Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán díospóireacht -
Tuesday, 26 Feb 2019

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

Go raibh míle maith ag na Teachtaí Dála agus ag na Seanadóirí atá i láthair mar tá a fhios agam go bhfuil siad faoi bhrú. Níl leithscéal faighte againn ó aon duine. Táimid anseo chun plé a dhéanamh ar ábhar na gcuspóirí agus na mbeart atá á gcur i gcrích ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun an Ghaeilge agus seirbhísí dátheangacha a chur ar fáil dá gcustaiméirí. Ní maith liom an focal sin agus b’fhéidir go dtiocfaidh mé ar ais go dtí an focal "custaiméar" le finné ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Cuirim fáilte roimh an Uasal Paul Connors, stiúrthóir náisiúnta cumarsáide, an tUasal Stephen McGrath, bainisteoir ginearálta, an tUasal Cuimín Mac Aodha Bhuí, ceannasaí seirbhís na Gaeilge, agus an tUasal Mícheál Ó Coileáin, an tUasal Bairbre Uí Theighneáin, an tUasal Carmel Mac Domhnaill, agus an tUasal Bríd Ní Chualáin, oifigigh Gaeilge uilig. Ní fhaca mé an oiread sin oifigeach forbartha Gaeilge riamh roimhe sa seomra seo.

Tá rud beag le déanamh agam maidir leis an Acht um Chlúmhilleadh. Tá sé beagáinín amscaí ach léifidh mé amach anois é i dtús báire. Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009 go bhfuil finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt amhlaidh, níl siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise seo acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina hainm, ina ainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tionscnaimh seo a gcuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó maidir le hoifigeach ina ainm, nó ina hainm, ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. B'shin mo chuid de.

Táimid ag tnúth leis an gcur i láthair mar tá na seirbhísí atá ar fáil i nGaeilge do mhuintir na Gaeltachta agus do mhuintir na Gaeilge atá taobh amuigh den Ghaeltacht thar a bheith tábhachtach. Níl a fhios agam cén duine is mian leis nó léi tús a chur leis an gcur i láthair.

Mr. Paul Connors

Gabh mo leithscéal, Chairman, for my lack of Irish. I will blame my mother for that and take that back home to her.

Tá ráiteas anseo ag an Uasal Connors i nGaeilge.

Mr. Paul Connors

Yes, and I am going to ask, if the Chairman permits, my colleague, an tUasal Mac Aodha Bhuí to deliver it as Gaeilge.

Iontach maith, go raibh míle maith agat. Tá an tUasal Connors sásta leis sin.

Mr. Paul Connors

Táim.

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an deis seo an comhchoiste a chur ar an eolas faoi na bearta atá déanta againn agus atá dá mbeartú ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, FnaSS, ar mhaithe le seirbhísí trí Ghaeilge agus dátheangacha a chur ar fáil dóibh siúd a bhaineann úsáid as ár seirbhísí. Táimid mar chuid den rannóg chumarsáide mar nach raibh struchtúir réigiúnacha ag na hoifigigh Gaeilge go dtí seo. Le dhá bhliain anuas bhí muid dírithe ar athstruchtúrú iomlán ar sheirbhís na Gaeilge ó cuireadh tús leis na heagraíochtaí cúram sláinte pobail agus na grúpaí ospidéil. Thosaíomar an próiseas seo in 2016 agus, le cead ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, d’earcaigh muid ceannasaí sheirbhís na Gaeilge in 2018.

Le sé mhí anuas tá straitéis chúig-bhliain don Ghaeilge 2019-2023 á fhorbairt againn do FnaSS, ina sonraítear na haidhmeanna agus na gníomhaíochtaí a thógfar chun iad a bhaint amach. Admhaímid go bhfuil srian ar líon na n-áiseanna atá againn, ach laistigh de na háiseanna sin, tá dul chun cinn suntasach déanta againn le dhá bhliain anuas. Tá gach iarracht atá déanta againn dírithe ar an othar a choinneáil i gcroílár gach a ndéanann muid. Teastaíonn uainn taithí na ndaoine a bhaineann úsáid as ár gcuid seirbhísí sláinte a fheabhsú, go mór mór iad siúd a dteastaíonn seirbhís as Gaeilge uathu. Cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta againn maidir leis sin, admhaímid go bhfuil neart le déanamh fós againn. Tá muid tiomanta do sholáthar seirbhísí ar ardchaighdeán as Gaeilge do phobal na Gaeilge agus tá cur chuige onnghníomhach á thógáil againn chun é sin a bhaint amach, de réir an éilimh ar sheirbhísí as Gaeilge.

Le dhá bhliain anuas tá na bearnaí inár seirbhísí á n-aimsiú againn agus táimid ag déanamh ár ndícheall déileáil leo seo ar bhonn córasach. Tá an straitéis don Ghaeilge 2019-2023 mar an chéad chéim sa phróiseas seo. Le dhá bhliain anuas bhí muid dírithe ar ár ngéilliúlacht a fheabhsú maidir lenár ndualgais i dtaobh na Gaeilge. Anuraidh chuir muid tús le próiseas athbhreithnithe géilliúlachta atá deartha chun an caidreamh idir fhoireann na Gaeilge agus na seirbhísí a neartú. Tá sé ar intinn againn go gcabhróidh an t-athbhreithniú seo leis na seirbhísí sláinte cloí lenár ndualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus chun seiceáil go bhfuil seirbhísí ag cloí lena ndualgais a gcuid seirbhísí a chur ar fáil as Gaeilge agus go bhfuil siad feasach faoina ndualgais maidir le stáiseanóireacht, comharthaíocht, fógraí béil agus comhfhreagras. Nuair a dhéantar athbhreithniú ar sheirbhís, tugtar paca eolais sonrach don tseirbhís ag léiriú na tacaíochtaí atá ar fáil ó fhoireann na Gaeilge, na dátaí ina ndéanfar an chéad athbhreithniú eile, moltaí a tháinig as an athbhreithniú, na dualgais faoin Acht, liosta aistritheoirí agus an dóigh chun tástáil inniúlachta do phoist sa Ghaeltacht a eagrú.

Rinne na hoifigigh Gaeilge 81 athbhreithniú le linn 2018, an chéad bhliain den phróiseas, agus i mbliana tá sprioc de 200 againn. Cabhraíonn an próiseas athbhreithnithe lenár n-oifigigh Gaeilge chun caidrimh tacúla a fhorbairt le seirbhísí FnaSS agus aiseolas a fháil ó bhaill fhoirne agus othair.

Mar thoradh ar na hathbhreithnithe, tuigtear an tábhacht a bhaineann le hothair le Gaeilge a aithint go luath agus go leanúnach sa chóras, dé réir mar a bhaineann siad úsáid as seirbhísí FnaSS - bítear mar othair chónaitheacha nó sheachtracha. Tá réiteach na ceiste seo faoi lán seoil in Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe, áit a gcuirtear greamán ar an gcairt ag léiriú don fhoireann gur Gaeilgeoir an othar.

Rud eile a tháinig ó na hathbhreithnithe go dtí seo ná an gá le cúrsaí oiliúna Gaeilge a fhorbairt don fhoireann, agus gur chóir dóibh a bheith srathach agus-nó dírithe ar an obair atá á déanamh ag an bhfostaí. Tá sé ar intinn againn cúrsaí uasoiliúna a chur ar fáil sna seirbhísí pobail i nGaillimh agus Maigh Eo i gceann tamall agus sa cheanncheathrú den rannóg cumarsáide i mBaile Átha Cliath.

Aithníonn an fheidhmeannacht go bhfuil sainriachtanais teanga ag pobail na Gaeltachta agus tá achan iarracht á dhéanamh againn, laistigh de na háiseanna atá againn cheana féin, chun a chinntiú go soláthraítear seirbhísí sa Ghaeltacht trí Ghaeilge.

Chun treoir a fháil d’fhorbairt ár straitéise, choimisiúnaigh seirbhís na Gaeilge suirbhé ar riachtanais seirbhísí sláinte as Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta. Ag tógáil ar thaighde a rinneadh roimhe seo, dhírigh taighde 2018 ar phictiúr reatha a chur ar fáil faoin éileamh ar sheirbhísí as Gaeilge ó phobal na Gaeilge ag díriú go sonrach ar an líon seirbhísí sláinte atáthar ag fáil as Gaeilge, an cineál seirbhís sláinte atáthar ag fáil as Gaeilge, an tábhacht a bhaineann le seirbhísí sláinte a bheith ar fáil as Gaeilge agus na sainseirbhísí sláinte ar mian leo a fháil as Gaeilge.

Dhírigh an taighde ar réigiúin Ghaeltachta i nGaillimh, i dTír Chonaill agus i gCiarraí. Ba iad na príomhrudaí a tháinig ón taighde sin ná gur seirbhísí dochtúirí teaghlaigh na príomhsheirbhísí is mó éilimh as Gaeilge sa Ghaeltacht, cé go bhfuil éileamh suntasach ann ar na seirbhísí eile amhail: altraí sláinte poiblí, cúramóirí baile, seirbhísí scoile, naíonáin, altranais pobail agus araile; tá éileamh suntasach ann do sheirbhísí as Gaeilge i measc mhuintir na Gaeltachta; tugann na torthaí le tuiscint go bhfuil éileamh ann ar chumarsáid leictreonach as Gaeilge nach bhfuil á shásamh, nithe amhail eolas ar an Idirlíon, teagmháil tríd seirbhís faisnéise FSS Beo, nó HSE Live, téacsteachtaireachtaí agus ríomhphoist; dá mbeadh seirbhísí as Gaeilge ar chomhchéim le seirbhísí trí Bhéarla maidir le caighdeán agus leibhéal, roghnódh thart ar 75% dóibh sin a ghlac páirt sa suirbhé seirbhís as Gaeilge; tá trasfhoirmiú digiteach faoi lán seoil sa tseirbhís sláinte agus tá léarscáil digiteach FnaSS mar ghné thábhachtach den athrú sin. I measc aidhmeanna na straitéise don léarscáil dhigiteach tá aithint riachtanais úsáideoirí ionas nuair a dhéanann siad teagmháil linn ar líne go mbeidh muid in ann na riachtanais agus ionchais sin a shásamh. Mar chuid den obair seo beidh muid ag cur le réimse agus éagsúlacht an eolais as Gaeilge a bhíonn ar fáil ar www.hse.ie.

Is seirbhís eolais phoiblí ilchainéalach atá in FSSBeo atá ar fáil sé lá na seachtaine ar an bhfón, ríomhphost, Twitter agus LiveChat. Ba chóir go gcuideódh na seirbhísí seo le cainteoirí Gaeilge teacht ar na seirbhísí sláinte atá uathu mar go dtabharfaidh an tseirbhís eolais freagraí ar a gcuid ceisteanna.

Le linn 2019, ag brath ar áiseanna, tá sé mar aidhm againn an cúigiú oifigeach forbartha Gaeilge a earcú chun díriú ar oirthear na tíre. Chomh maith leis sin tá súil againn ball foirne a fhostú go lánaimseartha ar FSSBeo chun cur lenár gcumas freastal ar chainteoirí Gaeilge a dhéanann teagmháil leis an tseirbhís seo.

Táimid tiomanta freisin do chur chun cinn úsáid na Gaeilge ar chainéal digiteach FnaSS; athbhreithniú agus feabhsú ábhar as Gaeilge ar shuíomh ghréasáin FnaSS; ag leanúint ar aghaidh le foirmeacha leictreonacha, eolas margaíochta agus sláinte a fhorbairt as Gaeilge mar is gá; soláthar seirbhís feabhsaithe as Gaeilge do na meáin; forbairt agus cothabháil bunachar seirbhísí as Gaeilge de réir suíomh; cothabháil agus soláthar frásleabhair Bhéarla-Ghaeilge do phearsanra leighis; feidhmiú céimneach ar fheachtais inmheánach ar fheasacht teanga dírithe ar íogaireacht teanga agus an tábhacht do bhaill foirne a bhíonn ag déileáil leis an bpobal; ag tacú le soláthar baill foirne le Gaeilge líofa do líne tacaíochta na seirbhíse aisíocaíochtaí cúraim phríomhúil, PCRS, agus do sheirbhísí na gcártaí leighis.

