Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán díospóireacht -
Tuesday, 4 Dec 2018

Soláthar Oideachais lán-Ghaeilge: An Foras Pátrúnachta

Leanfaimid ar aghaidh leis an dara hábhar inniu, is é sin soláthar réalaíoch agus inrochtana oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán do dhaltaí scoile ar mhian a dtuismitheoirí nó a gcaomhnóirí leo é. Ba mhaith liom céad míle fáilte a chur roimh an Uasal Caoimhín Ó hEaghra, ard rúnaí an Fhorais Pátrúnachta, agus roimh an Uasal Tomás Ó Póil. Bhí an locht orainn go raibh oraibh fanacht taobh amuigh - gabh mo leithscéal - ach bhí cur i láthair eile ar siúl, agus bhí sé thar a bheith suimiúil freisin. An bhfuil ráiteas tosaigh ag ár n-aíonna?

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

Tá.

I dtús báire, tá orm an mhír thábhachtach a léamh amach arís maidir leis an Acht um Chlúmhilleadh. Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lán phribhléid maidir leis an bhfianaise a thabharfaidh siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt amhlaidh, ní bheidh siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith a gcuid fianaise. Ordaítear dóibh gan fianaise a thabhairt ach amháin fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tionscnaimh seo a gcuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó maidir le hoifigeach ina ainm nó ina hainm nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

An bhfuil teorainn ama leis an gcur i láthair?

Níl, i ndáiríre. Is féidir é a léamh. Tá sé tábhachtach. Bhí na finnéithe seo ag fanacht agus iarraim orthu leanúint ar aghaidh anois mar sin.

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

Tá sé sin go maith. Déanfaidh mé é chomh gonta agus is féidir.

Tá an t-ábhar tábhachtach.

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

Gabhaim buíochas leis an gcoiste ar dtús as an gcuireadh an cur i láthair seo a dhéanamh.

Braitheann an Foras Pátrúnachta go bhfuil an cur chuige chun pátrúin scoileanna nua a roghnú claonta go córasach i gcoinne scoileanna lán-Ghaeilge. Fuair an Coimisinéir Teanga go raibh an córas seo lochtach ach fós níl sé leasaithe agus is dóigh gurb é sin an príomhrud ba mhaith liom a rá inniu. Déanfaimid leagadh amach ó thaobh stádas na Gaeilge agus ó thaobh an éilimh atá ar oideachas lán-Ghaeilge a bheagán maidir leis an imscrúdú a rinne an Coimisinéir Teanga agus ár dtaithí ar an bpróiseas, agus tá roinnt moltaí againn freisin maidir le conas gur féidir leis an Roinn an córas a leasú. Tuigimid ar fad an áit, an ról agus an stádas ar leith atá ag an nGaeilge. Tá sé seo le feiceáil sa Bhunreacht agus mar theanga oifigiúil san Acht Oideachais nuair a deirtear gur gá don Roinn Oideachais agus Scileanna cuidiú le baint amach cuspóirí agus polasaí náisiúnta i leith an dátheangachais.

Tá tacaíocht traspháirtí faighte ag polasaí Rialtas na hÉireann i ráiteas an Stáit i leith na Gaeilge in 2006. Is iad na haidhmeanna atá leagtha amach ansin go bhfuil an Stát ag iarraidh úsáid agus eolas ar an nGaeilge a mhéadú mar theanga phobail, an oiread saoránach agus is féidir a bheith dátheangach, agus líon na dteaghlach a bhfuil an Ghaeilge mar theanga laethúil chumarsáide acu a mhéadú. Cuid de na cuspóirí a bhí sa ráiteas sin ná spreagadh agus tacaíocht a thabhairt don phobal an Ghaeilge a thabhairt don chéad ghlúin eile mar theanga theaghlaigh, oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil do dhaltaí scoile arb é mian a dtuismitheoirí nó a gcaomhnóirí í, agus tacaíocht a thabhairt do Ghaelscoileanna. Tá sé leagtha amach i Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 go bhfuil sé i gceist "an líon daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá ... a ardú ó 83,000 go 250,000".

Is é an pointe atá mé á dhéanamh leis an gcúlra sin a thabhairt ná go bhfuil stádas ag an nGaeilge. Tá polasaithe ag an Stát atá glactha mar pholasaí ag na páirtithe go huile is go hiomlán. Ba chóir, mar sin, go mbeadh Ranna an Stáit, mar atá leagtha amach san Acht Oideachais, ag tacú leis an bpolasaí seo agus leis an stádas a chur chun cinn. Fiú amháin chun an sprioc sin de 250,000 cainteoir Gaeilge laethúil a fháil, tá sé soiléir go dteastaíonn níos mó Gaelscoileanna.

Ó thaobh an éilimh ar oideachas lán-Ghaeilge a léiriú, is ceist í seo a théann go smior nuair atáimid ag plé leis an Roinn Oideachais agus Scileanna. I dtaighde de chuid ESRI i 2015, fuarthas gur mheas 72% den phobal gur cheart go mbeadh oideachas lán-Ghaeilge ar fáil do pháistí dá mbeadh tuismitheoirí á lorg. Sa taighde sin freisin dúirt 23%, dá mbeadh scoil lán-Ghaeilge in aice leo, go seolfaidís nó go smaoineoidís a bpáistí a sheoladh chuici. An fhadhb atá leis sin, áfach, agus feictear é sin in aguisín 1 atá curtha agam leis an gcur i láthair seo, ná nach bhfuil an rogha sin ag tuismitheoirí a bpáistí a sheoladh ag Gaelscoileanna mar nach bhfuil ach 4.7% de bhunscoileanna na tíre ina Ghaelscoileanna. Tá an t-éileamh ag suí thart ar 25%.

