Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán díospóireacht -
Tuesday, 21 May 2019

Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga 2018: An Coimisinéir Teanga

Cuirim fáilte roimh na hionadaithe ó Oifig an Choimisinéara Teanga. Gabh mo leithscéal as ucht an mhoille. Tarlaíonn sé sin i gcónaí. Sin an saol atá anseo. Faoi chaibidil inniu tá tuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga. Cuirim fáilte roimh an gCoimisinéir Teanga é féin, an tUasal Rónán Ó Domhnaill; an tUasal Colm Ó Coisdealbha, stiúrthóir; agus an tUasal Eileen Seoighe, bainisteoir géilliúlachta.

Mar is gnáth, tá rud le déanamh agam anois maidir leis an Acht um Chlúmhilleadh. Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thabharfaidh siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt amhlaidh, ní bheidh siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise seo acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina n-ainm, ina hainm nó ina ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tionscnaimh seo a gcuirfidh na finnéithe faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó maidir le hoifigeach ina ainm, nó ina hainm, ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Tá sin déanta agus as an mbealach, buíochas le Dia. Gabhaim buíochas as an ráiteas tosaigh. Tá sé léite agam agus tá súil agam go bhfuil sé léite ag na baill freisin. Tá sé tábhachtach é a chur ar an taifead so tugaim cuireadh don choimisinéir é a léamh amach.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus leis an gcomhchoiste as an gcuireadh teacht i láthair anseo tráthnóna. Is mór an tacaíocht dom an tsuim leanúnach a chuireann an comhchoiste seo i gcúrsaí cearta teanga agus reachtaíochta teanga. Tá an pháirt ghníomhach atá á glacadh ag an gcoiste sna cúrsaí seo agus an díospóireacht a spreagann sé fíorthábhachtach, tráth a dteastaíonn athmhachnamh ar chur chuige an Stáit i leith na Gaeilge.

Tugadh cuireadh dom anseo inniu chun príomhthorthaí mo thuarascála bliantúla 2018 a chur i láthair agus aon cheisteanna atá ag an gcoiste a fhreagairt chomh maith. Ar nós oifigí ombudsman agus oifigí géilliúlachta eile, tá an t-idirphlé a bhíonn againn leis an bpobal thar a bheith tábhachtach inár gcuid oibre. Bímid ag brath ar an bpobal chun na deacrachtaí a bhíonn acu seirbhísí a fháil ón státchóras i nGaeilge a chur faoinár mbráid. Réitítear cuid mhaith de na deacrachtaí aonaracha a bhíonn ag daoine, cé nach n-éiríonn linn gach deacracht a réiteach, go háirithe nuair nach ann do dhualgas reachtúil seirbhísí áirithe a chur ar fáil i nGaeilge nó i gcásanna nach dtagann comhlacht poiblí faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla. Is bunfhadhbanna iad sin a bhaineann leis an Acht féin agus a bhfuil cuid mhaith plé déanta orthu roimhe seo. Táthar freisin ag brath ar thoil an Stáit caitheamh go cothrom le daoine a dteastaíonn uathu a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Níl aon amhras orm ach nach bhfuil an státchóras sách réamhghníomhach i soláthar na seirbhísí sin agus go minic go mbaineann crá croí le bheith ag iarraidh cuid de na seirbhísí poiblí is bunúsaí a fháil i nGaeilge.

Bhí líon na ngearán a rinneadh le m’oifig le linn 2018 mórán mar an gcéanna leis an mbliain roimhe sin. Bhí titim an-bheag ó 638 go 634 ann. Bhain os cionn 90% de na gearáin le cúig réimse faoi leith: forálacha i scéimeanna teanga, comharthaíocht agus stáiseanóireacht, freagra i mBéarla ar chumarsáid i nGaeilge, comharthaí bóthair, agus fadhb le húsáid ainmneacha agus sloinnte i nGaeilge. Tháinig trian de na gearáin ó dhaoine i mBaile Átha Cliath agus ceann as gach uile chúig cinn ó dhaoine sna ceantair Ghaeltachta. Arís, ghoill sé orm mar Choimisinéir Teanga nach raibh ar mo chumas thart ar leath de na gearáin a rinneadh liom a fhiosrú de thoradh, den chuid is mó, gan dualgas a bheith ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí cuimsitheacha Gaeilge a chur ar fáil.

Bhí an fhadhb maidir le húsáid ainmneacha agus sloinnte i nGaeilge go mór sa nuacht le deireanaí. Thagair mé sa tuarascáil chomh míshásúil is atá sé nach bhfuil córais ríomhaireachta roinnt comhlachtaí poiblí in ann déileáil le síntí fada go fóill. Is cuid lárnach de chéannacht an duine a ainm. Níl sé míréasúnta a bheith ag súil go ndéanfaí soláthar don mhéid sin i gcórais ríomhaireachta na gcomhlachtaí poiblí i ré theicneolaíochta na linne seo. Tá mé ar an eolas faoi chinneadh a rinne an Coimisiún Cosanta Sonraí ar an ábhar seo le deireanaí agus an rialú nach raibh dualgais chosanta sonraí á sárú ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nuair nach raibh ar chumas a gcórais ríomhaireachta síntí fada ar ainm duine a thaifeadadh. Tuigfidh baill den choiste nach dtagann cúrsaí cosanta sonraí faoi mo dhlínse agus, mar sin, nár mhaith liom aon tuairim a thabhairt ar chinneadh an choimisiúin.

An méid sin ráite, creidim go láidir nár chóir gur cheist cosanta sonraí a bheadh anseo ó thús deireadh. Is ábhar í a bhaineann le húsáid teanga oifigiúla de chuid an Stáit seo agus is gá go ndéileálfaí leis ar an mbealach sin. Léiríonn an deacracht atá ann an tábhacht go mbeadh an t-ábhar seo cuimsithe ag reachtaíocht teanga. Gan foráil reachtúil, tá sé soiléir nach féidir glacadh leis go réiteofar an fhadhb seo go huathoibríoch nó in imeacht ama. Tá sé tráthúil mar sin go scrúdófaí an cheist seo go mion agus Bille na dTeangacha Oifigiúla ag teacht faoi bhráid an choiste go luath. Tá fáilte le cur roimh an bhforáil a bhí sna ceannteidil ina leith seo ach, mar atá ráite agam roimhe seo, creidim go dteastaíonn í a threisiú. D’fhéadfaí sin a dhéanamh ach dáta cinnte a shocrú le dlí faoina gcaithfeadh córais ríomhaireachta atá in úsáid ag an státchóras a bheith in ann glacadh le síntí fada. Ní gá agus níor cheart go bhfágfaí faoi chomhlachtaí poiblí na dátaí sin a shocrú.

Ar ábhar gaolmhar, ní mór chomh maith aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb a bhíonn ag daoine a n-ainm i nGaeilge a úsáid nuair a bhíonn na sonraí sin i mBéarla ar bhundoiciméid chéannachta. Is fadhb leanúnach í seo agus ba cheart an deis atá ann réiteach reachtúil a fháil ina leith a thapú anois.

Tá cur síos sa tuarascáil bhliantúil chomh maith ar cheann de na himscrúduithe is tábhachtaí a rinneadh i stair na hoifige, ba é sin an t-imscrúdú ar an gcraoltóir seirbhíse poiblí, RTÉ. D’eascair an t-imscrúdú seo ó ghearán a rinne duine den phobal liom faoi easpa chraoltóireachta trí Ghaeilge a bhí le brath ar sheirbhísí craoltóireachta RTÉ.

