Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

Cuirim fáilte roimh gach duine, go háirithe roimh na hionadaithe ón Roinn, Aodhán Mac Cormaic agus Tríona Ní Mhathúna. Táimid ag leanúint ar aghaidh lenár ngrinnscrúdú réamhreachtach ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017. Seo deireadh leis an bpróiseas ó thaobh an phróisis féin de agus táimid i mbun oibre ar dhréachtphlean faoi láthair. Bhí an Dochtúir Mac Cormaic anseo ag an tús agus tá sé ar ais linn arís.

Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, go bhfuil finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thabharfaidh siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt amhlaidh, ní bheidh siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith a gcuid fianaise. Ordaítear dóibh gan fianaise a thabhairt ach amháin fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár cóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina n-ainm, ina hainm nó ina ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tionscnaimh seo a gcuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó maidir le hoifigeach ina ainm, nó ina hainm, ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Cad is mouthful i nGaeilge, bolgam an ea? Ba mhaith liom an bolgam sin a éascú ach ní féidir. Tosóimid leis an Dochtúir Mac Cormaic.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Léifidh mé an ráiteas oscailte. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an gcomhchoiste as an gcuireadh a thabhairt dom teacht ós a gcomhair arís le labhairt faoi Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017.

Tabharfaidh mé soiléiriú sa ráiteas seo maidir le nithe áirithe a bhaineann leis an mBille a bhfuil spéis ar leith ag baill an chomhchoiste iontu, mar a nochtadh i litir a chuir an cléireach chuig an Roinn le déanaí. Caithfear a chur san áireamh nach bhfuil gach rud a bheidh luaite agam faofa ag an Aire Stáit atá freagrach as an nGaeilge, an nGaeltacht agus na hOileáin nó ag an Rialtas go fóill agus gur uasdátú atá ann maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin agus dréachtaithe i leith an Bhille atá ar bun le tamall anuas.

Caithfear a chur san áireamh nach bhfuil gach rud a bheidh luaite agam faofa ag an Aire Stáit ar a bhfuil freagracht don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin nó ag an Rialtas go fóill agus gur uasdátú atá ann maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin agus dréachtaithe i leith an Bhille atá ar bun le tamall anuas. Beidh deis, dár ndóigh, ag baill an choiste tuilleadh plé a dhéanamh maidir leis na nithe seo ar ball, más mian leo.

Maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin atá ar bun, is féidir liom a dheimhniú gur chas oifigigh na Roinne, le linn an phróisis, le 13 cinn de na Ranna Stáit, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe san áireamh, agus le heagraíochtaí eile de chuid an Stáit. San áireamh anseo, bhí Oifig an Uachtaráin, Tithe an Oireachtais, Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, Oifig an Ard-Aighne, an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, an tSeirbhís Cúirteanna, Suirbhéireacht Ordanáis Éireann agus, dár ndóigh, Oifig an Choimisinéara Teanga. Tionóladh cruinnithe chomh maith le Conradh na Gaeilge agus le hionadaíocht ón earnáil dlí. Cuireann an réimse leathan tuairimí agus moltaí atá faighte ag an Roinn le linn an phróisis chomhairliúcháin seo leis na moltaí ón bpobal a tháinig isteach mar chuid den athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a rinneadh ceithre bliana ó shin. Tar éis an comhairliúchán seo uilig a chur i gcrích, tá an Roinn dóchasach go mbeifear in ann Bille a fhoilsiú roimh an tsamhraidh a dhéanfaidh an tAcht a láidriú ar mhaithe le seirbhísí d’ardchaighdeán a chur ar fáil do phobal labhartha na Gaeilge i gcoitinne agus do phobal na Gaeltachta ach go háirithe.

Bhí spéis ar leith ag baill den chomhchoiste i gceannteideal 9. Maidir leis an sprioc a bheidh sa Bhille 20% dóibh siúd a earcófar don tseirbhís phoiblí a bheith inniúil sa Ghaeilge, cé go gclúdóidh an sprioc seo an tseirbhís phoiblí uilig, caithfear a chur san áireamh gur córas casta é córas earcaíochta na seirbhíse poiblí agus go gcaithfear a bheith cúramach nach n-imreoidh cur i bhfeidhm fhorálacha an Bhille leasaithe tionchar diúltach ar riachtanais ghnó agus ar sheirbhísí na gcomhlachtaí poiblí. Is próiseas fadthéarmach a bheidh ann an sprioc de 20% a bhaint amach agus tá tús curtha ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le feachtais feasachta sna scoileanna dara leibhéal agus sna hollscoileanna ar mhaithe le daoine óga le Gaeilge a spreagadh le cur isteach ar phoist sa tseirbhís phoiblí. Bainfidh an sprioc de 20% le hearcaithe seachtracha amháin sa Bhille seo. Mar atá ráite i gceannteideal 9, is féidir leis an Aire Stáit coiste a bhunú chun comhairle a chur ar chomhlachtaí poiblí a bheas ag earcú daoine maidir le riachtanais Gaeilge na seirbhíse poiblí, rud a chuirfidh go mór le cumas na gcomhlachtaí freastal ar lucht labhartha na Gaeilge.

Maidir leis an gceist atá ardaithe i litir an chomhchoiste i dtaobh cearta fostaithe a rogha teanga a úsáid agus iad ag plé lena bhfostóirí, tuigfidh an comhchoiste nach bhfuil sa Bhille seo ach moladh reachtaíochta maidir le húsáid na dteangacha oifigiúla san earnáil phoiblí. Níl aon fhoráil sa Bhille maidir le cearta fostaithe san earnáil sin ceann de na teangacha oifigiúla a úsáid go hinmheánach ina gcuid eagraíochtaí. I ndáiríre, is é tuairim na Roinne seo nach bhféadfaí foráil den saghas sin a chur i bhfeidhm go dtí go gcuirfear le líon na n-oifigeach le Gaeilge atá ag obair sa Státchóras.

Ní bheadh sé indéanta, ach oiread, d’eagrais Stáit dáta a leagan síos faoina gcaithfeadh 20% dá gcuid fostaithe bheith inniúil sa Ghaeilge. Mar is eol don chomhchoiste, is cainteoirí Béarla aonteangacha iad formhór na ndaoine atá ag obair sa Státchóras faoi láthair agus, cé go gcuirtear cúrsaí oiliúna Gaeilge ar fáil dóibh, ní féidir iachall a chur ar na fostaithe seo an teanga a fhoghlaim mar gheall, go príomha, ar na coinníollacha conartha faoina bhfuil siad fostaithe. Anuas air sin, is féidir leis an Roinn daoine óga a spreagadh le dul ag obair sa Státchóras, rud atá á dhéanamh againn cheana fein, ach ní féidir iachall a chur orthu iarratais a dhéanamh ar na comórtais.

Maidir le ceannteideal 10, is léir ón méid atá ráite agam roimhe seo nach féidir a bheith ag súil go mbeidh gach seirbhís ón Stát ar fáil ar chomhchaighdeán sa dá theanga oifigiúil sa ghearrthéarma, nó fiú sa mhéanthéarma dar liom. Tá dlúthcheangal, dár ndóigh, idir cheannteideal 9 agus ceannteideal 10 den Bhille agus is léir gur próiseas fadthéarmach a bheidh ann an sprioc de 20% a bhaint amach agus líon agus caighdeán na seirbhísí i nGaeilge a ardú.

Is í aidhm na Roinne cáipéis a fhoilsiú in éineacht leis an mBille a leagfaidh amach samplaí de dhréachtchaighdeáin. Cuirfidh an cháipéis seo ar chumas Bhaill an Oireachtais tuiscint níos fearr a bheith acu maidir le dearadh na gcaighdeán seo agus díospóireacht cuimsitheach a bheith acu ar an ábhar. Leagfar na caighdeáin do gach earnáil síos i rialacháin a dhéanfaidh an tAire Stáit tar éis dul i mbun comhairliúcháin leis na earnálacha éagsúla, agus beidh siad le hathbhreithniú go rialta de réir mar a ndéanfar níos mó daoine le Gaeilge a earcú don Státchóras agus cumas comhlachtaí poiblí cur lena gcuid seirbhísí i nGaeilge méadaithe, dá réir. Is é an Coimisinéir Teanga a dhéanfaidh monatóireachta ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán agus tá i gceist sa Bhille cur le cumhachtaí an choimisinéara chuige sin, mar atá leagtha síos i gceannteideal 11. De bharr na ndúshlán atá léirithe agam roimhe seo, is léir go mbeidh ar an Roinn an rogha maidir le maolú a thabhairt do chomhlachtaí poiblí a bhreithniú nuair a thagann sé go dtí cloí le gnéithe áirithe de na caighdeáin. Tabharfaidh sé seo deis do na comhlachtaí áirithe seo cur le líon na gcainteoirí Gaeilge atá fostaithe acu ar mhaithe leis na caighdeáin atá leagtha síos don earnáil a bhaint amach. Is tríd an bpróiseas comhairliúcháin leis na hearnálacha éagsúla, dár ndóigh, a thiocfaidh na hiarratais seo ar mhaolaithe chun solais.

Is léir ón méid atá ráite agam anseo gur dúshlán a bheidh ann an córas nua seo a chur ag feidhmiú ar bhonn éifeachtach. Síleann an Roinn, áfach, gur fiú tabhairt faoin dúshlán seo ar mhaithe le feabhas a chur ar líon agus caighdeán na seirbhísí atá á chur ar fáil ag an Stát do phobal labhartha na Gaeilge agus do phobal na Gaeltachta araon.

Gabhaim buíochas le Dr. Mac Cormaic. Anois beidh ceisteanna. Gabh mo leithscéal, rinne mé dearmad fáilte a chur roimh an Seanadóir Niall Ó Donnghaile. Tá céad míle fáilte roimhe.

Gabhaim buíochas leis an Chathaoirleach. Bhí Gaeilge Uladh le cloisteáil sa chaoi inar bhfuaimnigh an Cathaoirleach "Ó Donnghaile". Gabhaim buíochas léi.

Gabhaim míle buíochas leis na finnéithe as teacht isteach anseo inniu. Táimid ag caint faoi Bhille an-tábhachtach anseo. Tá géarchéim ann ag an bomaite mar gheall ar an nGaeilge thart timpeall na tíre. Tá drochthaithí ag go leor daoine mar gheall ar sheirbhísí a fháil ón Stát trí Ghaeilge, go háirithe sa Ghaeltacht. Bliain i ndiadh bliana, nuair a thugann an Rialtas an deis do na heagraíochtaí Stáit rudaí a chur i bhfeidhm iad féin, teipeann orthu. Tá an taithí sin ag gach uile dhuine a bhíonn ag iarraidh dul i dteagmháil leis an Státsheirbhís ina theanga féin. Má phiocann duine an guthán suas inniu chun caint le haon cheann de na heagraíochtaí, beidh an t-ádh dearg air nó uirthí má tá sé nó sí in ann seirbhís a fháil sa Ghaeilge. Tá géarchéim ann agus tá an Bille seo de dhíth.

Táimse den tuairim go mba cheart go mbeadh spriocdhátaí ann. Muna bhfuil spriocdhátaí ann, ní tharlóidh aon rud in am ar chor ar bith. Sleamhnaíonn rudaí siar i gcónaí nuair nach mbíonn spriocdhátaí ann. Sin an chéad fhaitíós atá ormsa mar gheall ar an eolas ar thug Dr. Mac Cormaic dúinne inniu. Sa díospóireacht a bhí againn le Conradh na Gaeilge agus na heagraíochtaí eile, dúradh linne go mba cheart go mbeadh sé seo curtha i bhfeidhm ó 2020 agus go mbeadh muid ag tosnú ar an mbóthar seo.

Is é an dara rud ná go bhfuil an cuma ar an scéal go bhfuil gach rud srianta agus go bhfuil an Roinn ag caint faoi earcaíocht sheachtrach amháin. Cé mhéad duine a thagann isteach sa chóras sin ó taobh amuigh gach bliain ar an meán? Cén saghas comhréire atá ann idir na daoine sin agus na daoine a earcaítear go hinmheánach? Tá mé ag iarraidh fáil amach cé mhéad duine atá i gceist anseo chun go mbeidh mo chuid eolais níos cruinne. An bhfuil muid ag caint faoin Státseirbhís amháin nó faoin seirbhís phoiblí ar fad?

