Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán díospóireacht -
Tuesday, 10 Jul 2018

Plean Gníomhaíochta 2018-2022 de Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: An tAire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

Gabhaim buíochas leis na baill coiste as ucht teacht isteach, go háirithe an Seanadóir Conway-Walsh. Tá chuile dhuine faoi bhrú inniu. Cuirfimid tús díreach leis an gcruinniú mar tá an tAire Stáit os ár gcomhair. Gabhaim buíochas leis. Tá a fhios agam nach bhfuil sé éasca agus tá an plean seo thar a bheith tábhachtach dúinn. Tosóimid leis an gcur i láthair ón Aire Stáit agus beidh daoine ag teacht agus ag imeacht. Tá a fhios aige an chaoi a bhfuil sé ar chuile choiste. Tá sé deacair so níl aon ghá leis an Acht um Chlúmhilleadh is dócha. Tá sé ar eolas ag an Aire Stáit. Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Ba mhaith liom rud amháin a rá faoi thábhacht an phlean gníomhaíochta seo as an tuarascáil ach tiocfaidh mé ar ais chuige níos déanaí. Tá leithscéal faighte ón Teachta Ó Cuív. De ghnáth déanann sé a dhícheall a bheith anseo. Ní dóigh liom go raibh an t-am feiliúnach inniu.

Táim buíoch as an gcuireadh agus gabhaim buíochas leis an Chathaoirleach fá choinne an chomhrá neamhfhoirmiúla agus foirmiúla istigh sa Dáil roimh an bplean gníomhaíochta a lainseáil, agus gabhaim buíochas chomh maith fá choinne an bhrú agus an chuidithe. Mar Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin, tá lúcháir orm an deis seo a fháil chun léargas a thabhairt faoin phlean gníomhaíochta 2018-2022 d'fheidmiú na straitéise 20 bliain don Ghaeilge a sheol mé go hoifigiúil thar ceann an Rialtais ar 29 Meitheamh i nGaoth Dobhair.

Ós rud é gurb ionann an straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus polasaí an Stáit i Ieith na Gaeilge, tá úinéireacht tras-rannach ag an straitéis agus baineann an fhreagracht as í a chur i bhfeidhm, dá réir, le raon Ranna, forais agus eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta. De thoradh próisis chomhairliúcháin phoiblí a d'eagraigh mo Roinn faoin ábhar, aithníodh an gá le plean a chur i dtoll a chéile a dhéanfadh treisiú ar an chaoi a raibh an straitéis á cur i bhfeidhm go dtí seo ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta i ndeireadh báire. Is é an plean seo toradh an phróisis sin agus toradh an phlé a rinne mo Roinn, ar a bhfuil an fhreagracht fhoriomlán as comhordú a dhéanamh ar fheidhmiú na straitéise, le raon Ranna, forais agus eagraíochtaí ábhartha le tamall anuas. Tugtar léargas sa phlean ar an mhéid atá déanta ó foilsíodh an straitéis mar a bhaineann sé leis na naoi réimse gnímh faoi leith a leagtar amach inti: oideachas, an Ghaeltacht, an teaghlach ag cur na teanga ar aghaidh, idirghabháil go luath, riarachán, seirbhísí agus pobal, na meáin agus an teicneolaíocht, foclóirí, reachtaíocht agus stádas, saol eacnamaíochta, agus tionscnaimh leathana.

Thar aon ní eile, is ar an tréimhse cúig-bliana romhainn atá an bhéim sa phlean, agus leagtar amach ann, dá réir, an méid atá beartaithe a dhéanamh sa tréimhse go 2022 chun tuilleadh cúraim a dhéanamh den Ghaeilge agus den Ghaeltacht mar a bhaineann sé leis na naoi réimse gnímh. Ag croílár an phlean, tá na bearta comhaontaithe a leagtar amach ann. Maidir le gach beart, a bhfuil breis agus 180 díobh ann, luaitear go sonrach an méid atá beartaithe a dhéanamh, na páirtithe a bheidh freagrach as feidhmiú na mbeart, agus an tráthchlár a bhainfidh lena bhfeidhmiú. Déantar cur síos ann chomh maith ar an chur chuige úr a bheidh i bhfeidhm maidir le cúrsaí monatóireachta, ar mhaithe le treisiú a dhéanamh ar an chomhphairtíocht agus ar an chomhúinéireacht is gá a bheith ann go tréan chun go mbeidh rath ar an phlean trí chéile.

Ós rud é gurb é feidhmiú na mbeart atá ag croílár an phlean, tá béim faoi leith ar chur chuige trédhearcach agus cuntasach faoina mbeidh an dúshlán agus an deis tugtha do na páirtithe leasmhara chun cúram a dhéanamh d'fheidhmiú na mbeart comhaontaithe agus tuairisc ina leith sin a chur ar fáil. Aithnítear sa phlean gur i gcomhthéacs polasaithe ábhartha eile a chuirfear i bhfeidhm é, lena n-airítear: An Plean Forbartha Naisiúnta 2018-2027, an plean gníomhaíochta d'fhorbairt tuaithe agus clár Éire Ildánach 2017-2022. Agus sin ar fad á chur san áireamh, ní call a rá go mbeifear ag faire amach thar shaolré cúig-bliana an phlean ar dheiseanna breise chun cur lena bhfuil ann, de réir mar a thagann deiseanna agus acmhainní breise chun cinn.

Is é príomhaidhm an phlean gníomhaíochta seo na tosaíochtaí sonracha straitéiseacha a shainaithint i leith chur chun cinn na Gaeilge agus cuspóirí sonracha na straitéise a bhaint amach do na chéad chúig bliana eile amach romhainn. I measc phríomhaidhmeanna agus phríomhchuspóirí an phlean gníomhaíochta tá creat níos comhtháite agus níos cuimsithí á chur ar fáil a thacóidh le cur i bhfeidhm na straitéise, a bheidh dírithe ar ghníomhaíochtaí a bhfuil am sonrach ag baint leo, agus a chuirfear i bhfeidhm sna cúig bliana atá le teacht go 2022. Tá rannphairtíocht níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí le cuspóirí foriomlána Rialtais i leith na Gaeilge á cothú i gcomhthéacs na straitéise 20 bliain don Ghaeilge ag leibhéal na Roinne, eagraíochtaí neamhrialtais agus pobail. Tá forbairt bhreise á déanamh ar chomhúinéireacht, chomhfhreagracht agus chuntasacht tras-Rialtais agus ag leibhéal gníomhaireachta agus eagraíochta neamhrialtais i dtaca leis an straitéis agus na gníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean gníomhaíochta. Faoi dheireadh, tá tuiscint agus ceangal níos fearr á gcur chun cinn idir pleananna oibre gníomhaireachtaí, eagraíochtaí ábhartha, an plean gníomhaíochta agus, da réir, an straitéis uileghabhálach 20 bliain.

Ach an oiread leis an phróiseas pleanála teanga, le feidhmiú an pholasaí don oideachas Gaeltachta agus le raon leathan clár, scéimeanna agus tionscnamh atá á riar i gcaitheamh an ama ag páirtithe leasmhara atá dlúthbhainteach le feidhmiú na straitéise, is é spiorad na meithle atá ag croílár an scéil. Mar atá luaite agam roimhe seo, dá mhéad a aithnítear agus a chothaítear an chomhphairtíocht agus an chomhúinéireacht sin a bhfuil an plean gníomhaíochta tógtha orthu is ea is fearr a éireoidh lenár gcuid iarrachtaí ar fad. Mar atá luaite agam sa phlean féin agus ó shin, is mian liom an deis seo a thapú, agus mé i gcuideachta an choiste anseo inniu, mo bhuíochas a ghabháil le mo chomhghleacaithe Rialtais sa Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, sa Roinn Oideachais agus Scileanna, sa Roinn Airgeadais agus sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe as a gcomhoibriú sa chúram seo. Ba mhaith liom an deis a thapú chomh maith chun mo bhuíochas féin agus buíochas mo Roinne a ghabháil freisin le hÚdarás na Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge.

Gabhaim míle buíochas don Aire Stáit. Rinne mé dearmad fáilte a chur roimh an tUasal Micheál Ó Conaire, príomhoifigeach as an Roinn. Céad míle fáilte. Tá an dá rud a bhí á chuardach agam ar leathanach 18 agus 19. Chun an plean seo a chur i gcomhthéacs, tá sé ráite ar leathanach 18 den phlean gur thit líon iomlán na gcainteoirí Gaeilge i gceantair Ghaeltachta idir 2011 agus 2016. Ansin, maidir leis an bplean agus an straitéis 20 bliain don Ghaeilge, deirtear nach bhfuil aon amhras faoi ach go mbeidh cur i bhfeidhm an phlean seo lárnach agus rí-thábhachtach, ní hamháin ó thaobh chuspóirí sonracha na straitéise a bhaint amach ach ó thaobh inmharthanacht na Gaeilge féin. Sin pointe thar a bheith tábhachtach. Tá an plean seo chomh tábhachtach ó thaobh inmharthanacht na Gaeilge í féin. Tiocfaidh mé ar ais go dtí na pointí sin agus tosóidh muid leis an Teachta Tóibín.