Léirigh an t-imscrúdú féin gur beagán le cois 100 uair an chloig de chláir theilifíse Ghaeilge a craoladh ar RTÉ le linn 2017, i gcomparáid le hos cionn 18,000 uair an chloig de chláir Bhéarla. Is ionann sin agus 0.7%. Is léir, faraor géar, go bhfuil craoladh clár teilifíse Gaeilge beagnach caite i dtraipisí ar fad ag an gcraoltóir náisiúnta faoin tráth seo. Cibé céard faoi aon shárú reachtaíochta, is bocht an scéal é d'aon chraoltóir náisiúnta go mbeadh céad teanga oifigiúil na tíre fágtha ar lár ar fad beagnach ó chraoladh teilifíse an chraoltóra chéanna. Ba í seo an chéad uair a fiosraíodh na forálacha reachtúla teanga de chuid an Achta Craolacháin 2009. Sorchaíonn na fionnachtana agus na moltaí atá déanta agam fasach thábhachtach don todhchaí. Chinn mé san imscrúdú go gcaithfeadh RTÉ réimse cuimsitheach clár Gaeilge a chraoladh ar sheirbhís raidió agus teilifíse an chraoltóra. Nuair a socraíodh an fhoráil reachtúil seo, ba léir gurbh é toil an Oireachtais go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil agus le cloisteáil ar sheirbhís teilifíse agus raidió an chraoltóra náisiúnta. Socraíodh an dualgas sin agus lánfheasacht ar ról TG4. Gan dabht, tá breithiúnas i gceist le céard is brí le "réimse cuimsitheach", ach nuair ba leibhéal íosta ar fad an méid clár a bhí á chraoladh ar an tseirbhís teilifise, b'éasca a aithint nach raibh an dualgas á chomhlíonadh.

Má chuirtear mo chuid moltaí i bhfeidhm, mar a bheinn ag súil go ndéanfadh aon chomhlacht poiblí freagrach, beidh tionchar mór aige ar sholáthar na gclár teilifíse Gaeilge san am atá le teacht. Sna míonna beaga amach romhainn, beidh mé ag súil le tuarascáil agus plean ó RTÉ ar an mbealach a dtabharfar faoi chomhlíonadh na ndualgas reachtúil teanga seo. Is é comhlíonadh na ndualgas sin an t-aon slat tomhais a bheidh in úsáid agam agus mé ag tabhairt mo bhreithiúnais an leor na moltaí a dhéantar in aon phlean a thagann ó RTÉ. Tráth ar eisíodh an tuarascáil bhliantúil, thagair RTÉ in athuair do na réimsí seirbhísí eile, idir seirbhísí digiteacha agus ar líne, a chuirtear ar fáil i nGaeilge. Níl aon cheist ach go bhfuil fiúntas le forbairt na réimsí sin, ach déanaim an pointe go daingean in athuair nach laghdaíonn siad an dualgas atá ann maidir le craoladh réimse cuimsitheach clár teilifíse agus raidió i nGaeilge. Ar ndóigh, má thagaim den tuairim nach bhfuil moltaí an imscrúdaithe á gcur i bhfeidhm go sásúil, d'fhéadfainn tuarascáil maidir leis an méid sin a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais i gcomhréir leis na cúraimí atá leagtha orm.

I measc na n-imscrúduithe eile is suntasaí a tugadh chun críche le linn na bliana, tá ceann ar an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, a shocraigh poist a fhógairt in dhá cheantar Gaeltachta gan aon riachtanas Gaeilge a bheith luaite leo; tá ceann ar an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil as an gcreat náisiúnta pleanála, a bhí mar chuid de Thionscnamh Éire 2040, a fhoilsiú i mBéarla amháin; tá ceann ar Chomhairle Contae Chorcaí as Google Translate a úsáid chun suíomh gréasáin na heagraíochta a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge; agus tá ceann ar Amharclann na Mainistreach de thoradh comharthaíocht a bheith ar neamhréir leis na rialacháin. Tá tábhacht le gach ceann de na himscrúduithe seo astu féin ó tharla gur bhain siad le neamhchomhlíonadh gné éigin d'fhoráil teanga nár éirigh linn a réiteach tríd an bpróiseas neamhfhoirmiúil réitithe gearáin a fheidhmíonn m'oifig. Ach oiread le RTÉ, scrúdófar cur i bhfeidhm mholtaí na n-imscrúduithe sin le linn na bliana seo.

D'fhógair mé anuraidh ag cruinniú den chomhchoiste seo go raibh mé ag cur deireadh leis an bpróiseas monatóireachta a bhí i bhfeidhm ag m'oifig go dtí sin, is é sin iniúchadh ar scéimeanna teanga aonaracha den chuid is mó. Is mar thoradh ar mo thráchtaireacht ar chóras na scéimeanna teanga, a léirigh go raibh úsáid á baint as an gcóras chun cúngú agus lagú a dhéanamh ar sheirbhísí trí Ghaeilge, a chinn mé an méid sin a dhéanamh. Mheas mé nach mbeadh sé cuí dom mar Choimisinéir Teanga acmhainní teoranta na hoifige a dhíriú den chuid is mó ar chóras atáthar a fheidhmiú go fabhtach. Ó lár na bliana seo caite, chuir m'oifig córas nua faireacháin i bhfeidhm lena ndéantar iniúchadh ar líon na bpost atá sainaitheanta ag Ranna Rialtais lena mbaineann riachtanas Gaeilge, úsáid na dteangacha oifigiúla ar chomharthaíocht ag suíomhanna oidhreachta de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí agus cur i bhfeidhm gealltanas reachtúil a bhaineann le suíomhanna gréasáin de chuid na n-údarás áitiúil. Tá súil agam an tuarascáil faireacháin don bhliain 2018 a fhoilsiú faoi cheann roinnt seachtainí agus na torthaí sin a chur faoi bhráid an choiste seo. Idir an dá linn, táim féin agus tá ár mbainisteoir géilliúlachta, Eileen Seoighe, breá sásta tuilleadh plé a dhéanamh leis an gcoiste ar an múnla nua agus an modh oibre a bhí againn. Forbrófar an córas seo de réir a chéile. Tá sé i gceist agam tuarascáil faireacháin a fhoilsiú go bliantúil feasta. Faoi láthair, níl aon údarás agam monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh aon fhorálacha teanga d'aon achtacháin eile seachas na cinn sin a bhaineann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Creidim go gcuirfeadh sé go mór le mo chuid feidhmeanna dá bhféadfainn aghaidh a thabhairt air seo agus an tAcht á leasú.

Tá tagairt déanta agam sa tuarascáil bhliantúil don mhoill atá ann le foilsiú Bhille na dteangacha oifigiúla chun leasú a dhéanamh ar an Acht reatha. Tá an tAcht ar an bhfód anois le hos cionn 15 bliana, agus tá dhá bhliain caite ó foilsíodh na ceannteidil is deireanaí. Mar sin féin, táimid fós ag fanacht le foilsiú an Bhille. Tá na leasuithe a theastaíonn pléite agus athphléite faoin tráth seo. Tá moltaí stuama an choiste seo curtha i láthair sa tuarascáil a fhoilsíodh i mí na Bealtaine 2018. Is beag eile is féidir a rá faoin ábhar nach bhfuil ráite go minic cheana. Ní theastaíonn uaim dóchas ná éadóchas a léiriú faoi fhoilsiú an Bhille ag an tráth seo ó tharla gur ábhar í nach bhfuil aon smacht agam air. Is faoin Aire agus faoin Roinn atá sé an Bille a fhoilsiú agus a achtú. Glactar leis go coitianta go dteastaíonn Acht nua go géar chun aghaidh a thabhairt ar na feabhsúcháin atá de dhíth. Dá fheabhas a bhíonn aon reachtaíocht, ní leor í aisti féin. Níl aon amhras orm ach go dteastaíonn athrú ón mbun aníos ar chur chuige an státchórais chomh maith. Níor cheart go mbeadh eagraíochtaí Stáit ag féachaint ar an nGaeilge mar ualach nó mar dhualgas atá le comhlíonadh go drogallach nó le seachaint nuair is féidir. Ba cheart go bhféachfaí i gcónaí le stádas a thabhairt don teanga agus a húsáid a chur chun cinn in chuile bheartas agus gníomhaíocht de chuid an Stáit más ann go bhfuiltear chun caitheamh léi mar theanga oifigiúil atá ar chomhchéim leis an mBéarla.

