Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán díospóireacht -
Tuesday, 6 Nov 2018

Plean Gníomhaíochta 2018-2022 de Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: An tAire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (Atógáil)

Cuirim fáilte roimh gach duine atá i láthair. Tá an plean gníomhaíochta don Ghaeilge idir 2018 agus 2022 faoi chaibidil againn inniu. Tá an tAire Stáit, an Teachta Seán Kyne, inár gcomhluadar inniu. Cuirim céad míle fáilte roimhe. Tá beirt phríomhoifigeach ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta inár measc freisin. Cuirim fáilte roimh Sorcha de Brúch agus Séan Mac Eoin. Chuir an comhchoiste tús lenár bplé ar an bplean seo ag cruinniú a bhí againn cúpla mí ó shin. Bhí an tAire Stáit a bhí sa Roinn roimhe seo, an Teachta Joe McHugh, i láthair ag an gcruinniú sin. Ós rud é go raibh vótáil ar siúl ar an lá sin, níor éirigh linn ár machnamh ar an gceist seo a chríochnú. Táimid ag tosú arís ón tús inniu. Tá a fhios agam go bhfuil an tAire Stáit ar an eolas maidir leis an Acht um Chlúmhilleadh. Dá bhrí sin, ní gá dom aon rud eile a rá faoi. Tá forálacha an Achta inghlactha. Iarraim ar an Aire Stáit a cur i láthair a dhéanamh.

Tar éis dom bheith athcheaptha mar Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin, tá áthas orm an deis seo a fháil léargas a thabhairt faoin phlean gníomhaíochta 2018–22 d'fheidmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Sheol mo chomhghleacaí, an tAire Stáit, an Teachta Joe McHugh, an plean gníomhaíochta go hoifigiúil thar ceann an Rialtais i mí an Mheithimh na bliana seo. Mar a dúirt an Cathaoirleach, bhí an tAire Stáit i láthair ag an gcomhchoiste seo ar 3 Iúil 2018 le léargas a thabhairt don choiste faoin bplean. Is é an plean gníomhaíochta 2018-22 an bhunchloch don todhchaí. Is ann a leagtar amach cad atá beartaithe a dhéanamh sa tréimhse go 2022 chun tuilleadh cúraim a dhéanamh den Ghaeilge agus den Ghaeltacht mar a bhaineann sé leis na naoi réimse gnímh faoi leith atá sa straitéis 20 bliain.

Ag croílár an phlean gníomhaíochta, tá na bearta comhaontaithe a leagtar amach ann. Tá breis agus 180 díobh ann, a chuirfear i bhfeidhm i gcomhar le os cionn 60 páirtí leasmhar. Leagtar an bhéim is mó ar an mhéid a dhéanfar go sonrach ar bhonn comhpháirtíochta thar cúig bliana. Tá tráthchlár ama luaite le gach beart agus luaitear chomh maith na páirtithe a bheidh freagrach as na bearta a chur i bhfeidhm. Déantar cur síos ann chomh maith ar an gcur chuige úr a bheidh i bhfeidhm maidir le cúrsaí monatóireachta, ar mhaithe le treisiú a dhéanamh ar an chomhpháirtíocht agus ar an gcomhúinéireacht is gá a bheith ann chun go mbeidh rath ag ár n-iarrachtaí uile. Feicfear ón bplean chomh maith go leagtar amach ann cad a dhéanfaidh Ranna agus forais eile Stáit ar leas na teanga thar an tréimhse. I measc na bhforas Stáit sin, luafainn go háirithe an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, RTÉ, TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Cé nár tháinig an plean gníomhaíochta ar an saol go dtí mí an Mheithimh, tá dul chun cinn suntasach déanta cheana féin chun tús a chur lena chur i bhfeidhm. Tá an coiste stiúrtha a bheidh freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus dul chun cinn an phlean bunaithe anois. Tharla an chéad chruinniú den choiste stiúrtha ag Oireachtas na Samhna an tseachtain seo caite. I gcomhréir le beart 8.1 den phlean gníomhaíochta, is cúis áthais ar leith dom é go bhfuil €1.5 milliún breise i maoiniú caipitil curtha ar fáil d'Údarás na Gaeltachta don bhliain seo chugainn. Fágann sé sin gurb é €8.5 milliún an bhunlíne nua caipitil i mbuiséad 2019 a bheidh ag an údarás, i gcomparáid le €5.687 milliún in 2016. Tá €500,000 breise ceadaithe don chlár tacaíochtaí pobail agus teanga de chuid mo Roinne féin do 2019. Ciallóidh sé sin go mbeidh ciste breise ann chun cabhrú tuilleadh le gnóthaí teanga agus pobail sa Ghaeltacht an bhliain seo chugainn. Tá soláthar €600,000 breise ar fáil don phleanáil teanga do 2019, rud a fhágann go mbeidh €3.25 milliún in iomlán ar fáil an bhliain seo chugainn. As an 26 limistéar pleanála teanga Ghaeltachta tá 13 phlean ceadaithe cheana féin. Tá súil againn go mbeidh péire eile ceadaithe roimh dheireadh na bliana seo.

Chun tacú leis an bpróiseas, tá cúram á dhéanamh againn de roinnt rudaí ar bhonn lárnach mar a bhaineann sé leis an luathoideachas, an teaghlach, na healaíona traidisiúnta agus gnóthaí óige. Mar shampla, tá allúntas suas le €1,027,613 ceadaithe don eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta don tréimhse idir 2018 agus 2020 ionas go bhféadfaidís leathnú a dhéanamh ar an raon tacaíochtaí a chuireann siad ar fáil do theaghlaigh Ghaeltachta. Tá allúntas breise de €810,000 ceadaithe do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta don tréimhse idir 2018 agus 2020 ionas go mbeidh an eagraíocht in ann leathnú a dhéanamh ar an raon tacaíochtaí a chuirtear ar fáil do sheirbhísí luathbhlianta na Gaeltachta.

Tá allúntas suas le €325,000 ceadaithe d'Ealaín na Gaeltachta chun clár gníomhaíochtaí sna healaíona traidisiúnta a chur chun cinn i measc daoine óga sa Ghaeltacht. Tá maoiniú breise curtha ar fáil do scéim na gcúntóirí teanga sa scoilbhliain reatha ionas go mbeidh cúntóir i ngach scoil Ghaeltachta atá páirteach i scéim aitheantais na Roinne Oideachais agus Scileanna. Ina theannta sin, beidh torthaí an athbhreithnithe ar an scéim faoi lámh ag an Roinn go gairid. Beifear in ann breathnú an tráth sin ar na bealaí a bhféadfaí an scéim a threisiú tuilleadh i gcomhar le páirtithe leasmhara. Tá maoiniú breise curtha ar fáil do scéim na gcampaí samhraidh ar mhaithe leis an teanga a shaibhriú i measc daoine óga sa nGaeltacht. Tá soláthair breise de €580,000 ar fáil faoi scéimeanna tacaíochta Gaeilge do 2019 do réimse eagraíochtaí agus gníomhaíochtaí a bhaineann leis an nGaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Fágann sé seo go mbeidh soláthar iomlán de €4.8 milliún ar fáil do 2019.

Is bliain speisialta í Bliain na Gaeilge 2018 chun ár dteanga dhúchais a chur i lár an aonaigh, sa bhaile agus thar lear. Bhí an Taoiseach agus an Rialtas an-sásta tacú go hiomlán le Bliain na Gaeilge 2018 ós rud é go luíonn sé go nádúrtha leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus lenár n-aidhm polasaí i leith úsáid agus eolas ar an nGaeilge a mhéadú de réir a chéile. Mar gheall ar an tsuim mhór sa phobal trí chéile inti, bhí an-éileamh ar na scéimeanna a reáchtáladh don bhliain. Dá réir sin, bhí mé thar a bheith sásta an bunmhaoiniú do Bhliain na Gaeilge 2018 a mhéadú go €537,000 le gairid.

Is léir go bhfuil beart á dhéanamh de réir briathair cheana féin mar a bhaineann sé le cur chun feidhme an phlean seo agus go gcuirfear dlús le rudaí de thoradh na hinfheistíochta breise. Níl amhras ar bith orm ach dá mhéad a n-aithnítear an chomhpháirtíocht agus an chomhúinéireacht a bhfuil an plean gníomhaíochta tógtha air, is ea is fearr a n-éireoidh lenár gcuid iarrachtaí ar fad. Is mian liom an deis seo a thapú mo bhuíochas a ghabháil le mo chomhghleacaithe Rialtais sa Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, sa Roinn Oideachais agus Scileanna, agus sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe as a gcomhoibriú sa chúram seo. Tá súil agam go mbeidh plé spéisiúil againn, a chuirfidh lenár dtuiscint faoin rud is cás linn uile sa chúram seo – an Ghaeilge agus an Ghaeltacht.

