An Ghaeilge sa Chóras Oideachais: Cuir i Láthair

Is é na hábhair atá idir láimhe ná caighdeánú ar scrúdaithe agus cáilíochtaí tríú leibhéal d'ábhair múinteoirí, agus na cuspóirí agus na beartanna atá á gcur i gcrích ag an Údarás um Ard-Oideachas an Ghaeilge agus seirbhísí dátheangach a chur ar fáil dá gcustaiméirí. Is fuath liom an focal "custaiméirí" - is saoránaigh atá i gceist.

I dtús báire tá rud le déanamh agam maidir leis an Acht um Chlúmhilleadh, ansin is féidir leis na finnéithe a gcur i láthair a thabhairt don choiste. Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009 go bhfuil finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thabharfaidh siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt amhlaidh, ní bheidh siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith a gcuid fianaise. Ordaítear dóibh gan fianaise a thabhairt ach amháin fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo, agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tionscnaimh seo a gcuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó maidir le hoifigeach ina ainm, nó ina hainm, ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe: Orla Ní Nuinsean, leas-príomhfheidhmeannach, Gearóid Ó Súilleabháin, ceannasaí ar chláir idirnáisiúnta, Labhaoise Ní Challanáin, forbairt agus feidhmíocht, agus Risteád Ó Bróithe, maoiniú córais, An tÚdarás um Ard-Oideachas. In ár measc tá an tUasal Tomás Ó Ruairc, stiúrthóir, agus an tUasal Phil Fox, ceannaire oideachas tosaigh múinteoirí agus ionduchtú, inár measc mar ionadaithe ón gComhairle Múinteoireachta. Mar ionadaithe ó na soláthróirí oideachais tosaigh múinteora, tá an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, leas-déan san institiúid oideachais in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath; an Dr. T.J. Ó Ceallaigh, stiúrthóir ar an gcúrsa máistreachta san oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta sa roinn um oideachas teanga agus litearthachta i gColáiste Mhuire Gan Smál, Luimneach; agus an Dr. Brendan MacMahon, léachtóir i scoil an oideachais, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Faoi dheireadh tá an tUasal Eibhlín Ní Scannláin, cigire leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, linn. Tá an tUasal Jim Mulkerrins inár measc freisin. Cuirim fáilte ar ais roimhe. D'oibrigh sé anseo cheana.

Tá na ráitis tosaigh léite agam. Tá siad thar a bheith suimiúil agus cabhrach dúinn ach tá siad fada agus tá a lán finnéithe os ár gcomhair. Tá sé tábhachtach iad a chur ar an taifead ach b'fhéidir gur féidir leis na finnéithe achoimre a dhéanamh nó díriú ar na pointí tábhachtacha. Tá a fhios agam go bhfuil sé deacair. Tosóimid leis an Údarás um Ard-Oideachas.

Ms Orla Ní Nuinsean

Is leas-príomhfheidhmeannach san Údarás um Ard-Oideachas mé. Gabhaim míle buíochas le baill an choiste as an deis seo dul i ngleic leo inniu. Tá brón orm nach bhfuil my standard of Irish strong enough to enable me to continue in Irish so I will pass over-----

Tá an tUasal Ní Nuinsean ag déanamh go maith.

Ms Orla Ní Nuinsean

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. I will pass over to my colleague, Gearóid Ó Súilleabháin, who will read our opening statement.

Mr. Gearóid Ó Súilleabháin

Tá áthas orm agus ar mo chomhghleacaithe cabhrú leis an gcoiste leis an dá ábhar thíos a mheas. Mar a luaigh an Cathaoirleach, is iad caighdeánú ar scrúdaithe agus cáilíochtaí tríú leibhéal d’ábhair múinteoirí agus na cuspóirí agus na beartanna atá á gcur i gcrích leis an Údarás um Ard-Oideachas chun an Ghaeilge agus seirbhísí dátheangacha a chur ar fáil dá custaiméirí na hábhair sin. Is gníomhaireacht bheag an tÚdarás um Ard-Oideachas a bhfuil timpeall 70 ball foirne aige. Tá freagracht reachtúil againn maidir le maoiniú d'ard-oideachas go ginearálta.

Ó thaobh caighdeánú ar scrúdaithe agus cáilíochtaí tríú leibhéal, tá an t-údarás i gceannas ar fhorbairt straitéiseach chóras ard-oideachais agus taighde na hÉireann. Níl baint dhíreach againn leis na próisis a théann le scrúduithe agus cáilíochtaí do dhisciplíní nó do chláir dhiscréideacha. Tá údarás ag an HEA cinntiú go bhfuil an caighdeán agus an cháilíocht is airde bainte amach ag céimithe ó gach clár ard-oideachais, lena n-áirítear céimithe ar chláir oideachais tosaigh múinteora. Agus é mar chuspóir cabhrú leis an gcoiste chun na hábhair sin ar chaighdeánú ar scrúduithe agus a leithéid a mheas, tá toscaireacht tugtha le chéile ag an HEA ar a bhfuil ionadaithe ón Roinn Oideachais agus Scileanna, ón gComhairle Múinteoireachta agus ionadaithe ó thrí sholáthróir oideachais tosaigh múinteora a bhfuil taithí agus eolas suntasach acu sa réimse seo.

Tá ról lárnach ag an HEA sa réimse sin agus é ag comhlíonadh a dhualgais faoi Acht an Údaráis um Ard-Oideachas 1971 ina ndeirtear go gcoimeádfaidh "sé i gcuimhne i gcónaí na haidhmeanna náisiúnta atá ann an Ghaeilge a aisiriú agus an tsaíocht náisiúnta a chaomhnú agus a fhorbairt agus féachfaidh sé le cabhrú leis na haidhmeanna sin a chur i gcrích". Tugann an t-údarás tacú leis an teanga Ghaeilge a chothú agus a úsáid in institiúidí ard-oideachais. Tá foráil speisialta ináirithe ag an HSE le breis agus deich mbliana ina phríomh-dheontais do thionscnamh a bhfuil sé mar aidhm acu go mbainfeadh mic léinn agus foirne ollscoileanna agus coláistí níos lú úsáid níos mó as an nGaeilge. Rinne an HEA leithdháileadh €850,000 ar institiúidí in 2018 chun tacú le húsáid na Gaeilge ar champais institiúidí a spreagadh. Thacaigh sé freisin le hábhair agus modúil a mhúineadh trí Ghaeilge. Cuireadh maoiniú breise €210,000 ar fáil ag an HEA chun tacú le máistreacht san ard-oideachais i meáin na Gaeilge agus in oideachas na Gaeilge do mhúinteoirí agus príomhoidí bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna. Cuireadh tús leis an máistreacht sin i gColáiste Mhuire Gan Smál Meán Fómhair seo caite. Sa bhreis air sin, cuireann an HEA maoiniú chomhtháthartha ar fáil do thionscnaimh speisialta agus solathróirí chun tacú leis an nGaeilge, lena n-airítear Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge atá lonnaithe in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Téann an HEA i dteagmháil le Ranna Rialtais, go háirithe leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus le páirtithe leasmhara cuí i réimse an oideachais, an ard-oideachais, agus an taighde. Bíonn teagmháil níos leithne ag cuid de rannóga an HEA leis an bpobal i gcoitinne. Faigheann siad glaonna teileafóin agus comhfhreagras ó dhaoine aonair i measc an phobail. Seasann an eagraíocht leis an ngealltanas freagra a thabhairt ar theachtaireachtaí a fhaightear trí Ghaeilge. Déanann foireann inmheánach éascú air sin ach baineann an HEA úsáid as cuideachta ghairmiúil aistriúcháin nuair is gá.

Tá an HEA buíoch as an deis a thugann an tairiscint seo ón gcoiste le féinmheastóireacht a dhéanamh maidir le seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil. Tá fúinn ár riachtanais reachtúla faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chomhlíonadh ach tá a fhios againn nach bhfuilimid ag baint amach ár raon iomlán dualgas faoin Acht seo. Níl dóthain pearsanra againn faoi láthair a bhfuil inniúlacht acu ar an nGaeilge. Tá an HEA ag cur tús le próiseas le dréachtscéim nua a bhunú sa chéad ráithe de 2019. Ag an bpointe seo, ba mhaith liom deis a thabhairt don Roinn Oideachais agus Scileanna rud éigin a rá tar éis mo chuid cainte.

Ms Eibhlín Ní Scannláin

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach as an deis a bheith i láthair ag an gcruinniú inniu. Is cigire sinsearach mé sa Roinn Oideachais agus Scileanna. Mar réamheolas do chruinniú an lae inniu, chuir mo Roinn nóta eolais ar fáil chun cuidiú le baill an choiste. Tugann an nóta forléargas ar raon forbairtí a bhaineann le caighdeáin na Gaeilge, go háirithe mar a bhaineann iad le hoideachas tosaigh múinteoirí. Déanann an Roinn cáilíocht an teagaisc agus na foghlama a chothú agus a thacú, go háirithe i gcás na Gaeilge, trí chláir ardcháilíochta a sholáthar in oideachas tosaigh múinteoirí, forbairt ghairmiúil, tacaíocht cheannaireachta agus oiliúint ar ionduchtú do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile i scoileanna.

Nuair a bhíonn a leithéid á sholáthar, bíonn tacaíocht ag an Roinn ón gComhairle Múinteoireachta agus ón Údarás um Ard-Oideachas, a bhfuil róil reachtúla acu araon, lena n-áirítear comhairle a chur ar fáil don Aire. Tuigfidh baill gurb í an Chomhairle Múinteoireachta an comhlacht um chaighdeáin ghairmiúla don mhúinteoireacht, a dhéanann caighdeáin ghairmiúla na gairme a chur chun cinn agus a rialáil. Mar atá cloiste againn, tá freagracht ar an Údarás um Ard-Oideachas as rialachas agus rialúchán na n-institiúidí ard-oideachais agus an chórais ard-oideachais.

Mar is eol do bhaill an choiste, tá straitéis shoiléir don Ghaeilge ag an Rialtas ina Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Tá clár uaillmhianach leagtha amach sa straitéis sin ina bhfuil sé mar aidhm, thar thréimhse ama, úsáid na Gaeilge agus eolas ar Ghaeilge mar theanga phobail a mhéadú. Mar a léirítear i bplean gníomhaíochta na Roinne don oideachas, táimid tiomanta don obair atá ar bun i gcomhpháirt leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta chun réimse gníomh oideachais den straitéis 20 bliain a chur chun cinn. Leagtar béim bhreise freisin sa phlean gníomhaíochta don oideachas ar ghnóthachtálacha sa litearthacht a leabú, go háithithe litearthacht don Ghaeilge agus trí Ghaeilge. Ní rachaidh mé siar arís ar an eolas atá curtha ar fáil do bhaill an choiste cheana féin ag an bpointe seo, ach táim sásta aon cheist a bheadh ag éinne a fhreagairt. Sa chás go dtarlaíonn sé nach féidir liom freagra a thabhairt ar na ceisteanna sin, beidh mé sásta faisnéis i scríbhinn a chur ar fáil, más gá.

Dr. Brendan Mac Mahon

Táim anseo thar ceann scoil an oideachais Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Mar atá leagtha amach sa ráiteas, tá dhá chlár in oiliúint tosaigh múinteoirí dara leibhéal ag scoil an oideachais i nGaillimh. Is cláir lánaimseartha máistreachta thar dhá bhliain iad. Reáchtáiltear ceann amháin trí Bhéarla agus tá an mháistreacht gairmiúil san oideachas ar fáil go hiomlán trí Ghaeilge, mar aon le socrúcháin scoile a bhíonn le déanamh ag na múinteoirí faoi oiliúint i líonra na nGaelcholáistí ar fud na tíre. Tá an mháistreacht gairmiúil treoraithe ag polasaithe agus taighde agus leagtar béim lárnach ar an saineolas agus scileanna atá riachtanach chun teagasc in earnáil an Gaeloideachas. Cuirtear gach uile iarratasóir faoi agallamh agus éilítear leibhéal B1 ar a laghad sa teanga labhartha ar chomhchreat tagartha na hEorpa um theangacha. Ag eascairt as éileamh agus riachtanais príomhoidí na nGaelcholáistí, tá scéim spáranachta, atá maoinithe ag COGG, ar fáil le mic léinn a bhfuil eolaíocht, mata, nó nuatheangacha mar ábhair chéime acu le hiad a mhealladh isteach ar an gclár. Tá ag éirí go maith leis an scéim spáranachta sin.

Déantar gach uile iarracht clár mac léinn-lárnach a chur ar fáil, agus léiríonn taighde na deacrachtaí agus easpa muiníne atá ag roinnt múinteoirí faoi oiliúint maidir lena gcuid inniúlachta féin sa Ghaeilge scríofa ach go háirithe. Mar sin, faigheann gach múinteoir faoi oiliúint 30 uair diantacaíocht sa chéad bhliain le forbairt a dhéanamh ar chruinnscríobh na Gaeilge. Faightear 30 uair eile sa dara bhliain. Tá luach cúig chreidiúint ar an European credit transfer and accumulation system, ECTS, ag an obair seo sa chéad bhliain, agus tá 10% de mheasúnú ar obair scríofa an chláir uile sa chéad agus dara bhliain dírithe ar an gcruinneas scríofa. Léiríonn taighde atá idir lámha faoi láthair go dtagann forbairt ar inniúlacht scríofa múinteoirí faoi oiliúint dá bharr.

Is ceann de na moltaí atá ag foireann na máistreachta gairmiúla san oideachas ná go mbeadh ar a laghad inniúlacht ag leibhéal B2 san iomlán ar Theastas Eorpach na Gaeilge, TEG, agus leibhéal B2 sa scríobh ach go háirithe le baint amach ag céimithe le Gaeilge ar gach uile chlár in oideachas tosaigh múinteoirí iar-bhunoideachais sa tír seo ar chríochnú an clár dóibh.

Professor Pádraig Ó Duibhir

Táim anseo thar ceann institiúid oideachais DCU. Chuir mise eolas ar fáil maidir leis na riachtanais Ghaeilge do na cúrsaí tosaigh múinteoireachta agus riachtanais na Comhairle Múinteoireachta. Leis sin, clúdaítear mic léinn ag dul isteach agus mic léinn ag teacht amach ag an deireadh.

Luaigh Dr. McMahon comhchreat tagartha na hEorpa um theangacha, the common European framework of reference for languages. Tá tábhacht leis sin mar tugann sé teanga comónta le bheith ag caint faoi chaighdeáin. Molaim, agus tá sé molta agam cheana i bhfóraim eile, gur cheart go mbeadh na siollabais scoile nasctha leis an comhchreat Eorpach le go dtuigfeadh gach duine cad faoina fuilimid ag caint ó thaobh caighdeán. Is cuid den fhadhb le scrúdú na hardteistiméireachta ná go bhfuil an caighdeán ag athrú. Tá nós ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit cloí leis an bell curve agus ní hionann sin agus a rá go bhfuil an caighdeán céanna ann anois agus a bhí ann 20 bliain ó shin. Dá bheimis ceangailte le comhchreat tagartha na hEorpa um theangacha, bheadh a fhios againn cad faoina bhíomar ag caint. Go hiondúil is B1 atá i gceist leis an ardteistiméireacht. H4 nó 60% atá i gceist anois. Tuigfidh daoine a bhfuil cur amach acu air sin nach caighdeán uafásach ard sa Ghaeilge é 60% i scrúdú na hardteistiméireachta mar a sheasann sé faoi láthair, ach sin an caighdeán atá ag mic léinn ag dul isteach. Maidir le mic léinn ag teacht amach ón gclár leis an gComhairle Múinteoireachta, is é B2.2 ag leibhéal na hiar-bhunscoile agus B2 don bhunscoil atá i gceist.

Mhol mé ag deireadh an ionchuir a bhí le déanamh agam ná go mbeadh scrúduithe na n-ollscoileanna tagarmharcálta nó benchmarked leis an gcomhchreat Eorpach. Ar an gcaoi sin d'fhéadfaí a chinntiú go raibh caighdeán áirithe á shroicheadh agus go mbeadh sé trédhearcach. Tá an cur chuige sin molta ag an Roinn Oideachas agus Scileanna maidir leis na nuatheangacha. Tá an polasaí sin sa doiciméid "Languages Connect" nó "Déanann Teangacha Nasc". Molaim gur chóir an Ghaeilge a chur san áireamh ansin. Níl sí san áireamh go fóill.

