Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán díospóireacht -
Tuesday, 15 Jan 2019

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): An Roinn Sláinte

Cuirim fáilte roimh bhaill an chomhchoiste agus guím athbhliain faoi mhaise orthu. Táimid ar ais arís ar son na cúise. Tá oifigigh ón Roinn Sláinte os ár gcomhair inniu. Cuirim céad míle fáilte roimh Muiris O’Connor, rúnaí cúnta sa rannóg um thaighde agus forbairt agus anailísíocht shláinte; Gráinne Duffy, oifigeach pearsanra; agus Mary O’Reilly, príomhoifigeach cúnta.

I dtús báire tá rud le déanamh agam maidir leis an Acht um Chlúmhilleadh, ansin is féidir leis na finnéithe a gcur i láthair a thabhairt don choiste. Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009 go bhfuil finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thabharfaidh siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt amhlaidh, ní bheidh siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith a gcuid fianaise. Ordaítear dóibh gan fianaise a thabhairt ach amháin fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo, agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tionscnaimh seo a gcuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó maidir le hoifigeach ina ainm, nó ina hainm, ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Cuirfimid tús leis an gcur i láthair. Níl leithscéal faighte againn ó aon duine.

Mr. Muiris O'Connor

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Ba mhórchúis áthais don Roinn cuireadh a fháil chun labhairt os comhair an chomhchoiste maidir leis na seirbhísí a sholáthraíonn an Roinn don phobal trí Ghaeilge. Mar is eol dó, chomhlánaigh an Roinn ceistneoir ón gcoiste i mí Eanáir 2017 maidir leis na seirbhísí a sholáthraíonn sí, agus tuigim gur ar an mhéid sin a dhíreoidh an coiste inniu. Ós rud é go ndeachaigh dhá bhliain thart ó comhlánaíodh an ceistneoir sin, tugadh na freagraí atá ann suas chun dáta chun na hathruithe a rinneadh san idirthréimhse a léiriú, agus cuireadh cóip den cheistneoir athbhreithnithe sin ar fáil.

Tá an Roinn láneolach ar na freagrachtaí atá uirthi seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge agus trí Bhéarla araon, nuair is gá, agus cloíonn sí leis na freagrachtaí sin. Cé go bhfuilimid freagrach as beartais a cheapadh maidir le seirbhísí sláinte agus seirbhísí sóisialta pearsanta a sholáthar, ní sholáthraíonn an Roinn na seirbhísí sin go díreach don phobal. Is ar Fheidhmeannas na Seirbhíse Sláinte, an HSE, atá an fhreagracht reachtúil as seirbhísí sláinte agus seirbhísí sóisialta pearsanta a sholáthar don phobal, lena n-áirítear na seirbhísí sin a chur ar fáil trí Ghaeilge nuair is cuí. Mar sin, agus de réir an róil reachtúil atá aige, is faoin HSE atá sé déileáil le formhór na gceisteanna a fhaigheann an Roinn ón bpobal maidir le soláthar seirbhísí sláinte, agus cuirtear na ceisteanna sin ar aghaidh chuig an HSE lena bhfreagairt.

Maidir le cumarsáid bhéil agus scríofa leis an Roinn, cé nach soláthraíonn an Roinn í féin seirbhísí go díreach, is amhlaidh, má fhaigheann an Roinn ceist i nGaeilge ó dhuine den phobal, go gcuirfear an cheist sin ar aghaidh chuig duine amháin den 11 bhall foirne atá inniúil sa Ghaeilge. Déileálfaidh na baill fhoirne iad féin leis an gceist nó treoróidh siad an duine den phobal chuig an HSE. Is é an beartas atá againn gur i nGaeilge a thugtar freagra ar an gcomhfhreagras scríofa ar fad a fhaigheann an Roinn i nGaeilge. Mhéadaigh an líon ball foirne atá inniúil i nGaeilge ó ochtar sa bhliain 2017 go 11 duine sa bhliain 2019.

Maidir le suíomh gréasáin na Roinne, eisítear na preaseisiúintí uile ón Roinn go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla agus, de réir an phrótacail le haghaidh ábhar a fhoilsiú i nGaeilge ar shuíomh gréasáin na Roinne, ní mór an t-ábhar statach ar fad a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin na Roinne a chur ar fáil go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla.

Ós rud é nach soláthraíonn an Roinn aon seirbhísí sláinte ná aon seirbhísí poiblí go díreach, níl aon cheanglas ginearálta ann go mbeadh poist lánaimseartha shonracha againn sa Roinn dá bhfuil inniúlacht i nGaeilge riachtanach. Beag beann air sin, féachaimid leis an gcuid is fearr a bhaint as na hacmhainní atá againn trína chinntiú go bhfuil againn líon dóthanach ball foirne ar féidir leo gnó a sheoladh trí Ghaeilge nuair is gá. Tá na baill sin scaipthe mórthimpeall na Roinne. Sa bhliain 2015, sainaithníodh post mar oifigeach seirbhísí ag deasc fháiltithe na Roinne mar phost lena ngabhann riachtanas Gaeilge. Rinneadh amhlaidh ar mhaithe le húsáid na Gaeilge le glaoiteoirí pearsanta ar ár n-áitreabh a éascú. Tá duine atá inniúil i nGaeilge ag obair sa phost sin ó shin i leith.

Mar a luadh cheana féin, tá 11 bhall foirne ag an Roinn atá in ann a gcuid dualgas a chur i gcrích i nGaeilge agus i mBéarla araon nuair is gá. Molaimid dár mbaill fhoirne a gcumas a fhorbairt freisin, agus thug 16 bhall foirne faoi oiliúint Gaeilge sna blianta 2017 agus 2018. D’éirigh leis na daoine sin cláir éagsúla a chríochnú, ó chúrsa bonnleibhéal ullmhúcháin go cúrsa leibhéal 6 den teastas sa Ghaeilge ghairmiúil a mbronnann Gaelchultúr é.

Ceadaíodh an scéim teanga don tréimhse ó 2015 go 2018 ón Roinn sa bhliain 2015 agus tá sí á hathbhreithniú faoi láthair. Críochnaíodh próiseas comhairliúcháin phoiblí don scéim nua agus tá an scéim don tréimhse ó 2019 go 2022 á tabhairt chun críche ag an Roinn anois. Cuirfear an scéim faoi bhráid an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta lena ceadú go luath. Leagfar amach sa scéim a mhéid atá gníomhaíochtaí na Roinne ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair agus, nuair is féidir, sainaithneofar inti aon réimsí a bhféadfaí feabhas a chur orthu amach anseo ina leith sin. Tá ag an HSE a scéim teanga féin i leith seirbhísí sláinte agus seirbhísí sóisialta pearsanta a sholáthar don phobal.

Rinne an Roinn monatóireacht ar chur chun feidhme na ngealltanas atá tugtha sa scéim teanga don tréimhse ó 2015 go 2018 ón Roinn, agus rinne Oifig an Choimisinéara Teanga iniúchadh ar an obair sin. Ag eascairt as iniúchadh ó Oifig an Choimisinéara Teanga, cuireadh prótacal i bhfeidhm i leith ábhar a fhoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla araon ar shuíomh gréasáin na Roinne. De réir an phrótacail sin, ní mór an t-ábhar statach ar fad a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin na Roinne a chur ar fáil go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla.

Sa bhliain 2018, thug aonad iniúchóireachta inmheánaí na Roinne, an audit group, ar thionscnamh an Ard-Rúnaí, faoi iniúchadh ar an dóigh a raibh ceanglais Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 á gcomhlíonadh ag an Roinn. I dtuarascáil an iniúchta, fuarthas amach go raibh dea-chomhlíonadh á bhaint amach agus rinneadh roinnt moltaí measartha agus moltaí beaga le haghaidh feabhais. Tá na moltaí sin á gcur chun feidhme faoi láthair.