Fuair taighde de chuid Kantar Millward Brown le gairid go gceapann 78% den phobal gur ceart go mbeadh oideachas lán-Ghaeilge ar fáil do gach páiste más é sin a rogha. Tá an t-éileamh seo aimsithe ag an bhForas Pátrúnachta agus muid ag glacadh páirte sna próisis phátrúnachta le seacht mbliana anuas. Léiríonn aguisín 2 a chuir mé ar fáil freisin na sonraí maidir leis na hiarratais ar phátrúnacht atá déanta againn, agus tá na tuairiscí agus na staitisticí ar fad ar shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir leis an bpróiseas pátrúnachta seo. Feictear sna tuairiscí sin - is dóigh gurb é seo an príomhphointe arís maidir le héileamh - go bhfuil 26% ar an meán de na tuismitheoirí sa phobal a ndeachaigh muidne chucu ag lorg oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí. Tagann sé seo le taighde an ESRI.

An pointe atáimid á dhéanamh ná go bhfuil stádas ag an nGaeilge, go bhfuil polasaí ag an Stát ó thaobh an dátheangachais, go bhfuil tacaíocht i measc an phobail go mbeadh sé ann, agus go bhfuil éileamh ag 26% de thuismitheoirí á lorg. Ba cheart go mbeadh an Roinn ag feidhmiú air seo. Mar shampla, luafaidh mé anois cuid de na ceantair, i mBaile Átha Cliath 2, 4 agus 6, a ndeachamar chucu agus lenar ghlacamar páirt sa phróiseas pátrúnachta in 2018.

Thacaigh 25% den phobal lenár n-iarratas ach ní bhfuaireamar Gaelscoil. Tá 25 scoil sa cheantar sin agus níl ach dhá cheann díobh ina Ghaelscoil. I nDún Laoghaire in 2017, thacaigh 28% den phobal lenár n-iarratas. Níl ach Gaelscoil amháin ansin agus tá 13 scoil Bhéarla sa cheantar. Ní bhfuaireamar Gaelscoil. I mBaile Pheiléid in 2017, fuaireamar tacaíocht ó 25% den phobal, ach ní bhfuaireamar Gaelscoil. Níl ann ach Gaelscoil amháin agus 14 scoil Bhéarla sa cheantar.

I Marino-Droim Conrach in 2016, fuaireamar tacaíocht ó 32% den phobal. Tá trí Ghaelscoil sa cheantar sin agus tá 22 scoil Bhéarla. Thacaigh 361 tuismitheoir linn agus muid ag lorg Gaelscoil ach diúltaíodh dóibh. Nuair atá 361 tuismitheoir i gceantar ag lorg Gaelscoil agus nuair a dhiúltaítear dóibh, tá rud éigin cearr leis an gcóras sin, go háirithe nuair a smaoinímid ar an stádas, ar an éileamh agus ar gach rud atá léirithe.

Iarradh ar an gCoimisinéir Teanga an próiseas pátrúnachta seo cheist a fhiosrú. In imscrúdú an Choimisinéara Teanga in 2017, chinn sé nach raibh forálacha teanga an Achta Oideachais comhlíonta ag an bpróiseas pátrúnachta atá ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Chinn sé nach raibh an cur chuige a bhí ag an Roinn maidir leis an bpróiseas pátrúnachta ag teacht le réadú bheartais an Stáit i leith leathadh an dátheangachais. Fuair sé locht ar an bpróiseas mar nár éirigh leis freastal ar an éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge, agus mhol sé féachaint in athuair ar an éileamh a bhí léirithe i Marino-Droim Conrach. Lorg sé tuairisc taobh istigh de sé mhí ar conas go raibh an Roinn chun an t-éileamh a shásamh. Go fíorthábhachtach, d’iarr an Coimisinéir Teanga go gcloífí an Roinn Oideachais agus Scileanna feasta leis na dualgais reachtúla teanga atá uirthi sa phróiseas pátrúnachta.

Níl sé seo á dhéanamh sa phróiseas pátrúnachta nua atá fógartha. Is í sin an phráinn atá leis an gcur i láthair seo agus an t-impí atá mé á dhéanamh ar an gcomhchoiste maidir le gníomh na Roinne. Tá próiseas pátrúnachta fógartha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna agus tá an comórtas le tosú go luath do scoileanna ag an mbunleibhéal. Tá 12 bhunscoil le hoscailt i Meán Fómhair 2019 agus níl aon chur chuige i bhfeidhm chun freastal ar an éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge.

Braitheann an Foras Pátrúnachta go bhfuil an cur chuige atá ag an Roinn Oideachas chun scoileanna nua a bhunú claonta go córasach i gcoinne scoileanna lán-Ghaeilge. Tá sé seo á rá againn leis an Roinn ó cuireadh an próiseas nua seo i bhfeidhm roinnt mhaith blianta ó shin faoin am seo. Is í an chaoi ina bhfuil sé claonta ná gurb é an príomhchritéar a úsáideann an Roinn chun iarratais ar phátrúnacht a mheas ná líon na tuismitheoirí a thacaíonn leis. An pointe atáimid ag déanamh leis ó thús ama ná go labhraíonn tromlach na ndaoine in Éirinn Béarla. Is é an chéad teanga atá acu. Glacaimid ar fad leis sin. Ní nach ionadh má théann duine go dtí pobal, agus má iarrtar duine air an bhfuil an pobal sin ag iarraidh scoil nua, go dtacaíonn an tromlach sin le scoil trí mheán an Bhéarla. Bronntar pátrúnacht den chuid is mó ar scoileanna Béarla sna comórtais. Níl aon chur chuige ann chun freastal ar an 25% den phobal atá ag lorg oideachas lán-Ghaeilge. Is éacht mar sin é nuair a thagann an Foras Pátrúnachta chun cinn in aon chomórtas pátrúnachta. Léiríonn sé chomh mór is atá an t-éileamh sin sna pobail. Táimid tar éis 52% nó 48% den líon tacaíochta a fháil chun go bhfuaireamar aon Ghaelscoil sna próisis seo. Níl cothrom na féinne á fháil ag na tuismitheoirí atá ag lorg oideachas lán-Ghaeilge. Ní thugtar aitheantas mar sin do stádas na Gaeilge sa Bhunreacht sa phróiseas pátrúnachta agus níl an próiseas seo ag cloí le polasaí an Stáit i leith na Gaeilge mar a fuair an Coimisinéir Teanga.