Tá na hinstitiúidí uile, DCU san áireamh, ag déanamh obair nuálach chun caighdeán na Gaeilge a fheabhsú i measc na mac léinn. Faigheann siad ionchur mar a rinne an tOllamh MacMahon cur síos air. Táim cinnte go ndéanfaidh an Dr. Ó Ceallaigh an rud céanna. Ní mór sprioc cinnte a bhfuil caighdeán seachtrach ag baint leis a bheith ar fáil. Sin é an moladh atá agam. Ní mór aghaidh a thabhairt freisin ar an easpa fhorbartha gairmiúla le hais tíortha eile. Nuair a cháilítear múinteoirí, ní chuirtear aon fhorbairt ghairmiúil orthu ina dhiaidh sin ó thaobh caighdeán a gcuid Gaeilge a choinneáil suas ar chaighdeán réasúnta maith. Ní mór aghaidh a thabhairt air sin.

Tá an straitéis 20 bliain don Ghaeilge ann, mar a luaigh an tUasal Eibhlín Ní Scannláin romham. Tá moltaí an-mhaith sa straitéis sin dá gcuirfí iad ar fad i bhfeidhm. Tá a lán Gaeilge ar siúl sna scoileanna, sna hollscoileanna agus istigh sna seomraí ranga ach, mar atá leagtha amach sa straitéis, níl normalú déanta ar an nGaeilge sa tsochaí. Tuigimid ó fhoghlaim teangacha go bhfuil an méid a tharlaíonn taobh amuigh den seomra ranga chomh tábhachtach uaireanta leis an méid a tharlaíonn taobh istigh de, nó an méid nach dtarlaíonn i gcás na Gaeilge. Mar sin, go dtí go bhfuil níos mó ag tarlú lasmuigh de na seomraí ranga, ní bheidh an spreagadh ag daltaí agus ag ábhair mhúinteoirí tabhairt faoi ardchaighdeán a bhaint amach. Is é an dearcadh atá againn maidir leis an teip atá á déanamh ag na scoileanna ná go bhfuil na spriocanna, na hionchais, nó na expectations atá againn ró-ard don mhéid ionchur atá ann ó thaobh na Gaeilge de.

Dr. T.J. Ó Ceallaigh

Tá sé mar onóir dom bheith anseo leis an gcoiste tráthnóna. Ba mhaith liom blaiseadh den chur chuige atá ar bun againn i gColáiste Mhuire Gan Smál a roinnt leis na baill. Tá Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach, tiomanta do na caighdeáin sármhaitheasa is airde ina cuid gníomhaíochtaí maidir le teagasc teangacha, foghlaim, inniúlachtaí oideolaíochta, ceannaireacht agus taighde a chur chun cinn chomh fada agus a bhaineann sé leis an nGaeilge, leis an tumoideachas agus leis an oideachas Gaeltachta. Tá staidéar follasach ar an nGaeilge mar chuid lárnach. Déantar staidéar follasach ar oideolaíocht na Gaeilge chomh maith, go sainiúil mar a bhaineann sé le hoideachas ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal. Tá sé sin mar chuid lárnach i ngach uile clár oideachais múinteoirí sa choláiste.

Tá sé ríthábhachtach go bhfuil gach múinteoir mar úsáideoir inniúil na Gaeilge. Tá sé ríthábhachtach chomh maith go bhfuil eolas domhain acu faoin teanga. Ní hamháin sin ach tá sé an-tábhachtach go deo chomh maith go bhfuil a fhios acu conas an t-eolas faisnéiseach sin a aistriú go tascanna oideolaíocha éifeachtacha. Is ar na réimsí seo atáimid dírithe i gColáiste Mhuire gan Smál. Táimid ag iarraidh na réimsí sin a chur chun cinn ar bhealach comhtháite, nuálach agus bríoch. Táimid i gcónaí ag iarraidh an fhís sin a fhíorú sa choláiste.

Déantar an teagasc sa Ghaeilge agus an t-oideachas lán-Ghaeilge a ailíniú leis na torthaí foghlama atá leagtha síos sna modúil agus cláir éagsúla sa choláiste. Déantar pleanáil do dhifreáil dhílis dírithe ar na sainriachtanais teanga a bhíonn ag na mic léinn de bhrí a gcuid inniúlachtaí teanga. Bíonn inniúlacht dhifriúil ag duine ón nGaeltacht agus ag duine nach bhfuil ón nGaeltacht.

Tá prionsabail agus cleachtais chomhchreat tagartha na hEorpa um theangacha á nglacadh againn ar mhaithe le treoir agus tacaíochta a thabhairt dúinn ardchaighdeán a sholáthar sa choláiste agus cáilíocht agus ráth a bheith againn ar theagasc, ar fhoghlaim agus ar mheasúnú na Gaeilge agus ar theagasc, ar fhoghlaim agus ar mheasúnú trí Ghaeilge, sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di.

Caitheann gach múinteoir faoi oiliúint dhá thréimhse shocrúcháin coicíse sa Ghaeltacht, an tréimhse fhoghlama sa Ghaeltacht. Déantar measúnú foirmiúil ar an ngné sin. Tá ar gach múinteoir Gaeilge a mhúineadh ar shocrúcháin scoile agus ní féidir leo cáilíocht a bhaint amach mura fuil ag éirí leo sa ghné sin. Déantar oideolaíocht agus dea-chleachtas, mar a bhaineann siad leis an tumoideachas agus leis an oideachas Gaeltachta, sna cláir éagsúla trí mhodúil agus cláir sainaitheanta roghnacha a chur ar fáil trí Ghaeilge. Cuirtear béim ar ábhair eile a mhúineadh trí Ghaeilge chomh maith sa ghnáthchlár baitsiléire in oideachas. Clúdaítear an fhoghlaim chomhtháite, ábhair, agus teangacha. Is clár foghlama cumaisc trasearnála ar leibhéal iarchéime atá i gceist leis an mháistreacht san oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, mar a luadh cheana.

Sa chlár seo táimid dírithe go sonrach agus go sainiúil ar na sainriachtanais mar obair ghairmiúil agus ar na hinniúlachtaí teangeolaíochta atá fíor-riachtanach do mhúinteoirí ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal, ceannairí scoile ina measc, atá ag obair i scoileanna Gaeltachta agus i scoileanna nach bhfuil sa Ghaeltacht. Tá súil agam go bhfuil blaiseadh faighte ag an gcomhchoiste ar an gcur chuige atá ar bun againn i gColáiste Mhuire gan Smál, ar mhaithe le caighdeán agus cáilíocht agus rath a bheith ar theagasc, foghlaim agus measúnú na Gaeilge agus trí Ghaeilge sa choláiste.

Cloisfimid le ráiteas tosaigh an tUasal Tomás Uí Ruairc.

Mr. Tomás Ó Ruairc

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gcomhchoiste as an gcuireadh seo a eisiúint le ceist caighdeánú na scrúduithe Gaeilge agus ar cháilíochtaí tríú leibhéil d'ábhar múinteoirí a phlé. Is mise an stiúrthóir agus an príomhfheidhmeannach ar an gComhairle Múinteoireachta. I mo theannta anseo tá Fil Mac an tSionnaigh, ceannasaí nó ceannaire na rannóige oideachas tosaigh múinteoirí agus iondúchtáin. Ní theastaíonn uaim dul siar dáiríre ar a bhfuil ráite ag mo chomhghleacaithe go dtí seo, go háirithe ón Roinn Oideachais agus Scileanna agus an tÚdarás um Ardoideachas, ach ar mhaithe ar an gcomhthéacs a shoiléiriú don chomhchoiste, ba mhaith liom ról na comhairle, go háirithe, faoi mar a bhaineann sé leis an gceist atá faoi chaibidil ag an gcomhchoiste a shoiléiriú go beacht agus go gairid, le cúnamh Dé.

Is comhlacht reachtúil um chaighdeáin ghairmiúla do ghairm na múinteoireachta sa tír seo í an chomhairle atá freagrach, ón uair a deireann duine ar bith gur mhaith leis nó léi a bheith ina mhúinteoir nó ina múinteoir, as gach céim faoina dtéann siad ina dhiaidh sin le cáiliú mar mhúinteoir agus le fanacht mar mhúinteoir. Táimid freagrach chomh maith as comhairle a chur ar an Aire Oideachais agus Scileanna maidir le critéir iontrála sna cláir oideachais tosaigh múinteoirí, faoi na cláir chéanna a athbhreithniú agus a chreidiúnú gairmiúil, agus tiocfaidh mé ar aige sin faoi cheann nóiméid, as faomhadh na nGardaí do ghairm na múinteoireachta a chomhordú, as clár na múinteoirí nuair a cháilíonn siad, as iondúchtáin múinteoirí nuacháilithe faoin gclár Droichead, as caighdeáin a leagan síos d'fhoghlaim ghairmiúil leanúnach múinteoirí atá cáilithe faoin gcéad chreatlach náisiúnta d'fhoghlaim ghairmiúil sa tír seo ar a dtugtar Cosán, as aon ghearán faoi ábhar dáiríre i gcoinne múinteoir cláraithe a fhiosrú más oiriúnach do theagasc é, agus as cúrsaí taighde sa réimse polasaí seo againne mar chomhairle agus as taighde a chur chun cinn i ngairm na múinteoireachta, is é sin le rá, na múinteoirí atá ag dul i mbun taighde, mar atá á dhéanamh acu le blianta fada anuas, agus múinteoirí ag plé leis an taighde, bíodh siad i mbun an taighde nó mura mbídís.

Maidir leis an difríocht sin idir creidiúnú gairmiúil agus acadúil, is é creidiúnú gairmiúil nuair a dhéarfadh don chomhairle céard é an caighdeán atá de dhíth, lena chinntiú go bhfuil múinteoirí ullmhaithe sách maith le haghaidh riachtanais laethúla an tseomra ranga sna scoileanna, agus is é creidiúnú acadúil na cásanna a deireann ollscoileanna, agus an sainaitheantas acu ina leith, cé acu an dochtúireacht nó iarchéim nó bunchéim é an cúrsa céanna.

Táim ag súil le ceisteanna an chomhchoiste a fhreagairt.

Tá an méid saineolais agus saineolaithe inár gcomhluadar go bhfuil sé deacair a chreidiúint go bhfuil géarchéim ann maidir leis an nGaeilge.

Is í an chaoi a fheidhmímid go bhfaighimid ceisteanna ó na Teachtaí Dála agus ó na Seanadóirí, duine i ndiaidh duine agus i dtús déanaimid na ceisteanna a fhreagairt. Tá an cur chuige seo neamhfhoirmeálta.

Is é caighdeán na Gaeilge agus na múinteoirí an t-ábhar is coitianta atá tagtha os ár gcomhair ó thaobh ghéarchéim na Gaeilge. B’fhéidir go bhfuil an locht orm go ndearnamar go raibh an méid sin finnéithe os ár gcomhair inniu, agus b'fhéidir go bhfuil an iomarca i gceist, ach bhíomar ag iarraidh sibhse a bhailiú le chéile chun muid a chur ar an eolas, ionas go mbeimid ag obair as lámha a chéile as seo amach.

Is é an chaoi a fheicimse an scéal, de réir mar a thuigim, le heisceachtaí áirithe - is iad sin múinteoirí atá ag teagasc gasúir le fadhbanna foghlama acu - bíonn ar mhúinteoirí an Ghaeilge a theagasc i ngnáthbhunscoileanna na tíre. Cé mhéad de na múinteoirí atá in ann comhrá foirfe Gaeilge a choinneáil nuair a fhágann siad na coláistí oiliúna, tar éis na cainte uile? Is í an taithí atá agamsa ar an saol, dá rachfaí siar 30 bliain nuair a bhí na seancholáistí oiliúna ann, St. Pat's agus Carysfort, dá gcasfadh múinteoir ar dhuine, bheadh sé nó í in ann comhrá a choinneáil leis an duine sin i nGaeilge. Is í an taithí atá agamsa go simplí, agus le fáil réidh leis an méid focal ar fad a labhraíodh anseo tráthnóna, dá dtiocfadh duine mar sin thart isteach i scoil ag iarraidh gnáthchomhrá Gaeilge a choinneáil le múinteoirí, ní bheadh formhór na múinteoirí in ann é sin a dhéanamh.

Is í an dara ceist atá agamsa, go mórmhór don Roinn Oideachais agus Scileanna, ná cén uair atá sé i gceist idirdhealú a dhéanamh idir a bheith cáilithe le Gaeilge a mhúineadh i scoil Bhéarla agus a bheith in ann do ghnáthleibhéal iomlán a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Ceann de na fadhbanna atá ag na scoileanna lán-Ghaeilge ná go bhfuil siad ag iarraidh daoine ar an bpainéal agus bíonn orthu a chur ina luí ar dhaoine gan cur isteach ar na jabanna, d'ainneoin go bhfuil siad cáilithe, mar nach bhfuil an Ghaeilge acu le gnóthaí an lae nó múineadh trí mheán na Gaeilge. Cén uair atá sé i gceist ag an Roinn Oideachais agus Scileanna déanamh cinnte go bhfuil cáilíocht faoi leith le múineadh i scoil lán-Ghaeilge? Ina theannta sin, an bhfuil sé i gceist socrú a dhéanamh le go mbeidh na múinteoirí ar fáil le múineadh trí mheán na Gaeilge?

Tá dhá cheist ann. Dar liomsa níl Gaeilge na múinteoirí atá ag múineadh sna bunscoileanna trí chéile. Tá Gaeilge ag cuid mhaith acu ach níl dóthain Gaeilge acu le comhrá a choinneáil le duine. Ní bhíodh sé sin fíor Is é an dara ceist ná cén uair a bheidh aitheantas tugtha don fhíric nach bhfuil Gaeilge ag formhór na múinteoirí agus, cinnte, níl sé ar a gcumas múineadh trí Ghaeilge leis an ngnáthcháilíocht a bhíonn ag múinteoirí ag fágáil na gcoláistí oiliúna? Dhá cheist an-simplí atá ann agus níl mé ag iarraidh go mbeimid ag dul timpeall i gciorcail ar an gceist seo, mar is é sin taithí an phobail ar an gceist seo.

Go raibh maith agat, a Theachta. Cé acu de na finnéithe atá chun an cheist seo a fhreagairt? An Roinn, b'fhéidir?

Ms Eibhlín Ní Scannláin

I gcomhthéacs na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge tá roinnt bearta idir lámha ag an Roinn chun dul i ngleic le cúpla de na deacrachtaí sin atá ann atá aitheanta ag an Roinn. Mar chuid de sin, i gcomhthéacs an pholasaí don oideachas Gaeltachta, mar shampla, tá sé i gceist méadú a chur ar líon na n-áiseanna atá-----

Gabh mo leithscéal, a Theachta-----

Caithfimid a bheith sonrach. Ní dúirt mé dada faoi nó níor luaigh mé na focail "oideachas Gaeltachta". Tá an oiread sin spéise agamsa sna Gaelscoileanna atá ag múineadh sa Ghalltacht atá ag déanamh a ndícheall. Cuimhnigh, go bhfuil an chuid is mó de phobal na Gaeltachta a tógadh agus a ndeachaigh ar scoil sa Ghaeltacht ag dul ar scoil sa Ghalltacht mar go mbogann siad amach as an nGaeltacht ag cuardach post. Níl mé ag iarraidh polasaí Gaeltachta. Táim ag caint ar Ghaelscoileanna iomlána na tíre.

Ms Eibhlín Ní Scannláin

Tá na cúrsaí atá curtha ar fáil faoin bpolasaí Gaeltachta oscailte do dhaoine, is cuma cén earnáil ina bhfuil sé i gceist acu dul i mbun teagaisc. Mar sin, pé foghlaim a bheidh le déanamh againn ó na cúrsaí sin, rachaidh sé chun leasa an tsoláthair trí mheán na Gaeilge agus na scoileanna atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge sa chóras.

Níl Bean Ní Scannláin ag freagairt na ceiste.

A Theachta, lig dom nóiméad agus tabharfaidh mé deis duit teacht ar ais. An bhfuil Bean Ní Scannláin críochnaithe?

Ms Eibhlín Ní Scannláin

Táim.

An bhfuil aon duine eile sásta teacht isteach ar an gceist seo?

Dr. T.J. Ó Ceallaigh

Ba bhreá liom a chur in iúl go bhfuil an Ghaeilge bheo sna scoileanna taobh amuigh den Ghaeltacht chomh maith. Tá sainriachtanais teangeolaíochta i gceist agus glacaimid go hiomlán leis sin, ach tá cúrsaí i bhforbairt ghairmiúil deartha agus tá an-fhreagracht ar cheannairí scoileanna na laethanta seo ní hamháin chun na riachtanais sin a aithint ach dul i ngleic leo.