Ar deireadh, is mian linn tacú le, agus spreagadh a thabhairt do, dhaoine nua ag teacht isteach san eagraíocht, go mórmhór gairmithe cúram sláinte, a bhfuil ábalta Gaeilge líofa a labhairt le seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge go muiníneach. Ar mhaithe leis seo tá FnaSS, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, ag tacú le scéim scoláireachta do mhic léinn le Gaeilge ina bhfuil sé d’aidhm go bhfanadh na mic léinn ag obair le FnaSS ar feadh trí bliana tar éis dóibh cáiliú. Tá 15 mhac léinn ón nGaeltacht ag tabhairt faoi chúrsaí tríú leibhéal faoi láthair a bhaineann le cúrsaí sláinte ag baint tairbhe as an scéim scoláireachta seo. Tacaíonn an fheidhmeannacht le modúil as Gaeilge sna cúrsaí oiliúna do mhic léinn leighis agus altranais in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus tá sé mar aidhm againn na modúil seo a leathnú amach chuig coláistí tríú leibhéal eile.

Geallaim thar ceann na feidhmeannachta go bhfuil FnaSS tiomanta d’fheabhsú na seirbhísí as Gaeilge d’othair agus go bhfuilimid toilteanach a bheith géilliúil d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus é sin a neartú.

Is é sin a bhfuil le rá agamsa sa ráiteas oscailte agus mar aon le mo chomhghleacaithe, déanfaimid iarracht achan cheist atá ag an gcomhchoiste a fhreagairt.

An bhfuil ceist ag aon duine ag an bpointe seo? Níl.

Roimh na ceisteanna agus is dócha go mbeidh neart díobh ann, an féidir leis an bhfeidhmeannacht soiléiriú a thabhairt ag an bpointe seo maidir leis na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge agus atá láidir agus na seirbhísí nach bhfuil ar fáil trí Ghaeilge nó a bhfuil lag? An féidir léargas a thabhairt dúinn faoi na seirbhísí sin?

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Ar an gcéad dul síos, maidir leis na seirbhísí go háirithe sa Ghaeltacht, tá an tseirbhís teiripeoirí urlabhra agus teanga láidir. Tá timpeall 10 nó 12 theiripeoir ag obair sa Ghaeltacht trí mheán na Gaeilge.

Is iad siúd teiripeoirí teanga, an iad?

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Speech and language therapists.

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Is sampla é sin den chineál bealaigh gur féidir seirbhísí sláinte a fhorbairt mar is ceart trí Ghaeilge. Thugamar faoi in 2003-2004. Fuaireamar airgead ón údarás agus chuireamar scéim scoláireachtaí ar fáil agus as sin tháinig ceathrar teiripeoirí teanga. Fuaireamar airgead ansin ó Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ón mbord sláinte ag an am le poist a chruthú sa Ghaeltacht. Tá méadú ag teacht air sin i gcónaí. Tá triúr nó ceathrar ag fáil scoláireachtaí faoi láthair maidir le teiripe teanga agus beidh na daoine sin ag teacht chun cinn isteach sa tseirbhís laistigh de bhliain nó dó eile.

Dar leis an Uasal Mac Aodha Bhuí, an bhfuil sé sin láidir?

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Tá sé sin an-láidir. Maidir leis na haltraí sláinte pobail nó na public health nurses, riamh sa Ghaeltacht bhí sé i gcónaí mar pholasaí ag na boird shláinte go bhfostófaí altraí le Gaeilge. Táimid ag leanúint leis sin. Tá an tseirbhís sin an-láidir i gConamara. Níl sé chomh láidir i dTír Chonaill. Tá altraí le Gaeilge i gCorcaigh, i gCiarraí agus sa Rinn.

Maidir leis na rudaí eile ansin, tá an tseirbhís dochtúra teaghlaigh maith go leor. Tá méid áirithe dochtúirí ag feidhmiú agus iad fostaithe go neamhspleách mar chonraitheoirí príobháideacha. Tá fadhb ann maidir le hearcú dochtúirí i gceantair tuaithe. Tá sé cinnte orainn dochtúirí a aimsiú agus tá sé ag éirí níos deacra de réir mar atá na blianta ag dul thart. Níl an dream óg sásta dul isteach sna poist sin.

Tá sé fíor-dheacair dochtúirí le Gaeilge a fháil. Mar a luaigh mé sa scéim scoláireachtaí, táimid ag tacú le seisear nó seachtar sa Ghaeltacht le bheith ina ndochtúirí, ach beidh sé ocht nó naoi mbliana eile sula mbeidh aon duine acu sin cáilithe mar speisialtóir, bídís ina ndochtúirí teaghlaigh nó ina ndochtúirí comhairleacha. Tá bearna fhada ann sula mbeidh na daoine sin ag teacht chun cinn.

An raibh an Teachta ag iarraidh teacht isteach nó an raibh an tUasal Mac Aodha Bhuí críochnaithe?

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Tá rudaí eile-----

Lean ar aghaidh, gabh mo leithscéal.

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Níl an liosta os mo chomhair anseo ach tá, mar shampla, fisiteiripeoirí agus oibrithe sóisialta fostaithe le Gaeilge. Tá teiripeoirí teanga, ní hamháin sa phobail ach sna hospidéil ag obair mar tá sé fíorthábhachtach go bhfaigheadh othair stróc seirbhís trí Ghaeilge. Tá sé sin ar fáil d'othair i nGaillimh agus in otharlann Leitir Ceanainn.

Cé mhéad daoine atá i gceist?

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Tá beirt ansin.

I nGaillimh, an ea?

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Tá duine amháin san ospidéal i nGaillimh.

Céard faoin duine eile?

Cén áit ina bhfuil an duine eile?

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

I Leitir Ceanainn.

Leitir Ceanainn. Gabhaim buíochas leis an Uasal Mac Aodha Bhuí.

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Tá réimse de rudaí ansin againn ó thaobh dochtúirí leighis ceantair nó area medical officer. Tá beirt acu ann, duine i Maigh Eo agus duine i dTír Chonaill. Is as an nGaeltacht an bheirt agus tá Gaeilge ó dhúchas acu. Tá dochtúirí comhairleacha againn freisin, endocrinologist agus daoine a phléann leis na seandaoine san áireamh. Is as an nGaeltacht ceathrar dóibh siúd a oibríonn sa tseirbhís otharchairr - duine i dTír Chonaill agus triúr i nGaillimh. Tá ceathrar intéirneach i nGaillimh-----

An bhfuil an tUasal Mac Aodha Bhuí ag léamh tríd na freagraí a tugadh ar an gceistneoir anois?

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Tá.

Chun rudaí a éascú do na baill, tá an t-eolas leagtha amach sna freagraí a tugadh. Táim ag léamh tríd anseo.

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Is dochtúirí atá nua-cháilithe na hintéirnigh a luaitear ar an dara leathanach. Tá beirt i nGaillimh agus duine i Leitir Ceanainn. Is cainteoirí dúchasacha iad. Is sampla iad de na daoine a fuair na scoláireachtaí agus atá fós ag obair linn. Beidh siad ag obair linn go ceann cúpla bliain.

An bhfuil siad faoi dhualgas obair leis an FSS?

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Tá dualgas orthu obair linn ar feadh tréimhse trí bliana tar éis an scoláireacht a fháil. Go hiondúil déanann dochtúirí nua-cháilithe bliain mar intéirnigh agus ansin déanann siad dhá bhliain de basic training. Is iad an trí bliana a caitear leis sin trí bliana a ndualgas. Go hiondúil fanann siad tar éis sin. B'fhéidir go n-imíonn siad ar feadh bliana nó mar sin. Tá cúigear teiripeoirí saothair i nGaeltacht na Gaillimhe. Tá triúr oibrithe sóisialta ansin freisin. Tá mé ag ceapadh go bhfuil an figiúr sin níos airde. Tá duine amháin ag obair san ospidéal. Bíonn sé an-tábhachtach go mbíonn an duine sin ag plé le hothair, go háirithe seandaoine as an nGaeltacht. Tá cógaiseoir amháin i nGaillimh. Ó thaobh breithe, báis, agus póstaí, tá duine i dTír Chonaill agus duine i nGaillimh. Is féidir éinne ar mhian leis nó léi pósadh trí mheán na Gaeilge aon áit sa Stát. Táimid in ann an tseirbhís sin a chur ar fáil aon áit sa Stát. Má tá fonn pósta ar éinne anseo inniu, tá fearadh na fáilte rompu úsáid a bhaint as an tseirbhís Ghaeilge sin. Tá síceolaí amháin i nGaillimh agus tá deichniúr nó níos mó ag obair i riarachán. Tá an figiúr níos airde ná sin ach seo é an dream a bhfuil muid iomlán cinnte dóibh. Ní raibh deis againn dul thart ar gach ceantar sa Stát.

Sin iad na figiúirí de na daoine atá ar an talamh faoi láthair, bealach amháin nó bealach eile. Tá a fhios agam go bhfuil an tUasal Ó Coileáin ag iarraidh teacht isteach, ach an féidir leis an Uasal Mac Aodha Bhuí é sin a chur i gcomhthéacs? Tá sé iontach a fheiceáil go bhfuil cúigear teiripeoirí saothair ann, ach cé mhéad atá ag teastáil? An féidir leis an Uasal Mac Aodha Bhuí na figiúirí a chur i gcomhthéacs dúinn chun go mbeidh muid in ann iad a thuiscint?

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Is ceann de na deacrachtaí is mó atá againn ná earcú daoine a bhfuil Gaeilge acu. Muna dtagann daoine chun cinn ag na hagallaimh a bhfuil Gaeilge acu, ní féidir linn iad a earcú.

Tiocfaimid ar ais go dtí sin toisc go dtagann an pointe nach bhfuil sé éasca daoine le Gaeilge a fháil suas chuile choicís anseo. Tar éis na hanailíse atá déanta ag an FSS, cad iad na laigí atá ann? Cad atá ag teastáil? Chun na figiúirí seo a thuiscint, ní mór dom comhthéacs a chur orthu. Tá triúir oibrí sóisialta ann. Cé mhéad oibrithe sóisialta atá ag teastáil chun seirbhísí den scoth a chur ar fáil do lucht na Gaeilge? An dtuigeann an tUasal Mac Aodha Bhuí mo cheist? Ba mhaith liom na figiúirí a thuiscint.

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Tuigim an cheist. Ó thaobh na Gaillimhe de, tá go leor oibrithe sóisialta againn chun freastal ar an éileamh atá ann.

Sin i nGaillimh.

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Sea. Ó thaobh ceantar eile de, níl an t-eolas againn faoi láthair ach beidh sé againn. Táimid ag bailiú an eolais de réir a chéile agus-----

Tá mé ag fanacht le ceisteanna anseo. Tá triúr i nGaillimh. Níl aon duine mar sin i dTír Chonaill nó i gCiarraí. An sin an tuiscint atá le baint as an eolas seo?

Mr. Paul Connors

As the Chair can understand, this is a very young strategy. It was literally just completed. The Chair probably has a copy of the strategy document.

Tá agus tá sé léite agam.

Mr. Paul Connors

That went through our leadership team only in the past week. With some caveats, it will be approved. The Chair's question is very good, but it relates to a body of work we will have to conduct. What Mr. Mac Aodha Bhuí is referring to is the fact that we are finding it difficult to get, for example, GPs who can work through Irish in many of these areas. It is a gap that we are going to have to analyse over the next period in terms of the real demand for particular specialties. The question the Chair asked is very valid on how many social workers we need in those areas. It is not just a question of Galway, on which Mr. Mac Aodha Bhuí focused. Mr. Ó Coileáin might be able to provide more context for Munster. That is work we will have to do through the strategy. We will have to do more work on it. We do not have that analysis right now.

Bhí an tUasal Ó Coileáin ag iarraidh teacht isteach.

Mr. Mícheál Ó Coileáin

Cloiseann daoine go leor figiúirí agus tá sé deacair iomlán céille a bhaint astu uaireanta. Is é an rud is soiléire is féidir liom a rá faoi seo ná-----

Táim ag iarraidh ciall a bhaint astu.

Mr. Mícheál Ó Coileáin

Táim ag iarraidh tacú-----

Táim ag tnúth le cabhair an Uasal Uí Choileáin.

Mr. Mícheál Ó Coileáin

Agus tiocfaidh sé. Dhein mé féin cuairt ar na foirne pobail a chlúdaíonn Gaeltacht Chorca Dhuibhne, Gaeltacht Chorcaí agus ceantair eile nach iad. Labhair mé leis na disciplíní difriúla i gCorcaigh agus i gCiarraí, go háirithe sna Gaeltachtaí.

Bhí an tUasal Ó Coileáin ag labhairt leo mar oifigeach Gaeilge.

