Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán díospóireacht -
Tuesday, 29 May 2018

Úsáid na Gaeilge ar an Raidió: Údarás Craolacháin na hÉireann

I dtús báire ba mhaith liom céad míle fáilte a chur roimh na finnéithe ó Údarás Craolacháin na hÉireann. Táimid thar a bheith sásta go bhfuil siad anseo, go háirithe an tUasal Michael O'Keeffe, an príomhfheidhmeannach agus an tOllamh Pauric Travers, cathaoirleach an údaráis. Tá an tUasal David Butler inár gcomhluadar freisin. Gabhaim buíochas dóibh.

Tá rud amháin le déanamh maidir leis an Acht um Chlúmhilleadh. Deirim i gcónaí go bhfuil an saghas Gaeilge atá anseo deacair ach ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh, 2009, go bhfuil finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thabharfaidh siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt amhlaidh, ní bheidh siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith a gcuid fianaise. Ordaítear dóibh gan fianaise a thabhairt ach amháin fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár cóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina n-ainm, ina hainm nó ina ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tionscnaimh seo a gcuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó maidir le hoifigeach ina ainm, nó ina hainm, ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Tá cur i láthair scríofa ann is dócha, an bhfuil? An bhfuil sé agat a Theachta Moynihan?

Is féidir tús a chur leis.

Professor Pauric Travers

Thar ceann Údarás Craolacháin na hÉireann, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gCathaoirleach as an gcuireadh teacht roimh an gcoiste chun úsáid na Gaeilge ar an raidió a phlé. Ceann de chuspóirí straitéiseacha an údaráis don tréimhse seo faoi théama an éagsúlacht agus an iolracht a chur chun cinn is ea cláir Ghaeilge d'ard-chaighdeáin a chothú agus a chur chun cinn. Táimid ag súil le toradh ina mbeidh an raon agus na foinsí ábhar closamhairc atá ábhartha go cultúrtha, lena n-áirítear trí Ghaeilge, atá ar fáil do lucht féachana na hÉireann méadaithe. Glacann an t-údarás le raon tionscnamh le tacú leis na cuspóirí seo a bhaint amach. Tabharfar níos mó sonraí i gcorp na haighneachta ar na tionscnaimh agus na gníomhaíochtaí éagsúla atá á ndéanamh faoi láthair. Tabharfar tráchtaireacht freisin ar thiomantais inmheánacha an údaráis i leith na Gaeilge faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017 agus déanfar tagairt freisin don suirbhé a rinne an Dr. John Walsh agus an Dr. Rosemary Day a bhí mar ábhar do chur i láthair os comhair an choiste le déanaí. Ní dhéantar tagairt san aighneacht do thiomantais an chraoltóra seirbhíse poiblí, RTÉ, atá ina ábhar i bpróiseas athbhreithnithe ar leith idir an Broadcasting Authority of Ireland, BAI, agus an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil. Beimid sásta tuilleadh eolais a thabhairt maidir le ceist ar bith a ardaítear san aighneacht agus ceisteanna ón gcoiste a fhreagairt.

Mr. Michael O'Keeffe

Tá mise ag dul tríd an aighneacht, páirt a dó go dtí a sé agus tógfaidh mé cúpla pointe as ceachtar. Níl mé dul tríd an aighneacht go léir. Tá mé sásta aon cheisteanna a fhreagairt tar éis an presentation.

Tá páirt a dó ag déileáil leis an scéim maoinithe craolacháin. Cuirfear 7% den cheadúnas teilifíse ar fáil, sin díreach os cionn €14 milliún gach bliain. Tá dhá scéim i bhfeidhm - tá an scéim fuaim agus fís, sound and vision - tá eolas ag an gcoiste air sin - an scéim cartlanna agus réimse tionscnamh coimhdeach freisin. Sa scéim fuaim agus fís, cuirtear 25% den chiste do chláir as Gaeilge nó do chláir dhátheangacha agus in 2017, bhí 30 clár Gaeilge i gceist. Leithdháileadh €2.78 milliún faoin scéim le tacú. Cuireann an scéim tacaíocht ar fáil do chláir Ghaeilge do chraoltóirí poiblí agus do chraoltóirí tráchtála agus pobail. Thug an scéim tacaíocht shuntasach freisin don earnáil léiriúcháin neamhspleách Gaeilge, raidió agus teilifís. Beidh athbhreithniú á dhéanamh ar an scéim in 2019 agus b'fhéidir go mbeidh deiseanna san athbhreithniú sin chun scrúdú a dhéanamh ar na leibhéil de chlársceidealú Gaeilge agus dátheangach ar tacaíodh leo ar sheirbhísí raidió agus lena fhiosrú an bhféadfaí na leibhéil seo a bhreisiú faoi aon scéim nua. Sin an t-aon rud a bheidh sa review a bheidh ag dul ar aghaidh an bhliain seo chugainn. B'fhéidir go gcaithfimid féachaint ar leibhéal na Gaeilge sa scéim sin.

An bhliain seo chugainn?

Mr. Michael O'Keeffe

Is ea. Beidh an scéim ag dul go dtí deireadh 2019 ach tá an review le haghaidh an chéad cúig bliana eile ó 2020. Tá scéim chartlannaithe nua approved ag an Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil agus seolfaidh an t-údarás é ar an 7ú Meitheamh. Tá a lán déanta ag TG4 sa scéim seo. Spreagfaimid craoltóirí raidió chun ról níos gníomhaí a bheith acu sa phróiseas iarratais don chéad scéim eile. Níl siad ag tógáil lán pháirt sa current scheme. Tá tionscnaimh coimhdeacha ann freisin, mar shampla tá Cine4 le TG4 agus tá ilDÁNA ann, a bhfuil mar chomhpháirtíocht idir an Chomhairle Ealaíon agus TG4. Cé gur teilifís atá i gceist sna tionscadail seo, fiosróidh an t-údarás deiseanna chun tionscnaimh den chineál céanna a fhiosrú le craoltóirí raidió Gaeilge agus comhpháirtithe ábhartha.

Tá airgead sna scéimeanna seo agus tá opportunities chun rudaí a dhéanamh leis na craoltóirí raidió.

An dara réimse ná an fhoghlaim rannach agus tacaíochtaí urraíochta agus bíonn sé sin ann gach bliain agus tá €476,800 chun tacú leis na gníomhaíochtaí seo agus tá téama sonrach Gaeilge ag roinnt tionscnamh sa bhliain reatha.

Bhí seirbhís nuachta, dar teideal "Cogar", tamall de bhlianta ó shin, le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus stop sé cúpla bliain ó shin. D'oibrigh an t-údarás le Raidió na Life lena chinntiú go gcoinneofaí an tionscnamh luachmhar seo. Táim sásta a rá gur athsheoladh an tseirbhís le hainm nua "Aerthonnta" níos túisce i mbliana, mar ardán digiteach, i gcomhair scéalta nuachta agus mar acmhainn eolais dóibh siúd atá ag craoladh i nGaeilge ar fud na tíre agus tá sé sin ar siúl ó mhí an Mhárta na bliana seo.

Tá tionscnamh eile le hIonad Scannán na Gaillimhe: ceardlann is ea Gréasán na Meán atá lonnaithe sa Spidéal. Cé go bhfuil na tionscnaimh dírithe ar an teilifís sa bhliain reatha, tá tairbhe ollmhór tras-mheáin leis an oiliúint a dhéanann siad, ar thacaigh an t-údarás leo agus tá opportunities ansin le rudaí a dhéanamh leis na stáisiúin raidió.

Tá an scéim urraíochta againn, freisin. Tá trí thionscadal a bhfuil téama Gaeilge acu in 2018. Tá Féile na Meán Ceilteach a bhí ann sa Bhreatain Bheag cúpla mí ó shin, agus tá ar aidhm aici teangacha agus cultúr na náisiún agus na réigiún Ceilteach a chur chun cinn. Bíonn an raidió agus an teilifís ar comhchéim ag imeachtaí agus gradaim na féile.

I mbliana déanfaimid urraíocht den chéad uair ar Ghradaim Meán an Oireachtais, i mí Dheireadh Fómhair. Rachaidh maoiniú an údaráis i dtreo roinnt gradam lena n-áirítear sraith nó clár raidió Gaeilge is fearr sa bhliain.

Ag deireadh gach bliana, déanann an t-údarás urraíocht do Sheachtain na Gaeilge le fada agus urraíocht ar na ceardlanna Gaeilge bliantúla do scoláirí meánscoile i rith mhí an Mhárta. Is é cuspóir an imeachta scoláirí a spreagadh chun scileanna raidió a fhorbairt trí Ghaeilge agus bhí an-rath ar an obair seo i mbliana, mar a bhíonn i gcónaí.

Maidir le tiomantais don Ghaeilge ar sheirbhísí faoi cheadúnas an údaráis, cuirfidh mé an stair ó thús na scéime ceadúnais ar son seirbhísí raidió tráchtála agus pobail ó 1988 os comhair an choiste agus beidh mé sásta ceisteanna a fhreagairt faoi sin.