Sin an céad phointe atá agam freisin, is é sin an pointe mar gheall ar titim an mhéid daoine atá ag labhairt an Gaeilge go laethúil sa Ghaeltacht.

Is iad na outputs an slat tomhais is tábhachtaí mar gheall ar an straitéis 20 bliain ná aon straitéis eile. Is léir go bhfuilimid ag dul sa treo mícheart leis an straitéis seo. Bhí cuspóir ann go mbeadh 250,000 duine ag labhairt Gaeilge go laethúil ag deireadh na straitéise seo. Nuair a cumadh an cuspóir, bhí 83,000 duine ag labhairt na Gaeilge go laethúil. Anois níl ach 73,000 daoine ag labhairt Gaeilge go laethúil. Caithfimid a bheith ionraic faoin drochstaid ina bhfuil an Ghaeilge tar éis na blianta ina raibh an straitéis ann. Dúirt an sochtheangeolaí, Conchúr Ó Giollagáin:

[N]íl beartais an phlean nua seo fréamhaithe i ndiagnóis ar na dúshláin atá ag an bpobal. Is í fealsúnacht na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, seachas riachtanais an phobail Ghaelaigh, atá ceannasach fós sna tosaíochtaí nua seo.

Dar leis an saineolaí sin, tá an plean seo ag díriú isteach ar dhaoine nua nach bhfuil ag labhairt na Gaeilge agus tá sé ag déanamh neamhaird ar na daoine atá ag labhairt na Gaeilge go laethúil. Is í an Ghaeltacht tobar na Gaeilge. Muna bhfuil an Ghaeltacht ag feidhmiú agus muna bhfuil pobal ag labhairt na Gaeilge lena chéile go laethúil, beidh an tonn tite amach as an rud ina iomlán.

Mar gheall ar airgeadas, táimse tar éis an pointe seo a dhéanamh arís agus arís eile. Níl a dhóthain airgid ag teacht isteach go dtí an Roinn seo. Tá go leor tar éis a bheith tógtha amach as an nGaeltacht. Tá Údarás na Gaeltachta, atá ina inneall eacnamaíochta don Ghaeltacht, ina smidiríní. Tá titim de 70% tagtha ar mhaoiniú caipitil Údarás na Gaeltachta. Sa tréimhse céanna, tugadh 66% níos mó airgid don IDA agus d'Fhiontar Éireann. Is iad cúrsaí eacnamaíocta ceann de na rudaí is tábhachtaí mar gheall ar an nGaeltacht. Nuair a bhíonn muidne ag díriú isteach ar an titim, deireann daoine gur tharla é seo i lár an chúlaithe eacnamaíochta nuair a bhí daoine ag imeacht ón nGaeltacht. An freagra air sin ná an méid airgid a tugadh don IDA agus d'Fhiontar Éireann. Ní fheicim aon dul chun cinn cuí sa phlean seo. Tá tagairt dó sa phlean forbartha náisiúnta ach níl chóimheas cuí sa phlean nua atá ag Fine Gael mar gheall ar fhorbairt na tíre. Táimid ag caint faoi 15% sa phlean nua atá le teacht ach fuair an Gaeltacht 22% den airgead sa seanphlean forbartha náisiúnta.

Is féidir smaoineamh ar rudaí nach mbaineann aon chostas leo ar chor ar bith, ar nós comharthaí bóithre. Bhí sa straitéis go mbeadh an Ghaeilge sofheicthe. Cén fáth nach bhfuil an Rialtas ag dul ar aghaidh leis sin? Bhí an Teachta Leo Varadkar sásta scéim piolóta a chur ar bun mar gheall ar chomharthaí bóithre nuair a bhí sé ina Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt. Nuair a bhí mise ag caint leis an Aire, an Teachta Shane Ross, dúirt sé liom nach raibh aon fhadhb aige leis an scéim sin ach fós níl rudaí cosúil leis sin istigh sa phlean.

Cén fáth nach bhfuil an tAire Stáit ag déanamh níos mó mar gheall ar oideachas? Le blianta anuas tá daoine ag caint faoi na Gaelscoileanna agus ag rá gur iontach an rud iad. Ceapann gach duine sa seomra seo go bhfuil Gaelscoileanna iontach ar fad. Tá 25% de tuismitheoirí ag iarraidh a bpáistí a chur chuig Gaelscoil ach níl ach 5% de pháistí ag dul chucu. Tá bearna ollmhór idir éileamh agus soláthar. Ní raibh Gaelscoil nua ar bith fógartha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna i mbliana. Ní fheicim aon smaointí mar gheall ar phlean don Ghaeilge i scoileanna Béarla sa phlean gnímh seo. An dtuigeann an tAire Stáit? Dúirt an straitéis 20 bliain go mba cheart go mbeadh cúpla bliain de thumoideachas le fáil ag gach páiste sa tír. Dúradh go mbeadh fiú na páistí atá ag freastal ar scoileanna Béarla timpeall na tíre in ann cúpla bliain de thumoideachas a fháil. Mar is eol don Aire Stáit, nuair a fhaigheann daoine tumoideachas i dteanga ag tús a saolta, ní foghlaim atá i gceist i ndáiríre. Bíonn daoine cosúil le sponge. Tógann siad na focail nua isteach gan aon strus ná stró ar chor ar bith. Níl aon rud sa phlean atá réabhlóideach, radacach nó láidir go leor le déileáil leis an gcúlú atá i gceist san earnáil seo.

Cén fáth go bhfuil an plean seo loite le rudaí atá ag tarlú ag an mbomaite? Cuir i gcás gníomh 8.11, "Leanfaidh Foras na Gaeilge leis an tacaíocht mhaoiniúcháin a chuireann sé ar fáil sa réimse forbartha pobail agus eacnamaíochta." Leanfaidh sé, so is é an gníomh ná go mbeidh gach rud mar atá sé. Féach ar gníomh 5.15, "Leanfaidh TG4 ag cur fotheidil ar fáil". Ní rud nua é sin. Ní rud radacach é sin ar chor ar bith. Tá go leor gnáthtacaíochtaí istigh sa phlean atá forleathan thart timpeall na tíre. Cuir i gcás gníomh 4.9, "Déanfar forálacha na scéimeanna amhail [...] an Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas [...] a choinneáil ar bun sa Ghaeltacht". Is rud é sin atá ar siúl thart timpeall na háite agus beimid á choinneáil. Cén fáth a gceapann an tAire Stáit gur gníomh nua é sin? Tá foclaíocht ghníomh 2.4 fíorshuimiúil freisin. An gceapann an tAire Stáit go ndíríonn é seo ar an easpa airgeadais atá ann? Deirtear, "Ag brath ar na hacmhainní a bheidh ar fáil, féachfar chuige go dtacófar le tionscnaimh faoi leith" le tacú leis an bpróiseas. Tá sé nebulous. Níl aon fíorairgead curtha leis. Chuirfimís airgead leis na rudaí sin. B'fhéidir go dtosnóimid leis na ceisteanna sin más féidir.

Ar dtús bhí an Cathaoirleach ag labhairt fadúda na huimhreacha. Bhí an Teachta Tóibín ag labhairt fúthu fosta agus faoin dúshlán a ghabhann leo. Tá an Cathaoirleach ionraic. Táim ionraic maidir leis an tiomantas agus maidir leis an ngealltanas fá choinne na teanga. É sin ráite, táimse i gcónaí ag labhairt fadúda na rudaí atá ag obair ar an talamh ón mbun aníos, mar shampla, an phleanáil teanga. Is croílár an phlean gníomhaíochta í an phleanáil teanga. Sin sampla den chomhúinéireacht. Tá daoine ar an talamh ag obair agus ag glacadh páirte. Mar shampla, tá comhoibriú ann idir an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Dá mbeadh comhúinéireacht socraithe, ba tús maith é sin.

É sin ráite, bhí an Teachta ag caint faoin slat tomhais - an líon daoine a labhraíonn Gaeilge agus a úsáideann an teanga ó lá go lá. Cén fáth nach bhfuil na daoine le Gaeilge ag úsáid na teanga ó lá go lá? B'fhéidir go bhfuil leithscéal den scoth ag na daoine. B'fhéidir go raibh taithí diúltach acu sna bunscoileanna agus meánscoileanna, ach níl imní ar bith ag na daoine a gcasaim leo - daoine óga sna bunscoileanna, daoine taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht, daoine sa Tuaisceart agus daoine thar lear.