Chomh fada is a bhaineann sé leis na coláistí, Coláiste Mhuire gan Smál agus na hinstitiúidí eile atá ag plé le múinteoirí agus le mic léinn atá i mbun forbartha agus atá ag dul i dtreo na scoileanna sin, tagann daoine isteach a mbíonn sainriachtanais ar leith acu. Bíonn orainn iad sin a aithint láithreach bonn agus éagsúlú dílis a dhéanamh bunaithe ar na sainriachtanais aitheanta sin agus na cláir teanga a chur ar bun dóibh. Ó thaobh an taithí sin, ní leor a bheith inniúil mar úsáideoir teanga, rud atá casta go leor uaireanta, ach chaithfí an deis a thabhairt dóibh chomh maith bonneagar na teanga sin a fhiosrú, ionas go mbeadh na rialacha agus na coinníollacha a bhaineann le hailtireacht na teanga a chothú. Níl sé sin maith go leor ach an oiread. Caithfidh siad an t-eolas sin go léir a aistriú go tascanna idé-eolaíochta sna scoileanna. Bíonn tréimhse fhoghlama sna Gaeltachtaí acu chun deiseanna a thabhairt dóibh cumarsáid iomlán a dhéanamh trí Ghaeilge, chun inniúlacht a fháil ar phobal na Gaeltachta agus ar an oideachas cultúrtha sin chomh maith.

Tá sé fíochmhar dúshlánach, agus níl aon duine ag rá nach bhfuil, mar tá na caighdeáin tite go hiomlán ón uair a bhíodh ann. Táimid ag iarraidh ár ndícheall a dhéanamh freastal ar na sainriachtanais a bhíonn aitheanta againn lá i ndiaidh lae sa choláiste.

Ceapaim gur fhreagair an Dochtúir an cheist, faoi dheireadh. D'ainneoin go bhfuil ceithre bliana ann le céim a bhaint amach, tá na caighdeáin tite ón am nach raibh ach dhá bhliain le múinteoirí a oiliúint. Tá dhá cheist don Roinn Oideachais agus Scileanna go bunúsach. Cé mhéad de na múinteoirí atá dá n-oiliúint istigh sna coláistí oiliúna a bhféadfadh comhrá foirfe a choinneáil le duine i nGaeilge? Freagróidh mé an cheist: fíorbheagán. Cuirfidh mé geall leat, nuair a théann príomhchigire isteach sa scoileanna, is trí Bhéarla a chaithfidh seisean nó sise a ghnóthaí nó a gnóthaí a dhéanamh, mar nach mbeidh dóthain Gaeilge lena mhúineadh.

Tá sé spéisiúil mar is seancheist í seo, mar tharla gur scríobhadh bileog nó leabhrán agus foilsíodh é faoi seo - chuir sé olc ar na daoine mór le rá ag an am - sna tríochaidí á rá nach féidir teanga a mhúineadh mura bhfuil sé ar eolas ag an duine. Ní féidir Fraincis a mhúineadh mura bhfuil Fraincis ag an duine.

Má chuireann duine gan Ghaeilge atá cáilithe mar mhúinteoir as ceann de na coláistí oiliúna isteach ar phost i scoil lánGhaeilge, déarfaí leis an scoil lánGhaeilge go bhfuil an duine sin cáilithe le bheith ina mhúinteoir nó ina múinteoir sa scoil lánGhaeilge. Cén uair atá sé i gceist deireadh a chur leis an tseafóid sin?

Professor Pádraig Ó Duibhir

Mar chuid den cheist sin a fhreagairt, is cúrsa ceithre bliana atá ann anois don BA san oideachas agus dhá bhliain ansin sa mháistreacht ghairmiúil. D'fhéadfaí a rá go bhfuil formhór an ama breise caite sna scoileanna seachas sa seomra léachta. Bíonn idirdhealú ar siúl i DCU, i gColáiste Mhuire gan Smál agus in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh sa mhéid is go mbíonn sainchúrsaí ar leith ann chun déileáil le hearnáil na Gaelscolaíochta. Sa chás seo againne, bíonn speisialtóireacht beagnach thart ar dhó dhéag faoin gcéad den chúrsa. Is féidir le daoine rudaí a roghnú ar nós oideachas speisialta, oideachas luath-óige nó corpoideachas, ach tá an Ghaeilge mar ábhar nó speisialtóireacht ar leith nó rud roghnach arbh fhéidir a dhéanamh agus déantar idirdhealú ar an gcaoi sin.

Thacóinn go hiomlán leis an Teachta maidir leis an gcáilíocht. Ar fud na hEorpa, deirtear gur gá leibhéal C1 - chun filleadh ar an gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha - chun ábhar a theagasc tríd an sprioctheanga. Do na múinteoirí atá ag múineadh tríd an mBéarla ar fud na hEorpa, sa Spáinn, sa Ghearmáin agus i ngach áit eile, is leibhéal C1 a éilítear. Ní i gcónaí a bhíonn sé sin acu, mar tá na fadhbanna céanna ar fud na hEorpa maidir le hábhar a mhúineadh trí theanga eile. Is minic an brú atá ag teacht ó Rialtais an Béarla a chur chun cinn. Bíonn múinteoirí bochta gan an cháilíocht chuí nó an cumas cuí a bheith acu. B'shin an rud a nglactar leis: C1. Rachadh sé go mó chun sochair d'earnáil na Gaelscolaíochta dá mbeadh an t-idirdhealú sin déanta ach tá tú ag plé le ceardchumainn agus le go leor rudaí eile chun é sin a bhaint amach.

Gabhaim buíochas leis an Dochtúir Ó Duibhir agus glaoim ar an Teachta Ó Muíneacháin. Beidh neart ama againn le teacht ar ais.

Fáiltím roimh an toscaireacht ollmhór seo, agus an-chuid eolais faighte againn uathu. Cuirfidh mé cúpla ceist ar dtús i gcomhair na Comhairle Múinteoireachta. Tuigim go bhfuil clár ag an gcomhairle d'fhonn múinteoirí a chlárú i gcomhair na gcáilíochtaí. An ndéanann an chomhairle idirdhealú idir múinteoirí a bheadh ag múineadh sna scoileanna Gaeltachta agus sna scoileanna Gaelscolaíochta, idir iad siúd agus na múinteoirí eile ar fad? An bhfuil aon slí idirdhealaithe nó an ndéanann an chomhairle idirdhealú ar cé atá ag múineadh trí Ghaeilge, agus má dhéanann, conas a dhéantar é sin a mheas? An bhfuil self-regulation de shaghas éigin ann nó an lorgaíonn an chomhairle agallamh a chur orthu nó an bhfuil caighdeán éigin á scrúdú chun duine a chlárú mar mhúinteoir i gcomhair Gaelscoile nó scoil Ghaeltachta?

Tá cúpla ceist ansin agam freisin mar gheall ar an Máistir Gairmiúil san Oideachas, MGO, i nGaillimh. Bhí roinnt mhaith eolais san ábhar a seoladh chuig an gcomhchoiste ar maidin. Tá thart ar 37 nduine a bhfuil tar éis an deontas sin a fháil i gcomhair na matamaitice, na heolaíochta agus na nua theangacha. An é sin an líon iomlán daoine, mar sin, atá ag an ollscoil sna hábhair sin? An é sin líon iomlán múinteoirí nua a bheidh ag teacht chun cinn i gcomhair na matamaitice, na heolaíochta agus na nuatheangacha, nó an bhfuil daoine eile sa ghrúpa ansin nach bhfuil tar éis an deontas sin a fháil? Cad é an próifíl atá ag na múinteoirí atá ag teacht amach, cad iad na hábhair atá acu? Tá thart ar 30 duine á gcáiliú gach bliain. Cad é an meascán idir na hábhair éagsúla?

Feictear dom go bhfuil titim chomh maith ar líon na ndaoine agus ar líon na ndaoine ó na Gaeltachtaí. Cad ina thaobh sin, má tá eolas ag an ollscoil faoi sin?

Luadh chomh maith, agus ní fheadar cé a dúirt é, go raibh cúrsa nua in áit éigin ó Mheán Fómhair seo caite. Cén líon daoine nó líon múinteoirí a bheidh ag teacht as sin, agus arís, céard é meascán na n-ábhar atá ann?

Mar gheall ar an continuous professional development, CPD, i gcomhair múinteoirí a bheadh ar fáil do mhúinteoirí a bheadh ag múineadh trí Ghaeilge chun a chinntiú go mbeidh siad in ann an caighdeán Gaeilge a choimeád agus go mbeidh siad compordach, luadh nach bhfuil a leithéid ar fáil. An bhfuil aon eolas ar chéard a dhéanann múinteoirí chun cabhrú leo féin agus an bhfuil aon phlean faoi leith chun an CPD sin a chur ar fáil? Tuigim go bhfuil sé mar chuid de na spriocanna a bheadh ag an gComhairle Múinteoireachta go mbeadh CPD ar fáil i gcomhair múinteoirí sna hábhair éagsúla. Cen fáth go bhfuil an bhearna sin ann? Tá scata ceisteanna ansin, más féidir iad a fhreagairt.

Mr. Tomás Ó Ruairc

Freagróidh mé an cheist maidir leis an idirdhealú sin idir múineadh do ghnáthscoileanna lánBhéarla agus scoileanna Gaeltachta ar an lámh eile. Más ceadmhach dom, a Chathaoirligh, tiocfaidh mé ar ais ag an gcéad cheist a bhí á plé ansin maidir le titim na gcaighdeán, más ea, agus le céard atá i gceist ansin.

Maidir leis an gcéad cheist a fhreagairt ón Teachta Ó Muíneacháin, ní dhéanaimid an t-idirdhealú sin ar an gclár, toisc gur comhlacht reachtúil muid mar a dúradh cheana, atá freagrach as rialáil na gairme seachas as cur i bhfeidhm na gcúrsaí céanna. Nílimid freagrach as scrúduithe a chur ar na múinteoirí. B'shin freagracht na n-ollscoileanna agus caighdeánú na scrúduithe céanna. De réir an Achta um Chomhairle Mhúinteoireachta, tá clár amháin don ghairm agus tá trí no ceithre cinn de bhealaí chuig an gclár sin, is é sin le rá: bunscolaíocht, iarbhunscolaíocht, breisoideachas agus eile. Ní dhéanaimid idirdhealú breise ina dhiaidh sin, taobh istigh de na bealaí sin, má thuigeann an comhchoiste mé.

Titeann an réimse a bhfuilimid ag caint faoi anois, dáiríre, faoi réim fhostaíocht agus fhreagracht an fhostóra agus bainistíocht na scoileanna. Is é sin an mioncheangal a dhéanamh amach idir cháilíochtaí agus na modúil a roghnú d’ábhair oidí atá i mbun na gcúrsaí ar an lámh amháin agus riachtanais na scoile ar an lámh eile. Nuair a fhaigheann siad an ceadúnas uainn, mar an comhlacht reachtúil atá freagrach as na caighdeáin ghairmiúla, tá cead acu do poist i scoileanna poiblí sa tír seo. Ina dhiaidh sin, is faoi bhainistíocht na scoileanna atá sé iad a fháil amach sna ranganna, de réir mar is cuí, dar le bainistíocht na scoileanna.

Mar sin má tá ceadúnas faighte ag múinteoir tíreolais, is féidir leo, de réir chlár na comhairle, a bheith mar mhúinteoir tíreolais sa Ghaelscoil agus sa scoil nach bhfuil ag múineadh trí Ghaeilge.

Mr. Tomás Ó Ruairc

Tá sé beagáinín casta an ceann seo, ach go hoifigiúil, nuair atá siad cláraithe linne, bíodh sé le tíreolas, le mata nó le Béarla nó Gaeilge, cibé ábhar, tá sé cláraithe linne de réir na gcoinníollacha sin. Ina dhiaidh sin, is faoi na scoileanna, iad a chur ag múineadh. Go hoifigiúil, pioctar cibé ábhar is mian leo. Aithneoimid cinnte, an ghairm a chur chun cinn, mar cheann de na freagrachtaí eile atá orainne, agus go bhfuil gá, b'fhéidir, leis an bhfoghlaim ghairmiúil leanúnach ar aontaigh siad a chinntiú, le go mbeidís in ann, ní hamháin an t-ábhar a mhúineadh, ach an t-ábhar a mhúineadh trí Ghaeilge.

Tá dúshlán sa bhreis ach de réir mar a thuigimid agus dé réir na polasaithe a luaigh mé níos túisce, tá siad ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar an gceist sin. Tá idirdhealú ann sa reachtaíocht idir na freagraíochtaí atá againne mar rialaitheoir den ghairm ar an lámh amháin, na hollscoileanna agus céard a dhéanann siad le haghaidh na scrúduithe ar an lámh eile agus na scoileanna agus cén chaoi a dhéanann siad na múinteoirí a bhainistiú.

Nach bhfuil ról ag an gComhairle Mhúinteoireachta chomh maith maidir le fitness to practice?

Mr. Tomás Ó Ruairc

Oiriúnach chun teagaisc. Tá.

Mar sin, is cinnte go mbeadh an Comhairle Múinteoireachta ag féachaint an bhfuil an múinteoir tíreolaíocht sin oiriúnach don scoil sin?

Mr. Tomás Ó Ruairc

Tá mé in ann an ceist a fhreagairt ach tógfaidh sé píosa é a fhreagairt. Tagraím do oiriúnacht chun teagaisc. Tá sé ráite go soiléir ag an Ard-Chúirt go bhfuil sé in ainm agus a bheith ag díriú ar ghearán faoi ábhair "dáiríre". Dúirt an Ard-Chúirt-----

Mr. Tomás Ó Ruairc

Dúirt an Ard-Chúirt faoin rialaitheoir go gcaithfear é sin a shainmhíniú ach caithfear tuiscint chomh maith cé nach deireann an Acht go suíonn an cúram sin atá againn anuas ar an bpróiseas atá ag scoileanna iad féin ó thaobh próiseas smachta ar lámh amháin agus próiseas gearán ar lámh eile a chur chun cinn chomh maith nó a chur i bhfeidhm. Tá an reachtaíocht an-soiléir nár cheart go mbeadh chuile ghearán ar an gcéad céim ag dul díreach chuig an gComhairle Mhúinteoireachta ach ba cheart go mbeadh sé ag dul faoi chéim ag an leibhéal áitiúil i dtosach báire.

Le teacht chuig an chéad ceist ó thaobh titim na gcaighdeán de, caithfimid a admháil go bhfuil an-feabhas tar éis teacht ar sholáthar na gcúrsaí oideachas do na múinteoirí le sé bliana nó seacht mbliana anuas de réir na gcaighdeáin atá leagtha síos ag an gComhairle Múinteoireachta agus de réir polasaithe an Roinn Oideachais agus Scileanna chomh maith céanna. Tá an taighde a léiríonn na deacrachtaí, atá ar eolas againn go léir anseo go han-soiléir ar fad, ag dul siar glúin nó níos mó fiú de réir na seanchúrsaí. Níl sé soiléir dúinn sa Chomhairle Múinteoireachta go bhfuil an titim uafásach sin tar éis teacht ar chaighdeán na gcúrsaí per se ach b'fhéidir go bhfuilimid níos eolaí ar na fadhbanna atá ann agus cúis na bhfadhbanna sin. Mar a dúireadh ag imeachtaí s'againne anuraidh, má táimid ag iarraidh go mbeadh scoileanna don 21ú aois againn, nó le haghaidh oideachas lán-Ghaeilge mar shampla, caithfidh go mbeadh pobal lán-Ghaeilge don 21ú aois mórthimpeall againn chomh maith céanna. Is léir go bhfuil an cheist beagáinín níos casta ná mar a cheapfadh aon duine againn, mé féin chomh maith céanna. Thosaigh mé amach mar mhúinteoir Gaeilge in iar-bhunscoil. Mar a léiríonn an taighde de chuid Dr. John Harris a foilsíodh sna 1980dí, i lár na 1990dí agus san aois seo, an fhadhb is mó a bhí ann dar leis, más buan mo chuimhne, ná muinín na múinteoirí. Má chuirtear amach iad ag múineadh i lár pobal Bhéarla, cén iontas é má thiteann ísle maith ar úsáid na teanga, cibé rud faoi chumas mar tá an-chuid uirlis le cumas a mheas?