Ag an am sin, tráth na gcéad licences, i gcás seirbhísí tráchtála bhí an Coimisiún um Raidió agus Teilifís Neamhspleách, an IRTC, den tuairim, anuas ar an riachtanas nuachta agus cúrsaí reatha 20% news and current affairs go mba leor tiomantas teoranta i ndáil le dualgais eile cosúil le Gaeilge, cultúr, deiseanna nua do thallann ceoil agus drámaíocht, ar an mbunús nach craoltóirí seirbhíse poiblí iad agus go raibh sé réasúnach go mbeadh an sceideal-chlár bunaithe ar bhonn tráchtála. Go ginearálta, glacadh le tiomantas i ndáil le soláthar líon uaireanta sa tseachtain ag amanna seachbhuaice - tráthnónta, deirí seachtaine - faoi gach ceann de na dualgais. Cuireadh na tiomantais sna conarthaí a bhí bunaithe ag an IRTC le gach seirbhís raidió tráchtála agus leanadh leis an gcur chuige seo go dtí an lá atá inniu ann. B'shin stair na licences atá ann inniu.

Déanann Údarás Craolacháin na hÉireann monatóireacht ar chomhlíonadh go randamach maidir leis na tiomantais sa Ráiteas Beartais Clár. Déanann na stáisiúin freisin tuairisceáin craoltóra bliantúla a dheimhníonn, i measc nithe eile, cibé an bhfuil nó nach bhfuil siad ag comhlíonadh forálacha a gconarthaí aonair.

Caithfidh mé labhairt freisin faoi sheirbhís raidió Gaeilge Raidió na Life agus seirbhís raidió digiteach Raidió Rí Rá. Ba mhaith leis an údarás, agus táimid ag déanamh an broadcasting services strategy consultation ag an am seo, níos mó seirbhísí den chineál seo a fheiceáil ach aithnímid go bhfuil dúshláin mhaoinithe maidir le feidhmiú na seirbhísí sin agus nach dócha go mbeidh siad inmharthana ar ioncam tráchtála amháin. Bheadh fonn ar an údarás fiosrú a dhéanamh maidir leis an gcaoi is fearr seirbhísí nua féideartha den chineál sin a fhorbairt agus a mhaoiniú sna blianta romhainn.

I dtaobh na tuarascála maidir le húsáid na Gaeilge, ar dtús ba mhaith liom a rá go bhfáiltíonn an t-údarás roimh an méid is féidir a dhéanamh leis an tuarascáil agus an taighde breise a bheartaítear a chuirfidh le breisiú chraolachán na Gaeilge ar an raidió in Éirinn. Tuigimid gurbh é an cuspóir a bhí leis an tuarascáil a fhoilsiú ag an am sin díospóireacht a chothú agus tuilleadh ionchuir a fháil ó stáisiúin, acadóirí eile agus páirtithe leasmhara. Ba é an chéad chéim eile den taighde go mbeidh agallaimh leis na bainisteoirí stáisiúin agus go gcuirfear chuig an údarás ansin í.

Tar éis na tuarascála a fháil, thug an t-údarás faoi anailís ar na ráitis maidir le beartais cláir ar gach seirbhís agus tá an leibhéal tiomantais comhsheasmhach le torthaí na tuarascála i bhformhór cásanna. Rinneamar anailís shonrach ar thiomantais na ndaoine sin atá ainmnithe sa tuarascáil amhail gan cláir Ghaeilge ar bith a bheith acu. Táimid sásta go bhfuil gach stáisiún ag craoladh na dtiomantas cláir Ghaeilge atá ina ráitis ó Eanáir na bliana seo.

Chríochnaigh an tuarascáil le roinnt moltaí do reachtóirí, don rialtóir agus do chraoltóirí. Ní dhearna an t-údarás breith ar an tuarascáil go foirmiúil agus tá sé mar rún againn é sin a dhéanamh nuair a bheidh na céimeanna eile den tionscadal curtha i gcrích. Ach, chun críocha plé, tá pointí sa doiciméad sin atá ag an gcoiste.

Chuaigh an Coiste Comhairleach Gaeilge bunaidh i ngleic le cláir fhorbartha earnála agus tionscnaimh thacaíochta agus tá siad sin anois mar ghné lárnach de na gníomhaíochtaí a bhfuil an t-údarás ag tabhairt fúthu. Tá suim thiomanta freisin ag beirt de chomhaltaí foirne an údaráis maidir leis an gcaoi a dhéanann an t-údarás an Ghaeilge a chur chun cinn agus tacú léi. Tá na nithe sin inár ráiteas straitéiseach agus is féidir linn caint faoi sin.

Thacóimis go láidir le tionscnaimh a spreagfadh feasachta níos mó agus d'iarr an t-údarás é sin ar na stáisiúin raidió. Beidh an t-údarás an-sásta oibriú i gcomhpháirt leis an earnáil chraolacháin raidió chun an coincheap a fhorbairt tuilleadh. Ní easaontaímid le príomhthoradh an tsuirbhé go bhfuil leibhéal íseal ag pobal na gclár Gaeilge ar raidió. Táimid den tuairim, áfach, gurbh é seo an leibhéal a beartaíodh nuair a bunaíodh an earnáil in1988 agus nár athraíodh ó shin é. Nílimid i bhfabhar cuótaí a chur i bhfeidhm ach díreoidh an t-údarás ar thacú le tionscnaimh agus comhpháirtíochtaí a bhreiseoidh an soláthar reatha. D'fhéadfaí úsáid níos fearr a bhaint freisin as tacaíochtaí maoinithe cosúil leis an scéim fuaim agus fís.

I dtaobh na n-athruithe reachtúla, bheadh orainn súil a chaitheamh ar thírdhreach na meán, the media landscape, atá athraithe le deich mbliana anuas agus na dúshláin amach anseo do na meáin thraidisiúnta. Is féidir liom, I may explain this a little better as Béarla, in English, ach tá oibleagáidí an-reachtúil suntasacha ar na meáin thraidisiúnta, raidió agus teilifís. Níl aon oibleagáidí ar na meáin nua agus caithfear aghaidh a thabhairt ar an gcothroime idir na meáin nua agus na meáin thraidisiúnta sula gcuirfí aon oibleagáid nua níos déine i bhfeidhm ar na meáin thraidisiúnta. Teastaíonn níos mó díospóireachta ar an ábhar seo sula gcuirfear aon riachtanais nua i bhfeidhm agus beimid ag glacadh páirt i ndíospóireacht den chineál sin sna míonna romhainn amach agus sa bhliain seo chugainn mar tá píosa legislation ag teacht chun cinn chun aghaidh a thabhairt, to address, ar na meáin nua.

Níl mé le haon rud a rá faoi chuid 6, mar tá samplaí den obair atá á déanamh againn laistigh den údarás agus táimid sásta aon cheist a fhreagairt faoi sin. Tá an tUasal Dave Butler, a bhfuil ina chomhalta den fhoireann Ghaeilge - tá foireann Ghaeilge saineolaithe againn - agus tá An tUasal Butler anseo chun labhairt faoi aon cheann de na rudaí sin. Ba é sin an méid uaim.

Professor Pauric Travers

Mar fhocal scoir ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an gcoiste as an deis seo a thabhairt dúinn chun ár dtuairimí a chur i láthair. Tá díospóireacht tosaithe ag an tuarascáil ón Dr. Walsh agus an Dr. Day maidir leis an nGaeilge ar sheirbhísí meán in Éirinn agus táimid ag súil le páirt a ghlacadh sa díospóireacht sin. Go raibh míle maith agaibh.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Dúirt mé go bhfuilimid sásta go bhfuil siad os ár gcomhair ach ó mo thaithí féin, mar Chathaoirleach, bhíomar ag cur ceisteanna maidir le ról Údarás Craolacháin na hÉireann, go háirithe nuair a tháinig an Dr. John Walsh agus an Dr. Rosemary Day os ár gcomhair.

Ó mo thaithí féin mar Chathaoirleach, bhíomar ag cur ceisteanna faoi ról Údarás Craolacháin na hÉireann, go háirithe nuair a tháinig Dr. John Walsh agus Dr. Rosemary Day os ár gcomhair. Chuir siad in iúl, ón taighde a rinne siad, cé chomh híseal agus a bhí líon na gcláir i nGaeilge. Nuair a bhí an chosúlacht ar an scéal go ndearna RTÉ cinneadh an nuacht a réamhthaifeadadh, bhíomar ag ceistiú anseo cén ról atá ag Údarás Craolacháin na hÉireann maidir le cinneadh mar seo. Mar a tharlaíonn sé, ní dheachaigh siad ar aghaidh leis an gcinneadh ach bhí sé ar intinn acu an nuacht Gaeilge a réamhthaifeadadh. Ligfimid do na baill teacht isteach ach cuirfidh mé rud i gcomhthéacs. Luaigh sibh athbhreithniú maidir leis an scéim fís agus fuaime. An mbeidh sé sin ag tarlú i 2019?

Mr. Michael O'Keeffe

Beidh.

