Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán díospóireacht -
Tuesday, 12 Mar 2019

Díospóireacht Scoile

Tá ceithre comhaltaí i láthair, Teachtaí Dála agus Seanadóirí san áireamh agus is féidir linn tús a chur leis an gcruinniú. Tá leithscéalta faighte againn cheana féin ó na Seanadóirí Niall Ó Donnghaile agus Joe O'Reilly.

Le tús an chruinnithe ba mhaith liom fáilte ó chroí a chur roimh ár bhfinnéithe go léir: an tUasal Áine Ní Shuilleabháin, oifigeach Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath; Sinéad Ní Uallacháin, reachtaire rúnaíochta agus craoltóir i RTÉ; Justin Ó Scanaill, aistritheoir i Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais; Caitlin Ní Ainiféin, Fía Ní Chíosóig agus Rút Ní Choileáin, daltaí as Coláiste Íde, Contae Chiarraí; Eimear Ní Thuathail, Sive Ní Thuathail agus Diarmuid Ó Liathaimh Ó Nualláin, daltaí i nGaelcholáiste Cheatharlach; Sadhbha Nic Ruaidhrí, Cliodhna Ní Mhianáin agus Setanta Ó Gribín, daltaí i nGaelcholáiste Dhoire; agus Naoise Mac Gearailt, Éabha Ní Neachtain agus Pádraig Ó hAiniféin, daltaí ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, Contae Chiarraí. Bhí liosta mór ainmneacha eile le léamh agam ach ní gá dom é sin a dhéanamh.

Sula dtosóimid leis na ráitis oscailte éagsúla tá ráiteas foirmiúil ar gá dom a léamh amach os comhair na bhfinnéithe go léir. Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe go bhfuil de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thabharfaidh siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt amhlaidh, ní bheidh siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise seo acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár cóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina n-ainm, ina hainm nó ina ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tionscnaimh seo a gcuirfidh na finnéithe faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó maidir le hoifigeach ina ainm, nó ina hainm, ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Don chéad chuid den chruinniú seo tá triúr duine chun labhairt leis na daltaí. Is daoine iad atá ag obair san earnáil Ghaeilge agus a bhfuil Gaeilge á úsáid acu ina gcuid oibre agus ina saol pearsanta. Tá súil agam nach mbeidh mise sa Chathaoir ró-fhada agus go mbeidh an Cathaoirleach ag teacht ar ais agus go mbeidh mé in ann páirt iomlán a ghlacadh sa chruinniú.

Iarraim ar Áine Ní Shúilleabháin, oifigeach Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath labhairt.

Ms Áine Ní Shúilleabháin

Dia is Muire daoibh go léir. Táim chun labhairt anois ar feadh tamaillín beag ar mo chuid taithí féin leis an nGaeilge agus conas ar tháinig mé go dtí an pointe mar oifigeach Gaeilge i gColáiste na Tríonóide. Rugadh agus tógadh i gCorca Dhuibhne mé, féachaim ar aghaidheanna Chorca Dhuibhne anseo cé nach n-aithním iad go léir. Bhí mo chuid scolaíochta go léir trí mheán na Gaeilge agus bhí an t-ádh liom an deis sin a fháil chomh luath i mo shaol. Tógadh mar chainteoir dúchais mé. Nuair a bhí me ag críochnú na scoile - b'fhéidir go bhfuil cuid de na daoine atá anseo mar an gcéanna - ní raibh clue dá laghad agam cad a dhéanfainn sa saol. Bheartaigh mé imeacht go dtí Ollscoil na hÉireann i nGaillimh agus pé rud a thaitin liom ar scoil chloígh mé leis na hábhair sin a thaitin liom. Is é an rud a rinne mé i nGaillimh ná go raibh deis agam roinnt de na hábhair a roghnaigh mé a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Bhain mé amach céim sa Bhéarla agus sa Fhraincis ach bhí mé ábalta mo ranganna Fraincise a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, faoi mar a rinne mé ar scoil. Aon ranganna teanga a bhí againn ó thaobh aistriúcháin de agus rudaí mar sin, is ó Ghaeilge go Fraincis a bhí mé ag obair. Cé nach bhfuil céim agam sa Ghaeilge, bhí mé fós ag fanacht leis an nGaeilge go hindíreach. Chabhraigh sé sin liom nuair a bhí mé ag lorg post, tar éis na hollscoile. Rinne mé dioplóma sa Ghaeilge, de réir mar a bhí mé ag déanamh mo chéim i nGaillimh agus bhí sé sin ar a laghad mar cháilíocht agam nuair a chríochnaigh mé san ollscoil. Bhí an dioplóma sin dírithe go hiomlán ar an teanga. Is rud é sin a thaitin go mór liom seachas a bheith ag díriú ar an litríocht ná ar aon rud mar sin. Rinne mé máistreacht ansin san aistriúcháin i nGaillimh ach is sa Fhraincis a bhí sí ach bhí mé ábalta cuid de na ranganna a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Buntáiste mór a bhí ann dom nuair a chríochnaigh mé san ollscoil, cé nach raibh céim agam sa Ghaeilge, go raibh dioplóma bainte amach agam agus go raibh go leor de na ranganna déanta agam trí Ghaeilge agus gur aistriúchán ó Fhraincis go Gaeilge a bhí i mo thráchtas. Chabhraigh sé sin go mór liom. Cé nach raibh mé ag smaoineamh air ag an am, tuigim anois gur rud maith a bhí á dhéanamh agam cloí leis an nGaeilge.

Bhí cúpla post agam ansin i dtionscal an aistriúcháin. Bhí mé ag obair mar aistritheoir Gaeilge ar feadh cúpla bliain agus ansin bhí mé i mo bhainisteoir tionscadail agus i mo bhainisteoir ar chomhlacht aistriúcháin atá lonnaithe in DCU nó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Bhí go leor teangacha i gceist ansin agus fuair mé taithí lasmuigh de chúrsaí Gaeilge ar thionscal an aistriúcháin go ginearálta.

Bheartaigh mé ansin ar scoláireacht a dhéanamh i Meiriceá. Deis iontach a bhí ansin chun taistil agus an Ghaeilge a úsáid mar chuid den taisteal sin. Chuaigh mé go Meiriceá agus chuir mé faoi ar feadh bliana in Idaho chun Gaeilge a mhúineadh. Ní fheadar an bhfuil a fhios ag aon duine cá bhfuil Idaho mar ní raibh a fhios agam féin sular ghabh mé sall. B'shin ceann de na deiseanna ab fhearr a bhí agam ó thaobh cúrsaí Gaeilge, is é sin gur thug sé deis dom taisteal thar lear. Bhí mé ag múineadh ar feadh bliana in ollscoil amuigh ansin. Bhí an Ghaeilge á múineadh in an-chuid ollscoileanna i Meiriceá agus bíonn go leor deiseanna i gceist leis sin agus bíonn í á múineadh i gCeanada chomh maith. Cé go bhfuil deiseanna sa Bhruiséil, tá deiseanna in áiteanna eile timpeall an domhain chomh maith. Mar chuid den phost ansin bhí deis agam imeachtaí a chur ar fáil do mhic léinn, do bhaill foirne, do mhuintir an phobail agus fuair mé tuiscint go bhfuil léargas difriúil ar an teanga. Bhí an t-ádh liom gur fhás mé aníos léi agus go raibh sí agam i gcónaí, ach do dhaoine a bhí an-tiomanta don teanga agus a rinne iarracht mhór í a fhoghlaim agus iad i Meiriceá, b'fhéidir nach raibh aon deis acu labhairt le cainteoir dúchais seachas cúpla uair nuair a bhéifí ag tabhairt ranga dóibh anois is arís.

Nuair a tháinig mé ar ais go hÉirinn, bhí sé i gceist agam iarracht a dhéanamh níos mó oibre a dhéanamh leis an nGaeilge. Is sa tslí sin a tháinig mé go dtí Coláiste na Tríonóide mar oifigeach Gaeilge. Is post an-éagsúil agus an-suimiúil atá ann. Bíonn go leor ar siúl sa choláiste agus is rud iontach é go mbíonn na mic léinn laistiar d'an-chuid de. Tá cumann Gaelach an-láidir againn sa choláiste agus tá go leor duaiseanna agus gradaim buaite aige le roinnt blianta anuas mar cheann de na cumainn Ghaelacha is fearr in Éirinn. Bíonn rudaí difriúla ar siúl sa choláiste chun tacaíocht a thabhairt do dhaoine ar mhaith leo a cuid saol a chaitheamh trí Ghaeilge ann. Ní chaithfidh go mbeadh daoine ag déanamh staidéir i nGaeilge. D'fhéadfaidís a bheith ag staidéar an dlí, an leighis nó aon rud mar sin ach a bheith páirteach i saol na Gaeilge.

Is iad cuid de na rudaí a bhíonn ar siúl ná go mbíonn go leor imeachtaí ar siúl ag an gCumann Gaelach i rith na bliana agus tá scéim cónaithe againn sa choláiste chomh maith. Tugann sé sin seans do na mic léinn a bheith ag maireachtáil i lóistín lánGhaelach ar an gcampas féin nó i lóistín eile atá acu mar Halla na Tríonóide. Bíonn spásanna ar fáil chun maireachtáil i lóistín lánGhaelach le mic léinn eile ó mhórthimpeall na tíre do dhaoine a bhíonn ag teacht isteach sa chéad bhliain. Is seans iontach é sin a bheith mar chuid den scéim cónaithe. Ní hamháin go mbíonn siad ag maireachtáil le chéile ach bíonn siad ag caint Gaeilge le chéile gach lá, agus baint acu le tionscadail dhifriúla a bhíonn ar siúl againn sa choláiste agus b'fhéidir ag tacú liomsa. Go minic, téann siad ar aghaidh ansin agus bíonn siad an-ghníomhach sa Chumann Gaelach agus tá roinnt mic léinn san am a d'imigh tharainn agus bhí siad mar uachtaráin ar aontas na mac léinn atá sa choláiste chomh maith. Is é sin cuid den obair a bhíonn ar siúl agam. Cuirim imeachtaí ar siúl do bhaill foirne agus do mhic léinn. Bíonn ranganna Gaeilge saor in aisce ar siúl sa choláiste agus bím á n-eagrú agus bíonn deis ag gach duine sa choláiste an Ghaeilge a fhoghlaim. Tá an-chuid mac léinn agus ball foirne idirnáisiúnta againn i gColáiste na Tríonóide. Bímid mar sin ag iarraidh freastal orthu mar b'fhéidir go mbeadh spéis acu sin cúpla focal Gaeilge a fhoghlaim fad is a bhíonn siad ann chomh maith.

Mar chuid den phost tagaim ar ais go dtí an cúlra atá agam san aistriúchán sa chaoi is go gcuirim aistriúcháin ar fáil don choláiste chomh maith. Mar chuid de sin, is ceann de na príomhchodanna de mo ról ná go mbím ag cabhrú leis an ollscoil féin cloí leis na dualgais reachtúla atá aici. Tá sé de dhualgas ar an ollscoil, déarfaimid, faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, riachtanais áirithe a chur i bhfeidhm chun cloí leis sin. Dá mbeadh comharthaíocht á cur in airde, mar shampla, nó stáiseanóireacht in úsáid, caithfidh sé sin a bheith dátheangach. Tá gealltanais bhreise déanta ag an ollscoil féin chomh maith. Táimid i mbun an tríú scéim teanga i gColáiste na Tríonóide agus is é an post atá agam chomh maith a chinntiú go bhfuilimid ag déanamh dul chun cinn uirthi sin. Mar shampla eile, má bhuaileann duine le duine éigin ó Choláiste na Tríonóide, bíonn cárta gnó dátheangach acu. Bíonn sé clóite ar an dá thaobh de. B'shin ceann de na gealltanais atá tugtha ag an ollscoil.

Is í sin an príomhpháirt de mo phost ó thaobh dualgas reachtúil, na scéime cónaithe, agus a bheith ag oibriú leis na mic léinn chomh maith. Ar an iomlán níl faic ach buntáistí agus tairbhe bainte amach agam as a bheith ag imeacht leis an nGaeilge. Tá an t-ádh liom nuair a chuaigh mé isteach san ollscoil ar an gcéad lá, ní raibh sé sa cheann agam go bhfanfainn leis an nGaeilge nó go ndéanfainn rud éigin léi. Ní raibh a fhios agam ag an am. D'fhan an Ghaeilge liom i gcónaí agus níl faic tugtha aici dom ach deiseanna. Bhí deis taistil agam, deiseanna ar jabanna difriúla agus fiú sna jabanna ina raibh mé go dtí seo, níor bhain siad go léir leis an nGaeilge ach bhí buntáiste ann an Ghaeilge a bheith agam. Bhí mé ar na daoine leis an nGaeilge sa chomhlacht sin, bhí mé in ann teagmháil a dhéanamh nó labhairt le daoine trí Ghaeilge agus chabhraigh sé sin go mór liom.

Gabhaim buíochas leis an Uasal Ní Shúilleabháin. Tá suíochán thíos agus measaim go mbeidh na daltaí ag cur ceisteanna uirthi i ndiaidh na beirte eile. Iarraim anois ar Shinéad Ní Uallacháin ráiteas a dhéanamh dúinn.

Ms Sinéad Ní Uallacháin

Gabhaim buíochas leis an gcomhchoiste agus tá sé an-deas a bheith anseo agus mar a bhí an Uasal Ní Shuilleabháin ag rá tá sé an-deas freisin scata ó Chorca Dhuibhne a fheiceáil agus cé nach n-aithním na haghaidheanna, chím an culaith éadaí atá orthu agus culaith na pobalscoile. Is dócha go bhfuil scéal agam a bhfuil an-chosúil le scéal an Uasail Ní Shuilleabháin ar shlí, sa mhéid is go n-aithním anois na buntáistí a bhaineann agus a bhain leis an nGaeilge agus b'fhéidir nach rabhadar chomh soiléir sin dom nuair a bhí mé ag éirí aníos agus i mo dhalta scoile i Meánscoil na Toirbhirte i nDaingean Uí Chúis.

Nuair a chríochnaigh mé sa scoil ní raibh tuairim dá laghad agam cad a theastaigh uaim a dhéanamh liom féin, díreach mar a bhíonn amhlaidh ag scata duine nuair a fhágann siad an scoil, is é sin an ceart dóibh dul le A, B, C, nó D, bíonn an oiread sin cúrsaí, slite agus cosáin ann arbh fhéidir le daoine a ghlacadh. Bhí suim agam i gcónaí san ealaín agus a bheith ag tarraingt agus bheartaigh mé go rachainn go dtí an comhairleoir gairmthreorach a déarfadh liom cad a d'fhéadfainn a dhéanamh leis an ealaín chun jab ceart a bheith agam mar cloisim mo thuismitheoirí i gcúl mo chinn ag rá go mba ceart jab ceart a bheith agam agus á bhrú sin. Chuaigh mé go dtí an comhairleoir sin agus dúirt sé liom go raibh suim éigin agam san ealaín ach go raibh post uaim i ndeireadh an lae chomh maith, agus mhol sé dom cúrsa ailtireachta a dhéanamh. Dúirt mé liom féin, tá sé agam anois, agus chuir mé isteach ar an CAO agus d’éirigh liom áit a fháil sa DIT, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, ar Shráid Bolton i mBaile Átha Cliath agus chaith mé cúpla bliain ag gabháil leis an ailtireacht. Thaitin sé go mór liom agus bhí mé ag déanamh rudaí a bhí an-chruthaitheach, ach i ndeireadh an lae, i gcúl mo chinn bhí mé ag rá liom féin nach é seo a bhí uaim. Ní raibh mé iomlán sásta. Is é an rud is mó ná nach bhféadfainn mé féin a shamhlú mar ailtire i gceann cúpla bliain. Bhí a fhios agam go raibh cinneadh mícheart déanta agam. Chuaigh mé abhaile agus bhí olagón agam maidir le cad a bhí le déanamh agam i mo shaol. Bhí mo shaol agam i mBaile Átha Cliath, bhí cairde agam, thaitin an chathair go mór liom agus an rud ba mheasa ag an bpointe sin ama i mo shaol ná go mbeadh orm filleadh ar Chorca Dhuibhne agus jab a aimsiú ag baile. Bhí sórt pobal cruthaithe timpeall orm i mBaile Átha Cliath. Tá Aisteoirí Bulfin, cuir i gcás, grúpa drámaíochta atá lonnaithe san ardchathair agus atá thar a bheith gníomhach agus chuir mé aithne orthu siúd agus thosaigh mé ag plé leo agus tá cairde maithe móra agam dá bharr sin. Thug siad go leor spreagtha agus cúnaimh dom agus bhí siad ag insint dom mar gheall ar na jabanna éagsúla a bhí ann, dá mba rud é go raibh Gaeilge ag an duine i mBaile Átha Cliath sna ceanneagraíochtaí agus sna heagraíochtaí eile nach iad chomh maith.