Caithfimid a bheith cineál cúramach anseo. Má léiríonn an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge rud ar bith dúinn, léiríonn sé gur ceist ilchasta, ilghnéitheach í seo. Thosaigh mé amach mar léachtóir i gColáiste Oideachas Froebel i tús na 2000dí agus d'airigh mé ag an am go raibh fáinne fí sa chóras mar caitheadh muidne sa choláiste oideachas an-chuid ama ag tabhairt amach faoi chaighdeán na ndaltaí ag teacht isteach againne, caitheadh na bunscoileanna an-chuid ama a thabhairt amach faoi chaighdeán na múinteoirí ag teacht amach as an gcoláiste agus caitheadh na múinteoirí iar-bhunscoileanna an-chuid ama a thabhairt amach faoi chaighdeán na ndaltaí ag teacht isteach chucu siúd. Níl fhios agam an bhfuil feabhas mór tar éis teacht air sin ach an oiread ó thaobh an fháinne fí de. Is dócha go raibh muid chun breathnú go réidh agus go cúramach ar na ceisteanna seo ar fad agus na cúiseanna cuí de réir a chéile. Más féidir liom é seo a rá agus déarfadh duine go géar é seo ar ndóigh, faoin gcreatlach atá leagtha síos ag an gComhairle Múinteoireachta, is dócha go bhfuil deis níos fearr againn mar chóras anois aghaidh comhtháite, comh-ard a thabhairt ar na ceisteanna seo mar a léiríonn an toscaireacht anseo. B'fhéidir nach bhfuilimid san áit ina bhfuilimid ag iarraidh a bheith anois díreach ach tá mé ag ceapadh go bhfuil muid céim níos faide síos an bhóthair ag an am céanna.

Tá ceist agam faoin meascán den dream atá sa choláiste agus an titim sna figiúirí.

Dr. Brendan Mac Mahon

Is féidir liomsa na ceisteanna sin a fhreagairt. Cuir ceist orm mura bhfuil mé soiléir. Bhí an chéad cheist faoi líon na mac léinn a fuair sparánacht ón scéim ó cuireadh tús leis i 2015. Fuair 37 sparánacht, sin an méid. Tháinig 37 isteach a bhí i dteideal sparánachta le mata, eolaíocht nó nuatheangacha agus níl briseadh síos na nuimhreacha sin os mo chomhair ach d'fhéadfá a rá go raibh nuatheangacha ag an ngrúpa is mó taobh istigh den 37 sin, Fraincis don chuid is mó agus Spáinnis agus Gearmáinis chomh maith céanna. Bhí eolaíocht ann chomh maith céanna. Níl líon na mac léinn le heolaíocht ar an méid céanna le nuatheangacha in aon chaoi agus taobh istigh den ábhar sin, d'fhéadfaí é a bhriseadh síos arís. Leis na mic léinn a thagann isteach le heolaíocht, tá níos mó acu le bitheolaíocht sa chéim i gcomparáid le ceimic nó fisic.

An mbéadh daoine ann le heolaíocht, matamaitic agus na nuatheangacha nach mbeadh i dteideal an sparánacht sin a fháil?

Dr. Brendan Mac Mahon

Níl, mar tá na hábhair sin-----

Mar sin, ina iomlán, tá 37-----

Dr. Brendan Mac Mahon

Tá 37 san iomlán sa tréimhse ama sin ó a cuireadh tús leis i 2015. Bhí an dara ceist faoin laghdú-----

Tá laghdú le feiceáil ar líon muintir na Gaeltachta-----

Dr. Brendan Mac Mahon

Tá.

-----atá ag glacadh páirt agus tá laghdú ar an daonra sa chúrsa in iomlán.

Dr. Brendan Mac Mahon

Tá. Ag breathnú air, is féidir a fheiceáil go bhfuil titim suntasach ar líon na ndaoine ó 2014 atá ag teacht isteach ar an gcúrsa ón nGaeltacht. Go traidisiúnta, bhí briseadh síos de 50:50: tháinig 50% ón nGaeltacht. Caithfear é sin a chur i gcomhthéacs an titim atá ag tarlú ag leibhéal náisiúnta sna chúrsaí uilig agus líon na n-iarratasóirí a chuir isteach ar na cúrsaí go náisiúnta ó cuireadh bliain sa bhreis leis an gcúrsa, rud a aontaím leis. Tá sé deacair méar a leagan go soiléir ar an gceann sin. Dhá bhliain ó shin mar shampla, bhí níos mó spéise ag na mic léinn a bhí i mbun céime nó sa bhliain deireanach den chéim i nGaillimh, mar shampla, sa bhunmhúinteoireacht i gcomparáid le meánmhúinteoireacht. Tarlaíonn sé sin uaireanta. Bhí sé sin le tabhairt faoi deara ag na laethanta oscailte chomh maith céanna sna ceisteanna a tháinig ó na daoine a tháinig isteach ar na laethanta sin.

Tá rud éicint eile atá ann chomh maith céanna atá luaite agam sa ráiteas. Tá mic léinn le céimeanna sa Ghaeilge agus tá mic léinn ón nGaeltacht nach bhfuil inniúil nó muiníneach as a gcumas scríofa sa Ghaeilge. Mar a dúirt mé sa ráiteas, is féidir leo a bheith straitéiseach. Níl mé ag fáil locht ar dhuine ar bith anseo. Má tá níos mó muiníne ag duine as a gcumas scríobhneoireachta i mBéarla, is féidir an cúrsa professional master in education, PME, a roghnú i mBéarla. Tá socrúchán scoile le déanamh trí Ghaeilge ach tá an méid sin scríobhneoireachta le déanamh ar chúrsa máistreachta chomh maith céanna - tá miontráchtais nó tionscadal taighde le scríobh i nGaeilge - agus is féidir le daoine nach bhfuil muiníneach an cúrsa i mBéarla a roghnú agus cuireann sé sin leis an titim.

Bhí an tríú ceist faoi na hábhair is mó a bhíodh ann, na cinn is comónta a bhí sna céimeanna, ab ea?

Meascán an grúpa sin atá ag teacht amach anois. An mbeadh leath díobh i gcomhair matamaitic b'fhéidir agus leath díobh i gcomhair eolaíocht nó cén saghas meascán a bheadh ansin? Tá an cheist sin saghas freagraithe ag an Uasal McMahon nuair a labhair sé faoin 37-----

Dr. Brendan Mac Mahon

Ach san iomlán tá mé ag ceapadh go raibh ceist ag an Teachta faoi na hábhair is coitianta. Tá Gaeilge ag an gcuid is mó díobh mar cheann amháin de na hábhair céime. Tá tíreolaíocht agus stair go flúirseach chomh maith céanna.

Luadh cúrsa méanuair.

Dr. T.J. Ó Ceallaigh

Bhí cúrsa againn i gcónaí, cúrsa an M.Oid. san oideachas lán-Ghaeilge i 2013 i gColáiste Mhuire Gan Smál a bhí ag plé go sonrach leis na sainriachtanais aitheanta atá ag múinteoirí ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht i scoileanna lán-Ghaeilge ach ó mí Mheán Fomhair seo chaite, fuair Coláiste Mhuire Gan Smál tairiscint ón Roinn Oideachas agus Scileanna, clár nua a fhorbairt ach go mbeadh an-bhéim go deo an uair seo ar chúrsaí teanga, ar chúrsaí ceannaireachta agus ar chúrsaí bainistíochta, rud nach raibh an-sonrach sa seanchúrsa.

Is féidir liomsa na ceisteanna sin a fhreagairt agus cuir ceist orm mura bhfuil mé soiléir. Bhí an chéad ceist a bhí ag an Teachta faoi líon na mac léinn a fuair sparánacht ón scéim ó a cuireadh tús leis i 2015

Ó Mheán Fómhair 2018, tá 23 tosaithe ar an gclár sin. Tá sparánachtaí iomlána faighte ag na mic léinn sin agus táimid ag plé le teanga agus le hábhair. Clár foghlama cumais trasearnála atá ann. Tá múinteoirí ann ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal, múinteoirí ón nGaeltacht agus múinteoirí ón nGalltacht. Cé go raibh feachtas margaíochta agus feachtas bolscaireachta faoi lán tseol againn i mbliana, níor éirigh linn ach ceathrar a mhealladh ó scoileanna Gaeltachta, cé go raibh turas tugtha do gach scoil Gaeltachta agus go raibh comhfhreagras déanta le gach pobal Gaeltachta ansin. Bhí 16 ó scoileanna lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht.

Tagraím do chúrsaí teanga. Foghlaimítear ábhair trí theanga agus foghlaimítear teanga trí ábhair. Sin an coincheap atá mar chroílár an cúrsa s'againne féin. Tá próifíliú déanta againn ar na mic léinn ar fad. Tá na sainriachtanais teangeolaíochta aitheanta againn, bhí cruinnithe againn leis na mic léinn go haonarach, tá prófíliú agus plean inniúlachta teanga anois ar bun ag na mic léinn sin agus coimeádann siad e-phunann ansin agus caithfidh siad C1 a bhaint amach ar an gcomhchreat tagartha na hEorpa um theangacha. Bhí orthu B1 a bheith acu ag teacht isteach. Tá sé sin réasúnta. Níl sé an-ard do dhuine atá ag múineadh i suíomh lán-Ghaeilge. Mar a dúirt an tOllamh Ó Duibhir, caithfidh C1 a bheith ag duine ar bhonn náisiúnta chun ábhair a mhúineadh sa sprioctheanga sin. Ag teacht isteach anseo, agus na múinteoirí ag múineadh sna chomhthéacsanna seo le blianta, nílimid ag súil ach go mbeidh B1 acu ach ansin tar éis dhá bhliain a chaitheamh ar an gclár linne, táimid ag súil go mbeidh C1 acu ag fágáil. Tá sé sin dúshlánach mar thuras d'fhoghlaimeoir ar bith ach táim dóchasach mar tá an grúpa atá againn chomh spreagtha agus chomh díograiseach sin. Tá infreastruchtúr cruthaithe agus cothaithe againn anois chun scileanna teanga ar fud na n-inniúlachtaí ar fad a shaibhriú ach nuair a thagann sé go múinteoirí ar leith, cé go bhfuil na scileanna labhartha ar ardchaighdeán, mar a dúirt an Dr. Mac Mahon, is ar chúrsaí scríobhneoireachta a táimid dírithe don chuid is mó mar sa choláiste bíonn tascanna le déanamh mar a bheadh ar eolas ag an gcoiste agus bíonn an-chuid scríobhneoireachta ar siúl. Is ansin atá an tacaíocht is luachmhaire ag teastáil ag an bpointe seo.

Professor Pádraig Ó Duibhir

Ba mhaith liom cur leis an gceist sin faoin idirdhealú. Dúirt an tUasal Ó Ruairc go bhfuil deacracht ann le glúin nó mar sin. Ceann de na hathruithe ag an siollabas ag an iar-bhunleibhéal anois ná go bhfuil dhá shonrúcháin ann ag leibhéal an Teastas Shóisearaigh, mar sin tá an siollabas atá ag scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna sa Ghaeltacht níos oiriúnaí do na daltaí sin mar tá sé ar chaighdeán níos airde. Tá rud an-thábhachtach le tarlú leis seo go ceann cúpla bliain, is é sin an méid sin a choinneáil ar aghaidh go dtí leibhéal na hArdteistiméireachta. Ceist pholaitiúil a bheas ansin mar ní dhéanfaidh aon dalta, scoil lán-Ghaeilge nó scoil Gaeltachta, scrúdú a bhfuil níos deacra mura bhfuil luach saothair ann dóibh. Tá cath le troid chun an t-aitheantas a fháil, b'fhéidir phointí breise nó ábhar eile. D'fhéadfaí dhá abhar a bheith ann don Ghaeilge nó pointí breise ach caithfidh luach saothair éigin a bheith ann. Dá mbeadh sé sin ann, bheadh sé i bhfad níos feiliúnaí do na daoine a bheadh ag dul ar aghaidh go dtí an múinteoireacht agus atá ag iarraidh a bheith muiníneach as a gcuid scríobhneoireachta mar bheadh níos mó béime ar an litríocht agus ar an scríobh ná mar atá i gcúrsa na hArdteistiméireachta i láthair na huaire.

Cuid den cúis nach bhfuil caighdeán muiníne ag daltaí Gaeltachta as a gcuid cumais scríobhneoireachta ná nach gá dóibh ardchaighdeán a bhaint amach le A a bhaint amach san Ardteistiméireacht. Is féidir leo A a bhaint amach gan mórán a dhéanamh. Mar a déarfadh an Dr. Mac Mahon, tá siad cliste agus straitéiseach agus cuirfidh siad a chuid ama isteach sna hábhair a gheobhaidh siad na pointí is mó uathu agus beidh A acu sa Ghaeilge gan mórán a dhéanamh. Mar sin, beidh tacaíocht ón gcóras ag teastáil chuige sin.

Tá roinnt ceisteanna agam. Bhí mo ceisteanna scríofa síos ar pháipéar ach bhí mé ag rith timpeall agus níor thóg mé an páipéar liom. Ar ndóigh táimid ag déileáil leis an gceist agus an tuairim atá amuigh ansin i measc a lán Gaelgóirí agus iad siúd atá tar éis teacht trí cúrsa oideachas thar na blianta, go bhfuil titim ar an gcaighdeán i measc múinteoirí atá faoi oiliúint agus tá na finnéithe tar éis a rá linn cheana féin an tslí atá atá siad ag déiléail leis sin.

An bhfuil práinn i gceist maidir le líon na múinteoirí atá ann le múineadh as Gaeilge seachas na múinteoirí le Gaeilge amach anseo mar tá feachtas ann le blianta chun cur le líon na Gaelscoileanna agus leis an nGaelscolaíocht ina iomlán? Má dhéanann muidne, mar pholaiteoirí agus tuismitheoirí agus mar ghnáthbhaill den phobal, cur leis an bhfeachtas sin agus má thagann breis Gaelscoileanna ar an bhfód, agus muna bhfuil go leor múinteoirí ann leis na cáillíochtaí cuí, déanfaidh sé damáiste don íomhá agus don seasamh atá ann thar na blianta go bhfuil scolaíocht den scoth ar fáil i nGaelscoileanna agus go bhfuil seasamh ann i measc a lán den phobal go gcuidíonn sé leis an scolaíocht agus leis an oideachas atá ag dul ar pháistí. Leis an méid sin ráite, cad é an leibhéal folúntais sna cúrsaí atá ar fáil? Tá a fhios agam nach bhfuil an oiread sin ag dul chun tosaigh don múinteoireacht trí Ghaeilge. An ceist is fearr agus an ceist gur chóir go mbeadh muidne ag cur ná cad go díreach gur féidir linn a dhéanamh. Cad iad na hathruithe is gá? Cén cabhair a caithfear tabhairt do na finnéithe, do na Gaelscoileanna agus fiú do na daltaí chun iad a mhealladh i dtreo na múinteoireachta? Ní bheadh an luach saothair ó thaobh déileáil leis an ábhar ag éirí níos deacra ach b'fhéidir go gcuirfeadh sé sin cosc nó srian ar roinnt acu agus níor mhaith linn go mbeadh sé sin mar thoradh ar an athrú atá tar éis teacht.

Professor Pádraig Ó Duibhir

Tagraím do líon na n-áiteanna. Mar atá ráite, sna cúrsaí sainiúla tá an Roinn Oideachais agus Scileanna tar éis conradh a bhronnadh ar an Institiúid Oideachais Marino agus le cúnamh Dé beidh 30 mac léinn B.Oid. don bhunmhúinteoireacht ar fáil ansin agus beidh siad sin ullmhaithe don earnáil trí Ghaeilge, bíodh sé sa Ghaeltacht nó i scoileanna lán-Ghaeilge.

An bhfuil sé sin tosaithe go fóill?

Professor Pádraig Ó Duibhir

Tosóidh sé i Meán Fomhair 2019.

Mar sin beidh sé ag dul ar aghaidh ceithre bliana.