Ansin luaigh sibh tuarascáil nó píosa taighde a rinne sibh féin in Eanáir na bliana seo ab ea?

Mr. Michael O'Keeffe

No, sin tuarascáil an Dr. Day.

An tuarascáil a d'fhoilsigh an Dr. Day a bhí i gceist?

Mr. Michael O'Keeffe

Sin an tuarascáil a bhíomar ag caint faoi.

An ndearna sibhse scrúdú ar an tuarascáil sin?

Mr. Michael O'Keeffe

Ar na stáisiúin because bhí an records a bhí againn ó na stáisiúin, bhí siad ag déanamh Gaeilge agus dúirt an tuarascáil go raibh trí nó ceathair stáisiúin nach raibh ag déanamh aon rud.

Tá sé sin ag teacht, beidh a lán ceisteanna faoi sin ach bhí mé ag iarraidh an rud a chur i gcomhthéacs. An bhfuil taighde ar bith déanta agaibh nó nach bhfuil?

Mr. Michael O'Keeffe

Bheartaigh muid fanacht go dtí go mbeadh an tuarascáil críochnaithe mar dúirt siad-----

Go bhfuil píosa eile.

Mr. Michael O'Keeffe

------that they would bring it before an údarás ag an am sin.

So nuair a bhéas an Dr. John Walsh------

Mr. Michael O'Keeffe

Is dócha go bhfuil trí pháirt den tuarascáil-----

So nuair a bhéas an rud go léir críochnaithe-----

Mr. Michael O'Keeffe

Tá an chéad cheann críochnaithe which is an suirbhé.

Mr. Michael O'Keeffe

Anois tá an t-agallamh leis na stáisiúin agus tar éis sin-----

Beidh an taighde uilig á phlé agaibhse ar leibhéal an údaráis?

Mr. Michael O'Keeffe

Sin an plean atá againn.

Gabhaim buíochas do na finnéithe as ucht teacht isteach inniu. Cuirfimid comhthéacs amach ar dtús. Cúpla bliain ó shin tháinig daoine le chéile agus rinne siad an staidéar cuimsitheach ar an teanga. Dar leo, tiocfaidh bás ar an teanga mar theanga phobail i gceann 15 nó 20 bliain. B'fhéidir go bhfuil muidne mar an ghlúin dheireanach atá an Ghaeilge mar theanga phobail ag feidhmiú sa tír. Is rud uafásach práinneach, deacair agus tábhachtach atá ann. Táimid i bponc i ndáiríre. Tá sé dochreidte gur féidir go mbeidh mise ag labhairt le mac mo mhac ag rá go raibh mise ann nuair a bhí pobal, bailte agus daoine ag labhairt Gaeilge go laethúil lena chéile agus go mbeadh ionadh air go raibh sé sin ann ag am éigin.

De bharr sin, tháinig an Rialtas le chéile, shocraigh siad ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus bhí siad chun gach rud a dhéanamh chun stop a chur leis an meath seo agus na pobail sin a atógáil arís. I mo thuairimse, níl sé sin ag obair ar chor ar bith. Níl an Rialtas dáiríre faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, níl siad á gcur é i bhfeidhm ar chor ar bith má fheictear ar an méid airgid a chaitheann siad ar Údarás na Gaeltachta agus an earnáil Gaeilge. Tá sé leathnaithe le fada anois an méid airgead a chaitear ar phleanáil teanga. Tá Raidió na Gaeltachta mar an col ceathrar bocht ó thaobh an méid airgid a chaitear air. Níl na príomhchláir ar an stáisiúin ag fáil ach pinginí bochta.

Tagraím do TG4. Tá S4C sa Bhreatain Bheag ag fáil trí oiread an méad airgead atá TG4 ag fáil. Nuair a tháinig na saineolaithe isteach cúpla seachtain ó shin agus bhí siad ag caint faoi chúrsaí chraolacháin sa tír seo mar gheall ar an nGaeilge, thug siad fianaise dúinne go bhfuil an rud i bponc freisin mar gheall ar chúrsaí craolacháin.

Tagraím do RTÉ Raidió 1, an príomhstáisiún Stát atá ann. Níl ach dhá uair sa tseachtain de chraolacháin as Gaeilge. Níl i gceist le leath de ach nuacht agus athchraoladh atá i gceist leis an leath eile. Más mian a thaispeáint do dhaoine nach bhfuil aon dáiríreacht ann ar chor ar bith, gur cuma cad a tharlaíonn, déanfar an rud seo. Tá stáisiúin raidió eile ag cur cláir ar siúl ag 10 p.m. nó 10.30 p.m., nó b'fhéidir leathbhealach tríd an oíche. Tá go leor stáisiúin eile ag déanamh neamhaird iomlán ar a chuid dualgais. Níl rudaí ag obair i gceart mar gheall ar raidió agus teilifís ar chor ar bith. Taobh amuigh de TG4 tá an méid output atá le feiceáil sna stáisiúin teilifís eile uafásach íseal.

Bhí an finné ag caint faoi na meáin shóisialta nua. Tá Facebook, Twitter agus Google le fáil i nGaeilge agus níl aon bhaint ag an Rialtas nó Údarás Craolacháin na h-Éireann leo ar chor ar bith. Is comhlachtaí ó thíortha eile iad. Mar sin, b'fhéidir gur cheart dúinn Raidió na Gaeltachta, RTÉ agus Údarás na Gaeltachta a thabhairt do thíortha eile agus beidh níos mó á dhéanamh acu mar gheall ar sheirbhísí a thabhairt dúinn sa tír seo as Gaeilge.

Ceapaim go gcaithfimid athrú meoin iomlán a dhéanamh sa tír seo. Tá sé náireach i mo thuairimse an neamhaird atá déanta ag an establishment mar gheall ar an nGaeilge. Má leanaimid ar aghaidh, is cinnte go mbeidh na torthaí céanna againn sa daonáireamh nua.

Tá a fhios agam go bhfuil rialacha ag Údarás Craolacháin na hÉireann, go bhfuil buiséad aige agus go bhfuil sé srianta i slite mar gheall ar cad is féidir leis a dhéanamh. I ndáiríre ba mhaith liom a impí ar na finnéithe go bhfuil muidne ar an taobh seo den Stát ag iarraidh orthu go seasfaidh siad suas i bhfad níos láidre mar gheall ar an nGaeilge.

An bhfuil oifigeach lánaimseartha Gaeilge ag Údarás Craolacháin na hÉireann?

Mr. Michael O'Keeffe

Níl, ach tá foireann de cheathrar ann. Tá ceathrar sa BAI-----

Mr. Michael O'Keeffe

Lánaimseartha. Níl siad ag déanamh Gaeilge an t-am go léir ach tá siad ag obair sna scéimeanna atá againn.

Cuir na ceisteanna agus tiocfaidh mé ar ais. Tóg nóta de na ceisteanna agus tiocfaidh mé ar ais.

An chéad cheist ná, cén fáth nach bhfuil duine lánaimseartha ag déileáil leis seo? Tá a fhios agam féin go bhfuil údaráis áitiúla thart timpeall na tíre le daoine ann leis an teideal acu go bhfuil siad mar oifigeach Gaeilge ach tá siad i mbun go leor oibre eile freisin. Is rud as 20 atá i gceist nuair atá duine ag déileáil leis an nGaeilge.

An bhfuil plean ag an Uasal O'Keeffe mar gheall ar an Ghaeilge a leathnú amach, a fhású agus a fhorbairt sa rud seo? Cathain a raibh an plean sin foilsithe ag an údarás? An bhfuil sé le feiceáil agus an féidir linn é a léamh? Cé mhéad airgead atá faighte ag an údarás do agus dírithe go hiomlán ar chraolacháin as Gaeilge agus cad é an trend atá ag an airgead sin le fada? Ó 2006 go dtí 2018, an bhfuil sé laghdaithe nó an bhfuil sé méadaithe? Cad atá i gceist ansin?

Cad é an ceangal atá ag Údarás Craolacháin na hÉireann leis an Rialtas ar na rudaí sin? Cé mhéad uair sa bhliain a bhuaileann an tUasal O'Keeffe leis an Aire Stáit ar son na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán, an Teachta McHugh, chun stiúir a fháil mar gheall ar dul chun cinn na Gaeilge? Tá bord comharliúcháin ag an Aire Stáit, an Teachta McHugh, mar gheall ar an nGaeilge agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Cad é an ceangal isteach atá ag Údarás Craolacháin na hÉireann mar gheall air sin?

Cad iad na figiúirí mar gheall ar lucht éisteachta na gcláir Gaeilge ar an stáisiún seo?

An bhfuil an t-údarás ag tomhas an méid daoine atá ag éisteacht leis na cláir seo? An bhfuil an figiúr sin ag fás nó ag laghdú bliain i ndiaidh bliana? Míneoidh mé an fhadhb atá agam, i ndáiríre. Dúirt RTÉ cúpla bliain ó shin go ndéanfaidís i bhfad níos mó ar son na Gaeilge - go gcuirfidís an Ghaeilge isteach i gach áit - ach níl faic déanta acu. Níl go leor leathanaigh ghréasáin de chuid RTÉ le fáil i nGaeilge. Cad is féidir linn a dhéanamh chun níos mó Gaeilge a ghríosadh ar RTÉ agus ar na stáisiúin eile? Más féidir leis na finnéithe na ceisteanna sin a fhreagairt, tiocfaidh mé ar ais le ceisteanna eile má tá an t-am agam.