Tá roinnt moltaí againn a bhféadfadh an Roinn a chur i bhfeidhm chun an cheist seo a chur ina cheart. Go bunúsach, táimid ag iarraidh ar an Roinn aitheantas a thabhairt don stádas ar leith atá ag an nGaeilge. Táimid ag iarraidh go gcuirfeadh an Roinn polasaí an Stáit i leith na Gaeilge i bhfeidhm. Táimid ag iarraidh go dtabharfadh an Roinn aird ar mheon an phobail agus ar mhianta tuismitheoirí atá ag lorg oideachas lán-Ghaeilge. Is féidir leis an Roinn an próiseas pátrúnachta do scoileanna nua a leasú. Mar shampla, mura bhfuil scoil lán-Ghaeilge i gceantar, ba cheart cinneadh a bheith tógtha roimh an bpróiseas pátrúnachta gur scoil lán-Ghaeilge a bheidh ann. Anuas air sin, má tá scoil lán-Ghaeilge sa cheantar cheana féin ach mura bhfuil sí ábalta freastal ar an éileamh de 25% de thuismitheoirí atá cruthaithe arís is arís eile, ba cheart cinneadh a dhéanamh gur scoil lán-Ghaeilge ilchreidmheach a bheidh ann.

Is é an tríú moladh ná go bhfuil úsáid á bhaint as an bpróiseas athchumraithe faoi láthair chun rogha a sholáthar do thuismitheoirí ar scoileanna ilchreidmheacha timpeall na tíre. Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna agus na boird eile ag déanamh suirbhéanna ar cheantair timpeall na tíre chun rogha ilchreidmheach a chruthú. D’fhógair an iar-Aire Oideachais agus Scileanna, an Teachta Bruton, go raibh sé i gceist 400 scoil ilchreidmheach a bheith sa tír faoi 2030. Céard faoi na scoileanna lán-Ghaeilge? Cén fáth nach bhfuil plean ann chun 400 scoil lán-Ghaeilge a bheith sa tír faoi 2030? Tá an próiseas ilchreidmheach seo ann chun rogha ilchreidmheach a chruthú do thuismitheoirí in aice baile. Ba cheart an próiseas a úsáid chun rogha lán-Ghaeilge a chruthú in aice baile freisin. Nuair atá athchumrú á dhéanamh ar scoil Chaitliceach, ba cheart féachaint chuige ar dtús an bhfuil dóthain soláthair de scoileanna lán-Ghaeilge i gceantar, agus mura bhfuil, ba cheart an scoil a athchumrú ina scoil lán-Ghaeilge. Scoil lán-Ghaeilge ilchreidmheach a bheadh i gceist. Bheadh dhá mhian mhóra an Stáit á sásamh: cur chun cinn na Gaeilge agus rogha a thabhairt do thuismitheoirí ar scoil ilchreidmheach. Gabhaim buíochas as éisteacht liom

Don dara huair inniu tá cur i láthair thar a bheith soiléir faighte againn. Glaoim ar an Teachta Ó Snodaigh.

Is é seo ceann de na rudaí is tábhachtaí ó thaobh na Gaeilge de agus is é sin tarrtháil na Gaeilge, ar shlí amháin i ndomhan atá ag athrú an-tapaidh. Tharla athrú tamall de bhlianta ó shin maidir leis an ratio daltaí agus ansin tháinig stop le haon scoileanna a bheith tógtha nó athraithe nuair a bhí an ísle brí san eacnamaíocht. Ansin tháinig an cinneadh is déanaí maidir le scoileanna ilchreidmheacha. Ní dheachamar riamh ar ais go dtí an ratio a bhí ann chun scoileanna Gaeilge a bhunú a bhí tairbheach don Ghaeilge. Ní cuimhin liom go díreach an figiúr a bhí ann ach thug sé deis do bhuíon tuismitheoirí nó díograiseoirí i gceantair teacht le chéile agus impí ar thuismitheoirí cinneadh a thabhairt go mbeadh a bpáistí á chur chuig an scoil. I mo cheantar féin níl aon Ghaelscoil in ainneoin go bhfuil breis is dosaen scoil Bhéarla. Má thógtar ceantair i mBaile Átha Cliath 8, 10 agus 12 nó fiú 20 san áireamh, níl ach scoil amháin lán-Ghaeilge, agus breis is 35 nó 36 bhunscoil Bhéarla. Níl aon fheachtas ann anois mar go raibh daoine in íseal brí nuair a bhí siad ag lorg áit do scoil lán-Ghaeilge i gCromghlinn ag an am.

Is dóigh liom go bhfuil sé deacair tuismitheoirí a mhúscailt dá réir. Chuir siad a gcreideamh agus a bhfuinneamh i bhfeachtas agus ansin tá siad ag rá ní tharlóidh sé. Tá a fhios agam go bhfuil sé difriúil anois agus aontaím go huile is go hiomlán leis an Uasal Ó hEaghra sa mhéid a dúirt sé ag an deireadh, is é sin go gcaithfidh athrú teacht, is léir, ón Roinn.

Leis an stocaireacht atá déanta ag an Uasal Ó hEaghra ar an gceist seo go dtí seo, an aithníonn sé go bhfuil aon athrú poirt ag an Roinn nó ag an Aire nua maidir lena dhéanamh cinnte de go mbeidh tús áite nó ar a laghad meas breise ar an ngá le Gaelscoileanna a bheith bunaithe seachas ag díriú i gcónaí ar scoileanna ilchreidmheacha a bhunú i gceantair?