Is a mhacasamhail liom féin iad na daoine sin. Tá siad ag déanamh botún agus ag spraoi, agus é sin le feiceáil nuair a úsáideann siad an teanga. Is é sin an fáth go bhfuilimid ag breathnú ar na daoine óga. Ba shin an fáth a cuireadh méadú ar an gcéatadán ó 80% go dtí 90% fá choinne na ndeontas go dtí foirne na naíonraí istigh sa Ghaeltacht. Is é sin an fath go bhfuilimid ag cur airgead isteach sa phleanáil teanga, do na dreamanna uilig atá istigh sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di, do na bailte seirbhíse, agus do na líonraí. Ba é shin an fáth go raibh na spriocanna agus na moltaí sin ina gcroílár den phlean gníomhaíochta.

Bhí an Teachta ag labhairt fosta i dtaobh an airgid istigh sa phlean forbartha náisiúnta. Tá na figiúirí ag an Teachta. Is €178 milliún atá i gceist. Beimid ag treabhadh ar aghaidh leis an méadú ag an bpointe seo maidir leis an airgead a chuirfear i dtreo Údarás na Gaeltachta agus maidir leis an airgead caipitil. Chomh maith leis sin, tá cinneadh déanta agam maidir leis an airgead a bheidh ag an IDA agus b'shin an chúis go raibh cruinniú foirmiúil agamsa leis na hoifigigh ón IDA agus ó Údarás na Gaeltachta cúpla seachtain ó shin ag féachaint i dtreo bhealach difriúil ina bhféadfaimis obair le chéile, mar tá freagracht ag an IDA maidir leis na ceantair iargúlta atá istigh sna ceantair Ghaeltachta fosta. Táim sásta leis an gcomhoibriú seo a chur chun cinn fosta maidir leis na daoine uilig a bheadh ag smaoineamh ar bhogadh ó chathair na Gaillimhe nó ó Bhaile Átha Cliath go dtí Tír Chonaill nó go dtí ceantair iargúlta i nGaillimh.

Maidir leis an gceist a d'ardaigh an Teachta i dtaobh scéim na mbóithre áise, tá suim agam sa scéim sin. Chonaic mé na rudaí dearfacha, na moltaí agus na buntáistí a baineadh amach maidir leis na bóithre áise. Nuair atá mé i mBaile Átha Cliath, bíonn na hAirí Stáit, an Teachta Griffin agus an Teachta Kyne, i gcónaí i dteagmháil liom maidir leis an scéim sin. Táim ag smaoineamh faoi, agus táim sásta gur ardaigh an Teachta an cheist sin inniu fosta. Tá sé sin tábhachtach maidir leis na daoine uilig atá ina gcónaí sna ceantair iargúlta, bíodh siad ar an mhórthír nó lasmuigh ar na hoileáin freisin.

Maidir leis na Gaelscoileanna, is scéal maith, dearfach, agus den scoth i dtaca leis na daoine ag bogadh ar aghaidh é sin , agus an leanúnachas atá le feiceáil ansin, ó na naíonraí go dtí an bhunscoil go dtí na meánscoileanna agus na Gaelscoileanna. Tá scoileanna taobh amuigh den Ghaeltacht agus taobh amuigh de scéim na nGaelscoileanna, mar shampla, cúpla meánscoil i dTír Chonaill, ag smaoineamh anois faoi shruth Gaeilge. Tá sé le feiceáil i gceantair i Loch Garman agus áiteanna eile, agus táim ag obair leis na daoine atá ag smaoineamh ar mheánscoil agus sruth na Gaeilge a dhéanamh. Tá an t-éileamh ag dul i bhfeabhas fosta.

Bhí cúpla moladh eile freisin ag an Teachta maidir leis an airgead, na hacmhainní, infheistíocht agus mar sin de. Is é sin an fáth gur chaith muid €2.6 milliún ar phleanáil teanga i mbliana. Bhí muid ag obair lámh le lámh le chéile le hÚdarás na Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge. Is é sin freagra na ceiste. Is é sin an plean a bheidh muid ag féachaint air amach anseo agus ag obair i gcónaí leis na daoine ar an talamh. Is mo thaithí féin é, roimh an post seo a bheith agam mar pholaiteoir, nuair a bhí mé ag obair leis na daoine ar an talamh agus sa phobal, ná mura bhfuil an tiomantas bainte amach ón Rialtas agus léirithe do na daoine a bheidh ag obair agus ag úsáid na teanga ar an talamh ó la go lá, ní bheimid in áit dhearfach amach anseo. Táim dóchasach maidir leis na daoine uilig, agus táim sásta leanúint ar aghaidh ag obair leis na daoine atá ag bogadh na teanga chun tosaigh, trí amhráin, an dráma, rudaí cultúrtha, an oidhreacht agus rudaí mar sin.

Mar fhocal scoir ar na ceisteanna a d'ardaidh an Teachta, agus bhí ocht nó naoi gcinn aige, lena n-áirítear ceisteanna ginearálta, beidh muid ag smaoineamh ar infheistíocht a dhéanamh sna coláistí samhraidh. Tá cuid mhór daoine óga ag dul ar na coláistí samhraidh anois, bíodh siad i gContae Chorcaí, Dún na nGall, Gaillimh, an Mhí, nó áit ar bith eile. Táimid ag amharc ar airgead agus acmhainní breise a chur i dtreo na gcoláistí samhraidh chun seanleibhéal na foirne a chur ar ais. Dá mba rud é go mbeadh siad ag smaoineamh ar shíneadh nó feabhsú a dhéanamh, bheadh muid ag obair le chéile leo fosta.

Go raibh maith agat, a Aire Stáit. Rachaidh mé ar ais go dtí an Teachta Tóibín atá ag iarraidh teacht isteach. Ta plean anseo agus tá an plean againn mar go bhfuil géarchéim ann ó thaobh na Gaeilge de. Tá 180 beart leagtha amach anseo. Bheadh sé ina chabhair díriú isteach ar an bplean ó chuile thaobh. Is é seo an deis chun é a phlé. Táimid anseo le breis agus dhá bhliain, agus chuile choicís tá dream os ar gcomhair ag rá go bhfuil siad ag streachailt ar an talamh agus go bhfuil géarchéim ann ó thaobh na Gaeilge de, go háirithe sa Ghaeltacht. Is é sin an comhthéacs inniu. Táimid buíoch de go bhfuil an tAire Stáit os ár gcomhair. Déanfaidh me mo dhícheall an díospóireacht a dhíriú isteach ar an bplean, ar na rudaí maithe agus ar na rudaí nach bhfuil chomh maith sin. Bhí an Teachta Tóibín ag iarraidh teacht ar ais.

Is féidir linn na rudaí nach bhfuil sa phlean a lua freisin.

Cinnte, ach díriú isteach ar an bplean, más féidir.

Ba mhaith liom teacht ar ais ar chúpla rud, más féidir liom. Táimid ag caint faoi na bailte seirbhíse agus na pleananna teanga ó am an iar-Theachta Dinny McGinley in 2013. Is é sin cé chomh tábhachtach is atá sé go mba cheart go mbeadh brú ama ar an Rialtas agus ar an Roinn mar gheall ar na rudaí seo. Maidir leis na sruthanna Gaeilge sna scoileanna, tá siad chomh hannamh le fiacail circe, i ndáiríre.

Ag díriú isteach ar an bplean, nuair a théann duine thart timpeall an Gaeltacht - tá an t-eolas seo ag an Aire Stáit faoin bpointe seo - tugann sé nó sí faoi deara go bhfuil go leor de na páistí ag freastal ar naíonraí agus ar naíolanna, agus is é seo an chéad chéim atá ann ó thaobh cúrsaí oideachais de. Sa Ghaeltacht tá 54% de na páistí ag freastal ar naíonraí agus ar naíolanna a reáchtáiltear go hiomlán i mBéarla iad. Tá sé seo dochreidte. Cén fáth nach bhfuil aon rud sa phlean ar nós córais aitheantais chun go mbeidh siadsan aitheanta mar naíonra no naíolann Ghaeltachta, cosúil leis an bplean iontach maith atá ann le haghaidh scoileanna, is é sin an scéim aitheantais le haghaidh scoileanna sa Ghaeltacht? Chabhródh sé seo go mór le páistí istigh sa Ghaeltacht mar go mbeidh siad ag tosú sa chéad chéim agus ag cur aithne ar a chéile ina dteanga dhúchais.

Cén fáth nach bhfuil an Ghaeilge sa chlár early childhood care and education, ECCE, mar ábhar iomlán curaclaim? Cén fáth nach bhfuil na daoine atá ag obair i gcúram leanaí, sna hionaid sin, ag fáil teagasc i nGaeilge, chun go mbeidh siad in ann an tseirbhís a chur ar fáil, ní hamháin sa Ghaeltacht, ach go forleathan thart timpeall na tíre? Más céim oideachais atá ann anois sa naíonra agus sa naíolann, ba cheart go mbeadh siad ag obair leis na rialacha céanna. Ní bheadh aon duine ag smaoineamh faoi mhúinteoir a bheith san Uaimh nó i Leitir Ceanainn nach bhfuil aon Ghaeilge acu, ach táimid sásta fós go mbeadh múinteoir istigh san ionad cúraim leanaí agus ag déileáil le páistí ón nGaeltacht nach bhfuil aon Ghaeilge acu. Cén fáth nach bhfuil sé sin ann?