Tá seacht nó ocht gceist curtha ag an Teachta, mar shampla i dtaobh an oifigeach lán-Ghaeilge. Tá nóta déanta agam.

Mr. Michael O'Keeffe

Tógfaidh mé cúpla ceist agus tógfaidh mo chomhghleacaithe na ceisteanna eile. Mar a dúirt mé, tá ceathrar san údarás - ina measc Dave Butler, atá anseo linn inniu, Fionnuala Murphy agus David Carrie - ag cabhrú linn i dtaobh na Gaeilge trasna na scéimeanna go léir. Níl ach triúr ag obair linn faoi láthair ós rud é go bhfuil Clare O'Sullivan tar éis dul ar maternity leave ón tseachtain seo caite. Tá na hoifigigh sin ag tacú leis an mhéid atá ar siúl againn maidir leis an scéim fuaim agus fís agus le hurraíocht, srl.

An bhfuil dualgais eile ag na hoifigigh sin? An bhfuil obair eile le déanamh acu?

Mr. Michael O'Keeffe

Tá.

Is rud páirtaimseartha é.

Mr. Michael O'Keeffe

No.

Mr. Dave Butler

Táimid ag obair go lánaimseartha.

Mr. Michael O'Keeffe

Is fostaithe lánaimseartha de chuid an údaráis iad, ach níl siad ag obair go lánaimseartha ar an nGaeilge.

Ní bhíonn siad ag díriú isteach ar an nGaeilge go lánaimseartha.

Mr. Michael O'Keeffe

Iarraim ar mo chomhghleacaí, an tUasal Dave Butler, labhairt mar gheall ar an bplean Gaeilge atá á chur le chéile againn faoin straitéis.

Mr. Dave Butler

Tá plean cuimsitheach ar na beacáin againn anois. Beimid ag plé leis na hearnálacha eile trasna na n-eagraíochtaí agus leis na mór-rudaí atá á bplé ag an údarás, ina measc an scéim fuaim agus fís. Tá sé ar intinn an plean sin a chríochnú ag deireadh na bliana. Díreoidh sé ar na deiseanna atá ar fáil dúinn chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Beimid ag plé leis na líonraí agus na daoine eile atá ag déanamh ionadaíochta ar na stáisiúin raidió. Tá sé sin ar na beacáin againn. Tá sé mar chuid de straitéis an údaráis an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá straitéis fhadtéarmach againn. Tá an plean ar na beacáin againn. Táimid ag obair air faoi láthair.

An bhfuil sé seolta?

Mr. Dave Butler

Beidh sé.

Mr. Michael O'Keeffe

Seolfar é sa dara leath den bhliain. Dúirt muid sa straitéis faoin teideal "diversity" go raibh sé i gceist againn pleananna a chur le chéile maidir le gender diversity agus Irish language. Is iad sin na priorities a bhí againn. Sheol muid an action plan on gender diversity an mhí seo caite. Tá sé mar priority againn anois an dara ceann - an action plan le haghaidh na Gaeilge - a sheoladh roimh dheireadh na bliana.

An bhfuil an t-údarás ag feidhmiú gan aon action plan don Ghaeilge anois?

Mr. Michael O'Keeffe

Tá a lán rudaí á dhéanamh againn i dtaobh na Gaeilge. Tá siad outlined san aighneacht atá curtha chun tosaigh againn. Beidh na rudaí sin sa phlean, ach beidh rudaí eile ann freisin. Beidh consultation leis na stáisiúin. Tá Dr. Rosemary Day ar an gcoiste. Beimid ag caint faoi sin. I have no doubt go mbeidh ideas aici agus go mbeidh sí in ann iad a chur chun cinn. Tá an t-airgead iomlán méadaithe. Tá sé guaranteed go dtéann 25% den chiste go dtí an scéim fuaim agus fís gach bliain. Tá níos mó airgid ag dul go dtí na scéimeanna eile freisin.

An bhfuil méadú i gceist ó bhí 2008 ann?

Mr. Michael O'Keeffe

Absolutely. Tá méadú tagtha faoin teideal "Foghlaim Rannach agus Tacaíochtaí Urraíochta" gach bliain. Bhí deacrachtaí againn ar feadh cúpla bliain mar gheall ar an recession.

Ba mhaith liom níos mó eolais a fháil faoin gceangal atá ag an údarás leis an Aire Stáit, an Teachta McHugh, agus leis an straitéis 20 bliain. Cé mhéad uair sa bhliain a bhuaileann an t-údarás leis?

Mr. Michael O'Keeffe

Níl ceangal againn leis an Aire. Tá ceangal againn leis an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil. Níl ceangal againn leis an Aire Stáit, an Teachta McHugh.

Mr. Michael O'Keeffe

Tá na figiúirí i dtaobh an lucht éisteachta íseal. Is féidir linn na figiúirí sin a fháil don choiste. Tá deacrachtaí ag na stáisiúin tráchtála sa chomhthéacs seo. B'fhéidir gur fiú féachaint ar stáisiúin cosúil le Raidió na Life. Ba mhaith liom go mbeadh opportunity ann chun stáisiúin cosúil le Raidió Rí-Rá, atá ar an Idirlíon amháin faoi láthair, a chur i bhfeidhm níos forleithne. Tá airgead agus funding required má tá sé sin le tarlú. Bhí Raidió na Laoi i gCorcaigh ann níos mó na deich mbliana ó shin, ach níl an stáisiún sin ann anois. We want to develop stations of that nature that can provide cláir do na stáisiúin tráchtála and operate i gcomhpháirtíocht leo. I mo thuairim, is é sin an tslí is fearr to develop and expand further.

Bhí ceist ghinearálta maidir le RTÉ agus na stáisiúin eile. Cén plean atá ag an údarás chun an Ghaeilge a-----

Tá sé dochreidte go bhfuil sé chomh híseal agus nach bhfuil ach dhá uair sa tseachtain-----

Mr. Michael O'Keeffe

Deireann RTÉ go gcuireann siad an t-airgead go dtí Raidió na Gaeltachta agus go ndéanann siad cláir do TG4.

Tá mé ag caint faoin mhéid ama a chaitheann RTÉ Raidió 1 ar chláir trí Ghaeilge. Cén fáth an bhfuil an méid sin chomh híseal? An bhfuil sé ceart go leor agus inghlactha go gcuireann RTÉ amach dhá uair sa tseachtain, agus athchraolta atá i gceist i gcás leath dóibh?

Mr. Michael O'Keeffe

Is dóigh liom go mbeadh an view céanna ag RTÉ. Nuair atá daoine ag éisteacht le RTÉ Raidió 1, tá expectation acu maidir le sceideal na gclár i rith an lae. De réir an pholasaí atá ag bord RTÉ, cuireann siad airgead go dtí stáisiúin cosúil le Raidió na Gaeltachta.

Tá ceist agam maidir le stáisiúin cosúil le Raidió na Life, Raidió Rí-Rá agus Raidió Fáilte. Tá a fhios agam nach dtagann Raidió Fáilte faoi chúram an údaráis.

Mr. Michael O'Keeffe

Tá sé lonnaithe i mBéal Feirste.

Cén fáth nach féidir na ceadúnais atá ag na stáisiúin seo a leathnú amach ionas go mbeadh an stáisiún seo ar fáil níos faide trasna na tíre? Tá Raidió na Life ar fáil i mBaile Átha Cliath. Tá an-chuid oibre iontach á dhéanamh ag lucht Raidió na Life. Tá an caighdeán ar fheabhas ar fad. Nuair a théann muid níos faide siar ná An Uaimh nó An Nás, tá sé imithe. An íocann sé as an gceadúnas atá acu? Conas a fheidhmíonn sé?

Mr. Michael O'Keeffe

They applied for a ceadúnas i mBaile Átha Cliath. Major funding challenges apply to coverage náisiúnta. Tá sé an-deacair do stáisiúin transmission a dhéanamh trasna na tíre go léir gan funding a bheith ann. B'fhéidir go bhfuil opportunities i gceist. Tá Raidió Rí-Rá ar fáil ar líne.

Bhí an plean acu le go mbeadh sé trasna na tíre go léir, ach tá deacrachtaí ansin. Is é an rud sin ceann de na deacrachtaí.

Gabhaim buíochas as an gcur i láthair an-mhór. Bhí an-chuid eolais ann agus tá áthas orm go ndearnadh achoimre air mar go bhfuil an oiread sin eolais ann. Aontaím leis an méid a bhí á rá ag an Teachta Tóibín maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus an tábhacht atá ag baint léi. Is dócha nach bhfuil an tsuim nó an fuinneamh ag teacht ón Rialtas inti. Tá ról an-tábhachtach ag na meáin chun an Ghaeilge a chur os comhair daoine agus chun deis a thabhairt do lucht na Gaeilge í a labhairt agus chun éisteacht léi chomh maith.