Mr. Mícheál Ó Coileáin

Bhí. Bhí mé ag fiosrú an leibhéil chumais a bhí ar an bhfoireann. I nDaingean Uí Chúis bhí mé sásta go maith go raibh réimse leathan scileanna ag an bhfoireann chun freastal ar an bpobal áitiúil. Maidir leis na disciplíní is mó a bheifí ag súil leis i ngnáthionad cúraim pobail, bhí duine in ann na seirbhísí sin a chur ar fáil. Táim ag caint ar altraí sláinte poiblí; teiripeoirí teanga, ar a labhair an tUasal Mac Aodha Bhuí fúthu; agus meabharshláinte, rud a bhíonn an-tábhachtach i gCorca Dhuibhne agus a bhfuil tacaíocht ar fáil ina leith ansin. Ansin tá Oiléan Chléire againn ar chósta Chorcaí. Arís tá altraí le Gaolainn ag clúdach an oileáin. Téann a lán de na seandaoine ar an oileán sin go dtí an Sciobairín i gcomhair cúraim. Tá cúrám le fáil trí Ghaolainn dóibh siúd sa Sciobairín. Labhair mé leo agus bhí siad an-sásta leis an gcúram atá ar fáil acu trí Ghaolainn. Chuaigh mé go Maigh Chromtha agus tá daoine le cumas Gaeilge san ospidéal pobal ansin atá ábalta cúram breá a chur ar fáil trí Ghaolainn. Tugadh le fios dom nach raibh daoine ó Ghaeltacht Mhúscraí ag cur fúthu san ospidéal pobail faoi láthair ach tá an cumas ann. Is tábhachtach é sin a aithint. Uaireanta tá daoine le scileanna ann ach b'fhéidir nach glaotar orthu na scileanna sin a úsáid de réir éilimh.

Ar an iomlán, tá bearnaí ann. Mar shampla, tá altra sláinte poiblí le Gaolainn i Múscraí ach tá deacrachtaí le go leor daoine a fháil i ndisciplíní eile. D'éirigh linn daoine a fhostú nuair a bhí airgid sruthaithe don Ghaeilge amháin. Má táimid ag iarraidh seirbhísí Gaolainne a fhorbairt, ba chóir níos mó airgid a dhíriú ar an nGaeilge amháin chun a chinntiú go mbeidh daoine againn sna ceantair ina bhfuil siad ag teastáil. Tá daoine le Gaolainn ag teastáil i Múscraí, i nDaingean Uí Chúis agus in Uíbh Ráthach. D'fhoghlaim muid an-chuid as an scéim teiripe teanga. D'fhoghlaim muid go n-éireodh linn dá mbeadh síol-airgead, nó seed capital, ann chun poist a bhunú. Bhí mé ag caint leis an bpríomhfhiaclóir i gCiarraí an tseachtain seo caite. Mhínigh sé dom faoin scéim iontach-----

An bhfuil bearnaí eile ann ó thaobh fiaclóirí de?

Mr. Mícheál Ó Coileáin

Dúnadh an clinic i nDaingean Uí Chúis tar éis na géarchéime. Dúirt an príomhfhiaclóir go bhfuil sé ag cuimhneamh anois ar scéim príobháideach poiblí a bhunú ansin chun cabhrú leis na fiaclóirí áitiúla seirbhís a chur ar fáil trí Ghaolainn. Beidh fiaclóirí príobháidheacha ag cur seirbhísí fiaclóireachta ar fáil ar son Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Cosúil leis an tslí ina n-oibríonn na cártaí leighis, beidh cleachtóirí ag cur seirbhís ar fáil. Táimid ag iarraidh teacht i dtír ar na fadhbanna seo mar ní bhaineann siad le daoine breise a earcú i gcónaí. Caithfimid a bheith níos cliste faoi na hacmhainní atá againn agus oibriú i slí chruthaitheach leis na seirbhísí atá faoin tuath agus leis na fiaclóirí ach go háirithe. Tá fiaclóirí le Gaeilge ann i gCorca Dhuibhne. Bheadh sé go hiontach tacú leo agus iad a threisiú ina bpobal féin agus iad ag freastal ar an bpobal sin agus ar leanaí na háite sin.

Glacaim leis go bhfuil daoine le Gaeilge i bhfad níos cliste ar aon nós.

Ms Bairbre Uí Theighneáin

Go dtí seo, ní raibh muid ag déanamh liosta foirmeálta ó na seirbhísí éagsúla. D'fhiafraigh an Cathaoirleach cén fáth nach bhfuil uimhir ceart againn.

Bhí mé ag iarraidh é a chur i gcomhthéacs chun é a thuiscint.

Ms Bairbre Uí Theighneáin

Tuigim an cheist a bhí ann. Bhí muid ag feidhmiú de réir mar a iarradh ar sheirbhísí ach anois, leis na hathbhreithnithe atáimid ag déanamh ar na seirbhísí, táimid ag dul isteach agus ag cur ceiste ar na bainisteoirí, cén seirbhís a bhfuil siad chun a chur ar fáil? Measaimid go n-éireoidh figiúirí níos fearr as sin de réir mar a ghabhaimid ar aghaidh. Beimid in ann a rá go bhfuil seirbhís éigin ann. Bhí an tUasal Mac Aodha Bhuí ag caint faoi na seirbhísí a bhfuilimid cinnte dóibh. Go dtí seo ní raibh muid ag déanamh athbhreithnithe foirmeálta ar na seirbhísí éagsúla. Leis na hathbhreithnithe atáimid ag déanamh, beidh sé ar pháipéar againn agus beidh léanúnachas ann. Beimid ag coinneáil súil ar na seirbhísí agus beidh a fhios againn an bhfuil siad ag coinneáil na seirbhísí a thosaigh siad ag imeacht ar aghaidh. An rud a tharlaíonn ná go gcuirtear rud in áit agus ansin imíonn duine as a post nó a phost agus bítear fágtha ar ais ag iarraidh duine nua a fháil. Leis na hathbhreithnithe, measaim go mbeidh feabhas ar an gceist. Ar a laghad beidh an t-eolas againn cén áit a bhfuil na seirbhísí.

Mr. Mícheál Ó Coileáin

Tá pointe beag eile ansin. Tá timpeall 110,000 duine ag obair i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus níl ach ceathrar againn mar oifigigh Ghaolainne. Nílim ag gabháil aon leithscéal as rud ar bith ach ag rá na fírinne.

Tá an tUasal Ó Coileáin ag cur rudaí i gcomhthéacs.

Mr. Mícheál Ó Coileáin

Tá na milliúin teagmhálacha againn leis an bpobal in aghaidh an lae. Ní maith liom a rá riamh nach bhfuil seirbhís ar fáil as Gaeilge mar tá éagóir a déanamh ar dhaoine tá Gaolainn acu agus ar daoine nach bhfuil a fhios againn go bhfuil Gaolainn acu ach atá ag úsáid na Gaolainne gach seans a fhaigheann siad agus atá an-dílis don teanga. Mar sin, feicim orainn mar éascaitheoirí chun an fáthach luí a dhúiseacht. Ní maith liom a rá nach bhfuil aon Ghaeilge i seirbhís ar leith. Tá daoine le Gaolainn gach áit, buíochas le Dia. Tá siad ann sna gairmeacha go léir.

Tá siad ann ach iad a aimsiú.

Mr. Mícheál Ó Coileáin

Is é an dúshlán atá romhainn ná aithne a chur orthu, breis tacaíochta a thabhairt dóibh, agus cabhraigh leo an tseirbhís a fheabhsú.

Gabhaim buíochas as an gcur i láthair. Bhain mé an-tairbhe as an cúpla noiméad deireanach agus an anonn agus anall. Tá cúpla ceist a bhí agam freagartha cheana féin ag na finnéithe. Teastaíonn uaim díriú ar na seirbhísí áitiúla, cosúil leis an banaltra, an dochtúir, an cabhróir sa bhaile agus mar sin de. Tá sé soiléir go bhfuil deacrachtaí maidir le daoine cosúil le dochtúirí agus mar sin de a earcú timpeall na tíre. Tá an fhadhb sin in a lán de na ceantair tuaithe. Cén meachán, brú nó éileamh a chuirtear ar an nGaolainn nuair a bhíonn an FSS ag earcú daoine? Má thagann folúntas i gcomhair banaltra i Maigh Chromtha, mar sampla, agus má theastaíonn duine chun teacht isteach sa cheantar, an mbeidh an FSS amuigh ag lorg go gníomhach duine le Gaolainn chun freastal ar an nGaeltacht? An mbeidh rudaí cosúil le polasaithe inmheánacha ann a déarfaidh go mbeidh tosaíocht do dhaoine ón gceantar north Lee toisc go bhfuil Maigh Chromtha sa cheantar north Lee agus nach bheidh áit tosaíocht ag daoine ón gceantar south Lee riamh? An é sin a bheidh ann nó an bheidh an Ghaolainn mar chloch mhór sa phaidrín má tá duine á lorg chun é nó í a thabhairt chuig ceantar le freastal ar an nGaolainn? Sin é an chéad cheist.

Mr. Mícheál Ó Coileáin

Nuair atá daoine á n-earcú ag an FSS agus ag teacht isteach dá gcéad lá riamh, tá polasaí earcaíochta Gaolainne ann. Tá prótacal againn. Is ceist eile é nuair atá daoine----

Daoine atá ann cheana féin.

Mr. Mícheál Ó Coileáin

-----ar phainéal inmheánach. Is rud an-chasta é sin. Baineann an tslí ina n-oibrítear paineál i ngach cás le ceardchumainn agus le gairmeacha difriúla.

Mar sin, má tá painéal ann, cén meachán a fhaigheann an Ghaolainn? Teastaíonn ón FSS go mbeidh seirbhís ar fáil a mbeidh na daoine ar fhreastalódh sé orthu in ann tairbhe a bhaint as. Mar shampla, má tá banaltra le bheith ag tabhairt cuairte ar tithe sa Ghaeltacht nó pé ceantar, agus má tá a fhios ag an FSS go mbeidh Gaolainn á teastáil ann, surely beidh meachán breise á thabhairt nuair atá daoine á n-earcú chuig a leithéid de phost. Cad iad na rudaí tosaigh a bheadh ann chun daoine a earcú?

Mr. Mícheál Ó Coileáin

Níl freagra díreach agam ar an gceist sin. Níl mé ag iarraidh éalú ón gceist mar is ceist an-tábhachtach í ach tá córas painéil difriúil ann i gcomhair gach gairm difriúil. Go bhfios dom, níl prótacal comónta eatarthu. Mar a thuigtear domsa é, is ceist riaracháin í. Ní mór leathnú a bheith ann ar an bprótacal don Ghaolainn i gcomhair daoine a cheapadh ar an gcéad lá. Ba chóir é sin a leathnú chuig na painéil freisin.

An é sin le rá go bhfaigheann an córas tosaíocht ar an nGaolainn?

Mr. Mícheál Ó Coileáin

Sin an rud is tábhachtaí. Ba chóir go mbeadh tús áite tugtha don Ghaolainn i ngach réimse earcaíochta.

An bhfuil an tUasal Ó Coileáin ag rá go bhfaigheann an córas, an painéal, agus mar sin de tosaíocht ar rudaí cosúil leis an nGaolainn, cé gur rud an-tábhachtach í i gcomhair mhuintir na Gaolainne? An bhfuil a fhios aige cad atá á rá agam? An é an córas a bhfaigheann an tosaíocht nó an bhfaigheann an Ghaolainn nó an chustaiméir ná pobal a bheadh á éileamh an tosaíocht nuair atá an FSS ag déanamh earcaíochta nó ag aistriú daoine mórthimpeall?

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Maidir le hearcaíocht sa Ghaeltacht, caithfidh Gaeilge líofa a bheith ag duine le bheith fostaithe sa Ghaeltacht, is cuma cén Gaeltacht atá i gceist. An bealach a n-oibríonn sé ná go gcuireann na bainisteoirí áitiúla in iúl don eagraíocht-----

An é an réigiúin atá tábhachtach? Tógfaimid mar shampla north Lee agus south Lee, toisc go bhfuil siad ag teacht díreach isteach ar imeall na Gaeltachta. Tá dhá réigiún mór HSE ann. B'fhéidir go mbeidís in adharca a chéile. An é north Lee versus south Lee nó freastal ar mhuintir Mhúscraí atá i gceist?

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Ní féidir liom a rá go sonrach caidé atá ag tarlú thíos ó dheas, ach an bealach a n-oibríonn muidne ná, mar shampla, má tá bainsteoir teiripe teanga ag cuardú teiripeora le freastal ar cheantar Mhaigh Chromtha, cuireann an duine sin iarratas isteach chuig health business services, HBS, thuas i gCluainín Uí Ruairc agus tógtar daoine ón bpainéal. Caithfidh an bainisteoir a chur in iúl go bhfuil an ceantar sin sa Ghaeltacht. Má tá, cuireann an dream i gCluainín Uí Ruairc liosta ainmneacha ar fáil de dhaoine atá incháilithe agus a bhfuil Gaeilge acu. Ag an phointe sin, tagann na hoifigigh Ghaeilge isteach agus cuirimid na daoine sin faoi scrúdú Gaeilge a mhaireann 30 nóiméad ar a laghad.