Tá dhá cheist agam. An ndearna RTÉ aon achomharc maidir le tuarascáil an choimisinéara?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Ní dhearna.

Bhí an ceart sin acu.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Tá ceithre seachtaine ag comhlacht poiblí i ndiaidh imscrúdaithe achomharc a dhéanamh, ach níor tharla sé sin. Tá na ceithre seachtaine caite.

Is ionann é sin agus gur ghlac RTÉ leis na moltaí.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Is ea.

Tá sé leagtha amach i dtuarascáil an choimisinéara go raibh sé mhí i gceist ón dáta i mí na Nollag ar fhoilsíodh an tuarascáil-----

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Foilsíodh an tuarascáil ag tús mhí na Nollag. Tá freagra de dhíth ó RTÉ roimh thús na míosa seo chugainn. Is é an 6 Meitheamh an dáta atá i gceist. Thug mé sé mhí dóibh ós rud é gur ceist chasta atá inti. Tá sé mar cheann de na himscrúdaithe is tábhachtaí atá déanta agam. Tá go leor ag teastáil chun teacht ón íosmhéid craolacháin atá ann. Sa chás sin, thug mé sé mhí dóibh teacht ar ais le plean.

Is é sin an príomh-mholadh a bhí ag an gcoimisinéir ó thaobh RTÉ de.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Is ea.

Thug an coimisinéir sé mhí dóibh. Glaoim anois ar an Teachta Ó Snodaigh.

Mar a dhein mé cúpla bliain ó shin, tréaslaím leis an gcoimisinéir as an tuarascáil seo a chur ar fáil. Ní féidir liom fanacht rófhada ós rud é go bhfuil orm freastal ar chruinniú eile. Bhí mé ag tnúth leis an deis seo dul tríd an tuarascáil. I gcás an Coimisiún um Chosaint Sonraí, má tá taifead d'fhoirm míchruinn i gceist, ba chóir go mbeadh sé de cheart go ndéanfar ceartúcháin ar an taifead sin. Luíonn sé sin isteach leis an síneadh fada atá ar an "Ó", seachas "O'" atá agam i mo sloinne. Is féidir an pointe céanna a dhéanamh i gcás ina n-úsáidtear ceannlitir agus ponc seachas an t-ainm baiste. Má úsáidtear "P. Ennis" in áit "Philip Ennis", tá athrú suntasach i gceist. Baineann sé sin leis an tslí ina ndéantar taifead ar ainmneacha. Tá sé ráite agam thar na blianta gur masla atá ann go minic.

Cé go bhfuil roinnt dul chun cinn déanta, táimid fós ag déileáil le comharthaí. Tá sé ráite ag an gcoimisinéir sa tuarascáil, agus arís inniu, nach "díol iontais ach an oiread go mbaineann sciar chomh suntasach sin de na gearáin le comharthaíocht agus stáiseanóireacht". Deireann na comhlachtaí agus na heagrais Stáit go bhfuil botúin á dhéanamh acu. I mo thuairim, tá siad ag déanamh neamhaird ar na gearáin. Is cuma sa tsioc leo. Is masla é go bhfaigheann siad na rudaí seo mícheart gach uile uair. Ní smaoiníonn siad riamh ar aistriúcháin, nó fiú faoi theideal Gaeilge amháin a úsáid, más féidir.

Tá sé ráite ar leathanach 58, a bhaineann le scéimeanna teanga, go bhfuil "67 scéim teanga, as 132 san iomlán, imithe in éag", ach tá sé leagtha amach ar an léaráid ar leathanach 59 nach bhfuil ach 17 scéim teanga imithe in éag. Glacaim leis gur bhotún atá i gceist ansin. Ní fheicim cárbh as a dtagann an figiúr de 17. Tá an léaráid seo ag féachaint siar ar bhliain ó shin. An bhfuil aon athrú tar éis teacht ó shin? Táimid fós ag fanacht ar an Acht nua. Dúradh linn le déanaí go mbeidh sé againn am éigin i mbliana.

Measaim gur maith an rud é go bhfuil Oifig an Choimisinéara Teanga tar éis bogadh ó fhaireacháin agus monatóireacht a dhéanamh amach anseo. Ba chóir go mbeidh sé i bhfad níos fearr nuair nach mbeidh tuarascálacha móra, le go leor fiosrúcháin, i gceist. Bheadh sé níos fearr dá mbeifear in ann na fadhbanna a réiteach sula dtagann na gearáin isteach. Níl aon cheist eile agam faoi láthair. Tá brón orm nach bhfuil mé in ann fanacht don chuid eile den chruinniú, ach fanfaidh mé ar na freagraí.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Mar atá ráite agam sa ráiteas, creidim go mbaineann ceist na síntí fada le reachtaíocht teanga go príomha. Is i gcomhthéacs reachtaíochta gur cheart go ndéileálfaí leis. Feicim sna gearáin a thagann chugainn go bhfuil an rud seo ag cur as do dhaoine. Faraor, tá sé ag tarlú sách rialta. Bhain ceann de na himscrúduithe a bhí againn i mbliana leis an teip atá ar Iarnród Éireann déileáil leis an síneadh fada i gcás ainm daoine a cheannaíonn ticéid ar líne. Tá sé ráite ag Iarnród Éireann linn go mbeidh sé sin curtha ina cheart roimh dheireadh mhí Iúil. Ar ndóigh, ní cheart go dtarlódh sé sin sa chéad dul síos. Is masla é do dhuine nuair nach féidir le comhlachtaí den chineál seo a ainm nó a hainm a litriú i gceart. Baineann sé ó bhrí an ainm féin.

Ó thaobh na reachtaíochta atá á réiteach faoi láthair, tá foráil sna ceannteidil a dheireann go bhfuil sé i gceist leagan le dlí go gcaithfidh comhlachtaí poiblí bheith in ann déileáil le síntí fada. Níl sé sin sách láidir, dar liom, sa mhéid is nach leagann sé sprioc leis sin. Fágann sé an dualgas faoin gcomhlacht poiblí, go bunúsach, spriocam a leagan síos. Creidim gur cheart go ndéarfadh an Stát le comhlachtaí poiblí go bhfuil go dtí dáta áirithe acu a chinntiú go bhfuil chuile chóras ríomhaireachta atá acu in ann déileáil leis an riachtanas seo. Má tá díolúine ag teastáil i gcásanna áirithe, beifear in ann argóintí a dhéanamh, ach ní ceart go bhfágfaí faoin gcomhlacht féin dáta a shocrú. Ba cheart don Stát é sin a dhéanamh.