Ó thaobh teanga beo a dhéanamh de Ghaeilge laistigh den Roinn, ar bhogadh isteach inár n-áitreabh nua ar Miesian Plaza dúinn le linn na bliana 2018, chuir an Roinn béim ar a chinntiú go mbeadh na comharthaí uile ar taispeáint go cuí i nGaeilge agus i mBéarla araon ar fud an fhoirgnimh. Tá tús áite ag an nGaeilge orthu siúd. Tá ciorcal comhrá, a nglacann daoine páirt ann atá ag iarraidh feabhas a chur ar a n-inniúlacht i nGaeilge, ar siúl le tamall maith anuas agus is eol dúinn go bhfuil tionscnamh den chineál céanna ar bun ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, atá comhlonnaithe linn. Tá sé ar intinn againn obair leis an Roinn sin chun cabhrú linn go léir próifíl na Gaeilge a mhéadú agus chun cur le muinín na ndaoine sin ar mian leo an teanga a úsáid. Leanfaimid lenár ndícheall a dhéanamh dul sa tóir ar bhealaí eile inar féidir linn feabhas a chur ar úsáid na Gaeilge.

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as a aire. Beidh mé an-sásta freagra a thabhairt ar aon cheisteanna atá ag baill.

Gabhaim buíochas leis an Uasal O'Connor as an gcur i láthair agus as an gceistneoir.

Mr. Muiris O'Connor

Tá fáilte roimh an gCathaoirleach.

Gabhaim buíochas leis an Uasal O'Connor as an tuairisc agus as an eolas atá inti. Tá sé soiléir go bhfuil iarrachtaí láidre á ndéanamh sa Roinn agus, de réir gach cosúlacht, go bhfuil torthaí á mbaint amach as sin. An bhfuil foireann mhór ann? Dúirt an tUasal O'Connor gur mhéadaigh an Roinn an líon foirne atá compordach le Gaolainn nó inniúil sa Ghaolainn ó ochtar go dtí 12. Cé mhéad duine a mbeadh ann san iomlán? Cén céatadán den fhoireann a bheadh i gceist ansin? Bheadh an-suim agam a fháil amach conas ar mhéadaigh an Roinn an líon sin. Agus an Roinn ag earcú, ar leagadh béim faoi leith ar dhaoine le Gaolainn a thabhairt isteach nó ar dhein sí rud éigin eile laistigh den fhoireann chun é sin a chur i gcrích?

Leis an fhírinne a rá, is ag an coalface agus i measc an phobail a theastaíonn an bhéim is mó i gcónaí. Ba cheart go mbeadh an Ghaolainn beo amach ansin i measc na foirne atá ag cur córas sláinte i bhfeidhm. Tá an Roinn ag díriú isteach an-chuid ar obair an HSE chomh maith. An mbíonn an Roinn ag plé leis mar gheall ar a dhualgais maidir leis an nGaolainn faoina scéim teanga féin? An ndéanann an Roinn monatóireacht air sin mar a dhéanann sí monatóireacht ar ghnó eile an HSE? Má dhéanann sí, cén saghas torthaí atá ansin?

Maidir leis an scéim teanga a bhfuil an Roinn ag déanamh athnuachan uirthi, cén sórt feabhsúchán ar tháinig chun cinn ansin? An plean gníomhach é ina bhfuil an-chuid rudaí nó an bhfuil aon chúlú ag baint leis? Cén saghas feabhsúchán atá molta leis an bplean nua? I ndáiríre teastaíonn uaim díriú isteach ar an tslí ina leanann an Roinn ar an HSE agus ar an saghas monatóireachta a bheadh i gceist leis sin maidir leis na dualgais a bheadh aige ó thaobh na Gaolainne ar an líne thosaigh i measc an phobail.

Mr. Muiris O'Connor

Is féidir le Gráinne Duffy mé a cheartú má deirim aon rud mícheart ach d'fhásamar ó ochtar duine atá inniúil sa Ghaeilge agus atá in ann gnó a dhéanamh trí Ghaeilge nó Béarla go 11 duine. An príomhrud a tharla ansin ná an méadú a tharla ar fhostaíocht sa Roinn. Táimid suas thart ar 490 duine anois. Is ionann an 11 duine agus 2.25% den fhigiúr sin.

Cén céatadán atá i gceist arís?

Mr. Muiris O'Connor

Is ionann é agus 2.25%. Níor thugamar an caighdeán Gaeilge a bhí ag triúr breise suas. Baineann an méadú le daoine nua a tháinig isteach. Chailleamar roinnt Gaeilgeoirí agus tháinig breis isteach. Bhí an t-ádh linn ar shlí. Tá na Gaeilgeoirí aitheanta faoin scéim Gaeilge le tamall fada. Tá a fhios ag an gcomhghleacaí a ghlacann glaonna a thagann isteach ar an nguthán cé hiad na Gaeilgeoirí. Tá siad scaipthe timpeall na Roinne i rannóga éagsúla, so is féidir linn déileáil le cúrsaí.

Maidir leis an earcú sin, an é gur tháinig Gaeilgeoirí tríd an earcaíocht nó an ndeachaigh an Roinn sa tóir ar Ghaeilgeoirí? Ar leagadh béim ar an nGaolainn mar chuid den earcaíocht nó an é gur tháinig an Roinn orthu mar chuid den ghnáthearcaíocht?

Mr. Muiris O'Connor

Tháinig siad chugainn mar chuid den ghnáthearcaíocht, ach ó thaobh an front desk atá againn, an deasc fáilte, chuireamar in iúl go raibh Gaeilge ag teastáil ó sheirbhísí ansin. Tá sé sin ag obair go hiontach maith dúinn mar tá Gaeilge ag oifigeach seirbhíseach againn ansin agus is Gaeilgeoir ceann de na hoifigigh seirbhísigh ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Tá siad ag an deasc chéanna. Bíonn seirbhís ann do Ghaeilgeoirí atá ag teacht isteach ar cuairt dúinn go hiondúil. Is féidir le daoine nach bhfuil Gaeilge acu Gaeilge a chloisteáil nuair atá an bheirt ag obair le chéile nó nuair a théann siad i dteagmháil le haon Ghaeilgeoir eile. Tá béim ar Ghaeilge bheo sa Roinn. Sin ceann de na rudaí a bhfuilimid ag iarraidh béim a chur air sa scéim nua atá á chur le chéile.

Ó thaobh na monatóireachta, chun an fhírinne a insint bíonn an bhéim is mó ar bhainistíocht airgid agus ar health outcomes i rith an phlé ar ardleibhéal a bhíonn ar siúl leis an HSE. Bíonn teagmháil leis an HSE maidir lena dhualgais Ghaeilge ó am go ham, go háirithe nuair a bhíonn athbhreithniú á dhéanamh againn nó ag an HSE nó nuair a bhíonn na scéimeanna á dtabhairt suas chun dáta. Tá deiseanna againn anois béim níos mó a chur ar an nGaeilge maidir le cur i gcrích Sláintecare. Tá béim mhór i Sláintecare ar sheirbhísí sláinte a bhogadh amach ó na hospidéil sna cathracha go dtí na comhluadair agus tithe daoine - home care agus community care. Tá sé ar intinn againn iad sin a fhorbairt go mór. Aithnímid go bhfuil deis chun cuidiú le muintir na Gaeltachta sa chóras sin ina mbíonn béim ar chúrsaí áitiúla. B'fhéidir go bhfuil seans againn níos mó daoine áitiúla a úsáid mar home helps agus mar sin de chun Gaeilge a chothú sa Ghaeltacht agus chun cúram a chur ar fáil do dhaoine go háitiúil.