Déantar an scrúdú a thaifeadadh agus bímid ag súil le caighdeán an-ard Gaeilge ó thaobh duine ar bith atá ag dul ag obair sa Ghaeltacht. Ó thaobh daoine a bheith ag obair i nGaeltachtaí éagsúla, cuirtear béim ar an gcanúint atá ag an duine atá ag dul isteach sa cheantar áirithe sin.

An mbeadh na daoine ar an bpainéal sin ón gceantar HSE sin faoi leith nó an bhféadfaí daoine a aistriú isteach ó cheantair eile timpeall na tíre?

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Tógtar daoine de réir na háite ina bhfuil siad bandáilte ar an liosta. Is cuma cén áit sa tír arb as daoine. Má tá siad sa tríú, ceathrú nó cúigiú háit ar an liosta, cuirtear iad faoi agallamh má tá suim acu sa phost.

Má tá sé sin ag obair, an bhfuil daoine ag aistriú? An bhfuil Gaeilgeoirí á dtabhairt ag an FSS ó thimpeall na tíre i dtreo na gceantar Gaeltachta? Feicimid na figiúirí anseo. An bhfuil fás ar na figiúirí sin le cúpla bliain anuas nó an iad sin na figiúirí céanna a bheadh ann anuraidh agus an bhliain roimhe?

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Bheadh athruithe beaga ann.

Bheadh athruithe ann. An mbeadh na figiúirí ardaithe nó laghdaithe? Má tá córas á chur i bhfeidhm ag an FSS chun daoine le Gaolainn a thabhairt chuig na ceantair sin, shamhlófaí go mbeadh ardú ag teacht ar na figiúirí sin le bliain nó dhó anuas.

Mr. Paul Connors

The Deputy should not forget that the figures fell throughout the recession and are now coming back up again. Looking at the figures from 2007 or 2008, when there was a very high number in the HSE, that may not give an accurate representation of the current situation.

Cuir i gcás figiúirí ó anuraidh, ón mbliain roimhe, nó ón mbliain roimhe sin. Má tá córas den chineál atá luaite á chur i bhfeidhm, shamhlófaí go mbeadh ardú beag, céim ar chéim, gach bliain ar an líon Gaeilgeoirí atá á dtarraingt i dtreo na seirbhísí sin agus go mbeadh duine nó beirt níos mó sna figiúirí ná mar a bhí ann an bhliain roimhe agus an bhliain roimhe sin.

Mr. Mícheál Ó Coileáin

Tagann sé sin ar ais go dtí an rud ar luaigh mé níos túisce, is é sin, go gcaithfidh maoiniú seasta a dhíriú ar an nGaeltacht. Caithfimid glacadh leis go bhfuil na Gaeltachtaí-----

An é sin le rá nach bhfuil aon ardú ar na figiúirí sin ón mbliain seo caite?

Mr. Mícheál Ó Coileáin

Nílim ag rá é sin ach an oiread. Táim ag rá gurb é seo an chéad uair a deineadh meastachán iomlán den leithéid a rinneamar le sé mhí nó bliain anuas. Chuamar timpeall na lárionad go léir. Comhairíomar na daoine agus labhraíomar leis na bainisteoirí. Níor tharla sé sin go dtí gur tháinig muid faoi scáth an rannóg chumarsáide. Bhíomar ag feidhmiú go haonarach sna réigiúin go dtí an pointe sin. Ar bhealach, táim ag lorg maithiúnais go pointe. Táimid ag teacht ar an rud sin mar chuid den athstruchtúrú nua faoi cheannas an rannóg chumarsáide. Baineann an teachtaireacht is láidre leis na rudaí atá ag éirí leo. D'éirigh go seoigh linn le teiripeoirí teanga agus leis an scéim teiripe teanga a fhorbairt sa Ghaeltacht. Ba mhaith liom a chur ar shúile an choiste cé chomh tábhachtach is atá sé sin. Nuair a bhí seirbhís Bhéarla teiripe teanga ar siúl, uaireanta bhí ar theaghlaigh athrú go Béarla chun cabhrú le duine a bhí ag fáil teiripe teanga trí Bhéarla. Cheapamar go raibh sé sin náireach. Tá an cleachtas sin críochnaithe anois ar fad. Tá seirbhís cheart ann. Rinneamar é sin as ár stuaim féin. Mar oifigigh aonaracha chuamar chuig údaráis agus fuaireamar tacaíocht. Bhíomar ag treabhadh na ngort go huaigneach thar na blianta agus ag déanamh éachtaí beaga ar an talamh.

Má táimid ag iarraidh dul go dtí an chéad chéim eile agus barr feabhais a bhaint amach ar sheirbhísí Ghaeilge, is é an rud atá uaim agus atá uainn go léir ná maoiniú dírithe go sainiúil ar sheirbhísí Gaeltachta. Tá súil agam go mbeimid ábalta na bearnaí iomlána a aimsiú, go mbeimid ábalta eolas a chur ar fáil don choiste, agus go mbeimid ábalta iarratas a dhéanamh ar bhreis maoinithe a bheadh dírithe ar an nGaeilge agus a cinnteodh go mbeidh na seirbhísí a bheidh aimsithe curtha ar fáil. Mar a dúirt mé, tá slite cruthaitheacha chun é sin a dhéanamh. Chabhraigh Údarás na Gaeltachta le seirbhís teiripe teanga a bhunú.

Caithfidh mé imeacht. Slán libh.

Tá vóta ar siúl sa Seanad. Is é sin an rud atá ag tarlú.

Mr. Mícheál Ó Coileáin

Tá slite cruthaitheacha chun é seo a dhéanamh, ina measc, maoiniú sainiúil a chur ar fáil don Ghaeilge, pairtnéireacht príobháideach poiblí, agus leathmhaoiniú ó Údarás na Gaeltachta. Sin trí rud a n-éireodh leo.

Mr. Paul Connors

I will finish that point and answer the Deputy's question. It is a very insightful question because it speaks to the difficulties we have had with the Irish language. Mr. Ó Coileáin has correctly spoken to the difficulty that has existed, which is that there has not been an Irish language strategy in the health services. This is the first proper Irish language strategy for the health services. It has to take in all of these concerns and join up different parts, including health business services, HBS, which is the body that looks after recruitment in the HSE. We still have to identify the needs and gaps upon which we have all touched. It is more advanced in the western Gaeltacht than in other Gaeltachts. That is not to say that others such as Mr. Ó Coileáin and Ms Uí Theighneáin have not been doing their best to fill those gaps. We have to analyse and see what exactly are the demands for the delivery of services through Irish. We have to look at whether the demographic is growing or reducing as per the population. We have to fill those gaps and that needs to be done systematically, working with HBS. That is part of the strategy over the next five years. I hope that, if we are all back here in five years, we will have identified those gaps.

Tá súil agam go mbeimid ar ais anseo i bhfad roimhe sin.

Mr. Paul Connors

I have no doubt but that we will. To answer the question specifically, we need to identify the gaps and to have a funding stream to fill those gaps with people, resources and services. Most of those services involve people. We also need to prioritise those needs. The survey we conducted as part of the strategy shows that GP services are the primary concern and demand of the Irish-speaking population. As the committee will know, we are already involved with the GPs, the Irish Medical Organisation, IMO, and the National Association of General Practitioners, NAGP, as part of the GP contract negotiations. That will form part of the discussion in that regard. We will also work with the Irish College of General Practitioners to get it to understand and to work with us to persuade and coax GPs into working in Gaeltacht areas, which is a real challenge as I am sure the committee is aware.

Tá suirbhé nó taighde déanta i measc phobal na Gaeltachta, an áit ina bhfuil an t-éileamh. Is é an líne thosaigh san áit an dochtúir, an bhanaltra agus mar sin de, mar a bheifí ag súil leis, ach céard faoin gcabhróir baile? Is é seo an duine a bhíonn ag teacht isteach go laethúil agus ag plé leis an duine ina teach féin. Is é an rud pearsanta an rud is tábhachtaí agus is láidre ansin i gcónaí. Baineann an chuid is mó den ról leis sin. Níl an cúramóir baile luaite sa cheistneoir in aon chor. Níl aon fhigiúirí ná eolas maidir leis an líon dóibh a bhfuil compordach as Gaolainn.

Toisc go bhfuil sé aitheanta mar cheann de na rólanna tábhachtacha agus toisc go bhfuil éileamh ann, cad iad na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun a chinntiú go bhfuil cúramóirí baile á gcur ar fáil do dhaoine ina dtithe féin gur féidir leo labhairt leis na daoine sin agus a ngnó a dhéanamh go compórdach sa bhaile? Cén aiseolas atá faighte ag an FSS ón tseirbhís sin maidir le hiarrachtaí atá déanta chun a chinntiú go bhfuil an pobal ábalta teacht uirthi go sásúil?

Mr. Mícheál Ó Coileáin

Chuir mé an cheist sin i gCorca Dhuibhne, mar chás samplach. An freagra a fuair mé nuair a d'fhiosraigh mé leis an mbainisteoir a bhí i gceist ná nach raibh fadhb ar leith ag an tseirbhís daoine le Gaolainn a fháil i gCorca Dhuibhne. An tuiscint a bhí leis sin ná, má labhraítear Gaolainn i gceantar, bheifí ag tarraingt as an gceantar sin i gcomhair cúramóirí baile. Mar sin, bheadh Gaolainn an cheantair acu.

Níl sé luaite sna figiúirí-----

Mr. Mícheál Ó Coileáin

Níl.

-----go bhfuil éinne ann. Anuas air sin, agus chun é a thógáil ar aghaidh céim breise, bheifí ag súil go mbeadh na daoine sin ag teacht ón dúiche ach níl siad. Is amhlaidh go bhfuil sé deacair teacht ar dhaoine agus tá siad ag taistil níos sia agus níos sia. Gach seans go minic nach duine ró-áitiúil a bheith ag daoine in aon chor.

Mr. Mícheál Ó Coileáin

Tá ceist tábhachtach luaite ansin ag an Teachta. Glacaim ar bord é. Caithfimid níos mó aire a thabhairt don cheist sin. Ceann de na deacrachtaí atá ag baint leis seo ná go bhfuil daoine ar fhochonarthaí de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go minic. Uaireanta tá eagraíochtaí príobháideacha i gceist. Níl smacht iomlán againn ar an ionchur nó ar na figiúirí atá ag teacht ó na seirbhísí sin. Cinnte go bhfuil sé fíorthábhachtach é seo a fhiosrú. Chuireamar béim ar leith ar na hospidéil phobail. D'fhéachamar orthu mar áiteanna ina gcaitheann daoine a gcuid ama ar fad. Thugamar tús áite do na háiteanna sin mar chaitheann go leor seandaoine a gcuid ama ar fad sna hospidéil phobail. Thugamar tús áite dóibh siúd ach aontaím leis an Teachta gur fiú go mór béim a chur ar chúntóirí baile agus ar an tseirbhís sin agus breis soiléireacht a fháil faoi na modhanna freastail atá ag an tseirbhís sin mar tá solúbthacht áirithe ansin ó thaobh conraitheoireachta de. Cinnte tá obair bhaile ansin dúinn. Caithfimid fiosrú cad go baileach atá ar siúl le cúram baile.

Mr. Stephen McGrath

To clarify, when we did the survey we did ask people what were the most important services to provide through Irish. GPs were the most important at 87%. Home helps were third at 35%, after public health nurses at 41%. There was a recognition among those who responded to the survey, who were all Irish language speakers, that home help was a very important service to them and that they would like it to be provided through Irish. We have taken cognisance of that.

An bhfuil aon aiseolas ansin mar gheall ar cad atá ag tarlú nó ar cé chomh héifeachtach is atá na hiarrachtaí atá déanta? An bhfuil aon rud cloiste ag an FSS ó na home help co-ordinators?

Mr. Mícheál Ó Coileáin

I gcás Chorca Dhuibhne, chuir mé an cheist an raibh fadhb ann daoine le Gaolainn a earcú i gcomhair cúraim bhaile. Is é an freagra a fuair mé ná nach raibh deacracht ar leith ag an am. Ní chiallaíonn sé sin nach mbeadh deacracht am ar bith. D'fhéadfadh deacracht a bheith ann. Ag an am a chuir mé an cheist, áfach, ní raibh deacracht ann. Mar a dúirt mé, caithfimid é seo a fhiosrú ach níl an soláthar ag teacht go díreach ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte mar atá seirbhísí eile. Mar sin, ní fhéadfaimis an caighdeán seirbhíse céanna a chinntiú, toisc gur seirbhís faoi fhochonradh é.