Tá mise den tuairim go bhfuil dualgas difriúil ag an Roinn, ach níor éirigh liom a chur in iúl do dhaoine, gur chóir go mbeadh dualgas air ó thaobh an Bunreacht de, más Gaeilge an chéad teanga oifigiúil, éileamh a chothú seachas éileamh a shásamh maidir le Gaelscoileanna. Níl sé sin tar éis tarlú. Bíonn an Roinn ag déileáil le héileamh atá cothaithe, agus de réir na bhfigiúirí a thug an tUasal Ó hEaghra, níl siad sásta é sin a dhéanamh fiú.

Luaigh an tUasal Ó hEaghra ag an tús go mbeidh iarratas istigh do shlám mór nua de Ghaelscoileanna amach anseo. Cé mhéad atá i gceist? Tá a fhios agam go raibh dosaen roimhe seo. An bhfuil níos mó ceantair i gceist? Cé mhéad atá I mBaile Átha Cliath agus i gceantair eile timpeall na tíre?

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

Tá pointe maith ag an Teachta maidir le dualgas na Roinne chun éileamh a chruthú in ionad éileamh a shásamh mar nach é sin polasaí an Stáit a fógraíodh i ráiteas i leith na Gaeilge in 2006? Aontaím leis an Teachta faoi sin. Tá sé leagtha amach i straitéis na Gaeilge go bhfuilimid ag iarraidh líon na gcainteoirí laethúil a mhéadú. Tá seasamh agus stádas ag an nGaeilge sa Bhunreacht, mar a dúirt an Teachta, tá polasaí ag an Stát atá leagtha síos i ráiteas i leith na Gaeilge, agus braitear go bhfuil dualgas ar an Roinn polasaí an Stáit a chur i bhfeidhm, mar atá ráite san Acht Oideachais. Dá bhrí sin, b'fhéidir in ionad a bheith ag freastal ar shásamh éilimh, ba cheart don Roinn a bheith ag cruthú an éilimh. Má bhreathnaímid ar chontaetha timpeall na tíre, i Ros Comáin, i gCabhán, i Sligeach agus i Longfort ar fad níl ach Gaelscoil amháin, mar shampla. Ní contaetha móra iad ach má tá duine ina chónaí sna contaetha sin nó contaetha eile nach bhfuil ann ach líon beag Gaelscoileanna, níl sé de rogha ag tuismitheoirí oideachas lán-Ghaeilge a chur ar a gcuid páistí mar tá sé rófhada ó bhaile agus níl sé praiticiúil.

I gContae Lú is Gaelscoileanna 2.5% de na scoileanna agus tá sé léirithe againne gur 26% an t-éileamh. I gContae na Mí, is Gaelscoileanna 7.4% de na scoileanna agus i mBaile Átha Cliath is Gaelscoileanna iad 7% de na scoileanna. Tá an céatadán i bhfad róbheag agus teastaíonn plean chun an rogha seo a thabhairt do thuismitheoirí. Tá an Stát ag feidhmiú chun scoileanna ilchreidmheacha a chur ar fáil. Mar sin cén fáth nach bhfuil plean ag an Roinn Oideachais agus Scileanna scoileanna lán-Ghaeilge a chur ar fáil? Is féidir leis na scoileanna lán-Ghaeilge a bheith ina scoileanna ilchreidmheacha. Tá a lán scoileanna ilchreidmheacha ag an bhForas Pátrúnachta. Déanaimid freastal ar an éileamh atá ansin agus tá sé díreach trí Ghaeilge.

Tagraím don Aire, an Teachta McHugh, an Roinn agus an méid a thuigimid uathu. Tuigimid go raibh cumarsáid idir an Roinn agus an Coimisinéir Teanga mar gheall ar an ngearán agus na cinntí a rinne sé i leith an phróisis pátrúnachta. Tuigtear dúinn go raibh siad ag moladh córas a d'fhéadfadh freastal ar an éileamh. Tá sé curtha in iúl acu gur gá comhairleoireacht a dhéanamh agus go bhfuil an cheist casta.

Tá a fhios againn, tá sé cloiste againn agus tá sé ráite ag an Aire, an Teachta McHugh, cé chomh báúil agus atá sé don Ghaeilge. Caithfidh mé a rá go bhfuil muinín ag an bpobal Gaeilge as an Aire agus tá súil againn go bhfeidhmeoidh sé air agus go leanfaidh sé ar aghaidh leis an méid atá déanta aige ar son na Gaeilge, ach is ceist fhíorphráinneach é seo mar tá faillí déanta le seacht mbliana nó ocht mbliana anuas ar thuismitheoirí a bhí ag lorg oideachas lán-Ghaeilge tríd an bpróiseas pátrúnachta seo. Tá faillí déanta i Marino-Droim Conrach cé go bhfuil sé le cur i gceart, le cúnamh Dé, an bhliain seo chugainn. Tá faillí déanta i nDún Laoghaire, i mBaile Pheiléid agus i ngach próiseas inar ghlacamar páirt agus inar léiríomar an t-éileamh agus nár bhronnadh scoil lán-Ghaeilge ar na ceantair sin.

Is ceist phráinneach í seo agus tá sé éasca go leor suí síos leis na páirtithe oideachais. Níl aon pháirtí oideachais, pátrún nó eagras bainistíochta ann nach bhfuil báúil don oideachas lán-Ghaeilge agus nach bhfeiceann na buntáistí as seo, ní hamháin do na páistí ach don tír, agus níl sé chomh casta sin an próiseas seo a leasú le cinntiú go mbeidh sé ann do 2019.

An naimhdeas é nó easpa suime atá i gceist sa Roinn nach dtuigeann na daoine ann an fhadhb bhunúsach atá ann ó thaobh scolaíocht lán-Ghaeilge a bheith cruthaithe?

