Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Wednesday, 21 Oct 2020

Gnó an Chomhchoiste

Is é seo an chéad chruinniú poiblí den choiste nua, Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge. Cuirim fáilte roimh gach duine. Tá leithscéal faighte agam ón Seanadóir Ó Donnghaile. Is é sin an t-aon leithscéal go dtí seo. Tá súil agam go mbeidh comhaltaí eile ag teacht isteach. Molaim go gcuirfear siar athbhreithniú ar mhiontuairiscí an chruinnithe ar 14 Deireadh Fómhair 2020 go dtí an chéad chruinniú eile. An aontaítear leis sin? Aontaítear.

Dáileadh na míreanna comhfhreagrais F031 go dtí F033, a bhfuil bainteach leis an gcruinniú seo, do na comhaltaí roimh an gcruinniú. Tá súil agam go bhfuair gach duine iad. Beidh siad ar fáil ar ríomhphost agus Microsoft Teams freisin má daoine á lorg. Is mian liom tagairt a dhéanamh do F033. Fuair an Comhchoiste um na Meáin, Turasóireacht, Ealaíona, Cultúr, Spórt agus Gaeltacht comhfhreagras ó Donal Flynn agus comhaontaigh an comhchoiste sin é a sheoladh ar aghaidh chuig an gcomhchoiste seo mar eolas dúinn. Tugann sé a dhearcadh féin ar athbheochan na Gaeilge. Deireann sé "this national policy is deeply dysfunctional" agus soláthraíonn sé cóip de dhoiciméad dar teideal "The Revival of Irish - An essay on Disconnection, Ideology and Force", doiciméad a scríobh sé féin, don chomhchoiste sin. Ag an gcruinniú ar 30 Meán Fómhair 2020, comhaontaigh an comhchoiste sin an comhfhreagras ó Donal Flynn a sheoladh ar aghaidh chuig an gcomhchoiste seo mar eolas dúinn. Molaim don chomhchoiste go ndéanfaimid nótáil ar an gcomhfhreagras sin agus go gcuirfimid an cinneadh sin in iúl do Donal Flynn agus don Chomhchoiste um na Meáin, Turasóireacht, Ealaíona, Cultúr, Spórt agus Gaeltacht araon. An aontaítear leis sin? Aontaítear.

Molaim go dtabharfaidh dár n-aire go bhfuarthas na míreanna comhfhreagrais F031 go F033 agus go gcomhaontaímid le hiad a thaifead ceann ar cheann sna miontuairiscí. An aontaítear leis sin? Aontaítear.

Maidir le toghchán Leas-Chathaoirleach an Chomhchoiste, ní bhfuair an cléireach aon ainmniúcháin i gcomhair na hoifige sin roimh an gcruinniú. An féidir linn an cheist sin a chur siar go dtí an chéad chruinniú eile? Más mian le comhaltaí ainmniúchán a dhéanamh anois, is féidir linn glacadh leis.

Ainmním an Seanadóir Kyne.

Clerk to the Committee

Bheadh sé níos fearr dá mbeadh Teachta ina Leas-Chathaoirleach. Ní féidir le Seanadóir a bheith ina Leas-Chathaoirleach ar an roghchoiste. Is leis an gcoiste an rogha ach is pointe é sin le cur san áireamh.

Ligfidh mé don Teachta Calleary agus don Seanadóir Kyne teacht isteach lena boxing gloves orthu más gá. Tá an Teachta Connolly tar éis teacht isteach. Mar eolas di, táimid ag cur ceist an Leas-Chathaoirleachta siar go dtí an chéad chruinniú eile.

Chuir mé Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 ar an gclár chun na comhaltaí a chur ar an eolas faoi roinnt nithe. Tá an Rialtas tar éis Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 a chur ar aghaidh chuig an gRoghchoiste um na Meáin, Turasóireacht, Ealaíona, Cultúr, Spórt agus Gaeltacht i gcomhair Céim an Choiste. D'ainneoin cinneadh Phríomh-Aoire an Rialtais, an Teachta Chambers, tá cead á lorg agam ón choiste seo iarraidh ar an bPríomh-Aoire an t-ordú sin a chur ar ceal agus ordú nua a eisiúint chun an Bille a chur ar aghaidh chuig an gcoiste seo. Déanfaimid é sin i scríbhinn. Seolfar an t-iarratas chuig Coiste Gnó na Dála.

