Maidir le spriocdháta ó thaobh na hearcaíochta agus na gcaighdeán de, cad iad na fadhbanna ansin? Cad iad na fadhbanna i leith seirbhísí ateangaireachta? Cad atá ag teastáil ón gCoimisinéir?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Tá díolúine ann faoi láthair do lógónna. An moladh atá agam ná go bhfaighidh réidh leis an díolúine sin. An rud atá ag teastáil ná go mbeadh sainmhíniú san Acht faoi céard is lógó ann. Céard a chuimsíonn lógó? An gcuimsíonn sé níos mó ná ainm an chomhlachta phoiblí? An gcuimsíonn sé manaí a bheadh ag dul leis, catchphrase a bheadh ag an gcomhlacht poiblí, nó aon rud mar sin? An bhfuil sé sin mar chuid den lógó nó nach bhfuil? Céard é seasamh Thithe an Oireachtais air sin? Céard atá ag teastáil ó Thithe an Oireachtais leis sin? Dhéanfadh sé sin simpliú agus soiléiriú ar an gceist sin ó thaobh lógónna de dá mbeadh sé leagtha síos go soiléir-----

An bhfuil sampla de shainmhíniú ó thaobh lógónna de le feiceáil ón mBreatain Beag nó áit éigin eile?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Ní ritheann aon rud liom. Bíonn go leor anonn agus anall againne ag cruinnithe ag féachaint ar céard is lógó ann agus céard nach lógó ann. Ní heol dom sampla idirnáisiúnta de sin. Is féidir liom dul á-----

Tá gá le tuilleadh oibre anseo.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Tá gá le tuilleadh oibre. Ó thaobh córais ateangaireachta sna cúirteanna, mar is eol dúinn tá an ceart ag duine faoi láthair fianaise a thabhairt sa gcúirt trí Ghaeilge ach ní shin le rá go gcaithfear an cás ar fad a reachtáil trí Ghaeilge. Sa gcás sin úsáidtear ateangaireacht. Rinneadh teagmháil linn roinnt uaireanta faoi dheacrachtaí a bhí ag daoine an ateangaireacht a thuiscint agus faoi cé chomh cinnte cruinn ceart agus a bhí sé den mhéid a bhí le rá. Arís d'fhéadfaí dul i muinín an shéala aistriúcháin, mar shampla, chun cinntiú go mbeadh comóntacht ann agus go mbeadh an tseirbhís ateangaireachta sa gcúirteanna soiléir agus níos foirfe. Sin an cheist a bhí ag an gCathaoirleach, an ea?

Is ea, ach cad atá i gceist ag oifig an Choimisinéara? Ar mhian leis caighdeáin a leagan síos ó thaobh na hateangaireachta de? Nach bhfuil caighdeán ann faoi láthair? Níl.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

D'fhéadfaí leagan síos-----

Tá cás sa chúirt faoi láthair. Níl sé sa Chúirt Dúiche ach sa Circuit Court i gCorcaigh. Tá sé díreach ar an ábhar céanna go bhfios dom.

Tá sé ag déileáil le heaspa caighdeáin, an bhfuil?

Mr. Colm Ó Coisdealbha

Tagann gearáin faoi seo ó am go chéile. Deireann daoine go mbíonn deacracht acu. Tá ceist ann nuair atá daoine os comhair na cúirte, is é sin an bhfuil muinín acu a gcuid fhianaise a thabhairt i nGaeilge. Más féidir aon rud a dhéanamh le cuidiú leis an muinín sin a thabhairt, is é is fearr é. Is ceann de na deacrachtaí uaireanta ná nach mbíonn muinín as an gcaighdeán ateangaireachta a bhíonn ar siúl. Bímid ag rá go bhféadfaí dul i ngleic leis sin, mar shampla, trí chaighdeán a leagan síos maidir leis an gcaoi inar féidir leis an tSeirbhís Chúirteanna ateangairí a fhostú agus maidir leis an leibhéal cáilíochtaí gur chóir a bheith ag ateangaire sular féidir leis nó léi bheith ag obair i gcúirteanna.

Ó mo thaithí féin, tá easpa caighdeán i gceist maidir le chuile theanga. An rud difriúil é sin? Tá gearáin faighte agam féin ó thaobh teangacha eile.

Mr. Colm Ó Coisdealbha

Ní déileáileann muid ach leis na dteangacha oifigiúla. Níl muid ag fáil aon locht ar aon cheo eile. D'fhéadfaí múnla a bheith ann chun é sin a dhéanamh. Ónár dtaobh de, bheadh muid ag smaoineamh i dtearmaí na dteangacha oifigiúla amháin.