Fuair mé amach go raibh jab rúnaíochta ar fáil le Raidió na Gaeltachta i mBaile Átha Cliath, ag déanamh na n-íocaíochtaí, loganna ceoil agus obair riaracháin eile. Dúirt mé liom féin go raibh sé chomh maith agam cur isteach air. Scríobh mé litir, bhí agallamh agam agus d'éirigh liom an post a fháil. Is é sin an post atá agam go dtí an lá atá inniu ann. Bím ag plé le cúrsaí riaracháin lá i ndiaidh lae, ach tá buntáiste eile ag baint leis mar tá sé tar éis deis forbartha a thabhairt dom chomh maith. Tar éis cúpla bliain léirigh mé spéis i gcláir agus tugadh an deis dom cláir cheoil a chur i láthair. Le tamall anuas fuair mé áit ar phainéal de chlár-reachtairí, is iad siúd láithreoirí nó léiritheoirí a bhíonn ag plé le cláir. Dá bharr sin bím in ann roinnt oibre ó thaobh léiritheoireachta a dhéanamh chomh maith. Táim lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Tá dream atá cuíosach beag i mBaile Átha Cliath. Braitheann sé mar go mbíonn daoine ag teacht agus ag imeacht agus ar thaithí oibre ach tá tuairim is seachtar nó ochtar againn i mBaile Átha Cliath. Tá príomhoifigí Raidió na Gaeltachta, an ceannáras, lonnaithe i gCasla i gConamara. Tá oifigí lonnaithe timpeall na tíre chomh maith. In aice liom féin agus an Uasal Ní Shúilleabháin ag baile i gCorca Dhuibhne tá stáisiún ar Bhóthar na Léinsí agus tá roinnt daoine ag obair thíos ann. Bíonn daoine ag cur na ceiste i gcónaí ann nach gcuimhneofaí ar bhogadh abhaile nó cad ina thaobh nach bhféadfaí jab a fháil i mBaile na nGall seachas a bheith ag teacht go Baile Átha Cliath ag seilg jab. Tá oifigí ansin i gCiarraí agus sna Doirí Beaga i dTír Chonaill chomh maith. Táimid scaipthe timpeall na tíre.

Ó thaobh mo chuid oibre de, bím ag plé le cúrsaí riaracháin, cuid mhaith den am agus anuas air sin bíonn deis agam a bheith ag craoladh. Tá clár ceoil agam a chraoltar ar maidin i rith na seachtaine, ó Mháirt go hAoine, ó 10.15 a.m. go dtí 11 a.m. agus "Sinéad ar Maidin" an t-ainm atá air. Is breá liom é sin. Jab iontach atá ann agus ní bhraithim gur obair atá i gceist leis mar suím isteach sa stiúideo ar feadh 40 nóiméad gach aon lá, agus bím ag éisteacht le ceol a thaitníonn go mór liom. Is mór agam an deis é sin a dhéanamh.

Bím ag plé le cláir cúpla lá sa tseachtain a chraoltar idir 5 p.m. agus 6 p.m. agus "Tús Áite" an t-ainm atá air. Michelle Nic Grianna a bhíonn á chur i láthair. Is as Tír Chonaill don Uasal Nic Grianna agus tá sí tagtha anuas go Baile Átha Cliath le díreach cúpla mí. Tá sí linn ó thús na bliana ar fad agus tá sí ag déanamh go diail. Tá an clár dírithe ar chúrsaí nuachta agus reatha agus is drivetime show, i ndáiríre, atá ann, mar go craoltar é idir 5 p.m. agus 6 p.m. Bíonn sé sin ar siúl ó Luan go hAoine chomh maith agus bím ag gabháil leis sin.

Ag an deireadh seachtaine bím ag léiriú clár. Tá clár ag Blathnaid Ní Chofaigh agus "Bláthnaid Libh" an t-ainm atá air. Bíonn sí ag déileáil leis an iliomad ábhar ach is scéalta daonna den chuid is mó a bhíonn aici air. Bíonn painéal d'aíonna istigh linn, uair sa tseachtain, gach aon Satharn, ag féachaint ar na nuachtáin agus ar na scéalta a sheasann amach dóibh i gcaitheamh na seachtaine. Bhí an tUasal Ní Shuilleabháin linn cúpla seachtain ó shin agus beidh sí in ann labhairt leis na daltaí mar gheall air sin.

Tá deiseanna eile tagtha chugam chomh maith de bharr na Gaeilge san ionad oibre. Tá cara agus comhghleacaí de mo chuid, Siún Ní Dhuinn, a bhíonn i bhfeighil ar rte.ie/chuntosaighgaeilge agus tháinig sí chugam tamall ó shin agus dúirt sí liom gur mhaith léi rud éigin a dhéanamh agus cad a déarfainn faoi phodchraoladh a chur le chéile, í féin, mé féin agus cara agus comhghleacaí eile dár gcuid, Áine Ní Bhreisleáin atá lonnaithe sna Doirí Beaga i dTír Chonaill. Dúramar go mbainfimis triail as mar go raibh podchraoladh agam féin, cad ina thaobh nach bhféadfadh sé a bheith againn chomh maith. Shuíomar síos agus bhíomar ag plé cad a fhéadfaimis a dhéanamh agus thángamar ar an gcinneadh go dtiocfadh an triúr dínn le chéile, go ndíreoimis é, go suífimis isteach i stiúideo le chéile agus go labhraímis go díreach ar na hábhair a bhfuil spéis againn iontu, ábhair an tsaoil chomh maith: bás, grá, caidrimh agus rudaí éagsúla, ach ar na rudaí a mbímid ag caint fúthu lá i ndiaidh lae nuair a bhímid ag plé cúrsaí an tsaoil eadrainn féin. Is air sin a dhíríomar agus thugamar "Beo ar Éigean" ar an bpodchraoladh mar tá sé réamhthaifeadta agus níl sé beo ar éigean. Chomh maith leis sin bímid uaireanta beo ar éigean freisin. Tá ag éirí an-mhaith leis agus tá aiseolas maith faighte againn ónár lucht éisteachta. Is féidir é sin a fháil ar iTunes agus ar Podcast Addict agus ar na hardáin sin ar fad a mbíonn ag díriú ar na podchraolta. Is deas é sin mar, cé gur obair atá ann, ag an am céanna is sórt faoisimh é i gcaitheamh na seachtaine. Deirim gur ar nós seisiún comhairleoireachta é nuair a thagann an triúr dínn le chéile agus go mbímid ag caint mar gheall ar na fadhbanna atá againn, agus ní i gcónaí a bhíonn sé diúltach, ach caint mar gheall ar na rudaí atá ag cur as dúinn. Bainimid an-taitneamh as sin.

Murach an Ghaeilge, ní bheinn san áit atáim i láthair na huaire. Cé go raibh an Ghaeilge againn ag baile agus go raibh mé ag labhairt na Gaeilge sna jabanna beaga fánacha a bhí agam nuair a bhí mé ag éirí aníos agus ag plé le hobair i mbialanna nó i siopaí go háitiúil i gCorca Dhuibhne, níor cheap mé riamh go mbeadh an Ghaeilge chomh lárnach i mo shaol is atá sí i láthair na huaire agus go mbeinn á húsáid lá i ndiaidh lae agus go mbeadh na buntáistí breise ar fad atá faighte go dtí seo cheana féin agam mar níor chuimhnigh mé ar an nGaeilge mar sin. Chuimhnigh mé ar an nGaeilge - ní fheadar an mar a chéile é leis na daltaí anseo - mar ábhar scoile agus go mbeadh orm teach mór liteartha nó pé rud a léamh ar mhaithe le cúrsaí scoile, leis an ardteistiméireacht nó leis an teastas sóisearach. Is iontach an rud é go bhfuil an t-iontas romham go bhfuil an oiread buntáistí sa bhreis faighte agam uaithi le cúpla bliain anuas. Ní fheadar ag éinne cad atá romhainn ar fad amach ó thaobh na Gaeilge de sa todhchaí. Tá súil agam go leanfaidh na mic léinn anseo léi a agus go dtabharfaidh an chaint uaim féin, ón Uasal Ní Shuilleabháin agus ón Uasal Ó Scanaill spreagadh éigin dóibh chun é sin a dhéanamh.

Gabhaim buíochas leis an Uasal Sinéad Ní Uallacháin. Is é an duine eile sa tsraith seo ná Justin Ó Scanaill, aistritheoir de chuid Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais. Ní raibh taisteal ró-fhada le déanamh ag an Uasal Ó Scanaill ó tháinig sé isteach trasna an bhóthair go dtí an Teach. Glac suíochán agus gabh ar aghaidh, le do thoil.

Mr. Justin Ó Scanaill

Mar a dúirt an Cathaoirleach Gníomhach, is aistritheoir Gaeilge mé le Tithe an Oireachtais. Déanfaidh mé cur síos ar an saghas oibre sin go fóill.

Ba mhaith liom ar dtús trácht a dhéanamh ar an seal a chaith mé in earnáil na Gaeilge roimhe seo. Bhí suim agam sa Ghaeilge ó bhí mé óg de bharr go raibh suim agam i gcúrsaí staire. Cé gur fhreastail mé ar scoil lánBhéarla an tamall ar fad. Chríochnaigh mé m'ardteistiméireacht in 2004. Rinne mé céim i rialtas agus beartas poiblí i gColáiste na hOllscoile Corcaigh ar feadh ceithre bliana.

Bronnadh an chéim orm in 2008. Mar is cuimhin le han-chuid daoine de ghlúin áirithe, bhí géarchéim sa gheilleagar ag an am sin. Chaith mé tuairim is bliain ag lorg deiseanna fostaíochta. Fuair mé post mar fheitheoir scoile cónaithe i gColáiste an Phiarsaigh, Gaelcholáiste atá cóngarach don áit ina bhfuilim. Chaith mé tuairim is naoi mí san áit sin.

Ina dhiaidh sin, thosaigh mé ag cur suim láidir i gceist an aistriúcháin agus thosaigh mé ar dhioplóma iarchéime ar líne in aistriúchán agus eagarthóireacht na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad a dhéanamh. Fad a bhí mé i mbun an dioplóma sin, chuaigh mé ó phost go post ar scéimeanna fostaíochta. Chaith mé dhá bhliain mar chúntóir in eagraíocht i gCorcaigh darb ainm Gaeltaca. Bhí mé i mo bhall den choiste agus den bhord stiúrthóirí san áit sin chomh maith, ar feadh tamaill.

Go luath sa bhliain 2014, fuair mé post in Acadamh Ríoga na hÉireann, ag obair ar fhoclóir stairiúil na nuaGhaeilge ar feadh sé mhí. Ba é a bhí i gceist leis sin ná go rabhamar ag féachaint ar théarmaí canúna sa Ghaeilge nach bhfuil in úsáid chomh minic sin a thuilleadh. Bhíomar á dtras-scríobh isteach i mbunachar ar na ríomhairí. Chríochnaigh mé leis an bpost sin agus ansin d'fhill mé ar Chorcaigh, agus thosaigh mé ar mháistreacht a dhéanamh sna daonnachta digiteacha i gColáiste na hOllscoile Corcaigh.

Nuair a chríochnaigh mé leis sin, díreach in am, fuair mé deis tosú mar aistritheoir Gaeilge le Tithe an Oireachtais. Táim anseo anois dhá bhliain agus coicís, beagnach, faoin lá seo. Is é an rud a dhéanaimid go bhfaighimid na doiciméid oifigiúla ar fad agus go ndéanaimid iad a aistriú go Gaeilge. Mar is eol dár lucht féachana agus éisteachta, is í an Ghaeilge céad teanga oifigiúil an Stáit, agus dá bhrí sin, tá stádas ar leith ar na leaganacha Gaeilge den doiciméid sin.

Chomh maith leis sin, déanaim ateangaireacht, nó aistriúchán comhuaineach mar a thugtar uirthi de ghnáth, agus is í atá i gceist leis sin ná nuair a bhíonn daoine sna seomraí seo ag éisteacht leis na cluasáin, bíonn ar dhuine éigin na comhráite Gaeilge a aistriú go Béarla ó bhéal, agus dá mba rud é nach raibh mé i mo shuí anseo, tá seans go mbeinn á déanamh í sin um thráthnóna. In ainneoin sin, ní féidir liom mórán eile a dhéanamh ach amháin a rá go bhfuilim den tuairim go bhfuil Rannóg an Aistriúcháin an áit oibre is fearr ar domhan, dar liom. Réitím go han-mhaith le mo chomhghleacaithe agus is breá liom an obair. Níl sé éasca, ar ndóigh. Is é an rud a deirim le daoine i gcónaí ná is ionann cainteoir teanga is a bheith i do thiománaí gluaisteáin. Is ionann aistritheoir teanga, aon teanga, áfach, is a bheith ina mheicneoir. Caithfidh an duine féachaint ar an rud le súile difriúla an t-am ar fad. Ceapaim gurb é sin é.

Go raibh maith agat a Uasail Ó Scanaill. B'shin na trí ráiteas agus más mian leo, b’fhéidir gur mhaith le roinnt daltaí ceist a chur, ar dhuine, nó ar an triúr acu. Mura miste leo, bheinn buíoch díobh ach a gcuid ainmneacha a lua sula gcuireann siad aon cheist atá acu. Tá na hainmneacha os a gcomhair, tuigim sin, ach is ar mhaithe leis an taifeadadh a deirim sin. Cé atá ag iarraidh ceist a chur ar aon duine den triúr? Níl aon cheist. Míorúilt. Is féidir le daoine san Áiléar Poiblí ceist a chur freisin, más mian leo, má tá ceist ag cúl an tseomra freisin, ag aon duine in aon chor?

Mr. Pádraig Ó hAiniféin

Ó thaobh na hateangaireachta de, an mbíonn mórán de sin i gceist sa Dáil?

Mr. Justin Ó Scanaill

Braitheann sé ar an gcainteoir agus ar an ócáid chomh maith. Abraimis, le linn Sheachtain na Gaeilge atá ar siúl anois, chloisfí an-chuid Gaeilge. Tá an tAire Stáit, an Teachta Seán Kyne, chun a bheith ag labhairt inniu. Tá sé sin ar eolas agam mar tá roinnt den téacs aistrithe agam féin. Cinnte, cloistear an-chuid Gaeilge nuair a bhíonn ceisteanna Gaeilge á bplé chomh maith. Braitheann sé ar an duine agus is é an rud céanna atá i gceist sa Seanad.

Sna coistí faighimid fógra roimh ré go mbeidh óráid nó Gaeilge á labhairt. Faighimid na leaganacha Gaeilge den ráiteas agus aistrímid go Béarla, le go mbeimid in ann iad a labhairt go tapa agus go slachtmhar nuair a bheimid ag caint leis na cluasáin.

Mr. Pádraig Ó hAiniféin

An mbíonn aon Ghaeilge á labhairt istigh in aon de na díospóireachtaí.

Mr. Justin Ó Scannell

Bíonn, ach braitheann sé ar an gcainteoir. Tá cead ag cainteoirí óráid iomlán a thabhairt i nGaeilge, nó fiú abairt amháin, nó fiú focal nó dhó amháin, más mian leo. Braitheann sé ar a dtoil.

Mr. Pádraig Ó hAiniféin

Go raibh maith agat.

Mr. Justin Ó Scanaill

Tá fáilte roimh an Uasal Ó hAiniféin.

An bhfuil ceist ag aon duine eile?

Mr. Naoise Mac Gearailt

San aistriúchán, an mbíonn an óráid ar fad faighte ag an aistritheoir roimh ré, agus mar sin nach mbíonn aon aistriúchán ar an bpointe ar siúl?

Mr. Justin Ó Scanaill

Má tá Seanadóir nó Teachta Dála chun ceist a chur i nGaeilge, faighimid an cheist roimh ré. Má tá an freagra oifigiúil a bhfaighidh an t-ionadaí ón gcainteoir eile le bheith i nGaeilge, gheobhaimid é sin roimh ré chomh maith. Braitheann sé ar thábhacht na gceisteanna chomh maith. Tá caighdeán áirithe ag baint leo.

Óna thaobh sin, chuir mise ceist sa Dáil cúpla nóiméad ó shin. Níor thug mé an cheist isteach roimh ré, mar ní raibh sí réitithe agam lena thabhairt. Bhí sí réitithe nuair a sheas mé suas, agus chuir mé mo cheist i nGaeilge agus fuair mé an freagra i mBéarla. Bhí aistriúchán ar siúl, ach níl a fhios agam cá háit as a raibh sé ag teacht, mar bhí na cluasáin ar chluasa an Tánaiste. D'fhreagair sé i mBéarla mé ach chuir mise mo cheist i nGaeilge. Bhí trí nóiméad agam len í a chur. D'fhreagair seisean mé agus ansin bhí nóiméad amháin agam trí Ghaeilge agus tháinig sé ansin ar ais chugam i mBéarla. Bhí sé sin ceart go leor. Ar a laghad, rinne mise mo ghnó trí Ghaeilge agus bhain an Tánaiste úsáid as na cluasáin. Dúirt mé roimh ré go raibh mé chun an cheist a chur i nGaeilge ach níor thug mé cóip den cheist dó. Dúirt mé go raibh an cheist le bheith i nGaeilge agus thug mé ná sonraí faoin gceist. B'shin an méid. Bhí ar dhuine í a aistriú ar an bpointe. Ní tharlaíonn sé sin rómhinic ach tharla sé inniu.

Tarlaíonn sé fíorannamh i mo chás féin go dtugaim foláireamh d'aon duine cén uair a mbeidh mé chun cainte nó cén teanga a bheidh mé á húsáid. An tseachtain seo caite bhí mé ag caint ar "Sasimeacht" nó Breatimeacht agus bhí mé ag labhairt go hiomlán as Gaeilge an tráth sin. Ní raibh script agam. Uaireanta bíonn script ag daoine. Braitheann sé ar an duine féin. Ní gá do dhuine léamh ó script. Ní fhéadfainn Rannóg an Aistriúcháin a chur ar an eolas. Tá a fhios agam, áfach, toisc go bhfuil mé timpeall na háite tamall de bhlianta, go mbíonn a fhios acu, nuair is mise atá chun cainte, go gcaithfidh siad cluas le héisteacht a dhéanamh agus a bheith ullamh. Ní bhíonn a fhios acu roimh ré ach tá siad an-mhaith mar bíonn siad in ann an Ghaeilge seo agamsa a thuiscint agus Gaeilge an Teachta Pearse Doherty nó an Teachta Connolly nó aon duine eile a thuiscint. Tá sé sin deacair go minic go leor canúintí difriúla agus an míniú a thuiscint, agus ansin tabhairt faoi é sin a aistriú ag am ceannann céanna. Is é sin an scil mhór atá acu.