Tá liosta fáthanna iniata sa chomhfhreagras. Is é seo an comhchoiste a rinne grinnscrúdú réamhreachtach ar Bhille na dteangacha oifigiúla (leasú) 2017. Tagann Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 faoi réim an choiste seo. Is é seo an t-aon chomhchoiste i dTithe an Oireachtais ina bhfuil an saineolas iomlán is gá chun an Bille seo, ná aon Bhille a bhaineann le cúrsaí Gaeltachta nó Gaeilge, a láimhseáil toisc gurb é Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge an t-aon chomhchoiste ar a bhfuil na comhaltaí go léir, seachas comhalta amháin, ina gcainteoirí líofa sa dá theanga oifigiúil de chuid an Stáit. Tá stádas ar leith ag baint leis an gcomhchoiste seo maidir leis an nGaeilge agus gach a mbaineann leis. Ag an gcruinniú an mhí seo caite, comhaontaigh an Coiste um Buan-Orduithe agus Athleasú na Dála tuarascáil maidir le horduithe tagartha an choiste. Luaitear sa tuarascáil sin go bhfuil sé mar chumhacht shonrach choiste na Gaeilge chun déileáil le reachtaíocht. Moltar an chumhacht sin a choinneáil chun an coiste a éascú agus grinnscrúdú réamhreachtach a dhéanamh agus Céim an Choiste do Bhillí a bhreithniú aige. Bhí sé i gceist i gcónaí go gcuirfí an Bille seo chugainn. An aontaítear leis an litir a scríobh chomh luath agus is féidir ionas gur féidir leis an mBille teacht os ár gcomhair chomh luath agus is féidir? Aontaítear.

Maidir le clár oibre 2020, ní bhfuair mé aon mholtaí go fóill. Mar sin, molaim go gcuirfí siar ár machnamh ar cheist an chlár oibre go dtí an chéad chruinniú eile. Beidh cruinniú gnóthach againn an chéad uair eile. Má tá tuairimí ag comhaltaí maidir leis na cruinnithe roimh Nollaig nó san athbhliain nó maidir le tionscadail le tabhairt orainn féin, beidh orainn ullmhú. Mar sin, impím ar chomhaltaí ríomhphost a chur chuig an gcléireach chun go mbeidh muid in ann ullmhú. An aontaítear leis sin? Aontaítear. Níl aon chruinnithe eile réitithe againn seachas an chéad cheann eile. Is gá dúinn foláireamh dhá sheachtain a thabhairt d'aon ghrúpa atá ag teacht os ár gcomhair.

Caithfimid cuireadh a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta teacht os ár gcomhair ag ár gcruinniú ar an 11 Samhain. Is é an t-ábhar a bheidh i gceist ná cúraimí agus struchtúr Údarás na Gaeltachta agus a chúraimí maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 ach go háirithe. An aontaítear leis sin? Aontaítear. Tabharfaimid cuireadh d'Fhoras na Gaeilge teacht os ár gcomhair ag ár gcruinniú an tseachtain ina dhiaidh sin, ar an 18 Samhain. Tabharfaidh sé seo deis dúinn roinnt cruinnithe eile a bheith againn. Is é an t-ábhar a bheidh i gceist ná seirbhísí dátheangacha éifeachtacha a sholáthar ag Ranna Stáit agus comhlachtaí poiblí. D'eisigh an Foras ráiteas mar gheall ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019. B'fhéidir go mbeidh muid in ann é sin a phlé leis an bhForas ag an am chomh maith. An aontaítear leis sin? Aontaítear. Tugann sé sin deis dúinn. Tá suas go dtí an 18 Samhain eagraithe againn. Beidh roinnt cruinnithe eile idir sin agus an Nollaig. Is iad na cruinnithe eile sin na cinn a gcaithfidh comhaltaí díriú isteach orthu.