An triú rud, bhí an finné ag caint faoin gcaighdeán. Ní bheidh an caighdeán céanna ag na seirbhísí sa dá theanga, ní hamháin sa ghearrthéarma ach sa mheántéarma freisin: ní bheidh siad le fáil. An bhfuil sé sin i gceist san Ghaeltacht agus san Ghalltacht? An féidir méad bliana a chur ar "an meántéarma" don choiste chun go mbeimid ar an eolas? Cathain go díreach atá sé i gceist cearta teanga a thabhairt do dhaoine thart timpeall na tíre? Tá an Roinn ag caint faoin Bhille a fhoilsiú roimh an samhradh so ciallaíonn sé sin nach mbeidh sé ag tosnú tríd na Dála go dtí b'fhéidir Mí Dheireadh Fómhair nó Mí na Samhna. B'fhéidir go bhfreagrófaí na ceisteanna sin ar dtús.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Luaigh an Teachta spriocdhátaí agus spriocam a leagan síos. An sprioc a bheas ann, is aidhm ginearálta a bheas ann sa Bhille mar tá ráitis taobh istigh de cheannteideal 10 maidir leis an 20%. Beidh sé sin i bhfeidhm ón chéad lá agus beidh ar aon chomhlacht poiblí a bheas ag earcú breathnú air agus aird a thabhairt ar an sprioc de 20%. Níl aon spriocdháta leagtha síos dó sin mar beidh sé i bhfeidhm a luaithe agus atá an reachtaíocht achtaithe; beidh sé sin i bhfeidhm. Is cinéal overarching aim atá ansin le haghaidh na poist sin a líonadh. Maidir le spriocanna eile a bheas leagtha amach, mar shampla sna rialacháin, tógfaidh mé earnáil na tríú leibhéil mar shampla maidir leis an chaighdeán. Beidh cuid den earnáil sin ag rá go bhfuil na caighdeáin ann, b'fhéidir go bhfuil ceann anseo agus ansiúd nach féidir leo a bhaint amach nó nach bhfuil siad in ann a chomhlíonadh faoi láthair. Sula ndéanann an tAire na rialacháin, beidh orainn dáta a leagadh síos faoin a mbeidh ar an institúid áirithe sin an sprioc sin a bhaint amach. Samhlaímid go mbeimid ag leagadh síos spriocdhátaí ansin d'aon dream nó comhlacht poiblí atá ag cuardú díolúine nó maolaithe ó cheann de na caighdeáin, go mbeidh spriocdáta tugtha dóibh agus go mbeidh orthu díriú ansin ar dhaoine a earcú le haghaidh na seirbhísí sin a chur ar fáil roimh an spriocam áirithe sin. Níl a fhios agam an bhfreagraíonn sé sin ceist an Teachta.

Mar a dúirt an finné, beidh aidhm ghinearálta ann. Beidh ar an Státseirbhís breathnú ar na rudaí agus beidh féinrialú ann mar beidh siad ag cruthú na spriocanna iad féin le haghaidh rudaí a chur isteach.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Ní hea. Beidh coiste i gceist. Tá foráil sna ceannteidil faoina mbeidh an tAire ag bunú coiste le comhairle a chur ar aon dream atá ag déanamh earcaíochta. Mar shampla, tá An Garda Síochána ann agus tá an Seirbhís um Cheapacháin Phoiblí ann. Déanann cuid de na Ranna a earcaíocht féin ar cheadúnas. Shamhlóinn go mbeadh clár oibre leagtha amach ag tús gach bliain do na comhlachtaí seo a bheas ag déanamh earcaíochta. Beidh muidne ar an gcoiste ag suí síos leo agus ag cur comhairle orthu faoi aon ghné a fheicimid, mar shampla, le haghaidh tús áite a thabhairt don Ghaeltacht. Má tá cohórt de dhaoine le tabhairt isteach ag comhlacht poiblí, beidh muidne in ann a insint dó go bhfuil gá le daoine le Gaeilge má tá siad ag freastal ar lucht na Gaeltachta nó earnáil na Gaeilge ansin. Is é aineolas trasna an Státchórais uilig maidir leis na riachtanais Gaeilge go leor den fhadhb. Sin an core gnó atá againne. Tagann sé go dtí croílár ghnó na Roinne go bhfuil spéis agus cur amach againne maidir le cúrsaí teanga agus na riachtanais atá ann. Beidh muidne istigh ag cur comhairle ar an earnáil mar chuid den choiste comhairleach seo.

I mo thuairim tá an Ghaeilge-----

Lig dó na ceisteanna a fhreagairt a Theachta. Ag dul ar ais go dtí an cheist a chuir an Teachta faoin 20%, níl spriocdháta i gceist, sin a thuig mé ón méid a dúirt Dr. Mac Cormaic.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Beidh sé ann ar an gcéad lá.

Tuigim. Beidh sé mar dhlí.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Beidh sé ann mar ollaidhm san Acht agus ansin beidh orainne, leis na rudaí eile, daoine a spreagadh le cur isteach ar an gcomórtas.

But níl spriocdháta i gceist. Sin bun agus barr an scéil ag an bpointe seo. Sin mo thuiscint. Lean ort leis an gceisteanna eile.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Arís beimid ag dul tríd na cláir oibre. Samhlaím go mbeadh an coiste comhairleach ag cur comhairle ar aon dream atá ag déanamh earcaíochta i rith na bliana agus go mbeimid ag cur comhairle orthu tríd an gcoiste comhairleach seo maidir leis na riachtanais atá ann don Ghaeltacht. Tá sé an-deacair spriocam a chur ann. Tá sé ar nós duine a bheith ag tiomáint ar an mótarbhealach go Baile Átha Cliath inniu. Dá mbeadh an duine ag dul ar luas ró-ard bheadh na gardaí in ann a rá gur stop siad é mar gheall ar a iompar pearsanta, go raibh sé ag dul ró-sciobtha. Níl aon smacht againne ar líon na ndaoine a chuireann isteach ar na comórtais seo. Níl aon smacht againne ar iompar pearsanta an duine so ní féidir linne aon ghealltanas a thabhairt go mbeimid in ann é seo a chomhlíonadh roimh spriocdháta áirithe, ach is bealach é atá ann go mbeimid istigh i lár an phróisis, rud nach raibh ann go dtí seo. Is an Roinn a bhfuil freagracht na Gaeilge agus na Gaeltachta uirthi muidne agus beimid istigh i lár an phróisis agus earcaíocht ag tarlú.

An fhadhb atá agamsa ná go bhfuil an Ghaeilge tinn le comhairle i ndáiríre. An rud atá de dhíth ar an nGaeilge ná cinntí daingne. Tá an Rialtas ag rá go bhfuil siad ag iarraidh rudaí a dhéanamh agus ag cur na tacaíochta i bhfeidhm mar gheall ar na haidhmeanna sin a bhaint amach. Tá na spriocdhátaí anseo agus tar éis tamaill, muna bhfuil siad comhlíonta, beidh píonós ann. Beidh baic mhóra ann ag an deireadh, muna bhfuil an jab déanta. Caithfidh go mbeadh sé réalaíoch. Caithfidh go mbeadh an Stát in ann é a chomhlíonadh, ach i ndáiríre, dá mbeadh an Rialtas ag cur na tacaíochta cuí isteach beidh siad in ann é a dhéanamh. Ceapaim nach mbeidh sé sin inghlactha mar gheall ar an gcoiste seo nó b'fhéidir mar gheall ar an Dáil freisin.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Mar a dúirt mé beidh uirlis ann leis na rialacháin agus leis an gcóras maolaithe seo a bheas ann do na rialacháin so má leagann an tAire síos caighdeán ná rialachán agus má thagann comhlacht poiblí chugainn ag rá nach bhfuil siad in ann an tseirbhís sin a chur ar fáil sa Ghaeltacht faoi láthair, beidh an tAire in ann a rá go bhfaighidh siad maolú ón gcaighdeán sin go fóill ach faoi am áirithe, bíodh sé dhá bhliain, trí bliana nó sé mhí, caithfidh siad an caighdeán sin a chomhlíonadh. Beidh an oscailt ag an Aire ansin sna rialacháin le haghaidh spriocdhátaí a leagfar síos.

Na ceisteanna eile más é do thoil é.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Tá brón orm. Maidir leis an nGaeltacht, táimid ag iarraidh tús áite a thabhairt don Ghaeltacht. Tá cuid againn inár gcónaí sa Ghaeltacht agus níl sé sásúil go mbeadh seirbhísí trí mheán an Bhéarla á dtabhairt do mhuintir na Gaeltachta. Sa rud seo agus muid ag leagan síos caighdeán, beidh tús áite á thabhairt don Ghaeltacht. Sna caighdeáin sin, agus na rialacháin a dhéanann an tAire, beidh an deis spriocanna a leagadh síos le haghaidh oifigí áirithe agus le haghaidh caighdeán a chur i bhfeidhm sna hoifigí sin taobh istigh de spriocdhátaí.

Tabharfaidh mé deis don Teachta Tóibín teacht isteach arís. Bhí ceist eile maidir le daoine a earcú ón taobh amuigh agus go hinmheánach.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Luaigh an Teachta an cóimheas idir earcaíocht inmheánach agus earcaíocht sheachtrach, ach tá brón orm a rá nach bhfuil na figiúirí sin agam. Gheobhaidh mé na figiúirí dó.

An bhfuil na figiúirí ar eolas ag an Dr. Mac Cormaic go ginearálta?

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Ní mhaith liom tuairim a thabhairt go garbh gan aon bhunús a bheith leis. Baineann an Bille seo le hearcaíocht sheachtrach go príomha. Is ansin atá an smacht againn. Táimid in ann oibriú leis an Public Appointments Service agus dreamanna eile atá ag earcú daoine nua le córais a chur i bhfeidhm chun teacht ar dhaoine le Gaeilge. Faoi láthair, taobh istigh d'aon chomhlacht poiblí táthar ag brath ar dhea-thoil ó dhaoine atá ag obair san earnáil. Mar a mhínigh mé ag an gcoiste seo cheana, bíonn drogall ar dhaoine scaití a lámh a chur suas agus a rá go bhfuil Gaeilge acu, mar go gcríochnaíonn siad suas le chuile shaghas aistriúcháin agus glaoch teileafóin. Is bocht an rud é go dtarlaíonn sé seo, ach tuigim an fáth atá leis. Is fadhb dhaonna í an deacracht seo. Bíonn muid ag brath ar dhea-thoil na ndaoine atá ag obair sa chóras cheana. Tá an reachtaíocht seo dírithe ar earcaíocht sheachtrach.

An bhfuil dáta foilseacháin i gceist?

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Thóg sé beagáinín níos faide ná mar a cheap muid. Tarlaíonn sé seo leis an teanga i gcónaí. Mar is eol d'aon duine atá ag plé le cúrsaí teanga, tá rud bunreachtúil ann. Caithfimid bheith an-chúramach faoi aon rud atá beartaithe againn. De réir an Bhunreachta, ní féidir dul siar ar rudaí atá bainte amach cheana féin. Caithfimid bheith cúramach. Cheadaigh an Rialtas na ceannteidil seo bunaithe ar an tuiscint go mbeadh tuilleadh comhairliúcháin á dhéanamh againn le comhlachtaí poiblí, leis an gCoimisinéir Teanga, leis an gcoiste seo agus le dreamanna eile. Tá an próiseas ag tógáil beagáinín níos faide dá bharr sin. Táimid fós ar sceideal leis an reachtaíocht a fhoilsiú roimh an samhradh.

Ba mhaith liom teacht isteach arís ar feadh cúpla soicind.

No. Caithfidh mé deis a thabhairt do chuile dhuine. Tiocfaidh mé ar ais go dtí an Teachta Tóibín.

Tá reachtaíocht an-tábhachtach á plé againn ag am ina bhfuil an-bhrú ar an nGaeilge agus ar an straitéis 20 bliain. Bhí sé soiléir ag an gceiliúradh mór ag an deireadh seachtaine go bhfuil dea-thoil ann, go háirithe i measc an phobail. Ós rud é go bhfuil an t-éileamh ann, caithfear an dea-thoil atá luaite agam a fheiscint laistigh de na córais éagsúla. Teastaíonn ó dhaoine bheith in ann plé leis an Roinn. Nuair a chuireann siad glaoch ar oifig Stáit, táthar ag súil go mbeidh duine ar fáil ionas go mbeidís in ann a gcuid gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.

Tá an sprioc de 20% an-tábhachtach. Aontaím gur cheart tosú láithreach le daoine nua a thógaint isteach. Tá earcaíocht inmheánach ag teastáil i dtaobh na ndaoine atá laistigh den chóras faoi láthair. Glacaim leis nach bhfuil figiúirí cruinne ag an Dr. Mac Cormaic. Shamhlófaí go mbeadh an-chuid daoine ag teacht suas tríd an gcóras. An dóigh leis an Dr. Mac Cormaic go mbeadh aon sprioc oiriúnach chuige sin? Measaim go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeadh sprioc ansin. Tuigim ón Dr. Mac Cormaic nach bhfuil aon sprioc in aon chor á leagadh síos maidir le cúrsaí inmheánacha. Shamhlóinn go mbeadh an-chuid daoine ag bogadh laistigh den chóras. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh tréimhse ama áirithe mar sprioc chomh maith, ní hamháin ionas go mbeadh daoine ábalta plé leis an bpobal ach freisin ionas go mbeadh daoine le Gaeilge in ann druidim suas tríd an gcóras agus ról ceannaireachta níos mó a ghlacadh. Go minic, ní bhíonn an t-oifigeach Gaeilge in a lán eagraíochtaí suas ar barr an liosta ceannaireachta. Mar sin, tá sé tábhachtach go mbeadh rud éigin ann chun daoine a bhrú suas. Ba cheart go mbeadh an córas ag brú ar aghaidh muintir na Gaeilge agus go mbeadh sprioc leagtha síos sa chomhthéacs sin.

