Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán díospóireacht -
Tuesday, 5 Nov 2019

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: An tAire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeilge

Tá leithscéal faighte againn ón Teachta O’Dowd. Níl aon leithscéal eile faighte againn faoi láthair.

Táimid anseo chun plé a dhéanamh ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), go háirithe cá bhfuil an Bille sin, agus ábhair éagsúla eile a bhaineann leis an Ghaeilge. Cuirim céad míle fáilte roimh an Aire Stáit, an Teachta Seán Kyne; an tUasal Aodhán Mac Cormaic, stiúrthóir rannóg na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán; an tUasal Micheál Ó Conaire, príomhfheidhmeannach; an tUasal Sorcha De Brúch, príomhoifigeach; agus an tUasal Seán Mac Eoin, príomhoifigeach, mar ionadaithe ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Gabhaim buíochas dóibh as ucht cóip den chur i láthair a chur chugainn.

Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lán phribhléid maidir leis an bhfianaise a thabharfaidh siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt amhlaidh, ní bheidh siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith a gcuid fianaise. Ordaítear dóibh gan fianaise a thabhairt ach amháin fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tionscnaimh seo a gcuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo.

Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó maidir le hoifigeach ina ainm nó ina hainm nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Glaoim anois ar an Aire Stáit.

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Beidh orm freastal ar chruinniú den choiste pribhléid ag 5.15 p.m. mar gheall ar an méid a tharlaigh ar maidin.

Mar Aire Stáit le freagracht don Ghaeilge, na Gaeltachtaí agus na hoileáin, cuirim fáilte roimh an deis seo labhairt leis an gcoiste maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017 agus ábhair éagsúla eile a bhaineann leis an Ghaeilge.

Mar is eol don choiste, is iarracht í an Bille seo, trí na ceannteidil éagsúla, an timpeallacht a chruthú ina mbeidh ról níos lárnaí ag an teanga in obair an Stáit, go mbeidh an teanga níos feiceálaí agus go mbeidh fáil níos leithne ar sheirbhísí trí Ghaeilge.

Mar chúlra, leagadh na ceannteidil faoi bhráid na baill ag Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán agus d’fhoilsigh an coiste tuarascáil ag eascairt as an bpróiseas seo roimh shamhradh 2018. Tá an tuarascáil sin scrúdaithe ag mo Roinn i gcomhthéacs dhréachtú an Bhille. Ina theannta sin, cuireadh tréimhse chomhairliúcháin ar bun leis na páirtithe leasmhara lena n-áirítear Ranna Stáit, an Coimisinéir Teanga, Conradh na Gaeilge agus an tSeirbhís Um Cheapacháin Phoiblí. Sa tráchtaireacht a d’fhoilsigh an Coimisinéir Teanga ar chóras na scéimeanna teanga in 2017, nótáil an coimisinéir an iliomad laigí i gcóras na scéimeanna teanga. I measc na príomh-mholtaí a rinne an Coimisinéir Teanga, bhí siad seo a leanas: polasaí úr earcaíochta a chinnteodh íosmhéid foirne le cumas Gaeilge; caighdeáin chomónta i ndáil le seirbhísí trí Ghaeilge nach mbeadh bunaithe ar chóras na scéimeanna teanga; agus nasc a chothú idir phleanáil teanga agus cearta teanga lena chinntiú go mbeadh Gaeilge líofa ag oibrithe Stáit sa Ghaeltacht. Ba chóir a nótáil go mbeidh gach ceann de na trí mholadh seo a rinne an Coimisinéir Teanga san áireamh sa Bhille nua atá á dhréachtú faoi láthair.

Creidim féin agus creideann an Rialtas go láidir go mbeidh córas na gcaighdeán i bhfad níos láidre ná córas na scéimeanna agus beidh beartais bhreise sa Bhille chun cabhrú leis na heagraíochtaí Stáit a gcuid dualgas a bhaint amach. Sa Bhille nua seo, beidh sé mar ollchuspóir go mbeidh 20% de na daoine nua a earcaítear don tseirbhís phoiblí inniúil sa Ghaeilge, go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge, agus go mbeidh comhlachtaí poiblí in ann freastal ar an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Is í an earcaíocht croílár na ceiste agus táim dóchasach gur féidir tógáil, ar bhonn chéimiúil, ar líon na bhfostaithe le Gaeilge sa Státchóras agus, ag eascairt as sin, go mbeifear in ann feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge, mar is cóir. Tá oifigigh mo Roinne ag obair go dlúth i gcomhar le hOifig an Ard-Aighne chun Bille na dteangacha oifigiúla (leasú) a dhréachtú. Is Bille casta é agus tá athbhreithniú bunúsach ar an gcur chuige maidir leis an nGaeilge san earnáil phoiblí a chosaint, a neartú agus a chothú ag baint leis. Cé go bhfuil sé casta mar ábhar, táim ag súil go mbeidh sé foilsithe go han-luath sna seachtainí seo romhainn.

Ba mhaith liom freisin, aird an choiste a dhíriú ar chúpla píosa oibre fíorthábhachtach eile atá muid ag cur i gcrích faoi láthair. Mar atá ráite agam cheana, tá dualgas ar an Rialtas timpeallacht a chothú ina mbraitheann daoine muiníneach as a gcuid Gaeilge a úsáid. Tá na deacrachtaí atá ag daoine ar mian leo teagmháil a dhéanamh leis an tseirbhís phoiblí trí mheán na Gaeilge, ach nár éirigh leo sin a dhéanamh de bharr nár tugadh liosta na gcomhlachtaí poiblí atá ag teacht faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 nuashonraithe ón mbliain 2006, tugtha ar aird go leanúnach ag an gCoimisinéir Teanga. Tá ríméad orm go bhfuil dréacht-rialacháin ullmhaithe, le cúnamh ó Oifig an Ard-Aighne, tar éis comhairliúchán fada le Ranna agus le comhlachtaí poiblí eile. Cuirfidh na rialacháin sin ar ár gcumas liosta na gcomhlachtaí poiblí atá faoi réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a nuashonrú, trí thagairtí do chomhlachtaí poiblí a bhfuil deireadh tagtha leo nó atá dulta in éag ó rinneadh na rialacháin in 2016 a scriosadh, agus trí chomhlachtaí poiblí nua a thabhairt faoi raon feidhme an Achta. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an gcoiste as ucht na dréacht-rialacháin sin a cheadú, tar éis iad a bheith faomhadh ag an Rialtas, agus an próiseas sin a bhrú chun cinn. Tá glactha ag an dá Theach leis na dréacht-rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Comhlachtaí Poiblí) 2019 agus tá mo chuid oifigigh ag déanamh na socruithe cuí anois le go mbeidh mé in ann na rialacháin sin a dheimhniú.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá faoin straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus go háirithe faoin bplean gníomhaíochta don tréimhse 2018 go 2022 a foilsíodh anuraidh. I mbeagán focail, is ionann an straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus polasaí an Stáit i leith na Gaeilge agus is ionann an plean gníomhaíochta agus mapa bóthair ina ndéantar rianú beacht ann faoin méid a dhéanfaidh an Stát go ceann cúig bliana don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Is sa phlean gníomhaíochta a leagtar amach cad atá beartaithe a dhéanamh sa tréimhse go 2022 chun tuilleadh cúraim a dhéanamh den Ghaeilge agus den Ghaeltacht mar a bhaineann sé leis na naoi réimse gnímh faoi leith atá sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Ag croílár an phlean gníomhaíochta, tá na bearta comhaontaithe a leagtar amach ann. Tá breis agus 180 díobh ann, a chuirfear i bhfeidhm i gcomhar le os cionn 60 páirtí leasmhar. Ag cruinniú den choiste stiúrtha an tseachtain seo caite, pléadh dréacht den chéad tuairisc bhliantúil maidir le cur i bhfeidhm an phlean gníomhaíochta. Sa tuairisc seo, cuimsítear an tréimhse ó Iúil 2018 go Meitheamh 2019. Cé nach bhfuil an plean ar an saol ó mhí Mheithimh anuraidh, tá dul chun cinn suntasach déanta cheana féin lena chur i bhfeidhm agus tá súil agam go mbeidh an tuairisc seo réidh le foilsiú an mhí seo ar mhaithe leis an dul chun cinn sin a léiriú.