An bhfuil aon cheist eile? Tá an slua an-chiúin inniu. Beidh siad ar fad ag siúl amach an doras sin agus beidh siad ar fad ag cur ceisteanna ar a chéile. Níl mé chun brú a chur ar ár n-aíonna nó ceisteanna a tharraingt astu. Ní bheidh an tUasal Ní Shúilleabháin agus an tUasal Ní Uallacháin timpeall ar feadh tamall eile, mar sin tá deis amháin eile ag ár gcuairteoirí ceist a chur ar an triúr acu anois. Mura bhfuil ceist acu, bogfaimid ar aghaidh go dtí an chuid eile den díospóireacht atá romhainn.

Táim cosúil le ceantálaí.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Uasal Ní Shúilleabháin, an Uasal Ní Uallacháin agus an Uasal Ó Scanaill as an méid a dúirt siad linn. Bhí sé an-spéisiúil agus tá súil agam go raibh sé spreagúil dár n-aíonna ar fad agus go dtuigeann siad go bhfuil poist ann amuigh ansin go hiomlán trí Ghaeilge nó le Gaeilge, go bhfuil an Ghaeilge thábhachtach i ngach uile chearn den tír, agus go mbeidh sí amach anseo toisc an oiread béime atá daoine á gcur uirthi faoi láthair. Tá súil agam go bhfeicfimid iad arís am éigin eile agus mo mhíle buíochas dóibh. Molaim go gcuirfear an cruinniú ar fionraí ar feadh cúpla nóiméad fad a mbíonn daoine ag bogadh timpeall, agus tá an Cathaoirleach chun an jab atá seo agamsa a ghlacadh anois.

Cuireadh an suí ar fionraí ar 3.11 p.m. agus cuireadh tús leis arís ar 3.18 p.m.

Táimid ar ais arís agus cuirim fáilte roimh chách. Tá sé beagáinín deacair smacht a chur ar na daoine fásta, ní ar na daltaí. Gabh mo leithscéal mar bíonn ar na Teachtaí Dála agus ar na Seanadóirí teacht agus imeacht i gcónaí. B'shin nádúr na Dála anseo. Bíonn orainn rith agus ní bhaineann sé sin le drochbhéas.

Tá trí ábhar faoi chaibidil againn agus táimid ag tnúth le tuairimí ár gcuairteoirí a chloisteáil. Is é an chéad ábhar ná Éire, An Bhreatain agus an Eoraip. Is é an leagan amach a glacfaimid ná go mbeidh Coláiste Íde os ár gcomhair i dtús báire, ansin Gaelcholáiste Cheatharlach, Gaelcholáiste Dhoire agus ansin Pobalscoil Chorca Dhuibhne. Nuair a bheimid críochnaithe leis an ábhar sin, leanfaimid ar aghaidh leis an dara hábhar, Na Meáin Shóisialta: Beannacht nó Mallacht. Táim ag tnúth leis sin mar ceapaim gur mallacht é agus is dócha go bhfuilim seanaimseartha. Beidh jab le déanamh ag ár gcainteoirí chun mise a mhealladh. Is é an tríú hábhar An Fheirmeoireacht agus an Timpeallacht. Cuirfimid tús leis le Coláiste Íde. Gabh mo leithscéal mar níl a fhios agam cá bhfuil Coláiste Íde ina suí. Cé atá chun labhairt anois?

Ms Rút Ní Choileáin

A Bhaill den Oireachtas, a chomhdhaltaí agus a chairde, is mór an chúis dúinn a bheith anseo inniu. An rud is annamh is iontach. Buíochas ó chroí don chomhchoiste as an gcuireadh agus is mór dúinn é. Táim anseo in éineacht le mo dhlúthchairde, Fia Ní Chíosóig agus Caitlin Ní Ainiféin. Tá an triúr dínn ag gabháil don teastas sóisearach i mbliana agus is mór an faoiseamh dúinn cuairt a thabhairt ar phríomhchathair na hÉireann inniu. Beidh mé ag caint ar an ábhar: Éire, An Bhreatain agus an Eoraip, ábhar atá tráthúil go maith agus an Bhreatain ar tí imeacht ón Aontas Eorpach, is oth liom a rá. Is í Éire ár dtír ionúin féin.

Tá daoine ann a deir gur 26 chontae atá in Éirinn agus daoine eile fós a deir go bhfuil 32 chontae i gceist. Beatha do dhuine a thoil.

Is í an Bhreatain an chomharsa is cóngaraí dúinn. Dá bhrí sin tá tábhacht ar leith léi do mhuintir na hÉireann. Ciallaíonn an Eoraip an Mhór-Roinn ina a bhfuilimid agus an Bhreatain inár gcodanna de. Laistigh den Eoraip, tá an tAontas Eorpach. Aontas polaitiúil agus eacnamaíoch ina bhfuilimid agus an Bhreatain inár mbaill de.

Ag dul siar sa stair, tá Éire nasctha leis an Eoraip ó tháinig na chéad daoine anseo ón Mór-Roinn. Idir an dá linn choimeád manaigh na hÉireann nasc oideachasúil leis an Eoraip agus tá an nasc sin ina steillbheatha fós, le mic léinn na hÉireann ag dul sall ar chúrsaí Erasmus agus mic léinn na hEorpa ag teacht anall anseo. Deis iontach í seo d'Eorpaigh óga, sinne san áireamh. Is aoibhinn beatha an scoláire.

Ní raibh ár gcaidreamh leis an mBreatain tríd an stair chomh rathúil sin. Bhí smacht ag an mBreatain orainn ar feadh na gcéadta bliain go dtí gur bhain Éire Saorstát amach sa bhliain 1922. Is tír aibí, éirimiúil, neamhspleách í Éire anois a bhfuil an-bhródúil aisti féin. D'fháiltigh sí go croíúil roimh Bhanríon Eilís nuair a thug sí cuairt orainn agus bíonn cainteanna ar siúl idir Rialtais na hÉireann agus na Breataine go mion minic. Ar scáth a chéile a mhaireann na tíortha.

Chuaigh Éire agus an Bhreatain isteach san Aontas Eorpach, nó an AE mar a thugtar air, gualainn ar ghualainn sa bhliain 1973. Tháinig fás agus forbairt ar chúrsaí trádála toisc saorghluaiseachta earraí agus seirbhísí san AE agus tá cosc ar bhaic thrádála, a bhuí sin leis an Margadh Eorpach Aonair. Buntáiste mór eile is ea an tsaorghluaiseacht idir tíortha an AE. Ciallaíonn sé sin go bhfuil cead ag saoránaigh an AE taisteal a dhéanamh idir bhallstáit gan víosa. Is an-bhuntáiste é sin do dhaoine óga cosúil linne ó thaobh oideachais agus fostaíochta de.

Táim an-bhuíoch den AE chomh maith as cearta ban sa láthair oibre a threisiú trí bhrú a chur ar Éirinn na hAchtanna um chomhionannas a thabhairt isteach. Tá cearta dár máithreacha, dár ndeirfiúracha, dár gcairde agus do gach bean eile bainte amach dúinn dá bharr mar nuair a rachaidh mise ar thóir post sa todhchaí, beidh mé agus mná na tíre ar fad i dteideal pá cothrom a fháil as lá cothrom oibre a chur isteach.

Is cinnte go bhfuil Éire agus an Bhreatain araon tar éis fás agus forbairt a dhéanamh de bharr a bheith rannpháirteach san AE. Ní thuigim, mar sin, an cinneadh a rinne an Bhreatain, nuair a chaith sí an vóta chun an AE a fhágáil. Tá an Breatimeacht ag dó na geirbe sa Bhreatain, in Éirinn agus san Eoraip le breis agus dhá bhliain anuas. Ní mór dom a admháil gur beag an aird a thug mé ar dtús dó go dtí go ndeachaigh mé i mbun taighde don togra seo. Tá an chuma ar an scéal nach bhfuil mórán dul chun cinn déanta ag Príomh-Aire ná ag Rialtas na Breataine faoi na socruithe imeachta. Níl ach 17 lá fágtha idir seo agus 29 Márta chun socrú a dhéanamh. Is é an socrú is tábhachtaí d'Éire ná go seasfaidh an cinneadh a rinneadh faoin gcúlstad. Thug Theresa May geallúint d'Éirinn nach mbeadh teorainn idir Éirinn agus Tuaisceart na hÉireann agus níl sé sin cinnte fós. Faoi láthair tá saorghluaiseacht agus saorthrádáil idir Tuaisceart agus Deisceart na hÉireann, rud atá dearfach agus ciallmhar. Mura dtiocfaidh an Bhreatain ar réiteach trádála leis an AE, ní bheidh an dara rogha ann ach teorainn chrua a thabhairt ar ais. Céim ar gcúl a bheadh ansin d'Éirinn ó thuaidh agus ó dheas. Rachainn chomh fada is a rá gur tubaiste mhillteanach dá roinnfí Éire le teorainn chrua. Is í mo ghuí nach dtarlóidh sé sin dár dtír inniu. Gabhaim buíochas leis an lucht éisteachta.

Gabhaim buíochas le hIníon Ní Choileáin ó Choláiste Íde. Bogfaimid ar aghaidh anois go dtí Iníon Eimear Ní Thuathail ó Ghaelcholáiste Cheatharlach.

Ms Eimear Ní Thuathail

A dhaoine uaisle, stair fhada le scéal casta atá ann nuair a dhéantar plé ar Éirinn, an Bhreatain agus an Eoraip san óráid chéanna. Is caidreamh deacair atá eatarthu. Bímid ag brath ar a chéile, agus ag an am céanna, cuirimid brú éagsúil ar a chéile.

Idir dhá thine Bhealtaine atá an gaol idir na Gaeil agus na Gaill le 800 bliain anuas. Ar feadh na gcéadta bliain is fáinne fí a bhí ann. Tóg, mar shampla, na Péindlíthe. Ag am na bPéindlíthe is fíorbheagán cearta a bhí ag muintir na hÉireann. Bhain na Gaill ár bhféiniúlacht uainn. Rinneadar iarracht ár dteanga álainn a bhaint dínn, teanga le beocht agus draíocht nach mbeidh ag an mBéarla go deo. Ba é seo an modh a bhí acu an lámh in uachtar a fháil orainn, ach buíochas le Dia de bharr chrógacht mhuintir na tíre, tá an teanga fós againn agus í ag dul ó neart go neart le blianta beaga anuas. Nuair a bhí an Bhreatain i gceannas sa tír seo, bhí smacht iomlán aici ar an talamh, ar na poist agus ar an gcóras oideachais. Diaidh ar ndiaidh bhí daoine cróga sa tír a rinne iarracht saoirse a bhaint amach. Is iomaí liosta atá ann de na laochra a bhí páirteach sa stair sin, in Éirí Amach 1798 agus 1916, gan trácht orthu siúd a bhí páirteach i gCogadh na Saoirse agus daoine eile, ina measc an tAthair Seán Ó Murchú, Searlas Stíobhard Parnell, Clarke, Ceannt, an Piarsach, Ó Conghaile, Pluincéid, MacDonagh, Mac Diarmada, de Valera agus an Coileánach. Ná déanfaimid dearmad ar na mná ina measc: Markievicz, Mabel MacGearailt, Linda Kearns agus Margaret Skinnider.

Ní féidir a shéanadh, ámh, agus muid in am an ghátair ag tús an chúlaithe eacnamaíochta sa bhliain 2008, gurbh iad siúd na daoine céanna sin, na Gaill, a tháinig i gcabhair orainn nuair a bhí orainn na billiún euro a fháil ar iasacht. Bhí aibíocht tosaithe sa chaidreamh eadrainn ar deireadh. Gan aon bhrú nó achrann ar bith thug siad €3.2 billiún ar iasacht dúinn. Is fiacha é atá nach mór aisíoctha anois againn, ach ag an am chinntigh sé go rabhamar fós in ann na seirbhísí poiblí uile a reáchtáil sa tír. Gan amhras, bhí ús le híoc ach gan an chabhair sin ní fheadar cad a bheadh tar éis tarlú sa tír seo.

Ag an am céanna bhí ár gcairde ón Eoraip ann chun airgead a chur ar fáil dúinn freisin agus chun cabhrú linn an tír a atógáil. Tháinig an t-airgead sin uathu, ámh, agus ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta le han-chuid coinníollacha. Níl aon dabht ach go mbeadh deacrachtaí airgid ollmhóra againn sa tír go fóill gan iad. Is malairt scéil do chaidreamh na Breataine linn a tharla, áfach, nuair a tháinig an Eoraip agus an Triúracht isteach ar bharr mhuintir na tíre. Ar feadh roinnt blianta ní raibh aon saoirse airgeadais ag Rialtas na hÉireann agus bhí sé faoi chois ag an dTriúracht. Ag an am bhí sé náireach. Thiocfaidís ar chuairteanna rialta le bheith cinnte go raibh a bplean á chomhlíonadh againn. Ní raibh duine ná deoraí anseo in Éirinn sásta, ach leo siúd tháinig athchoiriú ar na bainc, rud a raibh géarghá agus práinn leis. Mar aon leis sin, bhí geilleagar againn a bhí láidir, agus ceann atá anois láidir go leor chun fostaíocht a chruthú. É sin ráite, tá rian den uafás fágtha ina ndiaidh acu mar de bharr na gciorruithe ar fad, ní raibh aon tógáil sa tír ar feadh, nach mór, deich mbliana, agus anois cé go bhfuil feabhas tagtha ar gheilleagar na tíre, tá cruachás dídine againn sa tír. Deirtear go bhfuil nach mór 10,000 duine gan dídean. As an uimhir sin, deirtear go bhfuil aon trian díobh siúd ina bpáistí. Ní féidir a shéanadh ach go bhfuil plean i bhfeidhm ag Rialtas na tíre ach d’fhéadfadh gach mac máthar a rá leis go bhfuil gá an plean sin a chur i bhfeidhm le luas lasrach.

Nuair a leantar leis an scéal casta atá ann idir Éirinn, an Bhreatain agus an Eoraip, tá scéal na saoirse tábhachtach, is é sin, saoirse taistil agus trádála. Tá pas aonair againn ar fad ach tagann siad ar fad leis an gclúdach burgúnach céanna a gheallann saoirse taistil idir na stáit Eorpacha ar fad. Is saoirse é seo a bhí mar fhís ag na stáit éagsúla nuair a bunaíodh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa. Comhphobal a d’fhás agus a d’fhorbair go dtí an tAontas cumhachtach atá againn anois. Cé go bhfuil muintir na hÉireann sásta leis an tsaoirse agus an trádáil sin, is a mhalairt an scéil é lenár gcomharsana sa Bhreatain. Braitheann siad ualach uafásach leis an tsaoirse úd, le daoine ag teacht i dtír sa Bhreatain, agus tá ardú tagtha ar líon na n-inimirceach le blianta anuas, iad ar fad ar thóir saol slán, sábháilte le foscadh agus cúnamh uathu ón Eoraip. Ar chúis éigin, cuireann sé seo faitíos ar an ngnáthdhuine sa Bhreatain agus ní mó ná sásta atá siad i láthair na huaire leis an tsaoirse taistil nó a bheith mar chuid den chomhaontas trádála ach oiread.

Nuair a rinneadar vótáil chun an tAontas Eorpach a fhágáil ar an 23 Meitheamh 2016, bhí an-chuid deacrachtaí ann. Bhraith mé féin go raibh an Príomh-Aire David Cameron ag iarraidh stop a chur leis an bhféith chiníochais a bhí ag eascairt i measc grúpa áirithe sa Bhreatain. Ceapaim féin go raibh sé ag súil le tacaíocht a fháil ó na daoine a thuig an tábhacht agus an tsaoirse a bhaineann le ballraíocht den Aontas Eorpach. Ní mar sin a tharla, áfach. Bhí guth an-ard acu siúd a raibh faitíos orthu. Chuir siad leathfhírinní agus bréaga os comhair an phobail faoin saol idéalach a bheadh ann tar éis dóibh an tAontas Eorpach a fhágáil.

Anois tá buaicphointe sroichte againn. Tá dáta an Bhreatimeachta, 29 Márta 2019, ag druidim chugainn gan aon rud a bheith réitithe. Tá an cúlstad mar ábhar conspóide i láthair na huaire. Cheap an Príomh-Aire, Theresa May, go mbeadh sí in ann tromlach mór a fháil agus glaoigh sí olltoghchán i mí an Mheithimh 2017. A mhalairt a tharla. Bhí mionlach aici agus bhí uirthi tacaíocht a fháil ó pholaiteoirí an Pháirtí Aontachtaigh Daonlathaigh i dTuaisceart na hÉireann. Is mór an deacracht atá anseo mar tá stop á chur acu le gach uile phlean a thagann ón Eoraip mar nach n-aontaíonn siad leis an gcúlstad.

Cad atá in ann don tríúracht seo, Éire, An Bhreatain agus an Eoraip, ní fheadar? Is am conspóideach agus lán d’athruithe atá os ár gcomhair.

Gabhaim buíochas leis an Iníon Ní Thuathail. Anois beidh cainteoir ó Ghaelcholáiste Dhoire. Fáiltím roimh Iníon Sadhbha Nic Ruaidhrí.