Tá na rialacháin atá ann ó thaobh cúrsaí comharthaíochta thar a bheith soiléir. Caithfidh an Ghaeilge a bheith ar dtús agus a bheith chomh feiceáileach agus ar chomhmhéid leis an mBéarla. Is bocht an scéal é, agus é leagtha síos chomh soiléir sa dlí céard atá ag teastáil, go ndéantar na botúin seo go minic - níl a fhios agam céard eile is féidir liom a rá. Ceist eile a thagann chun cinn go minic ná céard is comhartha ann. Bhí imscrúdú againn i mbliana maidir le Comhlacht Chalafort Átha Cliath. Tá comhartha mór millteanach i gcloch agus in iarainn greamaithe isteach taobh amuigh don chalafort. Cé go bhfuil "Dublin Port" scríofa go soiléir air, bhí argóint ann mar chuid den imscrúdú nach comhartha a bhí ann. Bhí orainn dul i ngleic le rudaí mar sin.

Céard a bhí ann mura comhartha a bhí ann?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Rud ealaíona, go bunúsach, an argóint a bhí ann.

Is féidir le comhartha a bheith ina rud ealaíona.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Is féidir. Níor ghlacadh leis an argóint, ar aon nós. Sa chás sin, tá cead pleanála á lorg ag an gcomhlacht chun ceann Gaeilge a thógáil. Ní ceart go dtarlódh a leithéid sa chéad dul síos. Ní hamháin go ndéantar botúin, ach uaireanta déantar argóintí linn faoi céard is comhartha ann agus céard nach comhartha ann.

Labhróidh Colm Ó Coisdealbha faoi na figiúirí a luaigh an Teachta Ó Snodaigh faoi scéimeanna teanga. D'iarr an Teachta an bhfuil aon athrú tagtha ar na scéimeanna teanga. Luaigh mé sa tráchtaireacht ar chóras na scéimeanna teanga an chaoi nár cuireadh i bhfeidhm i gceart an córas sin, cé gur smaoineamh maith a bhí ann ag an am. Ní féidir dul i muinín ar an gcóras sin níos mó. Go ginearálta, níl aon fheabhas tagtha ar na scéimeanna atá ag teacht faoinár mbráid. Tá siad seachantach agus cosantach. Sílim go bhfuil sé glactha go forleathan ag an tráth seo nach bhfuil an córas ag oibriú.

Mr. Colm Ó Coisdealbha

Tugann an chéad tábla ar leathanach 59 cuntas ar na scéimeanna teanga atá i bhfeidhm. Ar an iomlán, bhí 132 scéim teanga i bhfeidhm ag deireadh na bliana 2018. Aontaíodh an chéad scéim teanga sa bhliain 2004. Léiríonn an tábla cé mhéad scéim teanga a aontaíodh gach bliain ó shin i leith. Ar an iomlán, bhí 151 scéim i gceist, ach bhí 17 scéim as feidhm - sin scéimeanna a bhain sa chuid is mó leis na coistí gairmoideachais tráth dá raibh. Ansin chuaigh na coistí gairmoideachais as feidhm agus d'imigh na scéimeanna sin agus aontaíodh scéimeanna nua le haghaidh na heagraíochtaí nua uilig - na boird oideachais agus oiliúna. Níl sa tábla ach cuntas ar an tslí inar tháinig muid go dtí an pointe seo agus 132 scéim teanga againn, ag tosú ón chéad scéim sa bhliain 2004. Is rud difriúil atá sna scéimeanna atá imithe in éag. Go bunúsach, nuair a aontaítear scéim teanga, fanann sé i bhfeidhm go dtí go n-aontaítear scéim nua. Tá tréimhse trí bliana ag comhlacht poiblí leis na gealltanais atá sa scéim a chur i bhfeidhm. Nuair a bhíonn an tréimhse sin thart, ba cheart go mbeadh scéim teanga nua á aontú. I gcás gach scéim atá imithe in éag, cé go bhfuil an scéim sin fós i bhfeidhm, tá an tréimhse trí bliana caite gan scéim nua a bheith aontaithe nó daingnithe ag an Aire go fóill.

Tá náire orm nach bhfuil síneadh fada ar bith le feiceáil agus mé ag breathnú ar ainmneacha na ndaoine atá i láthair ar na scáileáin bheaga atá os a gcomhair. Tá locht ar an gcóras anseo freisin.

Tá go leor lochtanna ar na córais anseo. Nuair a chláraíonn muid amuigh sa halla, deireann an trealamh nua atá faighte go gcaithfear an t-ainm a chur isteach i mBéarla. Ní hamháin nach nglacann an córas sin le síneadh fada, ach deireann sé go gcaithfear-----

Tá an coiste seo i mbun gearáin faoi eagraíochtaí éagsúla, ach táimid lochtach freisin. Tá an locht orainn freisin. An bhfuil ceisteanna ag an Teachta?

Tá. Ba mhaith liom fáilte a chuir roimh an gcoimisinéir agus a fhoireann. Tosóidh mé le RTÉ. Tá an tuarascáil scríofa agus foilsithe ag an gcoimisinéir, agus teastaíonn gníomh anois. Tá míthuiscint i measc an phobail i gcoitinne - ceapann daoine go bhfaigheann RTÉ airgead an cheadúnais, ach ní fhaigheann RTÉ pingin ón gceadúnas. Téann an t-airgead sin ar fad isteach sa Státchiste, agus íocann an Roinn ansin deontas le RTÉ as airgead na Roinne mar chuid den phróiseas cáináisnéise. An gceapann an coimisinéir go gcuideodh sé dá ndéarfadh an Rialtas go raibh sé i gceist cuid den deontas a fhaigheann RTÉ a choinneáil siar? Dá ndéanfaí socrú nach n-íocfaí an fordheontas iomlán le RTÉ i mbliana nó an bhliain seo chugainn go dtí go mbeadh an coimisinéir teanga sásta go bhfuil leibhéal cuimsitheach cláracha ar fáil trí Ghaeilge ar stáisiún RTÉ, bheadh an Roinn ag cinntiú ar son an Oireachtais anseo go gcloífear leis an dlí. Ba mhaith liom barúil an choimisinéara faoin gcur chuige sin a chloisteáil. Is é ceann de na fadhbanna i saol na Gaeilge ná nach mbíonn an dream a chuireann tuarascálacha le chéile in ann gníomhú ar na tuarascálacha sin. Ní féidir leis an gcoimisinéir níos mó a dhéanamh ar an gceist seo. Sa chás seo, ní dhéanfaidh an Rialtas, atá ag íoc an fordheontas ollmhór seo le RTÉ, tada faoin tuarascáil seo.

Ní fhéadfadh an Rialtas an breithiúnas sin a dhéanamh mar bheifí á rá go raibh sé ag cur isteach ar chlársceideal RTÉ. Tá mise ag moladh ón lá gur bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga mar oifig neamhspleách gur an coimisinéir a thabharfadh an breithiúnas. Ba mhaith liom a bharúil faoi dá dtabharfaí an dualgas áirithe sin dó. Caithfimid gníomhú air seo. Ní féidir le daoine a bheith ag déanamh neamhaird ar an Oireachtas agus tá sé sin sách fada fairsing anseo ach má ghéillimid dó sin, ní hamháin go bhfuil muga magadh á dhéanamh faoin nGaeilge ach tá muga magadh á dhéanamh faoi Thithe an Oireachtais freisin.