Tá rud a bhfuil sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge nach bhfuil ann sa phlean seo freisin. B'fhéidir gur fhreagair an tAire Stáit é seo ach níor chuala mé é. Deirtear sa straitéis go mba cheart go mbeadh deis ag gach páiste sa tír tumoideachas lán-Ghaeilge a fháil agus cúpla ábhar a dhéanamh go hiomlán as Gaeilge freisin. Dá mbeadh siad ag déanamh ealaíne nó corpoideachais nó rudaí cosúil leis sin, bheadh siadsan go hiomlán i nGaeilge.

Is iad na céimeanna mhóra a bheadh ag déanamh difear iomlán don scéal, dá mbeadh muid ag caint faoi sin, ach níl siad ann agus is mór an trua sin.

Bhí an Teachta ag labhairt fadúda Acht na Gaeltachta 2012 a tháinig isteach leis an iar-Aire Stáit, Dinny McGinley. Sin bealach amháin cinnte. Bhí an Teachta ag labhairt fadúda na naíonraí agus an naíolanna freisin. Rinneadh sárobair i mo Roinn féin agus sa Roinn Oideachais agus Scileanna fadúda an polasaí Gaeltachta, an scéim atá istigh sa Ghaeltacht. Is é sin an fáth a bhí mé in áit difriúil an deireadh seachtaine sin thart nuair a bhí 32 duine breise ag teacht isteach sa scéim cúntóirí teanga istigh sa Ghaeltacht. An rud is dearfaí i mo thuairim ná gur seo an céad am - agus tá sé istigh sa phlean - go bhfuil an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige ag croílár an phlean seo. Maidir le naíonraí nó naíolanna istigh sa Ghaeltacht nó taobh amuigh den Ghaeltacht, istigh sna bailte seirbhíse, istigh sna líonraí nó taobh amuigh, i mBaile Átha Cliath nó in aon áit, tá tiomantas agus gealltanas socraithe anois leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Níl aon amhras faoi tiomantas an Aire, an Teachta Zappone. Bhí cuid mhór chomhráite againn maidir leis an bplean seo agus tá suim aici ann. Tá suim ag na hoifigigh fosta agus táim sásta leis sin.

Maidir leis an aitheantas tríd an bpolasaí oideachais, bhí an Teachta ag labhairt fadúda na múinteoirí scoile timpeall na tíre, sna scoileanna taobh amuigh den Ghaeltacht fosta agus faoi na fadhbanna atá ann. Tá fadhbanna ann leis na daoine le Gaeilge agus múinteoirí scoile le Gaeilge fosta. Sin an fáth go bhfuil tiomantas, gealltanas agus moltaí maidir le múinteoirí breise le feiceáil tríd an pholasaí Gaeltachta. Baineann an polasaí leis an Ghaeltacht amháin. Amach anseo, beidh mé sásta comhrá a bheith againn maidir le an tiomantais taobh amuigh den Ghaeltacht fosta ach, le bheith ionraic, tá fadhbanna ann maidir le múinteoirí scoile a fháil in achan pharóiste sa tír. Tá mé ag amharc agus ag obair le mo chomhghleacaithe istigh sa Roinn Oideachais agus Scileanna, go háirithe ar chúrsaí taobh istigh de na Gaeltachtaí, seachas taobh amuigh.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Tá an-mheas agam ar a chuid oibre. Tá sé díograiseach agus dáiríre faoin teanga agus an obair atá ar siúl aige. Thug sé dea-shampla don náisiún nuair a d'fhoghlaim sé an teanga agus tá caighdeán ard aige anois. Is dea-shampla é sin agus ba chóir go mbeadh níos mó samplaí san Oireachtas chun é sin a chur i bhfeidhm, go mbeadh níos mó daoine sásta an Ghaeilge a labhairt ar feadh tamall beag san Oireachtas agus a úsáid uaireanta. Tá cúpla rudaí ag tarlú ach ba chóir go dtarlódh níos mó san Oireachtas chun dea-shampla a léiriú don náisiún ina iomlán. Tá sé sin riachtanach.

Tá a fhios againn go léir go bhfuil meath ar an méid cainteoirí laethúla sa Ghaeltacht agus is cúis díomá é sin dúinn go léir. Is deacracht faoi leith é sin agus tá a lán ráite faoi cheana. Tá rud ann atá an-tábhachtach domsa. An bhfuil an tAire Stáit sásta rud a dhéanamh, nó an bhfuil aon rud sa phlean gníomhaíochta, chun na gnáthdaltaí, daltaí ó gach aicme agus ó gach taobh den tír, a mhealladh chuig na Gaeltachtaí i rith an tsamhraidh? Sílim féin, mar iar-mhúinteoir agus mar thuismitheoir, gurb é sin an eochair chun an teanga a athbheochan agus a fhorbairt ar fud na tíre: seans a thabhairt do thromlach na ndaltaí dul go dtí an Ghaeltacht. An bhfuil sé beartaithe ag an Aire Stáit deontais nó rud éicint a chur ar fáil? Tá a fhios agam go bhfuil sé ag tabhairt cabhair do na mná tí agus a leithéid sna Gaeltachtaí agus do na coláistí samhraidh. Tá sé sin tábhachtach ach, taobh amuigh de sin, sílim go bhfuil rud éicint riachtanach chun na daltaí a mhealladh ann mar tá sé costasach don ghnáththeaghlach. Ba mhaith liom go ndéanfadh an tAire Stáit rud éicint faoi sin. Tá mé cinnte gur eochair mhór é sin agus molaim don Aire Stáit rud éicint a dhéanamh faoi sin má tá sé ábalta níos mó acmhainní a fháil sa bhuiséad mar tá feabhas ag teacht ar chúrsaí eacnamaíochta ag an mbomaite. Sílim gur fiú é sin a dhéanamh agus ba mhaith liom freagra a chloisteáil ón Aire Stáit faoi sin.

Tá gníomhaíochtaí oideachais sa phlean agus deirtear sa phlean go mbeidh forbairt sa churaclum agus a leithéid, agus is fiú é sin. Tá sé sin an-tábhachtach ach caithfimid go léir a admháil go bhfuil an chuid is mó de na daltaí taobh amuigh de na Gaelscoileanna agus na Gaeltachtaí ag fágáil na meánscoileanna ar fud na tíre gan iad a bheith ábalta nó sásta an Ghaeilge a labhairt go nádúrtha. Níl siad muiníneach go leor-----

Níl na múinteoirí in ann í a labhairt.

-----agus níl an bród acu sa teanga. Ba chóir rud éicint a dhéanamh faoi sin chun go mbeadh forbairt sa churaclum. B'fhéidir gur ceart go mbeadh múinteoirí breise, níos mó traenáil inseirbhíse agus níos mó seansanna do mhúinteoirí dul go dtí na Gaeltachtaí féin chun a gcuid Ghaeilge féin a fhorbairt agus a fheabhsú. B'fhéidir gur ceart incentives nó airgead a chur ar fáil, cosúil leis an airgead a chuirtear ar fáil don chéim do mhúinteoirí a dhéanann iarracht an Ghaeilge a labhairt. Ba mhaith liom freagra air sin agus smaointí an Aire Stáit a chloisteáil, go háirithe faoin rud uafásach sin, nach n-úsáideann cuid mhaith de na daltaí atá ag teacht amach ó na meánscoileanna an Ghaeilge ar chor ar bith mar nach bhfuil siad muiníneach. Is é sin an deacracht agus níl siad bródúil as an teanga. Ba chóir go mbeadh bród acu sa teanga, ba chóir go mbeadh siad sásta iarracht a dhéanamh í a labhairt agus ba chóir go mbeadh cineál éicint de chaighdeán acu chun tosnú ar sin. Is deacracht mhór é sin. Tá an córas oideachais teipthe. Nílimid ábalta an caighdeán a fháil agus nílimid ábalta daoine a mhealladh chun an teanga a labhairt, so ar bealach ní fiú an cineál córais atá i bhfeidhm ag an mbomaite.

Aontaím go mór le mo comhghleacaí faoi na comharthaí bóithre. Ba chóir é sin a dhéanamh. Ba chóir na logainmneacha do na háiteanna a chur suas sa Ghalltacht agus ar fud na tíre. Bhí cineál scéim píolóta againn sa Chabhán agus bhí Aogán Ó Fearghaíl, iar-uachtarán an Chumann Lúthchleas Gael, mar cheannaire air seo, agus thug sé spreagadh chun é seo a dhéanamh.