Rinne mé dearmad ag tús an chruinnithe comhghairdeas a dhéanamh leis an Aire Stáit agus é ar ais sa phost seo.

Ba mhaith liom mo chomhghairdeas a ghabháil leis an Aire Stáit. Sílim go ndéanfaidh sé sár-jab. Tá an-spéis aige san earnáil seo agus tá sé díograiseach chun an obair thábhachtach a dhéanamh. Molaim an spéis atá aige sa jab agus sa Ghaeilge.

Ba mhaith liom a rá go ginearálta go gcaithfimid díriú isteach ar dhá rud thar a bheith tábhachtach sa chomhthéacs seo - go bhfuil monatóireacht chuí á dhéanamh agus go bhfuil go leor maoinithe ar fáil leis an jab a dhéanamh. Tá a fhios agam go bhfuil feabhas tagtha sa bhuiséad i mbliana agus go bhfuil €1.5 milliún breise ar fáil. Tá turas fada le déanamh againn go dtí go bhfillfimid ar na figiúirí a bhí ann roimh na fadhbanna eacnamaíochta. Ba mhaith liom a chloisteáil ón Aire Stáit go poiblí go bhfuil sé beartaithe aige an leibhéal maoinithe a ardú de réir a chéile ionas go mbeimid in ann an plean a chur i bhfeidhm. Is rud bunúsach agus tábhachtach é sin.

Iarraim ar an Aire Stáit níos mó soiléireachta a thabhairt dúinn ar an gcóras monatóireachta. Dúirt sé go raibh cruinniú amháin ag an gcoiste monatóireachta go dtí seo. An bhfuil sé cinnte go bhfuil córas monatóireachta láidir curtha i bhfeidhm?

Ba mhaith liom cúpla rud eile a lua. Táimid tar éis cuairt a dhéanamh ar cuid maith de na Gaeltachtaí ar fud na tíre. Tá díomá orainn go bhfuil líon na ndaoine óga atá ag labhairt na Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais ag laghdú. An bhfuil plean ag an Aire Stáit? Cad a cheapann sé faoin cheist seo? Conas is féidir linn é seo a athrú? An bhfuil rudaí ar siúl leis an fhadhb seo a réiteach? Is deacracht mhór í go bhfuil líon na cainteoirí óga laethúla ag laghdú nó ag ísliú i ngach Gaeltacht a bhfuilimid tar éis cuairt a dhéanamh air go dtí seo.

Ba mhaith liom rud atá ceangailte leis sin a lua. Tá 54 leanbh óg sa Ghaeltacht ag freastal ar naíonraí agus naíolanna ina n-úsáidtear an Béarla go laethúil. Cén tuairim atá ag an Aire Stáit i dtaobh an deacracht sin? Can a dhéanfaidh sé ina thaobh?

Tá sé ráite agam cheana leis an Aire Stáit, go príobháideach agus go poiblí, go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach daoine óga ón nGalltacht a mhealladh go dtí an Ghaeltacht. Rinne mé an pointe seo leis an Aire Stáit, an Teachta McHugh, nuair a bhí sé sa Roinn seo. Sílim go bhfuil sé an-tábhachtach deis a thabhairt do dhaoine óga ísealaicmeach, nach bhfuil ábalta íoc as na deiseanna seo a thapú, a chur go dtí an Ghaeltacht le haghaidh cúrsaí samhraidh. Is í sin an tslí is fearr chun an teanga a hathbheochan agus chun meas inár n-oidhreacht a chruthú. Cad a cheapann an tAire Stáit faoi sin? An bhfuil aon phlean aige chun níos mó daoine óga, go háirithe daoine óga nach bhfuil dóthain airgid acu nó ag a gcuid tuismitheoirí, a mhealladh go dtí an Ghaeltacht le haghaidh cúrsaí samhraidh? Dar liom, is eochar í an rannpháirtíocht sna cúrsaí sin. Nuair a thagann siad ar ais go dtí a gcuid scoileanna sna bailte beaga ar fud na tíre nó faoin tuath, tá spéis acu sa Ghaeilge agus tá grá acu don chultúr Gaelach. Dá mbeimid in ann rud éigin a dhéanamh faoi sin, cuireadh sé feabhas ar gach rud. Tá a fhios agam go bhfuil na scoileanna lán-Ghaelacha taobh amuigh den Ghaeltacht ag dul ar aghaidh go maith agus ag feabhsú an t-am ar fad. Tá a lán daoine ag freastal orthu. Is fiú rud díreach a dhéanamh ionas go dtiocfaidh ardú ar líon na mac léinn óg atá ag dul go dtí an Ghaeltacht. Ba cheart go rachadh i bhfad níos mó déagóirí go dtí an Ghaeltacht gach samhradh.

B'fhéidir go dteastaíonn ón Aire Stáit tosú leis an gceist maidir le monatóireacht.

Maidir le monatóireacht, foilseofar tuairisc bhliantúil faoi chur i bhfeidhm an phlean agus leagfar é os comhair an Oireachtais. Tá trí chuid i gceist sa chur i bhfeidhm: an coiste stiúrtha, an coiste comhairleach agus cruinnithe le páirtithe leasmhara. Mar a dúirt mé, tharla an chéad chruinniú den choiste stiúrtha ag an Oireachtas an tseachtain seo caite. Leanfaidh an coiste ar aghaidh ag casadh le chéile nuair atá cruinnithe ag teastáil. Leanfar leis an gcoiste comhairleach a thacaíonn le cur i bhfeidhm na straitéise.

Táim féin mar chathaoirleach ar an choiste sin. Mar thoradh ar an obair a dhéanfaidh an coiste stiúrtha agus an coiste comhairleach, beifear in ann rian a chur ar an eolas maidir le chomh héifeachtach is atá cur i bhfeidhm an phlean gníomhaíochta. Mar a dúirt mé, bhí an chéad chruinniú ann an tseachtain seo caite. Bhí mé ann ar feadh tamall beag chun fáilte a chur roimh na baill den choiste go léir. Bhí ionadaithe ann ón Roinn Oideachais agus Scileanna, ón údarás, ó Fhoras na Gaeilge, ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, ónár Roinn féin agus ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Bhí ionadaithe ann ó na Ranna Stáit ar fad atá freagrach as an phlean gníomhaíochta.

Ó thaobh na ceisteanna faoi mhaoiniú i gcomhair daoine óga, tá breis airgid curtha ar fáil d'Údarás na Gaeltachta i mbliana chun leanúint ar aghaidh leis na cúrsaí atá idir lámha aige ó thaobh poist a chruthú, pleananna teanga agus rudaí mar sin. Tá sé ag leanúint ar aghaidh leis an obair thábhachtach sin.

Ó thaobh daoine óga, tá an ceart ag an Seanadóir. Caithfimid daoine óga a thabhairt linn ó thaobh na teanga de. Beidh infheistíocht á déanamh ó thaobh daoine óga. Táimid á déanamh faoi láthair. Tá allúntas €810,000 thar an tréimhse ó 2018 go 2020 ann do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta. Cuirfidh an t-allúntas seo ar chumas na heagraíochta leanúint leis an raon tacaíochtaí a chuirtear ar fáil do sheirbhísí luathbhlianta na Gaeltachta. Tá airgead curtha ar fáil do Thuismitheoirí na Gaeltachta agus d'Ealaín na Gaeltachta. Cabhróidh an t-airgead sin leis na rudaí atá an Seanadóir á n-iarraidh le haghaidh daoine óga. Tá daoine óga faoi níos mó brú faoi láthair ón Bhéarla. Tá an-mhéid Béarla ag teacht isteach ar an teilifís, ar an raidió, agus ar na meáin shóisialta. Sin an fáth go bhfuil gníomh sa phlean gníomhaíochta chun cabhrú leis na meáin agus leis an teicneolaíocht. Molaim an tsárobair a dhéanann TG4 agus Raidió na Gaeltachta. Táimid ag déanamh infheistíochta ó thaobh na teicneolaíochta freisin chun cabhrú leis na daoine óga Gaeilge a fhoghlaim. B'fhéidir go bhfuil sé níos deacra anois mar gheall ar an bhrú sin ó na meáin Bhéarla ar dhaoine óga ina dtithe.