Fad agus atáimid ag fanacht le ceisteanna ó na baill, is cur i láthair dearfach é agus beidh an Bille á fhoilsiú sna seachtainí seo romhainn. An bhfuil dáta faoi leith ann? Cuireann sé beagáinín imní orm go bhfuil an Rialtas ag caint faoin mBille mar rud casta. Ní Bille casta atá i gceist. D'fhoilsigh muidne tuarascáil breis agus bliain ó shin agus ní raibh aon chastacht i gceist. An rud a chuir an imní is mó orainn ná easpa spriocdháta. Is í mo cheist shimplí ná an bhfuil dáta faoi leith ann don Bhille. Cén tseachtain nó cén bhliain a bheidh sé foilsithe? An mbeidh sé foilsithe roimh Nollaig? Níl a lán moltaí sa tuarascáil ach ar ghlac an Rialtas leo?

Ceist bhunreachtúil atá ann. Sin an fáth go bhfuil sé sách casta agus tá a lán comhairle faighte againn ó Oifig an Ard-Aighne agus tá comhairle faighte againn ó na feidhmeannaigh i mo Roinn faoi sin. Beidh an Bille foilsithe i mbliana. Beidh sé foilsithe i rith na míosa seo. Níl mé chun dáta a lua ach tá sé-----

Beidh sé foilsithe i rith na míosa seo.

Beidh. Níl mé chun dáta a lua mar tarlaíonn rudaí.

Ach tá an mhí seo á lua ag an Aire Stáit.

Tá, agus is é seo an chéad uair a bhfuil mé sásta é sin a rá go hoifigiúil. Táimid ag teacht chun crích. Tá a fhios agam nach bhfuil an coiste sásta leis an moill agus go bhfuil frustrachas ann, ach táimid ag teacht chun crích, agus mar sin tá mé sásta é sin a rá.

Ar ghlac an Rialtas leis na moltaí ón tuarascáil seo?

Ghlac muid le cuid de na moltaí. Luaigh mé na trí mholtaí ón gCoimisinéir Teanga agus beidh na baill in ann an Bille a léamh go han-luath agus beidh gach uile dhuine ar an eolas ag an am sin. Thóg muid na moltaí agus na smaointe ón gcoiste san áireamh nuair a bhí muid ag ullmhú an Bhille.

An bhfuil aon duine in ann soiléiriú a thabhairt dúinn ó thaobh na moltaí ar ghlac an Rialtas leo ón tuarascáil?

Níl an Bille foilsithe ag an Rialtas. Níor tháinig sé os comhair an Rialtais mar sin níl muid in ann é a phlé go díreach, ach mar a dúirt mé, rinne muid iarracht-----

Na trí rún Fatima arís.

-----na moltaí a thabhairt san áireamh.

Ní fhaca mé drogall riamh ar aon Teachta ceist a chur go dtí seo.

Ba chóir moladh a thabhairt don Aire Stáit mar aon uair a luadh é seo faoin mBille roimhe seo, tharla moill eile leis. Níl mé á rá sin ar eagla na heagla. Tá mé ag tnúth leis an mBille agus tá súil agam go mbeidh Bille faofa ann, nó ar a laghad, nuair atá sé foilsithe, go mbeidh muid in ann plé ceart a dhéanamh air, agus más gá mionathruithe nó mórathruithe, go dtabharfar cluas do na pointí a dhéanfaimid. Tá súil agam go mbeidh muid in ann díriú isteach air chomh tapa agus is féidir mar Oireachtas i gcoitinne toisc go bhfuil daoine ag feitheamh air chomh fada sin. Má tá sé le foilsiú an taobh seo den mhí, seans go mbeidh muid in ann éisteacht éigin a fháil sa Dáil nó sa Seanad, pé áit atá an Rialtas chun é a fhoilsiú.

Tá súil agam gur sa Dáil a bheidh sé agus ansin go mbeidh ar a laghad an Dara Céim críochnaithe againn roimh Nollaig agus go mbeidh muid ag díriú isteach air i mí Eanáir. Ní bheidh muidne ag cur aon mhoill air. Tá go leor obair déanta ann ach fós féin, caithfidh sé a bheith chomh foirfe agus is féidir. Bíonn na Billí sin casta. Is cuimhin liom go raibh an chéad Acht casta agus go raibh díospóireacht mór againn ach tá a lán den obair sin déanta le blianta agus le míonna anuas. Tá súil agam go n-éireoidh leis. Sin an méid atá le rá agam faoin mBille faoi láthair.

Gabhaim buíochas don Teachta as sin. Tá sé ar intinn againn é a thosnú sa Dáil seachas sa Seanad. Tá súil againn an próiseas a thosú chomh luath agus is féidir agus go mbeidh an deis ag an gcoiste é a phlé agus dul tríd. Tá mé sásta é sin a dhéanamh.

Gabhaim buíochas don Aire Stáit as an gcur i láthair dearfach, as an eolas agus go háirithe as an tslí go bhfuil sé ag rá go bhfuil an Bille ar deireadh le bheith foilsithe i rith na míosa. Mar a luaigh an tAire Stáit, tá frustrachas ann leis an tréimhse ama, go háirithe nuair a bhí an coiste seo tar éis brostú ar aghaidh an samhradh seo caite agus an dréacht-Bhille a chíoradh agus an tuarascáil a chur ar fáil. Gan dabht, beidh mise ag súil leis na moltaí as sin a bheith le feiceáil sa Bhille nuair atá sé foilsithe. Cé nach bhfuil an Bille foilsithe go fóill, an féidir leis an Aire Stáit a rá an mbeidh sé i gceist an 20% a bheith ann ón tús nó an mbeidh sliding scale de shaghas éigin ann? An féidir aon eolas breise a thabhairt dúinn maidir leis sin? An mbeidh sé i gcomhair gach post laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht nó cé mhéad eolas gur féidir a thabhairt air sin? Cé a bheadh ag déanamh monatóireachta air agus a leithéid? Tuigim go bhfuil a lán de na poist sin d'eagraíochtaí lasmuigh den Ghaeltacht a bheadh ag plé le daoine a chíoradh chuig na postanna sin. Conas go díreach a bheadh in aigne ag an Rialtas monatóireacht a dhéanamh ar an sprioc sin amach anseo?

Is rud dearfach é go bhfuil spriocdháta á leagadh síos thar cheann cúpla seachtain. Bí cinnte de nach mbeidh aon mhoill ó mo thaobh de. Teastaíonn uainn cúrsaí a bhrostú ar aghaidh agus a chinntiú go gcuirfear an Bille i gcrích. Táimid ag súil leis an mBille sin a fheiceáil.