Professor Pádraig Ó Duibhir

Sin é. Tá an máistreacht san oideachas i gColáiste Mhuire Gan Smál ag freastal ar dhaoine atá sa chóras cheana féin agus mar a dúirt an Dr. Mac Mahon tá cúrsa ag an iar-bhunleibhéal so go bhfios dom, sin iad na sainchúrsaí ar leith atá ann. Ó thaobh líon na n-áiteanna, tá sé tábhachtach a rá nach bhfuil aon ghanntanas daoine ag cur isteach ar chúrsaí múinteoireachta bunscoile. Tá an líon céanna ag cur isteach ar na cúrsaí sin ar fud na tíre. Tá an-éileamh go deo ann. Níl na pointí tar éis titim, tá 460 pointe le bheith mar bhunmhúinteoir agus níl aon titim air sin. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh sé sin an-soiléir mar dúirt mé ag ócáidí eile that we do not want to talk ourselves into a crisis mar níl fadhb ann. An t-aon fhadhb atá ann faoi láthair ná nach bhfuil cuid acu sa tír, tá siad thar lear. Sin an áit a bhfuil an fhadhb. Deirtear liom trí na ceardchumainn go bhfuil an daonra ag titim. Tá an fás a bhí ar an daonra bogtha ar aghaidh go dtí an iar-bhunoideachas so beidh líon na ndaltaí sna bunscoileanna ag titim go han-tapaidh ar fad taobh istigh de chúpla bliain. Beidh titim suntasach go leor agus tá mé cinnte go mbeidh na ceardchumainn ag bualadh ar an dorais chun an coibhneas dalta múinteora a laghdú agus na múinteoirí a choinneáil ach mura ndéantar é sin, beidh níos lú múinteoirí ag teastáil. Mar sin, níl aon fhadhb ó thaobh líon na n-áiteanna sa bhunscoil.

Mar a dúirt an Dr. Mac Mahon, ag an iar-bhunleibhéal, is do na cúrsaí iarchéime a ardaíodh an cúrsa ó bhliain amháin go dtí dhá bhliain so tá dúbailt an costas ansin agus tá níos lú daoine ag cur isteach ar na cúrsaí anois.

Ceann de na rudaí atá ar siúl againn, agus tá a fhios agam go bhfuil sé ar siúl in ollscoileanna eile, ná ó thaobh cúrsaí teanga de, Meán Fomhair seo chugainn le cúnamh Dé, má tá mo chomhghleacaithe ar chlé anseo sásta leis an iarratas atá déanta, beidh cúrsa againn i nGaeilge agus i dteanga eile ar nós Spáinnis, Fraincis nó Gearmáinis. Cúrsa ceithre bliana a bheidh ann le haghaidh múinteoirí iar-bhunscoile. Cuid den chuspóir atá ag teacht taobh thiar de sin ná in imeacht ceithre bliana, le cabhair ó údarás an mbord oideachais atá inár láthair freisin ó thaobh deontais de, is féidir le duine dul trí sin i ceithre bliana b'fhéidir ag costas €3,000 sa bhliain nó má tá an deontas le fáil b'fhéidir nach mbeidh aon chostas ag brath ar ioncam na dtuismitheoirí, ach sin ceithre bliana le bheith cáilithe go hiomlán mar mhúinteoir le hais trí nó ceithre bliana bunchéime agus ansin dhá bhliain, córas atá i bhfad níos costasaí.

Anuas ar sin, is daltaí atá ag déanamh na hArdteistiméireachta ach go háirithe-----

Chuaigh mé ar stré. Níor thuig mé é sin. An mbeidh cúrsa nua i gceist ar feadh ceithre bliana seachas dhá chúrsa?

Professor Pádraig Ó Duibhir

Is ea, cúrsa nua atá ann.

Agus beidh an múinteoir oilte mar mhúinteoir.

Professor Pádraig Ó Duibhir

Sin é.

An mbeidh sé trí Bhéarla nó trí Ghaeilge?

Professor Pádraig Ó Duibhir

Beidh an Gaeilge múinte trí Ghaeilge, beidh siad ag caitheamh seimeastar amháin i tír ina bhfuil Fraincis, Gearmáinis nó Spáinnis so beidh siad ag foghlaim trí Bhéarla-----

Seo cúrsa nua maidir le chuile theanga.

Professor Pádraig Ó Duibhir

Gaeilge agus teanga amháin eile. Beidh dhá theanga acu. Caithfidh siad Gaeilge a roghnú agus ansin tá rogha Fraincis, Gearmáinis nó Spáinnis acu mar dhara theanga.

Ach trí Bhéarla.

Professor Pádraig Ó Duibhir

Ba cheart mo mbeadh mo Fhraincis múinte trí Fhraincis agus an Gearmáinis trí Ghearmáinis agus an Spáinnis trí Spáinnis-----

Tuigim ach mínigh é sin.

Professor Pádraig Ó Duibhir

-----agus beidh an Gaeilge trí Ghaeilge. Beidh cuid den chúrsa trí Bhéarla, beidh cuid den applied linguistics, an teangeolaíocht fheidhmeach agus conas teangacha a mhúineadh trí Bhéarla ach beidh cuid di trí Ghaeilge chomh maith agus beidh siad ag caitheamh tréimhse thar lear ina mbeidh siad ag staidéar trí Fhraincis, trí Ghearmáinis nó trí Spáinnis.

Cá fhad a chaithfidh siad thar lear? Coicís?

Professor Pádraig Ó Duibhir

Ní hea, seimeastar. Sin leathbhliain.

An mbeidh siad ag déanamh coicís sa Ghaeltacht?

Professor Pádraig Ó Duibhir

Ní hea, beidh siad ag caitheamh dhá mhí sa Ghaeltacht mar sin atá leagtha síos ag an gComhairle Mhúinteoireachta.

Ach go ginearálta déantar coicís sa Ghaeltacht, nach ea?

Professor Pádraig Ó Duibhir

Ní hea. Ag an mbunleibhéal is dhá thréimhse coicíse atá ann-----

Sin a bhfuil i gceist agam.

Professor Pádraig Ó Duibhir

-----agus ansin ag an iar-bhunleibhéal, caithfidh dhá mhí a bheith caite ag cónaí i gceantar Gaeltachta.

Níl seimeastar i gceist leis seo so an bhfuil sé i bhfad níos éasca Gaeilge a fhoghlaim nuair nach bhfuil ach dhá thréimhse coicíse i gceist?

Professor Pádraig Ó Duibhir

An rud atá leagtha síos don bhunmhúinteoireacht ná dhá thréimhse coicíse.

Is ea ach an ceist atá agamsa ná, má tá seimeastar ag teastáil le Fraincis agus Gearmáinis, an bhfuil sé chomh héasca sin Gaeilge a fhoghlaim gur féidir le bunmhúinteoirí é a dhéanamh i dtréimhse coicíse? B'fhéidir go bhféadfadh an Roinn Oideachais agus Scileanna é sin a fhreagairt.

Ms Eibhlín Ní Scannláin

B'fhéidir go bhfuil siad ag teacht ó theangacha eagsúla ag foghlaim na Gaeilge a bhí déanta ón mbunscolaíocht suas ar fad go dtí leibhéal na hArdteistiméireachta agus ansin leanann siad ar aghaidh leis an staidéar agus leis an bhfoghlaim ansin. Is cinnte go bhféachtar air sin nuair a bhíonn creidiúnt nua á thabhairt do chúrsaí oideachais do mhúinteoirí agus a leithéid sin chomh maith.

Dr. T.J. Ó Ceallaigh

Luaigh an Teachta Ó Snodaigh an focal práinn. Tá práinn bainteach leis seo. Mar is eol dúinn go léir tá géarchéim ann. Tá na sonraí taighde amuigh ann a léiríonn go bhfuil géarghá dul i ngleic leis seo agus ní fiú a bheith ag caint faoi muna bhfuilimid gníomhach.

Chuir an Teachta Ó Snodaigh ceist orainn chomh maith maidir le treoir a thabhairt do na baill maidir le bheith gníomhach. Tá sé beagáinín náireach agus sinn anseo ar imeall na hEorpa agus tá uirlis don phleanáil agus don mheasúnú teanga ar fud na hEorpa in úsáid ag institiúidí éagsúla do mhúinteoirí atá ag múineadh trí an dara teanga, sé sin an comhchreat tagartha na hEorpa um theangacha agus níl ach blaiseadh de sin againn anseo anois de rud atá ar bun in institiúidí eile ar fud na hEorpa agus i gCeanada chomh maith. Ó thaobh múinteoirí i nGaelscoileanna, i nGaelcholáistí agus i scoileanna Gaeltachta, múinteoirí atá ag múineadh na Gaeilge i scoileanna lán-Bhéarla agus múinteoirí atá ag múineadh ábhair trí Ghaeilge i scoileanna lán-Bhéarla, tá uirlis ansin a cabhróidh linn go mór, ach aitheantas a bhronnadh ar a leithéid de uirlis, mar ní bheidh spéis ag mic léinn dul i ngleic le scrúduithe agus trialacha muna bhfuil stádas ar leith bronnta ag a leithéid de uirlis ar dtús mar chéad chéim.

Tagraím do na cúrsaí PME. Tá sé riachtanach go mbeidh B1 ag na hiarratasóirí ar an scála sin ag teacht isteach. Tá sé sin go hiontach ar fad go bhfuil sé sin aitheanta-----

Mínigh na focail sin le do thoil.

Dr. T.J. Ó Ceallaigh

An comhchreat tagartha na hEorpa-----

No, mínigh an PME.

Dr. T.J. Ó Ceallaigh

Máistir gairmiúil le hoideachas, MGO. Tá sé aitheanta ag an leibhéal sin ach faoi mar a bhí á rá ag an Ollamh Ó Duibhir, caithfidh C1 a bheith ag duine san Eoraip le bheith ag obair sa sprioctheanga. Nílimid ann in aon chor anseo agus is trua sin.

Tá B2 ag teastáil.

Dr. T.J. Ó Ceallaigh

Tá B1 ag teastáil chun teacht isteach ar an gcúrsa seo. Tá sé sin mar chritéir agus ansin sa chúrsa s'againne i gColáiste Mhuire Gan Smál, tá B1 ag teastáil ag teacht isteach agus caithfidh an t-iarratasóir a bheith ag múineadh i scoil lán-Ghaeilge le blianta b'fhéidir, agus tá C1 ag teastáil ag dul amach. Tá sé práinneach agus tá géarghá leis seo ach go háirithe ag an iar-bhunleibhéal mar tá múinteoirí ansin nach bhfuair oiliúnt nó tacaíocht riamh leis na sainscileanna teanga atá acu. Tá siad cáilithe mar mhúinteoirí matamaitice agus mar mhúinteoirí eolaíochta agus faigheann siad poist i meánscoil éigin ach go tobann ansin, bíonn orthu an t-ábhar sin a mhúineadh trí Ghaeilge gan taithí ar bith acu ar conas é sin a dhéanamh agus b'fhéidir nach bhfuil an cumas teangeolaíochta acu ach an oiread chun an jab sin a dhéanamh go héifeachtach. Tá géarghá dul i ngleic leis seo agus chun tacaíocht a chur ar fáil do no múinteoirí, ach go háirithe iad siúd atá ag feidhmiú anois sna Gaelcholáistí agus sna scoileanna Gaeltachta ag an iar-bhunleibhéal nach bhfuil muiníneach as an gcumas atá acu sa Ghaeilge nó conas ábhar a mhúineadh trí Ghaeilge.

Cá bhfuil an moill ó thaobh an aitheantas sin?

Dr. T.J. Ó Ceallaigh

Níl ach sainchúrsa amháin sa tír faoi láthair ag an iar-bhunleibhéal, sé sin an MGO i nGaillimh. Tá sé léirithe go leanúnach go bhfuil géarghá le tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil. Tá srian ar na huimhreacha in Ollscoil Éireann Gaillimh, NUIG, chomh maith ach táim cinnte go mbeidh an Dr. Mac Mahon in ann labhairt faoi.

Dr. Brendan Mac Mahon

Bhíodh deacrachtaí maidir le quota nuair nach raibh ann ach cúrsa bliana agus bhí 40 ann go hiondúil ar an gcúrsa sin. Leis an gcúrsa nua de dhá bhliain, táimid ag súil go mbeidh 35 ar an gcúrsa sin chuile bhliain ach ag breathnú ar na figiúirí sin, feiceann na baill nach bhfuil. Tagaim 100% leis an méid atá ráite ag an Dr. Ó Ceallaigh agus ag an Ollamh Ó Duibhir. Tá práinn ann maidir le soláthar. Tá muidne ag rá go bhfuil deacrachtaí maidir le caighdeán chomh maith céanna. Ní féidir just a bheith ag díriú ar sholáthar amháin, caithfear díriú ar chaighdeán agus bhí an caighdeán scríbhneoireachta luaite anseo. Níl aon dabht ach go bhfuil fostaíocht ag 100% de na mic léinn a imíonn ón gcúrsa atá againne, an máistir gairmiúil. Faigheann siad postanna i scoileanna Béarla, i nGaelcholáistí agus i scoileanna Gaeltachta ach imíonn siad thar lear freisin. Tá scoth na múinteoirí atá tagtha amach as an gcúrsa sin a d'imigh go Dubai. Ní féidir a bheith cinnte go bhfanfaidh siad san earnáil, ná bí ag caint faoin tír fiú.

Mar atá ráite ag an Ollamh Ó Duibhir, caithfear luach a chur ar chúrsa a dhéanamh trí Ghaeilge. Ceann de na moltaí a bheadh againn ná b'fhéidir sparánacht a chur ar fáil do mhic léinn atá sásta cúrsa a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá an teastas teagaisc don earnáil Ghaeloideachais curtha le chéile ag foireann an mháistir gairmiúla san oideachas i nGaillimh atá ar fáil do mhic léinn ar na cúrsaí oiliúnt tosaigh muinteoirí trí Bhéarla ar fud na tíre ach is rud roghnach é sin. Má tá spéis acu é a dhéanamh, is féidir leo é a dhéanamh. Caithfear luach a chur ar an gcinneadh a dhéanann iarratasóir chun cúrsa a dhéanamh trí Ghaeilge.

Aontaím freisin leis an méid atá ráite ag an Dr. Ó Ceallaigh agus ag an Ollamh Ó Duibhir go gcaithfear úsáid a bhaint as an gcomhchreat tagartha mar shlat tomhais le cabhrú linn uilig chun breathnú ar chaighdeán na mac léinn agus iad ag fágáil na cúrsaí seo. Mar pholaiteoir, b'fhéidir gur fhág an tUasal Ó Snodaigh ceist an-oscailte dúinn faoi cad gur féidir le polaiteoir a dhéanamh. Is féidir go mbeadh na mic léinn ar na cúrsaí seo ag rá go dtógann sé ceithre bliana céim a bhaint amach agus ansin tá dhá bhliain anuas air sin le cáilíocht mar mhúinteoir meánscoile a bhaint amach ach má tá tuarastal ceart ar fáil dóibh ag an deireadh, b'fhéidir go mbeadh níos mó spéise acu tabhairt faoi na cúrsaí agus sé bliana a chaitheamh i mbun staidéir agus i mbun na hoibre sin.

Tá na haltraí fós i mbun stailce.

Cothromas amháin a bheadh ann ná go cuirfí deireadh leis an éagóir atá á déanamh ar mhúinteoirí óga, go bhfuil siad ar scála níos lú ná mar atá na múinteoirí atá ann le fada.

Dr. Brendan Mac Mahon

Tá.

Aontaím leis an Dr. Mac Mahon go hiomlán. Tacaím go hiomlán leis sin. Tá sin ag teastáil agus is éagóir a bhí ann ó thús go deireadh.

Chun luach a chur ar an gcúrsa Gaeilge chun na daltaí a mhealladh chuig an cúrsa, cibé cúrsa atá ar siúl trí Ghaeilge. An é an luach sin atá in easnamh?

Dr. Brendan Mac Mahon

Luach ar an rogha atá le déanamh ag na mic léinn ionas go roghnaíonn siad-----

Tá sé níos éasca cúrsa eile a roghnú.

Dr. Brendan Mac Mahon

Caithfidh mé a rá go bhfuil.

Má tá duine óg ag breathnú ar an gcúrsa seo agus is cúrsa trí Ghaeilge é, déarfaidh siad leo féin go rachaidh siad an treo eile agus tá an Dr. Mac Mahon ag rá gur ceart rud ar nós sparánacht a chur ar fáil.

Dr. Brendan Mac Mahon

Sin moladh atá agam.

Dr. Brendan Mac Mahon

Nuair a táimid ag caint faoi chaighdeán na Gaeilge agus caighdeán Gaeilge na múinteoirí, caithfear idirdhealú a dhéanamh idir chaighdeán na Gaeilge labhartha agus chaighdeán na Gaeilge scríofa. Ní féidir just a bheith ag breathnú ar an nGaeilge mar rud iomlán ar aonad agus tá scoth na gcainteoirí ag roghnú cúrsaí in oiliúnt tosaigh múinteoir a dhéanamh trí Bhéarla toisc nach bhfuil siad muiníneach as a gcuid caighdeán scríofa.