Ó thaobh na naíonraí, tá clár infheistíochta agus clár caipitil ann. Táimid ag déanamh infheistíochta i scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge. Bhí €4 milliún ar fáil i mbliana. Caitheann an Roinn €4 milliún go bliantúil ar leas tuairim is 25,000 daoine óga atá ag freastal ar breis is 49 nó 50 coláiste samhraidh ar fud na Gaeltachta. Is infheistíocht thábhachtach agus maith í sin ó thaobh na gcoláistí samhraidh, ó thaobh na mban tí, ó thaobh eacnamaíocht na Gaeltachta, agus, go mórmhór, ó thaobh na daoine óga atá ag fáil an taithí sin sa Ghaeltacht. Beidh siad in ann a gcuid Gaeilge a úsáid agus feabhas a chur uirthi.

An bhfuil an Seanadóir sásta?

Táim sásta don bhomaite.

Tá súil agam go n-éireoidh leis an Aire Stáit go han-mhaith sa phost atá aige anois. Bhí an post céanna aige cheana. Molaim an obair atá déanta aige agus an plean atá ann. Níl aon bhaint agam leis an nGaeltacht ar chor ar bith - táim ar an taobh eile den tír - ach tá fás mór tagtha ar an méid daoine, go mórmhór páiste óga, atá ag labhairt na Gaelainne agus a bhfuil suim an-mhaith agus an-mhór acu inti. Tá an tsuim sin ag fás. Tá scoil in aice le m'oifig. Scríobh na daltaí go léir i rang amháin chugam ar ábhar na Gaelainne agus ar labhairt na Gaelainne. Dá mbeadh an t-am ag an Aire Stáit uair éigin teacht go Droichead Átha, bheadh an-fháilte ar fad roimhe, ón scoil seo ach go háirithe. I ngach litir ó na páistí bhí siad ag caint faoin mheas atá acu ar an nGaeilge agus ar cé chomh tábhachtach is a cheapann siad go bhfuil sí, cé gur scoil Bhéarla í. Tá dhá bhunscoil i mo dhúiche ina bhfuil an Ghaelainn mar ábhar múineadh agus ábhar cainte acu. Tá an caighdeán ag fás agus tá sé an-ard ar fad. Nuair a bhím ag caint leis na daltaí atá ann - daoine atá deich mbliana d'aois nó mar sin - tá a gcuid Gaeilge chomh saibhir agus chomh breá le Gaeilge daoine atá ag déanamh na hardteiste i scoileanna eile.

Tá rudaí nach n-aontaím leo, agus nach n-aontaíonn aon duine a bhfuil suim aige sa Ghaelainn leo, ag titim amach sa Ghaeltacht. Tá sé ag cúngú agus, mar a dúirt an tAire Stáit, tá brú uafásach air. Ag an am céanna tá fás mór ag teacht in áiteanna eile. Tá sé an-tábhachtach go bhfuil Roinn ann le freagracht as an nGaeilge. Caithfidh sí a bheith ann. Tá sí ann ó bhunú an tSaorstáit na blianta fada ó shin. Ní fheadar an bhfuil sé seo faoi chúram an Aire Stáit, ach measaim gur chóir go ndíreofaí níos mó ar an Gaelainn a chothú ar fud na tíre agus sna scoileanna eile. Déarfainn go mbeadh saibhreas ag teacht as an bpolasaí sin. Níl aon cheist agam don Aire Stáit. Bhí tuairimí amháin agam.

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir as sin. Beidh mé breá sásta cuairt a dhéanamh ar Dhroichead Átha. Gabhaim buíochas as ucht an chuiridh. Cuireann an Roinn agus an Rialtas an-bhéim ar an Ghaeilge gach uile áit sa tír agus sa Tuaisceart freisin. Tá Foras na Gaeilge ag obair ar bhonn trasteorann. Tá deacrachtaí ann le tamall toisc gur thit an Rialtas sa Tuaisceart ach tá an foras agus muid féin ag leanúint ar aghaidh le hinfheistíocht ar son na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá sé sin fíorthábhachtach. Tá an méid fás atá ann ó thaobh coláistí Gaeilge trasna na tíre go hiontach. Tá daoine óga ag teacht suas anois le Gaeilge agus táimid ag iarraidh deiseanna a chruthú do na daoine sin. Tá sé sin leagtha amach sa straitéis ó thaobh na seirbhíse poiblí, ó thaobh an Choimisiúin Eorpaigh, agus ó thaobh poist a bhfuil baint acu leis an phróiseas pleanála teanga. Tá agus beidh poist ar fáil do dhaoine atá cáilithe sa Ghaeilge. Is é an ról atá againn ná na deiseanna sin a chur ar fáil do dhaoine le Gaeilge trasna na tíre. Táimid ag leanúint ar aghaidh leis an pholasaí sin agus ag déanamh infheistíochta.

Beidh mé sásta cuairt a dhéanamh ar Dhroichead Átha. Gabhaim buíochas as sin.

Déanaim comhghairdeas leis an Aire Stáit as a phost nua. Bhí deis agam léamh tríd an ráiteas tosaigh. Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as an gcur i láthair. Tá cúpla ábhar gur mhaith liom díriú isteach orthu, ach sula dtéim i dtreo na spriocanna féin, bhí plé againn cheana féin mar gheall ar phlean gníomhaíochta agus ar an tslí inar féidir muid a fheiscint cén dul chun cinn a bheadh ann agus mar sin de. Bhíomar ag lorg go mbeadh tuairisc éigin ina leagfaí amach na spriocanna éagsúla agus an dul chun cinn, nó easpa dul chun cinn, atá déanta orthu. Bheadh sé go breá éasca féachaint ar document a léireodh cá bhfuil an dul chun cinn, cá bhfuil na bearnaí, agus mar sin de. Bheadh sé an-chabhrach dá mba rud é go mbeadh a leithéid ar fáil an t-am ar fad. B'fhéidir gurbh fhiú document beo a bheadh ann mar choimeádfadh sé brú ar dhaoine laistigh den Roinn tracking a dhéanamh ar dul chun cinn nó ar easpa dul chun cinn.

D'fhéadfaí a leithéid a chur ar fáil mar luamar é cheana féin ag cruinnithe anseo. Tá a lán rudaí dearfacha ar fud na tíre ó thaobh na Gaelainne de. Tá brú in áiteanna eile. Ceann de na seoda is mó, nó ceann de na háiteanna ina bhfuil deiseanna iontacha, ná an córas oideachais mar tá foireann an-láidir ann ag brú cúrsaí Gaelainne chun cinn. Tá straitéis nua agus a leithéid ann chomh maith. Tá brú ar na scoileanna Gaeltachta agus na Gaelscoileanna maidir le múinteoirí a fháil sna hábhair éagsúla. Tá an t-ábhar seo tarraingthe aníos againn arís agus arís eile. Tá príomhoidí ag léiriú na deacrachtaí seo dúinn le fada an lá. Cloisimid pleananna éagsúla chun soláthar na múinteoirí a fheabhsú chun go mbeidh breis múinteoirí le Gaelainn i gcomhair ábhar cosúil le fisic, ceimic, agus réimse leathan ábhar eile. Cad é an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir leis na múinteoirí breise seo a chur ar fáil? Tá géarghá leo cheana féin. Feicfimid go bhfuil líon na ndaoine ag teacht ó na bunscoileanna ag fás. Beidh breis brú amach anseo.

Bhí plean ann chun virtual seomra ranga ann a fhorbairt, áit inar féidir múinteoirí ar fud na tíre bheith ag múineadh thar an Idirlíon. Bhí sé sin le bheith ann i gcomhair dheireadh 2018. Níl ach cúpla seachtain fágtha sa bhliain. Cad atá ag tarlú ansin? An bhfuil dul chun cinn ann?