An féidir an caighdeán sin a chinntiú laistigh den fheidhmeannacht?

Mr. Mícheál Ó Coileáin

Is féidir, cinnte.

Níl aon fhigiúirí ansin ag léiriú go bhfuil-----

Mr. Mícheál Ó Coileáin

Níl. Is ceist an-mhaith í sin. Ba chóir dúinn breis aird a thabhairt air sin. Gabhaim buíochas leis an Teachta as ár n-aird a dhíriú ar an gceist sin.

Tá suim agam dul i dtreo eile. Go dtí seo táimid ag labhairt faoi mhuintir na Gaeltachta. Teastaíonn uaim bogadh i dtreo Gaeilgeoirí ar fud na tíre. De réir na tuarisce atá ag an FSS, dhein sé taighde a dhírigh ar éileamh na Gaolainne tríd na tíre. Níor thug sé aon tuairisc ar thorthaí an taighde sin. Dúirt na finnéithe go raibh siad ag déanamh taighde ar líon agus cineál na seirbhísí sláinte atá ar fáil faoi láthair agus ar an tábhacht a bhaineann leo. Dúirt na finnéithe go raibh siad ag díriú ar an taighde ansin ach níor thug siad torthaí an taighde sin.

Mr. Paul Connors

We have the results of the research. As I have explained, this is the first stage. The strategy is just developed. The gap analysis has not been done. I believe that is what the Deputy is pointing to. That analysis will show whether the provision of services fills the demand. Am I correct in that?

Tá an FSS tar éis staidéar a dhéanamh ar an éileamh ar fud na tíre.

Mr. Paul Connors

Correct.

Léiríonn sé seo na seirbhísí agus na bearnaí atá ann. Beidh an FSS ábalta bogadh ar aghaidh le plean as sin. Cad iad na seirbhísí agus cad iad na bearnaí? Cád é an t-éileamh atá feicthe ar fud na tíre? Tá go leor Gaeilgeoirí síos suas na tíre i ngach aon áit gur mhaith leo a bheith ábalta a ngnó leis an bhfeidhmeannacht a dhéanamh trí Ghaolainn.

Mr. Paul Connors

I will ask Mr. McGrath to talk in a bit more detail about the results of the survey but the important piece to which we keep coming back is the gap. We know where the demand is. We need to know the quantum of demand and what the gap to fill in respect of service requirements is. That is to say, we need to know how many nurses we need, how many we have and how many we need to secure over the coming years. That work has to be done over the coming years. It will not be simple to----

I gceann cúpla bliain.

Mr. Paul Connors

It will not take cúpla bliain to get the detail, but it will to fill the gap. On the Deputy's point, we need to focus on how to switch to Gaeilge being seen as a high-ranked priority in interviewing people. In other words Gaeilge should be an important consideration when a decision is being made. That work has to be done. We have to engage with health business services in that regard. There is quite a bit of work to be done. We also have to work with-----

An bhfuil aon torthaí ann maidir leis na bearnaí? An bhfuil an FSS tar éis na bearnaí a aithint? An féidir leis na finnéithe cúpla sampla a thabhairt dúinn, mar is féidir liom féin smaoineamh ar chúpla ceann? Níl aon eolas ansin mar gheall ar na bearnaí a bhfuil an FSS ag tabhairt fúthu i measc phobal na Gaolainne ar fud na tíre.

Mr. Stephen McGrath

The research was conducted with Irish language speakers in Donegal, Galway and Kerry. We did some research back in 2007 and last year we updated it to see whether there was any difference between demand in 2007 and demand in 2018. The survey was done by Ipsos MRBI. Approximately three quarters of those interviewed had used a health service in Irish. Approximately 73% said their preference would be to have service through Irish. We got some good information about what people wanted in these areas and about the kind of experiences they were having. We will enhance that. Our digital office is doing a digital survey of all services in the HSE, which is to start this year. We will be putting a couple of questions into that in terms of the number of staff each service has who are fluent in Irish and the number of staff who can deliver a service through Irish.

When we get the results of that survey we will have a better picture of where the services are being delivered around the country in Irish and where are the gaps.

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Ní dhearnamar aon suirbhé lasmuigh den Ghaeltacht ach tá a fhios againn ón meid fiosruithe a fhaighimid ó thaobh, mar shampla, teiripe teanga de, gur beirt as ceantar Bhaile Átha Cliath a d'iarr seirbhís teiripe teanga trí Ghaeilge le deich mbliana anuas. Cuir é sin i gcomparáid le breis agus 120 nó 130 gach bliain sa Ghaeltacht. Léiríonn sé sin gur sa Ghaeltacht atá an t-éileamh agus gur sa Ghaeltacht atá an riachtanas agus ní dhéanaimse aon leithscéal má táim agus cuid de mo chomhghleacaithe ag cur na béime ar na seirbhísí don áit ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt go nádúrtha ag pobal agus ag clanna. Sílim gurb í an áit gur ceart dom tosú agus is é sin an fáth go bhfuil an bhéim á cur againn ar an nGaeltacht ó thaobh earcaíochta de, ó thaobh na scoláireachtaí de agus ó thaobh forbairt seirbhísí de.

Tá an bhéim dírithe ar an nGaeltacht ar an gcéad dul síos.

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Tá tús áite tugtha don Ghaeltacht agus ba chóir dó a bheith mar sin.

Tá go leor Gaeilgeoirí ann, ar ndóigh, ach tagann muintir na Gaeltachta go dtí Baile Átha Cliath chun a n-éilimh a dhéanamh ar sheirbhísí ospidéil faoi leith. Bíonn Gaeilgeoirí ar fud na tíre ag dul go dtí ospidéil nó ag éileamh seirbhísí i bPort Láirge nó pé áit lasmuigh den Ghaeltacht. Beidh siad siúd ag lorg go bhféadfadh FSS a bheith ábalta freastal orthu chomh maith.

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Caithfimid tosú san áit ina bhfuil sí láidir agus freastal ar an bpobal ar dtús, agus más amhlaidh gur féidir linn seirbhísí a chur ar fáil lasmuigh den Ghaeltacht, déanfaimid sin. Tá an t-éileamh lasmuigh den Ghaeltacht an-íseal. Tá contaetha in Éirinn nach dtagann fiosrú amháin isteach maidir le seirbhís i nGaeilge. Caithfimid a bheith réalaíoch faoi chomh dona is atá rudaí ó thaobh na Gaeilge de. Maidir le-----

Cuir i gcás duine ón nGaeltacht a bheidh ag dul go dtí an fiaclóir, beidh siad ag teacht go Corcaigh chuige sin agus ag éileamh na seirbhísí i gCorcaigh, lasmuigh den Ghaeltacht. Díreach mar an gcéanna, beidh páistí tugtha go dtí ospidéal na leanaí anseo i mBaile Átha Cliath. Beidh an teaghlach ag éileamh, nó theastófaí, duine a bheith ábalta plé leis an bpáiste sin ar bhonn compordach ina theanga nó ina teanga féin. Mar sin, tá níos mó éilimh sna ceantair lasmuigh den Ghaeltacht ná mar a shílfeá. Ní hé go bhfuil daoine ag scríobh isteach chuig an tseirbhís ag lorg gnó a dhéanamh trí Ghaeilge ach tá Gaeilgeoirí ag teacht chuig an tseirbhís ag baint úsáide as an bhfiaclóir nó as an ospidéal máithreachais nó pé rud é agus ní fheadar an bhfuil sé sin á chur san áireamh ag an FSS in aon chor.

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Tá sé curtha san áireamh againn go bhfuil an oiread sin seirbhísí i gceist leis go gcaithfimid tosú, mar a dúirt mé, sa tseirbhís sa Ghaeltacht agus ansin sna hospidéil gar do na ceantair Ghaeltachta. Ansin, is féidir tuilleadh forbartha a dhéanamh sna ceantair eile dá réir.

Níl ach dhá cheist fágtha agam anois.

Mr. Paul Connors

The point just made by Mr. Mac Aodha Bhuí is a point I was going to make, which is that we need to get right the Gaeltacht areas where the bigger populations are. When we sat down with this strategy two years ago, one of the points we made was that there are other smaller pockets, particularly with Gaelscoileanna, where there is a population that is increasing. There are pockets of Irish-speakers close to where I live in Dublin, for example. In the first instance, with the resources that we have - we have to be very conscious of these resources and as we said in our opening statement we acknowledge that our resources are finite or limited - what we are trying to do is to develop our services where those bigger populations are and get that right. This strategy is designed to deal with the Gaeltacht areas. When we have that dealt with, we start to look at those other areas where the smaller numbers are.

Mr. Mícheál Ó Coileáin

Ó thaobh daonra de, thar na blianta, tá eolas maith ag na daoine atá ag obair ar an talamh againn go mbaineann an t-éileamh is mó le daoine óga, le leanaí agus le seanóirí nó daoine atá níos aosta. Is é sin an áit ina bhfuil ualach na seirbhísí sláinte agus ní rachaimis i bhfad amú má dhírimid ar na seirbhísí a bhfreastalaíonn ar dhaoine óga agus ar dhaoine níos sine. Is iad sin na háiteanna is mó a gcuirtear seirbhísí sláinte ar fáil. Ar bhealach tugann sé treoir dúinn faoin gcaoi a gcaithfimid a bheith níos sainiúla ó thaobh na bearnaí seirbhíse a bhfreastalaíonn ar dhaoine óga agus ar dhaoine níos sine. Leis an eolas sin, féadfaimis pleanáil a dhéanamh dá réir.

Is é bun agus barr an scéil, na ceiste agus an phlé ná cé chomh éasca is atá sé do theaghlaigh atá ag tógáil clann le Gaeilge seirbhísí sláinte a fháil trí Ghaeilge, laistigh den Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Táimid ag iarraidh é sin a phlé agus a fháil amach.

Tá angle eile agam, le cead an Chathaoirligh.

Is féidir leis an Teachta teacht ar ais.

Fanfaidh mé leis sin go fóill, mar sin.

Ms Bairbre Uí Theighneáin

Is é an t-aon rud, nuair atáimid ag caint faoi rud náisiúnta, ná go bhfuil líne eolais náisiúnta ar fáil as Gaeilge do dhaoine agus faighimid glaonna ar an líne sin. Is iad na rudaí is mó a iarrann daoine ná eolas faoi chártaí leighis, chártaí Eorpacha árachais sláinte agus chártaí aisíocaíochtaí drugaí. Is é sin an rud céanna a tharlaíonn ar an líne as Béarla a tharlaíonn leis na Gaeilgeoirí. Tagann siad ó chuile chearn den tír. Tá siad ag leanúint ar aghaidh ag déanamh iarratas ar na seirbhísí sin, ar chártaí leighis agus a leithéidí a fháil, ach níl aon iarratas tagtha isteach ar sheirbhís seachas an tseirbhís chothrom na Féinne nó fair deal. Fuaireamar cúpla iarratas i mbliana air sin. Go dtí seo, is iad na trí cinn eile na príomhrudaí a iarrann daoine orthu ar bhonn náisiúnta.

Mr. Mícheál Ó Coileáin

Arís, tá seirbhís teileafóin i bPort Láirge a phléann leis na cártaí sin. Tá seirbhís dá réir ó bhéal ar an bhfón agus tá sé sin molta go hard ag úsáideoirí na seirbhíse sin. Tá aischothú faighte ag an Uasal Uí Theighneáin faoi sin.

Ms Bairbre Uí Theighneáin

Tá.

Tá cúpla ceist agam chun an rud a chur i gcomhthéacs agus ligfidh mé don Teachta teacht ar ais ansin. Fáiltím roimh an straitéis. Is rud maith agus dearfach í. An é seo an chéad uair riamh a bhfuil straitéis mar seo ann? Roimhe seo an raibh scéimeanna teanga ann?

Ms Bairbre Uí Theighneáin

Scéim an iarthair a bhí ann go dtí seo. Is í sin an t-aon scéim teanga a bhí ann.

Anois, tá an tseirbhís ag dul ar aghaidh le straitéis agus ag ullmhú i dtreo an Bhille nua agus táimid ag tnúth leis sin, tar éis cúrsaí Breatimeachta. Beidh caighdeánú i gceist agus tá FSS ag ullmhú sa treo seo. Fáiltím roimhe seo. Tá cúig bliana i gceist, nach bhfuil? An bhfuil sé ar intinn ag an tseirbhís plean gníomhaíochta a bheith ann mar tá easpa spriocdháta i gceist? Tá an rud thar a bheith ginearálta. Ba mhaith liom a bheith dearfach agus is rud maith é ach tá easpa spriocdháta i bhfianaise na géarchéime atá ann. An mbeidh plean gníomhaíochta ann? Tá a fhios againn faoi straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Tá 20 leathanach gafa leis an straitéis sin, an plean gníomhaíochta agus ceist an Achta teanga. Ba mhaith liom go gcuirfí sin i gcomhthéacs maidir le plean gníomhaíochta.