Tá sé ráite go mbeidh an tAire Stáit ag leagadh síos caighdeáin agus ag seoladh amach ciorcláin chuig na heagraíochtaí éagsúla. An í an tuiscint atá ann ná go mbeidh an sprioc, i dtaobh an méid duine lena mbeifear ag glacadh, laistigh de sin? An mbeadh an leibhéal nó an caighdeán a bheidh le baint amach ag na heagrais éagsúla á chinntiú? An bhfuil an ceart agam a leithéid de thuiscint a thógaint ón Dr. Mac Cormaic? An mbeadh aon cheannas air sin? An mbeadh sé seo ag gluaiseacht an t-am ar fad?

Dúirt an Dr. Mac Cormaic go bhfuil sé dóchasach go bhfoilseofar an reachtaíocht roimh an samhradh. Creid nó ná creid, in ainneoin na haimsire, táimid ag druid i dtreo an tsamhraidh. An dóigh leis an Dr. Mac Cormaic go mbeidh an Bille againn go gairid ionas go mbeidh deis againn é a phlé roimh an samhradh, nó an bhfuil sé ag féachaint ar spriocdháta an-déanach sa samhradh? An bhfuil baol ann go mbeimid ag sleamhnú isteach san fhómhar sar a bheidh aon deis againn an reachtaíocht a phlé?

Braithim go bhfuil na spriocanna atá luaite agam an-tábhachtach. Tá an Roinn tar éis plé a dhéanamh le roinnt de na rannóga difriúla agus na córais dhifriúla. An bhfuil aon tuairim faighte uathu i dtaobh líon na ndaoine atá ag lorg poist Ghaeilge? Cén t-éileamh atá ann? Shamhlóinn go mbeadh figiúirí ag na heagraíochtaí ar fad agus go mbeadh sé soiléir go bhfuil daoine ann a bheadh in ann tosú tapa go leor. Cén saghas figiúirí atá faighte ag an Roinn ó na rannóga éagsúla maidir le héileamh?

Iarraim ar an Dr. Mac Cormaic na ceithre cheist atá curtha ag an Teachta Ó Muimhneacháin a fhreagairt.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Tá cúig cinn nótaithe agam.

Iontach.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Aontaím leis an Teachta Ó Muimhneacháin faoin oiread dea-thola atá ann. Chonaic muid ar na sráideanna é Dé Sathairn seo caite. Nuair a d'fhreastail mé ar an tsiúlóid sin, thug mé faoi deara an dea-thoil ní hamháin ó na daoine a bhí ag siúl ach freisin ó na daoine ar thaobh na sráide a bhí ag glacadh grianghraf agus chuile rud. Nuair a théim isteach i dtacsaithe i mBaile Átha Cliath, cloisim na tiománaithe ag rá gur bhreá leo bheith in ann labhairt i nGaeilge. Aontaím leis an Teachta go bhfuil an dea-thoil sin ar fáil chuile lá.

Maidir leis an éileamh ar na poist, is léir ó chuid mhaith den aiseolas atá faighte againn ó dhaoine sna Ranna agus sna heagraíochtaí éagsúla go mbíonn deacrachtaí acu daoine le Gaeilge a fháil. Níor mhaith liom a rá go bhfuil fadhb ann leis na córais atá ann faoi láthair le haghaidh daoine a earcú. Is dócha go bhfuil an córas sin dírithe ar uimhreacha, go háirithe nuair a thagann uimhreacha móra isteach. Nuair a rith an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí comórtas le haghaidh oifigigh cléireachais cúpla bliain ó shin, chuir thart ar 28,000 duine iarratas isteach. Caithfear teacht ar bhealach chun a leithéid de chomórtas a bhainistiú. Ag an tús, déanann siad tástáil shíciméadrach ar na hiarratasóirí agus faigheann an próiseas sin réidh le go leor de na daoine a chuireann isteach ar na comórtais seo. Glacaim leis go mbíonn go leor Gaeilgeoirí i measc an chohóirt a chuirtear as an iomaíocht ag an bpointe seo. Labhair muid cheana leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí maidir leis an gcóras sin a athrú b'fhéidir chun Gaeilgeoirí a choinneáil istigh sa chomórtas. Ag deireadh an lae, tá an Rialtas tar éis na sprice a leagan amach go bhfuil siad ag iarraidh tuilleadh daoine le Gaeilge a fháil isteach sa Státchóras. Caithfimid oibriú leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, agus na dreamanna eile ar nós an Gharda Síochána atá ag earcú seirbhíseach poiblí, le teacht ar chóras le haghaidh cohórt níos mó le Gaeilge a fháil isteach sa chóras. Is cinnte ón aiseolas atá faighte againn ó go leor de na comhlachtaí agus na Ranna atáimid ag caint fúthu go bhfuil cinn orthu teacht ar dhaoine le Gaeilge tríd an gcóras atá ann. Caithfimid dul i ngleic leis an bhfadhb sin a réiteach.

Maidir leis an gcoiste comhairleach a bhí mé ag caint faoi, nuair a shuíonn muid síos leis na heagraíochtaí uilig a déanann earcaíocht, tiocfaimid ar bhealach le dul i ngleic leis sin. Níl ansin ach cuid den fhadhb. Caithfimid daoine a spreagadh le cur isteach ar na comórtais freisin. Maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin, cuirfear dréachtchaighdeán amach go dtí earnáil. Má phioctar earnáil amháin, déanann muidne dréacht amach de chaighdeán a bheadh muid ag súil leis agus déanfar é sin bunaithe ar eolas atá againn cheana féin. Tá go leor eolais againn a fuair muid mar chuid den athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Cuirfidh muidne dréacht amach le haghaidh comhairliúcháin ansin agus beidh deis ag an earnáil, agus ag an bpobal freisin, ionchur a bheith acu maidir leis an dréacht agus an dearadh don chaighdeán seo. Sin a bheadh muid ag súil go dtarlódh ansin. Tar éis an phróisis comhairliúcháin phoiblí, samhlaím go mbeadh muidne ag suí síos leis an earnáil mar ghrúpa le hionadaithe. Más san earnáil triú leibhéal atá sé, tiocfaidh na hollscoileanna le chéile agus suímid síos leo le haghaidh na gcaighdeán a leagadh amach. Beimid ag iarraidh go mbeidh siad dúshlánach. Nílimid ag iarraidh críochnú suas leis an gcaoi a bhfuilimid leis na scéimeanna teanga, cuid acu gan aon dúshlán ann faoi láthair. Táimid ag iarraidh go mbeidh rudaí dúshlánacha ann agus go mbeidh spriocanna leagtha síos. Muna bhfuil siad in ann cuid de na dúshláin sin a bhaint amach láithreach bonn, beidh spriocanna leagtha amach sna caighdeáin sin, sna díolúintí a bheas sna caighdeáin, do chomhlachtaí áirithe le haghaidh na caighdeáin a bhaint amach tar éis cúpla bliain. Sin an bealach a oibreoidh sé sin. Tá súil agam go bhfreagraíonn sé sin an cheist ar an gceann sin.

Tagraím don chóras maidir le spriocanna inmheánacha. Beidh sé deacair aon rud a dhéanamh go hinmheánach. Ar an bpointe a dtosaíonn duine ag caint faoi rudaí a dhéanamh go hinmheánach agus sruthanna áirithe de dhaoine le Gaeilge a chur isteach sa chóras, d'fhéadfadh impleachtaí a bheith ansin agus d'fhéadfadh spéis a bheith ag na ceardcumainn ansin. Ní bheadh siad iontach tógtha leis an smaoineamh. Caithfimid a bheith airdeallach faoi sin. D'fhéadfaimis deacrachtaí a chruthú ansin agus níos mó trioblóide a tharraingt orainn féin agus muid ag iarraidh córas nua a chur isteach.

Tá deacrachtaí ann cheana féin don phobal nuair nach bhfuil cainteoirí ar fáil dóibh.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Tá. Is rud é a d'fhéadfaimis breathnú air. Ag deireadh an lae is é an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a bhíonn ag deileáil leis na ceardcumainn ar bhonn náisiúnta. Táimid in ann labhairt leo agus féachaint cad a gceapann siad faoi sruth a thabhairt isteach go hinmheánach. Glacaim le pointe an Teachta. Dá mbeadh daoine ann, is cinnte go bhfuil cohórt de dhaoine a labhraíonn Gaeilge, go bhfuil cumas labhartha na Gaeilge acu, sa Státchóras cheana agus nach bhfuilimid ag cloisteáil fúthu ar chor ar bith mar níl siad sásta a lámh a chur suas. B'fhéidir dá mbeadh muid in ann structúr gairme a chruthú dóibh siúd atá ag úsáid na Gaeilge go mbeadh deis ansin. Glacaim le pointe an Teachta agus is rud é sin gur ceart dúinn breathnú air.

An bhfuil amscála i gceist?

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Dar ndóigh, is féidir leis na daoine inmheánacha atá ag obair sa Státchóras cheana cur isteach ar na comórtais sheachtracha freisin. Is deis é sin. An rud a bhaineann leis na comórtais sin ná go bhfuilimid in ann a rá le daoine, má fhaigheann siad post tríd an sruth Gaeilge sna comórtais sheachtracha, go gcaithfidh siad a bheith sásta feidhmiú trí Ghaeilge nuair atá siad sa chóras ar feadh an tsaoil ghairmiúla.

Tagraím don spriocdháta. Caithfimid dul ar ais chuig Oifig an Ard-Aighne chuig an dréachtóir le roinnt mhaith stuif anois, stuif breise le tuilleadh oibre a thabhairt di agus beidh tuairim i gceann cúpla seachtain eile againn faoin sprioc sin. Táimid thar a bheith dóchasach go mbeidh sé foilsithe roimh an samhradh ach níl mé in ann a rá cén uair go baileach ag an bpointe seo. Cinnte, tá muidne agus an tAire Stáit ag iarraidh spás a fháil ar amchlár na Dála nuair a bheas an Bille seo foilsithe. Níl aon easpa tola polaitiúla ansin. Tá muidne agus an tAire Stáit ag iarraidh é a bhrú chun cinn comh sciobtha agus is féidir.

Ba mhaith liom sampla a thabhairt den fhadhb atá ann anois mar gheall ar an gcur chuige atá ag an Rialtas faoin rud seo. Sa Ghaeltacht tá sé mar aidhm ag an Rialtas go mbeidh deis ag gach páiste sa Ghaeltacht a chuid oideachais a dhéanamh go hiomlán i nGaeilge. Tá sé lárnach don straitéis 20 bliain. Fós, níl ach 46% de na páistí sa Ghaeltacht ag freastal ar naíonra lán-Gaelach. Tá móramh na páistí ag freastal ar naíonra i mBéarla. Má chuirtear córas i bhfeidhm chun go mbeidh Gaeilge ag daoine nua san earnáil sin a bheith earcaithe agus gan aon rud a dhéanamh leis na daoine atá ann cheanna, tógfaidh sé na blianta go dtí go mbeidh na foirne sna heagraíochtaí sin in ann Gaeilge a mhúineadh do na páistí atá ann. Má chuirtear continuing professional development, CPD, mar a déarfadh duine i mBéarla, ar fáil ina mbeadh na daoine ag obair lá i ndiaidh lae ar chruinneas a chur ar a chuid Gaeilge, beidh sé indeánta an córas a athrú i bhfad níos tapúla. Sin an rud a dhéanfadh duine dá mbeadh duine dáiríre faoi agus ní bheadh aon ghá fanacht le haghaidh 20, 30 nó 40 bliain chun é sin a bheith ann. Dúirt an finné féin nach bhfuil an Rialtas in ann iachall a chur ar dhuine iarratas a chur isteach ar phost agus Gaeilge a bheith acu ach tá go leor slite cliste ann mar gheall ar dhaoine a dhreasú chun post a thógáil. Fadó, nuair a bhí siad ag iarraidh go mbeidh daoine ag múineadh sa Ghaeltacht, thug siad síntiús don mhúinteoir ionas go mbeidh sé nó sí in ann múineadh i nGaeilge do pháistí sa Ghaeltacht. Aon duine atá ag earcú le haghaidh comhlachta amuigh ansin, má tá scileanna áirithe de dhíth orthu, gheobhaidh siad slite chun an t-éileamh a chruthú i measc na ndaoine ar na poist sin. I mo thuairim, ní bheidh an Bille mar atá sé ag an Rialtas ag an mbomaite maith go leor do mhuintir na Gaeltachta, ní bheidh sé maith go leor le haghaidh muintir na hÉireann agus ní bheidh sé maith go leor le haghaidh an Oireachtais ach oiread.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Luaigh an Teachta naíonraí. Ní seirbhísigh phoiblí na daoine atá ag obair ann ach glacaim leis an sampla atá i gceist. Beidh impleachtaí anseo agus beidh tionchar ag an gcóras pleanála teanga air seo freisin sa Ghaeltacht, mar shampla. Mar nuair a bheas na daoine seo fostaithe ag na fóraim áitiúla pleanála teanga, beidh deis ansin ag na daoine seo dul agus áitreabh ar chuid de na seirbhísí naíonra mar shampla atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla agus b'fhéidir iad a spreagadh le dul i dtreo feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Feictear domsa go bhfuil ról againne anseo agus tá ról ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige freisin áitreabh ar naíonraí nó crèches atá ag feidhmiú sa Ghaeltacht agus cinn nua atá le bunú go mbeidh siad ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Táimid ag caint leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige faoin gceist áirithe sin faoi láthair agus táimid ag súil go mbeidh rud éigin sa phlean cúig-bliana atá luaite agam cheana maidir leis an gceist sin. Tá féidearthachtaí ansin. Tá crèche amháin in aice leis an áit in a bhfuil mé ag cur fúm.