Mar a dúirt mé sa ráiteas tosaigh, beidh an próiseas earcaíochta i gcroílár an Bhille. Má bhreathnaíonn an Teachta ar an méid atá déanta againn ó thaobh an mhaolaithe don teanga san Eoraip, tá dul chun cinn suntasach tagtha ar na huimhreacha le cúpla bliain anuas, mar shampla, mar gheall go bhfuil daoine ar an eolas agus mar gheall go gcreideann daoine go bhfuil rudaí ag tarlú, go bhfuil poist ar fáil agus go bhfuil obair déanta ag na feidhmeannaigh i mo Roinn agus ag Conradh na Gaeilge trí scéimeanna atá curtha ar aghaidh ag mo Roinn chun daoine a chur ar an eolas faoi. Mar shampla, tá seó bóthair ina bhfuil daoine ag dul thart go dtí na scoileanna chun na gasúir a chur ar an eolas faoi na deiseanna a bheas san Eoraip. Beimid ag déanamh an rud céanna ó thaobh an phróiseas earcaíochta de ionas go mbeidh cinnteacht go mbeidh daoine ar fáil. Beidh orainn go léir déileáil leis an gceist sin. Má tharlaíonn sé i rith na bliana nua go mbeidh 20% de na postanna ar fáil do dhaoine atá líofa sa Ghaeilge, an mbeidh na daoine sin ar fáil? Sin an cheist. Beidh obair le déanamh agus tá obair ag dul ar aghaidh. Tar éis an méid díospóireachta faoin ábhar seo, sílim go bhfuil daoine ar an eolas. Beidh obair le déanamh ag an Roinn agus ag eagraíochtaí Gaeilge chun daoine a chur ar an eolas faoi na deiseanna a bheas ar fáil. Beidh sé soiléir sa Bhille nuair a mbeidh sé foilsithe ach tá sé i gcroílár an phlean.

Bhí ceist maidir le monatóireacht freisin.

Tagraím don sprioc de 20%. An é go mbeadh sé in aigne ag an Rialtas é sin a thosú ón tús nó an mbeidh sliding scale de shaghas éigin? Cé a bheidh ag déanamh monatóireacht air, go háirithe nuair a fheictear nach na Ranna féin a bheadh ag plé leis an earcaíocht?

Fiú an monatóireacht. Conas a dhéanfaidh siad láimhseáil air?

Beidh muid ag déanamh monatóireachta trí phlean náisiúnta do sheirbhísí poiblí agus earcaíochta le Gaeilge. Beidh an plean le faomhadh ag an Rialtas agus ag an Oireachtas. Beidh ról lárnach ag na seirbhísí poiblí ó thaobh earcaíochta de. Is iadsan atá ag cur próiseas earcaíochta i bhfeidhm. Tá a lán plé déanta ag feidhmeannaigh mo Roinn leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Tá plé déanta againn le gach uile Roinn ach leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe don chuid is mó.

Más buan mo chuimhne, bhí sé seo ar an liosta A a foilsíodh. Tá a fhios agam go raibh sé ag Príomh-Aoire an Rialtais cúpla uair cheana. Mar sin, bhí sé geallta mar is é sin an liosta a chuireann an Rialtas ar fáil le geallta an reachtaíocht a bheas le foilsiú sa téarma sin. Ar nós gach uile bhall eile, fáiltím go bhfuil sé le foilsiú faoi dheireadh. Ar ndóigh, nuair a bhaineann an tAire Stáit a chaipín mar Aire Stáit sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus nuair a chuireann sé air a chaipín mar Phríomh-Aoire, beidh deis aige déanamh cinnte de go bhfaighidh sé tosaíocht sa Dáil. An bhfuil sé ar intinn ag an Rialtas go mbeadh sé seo críochnaithe leis An Dara Céim sa Dáil roimh bhriseadh na Nollag? An rud atá ann ná go bhfuil ráite ag an Taoiseach go mbeidh toghchán i mí Bealtaine seo chugainn. Má táimid ag dul ag achtú an Bille seo tríd an Dáil agus an Seanad roimh dheireadh na Dála seo beidh orainn fíor-dheifir a dhéanamh agus beidh orainn fíor-dheifir a dhéanamh nuair a thiocfaidh sé ar Chéim an Choiste agus gan dul timpeall arís agus arís eile faoi. Tá mé cinnte nach mbeidh muid go hiomlán sásta leis an méid a bheas ann ach is fearr an rud atá ar fáil anois a chur tríd ná gan rud ar bith a bheith againn tar éis ceithre bliana. Bheadh mise ag impí ar gach uile dhuine a dhéanamh cinnte go n-éireoidh linn a bheag nó a mhór leis an méid atá i gceist anseo.

Ar ndóigh, is í conspóid an lae inniu ná nach mbeidh muidne in ann leasuithe a chur síos a chuireann costas ar an Stát ar aon chaoi. Mar sin, beimid fágtha sa chaoi gur féidir linn iarraidh ar rudaí breise a dhéanamh ach glacaim leis go bhfuil an tAire tar éis dul chomh fada agus atá i gceist aige dul. Mar sin, is fearr do chuile dhuine againn dul ar aghaidh anois agus gan tuilleadh moille a dhéanamh. Tá an chéad chuid faoin Aire Stáit mar is é an Príomh-Aoire agus beidh sé in ann é a chur ar bharr an liosta tosaíochta ag an Rialtas. Ní thógfaidh sé an oiread sin ama ar an Dara Céim sa Dáil. Tá brón orm faoi sin mar ní fheicim liosta mór Teachtaí ag seasamh suas ag labhairt faoin mBille seo leis an fhírinne a insint. Tá súil agam go gcruthófar mícheart mé agus go mbeidh scuaine mór millteach ag iarraidh labhairt air ach beidh mé ag fanacht. Ansin, tá sé suas fúinn istigh sa choiste anseo, tá sé faoin Aire Stáit a bheith ar fáil chun é a phlé agus tá sé fúinn go léir é a chur ar ais go dtí an Dáil agus é a chríochnú agus a achtú. Ar a laghad beidh rud éigin bainte amach againn roimh dheireadh théarma na Dála seo.

Tagraím don straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Ag breathnú ar an mórfheachtas faoin mbliain 2022, beidh sé 12 bliain ó cuireadh ann don straitéis 20 bliain don Ghaeilge.

Cuireadh ceist orm go macánta an bhfuil mórán dul chun cinn déanta ag an nGaeilge sa tír seo ó foilsíodh an straitéis ag deireadh 2010. Sin naoi mbliana ó shin seachas 12, ach tá plean ann don trí bliana amach romhainn freisin. Déarfainn nár déanadh dul chun cinn, cé gur déanadh rudaí áirithe. Molaim an polasaí oideachais Gaeltachta agus na pobail atá ag tabhairt faoi phleanáil teanga. Ní chuirtear ach méid beag airgid ar fáil do phleanáil teanga, agus goideadh cuid de sin ó rudaí eile a bhí á dhéanamh sa Ghaeltacht. Ní féidir a rá go fírinneach go ndearna an Rialtas aon iarracht mhór nó gur tharlaigh borradh mór sa Ghaeilge dá bharr. Ní bheidh aon fhás ceart ar an nGaeilge gan iarracht mhór ón Rialtas. Tá mé buartha faoi sin.