Chuir muid na logainmneacha ar chlocha i gcuid mhaith áiteanna beaga ar fud an chontae. Is mór an chabhair é sin. Spreagann sé meas ar an teanga i ndaoine. Tugann sé tuiscint dóibh agus spreagann sé spéis sa teanga agus spéis i stair na háite. Ba chóir níos mó a dhéanamh faoi sin. Is iad sin na rudaí gur mhaith liom freagra ón Aire Stáit fúthu. Is é an rud is tábhachtaí ná seans a thabhairt do scoláirí meánscoile agus, ar ndóigh, na daltaí is sinsearaí sna bunscoileanna ó gach aicme agus ó gach thaobh den tír dul go dtí an Ghaeltacht agus iad a mhealladh chun é sin a dhéanamh. Má dhéanfaimid sin, beidh athrú mór ann. Táim cinnte faoi sin.

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir O'Reilly fá choinne a chúpla focal. Ag an deireadh bhí sé ag caint fadúda deiseanna dul go dtí an Ghaeltacht do dhaoine timpeall na tíre. Tá airgead i gceist. Níl an t-airgead ag na tuismitheoirí. Sin an fáth go bhfuilim ag amharc ar, agus ag breathnú go dtí, scéim scoláireachta a chur ar bun do scoileanna DEIS nó rud den chineál sin. Beidh mé i dteagmháil le chomhghleacaí an Sheanadóra agus mo chomhghleacaí féin, an tAire, an Teachta Donohoe, le linn na míonna atá le teacht. Más maith leis an Seanadóir labhairt leis an tAire, an Teachta Donohoe, bheinn sásta cuidiú leis é sin a dhéanamh.

Bheinn lán-sásta é sin a dhéanamh.

Tá an moladh agus an gníomh sin istigh sa phlean gníomhaíochta fosta. Tá scoláireachtaí ar fáil ar bhealaí áirithe cheana féin, trí Fhoras na Gaeilge nó tríd an Chumann Lúthchleas Gael mar shampla. Tá scéimeanna amuigh anseo ach dá mbeadh seans nó deis ag daoine dul go dtí an Ghaeltacht, ba sheans mór é sin.

Bhí an Seanadóir ag labhairt faoi scoileanna agus faoin gcuraclam. Beidh scéim phíolótach chun ábhair eile a mhúineadh trí Ghaeilge curtha ar bun tríd an phlean fosta. Beidh seans ag na múinteoirí scoile a bheidh ag teagasc dul ar ais ag foghlaim nó ag athfoghlaim. Tá sé sin scaipthe tríd an phlean fosta. Bíonn na múinteoirí Gaeilge a gcasaim leo i gcónaí ag labhairt fadúda bealaí eile chun an teanga a mhúineadh. Maidir le mo thaithí féin agus m'aistear féin, bhí mé ag amharc ar ais ar an sheans a bhí agam ar an chéad lá. Ba sheans mór é amharc ar ais ar an stair, an cultúr, an oidhreacht agus an teanga, ní hamháin mar ábhar cumarsáide ach mar fhuinneog go dtí an t-am a chuaigh thart. Is é sin an tsuim.

Bhí an Seanadóir ag labhairt fadúda na daltaí a thagann amach as na meánscoileanna nach bhfuil suim acu sa Ghaeilge agus nach bhfuil ábalta í a labhairt. Is fadhb mhór í sin. Ach ag teacht ar ais go dtí céad phointe an Sheanadóra, ar labhair an Teachta Tóibín faoi fosta, is é an t-am idir breith agus sé bliana d'aois an t-am ina bhfuil daoine óga ina macasamhail sponges, mar a dúirt an Seanadóir. Tá sé níos deacra dom féin foghlaim mar tháinig mé isteach ag athfhoghlaim ag 44 bliana d'aois. Tá sé i gcónaí níos deacra agus níos crua. Níl se chomh crua do dhaoine óga óna mbreith go dtí sé bliana d'aois.

Ba mhaith an rud é dá mbeadh ábhair dhifriúla ann tríd na healaíona nó tríd an teicneolaíocht. Sin an fáth go mbeidh scéimeanna ann tríd an phlean gníomhaíochta maidir le STEM agus rudaí mar sin agus sin an fáth go bhfuilimid ag breathnú ar bhealaí difriúla. Gabhaim buíochas leis an Sheanadóir arís.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as a chur i láthair agus cuirim fáilte roimhe. Is iontach an deis sin díriú isteach ar roinnt mhór ábhar. Tá réimse an-leathan ann ach ní dóigh liom go scaoilfidh an Cathaoirleach dom gach rud gur féidir liom díriú isteach ar a------

Níl mé ag déanamh jab maith inniu.

Díreoimid isteach ar chúpla ábhar faoi leith. Tá géarghá leis an bplean gníomhaíochta mar bhraitheann go leor daoine nach bhfuil an straitéis atá ann fuinneamhach, nach bhfuil sé á chur i bhfeidhm agus nach bhfuil sé ag tabhairt na torthaí gur chóir go mbeadh sé. Tá sé sin soiléir ó na figiúirí a luadh cheana féin agus ón tslí ina bhfuil líon na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht ag sleamhnú. Go minic nuair a bhíonn daoine nó eagraíochtaí éagsúla ag plé an phlean Gaolainne a bheadh acu, bíonn an líne uafásach sin "de réir mar atá acmhainní ar fáil" istigh ann. Is baolach go bhfaca a leithéid ar leathanach 2 de chur i láthair an Aire Stáit, "de réir mar a thagann deiseanna agus acmhainní breise chun cinn". Ní theastaíonn uainn go mbeadh na pleananna ag brath ar acmhainní. Tá sé práinneach. Má tá stádas na bpleananna Gaolainne agus an gá atá leo aitheanta, ba chóir go mbeadh siad in ann glaoch ar pé acmhainní atá riachtanach agus go mbeadh riachtanais ann iad a chur chun cinn.

Tá ról ceannaireachta an-tábhachtach, ó bhord an Rialtais anuas tríd an gcóras ar fad, chun cúrsaí Gaolainne a chur chun cinn. Feicim i gcaibidil 7 go léiríonn an tAire Stáit an tslí ina theastaíonn uaidh stádas na Gaolainne a bhrú chun cinn, ach nuair a fhéachaim ar na Ranna, tá rud difriúil i gceist. Bhí an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí os comhair an choiste le déanaí. Chuir sé ionadh orm nuair a dúradh nach raibh aon oifigeach Gaolainne aici. Ba dhuine é sin a bheadh mar cheannaire, ceannródaí nó laoch i measc na Roinne chun cúrsaí Gaolainne a chur chun cinn.

Ní fheadar an bhfuil a fhios ag an Aire Stáit nach bhfuil oifigeach Gaolainne - ceannaire nó ceannródaí sa Roinn chun cúrsaí a chur chun cinn - ag thart ar leath de na Ranna. Ní fheadar an bhfuil sé sin ar eolas ag an Aire Stáit. Ba cheann amháin a chur scanradh orm ná an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Tá sé luaite againn anseo cheana féin go bhfuil ról an-tábhachtach ag an Roinn sin i leith na luathbhlianta agus tacaíocht a thabhairt do na naíonraí chun cúrsaí a bhrú chun cinn mar is iad an naíonra agus an teaghlach an chéad áit ina thosaíonn daoine ag foghlaim a gcuid Gaolainne. Mura mbíonn an cheannaireacht ansin, tá an cath caillte faoin am a shroicheann páistí an bhunscoil. Tá bearna ann laistigh de na Ranna, mar shampla, an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Tá Ranna eile gan oifigeach Gaeilge, an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí agus beagnach leath de na Ranna eile san áireamh. An bhfuil sé mar ghníomh, nó ar smaoinigh an tAire Stáit ar a leithéid a bheith mar ghníomh, sa phlean seo go mbeadh na hoifigigh sin ann leis an ról ceannaireachta a bhféadfaidís a chur ar fáil? Ar smaoinigh sé ar a leithéid a bheith sa phlean? Ba chóir go mbeadh sé ann.

Bhíodh liúntais ar fáil do mhúinteoirí, do ghardaí agus do dhaoine eile a bhí ag obair agus ag úsaid na Gaolainnne. B'fhéidir go bhfuil sé sin sa phlean. Níl sé feicthe agam, ach an féidir a leithéid, nó an bhfuil sé in aigne an Aire Stáit a leithéid, a chur ar fáil arís do na múinteoirí, gardaí agus daoine eile a bhíonn ag feidhmiú trí mheán na Gaolainne?

Tá caibidil 1 dírithe ach go háirithe ar an gcóras oideachais mar tá sé chomh tábhachtach. Conas atá an tAire Stáit chun cinntiú go mbeadh múinteoirí ar fáil sna scoileanna a bheadh ábalta gnó a dhéanamh in ábhair cosúil le heolaíocht, fisic, ealaín, ceol agus a leithéid? Tá brú cheana féin ar sholáthar múinteoirí sna hábhair sin ní hamháin i scoileanna Gaeltachta ach i ngach scoil.