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

Tá clár oibre leathan ag an Roinn. Go minic agus mé ag plé le hoifigigh na Roinne, go háirithe le deich mbliana anuas agus leis an ngeilleagar mar a bhí sé, an príomhról a bhí acu ná cinntiú go raibh spás ag gach páiste sa tír ar scoil, agus tá sé sin tábhachtach. Ina dhiaidh sin - agus is é seo an rud bunúsach atá mícheart leis an bpróiseas pátrúnachta - mheasc siad an Ghaeilge agus an sainspiorad spioradálta a bhíonn sna scoileanna. Bhí an dearcadh ag an Roinn go minic go raibh sí ag tabhairt an rogha do na tuismitheoirí ab í scoil ilchreidmheach nó scoil lán-Ghaeilge a bhí á iarradh acu. Bhí siad in ann iarratas a dhéanamh ar scoil lán-Ghaeilge freisin. Ní raibh sé sin ag aithint an fhadhb, an dúshlán agus an claonadh a bhí i gcoinne an oideachais lán-Ghaeilge mar, go nádúrtha, tá tromlach na ndaoine chun roghnú a dteanga laethúil Béarla in ionad na Gaeilge. Caithfidh an Roinn Oideachais agus Scileanna feidhmiú go gníomhach. Mar a dúirt an Teachta, caithfidh sí tacú leis an éileamh a chothú chomh maith leis an éileamh a shásamh. Tá sé glactha mar pholasaí ag an Stát gur gá é sin a dhéanamh ach níl an fheidhm sin ann faoi láthair.

Gabhaim buíochas leis an Uasal Ó hEaghra as an gcur i láthair. I mo cheantar bhí ceann de na comórtais sin againn cúpla bliain ó shin ag lorg scoil nua. Is amhlaidh gur an toradh a bhí air ná go raibh an dara Gaelscoil ceadaithe i mBaile an Chollaigh. Mar atá ráite ag an Uasal Ó hEaghra, tuigim gur rud an-eisceachtúil atá ansin. Bhí éileamh láidir agus tá éileamh láidir sa cheantar i gcomhair oideachas trí Ghaolainn.

Tuigim gur chóir go mbeadh an plé ann i dtreo Gaelscolaíochta sa mhéid agus go bhfuil líon mór daoine le Gaeilge ann, cé go bhfuil siad fós mar mhionlach laistigh den phobal ar fad. Luaigh an tUasal Ó hEaghra cá háit sa chóras a cheapann sé go mbeadh an cinneadh sin déanta, b'fhéidir fiú roimh an am atá na hiarratais déanta. An é sin go mbeadh an Roinn ag breathnú ar cheantar le scata scoileanna, agus mura mbeadh Gaelscoil ann, gur chóir an cinneadh a dhéanamh ag an tráth sin? An é sin atá á rá ag an Uasal Ó hEaghra nó an é nuair a théann sé ar aghaidh agus nuair a dhéantar na hiarratais, go mbeadh claonadh éigin laistigh den chóras sin nó go mbeadh meáchan breise á thabhairt don iarratas Gaolainn? An bhfeiceann an tUasal Ó hEaghra gur chóir an cinneadh sin a dhéanamh istigh sa chóras nó díreach taobh amuigh? Tá roinnt de na hiarratais tosaithe arís anois i gcomhair 2019 agus b'fhéidir go bhfuil sé ródhéanach é a dhéanamh roimhe fiú agus gur chóir é a dhéanamh laistigh den chóras. An bhfuil tuairim ag an Uasal Ó hEaghra air sin?

Tagraím do na scoileanna a bhí an Foras Pátrúnachta páirteach le agus na hiarratais éagsúla atá déanta go dtí seo.

Cén líon díobh ar éirigh leo? Nuair a fhéachtar ar na grúpaí eile, Educate Together, Education and Training Boards Ireland, ETBI, agus mar sin de, agus na torthaí atá á bhfáil acu sin, nuair a chuirtear i gcomparáid lena chéile, an bhfuil sé soiléir go bhfuil an claonadh i slí amháin nó i slí eile? Cad iad na figiúirí atá ar fáil ansin má tá siad ar eolas ag an Uasal Ó hEaghra?

An iad scoileanna ilchreidmheacha ar fad na scoileanna a ceadaíodh agus an raibh an t-éileamh i gcónaí os cionn an 50%?

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

Déanfaidh mé iarracht iad seo a fhreagairt, más féidir liom. Bhí an-áthas orainn gur oscail an dara Gaelscoil i mBaile an Chollaigh. Is ceann de na heiseamláirí í Baile an Chollaigh i ndáiríre, mar nuair a fheiceann pobal Gaelscoil agus oideachas lán-Ghaeilge agus nuair a thuigeann an pobal na buntáistí a bhaineann leis maidir le hoideachas agus forbairt na bpáistí agus le gach gné den chineál oideachas sin, bíonn éileamh air. Ní hamháin nach bhfuil dóthain Gaelscoileanna ann agus gurb é sin ceann de na fáthanna go bhfuil ró-éileamh mór ar na scoileanna seo, ach go bhfeiceann daoine na buntáistí. Ní muid amháin atá díreach á rá é seo. Go hidirnáisiúnta, tá sé faighte go bhfuil oideachas tríd an dara teanga ar an múnla atá i nGaelscoileanna lán de bhuntáistí acadúla, cognaíocha, forbartha pearsanta agus ó thaobh cumas páistí an dara, an tríú nó an ceathrú teanga a fhoghlaim. Tá sé sin faighte agus cruthaithe go hidirnáisiúnta. Mar sin nuair a fheiceann agus nuair a théann pobal i dtaithí ar Ghaelscoil agus nuair a fheiceann siad na páistí ag teacht amach as sin, bíonn siad ag lorg an cineál sin oideachais.