Bhí mé ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta ar maidin agus bhí daoine ag caint faoi chiorruithe in RTÉ. Tá ráflaí ann go mbeidh ciorruithe le déanamh ar an soláthar bídeach atá ag Raidió na Gaeltachta. D’fhoilsigh an Coimisinéir Teanga tuarascáil faoin méid atá á dhéanamh ag RTÉ maidir leis an nGaeilge, go mór mór ar an teilifís. Níl mórán ar bun ó thaobh an raidió de, agus ó thaobh Raidió na Gaeltachta, feictear domsa nár tháinig aon fhorbairt ar an stáisiún le deich mbliana anuas. Níor cuireadh raidió na n-óg náisiúnta ar fáil riamh. Shílfeá go mbeadh dualgas ar an gcraoltóir náisiúnta cinntiú go dtarlódh sé sin. Bhí sé sin agus go leor rudaí eile luaite sa straitéis. Feicim rudaí ar gach leathanach den straitéis nach bhfuil á dhéanamh níos mó nó nach bhfuil sé i gceist a dhéanamh. Mar sin, ní dóigh liom go bhfuil an dearcadh chomh sláintiúil sin ó thaobh na Gaeltachta de. Is trua liom é sin a rá, ach sin an mothú atá agam.

Luafaidh mé rud amháin eile. Aontaím nach fiú reachtaíocht a scríobh mura gcuirtear i bhfeidhm í. Tá sé éasca reachtaíocht uaillmhianach a scríobh, ach mar a chonaic muid cheana, tá nós ag eagraíochtaí rudaí a dhéanamh leis an nGaeilge nach ndéanfar le haon earnáil eile, agus tabharfaidh siad neamhaird ar rudaí nach bhfeileann iad. Caithfear gach foráil den Acht a chur i bhfeidhm ó thaobh na hearcaíochta de. Níl aon mhaithe ansin mura bhfuil na gnéithe eile ar fáil freisin, sé sin, ionaid scoile trí Ghaeilge atá ar ardchaighdeán. Is gá córas earcaíochta do na cúrsaí tríú leibhéal agus ollscolaíocht trí Ghaeilge a chur ar fáil. Níl a dhóthain ann sa mhéid suarach atá ar fáil i lár na huaire, idir NUIG agus an méid beag atá ag Fiontar i DCU. Caithfidh na poist a bheith ann agus caithfidh gach rud a bheith ceangailte. Tá an ceart ag an Aire Stáit maidir leis sin. Ní mór a thaispeáint do dhaoine óga atá ag fágáil na scoile go bhfuil deiseanna dochreidte ann ó thaobh na Gaeilge de mar ghairm i réimsí na cumarsáide, sna seirbhísí poiblí agus mar sin de. Aontaím leis an Aire Stáit go gcaithfear é sin a chur ar a súile. Chomh maith leis sin, caithfidh rogha cúrsaí a bheith acu freisin. Ní fhéadfaimid a bheith sásta le cúrsa amháin nó péire trí Ghaeilge. Caithfidh rogha cúrsaí a bheith ar fáil, agus caithfidh deis a bheith ag daoine Gaeilge agus leigheas, innealtóireacht, nó ailtireacht a staidéar, chun go mbeidh daoine cáilithe sna gairmeacha éagsúla leis an Ghaeilge acu go foirfe.

Tá sé ráite agam go minic gur eisceacht amach is amach sa tír seo an duine nach mbíonn Gaeilge aige nó aici ag 22 bliain a thugann an Ghaeilge leis nó léi go foirfe ina dhiaidh sin. Tá daoine ann agus tá aithne agam ar chuid acu, ach ní rud coitianta é. Tá na ranganna Gaeilge do dhaoine fásta sna seirbhísí poiblí go deas dóibh siúd ach ní chuireann sé aon seirbhís ar fáil. Is rud deas é agus go gcuireann siad eolas ar a dteanga féin, ach níl maitheas ar bith ag baint leis ó thaobh seirbhísí a chur ar fáil sa teanga sin. Níl mórán daoine feicthe agam a d’éirigh leo caighdeán sách ard a bhaint amach trí ranganna mar sin chun seirbhísí laethúil a chur ar fáil trí Ghaeilge.

Gabhaim buíochas leis an Teachta agus molaim an obair a rinne sé mar Aire don Ghaeltacht agus don Ghaeilge ó thaobh an chéad Acht agus tús a chur leis an bpróiseas seo. Tríd an obair atá déanta ag feidhmeannaigh sa Roinn anois, beimid in ann feabhas a chur air sin agus an dara céim a chríochnú roimh an Nollaig. Beimid sásta é sin a thosú go luath. Tiocfaidh sé ar ais ag an gcoiste ansin chun an chéad chéim eile a thógáil.

Luaigh an Teachta an straitéis. D’fhoilsigh a pháirtí an straitéis tar éis tréimhse fhada le linn a bhliain dheireanach sa rialtas. Nuair a thosaigh muid ag cur an straitéis sin i bhfeidhm, ní raibh eacnamaíocht na tíre sách maith chun an infheistíocht a theastaigh uaidh a dhéanamh. Tá a lán rudaí curtha i bhfeidhm againn. Luaigh an Teachta an polasaí oideachais. Sin rud fíorthábhachtach a d’fháiltigh gach duine. Molaim chuile dhuine a bhí páirteach sa pholasaí sin.

Luaigh an Teachta Acht na Gaeltachta. Tá a fhios agam nach raibh sibh sásta leis sin, ach bhí an teanga lárnach san Acht sin-----

Níor luaigh mé é mar nach bhfeicim aon dul chun cinn ach dul ar chúl a bhí san Acht sin.

Bhí na pleananna teanga lárnach san Acht agus tá dul chun cinn suntasach déanta sna pleananna sin chun comhpháirtíocht a chruthú idir an pobal agus eagraíochtaí Stáit mar an Roinn, Údarás na Gaeltachta, an Chomhairle Ealaíon agus grúpaí eile.

Luadh an maolú don Ghaeilge san Aontas Eorpach sa straitéis. Rinne an Rialtas cinneadh deireadh a chur leis an maolú faoi dheireadh 2021 agus tá dul chun cinn suntasach déanta againn ansin.

Tá infheistíocht déanta againn freisin. Luaigh an Teachta an córas RTÉ. Labhraíonn Conradh na Gaeilge agus grúpaí eile ar Raidió Rí-Rá go minic, agus táimid ag cur €75,000 ar fáil do Raidió Rí-Rá mar stáisiún don aos óg. Tá an stáisiún sin tar éis forbairt a dhéanamh le blianta beaga anuas agus beidh sé ag oscailt stiúideonna nua i nGaillimh agus i gCorcaigh go luath.

Tá liúntas suas le €3.6 milliún curtha ar fáil againn le haghaidh scéim na gcúntóirí teanga. Tá sé seachtaine breise curtha ar fáil don scéim sin freisin. Chuir an Teachta Ó Cuív tús leis an scéim sin agus tá sí ag obair go han-mhaith. Táimid ag cur leis an scéim sin.

Tá ról tábhachtach ag na mná tí agus bhí muid ag breathnú ar chaoi chun cabhrú leo, agus chun cabhrú leis an ollscolaíocht agus na rudaí a theastaíonn ansin. Luadh an scéim semester sa Ghaeltacht, atá fíorthábhachtach ó thaobh Erasmus Gaeltachta.

Tá a lán oibre déanta againn. Luafar na rudaí seo sa tuairisc a bheidh foilsithe go luath maidir leis an gcéad bhliain de phlean gníomhaíochta na straitéise. Beidh deis againn é a phlé arís am éigin ina dhiaidh sin.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Tiocfaidh mé ar ais ag na comhaltaí má tá tuilleadh ceisteanna acu.

Is iontach an rud é go bhfuil an tAire Stáit anseo agus go mbeidh an Bille foilsithe i rith na míosa seo. D’úsáid muid ár bhfuinneamh chun brú a chur ar an gcóras é sin a fhoilsiú ach tá neart rudaí eile le plé againn. Is tús é an Bille a fhoilsiú. Cén uair a shíleann an Aire Stáit go mbeidh an dlí i bhfeidhm? Sin ceist shimplí agus díreach. Cén uair a bheidh an dlí i bhfeidhm?