Ms Sadhbha Nic Ruaidhrí

A Theachtaí Dála, a Sheanadóirí, a chairde Gaeil, tá sé ag tarraingt ar thrí bliana anois ó shocraigh lucht vótála na Ríochta Aontaithe imeacht ón Aontas Eorpach. Ó shin ar aghaidh tá cuid mhór cur agus cúiteamh sna meáin ar chúrsaí eacnamaíochta agus ar chúrsaí polaitíochta. Tá eagla ar dhaoine go mbeidh orthu cárta glas a fháil le tiomáint trasna na Teorann. Chuirfeadh stadanna custaim an geilleagar sa dá Stát sa tír seo ar gcúl. Is beag an dóchas a thugann an cúlstad dúinn má imíonn an Ríocht Aontaithe i gceann cúpla seachtain gan chomhaontú. Deir Fine Gael go gcosnóidh Mark Durkan sinn i bParlaimint na hEorpa, ach is ar vótálaithe meánaicmeacha Bhaile Átha Cliath a bheidh seisean ag brath seachas orthu ar de bhunadh na Sé Chontae iad. Is beag an trácht ar fad, más ann dó ar chor ar bith, ar thodhchaí na dteangacha neamhfhorleathana sa Bhreatain agus i dTuaisceart na hÉireann. Níl sé sin curtha san áireamh ar chor ar bith.

Is tromlach beag bídeach de vótálaithe na Ríochta Aontaithe a bhí ar son imeacht as an Aontas Eorpach. Bhí an chuid is mó de mhuintir na hAlban agus na Sé Chontae in oirthuaisceart na tíre seo i bhfách le fanacht. Is cuma faoi sin, áfach. Níl ach an t-aon Ríocht Aontaithe amháin ann, tá an rogha déanta agus ní ceadmhach, is cosúil, an rogha a thabhairt don phobal arís i reifreann eile.

Tá curtha in iúl ag grúpaí teanga go bhféadfadh Brexit a bheith tubaisteach do theangacha mionlaigh: an Chornais, an Bhreatnais, Gaeilge na hAlban, Béarla na hAlban agus, ar ndóigh, an Ghaeilge seo againn féin. Tá sé de dhlúth agus d’inneach dhlí an Aontais Eorpaigh meas a léiriú do theangacha mionlaigh.

I ndiaidh Brexit thiocfadh linn ár gcearta Eorpacha i leith mionteangacha a chailleadh. Ní bheadh aon chosaint againn dá dtiocfadh Rialtas isteach i Sasana a bheadh ag iarraidh déanamh ar shiúl leis na mionteangacha. Ní bheadh teacht againn ach oiread ar mhaoiniú Eorpach do thionscadail a chuireann mionteangacha chun cinn. An síltear go mbeadh Londain ag iarraidh an tacaíocht chéanna a thabhairt dúinn is a thugann an Bhruiséil? Is beag an baol.

Ní hionann sin agus a rá, ar ndóigh, nach bhfuil ábhar éigin dóchais ann. Tá Brexit i ndiaidh spiorad an neamhspleáchais a athmhúscailt in Albain. Táthar ag caint ar neamhspleáchas don Bhreatain Bheag, fiú. I bhfianaise na dtoghchán deireanach ó Thuaidh, inar chaill aontachtóirí an móramh a bhí acu ó cuireadh an chríochdheighilt ar bun, agus de réir pobalbhreitheanna ó shin, tá guth níos tréine ná riamh ag náisiúnaithe. Tá crogaill na Gaeilge ag alpú leo agus ag cur go tréan in éadan leatrom an stáitín thuaisceartaigh in éadan na teanga. Más féidir linn feachtas seo an dream Dearg le Fearg ar son ár gceart a choinneáil ar siúl agus an pobal a lasadh chomh dearg le fearg is atá muidne, na Gaeilgeoirí, tá deis againn athrú mór a chur i gcrích.

Tá athruithe móra ag tarlú ar fud an domhain. Tá socraithe ag an Ríocht Aontaithe briseadh ar shiúl ón Eoraip. D’fhéadfadh na hAlbanaigh briseadh ar shiúl ón Ríocht Aontaithe dá thoradh sin. Cruthaíonn sé sin deis dúinne. Tapaímis an deis.

Gabhaim buíochas leis an Iníon Nic Ruaidhrí. Bogfaimid ar aghaidh go dtí Pobalscoil Chorca Dhuibhne agus is é seo an cainteoir deireanach ar an ábhar seo, an tUasal Naoise Mac Gearailt.

Mr. Naoise Mac Gearailt

A chairde Gaeil, ar an gcéad lá de mhí Eanáir 1973 chuaigh Éire agus an Bhreatain isteach den chéad uair san Aontas Eorpach, mar a thugtar air sa lá atá inniu ann. Cad ina thaobh go ndeachamar isteach ann ar an gcéad dul síos? Bheartaigh Rialtas na tíre seo dul isteach ann ar mhaithe le heacnamaíocht na tíre a neartú, chun margadh níos mó agus níos fearr a fháil dár gcuid táirgí, chun saorghluaiseacht a bheith idir na tíortha, agus chun síocháin san Eoraip a chinntiú. I dtosach an chomhaontais seo, is mó cor is casadh a bhí ar an mbóthar. Tar éis na mblianta a chaith Éire faoi chois Shasana i stair na tíre, bhí an caidreamh eadrainn fós leochaileach.

D'imigh na mílte Éireannach go Sasana ar imirce ar thóir oibre sna 1950í agus sna 1960í agus ní i gcónaí a cuireadh fáilte rompu. Tá cloiste againn ar fad ónár sinsir faoin drochmheas a caitheadh le muintir na tíre seo. Mar bhall den Eoraip, áfach, bhí cearta dleathacha ag cosaint na n-oibrithe seo, cé acu Éireannaigh, Sasanaigh nó Francaigh iad.

Faraor, bhí cúrsaí polaitíochta suaite go maith idir Éire agus an Bhreatain, go háirithe de bharr cheist Thuaisceart na hÉireann. Bhí sé ina chogadh dearg, le foréigean, marú, buamáil agus sceimhlitheoireacht ón dá thaobh. Ní raibh cathair Bhéal Feirste á fógairt ag Bord Fáilte mar áit le saoire thaitneamhach a chaitheamh, faoi mar atá inniu. Thar na blianta, tríd an bpróiseas síochána, le cainteanna agus comhdhálacha, le díograis polaiteoirí ón dá náisiún agus ionchur ó Mheiriceá óna leithéidí George Mitchel, tháinig sámhnas agus síocháin go Tuaisceart na tíre tar éis shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta in 1998. Tháinig fás agus borradh ar eacnamaíocht an Tuaisceart, go háirithe i dtionscal na turasóireachta ó shin de dheasca na síochána. Faoi mar a luaitear i scéal ón mBlascaod, "is mairg a báitear le linn na hanaithe, mar tagann an ghrian i ndiaidh na fearthainne".

As sin ar aghaidh bhí fás agus ag teacht ar an gcaidreamh idir Éire agus an Bhreatain. Bhíodar ag obair go síochánta as lámha chéile. Cuireadh fáilte mhór roimh Bhanríon Shasana Eilís II in 2011. Chomh maith leis sin cuireadh fáilte roimh Uachtarán Micheál D. Ó hUiginn go Sasana in 2014. Is é an sampla is fearr den difríocht sa chaidreamh eadrainn, dar liomsa, ná in 2007 nuair a d'imir foireann rugbaí na hÉireann i gcoinne Shasana i bPáirc an Chrócaigh. Ba chomhartha den fheabhas ollmhór a tháinig sa chaidreamh idir Éire agus an Bhreatain an meas agus an t-ómós a taispeánadh d'amhrán náisiúnta Shasana sa staid chéanna inar mharaigh saighdiúirí Shasana 14 gnáthdhuine in 1920.

Bhí go maith agus ní raibh go holc sa chaoi is go ndearna muintir Shasana dearmad glan go raibh Teorainn ar an tír seo in aon chor agus iad ag teacht agus ag imeacht ar a shocracht mar aon leis na mílte Éireannach ag cur fúthu i Sasana agus ag éirí go breá leo ina gcuid oibre.

Ansin, ar 23 Meitheamh 2016, vótáil 51.9% den mhéid a tháinig amach chun vótála sa Bhreatain chun an Eoraip a fhágáil. As seo a d'eascair an Breatimeacht a bhfuil an oiread sin conspóide mar gheall air inniu. Tá spriocdháta 29 Márta 2019 ann don Bhreatimeacht ach tá rudaí trína chéile fós. Níl aon réiteach ag teacht leis an margadh imeachta tar éis an spior spear a rinneadh d'iarracht Theresa May i Westminster i mí Eanáir. Is é an cúlstad an chnámh spairne sna cainteanna faoi láthair ach cad atá i gceist leis an gcúlstad? Is é an cúlstad ná polasaí árachais atá ann chun déanamh deimhin de nach bhfuilimid ag filleadh ar na trioblóidí a bhí ann roimh 1998 de bharr na teorann crua. Bheadh rudaí ina gcíor thuathail ceart d'Éirinn, don Bhreatain agus don Eoraip más rud é go bhfágfadh an Bhreatain an tAontas Eorpach gan aon mhargadh. Tá comhlachtaí gluaisteán agus airgeadais ag tréigean na Breataine cheana féin.

An mbeidh scoláirí nó sinn féin ábalta freastal ar ollscoileanna sa Bhreatain agus mar an gcéanna do scoláirí na Breataine agus ollscoileanna na hEorpa?

Cad a tharlóidh do thionscal feirmeoireachta na hÉireann agus na Breataine má chuirtear cáin ar a gcuid táirgí? Cén mhoill a chuirfear ar a leoraithe agus iad ag taisteal ó Pháras go Londain agus ó Londain go Baile Átha Cliath, mar shampla? An dtitfidh an tionscal trádála as a chéile ar fad? An mbeidh an smugláil i mbarr a réime arís?

An dtiocfaidh an foréigean a mharaigh na mílte sna trioblóidí ar ais? An bhfuilimid chun an tsíocháin atá againn le breis is 20 bliain a chaitheamh san aer tar éis na móriarrachtaí a rinne John Hume, David Trimble agus mórán daoine eile ar son na síochána?

Anois tá an Breatimeacht ag cur é sin i mbaol. Chonaiceamar buamáil carr i nDoire i dtús na bliana seo fiú amháin. Tá neamhchinnteacht thar cuimse ag baint leis an mBreatimeacht ach dar liom tá cinnteacht amháin ann. Is é sin go raibh cúrsaí trádála eacnamaíochta agus síochána níos fearr leis an mBreatain san Eoraip agus sinn ag obair as lámh a chéile. Cén fáth an dochar sin a dhéanamh d'Éirinn agus don Bhreatain agus don Eoraip? Mar sin bheinn ag moladh do Theresa May seasamh suas agus an cinneadh ceart a dhéanamh do gach aon duine agus gan rith ón bhfadhb, mar a rinne David Cameron. Iarraim ar mhuintir na Breataine dearmad a dhéanamh den Bhreatimeacht agus fanacht san Aontas Eorpach.

Gabhaim buíochas leis an Uasal Mac Gearailt. Táimid ag fanacht anois le Pobalscoil Chorca Dhuibhne ach ag bogadh ar aghaidh go dtí an chéad téama eile, na meáin shóisialta - beannacht nó mallacht, leis an gcainteoir Iníon Éabha Ní Neachtain.

Ms Éabha Ní Neachtain

A dhaoine uaisle uile, tá ábhar na meán sóisialta faoi chaibidil go forleathan le blianta anois agus na hargóintí ina bhfabhar agus ina gcoinne cloiste againn ar fad. D'fhéadfainn suí anseo, os comhair an choiste, agus labhairt faoin bhflúirse eolais, an teagmháil luachmhar agus an sóisialaí iontach atá le fáil ar Facebook, Twitter agus a thuilleadh nach iad. Mar aon leis sin d’fhéadfainn tagairt a dhéanamh do choireanna, ciapadh, bulaíocht agus an iliomad mallachtaí eile atá mar chneá lofa dhainséarach ag croílár na meán seo go laethúil. Ina ionad seo ar fad féachaimis ar an méid cosúlachtaí atá idir bheannachtaí agus mhallachtaí na meán sóisialta araon. Is ábhar teibí, gan substaint é atá scoite amach ón bhfíorshaol. Caint isteach sa spás atá ann don fhormhór.

Is beannacht nó is mallacht atá sna meáin shóisialta, ag brath ar conas a úsáidtear iad. Tá an méid sin ar eolas againn go léir, ach conas ar cheart dúinn an teicneolaíocht seo a úsáid chun gur mó an buntáiste dúinn í ná a mhalairt, agus cumhacht na meán sóisialta a tharraingt amach as na scamaill agus na scáileáin isteach sa bhfíorshaol tráthúil inniu? Is í sin an cheist.

Tógfaidh mé an cheist ar ais chugam féin ar dtús. Tá cuntas agam ar Snapchat, Discord agus ar Instagram, áit a leanaim 330 cuntas eile. Cinnte, tá aithne agam ar an bhformhór díobh, ina measc, mo chairde atá ag cur suas pictiúirí chomh héadomhain agus neamhthábhachtach sa saol is atá mo chuid féin. Níos measa fós is ea na mainicíní agus na réaltaí Instagram gurb iad a bpoist lánaimseartha ná pictiúirí áille díobh féin a chur in airde agus moladh a ghlacadh ó dhaoine áille eile agus iad íoctha go maith as. Ní gá dom seasamh siar rófhada ón bhfón chun éagóir de seo a fheiscint. Níl mé chun seasamh anseo inniu chun tabhairt amach faoi na rudaí seo atá ar eolas againn uile cheana ach chun féachaint air i slí uile nua. Cé hiad na heisceachtaí? Cé atá ag úsáid na meáin shóisialta i slí dhifriúil d’fhormhór na ndaoine? Ba mhaith liom Greta Thunberg agus Sally Hayden a chur in aithne don chomhchoiste. Seans maith gur chuala an coiste faoi óráid an Uasail Thunberg, ceannródaí 16 bliana d'aois a labhair faoin ngéarchéim timpeallachta le déanaí in Davos.

Dé ghnáth nuair a chím rud éigin suimiúil ar líne, b’fhéidir go dtabharfainn "like" dó nó go seolfainn ar aghaidh chuig cara é. Bhí rud éigin as an ngnáth faoi óráid an Uasail Thunberg a bhain stangadh asam. Seo cailín atá níos óige ná mé féin a bhain leas as na meáin shóisialta atá chomh forleathan i measc ár n-aoisghrúpa chun labhairt amach le misneach. Bhí orainn an neamhaird dhainséarach a léiriú go nocht don ghlúin fhásta agus an cruachás millteanach ina bhfuilimid a thaispeáint don domhan chun gníomh a impí ar chumhachtaí na cruinne. Is í seo beannacht. Is é seo na Kardashians agus na físeáin randamacha á gcaitheamh ar leataobh chun iachall a chur orainn féachaint suas ó na scáileáin agus freagracht a ghlacadh maidir leis an domhan mórthimpeall orainn.

Bean eile ar chomhchrógacht leis an Uasal Thunberg is ea Sally Hayden. Iriseoir óg ó Bhaile Átha Cliath í ach clúdaíonn sí scéalta na dteifeach ar fud an domhain. Téann an tUasal Hayden cruinn díreach i mbearna an bhaoil gach lá chun teifigh sna campaí is boichte agus is dainséaraí ar domhan a chur faoi agallamh. Tugann sí guth dóibh siúd atá ciúnaithe. Léiríonn siad meas orthu siúd atá dearmadta. Cuireann sí na scéalta luachmhara seo in The Washington Post agus The New York Times á scaipeadh, ar nós na mion-éan, ar gach meán sóisialta chun a rá: "Éist liom, caithfear cabhrú leis na daoine seo agus ní ligfidh mé daoibh dearmad a dhéanamh orthu." Úsáideann na teifigh seo na meáin shóisialta, ar ceann de na fíorbheagán ábhair trealaimh atá acu, chun dul i dteagmháil leis an Uasal Hayden agus teachtaireachtaí tábhachtacha ag tagairt do chaighdeáin mhaireachtála agus an tslí a gcaitear leo a léiriú don domhan. Seo iad na teachtairí fiúntacha. Is beannacht í seo.

Tugann a leithéidí seo misneach dom go bhfuil maitheas le fáil ó na meáin shóisialta mar go bhfuil spás agus stáitse acu siúd a nguthanna tábhachtacha a chur chun cinn agus a scaipeadh timpeall an domhain chun athrú dearfach a dhéanamh. Cén mhaitheas a bheadh ann domsa labhairt os comhair baill an choiste ag meá buntáistí agus míbhuntáistí atá ar eolas acu cheana? Dá dtiocfaimis ar chinneadh, tar éis an phlé, go bhfuil na míbhuntáistí i bhfad níos mó ná aon bhuntáistí, an gcuirfí stop láithreach leo? Tá a fhios agam go maith nach gcuirfí. Is é an chuid is mó a d’fhéadfaimis a dhéanamh, ámh, ná sábháilteacht Idirlín a chur chun cinn agus na dea-shamplaí a leanúint. Uaireanta an chloig fhada a chur amú ar líne gach lá nó na meáin shóisialta a úsáid mar threalamh nua-aimseartha chun athruithe dearfacha fónta a chruthú is ea an rogha atá romhainn. Bíonn sé deacair an t-ábhar luachmhar a phiocadh amach ón feed ollmhór leanúnach, ach is é an t-aon slí beatha atá ag na meáin shóisialta ná chun iad a úsáid. Is iad na Teachtaí Dála as a dtagann an Rialtas agus nach iad siúd na daoine atá in ann athruithe a chur i gcrích? Oideachas agus dea-shamplaí is ea an trealamh atá ag teastáil chun na buntáistí a bhaint ó na meáin shóisialta seo. Is é seo ár dtodhchaí agus is iad seo ár roghanna. Mo mhíle buíochas as cluasa na héisteachta a thabhairt dom.

Gabhaim buíochas leis an Iníon Ní Neachtain. Táimid ag dul ar ais go Gaelcholáiste Dhoire agus an tUasal Setanta Ó Gribín.