Tá cúpla rud ar mhaith liom díriú orthu, más féidir. Ar an gcéad dul síos, ar tháinig torthaí an tsuirbhé seo aniar aduaidh ar na finnéithe, nó an raibh siad ag súil lena leithéid? Léiríonn sé leibhéal sách íseal maidir le húsáid na Gaeilge i measc na meán. An raibh gearán faighte agaibh ó eagraíochtaí éagsúla nó ó dhaoine príobháideacha mar gheall ar leibhéal íseal na Gaeilge? Má bhí gearáin tagtha, conas a rinne sibh a leithéid a láimhseáil?

Tuigim thart ar leathanach a sé, go mbraitheann na finnéithe go raibh an leibhéal comhsheasmhach leis an leibhéal a raibh siad ag súil leis sna ceadúnais, is é sin go raibh an leibhéal mórthimpeall an leibhéal céanna a tháinig as an suirbhé. An é sin le rá go bhfuil leibhéal an-íseal sna ceadúnais atá agaibh? Ar leathanach a ceathair, deirtear go raibh an Rialtas ag rá gur chóir go mbeadh 20% den nuacht agus de chlúdach na gcúrsaí reatha as Gaeilge. An é sin rud a tháinig ó shin nó an bhfuil an 20% curtha i bhfeidhm? An mbeidh sé á chur i bhfeidhm nuair a bheidh athnuachan á déanamh ar na ceadúnais éagsúla?

Nuair a tháinig na comhlachtaí éagsúla seo chugaibh i gcomhair athnuachan a dhéanamh ar a gcuid ceadúnas, ar phléigh na finnéithe an t-ábhar leo nó ar lorg siad go mbeadh níos mó Gaeilge in úsáid iontu acu? Cad ina thaobh go mbeadh caighdeán difriúil ceadaithe ó na stáisiúin éagsúla? An bhfuil cúis faoi leith mar gheall air sin? Feicim i gCorcaigh le C103 agus 96FM, nach gcraolann siad ach míreanna agus in áit ina raibh cláir acu. Cad ina thaobh, mar sin, go mbeadh leibhéal difriúil leagtha síos sna ceadúnais? An féidir an leibhéal sna ceadúnais a athrú anois nuair a thiocfaidh sé go dtí am na hathnuachana?

An raibh cuid de na stáisiúin a bhí leibhéal an-íseal acu ag sárú nó ag teip maidir lena gceadúnais? An raibh aon dream in aon chor ag síneadh amach agus ag déanamh níos mó ná mar a bhí á lorg uathu sa cheadúnas? B’fhéidir nach raibh, ach iarraim ar na finnéithe é sin a chinntiú.

Mr. Michael O'Keeffe

Tá an leibhéal íseal. Admhaím é sin. Tá sé ceangailte le stair na stáisiún nuair a thosaigh siad nuair a rinneadh na hiarratais den chéad uair i 1988. B'shin an leibhéal a bhí inghlactha don choimisiún an t-am sin. Cuireadh na leibhéil sin isteach i gconradh, agus bhí an conradh sin á athnuachan cúpla uair ó shin. An raibh sé sin ceart? Is í sin an tslí a úsáideadh na ceadúnais. Ní seirbhísí poiblí iad. Is é sin an pointe atá ann. Faightear freagra difriúil ó RTÉ, is sin an pointe a bhí á dhéanamh ag an Teachta Tóibín. Is seirbhís phoiblí é RTÉ agus ní seirbhísí poiblí iad na stáisiúin tráchtála. The mechanism that was in operation againne ag an am was to encourage, for example, fuaim agus fís. Tá stáisiúin ag déanamh documentaries agus tá ceann amháin a bhuaigh duais sna meáin Cheilteacha ar Newstalk FM, comedy programme agus Gaeilge á húsáid. Rudaí mar sin atá i gceist to encourage partnerships. Níl a lán done sa raidió; tá níos mó done sa teilifís. Bhí an Teachta referring back to the plan atá againn. Beimid ag féachaint ar mechanisms chun níos mó clár as Gaeilge a chur chun cinn agus a chraoladh.

An féidir linn an conradh a athrú? Ní dóigh liom é, mar shíníomar conradh deich mbliana cúpla bliain ó shin leis an méid is mó de na stáisiúin agus ní dóigh liom go ndéanfaí athrú orthu ach amháin go dtarlóidh change in the legislation. Caithfimid a bheith cúramach faoin reachtaíocht mar go bhfuil trioblóidí eile ag na stáisiúin tráchtála mar gheall ar an ioncam fógraíochta a bheith ag dul go dtí Facebook agus Google agus gan a bheith ag dul go dtí na meáin thraidisiúnta. Tá deacrachtaí ann. Ba mhaith linn féachaint an bhfuil slí ann chun leibhéal na Gaeilge a ardú agus cén tslí is fearr chun é sin a dhéanamh. Is é sin an méid a bhí á dhéanamh againn nuair a chuireamar an plean le chéile.

Níl freagra éasca ar an gceist sin.

Cathain a bheidh na ceadúnais éagsúla á n-athnuachan? Luaigh an finné conradh deich mbliana.

Mr. Michael O'Keeffe

Beidh siad á n-athnuachan i gceann cúig bliana.

An mbeidh deis ag an am sin níos mó Gaeilge a chur sa chonradh? An mbeidh an finné ag seoladh teachtaireacht chuig na comhlachtaí éagsúla ansin gur chóir dóibh a bheith ag upping the game chun bheith ullamh i gcomhair an chéad chonradh eile? Luaigh an Rialtas anseo 20% nuachta agus cúrsaí reatha agus tá an sprioc sin leagtha síos dóibh, de réir mar a thuigim. An mbeidh ar na comhlachtaí éagsúla druidim sa treo sin nuair a bheidh am na hathnuachana ag teacht?

Mr. Michael O'Keeffe

Tá 20% maidir le nuacht agus cúrsaí reatha a bheith á chraoladh i mBéarla san Acht. Caithfidh na stáisiúin 20% de na cláir a bhí ag dul go dtí nuacht agus cúrsaí reatha-----

Ní hí sprioc Gaeilge atá ann ar chor ar bith.

Mr. Michael O'Keeffe

No. Tá an Ghaeilge, cultúr, tallann nua ceoil agus drámaíocht ann, agus caithfidh siad cláir a dhéanamh sna réimsí sin. Níl aon chéatadán san Acht.

Tá an Ghaeilge luaite go sonrach, i measc na rudaí eile.

Mr. Michael O'Keeffe

Tá.

Míthuiscint a bhí ann mar cheap mé go raibh siad ag dul i dtreo an 20% ach níl sé sin mar sprioc acu.

Mr. Michael O'Keeffe

Níl sé sin beartaithe againn.

An bhfuil sprioc in aigne na bhfinnéithe nó an bhfuil sprioc ag na comhlachtaí éagsúla? An bhfuil na finnéithe tar éis é sin a phlé leo?

Mr. Michael O'Keeffe

Is dóigh liom go mbeidh sé mar pháirt den action plan atá beartaithe againn a dhéanamh. Beidh consultation againn leis an sector nuair a bheidh na rudaí seo á phlé againn. B'fhéidir gur cheart don choiste cuireadh a thabhairt do na stáisiúin tráchtála teacht isteach anseo freisin. Is dóigh liom go ndéarfaidís go ndéanfaidís níos mó cláir dá mbeadh tuilleadh airgid ar fáil chuige sin.

Tá pobail bhreise gur féidir leo freastal orthu.

Mr. Michael O'Keeffe

Is é sin an fáth gur labhair mé faoin review ar an scéim fuaim agus fís. Perhaps there will be an opportunity in the review of the scéim fuaim agus fís an bhliain seo chugainn for a linkage with an Ghaeilge ar na stáisiúin tráchtála.

Ar bhain torthaí an tsuirbhé preab as an údarás? An raibh lucht an údaráis ag súil le torthaí chomh híseal sin?

Mr. Michael O'Keeffe

Ní raibh a fhios againn go bhfuil stáisiúin ann nach bhfuil ag déanamh aon rud. Déanfaimid anailís ar sin. Bhí a fhios againn go raibh na leibhéil íseal.

Conas? An raibh gearáin tagtha chuig an údarás ón bpobal?

Mr. Michael O'Keeffe

No.

An raibh daoine ag tarraingt aird an údaráis ar an bhfadhb seo?

Mr. Michael O'Keeffe

Ní raibh.

Tiocfaidh mé ar ais go dtí an cheist eile atá agam. Rinne mé dearmad air níos luaithe.

Mr. Michael O'Keeffe

Caithfidh mé an cheist seo a fhreagairt i mBéarla trí tagairt a dhéanamh do shuirbhé a rinneamar le déanaí. We undertook a public survey of the broadcasting services strategy to ascertain the level of public satisfaction with radio and television services in Éirinn. Ba mhaith liom cúpla findings a lua:

Irish audiences claim broad satisfaction with the range and quality of content available on broadcast media. There is no consensus around major gaps in provision - in broad terms, audiences believe that there is the right amount of content provision in key genres including Irish music, Irish language and news.