Tá dualgais mhonatóireachta ag an Roinn maidir leis an HSE.

Mr. Muiris O'Connor

Tá.

Bíonn roinnt plé éigin mar gheall ar an nGaeilge ach ní an chloch is mó ar an bpaidrín í.

Mr. Muiris O'Connor

Bíonn dualgas orainn tuairiscí a sheoladh chuig an Oireachtas agus táimid freagrach as oversight an HSE go ginearálta.

An bhfuil plean faoi leith ann chun an HSE a bhrú chun níos mó béime a chur ar an nGaolainn amuigh ar an imeall nuair a bhíonn sé ag plé leis an bpobal?

Mr. Muiris O'Connor

Tá. Mar a deirim, tá deiseanna anois leis an emphasis atá ann i Sláintecare rudaí a bhrú amach i dtreo na gcomhluadar féin.

Conas a dhéanfaí tomhas air sin? Conas a bheidh a fhios ag an Roinn an bhfuil cúrsaí ag dul chun cinn nó an bhfuil siad ag cúlú?

Mr. Muiris O'Connor

Is iad an ról monatóireachta agus na modhanna a úsáidimid chun seirbhísí Gaeilge a thomhas cinn de na rudaí a bhfuilimid chun béim níos mó a chur orthu sa scéim nua atá á cur le chéile againn anois. Tá a scéim féin ag an HSE agus bímid ag plé leis sin. Tá foireann Ghaeilge ag an HSE agus déanann sí gach iarracht seirbhísí a sholáthar as Gaeilge do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu. Déanann sí réasúnta maith de réir mar a thuigimid é ón taobh sin, cé go bhfuil dúshláin ann le rural GPs agus rudaí mar sin atá le brath sa Ghaeltacht chomh maith le háiteanna eile. Déantar cinnte go bhfuil Gaeilge ag na community nursing teams go ginearálta agus, de ghnáth, ag na GPs nuair atá siad lonnaithe sa Ghaeltacht.

Tá ceist amháin deireanach agam. Luaigh an tUasal O'Connor go bhfuil scéim Ghaolainn ag an HSE chomh maith. An mbíonn aon pháirt ag an Roinn i gcur le chéile scéim Ghaolainne an HSE? An bhfuil aon ról ag an Roinn ansin nó an bhfuil sé neamhspleách ar fad? An gcuireann sé an scéim dhíreach chuig an Roinn?

Mr. Muiris O'Connor

Ní raibh aon pháirt againn sa cheann atá á chur le chéile ag an HSE anois, agus tá an fheidhmeannas freagrach don Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ó thaobh na scéimeanna teanga sin. Amach anseo, nílimid ag déanamh athnuachan ar ár scéim féin. Glacaim le pointe an Teachta agus tá níos mó deiseanna againn ailíniú a chothú idir na scéimeanna agus ár ndualgais i leith na Gaeilge agus i leith na seirbhísí a chur i láthair as Gaeilge dóibh siúd a dteastaíonn iad sin uathu.

Is mór an t-ionadh nach mbeadh an ról ag an Roinn maidir leis an scéim sin a aontú. Shamhlófaí go mbeadh ról éigin ag an Roinn ann. Fanfaidh mé go fóill agus fillfidh mé arís air.

Is plé suimiúil é seo go dtí seo agus níl mé féin iomlán cinnte ón gcur i láthair cad é an ról cruinn agus na freagrachtaí atá ag an Roinn ó thaobh cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal den chuid is mó. Chuala mé nuair a bhí mé i mo bhall de Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste go raibh an cineál fís is mó a bhí acu go mbeadh duine aige ann a bheadh in ann scairt ghutháin a ghlacadh as Gaeilge nó litir a chur ar ais trí mheán na Gaeilge. Nuair a smaoiním ar an Roinn Sláinte, tá roinnt mhaith de na ceisteanna bhí mé le cur ar na finnéithe curtha cheana féin. Tá ról iontach tábhachtach ag an Roinn ó thaobh cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal. Tuigim go bhfuil a lán brú, go háirithe ag an am seo den bhliain.

Chuaigh mé ar chuntas Twitter de chuid na Roinne sin, agus is é "Roinn Sláinte” ainm Twitter na Roinne. Tús maith ansin, b'fhéidir. Tá roinnt mhaith tvuíteanna ón Roinn agus ón HSE faoin flu jab, faoi dheontas fola agus faoi chúrsaí geimhridh go ginearálta sna hotharlanna agus a leithéid. An é sin áis ar féidir leis an Roinn tuilleadh Gaeilge a úsáid agus go mbeadh an chumarsáid sin níos feiceálaí? Bheadh sé sin ag teacht i dtaca leis an méid atá ráite cheana féin a bhfuil an Roinn ag iarraidh a dhéanamh, is é go bhfuil an Roinn ag leagan síos go bhfuil sí dáiríre faoin gcumarsáid sin a dhéanamh, ní hamháin trí na meáin thraidisiúnta ach go bhfuil sí le bheith gníomhach anois sna dóigheanna a bhfuil níos mó daoine ag fáil eolais agus cumarsáide, is é sin ar líne?

Mr. Muiris O'Connor

Glacaim go hiomlán leis sin. Táimid go maith ó thaobh an tsuímh Idirlín de. Táimid go maith maidir leis na heisiúintí preasa a chur suas i nGaeilge agus i mBéarla. Tá an ceart ag an Teachta, ámh, i dtaca leis na laethanta seo, mar is tvuíteanna agus mar sin de go minic a fheiceann daoine agus níl dóthain Gaeilge inár tvuíteanna faoi láthair. Bheadh sé éasca go leor-----

Bheadh sé ina shampla a dtiocfadh leis an Roinn a dhéanamh go simplí agus go gasta. Lasmuigh de sin, a Chathaoirligh, bhí an chuid is mó den stuif a bhí le rá agam ráite cheana féin.

Tá cúpla ceist agam féin agus tiocfaidh mé ar ais chuig na comhaltaí ansin. Gabhaim buíochas arís leis an Roinn as an gceistneoir a thabhairt chothrom le dáta. Níl a fhios agam cén áit ar léigh mé é ach tá oifigeach Gaeilge ag an Roinn ach níl Gaeilge ag an duine sin. An bhfuil sé sin ceart nó nach bhfuil sé beagáinín ait oifigeach Gaeilge a bheith ann ach gan Ghaeilge?

Mr. Muiris O'Connor

Is í sin an tUasal O'Reilly.

Más féidir leis an Uasal O'Connor é sin a mhíniú don choiste.

Mr. Muiris O'Connor

Tá sí ann chun cothú lárnach a thabhairt don Ghaeilge agus tá ciall ag baint leis go bhfuil an t-oifigeach lonnaithe sa rannóg phearsanra chun na polasaithe a chur i gcrích agus chun déileáil leis sin. Oibríonn sé amach réasúnta maith. Glacaim leis an mhéid atá ráite ag an gCathaoirleach. Tá roinnt Gaeilge ag an Uasal O'Reilly agus tá sí ag feabhsú.

Níl mé ag iarraidh díriú isteach ar aon duine agus is iontach an rud go bhfuil an Ghaeilge aici, ach ní dóigh liom go bhféadfainn a bheith sásta go bhfuil oifigeach Gaeilge ann gan an Ghaeilge a bheith ag an duine sin. Ba sin an freagra lomnocht atá tugtha ag an Roinn dom. Tá sé beagáinín ait. B'fhéidir nach bhfuil duine ann faoi láthair ach an bhfuil sé d'aidhm ag an Roinn oifigeach Gaeilge le Gaeilge a bheith sa Roinn?