Tá sé ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla sa Ghaeltacht ach bímse ag breathnú ar dhaoine a bhfuil aithne phearsanta agam orthu ag siúl isteach ag an obair chuile lá agus togha na Gaeilge acu. Dá bharr, ní thógfadh sé mórán do ghnólacht mar sin a chur ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge mar tá na hacmhainní acu. B'fhéidir go bhfuil sé difriúil i gceantair laga Gaeltachta. Táim cinnte go mbeadh cúinsí difriúla ansin. Tá jab againne mar Roinn agus ag an údarás go mbeadh áit ag na dreamanna sin a bheith ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge.

Déanann Dr. Mac Cormaic an pointe domsa, i ndáiríre, go bhfuil an t-éileamh ann ach tá an Rialtas ag cur baic ar an dul chun cinn mar gheall ar sholáthar a dhéanamh ar an éileamh atá ann.

Tá sé cosúil leis na Gaelscoileanna. Tá 23% de thuismitheoirí thart timpeall na tíre ag iarraidh go mbeidh a gcuid páistí ag dul go dtí na Gaelscoileanna. Tá 5% ag fáil an t-oideachas seo agus níl an Rialtas ag déanamh aon rud faoi ar chor ar bith ag an mbomaite seo. Níl Gaelscoil nua le bheith ann i mbliana, agus níl aon chóras inmheánach chun aistriú ó scoil Bhéarla go dtí scoil Ghaeilge. Tá dualgais ar na comhairlí contae agus na comhairlí cathrach oifigeach Gaeilge a bheith acu. I gContae na Mí, le dhá Ghaeltacht, tá an post sin mar cheann de na dualgais atá ag duine amháin. B'fhéidir go bhfuil sé sa tríú, sa cheathrú nó sa chúigiú háit mar gheall ar thosaíocht na ndualgas sin. An rud atá mé ag iarraidh a chur in iúl do na finnéithe ná mura bhfuil an Rialtas ag leagan síos rialacha daingne agus spriocdháta daingean agus tacaíocht chuí ní bhainfimid amach na haidhmeanna atá anseo. Beidh daoine eile ag caint faoi seo i gceann 20 bliain agus ag rá "cad a tharla don Bhille sin?"; b'shin mo thuairim.

Go raibh maith agat a Theachta. Níl aon duine eile ar mhian leis nó léi labhairt. Bhí mé lán de dhóchas nuair a thosaigh an próiseas seo. Níl mé lán de dhóchas inniu. Tá a fhios agam go bhfuil an t-uafás oibre curtha isteach ag Dr. Mac Cormaic go pearsanta, dá bharr ní rud pearsanta é seo. Táim ag éisteacht agus táim ag breathnú. Ní dóigh liom go bhfuil fianaise ar bith go bhfuil tuiscint ag an Roinn go bhfuil géarchéim ann ó thaobh na Gaeilge de. Tá sé de phribhléid agam a bheith i mo shuí anseo. Tháinig an Coimisinéir Teanga os ár gcomhair faoi thrí is dócha; faoi dhó ar aon nós. Tá tráchtaireacht faoi chóras na scéimeanna teanga agus an teachtaireacht láidir, tá sé teipthe go huile is go hiomlán. Tá aighneachtaí foilsithe againne ó 13 dhream, Conradh na Gaeilge san áireamh. Tá an tUasal Mac Cárthaigh linn agus beidh sé ag teacht os ár gcomhair i gceann tamaillín. An téama céanna atá le cloisteáil go bhfuil géarchéim ann ó thaobh na Gaeilge de, tá gá le beart práinneach a dhéanamh agus spriocdháta agus sprioc-amanna. Faraor géar, ní fheicim aon ní ann, agus níl mé ag iarraidh a bheith diúltach. Níl mé lán de dhóchas inniu. Ní fheicim go bhfuil práinn i gceist ar chor ar bith anseo. Le dhá bhliain anuas táimid inár suí anseo agus an teachtaireacht chéanna, tá gá ann agus is é croílár na faidhbe ná easpa foirne agus scéim nua ó thaobh na scéimeanna teanga a thabhairt isteach. Is é an scéim nua scéim ó thaobh caighdeán de. Is é croílár na faidhbe ná foireann le Gaeilge agus le hinniúlacht sa Ghaeilge.

Cén dáta a cheapann an Dr. Mac Cormaic go mbeimid in ann seirbhísí a thabhairt do dhaoine i nGaeilge mar atá tuillte acu faoin dlí, óna thaobh pearsanta agus ó thaobh na Roinne?

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Níl mé anseo le tuairim phearsanta a thabhairt, a Chathaoirligh-----

Glacfaidh mé le haon tuairim ag an bpointe seo ó thaobh spriocama-----

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Caithfidh mé teacht aníos agus caithfidh mé féin agus an fhoireann atá agam teacht aníos le píosa reachtaíochta a bheimid in ann a chur ag feidhmiú.

An aontaíonn an finné go bhfuil géarchéim ann ó thaobh na Gaeilge de?

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Aontaím leat agus is léir ó fhigiúirí an daonáirimh go bhfuil deacrachtaí ann-----

Tá níos mó ná deacrachtaí ann. Gabh mo leithscéal, ligfidh mé do Dr. Mac Cormaic leanúint, táim ag cur isteach air.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Níl na figiúirí a tháinig amach go hiontach. Ní fhéadfaidh aon duine é sin a shéanadh. B'fhéidir go bhfuil cúinsí eile mar gheall ar na figiúirí sin. Níl sé sin soiléir ach an oiread. Aontaím nach bhfuil na figiúirí iontach agus caithfimid é sin a aithint.

An plé faoi na spriocanna, tá deis sna caighdeáin. Mar a dúirt mé leis an Teachta Tóibín, beidh an sprioc sin, an ollsprioc de 20%, istigh ann ón gcéad lá nuair a bheidh an Bille achtaithe. Ansin, beidh an tAire Stáit in ann spriocanna a leagadh síos sna rialacháin. Is é sin an áit a bheidh na spriocanna. Nuair a thagann sé go dtí an Ghaeltacht, mar shampla, beidh deis ag an Aire Stáit, i gcomhar leis an bpobal agus leis an earnáil, spriocanna réalaíocha a thugann deis do na comhlachtaí éagsúla sna cúinsí éagsúla atá ann le daoine a earcú le Gaeilge i bhfianaise na hollaidhme sin de 20% a leagan síos.

Ba mhaith liom a rá freisin go bhfuil rud difriúil faoin mBille seo nach raibh in aon Bhille eile a bhí ag plé leis an gceist seo, nó aon pholasaí a bhí ann feictear dom. Is muid an Roinn atá freagrach as cúrsaí Gaeilge agus cúrsaí Gaeltachta agus beidh muid i lár an phróisis maidir le hearcú a dhéanamh ar dhaoine le Gaeilge agus is rud é sin nach raibh ann go dtí seo. Beidh muid istigh ar an gcoiste comhairleach agus ag iarraidh ar na comhlachtaí poiblí a bheidh ag déanamh earcú ar dhaoine an sprioc sin a chur i bhfeidhm agus tuilleadh daoine a earcú. Beimid ag caint leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí freisin maidir leis na córais a athrú chun tuilleadh daoine a chur ar fáil.

Go raibh míle maith agaibh. Níl aon duine eile ag iarraidh teacht isteach. Táim buíoch díobh as teacht isteach. Tá deireadh leis an bpróiseas seo, mar a dúirt mé, agus tá an dréacht-thuarascáil beagnach réidh. Ní bheidh moill ó thaobh an choiste seo de agus beidh sé ar ais ar bhord an Rialtais.

Dr. Aodhán Mac Cormaic

Beidh mé ag súil leis sin. Tá cuid de na moltaí, dar ndóigh, a chuir sibh isteach mar gheall gur tuarascáil dheiridh maidir leis an mBille, Bille nár foilsíodh riamh, curtha san áireamh sa phróiseas seo agus glacadh le cuid acu sin. Beimid ag súil go mór le tuarascáil an choiste a fheiceáil.

Go raibh míle maith agaibh. Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Uasal Daithí Mac Cárthaigh. Rinne sé a lán oibre: tá aighneacht os mo chomhair anseo agus is aighneacht chuimsitheach í agus gabhaim buíochas as sin. An bhfuil cóip ag gach duine? Tá.

Mr. Daithí Mac Cárthaigh

Bail ó Dhia ar an gCathaoirleach, na Teachtaí agus na Seanadóirí. Táim an-bhuíoch go bhfuair mé an cuireadh seo. Is ó Loch Garman ó dhúchas mé. Bhí mé ar an ollscoil i nGaillimh, áit a rinne mé dlí agus an Ghaeilge. Tá cónaí anois orm i nGaeltacht Ráth Chairn. Is abhcóide mé agus déanaim go leor de mo chuid oibre trí Ghaeilge, b'fhéidir idir aon cheathrú agus aon trian di. Dá bharr, tá saineolas agam go pointe áirithe anois ar chleachtadh an dlí trí Ghaeilge agus bhí baint agam le go leor cásanna ar bhain le cearta teanga san Ard-Chúirt, sa Chúirt Uachtarach agus mar sin de.

Chomh maith leis sin táim ag plé in Óstaí an Rí le daoine a oiliúint chun bheith ag obair leis na hinstitiúidí Eorpacha. Mar gheall air sin, tá eolas agus aithne curtha agam ar na hinstitiúidí Eorpacha agus ar an réimeas teanga atá ann agus is dóigh liom go bhfuil sé sin thar a bheith áisiúil ó thaobh obair an choiste seo de go bhfuilimid ag dul isteach i gcomhthéacs eile ar fad, ó thaobh cúrsaí teangacha, go háirithe tar éis na Breatimeachta, go mbeimid eisceachtúil, más maith leat, san Aontas Eorpach. Is é sin go mbeimid mar bhallstát nach bhfuil ár dteanga féin i réim agus chomh maith leis sin, go mbeidh ár bpobal difriuil ó phobail gach stát eile mar gheall go mbeimid i dtaobh le teanga amháin, rud nach bhfaigheann tú ar fud an Aontais.

Dá mhéad gur féidir linn, ba chóir dúinn sa phlé poiblí béim a chur ar ár mballraíocht san Aontas Eorpach agus ar an gcomhthéacs ina bhfuilimid, go bhfuilimidne ar shlí as alt leis an gcuid eile den Eoraip, agus gur ceart dúinn ár ndearcadh i leith teangacha per se a athrú. Mura ndéanfaimidne é sin, feictear dom go mbeimid i dtrioblóid mar ní bheimid ábalta comhghuallaíochtaí cearta a chur ar bun fud fad an Aontais.

Táim ag labhairt i mo cháil phearsanta. Mar a dúirt an Cathaoirleach, tá taithí agam ar chúrsaí pleanála teanga chomh maith. Táim i mo chathaoirleach ar choiste pleanála teanga na Mí. Ní deirim é sin ach go dtuigfidh an coiste an cúlra atá agam ionas gur féidir le na baill ceisteanna a chur. Táim i m’iar-uachtarán ar Chonradh na Gaeilge chomh maith, más aon chabhair é sin don choiste. Rachaidh mé tríd an méid seo go mear. B'fhéidir gurb é sin an rud is fearr.

Is féidir, go raibh maith agat.

Mr. Daithí Mac Cárthaigh

Tá roinnt rudaí teicniúla agus tá rudaí eile anseo a shílfinn a dhéanfadh an-difríocht ach iad a chur i bhfeidhm. Baineann an chéad cheann le ceannteideal 3 agus leis an sainmhíniú atá ar chúirteanna, agus b'shin rud a bheadh an-chóngarach do mo chroí féin agus do chroí an Chathaoirligh, mar is as an nead céanna sinn ó thaobh cúrsaí gairme de. Faoin Acht mar atá, folaíonn an téarma "an chúirt" binse fiosrúcháin, ach molaim go leathnófaí é agus go mbeadh sé ar aon dul leis an mbreithiúnas a bhí sa chás An Stát (Mac Fhearraigh) v. Mac Gamhnia de, agus go bhfolóidh binse ar bith de chuid comhlachta phoiblí a bhfuil cumhacht aige faoin dlí cearta agus dliteanas na bpáirtithe os a chomhair a shocrú. S'éard a bheadh i gceist ansin ná go mbeadh an ceart ag daoine dul chun dlí as Gaeilge os comhair an WRC nó aon choiste de chuid aon chomhlacht poiblí a shocraíonn cearta agus dualgais. Is ceart bunreachtúil é ach ba cheart go mbeadh sé ina cheart féin faoin gcreatlach seo chomh maith ionas go dtuigfeadh daoine le cinnteacht cá seasann siad.