Luaigh an coimisinéir go bhfuil sé ag fáil go leor gearán faoi chomharthaíocht agus faoi stáiseanóireacht. An mbeadh an ceart agam gur an fáth atá leis sin ná go bhfuil rialacháin atá sách mion mar a deir an coimisinéir? Bíonn iontas orm faoin gcaoi gur féidir le daoine smaoineamh ar leithscéalta gan rudaí a dhéanamh agus go mbíonn siad chomh dua ag cumadh leithscéalta in áit an rud a dhéanamh. Ach ag glacadh sin san áireamh agus gur féidir rialacháin a leasú go han-éasca, an aontódh an coimisinéir go gcuirfeadh sé go mór lena chuid oibre dá mbeadh níos mó rialachán déanta faoin Acht in áiteanna ina bhfuil sainchur síos orthu san Acht gur féidir rud a dhéanamh, mar shampla fógraíocht agus nithe eile? An láidreodh sé lámh an choimisinéara go mór faoin Acht mar atá sé i láthair na huaire dá mbeadh tuilleadh rialachán déanta faoi réimsí eile a thagann faoin Acht agus go bhfuil soláthar san Acht ionas go ndéanfaí rialacháin ina dtaobh?

Luann an coimisinéir ceist an tsínte fhada agus tá trí shíneadh fada i m'ainm. Tá ceann ar an "E" san "Éamon," tá ceann ar an "O" san "Ó Cuív" agus tá ceann ar an "í" i "Cuív".

Faraor níl siad le feiceáil.

Faraor arís níl siad le feiceáil so is "Eamon O Cuiv" atá orm inniu agus cuireann duine an síneadh fada ar an "u" agus is "Éamon Ó Cúiv" a bheadh ansin ach bíodh sin mar atá sé. Tá fadhb eile ann atá coitianta. Tá sé in go leor foirmeacha Stáit agus comhlachtaí agus éilíonn siad rud atá mínádúrtha go hiomlán sa Ghaeilge ná "Mr., Mrs. agus Ms" agus ní géillim ach oiread don "Uasal" seo mar níl duine ar bith againn uasal. Ní bhfuaireamar teideal "Uasal" riamh agus mar a deir siad i gcónaí sa Ghaeilge "Ní bhíonn uasal ná íseal ach thuas seal agus thíos seal" agus níor mhaith liom go dtabharfaí "Uasal" orm mar b'fhéidir go mbeidh mé thíos seal ar ball. An t-ainm atá orm ná "Éamon Ó Cuív" agus ní thuigim ó thalamh an domhain cén fáth nach nglactar leis go bhféadfadh daoine díreach a n-ainm a úsáid agus gan go mór mór teideal Béarla a úsáid. An bhfuil an cheist sin tógtha ag an coimisinéir leis an Roinn?

Aontaím leis an gcoimisinéir nach bhfuil réiteach air seo ach Acht na dTeangacha Oifigiúla leasaithe. Caithfidh mé a rá go bhfuil an-díomá uilig orm nach bhfuil an Bille foilsithe. Is fada muid ag caint air. Tá sé beagnach bliain ónar chuir muidne an tuarascáil ar aghaidh i mí Iúil b'fhéidir-----

Mí Bhealtaine a bhí ann.

Mar sin tá sé díreach bliain ónar chuir muid ar aghaidh é. D'fhéadfadh siad glacadh nó diúltú don mhéid a chuir muid ar aghaidh agus an Bille a fhoilsiú agus é a chur faoi bhráid Tithe an Oireachtais agus ligean don gnáthphróisis coiste agus An Tuarascáil le leasaithe a dhéanamh.

Tá fíorphráinn ag baint leis seo. Idir an dá linn d'fhéadfadh an Roinn a rá leis na comhlachtaí go bhfuil a gcúrsa rite ag na pleananna atá ann i láthair na huaire nó éinne a bheadh ag réiteach plean nua agus go raibh bunriachtanais ag brath ar an gcomhlacht a bheadh i gceist, sé sin d'fhéadfaidís riachtanais níos déine a bheith ar chomhlachtaí a bheadh ag plé ar an mórscála leis an bpobal agus go mór mór le pobal na Gaeilge. D'fhéadfaidís a leagan amach go gcaithfeadh rudaí áirithe a bheith i ngach uile phlean teanga agus d'fhéadfadh an Rialtas cinneadh a dhéanamh ag bord an Rialtais ag ordú do na hAirí a rá leis na heagraíochtaí faoina gcúram glacadh le treoir an Rialtas i dtaobh na ceisteanna sin. Idir an dá linn d'fhéadfaidís é seo ar fad a dhéanamh faoin Acht atá ann. Tá go leor cumhachtaí faoin Acht dá n-úsáidfí iad.

Caithfidh mé a rá go bhfuil imní ormsa faoi cé chomh fada a thógfadh sé Acht a bheith i bhfeidhm agus tá imní orm freisin go mbeidh soláthar san Acht d'ordú tosach feidhme a bheas i bhfad amach anseo agus ar an mbealach sin gur fada uainn fós go mbeidh an socrú nua i bhfeidhm. Ní leithscéal é sin don Roinn gan na cumhachtaí atá ag an Roinn i láthair na huaire a úsáid. Caithfidh mé a rá gur léir domsa nach bhfuil tada ag an Rialtas mar Rialtas taobh thiar de seo. Níl mé ag rá go bhfuil nó nach bhfuil an toil ag an Aire, an Teachta Madigan - níl aon rud feicthe againn uaithi agus níl mórán cumhacht ag an Aire Stáit mura bhfuil tacaíocht aige nó aici ón Aire agus sa gcás seo is í an tAire, Teachta Madigan, í. Ní léir domsa ar chor ar bith go bhfuil tacaíocht an Rialtais taobh thiar d'fheidhmiú an Achta mar dá mbeadh, bheadh meamram curtha faoi bhráid an Rialtais agus bheadh treoir tugtha ag an Rialtas ag na heagraíochtaí Stáit ar fad atá faoi chúram Ranna Rialtais agus sin gach eagraíocht, go gcaithfidh cloí le socruithe a bheadh déanta ag an Roinn i dtaobh na bpleananna teanga. Ba mhaith liom tuairim an choimisinéara faoi sin agus an bhfuil imní air go mbeidh sé tamall fada sula mbeidh Acht leasaithe teanga ní hamháin achtaithe ag an Teach ach i bhfeidhm go hiomlán? An ceart dúinn a bheith ag cur brú ar an Aire na cumhachtaí fairsinge atá aici a úsáid níos fearr idir an dá linn le tacaíocht iomlán an Rialtais? Ní féidir léi é a dhéanamh gan tacaíocht an Rialtais ach is ball den Rialtas í.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Ba mhaith liom díriú ar cheád cheist an Teachta agus rachaidh mé tríothu ceann ar cheann faoi RTÉ. An príomhrud a déarfainn ná deis a thabhairt don phróiseas atá leagtha síos san Acht feidhmiú chun féachaint céard a thiocfaidh as. Táimid ag fanacht le freagra ó RTÉ. Nuair a fhaighimid é sin beimid ag breathnú air agus déanfaimid breithiúnas air. Shamhlóinn go mbeidh cur agus cúiteamh agus cruinnithe le RTÉ, ag brath ar céard atá sa phlean a chuirtear faoinár mbráid, le féachaint an bhfuil sé ag dul i dtreo an reachtaíocht a bhaineann leis a shásamh. Tá sé ag teacht ó leibhéal chomh híseal le 0.7%, is léir go dteastaíonn gníomhartha suntasacha agus radacacha thar am leis an scéal a chur ina cheart.

Bhí ceist ann an ceart airgead ón gceadúnas teilifíse a choinneáil ó RTÉ in iarracht brú a chur air-----

Ní brú - míthuiscint ar fad atá ansin. In iarracht a chur faoi ndear dó an dlí a chomhlíonadh, ní brú sin mar tá dualgas ag gach duine, go mór mór eagraíochtaí Stáit, an dlí a chomhlíonadh.