Mr. Muiris O'Connor

Tá a fhios agam.

Ms Gráinne Duffy

Tá an tUasal O'Reilly freagrach domsa sa rannóg phearsanra agus tá Gaeilge agam. Ní Gaeilge iontach í atá agam ach táim in ann í a labhairt agus dá bhrí sin táim in ann teagmháil a dhéanamh maidir le haon rud atá ar siúl i dtaca le cás na Gaeilge sa Roinn. Ba sin an tslí ina ndéanaimid é faoi láthair.

B'fhéidir go dtiocfaidh mé ar ais go dtí an cheist sin ar ball. Ba mhaith liom ceist a chur maidir leis an gcéatadán 2.25%. Tá 500 duine ag obair don Roinn. Bhí méadú agus is rud dearfach é méadú mar sin. Tá 11 duine le Gaeilge líofa inti faoi láthair. An é sin an chaoi ina bhfuil sé?

Mr. Muiris O'Connor

Tá Gaeilge ag na daoine seo ar leibhéal a bhfuil siad compordach déileáil le haon duine chun gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

An bhfuil na daoine a rinne na cúrsaí éagsúla de bhreis ar an líon sin? Feicim go raibh méadú ar líon na foirne a ndeachaigh i mbun staidéir. An bhfuil an líon sin de bhreis ar na daoine a bhfuil Gaeilge acu?

Mr. Muiris O'Connor

Gabh mo leithscéal ach an bhfuil an Cathaoirleach ag iarraidh a fháil amach an bhfuil níos mó daoine ag déanamh cúrsaí trí Ghaeilge nó an bhfuil-----

Cé mhéad duine a bhfuil Gaeilge acu san iomlán. An é gur 11 duine an líon sin?

Ms Gráinne Duffy

Tá níos mó ná sin ach is 11 duine líon na ndaoine atá in ann gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

Lasmuigh de sin, rinne céatadán cúrsaí Gaeilge. An é sin 17 duine nó 18 duine?

Mr. Muiris O'Connor

Le dhá bhliain anuas-----

Ms Gráinne Duffy

Déarfainn 16 duine.

Cén sórt monatóireachta nó measúnaithe atá á dhéanamh ag an Roinn agus cad iad na haidhmeanna atá aici maidir le líon na foirne a bhfuil an Ghaeilge acu? Tá a fhios againn an líon atá ann anois, ach cén aidhm atá ag an Roinn i gceann bliana nó dhá bhliain eile?

Mr. Muiris O'Connor

Níl na haidhmeanna curtha i láthair againn sa tslí sin. Is í an aidhm atá againn aidhm go bhfuilimid in ann seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge d'aon duine a thagann isteach, a ghlaonn nó a scríobhann isteach le gnó a dhéanamh linn nó le fiosrúchán éigin acu a dhéanamh agus go mbeimid in ann déileáil leo siúd ar fad. Tugaimid aird ar conas mar atá na daoine sin scaipthe mórthimpeall na Roinne. Tá rannáin éagsúla ann: ospidéil, cúram pobail, míchumais agus mar sin de.

Táimse ag smaoineamh faoi sin agus rachaidh mé ar ais anois go dtí na Teachtaí Dála. De ghnáth fanaim go dtí deireadh an chruinnithe ach ní raibh an Teachta anseo roimhe seo. Rachaidh mé ar ais go dtí na Teachtaí i gceann nóiméid. Tá sé ráite agam go mion minic agam, mar Chathaoirleach, go dtagann na Ranna éagsúla os ár gcomhair agus obair na gcapall á déanamh acu, ní mór dom a rá. Ag an am céanna, áfach, tá bearnaí móra ann maidir leis an nGaeilge. Is í an Roinn Sláinte ceann de na Ranna is tábhachtaí i saol aon duine. Bhí an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige os ár gcomhair agus ní raibh ach cigire amháin le Gaeilge as an oiread sin cigirí go léir a bhí sa Roinn sin.

Le linn dom na cáipéisí a thug an Roinn dom a léamh, táim ag breathnú ar leibhéal amháin go bhfuil an Roinn ag rá nach bhfuil aon chumarsáid dhíreach aici leis an bpobal, agus is é an méid atá le déanamh aici ná an suíomh gréasáin agus na rudaí atá air a bheith i nGaeilge. Tá duine in ann an guthán a fhreagairt, agus má fhaigheann an Roinn comhfhreagras i nGaeilge, freagraítear i nGaeilge é. An é sin bun agus barr an scéil nó an bhfuil mise mícheart faoi sin?

Mr. Muiris O'Connor

Ní hea. Rud amháin atá ag oibriú ach go maith dúinn ná an Ghaeilge bheo sa Roinn féin.

Tuigim sin agus tá ciorcal comhrá ann, agus is maith an rud é sin.

Mr. Muiris O'Connor

Tá deis againn péireáil a dhéanamh leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige anois chun é sin a leathnú le go n-eagrófaí caife Gaelach. Cabhraíonn sé sin go mór agus tugann sé uchtach dúinn. Ní hamháin go dtarlaíonn Gaeilge sa chiorcal comhrá ach feicim féin, mar bhall den chiorcal comhrá, má bhuailimid le chéile in aon suíomh eile, is Gaeilge a bhíonn á labhairt againn ansin, mar tuigimid go bhfuil an Ghaeilge ag an duine eile.

Is iontach an rud é sin. Tá cuid againn ag foghlaim na Gaeilge an t-am uile. Táim ag smaoineamh ar na seirbhísí atá á gcur ar fáil ag an Roinn agus chomh tábhachtach is atá an Ghaeilge do dhaoine agus seirbhísí sláinte á bhfáil acu.

Tá dhá cheist agam sula rachaidh mé ar ais go dtí na baill. Tagraím don scéim teanga a bhí ag an Roinn. Rinne an Coimisinéir Teanga scrúdú ar an scéim sin de réir mar a thuigim. Cad iad na rudaí a sheas amach nach raibh comhlíonta ag an Roinn? Cad iad na rudaí a d'fhoghlaim an Roinn agus cad iad na rudaí nua a bheidh sa scéim nua, bunaithe ar an mhéid a d'fhoghlaimíodh? De réir mar a thuigim, tá an Roinn ar tí an scéim nua a fhoilsiú. An bhfuil dáta ag na finnéithe do sin?

Tagraím do na lipéid atá beartaithe ag an Aire ó thaobh buidéil alcóil de agus an fógra ar na buidéil. Tá sé ráite ag an Aire go mbeadh mearbhall ar dhaoine dá mba rud é go raibh an rabhadh sin i nGaeilge agus i mBéarla. Tá mé ag breathnú ar fhógraí anseo maidir le toitíní agus gach uile rud agus níor chuir sé mearbhall ar aon duine an Ghaeilge agus an Béarla a fheiceáil. An féidir leis na finnéithe tuairim a thabhairt air sin?

Mr. Muiris O'Connor

Tá tuairim agam ar an gcéad ceist go cinnte. Bhí an t-athbhreithniú a rinne an Coimisinéir Teanga ag díriú go hiomlán ar an bhfeabhas a bhí ag teastáil uaidh maidir leis an suíomh gréasáin ach go háirithe. Ní raibh sé sásta go raibh an t-aistriú chuig Gaeilge chuimsitheach go leor agus bhí fadhb leis an timeliness mar bhí na preasráitis Gaeilge ag dul suas b'fhéidir lá tar éis na preasráitis Béarla.