An dara rud in alt 3 ná go bhfuil cumhacht an Aire srianta faoi láthair maidir le rialacháin a dhéanamh mar go gcaithfidh sé cead a fháil ón Aire Airgeadais. Ba cheart go scriosfaí é sin. Is céim síos e do Roinn na Gaeltachta, seachas do Roinn eile, go gcaithfidh siad dul agus cead a fháil ón Aire Airgeadais chuige sin.

Maidir le reachtaíocht, aon áit sa stair gur tharla athrú teanga, agus is féidir linn féachaint ar chúrsaí na hAlban, cúrsaí na Seice nó aon áit den saghas sin, is ón mbarr anuas agus ó na cathracha amach a thagann athrú teanga. Ní thaitníonn sé sin linn atá i dtaobh le cúrsaí na tuaithe, ach tuigimidne go bhfuil cónaí orainn sa Ghaeltacht, go bhfuil taithí againn faoi chúrsaí na tuaithe agus go dtéann caint an bhaile mhóir i bhfeidhm ar chaint na tuaithe. Chítear é sin, fiú amháin, maidir leis an athrú a thagann ar chanúintí Béarla an aosa óig, go bhfuil sé i dtaobh le caint na cathrach toisc go bhfuil an meon ann go bhfuil sé sin níos sofaisticiúla.

Ó thaobh na háite seo de, is dóigh liom go bhfuil sé thar a bheith suntasach a laghad Gaeilge a bhíonn á húsáid i dTithe an Oireachtais. Nílim á rá sin le caitheamh anuas a dhéanamh ar éinne mar tá fadhb chórasach ann, sé sin, go ritear príomhghnó na háite seo, reachtaíocht agus Billí, i mBéarla mura mbaineann sé go dlúth le cúrsaí na Gaeilge nó na Gaeltachta. Bíonn an plé ar fad i mBéarla. Tá sé dodhéanta leasú a mholadh i nGaeilge má tá an Bille i mBéarla. Ní féidir é sin a dhéanamh. Laghdaíonn sé sin an méid Gaeilge a bhíonn á labhairt san áit seo, agus tugann sé sin le fios don phobal gurb beag an tábhacht a bhaineann léi agus nach bhfuil sa Ghaeilge ach ornáid. Sin é dáiríre polasaí neamhoifigiúil córasach an Státchórais ó cuireadh an Stát ar bun, faraor, in ainneoin go bhfuil daoine maithe taobh istigh den chóras. Is é sin mar atá an córas ag oibriú.

An moladh atá anseo ná go mbeimis ar aon dul le haon stát dátheangach eile, go bhfoilseofaí na Billí i nGaeilge agus go rachadh siad tríd an Dáil agus an Seanad go dátheangach. Faoi láthair ní dhéantar aon aistriúchán orthu go dtí go mbíonn siad rite, agus is é an míbhuntáiste a bhaineann leis sin ná nach mbíonn sa leagan Gaeilge ach tiontú oifigiúil. Má théann duine ina muinín sa chúirt, is féidir leis an taobh eile a rá go mba cheart dúinn féachaint ar an leagan Béarla, an leagan a bhfuil lámh an Uachtaráin leis. Ar shlí treisíonn an córas atá anois ann, is é sin nach ndéantar an t-aistriúchán oifigiúil go dtí go mbíonn an Bille rite, an coincheap agus an creideamh nach bhfuil sa leagan Gaeilge ach ornáid.

Chomh maith leis sin, tá sé taispeánta ar fud an domhain go mbíonn caighdeán níos fearr ag baint le téacs Bille má bhíonn sé dátheangach. Mar shampla, tá focal sa Bhéarla "interest", "matter of public interest" agus mar sin de. Bíonn sé decair a rá ó am go chéile cé acu atá i gceist le "interest", mar tá trí fhocal i gceist ansin in aon fhocal amháin. Tá leas i gceist, mar shampla, go mbeidh leas ag duine i rud éigin. Tá spéis i gceist chomh maith. Tá an tríú ciall leis. Tá go leor díobh sin ann, gur féidir leis an mBéarla nó le haon teanga a bheith doiléir. Dá mbeadh an dá leagan á dhréachtú in éineacht a chéile, is é is fearr a bheadh an dá leagan ar deireadh, mar bheadh an duine a bheadh á ndréachtú i nGaeilge ag cur ceisteanna ar an duine a bheadh á ndréachtú i mBéarla agus ag iarraidh cad go díreach a raibh i gceist aige nó aici. Is cinnte go mbeadh an rud thar a bheith níos soiléire i ndeireadh an lae. Is é an cleachtas atá ar fud an domhain, i gCeanada, sa Bhreatain Bheag agus mar sin de.

Ó tharla go bhfuil dualgas bunreachtúil ann, agus é ráite ag an gCúirt Uachtarach arís is arís eile in Ó Beoláin, in Ó Murchú agus mar sin de, go gcaithfear an leagan a chur amach, pé scéal é, bheadh sé i bhfad níos ciallmhaire, seachas a bheith ag cur, ar shlí, acmhainní amú ar leagan nach bhfuil céad faoi gcéad chomh bailí leis an leagan Béarla, dá dtosófaí ag an tús agus go dtosódh an Bille agus gach leasú air sa dá theanga oifigiúla ó thús deireadh. Rachadh sé sin i bhfeidhm ar gach aon Teachta Dála agus ar gach aon Seanadóir mar déarfaidís go raibh tábhacht agus cumhacht dhlíthiúil ag baint leis seo. Chomh maith leis sin, sna cuideachtaí móra aturnaetha fud fad na cathrach, dá mbeadh cás le troid, déarfaidís le duine a raibh Gaeilge aige nó aici a raibh ag Gaelscoil nó pé an rud é, súil a chaitheamh ar an leagan Gaeilge ar an seans gur ar éigean go mb'fhéidir leo leas a bhaint as. Is sa tslí sin go gcaithfí féachaint ar an téacs Gaeilge mar dhlí seachas mar ornáid.

Tá ioróin nach beag ag baint leis seo. De réir mar is eol don choiste, beidh an Ghaeilge ina teanga oifigiúil oibre go huile is hiomlán don Aontas Eorpach ón gcéad lá Eanáir 2022. Faoi láthair, aon rud a dhéanann siad, aon rud a ritheann an Chomhairle agus an Pharlaimint in éineacht a chéile, aon treoir, aon rialachán nó aon chinneadh a ritheann siad, bíonn sé sin i nGaeilge chomh maith leis na teangacha oifigiúila ar fad eile. Tagann na tograí os comhair Pharlaimint na hEorpa i nGaeilge chomh maith le gach teanga oifigiúil eile. Tá níos mó stádais ag dlí an Aontais Eorpaigh i nGaeilge seachas dlí na Parlaiminte seo i nGaeilge, agus ní dóigh liom gur féidir leis sin seasamh, mar tá droch-chuma air. Tá an stádas sin thar a bheith tábhachtach don tír seo, mar a thuigimid go léir, faoi go bhfuaireamar réidh leis an maolú, go mbeadh an Ghaeilge lán-oifigiúil agus go mbeadh rannóga móra aistriúcháin sna hinstitiúidí ar fad.

Ceann de na cúiseanna go ndearnadh é sin, agus ba cheart dúinn é sin a cheiliúradh, ná ar mhaithe le líon na nÉireannach sna hinstitiúidí. Tá daoine inár n-aithne ar fad a thosaigh amach mar aistritheoirí atá anois ag plé le cúrsaí iompair, cúrsaí baincéireachta agus cúrsaí iascaigh. Cuireann sé sin go mór le seasamh na tíre seo ag an Aontas Eorpach, go bhfuil Éireannaigh ann gur féidir leo dul i dteagmháil leo is a rá, cogar, ní fheadar an bhféadfaí rudaí a dhéanamh dóibh. Is é sin an tábhacht a bhaineann le stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach don Státchóras agus do na daoine sa Státchóras nach mbeadh chomh báúil don Ghaeilge. Tuigeann siad an méid sin agus caithfidh siad a thuiscint nach féidir leis sin seasamh, nach féidir leis an nGaeilge a bheith ina teanga oifigiúil oibre sa Bhruiséil, i Lucsamburg ag i Strasbourg agus í mar ornáid sa tír seo. Ní sheasfaidh sé sin.

Chomh maith leis sin tá moladh déanta mar gheall ar ionstraimí reachtúla. Tá airgead le caitheamh ag an Stát - cúpla céad míle euro - chun an acquis communautaire, dlíthe reatha an Aontais Eorpaigh, a aistriú go Gaeilge. Ní féidir le teanga a bheith leathoifigiúil ag leibhéal Eorpach. Is léir gur féidir sa tír seo, ach i saol na ndaoine fásta, ní bhíonn teanga leathoifigiúil. Cuirfear na riaráistí ar fad ar fáil i nGaeilge. Is dá bhrí sin go gcaithfimidne é sin a fhreagairt.

Tá sé thar a bheith deacair aon seirbhís a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge mura bhfuil an tAcht ar fáil agus an ionstraim reachtúil ar fáil mar ní féidir, mar shampla, na foirmeacha a chur ar fáil mar gur sna hionstraimí reachtúla a mbíonn na foirmeacha leagtha amach. Ní féidir leis an duine ar mhian leis nó léi a bheith ag feidhmiú trí Ghaeilge, fiú má tá duine i gceannas ar oifig i gceantar Gaeltachta, tabhairt air nó uirthi féin na foirmeacha reachtúla sin a chur le chéile.

Sin an dúshlán a bhaineann leis sin. I ndáiríre, nílimid ach ag iarraidh breith suas leis an gcleachtas atá san Aontas Eorpach ach is í an difríocht a dhéanfadh sé, ní hamháin sa tír seo ach i measc an pobail, ná go mbeadh an Ghaolainn mar theanga oibre cheart i dTithe an Oireachtais den chéad uair, seachas an chéad lá i 1919 nuair a bhí an Teach seo ina Ghaeltacht ar feadh lá amháin. Bhí Dáil Éireann mar Ghaeltacht ar feadh dhá uair an chloig sular iompaigh sí ar an mBéarla ar an dara lá.

Maidir leis an rud a bhaineann leis na cúirteanna anseo thar an leathanach, ní rachfaidh mé i bhfadscéal leis. Faoi láthair, má chuireann daoine an dlí ar chomhlacht poiblí sna cúirteanna sibhialta caithfidh an comhlacht sin iad a fhreagairt i dteanga oifigiúil a roghnaíonn na daoine príobháideacha sin. Má chuirtear an dlí ar Údarás na Gaeltachta as Béarla, caithfidh sé teacht isteach sa chúirt agus freagra a thabhairt i mBéarla. Má chuirtear an dlí ar Chomhairle Contae na Mí i nGaolainn, caithfidh an fhoireann dlí teacht isteach agus a bheith ag Gaeilgeoireacht. I gcead don duine a bhí mar Aire ag an am, agus tá sé os mo chomhair, an Teachta Ó Cuív, tá sé sin tar éis líon na gcásanna sna cúirteanna a reachtáiltear trí Ghaolainn a mhéadú go mór. An rud a bhí ann go dtí seo ná go rachadh duine isteach ag Gaeilgeoireacht agus bheadh an taobh eile ag Béarlóireacht. Bheadh an breitheamh ar a chompórd leis an mBéarla, mar ba é sin an taithí a bhíodh acu, agus bheadh caint an éilitheora ag seasamh amach. Ní hamhail atá sé níos mó. Má théann daoine chun cúirte in aghaidh comhlachta phoiblí as Gaolainn, freagraíonn an comhlacht an duine sin as Gaolainn. Tá daoine go bhfuil go leor taithí faighte acu ag an bpointe seo agus bíonn an caighdeán chomh maith le cás ar bith eile. Cuireann sé sin le líon na Gaolainne sna cúirteanna.

Ach níl aon choinníoll ann go gcaithfidh Gaolainn a bheith ag an mbreitheamh agus is é sin ceann de na rudaí a chaithfear a athrú. Tá nós ann breithiúna le Gaolainn á chur ann ach ní bhíonn sé absalóideach. Tá cás ag dul ar aghaidh san Ardchúirt faoi láthair mar gheall ar fhear i gCorcaigh gur diúltaíodh breitheamh le Gaolainn dó agus a chás á chloisteáil sa Chúirt Dúiche. Sin bac iomlán i ndáiríre. Théann daoine os comhair breithiúna nach dtuigeann iad.