Tá an ról ceannaireachta an-tábhachtach sa chóras oideachais. Feicfimid é sin nuair a théann na leads isteach sa rang. Má tá múinteoir ábalta gnó a dhéanamh go breá compordach leo agus an príomhoide nó príomhoifigeach feidhmeach ag tabhairt cuairte, léiríonn sé dea-shampla. Feicfimid go bhfuil cúpla post CEO á bhfógairt ag na education and training boards, ETBs, le déanaí agus nach bhfuil an Ghaelainn riachtanach do na poist sin i gCorcaigh, i dTiobraid Árann, i gCill Chainnigh, agus i gCeatharlach in ainneoin go mbeidh na CEOs sin ag plé le scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna. An aontódh an tAire Stáit go mbeidh sé ag teacht salach ar straitéis agus aidhmeanna na Roinne dá mba rud é nach mbeadh Gaelainn ag an duine a bheadh i bhfeighil ar na ETBs agus a mbeidh ról ceannaireachta lárnach aige nó aici sa chóras oideachais?

Tá ábhar deireanach le plé agam. Bhí sé i gceist go mbeadh lárionad Gaelainne ann. Bhí sé leagtha síos sa straitéis go mbeadh lárionad Gaelainne i gColáiste Íosagáin i mBaile Bhúirne. Cad é an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir leis sin?

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Ó thaobh an cheist dheireanach, níl an t-eolas sin agam. B'fhéidir go mbeidh sé ar fáil. Bhí mé ag breathnú ar an gceist sin nuair a bhí mé ann an uair dheireanach. Níl a fhios agam cad a tharla ina dhiaidh sin. Tá a fhios agam go bhfuil sé leagtha síos sa straitéis. B'fhéidir go mbeinn in ann teacht ar ais chuig an Teachta faoi sin.

Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna freagrach as na ngníomh sa phlean gníomhaíochta. Tá rudaí maithe ag dul ar aghaidh ó thaobh an róil atá againn maidir le hoideachas. Tá 106 as 134 bunscoil Ghaeltachta páirteach sa pholasaí don oideachas Gaeltachta. Is toradh maith é sin. Tá 28 as 29 iar-bhunscoil páirteach. Sin toradh maith ó thaobh an phróisis sin. Mar atá ráite agam san óráid, beidh cúntóir teanga i ngach uile scoil atá sa phróiseas seo freisin. Is dea-scéal é sin. Beidh an Roinn ag tacú le hoiliúint múinteoirí trí chúnamh a chur ar fáil don acadamh agus trí scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge.

Tá an cheist faoi na múinteoirí tábhachtach. Bhí mé ag an Oireachtas an tseachtain seo caite agus chas mé le grúpa ansin, coláiste múinteoireachta, ar a seastán. D'fhiafraigh mé cén chaoi a raibh rudaí ag dul ar aghaidh ó thaobh na bhfigiúirí agus dúirt an grúpa go raibh méadú ar na huimhreacha atá ag freastal ar an gcoláiste sin agus go raibh níos mó suime ann anois. Tá a fhios agam gur dúshlán mór é ó thaobh an chórais oideachais. Mar a dúirt mé, is í an Roinn Oideachais agus Scileanna atá freagrach as sin. Níl a fhios agam an raibh an Roinn os comhair an choiste le déanaí chun a dul chun cinn a phlé, ach tá dul chun cinn déanta. Is é an scéal céanna ó thaobh na ETBs. Is í an Roinn atá freagrach astu. Tá ról lárnach ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ó thaobh an phlean gníomhaíochta. Tá ionadaithe ón chóras oideachais ar an gcoiste stiúrtha freisin. Beidh siad in ann teacht ar ais chuig an Oireachtas chun an dul chun cinn atá déanta ó thaobh na bhfigiúirí sin a phlé.

Tuigim go bhfuil ról lárnach ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ach, ag an am céanna, tá ról an-tábhachtach ag Roinn an Aire Stáit chomh maith. Maidir leis na ETBs, mar shampla, is í an cheist a bhí ann ná, an dóigh leis an Aire Stáit go bhfuil an gníomh sin, pé duine atá freagrach as, ag teacht salach ar fheidhmeanna na Roinne maidir le cúrsaí Gaelainne a chur chun cinn? An bhféadfadh sé sin a phlé leis an Aire agus leis na húdaráis chuí chun a chinntiú go mbeadh an Ghaelainn riachtanach agus go mbeadh áit lárnach aici sa ról ceannaireachta sin sna ETBs, mar a bhíodh i gcónaí?

Maidir leis na coláistí agus an líon múinteoirí, tá ardú ann. Tá sé éasca ardú a bheith ann toisc go raibh an leibhéal an-íseal. Rachadh sé suas le haon dul chun cinn. Tá géarghá le han-chuid múinteoirí síos suas na tíre chun na poist éagsúla a líonadh. Cén líon múinteoirí a bheidh againn i mbliana? An mbeidh aon duine? Cathain a bheidh na múinteoirí breise ar fáil ó na coláistí? Tuigim go bhféadfadh sé a bheith cúpla bliain sula mbeidh a leithéid, ach tá an riachtanas ann cheana féin. Ní fheadar an bhféadfadh an tAire Stáit a chur in iúl don Roinn agus don Aire cé chomh práinneach is atá sé.

Rinne mé dearmad comhghairdeas a dhéanamh leis an iar-Aire Stáit le freagracht as an nGaeltacht, an Teachta McHugh, as a phost nua. Is post tábhachtach é ó thaobh an phlean gníomhaíochta agus ó thaobh na Gaeilge. Beidh sé ag tabhairt an taithí a bhí aige óna am mar Aire Stáit le freagracht as gnóthaí Gaeltachta go dtí an post tábhachtach sin. Tá an ceart ag an Teachta go raibh na figiúirí sórt íseal. Is dul chun cinn maith aon dul chun cinn. Tá sé sin fíorthábhachtach. Ó thaobh na ETBs, bím ag plé leis na ETBs i nGaillimh agus tá a fhios agam na deacrachtaí a bhíonn ag daoine ar na hoileáin agus áiteanna mar sin ó thaobh múinteoirí. Táimid ag iarraidh tacú leo. Sílim go mbeidh ról ag an Aire, an Teachta McHugh, anois. Beidh sé ag tabhairt a thaithí óna bheith ag freastal ar chúrsaí oileánda go dtí an post nua freisin. Níl na figiúirí agam ó thaobh líon na múinteoirí a bheidh ann. Beidh mé in ann teacht ar ais chuig an Teachta faoi sin. Tá a fhios agam go bhfuil ardú ar an líon múinteoirí sa tír agus go bhfuil infheistíocht á déanamh ag an Stát, ach níl figiúr agam ó thaobh líon na múinteoirí. Beidh mé in ann teacht ar ais chuig an Teachta leis na figiúirí sin.

Chun filleadh ar cheist na ETBs, tá a fhios agam gur luaigh an tAire Stáit go raibh teagmháil aige leis an ETB sa Ghaillimh.

An mbeadh an tAire Stáit sásta dá mba rud é nach raibh an ETB in ann feidhmiú as Gaeilge agus go mbeadh na poist agus an ceannaire á fhógairt agus a rá má tá an Ghaeilge ag an duine is bonus é ach i ndáiríre nach bhfuil sé riachtanach? An dóigh leis an Aire Stáit go bhfuil sé sin ag teacht salach ar fheidhmeanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus ar na pleananna éagsúla agus an nglacfaidh an tAire Stáit leis i nGaillimh nó in aon áit eile? Faoi láthair b'shin an chaoi atá poist á bhfógairt i gCorcaigh, i dTiobraid Árann agus i gCill Chainnigh agus Ceatharlach, atá le chéile.

Tá dúshlán ann múinteoirí a fháil in áiteanna ar leith agus ar na hoileáin go mór mór. Bíonn cinneadh le déanamh ag na ETBs. B'fhearr liom agus leis na ETBs - táim cinnte faoi seo - go mbeadh múinteoirí le cáilíochtaí Gaeilge a fháil nuair a theastaítear iad. Uaireanta, ní bhíonn na múinteoirí sin ar fáil. B'shin ceann de na deacrachtaí.

Ceapaim go bhfuil míthuiscint ann. Nílim ag labhairt faoi mhúinteoirí, is post an CEO atá i gceist agam, post an cheannaire.

An príomhfheidhmeannach.

Is é sin ról na ceannaireachta, is é sin an duine ag barr an ETB.