Maidir leis an suíomh gréasáin go háirithe.

Mr. Muiris O'Connor

Sin iad na príomhdheacrachtaí a bhí aige ag an am.

An bhfuil sé sin leigheasta?

Mr. Muiris O'Connor

Tá an static content agus na preasráitis leigheasta.

Ar sheas aon rud eile amach ón scéim teanga deireanach?

Ms Gráinne Duffy

Sin an chuid is mó a dhírigh sé air.

Mr. Muiris O'Connor

Ó thaobh an scéim nua de, tá-----

Ms Gráinne Duffy

Rinneamar a lán oibre anuraidh ar na rudaí a tháinig amach ón athbhreithniú sin agus táimid ag iarraidh feabhas a chur ar an nGaeilge bheo sa Roinn anois. Sin an bhéim atá againn anois.

B'fhéidir go seolfaidh na finnéithe nóta chugainn maidir leis na rudaí sin mar níl siad soiléir. Tá siad ag labhairt maidir le suíomh gréasáin ach b’fhéidir go scríobhfaidís nóta chugainn maidir leis na rudaí eile a bhí lochtach agus na rudaí atá feabhsaithe. Tagraím do na buidéil alcóil agus an fógra i mBéarla amháin freisin.

Mr. Muiris O'Connor

Seolfaidh mé nóta chuig an gcoiste mar gheall air sin mar ní raibh a fhios agam faoin ráiteas sin ón Aire.

Ní raibh?

Mr. Muiris O'Connor

No.

Tá ráiteas láidir déanta aige go mbeadh mearbhall ar dhaoine dá mba rud é go leanfaidís ar aghaidh le fógra i mBéarla agus i nGaeilge. Chuir sé iontas orainn anseo é sin a chloisteáil.

Mr. Muiris O'Connor

Déanfaidh mé plé ar ais ag base agus is féidir linn é sin a chur sa nóta.

Is féidir.

Ba mhaith liom teacht isteach ar an bpointe áirithe sin maidir leis na lipéid. Bhí sé le tuiscint sna meáin nuair a bhí an Bille ag dul tríd go raibh cead faighte ón Eoraip do lipéid i mBéarla amháin agus mar sin go gcuirfeadh sé moill ar fheidhmiú an Bhille dá mbeadh na lipéid dhátheangach. Nuair a achtaíodh an tAcht, chuir mise ceist sa Dáil faoi cén uair a thiocfadh an rud seo i bhfeidhm. Le go mbreathnódh an rud neamhurchóideach, d’aon turas, chuir mé an cheist i mBéarla agus mar sin tá an freagra i mBéarla. Deireann sé mar a leanas: "Section 12(1) on the health information to be on the labels of alcohol products does not contain a requirement that this information be in the English and the Irish language." Tá sé sin fíor. Leanann sé:

It is not my intention to attempt to go beyond the legislation as made by the Houses of the Oireachtas in making those regulations.

It is my intention that the relevant draft regulations will be finalised [Mar sin, níor réitíodh riamh iad] for submission to the European Commission by year-end.

Mar sin, ní raibh siad réitithe agus ní raibh cead ón Eoraip faighte nó iarrtha fiú. Leanann an freagra: "The length of time taken to approve those regulations is a matter for the Commission." In ainneoin na tuisceana a bhí againn nuair a bhí an Bille ag dul tríd go raibh gach rud réidh agus go raibh práinn leis an mBille le go bhféadfaí na lipéid a chur ar na mbuidéil, ní raibh dréacht riail réidh againn agus ní raibh cead ón Eoraip iarrtha.

Bhreathnaigh mise ar an Acht agus ní fheicim áit ar bith ann a deireann go bhfuil aon srian ar úsáid an dá theanga oifigiúil. Dá gcuirtear iarratas ar an mBruiséil ar an gcaoi chéanna go bhfaighidís iarratas ón mBeilg dá mbeadh iarratas le déanamh ag Rialtas na Beilge go mbeadh rud i bPléimeannais agus i bhFraincis, ní bheadh aon fhadhb ag an mBruiséil leis mar is é sin an rud atá sé ag plé leis le go leor tíortha san Eoraip, an Bheilg san áireamh. Ní fheicim go bhfuil aon chosc sa reachtaíocht ar lipéid dhátheangach. Ní deireann an fhreagra ón Aire go gcaithfidh sé é a dhéanamh. Deireann an fhreagra, cibé a scríobh é, "It is not my intention to attempt to go beyond the legislation". Tá sé taobh istigh den Acht go bhféadfaí é seo a dhéanamh. I am not asking anybody to go beyond the Act. Ní féidir le haon duine é sin a dhéanamh ach muid féin istigh i dTithe an Oireachtais, agus tuigimid é sin. Tá roinnt ceisteanna ann.

An bhfuil ceisteanna ag an Teachta?

Tá ceisteanna agam ach tá sé tábhachtach go dtuigeann daoine an bunús. Ó tharla nach bhfuil laincis ann ag cur cosc ar lipéid dhátheangach san Acht nó ag rá nách féidir na lipéid a bheith i nGaeilge agus i mBéarla, ó tharla nach bhfuil aon rud curtha go dtí an Eoraip, ó tharla nach gcuirfeadh sé aon mhoill ar aon rud, ó tharla nach bhfuil aon chruthúnas ann nach n-oibríonn na lipéid Gaeilge ar na paicéid toitíní, agus go mór mhór ó tharla go raibh rud éigin istigh sa tuarascáil a cuireadh ar fáil dúinn faoin suirbhé a rinne Amárach Research a bhí eolaíoch – ní rud é ina ndúirt duine go raibh sé mar seo agus dúirt duine eile go raibh sé mar sin, mar tá tuairimí ag daoine, ach bhí an suirbhé eolaíoch-----

Mr. Muiris O'Connor

Cad é an suirbhé sin?

Is é an rud a bhí an tAire ag úsáid sa Dáil, an alcohol labelling study final report ag Amárach Research. Níl aon taighde eolaíoch ann maidir le lipéid dhátheangacha. Níos measa ná sin, deireann an tuarascáil gur eiseamláir an-mhaith den rud gur ceart a dhéanamh ná sampla Ceanada. Tá eolas an-mhaith agam ar chúrsaí teanga i gCeanada mar bhunaigh mé cuid den Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ar nósmhaireacht Cheanada. Rinneamar staidéar mion air agus chuamar ar chuairt go Ceanada. Ní gá dom fiú tuairisc a chur maidir le dlíthe feidearálacha go gcaithfidh lipéid a bheith dhátheangach. Is é sin eiseamláir de dheá-chleachtas, agus is éard a deireann Amárach Research liomsa, in ainneoin an rud a dúradh sa Dáil ag an Aire sa chomhairle a cuireadh air, ná go n-oibreoidh sé thar cionn.

Ba mhaith liomsa freagra a fháil ar an gceist seo. Má tá an Roinn agus an tAire dáiríre faoin nGaeilge, agus glacaim leis go bhfuil na finnéithe go pearsanta dáiríre fúithi, cén fáth nach dtugann siad an ceart don mhionlach sin sa tír gur mian leo go mbeadh seirbhísí trí Ghaeilge acu? Labhraíonn cuid acu Gaeilge gach uile lá, cuid eile go seachtainiúil, agus cuid eile go hannamh ach gur mhaith leo go mbeadh rudaí mar sin dátheangach sa tír. Má fhuaimním go bhfuil beagáinín olc orm, tá ar an gcaoi a caithfear linn. Níl aon fhadhb agam le hAire ag rá go bhfuil gráin aige ar an nGaeilge agus nach bhfuil sé chun seasamh leis. An rud nach maith liom agus a chuireann olc orm ná nuair a thugtar cúiseanna dom nach seasann suas le taighde atá déanta agam.