Cén sórt oibre atá déanta maidir leis na hathruithe atá le teacht ó na Ranna uile? Tá a fhios againn gur theip ar na scéimeanna teanga go tubaisteach. Tá sé sin ráite go soiléir ag an gCoimisinéir Teanga seo agus ag an iar-choimisinéir ag dul siar go 2008. Cén sórt oibre atá déanta maidir leis na hathruithe? Cuireann sé olc orm go bhfuil am curtha amú leis na scéimeanna teanga agus go bhfuil eagraíochtaí éagsúla i mbun oibre faoi láthair ag eagrú scéimeanna teanga. Tá deireadh leo. Tá siad teipthe.

Tá an tAire Stáit anseo mar gheall ar an mBille ach tá sé anseo maidir le hábhair eile a bhaineann leis an nGaeilge freisin. Is rud iontach dearfach í an straitéis 20 bliain ach tá cáineadh láidir déanta ag a lán grúpaí nach leor í. Tá sí dearfach agus tá gá léi, ach ní théann sí i ngleic leis an ngéarchéim Gaeilge sna Gaeltachtaí. Chomh maith leis sin, níor cuireadh an straitéis i bhfeidhm. Níl mé ag iarraidh dul ar ais ar an stair, ach de bharr sin, foilsíodh plean gníomhaíochta faoi dheireadh agus tá spriocanna faoi leith ann.

Cé chomh minic a thagann an coiste stiúrtha le chéile? An bhfuil na miontuairiscí le feiceáil go poiblí? Cén aidhmeanna atá ar an gclár oibre aige? Cad atá á dhéanamh, cé atá ar an gcoiste agus cé chomh minic a thagann sé le chéile?

Feicim ó ráiteas tosaigh an Aire Stáit go bhfuil tuarascáil le foilsiú. Ba mhaith liom soiléiriú a fháil maidir leis sin freisin. Nuair a chríochnaíonn an seisiún seo beimid ag díriú isteach ar thuarascáil faoin toscaireacht a rinne muid go Gaeltacht Mhaigh Eo. Is fiú í a léamh, cé nach bhfuil sí foilsithe fós againn. Is léiriú í ar na fadhbanna atá ag muintir ar an talamh ó thaobh na Gaeilge de agus tagann na téamaí coitianta suas arís agus arís: an daonra ag laghdú, easpa post, an iomarca freagracht ar an bpobal áitiúil agus easpa áiseanna do dhaoine óga. Tá na téamaí céanna ag teacht suas arís agus arís. Fiafraím ar an Aire Stáit cúpla focal a rá faoi sin.

De réir mar a thuigim ó thuairiscí, thug an Roinn airgead amach d’eagraíochtaí éagsúla, Foras na Gaeilge san áireamh, ach níor caitheadh an t-airgead sin. An bhféadfadh an tAire Stáit soiléiriú a thabhairt dúinn faoi sin freisin. Cén fáth nár caitheadh an t-airgead agus eagraíochtaí eile ag streachailt ar an talamh? Tá ceithre nó cúig cheist ansin don Aire Stáit chun díriú isteach orthu.

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Maidir leis an mBille, beidh sí foilsithe roimh an Nollaig: níl fhios agam an mbeidh an Dara Céim críochnaithe roimh an Nollaig. Ansin beidh sé suas don choiste seo agus-----

Ní bheidh aon drogall ar an gcoiste seo déileáil leis. Cén uair ar mhaith leis an Aire Stáit an Bille a fheiceáil mar reachtaíocht?

Chomh tapa agus is féidir. Mar a dúirt an Teachta Ó Cuív, caithfimid cinntiú go dtéann an Bille tríd Thithe an Oireachtais roimh aon toghchán.

Roimh aon toghchán.

Tá sé sin tábhachtach. Níl sé suas domsa cén uair a bheidh an toghchán ar siúl, ach luadh Meitheamh. Nuair a fhoilsítear an Bille, imeoidh muid tríd go tapaigh.

Bhí an cruinniú is deireanaí ag an gcoiste monatóireachta an tseachtain seo caite.

Cé chomh minic a thagann an coiste sin le chéile, agus an bhfuil na miontuairiscí ar fáil go poiblí?

Foilsítear na miontuairiscí ar shuíomh na Roinne agus cuirtear iad chuig an coiste freisin. Bhí an cruinniú is deireanaí ar siúl an tseachtain seo caite.

Cé mhéad cruinniú a bhí ann roimhe sin?

Trí cinn ina iomlán a bhí-----

Sin an tríú cruinniú an bhliain seo.

Gabh mo leithscéal, bhí ceithre cinn ann.

B'shin don bhliain seo.

Sin ó foilsíodh an plean gníomhaíochta.

Foilsíodh é i Meitheamh 2018. Tháinig an coiste stiúrtha le chéile ceithre huaire ó foilsíodh an tuarascáil sin.

Tá na Ranna Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta; Oideachais agus Scileanna; Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe; Leanaí agus Gnóthaí Óige; agus Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge mar bhaill den choiste sin. Tá sé tábhachtach go bhfuil an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag suí ar an gcoiste mar is í atá i gceannas ar earcaíocht. Tá sé fíorthábhachtach go mbeidh ról lárnach aici sa choiste monatóireacht agus go mbeidh sí sásta leis na pleananna atá againn. Bhí próiseas comhairliúchán fada idir na feidhmeannaigh sa Roinn seo agus chuile rannóg, go háirithe an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, mar sin tá sé tábhachtach go bhfuil sí sásta leis na rudaí atá molta ag an gcoiste.

Beidh an tuarascáil á foilsiú go luath agus tabharfaidh sí léargas ar an gcéad bhliain iomlán den phlean gníomhaíochta, ó Mheitheamh 2018 go Meitheamh 2019.

Cén uair a bheidh an-----

Taobh istigh de mhí.

Roimh dheireadh na míosa seo.

Sea. Tá an scéal maidir le Foras na Gaeilge sórt casta agus b’fhéidir nach raibh an t-eolas uile soiléir ag an am. Chaith Foras na Gaeilge beagnach an méid iomlán a bhí ceadaithe faoi ré an chórais trasteorann, is é sin €11,087,184. Bhí €175,650 fágtha gan a bheith tarraingthe anuas ag deireadh na bliana. De bharr liúntas ar rátaí malartú airgeadais bhí róchaiteachas de €11,926 ag Gníomhaireacht na hUltaise ar bhun soláthar na heagraíochta sin. In 2018 bhí maoiniú teagasc breise ar fáil i bpáirt D de Vóta na Roinne, faoina gcuirtear maoiniú ar fáil don fhoras teanga. Bhí an maoiniú breise seo ar fáil faoi réir an chórais trasteorann. Ceadaíodh maoiniú do thionscadail a reáchtáil do bhliain na Gaeilge i 2018 agus d’fhorbairt oifigí Ghníomhaireacht na hUltaise taispeántais i Rath Bhoth.

Maidir leis na pinsin sa dá eagraíocht, is íocaíochtaí reachtúla atá i gceist leo. Tá sé deacair caiteachas orthu a mheas go cruinn ag tús na bliana. Níor tháinig an riachtanas pinsin chun cinn ag an méid a bhíothas ag tuar le linn 2018. Anuas air sin, bhí fochaiteachas ar an gclár Cholmcille agus ar fhorbairt taispeántais Ghníomhaireacht na hUltaise i Rath Bhoth. Ag eascairt as seo uile, bhí €702,897 fágtha ag deireadh na bliana.