Ní hamháin gur ceist í seo ó thaobh na Gaeilge agus maidir le rogha agus ceart na dtuismitheoirí - is ar mhaithe leis an tír, le dul chun cinn na tíre, le forbairt ár bpaistí agus leis an deis is fearr a thabhairt do pháistí a cheapaimid gur cheart go mbeadh níos mó Gaelscoileanna ann.

Táim ag imeacht ón bpointe. Ba mhaith liom an pointe a dhéanamh maidir le Baile an Chollaigh freisin. Tá an-chaint faoi láthair ar chumas oibrithe na tíre seo feidhmiú le comhlachtaí idirnáisiúnta agus an bhéim bhreise a bheidh ar Éirinn mar an t-aon tír a bhfuil an Béarla mar an phríomhtheanga ann agus muid lonnaithe fós san Aontas Eorpach. Beidh níos mó gá go mbeidh na daoine agus na páistí atá sna scoileanna faoi láthair in ann feidhmiú tríd an tríú nó an gceathrú teanga Eorpach. Tá fíor dheis againn le Gaelscolaíocht mar tá sé cruthaithe ag na páistí a thagann tríd an gcóras sin go bhfoghlaimíonn siad an tríú agus an ceathrú teanga Eorpach i bhfad níos éasca. Is anseo ba cheart an bhéim a chur ag an Roinn Oideachais agus Scileanna má táimid ag iarraidh tacú níos mó le dul chun cinn na tíre amach anseo.

Maidir le líon na scoileanna, ó 2013 go dtí an bhliain seo, tá seacht scoil bunaithe againn ag an mbunleibhéal. Níl na figiúirí agam faoi cé mhéad scoil a bhunaigh Educate Together ach tá a fhios agam go bhfuil líon i bhfad níos mó bronnta ar an ngrúpa sin sa tréimhse. Tá sé sin intuigthe. Is é sin an pointe atáimid á dhéanamh. Tá formhór na dtuismitheoirí ag roghnú rogha Béarla. Is é sin atá ag titim amach.

An bhfuil an Roinn ag iarraidh na scoileanna a scaipeadh i measc na ngrúpaí éagsúla agus go bhfuil cúpla scoil ETB, Educate Together agus Foras Pátrúnachta ann? An bhfuil a leithéid le feiceáil?

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

Is é an rud atá tarlaithe i ndáiríre, mar atá ráite arís is arís eile ag an Roinn, gurb é an príomhchritéar lena gcuireann sí an luacháil ná líon na tuismitheoirí a thacaíonn leis. Má chaitheann 100 tuismitheoir vóta, glactar le cibé grúpa a fhaigheann an méid is mó vótaí. Is saghas beauty pageant atá ann ar bhealach agus tá sé lochtach. Aithníonn gach pátrún atá ag glacadh páirt sa phróiseas go bhfuil sé lochtach. Níl aon anailís leis. Glacaimid ar fad gur cheart go mbeadh rogha ag tuismitheoirí agus go mbeadh fáil acu ar rogha ilchreidmheach agus lán-Ghaeilge, ach ní hé seo an córas chun é seo a dhéanamh.

Mr. Tomás Ó Póil

Níl aon proportional representation, PR, i gceost. Is "first past the post" atá i gceist i gcónaí. Sa Dáil tá PR i gceist. Is léiriú é sin ar an tacaíocht atá ag an Teachta Dála áirithe ón bpobal ach níl sé sin i gceist sa chóras seo. An duine a fhaigheann an méid is mó "bums on seats", mar a deirtear, is mó a fhaigheann an scoil. Níl aon suntas tugtha d'aon chritéar eile. Feictear, b’fhéidir, go bhfuil Gaelscolaíocht curtha i gcoinne ilchreidmheachas agus déantar dearmad nár bhunaíomar scoil le sainchreideamh le fada an lá. Is scoileanna ilchreidmheacha iad. Bíonn an t-ilchreidmheachas i gceist ach bíonn rud breise leis agus is í sin an Ghaeilge.

Chun filleadh arís ar an gceist ansin maidir le cathain ar chóir an cinneadh a dhéanamh, an é go ndéanfar an cinneadh gur Gaelscoil nó scoil trí Ghaeilge a bheadh ann roimh na cuirí a sheoladh amach chuig an bpobal nó go ndéanfar cinneadh go mbeadh meáchan breise i gcomhair na n-iarratas Gaeilge nuair a thiocfadh na hiarratais éagsúla isteach ón bpobal?

Mr. Tomás Ó Póil

Táimid den tuairim, áit nach bhfuil Gaelscoil ann cheana féin, gur cheart go mbeadh sé sin curtha san áireamh ag an Roinn agus í ag roghnú na gceantar. Mura bhfuil Gaelscoil ann, ba cheart meáchan a thabhairt dó, nó díreach cinneadh a dhéanamh go bhfuil Gaelscoil le bunú. Mura bhfuil sé sin á dhéanamh aici, áit a bhfuil na comórtais á rith, ba cheart go dtugtaí suntas don éileamh atá cruthaithe, mar shampla, 25% nó 30%. Ba cheart go mbeadh an cinneadh sin déanta roimh an 12 scoil le fógairt go luath, rud a cheapamar a bhí le tarlú i ndiaidh imscrúdú an Choimisinéara Teanga.

Tá ceist amháin simplí agam. Breathnaíonn sé domsa dá mbeadh an córas atá in úsáid i láthair na huaire ag an Roinn Oideachais agus Scileanna i bhfeidhm nuair a bunaíodh na scoileanna náisiúnta den chéad uair, ní bheadh aon scoil lán-Ghaeilge sa tír dubh, bán nó riabhach mar bheadh tromlach i ngach uile ceantar ag iarraidh scoil Bhéarla. Is é sin an léamh atá agamsa ar an toradh a bheadh ar a leithéid de chóras dá dtosófaí á úsáid atá ann i láthair na huaire do scoileanna nua ó thús.