Níl a fhios agam ach bím ag plé le daoine agus tá cáilíochtaí acu i nGaeilge i nGaillimh. Níl freagra anseo agam faoi sin agus b'shin ceist don Aire Oideachais agus Scileanna. Bíonn sé i bhfad níos fearr dá mba rud é go mbíonn daoine in ann Gaeilge a labhairt má theastaítear é sin, nuair a bhíonn ról bainistíochta acu ó thaobh na Gaeltachta agus na nOileán. Sílim go mbíonn rudaí mar sin leagtha amach sa phlean teanga atá ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Níl a fhios agam an bhfuil aon rud luaite ann ó thaobh na gcáilíochtaí a dteastaítear ó na príomhfheidhmeannaigh de chuid na ETBs. Tá Gaeilge líofa an-láidir ag daoine atá ag freastal ar na ETBs i nGaillimh-Ros Comáin.

An mbeidh an tAire Stáit ag filleadh níos déanaí maidir leis an gceist maidir leis Coláiste Íosagáin agus an gá atá ann?

Tá a fhios agam go bhfuil an Seanadóir ag iarraidh teacht isteach arís ach ba mhaith liom féin cúpla ceist a chur anois.

Is iontach an rud go bhfuil plean gníomhaíochta againn. Bhí sé ag teastáil go géar agus thóg sé an iomarca ama chun teacht go dtí an pointe seo. Is maith an rud go bhfuil sé ann.

Tá sé ráite ag eagraíochtaí éagsúla agus lucht acadúil a dtáinig os ár gcomhair gurbh é an locht is mó atá ag an straitéis agus ag an bplean gníomhaíochta go bhfuil sé dírithe ar lucht na bhfoghlaimeoirí agus an drochscéal atá ann ná creimeadh na Gaeltachta agus creimeadh ar líon na gcainteoirí dúchasacha. B'shin an fhadhb is mó agus níl sé sin curtha san áireamh ar chor ar bith. Ba mhaith liom é sin a chur i gcomhthéacs. Tá sé ráite go minic agus bhí na hOllúna Ó Giollagáin agus Ó Curnáin os ár gcomhair agus chuir siad an fhadhb agus an dúshlán go soiléir os ár gcomhair.

Chomh maith leis sin tá sé soiléir ón daonáireamh go bhfuil laghdú suntasach maidir leis na cainteoirí Gaeilge.

Más mian leis an Seanadóir ceist a chur-----

Cuirfidh mé é níos déanaí go príobháideach. Gabhaim buíochas mór libh.

Mar is eol don Aire Stáit, bhí sé thíos agus ní raibh deis agam an taighde is déanaí ón Seanadóir a léamh fós a chuireann in iúl go bhfuil fadhbanna maidir leis. Is rud maith go bhfuil an plean gníomhaíochta ann ach ba mhaith liom é a chur i gcomhthéacs i dtús báire.

Maidir leis an bplean é féin agus an mhonatóireacht, is rud maith anois go bhfuil an coiste stiúrtha ag feidhmiú. Cén lá a bhí an coiste ar siúl? Cé atá ar an gcoiste? Cén uair agus cé chomh minic a bheidh an coiste stiúrtha nua ag teacht le chéile? Ar a laghad tá sé bunaithe anois. Is é an córas monatóireachta an córas is tábhachtaí anois. B'shin ceist amháin phraiticiúil. Cé hiad na baill atá ar an gcoiste sin?

Tá ceist agam maidir leis an athbhreithniú atá i gceist maidir le scéim na gcúntóirí teanga. Tháinig an t-uafás eagraíochtaí os ár gcomhair ag cur in iúl gur scéim iontach é seo ach ar an talamh tá na deacrachtaí seo a leanas ann. Níl siad ag fáil pá a bhfuil ar leibhéal a mheallann daoine chun teacht isteach. Níl an bhliain iomlán i gceist.

Táim sásta go bhfuil athbhreithniú i gceist. Cén uair a thosaigh sé? Cén uair a bheidh sé críochnaithe agus an mbeidh sé foilsithe?

Maidir leis an tuarascáil bhliantúil - ag filleadh arís go dtí an córas monatóireachta - is é seo plean a thosaigh i mbliana, in 2018. Cúig bliana a bhí i gceist ag fanacht air. An mbeidh tuarascáil bhliantúil roimh dheireadh na bliana seo? An mbeidh sé réidh?

Cá bhfuil Acht na dTeangacha Oifigiúla? Cá bhfuil an Bille? An mbeidh sá foilsithe go luath?

An bhfuil sé ar intinn ag an Aire Scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais ar a laghad, mar shlat tomhais don mhéid Gaeilge atá a húsáid sna ceantair Ghaeltachta?

Stopfaidh mé anois ach ba mhaith liom na ceisteanna sin a chur.

Bhí sé soiléir arís ó na grúpaí de dhaoine óga a bhí os ár gcomhair go raibh siad iontach, meabhrach agus in ann rudaí a chur trasna go soiléir maidir leis na fadhbanna ar an talamh.

Maidir leis na fadhbanna sin is iad: daoine óga ag caint i mBéarla agus gan ionad chun bualadh isteach ann dóibh taobh amuigh de theach tábhairne. Is é sin ceann de na riachtanais atá ag teastáil go géar, is é sin ionad chun bualadh isteach ann. Tá a fhios agam go bhfuil togra píolótach ar an gCeathrú Rua faoi láthair. An bhfuil an Roinn ag déanamh monatóireacht air sin nó an bhfuil baint ag an Roinn leis?

Maidir le polasaí do na hoileáin, tá a fhios ag an Aire mar bíonn sé ag na cruinnithe céanna liomsa. Is é an pointe a thagann aníos go minic ná go bhfuil easpa polasaí do na hoileáin uile ar fud na tíre. Tá siad ag feidhmiú i bhfolús, i ndáiríre. Tá siad ag fiafraí díom an bhfuil sé ar intinn ag an Roinn polasaí a fhoilsiú go luath. An féidir leis an Aire tús a chur leis an gceist faoin mBille maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla agus cá bhfuil sé?

Tá sé idir mo Roinn agus Oifig an Ard-Aighne. Tá siad fós ag plé leis na ceannteidil den Bhille agus ag ullmhú an Bhille. Tá siad ag dul trí phróiseas. Tá a fhios agam go raibh stiúrthóir na Gaeilge ag obair oíche inné agus go bhfuilimid ag iarraidh go mbeidh sé foilsithe roimh dheireadh na bliana. Tá a fhios agam go bhfuil frustrachas ar an Teachta faoi seo agus go bhfuil sé pléite sa Dáil. Tá siad ag obair air agus tá dul chun cinn á dhéanamh agus tá sé ar an bpríomhliosta le tamall-----

An mbeidh sé foilsithe roimh dheireadh na bliana?

Táimid ag déanamh chuile iarracht go mbeidh.

Maidir leis an bpolasaí do na hoileáin, bhíomar ag breathnú air sin nuair a bhí mé ann anuraidh. Tá a fhios agam go bhfuil earnáil do na hoileáin sa Roinn. Bhí an-bhrú ó thaobh chuile rud atá an Roinn ag déileáil leis ó thaobh na gcóras agus na gconarthaí tairisceana farantóireachta agus lastais. Tá an earnáil seo ag déileáil le 26 chonradh faoi láthair. B'fhearr liom go mbeadh polasaí nua á ullmhú. Tá moltaí curtha chuig an Roinn agus táimid ag breathnú orthu siúd faoi láthair. Cuireann sé sin a dhóthain brú ar an Roinn ach tá mé sásta breathnú air agus sílim go pearsanta go dteastaíonn an polasaí agus go gcaithfimid é sin a phlé leis na feidhmeannaigh.

Tá coiste inter-agency - is é sin an t-ainm atá air - i gCorcaigh ina bhfuil an chomhairle contae, an chomhairle sláinte, Roinn na Gaeltachta agus BIM. Níl a fhios agam an bhfuil na ETBs ag freastal air freisin. Ó thaobh an eolais atá agam oibríonn sé go maith i gCorcaigh agus in áiteanna eile agus táim ag iarraidh go mbeidh coiste mar sin ag oibriú i nGaillimh. Tá a fhios agam gur scríobh mé chuig an bpríomhfheidhmeannach i gComhairle Contae na Gaillimhe ach níl a fhios agam an bhfuaireamar aon rud ar ais fós uaidh ach sílim go luíonn sé le ciall.