Mr. Muiris O'Connor

Níl an cúlra iomlán againn ar an ábhar sin. Seolfaimid ar ais é agus má tá sé ceart go leor, seolfaimid nóta isteach ar an ábhar agus déanfaimid iarracht-----

Maidir leis an ábhar, táim buíoch gur tháinig an Teachta Ó Cuív isteach air seo freisin mar tá sé tábhachtach. D'ardaigh mise an cheist agus cuireann sé iontas orm. Níl mé ag iarraidh é a dhéanamh pearsanta ach nach bhfuil na finnéithe ar an eolas maidir leis an bpolasaí seo mar tá ráiteas thar a bheith láidir déanta ag an Aire? Is ait an rud é nach bhfuil an polasaí sin ar eolas ag an Roinn. Níl a fhios agam cad atá i gceist ach tá mé ag breathnú ar na fógraí láidre dátheangach maidir le toitíní nach raibh fadhb ar bith leo agus bhí an Rialtas sásta leis sin. Go háirithe an bhliain seo caite, Bliain na Gaeilge, le gach uile rud san áireamh, is ait an rud é go bhfuil an tAire ag rá go gcuirfeadh sé mearbhall ar dhaoine dá mba rud é go raibh na fógraí dátheangach.

An bhféadfaimis iarratas a dhéanamh go gcuirfí duine éigin ón Roinn chugainn seachas nóta a chur ar ais?

Is féidir.

Ba cheart don Roinn labhairt linn ar an ábhar seo mar má chuirtear an rud anonn chuig an mBruiséil, deirtear ansin go bhfuil an rud curtha anonn cheana agus ní féidir é a athrú so tá sé thar a bheith práinneach. Tá an-díomá orm nach bhfuil aon duine anseo mar is é seo an rud is mó a tháinig ar aghaidh le tamall ó thaobh na Roinne de i leith na Gaeilge agus níor cuireadh na finnéithe ar an eolas faoin gconspóid a bhain leis seo. Bhí cláir raidió faoi. Chuir mise ábhar Saincheist Tráthúla síos sa Dáil faoi agus bhí díospóireacht faoi. Tá an-iontas go deo orm nár cuireadh na finnéithe ar an eolas ag an Roinn go mbeadh an cheist seo ag teacht aníos anseo, mar is ceist í a tharraing go leor conspóide agus a chuireann an-olc ar lucht Gaeilge na tíre.

Ní hamháin sin ach tá impleachtaí d'fheachtais eile ó thaobh cúrsaí sláinte de. Ní hamháin go bhfuil sé seo tromchúiseach ach caithfear an cheist a chur cad iad na himpleachtaí d'fheachtais sláinte eile maidir le rudaí eile. An é seo an polasaí as seo amach? Ar a laghad, ba mhaith linn freagra ag an bpointe seo chun rudaí a shoiléiriú faoi conas nach raibh na finnéithe ar an eolas mar gheall air seo. B'fhéidir go dtiocfaidh duine as an Roinn os ár gcomhair arís chun é seo a mhíniú dúinn. An bhfuil aon cheisteanna eile ag éinne?

Ní thuigim scaití nuair a chuirim ceist ar an Aire faoi mhórpholasaí a bhaineann leis an Aire ar leibhéal polasaí de ach leis an HSE ó thaobh feidhmiú de. Go minic, cuirtear an rud díreach ar aghaidh ag an HSE le freagairt. An tuiscint a bhí agam ná go raibh an tAire freagrach as polasaithe agus go raibh an HSE freagrach as feidhmiú an pholasaí sin. An bhfuil polasaí ag an Aire, agus dá bharr sin ag an Roinn mar is sole corporation í, maidir le seirbhísí trí Ghaeilge ag an HSE nó nach bhfuil? Má tá, an bhfuil cóip de ar fáil?

Fillim ar an gceist dheireanach ansin maidir le scéim teanga an HSE. Baineann sé seo leis an ráiteas deireanach mar gheall ar pholasaithe. Dúirt na finnéithe nach raibh an Roinn bhainteach le scéim Gaolainn an HSE. An mbeadh puinn polasaithe nó pleananna den HSE nach mbeadh an Roinn bhainteach leo? Shamhlóinn go mbeadh sé mar an gnáthrud go mbeadh an Roinn bhainteach agus gníomhach leis an HSE nó an bhfuil sraith faoi leith nach bhfuil an Roinn bhainteach leis agus an bhfuil an scéim Gaolainn ina measc? Conas nach mbeadh an Roinn bhainteach le scéim Gaolainn an HSE a chur le chéile? Ar lorg an Roinn ról? An ndearna sé aon submission nuair a bhí an comhairliúchán poiblí ar siúl nó cá mbeadh an gnáthról chun an scéim teanga sin a chur le chéile?

Mr. Muiris O'Connor

Tá a scéim teanga féin ag an HSE agus níl sé freagrach dúinn go hoifigiúil as an scéim sin. Tá sé freagrach don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus don Choimisinéir Teanga as an scéim teanga atá aige, mar atá muidne freagrach ar an mbonn céanna. Tá an HSE committed do ghníomhaíochtaí san action plan atá sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Tá roinnt rudaí a bhaineann leis an HSE agus cur i láthair cúrsaí sláinte ansin, agus tá rudaí ach go háirithe a bhaineann le bheith cinnte de go bhfuil daoine atá ag cur seirbhísí agus therapies ar fáil do mhuintir na Gaeltachta in ann a chuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Sin iad na príomhrudaí agus sin iad na dualgais atá aige.

Glacaimid leis go bhfuil deiseanna amach anseo chun níos mó béime agus níos mó alignment a chur i gcrích maidir le scéim na Roinne agus scéim an HSE a chosaint chun feabhas a dhéanamh ar an tseirbhís Ghaeilge. Tá iarracht mhaith á dhéanamh ag an HSE. Tá foireann Gaeilge aige atá ag obair sa communications unit ag corporate level ionas gur féidir leis tacaíocht a thabhairt mórthimpeall na tíre, áiteanna ina bhfuil seirbhísí Gaeilge ag teastáil san áireamh. Tá an fhoireann tar éis a aithint céard iad na codanna dá sheirbhís a bhfuil is mó éileamh orthu, fiú amháin medical cards, an primary care reimbursement service, PCRS, agus mar sin de. Tá beirt Ghaeilgeoir curtha isteach ansin chun cinntiú go bhfuil seirbhís iomlán ar fáil ansin an t-am ar fad do Ghaeilgeoirí. Déantar gach iarracht agus tá sé deacair GPs a bhfuil Gaeilge acu a fháil ach go háirithe in áiteanna iargúlta, ach déanann an fhoireann sin gach iarracht.

Is dócha go bhfuil a fhios ag na baill faoin scéim atá ag an HSE le hÚdarás na Gaeltachta ag tabhairt scoláireachtaí do mhic léinn atá ag déanamh cúrsaí a bhaineann le sláinte, ar nós dochtúirí, altraí agus therapists, agus tá sé sin ag obair amach go maith. Tá 15 duine ar an scéim sin anois ag fáil deontais chun cabhrú leo a chuid oideachas a chríochnú agus chun cinntiú go mbeidh siad le fáil don HSE chun seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil. Tá deacrachtaí ó thaobh recruitment de in áiteanna áirithe den HSE, i mBéarla agus i nGaeilge. Tá an-deacair uaireanta Gaeilgeoirí a chur ar fáil sna háiteanna sin. Tá speech therapy agus na therapies san áireamh ansin ach cabhraíonn an scoláireacht sin le daoine a chur ar fáil.