Toisc go bhfuil grúpa pobail i gceist, b'fhéidir gur féidir linn díriú isteach ar an 25 Samhain. Molaim go dtabharfaimid cuireadh do Chomhlachas na gComharchumann agus na gComhlachtaí Pobalbhunaithe teacht os ár gcomhair. Tá a fhios agam gur cheist mhór é sin do roinnt Teachtaí. An dtabharfaimid cuireadh dó teacht os ár gcomhair ar an 25 Samhain? Tabharfaidh. Tá ceithre chruinniú anois eagraithe againn, an ceann le Conradh na Gaeilge i gceann coicíse san áireamh. Dá ndéanfaimis an méid sin ar fad, bheadh obair mhaith déanta againn.

Tá a fhios agam go mbeidh litir á scríobh, ach an bhfuil aon dáta socruithe ar a dtiocfaidh an Bille os ár gcomhair?

Níl aon dáta socruithe toisc nach bhfuil an cúram sin againn go fóill.

An mbeidh mí nó cúpla seachtain i gceist?

Níl aon chinneadh déanta ag an Dáil. Ní dóigh liom go mbeidh cinneadh déanta é a chur chuig an gcoiste sula dtiocfaimid ar ais. Ansin, caithfear fógra a chur amach go dtí na Baill ar fad gur féidir leo leasuithe a mholadh. Níl leasuithe an Rialtais foilsithe go fóill. Níl ach treoir tugtha dúinn maidir le cad a bheith iontu. Ní dóigh liom go mbeidh an Bille os ár gcomhair laistigh de mhí. Glacaim leis gur i lár mí na Samhna a thógfar Céim an Choiste. An rud a bhí ag teastáil ón Aire sa chlár Rialtais ná go mbeidh sé críochnaithe roimh an Nollaig. Beidh sé sin deacair orainn toisc na srianta ó thaobh Covid de, is é sin nach bhfuil cead againn bualadh le chéile ach ar feadh dhá uair an chloig sa lá. Sin an fáth go bhfuilim ag glacadh leis nach mbeidh sé os ár gcomhair roimh 18 nó 25 Samhain. Tá deis againn cruinnithe breise a eagrú ar laethanta nach bhfuil-----

Tuigim cás an Chathaoirligh. Níl mé ag iarraidh brú a chur air ach soiléiriú a fháil. Bhí botún déanta. Tuigim é sin - déanaimid go léir botúin - ach cén fáth a bhfuil sé ag tógáil an méid sin ama chun an botún a réiteach? Sin an píosa nach dtuigim.

Níl a fhios agam cúis na moille ó thaobh an Rialtais de. Déanfaidh sé an botún a cheartú é féin. Ónár dtaobh de, bhí orainn scríobh chuige ag lorg go gcuirfí an Bille chugainn. Ní cóir go mbeadh orainn é seo a dhéanamh ach táimid ag dul na slí foirmiúla anois toisc nach bhfuil an botún ceartaithe.

Dúradh leis an Rialtas an lá dár gcionn go raibh an botún ann.

Tá rudaí eile le plé leis an Aire agus an Aire Stáit taobh amuigh den Bhille. Ba cheart go mbeidh cruinniú againn leo faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta taobh amuigh den Bhille roimh an Nollaig, b'fhéidir tar éis na gcruinnithe a bheidh againn leis an Údarás, leis an bhForas agus leis an gcomhlachas.

Chuamar trí liosta an tseachtain seo caite nuair a bhíomar anseo. Bhí an tAire agus an Aire Stáit le teacht os ár gcomhair. Measaim go roghnaíomar cruinniú a bheith againn leo díreach roimh an Nollaig. Má oireann an 2 Nollaig leis an gcoiste, is féidir linn a aontú anois go dtabharfar cuireadh chuig an Aire agus an Aire Stáit teacht os ár gcomhair an lá sin chun cúrsaí nach mbaineann leis an mBille a phlé, cé gur féidir an Bille a phlé chomh maith. An aontaítear leis sin? Aontaítear.

Clerk to the Committee

Chun a bheith cinnte, is é an 2 Nollaig an lá atá i gceist.

Is ea. Sin ceann eile aontaithe.

Barr
Roinn