Ó thaobh monatóireachta de, mar a dúirt mé bhí an chéad chruinniú againn de choiste stiúrtha Déardaoin seo caite i gCill Airne. Bhí triúr ann ón Roinn seo, an bheirt anseo, Sorcha De Brúch agus Seán MacEoin agus an stiúrthóir Gaeilge, Aodhán Mac Cormaic freisin. Bhí ionadaithe ann ó Fhoras na Gaeilge, ó Údarás na Gaeltachta, ón Roinn Oideachais agus Scileanna, ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Is é an aidhm atá againn go mbeidh an coiste ag teacht le chéile chuile trí mhí ach idir sin go mbeidh cruinnithe idir an Roinn agus feidhmeannaigh ó aon Roinn nó eagraíochtaí eile chun brú agus leanúint ar aghaidh le cuid den obair agus na rudaí atá acu. Níl dáta agam nó socraithe don chéad chruinniú eile fós.

Maidir le Scéim na gCúntóirí Teanga, tá an t-athbhreithniú sin ag dul ar aghaidh le tamall anois. Bhí sé ar siúl an uair dheireanach a bhí mé i mo phost.

Cén uair a thosaigh sé agus cén uair a bheidh sé críochnaithe?

Bhí athbhreithniú amháin ar siúl agus anois tá athbhreithniú nua ann. Thosaigh sé sa samhradh agus beidh sé críochnaithe roimh dheireadh na bliana.

An mbeidh an dá thuarascáil ar fáil, an ceann a rinne siad agus an ceann a thosaigh siad le linn an tsamhraidh?

Tá súil agam go mbeidh.

Go hiontach.

Céard eile? Scéim Labhairt na Gaeilge.

Cuireadh deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge, mar is eol don Aire Stáit in 2011. Bhí agus tá díomá ar dhaoine gur cuireadh deireadh leis.

Nil aon phlean agam ag an am seo maidir leis an scéim. Go pearsanta, táimid ag tabhairt tacaíochta in áiteanna eile, le pacáistí tacaíochta do thuismitheoirí na Gaeltachta agus do chomhairlí naíonraí. Sílim gur cuireadh daoine óga faoi bhrú ag an am. Tá sé ceart go leor do dhaoine a bhí líofa agus a rugadh agus go raibh Gaeilge sa teach agus nach raibh fadhbanna ag na páistí sin. Cuireadh páistí óga faoi bhrú chun airgead a fháil. Níl a fhios agam gur polasaí ró-mhaith é sin. Táimid ag tacú le daoine óga in áiteanna agus ar chaoi eile. Beimid ag leanúint ar aghaidh leis an infheistíocht thábhachtach sin.

Céard faoin ionad bualadh isteach?

Tá ciste caipitil ag an Roinn. Bíonn sé oscailte i gcónaí. Bímid breá sásta breathnú ar aon togra ó aon cheantar Gaeltachta. An bhfuil an Cathaoirleach ag labhairt faoi Ghaeltacht amháin?

Na Gaeltachtaí.

Tá an coiste sin ann agus bímid ag tacú le tograí agus tá an clár tacaíochta pobail ann freisin agus tá airgead caipitil go mór mór ar fáil.

An bhfuil féidearthacht ann?

Tá féidearthachtaí ann agus beidh an Cathaoirleach in ann cruinniú a eagrú aon am is mian léi no le haon Teachta Dála eile le feidhmeannaigh mo Roinne chun na rudaí seo a phlé ó thaobh tograí a mbeidh suim ag eagraíochtaí áitiúla leanúint ar aghaidh leo.

Rachaidh mé go dtí an Teachta Ó Cúiv. Tá an scéim agus an straitéis dírithe ar fhoghlaimeoirí seachas aon aitheantas a thabhairt do chroílár na faidhbe, b'shin creimeadh na Gaeltachta.

Bhí díomá orm nuair a foilsíodh na huimhreacha sa daonáireamh 2016. Bhí mé i m'Aire ag an am agus bhí daoine ag cur milleán orm, agus tá sé sin ceart go leor. Ní raibh mé ag súil leis ag an am. B'shin an fáth go bhfuil na scéimeanna agus an clár infheistíochta againn ó thaobh Údarás na Gaeltachta, ó thaobh daoine óga agus na Roinne Oideachais agus Scileanna chun tacú leis an teanga sa Ghaeltacht. Bhí plé ann gur ceann de na rudaí faoi deara na n-uimhreacha sin ná an imirce, nó cuid díobh, níl a fhios agam. Táimid ag brú ar aghaidh le hinfheistíocht sa Ghaeltacht chun cabhrú le daoine a choimeád sa Ghaeltacht agus cabhrú le daoine óga chun an Ghaeilge a fhoghlaim. Táimid ag leanúint ar aghaidh leis sin. Tá cuid de na Gaeltachtaí faoi bhrú ó thaobh an daonra de. B'shin ceann de na fadhbanna agus sin é an fáth go bhfuil ról láidir ag Údarás na Gaeltachta maidir le poist a chruthú agus chun daoine a choimeád sna ceantair iargúlta go mór mór.

Tiocfaidh mé ar ais go dtí an pointe sin. An raibh an Teachta ag iarraidh teacht isteach?

Gabh mo leithscéal ach bhí mé ag cruinniú eile.

Níl i gceist agam mórán moille a choinneáil ar an gcruinniú agus i ndáiríre an díomá is mó atá orm na níl neart ar bith ag an Aire air mar ní raibh sé sa Roinn seo. Bhí sé sa Roinn a fuair an t-airgead. Bhí an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail in ann €52 milliún breise a fháil i gcaipiteal do scéim nua. An rud is measa faoi nó ní bheidh an Roinn in ann é a chaitheamh faoi dheireadh na bliana seo againne. Níl bealach ar bith ann. Ní raibh an tAire Stáit nó an Roinn seo in ann teacht ar aon airgead mar ní raibh an tAire Stáit reatha ann. Fuair an tAire Stáit an t-airgead sa Roinn ina raibh sé. Ní raibh An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta in ann ach, mar shampla, €1.5 milliún a fháil d'Údarás na Gaeltachta. Tá díomá orm nach bhfuil airgeadú a dhéanamh ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Tá sé chomh simplí leis sin. Ba mhaith liom a rá anseo go bhfuil an díomá sin orm ach beidh sé deacair é sin a athrú roimh thús na bliana seo chugainn.

An dara rud ná an ndearnadh aon staidéar nó cén fáth go raibh an tiontú timpeall mór millteach ó thaobh na Gaeilge de i chuile aicme ó 2011 go dtí 2016, le hais 2006 agus 2011? Idir 2006 agus 2011, má bhreathnaítear ar chuile aicme, is é sin iad siúd a deireann go bhfuil Gaeilge acu, tá sé thart ar dhá mhilliún duine, orthu siúd ansin a deireann go labhraíonn siad go míosúil, go seachtainiúil agus mar sin de, orthu siúd a deireann go labhraíonn siad go laethúil, is é seo go náisiúnta, bhí méadú i chuile aicme. Bhí méadú ar líon na ndaoine sa Ghaeltacht freisin a dúirt go rabhadar ag labhairt Gaeilge go laethúil agus go raibh Gaeilge acu agus mar sin de.

Is é seo an rud a chuireann bréag ar an rud faoi laghdú daonra sa Ghaeltacht ná nuair a thiontaigh siad, thiontaigh siad trasna an bhoird ar fud na tíre i chuile aicme, na daoine a dúirt go raibh Gaeilge acu fiú nach n-úsáideann í agus na daoine a dúirt go n-úsáideann siad í go hócáideach. Thiontaigh siad go náisiúnta. Arbh fhiú staidéar a dhéanamh ar cén fáth ar thiontaigh siad chomh tobann sin mar bhí líon na gcainteoirí ag dul suas? Bhí na figiúirí ann. Céard a tharla ach gur tháinig siad anuas. B’fhéidir gurbh fhiú grinnstaidéar a dhéanamh ar chéard a d'athraigh gur athraigh na figiúirí chomh tobann sin. Dá mbeadh freagra na ceiste againn, fógródh sé freagra na faidhbe sin dúinn freisin. Fágfaidh mé aige sin é.