Amach anseo beidh níos mó béim ar theicneolaíocht i gcúrsaí sláinte agus tá deiseanna a aithníonn muid agus a aithníonn an HSE le rudaí ar nós telemedicine agus telehealth. Má tá mionlach a bhfuil Gaeilge mhaith acu agus na scileanna cuí ó thaobh therapy, speech therapy nó consultations, bheadh deis againn féachaint ar telehealth agus ba mhaith linn é sin a bhunú in áit éigin chun seirbhísí a sheoladh amach dóibh siúd a bhfuil Gaeilge ag teastáil uathu mar chuid den tseirbhís.

Tá sé an-tábhachtach do sheandaoine ach go háirithe fanacht ina gcomhluadar féin. Rinne mé taighde blianta ó shin d'Údarás na Gaeltachta ar chúrsaí na social needs a bhí ag daoine in áiteanna Gaeltachta. Cailleann daoine a shláinte an-tapa nuair a thugtar amach as a gcomhluadar féin iad agus tá sé sin níos láidre fós sa Ghaeltacht. Tá deiseanna againn níos mó béime a chur ar sheirbhísí áitiúla agus mar sin de mar chuid den athnuachan a bheidh ar siúl sna seirbhísí faoi Sláintecare.

Gabhaim buíochas leis an Uasal O'Connor as an bhfreagra. Tá an-chuid eolais ann, ach níl freagra ar mo cheist ann. An féidir linn filleadh ar an gceist agus an scéim Ghaolainne? An mbeadh puinn polasaithe nó scéimeanna ag an HSE nach mbeadh an Roinn bhainteach leo? Conas gur féidir leis an HSE scéim nó polasaí a chur le chéile gan an Roinn a bheith bainteach leis in aon chor? Glacaim leis go bhfuil sé freagrach don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir leis an bhfeidhmiú, ach shamhlófaí go mbeadh baint ag an Roinn le cur le chéile na scéime.

Luadh an straitéis 20 bliain agus go bhfuil beartanna nó gníomhartha faoi leith ag an HSE ansin. An bhfuil ról ag an Roinn maidir le monatóireacht a dhéanamh ar an HSE maidir leis na gníomhartha éagsúla atá sa straitéis 20 bliain? Conas a leanann an Roinn é sin? Cén dul chun cinn atá ar siúl ansin? Maidir leis na polasaithe, an gnáthrud é go mbeadh an HSE ag cur le chéile polasaí nó scéim gan an Roinn a bheith bainteach leis?

Mr. Muiris O'Connor

Ní fheicim iad mar pholasaithe. Is seirbhísí atá á gcur ar fáil aige iad. Sin an ról atá ag an HSE: seirbhísí sláinte a chur ar fáil. Déanaimid na polasaithe faoi bhrat na Roinne, faoi bhrat an Aire, agus faoi bhrat an Tí seo. Is seirbhísí iad-----

Nach mbraithfeadh an tUasal O'Connor go mbeidh an Roinn lárnach nó, ar a laghad, gníomhach maidir leis an scéim Ghaolainne a bheidh ag an HSE?

Mr. Muiris O'Connor

Tá an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an t-aon duine eile sa chain of command ansin.

Sin nuair atá an scéim aontaithe.

Mr. Muiris O'Connor

Sea.

Chun an scéim agus an polasaí a chur le chéile ar son an HSE, shamhlófaí go mbeadh an Roinn, ar a laghad, bainteach leis nó gníomhach ann.

Mr. Muiris O'Connor

Déantar teagmháil linn ach téann rudaí a ghabhann trí na channels oifigiúla nó a bhaineann le freagrachtaí oifigiúla go dtí an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Mar sin, an raibh ról ag an Roinn i gcur le chéile scéim Ghaolainne an HSE?

Mr. Muiris O'Connor

Ní raibh mé féin sa Roinn ag an am.

Cén ról a bhí ag an HSE i gcur le chéile scéim Ghaolainne an HSE?

Mr. Muiris O'Connor

Bhí an HSE freagrach as an scéim a chur le chéile agus seirbhísí-----

Gabh mo leithscéal. Cén ról a bhí ag an Roinn Sláinte maidir le scéim Ghaolainne an HSE a chur le chéile agus a chur i gcrích?

Mr. Muiris O'Connor

Ní raibh ról mór againn ach mar chuid den governance agus oversight go ginearálta beimid ag seiceáil go bhfuil a dhualgais faoi na hAchtanna éagsúla comhlíonta ag an HSE.

Cén chaoi a ndéanann an Roinn é sin? Cé hé an duine a dhéanann an saghas monatóireachta sin?

Mr. Muiris O'Connor

Faighimid tuairisc ó am go ham, rialta go leor, ar na dualgais ar fad atá ag an HSE.

Cén sórt tuairiscí iad sin? An bhfuil siad le fáil le léamh? Ag dul ar ais, sin an cheist. Tuigim go bhfuil Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte neamhspleách.

Mr. Muiris O'Connor

Níl ról mór againn.

Tuigim. Tá an tUasal O'Connor ag rá go bhfuil an feidhmeannacht neamhspleách agus go ndéanann sé a phlean é féin.

Mr. Muiris O'Connor

Nílimid ag rá go bhfuil sé neamhspleách, táimid ag rá go bhfuil sé freagrach d'Aire nach an tAire Sláinte é maidir lena dhualgais i leith scéim Ghaeilge a chur ar fáil. Maidir le monatóireacht----

An bhfuil ról ag an Roinn maidir leis an straitéis 20 bliain i leith na beartanna atá ag an HSE?

Mr. Muiris O'Connor

Bheadh orainn aird a thabhairt ar na dualgais atá ag an HSE faoin bplean sin agus bheadh ról againn tacú leis chun é a chur a gcrích, ach arís níl sé ró-dhíreach. Tá a dhualgais féin i leith an Achta sin aige mar eagraíocht.

Ag leanúint air sin agus ó thaobh na Roinne de, tá scéim teanga aici. Chomh maith leis sin tá plean gníomhaíochta aici ó thaobh an straitéis 20 bliain, nach bhfuil? Tá plean gníomhaíochta ag an Roinn.

Mr. Muiris O'Connor

Ní dóigh liom é.

B'fhéidir go bhfuil míthuiscint-----

Ms Mary O'Reilly

We do have a plan under the 20-year strategy but it has not been revisited in a number of years. My understanding is that it has been overtaken by the action plan for 2018 to 2022. The Department does not appear in that action plan.

An bhfuil na finnéithe cinnte faoi sin? Tháinig an plean gníomhaíochta agus bhí an Roinn os ár gcomhair leis. Bhí ról ag gach uile Roinn ó thaobh an phlean gníomhaíochta de. Cad é an ról atá ag an Roinn Sláinte ó thaobh an phlean gníomhaíochta? Baineann an plean sin le cur i bhfeidhm an straitéis 20 bliain.

Tá ceist amháin agam. An bhfuil na finnéithe ag caint ar an bplean teanga a d'aontaigh an Roinn Sláinte leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta?

Mr. Muiris O'Connor

An scéim Ghaeilge? Tá.

Ó thaobh dlí de, seasann sé go dtiocfaidh scéim in áit. Níl aon bhaint aige sin leis an straitéis ná leis an bplean nua atá ag an Aire.

Tá sin ceart go leor. Tuigim é sin. Bhí mo cheist ó thaobh an phlean gníomhaíochta de. Baineann sé sin le cur i bhfeidhm na straitéise. An bhfuil ról faoi leith ag an Roinn faoin bplean gníomhaíochta sin?