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

Tá sé an-deacair breathnú siar agus a rá céard atá ann. Tá an chaoi a bhfuil sé claonta faoi láthair an-dúshlánach. Feictear dúinn go bhfuil aitheantas á thabhairt - is pointe maith é sin - go bhfuil gá le cothrom na Féinne a thabhairt ag gach leibhéal anois agus go bhfuil gá le rogha a thabhairt do thuismitheoirí. Is éard atáimid ag tabhairt faoi deara dá mbeadh an próiseas seo ann, leis an gcaoi a bhfuilimid ag plé leis faoi láthair, go bhfuil sé claonta inár gcoinne. Táimid ag tógáil as tobar níos lú tuismitheoirí atá ag roghnú na Gaelscolaíochta.

Is suimiúil freisin an pointe a rinne an Teachta Moynihan. Nuair atá taithí ag an bpobal ar oideachas lán-Ghaeilge, tacaíonn siad leis agus feiceann siad a luach. I mBaile an Chollaigh, fuaireamar 52% den tacaíocht ó na tuismitheoirí ar fad. Nuair a smaoinítear gur ar an meán, gur mionlach de 25% atá ag lorg oideachas lán-Ghaeilge, nuair a bhíonn taithí ag an bpobal air sin go háitiúil, méadaíonn an t-éileamh sin go hollmhór.

Mar sin, an bhfuil an tUasal Ó hEaghra ag rá ach gur cheart go mbeadh polasaí láidir agus córas ann don Ghaelscolaíocht, an oiread is atá do scoileanna ilchreidmheacha na tíre, a chinnteodh go mbeadh soláthar oideachais trí Ghaeilge ar fáil do gach uile ghasúr sa tír agus go mbeadh plean dearfach ann a bheadh comhthreomhar ach neamhspleách ón gcóras ginearálta?

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

Táimid ag rá gur chóir go mbeadh plean ann chun scoileanna lán-Ghaeilge in aice le bailte a sholáthar do gach uile pháiste sa tír a bhfuil a tuismitheoirí á lorg, ar nós mar atá á chruthú do na scoileanna ilchreidmheacha.

Glacaim leis gurb é múnla na scoileanna ilchreidmheacha an múnla ceart d'oideachas trí mheán na Gaeilge ag leibhéal na bunscoile agus ag leibhéal na meánscoile.

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

Ritheann sé leis an éileamh atá ann. Is léir don Stát faoi láthair, agus aithnítear é sin sa pholasaí atá fógartha ag an Roinn Oideachas agus Scileanna roimhe seo, go bhfuil gá le rogha ilchreidmheach a chruthú sa chóras. Is féidir rogha ilchreidmheach lán-Ghaeilge a chruthú ag an am céanna.

Tá mise beagáinín measctha suas. Tá an córas lochtach. Tá sé sin ráite ag an gCoimisinéir Teanga. D'iarr sé ar an Rialtas rud a dhéanamh. Tá an Rialtas ag rá go bhfuil sé i mbun feabhas a chur ar rudaí trí phróiseas comhairliúcháin ach go bhfuil an cheist casta agus beidh am i gceist. An é sin an stádas faoi láthair? Ag an am céanna tá 12 scoil nua fógartha ag an Rialtas. Dar leis an bhForas Pátrúnachta, ní bheidh cothrom na Féinne á thógáil do thuismitheoirí atá ag lorg scoil Ghaeilge. An é sin é?

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

Sin é.

Is é líon na dtuismitheoirí atá ag lorg scoil Ghaeilge nó scoil Bhéarla an príomhchritéar.

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

Tá an ceart go huile is go hiomlán ag an gCathaoirleach.

Sin an rud. An bhfuil aon rud molta ag an gCoimisinéir Teanga? Dúirt sé go raibh sé lochtach agus cur sé ar ais ar an Roinn é le feabhsú. An é sin é?

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

Sin é. Chinn an coimisinéir go raibh an córas lochtach, nach raibh sé ag freastal ar an éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge, agus gur chóir don Roinn díriú ar conas a bhí sé chun breathnú ar chás Dhroim Conrach arís.

Thuig an foras go mbeidh sé sin réitithe roimh aon fhógra a dhéanamh maidir le scoileanna nua. Níl sé réitithe agus tá tús curtha le próiseas eile.

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

Tá.

Sin í an fhadhb.

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

Tá muid ag rá go bhfuil seans ann go bhfuilimid chun dul trí phróiseas pátrúnachta eile agus go léireodh an Foras Pátrúnachta-----

Go dtí seo?

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

No, tá ceann á fhógairt chomh luath leis an tseachtain seo le haghaidh an 12 scoil nua seo. Glacfaimid páirt sa phróiseas sin agus léireoimid an t-éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge, ach tá seans ann go léireoimid arís éileamh i measc 25% nó 26% de thuismitheoirí sna ceantair seo agus go mbeimid ag dul ar ais ag an Roinn nó ag an gCoimisinéir Teanga ag rá go bhfuil sé tar éis tarlú arís. Tá seans ann go mbeimid ag rá go ndearna an coimisinéir a imscrúdú agus a chuid moltaí, gur aontaigh an Roinn leis go raibh gá é a leasú, ach go bhfuil sé tar éis tarlú arís, b'fhéidir 12 uair.

Tá Dún Laoghaire, Baile Pheiléid, agus Marino i gceist. I ndeireadh na dála, chuaigh an foras chuig an gCoimisinéir Teanga maidir le ceann amháin acu.

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

Chuaigh.

Tuigim. Tháinig mé gan cóip den cheist a chuir mé. B'fhéidir go bhfuil sé ag na finnéithe. Fuair mé freagra a dúirt go raibh an próiseas oscailte agus go raibh deis ag an bhforas cur isteach, ach tá na finnéithe ag rá go bhfuiltear fós ag cur isteach faoin seanchóras atá bunaithe ar líon na dtuismitheoirí ar mhian leo Béarla nó Gaeilge.

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

Tá.