Rinne FSS taighde. Níl a fhios agam cén fáth a raibh an taighde sin riachtanach mar tá a fhios againne faoi na cúrsaí seo. Bhí 403 agallamh i gceist sna Gaeltachtaí i nDún na nGall, i nGaillimh agus i gCiarraí.

Fuair FSS amach rud atá ar eolas againn go léir, is é sin go bhfuil seirbhísí trí Ghaeilge ag teastáil go géar. Is iad dochtúirí ginearálta is mó a lorgaítear ach tá éileamh suntasach ar seirbhísí eile ar nós altraí sláinte phoiblí, na cúntóirí baile a luaigh an Teachta Moynihan, agus seirbhísí scoile agus naíonán chomh maith. Leanann sé ar aghaidh. Ní chuireann sé sin aon iontas orainn mar lorgaíonn muintir Ghaeilge seirbhísí Gaeilge. Bhí a fhios againn é sin. Tá a fhios againn é sin ó na gearáin, atá déanta le blianta, go bhfuil easpa seirbhísí i gceist. Níl a fhios agam cén fáth a raibh an taighde sin riachtanach. An taighde atá riachtanach ná na bearnaí a aimsiú. Tá sé sin práinneach. Caithfear na bearnaí a aimsiú agus caithfear cinneadh a dhéanamh maidir le cad atá ag teastáil. An dtabharfaidh na finnéithe spriocdháta dom maidir leis an saghas taighde sin?

Bhí rud eile anseo ach tá sé imithe as mo cheann. "Buíochas le Dia" a deir na finnéithe. Maidir leis na hoifigigh teanga, tá cúigear i gceist, an bhfuil?

Ms Bairbre Uí Theighneáin

Tá.

Bhí siad ann i gcónaí, an raibh? Ba mhaith liom na figiúirí a chur i gcomhthéacs. Mar a dúirt mé ón tús, is iontach go bhfuil cúigear i gceist. Cuirim fáilte rompu go léir. Is iontach an rud é sin. An bhfuil córas nua i gceist? An bhfuil siad laistigh den rannóg chumarsáide anois nó rud mar sin? Cén ról atá acu? An bhfuil gá le tuilleadh? Arís ba mhaith liom na figiúirí a bheith curtha i gcomhthéacs dom. Tá neart ceisteanna eile agam ach ligfidh mé don Teachta Moynihan teacht ar ais. An féidir leis na finnéithe na ceisteanna sin a fhreagairt, i nGaeilge más féidir?

Mr. Paul Connors

I will deal with the action plan.

Is é an easpa phlean gníomhaíochta a bhí i gceist. Níl aon phlean gníomhaíochta ann.

Mr. Paul Connors

That is what I am coming to.

Okay, good.

Mr. Paul Connors

As I explained at the outset, this strategy has literally just been signed off on. We need a strategy before-----

Tuigim é sin. Tá sé ag éirí déanach.

Mr. Paul Connors

The next step is the action plan.

Cén uair a bheidh plean gníomhaíochta réidh? Cén uair a bheidh muid in ann é a fheiceáil?

Mr. Paul Connors

The action plan will be ready towards the end of this year.

Iontach.

Mr. Paul Connors

It is under way. The preparation of the action plan has commenced. There are five pillars to the strategy. Each of those will have an action plan associated with it. We will have to work through deadlines for implementation as part of the action plan. I will not give the Chair-----

Tá sé thar a bheith tábhachtach. Tá práinn leis. Tá a fhios againn é sin. B'fhéidir nach bhfuil a lán ar eolas againn, ach tá a fhios againn go bhfuil géarchéim ó thaobh na teanga de. Tá sé soiléir gach uile choicís. Tá na seirbhísí bunúsacha seo ag teastáil go léir. Sin an fáth go bhfuilim ag díriú isteach ar spriocdhátaí agus sprioc-amanna. Níl gá le haon mhoill eile. Ní féidir glacadh leis go mbeidh moill eile ann.

Mr. Paul Connors

I fully accept that. It is important that, above all else, we get this correct so that we do not have the ad hoc set-up that existed for the Irish language across the different areas. I would like to get this right so that we can come back to the committee with a proper strategy. The Chair asked about the research-----

Táim ag caint faoi sheirbhísí. Tá straitéis i ndiaidh straitéise ó gach uile eagraíocht a tagann os ár gcomhair ach is é an rud is tábhachtaí ná an straitéis a chur i bhfeidhm.

Mr. Paul Connors

I accept that, but the Chair will accept that if we do not do this in a co-ordinated way, taking in HBS, recruitment and everything else we have mentioned, this will end up in an ad hoc system, for which the Chair will not thank me in a year's time. That will happen if we do this in an unstructured way. That is why the research was done. I could have asked Mr. Ó Coileáin or Ms Uí Theighneáin what they thought, but we need to ask the people to make them feel that this is their strategy as well. It is important that we do that research and that we can stand over it.

With regard to the deadline for the next part of the research, I will not give the Chair a deadline, even though she has asked for one. I hope she will excuse me for that. We need to consider that as part of the implementation plan. I keep raising the point that the gap is a very important part of this. We would like to see the research towards the year's end.

Under the new system for the Irish language officers, the roles have certainly changed. We have job descriptions for each of the Irish language officers. They probably did not exist, if I am correct-----

Mr. Mícheál Ó Coileáin

They were local. Bhí siad áitiúil. Bhain siad leis na boird shláinte i dtosach báire ach cuireadh deireadh leis na boird shláinte agus tháinig Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar an saol. Níor athraíodh an míniú poist leis an struchtúr nua sin. An rud a tharla le bliain anuas ná gur tháinig gach rud suas chun dáta.

Cá bhfuil na hoifigigh lonnaithe?

Mr. Mícheál Ó Coileáin

Tá mise i gCorcaigh.

Ms Bairbre Uí Theighneáin

Táim i lár tíre agus tá Carmel Mac Domhnaill-----

Mr. Mícheál Ó Coileáin

Tá sí i Luimneach agus tá Bríd Ní Chualáin agus Cuimín Mac Aodha Bhuí i nGaillimh.

Ms Bairbre Uí Theighneáin

Tá Bríd nua.

Mr. Mícheál Ó Coileáin

Tá Bríd nua.

Mr. Paul Connors

I will ask Mr. Mac Aodha Bhuí to speak to the types of roles and to the changes to them. His role in this might be helpful for the Chair.

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Mar a luadh, bhí muid faoi scáth na mbord sláinte. Nuair a tháinig Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar an bhfód, fágadh muid ag leanúint ar aghaidh. Is é an t-athrú atá tagtha anois ná go bhfuil mise i mo cheannasaí agus tá an ceathrar ag obair in éineacht liom. Bímid ag díriú isteach ar na hathbhreithnithe ar na seirbhísí agus ag déanamh iarracht feabhas a chur ar na seirbhísí dá réir. Mar shampla, táimid tar éis roinnt athruithe a chur i bhfeidhm san aonad máithreachais in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh. Tá an teanga bhaile, nó an teanga a labhraíonn daoine, á aithint ag an tús nuair a thagann duine isteach agus déantar iarracht altra le Gaeilge a chur ar fáil le linn na tréimhse atá an duine san ospidéal nuair a bhíonn gá leis. Sin iad na cineáil rudaí a bhíonn ar siúl againn. Ar ndóigh bímid ag breathnú ar rudaí eile gur féidir a dhéanamh nó ar rudaí gur féidir a fhorbairt. Cuirim an-bhéim ar an nGaeltacht. Cuirtear an-bhéim ar an bpróiseas earcaíochta sa Ghaeltacht. Ceapaim go bhfuil a leithéid de sin an-tábhachtach. Tuigim an gá atá leis an rud lasmuigh den Ghaeltacht. Más féidir a thaispeáint dúinn go bhfuil éileamh le haghaidh seirbhís áirithe i nGaeilge i gceantar áirithe lasmuigh den Ghaeltacht, déanfaimid iarracht freastal ar an tseirbhís sin trí dhuine a earcú a bhfuil Gaeilge aige nó aici.

Nach bhfuil sampla iontach díreach tugtha dúinn ag an Uasal Mac Aodha Bhuí - an tseirbhís mháithreachais? Beidh 100% dóibh siúd a bheidh ag éileamh ar sheirbhís mháithreachais i gCiarraí, i gCorcaigh, i bPort Láirge agus i gContae na Mí go léir ag dul amach as an nGaeltacht chun éileamh ar an tseirbhís sin. Bhí sé go hiontach a chloisteáil go bhfuil an tseirbhís seo ar fáil sa Ghaillimh. An féidir a leithéid a bheith ar fáil i gCorcaigh nó sna hospidéil mháithreachais eile ar a mbeidh muintir na Gaolainne ag freastal orthu?

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Táimid ag súil le forbairt a dhéanamh ar na haonaid mháithreachais eile de réir a chéile. Ar ndóigh, bímid ag díriú ar na haonaid mháithreachais a bhfuil pobal na Gaeltachta ag freastal orthu. Luaigh mé níos luaithe go raibh muid ag díriú ar na hospidéil a fhreastalaíonn ar phobal na Gaeltachta. Tá na hospidéil sin uile suite lasmuigh den Ghaeltacht. Caithfear díriú ar riachtanais phobal na Gaeltachta sna hospidéil sin. Ní bheidh muid in ann díriú ar gach rud, ach beimid ag díriú air sin. Táim cinnte go mbeidh an tUasal Ó Coileáin breá toilteanach----

Mr. Mícheál Ó Coileáin

Táimid ag cuimhneamh ar an rud a leathnú i scéim phíolótach. Ní féidir linn dul isteach go dtí gach ospidéal máithreachais ag iarraidh córas nua a chur i bhfeidhm ag an am céanna. Ní bheadh sé sin praiticiúil. Bhíomar ag iarraidh na ceachtanna a fhoghlaim ó eispéireas na Gaillimhe - cad a tharla ansin agus cad atá le foghlaim as - in ionad iarracht a dhéanamh tosú i ngach ospidéal ag an am céanna. Níl aon chiall leis sin.

Táimid ag iarraidh foghlaim ó thaithí na Gaillimhe.

Céard atá foghlamtha ó Ghaillimh?

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Tá ról nua le meas go fóill. Ba cheart go mbeimid ag casadh go luath agus ag breathnú ar an méid atá déanta acu agus ar cé mhéad duine a bhain úsáid as an tseirbhís.

Cén uair a cuireadh tús leis an bpróiseas sin agus cén uair a bheidh sé críochnaithe, ionas go mbeidh ceacht foghlamtha ag an tseirbhís? Chuala mé an tUasal Mac Aodha Bhuí ag labhairt níos luaithe faoi aitheantas a thabhairt don duine a thagann isteach le Gaeilge, nó suntas nó rud a chur ar an gcomhad go bhfuil Gaeilge ag an othar sin, agus go ndéanfaidh FSS a dícheall duine le Gaeilge a aithint. An éiríonn leis an tseirbhís é sin a bhaint amach?

Cad iad na seirbhísí sa rannóg mháithreachais agus na seirbhísí eile atá FSS tar éis féachaint a dhéanamh orthu, ar nós fiaclóireachta agus a leithéid eile?