Bheadh mé breá sásta le €55 milliún sa bhreis sa Roinn seo. Bheadh muid go léir sásta leis sin agus bheadh Údarás na Gaeltachta sásta-----

Tá sé alright a bheith go breá sásta ach glacaim leis go ndeachaigh an dá Aire isteach ag troid ar son an airgid agus tháinig duine amháin amach le níos mó airgead agus go dtí seo níl an Roinn sin in ann an t-airgead a tugadh dóibh le cúpla bliain anuas a chaitheamh. Fós faghainn an Roinn sin maoin mór airgead agus seo seanstraitéis a bhíodh daoine ag rá linn le blianta nach féidir a chur i bhfeidhm mar go raibh géarchéim eacnamaíoch sa tír agus go tobann tá €55 milliún ar fáil. Cuirfidh mé ar an gcaoi seo é, dá dtabharfaí mar shampla gur mian an Roinn Forbartha Tuatha agus Pobail €35 milliún agus dá gcuirfí €20 milliún isteach anseo, is mór an méid a dhéanfaidh sé don Ghaeltacht. Cén chaoi ar tharla sé sin taobh istigh den Rialtas nó an taispeánann sé rud eicínt a bhí mar tosaíocht ag an Rialtas agus ag an Aire Airgeadais agus Caiteachas Poiblí agus Athchóirithe?

Bheadh an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, an Teachta Ring, ag iarraidh an €55 milliún a fháil in 2019 go cinnte. Tá an t-airgead sin ar fáil don tír uilig, na ceantracha Gaeltachta san áireamh. Tá sé sin tábhachtach agus tá a fhios agam go bhfuil iarratais déanta ag Údarás na Gaeltachta don gciste athnuachan tuaithe. Tá sé sin déanta agus beidh torthaí na n-iarratas sin ann roimh dheireadh na bliana. Bíonn mise ag lorg breis airgead do Údarás na Gaeltachta i gcónaí agus labhair mé leis an Taoiseach inniu faoi sin roimh choiste Rialtais.

Tá a fhios agam go bhfuil dúshlán ag an Údarás ó thaobh an méid airgid atá siad ag caitheamh ar phinsin agus rudaí mar sin so bím ag lorg airgid i gcónaí.

Ó thaobh an eolais atá agam, tá na torthaí ann faoi cén fáth ar tharla sé. Tá an CSO ag breathnú ar conas is féidir na ceisteanna atá sa daonáireamh a léiriú, go háirithe ó thaobh iompar teanga ar bhonn teaghlaigh. B'fhéidir go mbeadh toradh difriúil dá gcuirfeadh siad ceist dhifriúil ach níl a fhios agam. Mar a dúirt mé ag an am, bhí díomá orm agus ní raibh muid ag súil leis. Ó thaobh na bhfigiúirí, bhí méadú i gcatagóir na daoine óga - seans go bhfuil mé mícheart faoi sin ach seans go bhfuil rud dearfach ansin.

Níl staidéar déanta ag an Roinn ar aon nós mar gheall ar cén fáth a thit na figiúirí sin. Níl a fhios agam an bhfuil aon plans againn aon rud a dhéanamh faoi. Ag an am seo tá an CSO ag breathnú ar an gceist.

Is é an fáth ná gur fágadh an cheist mar a bhí sé. Má cuimhníonn an tAire Stáit ar cheithre cinn de na ceisteanna, níl duine in ann comparáid a dhéanamh ach bhí an cheist mar an céanna in 2006, 2011 agus 2016. Is cuimhin liom nuair a tharla sé in 2011 agus nuair a bhí an rud á réiteach i 2009, cuireadh ceist orm agus ar an Roinn faoi agus an comhairle a bhí ann ná é a fhágáil mar a bhí sé le go bhféadfaí comparáid díreach a dhéanamh. Bhí an toradh leis an tsraithcheist ceannan céanna ó thaobh na Gaeilge de thar a bheith difriúil agus níor bhain sé leis an nGaeltacht amháin: bhain sé leis an tír uilig. B'fhiú staidéar a dhéanamh ar cén fáth.

Bhí mé ag plé é sin le feidhmeannaigh sa Roinn. B'fhéidir go raibh cuid de na daoine a bhí ann in 2011 imithe ar imirce agus fuair cuid dóibh bás idir na dátaí sin ach ag an am céanna bhí méadú ar líon na ndaoine óga agus ar líon na bpáistí ag freastal ar na Gaelscoileanna freisin. Ba cheart go mbeadh na figiúirí ag méadú idir an dá dhaonáireamh.

Níl aon cheist eile ach tá cúpla ceist agam faoi cé comh tábhachtach atá an straitéis agus an plean gníomhaíochta.

Tagraím do scéim labhairt na Gaeilge. An ndearnadh aon staidéar air sin? Ní dhearnadh.

B'fhéidir go rinneadh ag an am thart ar 2011.

Ní saineolaí mé ach de réir mar a thuigim, bhí sé ag oibriú go maith, bhí a lán buntáistí ag dul leis, cuireadh deireadh leis in 2011 de bharr easpa airgid agus tá daoine ag rá gur cóir é a chur ar ais. Sin téama ginearálta ó na heagraíochtaí a tháinig os ár gcomhair.

Tagraím do chúrsaí monatóireachta. Tá sé pléite againn cé chomh tábhachtach agus atá sé mar tá daoine thar a bheith ciniciúil faoi phleananna. Tá na céadta pleananna léite agam agus tá bearna mhór idir chuile phlean agus an cur i bhfeidhm ó thaobh na Gaeilge de. Is é an rud is tábhachtaí anseo ná an chaibidil dheireanach faoi chúrsaí monatóireachta. Tá coiste stiúrthach i gceist, tá sé ag feidhmiú anois agus beidh sé ag teacht le chéile chuile trí mhí. Beidh tuarascáil bliantiúil chuile bhliain, beidh tuarascáil bliantiúil roimh dheireadh na bliana seo agus beidh coiste comhairliúcháin. An bhfuil sé sin ar fad ceart?

Tá mé mícheart.

Beidh tuarascáil bliaintiúil roimh dheireadh 2019.

Cuireann sé sin isteach orm. Tá sé seo le haghaidh cúig bliana agus thosaigh sé in 2018. Tá sé tábhachtach go mbeidh sé deanta chuile bhliain ar feadh cúig bliana. Tá daoine ansin ag rá linn go mbeidh na pleananna ag feidhmiú níos faide ná an teanga. Ní maith liom a bheith diúltach mar tá an-iarracht curtha isteach agam ó thaobh na Gaeilge de ach sin iad na saineolaithe ag rá na rudaí sin. Ag an bpointe seo is iad cúrsaí monatóireachta an rud trédhearcach. An mbeidh na miontuairiscí maidir leis na cruinnithe ó thaobh monatóireachta de foilsithe?

An plean a bhí againn ná an céad tuairisc a fhoilsiú in 2019 tar éis bliain den phlean. Thosaigh an plean i mí an Mheithimh 2018 so beidh bliain i gceist i mí an Mheithimh 2019 agus ina dhiaidh sin beidh tuairisc-----

Ní bheidh i gceist ach ceithre phlean mar sin?

Beidh 2019, 2020, 2021 agus 2022.

Gabh mo leithscéal as cur isteach ar an Aire Stáit.

Is é an tréimhse a bheidh i gceist ná mí Iúil 2018 go mí an Mheithimh 2019. Céard eile?

Cad faoi na miontuairiscí?

Ní raibh mé ag an gcruinniú so-----

Ach an mbeidh siad le fáil?

Beidh siad sin thar a bheith tábhachtach ionas go mbeimid go léir in ann súil a choinneáil ar an bpróiseas monatóireachta because táimid i sáinn.

Beidh siad foilsithe.

Iontach.

Níl a fhios agam go díreach cén uair ach i ndiaidh-----

An dara cruinniú is dócha?

Tagraím do fhéilte ar leathanach 70. Deireann sé go mbeidh an Roinn ag leanacht ar aghaidh ag cur tacaíocht maoinithe ar fáil i gcóir leis an gceanneagraíocht cuí do na féilte. Bhí an t-ádh dearg le cuid againn a bheith i gCill Airne agus ní raibh mé ag caint leis an stiúrthóir ach de réir mar a thuigim ó phreasráiteas tá siad i sáinn arís ó thaobh airgid de agus bhí amhras ann an mbeadh oireachtas na Gaeilge in ann dul ar aghaidh. An bhfuil an Roinn ar an eolas faoi sin, go háirithe faoi 2020?

Sin ceist do phríomhfheidhmeannach agus do bhord Fhoras na Gaeilge. Níor phléigh éinne é sin liomsa fós.

Tá a lán ceisteanna eile agam ach tagraím do earcú daoine breise. Tá sé ráite go soiléir ag an Aire Stáit go mbeidh beirt breise ag teacht go dtí an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. An bhfuil an beirt sin ann anois?