I bhfisic, mar shampla, níl fiú deichniúr ag foghlaim le bheith ina múinteoirí. Conas atá an tAire Stáit chun cinntiú go mbeidh na múinteoirí sin ar fáil? Táimid tar éis é sin a rá arís agus arís eile leis an Aire Oideachais agus Scileanna ach caithfear é a chur ina luí air. Conas a bheidh a leithéid déanta? Sara bhfágaim an oideachas, tá an polasaí oideachais tugtha chun cinn agus is céim mhór dhearfach é sin. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt dó sin.

Maidir leis an nGaeltacht, luaigh an tAire Stáit scéim na mbóithre áise. Is dóigh liom gur scéim an-mhaith a bhí ann. An féidir leis an Aire Stáit a shoiléiriú go díreach cad é an plean ansin? Tá gá leis, agus an féidir a leithéid a chur ar fáil?

Tagraím don phleanáil teanga. An bhfuil an tAire Stáit sásta go bhfuil go leor ann leis an €2.6 milliún an bhliain seo chugainn agus sna blianta romhainn, nó an féidir a chinntiú go mbeidh go leor airgid ann chun na pleananna sin a chur i bhfeidhm? Tá na pobail Ghaeltachta tagtha le chéile, tá an-chuid obair déanta acu, agus má tá an tAire Stáit chun an dea-thoil sin a bhrú ar aghaidh, caithfidh sé a chinntiú go gcuirfí na pleananna sin i bhfeidhm.

Ní raibh scéim na gcúntóirí teanga ar fáil i rith na bliana ar fad agus tá gá leis. Go gairid nuair a thagann páistí isteach sa scoil i mí Mhéan Fómhair, bíonn strus go leor ann dóibh atá ag tosú agus ag teacht i dtaithí ar an seomra ranga, an córas agus gach aon rud. Ba chóir go mbeadh scéim na gcúntóirí teanga ar fáil dóibh ó thús na bliana agus tríd ar fad. An féidir a chinntiú sa phlean seo agus sna pleananna eile go mbeidh a leithéid ann?

Filleann an cheist seo ar an bpointe a bhí á dhéanamh agam mar gheall ar an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige agus an teaghlach. I gcaibidil 3 luaitear an luathoideachas. An féidir a chinntiú go mbeidh an chigireacht agus ról na Roinne, Tusla agus a leithéid ar fáil as Gaolainn? Nuair a thagann cigirí isteach agus iad ag déanamh a gcuid ghnó as Béarla os comhair na páistí, léiríonn sé sin go díreach dearcadh an Stáit agus seolann sé an teachtaireacht mícheart ar fad chuig na páistí sa naíonra nuair a fheiceann siad go mbíonn siad féin ag déanamh a ngnó as Gaolainn ach tagann an Státchóras isteach agus is Béarla ar fad atá ann. Ba chóir go mbeadh an chigireacht sin ar fáil as Gaolainn agus ba chóir go mbeadh an cheannaireacht sin ann sa Roinn sin agus sna Ranna eile chomh maith nach bhfuil oifigeach Gaolainn ar fáil acu.

An bhfuil nóta tógtha ag an Aire Stáit? Tá easpa cheannaireachta ann.

Tá ceannaireacht iontach tábhachtach. Gabhaim buíochas fá choinne na gceisteanna. Bhí an Teachta ag labhairt fádúda na ceannaireachta agus aontaím leis. Tá ceannaireacht de dhíth agus tá sé lárnach don Rialtas. Sin an fáth go bhfuil sé sa phlean gníomhaíochta go mbeidh coiste stiúrthóireachta agus beidh ról agus tábhacht aige ar son an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige agus mo Roinn féin fosta. Tá an Teachta ceart faoin bhearna. Níl oifigeach Gaeilge sa Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige faoi láthair, ach istigh sa phlean beimid ag lorg beirt speisialtóirí le fostú don chéad uair sa Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Sin an chéad aidhm so beimid ag fáil beirt leis na scileanna agus an taithí ar an teanga chun obair le chéile ar an gcoiste idir an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus an Roinn Oideachais agus Scileanna.

Chomh maith leis an ról ceannaireachta fosta, beidh ról ollmhór aige ar son a leithéid de Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge agus dreamanna eile fosta. Bhí na dreamanna uilig sin páirteach sa chomharliúcháin. Sin an fáth go bhfuilimid san áit seo agus go bhfuil an plean gníomhaíochta anseo, mar tá sé le feiceáil go bhfuil iarracht agus sárobair déanta acu. Ba mhaith liom aitheantas a ghabháil chuig na daoine uilig as a bheith ag obair ar son an aistir seo.

Maidir leis na múinteoirí a chur ar fáil fosta-----

Sara théann an tAire Stáit ar aghaidh, tá go leor Ranna eile. Tá leath de na Ranna nach bhfuil oifigeach Gaolainn acu, ar nós an Roinn Talmhaíocht, Bia agus Mara, an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, an Roinn Cosanta, an Roinn Gnó, Fiontar, agus Nuálaíochta agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Tá scata díobh. Chun a chinntiú go mbeidh an ceannaireacht laistigh de na Ranna sin, ní hamháin chun plé leis na naíonraí agus an gnó laethúil a dhéanamh ach chun ceannaireacht a léiriú don fhoireann chomh maith go bhfuil an Gaolainn tábhachtach agus go bhfuil deis chun dul suas tríd an gcóras ag déanamh gnó as Gaolainn. Caithfear na grúpaí sin a chur le chéile chun an aidhm a bhaint amach.

Sin an stádas faoi láthair agus ní maith liom é. Sin an fáth go bhfuil an plean gníomhaíochta ag bogadh ar aghaidh agus á chur i bhfeidhm. Nuair a tháinig mise isteach sa phost in 2014 bhí an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag an am sin ag obair mar Roinn amháin agus tharla teagmháil leis an Roinn Oideachas agus Scileanna agus tharla ceangail leis na daoine uilig a bhí freagrach as an Ghaeilge. Tá mise timpeall an bhord Rialtais, tá suim ag an Taoiseach ann agus beidh comhúinéireacht agus comhfhreagracht maidir leis an phlean seo agus beidh mise, mar Aire Stáit, ag breathnú ar an dualgas fosta agus beidh an Teachta ag breathnú ar cad a bhainfear amach ina dhiaidh. Sin an slat tomhais a bheidh agam, go mbeidh achan Roinn páirteach agus dá mbeadh bearna nó easpa oifigeach Gaeilge. Muna bhfuil siad ann, beidh mé ag cur brú ar na Ranna difriúla.

Bhí an Teachta ag labhairt fadúda an phleanáil teanga sa Ghaeltacht fosta. D'iarr sé an bhfuil me sásta le €2.6 milliún. Dá mbeadh breis airgid ar fáil dom, chaithfinn an t-airgead i gceantair na Gaeltachta, ach in 2012, ní raibh aon airgead, in 2014, bhí €500,000 ar fáil, an bhliain siar thart bhí €1.3 milliún ar fáil, agus an bhliain seo tá €2.6 milliún ar fáil. Tá an méadú ag teacht agus tá mé ag breathnú go mbeidh airgead breise i gcónaí mar tá suas le 26 dreamanna istigh sna Gaeltachta ag lorg aitheantais tríd an phleanáil teanga agus ag iarraidh postanna a chruthú. Beidh airgead breise de dhíth an bhliain seo chugainn, mar is eol don Teachta.

Chuir an Teachta ceist fadúda na cúntóirí teanga fosta. Seo an scéim i gcomhair saibhreas an Ghaeilge a choinneáil agus í a choinneáil beo. Na daoine uilig gan chéim-----

Aontaíonn chuile dhuine gur scéim iontach é ach is í an cheist maidir leis an samhradh-----

An samhradh siar thart cuireadh an fógra amach i dtús mí Mheán Fómhair, agus tá an Teachta ceart go raibh sé sin mícheart ag an am. An seachtain siar thart, rinne mise an fógra fadúda na scoileanna uilig a bheith páirteach laistigh den scéim chúntóirí teanga, agus tá sin socraithe anois fá choinne an bhliain 2018-2019.

Bhí ceist faoi liúntas do mhúinteoirí agus an Garda a bhíodh ann roimhe.

Scéim na mbóithre áise chomh maith.

Bhí mé ag labhairt fadúda na bóithre áise níos luaithe fosta. Tá mé ag fáil comhairle ó mo chomhghleacaithe, na hAirí, na Teachtaí Kyne agus Ring, agus bhí brú mór ó mo chomhghleacaithe, na hAirí, na Teachtaí Kyne agus Griffin, fosta mar tá cónaí orthu i gceantair iargúlta.

Chonaic mé deich mbliana nó dhá nó cúig bliana déag ó shin an tábhacht a bhaineann leis na bóithre áise fosta. Táim ag déanamh mo dhícheall maidir leis. Níl aon rud socraithe ach fan i dteagmháil liom agus dá mbeadh aon bhrú nó deiseanna i dtaobh na scéimeanna sin, bheadh mé sásta iad a phlé.