Foilsíodh an suirbhé sin i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite. Ghlac 1,500 duine trasna na tíre páirt sa suirbhé seo. Broadly, tá siad sásta leis an content atá ar raidió agus teilifís in Éirinn. Tá a lán rudaí eile sa suirbhé sin. Tá ceann amháin de na findings leagtha amach agam.

Cé mhéad duine a dúirt go raibh siad sásta?

Mr. Michael O'Keeffe

Tá na figiúirí sin agam. Ba í an cheist a cuireadh ná: "Thinking about these categories of content, do you think there is too much, too little or about the right amount of each?" I gcás na Gaeilge, dúirt 42% go bhfuil an leibhéal "about right" agus dúirt 23% go bhfuil sé "too little". Tá bloc ann nach bhfuil sásta leis an mhéid atá ar fáil. A further 19% said there is "too much" and 16% said "don't know". Má chuirtear an 42% agus an 19% le chéile, it is strong. Tá bloc ann gur mhaith leo níos mó Gaeilge. Féachfaimid ar an ngrúpa sin nuair a bheimid ag obair ar an bplean i mbliana.

Baineann an cheist eile atá agam leis an ngradam atá le bronnadh ag an údarás i mbliana i gcomhair na sraithe nó cláir raidió Gaeilge is fearr. An bhfuil sé in aigne ag an údarás go mbeidh gradam amháin oscailte i gcomhair na gcraoltóirí ar nós RTÉ agus na comhaltaí príobháideacha, nó an mbeidh gradam faoi leith i gcomhair na gcomhaltaí príobháideacha chun iad a mhealladh i dtreo an Ghaeilge?

Mr. Michael O'Keeffe

Níl a fhios agam faoi sin go fóill. The BAI provides urraíocht but the decisions on the nature of the prizes are made by an tOireachtas.

Ós rud é go bhfuil an t-údarás ag cur an t-airgead ar fáil, b'fhéidir go mbeidh sé mar thosaíocht ag an údarás coinníollacha mar sin a leagadh síos.

Mr. Michael O'Keeffe

Is féidir linn caint leis an Oireachtas faoi sin. Is é seo an chéad bhliain ina bhfuil sé seo ar siúl.

Ba mhaith liom cúpla ceist a chur. Céard é an líon foirne atá ag an údarás?

Mr. Michael O'Keeffe

Tá 35 ball foirne againn.

Tá Gaeilge ag ceathrar acu.

Mr. Michael O'Keeffe

Tá ceathrar ag obair ar na scéimeanna Gaeilge.

Agus triúr faoi láthair.

Mr. Michael O'Keeffe

Agus triúr faoi láthair.

An bhfuil Gaeilge líofa acu?

Mr. Michael O'Keeffe

Tá Gaeilge mhaith acu go léir.

Mr. Michael O'Keeffe

Tá na hiarratais faoin scéim fuaim agus fís i nGaeilge. Is féidir leis na hiarrthóirí déileáil linn i nGaeilge.

Mr. Dave Butler

Is féidir leis na hiarrthóirí a gcuid iarratais a chur isteach trí Ghaeilge amháin. Beimid ábalta plé leis na hiarratais sin ina iomláine trí Ghaeilge.

Mr. Michael O'Keeffe

Tá website Gaeilge againn freisin.

Cé mhéad comhlacht atá lonnaithe sa Ghaeltacht atá ag fáil tacaíochta faoin scéim sin?

Mr. Michael O'Keeffe

Is dóigh liom go bhfuil a lán de na independent producers based sa Ghaeltacht, particularly i nGaillimh mar gheall go bhfuil siad ag déileáil le TG4.

Tuigim. An bhfuil céatadán ag an údarás i dtaobh líon na ndaoine-----

Mr. Michael O'Keeffe

Caithfimid teacht ar ais leis an bhfigiúr sin.

Iarraim ar an údarás é sin a shoiléiriú. Mar a dúirt an Teachta Tóibín, bhí oifigeach Gaeilge ag an údarás uair amháin.

Mr. Michael O'Keeffe

Bhí, nach mór 20 bliain ó shin.

An bhfuil sé chomh fada siar leis sin? Níor tháinig an tAcht i bhfeidhm go dtí 2009.

Mr. Michael O'Keeffe

Bhí oifigeach Gaeilge ann ar feadh cúpla bliain thart ar 2002 nó 2003.

An raibh oifigeach Gaeilge ann ó tháinig an tAcht seo i bhfeidhm?

Mr. Michael O'Keeffe

No, ní raibh. Tá níos lú daoine fostaithe in Údarás Craolacháin na hÉireann anois ná mar a bhí fostaithe i gCoimisiún Craolacháin na hÉireann. Tá i bhfad níos mó feidhmeanna againn anois.

Tuigim é sin.

Mr. Michael O'Keeffe

Maidir leis an mechanism a úsáideann muid, táimid sásta go bhfuil triúr nó ceathrar ag obair ar na projects seo.

Tuigim go bhfuil sé deacair ag an údarás. Nílimid anseo chun an údarás a cháineadh. Táimid anseo i mBliain na Gaeilge. I mo thuairim, bunaithe ar an mhéid atá feicthe againn, is bliain na géarchéime í don Ghaeilge. Tá ról faoi leith ag an údarás. Táimid ag teacht i dtaithí air sin, agus ag teacht ar an eolas, de réir a chéile. Cén sórt ról réamhghníomhach atá ag an údarás ó thaobh na Gaeilge sna stáisiúin raidió áitiúla? Tabharfaidh mé sampla chun rudaí a shimpliú. Tá mé i mo chónaí i gcathair dhátheangach na Gaillimhe ar thairseach na Gaeltachta is mó sa tír. Tá meas mór agam ar an stáisiún raidió sa chathair, ach ní chloisim focal Gaeilge air. Tá an stáisiún sin luaite sa staidéar taighde a rinne an Dr. John Walsh agus an Dr. Rosemary Day.

Mr. Michael O'Keeffe

Scríobhamar chuig an stáisiún sin nuair a fuaireamar an tuarascáil.

Tar éis na tuarascála seo, an ea?

Mr. Michael O'Keeffe

No, tar éis-----

Níor scríobh sibh chuig an stáisiún roimhe sin.

Mr. Michael O'Keeffe

Bhí sé-----

Gabh mo leithscéal. Tá mé ag briseadh na rialacha. Tá mé ag cur ceisteanna gan deis a thabhairt don fhinné iad a fhreagairt.

Mr. Michael O'Keeffe

Bhí commitments-----

Tá mé ag cur isteach ar an bhfinné. Iarraim air teacht ar ais chugam maidir leis an mhéid a rinne an t-údarás i dtaobh an stáisiún seo roimh an tuarascáil ón Dr. John Walsh. Is rud amháin é sin. Tá ceist eile agam a bhaineann le líon na gclár Gaeilge. Tá sé ráite ag na finnéithe nach raibh iontas orthu.

Tá dualgas faoi leith ar na stáisiúin raidió in ainneoin go bhfuil an fhreagracht íseal. Tá dualgas ar na stáisiúin Gaeilge a chraoladh. Tá na finnéithe ag déanamh monatóireachta air sin. Cén saghas monatóireachta a rinne siad agus a dhéanann siad maidir le líon na gclár Ghaeilge agus an Ghaeilge atá á úsáid ag na stáisiúin raidió? Cén fhad atá ar na ceadúnais? An deich mbliana é?

Mr. Michael O'Keeffe

Sea.

Tá ceist nó dhó eile agam maidir le RTÉ. Luaigh an Teachta Tóibín dhá uair in aghaidh an lae. An bhfuil na finnéithe sásta leis sin, go háirithe nuair a smaoinítear ar an straitéis 20 bliain agus ar na dualgais faoin reachtaíocht maidir leis an nGaeilge agus leis an éagsúlacht? Cuireann sé beagáinín díomá orm go bhfuil na finnéithe ag rá go gceapann RTÉ go ndéanann Raidió na Gaeltachta agus TG4 an gnó. Déanann siad sárjab ach tá dualgas faoi leith ag RTÉ freisin an Ghaeilge a dhéanamh níos feiceálaí trí na cláir uilig. An bhfuil na finnéithe sásta leis an mhéid atá á dhéanamh acu? Cén saghas monatóireachta atá á dhéanamh acu?

Tá ceist dheireanach agam faoin reachtaíocht. Tá Údarás Craolacháin na hÉireann ag feidhmiú faoi reachtaíocht ó 2009. An bhfuil sé ró-lag? An bhfuil laigí ann? An bhfuil moltaí ag na finnéithe maidir leis an reachtaíocht sin chun í a láidriú nó a threisiú?

Mr. Michael O'Keeffe

Tá commitments ag Galway Bay FM. Maidir leis an monatóireacht a dhéanaimid, cuireann na stáisiúin what we call a broadcaster return isteach gach bliain.

An tuarascáil, an ea?