Mr. Setanta Ó Gribín

A Sheanadóirí, a Theachtaí Dála, a chairde Gaeil, a chomhghleacaithe Gaelscolaíochta agus a chomhandúiligh teicneolaíochta, dúirt an t-aisteoir, Hermione Norris ón gclár "Cold Feet" roinnt blianta ó shin go raibh sí chun a páistí a choinneáil ar shiúl ó na meáin shóisialta chomh fada agus is féidir léi mar, dar léi, go raibh siad ionrach amach is amach. Is cinnte go bhfuil an bhean seo den tuairim gur mallacht iad na meáin shóisialta, ach, an bhfuil an ceart aici?

Níl aon dabht ann ach go bhfuil contúirtí ag baint leis na meáin shóisialta. Is iomaí scéal an uafáis a chloisimid maidir le daoine óga soineanta, go háirithe, a mhealltar le bheith páirteach i ngníomhaíochtaí dochracha ag daoine a bhfuil drochdheoir iontu. Is iomaí aip atá ar fáil a chuireann daoine óga i mbaol. Bhí Blue Whale againn anuraidh agus bhí Momo againn ar na mallaibh, aipeanna a thug dúshlán do dhaoine óga féindochar a dhéanamh.

Is iomaí tuismitheoir a sheasann ar an bhfód in éadan duine atá ag cáineadh a pháiste, ag déanamh beag den pháiste seo acu, ag déanamh bulaíochta orthu, ag magadh fúthu, nó ag spochadh astu. Nach bhfuil sé de dhualgas ar gach tuismitheoir é sin a dhéanamh? Tá, cinnte, ach ar chúis éigin, nuair a bhíonn na meáin shóisialta i gceist, is iomaí tuismitheoir a thréigeann an dualgas sin. Tréigeann siad a n-óga le bheith i mbaol ó ghruaim, ó fhadhbanna cearrbhachais, ó fhéinghortú, nó ó fhéinmharú. Ar fáth éigin ní thugtar faoi bhulaíocht ar líne mar a thugtar faoi bhulaíocht fisiciúil, cé go bhfuil na hiarmhairtí gach pioc chomh holc agus go bhfuil na meáin shóisialta ag éascú na bulaíochta seo.

Téann na meáin shóisialta i bhfeidhm ar an aos óg ar bhealaí diúltacha: ag déanamh cothromú idir pornagrafaíocht agus grá; ag cruthú tuisceana gurb ionann fear fearúil agus fear a bhaineann úsáid as an gcumhacht seo aige le mí-úsáid a bhaint as daoine eile; agus gurb ionann áilleacht agus íomhánna d'fhir le boilg shé-phaca nó íomhánna de mhná leathchnaíte in selfies leis na beola cumtha mar seo.

Tá go leor deacrachtaí maidir leis na meáin shóisialta agus leis an nuacht bhréagach chomh maith. Ba cheart go mbeadh polaiteoirí uaisle, ar nós na ndaoine i láthair anseo, a bheith iontach buartha faoi mhí-úsáid na meán sóisialta chun tionchar a imirt ar thoghcháin agus ar reifrinn na saolta seo. Ní gá ach breathnú ar thorthaí toghcháin ar fud an domhain agus an ról a d’imir comhlachtaí ar nós Cambridge Analytica ar intinn na milliún a mhúnlú agus a athrú.

Is cinnte go bhfuil domhan na teicneolaíochta agus na meán sóisialta ag athrú le luas lasrach. Áit a raibh Facebook, tá Instagram, Snapchat agus Twitter anois ann. Áit a raibh ríomhaire mór le freastalaí cumhachtach ag teastáil le ríomhphost a sheoladh, níl de dhíth anois ach an fón cliste agus Wi-Fi maith. Níl ag éirí leis an tsochaí rialacha a fhorbairt a dhéanfadh domhan na meán sóisialta a rialú mar is ceart, agus sábháilteacht na n-úsáideoirí a chinntiú. Tugaim dúshláin do na daoine uaisle i láthair anseo inniu agus reachtaíocht chuí a chur os comhair na tíre chun a chinntiú go mbíonn ar chomhlachtaí ollmhóra freagracht a ghlacadh as an deis a chur ar fáil do dhaoine eolas príobháideach, contúirteach nó bréagach a chur os comhair an phobail.

Leis an méid sin ráite, is cinnte nach mallacht ar fad atá sna meáin shóisialta. Tá beannacht nó dhó le sonrú chomh maith. Táimid in ann bheith i dteagmháil lenár gcairde go furasta. Tá fáil ag uasal agus íseal ar ár gcara Google agus is cinnte go dtugtar ardán do dhaoine labhairt leis an tír nach raibh ar fáil acu san am roimhe seo.

Tá beannachtaí sna meáin shóisialta don Ghaeilge chomh maith. Baineann muidne úsáid rialta as foclóir.ie agus is fusa i bhfad iriseoireacht na Gaeilge a chur ar fáil ar líne, seachas nuachtán nó iris a chur i gcló. Tá go leor de mo chomhghleacaithe ag cur na teanga in oiriúint don domhan nua-aoiseach trí na meáin shóisialta, go háirithe iad atá ag cumadh memes na Gaeilge. Cé acu den lucht éisteachta a chuala an dán:

Roses are red

violets are blue

irregular verbs in the past tense

get a séimhiú.

Cé acu ach oiread a chuala an frása a chuir duine eile in airde agus iad ag caint faoin ardteistiméireacht, rud atá fíor i mo chás féin chomh maith, "Ní dhearna mé aon staidéar; tá mé scrúdaithe”?

Gabhaim buíochas leis an lucht éisteachta.

Gabhaim buíochas leis an Uasal Ó Gribín. Táimid leathbhealach tríd. Tá sé chur i láthair fágtha againn. Maidir le hábhar na meán sóisialta, táimid ag bogadh ar aghaidh anois go dtí an chéad choláiste eile, Gaelcholáiste Cheatharlach, leis an Uasal Diarmuid Ó Liathaimh Ó Nualláin.

Mr. Diarmuid Ó Liathaimh Ó Nualláin

A dhaoine uaisle, táim anseo inniu chun labhairt leis an gcomhchoiste faoi na meáin shóisialta agus cé acu beannacht nó mallacht don tsochaí atá iontu. Gan amhras, tá difear mór idir inné agus inniu. Is iomaí athrú atá tagtha ar an saol faoi láthair – athrú dochreidte leis an bhfírinne a rá. Mar dhéagóir, d’fhás mé aníos le teicneolaíocht. Ar dtús cheap gach uile dhuine go raibh an teicneolaíocht nua-aimseartha seo go hiontach agus go raibh sí ina deis nua don todhchaí. Slí éasca, éifeachtach agus tapaidh chun caint lenár gcairde ab ea ann. Tar éis tamaill, áfach, ba léir nach raibh gach rud mar a cheaptar. De réir a chéile, bhí scéalta uafásacha ag teacht chun solais maidir le cibearbhulaíocht agus féinmharú trí na haipeanna meán sóisialta. Beidh mé ag labhairt leis an gcomhchoiste inniu faoin éifeacht atá ag na meáin shóisialta ar an tsochaí agus cé acu an diúltach nó dearfach iad.

Ar an gcéad dul síos úsáidim na meáin shóisialta gach lá chun labhairt le mo chairde agus pleananna a chruthú. Chomh maith leis sin, tá cairde déanta agam ar an Idirlíon agus tá líon seanchaidrimh athnuaite agam chomh maith.

Le brú cnaipe, is féidir labhairt le duine éigin ar an taobh eile den domhan. Is féidir eolas a fháil ar aon rud láithreach. Is féidir teachtaireacht a chur chuig duine le pictiúr nó fís. Tá tionchar na teicneolaíochta ar shaol daoine i bhfad níos forleithne ná riamh. Is iomaí gearán a dhéantar faoi dhaoine óga ag caitheamh barraíocht ama ar líne, ach cuidíonn an nua-theicneolaíocht cuid mhór le hobair bhaile agus le staidéar de gach cineál. Ar aipeanna cosúil le Snapchat agus Instagram, faighim an nuacht agus scéalta ó thimpeall an domhain chomh luath agus a tharlaíonn siad.

Le luas na nuachta seo, áfach, léirítear deacrachtaí eile. Is féidir le “mífhíricí” a scaipeadh go tapaidh freisin. I Meiriceá, go háirithe, is féidir le scéalta bréagacha a lán damáiste a dhéanamh. Le déanaí, bhí dhá scéal bhréagacha a scaip mar gheall ar na meáin shóisialta: an Scoil Chaitliceach Covington agus cás Jussie Smollett. Níos giorra d’Éirinn, sa reifreann Brexit, d’úsáid an feachtas Leave na meáin shóisialta chun mífhaisnéis maidir leis an EU a scaipeadh. Mar náisiún, nílimid chomh gar don dainséar sin, ach caithfimid a bheith feasach mar sin fein.

Tá a fhios ag gach duine timpeall an bhoird seo go gcuireann na meáin shóisialta ualach ar an aos óg. Le déanaí, ámh, tá taighde ar fáil a léiríonn go bhfuil daoine níos sine i mbaol chomh maith. I ndomhan na ngréasán sóisialta níl aon rud sábháilte, áfach. Nuair a théann daoine óga ar an Idirlíon agus nuair a nochtann siad don domhan mór is a mháthair cé hiad féin, agus nuair a chuireann siad eolas pearsanta ar líne, tugann siad deis do dhaoine mailíseacha iad a ionsaí. Cosúil leis na daoine óga a thum iad féin go huile is go hiomlán i ndomhan na miotaseolaíochta agus na fantasaíochta, tá daoine óga an lae inniu goilliúnach agus soghortaithe agus bíonn sé éasca teacht i dtír orthu. Is í an difríocht atá idir domhan fíorúil an lae inniu agus domhan fantasaíochta an lae inné ná go bhfuil an domhan fíorúil idirghníomhach. Is féidir leis na "drochdhaoine" duine a ionsaí. Is féidir le cibearbhulaithe anaithnide duine a mhaslú, a ghortú agus a shaol a lot, fiú amháin.

Tuigimid go léir faoin am seo cé chomh dona is atá fadhb na cibearbhulaíochta agus an dochar atá á dhéanamh aici do shaol na n-óg. Loiteann agus scriosann sí duine ar bith nach bhfuil in ann seasamh suas ina coinne. Tá an t-am tagtha chun beart de réir briathair a dhéanamh agus tabhairt faoi fhadhb na cibearbhulaíochta a réiteach. Tá sé thar am, measaim. Ar an drochuair, tá an chíbearbhulaíocht i bhfad níos forleithne ná riamh. Tá an fhadhb uafásach seo ag dul ó smacht. Tarlaíonn bulaíocht ar mheáin shóisialta cosúil le Facebook, Twitter agus Snapchat. Is féidir muinín duine a scriosadh gan trioblóid ar bith. Achan lá, cloisimid scéalta faoi chumhacht na nua-theicneolaíochtaí agus an damáiste a dhéanann sé do na híospartaigh. Ba chóir don Rialtas polasaí frithbhulaíochta a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic leis an bhfadhb. Ba chóir do scoileanna rud éigin a dhéanamh chun cuidiú le daltaí atá in umar na haimléise. Má chaitheann duine óg barraíocht ama ar an nguthán nó ar an ríomhaire glúine, déanfaidh sé dochar dá shláinte. Ní rachaidh siad amuigh faoin aer agus ní ghlacfaidh siad páirt i spórt nó in aclaíocht. Ó mo thaithí féin, is rud iontach é an tIdirlíon, má úsáidtear i gceart é. Is dearcadh caolaigeanta é, áfach, an locht a chur ar dhaoine óga an t-am ar fad. Féach ar an méid péidifiligh atá ar líne fosta. Úsáideann siad seomraí cainte ar líne chun páistí soineanta a mhealladh. Cuireann sé alltacht orm.

Is léir ón méid atá ráite agam nach féidir éalú ó na meáin shóisialta. I ndeireadh na dála, is rud dearfach iad agus tá níos mó buntáistí ná míbhuntáistí. Ina theannta sin, tá a fhios ag gach duine go bhfuil na míbhuntáistí seo an-dainséarach - cosúil le cibearbhulaíocht - ach fós féin, sáraíonn na buntáistí iad siúd.

Cad é réiteach na faidhbe? Caithfidh an Rialtas polasaí nua a chur i bhfeidhm chun an tsochaí a chosaint. B’fhéidir go dtiocfaidh feabhas ar an scéal má oibrímid le chéile. Mar a deir an seanfhocail: “Ní neart go cur le chéile!"

Gabhaim buíochas leis an Uasal Ó Liathaimh Ó Nualláin. Is í Iníon Fia Ní Chíosóig ó Choláiste Íde an cainteoir deireanach ar an ábhar seo.

Ms Fía Ní Chíosóig

Dia daoibh go léir a chairde. Gabhaim buíochas leis an gcoiste a thug cuireadh do mo scoil, Coláiste Íde, chun labhairt leis faoi na meáin shóisialta.

Mar dhuine óg atá ar thairseach an domhain mhóir seo, tá an-mheas agam ar na meáin shóisialta. Is duine dearfach mé a chreideann go mór i ndul chun chinn agus dá bharr sin féachaim ar na meáin shóisialta mar bheannacht. Ar an drochuair, tá lear mór daoine a deir gur mallacht iad, de dheasca cibearbhulaíochta agus ábhar mí-oiriúnach a chuirtear in airde. Tuigim dóibh, ach fós, creidim go láidir sna meáin shóisialta. Bíonn gealas i lár na léithe i gcónaí agus inniu, is mian liom an gealas sin a chur os comhair an choiste.

Ar dtús, áfach, ar mhaithe le soiléire, cad iad na meáin shóisialta? Is gréasán idirnáisiúnta cumarsáide é. Is é sin le rá gur féidir teagmháil a dhéanamh le duine eile ar an dtaobh eile den domhan ar an bpointe boise. Mar is eol dúinn go léir, tá aipeanna ar leith ag baint leis na meáin shóisialta, mar atá Facebook, Twitter, Tinder, Pinterest agus Instagram. Is breá le daoine óga, agus daoine nach bhfuil chomh hóg sin, na haipeanna seo. Ní gá ach smaoineamh ar an Uachtarán Trump ar Twitter, mo ghraidhin é agus mo ghraidhin sinn go léir. Is sin scéal thairis, áfach.

Le linn dúinn an teastas sóisearach á dhéanamh ag an triúr againn i mbliana, is mór an chabhair iad na meáin shóisialta. Is suíomhanna staidéir iad Studyclix, Quizlet, Padlet nach mbeimis in ann maireachtáil dá n-uireasa. Nuair is crua don chailleach, bíonn ár mamaí ar an guthán linn ar Whatsapp ag éisteacht linn ag gol faoi na réamhscrúduithe. Nó, níos fearr fós, bíonn an páipéar réamhscrúdaithe feicthe againn ar Instagram sula siúlaimid isteach sa scrúdú, rud atá an-úsáideach.

I ndáiríre, le cabhair na meán sóisialta, foghlaímid scileanna taighde ó aois óg atá de dhíth don ardteistiméireacht agus don ollscoil. Cuireann na meáin shóisialta lenár n-oideachas. Is beannacht cinnte é sin. Má theipeann ar Studyclix agus Quizlet, ámh, bíonn ár gcairde ar fáil sa bhaile againn i gcónaí ar na meáin shóisialta.

Faoi mar is eol don lucht éisteachta, táimid ag freastal ar scoil chónaithe. Is iontach an rud iad na meáin shóisialta agus sinn scartha ónár gcairde sa bhaile. Is féidir liom labhairt le mo chairde sa bhaile, nach gcím ó cheann ceann na seachtaine, coimeád suas le cúrsaí gnó agus cúrsaí domhanda, agus coimeád suas leis na Kardashians, más mian liom.

Deirtear gur trom an t-ualach an t-aineolas, agus is fíor é. Creidim go láidir go gcuireann na meáin shóisialta go mó lenár n-eolas, is é sin má bhaintear an t-eolas ceart amach. Leis an eolas atá againn ar an domhan inniu, de thoradh na meán sóisialta, tá an chumhacht againn an domhan seo a athrú, forbairt a dhéanamh agus cabhrú le daoine a chónaíonn i bhfad uainn. An mallacht é sin? An mallacht é forbairt agus dul chun cinn?

Tá na meáin shóisialta ag athrú an tsaoil. Tá comhlachtaí neamhrialtasacha cosúil le Amnesty Idirnáisiúnta ag úsáid na meáin shóisialta mar stáitse chun sárú cearta daonna ar fud na cruinne a thabhairt chun an tsolais. Sin é an gealas, a chairde.

Má bhaintear úsáid chóir as na meán shóisialta, is beannacht go huile is go hiomlán iad. Dul chun chinn dochreidte atá iontu má bhaintear úsáid chóir astu. Mar is eol dúinn ar fad, faraor, ní amhlaidh a bhíonn i gcónaí.

Cé orthu atá an locht ach ar na daoine atá á n-úsáid. Ní aip ná ríomhaire atá ag déanamh cibearbhulaíocht, ná ag bunú cluichí cosúil le Momo, ná ag cur ábhar mí-oiriúnach in airde. Cé orthu atá an locht ach ar dhaoine.

Admhaím go bhfuil an-chuid fadhbanna ag baint leis na meáin shóisialta, ach is le dearfacht, smaoineamh agus comhoibriú a leigheasfar na fadhbanna seo.