Aistreofar €500,000 de sin go dtí 4C(9) de Vóta na Roinne le caiteachas ar sheirbhís iompair oileáin agus chuaigh an fuílleach de €202,897 ar ais go dtí an Státchiste. Tá sé sin sách casta agus táim sásta é sin a chur i scríbhinn don choiste i nóta.

Tiocfaidh mé ar ais go dtí sin. Bhí ceist eile agam maidir leis an saghas oibre atá déanta go dtí seo maidir leis an struchtúr nua ar chaighdeán na teanga seachas na scéimeanna. An bhfuil aon obair réamhdhéanta?

Bhíomar i dteagmháil go minic maidir le hullmhú an Bhille seo leis an gCoimisinéir Teanga ó thaobh a chuid smaointe, moltaí an choiste agus grúpaí éagsúla cosúil le Conradh na Gaeilge.

Le cúnamh Dé beidh an tAcht ann. Ach cén sórt oibre atá á déanamh faoi láthair? An bhfuil eagraíochtaí ag leanúint ar aghaidh le réiteach scéimeanna teanga?

Is seafóid atá i gceist leis sin, nó am amú.

Is é sin an dlí mar atá sé faoi láthair. Caithfidh siad leanúint ar aghaidh leo go dtí go mbeidh Bille nua ann.

Nach bhfuil an Roinn i dteagmháil leis na Ranna éagsúla agus leis na heagraíochtaí uile á rá go bhfuil an Bille ag teacht síos an bóthar agus réamhullhúchán a dhéanamh?

Tá ach is é sin an dlí mar atá sé faoi láthair agus caithfidh siad leanúint ar aghaidh leo.

Ar mhiste le haon chomhalta teacht isteach le cúpla ceist anois? Tiocfaidh mé ar ais chucu.

Tá ceist agam maidir leis an mBille féin agus an dul chun cinn ar a bhfuil an tAire Stáit ag brath. Nuair a bhí me ag éisteacht leis an bhfreagra deireanach ón Aire Stáit cúpla nóiméad ó shin, bhraith mé uaidh nach raibh sé cinnte nó dóchasach go mbeadh an Dara Céim bainte amach ag an mBille roimh dheireadh na bliana. An bhfuil sprioc aige ina aigne mar gheall air nó an bhfuil cúis faoi leith le nach mbeadh sé cinnte nó dóchasach faoi sin nó b’fhéidir go bhfuil éagóir á dhéanamh agam air faoi sin. An bhfuil sá mar sprioc aige go mbeidh an Dara Céim bainte amach ag an mBille roimh dheireadh na bliana agus go mbeimis ag brú ar aghaidh ansin?

Baineann an cheist eile leis an straitéis agus go háirithe leis an bplé a bheadh aige leis an Aire Oideachais agus Scileanna mar bheadh ról lárnach ag an Roinn sin ann. Maidir leis an gcóras nua i dtaca leis an díolúine dóibh siúd nach bhfuil ag déanamh staidéir ar an nGaeilge, an raibh plé aige leis an Aire Oideachais agus Scileanna roimhe nó ó shin? An mbraitheann sé go bhfuil aon bhaol go bhfuil é sin ag teacht salach ar an straitéis sa mhéid is go bhfuil sé ag laghdú an líon daoine a bheadh ag déanamh staidéir ar an nGaeilge? Cheana féin, tá dhá thrian de na daoine céanna a bhfuil ag éileamh na díolúine seo ag déanamh staidéir ar theangacha eile. Tá sé soiléir go bhfuil siad compordach le teangacha eile. An bhfuil sé sásta nó an ndearnadh aon phlé leis an Aire Oideachais agus Scileanna mar gheall air sin agus an baol sin go mbeadh sé ag teacht salach ar an straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus na hiarrachtaí chun líon na nGaeilgeoirí a chur chun cinn.

Is rud sórt casta é sin. Tháinig moladh ón Aire Oideachais agus Scileanna seo os comhair an Rialtais go raibh sé chun próiseas comhairliúcháin a thosú maidir leis an maolú seo. Tharla an próiseas comhairliúcháin ansin agus bhí cainteanna idir an Roinn Oideachais agus Scileanna agus chuile Roinn, an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ina measc. Is ceist dhíreach é sin chuig an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir leis an maolú sin. Níl ról ag ár Roinn san ábhar sin.

Glacaim leis nach bhfuil ról ag an Aire Stáit maidir le gnó an Roinn Oideachais agus Scileanna ach tá ról ag Roinn an Aire Stáit maidir leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus aon spriocanna a bheadh ansin. Dá mba rud é go raibh Roinn eile ag déanamh rud éigin a bheadh éifeacht aige ar an straitéis, shamhlóinn go mbeadh an tAire Stáit nó a Roinn ag troid ar son na straitéise. An ndearnadh plé ar an ábhar sin nó ar cuireadh an cás chuig an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir le haon éifeacht a bheadh ag an díolúine ar an straitéis 20 bliain don Ghaeilge?

D'fhágamar é seo don Roinn Oideachais agus Scileanna agus thosaigh an Roinn sin an próiseas comhairliúcháin. Fuair sí moltaí ó a lán eagraíochtaí agus tháinig an díolúine os comhair an Rialtais agus ghlac an Rialtas leis an méid a mhol an tAire, an Teachta McHugh.

Is beag nó b'fhéidir nach raibh aon phlé ar an éifeacht ar an straitéis, an é sin a thuigeamar uaidh seo?

Ní raibh aon phlé go díreach liomsa ar aon nós. Táim sásta a rá arís go bhfuil mé cinnte go mbeidh an Dara Céim den Bhille críochnaithe roimh an Nollaig mar a luaigh mé leis an Teachta Ó Cuív níos luaithe.

Gabhaim buíochas leis an Teachta.

Ag tús na straitéise bhí sé molta go mbeadh coiste ar leith feidhmiúcháin faoi chathaoirleacht an Taoisigh. Bhí sé sin lárnach don rud ar fad, chun an rud díreach a bhfuil an Teachta Ó Muineacháin ag caint faoi a sheachaint, is é sin go mbeadh dul chun cinn á dhéanamh ag Aire amháin agus an talamh a bhaint de ag an Aire eile. An bhfuil a leithéid de choiste feidhmiúcháin ann mar a moladh agus mar a bhí leagtha ach sa straitéis agus an bhfuil an Taoiseach ina chathaoirleach air? B'shin bunchloch ó thaobh fheidhmiú na straitéise agus tá sé leagtha amach i ndubh agus bán ann. Is fadhb í don Ghaeilge i gcónaí sa mhéid is go bhfuil duine amháin ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh agus an chuid eile den Stát ag iarraidh, agus ag déanamh, dochair.

Cén príomhoide sa tír atá in ann dul isteach agus díolúine a dhiúltú? Tá sé cosúil le fíricí casta go gcaithfidh sé sin na teastais tinnis a shíniú seachas dochtúir neamhspleách. Bheadh an dochtúir sáinnithe sa chás sin. De réir mar a thuigim, ón méid atá á rá ag an Aire Stáit seachas coiste ar leith a bheith ann tháinig sé faoi bhráid an Rialtais uile, lá go raibh b'fhéidir 30 nó 40 rud eile ar chlár an Rialtais, agus b’fhéidir uair go leith no dhá uair le gach rud a phlé. Is léir nár smaoiníodh ar impleachtaí an chur chuige atá á chur i bhfeidhm ag an Aire Oideachais agus Scileanna. Ag deireadh an lae is é seo tús dheireadh na Gaeilge a bheith á múineadh mar atá an Béarla. Caithfear cuimhneamh air go múintear Béarla do gach uile ghasúr sa tír. Níl aon díolúine ón mBéarla is cuma cé tú féin. Múintear Béarla do gach uile dhuine gan eisceacht ach is é seo tús dheireadh an scéil ó thaobh mhúineadh na Gaeilge mar níl sé féaráilte ar phríomhoidí na scoile go gcaithfidh siadsan breithiúnas a dhéanamh an dtabharfar díolúine nó nach dtabharfar.