Mr. Michael O'Keeffe

An tuarascáil, sea. Nuair a fhaighimid an tuarascáil we accept it at face value.

So tá féinmhonatóireacht i gceist.

Mr. Michael O'Keeffe

Tá, ach if something is brought to our attention, mar shampla sa tuarascáil sin le Dr. Walsh agus Dr. Day ina ndeirtear nach bhfuil Galway Bay FM agus stáisiúin eile ag comhlíonadh a ndualgais Gaeilge, we investigate an cás. Sa chás sin, Galway Bay FM provided a cúis as to cén fáth nach raibh a ndualgais á gcomhlíonadh aige. Bhí presenter ann agus d'fhág sé nó sí an stáisiún. Bhí an stáisiún ag caint le Conradh na Gaeilge agus grúpaí Gaeilge thíos i nGaillimh chun presenter nua a fháil. Tá an stáisiún ag rá go bhfuil presenter nua ag craoladh anois.

There are three stages to compliance. Is é an chéad chéim an compliance notice. Muna bhfuil stáisiún ag déanamh rud éigin, we issue a compliance notice and ask it to correct the issue. Muna dhéanann siad é sin, tarlaíonn an next stage, which is a warning notice. Is é an chéad stage eile ná investigation. In a lán cásanna, nuair a fhaigheann an stáisiún compliance notice, cuireann sé rudaí i gceart. Sin a rinne Galway Bay FM ag an am seo. Seo é an monatóireacht a dhéanaimid ar na stáisiúin go léir - an annual return agus then, má tá rudaí brought to our attention, déileálaimid go díreach leis an stáisiúin.

I gcás RTÉ, caithfidh an coiste a bheith aware go bhfuil bord ag RTÉ. Déanann an bord sin an statement of commitments to RTÉ gach bliain. Is é bord RTÉ that approves this. Faighimid cóip de agus is féidir linn comment ar an ráiteas sin-----

Is ráiteas tiomantais i leith na Gaeilge é sin, an ea?

Mr. Michael O'Keeffe

The statement covers gach rud in RTÉ.

Agus tá an Ghaeilge san áireamh.

Mr. Michael O'Keeffe

Tá. Tá an Ghaeilge included in that. Caithfidh mé a rá go bhfuil oifigeach Gaeilge appointed, Rónán Mac Con Iomaire. Tá sé sa ról le cúpla bliain. Tá plean aige chun an Ghaeilge a increase across na seirbhísí go léir. B'fhéidir go bhfuil sé ag tógáil níos mó ama ná mar a bhí pleanáilte ach tá duine ann, oifigeach Gaeilge, in RTÉ a bhfuil responsibility air na rudaí sin a dhéanamh.

Tuigim é sin. Tháinig an tUasal Mac Con Iomaire os ár gcomhair. Ní raibh fadhb ar bith againn leis. Is grúpcheannasaí é. Ba é mo cheist ar na finnéithe ná cén sórt monatóireachta a dhéanann siad ar na gealltanais agus na ráitis. Deireann RTÉ rud amháin. Cén sórt monatóireachta a dhéanann Údarás Craolacháin na hÉireann?

Mr. Michael O'Keeffe

Déanaimid review gach bliain. Cuirtear os comhair an Aire agus an Rialtais é. It is a review of the commitments. Sin a bhíonn á dhéanamh againn faoi sin. Caithfidh an tAcht 2009 a bheith athruithe go luath. Mar a deirim, níl aon reference ann do na meáin chumarsáide nua. Caithfidh go mbeadh a leithéid de reference ann. Beidh opportunity chun rudaí leithéid na Gaeilge a phlé nuair a dhéantar an t-athrú sin. Is dóigh liom go dtarlóidh sé sa dá bhliain atá romhainn. Caithfidh an Rialtas an European legislation a thabhairt isteach roimh 2020. Tá opportunity ann chun féachaint ar an nGaeilge le linn an phlé sin.

An bhfuil aon duine ag iarraidh teacht ar ais? Tapóidh mise an deis mar sin. Cé mhéad uair a sheol an t-údarás compliance notice nó rabhadh?

Mr. Michael O'Keeffe

Cúpla-----

An bhfuil sé déanta aon uair ag an údarás?

Mr. Michael O'Keeffe

Tá.

An rinneadh é as stuaim an údaráis féin?

Mr. Michael O'Keeffe

Tá monatóireacht linked to an líon foirne atá againn ach tá monatóireacht ar siúl ar stáisiúin a bhfuil ag dul chun a gceadúnais a athnuachan. Déanaimid monatóireacht orthu sin. Má fhaighimid gearáin, téimid i mbun monatóireachta. Tá monatóireacht déanta ar random basis chun a fháil amach an bhfuil na stáisiúin ag comhlíonadh a dtiomantais. We do it on a random basis for each station and they know not the hour when we will pounce.

They know not the day nor the hour.

Mr. Michael O'Keeffe

No.

Cé chomh minic a dhéanann an t-údarás é sin? Mar shampla, cé chomh minic a rinneadh é an bhliain seo caite?

Mr. Michael O'Keeffe

Tá plean compliance againn that sets out na stáisiúin. B'fhéidir go bhfuil cúig nó sé stáisiún sa phlean agus ansin féachaimid ar themes. For example we would have looked at the theme of alcohol agus advertising of alcohol ar na stáisiúin. Tógaimid theme agus then déanaimid an mhonatóireacht sin.

Ar thóg na finnéithe téama na Gaeilge riamh?

Mr. Michael O'Keeffe

Níor thóg. Is é an tuarascáil sin an chéad uair. Bhíomar den view go raibh na stáisiúin go léir ag craoladh mar a bhí geallta. Fiú go raibh an amount íseal, it was our understanding that they were ag craoladh----

Thuig na finnéithe go raibh siad ag-----

Mr. Michael O'Keeffe

Thuigeamar go raibh siad ag craoladh na Gaeilge.

Tá sé thar a bheith soiléir nach raibh. Níl mé ag iarraidh Galway Bay FM a phiocadh amach.

Mr. Michael O'Keeffe

Bhí cúpla stáisiún nach raibh ag craoladh na Gaeilge.

Ar léigh na finnéithe an tuarascáil?

Mr. Michael O'Keeffe

Léigh.

Tá sé thar a bheith soiléir nach raibh na stáisiúin ag comhlíonadh a ndualgais, taobh amuigh de na stáisiúin raidió a phléann le daoine óga. Bhí siadsan ar fheabhas. Bhí iadsan fiú ag craoladh taobh amuigh de na hamanna-----

Mr. Michael O'Keeffe

Tá siad íseal. Aontaím leis an gCathaoirleach faoi sin.

Táimse ag iarraidh a fháil amach an bhfuil sé níos ísle ná mar a thuig na finnéithe. An bhfuil sé níos ísle ná mar a bhí ceaptha dar leis an gceadúnas? Sin an pointe nach bhfuil mé soiléir faoi.

Tá sé dochreidte. Is léir dúinn anois nach bhfuil a fhios ag Údarás Craolacháin na hÉireann an bhfuil sé níos ísle. De réir an eolais atá faighte againn, níl review déanta ar an Ghaeilge mar théama go dtí seo.

Mr. Michael O'Keeffe

Tá an Ghaeilge san annual return. Faighim annual return ó na stáisiúin gach bliain.

Níl an tUasal O'Keeffe féin ag tomhais an bhfuil an annual return sin fíor.

Mr. Michael O'Keeffe

Bhuel, is-----

Is self-regulation atá i gceist.

Mr. Michael O'Keeffe

One assumes that na stáisiúin will give correct information. One has to make that assumption, i mo thuairim.

Má tá sé sin fíor, níl aon ghá le review. Ní oireann an dá rud. Bíonn review ann má cheapann an tUasal O'Keeffe uaireanta nach bhfuil na stáisiúin iomlán ionraic. Níl aon review ann i leith na Gaeilge. Is drochrud é sin. I ndáiríre, níl sé sin as an bpictiúr ón méid atá feicthe ag an gcoiste seo faoi gach rud atá an Stát ag déanamh. Is sampla é den taithí a bhíonn ag an nGaeilge. Tá gach duine ag rá go bhfuil siad ar son na Gaeilge agus go bhfuil siad ag déanamh a ndícheall ar a son, ach nuair a dhírítear isteach ar na mionsonraí, is léir nach bhfuil sé sin fíor.

Mr. Michael O'Keeffe

Ní aontaím leis sin. Information is provided on an annual basis faoin nGaeilge atá ar na stáisiúin agus tá a lán rudaí eile á ndéanamh againn ar son na Gaeilge freisin.