Céard faoi na liúntais do mhúinteoirí agus gardaí chun a chinntiú go mbeidh múinteoirí ar fáil chomh maith? Céard faoin bplean chuige sin? Tá dhá cheist ann.

Maidir le hoiliúint mhúinteoirí, tá sé pháirt sa phlean a bhaineann le traenáil, curaclam agus spásanna do mhuintir na Gaeltachta. Tá mé ag dul ar ais arís ar an ról tábhachtach atá ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Níl an Roinn ag obair ar bhealach difriúil. Tá sí i gcroílár an phlean seo. Da mba rud é go bhfuil aon smaoineamh nó moltaí ar intinn ag an Teachta maidir leis na scoileanna, na múinteoirí, an chéim nó cúrsaí breise, beidh me ag féachaint amach chuige sin fosta.

Céard faoin liúntas do na gardaí?

Bím i dteagmháil le mo chomhghleacaithe atá ag obair sa Gharda Síochána i gcónaí, agus beidh siadsan i mbun comhrá ina thaobh sin. D'imigh an liúntas seo in aimsir an chúlaithe, ar nós go leor liúntas eile, ach níl aon chinneadh déanta maidir leis an cheist seo go fóill agus is ceist é sin do lá eile.

An bhfuil é seo á phlé leis an Aire Airgeadais?

Níl a fhios agam. Beidh comhrá de dhíth idir muidne agus an tAire Airgeadais.

Ar an gcéad dul síos, tá áthas orm go bhfuil aitheantas ann, tar éis ocht mbliana, gur cóir dul le plean gníomhaíochta. Tá sé sin ceaptha a bheith ann sa chéad bhliain ach is fearr deireanach ná go brách. Ar feadh an tsamhraidh gheobhaidh mé deis an plean a léamh agus a chur i gcomparáid leis an straitéis. Is é an argóint a bhí agamsa i gcónaí nó nach raibh an straitéis á cur i bhfeidhm. Tá aitheantas oifigiúil de sin anois i ráiteas an Aire Stáit, agus tá áthas orm go bhfuil an t-aitheantas sin ann, mar níl aon mhaith a bheith ag caint ar straitéisí nua nó ar rud ar bith mura n-aithnímid ar an gcéad dul síos nár cuireadh an straitéis i bhfeidhm ar chor ar bith.

Mar a deirim, nuair a bheidh deis agam an dá phlean, an plean gníomhaíochta seo agus an straitéis, a chur i gcomparáid a chéile thar an samhradh, beidh mé in ann a rá céard nach bhfuil á dhéanamh fós. Cuirfidh mé sa charr anocht é.

Ba mhaith liom dhá cheist agam a chur ar an Aire Stáit. Uimhir a haon ná go raibh dhá rud an-tábhachtach istigh sa straitéis, an chéad cheann go mbeadh Gaeilge ar chuile mhúinteoir bunscoile le go bhféadfaidís í a mhúineadh, mar níl aon mhaith a bheith ag caint faoi mhúineadh na Gaeilge mura bhfuil sí ag na múinteoirí. An dara rud a bhí i gceist ná go mbeadh cáilíocht faoi leith do mhúineadh trí Ghaeilge. Is é sin, le dul amach ag múineadh i nGaelscoil, go gcaithfí cáilíocht faoi leith a bhaint amach, i dtaca le bunscoil nó meánscoil, le go bhféadfaí teagasc trí mheán na Gaeilge. Tá difríocht idir an Ghaeilge a mhúineadh agus a bheith in ann a gcuid oibre uilig a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Faraor géar, is fada é ón lá go mbeadh chuile mhúinteoir bunscoile fiú amháin in ann a gcuid oibre ar fad a dhéanamh trí Ghaeilge. Bhí tráth sa saol ann go bhféadfadh beagnach chuile mhúinteoir sa tír Gaeilge líofa a labhairt, ach ní hamhlaidh atá sé anois.

Céard ata sa phlean gníomhaíochta i dtaobh na ceiste fíor-bhunúsaí seo? Ní féidir teanga a mhúineadh mura bhfuil sé ag an duine. Ní féidir múineadh trí Ghaeilge mura bhfuil an teanga ag an duine ach oiread.

Maidir leis an dara ceist, an aontódh an tAire Stáit liom go bhfuil an ceart agam nuair a deirim nár caitheadh ar chur i bhfeidhm pleananna teanga i mbliana ach thart ar €300,000 nó €400,000 ar a mhéid? Bhreathnaigh me ar an gceist Dála agus ar an bhfreagra a thug an tAire Stáit. Ní raibh sé iomlán, agus níor fhreagair sé an cheist a chuir mé. Ón méid a bhí mé in ann a thuiscint uaidh, tá thart ar ocht bplean faofa cothrom le dáta. Níl cuid acu sin faofa le fada. Níl daoine fostaithe fós faoi na pleananna sin. An ndeimhneodh an tAire Stáit dom nár caitheadh ar chur i bhfeidhm pleananna teanga i mbliana ach cúpla céad míle euro? An bhfuil an figiúr ag an Aire Stáit?

Maidir leis an €2.7 milliún a bhíonn an Roinn ag lua, sa chuid is mó de níl ansin ach seanscéimeanna atá ag an Roinn ó na 1950idí, i gcásanna. Tá sé sin laghdaithe siar go mór ó 2010 agus tá an caipín pleanála agus na straitéise 20 bliain curtha air. Níl aon bhaint aige le cur i bhfeidhm pleananna teanga atá réitithe ag na grúpaí pleanála teanga. Fágfaidh mé é aige sin anocht mar dá dtosóinn, bheimis anseo go maidin, agus tá deifir ar an gCathaoirleach, ceapaim.

Go raibh míle maith agat, a Theachta. An bhféadfadh an tAire Stáit freagra a thabhairt?

Tá dhá cheist ag an Teachta. Aontaím leis an Teachta go bhfuil fadhbanna móra sna scoileanna Gaeltachta. Tá na bunscoileanna lag sna ceantair Ghaeltachta maidir le caighdeán mhúineadh na Gaeilge. B'shin an fáth a bhfuilimid ag breathnú ar an dtumoideachas agus ar pholasaí Gaeltachta sna ceantair seo. Maidir le freagra ar an gceist seo tríd an bplean gníomhaíochta, déanfaidh an Chomhairle Múinteoireachta athbhreithniú ar na riachtanais chlárúcháin don Ghaeilge agus súil aige ar fheidhmiú an riachtanais do mhúinteoirí Gaeilge chun go soláthrófaí fianaise neamhspleách ar chumas gach ceann de na cúig scil teanga ag leibhéal B2.2 ar Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha, CTET. Rachaidh an chomhairle i dteagmháil leis an Roinn agus cuirfidh sí comhairle ar fáil, de réir mar is gnáth.

Is é sin do scoláirí, do ghasúir scoile.

Ní hé sin an cheist a chuir mé. Chuir mé ceist faoi oiliúint mhúinteoirí.

Ní raibh an Teachta anseo agus d'fhreagair mé an cheist sin-----

Tabharfaidh mé deis eile don Aire Stáit.

B'shin an freagra i dtaobh na múinteoirí fosta.

Céard é an freagra?

Tríd an bplean faoi oiliúint múinteoirí, 1.16-----

Oiliúint múinteoirí, is ea.

Lig don Aire Stáit freagra a thabhairt.

Tá mé ag iarraidh an príomhrud a bhaint as an rud atá sé ag rá.

Chuir an Teachta an cheist agus thug mé an freagra don Teachta ina thaobh.

Céard é an freagra? An míneoidh an tAire Stáit, mar ní thuigim an freagra?

Tá an tAire Stáit ag léamh as leathanach 31, pointe 1.16.

Is i dtaobh oiliúint múinteoirí atá sé, 1.15, sa phlean deirtear: "féachfar ar thionchar na gclár athshamhlaithe oiliúint tosaigh múinteoirí (OTM) do theagasc agus foghlaim na Gaeilge agus cur tuarascála ábhartha agus aiseolas ó pháirtithe leasmhara san áireamh, i gcomhthéacs athbhreithniú na Comhairle Múinteoireachta ar chritéir agus threoirlínte do sholáthróirí OTM".

Is duine simplí mise. Cén chaoi a chinnteoidh sé sin go mbeidh Gaeilge ag na múinteoirí, agus a dhóthain Ghaeilge, go praiticiúil? Táimid iontach sa lá atá inniu ann ag cur rudaí móra casta le cheile agus gan aon bhrí leo. Cén chaoi a chinnteoidh é sin, nuair a thabharfaí é isteach sa rang, más múinteoir i nGaelscoil go mbeidh Gaeilge aige nó aici lena ngnóthaí a dhéanamh trí Ghaeilge, agus más i scoil a mhúintear trí Bhéarla, go mbeidh Gaeilge ag an múinteoir leis í a mhúineadh? Cén chaoi a bhainfidh sé seo é sin amach?