Is ceist é sin don Aire Oideachais agus Scileanna.

Chuir mé ceist ar an Aire Stáit mar go bhfuil sé i bhfeighil na straitéise, nach bhfuil?

An bhfuil an coiste sin bunaithe faoin straitéis a bhí leagtha amach?

Níl coiste bunaithe agus, mar a luadh, níl a leithéid de choiste a bhfuil an Taoiseach air. Tagann tuarascáil ón Roinn os comhair an Rialtais ó am go ham chun an dul chun cinn sa straitéis a mheas. Tá an córas nua níos éifeachtaí. Tá coiste stiúrtha, coiste comhairleoireachta, plean gníomhaithe agus tuarascáil bhliantúil. Is é sin an próiseas atá leagtha amach ag an Rialtas.

Cé atá ar an gcoiste stiúrtha?

Tá sé ráite aige.

Gabh mo leithscéal. Tá brón orm; níl an Wi-Fi ag obair agus bhí me ag iarraidh a fháil amach cén t-am a bhí an cruinniú-----

Gabh mo leithscéal ach an é sin an coiste stiúrtha ó thaobh-----

Is é sin an coiste stiúrtha maidir le cur i bhfeidhm an phlean.

Is é sin an ról faoi leith atá ag an gcoiste sin agus níl aon ról eile aige ach an plean gníomhaíochta a chur i bhfeidhm agus monatóireacht a dhéanamh air.

Cé atá ar an gcoiste sin?

Tá sé ráite cheana féin.

Tá sé comhdhéanta den Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus an Roinn Oideachais agus Scileanna.

Is é an fáth ar moladh é - pléadh é seo go mion nuair a cumadh an straitéis - ná go raibh an tuairim ann dá bhfágfaí mar sin é, agus dá mbeadh Ranna eile ag déanamh neamhaird ar an straitéis, nach mbeadh an láidreacht ag an Roinn is a bheadh ag an Taoiseach lena rá nach raibh rud á dhéanamh, nach bhfuil sé nó sí sásta leis agus nach bhfuil sé inghlactha. Is é sin an fáth a bhí leis an moladh. Caitheadh go leor, leor ama - agus tá a fhios ag an bhfear atá le taobh an Aire Stáit gur caitheadh go leor ama - agus dúthrachta ag plé leis seo. Ní de thaisme a cuireadh ann é. Bhí a fhios againn go maith céard a tharlódh mura mbeadh ordú ón mbarr agus an ról atá ag an Taoiseach agus cén fáth nach bhfuil an Taoiseach lárnach sa scéal ó thaobh chur i bhfeidhm na straitéise mar a bhí ní hamháin molta, ach leagtha amach go soiléir, sa straitéis féin.

Níor chuir mé ceist ar an Taoiseach a bheith ina chathaoirleach ar aon choiste. Is é sin an struchtúr atá ag an Rialtas faoi láthair agus an struchtúr a bhí ann nuair a tháinig an Taoiseach seo isteach sa ról atá aige. Tá an-mheas ag an Taoiseach ar an nGaeilge agus cuireann sé an-bhéim uirthi agus cuireann sé mórán ceisteanna orm maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla agus tá sé an-tógtha leis an nGaeilge agus déanann sé chuile iarracht í a labhairt. Táimid sásta leis an struchtúr atá leagtha amach agus go bhfuil an mhonatóireacht ag dul ar aghaidh. Tá sé fíor-thábhachtach go bhfuil an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag feidhmiú ar an gcoiste sin mar tá ról earcaíochta aici sa tseirbhís phoiblí. Aontaíonn an Roinn sin leis an méid atá molta ag feidhmeannaigh mo Roinne féin agus go raibh próiseas comhairliúcháin fada aici i mbun ullmhaithe an Bhille sin maidir leis an próiseas earcaíochta. Tá sé fíorthábhachtach agus ina chroílár den Bhille.

Tá an Bille tábhachtach. Tá an straitéis 20 bliain don Ghaeilge tábhachtach. Tá an mórphictiúr i bhfad níos tábhachtaí agus is é sin an fhadhb. Tá an t-uafás tuarascálacha foilsithe againn mar choiste de bharr ár gcuairteanna ar fud na tíre. Is fiú breathnú ar na téamaí céanna a tháinig chun cinn arís is arís eile. Tá sé thar a bheith soiléir dúinn mar choiste go bhfuil géarchéim ann. Aontaím agus is dócha go n-aontaíonn baill an choiste go bhfuil géarchéim ó thaobh na Gaeilge de sna Gaeltachtaí, in ainneoin an pholasaí iontaigh a d'fhoilsigh an Rialtas agus an Roinn Oideachais agus Scileanna.

Tá a fhios agam go bhfuil cruinniú eile ag an Aire Stáit ar 5.15 p.m., ach ba mhaith liom díriú isteach arís ar an mBille. Is é an pointe atá á dhéanamh agam ná go bhfuil gá le coiste ar leibhéal eile leis an Taoiseach i gceannas air chun ceannaireacht a thaispeáint agus chun an ghéarchéim a aithint, chomh maith leis an gcoiste stiúrtha ó thaobh an phlean gníomhaíochta de atá ann.

Maidir leis an mBille seo, tá sé ag díriú isteach go mbeidh inniúlacht sa Ghaeilge ag 20% de fhostaithe nua i ngach post. Maidir leis an gcóras inmheánach, céard atá i gceist ag an Aire Stáit maidir leis na daoine atá ann a bhfuil Gaeilge acu nó nach bhfuil Gaeilge acu ach a bhfuil sásta í a fhoghlaim? Cén sórt plean gairme atá ag an Roinn do na daoine sin mar ní féidir an Ghaeilge a chur chun cinn ag brath ar an 20% de réir a chéile? Tá a fhios againn go mbeidh fadhbanna ann. Is iontach an teoiric é ach tá gá le réitigh eile. Tá na daoine atá laistigh den chóras thar a bheith tábhachtach. Níl bealach gairme os comhair na ndaoine a bhfuil ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid. Tá gá le réitigh i ngach uile áit.

B'fhéidir gur bean shoineanta mé, ach tá airgead ag dul ar ais go dtí an Státchiste de bharr nach bhfuil sé caite ag Foras na Gaeilge. An féidir an t-airgead sin a thabhairt, le Vóta ón Dáil, do na heagraíochtaí atá ag streachailt ar an talamh?

Críochnóidh mé leis an bpointe seo faoi na tuarascálacha atá foilsithe againn mar is fiú breathnú orthu. Mar shampla, is iontach go bhfuil síneadh i gceist ó thaobh tuilleadh seachtainí maidir le scéim na gcúntóirí teanga. Is é an rud atá á lorg ag chuile dhream ar an talamh ná go mbeadh an scéim sin ag feidhmiú ar feadh na bliana mar nach bhfuil aon chinnteacht go mbeidh airgead á fháil ag na cúntóirí teanga ar feadh na bliana.