Maidir le céatadáin, níl a fhios agam ar chuir an Teachta Moynihan an cheist seo. Nuair a d'éirigh leis an bhforas, cén céatadán a bhí i gceist?

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

Nuair a d'éirigh linn i mBaile an Chollaigh, fuaireamar 52%. I mBaile na nGabhar in 2016 fuaireamar 46%.

Ní fhaca mé sin cheana. Tá sé agam anseo.

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

I dTeach na Giúise fuaireamar 16%, ach ba léiriú an-tapaidh é. Is é an pointe atá leis ná go mbreathnaímid ar na ceantair agus ar gach próiseas pátrúnachta ar ghlacamar páirt ann. Arís agus arís eile faighimid 26% ar an meán thar an rud ar fad. Tagann sé sin le taighde an ESRI. Is é an pointe atáimid á dhéanamh ná go bhfuil an meán éileamh thart ar 25%. Tá sé sin léirithe againn agus ag an ESRI. Mar sin ba cheart breathnú roimh ré ar na ceantair agus an cheist a chur an bhfuil Gaelscoil ann agus an bhfuil 25% de scoileanna ina nGaelscoileanna. Tá sé soiléir nach bhfuil.

Mr. Tomás Ó Póil

Tá an ceann atá ag bun an liosta inár gcur i láthair, baile Chill Dara, suntasach mar is comórtas é sin a chailleamar ar dtús. Fuair Educate Together an scoil an bhliain roimh ré. Feictear ansin gur osclaíomar an scoil an bhliain ina dhiaidh sin. Bronnadh an scoil sin orainn gan chomórtas mar gheall ar an éileamh a bhí cruthaithe. Mar a fheictear sa chur i láthair, chruthaíomar 31% sa chéad chomórtas. Ní hé nach féidir an Roinn é seo a chur in áireamh. Tá sé déanta aici cheana féin. I ndáiríre is é sin an rud atá ar iarraidh againn. Nuair a chruthaímid éileamh trí chomórtas, ba chóir go mbeadh bunaithe sa chomórtas córas chun suntas a thabhairt don éileamh má tá céatadán áirithe i gceist. Tá sé déanta cheana féin. Tá feasacht cruthaithe cheana féin againn.

An raibh an foras os comhair an Chomhchoiste um Oideachas agus Scileanna?

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

Bhí.

Maidir leis an bpointe seo?

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

Ní raibh deis againn fós, tar éis chinneadh an Coimisinéir Teanga, an cás a chur mar a bhfuilimid á chur os comhair an choiste seo inniu. Tá mé ag ceapadh go bhfuil riachtanas leis freisin.

Mr. Tomás Ó Póil

Tá Cathaoirleach an choiste sin curtha ar an eolas againn. Chuir mise ar an eolas í, mar a tharlaíonn. Tá a fhios aici.

Tá cara sa chúirt ag an bhforas.

Mr. Tomás Ó Póil

Tá súil againn go bhfuil go leor cairde sa chúirt againn.

Tá sé ar intinn ag an bhforas é sin a dhéanamh.

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

Tá.

Go maith. An bhfuil rud faoi leith ag teastáil ón gcoiste seo?

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

I ndáiríre ceapaimid go bhfuil an coiste seo freagrach as agus ag plé leis an nGaeilge, cur chun cinn na Gaeilge agus an Ghaeltacht, agus gach a mbaineann léi. Feictear dom go bhfuil cur chun cinn na Gaeilge sáite sna Gaelscoileanna agus san oideachas lán-Ghaeilge. Go minic feicimid, agus feictear sa daonáireamh freisin, nuair a bhunaítear scoileanna lán-Ghaeilge i gceantar, go bhfeidhmíonn siad mar ghríosú don phobal an Ghaeilge a labhairt. Tosaíonn tuismitheoirí ag dul ar ranganna Gaeilge agus tugtar aird an phobail agus an cheantair don Ghaeilge.

Go minic as bunscoileanna lán-Ghaeilge fásann scoil lán-Ghaeilge ag an dara leibhéal. Is sampla maith de seo é Cill Dara. Le 20 bliain anuas tá scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal bunaithe ag an bhForas Pátrúnachta i gceantar Chill Dara. As sin, d'oscail muid Gaelcholáiste in 2003. Táimid ag tuar go mbeidh suas le 500 dalta ag freastal ar an nGaelcholáiste sin faoi cheann dhá ná trí bliana eile. Fuarthas sa daonáireamh go raibh ardú suntasach ar líon na gcainteoirí laethúla taobh amuigh den chóras oideachais i gCill Dara. Is borradh sa Ghaeilge é sin atá ag teacht ó thuismitheoirí agus ó dhaoine ar an talamh. Níl sé ag teacht mar chuid de pholasaí Stáit. B'fhéidir go bhfuil sé ag troid ina choinne uaireanta. Feicimid go bhfuil sé riachtanach go dtacódh an Stát leis. Is as an nGaeltacht mé féin agus tá sí fíorthábhachtach. Teastaíonn tacaíocht ón nGaeltacht. Tá sé sin ag tarlú tríd an aonad um oideachas lán-Ghaeilge sa Roinn Oideachais agus Scileanna ach is gá plean den Ghaelscolaíocht taobh amuigh den Ghaeltacht agus is gá tacaíocht do sin chomh maith céanna.

An bhfuil aon cheist eile? Gabhaim míle buíochas as sin. Bhí sé an-chabhrach. Is ábhar deacair é agus bhí an cur i láthair thar a bheith soiléir.

Tá sé i bhfad níos éasca é a thuiscint.

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach.

Beidh seisiún príobháideach againn anois.

Chuaigh an comhchoiste isteach i seisiún príobháideach ar 6.21 p.m. agus cuireadh ar athló é ar 6.25 p.m. go dtí 4 p.m. Dé Máirt, 18 Nollaig 2018.
Barr
Roinn