Le déanaí, tá an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, an Teachta Richard Bruton, tar éis tús a chur le plé ar Acht sábháilteachta ar an Idirlíon. Níl a fhios againn go díreach cad a bheidh san Acht seo ach tá coimisinéir sábháilteachta ar an Idirlíon le ceapadh. Deirtear go mbeidh cumhacht ag an gcoimisinéir iachall a chur ar chomhlachtaí meán sóisialta ábhar mí-oiriúnach a bhaint de na suíomhanna. Deirtear chomh maith go mbeidh an coimisinéir in ann fíneáil riaracháin a chur ar chomhlachtaí meán sóisialta gan a bheith ar an gcoimisinéir dul os comhair na cúirte. Braithim gur céim mhaith chun cinn é seo i leith sábháilteacht ar an Idirlíon. Mar a deir an seanfhocal: "Tús maith, leath na hoibre".

A dhaoine uaisle, mar bhaill den Oireachtas, beidh ról lárnach agaibh maidir leis an Acht seo, a gcuirfear faoina mbráid. Táim ag iarraidh agus ag impí orthu a chinntiú gur reachtaíocht fhiúntach a mbeidh ann agus go dtabharfaidh siad lántacaíocht do reachtaíocht a thabharfaidh níos mó cosanta do leanaí ar na meáin shóisialta. Cabhraigh linn, agus leis an óige agus le ceannairí an lae amáraigh. Cé nach bhfuil ionann inniu ach 20% den daonra, is 100% den todhchaí sinn. Tá tionchar ag tuairimí agus ag obair bhaill an Oireachtais ar ár dtodhchaí.

Gabhaim buíochas leis an Iníon Ní Chíosóig. Is é: "An Fheirmeoireacht agus an Timpeallacht" an t-ábhar deireanach. Rachaimid ar ais go dtí Gaelcholáiste Cheatharlach.

Ms Sive Ní Thuathail

Táim anseo chun an fheirmeoireacht agus an timpeallacht a phlé. Mar is eol do chách is í an fheirmeoireacht an gníomhaíocht leis an tionchar is mó ar ár dtimpeallacht sa tír seo. Bímid ag brath ar fheirmeoirí chun ár dtuath a chaomhnú agus a fhorbairt dúinn. Dá dtógfaimid Ceatharlach, mar shampla, is é an contae is arúla sa tír seo agus sáinnithe san earnáil fheirmeoireachta. Léirítear seo go soiléir sa chaoi go mbeidh an Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta 2019 ar siúl ann.

Tá cáil ar Pháirc na Darach i gCeatharlach as ucht an dul chun cinn agus taighde atá déanta ann le prátaí. Gach lá forbraíonn siad cineálacha prátaí éagsúla ar nós an rooster a d’ardaigh táirgiúlacht prátaí anseo in Éirinn go 55% ó 1991. Is í feirmeoireacht eallaigh mórchuid na feirmeoireachta atá againne in Éirinn, idir bheostoc agus déiríocht. Déantar 90% dár dtáirgí a easpórtáil fiú go dtí idir 30 milliún agus 40 milliún daoine mórthimpeall an domhain atá biata ar bhia Éireannach. Ní mór dúinn a bheith bródúil as ár dtír agus as ár bhfeirmeoirí.

Cuirtear ina leith go minic go bhfuil na feirmeoirí freagrach as fadhbanna timpeallachta na tíre seo. Táim tinn tuirseach de bheith ag éisteacht faoin méid meatáin a scaoileann ba is caoirigh. Níl aon réiteach ar an bhfadhb, áfach, seachas uimhreacha eallaigh a laghdú. Ní fhéadfadh ach éifeacht amháin a bheith air sin: is é sin laghdú ar tháirgeadh bia. Tá feirmeoirí tar éis dul chun cinn mór a dhéanamh, mar aon le forbairt, chun tacú le caomhnú na timpeallachta in Éirinn. Go minic, is trí leas teicneolaíochta a n-éiríonn leo é seo a bhaint amach. Féachaigí ar na meaisíní nua a úsáidtear le sciodar a scaipeadh. Cabhraíonn teicneolaíocht leo an sciodar a scaipeadh i slí níos éifeachtúla chun srian a chur ar sciodar a ritheann isteach i srutha agus chun astaíochtaí a laghdú.

Fadhb eile lena gcuirtear an milleán go héagórach ar na feirmeoirí ná dífhoraisiú thuath na hÉireann. In 1922 bhí thart ar 1% de Shaorstát Éireann faoi chlúdach foraoise. Anois ámh, a bhuíochas d'fheirmeoirí, tá thart ar 8% go 10% faoi chlúdach foraoise. Nach mór an fhorbairt í sin? Cabhraíonn sé seo linn an gás dé-ocsaíd charbóin a thiontú go hocsaigin, ag laghdú na hastaíochtaí dochracha san aer. Táim lánchinnte gur chuala gach mac máthar faoi reáchtáil sciodair, lotnaidicídí agus leasúcháin istigh in aibhneacha na tíre. I ndáiríre, thar na blianta, tá feabhas tagtha ar an bhfadhb toisc iarrachtaí feirmeoirí. Tá an dochar dár n-uiscebhealaí tar éis laghdú go suntasach go dtí an pointe nach í reáchtáil feirmeacha an fhadhb truailliú uisce is mó ach gur urscaoileadh múnlaigh anois is ea é.

I mo thuairim, tá formhór feirmeoirí Éireannacha ag déanamh a ndícheall aon bhaol timpeallachta os a gcomhair a laghdú. Tagann fadhbanna timpeallachta chun cinn i bhfeirmeacha na hÉireann toisc dhá chúis. Is é an chéad cheann ná brabúsacht lag na hearnála. Cuireann sé seo brú ar fheirmeoirí casadh i dtreo tionsclú chun a bheith iomaíoch, rud a tharla san earnáil muc is caorach. Gan a dhóthain infheistithe beidh ar fheirmeoirí tiontú ar dhianfheirmeoireacht, rud faoi deara an chosúlacht go mbeidh fadhbanna timpeallachta dá bharr. Méadóidh an dianfheirmeoireacht seo an méid gáis ceaptha teasa a scaoilfear san atmaisféar.

Is é an dara cúis is mó ná trádáil idirnáisiúnta. I dtíortha eile ní chuirtear na srianta timpeallachta céanna ar fheirmeoirí mar atá againn in Éirinn. Conas a bhféadfaimid iarraidh orthu dul in iomaíocht le tíortha inar féidir mairteoil a tháirgeadh ar phraghas níos ísle toisc an úsáid a bhaineann siad as hormóin fáis sna hainmhithe? Chun a chinntiú go bhfuil bia sláintiúil á tháirgeadh, ach bia inbhuanaithe freisin, ní mór dúinn tacú le táillí laghdaithe a thabhairt d’fheirmeoirí.

Is léir go bhfuil níos mó fiúntais ná dochair ónár bhfeirmeoirí i leith chaomhnú agus fhorbairt na timpeallachta. Ní gá ach breathnú ar iarrachtaí feirmeoirí chun pórtha dúchasacha a shábháil: pórtha ba ar nós an droiminn agus an bhó riabhaigh; nó fiú na héin chréiche atá fillte ar chladaigh na hÉireann ar nós an chlamháin nó an iolair mhara. I ndeireadh na dála, caithfidh mé a rá go bhfuil an fheirmeoireacht agus an timpeallacht ag brath ar a chéile. Caithfear buíochas agus aird a thabhairt ar iarrachtaí feirmeoirí na tíre seo ár dtimpeallacht a chaomhnú. Gan a n-iarrachtaí caillfimid ár dtuath nádúrtha dhúchasach don chéad ghlúin eile. Cinnte is glas iad na cnoic i bhfad uainn, ach nach álainn iad na cnoic ghlasa os ár gcomhair amach?

Míle buíochas as ucht éisteacht liom.

Gabhaim buíochas le hIníon Ní Thuathail. Bogfaimid ar aghaidh anois go dtí Iníon Cliodhna Ní Mhianáin ó Ghaelcholáiste Dhoire.

Ms Cliodhna Ní Mhianáin

A dhaoine uaisle, is mór an onóir dom bheith anseo inniu, le ceist fhíorthábhachtach a chur faoi bhráid an chomhchoiste. Is é sin an gaol idir an timpeallacht agus an fheirmeoireacht, go háirithe anseo in Éirinn, tír ina bhfuil an fheirmeoireacht chomh tábhachtach sin ó tháinig na chéad daoine ann.

Tá mise i mo chónaí i Sleacht Néill, ceantar beag tuaithe, le feirm de shaghas éigin ag beagnach gach teaghlach san áit. Níl orm ach m'fhuinneog a oscailt, go mbuaileann boladh breá na mbó mé. Má shiúlaim 30 slat síos an lána, feicim ba, caoirigh, capaill is cearca sna páirceanna thart timpeall orm. Is iomaí traenáil camógaíochta a cuireadh ar ceal i rith shéasúr bhreith na n-uan, nó maidin moch caite ag bleán na mbó amuigh sa scioból. Is iad seo cuimhní m'óige, agus ní thiocfadh liom mo shaol a shamhlú gan iad.

Tá a fhios agam nach bhfuil mé liom féin ach an oiread. Tá níos mó ná dhá thrian de mhuintir an oileáin ina gcónaí faoin tuath - figiúr suntasach i gcomparáid leis an mBreatain, mar shampla, áit nach bhfuil ach 2% den daonra ann sa chás céanna. Creid é nó ná creid, ach cuireann an earnáil seo níos mó ná €12 billiún leis an ngeilleagar agus fostaíonn sí 10% den daonra in Éirinn. Léiríonn sé seo an ríthábhacht atá leis an bhfeirmeoireacht sa tír seo.

Ar an drochuair, ní bhíonn gealán gan scamall. Tá beostoc freagrach as 33% de na gáis ceaptha teasa, rud is cúis le téamh domhanda. Tá sé seo níos mó ná carranna, eitleáin agus feithiclí eile san áireamh. In Éirinn, is táirgí mairteola agus déiríochta 70% den agraibhia a tháirgtear, ach tá iarmhairtí dochracha leis an earnáil áirithe sin. Easpórtáiltear ansin 90% den mhairteoil agus 85% den déiríocht thar sáile, ag cur arís leis an lorg carbóin. Tarraingítear leis seo an cheist: cé acu is tábhachtaí, leas na timpeallachta nó leas na bhfeirmeoirí?

Is cinnte gur cuid an-luachmhar de gheilleagar na tíre í an fheirmeoireacht. Tá sé iontach tábhachtach an tionscal dúchasach seo a chosaint agus a fhorbairt, ach caithfear an timpeallacht a chosaint fosta. Níor mhaith linn go mbeidh cothú ghlúin an lae inniu ag marú ghlúine an lae amáraigh.

Ar an lámh eile, áfach, cuireann an tAontas Eorpach, AE, deontais ón gClár um Fhorbairt Tuaithe ar fáil do phobail atá ag feidhmiú ar son na timpeallachta agus d'fheirmeacha atá ag feidhmiú go horgánach. Mar shampla, i mo cheantar féin, Carn Tóchair, tá feirm inmharthana pobail, tearmann dúlra agus seanchoill comhcheangailte i dtionscadal, a tharraingíonn aird ar an ngaol idir an timpeallacht agus an fheirmeoireacht. Trí mhaoiniú ón AE, tá daoine fostaithe ansin a dhíríonn ar an mbithéagsúlacht idir an dá ghnáthóg sin a fhorbairt.

I súile an ghníomhaí timpeallachta, is ábhar machnaimh é an Bhreatimeacht. Má chaithimid súil an fheirmeora ar an AE, áfach, feicimid gur tabhartas ó Dhia atá ann. D'achan €10 a shaothraíonn feirmeoir, íocann an AE as €8.70 de leis an Scéim Íocaíochta Aonair Feirme. An raibh a fhios ag an lucht éisteachta gan na deontais seo, ar an meán, go mbeadh ioncam an ghnáth-fheirmeora ar aon cheathrú d'ioncam an ghnáth-theaghlaigh eile? Gan an scéim seo, go bunúsach, bheadh ar na feirmeoirí a bpraghsanna a chur suas, d'imeodh na custaiméirí, bheadh siad gan ghnó, agus bheimid fágtha le hollfheirmeacha, go díreach cosúil le tíortha ar nós na Nua-Shéalainne.

Buntáiste eile a thagann leis an AE ná an Chomhbheartas Talmhaíochta, a chosnaíonn feirmeoirí agus an timpeallacht araon. Spreagann sé dea-chleachtas, monatóireacht, inmharthanacht na feirmeoireachta, agus go háirithe díríonn sé ar ard-chaighdeáin bia á iompórtáil agus a easpórtáil ón AE. Mar shampla, coisceann an AE sicín ó na Stáit Aontaithe a iompórtáil, mar gheall ar an dóigh a ghlantar le clóirín iad.

Sampla eile atá ann ná go bhfuil cosc orainn mairteoil a iompórtáil ó Mheiriceá Theas, óir is go bhfuil droch-chaighdeáin maireachtála ag na beithigh ansin.

Ach anois, le buama na Breatimeachta ar tí pléasctha, tá an-bhuaireamh go deo ar fheirmeoirí an Tuaiscirt go dtitfidh an tóin as na rialacha seo. Leis an dóigh a bhfuil an plé ag dul, tá an chuma air go dtarlóidh é seo. Bheadh impleachtaí uafásacha aige seo don earnáil talmhaíochta ar an dá thaobh den Teorainn mar go mbeadh gnáthfheirmeoirí in iomaíocht le hollfheirmeacha coimhthíocha a bheidh de phribhléid acu na praghsanna a ísliú. Cé gur rud tubaisteach é seo do mhuintir na hÉireann, síleann Rialtas na Breataine gur rud iontach í seo don phobal. Is í seo an áit a dtagann an dá cheist isteach: cé an rud is tábhachtaí anseo: praghas na dtáirgí nó slí beatha na bhfeirmeoirí?

A chairde, níl freagra simplí agamsa air seo, ná ag na polaiteoirí atá ag plé leis ó lá go lá, ach is cinnte go bhfuil roinnt céimeanna ar féidir linn uilig a ghlacadh le tacú leis an timpeallacht agus leis na feirmeoirí áitiúla. Ní mór dúinne, gnáthphobal na tíre, iarracht a dhéanamh níos lú feola a ithe agus í a cheannach go háitiuil, más féidir; caithfidh feirmeoirí aird níos fearr a thabhairt ar leas fadtéarmach na timpeallachta agus sa deireadh, is gá do na polaiteoirí, Thuaidh is Theas, cosaint chuí a thabhairt do gach páirtí.

“Is glas iad na cnoic i bhfad uainn”, a deir an seanfhocal, ach mura dtugaimid uilig, a chairde, cúram ceart don timpeallacht, ní glas ach liath a bheidh le feiceáil againn amach anseo.

Gabhaim buíochas leis an Iníon Ní Mhianain. Rachaimid ar ais go dtí Coláiste Íde anois agus an cainteoir Inion Caitlin Ní Ainiféin.

Ms Caitlin Ní Ainiféin

A chairde Gaeil, is breá liomsa an deis seo a thapú chun machnamh agus plé a dhéanamh ar an ábhar ríthábhachtach seo: "An Fheirmeoireacht agus an Timpeallacht". Is iníon feirmeora as Corca Dhuibhne mé agus tá spéis ar leith agam i gcúrsaí timpeallachta.

In ainneoin an dul chun cinn tionsclaíochta atá déanta againn le blianta beaga anuas is tír thalmhaíochta í Éire fós. Tá tír thorthúil, shaibhir againn agus ní fheadar éinne na féidearthachtaí atá ar ár gcumas maidir le crainn agus glasraí a fhás.

Anois, admhaím go bhfuil modhanna áirithe feirmeoireachta ag cur isteach ar an timpeallacht ach teastaíonn uaim cothrom na Féinne a thabhairt d’fheirmeoirí díograiseacha na hÉireann ar nós mo dhaid, a oibríonn go crua seacht lá na seachtaine.

Ciallaíonn an timpeallacht gach gné den saol timpeall orainn: an t-aer, an t-uisce, an talamh, an dúlra, ainmhithe agus daoine. Téarma eile don timpeallacht ná an comhshaol, a chiallaíonn go bhfuilimid go léir ag maireachtáil ar scáth a chéile agus ar scáth an dúlra. Tá tionchar ag an bhfeirmeoireacht ar an timpeallacht ach ní gá gur droch-thionchar atá i gceist. Tá buntáistí faoi leith ag feirmeoirí na hÉireann agus creid é nó ná creid is ar an aimsir atá mé ag caint. Cruthaíonn an aeráid measartha atá againn dea-choinníollacha chun féar a fhás agus dá bhrí sin bíonn ba na hÉireann ar a shuaimhneas ag iníor sa pháirc ghlas amuigh faoin aer, rud nach amhlaidh dos na ba san Eoraip. Bíonn aiste bia den scoth ag ba na hÉireann agus tugtar togha na haire dóibh. Is de bharr na buntáistí nádúrtha seo go bhfuil clú, cáil agus ardmheas ar fheoil agus ar tháirgí déiríochta na hÉireann ar fud an domhan. Táim an-mhórálach as seo agus níor mhaith liom dá gcuirfeadh aon dlí nó riail isteach air. Tuigeann go leor, leor feirmeoirí tábhacht na timpeallachta agus tugann siad aire don talamh agus don uisce dá réir. Tá roinnt feirmeoirí páirteach i scéim dearfach, an scéim green low carbon agri-environment, GLAS, a bunaíodh i mí Feabhra 2015. Tá an scéim á chomh-mhaoiniú ag an Aontas Eorpach. Tá sé mar fheidhm ag GLAS timpeallacht na tuaithe a fheabhsú tríd an uisce a choimeád glan, gnáthóga nádúrtha a chaomhnú, agus an t-athrú aeráide a mhoilliú. Tá sé mar sprioc ag GLAS 50,000 feirmeoir a bheith páirteach sa scéim faoi 2020.