Nílim ag iarraidh troid leis an Uasal O'Keeffe faoin ábhar sin ach ní féidir leis a rá gur cheart dúinn review a dhéanamh chun a bheith cinnte go bhfuil na ráitis fíor agus a rá nach bhfuil aon review déanta aige faoin nGaeilge toisc go gcreideann sé go bhfuil na ráitis fíor ar aon nós. Bíonn review ann ar an drochuair nach bhfuil na ráitis fíor chun brú a chur ar na heagraíochtaí agus chun iad a choimeád ar a mbarraicíní mar gheall ar an bhfírinne. Dúirt an Cathaoirleach - b'fhéidir gur slip of the tongue é - nach bhfuil ach dhá uair an chloig i nGaeilge ar RTÉ Radio 1 sa tseachtain iomlán. Ní dhá uair sa lá atá i gceist ach dhá uair sa tseachtain iomlán ar an bpríomhstáisiún ar a bhfuil public service broadcasting ar siúl. Tá sé sin maslach don Ghaeilge. Ní thuigtear chomh deacair agus atá rudaí mar gheall ar an nGaeilge. Tá an Ghaeilge i bponc. Tá levers ann chun é a dheisiú agus a threisiú. Is ceann de na levers atá ann an chraoltóireacht. Tá an deis ag an údarás anois díriú isteach ar an rud seo agus an whip a crack - más féidir liom an drochteanga sin a úsáid - chun a bheith cinnte go bhfuil plean iomlán agus slat tomhais bliantúil iomlán ann. Ba chóir go mbeadh penalties mar gheall ar na heagraíochtaí nach bhfuil ag comhlíonadh a gcuid dualgas.

Má chloiseann daoine i bhfad níos mó Gaeilge ar an raidió agus ar an teilifís, diaidh ar ndiaidh beidh siadsan ag úsáid níos mó Gaeilge ar an raidió agus ar an teilifís. An fáth go bhfuil an Ghaeilge in ísle brí ná go dtuigeann daoine sa Ghaeltacht a úsáideann an Ghaeilge nach bhfuil meas ag an Stát ar an nGaeilge. Tá siad ag smaoineamh cén fáth ba cheart dóibh an Ghaeilge a úsáid lena gcuid páistí muna bhfuil meas ag an Stát ar an nGaeilge. Dá mbeadh an Stát ag cur teachtaireacht láidir chucu ag rá gur ré nua é seo, go bhfuil sé lán-dáiríre, go bhfuil todhchaí don Ghaeilge agus gur cheart do na daoine sin Gaeilge a labhairt lena gcuid páiste, athródh sé an scéal. Tá deis ag gach duine an rud sin atá ann a dhéanamh. Sin an fáth go bhfuil an coiste seo ag iarraidh díriú isteach ar an rud.

Maidir leis an bpointe faoin Stát, táimse lán-chinnte ón méid díospóireachta a bhí ag an údarás leis an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil nach raibh an straitéis 20 bliain á phlé acu riamh. Táimse lán-chinnte faoi sin toisc nach mbíonn an Roinn sin ag plé an straitéis 20 bliain le héinne riamh. Tá sé iomlán dofheicthe ag an Roinn sin. Ó 2014 d'eagraigh an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as an nGaeltacht coiste comhairliúcháin mar gheall ar an straitéis 20 bliain. Bhuail sé sin le chéile cúig huaire ón mbliain sin. Níor bhuail sé le chéile ar chor ar bith an bhliain seo. Nuair a chuirtear an easpa iarrachta sin i gcomparáid leis an bhfadhb ollmhór, tá sé soiléir d'éinne an neamhaird, an easpa suime agus an easpa tuisceana atá ag an Rialtas seo i leith na Gaeilge. Is cuma leis cad a tharla leis an nGaeilge i ndáiríre. Is é sin an fáth gur cheart dúinne mar choiste a chur in iúl do na finnéithe cé chomh dáiríre atá muidne agus iad a spreagadh an deis atá againn a thapú. Is féidir linn é seo a athrú. Is féidir linn stop a chur leis an meath sin agus dul sa treo eile, ach caithfidh go mbeadh gach duine ar bord chun an rud sin a dhéanamh.

Níl a fhios agam an raibh ceist ansin. An bhfuil aon rud le rá ag na finnéithe faoi?

Mr. Michael O'Keeffe

Tá a lán rudaí á dhéanamh againn. Aontaím leis an Teachta gur féidir níos mó a dhéanamh. Is páirt é sin den phlean a bheimid ag cur i bhfeidhm níos déanaí sa bhliain seo.

Cad é stádas an straitéis seirbhísí craolacháin? Cá bhfuil sé faoi láthair?

Mr. Michael O'Keeffe

Is straitéis trí-bliana é agus táimid ina lár.

An bhfuil straitéis ann faoi láthair?

Mr. Michael O'Keeffe

Tá a range of initiatives and scéimeanna i leith na Gaeilge sa straitéis. Táimid ag cur an plean le chéile anois agus gach rud atá le déanamh againn le initiatives nua chun-----

Tuigim é sin ach cad atá an t-údarás ag feidhmiú leis faoi láthair? An bhfuil sé ag feidhmiú le straitéis? An bhfuil athbhreithniú ar siúl ar an straitéis atá ann? An bhfuil straitéis nua-----

Mr. Michael O'Keeffe

Táimid i lár na straitéise.

Tá sé i mbun oibre ar straitéis, an bhfuil?

Mr. Dave Butler

Tá an aidhm istigh i straitéis iomlán BAI.

Professor Pauric Travers

Tá straitéis againn ar seoladh an bhliain seo caite é.

Gabhaim buíochas leis an Ollamh Travers. Tá plean don Ghaeilge taobh istigh den straitéis sin.

Mr. Michael O'Keeffe

Yes.

An bhfuil an t-údarás i mbun comhairliúcháin faoi láthair maidir leis an bplean sin?

Mr. Dave Butler

Táimid i mbun an phlean agus beimid ag déanamh teagmháil leis na líonraí - líonra na stáisiúin raidió pobail agus líonra na stáisiúin tráchtaireachta. Beimid i dteagmháil leo. Má tá aon bhearnaí nó má tá oiliúint ag teastáil, féachfaimid ar na bearnaí sin.

Tuigim. Beidh an plean sin réitithe roimh dheireadh na bliana.

Mr. Dave Butler

Beidh.

Tá an t-údarás i mbun oibre ar an bplean sin faoi láthair agus tá próiseas comhairliúcháin i gceist.

Mr. Michael O'Keeffe

Tá. Tabharfaimid cuirí don Chathaoirleach féin agus do bhaill an choiste nuair a lainseálfaimid an plean sin.

Tá brón orm. An féidir linn an dréacht a fheiceáil chun ár gcuid tuairimí a thabhairt don údarás agus submissions a dhéanamh in ionad muid ar an taobh seo á léamh don chéad uair agus é críochnaithe? An féidir linn cabhrú ar chor ar bith leis an bpróiseas?

Mr. Dave Butler

Tá sé taobh istigh dár straitéis.

Mr. Michael O'Keeffe

Tabharfaimid an dréachtphlean don údarás i mí Mheán Fómhair.

Ach an féidir é a sheoladh chugainn?

Professor Pauric Travers

Tar éis an chruinnithe.

Mr. Michael O'Keeffe

Tar éis chruinniú an údaráis.

I mí Mheán Fómhair?

Mr. Michael O'Keeffe

Beimid ag cur an plean faoi bhráid an údaráis don chéad uair i mí Mheán Fómhair. Beimid sásta é a sheoladh chuig an choiste tar éis sin.

Tá sé sin ceart go leor. Níl aon fhadhb leis sin. Dheimhnigh an Rialtas le déanaí go mbeidh plean gníomhaíochta maidir leis an straitéis 20 bliain. Táimid ag fanacht le plean gníomhaíochta le fada an lá. Dheimhnigh sé dúinn le déanaí go mbeidh an plean sin á chur os comhair an Cabinet ar 12 Aibreán. An raibh na finnéithe ar an eolas faoi sin? An raibh aon ionchur acu ar an bplean gníomhaíochta sin?

Mr. Michael O'Keeffe

Ní raibh.

Tá sé sin tábhachtach. Tá cur i bhfeidhm an phlean gníomhaíochta sin bunaithe ar an straitéis 20 bliain. Baineann cuid lárnach den straitéis sin le cúrsaí cumarsáide agus leis na meáin. Ní raibh ról ar bith ag an údarás sa phlean sin.

Mr. Michael O'Keeffe

No.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe - an Uasal Michael O'Keeffe, an Ollamh Pauric Travers agus an Uasal Dave Butler. Tá sé tábhachtach gach éinne a chur ar an eolas ionas gur féidir linn obair le chéile ar son na Gaeilge. Is é sin an rud atá ag teastáil uainn. Táimid ag iarraidh rudaí a fheabhsú mar is cuí. Chuir an taighde ón Dr. Rosemary Day agus an Dr. John Walsh iontas orainn. Is é sin an fáth go rabhamar ag iarraidh breathnú isteach ar an earnáil seo.

B'fhéidir gur cheart dúinn bualadh le chéile arís i mí Mheán Fómhair nó i Mí Dheireadh Fómhair.

Mr. Michael O'Keeffe

Beimid sásta teacht ar ais.

Go raibh míle maith agaibh.

Lean an comhchoiste le gnó príobháideach ar 5.31 p.m., agus cuireadh ar fionraí é ar 5.48 p.m. go dtí 4 p.m. Dé Máirt, 19 Meitheamh 2018.
Barr
Roinn