Ligfidh mé duit teacht ar ais ach tabhair deis don choimisinéir.

Tá a fhios agam ach tá sé ag baint mí-bhrí as an méid a dúirt mé.

Is féidir leat teacht ar ais agus é a cheartú. Níl aon fhadhb.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Tagraím don phointe sin faoin dlí atá ann a chomhlíonadh agus go raibh sin mar chúis an imscrúdaithe chun a léiriú cé chomh sonrach agus nach raibh an dlí á chomhlíonadh acu.

Is é an t-aon chumhacht faoin reachtaíocht teanga atá agamsa mar Choimisinéar Teanga, mura bhfuil moltaí an bhreithiúnais atá san imscrúdú á gcomhlíonadh tar éis achar ama réasúnta, ná é sin a thuairisciú chuig Tithe an Oireachtais. Is gníomh é nach dtarlaíonn mórán ar chor ar bith. Tharla sé uair amháin le linn mo réime mar Choimisinéir Teanga leis an Roinn Oideachais agus Scileanna in 2015, ó thaobh soláthar múinteoirí le Gaeilge ó phainéal athimlonnaithe. Is rud neamhghnách é. Dá dtiocfainn den tuairim nach bhfuil RTÉ ag cur na moltaí i bhfeidhm chun a chinntiú go bhfuil réimse cuimsitheach clár ar fáil i nGaeilge ar na cainéil theilifíse atá aige, is é an rud a dhéanfainn agus an dualgas atá ormsa i gcásanna mar sin ná é sin a thuairisciú do Thithe an Oireachtais. Is ceist ansin é do Thithe an Oireachtais ina dhiaidh sin faoi cén bealach gur dóigh leo gur cheart a chinntiú go gcuireann RTÉ an dlí atá ann i bhfeidhm. Ó thaobh mo chuid oibre de, rinneamar an t-imscrúdú, thangamar ar fhionnachtain go raibh sárú ann agus tá moladh déanta againn go gcuirfear plean i bhfeidhm. Is iad sin na cumhachtaí atá agam faoin Acht. Mura ndéanann RTÉ é sin, beidh tuairisc ag dul faoi bhráid Thithe an Oireachtais agus is ceist do na Tithe ina dhiaidh sin í cén chaoi a ndéileálfar leis an bhfadhb. Táimid ag fanacht leis an bplean seo ó RTÉ, féachaint céard atá ann, agus beimid ag déileáil leis an uair a thiocfaidh an plean sin.

Ó thaobh rialachán agus mar sin de, an mbeadh sé ina chabhair dá mbeadh breis rialachán ann? Bheadh sé ina chabhair dá mbeadh siad ann. Is é an taithí atá ann agus agam ná go n-oibríonn rialachán go ginearálta. Tuigeann comhlachtaí poiblí céard atá leagtha síos sna rialacháin. Níl siad cosúil le scéimeanna teanga gur féidir leis an bhfoclaíocht a bheith seachantach agus deacair a thuiscint, uaireanta, agus go bhfuil spás ann le go leor idirbheartaíochta. Mar chuid den athbhreithniú ar an Acht tá caint faoi chóras caighdeáin a thabhairt isteach. Go bunúsach, ar leibhéal simplí, is éard atá i gcóras caighdeán ná breis agus níos mó rialachán a leagan síos. Tagaim leis an Teachta go hiomlán ansin go mba shin an bealach le seirbhísí níos sásúla agus níos cuimsithí a chur ar fáil seachas a bheith ag brath ar scéimeanna teanga aonaracha.

Bhí ceist ansin faoi na sínte fada agus an roghchlár a thagann aníos: "Mr." agus "Mrs.". An bhfuil an Uasal Ó Coisdealbha ag iarraidh teacht isteach ansin?

Mr. Colm Ó Coisdealbha

Níl sé os mo chomhair ach sílim go bhfuil sé cuimsithe sna ceannteidil agus luaite go sonrach ann nach mbeadh an riachtanas sin bainteach agus nach gá iad siúd a úsáid ar chor ar bith. Bheinn ag súil go gcuirfear feoil ar na cnámha sa Bhille mar ní luíonn sé le nádúr agus ní rud a úsáidtear. Faighimid roinnt gearán faoi ach níl an oiread sin ann. Bíonn cásanna tógtha suas cuid mhaith faoi sin agus ní maith le daoine é cinnte. Bíonn níos mó cásanna tógtha suas le deacrachtaí amhail nach bhfuil siad ag glacadh le sínte fada, nó fadhbanna faoi sheoltaí a bheith réamhshocraithe i mBéarla amháin. Is rudaí bunúsacha iad, uaireanta, ar nós ainmneacha bailte agus nach dtógann siad an litir ar an mbealach ceart, a mba cheart go mbeadh córas an lae inniu in ann déileáil leo go héasca. Tá an méid sin i gceannteidil 8, agus luaite ansin go mbeidh sé roghnach teidil a úsáid roimh ainm duine. Leis an bhforáil seo clúdaítear idirghníomhaíochtaí clóite agus leictreonacha le comhlachtaí poiblí.

Bhí ceist eile, nach raibh?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Bhí ceist eile faoi na rialacháin agus ar cheart breis rialachán a thabhairt isteach san am i láthair, fad is atáimid ag fanacht leis an mBille. Sílim go mba cheart agus go bhféadfadh é sin a dhéanamh ach is dócha gurb é an phríomhtheachtaireacht atá agam ná an Bille a fhoilsiú agus é a achtadh. Cuireadh ceist orm an bhfuil imní orm an dtarlóidh sé agus faoin sprioc a bheidh leagtha síos. Tá imní orm mura bhfuil sprioc shoiléir leagtha síos leis na dualgais éagsúla a bheidh san Acht. Is í an taithí atá agam ná mura bhfuil sprioc leagtha síos go gcuirtear rudaí ar an méar fhada agus nach dtarlaíonn siad agus go mór mór i dtaobh ceist na hearcaíochta: is é sin go mbeidh 20% d'earcaithe nua a mbeidh Gaeilge acu. Tá sé tábhachtach go mbeadh sprioc ann mar atá molta sa tuarascáil atá foilsithe ag an gcomhchoiste seo, is é sin go mbeidh sprioc leis an reachtaíocht sin chomh maith.

Go minic sa Teach seo - ní bhaineann sé le reachtaíocht teanga amháin - cuirtear soláthar le haghaidh ordú tosach feidhme. Bíonn sé blianta ina dhiaidh sula ndéantar an t-ordú. Mar sin, tá codanna móra de go leor, leor Achtanna nach bhfuil i bhfeidhm fós. Táim buartha nuair a tháinig an tAcht i bhfeidhm den chéad uair, is dócha go raibh gach rud i bhfeidhm dhá bhliain tar éis achtadh an Achta. Cuireadh deireadh leis an ordú tosach feidhme. Le gairid, níl deireadh go deo leis na horduithe tosach feidhme. An aontódh an coimisinéir, dá mbeadh sé sin sa Bhille, go bhfanfadh sin buan ar fad ón mBille, dá mbeadh sé oscailte, mar a bhíonn sé in go leor de na Billí anois?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Sílim gur gá go mbeadh sprioc leis agus nach mbeadh sé fágtha oscailte. Ní chreidim go mba cheart go mbeadh aon rud mar sin fágtha oscailte agus go mbeadh sé soiléir cén uair a mbeidh na dualgais bhreise le teacht i bhfeidhm agus nach gcuirfí ar an méar fhada iad agus go dtuigfeadh daoine a theastaíonn seirbhísí uathu trí Ghaeilge - seirbhísí bunúsacha go minic - go mbeadh a fhios acu cén uair a mbeidh siad ina dteideal agus nach bhfágfaí oscailte é ar aon bhealach sa chaoi nach dtarlóidh sé arís. Féach, mar shampla, ar alt 9(1) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla faoi láthair ó thaobh rialachán a dhéanamh maidir le fógráin. Níor tharla sé sin riamh agus-----