Mr. Muiris O'Connor

Baineann na gníomhaíochtaí leis an tseirbhís sláinte. Toisc go mbaineann sé leis an tseirbhís sláinte, is faoin HSE é iad a chur i gcrích.

Tháinig trí rud suas. B'fhéidir go mbeidh na finnéithe in ann teacht ar ais chugainn ó thaobh na trí rud sin atá ardaithe. Sin an rud deireanach, cén ról atá ag an Roinn. Níl mé ag caint faoi scéim teanga ná faoin bhfeidhmeannacht sláinte. Táim ag caint faoin ról atá ag an Roinn, má tá ról aici.

Tá ceist dheireanach agam. An bhfuil taighde ar bith déanta ag an Roinn ó thaobh éilimh ar sheirbhísí trí Ghaeilge? Táim beagáinín buartha ón méid a chuala mé. Is iontach go bhfuil na finnéithe anseo agus tá éacht déanta acu - ní mór dom é sin a rá - ach táim ag smaoineamh ar an gceistneoir agus ar pholasaí an Aire ach go háirithe. Is é ár dtaithí ar an talamh go bhfuil daoine ag streachailt lá i ndiaidh lae chun seirbhísí trí Ghaeilge a fháil. Aontaíonn an tUasal O'Connor leis sin. Tá siad ag streachailt sna Gaeltachtaí ach go háirithe.

Mr. Muiris O'Connor

Tá.

An bhfuil aon taighde déanta ag an Roinn maidir leis na bearnaí atá ann, maidir le polasaí a fhorbairt, agus maidir le hoideachas a thabhairt ar an Aire chun go dtuigeann sé nach gcuirfeadh sé mearbhall ar dhaoine lipéid dátheangacha a bheith ann? An dtuigeann an tUasal O'Connor mo cheist?

Mr. Muiris O'Connor

Tuigim.

An bhfuil aon taighde déanta, beartaithe nó faoi chaibidil ag an Roinn faoi láthair maidir leis an éileamh ar sheirbhísí trí Ghaeilge?

Mr. Muiris O'Connor

Níl go bhfios dom. Níl éileamh mór ar ár seirbhísí trí Ghaeilge. Cé go bhfuil Gaeilgeoirí againn agus go bhfuilimid láidir ó thaobh seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge, ní thagann an t-éileamh chugainn. Bhíomar ag caint lenár gcomhghleacaí ar an main number teileafóin. Fuair sé glaoch nó dhó as Gaeilge le bliain go leith anuas.

Bhuail ár gcara, an bhean ag an deasc fáiltiú, le duine nó beirt a bhí ag lorg seirbhís trí Ghaeilge le cúpla bliain anuas. Sin an fáth go bhfuilimid ag cur béime ar an nGaeilge bheo mar tá seans maith ann go bhfuil daoine ann nach bhfuil ag súil le Gaeilge uainn agus nach bhfuil dóthain eolais nó expectation ag daoine go bhfuilimid in ann é sin a chur ar fáil. Mar a deirim, sin an fáth go bhfuil an Ghaeilge mar theanga bheo sa Roinn idir an bheirt oifigeach seirbhíse agus iad ag caint sa foyer. Tá an Ghaeilge le cloisteáil ag aon duine atá ag éisteacht leis an gcumarsáid. Níl taighde déanta againn ach ní bheadh mórán taighde ag teastáil chun a thuiscint go bhfuil an t-éileamh íseal go leor. Tá éileamh i bhfad níos mó amuigh ar an talamh agus sna seirbhísí i dTír Chonaill agus Gaillimh ach go háirithe. Freastalaítear ar chúpla céad glaoch trí Ghaeilge gach uile bhliain ansin.

Tá sé fíorthábhachtach é sin a mhíniú. Nuair nach bhfuil súil ag duine ar bith againn leis an tseirbhís, ní bhacaimid leis. Tóg Comhairle Contae na Gaillimhe mar shampla. Má chuirtear glaoch ar an gcomhairle, faightear fógra réamhthaifeadta a deireann gur chóir uimhir a haon a bhrú má tá seirbhís trí Ghaeilge ag teastáil nó uimhir a dó a bhrú le haghaidh seirbhís trí Bhéarla. Lá amháin bhrúigh mise uimhir a haon, mar amadán. Nuair a fuair mé tríd, dúirt guth réamhthaifeadta gur oth leis nach bhfuil an duine le Gaeilge ann agus gur chóir dom teachtaireacht a fhágáil agus thiocfadh sé ar ais chugam. Bhí mise ag iarraidh freagra so chuir mé síos an fón, ghlaoigh mé arís agus bhrúigh mé uimhir a dó. Fuair mé seirbhís trí Bhéarla. D'fhiafraigh mé an raibh an rannóg pleanála ann toisc go raibh mé ag iarraidh labhairt le X, Y nó Z. Fuair mé iad agus rinne mé mo ghnó. Níor bhac mé leis an líne Ghaeilge níos mó.

Tá rud spéisiúil. Tá a fhios ag an gCathaoirleach é seo mar tá sí in aon Dáilcheantar liom. Tá a fhios ag na daoine inár nDáilcheantar anois, má thagann siad ag triúr de na Teachtaí Dála ar a laghad, beidh seirbhís trí Ghaeilge ar fáil ar éileamh ón bpobal. Tá Béarla ag gach duine le Gaeilge ach is é an Ghaeilge an teanga a úsáideann siad. Tá fíorbheagán ann nach bhfuil Béarla acu. Aisteach go leor, tá deichniúr nó 15 duine fásta atá 40 nó 50 bliain d'aois nach bhfuil Béarla acu, ach fágfaimid iad sin as an áireamh. Labhraíonn na daoine sa Ghaeltacht gurb í an Ghaeilge a dteanga an Ghaeilge istigh san oifig, óg agus sean. Nuair a thiocfaidh siad síos ag an gcomhairle contae, ag an gcomhairle cathrach nó ag an HSE, áfach, labhraíonn siad Béarla mura bhfuil aithne acu ar an duine roimh ré agus mura bhfuil a fhios acu gur as an nGaeltacht é nó í. Tá sé chomh simplí leis sin. Sin an nós teanga agus sin an fáth go gcaithfidh an tairiscint a bheith, mar a deirtear, "gníomhach". Déarfainn go bhfuil an taithí chéanna ag an gCathaoirleach ina hoifig.

Mr. Muiris O'Connor

Beimid ag machnamh air sin agus ag iarraidh a chur in iúl níos soiléire do dhaoine go bhfuil Gaeilge-----

Sin an fhadhb i ndáiríre. Tá lón machnaimh anseo. Tá an Roinn ag rá nach bhfuil éileamh ach tá a fhios againn go bhfuil frustrachas ar dhaoine. Níl foighne acu níos mó. Táim féin san áireamh ansin. Nuair a chuirim glaoch, déanaim an rud ceannann céanna chun freagra a fháil. Is cúis buartha é go bhfuil an Roinn ag rá go bhfuil an fhreagracht ar an HSE. Is é an Roinn a dhéanann an polasaí agus a thaispeánann ceannaireacht. Tá lón machnaimh anseo ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge de.

Mr. Muiris O'Connor

Glacaimid leis sin.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Bhí sé sin an-chabhrach dúinn. Tá a fhios agam nach raibh sé éasca agus táimid buíoch díobh.

Chuaigh an comhchoiste isteach i seisiún príobháideach ag 5.15 p.m. agus cuireadh ar athló é ar 5.25 p.m. go dtí 4 p.m. Dé Máirt, 29 Eanáir 2019.
Barr
Roinn