Ach é sin ráite tá fadhb an téimh dhomhanda le sárú ag an gcine daonna inniu. Ceaptar gurb é an meatán is cúis le 25% de théamh domhanda agus go dtagann 7% de sin ó na ba. Chuala an coiste i gceart mé. Ní thagann ach 7% de ó na ba cé go gceapfadh duine ó na meáin gurb iad na ba is cúis le formhór de. Cad faoin 93% eile?

Tá dea-scéala ann maidir le crainn. Tá 312 milliún tonna d’ocsaíd carbóin stóráilte i bhforaoiseacha na hÉireann. Cuirtear 3.6 milliún tonna leis gach bliain. Tógann na crainn de-ocsáid carbóin as an aer agus cuireann siad ocsaigin ina áit. An teachtaireacht atá anseo dúinn ná gur féidir leis na crainn feabhas mór a chur ar an scéal, go háirithe ós rud é go bhfásann crainn dhá oiread níos tapúla in Éirinn ná mar a dhéanann sna críocha Lochlannacha. Mar sin, is féidir fadhb an charbóin a fheabhsú trí fhorbairt a dhéanamh ar an bhforaoiseacht. Tá an fheirmeoireacht go mór i mbaol. Tá a leithéid de rud ann anois is veganuary. I Mí Eanáir athraíonn daoine a n-aiste bia feola go aiste bia veigeán ar mhaithe lena sláinte agus ar mhaithe leis an timpeallacht. D’ardaigh an díolachán ar tháirgí bunaithe ar phlandaí i mí Eanáir na bliana seo 40% i gcomparáid le mí Eanáir na bliana seo caite. N’fheadar an bhféachann daoine, ár dTaoiseach san áireamh, ar an lipéad cúraim atá ar na táirgí seo, mar cinnte, dá bhféachfadh, chífidís go bhfuil na céadta mílte taistil déanta ag a bhformhór agus nach aon chabhair é sin don timpeallacht.

A chairde Gael, tríd is tríd tá dóchas agam go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí timpeallachta, mar aithníonn níos mó agus níos mó daoine go bhfuil ár ndomhan i mbaol. Ach caithfear ról tábhachtach an fheirmeora a aithint agus a thacú nó teipfidh glan ar an ndúlra. Mar a deir an seanfhocal: "Ón mbonn aníos a thiocfaidh athrú."

Glaoim an cainteoir deireanach. An t-ábhar atá faoi chaibidil againn ná an fheirmeoireacht agus an timpeallacht.

Mr. Pádraig Ó hAiniféin

A Theachtaí Dála, a Sheanadóirí, a lucht éisteachta agus a chomhscoláirí, is mise Pádraig Ó hAiniféin ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne agus táim chun labhairt ar an bhfeirmeoireacht agus ar an timpeallacht. Tá an t-ádh linne sa tír seo, ach go háirithe san iarthar, go bhfuil feirmeoirí beaga le tuiscint ar an ndúthaigh atá ag gabháil don talamh. Is daoine iad seo go bhfuil muintir leo ag tindeáil do na páirceanna céanna leis na glúinte agus is maith sin mar is treise dúchas ná oiliúint, mar a deir an seanfhocal. Tá mo mhuintir ar an bhfeirm s'againne i Lios Deargáin ó a bhí an Gorta Mór ann. Táimid fréamha sa talamh sin ach an oiread le feirmeoirí eile Chorca Dhuibhne.

Tá an fheirmeoireacht, an timpeallacht agus cultúr na tíre seo fite fuaite lena chéile. Má tá Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-Oileán dáiríre faoina chúram, ní mór tacú le feirmeoirí beaga na tíre seo mar is acu atá canúint, an tuiscint ar an gceantar agus an meas ar an ndúthaigh. Is a bhuíochas le feirmeoirí Chorca Dhuibhne go bhfuil na galláin, na liosanna agus na seanchillíní fós le feiceáil ann agus is ag na feirmeoirí beaga atá scéalta na háiteanna sin agus ainmneacha na ngort. Is feirmeoirí páirtaimseartha go leor de na daoine atá gafa sna feirme sin. Tá feirmeoirí mairteola na tíre seo faoi bhrú le han-tamall agus puinn ioncam á fháil a dtuilleamh acu as a gcúram. Deirtear gur murach na fóirdheontais, go mbeadh caillteanas i gceist do go leor acu. Tá an fearg agus an míshásamh le feiceáil i bhfeirmeoirí anois agus tá an gluaiseacht beef plan tosaithe chun troid ar a son. Teastaíonn uathu praghsanna dearbha dá gcuid tairgí a fháil, rud nach bhfuil acu faoi láthair.

Is ar mhaithe leis an timpeallacht atá feirmeoirí. Bhí cad é fuadar agus fotha imní faoi fheirmeoirí na leithinse i ndeireadh Feabhra agus iad ag tabhairt faoi na cnoic agus na portacha le lasáin. Cleachtadh é seo a chabhraíonn leis an talamh. Dhóigh na feirmeoirí an t-aiteann uair le haghaidh gach seachtú bliain chun athnuachan a dhéanamh ar na cnoic. Faoi mar atá ráite agam cheana, tá an t-ádh dearg linne sa tír seo go bhfuil an fheirmeoireacht chomh nádúrtha sin. Maireann na ba anseo amuigh sna páirceanna agus ní tugtar dóibh ach dáileoige chun iad a chosaint ó ghalair. Cuir ár gcásanna i gcomparáid le cás Meiriceá, áit ina bhfaigheann 95% de bha hormón a chúisíonn fás, rud atá neamhdhleathach anseo agus ar fud na hEorpa. Chomh maith leis sin, is é an innilt nialais nó zero grazing atá rian ansin thall, rud a chiallaíonn nach mbíonn na ba ag iníor riamh agus is minic go dtugann siad an bhliain ar fad istigh faoi dhian.

Féach ar na caoirigh chomh maith. Tá caoirigh ag an múinteoir ónár scoil amuigh ar an mBlascaod chun an talamh a choimeád beo. Murach na caoirigh sin, bheadh an iomarca féar, rud a mharóidh bláthanna agus fauna eile an oileáin. Is amhlaidh a tharla sa Bhoireann i gContae an Chláir tamall de bhlianta ó shin nuair nach ligeadh do na ba an geimhreadh a thabhairt ag iníor sa Bhoireann. Dúradh gur ar mhaithe leis na bláthanna speisialta a bhí siad ag déanamh seo ach is beagnach go bhfuair na bláthanna ar fad bás mar gheall ar an bhféar ar fad a bhí ag fás agus gan aon stop leis.

Deirtear go bhfuil an taoide ag casadh ó thaobh meon i leith na haeráide. Is cinnte go gcaithfimid sa tír seo go leor dul chun cinn a dhéanamh i dtaobh athrú aeráide. Léigh mé alt an-suimiúil ar tuairisc.ie le déanaí faoin bhfeiniméin síceolaíochta nua atá forleathan anois ar fud na hEorpa. Vliegschaamte nó náire aerthaistil a ghlaonn siad air san Ísiltír. Chuir an t-údar, Alex Hijmans, síos ar an tslí gur dhiúltaigh clann deirfiúr leis imeacht ar saoire go Vienna dá rachaidís ar eitleán toisc an díobháil a dhéanann sé don timpeallacht. Bheartaigh siad tabhairt faoin turas 14 uair a chloig ar an traein ar mhaithe leis an domhan. Níor chuala mé ríomh aon chaint sa tír seo ag an bhfeirmeoir, ag an múinteoir nó ag an Teachta Dála fiú ar thionchar na n-eitleán ach ní eitleáin amháin a bhíonn ag déanamh díobháil don timpeallacht. Tá cur amach againn ar fad ar an ndochar a dhéanann carr le taca díosail agus peitreal ach tá cúrsaí ag feabhsú. Déanfaidh níos mó carr le taca leictreachais in Eanáir agus Feabhra na bliana seo ná mar a díoladh in 2018 ar fad. Má is ea, is fada uainn fós sampla na hIorua, áit in ar charr le taca leictreachais iad 49% de na carr taca nua a díoladh anuraidh ann. Ardaíonn sin ceist eile. Conas a dhéantar leictreachais na tíre seo? Is ó thuirbíní gaotha a thagann beagnach ceathrú dár gcuid leictreachais ach cad faoin 75% eile? Molaim don gcoiste cuairt a thabhairt ar Chorca Dhuibhne an chéad geimhreadh eile chun na gálaí gaoithe, na tonnta móra agus an aimsir dhian a fheiceáil. Is ansin a thuigfidh baill an choiste cumas na tíre seo i dtaobh fuinneamh inathnuaite.

Beidh an dualgas ar an Teachta Aindrias Moynihan é sin a réiteach. Gabhaim míle buíochas do na finnéithe. Tá a lán machnamh as an méid atá ráite acu. Beidh ceisteanna anois ó na Teachtaí Dála agus ón Seanadóir. Ba mhaith liom a chur in iúl go bhfuilimid thar a bheith sásta go bhfuil ceithre coláiste os ár gcomhair ag úsáid na Gaeilge go nádúrtha, gan í a bheith imeallaithe. De ghnáth bíonn sé deacair sa choiste seo. Tagann finnéithe os ár gcomhair le Béarla agus bíonn sé deacair. Tá sé go hiontach an Ghaeilge a chloisteáil agus an éagsúlacht ó thaobh ábhair de atá i gceist ar nós: Éire, an Bhreatain Mhór agus an Eoraip; na meáin shóisialta mar bheannacht nó mar mhallacht - tiocfaidh muid ar ais chuige sin; agus an fheirmeoireacht agus an timpeallacht.

Tá caighdeán na díospóireachta agus caighdeán na Gaeilge ar fheabhas agus tugann sé ardú meanman dúinn ar an gcoiste é sin a chloisteáil ó dhaoine óga. Tá sé soiléir go bhfuil dianmhachnamh déanta ag na finnéithe agus go bhfuil an t-uafás oibre curtha isteach acu agus ag na múinteoirí agus na príomhoidí atá anseo.

Tá dhá cheist agam. Tá ceann amháin faoin ábhar a bhí na finnéithe á phlé, is é sin na meáin shóisialta agus na meáin nua. Níl a fhios agam fós an mallacht orainn iad mar dhomhan. Is mallacht ormsa iad mar tá an iomarca bealaí ag daoine dul i dteagmháil liom anois agus ní bhíonn a fhios agam cad as atá na teachtaireachtaí ag teacht. Nuair a toghadh mise ar dtús báire, bhí dhá bhealach ann, an fón nó an clúdach litreach. Ansin thosaigh na ríomhphoist ag teacht isteach agus anois tá gach uile bhealach eile ann chomh maith so uaireanta bím caillte ag lorg suíomh na ceiste nó an chaidrimh. An gceapann na finnéithe go bhfuil an iomarca caidreamh ar siúl idir dhaoine anois? Feicim go minic go mbíonn daoine ag plé cúrsaí nach ndearna siad plé orthu roimhe. Feictear grianghraif den dinnéar agus bíonn plé air sin agus 30 nó 40 freagra ar ais ó chairde. Ní hé go bhfuil mé ag iarraidh stop a chur leis sin ach uaireanta ní gá plé a dhéanamh ar gach rud agus go minic is sórt distraction atá ann sna meáin shóisialta seachas a bheith ag luí isteach ar rud atá foirfe nó a bhfuil buntáiste le baint as.

Baineann an cheist eile leis an ábhar deireanach a bhí na finnéithe á phlé faoin timpeallacht. D'ardaigh beirt de na finnéithe ceist na foraoise. Tá ceist mhór ann agus tá caint á dhéanamh anseo uirthi faoi láthair mar tá coiste atá ag plé leis an timpeallacht agus leis an athrú aeráide chun tuarascáil a fhoilsiú an tseachtain seo. Tá a fhios agam go raibh an coiste ag díriú isteach ar an sórt foraoiseachta ar chóir go mbeadh sa tír seo agus go bhfuil dochar á dhéanamh le roinnt de na crainn atáimid ag cur anois. Sílimid gur buntáiste é a bheith ag díriú isteach ar an dair agus a leithéid ach tá na rachmasaithe ag iarraidh pines, spruces agus a leithéid a chur mar fásann siad níos tapúla agus bíonn airgead ag teacht ar ais uaidh whereas ní bhíonn na cinn eile ar nós an dair fásta inár n-aois. Bíonn siad ann don chéad ghlúin eile go minic. Níl a fhios agam an mbeidh aon duine in ann díriú isteach air sin.

Athróidh mé na rialacha beagáinín mar tá a fhios agam go bhfuil baill faoi bhrú. De ghnáth tógaim ceist agus ligim do na finnéithe an cheist a fhreagairt ach b'fhéidir go dtógfaimid na ceisteanna uilig go neamhfhoirmeálta.

Bhí gach cur i láthair ar fheabhas. Molaim na finnéithe, gabhaim comhghairdeas leo agus faoi mar a dúirt an Cathaoirleach, bhí an caighdeán Gaeilge go binn álainn agus fuair mé a lán sult as a bheith ag suí anseo ag caitheamh ama taobh amuigh den Seanad ag éisteacht le polaitíocht fiúntach ach ní dhéarfainn é sin taobh istigh den Seanad.

Thug mé pointe eile faoi dheara. Anuraidh rinneamar ceiliúradh ollmhór istigh anseo ar chéad bhliain ó fuair roinnt de na mná anseo in Éirinn vóta. Ní bhfuair siad ar fad é ach fuair roinnt mhaith acu é. Ní minic a bhíonn mná ina tromlach sna seomraí coiste seo so tá sé iontach maith é sin a aithint agus tá sé sin tábhachtach fosta ag dul chun tosaigh. Molaim na finnéithe as sin.

Tagraím do na meáin shóisialta. Caidé barúil na bhfinnéithe faoi cad gur féidir le polaiteoirí agus Baill den Oireachtas a dhéanamh chun feabhas a chur leis na meáin shóisialta atá acu féin, taobh amuigh de ghrianghraif a ghlacadh de dhinnéar mar a luaigh an Teachta Ó Snodaigh? San áit seo, sílim go bhfuil na meáin shóisialta atá curtha ar fáil ag Tithe an Oireachtas iontach chun tosaigh ar institiúidí eile maidir leis an idirghníomhú atá siad ag déanamh leis an bpobal. Níl a fhios agam an mbaineann sin leis na finnéithe féin. An ndearna na finnéithe staidéar ar bith ar meáin shóisialta Thithe an Oireachtais? An féidir smaoineamh ar chúrsaí difriúla go bhféadfadh muid a dhéanamh chun dul i ngníomh ar dhaoine óga?

Luaigh an tUasal Nic Ruaidhrí ceist na cearta teanga ó Thuaidh agus an tubaiste atá ag teacht aniar aduaidh orainn ón mBreatimeacht a bhí á plé againn. Mothaíonn sé cosúil le achan lá eile atáimid ag déanamh plé ar an mBreatimeacht. Tá an t-Ollbhille ag dul tríd an Seanad faoi láthair. An féidir leis na finnéithe cur leis an mothúcháin atá sna Sé Contae faoin bhagairt atá ag teacht mar gheall ar an mBreatimeacht agus an easpa cearta agus reachtaíochta atá ar fáil sna 26 Contae nach bhfuil againne ó Thuaidh i dtaca le cearta na nGael, comhionannais pósta, cearta na mban agus a leithéid? An féidir leis na finnéithe cur leis an méid sin mar bhí mo chroí istigh sa mhéid a bhí le rá i dtaca leis sin agus tá sé iontach speisialta dúinn glórtha ó na Sé Contae a chloisteáil anseo mar bím cineál uaigneach istigh anseo liom féin. Tá sé ar fheabhas na finnéithe ó Ghaelcholáiste Dhoire a fheiceáil agus iad a chloisteáil fosta.

Gabhaim buíochas do na finnéithe go léir as an gcur i láthair. Tá an-chuid ann agus táim an-bhuíoch. Tá brón orm nach raibh mé in ann éisteacht le gach uile fhinné. Bhí mé amach ag iarraidh cúpla ceist a chur sa Dáil ag an am céanna ach bhí mé ag faire ar an scáileán. Ní raibh an méid sin eolas agam ar na prátaí i gCeatharlach so gabhaim buíochas as an eolas.

Tá cúpla ábhar gur mhaith liom a phlé leis na finnéithe. Aontaím go huile agus go hiomlán leis an Uasal Ó hAiniféin mar gheall ar an tslí go bhfuil dlúthcheangal idir an teanga, an cultúr, an fheirmeoireacht agus an timpeallacht. Feictear é sna logainmneacha, in ainmneacha na bpáirceanna, san eolas áitiúil agus sna nathanna cainte chomh maith. Nuair a athraíonn úsáid na páirce nó nuair a athraíonn an fheirmeoireacht, b'fhéidir go gcaillfí an t-eolas sin. Tá feirmeoireacht ag athrú ar feadh an ama mar rugadh agus tógadh mise ar fheirm agus bhí mise ag crú ba agus bhí caora againn chomh maith. Níl éinne mórthimpeall orainn anois ag gabháil don réimse sin agus aon duine a bhfuil ba acu tá siad tar éis éirí i bhfad níos mó. Tá athrú ag teacht i gcónaí ar fheirmeoireacht. Mar sin, ba mhaith liom tuairimí na bhfinnéithe a chloisteáil ar athruithe amach anseo. Luadh an fhoraoiseacht agus an fuinneamh inathnuaite agus go mbeidh muid ábalta díriú ar an ngaoth agus mar sin de. An bhfuil athruithe eile a fheiceann na finnéithe go bhféadfaí tairbhe a bhaint astu amach anseo le feirmeoireacht? Mar shampla, an bhféadfaí feirmeoireacht a dhéanamh sna cathracha ionas gur féidir plandaí nó feithidí á fhás i multistorey greenhouses chun bia a sholáthar i gcomhair muintir na gcathracha? An mbeidh an fheirmeoireacht i gcónaí ag soláthar bia tríd ainmhithe agus na barra atá againn faoi láthair? An bunchúis le feirmeoireacht i gcónaí ná bia mar sin b'fhéidir go mbeidh athrú ar an mbia. An bhfeiceann na finnéithe athrú ar an bhfeirmeoireacht amach anseo? Is cinnte go bhfuil an deis ann leis an bhfuinneamh ach an bhfuil sé ann ó thaobh bia de?