Tá rialacháin different. Caithfidh sé sin a bheith oscailte mar is rud difriúil ar fad é sin. Níl deireadh go deo maidir leis an méid rialachán a bhféadfaí a thabhairt isteach. Mar shampla, dá bhfaighfí amach go raibh aon locht ar aon rialachán, mar shampla, an rud seo faoi chalafort Bhaile Átha Cliath, is é an rud ar cheart leis an Aire a dhéanamh sa chás seo ná fáil réidh leis an éiginnteacht agus a rá leis an gcalafort, mura gcuirfí suas comhartha i nGaeilge, má tá sé le hargóint a dhéanamh faoin bpíosa sin, go ndéanfaimid leasú lena dhéanamh cinnte go dtuigeann sé gur comhartha é.

Le rialacháin, i ngach uile Acht a chonaic mise riamh, chaithfí a chur isteach san Acht gur féidir rialacháin a dhéanamh. Mar is é ceann de na buntáistí a thugann sé sin don duine ná má tá laige éigin sa rud atá scríofa san Acht, nó má smaoiníonn duine ar fheidhm eile le rialachán, táthar in ann iad a scríobh. Is féidir iad sin i gcónaí a dhéanamh. Táim ag déanamh trácht do na páirteanna eile den Acht a bhfuil feidhm leo ar dhátaí áirithe agus ansin go bhfuil ordú tosach feidhme ag teastáil. Bhí dhá bhliain max d'fheidhmiú gach rud san Acht, más buan mo chuimhne. Is é an cheist atá agam má tá sé níos oscailte ná é sin, bheadh an imní ann go dtarlódh an rud atá tarlaithe le go leor Achtanna i láthair na huaire nach bhfuil na forálacha breátha atá tugtha ag na reachtóirí curtha i bhfeidhm ar chor ar bith.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Bheadh.

Gabhaim buíochas le gach duine anseo. Ó mo thaobh, déanaim comhghairdeas le, agus táim buíoch as ucht an méid oibre atá déanta ag, oifig an choimisinéara.

Tá díomá mhór orm nach bhfuil an Bille nua foilsithe. Fuaireamar geallúint sa Dáil go raibh sé le foilsiú roimh an samhradh. Tá tús curtha leis an samhradh agus níl sé ann fós. Is é sin mo thuairim féin.

Maidir leis an tuarascáil, is sampla iontach í do chomhlachtaí agus d'eagraíochtaí eile ó thaobh na Gaeilge agus an Bhéarla de. Tá sé éasca a léamh agus tá an dá theanga ar chomhleibhéal. Is iontach an rud é sin dúinne tuarascáil eile a bheith againn i dTithe an Oireachtais, mar is eiseamláir nó sampla iontach é sin.

Bíonn sé deacair dúinne nuair a bhíonn Ranna agus eagraíochtaí éagsúla os ár gcomhair ag caint faoin bpleanáil teanga agus tá oifig an choimisinéara ag caint faoi na pleananna teanga a bheith imithe ar seachrán.

Tá beagáinín osréalachas i gceist anseo agus muidne ag cur brú maidir le scéimeanna teanga. Tá sé ráite go soiléir ag na finnéithe go bhfuil gá díriú ar an gcóras caighdeán anois. Cad iad na moltaí do na Ranna éagsúla? Tá siad ag teacht os ár gcomhair chuile choicís ag labhairt faoin scéim teanga. An bhfuil treoracha ag na finnéithe?

Maidir le hÚdarás Craolacháin na hÉireann, dúirt an tUasal Ó Domhnaill, i mbeagán focal, gur chinn sé nach raibh RTÉ ag comhlíonadh an dualgas reachtúil atá air de bhun an tAchta Craolacháin 2009. I mbeagán focal, tá an dlí á shárú ag RTÉ. Cén fáth nach bhfuil sé sin aitheanta ag an Údarás Craolacháin freisin? An n-aontaíonn an tÚdarás Craolacháin leis an Coimisinéir Teanga go bhfuil RTÉ ag sárú a dhualgas faoin reachtaíocht? Níl a fhios agam an bhfuil na finnéithe in ann é sin a fhreagairt, ach ritheann sé linn anseo nach bhfuil an tÚdarás Craolacháin ag comhlíonadh a dhualgas ach an oiread le RTÉ.

Tá dhá thuarascáil eile geallta ag an gCoimisinéir Teanga. Is é sin an plean ó RTÉ atá i gceist le ceann acu, agus beidh sé sin le fáil an mhí seo chugainn. Dúradh go mbeadh an tuarascáil faireacháin don bhliain 2018 foilsithe faoi cheann roinnt seachtainí freisin. An bhfuil dáta ag na finnéithe le haghaidh sin? Dúirt an tUasal Ó Domhnaill go mbeadh Eileen Seoighe sásta tuilleadh plé a dhéanamh ar an múnla, agus ba mhaith liom tuilleadh a chloisteáil faoin múnla nua sin agus an modh oibre nua atá ann.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Níl aon dáta cinnte againn fós, ach tá muid beagnach ann. Tá cúpla figiúr le seiceáil go cruinn fós, ach beidh sé foilsithe taobh istigh de mhí.

Ms Eileen Seoighe

Tá trí chuid sa tuarascáil i ndáiríre, ach pléifidh mé an méid faoin gcomharthaíocht i suíomhanna oidhreachta. Thug mé cuairt ar dheich suíomh oidhreachta de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí i mBaile Átha Cliath in 2018, agus rinne mé iniúchadh ar an gcomharthaíocht atá in úsáid acu sna suíomhanna sin. Thug mé cuairt ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath, Príosún Chill Mhaighneann, Músaem na bPiarsach, agus mar sin de. Thóg mé grianghraif den chomharthaíocht atá in úsáid acu agus beidh na torthaí sin á bhfoilsiú sa tuarascáil i gceann cúpla seachtain, le cúnamh Dé.

Cad atá i gceist maidir leis an múnla nua a luadh?

Ms Eileen Seoighe

Tá trí chuid sa bhfaireachán nua. Sin comharthaíocht ag láithreacha oidhreachta, líon foirne le riachtanais Gaeilge i Ranna na Rialtais agus láithreacha gréasáin de chuid na húdaráis áitiúla. Rinne mé iniúchadh ar na láithreacha sin agus ar na suíomhanna gréasáin chomh maith. Bhí na húdaráis curtha ar an eolas go raibh sé seo ag tarlú agus scrúdaigh mé na suíomhanna go bhfeicfinn cé mhéad acu a bhí ag comhlíonadh na gealltanais atá leagtha amach sa scéim teanga.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Ó thaobh cheist RTÉ agus an tÚdarás Craolacháin, ceann de na moltaí a bhí againn atá curtha i bhfeidhm ag RTÉ ná an tÚdaras Craolacháin a chur ar an eolas faoi thorthaí an imscrúdaithe, ach ní heol dom cén dearcadh atá ag an tÚdarás Craolacháin féin. Mar chuid den imscrúdú a bhí ar siúl, cuireadh comhfhreagras idir an tÚdarás Craolacháin agus RTÉ ar fáil. Bhí imní léirithe ag amanna faoi chur chuige RTÉ leis an Ghaeilge, ach bhí blianta eile nach raibh imní léirithe. Is ceist é sin don Údáras Craolacháin i ndáiríre.