Sin fadhb amháin. Tá scoth na gcainteoirí nach bhfuil sásta na cúrsaí seo a dhéanamh. Ansin tá na daoine eile nach bhfuil scoth na Gaeilge acu. Caithfear iad a mhealladh agus tacaíocht a thabhairt dóibh freisin.

Dr. Brendan Mac Mahon

Dá mba rud é go raibh an slat tomhais céanna in úsáid ar chuile chúrsa-----

Cén fáth nach bhfuil? Tá an rud léite agam agus tá sé deacair mo cheann a fháil timpeall air. Ní de bharr easpa oibre mo easpa tuisceana. Ní thuigim é. Cuireann Ollscoil Éireann Gaillimh béim ar leibhéal ar leith. Cén leibhéal atá ag teastáil?

Dr. Brendan Mac Mahon

Leibhéal B1 sa Ghaeilge labhartha ag teacht isteach.

Agus ag imeacht?

Dr. Brendan Mac Mahon

Ní leagaimid síos caighdeán ach feiceann na baill go gcuirimid tacaíocht ar fáil do na mic léinn feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge scríofa agus go bhfuil luach curtha leis sin mar chuid den chúrsa. Tá 10% den chúrsa dírithe ar chaighdeán na Gaeilge scríofa.

Cé air atá an freagracht é seo a athrú agus an comhchreat tagartha a úsáid mar shlat tomhais?

Dr. Brendan Mac Mahon

Sin ceist.

An féidir leis na saineolaithe atá anseo í a fhreagairt?

Professor Pádraig Ó Duibhir

Tá a fhios agam go bhfuil finnéithe An Chomhairle Mhúinteoireachta in aice liom ach is dóigh liom gur faoin gComhairle Mhúinteoireachta atá sé é sin a leagan síos mar chritéar. An moladh a rinne mise mar chuid den phaipéar a leag mise isteach ná go ndéanfaí na scrúduithe ollscoile a thagarmharcáil nó benchmarking a dhéanamh ar na scrúduithe ollscoile leis an bhfráma tagartha mar d'fhéadfadh sé tarlú nach bhfuil gach cúrsa i ngach ollscoil sa tír mar an gcéanna ach dá ndéanfaí iad a thagarmharcáil leis an gcomhchreat, ar a laghad bheadh muid go léir ag caint faoin gcaighdeán céanna ag an bpointe sin agus bheadh sé sin mar bheart praiticiúil go bhféadfaí a dhéanamh.

Bhí cúpla ceist eile ann ó thaobh spreagadh nó incentive de. Bhí géarchéim eacnamaíochta sa tír mar is eol do gach éinne agus baineadh cuid mhaith liúntas agus pá agus mar sin de. Mar sin, tá an cothromaíocht pá ann ach baineadh an liúntas a bhí ann le múineadh trí Ghaeilge freisin. Bhí buntáiste beag ag múinteoirí a bheith ag múineadh trí Ghaeilge agus fuarthas réidh leis sin. Bhí liúntas eile ann agus chonaiceamar an samhradh seo caite cé chomh deacair agus a bhí sé múinteoirí a earcú do na scoileanna Gaeltachta ar na hoileáin. Bhí cabhair ar fáil do mhic léinn bhunmhúinteoireachta tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht agus fuarthas réidh leis sin agus ansin-----

Níl tacaíocht ar bith le fáil mar sin.

Professor Pádraig Ó Duibhir

-----bhí deontas ar leith ann do iardhaltaí Ghaeltachta freastal ar chúrsaí sna hollscoileanna agus fuarthas réidh le gach aon deontas mar sin. Sin rud amháin ach dá bhféadfainn an pointe deireanach a dhéanamh agus rinne mé tagairt do seo ag an dtús, tá an córas oideachais fíorthábhachtach ó thaobh mionteangacha a chaomhnú ach ní leor an córas oideachais. Tá beartaithe sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge nach bhfuil gá cur i bhfeidhm a bhaineann leis cad atá le tarlú lasmuigh den chóras oideachais. Go dtí go dtarlaíonn na rudaí sin, ní bheidh rath ar an gcóras oideachais. Tá sé léirithe agam i dtaighde atá déanta agam ar iar-dhaltaí Gaelscoile nach bhfuil Gaeilge á labhairt acu, fiú amháin nuair a bhíonn páistí acu, go seolann siad na páistí ar ais go dtí na Gaelscoileanna ach níl siad ag labhairt Gaeilge sa bhaile leis na páistí mar níl normalú déanta ar an nGaeilge. Mar sin níl sa chóras oideachais ach cuid amháin den bheart agus den phleanáil teanga. Seo an áit a thagann polaiteoirí isteach agus ní mór níos mó béime a leagan ar na rudaí eile agus cabhródh sé sin leis an gciorcal fí seo a bhriseadh.

Mr. Tomás Ó Ruairc

Is dóigh liom go bhfuil sé go maith go bhfuil comhghleacaithe ó earnáil an tríú leibhéal anseo chun cúpla ceist a shoiléiriú. Tá An Chomhairle Mhúinteoireachta tar éis caighdeán B2.2 a leagan síos don Ghaeilge mar chaighdeán cheana féin. Is dóigh liom go dtéann sé siar ar ais go dtí-----

Mr. Tomás Ó Ruairc

B2.2.

Cad a chiallaíonn sé sin do dhaoine nach bhfuil gafa sa chóras oideachais? An mbeadh siad in ann a bheith istigh sa chruinniú seo agus a ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

Mr. Tomás Ó Ruairc

Braitheann sé sin. Tá mé ag iarraidh an ceist ón gCathaoirleach a fhreagairt ar dtús mar tá caighdeán leagtha síos. Tá muidne freagrach as chaighdeáin ghairmiúla, ní as chaighdeáin acadúla. Braitheann an córas dáiríre s'againne ar an tuiscint go bhfuil córas ag na hollscoileanna, iad faoi National University of Ireland, NUI, mar shampla, lena rá 2.1 nó cibé rud. Má tá an comhchreat le cur i bhfeidhm trasna na hollscoileanna, sin ceist do na hollscoileanna ach tá An Chomhairle Mhúinteoireachta tar éis caighdeán a leagan síos ó thaobh caighdeán na gairme de cheana féin. Caithfear tógáil san áireamh chomh maith céanna, dá mba rud é go raibh caighdeán iontrála nó imeachta leis an gceist seo a réiteach, ní bheadh muid inár suí anseo tráthnóna. Tá i bhfad níos mó ná sin i gceist. Cinnte tá tábhacht leo agus tá gá leo ach tiocfainn leis an méid a dúirt an tOllamh Ó Duibhir ansin go bhfuil i bhfad níos mó ná sin i gceist. Tar éis dóibh cáiliú, tá an tréimhse ionduchtaithe mar mhúinteoirí nuacháilithe agus níos tábhachtaí fós agus muid ag caint trathnóna, tá os cionn 105,000 múinteoir ar an gclár s'againne trasna na n-earnálacha ar fad agus a bheas ag múineadh go ceann 20, 30 nó b'fhéidir 40 bliain. Luadh foghlaim gairme leanúnach agus na hiarrachtaí ansin níos túisce ach ní raibh mórán plé faoi go dtí seo faraor. Tá sin fíórthábhachtach.

Tagraím don cheist ón Teachta Ó Snodaigh maidir le daoine a mhealladh. Tá go leor go bhféadfainn a rá ach déanfaidh mé pointe tábhachtach amháin. Mar a dúireadh ag comhdháil ag ar labhair mé féin bliain go leith nó dhá bhliain ó shin, tá earnáil Gaelscolaíochta, agus ardaíodh mise in earnáil na Gaeltachta, ar cheann de na hearnálacha go bhféadfaí a rá, dá sásódh duine an caighdeán, gheobhadh duine post buan láithreach nach mór but níl sé sin ar eolas ag an bpobal go ginearálta. Tá cúpla rud simplí mar sin go bhféadfadh muid a ardú agus a thrusáil níos fearr. Ar ndóigh, tógfaidh sé am ar dhaoine an bealach cáilíochta a leanúint leis seo a bhaint amach ach mar sin tá cúpla rud go bhféadfadh muid a dhéanamh agus a rá le daoine a mhealladh i dtreo ní hamháin na múinteoireachta mar tá sin mar cheann de na cloiche is mó inár bpaidrín mar eagraíocht, ach chomh maith céanna i dtreo earnáil na Gaelscolaíochta.

Ms Eibhlín Ní Scannláin

Táimid tar éis a bheith ag caint cuid mhaith ar chúrsaí caighdeán. Ag leibhéal an iar-bhunoideachais luaigh an tOllamh Ó Duibhir níos luaithe go bhfuil na sonraíochtaí nua don Ghaeilge ailínithe a bheag nó a mhór leis na leibhéil A2 go dtí B1 i gcás sonraíochtaí do scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla don chuid is mó agus B1 agus B2 i gcás na sonraíochtaí don earnáil a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge. Anois agus sinn ag tosú amach ar athbhreithniú a dhéanamh ar an soláthar a thagann don Ardteistiméireacht, dar ndóigh beifear ag féachaint arís ar na caighdeáin ansin agus conas gur féidir iad a ailíniú a bheag nó a mhór nó mar sin leis an gcomhchreat tagartha na hEorpa um theangacha ach ní mhór dúinn a mheabhrú chomh maith go bhfuil an comhchreat sin dírithe ar fhoghlaim teangacha mar dhara teanga don chuid is mó agus tuigimid an comhthéacs éagsúil ina bhfuilimid ag feidhmiú anseo in Éirinn chomh maith.

Rachaidh mé ar ais go ceist níos simplí. Má tá mise cáilithe mar mhúinteoir leis an gComhairle Mhúinteoireachta, an bhfuil aon chosc orm dul ag múineadh i nGaelscoil?

Ms Eibhlín Ní Scannláin

Ní bheadh.

Mar sin níl aon cháilíocht Gaeilge faoi leith ag teastáil le dul ag múineadh i nGaelscoil. An féidir leis na finnéithe freagra simplí a thabhairt ar an gceist shimplí sin?

Ms Eibhlín Ní Scannláin

Tá teastas teagasc na Gaeilge ar fáil á reachtáil-----

Ní hé sin an ceist a chuir mé, táim ag caint mar gheall ar bhunscoileanna. Má tá duine cáilithe mar mhúinteoir agus cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta, b'shin le rá gur féidir dul ag múineadh in aon bhunscoil sa tír.

Ms Eibhlín Ní Scannláin

Is féidir.

Cén uair atá sé i gceist ag an Roinn Oideachais agus Scileanna an polasaí sin a athrú?

Ms Eibhlín Ní Scannláin

Ní fhéadfainn é sin a rá leis an Teachta anois ach gan dabht, beifear ag breathnú ar gach nith a bhaineann leis an soláthar atá ann.

An bhféadfadh an Uasal Ní Scannláin a rá liom an gcreideann sí go bhfuil formhór na múinteoirí a thagann amach as na coláistí oiliúna agus as na cúrsaí seo ar fad go bhfuilimid ag cloisteáil fúthu i gcaitheamh an tráthnóna inniúil ar mhúineadh trí mheán na Gaeilge i mbunscoil?

Ms Eibhlín Ní Scannláin

Is daoine iad a bhfuil a gcáilíochtaí bainte amach acu agus caithfimid glacadh leis sin gur daoine gairmiúla iad agus go bhfuil a gcáilíochtaí bainte amach acu.

Tá mé ag ceapadh gurb é an finné an t-aon duine sa tír - ó a bheith ag plé le daoine atá cáilithe mar mhúinteoirí níl bealach ar bith go bhféadfadh siad dul isteach i nGaelscoil agus a shaoil a chaitheamh trí mheán na Gaeilge. Níl aon réiteach ar fhadhb mura n-aithnítear an fhadhb. Seo an fhadhb leis seo an t-am uilig. Tá mé ag dul timpeall i gciorcal mar níl an Roinn Oideachais agus Scileanna ag déileáil leis.

Is cuimhin liom múinteoir bunscoile san ardchathair anseo a bhí mar phríomhoide ar scoil lán-Ghaelach. Bhí fadhb aige mar bhí painéal ann agus bhí liosta mór daoine ar an bpainéal agus nuair a bhí sí ag glaoch orthu, ní raibh siad in ann comhrá a choinneáil léi i nGaeilge. Is cuimhin liomsa dul chuig an iarAire O'Rourke, agus taispéanann sé sin chomh fada siar agus atá sé, agus dúirt mé léi gur seafóid é seo agus d'iarr mé uirthi cén fáth nach raibh painéal faoi leith nó cáilíocht faoi leith le bheith réalaíoch faoin gceist seo. Mar a dúirt mé, séard a chaithfeadh na múinteoirí a rá ná in ainm Dé gan cur isteach ar an scoil seo mar ní raibh siad in ann a ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis an té a bhí ag iarraidh iad a chur faoi agallamh. Tá sé píosa fada ó a bhí an t-iarAire O'Rourke ina hAire. Más buan mo chuimhne, sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, thug muid faoin gceist seo ag tá sé sin ann ó 2010 agus níl tada déanta faoi. Ní déarfaidh mé níos mó ná sin mar creidim go bhfuil mo phointe déanta go soiléir agus tá súil agam go bpléifidh an ceist seo nuair a bheidh cruinniú príobháideach ann agus nuair a bheidh muid ag réiteach tuarascáil ar an gceist seo.

Rachaidh mé chuig an dara rud gur mhaith liom ceist a chur faoi. Bhíodh córas ann ó thaobh scoláirí Galltachta a chur go dtí an Ghaeltacht. Bhí córas iontrála faoi leith bunaithe ar scéim labhairt na Gaeilge. Éinne nach raibh ag teacht faoi scéim labhairt na Gaeilge, ní raibh siad san iomaíocht ó thaobh áiteanna sna coláistí oiliúna le daoine nach raibh scéim labhairt na Gaeilge faighte acu. An bhfuil aon bhaint le deireadh a chur le scéim labhairt na Gaeilge le laghdú ar líon na ndaltaí ón nGaeltacht atá ag dul go dtí na coláistí oiliúna?

Tá mo thríú ceist don Roinn Oideachais agus Scileanna. An bhfuil polasaí ag an Roinn go gcaithfear chuile ábhar oide ar bhonn riachtanach ar a laghad seimeastar amháin sa Ghaeltacht agus go n-íocfadh an Roinn Oideachais agus Scileanna as sin? De réir mar a thuigim, nuair a fhaigheann duine Erasmus agus na cúrsaí seo, íoctar duine le dul.

An bhfuil sé i gceist na liúntais Gaeilge, Gaeltachta agus oileáin a thabhairt ar ais?

Ms Eibhlín Ní Scannláin

Tagraím do na liúntais. Tuigimid an comhthéacs inar b'éigean gan leanúint ar aghaidh leis sin agus-----

Cé mhéad a bhí an costas?

Ms Eibhlín Ní Scannláin

Níl a fhios agam.

Tá mise in ann a insint di. Ní raibh aon údar airgid ag baint leis.

Ligfidh mé don Teachta teacht ar ais-----

Tá a fhios agam, ach tá seafóid á rá ó thaobh teanga de.

-----ach lig don fhinné an ceist a fhreagairt.

Ms Eibhlín Ní Scannláin

Tuigimid ón gcás ina bhfuil scoláirí chomh maith agus coimeádann an Roinn na nithe seo faoi bhreithniú i gcónaí agus faoi láthair tá an-bhrú ag leanúint ar aghaidh ar chúrsaí buiséid ach coimeádfar cúrsaí faoi bhreithniú.

Professor Pádraig Ó Duibhir

Tagraím do líon na n-iarrthóirí Gaeltachta ar na cúrsaí bunoideachais. Cuirtear 10% de na háiteanna ar leataoibh do dhaltaí ón nGaeltacht agus bíonn laghdú pointí i gceist ansin. Is féidir liom a rá faoi Dublin City University, DCU, agus faoi Choláiste Phádraig Droim Conrach roimhe sin le 15 bliana anuas, b'fhéidir go mbeadh 120. Sin an cinéal leibhéal iarratais so ní líontar an 10% sin de na háiteanna. Mar sin, ní fheicim go bhfuil aon tionchar nó aon athruithe. Tá na háiteanna sin ar fáil i gcónaí.