Cén uair a bheidh siad ann agus an bhfuil pleananna ann chun cur le líon na ndaoine le Gaeilge sna Ranna éagsúla eile?

Bhí próiseas earcaíochta ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige agus níor éirigh léi daoine a fháil do na poist sin. Beidh an Roinn ag déanamh triall arís.

Cathain? Ar chuir siad fógraí sna nuachtáin nó an raibh sé inmheánach?

Sin ceist don Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, ach ó thaobh an t-eolas atá ag an Oireachtas ón stiúrthóir Gaeilge, bhí próiseas aici, theip uirthi aon duine a fháil agus beidh sí ag-----

Cén saghas post atá i gceist? Tá sé luaite go sonrach go mbeidh dhá phost bhreise i gceist. Cén saghas post?

Níl mé ar an eolas faoi sin. Sin ceist don Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige ach beimid in ann freagra a fháil.

Sin iad na rudaí is bunúsaí atá anseo chun muinín a chothú i measc daoine go bhfuil rud éigin ag tarlú. Sin an fáth go bhfuil tuarascáil ag teastáil roimh dheireadh na bliana seo chun a chur in iúl cá bhfuilimid leis an bplean seo. Tá an t-uafás ceisteanna eile agam ach mar Chathaoirleach, tá sé deacair gan a bheith ciniciúil. Is iontach an plean é ach tá cur i bhfeidhm ag teastáil. Tá sé luaite go mbeidh beirt bhreise earcaithe agus níl siad. Tá gá leo sa Roinn sin go háirithe because tá easpa seirbhísí trí Ghaeilge.

Sin an fhadhb agus tá fadhb trasna na Státseirbhíse ó thaobh capacity de.

Sin an rud atá in easnamh, i ndáiríre. Ag dul ar ais chuig an bpointe ar a thosaigh mé, tá géarchéim ó thaobh na Gaeilge de, go háirithe sna ceantair Ghaeltachta. Tá laghdú ar na cainteoirí Gaeilge. Tá sé thar a bheith deacair seirbhísí a fháil trí Ghaeilge-----

Tá gá le Bille na dteangacha oifigiúla (leasú) agus tá gá le beart de réir na rudaí atá molta.

Aontaím agus tá sé ar bharr an liosta go mbeidh an Bille sin foilsithe roimh dheireadh na bliana. Beidh go leor deiseanna fostaíochta as seo amach. Teastaítear na daoine le cáilíochtaí i nGaeilge ach ó thaobh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, theip uirthi daoine a fháil. Nílim cinnte cén leibhéal a bhí na poist sin, cén pá a bhí i gceist nó aon rud mar sin.

Tagraím do na ceisteanna faoin gcoiste stiúrtha. Tá beirt anseo ón gcoiste agus beidh siad sásta na cúrsaí sin a phlé ag an gcéad chruinniú eile. Ní bheidh aon fhadhb ag an mbeirt acu ná ag an stiúrthóir Gaeilge teacht os ár gcomhair am éigin i mí Eanáir nuair atá cúpla cruinniú foilsithe. D'oibrigh an plean gníomhaíochta go maith nuair a d'fhoilsíodh é. Tá plean ag an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail poist agus fiontar a chruthú freisin. Oibríonn na rudaí seo go maith nuair atá gníomhartha leagtha amach agus glacann na Ranna nó na heagraíochtaí atá freagrach astu leis na gníomhartha agus na cuspóirí sin.

Tá mé ag breathnú ar figúir anseo a luaigh an Teachta Ó Cuív faoin laghdú suntasach a tháinig ar mhaoiniú chaipitil Údarás na Gaeltachta. Tá figiúr de 70% anseo agam agus ag an am céanna bhí níos mó airgead ag dul go dtí an IDA agus go dtí Fiontraíocht Éireann, so tá míchothromaíocht i gceist. Tá dualgas breise ag Údarás na Gaeltachta agus níl sé ag fáil dóthain airgead. Sin bun agus barr an scéal ó thaobh fostaíochta de. Mura bhfuil ardú suntasacha ar an mbuiséad caipitil, ní bheidh athruithe.

Bhí mé ag plé é sin leis an Taoiseach inniu agus chas muid leis an phríomhfheidhmeannaigh d’Údarás na Gaeltachta agus an bord bainistíochta inné. Beidh méadú ar an méid airgead atá ar fáil i 2019 ach tá an ceart ag an gCathaoirleach go bhfuil sé faoi bhrú ó thaobh an méid airgead a theastaíonn uaidh. Mar sin féin, tá deiseanna don údarás ó thaobh an ciste athnuachan sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.

Nach mbeadh sé níos fearr teacht ar chomhréiteach nach mbeadh cead ag Údarás na Gaeltachta dul chuig an gciste sin agus €5 milliún a thabhairt dó agus a rá leo a ghnóthaí féin a dhéanamh mar tá sé craiceáilte go mbeadh eagraíochtaí Stáit ag déanamh iarratas mar sin ar eagraíochtaí eile? An fhadhb atá ann ná go bhfuil mise fós ag cur airgead air nach gcaithfidh an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail a chuid airgead uile i mbliana.

Chomh maith leis an €5 milliún, d'fhéadfadh an Rialtas a bheith ag tabhairt €5 milliún go €7 milliún ar aghaidh. Tá mé fós den tuairim go mbeidh an fhadhb chéanna ann ag deireadh na bliana seo chugainn agus nach mbeidh an t-airgead caite. Ar an taobh eile den scéal, dhéanfadh €5 milliún go €7 milliún an t-uafás difríochta don údarás.

Molaim go dtabharfaí €7 milliún don údarás más rud é nach gcaitheann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail an méid sin don dara bhliain nó don tríú bhliain as a chéile. D'fhéadfadh an t-údarás, abair, €7 milliún a thabhairt ar aghaidh leis an bpoll a líonadh. Dhéanfadh sé sin difríocht an tsaoil don údarás. D'fhéadfadh sé dul flat out ag déanamh rudaí.

Beidh buiséad de €8.5 milliún i 2019, agus is méadú é sin ó €7 milliún a bhí ar fáil i 2018. Táimid ar an mbóthar go €12 milliún mar tá sin ag teastáil agus tá sé sin leagtha amach sa phlean náisiúnta ó thaobh caipitil d'Údarás na Gaeltachta de-----

Tá €12 milliún an-bheag.

-----agus táimid ag breathnú laistigh de mo Roinn féin ó thaobh airgead a bheidh ar fáil i mbliana de don údarás freisin. Táimid ag breathnú ar gach uile rud chun tacú le hÚdarás na Gaeltachta. Aontaím leis na baill go léir go dteastaíonn níos mó, táimid ag déanamh an cás sin agus beidh muid-----

Is é an léamh atá agamsa air seo ná nach bhfuil bá ar bith ón Aire Airgeadais don Ghaeltacht. Bhíodh an t-údarás ag fáil idir €20 milliún agus €25 milliún.

Ó thaobh an €55 milliún sin de, le bheith féaráilte is leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail an t-airgead sin agus is ceist idir an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, an Teachta Ring, agus an tAire Airgeadais, an Teachta Donohoe, aon athrú air sin nó aon athdháileadh den airgead sin. Ní bheadh sé ceart domsa a bheith ag iarraidh cuid den airgead sin a thógáil.

Tá sé sin ceart go leor ach, ag an am céanna, nach bhfuil sé aisteach go raibh an Aire Airgeadais in ann géilleadh d’éileamh ar €55 milliún do Roinn nach bhfuil ag caitheamh a chuid airgead agus ní raibh sé in ann géilleadh d’éileamh idir €4 milliún agus €5 milliún le haghaidh Údarás na Gaeltachta a d'fhéadfadh é a chaitheamh amárach agus, lena cheart a thabhairt dó, go bhfuil an cruthúnas ann má thugtar airgead dó, go gcaithfear é. Níl aon chruthúnas sa Roinn eile. Ní bhreathnaíonn sé go bhfuil bá ar bith aige leis an údarás. Fágfaidh mé mar sin é.

Gabhaim buíochas don Aire Stáit agus a chuid oifigigh. Bhí sé sin cabhrach.

Gabhaimid comhghairdeas don Aire Stáit as an bpost nua.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ag 6.20 p.m. go dtí 5 p.m Dé Céadaoin, 14 Samhain 2018.
Barr
Roinn