Ba chóir don dream sa Bhreatain Mhór, lucht Westminster san áireamh, éisteacht leis na finnéithe mar bhí siad thar barr agus bhí pointí iontacha acu.

Táim cinnte go bhfuil an ceart ag na finnéithe mar gheall ar an tslí gur labhair siad mar gheall ar an mBreatimeacht.

Tagraím do na meáin shóisialta. Bhí samplaí iontacha den tslí go bhfuil daoine ag baint úsáid maith as agus go bhfuil daoine eile ann, b'fhéidir ó thaobh fake news, ag baint éifeacht dhifriúil as. Níor luaigh ach aon duine amháin an t-am a chaitheann daoine leis na meáin shóisialta. Ní ceist ábhair atá ann ach an tslí go bhfuil na meáin shóisialta in iomaíocht le gach rud eile sa bhaile, an tslí a thógann sé ama ó theaghlach, ó chairde, ó cheol, ó dhrámaíocht nó ó chúrsaí eile mórthimpeall. Bheadh suim agam má tá tuairimí ag na finnéithe air sin chomh maith.

Ligfidh mé do na finnéithe. Ceist na foraoise an chéad cheist a tháinig suas ach is féidir leis na finnéithe déileáil le haon cheist.

Ms Sadhbha Nic Ruaidhrí

Tagraím do chearta teanga sna Sé Contae. Mar is eol don gcoiste, níl Acht na Gaeilge againn go fóill mar gheall ar pháirtithe ar leith. Tá Acht na Gaeilge iontach tábhachtach domsa mar Ghaeilgeoir óg mar tá mise ag iarraidh mo shaol a bheith agam i nGaeilge agus tá mé ag iarraidh í a labhairt achan lá i mo shaol sóisialta, mo shaol oibre agus mo shaol pearsanta. Leis an mBreatimeacht ag teacht anuas agus gan Acht na Gaeilge againn, bheadh eagla orm nach mbeidh na cearta céanna agam mo shaol a chaitheamh ag labhairt mo theanga dhúchais agus atá ag Béarlóirí. Tá feachtas an Dreama Dheirg sna Sé Contae agus tá sé iontach láidir. Téann sé i bhfeidhm orm agus ar mo chairde i mo phobal i gCarn Tóchair go mór. D'fhreastail muid ar roinnt mórshiúlta a eagraíodh le cúpla bliain anuas. Maidir leis an aos óg agus daoine atá ar chomhaois liomsa, mothaím go bhfuil an meon s'againne ag athrú maidir le hAcht na Gaeilge agus go bhfuilimid sásta troid agus plé le polaiteoirí faoi chun an Acht a bhaint amach agus cearta teanga a bheith againn dúinn féin.

Mr. Setanta Ó Gribín

Ba mhaith liom céad cheist an Teachta Ó Snodaigh a fhreagairt nuair a dúirt sé go bhfuil na meáin shóisialta mar mhallacht dó. Smaoinigh faoi mar seo, i gcás duine a bheith i bponc agus gan reception ar bith ar an nguthán. Blianta ó shin bhíodh ar dhuine rith síos an bóthar chun teacht ar dhuine éigin ach anois smaoinigh faoi má tá 4G ag duine, is féidir texts a chur tríd WhatsApp, Facebook Messenger agus rudaí mar sin. Tá sé i bhfad níos fusa an guthán a thógáil áit ar bith agus téacs amháin a chur.

Ms Fía Ní Chíosóig

Tagraím don cheist dheireanach a bhí ag an Teachta Aindrias Moynihan. Cé go gceapaim gur beannacht amach is amach iad na meáin shóisialta, má bhaintear an iomarca úsáid astu, cosúil le haon rud eile, ní dea-rud a bhíonn ann i gcónaí ach tá tuismitheoirí go huile is go hiomlán freagrach as sin. Caithfear tuismitheoirí nua a chur ar an eolas maidir le dainséir na meáin shóisialta agus a rá leo gan an iomarca ama a thabhairt dá leanaí ar na meáin shóisialta mar déanann sé dochar má bhaintear an iomarca úsáid astu. Níor cheart do na tuismitheoirí an méid sin ama a thabhairt do no leanaí ar na meáin shóisialta.

Mr. Pádraig Ó hAiniféin

Cé nár labhair mé faoi na meáin shóisialta, caithfidh mé aontú leis an Teachta Aindrias Moynihan ó thaobh ama de. Definitely tá go leor ama á leá ag daoine ar na meáin shóisialta. Fiú agamsa tá Snapchat, Instagram agus WhatsApp. Thug mé faoi deara le déanaí go bhfuil rudaí sna settings chun féachaint ar an méid ama atá caite ag duine ar Instagram. Ní bheinn ag smaoineamh gur duine mise a bheadh taobh thiar den bhfón ach fiú bhí 25 nó 30 nóiméad le haghaidh an lá caite. Chuirfeadh sé scanradh ar dhuine. Caithfidh mé aontú leis an Teachta-----

Sleamhnaíonn an t-am.

(Interruptions).

Mr. Pádraig Ó hAiniféin

Is é Snapchat a scanróinn. Ar ais go dtí an bhfeirmeoireacht, tá sé ag athrú go mór le déanaí ó fuarthas réidh leis na quotas. Tá na dairy herds ag éirí níos mó agus chomh maith, ó thaobh bia de, ba cheart níos mó fócas a chur ar bhia a fhásann anseo timpeall. Fiú dá rachfá go dtí supermarket éigin istigh sa Daingean, tá bia ón Spáinn agus ón Ísiltír. Faoi mar a luaigh an tUasal Ní Ainiféin ó thaobh na air miles, tá bia ó New Zealand, ón Aifric Theas agus ó gach aon áit. Bheadh sé go diail dá mbeimís in ann díriú níos mó ar bhia a fhásann anseo in Éirinn. Chonaic mé rud an-shuimiúil le déanaí faoi biogas, rud nach bhfuil mórán cur amach agam air ach b'fhéidir gur úsáid suimiúil a bheadh ann ó thaobh fuinneamh inathnuaite chun an féar a úsáid mura mbeadh suim ag daoine ainmhithe a choimeád.

An dóigh leis an Uasal Ó hAiniféin go bhfuil sé ar ár gcumas go leor bia a fhás dúinn féin? I gcás an farmers' markets atá ar fáil in a lán áiteanna, níl bhíonn siad ann ach ar chuid den bhliain agus tá réimse cúng i gcomparáid le Tesco agus na air miles. An mbeidh muid ábalta dóthain bia a sholáthar i gcomhair ár bpobal gan na air miles sin nó ar chóir dúinn a bheith ag féachaint ar bhia difriúil? An bhfuil tuairimí ag na finnéithe air sin?

Mr. Pádraig Ó hAiniféin

Ní fhéadfaimis gach uile rud a fhás gan dabht. Má táimid ag caint ar thorthaí áirithe ar nós kiwis agus rudaí mar sin, ní fhéadfaimis é sin a fhás mórthimpeall ach ó thaobh prátaí, carrots agus onions de, níl aon leithscéal gan a bheith ag déanamh iarracht de shaghas éigin iad a fhás anseo timpeall, especially toisc gur oiléan muid agus nár cheart dúinn bheith ag brath ar gach aon rud a bheith ag teacht isteach. Gan dabht, níl sé indéanta go mbeadh muid in ann gach uile a rud a fhás ach b'fhéidir go bhféadfaimís níos mó iarracht a dhéanamh. Tá daoine ann nach mbeadh an oiread sin luí acu leis an bhfeirmeoireacht agus an talamh acu agus suim acu rud éigin a chur ann agus b'fhéidir go roghnóinn glasraí agus torthaí a fhás ann.

Maidir leis an gcur i láthair faoin Bhreatimeacht, táimid ag plé i gcónaí leis na mórcheisteanna polaitiúla agus cuid den am mar gheall go bhfuil sé ag athrú chomh tapaidh sin níl a fhios againn cad iad na hábhair go bhfuilimid ag plé leo an t-am ar fad ach bheadh spéis agam a chloisteáil barúil na bhfinnéithe ar cén dóigh a rachaidh an Breatimeacht i bhfeidhm ar na finnéithe go pearsanta. An bhfuil siad buartha faoi sin? An bhfuil imní orthu faoi sin? Cén dóigh a síleann na finnéithe go rachaidh sé i bhfeidhm go pearsanta orthu féin? Tá a fhios agam gur ceist leathan é sin do mhuintir Ghaelcholáiste Dhoire ach bheadh spéis agam a chloisteáil ó na scoileanna eile freisin.

Nílimid ag iarraidh brú a chur ar éinne. Más mian leis na finnéithe is féidir leo teacht isteach.

Mr. Naoise Mac Gearailt

Mar dhuine le feirm mairteola ag an mbaile, táimid ag cur timpeall 50% den fheoil go dtí an Bhreatain Mhór agus tá imní orm má chuirtear cáin air agus má scaoiltear leis an mBreatain Mhór a bheith ag tabhairt mairteola isteach ón Meiriceá Theas nó Meiriceá nó áiteanna le rialacha níos lú agus costas níos lú. Tá an scéim mairteola ag titim faoi láthair pé scéal é. Tá an t-airgead ag imeacht. Tá an t-airgead ar fad i gcúrsaí bainne agus má tharlaíonn an Breatimeacht, beidh níos mó damáiste fós á dhéanamh don fheirmeoireacht mairteola agus ní bheadh fhios agam an mbeadh an fheirm ag an mbaile ábalta coiméad ag imeacht leis na hathruithe sin.

Luaigh na finnéithe ról an pholaiteora. An bhfuil siad in ann tuilleadh sonraí a thabhairt maidir leis sin? Cén ról a fheiceann siad a bhfuil ag polaiteoirí? An cheart reachtaíocht a thabhairt isteach maidir leis na meáin shóisialta? An é atá i gceist ná níos mó smacht a bheith ann?

Ms Fía Ní Chíosóig

Tá smacht de dhíth. Tá an-chuid cúrsaí atá ag déanamh dochar do leanaí agus do dhaoine óga agus caithfear iad sin a leigheas. Is iad na polaiteoirí atá ag déanamh ionadaíocht orainne. Ní féidir linn mórán a dhéanamh mar dhaoine óga.

Tá an t-uafás déanta agaibh inniu.

Ms Fía Ní Chíosóig

Is iad na polaiteoirí atá ag déanamh ionadaíochta orainne agus ní theastaíonn uaim ach a rá leo cabhair a thabhairt.

Tá srian sa tSín ar an Idirlíon agus ar na meáin. Cén saghas srianta a bhraitheann na finnéithe gur chóir go mbeadh ann? An srian ama é nó srian ar an saghas rud go bhféadfadh duine a rá nó a chur ar na meáin shóisialta? Cé a bheadh ag faire air sin? An mbeadh duine éigin ón taobh amuigh ag tomhas úsáid dhuine? An duine éigin áitiúil é gur chóir a bheadh ag déanamh monatóireachta nó údarás in áit éigin a bheadh ag déanamh meas ar úsáid na meán sóisialta? Cad a bhraitheann na finnéithe faoi sin?

Ms Fía Ní Chíosóig

Faoi mar a dúirt mé cheana, tá coimisinéir le ceapadh agus ní bheadh ansin ach duine amháin ach tá srianta ann san Astráil agus tá an-feabhas tagtha ar an scéal agus tá an-chuid rialú á dhéanamh anois agus níl ach duine amháin á dhéanamh. Dúirt mé cheana chomh maith nach bhfuil a fhios againn go díreach cad a bheidh san Acht seo. Early days atá ann mar a deirtear ach beidh a fhios againn go luath agus tá gach dóchas agam go leigheasfaidh sé na fadhbanna seo atá againn agus go mbeidh na meáin shóisialta mar áit shábháilte arís dúinn.

Tá mise i mo bhall den Comhchoiste um Dhlí agus Ceart agus Comhionannas agus tá Bille ag comhghleacaí de mo chuid, an Teachta Ó Laoghaire as Corcaigh, chun post a chruthú fá choinne coimisinéir shábháilteachta digitigh le go mbeadh an coimisinéir sin ag breathnú ar leithéidí Facebook agus iad siúd a chuireann na meáin shóisialta ar fáil sa Stát seo ionas go mbeadh ról acu cineál eolas a thógáil i measc an phobail ar shábháilteacht, ar a bheith níos tuisceanaí faoi na meáin shóisialta agus a leithéid, tríd fógraí nó a bheith ag idirghníomhú linne nó sna scoileanna nó cibé rud. An moladh fiúntach maith sin nó caidé meas na bhfinnéithe faoi sin?

Ms Éabha Ní Neachtain

Mar gheall ar conas srian a chur ar an méid ama a chaitear ar an idirlíon, caithfear glacadh leis na meáin shóisialta mar pháirt den ghnáthshaol anois mar tá sé páirteach i saol na baill, inár shaol agus i saol leanaí agus ní féidir stop a chur leis faoin dtráth seo cé go gceapann móramh na ndaoine gur mallacht é. An tslí is fiúntaí ná an t-oideachas a chur ar na leanaí sa bhunscoil trí workshops agus a leithéid. Caithfear é a bheith ar chumas na leanaí srian a chur orthu féin mar gheall ar an am a chaitheann siad ar an idirlíon. Ag deireadh an lae, caithfidh siad é sin a thuiscint agus is tríd an oideachas sa bhunscoil nuair atá siad óg fós an tslí is fearr chun é sin a chur i bhfeidhm.

Cad faoi na déagóirí?

Ms Cliodhna Ní Mhianáin

Bhí mé chun an rud céanna a rá. An t-oideachas an rud is mó mar níl sé réalaíoch go dtiocfaidh deireadh le Snapchat, Instagram agus na rudaí sin uilig. Táimid ró-thugtha leo cheana féin. Ar dtús, caithfear oideachas a thabhairt ó aos óg, ní hamháin oideachas a thabhairt do na páistí ach do na tuismitheoirí fosta mar feicim páistí ag teacht amach as an bhunscoil agus gutháin phóca acu. D'fhéadfadh siad teacht ar cibé rud ar líne agus níl na tuismitheoirí eolach air sin agus mar sin níl siad ag coinneáil súil ar na rudaí gur féidir leo a fheiceáil. Caithfear oideachas a chur ar thuismitheoirí. Níl a fhios agam conas gur féidir é a dhéanamh ach caithfear dlí nó bealach éigin a fháil le cinntiú go bhfuil páistí ar an aois ceart. Mar shampla, ar Facebook caithfidh duine a bheith 13 bliana d'aois ach is féidir le páiste ar bith, is cuma cén aois atá acu, logáil isteach agus a rá go bhfuil siad 20 bliana d'aois agus níl rud ar bith ag cur bac orthu teacht ar rudaí nach bhfuil fóirsteanach dóibh.

Mr. Setanta Ó Gribín

Aontaím leis an Uasal Uí Mhianáin faoi dhlíthe a chur isteach chun a fheiceáil an bhfuil daoine ag cur isteach an aois ceart. Tig le daoine teacht isteach ar rud ar bith. Ba cheart go mbeadh duine ag tabhairt aire air sin, mar aon phost amháin, a mbeadh ag plé leis an cheist seo agus a bheadh ag déanamh mar is ceart mar is é sin an t-aon rud atá aird ár sochaí ag díriú air anois.

Ms Sadhbha Nic Ruaidhrí

Aontaím leis an méid a dúirt an tUasal Uí Mhianáin ansin go gcaithfear oideachas a thabhairt do thuismitheoirí chomh maith le páistí maidir leis na meáin shóisialta. Caithfear súil a choinneáil ar an méid atá páistí ag déanamh agus iad ina seomraí féin agus an guthán acu nó cibé rud. Déarfadh cuid mhór daoine gur cineál helicopter parenting atá i gceist leis seo ach tá cuid mhór tuismitheoirí aineolach faoi na contúirtí agus an dochar a dhéanann na meáin shóisialta ar pháistí óga.

Gabhaim buíochas le Coláiste Íde, le Gaelcholáiste Ceatharlach, le Gaelcholáiste Dhoire agus le Pobalscoil Chorca Dhuibhne. Gabhaim buíochas go háirithe le Rút, Eimear, Sadhbha, Naoise, Éabha, Setanta, Diarmuid, Fía, Sive, Cliodhna, Caitlín agus Pádraig. Tá súil agam nach ndearna mé dearmad ar aon duine. Maith dom é má raibh na hainmneacha mícheart. Gabhaim buíochas leis na múinteoirí agus na príomhoidí. Mar a dúirt mé, tá a fhios agam go bhfuil an t-uafás oibre curtha isteach agus ní deirim é sin go héasca. Tá a fhios agam céard atá i gceist chun an caighdeán sin a bheith agaibh agus teacht os ár gcomhair. Is pribhléid dúinn é mar Theachtaí Dála agus mar Sheanadóirí éisteacht leo. Tá sé tábhachtach dúinn freisin agus mar a dúirt mé, is ábhar machnaimh dúinn é.

Rinne mé dearmad ceist amháin a chur. An bhfuil cead ag na scoláirí an fón a bheith acu sna ranganna?

Níl sna scrúdaithe ar aon chaoi.

Tá cead againn sna cruinnithe.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ag 4.48 p.m. go dtí 4 p.m. Dé Máirt, an 26 Márta 2019.
Barr
Roinn