Tá ceist agam faoi sin. Tá 10% de na spásanna curtha ar leataoibh do dhaltaí as na Gaeltachtaí. An bhfuil aon céatadán curtha ar leataoibh do dhaoine as Gaelscoileanna?

Professor Pádraig Ó Duibhir

Níl.

Is féidir le duine as oileán cur isteach. D'fhéadfadh duine ó oileán a fuair a cuid nó a chuid oideachas ar fad trí Bhéarla cur isteach mar dhalta Gaeltachta agus gheobhadh siad an lascaine mar tá deireadh le scéim labhairt na Gaeilge agus ní bhféadfadh gasúr as Gaelscoil.

Nuair a bhí mé ag léamh seo, chonaic mé an 10% agus rith an ceist liom, cén fáth nach bhfuil céatadán do dhaoine as Gaelscoileanna ar fud na tíre. Uaireanta bíonn caighdeán i bhfad níos airde ag daltaí Gaelscoileanna.

Professor Pádraig Ó Duibhir

Is rud stairiúil atá ann, ní rud a leag na coláistí oiliúna, mar a bhí, síos. Glacaim leis go raibh baint ag an Roinn Oideachais agus Scileanna leis an scéim sin an chéad lá riamh agus is dócha go bhfuilimid ag dul siar 60 bliain nó níos mó nuair a tugadh rud mar sin isteach. Nuair a cuireadh deireadh le scéim labhairt na Gaeilge, an córas a bhíonn ann ná go mbíonn cód iontrála ar leith faoin Central Applications Office, CAO. Cuireann na daltaí Ardteistiméireachta isteach faoi chód ar leith agus tá mé cinnte go bhfuil an córas céanna i gColáiste Mhuire gan Smál, i Froebel agus in Institiúid Oideachais Marino. Éinne a chuireann isteach faoin gcód sin, is faoin Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta atá sé breithiúnas a dhéanamh ar na hiarrthóirí sin an bhfuil caighdeán sách maith acu agus an féidir leo a chruthú gur tógadh iad leis an nGaeilge mar phríomhtheanga. Ní bhíonn aon bhaint ag na coláistí oideachais le fadhb mar sin-----

Tá measúnú i gceist ó thaobh inniúlachta na Gaeilge de, an bhfuil?

Professor Pádraig Ó Duibhir

Tá measúnú éadrom mar a déarfá, ach tá measúnú éigin i gceist.

Dr. T.J. Ó Ceallaigh

Tá moladh agam leis sin chomh maith. Cad is caighdeán ann? Is cosúil go bhfuil caighdeáin éagsúla againn go léir. Ag teacht ar ais go dtí an pointe eile a luadh maidir le tacaíocht a lorg, tá Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht chomh maith agus caithfimid a bheith cinnte de go bhfuil an Gaeilge beo taobh amuigh den Ghaeltacht. Caithfimid smaoineamh faoi daltaí a fhreastalaíonn ar Ghaelcholáistí agus daltaí a fhreastalaíonn ar scoileanna lán-Bhéarla atá ar ardchaighdeán maidir le múineadh na Gaeilge agus tá a leithéid de scoil ann leis. Tagann siad isteach go dtí an coláiste agus ní fhaigheann siad liúntas ar bith mar a tógadh agus rugadh sa Ghaeltacht iad. Caithfimid a bheith ag faire ar an ngrúpa seo chomh maith don todhchaí chun an Ghaeilge a mhúineadh agus chun slánú na Gaeilge a chinntiú, rud nach bhfuil ar siúl faoi láthair.

Sin an pointe.

Tá go leor cainteoirí dúchasacha Gaeilge a tógadh taobh amuigh den Ghaeltacht.

Dr. T.J. Ó Ceallaigh

Tá.

Tá cuid againn anseo.

Bhí ceist agam maidir leis an bplean gníomhaíochta. An rud is mó a léimeann amach as an straitéis agus an plean gníomhaíochta ná normalú na Gaeilge agus gan í a imeallú. Ar leathanach 24 den phlean gníomhaíochta, luaitear páirt-tumadh oideachais sna scoileanna taobh amuigh den Ghaeltacht. An féidir leis an Roinn a insint dom cén dul chun cinn atá déanta? Tá an straitéis ó 2010 agus nuair a léim an ráiteas seo, deireann sé go bhfuil an Roinn Oideachais agus Scileanna ar tí grúpa oibre inmheánach a chruthú chun líon beag tionscnamh píolótach maidir leis an bpáirt-tumadh a chur ar bun. Seo 2019 so an féidir é sin a mhíniú dom agus a insint dom cad atá déanta go dtí seo?

Ms Eibhlín Ní Scannláin

Táimid i mbun páipéar scóipe ar an tionscnamh seo a thabhairt chun críche ag an bpointe seo agus ansin tá grúpa á thabhairt le chéile chun féachaint ar conas mar a d'fhéadfaí an páirt-tumadh seo a fheidhmiú ar bhonn píolótach thar tréimhse ama. Is é an sprioc a bheadh ann, dar ndóigh, ná go bhféadfaí é a chur i bhfeidhm trasna na tíre chomh maith amach anseo.

Gabhaim buíochas as an bhfreagra ach baineann sé seo leis an straitéis a d'fhoilsigh an Roinn i 2010 agus is é seo 2019. Tá sibh i mbun measúnú scóipe, an ea?

Ms Eibhlín Ní Scannláin

Tá na hábhair scóipe beagnach réitithe.

Cén uair a bheidh siad réitithe?

Ms Eibhlín Ní Scannláin

Ba cheart go mbeadh siad réitithe go luath.

An mbeidh siad foilsithe?

Ms Eibhlín Ní Scannláin

Ní fhéadfainn é sin a fhreagairt.

Ba cheart go bheidís réitithe cheana féin. Cén fhadhb atá leis?

Ms Eibhlín Ní Scannláin

Bhí an-chuid forbairtí eile curaclaim ag tarlú chomh maith i gcaitheamh na mblianta seo. Mar is eol don chomhchoiste, tá curaclam teanga bunscoile nua tugtha isteach, agus anois tá sé sin istigh go dtí rang a dó. Beidh sé seo á thabhairt isteach go dtí rang a sé. Caithfear méid áirithe rudaí a bheith in áit. Tá sonraíochtaí nua agus curaclaim nua i gcás na sraitheanna sóisearacha chomh maith. Caithfear deis a thabhairt do roinnt rudaí eile a leabú. Tá deis ann ansin tógáil ar an bhfoghlaim sin atá déanta i leith múinteoirí maidir leis an gcur chuige atá ann i gcás foghlaim na Gaeilge ar dtús ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal, ionas gur féidir leo dul i ngleic ansin le coincheapa ábhar agus a leithéidí sin mar chuid den chur chuige foghlama comhtháite ábhar atá i gceist leis an tionscnamh áirithe sin.

Gabhaim buíochas leis an bhfreagra. Tá sé deacair glacadh leis. Is é normalú na Gaeilge bun agus barr an scéil, agus gan í a imeallú.

Ba mhaith liom filleadh ar ábhar a luaigh mé cheana mar gheall ar an bhfoireann atá ann faoi láthair, na múinteoirí atá sna seomraí ranga, inniu agus amárach, agus an deis a bheidh acu foghlaim agus forbairt agus cur leis na scileanna atá acu san fhorbairt ghairmiúil. Is dóigh liom go bhfuil bearna ansin. Cén fáth sin agus cad atá ag tarlú chun deis a thabhairt do na múinteoirí atá ann cheana féin chun feabhas a chur lena chuid scileanna?

Tá fón ag duine agus tá sé ag cur isteach ar an gcóras fuaime. Níl mé ag breathnú ar aon duine, a chairde.

Dr. T.J. Ó Ceallaigh

Mar a dúirt mé, tá clár againn i gColáiste Mhuire gan Smál dírithe ar mhúinteoirí atá ag feidhmiú faoi láthair. Maidir le huimhreacha, is féidir linn glacadh le 35. Níl 35 againn i mbliana ach tá 24 ar an gclár sin. Beidh grúpa ag teacht isteach gach bliain. É sin ráite, tá an-chuid aitheanta sa chóras mar tá a fhios ag na múinteoirí agus ag na ceannairí scoile go bhfuil an-fhadhb maidir le teanga na Gaeilge a oibriú ina scoileanna féin agus baineann sé sin le múineadh na Gaeilge chomh maith. Bíonn uaireanta chomhaontú Pháirc Uí Chrócaigh dírithe an-mhinic ar pholasaí teanga na scoile agus ar pholasaí agus cleachtas idé-eolaíochta na Gaeilge sna seomraí ranga. Is minic a bhíonn an fhoireann seo againn i gColáiste Mhuire gan Smál amuigh ar an mbóthar ag tacú le múinteoirí ina scoileanna féin ar mhaithe le huaireanta Pháirc Uí Chrócaigh a chomhlíonadh. Tá cur chuige i bhfad níos substaintiúla i gceist, ag teastáil, riachtanach agus práinneach chun teacht i gcabhair orthu. Mar a bhí á rá ansin, tá an fhadhb aitheanta againn le blianta ach is cosúil nach bhfuil rudaí cloiste chomh láidir sin go bhfuil práinn leis seo. Tá na múinteoirí ann agus tá siad breá sásta glacadh le tacaíocht, ach is dócha nach bhfuil infreastruchtúr ann chun an tacaíocht sin a sholáthar dóibh.

Maidir le comhtháthú teanga agus ábhar, caithfear aitheantas ar leith a bhronnadh ar scoileanna chun a bheith páirteach ina leithéid de chleachtas mar tá géarghá le mealladh, moladh, duais agus luach éigin a bhronnadh ar scoileanna ionas go bheidís páirteach i bhforbairt ghairmiúil a bhaineann go sonrach leis an Gaeilge agus le teagasc trí Ghaeilge.

An raibh an tOllamh Ó Duibhir ag iarradh teacht isteach? Cheap mé gur chuir sé a lámh suas.

Professor Pádraig Ó Duibhir

Chuir mé, ach amháin chun tacú leis an méid a bhí ráite ag An Dr. Ó Ceallaigh. Nuair a thugtar na scéimeanna san áireamh, agus cé go bhfuil an comhrá beagáinín duairc ó thaobh an ruda, tá scoileanna le dea-chleachtas ann. Tá scéim ag Gael Linn ar a dtugtar an Gaelbhratach, agus tá an-rath ar na scoileanna atá páirteach ansin. Tugann sé sin spreagadh agus misneach dóibh agus bíonn foirne ó na coláistí oideachais ar an mbóthar ag cabhrú leis na daoine sin. Bíonn daoine ó Ghael Linn iad féin ag cabhrú freisin. Is é sin an cineál ruda atá ag teastáil agus an páirt-tumadh, mar a luaigh an Cathaoirleach féin, mar is é sin an áit a d'fhéadfaí an scéal a fheabhsú.

Gabhaim buíochas libh mar bhí sé sin an-chabhrach. Tá sé 5.45, beidh sibh anseo go dtí a sé a chlog agus beidh na haíonna ag fanacht ar feadh tréimhse bheag eile. Beidh tuarascáil á scríobh againn agus bhí sé cabhrach dúinn chun tuiscint a bhaint as an ábhar seo. Táimid anseo le dhá bhliain go leith ag éisteacht maidir leis na fadhbanna atá ar an talamh ó thaobh múinteoireachta de. Tá a fhios agam go bhfuil beagáinín dul chun cinn déanta againn, go háirithe in bhur ollscoil i Luimneach, i nGaillimh agus i Marino i mBaile Átha Cliath. Tá a fhios agam go bhfuil dul chun cinn déanta agus ag an Roinn freisin maidir leis an bpolasaí oideachais do na Gaeltachtaí. Braithim go bhfuil féidearthachtaí eile ann nach bhfuilimid ag baint úsáid as. Tá a lán féidearthachtaí eile ann nach bhfuil mórán costais i gceist leo freisin chun an Ghaeilge a normalú. Gabhaim buíochas libh agus slán abhaile.

Beidh sos beag againn chun na finnéithe a ligean saor. Rachaimid ar fionraí mar sin.

Chuaigh an comhchoiste isteach i seisiún príobháideach ag 5.46 p.m. agus ar ais i seisiún poiblí ag 5.48 p.m.

Cuirfimid tús leis an seisiún seo. An rud a rith as an bpáipéar nuair a léigh an tUasal Ó Súilleabháin amach é ná go bhfuil sé admhaithe ag an Údarás um Ard-Oideachas nach bhfuil sé ag baint a dhualgas faoin Acht amach. An féidir soiléiriú a thabhairt faoi sin?

Mr. Gearóid Ó Súilleabháin

Mar is eol don Chathaoirleach, chuir muid tús leis an chéad scéim a bhí againn ó 2008 go dtí 2011, ach in ainneoin nach bhfuil dara scéim againn faoi láthair, lean an tseirbhís ar aghaidh agus táimid dírithe anois ar scéim nua a chur le chéile ach táimid fós ag brath ar an gcoimisinéir. Tá athbhreithiú á dhéanamh acu ar an Acht agus ar na dualgaisí ach táimid réidh anois níos mó a dhéanamh ó thaobh seirbhíse de. Ó thaobh comhfhreagrais, tuairiscí agus a leithéid de, déanfaimid ár ndícheall ár ndualgaisí a chomhlíonadh. Bhí deacrachtaí againn ó thaobh baill foirne de. Ní raibh na daoine againn a bhí labhairt na Gaeilge acu. Tá feabhas tagtha ar an scéal anois agus beidh duine breise againn taobh istigh de ceithre seachtaine nó mar sin atá labhairt agus scríobh na Gaeilge aici.

Cén céatadán den fhoireann atá Gaeilge acu?

Mr. Gearóid Ó Súilleabháin

Beirt ó 70 duine faoi láthair. Beidh triúr againn taobh istigh de mhí nó mar sin.

An scéim atá i gceist ná an scéim ó 2008 go dtí 2011.

Mr. Gearóid Ó Súilleabháin

Sin an céad scéim-----

Ní dhearnadh aon athrú air sin?

Mr. Gearóid Ó Súilleabháin

Ní dóigh liom go rinneadh ach beimid ag fanacht ar nuacht ón gcoimisinéir.

Táimid go léir ag fanacht ar an mBille.

Mr. Gearóid Ó Súilleabháin

Má tá dualgaisí nua agus breise, beimid in ann déileáil leo nuair a thagann sé.

D'fhan an t-údarás inár gcomhluadar chun deis a thabhairt dúinn ceisteanna a chur air maidir le cén chaoi a bhfuil an rannóg seo ag cur an Ghaeilge chun cinn.

An ceist is mó agus an ceist a cuirimid ar a lán de na heagrais agus na húdaráis a tháinig romhainn ná cad iad go díreach na céimeanna a ghlacfar chun cuidiú leis an bhfoireann. Chualamar ansin faoi mhúinteoirí nach bhfuil muinín acu as an nGaeilge atá acu. Tá sé seo fíor sna rannaí Stáit agus na húdaráis chomh maith céanna. Go minic tá daoine ann atá Gaeilge acu so cad is féidir leis an tÚdarás um Ard-Oideachas a dhéanamh chun cuidiú leo muinín a bheith acu sa Ghaeilge atá acu? Tá aithne agam ar dhaoine a tháinig trí Ghaelscolaíocht a choimeádann a chloigne síos. Ní luann siad gur Gaelgóirí iad ar eagla go mbeadh duine ag rá gur iad the token Irish one and they can do the Irish stuff. Tá sé sin fíor in a lán áiteanna ach bíonn a lán daoine eile atá Gaeilge maith go leor acu chun déileáil leis an ngnáthphobal agus na custaiméirí sa chéad dul síos. B'fhéidir nach bhfuil siad maith go leor chun saineolas a thabhairt ach is trí iadsan a mhealladh chun seasamh chun tosaigh agus an Ghaeilge atá acu a úsáid laistigh den eagras agus chomh maith leis sin a rá go bhfuil siad sásta scileanna breise a fháil agus snas a chur leis an nGaeilge atá acu. Cuidíonn sé sin leis an eagras mar ansin tá níos mó Gaelgóirí san eagras ná mar a ceapadh go dtí sin nó ar a laghad tá níos mó daoine in ann déileáil leis an bhfoireann nó leis na custaiméirí agus an gnáthphobal trí Ghaeilge. Ní hamháin go mbeidh siad ag déileáil leis an bpobal ach uaireanta sna heagrais, déanann daoine dearmad ar an nGaeilge. Ní aithníonn siad go bhfuil siad ag cur comharthaí amach i dteanga amháin nó ag cur fógra amach agus gur chóir go mbeadh an fógra dátheangach. Ní thagann sé go huathoibríoch do gach duine go bhfuil gá leis an nGaeilge agus is sort afterthought a bhíonn i gceist go minic. Má tá Gaelgóirí ann atá sásta é sin a lua nó aird a dhíriú ar na céimeanna ar chóir a ghlacadh, déanann sé é níos éasca d'eagrais cloí leis na scéimeanna teanga atá acu agus bíonn scéim teanga níos fearr acu an tarna uair. An rud a fheicimid go minic ná nach shroicheann siad na tosaíochtaí nó na céimeanna atá leagtha síos acu féin. Ní shroicheann siad iad sin sa chéad nó sa tarna cheann. Níl siad ag lorg an iomarca. Coimeádann siad na céimeanna atá siad chun glacadh an-íseal agus b'fhéidir gur chóir níos mó a dhéanamh.