Mr. Mícheál Ó Coileáin

Ag labhairt faoi fhiaclóireacht ansin, labhróidh mé faoi chás an-phraiticiúil mar shampla. Dúnadh clinic i nGaeltacht chúig nó sé bliana ó shin, agus mar thoradh air sin, táimid ag iarraidh cuimhneamh ar an tslí is fearr freastal ar an nGaeltacht mar tá na daoine fós sa Ghaeltacht agus tá seirbhísí ag teastáil uathu. Is é an cur chuige atá á bheartú ná comhordú poiblí príobháideach nó comhpháirtíocht phoiblí phríobháideach chun dul i gcomhairle le soláthróirí agus le fiaclóirí áitiúla chun seirbhísí a chur ar fáil ar son Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Glacaimid leis nach bhféadfaimis a bheith in ann seirbhís a chur ar fáil agus a bheith ar an talamh i ngach Gaeltacht. Tá sé tábhachtach go mbeadh athshlánú tuaithe i gceist chomh maith. Is é sin go mbeimis ag tacú leis na seirbhísí atá faoin tuath agus iad a láidriú. Mar a fheicimid, d'fhéadfaimis freastal ar an dá thrá. D'fhéadfaimis seirbhísí sláinte thuaithe a láidriú, geilleagar na tuaithe a láidriú, agus an teanga a láidriú má dhéanaimid é go cruthaitheach agus go héifeachtach. Tá meon níos oscailte maidir le soláthar seirbhísí poiblí anois. Ní fheicimid go gcaithfimid gach rud a dhéanamh dúinn féin amháin, is é sin go gcaithfidh duine d'Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte gach seirbhís a chur ar fáil. I gCorca Dhuibhne táimid ag forbairt na seirbhíse fiaclóireachta ón taobh sin de, ag obair le cleachtóirí príobháideacha. Measaim gurb é sin an tslí chun cabhrú le hathbheochan tuaithe chomh maith agus go mbeimis ag obair le soláthróirí ar an talamh agus go mbeadh modhanna nua oibre againn chun seirbhís a sholáthar. Tá Gaeilge ag go leor de na daoine atá ann. Ní gá daoine nua le Gaeilge a thógáil isteach. Is féidir linn na soláthróirí atá againn cheana féin ar an talamh a úsáid, mar a dúirt mé, cosúil le go mbeidh dochtúirí nó fiaclóirí teaghlaigh againn.

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Ceann de na rudaí a bhaineann le muintir na Gaeltachta nach féidir a aithint nuair a thagann daoine isteach agus nuair a chláraíonn siad go minic, go n-úsáideann siad an leagan Béarla dá n-ainmneacha agus nach féidir a aithint go minic go bhfuil Béarla nó Gaeilge-----

Nach gcuirtear an cheist nuair a thagann an duine ag an doras ná: "What's that in English?" Is í an cheist a fhaigheann duine nuair a théann sé nó sí ag an gcuntar: "Ó Muíneacháin, yes, what is that in English?" Is é sin an fáth go mbíonn an-chuid de na daoine sin a thagann isteach ag iarraidh clárú leis an bhfeidhmeannacht as Béarla. Is cúis fheirge mór domsa mar gheall air. Arís is arís eile cloisim in aon teagmháil a bhíonn agam le haon ospidéal: "Ó Muíneacháin, yes, what is that in English?"

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Táim cinnte agus tá a fhios agam go dtarlaíonn é sin in amanna. Tá a fhios agam fosta gur ceann de na fáthanna go gcuirtear ceist - níl mé ag iarraidh leithscéal a ghabháil le haghaidh an duine ag obair ag cúl an chuntair – ná go minic nuair a chláraíonn daoine, úsáideann daoine an leagan Béarla den ainm agus úsáideann siad an bunleagan Gaeilge. Má tá siad cláraithe ar an gcóras mar Aindrias Ó Muíneacháin agus tá leagan eile den ainm in áit éigin eile agus an file nó comhad agus gach rud eile ceangailte leis an leagan Béarla, cothaíonn sé sin deacrachtaí do na daoine atá ag obair. Táim ag glacadh leis gur tharla sé, agus go ndeir daoine rudaí drochbhéasacha le daoine a úsáideann a n-ainmneacha i nGaeilge. Tá a fhios agam gurbh é sin ceann de na deacrachtaí a bhí againn i nGaillimh, agus an bealach a thugamar faoi ná go ndearnadh seisiún eolais leis an bhfoireann uile a bhí ag glacadh leis na daoine isteach sna hospidéil, ag míniú dóibh, nach raibh sé sásúil go maslófaí duine de bharr go dtugann sé an t-ainm "Aindrias Ó Muíneacháin" air féin nuair a thagann sé isteach. Tá urraim agus meas tuillte ag ainm an duine agus níl mise nó aon duine eile ag iarraidh ainm aon duine a athrú. Tá a fhios agam go dtarlaíonn sé.

Fillfidh mé ar ais ar an gceist maidir leis an aonad máithreachais. Nuair a thagann daoine isteach á gclárú san aonad máithreachais san ospidéal, cuirtear ceist orthu cén teanga bhaile atá acu. Má deir an duine "Gaeilge", déanfaimid iarracht a chinntiú, mar tá foireann na Gaeilge i ngach barda in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh-----

An bhfuil?

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Den chuid is mó den am tá, idir dhochtúirí, altraí nó cúramóirí ar fáil ar fud na háite, agus déanaimid iarracht freastal ar an duine sin trí Ghaeilge, más féidir.

Tá a fhios agam gur tháinig duine isteach san aonad éigeandála le litir ó dhochtúirí i gConamara agus an lipéad scríofa orthu: "Gaeilge ó dhúchas, native Irish speaker", agus gur fras go bhfuair an duine sin seirbhís iomlán trí Ghaeilge san aonad éigeandála. Tharla sé do mo mhac féin uair amháin nuair a chuaigh sé isteach, agus ní de bharr go raibh a ainm i nGaeilge ar chor ar bith, ach de bharr go raibh jersey Chumann CLG Mhichíl Breathnach air, agus d’aithin an t-altra gurb as an nGaeltacht dó.

Tarlaíonn sé sin. Tá foireann iontach ag obair i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus an-mheas ag an gcuid is mó acu ar an nGaeilge. Is iad siúd an dream atá ag obair ar an talamh: na dochtúirí, na haltraí, na fisiteiripeoirí agus gach uile dhuine eile. Is iad siúd an dream is tábhachtaí agus tuigeann siadsan, de bharr go bhfuil siad ag déileáil le cúram othar, cén rud is tábhachtaí agus go bhfuil teanga an-tábhachtach sa phróiseas seo.

Is é an rud atá ag teastáil uaimse ná go bhfuil athbhreithnithe i gceist. I dtús báire dúirt an tUasal Mac Aodha Bhuí go bhfuil an fheidhmeannacht i mbun oibre san ospidéal chun na seirbhísí a fheabhsú agus luaigh sé an t-ospidéal máithreachais. Chuir mé ceist ar an Uasal Mac Aodha Bhuí ansin cén uair a thosaigh an próiseas seo, cén uair a bheidh sé críochnaithe agus céard é an ceacht foghlama.

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Thosaíomar i mí Aibreáin na bliana seo caite. Táim ag súil le hathbhreithniú a dhéanamh air arís go luath taobh istigh de cheithre seachtaine.

Chun a bheith soiléir, is rud dearfach é seo agus cuirim fáilte roimhe, ach táim ag iarraidh go dtiocfaidh m'aigne timpeall air. Chuir an tUasal Mac Aodha Bhuí nó an fheidhmeannacht tús le próiseas i mí Aibreáin den bhliain seo caite san ospidéal máithreachais i nGaillimh chun an Ghaeilge a fheabhsú. Mar chuid den phróiseas sin, ón gcéad chéim nuair a thagann othar isteach, beidh a fhios ag an gcóras gur cainteoir í agus go mbeidh seirbhís ar fáil trí Ghaeilge. Is é sin é. Cad atá ar siúl ag an bhfeidhmeannacht ansin chun é sin a chinntiú agus cén uair a bheidh sé deimhnithe go bhfuil sé ag obair agus go mbeidh sé mar eiseamláir d’ospidéil eile nó do bhardaí eile san ospidéal? An dtuigeann an tUasal Mac Aodha Bhuí mé?

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Tuigim an méid atá i gceist ag an gCathaoirleach. Táimid ag brath air go mbeidh daoine le Gaeilge ag teacht isteach.

Táim ag iarraidh a fháil amach cad atá ar siúl.

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Le fiú mí anuas. Beidh eolas cinnte againn i gceann ceithre seachtaine cé mhéad duine a d’úsáid, a chláraigh agus a dúirt gur Gaeilge a bhí acu sa bhaile.

Beidh an tseirbhís ag breathnú mar sin ar thorthaí na tréimhse sin agus ag oibriú amach cá bhfuil na bearnaí agus ceard atá foghlamtha. Is é sin mí Aibreáin, an ea?

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Is ea, i gceann ceithre seachtaine.

Maidir le ranganna Gaeilge agus cúrsaí oiliúna, is iad cúrsaí earcaíochta croílár an scéil. Táimid ag tnúth, mar a dúirt mé cheana, leis an Acht nua. Faoi láthair, is féidir a lán rudaí a dhéanamh maidir le ranganna Gaeilge agus cúrsaí oiliúna a chur ar fáil. Cá bhfuil an fheidhmeannacht maidir leis sin? An féidir le duine an cheist sin a fhreagairt as Gaeilge? Mar go bhfuil 110,000 fostaí ag obair san FSS, cé mhéad díobh a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu, nó a bhfuil Gaeilge acu?

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Ní bheadh figiúirí cruinne agam.

Cén fáth?

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Ní bhailítear an t-eolas sin ar an gcóras PPARS. Níor bailíodh an t-eolas. Is é an t-aon eolas atá againn ná an t-eolas atáimid ag cruinniú le roinnt blianta trí sheirbhísí éagsúla faoi leathanaigh cé a bhí ag obair, cén fad agus mar sin de.

An mbeidh am éigin ann nuair a bheidh a fhios ag an FSS cé mhéad duine laistigh den fhoireann mhór mhillteanach atá aici a bhfuil Gaeilge acu? Ba thús maith é sin, nach mbeadh?

Mr. Paul Connors

With the Chair's Committee of Public Accounts hat on, I am sure she will know that our systems are deplorable to say the least. It would be difficult to gather that type of information, particularly historical information. Information regarding a person's competence in speaking Irish is not logged on the system. We should look for that information from new entrants coming into the system, but it would be difficult, though not impossible, to extract that information from all of our different systems around the country. I am also not sure whether that information exists with regard to current staff. We should prospectively be looking at identifying our capacity to deliver services in Irish to answer all of the questions that have been asked here today. We do not know now.

Tá sé sin ionraic agus díreach.

Mr. Paul Connors

It is a very good point and we need to consider it.

Tá dhá cheist agam agus ansin beimid críochnaithe. Tá athbhreithnithe ar siúl go leanúnach. Cá bhfuil muid sa phróiseas sin? Ag dul ar ais go dtí cúrsaí oiliúna - ranganna Gaeilge agus daoine a mhealladh - níl muid anseo chun daoine a náiriú. Tá sé sin ráite. Táimid anseo chun obair as lámh a chéile. Fáiltím go bhfuil na hionadaithe ón FSS os ár gcomhair ach is é an sprioc atá againn ná gan an Ghaeilge a imeallú agus í a chur i lár an aonaigh. Cad atá á dhéanamh ag an fheidhmeannacht shláinte chun daoine a mhealladh chun an Ghaeilge a úsáid? Cén sórt éilimh atá ar ranganna? Cé mhéad duine atá ag freastal ar ranganna? Cad atá á chur ar fáil ag an gcóras do na daoine sin taobh amuigh de chúrsaí earcaíochta?

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

De bharr na ngearrthacha siar airgid tar éis 2010, cuireadh deireadh leis na ranganna ar feadh roinnt mhaith blianta. Táimid ag beartú tosú arís. Beidh ranganna ar fáil i gceantair éagsúla ar fud an Stáit. Beidh siad dírithe ar an teanga a bheadh ag teastáil ó dhaoine chun stair othair a thógáil san ospidéal, mar shampla. Tá rudaí bunúsacha mar sin an-tábhachtach. Bhíodh ranganna forleathan nuair a bhí an t-airgead breá fairsing. Bhí cúrsaí éagsúla-----

Níl aon ranganna ar siúl ó 2010.

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Níl aon ranganna ar siúl faoi láthair.

Cad atá á dhéanamh ag an FSS anois maidir leis an mbearna sin?

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

An t-aon rud a bhí ar siúl againn ná go mbíodh ranganna duine ar dhuine, one-to-one classes, le haghaidh daoine a bhí fostaithe sa nGaeltacht agus a bhí ag iarraidh barr feabhais a chur ar a cuid Ghaeilge. Rinne muid méid áirithe acu sin, go háirithe san iarthar. Is é an rud atáimid ag beartú faoi láthair ná go gcuirfear oiliúint ar timpeall 80 sa bhliain ar fud an Stáit.

Bhí ceist agam faoi na hathbhreithnithe atá ar siúl go leanúnach. An dtabharfaidh an tUasal Mac Aodha Bhuí sonraí dom faoin bpróiseas sin? Cad atá ar siúl?

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

An rud a dhéantar san athbhreithniú ná go mbreathnaítear ar an mbealach a bhfuil an tseirbhís ag comhlíonadh a gcuid dualgas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla maidir le comharthaíocht, páipéarachas agus rudaí mar sin. Níos tábhachtaí ná sin, amharcaimid ar na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge d'othair. Bailímid eolas ar an méid úsáide-----

Tá 81 déanta ag an FSS.

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Tá 81 déanta ó 81 seirbhís.