Maidir le cúrsaí coiriúla, i gCeanada agus i bhformhór na dtíortha dátheangacha bíonn an rogha ag an duine a bhfuil an Stát ag dul sa tóir air nó uirthi an teanga oifigiúil ina ionchúiseoidh sé nó sí a roghnú. Ní mar sin atá sé sa tír seo. Ní dóigh liom gur cuireadh ionchúiseamh ar bun riamh sa tír seo sa Chúirt Chuarda i nGaolainn. Tharlaíodh sé fadó go mbíodh an sáirsint áitiúil ag dul ar aghaidh sa Ghaolainn i nGaillimh. Tarlaíonn sé fós ach níl aon riail ann gur amhail a bheadh sé. Is é a tharlódh go praiticiúl ná go bhfostófaí abhcóide don chás a bheadh á rith trí Ghaolainn, ach dhéanfadh sé difríocht an domhain ó thaobh dhearcadh an phobail i leith na Gaolainne dá mba teanga í gur féidir í a úsáid sa Chúirt Dúiche nó sa Chúirt Chuarda dá gcuirfí an dlí ar dhuine as tiomáint ar deoch nó as na gnáthrudaí eile a bhíonn ar siúl sa Chúirt Dúiche - gan ceadúnas a bheith ag duine dá mhadra, mar shampla. Sílim gur chomhartha mícheart ar fad é nuair a bhíonn cumhacht iomlán an Stáit i gcoinne duine agus gur i mBéarla a bhíonn sé i gcónaí, sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht. Is smál é sin go bhféadfaí é a réiteach go héasca.

Tá rud agam chomh maith maidir le breithiúnais agus orduithe i dteanga na cúise, rud nach dtarlaíonn i gcónaí. D'fhéadfadh cás a bheith ag dul ar aghaidh i nGaolainn agus d'fhéadfadh an t-ordú agus an breithiúnas a theacht amach i mBéarla, rud atá seafóideach arís. Bíonn tionchar aige seo ar an dearcadh a bhíonn ar dhaoine i leith na teangan. Ceaptar nach bhfuil inti ach ornáid gur is fiú í a labhairt agus gur is fiú í a thabhairt ar aghaidh don chlann agus mar sin de. Seo rudaí a bhféadfaí a réiteach go han-éasca. Chomh maith leis sin, ba cheart go cinnteofaí go seolfaí na himeachtaí trí mheán na Gaolainne nuair a bhíonn suí cúirte sa Ghaeltacht agus go dtarlódh sé go mbeadh suí amháin in aghaidh na bliana, ar a laghad, sna príomhcheantair Ghaeltachta. Leis seo, thuigfeadh daoine nach teanga í seo atá ar an dé deiridh ach go bhfuil an Stát ag tacú leis na hiarrachtaí atá siad á ndéanamh de bhun na pleanála teanga agus le húsáid na teanga a normalú sa phobal.

Bhí nós ann go mbeadh ainmneacha chomhlachtaí poiblí i nGaolainn. Ba cheart é sin a athbheochan. Bíonn an-tacaíocht ag a leithéid sin. Taitníonn sé go mór leis an bpobal go mbeadh ainmneacha comhlachtaí poiblí i nGaolainn. Má tá comhlacht poiblí le feidhmiú den chuid is mó taobh amuigh den Stát, ní haon dochar a ainm a bheith dhátheangach. Tá rud eile agam a bhaineann le híomhánna nó lógónna. Faoi láthair is minic a bhíonn lógónna comhlachtaí poiblí i mBéarla. Arís, maidir le brandáil, tugann sé sin le fios nach bhfuil fáilte roimh an nGaolainn sa teach sin.

Tá ceart bunreachtúil ann de bhun Ó Murchú v. Cláraitheoir na gCuideachtaí foirmeacha oifigiúla a fháil i nGaolainn ach caithfear dul chun na hArd-Chúirte chun é a bhaint amach. Cuireann sé bac iomlán ar ghnó a dhéanamh muna bhfuil foirm ar leith ar fáil. Tá an réiteach thar a bheith éasca. Ba cheart go mbeadh na foirmeacha oifigiúla ar aon dul leis an stáiseanóireacht agus na comharthaí a chuireann na comhlachtaí poiblí amach, is é sin go mbeidís dhátheangach. Sa chás go dtéann siad thar ocht leathanach, d'fhéadfaí leagan Gaolainne agus leagan Béarla a bheith ar fáil, ach i gcás formhór acu ba cheart go mbeidís dátheangach le Gaolainn ar thaobh amháin agus Béarla ar an dtaobh eile. Dá mbeadh téarma ann nach mbeadh in úsáid go minic, d'aithneofaí ón mBéarla céard is brí leis an leagan Gaolainne. Is rud é seo a spreagfadh gnó trí Ghaolainn. Feictear dom go bhfuil leisce ar an Státchóras a leithéid a áisiú mar gheall go bhfeictear dó go gcuirfeadh sé tuilleadh oibre air. Ach má táimid ag cuimhniú ar céimeanna a thógaint a bheadh éasca, mar a dhéarfá, agus a chuirfeadh go mór le húsáid na Gaolainne leis an Státchóras agus an pobal i gcoitinne, sílím nach féidir cúlú ó na foirmeacha.

Tá píosa agam mar gheall ar chomharthaí tráchta. Faoi láthair seasann siad amach ar shlí mar bíonn gach aon chomhartha poiblí a chrochann aon chomhlacht poiblí dhátheangach leis an nGaolainn in uachtar. Is cuid é sin de normalú na teangan. Sílim go gcabhraíonn sé go mór le cúrsaí turasóireachta agus le brandáil na tíre seo mar thír ar leith a bhfuil a chultúr féin aici, mar thír nach Sasana í agus mar thír a bhfuil níos mó i gceist léi ná sin. San Acht 2003 níor tugadh i gceist na comharthaí tráchta, rud is féidir a dhéanamh go héasca ach na focail dhraíochta "in ainneoin aon achtacháin eile" a chur isteach sa bhforál sin. Tá na forálacha sin i m'aighneacht, ó 9(1A)(c)(i) go dtí 9(1A)(c)(viii), ar aon dul leis na forálacha atá sna rialacháin maidir le comharthaí eile. Tá sé ait agus náireach go bhfuil níos mó tosaíochta ag an leagan Gaolainne in Albain ná mar atá ag an leagan Gaolainne in Éirinn, go háirithe má chuimhnítear gurb í an leagan Gaolainne an leagan ceart sa tír seo agus gurb é an leagan Béarla an leagan atá truaillithe. Feictear dom go spreagfadh sé go mór spéis i bpobail áitiúla sa Ghaolainn agus sna logainmneacha, go mbeadh bród acu san áit air a bháistíodh na logainmneacha sin agus go gcuirfidís spéis sa teanga agus sa cheangal a bheadh idir áit cosúil le Béal Easa Dara agus an t-eas agus an crann darach atá ar an mbaile. Feictear dom go gcuirfeadh daoine spéis sa Ghaolainn ar an mbonn go mbaineann sí lena dtimpeallacht agus a n-oidhreacht féin.

Bhí caint anseo mar gheall ar chúrsaí earcaíochta sa Státseirbhís. Níl mé in aghaidh an 20% atá daoine ag moladh, ach feictear dom go bhfuil slí éifeachtach ann chomh maith a bhainfeadh leis an Státseirbhís amháin gan caint ar an seirbhís phoiblí. Mar a dúirt mé, táimid an-íseal sa tír seo ó thaobh caighdeáin teangacha eile seachas an Béarla. In ainneoin sin, déanann gach duine dhá theanga ar a laghad - nó b'fhéidir trí nó ceithre theanga - ar an meánscoil. De ghnáth tagann siad amach agus bheadh idir leibhéil B1 agus B2 acu, is iad sin leibhéil an fhoghlaimeora chumasaigh. Leis an meon aonteangach Béarla atá sa Státseirbhís a leasú agus a bhriseadh, bheinn ag moladh nach bhfaighfidh aon dhuine aon phost sa Státseirbhís tar éis dáta áirithe mura mbeadh dhá theanga acu go dtí leibhéal B2. B'fhéidir go ndéarfaí go bhfuil sé sin pas crua, ach níl sé. Sin an gnáthrud a bheadh ar siúl in aon tír eile san Aontas Eorpach. Ní gá go mbeadh an Ghaolainn mar an dara theanga, ach bheadh Gaolainn ag go leor daoine. Cuireann go leor daoine atá in aghaidh cur le húsáid na Gaolainne san earnáil phoiblí an cheist cén fáth nach bhfoghlaimítear Fraincis nó Gearmáinis.

Is é an freagra atá air sin ná gur féidir Fraincís nó Gearmainis a fhoghlaim. Tá daoine le Fraincís agus Gearmáinis ag teastáil ón Státseirbhís. Caithfimid dul ag plé agus comhghuaillíochtaí a fhorbairt ar fud fad an Aontais Eorpaigh. Teastaíonn daoine uainn gur féidir leo dul agus labhairt le daoine ina dteanga fein san Ungáir, sa Rómáin, sa Pholainn, san Iodáil, sa Fhrainc agus sa Spáinn agus níl an córas oideachais ag cur é sin ar fáil faoi láthair mar gheall nach bhfeictear do na mic léinn go mbeadh aon úsáid acu do na teangacha sin amach anseo. Beidh muid thíos leis mar ní bheidh muid ábalta brath ar Shasana le cúrsaí a bhrú chun cinn dúinn ag leibhéal na Comhairle san Aontas Eorpach a thuilleadh. Beidh orainn comhghuaillíochtaí a chur ar bun sinn féin agus ní dhéanfaimid é sin má bhíonn muid i dtaobh le Béarla amháin. Dá bhrí sin, molaimse nach bhfostófaí daoine sa Státseirbhís feasta gan leibhéal bunúsach de dhá theanga ar a laghad acu. Leasódh agus d'athródh sé sin an meon atá againn maidir le teangacha agus ní bheadh muid ag útamáil le cé mhéad duine atá againn le Gaeilge. Bheidís ann mar is í sin an dara teanga is mó a bheadh ag daoine. Bheadh daoine ann le Fraincís agus Gearmáinis agus is féidir obair a bhaint astu sin chomh maith, sa phríomhionadaíocht sa Bhruiséil, mar shampla. Tá daoine amuigh ansin agus bíonn siad i dtaobh le Béarla amháin agus, i ndáiríre, d'fhéadfaí leas níos mó a bhaint astu. Níl an Státseirbhís ann chun fostaíocht a chur ar fáil do mhuintir na hÉireann. Tá an Státseirbhís ann le freastal ar riachtanais an Stáit agus, dá bhrí sin, go hindíreach le freastal ar mhuintir na hÉireann.

Tá moltaí ansin agam faoi cheannteidil 10 agus 11. Mar is eol don choiste, tá urghairí, nó injunctions, pleanála ar fáil. Má sháraíonn duine éigin an cód pleanála, tá cead ag duine ar bith dul isteach agus urghaire a fháil ón Ard-Chúirt nó ón gCúirt Chuarda chun rudaí a chur i gceart. Molaim go mbeadh cead ag duine ar bith dul isteach agus urghaire a lorg má sháraítear na rialacháin faoin Acht seo. Chabhródh sé sin go mór le cur i bhfeidhm an Achta agus taispéainfeadh sé don phobal gur leis an tAcht. Bhraithfeadh na comhlachtaí poiblí freisin go bhfuil an Stát dáiríre faoi sin agus nach gá go bhfanfaí ar urghaire ón gComisinéir Teanga. Níl mé ag rá go dtarlódh níos mó ná cheann nó dhó in aghaidh na bliana, ach d'athródh sé an meon. Ní bheadh daoine ag rá go mbaineann na rialacháin le Gaolainn agus mar sin ní gá iad a chur i bhfeidhm mar, mura gcuireann siad i bhfeidhm iad, bheadh an seans i gcónaí ann go mbeadh daoine áitiúla sásta dul isteach agus urghaire a lorg ón Ard-Chúirt. Níl i gceist ach go gcuirfí an dlí i bhfeidhm.

Ó thaobh na Gaeltachta de, ní dócha go n-easaontódh aon duine gur cheart go mbeadh na hoifigí sna ceantair Ghaeltachta ag feidhmiú trí Ghaolainn agus go mbeadh seirbhísí trí Ghaolainn ar fáil ó na hoifigí a fhreastalaíonn ar cheantair Ghaeltachta. Tá fadhb anseo le hearcaíocht. Tá mo chuid ráite agam faoi sin. Má leanfaimíd orainn ag fostú daoine nach bhfuil ach teanga amháin acu, ní thiocfaidh aon athrú ná feabhas air sin.