Mr. Gearóid Ó Súilleabháin

Is ceist deacair é sin mar ar an gcéad dul síos, ní eagraíocht muid atá mórán le déanamh againn le muintir an phobail. Ní public facing organisation muidne. Táimid ag déileáil go formhór leis na hinstitiúidí ard-léinn, an Roinn agus a leithéid. Chomh maith leis sin, tá meascán de dhaoine ar an bhfoireann faoi láthair. Tá cuid mhaith acu nach Éireannaigh iad agus dá bhrí sin níl aon Ghaeilge acu. Chomh maith leis an muinín, tá an beirt atá an Ghaeilge acu lonn dul i dteagmháil le meán na Gaeilge nó pé rud atá ag teastáil. Déanaimid iarracht chun a fháil amach an bhfuil móran Gaeilge ag an dream eile. B'fhéidir gur fada an lá é ó a bhí siad ar scoil agus ag foghlaim na Gaeilge. Ní doigh liom go bhfuil céim sa Ghaeilge ag éinne san oifig ach déanaimid iarracht labhairt leo agus a fháil amach an bhfuil siad sásta é sin a dhéanamh, go mórmhór san oifig failtiú, ach chun an fhírinne a insint, táimid in ann freastal ar na dualgaisí agus ar an éileamh atá orainn faoi láthair ó thaobh comhfhreagras de agus ó thaobh urlabhraí a chur ar fáil atá Gaeilge acu. Níl mórán gá nó níl mórán éileamh eile ag teacht orainn ach nuair atá an díospóireacht ag dul ar aghaidh leis an Roinn agus leis an gcóras ard-oideachais, feicimid an mbeimid in ann rudaí eile a dhéanamh taobh istigh de bhliain nó dhó.

Níl mé ag iarraidh na finnéithe a choinneáil go ró-dhéanach. Tagraím don cheistneoir. Tá mé ag breathnú ar pointí 6, 7 agus 8 ar an gceistneoir. I bpointe 6, iarrtar: "Cad iad na seirbhísí a sholáthraíonn do Roinn/d'Oifig?" agus d'fhreagair an t-údarás go cuireann sé eolas ar fáil go dátheangach, an ea?

Mr. Gearóid Ó Súilleabháin

Is ea.

Deireann an t-údarás freisin go dtugann sé freagraí ar cheisteanna ginearálta agus go ndéanann siad iarratais ar roinnt glaonna ar mhaoiniú go dátheangach. Ansin nuair a thagaimíd go dtí mír 7, iarrtar: "Cad é an céatadán de na rudaí seo a leanas a sholáthraíonn do Roinn/d'Oifig?" agus d'fhreagair an t-údarás gur i nGaeilge amháin a sholáthraítear 3% de bhileoga. Tá sé sin thar a bheith íseal. Tá comharthaíocht dé réir mar a bheadh duine ag súil leis, 100% go dátheangach. Tá sé sin go maith. Tá 97% de doiciméidí i mBéarla amháin. Tá 100% de fhoirmeacha iarratais i mBéarla amháin. Tá 100% de phreasráitis i mBéarla amháin. Tá 100% de sheirbhísí ar líne i mBéarla amháin. Tá 97% den suíomh gréasán agus de thuarascálacha i mBéarla amháin. Ní bhreathnaíonn sé sin go ró-mhaith. An féidir é sin a mhíniú?

Mr. Gearóid Ó Súilleabháin

Bíonn sé deacair mar a dúirt mé. Níl an fhoireann againn, níl na scileanna Gaeilge againn agus chomh maith leis sin níl an t-éileamh ann. Chomh maith leis sin tá níos mó eolais ó thaobh cláracha idirnaisiúnta de agus b'fhéidir nach bhfúil sé soiléir ón bhfreagra atá anseo ach bhí brú orainn ó thaobh foirne de idir 2008 go dtí an lá inniu. Ní rabhamar in ann éinne a fhostú. Tá feabhas tar éis teacht ar an scéal sin mar a luaigh mé ar dtús agus tá duine sa bhreis ag teacht isteach a bhfuil Gaeilge aici agus rinneamar iarracht speisialta chun duine a mhealladh isteach.

Ní féidir liom an cheist sin a fhreagairt i gceart ach as seo amach déanfaimid-----

Tuigim ach breathnaíonn sé go dona.

Mr. Gearóid Ó Súilleabháin

Tá fadhb againn gan dabht.

Tá fadhb ann.

An féidir liom ceist amháin a chur? Glacaim leis go bhfuil deacrachtaí ag gach eagraíocht maidir leis na rudaí seo. Luaigh an tUasal Ó Súilleabháin nach bhfuil an t-éileamh ann i gcás eagraíochtaí atá ag plé le cúrsaí oideachais. Glacaim gur fíor é sin amanta. Ní bhíonn na daoine a bhuaileann cnag ar an doras ag lorg doiciméad trí Ghaeilge ná leagan Gaeilge de dhoiciméad. Mar sin féin, go háirithe i gcomhthéacs an 97% den suíomh gréasáin nach bhfuil dátheangach, an nglacfadh an tUasal Ó Súilleabháin go bhfuil dualgas ar leith ar eagraíochtaí Gaeilge ní hamháin freastal ar éileamh ach, go pointe áirithe, éileamh a chothú freisin? Nár chóir go mbeadh sé de chultúr in aon eagraíocht atá maoinithe ag an Stát a bhaineann le cúrsaí oideachais go mbeadh saghas sprioc agus go mbeadh daoine ag iarraidh a bheith mar pioneers?

Mr. Gearóid Ó Súilleabháin

Tuigim an cheist.

Nach bhfuil dualgas ar an lucht oideachais ach go háirithe cultúr na Gaeilge agus, mar sin, an t-éileamh a chothú?

Mr. Gearóid Ó Súilleabháin

Ar an gcéad dul síos, nuair a bhí an chéad scéim againn bhí níos mó ar an suíomh Idirlín ó thaobh na Gaeilge. Chuireamar suíomh gréasáin nua i bhfeidhm cúig nó sé bliana ó shin agus ní raibh an méid Gaeilge céanna air. Tá a fhios agam gur chóir dúinn níos mó aitheantas a thabhairt don Ghaeilge chun na daoine atá an Ghaeilge acu a spreagadh agus iad a mhealladh chugainn. Ó 2008 go 2011, nuair a bhí scéim níos fearr againn, níor tháinig mórán athrú ar an scéal. Mar a luaigh mé ar dtús, reachtáltar an teagmháil a bhíonn againn leis an gcóras ard-oideachais tríd na hinstitiúidí. Níor tháinig mórán daoine ón bpobal isteach chugainn chun ceisteanna a chur nó a leithéid. Déanfaimid iarracht níos fearr sa todhchaí. Ní féidir linn aon rud a dhéanamh maidir leis an méid atá thart, ach déanfaimid iarracht as seo amach.

Tuigim ón gceistneoir go mbíonn 100% de na preasráitis eisithe trí Bhéarla. Dá mba rud é go raibh TG4 nó Raidió na Gaeltachta ag teacht i dteagmháil leis an Roinn, an bhfaighfidís freagra as Béarla? Sin an tuiscint atá ann. Cad é an scéal? An mbíonn aon rud in aon chor trí Ghaolainn? Dúirt an tUasal Ó Súilleabháin go raibh an t-éileamh íseal go leor. Tagann an cheist chéanna suas arís agus arís eile. Conas a dhéantar an t-éileamh sin a thomhas? An gcomhraítear na daoine a ghlaonn ag an fáiltiú ag lorg a ghnó thrí Ghaolainn nó na litreacha agus ríomhphoist? Conas a dhéanann an Roinn é a thomhas? Tá slua mór eile a bhfuil a fhios acu go mbeidís ag meilt ama nó go mbeidh moill ann dá mba rud é go mbeidís ag lorg a ngnó a dhéanamh trí Ghaolainn. Athraíonn siad agus déanann siad é trí Bhéarla. An bhfuil aon tomhas ag an Uasal Ó Súilleabháin air sin? An bhfuil na daoine sin san áireamh in aon chor? Go minic bíonn slua mór a bheadh go breá compórdach a ngnó a dhéanamh trí Ghaolainn sa chóras oideachais. Bheifí ag súil go mbeadh níos mó de sin á bhrath ag an údarás toisc go bhfuil sé bainteach leis an gcóras oideachais.

Cén fáth go raibh cúlú maidir leis an suíomh Idirlín? Bhí scéim i bhfeidhm suas go 2011. Ní thagann scéim nua i bhfeidhm go dtí go bhfuil ceann nua aontaithe. Mar sin, bhí scéim 2011 fós i bhfeidhm. Conas go nglacfaí leis go mbeadh cúlú nuair a bhí scéim i bhfeidhm? An bhfuil aon chúlú eile ag tarlú leis an scéim atá ann faoi láthair?

Mr. Gearóid Ó Súilleabháin

Maidir leis an tomhas, luaigh an Teachta an tslí ina ndéanaimid tomhas ar éileamh - litreacha, ceisteanna agus ríomhphoist. Ní fhaighimid mórán trí Ghaeilge. Táimid lán-sásta an méid a thagann isteach a fhreagairt trí Ghaeilge agus déanaimid é sin.

Ach an bhfuil aon tuairim faoin éileamh eile atá amuigh ansin i measc-----

Mr. Gearóid Ó Súilleabháin

Níl.

-----daoine nach mbacann a ngnó a dhéanamh leis an údarás trí Ghaolainn? Tá daonra níos mó Gaeilgeoirí ann sa chóras oideachais. Shamhlófaí go mbeadh éileamh níos mó.

Mr. Gearóid Ó Súilleabháin

Is idir muid féin agus na hinstitiúidí a bhíonn an chuid is mó den obair atá againn. Ní bhímid ag déileáil le hollaimh, léachtóirí nó mar sin. Is tríd an mBéarla a téann an obair sin ar aghaidh.

Is iad na ceannairí a mbíonn an Roinn ag plé leo. Bheifí ag súil go mbeadh blas Gaolainne ansin chomh maith.

Mr. Gearóid Ó Súilleabháin

B'fhéidir go bhfuil in áiteanna, ach ní minic a tharlaíonn sé sin.

Chun teacht ar ais ar an gceist eile mar gheall ar an gcúlú-----

Mr. Gearóid Ó Súilleabháin

Cad a chiallaíonn "cúlú"?

Táim ag caint faoin tslí ina bhfuil an t-údarás tar éis tarraingt siar ar an suíomh Idirlín. Bhí níos mó Gaolainne ann. Bhí scéim ag an údarás. Rinne sé iarracht a ghnó a dhéanamh trí Ghaolainn ar an suíomh Idirlín. Is cosúil go rinneadh forbairt ar an suíomh Idirlín agus tarraingítear siar ar chúrsaí Gaeilge ar cúis éigean. An bhfuil an tarraingt siar sin ag tarlú in áiteanna eile? Cad ina thaobh gur tharla a leithéid agus an scéim fós i bhfeidhm?

Mr. Gearóid Ó Súilleabháin

D'athraigh an duine a bhí i bhfeighil air sin go dtí áit éigin eile sa HEA. Ní raibh an leibhéal Gaeilge céanna ag an duine a tháinig isteach. Mar a dúirt mé, tá foireann bheag againn. Bhí sí níos lú ná mar atá faoi láthair. Tá feabhas ag teacht ansin. Ní raibh na scileanna ag an duine sin. Bhí brú mór ar an HEA i rith an chúlú eacnamaíochta déileáil le rudaí a bhí an-phráinneach dúinn.

An bhfuil áiteanna eile, seachas an suíomh Idirlín, ina bhfuil an t-údarás tar éis tarraingt siar ar chúrsaí Gaolainne?

Mr. Gearóid Ó Súilleabháin

Ní doigh liom go bhfuil. Ba chomhfhreagas, comharthaí, an suíomh Idirlín agus mar sin na príomhaidhmeanna a bhí againn inár ndréachtscéim. Pléifimid an scéal leis an údarás anois agus feicifimid an bhfuilimid in ann feabhas a chur ar an scéal.

An bhfuil an seanscéim fós i bhfeidhm?

Mr. Gearóid Ó Súilleabháin

Tá, gan dabht.

An bhfuil spriocanna na seanscéime á mbaint amach ag an údarás?

Mr. Gearóid Ó Súilleabháin

Cuid acu. Beimid ag déanamh níos mó tar éis seo chun ár ndualgais a chomhlíonadh.

Tá sé deacair é sin a chloisteáil. Níl aon éalú as an fhírinne. As 70, tá beirt le Gaeilge san údarás agus beidh triúr. Tá freagracht ar an údarás maidir le hoideachas agus tá an Ghaeilge mar chroílár den rud sin.

Mr. Gearóid Ó Súilleabháin

Tuigim ach nuair a chuireann daoine iarratais ar phoist isteach chugainn ní bhíonn an Ghaeilge ach ag mionlach.

Cé mhéad daoine nua atá fostaithe le cúpla bliain anuas?

Mr. Gearóid Ó Súilleabháin

Sin an cheist. Tháinig timpeall deichniúr nó mar sin isteach le bliain go leith.

Ar cuireadh ceist ar aon duine faoin a leibhéal Gaeilge?

Mr. Gearóid Ó Súilleabháin

Bhí sé ar an bhfógra go raibh fáilte roimh daoine a raibh labhairt agus scríobh na Gaeilge acu. Níor tháinig siad isteach. Ní raibh muid in ann na postanna a líonadh le daoine a bhfuil an cumas sin acu.

Tá sé ráite ag an Uasal Ó Súilleabháin nach bhfuil oifigeach Gaeilge ag an údarás fós.

An mbeidh sibh in ann an post sin a líonadh?

Mr. Gearóid Ó Súilleabháin

Beimid in ann na dualgais agus an obair sin a thabhairt do dhuine eile nó a chur le post eile. Ní bheimid in ann duine lán-aimseartha a chur i bhfeidhm na rudaí seo.

Mar cheist dheireanach, cé mhéad duine a bhfuil cúrsa Gaeilge á dhéanamh acu san údarás? An bhfuil sé éasca nó an bhfuil an t-údarás ag mealladh a gcuid oibrithe chun cúrsa Gaeilge a dhéanamh nó cén céatadán atá ann chuige sin?

Mr. Gearóid Ó Súilleabháin

Tá an deis ann i gcónaí freastal ar chúrsa trí Ghaeilge má thagann aon duine isteach á lorg, ach níl aon duine ag déanamh cúrsa Gaeilge faoi láthair.

Nach é sin cuid den réiteach-----

Mr. Gearóid Ó Súilleabháin

Is ea.

-----chun daoine a mhealladh? Níl sé ró-fhada ón Dáil dul chuig áit ar féidir leo é sin a dhéanamh. Tá foirne eile sna Ranna eile ag déanamh cúrsaí ach níl aon duine agaibh faoi láthair.

Mr. Gearóid Ó Súilleabháin

Faoi láthair níl aon duine á ndéanamh. Míle buíochas.

Gabhaim buíochas leis an Uasal Ó Súilleabháin, le Bean Ní Nuinsean, leis an Uasal Ó Bróithe agus le Bean Ní Challanáin. Bhí sé sin cabhrach.

Beidh seisiún príobháideach gearr againn anois.

Chuaigh an comhchoiste isteach i seisiún príobháideach ag 6.11 p.m. agus cuireadh ar athló é ar 6.20 p.m. go dtí Dé Máirt, 26 Feabhra 2019.