Tá an tUasal Mac Aodha Bhuí ag tagairt don bhliain seo caite.

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Tá mé.

An labhróidh an tUasal Mac Aodha Bhuí faoin réimse eolais atá bailithe ón 81 athbhreithniú?

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Fuair muid aiseolas faoin méid foirne atá in ann seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge, faoin méid daoine sa phobal a bhíonn ag baint úsáide as seirbhísí trí Ghaeilge, faoi iarratais a tháinig isteach ón bpobal ag cuardach seirbhísí áirithe trí Ghaeilge, agus faoi céard a bhí ag teastáil ón bhfoireann, mar shampla, an raibh cúrsaí Gaeilge nó aon chúrsaí eile ag teastáil uathu chun feabhas a chur ar sheirbhísí.

An raibh cúrsaí Gaeilge ag teastáil?

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Bhí. Tá sé ag teacht suas go bhfuil an fhoireann ag cuardach cúrsaí Gaeilge.

Cén uair a bheidh na cúrsaí Gaeilge sin ar fáil?

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Tá súil agam go mbeimid ag tosú arís san fhómhar, ag brath ar mhaoiniú agus rudaí mar sin.

Ag brath ar mhaoiniú. Okay.

Níl ach ceist nó dhó fágtha agam. Tuigim go raibh scéim Ghaolainn ag an fheidhmeannacht san iarthar agus nach raibh aon scéim sna ceantair eile. Anois tá an straitéis seo i bhfeidhm i ngach aon áit. Féachann sé gur straitéis mhaith é. Féachann sé dearfach. An bhfuil an straitéis sin tar éis tógáil ar an scéim a bhí ann cheana féin san iarthar? An bhfuil rudaí a bhí sa phlean a bhí ann cheana féin á mbrú chun cinn? An bhfuil aon chúlú ann? An bhféadfaí soiléiriú a thabhairt air sin? Cén teagmháil a bhí ag an FSS leis an bpobal chun an straitéis nua seo a chur le chéile?

Mr. Paul Connors

It would not be correct to say the new scheme is built on the old. When it was being designed we were aware that schemes were being replaced and that they would be replaced with other schemes or whatever is the term.

Mr. Mícheál Ó Coileáin

Language standards.

Mr. Paul Connors

Language standards. That is correct. We are working on the basis that this strategy should complement and sit side by side with whatever language standards come in. The scheme was cognisant of the previous scheme. The previous scheme was more focused on compliance. The new scheme is focused on the five pillars and on developing the Irish language, trying to get people to speak Irish, and trying to support services. It also includes compliance with the legislation. There are a number of things we have to factor into the strategy so that it will fit in neatly with the language standards when they are introduced. We hope that we will have got a good distance forward using the strategy so that we will be compliant with those language standards.

An bhfuil an straitéis nua seo ina chéim chun tosaigh ar an bplean a bhí ag an FSS cheana féin? An bhfuil na spriocanna a bhí sa phlean eile bainte amach? An bhfuiltear ag dul chun cinn le spriocanna nua atá níos láidre anois nó an é go bhfuil cúlú ann ó na spriocanna a bhí sa phlean eile? Cén teagmháil a bhí ann leis an bpobal chun an straitéis seo a thabhairt le chéile?

Mr. Paul Connors

I will let Mr. McGrath deal with the public engagement element. I certainly consider the scheme a step forward from a number of points of view. This is more of an integrated process. The previous scheme related primarily to the western Gaeltacht. We are now looking at joining up Gaeltachts around the country. With regard to the Deputy's earlier question, we also have a view to Irish speakers beyond the Gaeltacht. That is the purpose of the strategy. I certainly see it as a progressive step. Have we fulfilled everything in the scheme? Absolutely not. I will be honest with the Deputy. It is difficult to do with the resources we have. We have certainly taken considerable steps under the scheme to arrive where we have arrived in respect of the services we have discussed today. That integration has been lacking, however. I hope that this strategy will achieve that.

Más rud é nach mbaineadh amach spriocanna a bhí sa seanscéim, an bhfuil na spriocanna céanna sa phlean seo anois nó an bhfuil siad curtha ar leataobh agus an bhfuil cúlú ann?

An féidir a chinntiú gur rud dearfach é agus go bhfuil gach rud ag dul chun cinn? An raibh aon easnamh ann nó an raibh aon rud ann nach raibh deis ag an bhfeidhmeannacht a bhaint amach leis an seanphlean agus an bhfuil an fheidhmeannacht chun dul i ngleic leis sa phlean nua?

Mr. Mícheál Ó Coileáin

Tháinig an seanscéim i bhfeidhm i mBord Sláinte an Iarthair, is é sin i nGaillimh, Maigh Eo agus Ros Comáin. Cuireadh deireadh leis na boird shláinte mar is eol don Teachta. Tharla fadhbanna bunúsacha leis seo, mar bhí athrú mór sa chóras bainistíochta. Bhí a lán daoine agus bhí gealltanais tugtha acu faoin scéim. Fuair siad poist nua, d’éirigh cuid acu as an eagraíocht agus tharla athrú mór millteach san eagraíocht nuair a tháinig Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i bhfeidhm. Bhain an scéim seo le Bord Sláinte an Iarthair amháin, rud nach raibh ann a thuilleadh. Tá sé an-deacair na spriocanna iomlána a chur i bhfeidhm in eagraíocht nach bhfuil beo a thuilleadh nó nach raibh beo le blianta agus nuair a bhí sé féin curtha isteach in eagraíocht eile ollmhór.

Is é an pointe a raibh á dhéanamh ag an Uasal Connors ná go bhfuilimid ag teacht ar ais air seo le súile nua, más maith leis an gcomhchoiste, ag foghlaim na ceachtanna go léir ón taithí a bhí againn, agus ag iarraidh straitéis náisiúnta a leagan amach don tír ar fad. Is é an láidreacht is mó a bhaineann leis an doiciméad atá os comhair an chomhchoiste inniu ná go mbaineann sé leis an tír ar fad. Is é seo an chéad uair riamh a rabhamar in ann doiciméad a chur ar aghaidh a bhain leis an tír ar fad. Is céim chun tosaigh an-mhór é sin, cé go bhfuil sé lochtach agus go bhfuil bearnaí ann. Glacaimid leis sin. Is í an chéad chéim de dhoiciméad náisiúnta a bheith againn agus de phictiúr náisiúnta de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, rud nach raibh riamh roimhe ann. Measaim féin gur céim chun tosaigh mór é sin, mar ar a laghad, is é seo an chéad rith den rás é seo agus táimid ag foghlaim. Measaim féin gur céim chun tosaigh láidir aon doiciméad a chlúdaíonn an tír go léir.

Mr. Paul Connors

If I can just add to that and to answer the Deputy's question directly, which I believe is important, as to our having achieved all the goals of the previous scheme, the broad thrust of the goals have been achieved. There were specifics, however, in that previous scheme related to the west, and probably to the rest of the country, if it had been applied, which it was not. I will not sit here today and say that we achieved everything because we probably did not. As to progression, I believe that great steps were taken in the direction of the broad goals, as the Deputy describes them.

Mr. Mac Aodha Bhuí has referenced where, for example, training ceased in 2009 because of the recession. This was a huge blow and we would have discussed what we would have liked to have done over a number of years between 2009 and 2016. We did not achieve a great deal because the money was not there to do that. I would certainly like to think that this strategy moves us beyond that point now, where we can pick up those goals that were in the scheme and more of the integrated aspect that Mr. Ó Coileáin has spoken about, and apply this to all of the Gaeltachts and beyond.

Céard faoin teagmháil leis an bpobal?

Mr. Stephen McGrath

We have just finalised the scheme, and brought it forward by a couple of weeks because we were to come here today. The scheme has to be officially launched. It has been approved by the leadership team. Is the first time that-----

Cén teagmháil a bhí ann leis an bpobal agus an plean á chur le chéile agus chun é a fhorbairt seachas chun é a chur i bhfeidhm?

Mr. Stephen McGrath

We had a working group of health service managers who are close to the community and to the front line and we consulted those. We used the research we did with Ipsos MRBI to inform us about the services that the people would like. This strategy reflects the fact that we have a national team now under one budget. We looked at all of the work that they were doing. We decided then to target all of our resources to where they would have the most impact. The strategy is as a result of all of that work.

Previously, our team was working to regional managers, almost individually. This is the first time we have a national team together under one manager and under one budget led by Mr. Mac Aodha Bhuí and reporting to myself and Mr. Connors, who is on the national HSE leadership team. That is a big step forward. It means that there is much more visibility for the language. We will get buy-in for what we are doing. The strategy has been approved at the highest level in the HSE. We are at that starting point now and we will keep engaging with the public as we go on with this. As we have said a number of times here today, it is a first step in a process and it is an advance on the previous stage.

There was an attempt in 2015 to do a new scheme but that coincided with the introduction of the hospital groups and the community healthcare organisations. This involved a big reorganisation of structures again. We have a relatively stable system now at the moment and we have a plan for the next five years. We are working on an implementation plan at the moment so there is a way forward and some concrete deliverables and steps to be followed. This represents our plan for the moment.

Tá ceist dheireanach agam le cead an chomhchoiste. An raibh an taighde a rinne Ipsos MRBI ar son na feidhmeannachta dírithe ar phobal na Gaeltachta, ar an bpobal i gcoitinne ar fud na tíre, nó ar phobal na Gaeilge? Cé air a bhí an fheidhmeannacht ag-----

Mr. Stephen McGrath

It was directed towards native Irish language speakers in Galway, Donegal and Kerry. It was an advance and update of research that was done a number of years previously. We did not need to do all of that research again but we wanted to do a check to ensure that our assumptions were correct before we brought the strategy. It guided us in the writing and putting together of the strategy.

An raibh sé trí Ghaeilge?

Mr. Mícheál Ó Coileáin

Bhí.

Mr. Cuimín Mac Aodha Bhuí

Bhí, agus rinne mé cinnte de gur fhostaíomar daoine le Gaeilge ar an suirbhé sin agus an ceann a rinneamar in 2007.

Gabhaim buíochas le gach duine anseo. Ba mhaith liom críochnú ar nóta dearfach agus a rá gur iontach an rud é go bhfuil straitéis ann. Cuirim fáilte arís roimhe sin agus go bhfuil sé faofa ag an leibhéal is airde.

Chuala mé an tUasal McGrath ag rá nach raibh sé réidh ach de bharr an chuiridh ón gcomhchoiste go raibh sé réidh ansin. B'fhéidir go dtabharfaimid cuireadh don fheidhmeannacht teacht isteach tar éis na Cásca agus b’fhéidir go mbeidh plean gníomhaíochta réitithe ansin de bharr an chuiridh. Níl mé ach ag magadh.

Gabhaim buíochas le hionadaithe na feidhmeannachta arís mar tá sé cabhrach dúinn. Ritheann sé liom, le foireann chomh mór sin, 110,000 duine, go bhfuil acmhainní daonna ansin ann le Gaeilge. Tá sé ag teastáil go géar mura bhfuil eolas ag an bhfeidhmeannacht féin faoi na hacmhainní sin. Ní bheadh sé ródheacair labhairt le daoine ar an talamh agus ceist a chur orthu an bhfuil Gaeilge acu, an bhfuil siad sásta teacht chun cinn leis an nGaeilge, nó ar mhian leo ranganna Gaeilge a dhéanamh. I ndeireadh na dála táimid ag caint faoi chearta daonna, mar is é is ceart teanga ann, agus ag caint faoi chúrsaí sláinte freisin. Is cuid den fhéiniúlacht an teanga. Ní gá dom léacht a thabhairt ach tá gá práinneach le rudaí a aithint agus le plean gníomhaíochta.

Gabhaim buíochas leis an Uasal Uí Theighneáin, an Uasal Ó Coileáin, an Uasal Connors, an Uasal McGrath, agus an Uasal Mac Aodha Bhuí, agus tá an tUasal Ní Chualáin agus an tUasal Mac Domhnaill ansin freisin. Má tá aon duine fágtha ar lár agam, gabh mo leithscéal, má tá. Gabhaim buíochas leis an Uasal Mary Brodie agus an Uasal Aidan Moyles san Áiléar Poiblí freisin, agus tá fáilte romhaibh go léir.

Cuirfidh mé deireadh leis an gcruinniú ag an bpointe seo beidh seisiún príobháideach againn anois ar feadh cúpla nóiméad. Gabhaim buíochas libh go léir.

Chuaigh an comhchoiste isteach i seisiún príobháideach ag 6 p.m. agus cuireadh ar athló é ar 6.20 p.m. go dtí 2 p.m. Dé Máirt, 12 Márta 2018.
Barr
Roinn