Maidir le seirbhísí sa Ghaeltacht, tá Údarás na Gaeltachta ann. Tá sé ag plé le pleanáil teangan faoi láthair. Tá foráil in Acht na Gaeltachta 2003 go bhféadfadh an t-údarás seirbhísí a chur ar fáil thar ceann comhlachtaí poiblí eile. Molaimse gur cheart go mbeadh air seirbhísí pleanála a chur ar fáil sa Ghaeltacht agus go mbeadh Údarás na Gaeltachta mar údarás pleanála fisiciúla don Ghaeltacht. Mar gheall air sin bheadh dualgas air faoin Acht Pleanála cur le líon na gcainteoirí Gaolainne sa Ghaeltacht agus cur le húsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Bheadh sé ag dréachtú pleananna forbartha don Ghaeltacht seachas go mbeadh an Ghaeltacht, mar a tharla, i mbearna. Tá bearna anois maidir le freastal ar riachtanais tithíochta chathair na Gaillimhe mar gheall gurb é sin an chloch is mó atá ar pháidrín na n-údarás áitiúil a dhréachtaigh an plean. Dá mbeadh Údarás na Gaeltachta ag cur seirbhísí pleanála ar fáil, bheadh a mhalairt de scéal ann. Is bun agus barr an scéil a bheadh ann ná an áit a fhorbairt mar Ghaeltacht agus cur le labhairt agus úsáid na Gaolainne ann.

Chomh maith leis sin, d'fhéadfadh an t-údarás seirbhísí an Aire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí agus seirbhísí an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara a sheachadadh sa Ghaeltacht. Feictear dom gurb iad sin na Ranna is mó a bhíonn ag plé le muintir na Gaeltachta. Dá mbeadh an t-údarás ag seachadadh na seirbhísí thar ceann an dá Roinn sin, is cinnte gur trí Ghaolainn a dhéanfaí é agus bhéifí ag cur fostaíochta ar fáil go háitiúil do mhuintir na háite ina teanga féin. Tá fostaíocht trí mheán na Gaolainne sa Ghaeltacht fite fuaite le cumas daoine leis an teanga maireachtaint ansin. Chonaiceamar é sin i Rinn Ua gCuanach, áit a bhfuil fás tar éis teacht ar líon na gcainteoirí Gaolainne mar gheall go bhfuil Nemeton, comhlacht closamhairc, ag feidhmiú trí mheán na Gaolainne. Ní féidir an dá rud a dheighilt óna chéile.

Tá rud agam mar gheall ar leasú ar sceideal an phríomh-Achta. Molaim go mbeadh an sceideal ar aon dul leis an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 agus go mbeadh gach ball Stáit istigh faoin Acht teanga go uathoibríoch. Tá rud eile agam ar deireadh agus ansin beidh mo chuidse ráite agam. Tá moladh agam mar gheall ar chosc ar thoirmeasc ar úsáid na Gaeilge san ionad oibre. Tharla sé faoi dhó go poiblí le bliain anuas gur cuireadh cosc ar dhaoine an Ghaolainn a labhairt san áit oibre. Dúradh le fear ón Moiltín a bhí ag obair i gCorcaigh gan aon Ghaolainn a labhairt san áit oibre agus cuireadh é óna phost mar gheall air sin. Tuigim go bhfuil cúinsí ann agus go bhfuil cásanna ar leith ina mbeadh gá d'ionad oibre feidhmiú i dteanga ar leith ar ócáidí áirithe ach ba cheart go gcuirfí an t-ualach ar an bhfostóir a chruthú go raibh sé riachtanach cosc a chur ar úsáid na Gaolainne san ionad oibre. Bheadh sé faoin gCoimisinéir Teanga cinneadh a dhéanamh an raibh an caighdeán sin sásaithe agus an raibh gá sa chás ar leith sin go gcuireadh cosc ar úsáid na Gaolainne. Arís táimid ag iarraidh cur le labhairt na Gaeilge sa tír seo seachas cead a thabhairt do daoine cosc a chur uirthi. Sin iad mo chuid moltaí. Táim tar éis dul tríothu go hachomair.

Gabhaim míle buíochas leis an Uasal Mac Cárthaigh. Tá an t-uafás oibre curtha isteach aige.

Gabhaim míle buíochas leis an Uasal Mac Cárthaigh as teacht isteach inniu. Is léir go bhfuil obair iontach déanta aige mar gheall ar na haighneachtaí atá curtha os ár gcomhair inniu. Is é sin an rud atá de dhíth ag an gcoiste seo; saineolaithe leithéidí an Uasal Mac Cárthaigh atá in ann a gcuid tuairimí a chur os ár gcomhair roimh an bpróiseas seo. Tá sé deacair fadhbanna a aimsiú ina chuid aighneachtaí. Molaim an chuid is mó dóibh. Mar gheall ar an bpointe deireanach ar rith sé tríd, ba cheart go mbeadh dualgais ag baint le, ar a laghad, comhlachtaí atá ag feidhmiú sa tír seo ar bonn ceadúnais - na bainc, na comhlachtaí árachais, eagraíochtaí cosúil leis sin, agus fiú Vodafone agus na heagraíochtaí eile a fhaigheann ceadúnais ón Stát. Ba cheart go mbeadh na heagraíochtaí sin ag cur seirbhísí ar fáil i nGaeilge. Ar an gcéad dul síos, b'fhearr liom go mbeadh siad á dhéanamh as a stuaim féin. Ceapaim go huile is go hiomlán go mbaineann competitive advantage leis an nGaeilge. Ba cheart dóibh féidearthachtaí na Gaeilge a dhíol don phobal, ach níl sé sin ag tarlú go fóill. Ceapaim go bhfuil rudaí ag titim amach ag cúpla comhlacht le déanaí.

Tá an-suim agam in Údarás na Gaeltachta. Bhí fadhb inniu i Ráth Chairn mar gheall ar fhaitíos atá ar an gcomharchumann nach mbeidh aon choinníoll teanga ann le haghaidh forbartha i Ráth Chairn sa todhchaí. Má thagann forbróir isteach agus má thógann sé 20 nó 30 teach istigh i Ráth Chairn a bheidh lán le Béarlóirí, scriosfaidh sé sin an Ghaeltacht go huile is go hiomlán. Dá mbeadh an dualgas sin ar Údarás na Gaeltachta, athródh sé rudaí go huile is go hiomlán. Chuaigh mise agus Trevor Ó Clochartaigh thar timpeall na nGaeltachtaí go léir cúpla mí ó shin. Is é an rud a fuair muid amach ná nach mbíonn dearcadh dearfach ag an gcomhairle contae mar gheall ar an nGaeilge de ghnáth.

Is mór an trua é sin.

Maidir le comharthaí bóithre, is ait an rud é i ndáiríre, mar tá an Taoiseach i bhfabhar comharthaí bóithre agus tá an Teachta Ross i bhfabhar comharthaí bóithre, go huile is go hiomlán go dtí an méid céanna, ach tá fadhb ann i mo thuairim leis an Roinn féin.

Feictear dom na buntáistí atá ag baint leis na Billí a bheith déanta as Gaeilge agus an córas dréachtaithe a bheith á dhéanamh ag an am céanna sa dá theanga. An fhadhb é sin mar gheall go mbeadh dualgas ar dhaoine díospóireacht a bheith acu ar dhá shaghas Bhille, is é sin beidh orthu dul tríd an dá cheann ag an am céanna de bharr go mbeidh tuiscint dhifriúil uaireanta ag focail áirithe i mBéarla agus i nGaeilge? An bhfuil aon taighde déanta maidir leis an gcostas a bheadh ag gabháil leis sin? Táim ag iarraidh a bheith i mo devil's advocate mar gheall ar na míbhuntáistí a bhaineann leis an gcóras sin. An chuid is mó atá ráite, aontaím go huile is go hiomlán leis.

Go raibh míle maith agat, a Theachta.

Mr. Daithí Mac Cárthaigh

Tógfaidh mé an cheist mar gheall ar an dréachtú dátheangach ar dtús. Ní bheadh dualgas ann aon rud a phlé go dátheangach, mar bheadh an Bille á chur ar fáil mar áis. An rud atá i gCeanada, mar shampla, nuair atá ciall le baint as téacs atá dátheangach, labhraíonn siad mar gheall ar an riail chomhchéille nó an shared-meaning rule. Caitheann siad súil ar an leagan Béarla agus ar an leagan Fraincise agus an leagan a chuimsíonn nó a chuimsítear ag an dá téacs. B'shin an leagan a théann siad leis. Tá go leor coinbhinsiún a bhaineann le reachtaíocht a fhorléiriú, agus b'shin ceann acu, agus nuair atáimid á dhéanamh le Bunreacht na hÉireann, 1937, cé go bhfuil forlámhas ag an leagan Gaeilge, fós féin níl an leagan Béarla gan tábhacht, mar rith an pobal an dá leagan ag an am céanna. Más féidir, tagtar ar an leagan gur féidir brí choiteann a bhaint as sa dá theanga.

Ar ndóigh i bParlaimint na hEorpa táimid ag caint faoi 24 leagan, agus ní dóigh liom go bhfuil aon duine beo a bhfuil 24 teanga an Aontais Eorpaigh aige. Is éard a tharlaíonn ná go mbíonn coincheap i gceist. Céard a bhí i gceist ag an bParlaimint? Céard a bhí i gceist ag an Oireachtas? Cé acu an leagan is fearr a chuireann feoil agus cnámha ar an gcoincheap sin? Mura mbíonn ann ach dá theanga ní bhíonn deacracht ann, i ndáiríre. Bí cinnte go mbeidh plé ann sa dá theanga oifigiúla agus go mbeidh sé níos soiléire.

Mar gheall ar chostas, arís ar ais, an fhadhb atá anois ann ná nach bhfuil siad ag caitheamh a dhóthain airgid ar Rannóg an Aistriúcháin faoi láthair. Sílim go raibh Tithe an Oireachtais os comhair an choiste seo, agus go dúradh go raibh os cionn 300 Acht nach raibh aistrithe go Gaeilge go fóill nó nach raibh ar fáil. Tá sé sin soiléir ach dul isteach ar shuíomh Idirlín an Taoisigh. Is cinnte go bhfuil airgead le caitheamh air sin ach nach bhfuil dóthain airgid á chaitheamh air i gcomparáid le háit a bhfuil an t-airgead cuí á chaitheamh ar reachtaíocht i nGaeilge, is é sin le rá san Aontas Eorpach, mar ní bhíonn siad ag rá, "an gcaithfimid é seo a dhéanamh nó an féidir linn gan é a dhéanamh?" Glacann siad leis an dualgas an reachtaíocht a chur amach go hilteangach agus déantar é. Seans go mba gá le foireann aistriúcháin i ngach Roinn Stáit, go mbeadh dlítheangeolaithe i ngach Roinn Stáit, go mbeadh daoine ag plé in oifig an dréachtóra pharlaimintigh agus go mbeadh daoine dátheangacha ag obair ansin.

Nach bhfuilimid ag iarraidh an reachtaíocht is fearr a chur ar fáil, seachas dul ar ais agus é a leasú arís is arís eile? B'fhearr é a bheith i gceart ar dtús.

Maidir le fadhb a bheith leis an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, caithfear an cheist a chur cé atá i gceannas. Táimid inár gcónaí i dtír dhaonlathach agus toghtar daoine chun smacht a choimeád ar an státchóras, agus is é sin an áit a dtagann baill an choiste isteach. Mura mbíonn na polaiteoirí ag cur brú ar an Rialtas buan, tarlóidh an rud a tharla faoin gcóras cumannach, is é sin b'ionann na polaiteoirí agus na státseirbhísigh, agus bhí an-easnamh orthu mar gheall ar rudaí a dhéanamh nua, i bpíosaí, mar nach raibh aon bhrú ag teacht ón bpobal nó ní raibh aon bhrú ag teacht ó na polaiteoirí anuas ar na státseirbhísigh. Seans nach raibh an córas chun oibriú, pé scéal é, ach níor chabhraigh sé nach raibh deighilt shoiléir idir na polaiteoirí agus an rialtas buan, agus níor chabhraigh sé nach raibh an brú anuas sin ann. Caithfear ceist a chur cé atá i gceannas, mar tá an pobal ar a shon agus tá na polaiteoirí ar a shon. Caithfidh na státseirbhísigh géilleadh, mar sin an jab atá acu.

Is leor sin, go raibh maith agat faoi sin.

Gabhaim buíochas leis an Uasal Mac Cárthaigh as a aighneas. Bhí sé an-chuimsitheach, bhí deis agam roinnt de a léamh, agus fiú amháin ó thaobh cur i láthair bhí an-chuid eolais ann agus go háirithe bhain mé an-tairbhe as nuair nach raibh sé á léamh go díreach. Bhí míniú ann agus bhí mé ábalta roinnt pointí a shoiléiriú ansin chomh maith. Tá cúpla ceist leagtha as an áireamh cheana féin aige.

Tá moladh aige faoi ainm a úsáid as Gaeilge. Aontaím go huile is go hiomlán leat. Is aitheantas atá ann in ainm an duine, ina áit dhúchais agus tá sé fíorthábhachtach go mbeadh an córas ábalta plé leis agus nach mbeidís ag cur iallach ar dhuine é sin a athrú agus go mbeidís ábalta plé le duine lena ainm nó lena hainm mar atá sé. Aontaím go hiomlán leis sin.