Is é sin an dúshlán.

Tá na scoileanna uilig ag lorg múinteoirí le Gaeilge le haghaidh, mar shampla, matamaitic nó tíreolas agus is í sin an fhadhb. Is í an fhadhb ná an t-éileamh atá ann. Is é sin an fáth go bhfuilimid ag breathnú go dtí an Roinn Oideachais agus Scileanna agus í ag obair le mo Roinn féin. Níl mise freagrach as an Roinn Oideachais agus Scileanna, ach bhí mé i gcónaí ag labhairt faoi ról na Roinne Oideachais agus Scileanna agus an tábhacht agus an bhearna mhór atá aici fosta. Is é sin an fáth a bheimid ag amharc amach anseo go mbeidh an ceangal idir mo Roinn féin agus an Roinn Oideachais agus Scileanna. I mo chontae féin, agus ní maith liom aon scoil a aithint, tá Gaelscoileanna meánscoile atá i gcónaí ag lorg múinteoirí le Gaeilge. Is í sin an fhadhb agus aontaím leis an Teachta. Is é sin an fáth go bhfuil muid ag obair le chéile, i mbun traenála agus ag treabhadh ar aghaidh maidir leis na daoine a lorg amach anseo.

Maidir leis an dara ceist, i dtaobh pleanála teanga agus airgead, tá a fhios ag an Teachta faoi na rudaí sin, mar bhí sé ina Aire don Ghaeltacht san am a d'imigh tharainn, agus bhí ról difriúil aige. Tá an ról sin agamsa.

Ní raibh a fhios againn é sin.

Nuair a bhíodh an Teachta, agus nuair a bhíonn mise freagrach as an airgead a chaitheamh, bhíodh agus tá dá dhream freagrach as an phleanáil teanga: Údarás na Gaeltachta istigh sa Ghaeltacht agus Foras na Gaeilge lasmuigh de. Anois, tá €2.6 milliún ar fáil. Níl na sonraí agam. Tá na sonraí ag Údarás na Gaeltachta agus ag Foras na Gaeilge.

Níl anseo ach seachaint.

Níl na sonraí agamsa.

(Interruptions).

Gabh mo leithscéal, a Aire Stáit. A Theachta, nóiméad amháin. Tá gá ann a bheith dea-bhéasach. Lig don Aire Stáit agus is féidir leis an Teachta teacht ar ais. Tá an Teachta Tóibín ag fanacht go foighneach le teacht ar ais.

Ní chuirfidh mé moill ar an gcruinniú. Coinnigh ort.

Ní hé sin a dúirt mé. Tá sé drochbhéasach a bheith ag déileáil leis an Aire Stáit mar seo. Is féidir-----

Tá seisean drochbhéasach. Chuir mé ceist shonrach air sa Dáil, d'iarr me figiúr-----

Níl na sonraí agamsa.

Tá sé ag seachaint na ceiste an t-am ar fad mar tá-----

A Theachta, ní féidir liom glacadh leis seo,

Tá na sonraí ag Foras na Gaeilge agus ag Údarás na Gaeltachta. Níl na sonraí agamsa.

A Aire Stáit, gabh mo leithscéal. Ní féidir liom glacadh leis seo. Níor chuir mé srian ar aon Theachta nó Seanadóir ceisteanna a chur, ach iad a chur tríd an gCathaoirleach. Bhí dhá cheist ann. Rinne an tAire Stáit ceann amháin a fhreagairt agus ní raibh an Teachta Dála sásta leis an bhfreagra. Tá an cheist eile maidir leis na pleananna teanga, an t-airgead agus é sin a mhíniú.

Tá €2.6 milliún ar fáil sa bhuiséad. Ta Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge freagrach as na sonraí, ná billí atá ag teacht isteach agus cé mhéad airgid a bheidh ar fáil. Cinnte, tá na grúpaí agus na dreamanna uilig ag iarraidh post. Mar shampla, i mo chontae féin, tá dream amháin tar éis fógra a chur amach dhá uair ag lorg duine agus tá sé deacair. Anois, áfach, tá an t-airgead ar fáil. Ní bheidh a fhios agam go dtí deireadh na bliana cé mhéad duine a bheidh ar fáil agus cé mhéad airgid a bheidh i gceist, agus tá a fhios ag an iar-Aire, an Teachta Ó Cúiv, an méid sin.

Bhí an Teachta Tóibín ag iarraidh teacht isteach.

Tuigim an frustrachas ag pointe amháin, i ndáiríre. Mar a dúirt mé, is é is luaithe é go bhfuilimid ag fanacht ó 2012 nó 2013 mar gheall ar na pleananna teanga, na bailte seirbhíse agus na rudaí agus an struchtúr sin. Táimid ag fanacht agus ag fanacht agus, mar a dúirt an Teachta Ó Cúiv, níl daoine earcaithe fós i go leor de na scéimeanna sin.

Mar gheall ar oiliúint múinteoirí, is é caighdeán na Gaeilge thart timpeall na tíre ceann de na fadhbanna is mó. Dar leis an Roinn féin, tá ceathrú de na múinteoirí atá ag teacht amach nach bhfuil cumas Gaeilge labhartha acu nó nach bhfuil cumas Gaeilge a mhúineadh acu. Tá sé dochreidte go bhfuil ceathrú de na múinteoirí, na mic léinn atá ag teacht amach, bliain i ndiaidh bliana, gan an cumas acu é seo a dhéanamh.

Bhí mé ag caint le príomhoide i meánscoil sa Gaeltacht agus dúirt sé liomsa go raibh sé ag iarraidh múinteoir chun fisic agus ceimic a mhúineadh do na páistí. Dúirt sé go raibh sé cosúil le duine a rinne an Fhraincis le haghaidh na hardteistiméireachta a bheith ag múineadh na fisice, mar shampla, agus ag dul ar Duolingo chun a gcuid Fraincise a fheabhsú agus ansin seasamh os comhair páistí agus ag iarraidh é a mhúineadh i gceart. Ní bheadh siad in ann é sin a dhéanamh. Ní bheadh éinne in ann an teanga shonrach a bhaineann le rudaí teicniúla a mhúineadh i dteanga cosúil leis sin, go háirithe nuair nach bhfuil ach caighdeán na hardteistiméireachta amháin acu. Nuair a bhíonn na múinteoirí sa bhliain dheireanach mar mhac léinn le haghaidh múineadh sna bunscoileanna, ní dhéanann siad aon Ghaeilge ar chor ar bith sa bhliain sin.

Tá tagairt sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge do choláiste lán-Ghaeilge. Ba cheart go mbeadh sé ina sprioc againn mar thír go mbeadh daoine in ann a gcuid oideachas a dhéanamh i nGaeilge ar gach leibhéal. Bhí caint faoi choláiste thíos i mBaile Bhuirne a bheith mar choláiste lán-Ghaeilge. Tá an foirgneamh sin ina seasamh go huile is go hiomlán folamh anois. Níl aon choláiste lán-Ghaeilge ann, cé go raibh sé mar sprioc go mbeadh ceann ann. Tá coláiste ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh-----

Gabh mo leithscéal, a Theachta, ach tá vótáil sa Dáil. Ní mór dúinne agus ag an Aire Stáit dul ar ais go dtí an Dáil, is dócha. Beidh muid beagnach críochnaithe faoi cheann leathuair a chlog eile.

Tá cruinniú agamsa.

Cén uair?

Ag a seacht a chlog.

Tá vótáil ar siúl anois.

An gcríochnóidh mise nó an bhfuil a fhios agat-----

Ba mhaith liom dul ar ais go dtí an vótáil, agus tá sé tábhachtach-----

Sonraí i dtaobh na ceiste.

Tá rudaí i bhfad níos tábhachtaí anois, gabh mo leithscéal. Nílimid críochnaithe leis an tuarascáil seo. Tá ar an Aire Stáit an cruinniú a fhágáil anois, an bhfuil?

Tá cruinniú agam ag a seacht a chlog.

Tiocfaimid ar ais chuige sa bhfómhar.

Ní féidir leis teacht ar ais.

Ní anocht ach-----

B'fhéidir go gcruinneoimid-----

Tiocfaimid ar ais chuig an Aire Stáit.

Is féidir linn leanúint ar aghaidh-----

Leanfaimid ar aghaidh leis an gcruinniú seo ar am feiliúnach mar nílimid críochnaithe fós. Ba mhaith liom é a chríochnú ach ní féidir linn anocht.

Go raibh míle maith ag an Aire Stáit. Tiocfaimid ar ais chuige agus beidh cléireach an choiste i dteagmháil leis nó leis an Roinn. Níl an dara rogha againn ach an cruinniú a chur ar athló go dtí an chéad chruinniú eile agus tiocfaimid ar ais chuig an Aire Stáit.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 6.58 p.m. go dtí 4 p.m., Dé Máirt, 25 Meán Fomhair 2018.
Barr
Roinn