Ar an gceist dheireanach sin, tá socrú trí bliana-----

Is é sin ar feadh tréimhse ghairid ach ní ar feadh na bliana.

Is cinnteacht trí bliana atá ann. Is feabhas é sin ar an rud a bhí ag tarlú roimhe, is é sin go raibh cinneadh á dhéanamh ó bhliain go bliain agus go mbeadh moill ar an gcinneadh. Bhí sé luaite sa Dáil nuair a bhí mé i m'Aire Stáit den chéad uair go raibh moill sa bhfómhar ach nach raibh cinnteacht ag na cúntóirí an raibh poist acu. Tá cinneadh déanta agus tá airgead curtha ar fáil ar feadh tréimhse trí bliana agus go bhfuil sé seachtaine sa bhreis curtha ar fáil.

Ó thaobh cheist an Chathaoirligh ar an nGaeltacht ina iomlán, agus go mór mór na ceantair iargúlta faoin tuath agus na fadhbanna atá acu, aontaím go bhfuil fadhbanna i neart áiteanna ó thaobh an daonra a bheith ag titim agus go bhfuil easpa deiseanna seirbhísí agus rudaí mar sin ag cuid acu. Caithfimid na pleananna ina n-iomlán ón Rialtas a chur san áireamh ansin. Mar shampla, táimid ag iarraidh - cé go mb’fhéidir go bhfuil daoine ina aghaidh - infheistíocht €3 billiún a chur ar fail ar chóras leathanbhanda do gach uile cheantar, don Ghaeltacht agus do cheantair taobh amuigh den Ghaeltacht.

Níl aon duine ina aghaidh ach tá siad buartha faoin gcostas. Ní mór dúinn a bheith cruinn.

B'fhéidir go bhfuil siad in aghaidh an phróisis.

Tá siad in aghaidh an chostais.

Tá siad in aghaidh an chostais de €3 billiún in ainm Dé. Ní raibh ach €2 billiún i gceist.

Is mór an trua gur díoladh Telecom Éireann, ar aon nós, mar bhí an infreastruchtúr ann.

Táimid ag iarraidh deiseanna a chruthú in gach uile áit faoin tuath, na ceantair Ghaeltachta ina measc. Tá a fhios agam, b’fhéidir nach bhfuil an coiste sásta leis an méadú ar bhuiséad an údaráis agus nach bhfuil a dhóthain ann. Tá méadú ó bhliain go bliain agus táimid imithe suas go €10 milliún agus tá deiseanna ag Údarás na Gaeltachta leis an gcomhpháirtíocht atá á déanamh leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Bhí an Cathaoirleach i láthair ag an oscailt oifigiúil de GTeic sa Spidéal. Is áis iontach atá ansin maidir le húsáid na teicneolaíochta nua agus tá pleananna ag an údarás trasna na nGaeltachtaí.

Táimid ag leanúint ar aghaidh leis an bpolasaí do na hoileáin. Is é seo an chéad uair ó 1998 go mbeidh straitéis nó plean iomlán an Stáit acu. Bhí an Cathaoirleach, an coiste agus an freasúra ag lorg straitéise ar feadh na mblianta. Tá an próiseas sin tosaithe. Bhí an chéad chruinniú againn agus beidh an chéad chruinniú eile againn an tseachtain seo chugainn. Ansin, beidh muid ag dul amach go dtí gach uile oileán chun próiseas comhairliúcháin a dhéanamh ar an dréacht-phlean. Ansin beidh an plean oifigiúil á fhoilsiú in 2020.

Táimid ag leanúint ar aghaidh le polasaithe do na ceantair iargúlta agus faoin tuath.

An féidir an cheist dheireanach a fhreagairt maidir leis an bhfoireann atá ann cheana féin agus céard atá ann di chun an Ghaeilge a fhoghlaim nó do na daoine a bhfuil Gaeilge acu chun dul ar aghaidh?

Cuirimid acmhainní ar fáil d'eagraíochtaí cosúil le Conradh na Gaeilge agus Gaelchultúr chun ranganna agus rudaí mar sin a reáchtáil. Táimid ag iarraidh rudaí a chruthú le go mbeidh deis ag gach uile dhuine seirbhísí a bheith ar fáil dóibh ón Stat trí mheán na Gaeilge.

Sin an fáth go bhfuilimid ag brú ar aghaidh leis an Acht, sa chaoi go mbeidh daoine sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di in ann an Ghaeilge a úsáid. Sin an fáth go bhfuilimid ag leanúint ar aghaidh leis an bpróiseas earcaíochta agus ag iarraidh na deiseanna sin a chruthú. Táimid ar iarraidh atmaisféar a chruthú do dhaoine ina mbeidh siad sásta an Ghaeilge a úsáid má tá sí acu agus go mbeidh na seirbhísí sin ar fáil dóibh.

An ndúirt an tAire Stáit go mbeidh an polasaí do na hoileáin á fhoilsiú an bhliain seo chugainn?

An plépháipéar.

Ní an polasaí ach an plépháipéar atá i gceist. Is rud maith é an coiste ach ní rud maith é nach bhfuil muintir na n-oileán mar bhaill de. Sin díospóireacht eile, ach ní féidir gan é a rá. In ainneoin na rudaí dearfacha atá á dhéanamh, tá géarchéim ann, agus ní féidir dul i ngleic léi mura dtugtar aitheantas di. Tá mé buartha faoin easpa aitheantais sin. In ainneoin na rudaí dearfacha, tá easpa aitheantais ann. Sin an fáth-----

An bhfuil an Cathaoirleach ag caint faoi easpa aitheantais do mhuintir na n-oileán?

Níl, ach faoi chúrsaí sna Gaeltachtaí go ginearálta. Sin an t-eispéireas agus an taithí atá againne ar an gcoiste seo. Ní mise atá a rá, ach sin an taithí atá agam. Chuaigh muid timpeall na tíre chuig chuile Ghaeltacht. Is fiú breathnú ar na moltaí. Níl a lán acu sna tuarascálacha.

Tá mé ag iarraidh méadú a thabhairt do na deontais do na comharchumainn. Tá sé sin déanta cúpla uair againn agus tá méadú ann sna huimhreacha ar feadh tamaill. Tá ról tábhachtach ag na comharchumainn. Déanann siad an-jab ar na hoileáin agus i ngach Gaeltacht agus tá muid ag iarraidh tacú leo. Beimid ag breathnú go hiomlán ar na rudaí a theastaíonn ó na comharchumainn, agus pléifimid iad leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe sa chaoi go mbeidh an leibhéal airgid a theastaíonn ó na comharchumainn acu.

Tá obair na gcapall á déanamh acu ar an talamh.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as ucht teacht os ár gcomhair. B’fhéidir go dtiocfaidh sé ar ais nuair a bheidh an tuarascáil maidir leis an bplean gníomhaíochta agus an dul chun cinn foilsithe. Gabhaim buíochas leis an Uasal Mac Cormaic, an tUasal De Brúch, an tUasal Mac Eoin, agus an tUasal Ó Conaire. Tá sé an-chabhrach dúinne iad a bheith anseo os gur mhaith linn oibriú as lámh le chéile. Táimid anseo ar son na Gaeilge, ar son seirbhísí a chur ar fáil agus chun an Bille a achtú chomh sciobtha agus is féidir. Beidh sos beag againn anois.

Chuaigh an comhchoiste isteach i seisiún príobháideach ag 5.14 p.m. agus cuireadh ar athló é ar 5.22 p.m. go dtí 4 p.m., Dé Máirt, 19 Samhain 2019.
Barr
Roinn