Bhí moladh aige mar gheall ar an nGaeilge a úsáid os comhair na gcúirteanna agus na mbinsí éagsúla eile agus luaigh sé an Workplace Relations Commission chomh maith. Cé chomh forleathan is a bhfeicfeadh na binsí éagsúla a bheadh san áireamh leis sin? Tá mé ag smaoineamh, mar shampla, ar an Ombudsman - is féidir le duine iarratas tithíochta a dhéanamh leis an gcomhairle contae, agus gan a bheith sásta leis sin, a bhogadh go dtí an Ombudsman - nó binse cúirte. Cé chomh forleathan agus a bheadh sé nó an bhféadfadh an tUasal Mac Cárthaigh ainm cúpla eagraíocht eile a thabhairt a bheadh san áireamh?

Maidir le comharthaí bóithre, aontaím go mba chóir go mbeadh an Ghaeilge ar chomhchéim agus an scéim á cinntiú mar gheall ar ainmneacha áiteanna sa Ghaeltacht. Faoi láthair, is an t-ainm Gaeilge atá ann. An chóir go mbeadh an t-ainm Béarla á úsáid? Ní dóigh liom gur chóir. Arís, ó thaobh aitheantais agus áite, ba chóir gur an leagan Gaeilge a bheadh ann. Ón tslí a bhfuil sé leagtha síos, bheadh na comharthaí sin dátheangach. An féidir leis an bhfinné é sin a chinntiú, nach bhfuilimid ag moladh dul ar ais ansin?

Mr. Daithí Mac Cárthaigh

Mar gheall ar ainmneacha, tá sé suimiúil, abair, do mhuintir na Gaeltachta, an duine is mó a bheadh ag labhairt Gaeilge sa bhaile, b'fhéidir gurb é sin an duine is mó a bheadh an leagan Béarla den ainm in úsáid aige nó aici. Is rud nádúrtha é sin, ní dhéanaim féin é ach is nós thar a bheith coitianta é. Cosúil leis an mbailitheoir béaloidis ó Dhún Caoin, tá dhá ainm orm, a deir sé, Seosamh Ó Dálaigh i mBéarla agus Joe Daly as Gaeilge. Ba cheart é sin a aithint agus deis a thabhairt do dhaoine an dá leagan a úsáid má tá siad ag iarraidh dul leis an leagan Béarla nó dul leis an leagan Gaeilge, agus ní dóigh liom go mbeidh aon díchéillí leis sin.

Maidir le binsí, is binsí iad a thabharfadh ordú uathu, mar go bhfuil siad ar aon dul le cúirt. Ní bheadh an Ombudsman i gceist. Bheadh an PRTB i gceist, mar shampla, agus an WRC. Bheadh na binsí a bhaineann le cúrsaí gairme i gceist chomh maith dá mbeadh smacht gairmiúil i gceist, mar shampla, Comhairle an Bharra. Tá an comhairle sin thart anois, ach maidir lena leithéid, bhfaighfí binse triúr le Gaeilge agus cead dul ar aghaidh trí Ghaeilge agus gan a bheith thíos leis. Tá mé ag caint maidir le rudaí den saghas sin. D’fhéadfadh ordú a dhéanamh le haghaidh forfheidhmithe cearta, seachas gearán a dhéanamh ar an tslí sin. An bhfuil sé sin mínithe agam?

Mar sin, bheadh duine ag dul isteach le habhcóide, ní bheadh an pobal ag dul isteach iad féin agus ag déanamh cur i láthair.

Mr. Daithí Mac Cárthaigh

Is féidir é sin a dhéanamh sa Chúirt Uachtarach féin gan abhcóide in áit ar bith.

Is féidir ach ní-----

Mr. Daithí Mac Cárthaigh

Bíonn daoine ón Teach seo fiú, an t-iarAire Shatter mar shampla a sheas an fód dó féin, atá an-chumasach seasamh an fhóid dóibh féin sa Chúirt Uachtarach.

Tagraím do na comharthaí bóithre. Luaigh mé go gcaithfear cloí leis an leagan a dhéanann Aire Stáit na Gaeltachta ordú ina thaobh agus i gcás áit sa Ghaeltacht, is logainm Gaeilge amháin a bheadh i gceist ansin. Baineann sé leis na horduithe. Bheadh fios níos fearr ag an Teachta Ó Cuív mar tá liosta fada orduithe logainmneacha Gaelacha Gaeltachta ann agus tagraím do cheist Baile Bhuirne - B nó M. Bíonn cúrsaí le réiteach ansin.

Tá gach rud maidir leis sin faoi smacht ag an gcoimisiún.

Mr. Daithí Mac Cárthaigh

Ag an gCoimisiún Logainmneacha yes ach-----

Tá na horduithe logainmneacha ann, ach níl siad i mBéarla-----

Mr. Daithí Mac Cárthaigh

Is ea.

Má deireann an t-ordú a dhéanann an t-Aire Stáit go baileach "bh", is "bh" atá ann. Bíonn argóint faoin rud seo ach tá córas i bhfad níos fearr dul i gcomhairle ann anois ach is é an leagan údarásach ná an leagan a leagtar síos ag ordú an Aire Stáit.

Mr. Daithí Mac Cárthaigh

Is ait an méid spéise a chuireann daoine ann, mar shampla muintir Thamhnach an tSalainn i gContae Dún na nGall, Mountcharles. Is iontach go mbeadh daoine fiú i gceantar Galltachta ag cur suime sa leagan Gaeilge agus ag rá nach bhfuil siad sásta leis sin. Chomh maith leis sin, tagraím do mhuintir Chaiseal. Deireann siad gur Caiseal Mumhan a theastaíonn uathu agus teastaíonn Cathair Dún Iasc ó mhuintir na Cathrach. Is maith an rud é nuair a bhíonn daoine ag cur sa chúiteamh mar gheall air seo mar bíonn an Gaeilge i gceist ansin sa ghnáthdhioschúrsa poiblí. Tagraím do cúrsaí logainmneacha sa Ghaeltacht mar gheall ar na horduithe logainmneacha, is í an leagan Gaeilge amháin atá baileach ansin ó thaobh comharthaí bóithre de. Ní bheadh sé i gceist go mbeadh Ballyvourney nó Ballingeary nó a leithéid sin ar chomharthaí bóithre poiblí. Bheadh cead ag daoine é a dhéanamh go príobháideach ar ndóigh más mian leo.

Tá an méid atá curtha i láthair thar a bheith spéisiúil agus breathnóimid air. B'fhéidir go bhfuil ábhar Bille bhreise ann ach sin scéal eile. D'iarradh rud amháin faoi aistriú na mBillí. Nuair a bhí an tAcht á dhréachtú agus á réiteach agus sa triail, shíl muid go mbeadh sé thar cionn, go n-éireodh linn. D'éirigh le na hAchtanna agus iad sin a thabhairt suas chun dáta. Táimid thar 15 bliain ina dhiaidh sin agus níl siad déanta agus bheadh sé mícheart go hiomlán a cheapadh gur chis airgid a bhí i gceist. Ní raibh riamh. Níor tháinig aon iarratas riamh ón Oireachtas le haghaidh foirne nó airgid agus bhí mise mar Aire go dtí 2011 le na Teachtaí a thiontaigh. Sin an fáth, má tá duine ag cuimhneamh ar an am, gur bhunaigh an Rialtas ag an am aonad aistriúcháin thiar sna Forbacha. Chomh maith leis sin, shíl muid go laghdódh muid an t-ualach ar fhoireann an Tí seo trí chúram an chaighdeáin a chur faoin Rialtas seachas faoi Thithe an Oireachtais. Ghearr an Rialtas a tháinig isteach i 2011 é sin ar ais. Níor thug sé é isteach. Le fírinne, baineadh leis ach ní ceist airgid a bhí ann. Theastaigh uaidh é a dhéanamh because bhí muidne ag sárú an dlí. Bhí an tOireachtas ag sárú an dlí, ní muidne mar Rialtas. Níl aon cheannas ag an Rialtas ar an Oireachtas: tá ceannas ag an Oireachtas ar an Rialtas, mar is eol dúinn.

Mr. Daithí Mac Cárthaigh

An Stát a bhí á shárú ach cá bhfuil an Stát?

Sa chás seo níl aon cheannas ag an Rialtas, cinneadh Rialtais ar an Oireachtas is é an bealach eile thart air.

Mr. Daithí Mac Cárthaigh

Sin an tábhacht a bhaineann le reachtaíocht den type seo is dócha.

Is ea agus ní hea mar is eol don bhfinné. Tógadh isteach an reachtaíocht, thóg an Dáil agus an Seanad isteach an reachtaíocht maidir le haistriú na n-Achtanna. Níor fheidhmnigh an tOireachtas féin an dlí a thug sé féin isteach agus ba bheag a raibh an Rialtas in ann a dhéanamh faoi sin. An t-aon dream a bhí in ann tada a dhéanamh faoi sin ná an tOireachtas. An t-aon smacht a bhí ag an Rialtas ag an am ná mar shaorú breis airgid, go tabharfaí breis airgid.

Mr. Daithí Mac Cárthaigh

Bhí móramh ag an Rialtas san Oireachtas but ní féidir sárú mar gheall air sin.

Níl aon ionadaíocht ag an Rialtas ar Choimisiún Thithe an Oireachtais.

Níos-----

No. Tá rud an-tábhachtach i gceist. I bprionsabal ní fhéadfadh éinne ceartanna Billí a aistriú ná a sarú ach nuair nach bhfuilimid in ann na hacmhainní, ar chúis amháin nó ar chúis eile - ní ceist airgid atá ann - a fháil-----

Mr. Daithí Mac Cárthaigh

Más féidir é a dhéanamh ba cheart é a dhéanamhagus caithfidh Tithe an Oireachtais-----

Tá a fhios agam.

Mr. Daithí Mac Cárthaigh

-----ag teacht aníos leis sin.

Cad faoin rud a cheartaíonn-----

Bun agus barr an aistriúcháin-----

Mr. Daithí Mac Cárthaigh

Má tá parlaimint eile atá lonnaithe i Strasbourg á dhéanamh agus muna bhfuil sé a dhéanamh anseo tá droch-chuma air. Beidh ar aon dream atá freagrach as dul ag plé leis.

An tOireachtas féin atá freagrach. An t-aon lámh a bhféadfadh a bheith ag an Rialtas ann ná cúrsaí fóirne a cheadú agus airgead a cheadú. Ní hé sin a rá céard a tharla tar éis 2011.

Mr. Daithí Mac Cárthaigh

Bhí mise chun locht a chur ar Rialtas ar bith, nó ar dhream ar bith. Níl mé ach ag moladh cur chuige nua.

No tá an finné ag rá go bhfuil fadhb airgid ann ach ní fadhb airgid atá ann.

Mr. Daithí Mac Cárthaigh

Cad é?

Bheadh sé éasca dá mba fhadhb airgid ba chiontach leis an rud.

Mr. Daithí Mac Cárthaigh

Is ea.

Mar a deirim, agus ná bíodh amhras ar bith ann ach go bhfuil mé ag insint an fírinne, is é an cruthúnas ná gur chuir muid aonad aistriúcháin dár gcuid féin ar bun because bhí caint ann ag an am go gcaithfimid na rialacháin a aistriú freisin agus ní raibh muid chun é a fhágail faoi Thithe an Oireachtas anseo because ní raibh aon mhuinín ag éinne go ndéanfadh siad é. Sin a bhí i gceist againn agus é á dhéanamh ag an am - go ndéanfadh an Rialtas é sin because tá siad sin faoi na Rannaí Stáit agus faoi ord an Aire Stáit. Bhunaigh muid aonad thiar sna Forbacha so cén fáth go gcuirfidh siad leis, mar bhí sé i gceist againn go ndéanfaí an t-aonad sin aistriúcháin do chuile Roinn Stáit ar ghnáth rudaí laethúla chomh maith ach chomh maith leis sin go ndéanfadh sé na horduithe Rialtais. Faraor ghéar cuireadh é sin ar ceal ach taispeánann sé sin go raibh dáiríreacht ann ó thaobh an Rialtais de ach go raibh an fhadhb sa Teach anseo.

Táimíd beagnach críochnaithe agus táimid-----

Bhí mise i bhfad siar.

Gabh mo leithscéal as cur isteach ort, an bhfuil aon rud eile le rá?

Tá mé ag smaoineamh ar an dréacht-tuarascáil. Gabh mo leithscéal as cur isteach ar an Teachta. Gabhaim buíochas leis an bhfinné.

Mr. Daithí Mac Cárthaigh

Go raibh maith agaibh. Go n-éirí libh.

Tagraím don dréacht-tuarascáil. Cuirfidh mé an cruinniú ar athló ar feadh cúpla nóimead. Rachaimid isteach i seisiún príobháideach.

Lean an coiste le gnó príobháideach ag 7.58 p.m. agus cuireadh an coiste ar athló ag 8.10 p.m. go dtí 4 p.m. ar an Máirt, an 1 Bealtaine 2018.