Mr. Colm Ó Coisdealbha

Nílim ag rá nach féidir é a dhéanamh le teangacha eile chomh maith.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Ar phríomhcheist an Chathaoirligh ó thaobh na gcaighdeán agus spriocdháta le hiad a thabhairt isteach de, mar a bhí muid ag rá, thóg sé dhá bhliain na rialacháin a thabhairt i bhfeidhm ó thaobh comharthaíochta agus stáiseanóireachta, agus fógraí taifeadta béil ina dhiaidh sin, agus mar sin de. Shamhlóinn go dtógfadh sé an méid sin ama arís leis na caighdeáin. Is é an rud atá ag teastáil ná go dtabharfaí sampla sa reachtaíocht, nó fiú mar chuid tánaisteach den reachtaíocht, ina leagfaí amach go soiléir céard iad na caighdeáin a bheas ann. Fiú amháin má tá scéimeanna teanga á ndaingniú amach anseo le linn an ama sin, ba chóir go mbeadh siad bunaithe ar céard a bheas ag teacht i bhfeidhm ó thaobh na gcaighdeán de. Ba chóir go mbeifí ag rá le comhlachtaí poiblí go bhfuil na caighdeáin seo ag teacht i bhfeidhm faoi cheann dhá bhlian agus go mbeidh caighdeáin leagtha síos ó thaobh suíomhanna gréasáin, an tairiscint ghníomhach agus foilseacháin de. Táimid ag iarraidh, go dtí go dtarlódh sé sin, go bhfeicfimid é sin mar chuid den scéim teanga.

Go raibh maith agat. An bhfuil aon cheist eile? Tá ceist dheireanach agamsa maidir le córas cúitimh agus fíneálacha. An raibh córas cúitimh i gceist? An raibh sé i bhfeidhm?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Ní raibh sé i bhfeidhm riamh. Níor tugadh feidhm dó sin laistigh den Acht riamh maidir le cúiteamh. Is ceist arís é sin, is dóigh, don Roinn nó don Aire feidhm a thabhairt dó sin ó thaobh-----

Tá sé ar intinn acu é sin a athrú go dtí córas fíneálacha. Cad é do thuairim faoi sin?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Má chuidíonn sé le comhlachtaí poiblí a n-aigne a dhíriú ar mholtaí atá déanta in imscrúduithe, chuideodh sé leis sin. Faoi láthair, don chuid is mó, cuirtear cuid mhaith de na moltaí a dhéantar i bhfeidhm, ach nuair nach gcuirtear, an t-aon áit atá le dul ansin ná Tithe an Oireachtais. Tá súil agam, ar aon nós, go gcuideodh sé liom cur ina luí ar dhaoine go bhfuil an dualgas seo orthu na moltaí a chur i bhfeidhm agus go bhfuil an chumhacht sin ann fíneáil a ghearradh. Go minic, feictear domsa, ní hé an tuairisc chuig Tithe an Oireachtais a théann i bhfeidhm ar dhaoine, ach an baol go bhféadfadh sé sin tarlú. Dá mbeadh an baol ann go bhféadfaí fíneáil a ghearradh seachas an fhíneáil féin, is cuidiú a bheadh ansin.

An fáth a ndeachaigh muid síos bóthar an chúitimh seachas bóthar na bhfíneálacha ná is é an costas céanna ar an eagraíocht é. Ach an smaoineamh a bhí ann ná go mbeadh go leor a scríobhfadh litir i nGaeilge, mar shampla, ag súil le freagra i mBéarla, dá gceapfaidís go bhfaighidís €10 nó €20 go bog as an Stát as. Má tá fíneáil i gceist ciallaíonn sé sin nach dtiocfaidh sé ag an té a ndéanfar an éagóir air nó uirthi. Is é an trua nár feidhmíodh é riamh é, ach dá bhfeidhmeofaí, cheap mé féin go mbeadh an cúiteamh níos fearr ná an fhíneáil, mar bheadh spreagadh ann do dhaoine an tseirbhís a lorg i nGaeilge agus bheadh win win situation. Gheobhaidís an tseirbhís i nGaeilge atá uathu, agus mura bhfaighidís i nGaeilge: lolly. Bheadh go leor daoine ag éileamh seirbhíse i nGaeilge ansin.

Mr. Colm Ó Coisdealbha

Is é sin foráil bhreise atá beartaithe anseo. Is dóigh liom go bhfanann alt----

Gabh mo leithscéal-----

Mr. Colm Ó Coisdealbha

Fanann an scéim chúitimh go dtí go dtiocfaidh foráil bhreise isteach gur féidir fíneáil a ghearradh. An rud atáimid a rá leis sin ná chaithfimis a bheith soiléir, má tá fíneálacha i gceist, céard a tharla do na fíneálacha. Cén dearadh a bheadh ar na fíneálacha? Cé a shocródh na fíneálacha? D'fhéadfaí breathnú air mar rud dearfach maidir leo gan dabht nó d'fhéadfaí breathnú ó thaobh diúltach orthu, ó thaobh fíneálacha a bheith á ngearradh agus go mbeadh ciorruithe ar sheirbhísí agus mar sin de. Tá sé tábhachtach é sin a shoiléiriú, is é sin an pointe atáimid á dhéanamh.

An bhfuil aon rud eile le rá ag an gcoimisinéir?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Gúim gach rath leis an tuarascáil a chur le chéile agus tá súil agam go n-éireoidh go maith leis sin agus go ndéanfar é go luath.

Tá súil agam nach mbeimid ar ais anseo an bhliain seo chugainn agus gan an tuarascáil. Go raibh míle maith agaibh, táimid thar a bheith buíoch díobh. Tá a fhios agam an t-uafás oibre atá curtha isteach ag na finnéithe. Bhí na cruinnithe thar a bheith cabhrach domsa agus don chléireach freisin.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach.

Beidh seisiún príobháideach againne anois ar feadh tréimhse.

Lean an coiste le gnó príobháideach, agus cuireadh an coiste ar fionraí ag 6.17 p.m. go dtí 6 p.m. Dé Mairt, 17 Aibreán 2018.