Ó mo thaobh de, an jab atá agamsa ná gearáin a fhiosrú. Rinneadh gearáin agus d'fhéach muid ar na gearáin agus an dualgas a bhí ann, agus rinne muidne ár gcuid finnéachta. Tá an chumhacht sin agam chun gearáin mar sin a fhiosrú, agus sin ceann de mo chuid feidhmeanna. Ní heol dom dearcadh an Údaráis Craolacháin.

Ó thaobh scéimeanna teanga, an rud atá ráite agam ná gur cheart go mbeadh aon scéim teanga nua atá á dhaingniú ag an Aire eolach go bhfuil an caighdeán ag teacht, chomh fada is atá muid ag fanacht air. Má tá scéim teanga nua á aontú, ba chóir go dtigtear agus go nglacfar leis go gcaithfidh sé a bheith ag dul i dtreo na gcaighdeán. An samhlú atá agamsa ná, nuair a thagann an caighdeán isteach, go mbeidh sé leagtha síos go gcaithfeadh rudaí ar nós seirbhísí idirghníomhacha, suíomhanna gréasáin, nó foirmeacha iarratais - ag braith ar an teagmháil atá comhlachtaí leis an bpobal - a bheith ar fáil i nGaeilge. De bharr sin, nuair atá scéim teanga á dhaingniú le comhlachtaí, ba chóir go mbeadh an Roinn ag rá leo go bhfuil caighdeán ar an mbealach, go mbeidh nithe sa gcaighdeán i gcomhair seirbhísí idirghníomhacha, mar sin, chomh fada is atá muid ag fanacht air sin, bíodh sé sa scéim teanga.

An bhfuil monatóireacht á déanamh ag na finnéithe ar an tréimhse athraithe sin?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Níl sé ag tarlú. Níl monatóireacht chomh domhain ann agus a rinneadh leis an tráchtaireacht ar chóras na scéimeanna teanga, ach léann muid agus téann muid tríd chuile scéim teanga a thagann inár dtreo.

Níl sé seo ag tarlú.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Níl sé seo ag tarlú. Ní fheicim aon fheabhas go ginearálta sna scéimeanna atá ag teacht inár dtreo.

Seo an cheist dheireanach uaimse. Léigh mé tuarascáil an choimisinéara, agus tá sé soiléir agus éasca a léamh. Dár leis sin, níl RTÉ ag comhlíonadh a dhualgas, ach maidir leis an raidió, a mhalairt a bhí a bhí gceist. Níor thuig mé é sin. An féidir é sin a mhíniú dom?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Is féidir. D'fhéach muid ar an Acht Craolacháin, 2009, agus go bunúsach, dúirt an tAcht go gcaithfidh RTÉ réimse cuimsitheach clár i nGaeilge a chraoladh ar sheirbhísí teilifíse agus ar sheirbhísí raidió na heagraíochta. Léigh muid é sinn mar aon chuid amháin, go raibh an tseirbhís teilifíse mar chuid amháin agus an tseirbhís raidió mar chuid eile. Níor bhreathnaíomar go gcaithfidh réimse cuimsitheach clár a bheith ar chuile chainéal raidió atá ag RTÉ nó ar chuile chainéal teilifíse, ach go gcaithfidh sé a bheith ar sheirbhís raidió na heagraíochta agus ar a sheirbhís teilifíse. An rud atá mé ag rá, go bunúsach, ná mar gheall go bhfuil RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi chúram RTÉ agus á mhaoiniú ag RTÉ, agus gur seirbhís náisiúnta atá i Raidió na Gaeltachta chomh maith le seirbhís áitiúil, go bhfuil an dualgas sin á chomhlíonadh. Tá réimse cuimsitheach clár ar Raidió na Gaeltachta agus mar gheall air sin tá réimse cuimsitheacha clár ar sheirbhís fuaime RTÉ.

Nach ionann an loighic sin atá in úsáid ag RTÉ go bhfuil TG4-----

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Ní hionann.

Cén fáth?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Níl RTÉ ag maoiniú TG4, seachas an uair a chloig craolta a chuireann siad ar fáil. Tá sé ráite go sonrach in áit eile sa reachtaíocht go gcaithfidh RTÉ uair an chloig craoladh a chuir ar fáil do TG4. Tá an reachtaíocht an-soiléir faoi sin. Tá dualgas ar RTÉ go mbeadh réimse cuimsitheach clár ar an teilifís ó thaobh na gcainéal atá aige, agus ó thaobh TG4, tá sé ráite go gcaithfidh RTÉ uair an chloig a chur ar fáil dó ina theannta sin.

Sa bhreis.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Sea, sa bhreis. An bhfuil an Cathaoirleach liom ó thaobh an raidió agus ó thaobh na hargóinte atá ann gur bhreathnaigh muid air mar aonad? Bhreathnaigh muid ar an tseirbhís raidió, agus an raibh RTÉ ag cur réimse cuimsitheach cláir ar an tseirbhís raidió atá acu. Mar gheall ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, tá an dualgas sin á chomhlíonadh acu, ach ní sin le rá go gceapaim go bhfuil a dhóthain cláir Gaeilge ar RTÉ 1, RTÉ 2fm, agus mar sin de.

Sin an tuiscint a bhain mise amach as.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Ó thaobh an dualgais reachtúil, tá sé comhlíonta sa chás sin.

Go raibh míle maith ag an Uasal Ó Domhnaill as ucht é sin a mhíniú.

Ar mhian leis na finnéithe aon rud breise a rá?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Go raibh maith ag na comhaltaí as a gcabhair. Ardaítear ceisteanna liomsa uaireanta faoi oifigí ar nós Oifig an Choimisinéara Teanga agus an tionchar gur féidir a bheith againn. D'fhiafraigh an Teachta Ó Cuív faoi na bealaí gur féidir cinntiú go gcomhlíonann RTÉ an dualgas atá air. Ó thaobh na himscrúduithe eile atá sa tuarascáil i mbliana, mar Chomhlacht Chalafort Átha Cliath, Comhairle Contae Chorcaí, Amharclann na Mainistreach agus a leithéidí sinn, faoi láthair agus don chuid is mó, tá na moltaí atá déanta againn á gcur i bhfeidhm ag na comhlachtaí poiblí. Is maith an rud é sin. Is bocht an scéal go ndeachaigh sé chomh fada le himscrúduithe go minic, ach i mbliana ar aon nós, tá na moltaí á gcur i bhfeidhm don chuid is mó. An ceann mór, ar ndóigh, agus an ceann is tábhachtaí, ná RTÉ. Beimid níos eolaí faoi cén treo ina bhfuil sé sin ag dul an chéad uair eile a bheidh mé os comhair an chomhchoiste seo, nuair a bheidh comhfhreagras agus idirphlé tosaithe eadrainn i gceart.

Go raibh míle maith agaibh go léir. Ceapaim gur cheart dúinne an tuarascáil seo a phlé os comhair na Dála, ach déanaimid cinneadh faoi sin níos déanaí. Beidh seisiún príobháideach againn anois ar feadh cúpla nóiméad.

Chuaigh an comhchoiste isteach i seisiún príobháideach ag 5.23 p.m. agus cuireadh ar athló é ar 6.08 p.m. go dtí 4 p.m. ar an Máirt, an 18 Meitheamh 2019.
Barr
Roinn