Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Wednesday, 21 Oct 2020

Cúraimí an Choimisinéir Teanga agus Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019: An Coimisinéir Teanga

Casfaimid anois ar phríomhghnó an lae, cúraimí an Choimisinéir Teanga. Tá Rónán Ó Domhnaill os ár gcomhair. Caithfidh mé dul tríd an rud foirmiúil anseo. Táimid anseo inniu chun plé a dhéanamh ar chúraimí an Choimisinéir Teanga, an tuarascáil bhliantúil 2019 agus an tuarascáil faireacháin 2019 san áireamh, agus Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 leis an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill agus lena chomhghleacaithe, Órla de Búrca, bainisteoir cumarsáide, agus Séamas Ó Concheanainn, stiúrthóir Oifig an Choimisinéara Teanga. Tá an coimisinéir féin anseo sa seomra linn. Cuirim fáilte roimhe. Tá a chomhghleacaithe ag glacadh páirte sa chruinniú ó Ghaillimh trí Microsoft Teams. Cuirim fáilte rompu.

Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo chomh fada is atá siad lonnaithe sa seomra coiste féin. Tá orm a chur ar aird na bhfinnéithe go soiléir nach bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste agus an fhianaise sin a thabhairt acu ó shuíomh cianda taobh amuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Ní féidir le finnéithe, mar seo, brath ar aon chosaint ná pribhléid. Mar sin, molaim dóibh a bheith an-chúramach faoi aon rud a déarfaidh siad ag an gcruinniú inniu.

Maidir leis an bhfinné atá lonnaithe sa seomra inniu, má ordaíonn an coiste dó éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann sé dá tabhairt amhlaidh, ní bheidh sé i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith a chuid fianaise.

Ordaítear do gach finné gan fianaise a thabhairt ach amháin fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tionscnaimh seo a gcuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo.

Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó maidir le hoifigeach ina ainm nó ina hainm nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus leis an gcoiste as an gcuireadh teacht ina láthair. Is ábhar misnigh dom gur bunaíodh an coiste seo chun úsáid na Gaeilge mar theanga choiteann i ngach gné de shaol na hÉireann a chur chun cinn.

Nuair atá an oiread airde á tabhairt ar thosaíochtaí móra, ar nós Covid-19 agus an Bhreatimeachta, d’fhéadfadh ceisteanna tábhachtacha eile imeacht as radharc. Is ceist díobh sin inmharthanacht na teanga náisiúnta mar theanga bheo.

Tá sé tráthúil mar sin go bhfuil an óráid seo á tabhairt agam agus leasuithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 faoi chaibidil ag Tithe an Oireachtais. Tá géarghá leis na leasuithe sin lena chinntiú go mbeidh freastal níos fearr á dhéanamh ag an Stát ar phobal labhartha na Gaeilge, ina rogha teanga, sa Ghaeltacht agus go náisiúnta. Chun léiriú a thabhairt ar an ngá atá leis an leasú, ba mhaith liom sliocht as litir ó dhuine a rinne gearán linn anuraidh a chur faoi bhráid an choiste. Seo gearán nach raibh ar ár gcumas a fhiosrú toisc nár tháinig an t-ábhar faoi dhlínse mo chuid feidhmeanna. Tháinig an gearán isteach roimh fhoilsiú an Bhille agus cuid de na leasuithe atá molta. Is freagra an gearán seo a leanas ar litir uaimse:

Léiríonn a bhfuil sa litir agat, dar liom, cé chomh lag is atá Acht na dTeangacha mar uirlis chun cearta phobal na Gaeilge agus cearta an tsaoránaigh aonair le Gaeilge a chosaint... Cén t-ord luachála a chuireann lucht dréachtaithe Achta i bhfeidhm chomh fada is a bhaineann le Gaeilge? Mar shampla: an gcuirtear éascaíocht oibre na Státseirbhíse mar atá i láthair na huaire chun tosaigh ar feabhas a chur ar chumas na Státseirbhíse céanna oibriú trí Ghaeilge? An gcuirtear costas earcaíochta chun tosaigh ar inmhianaitheacht seirbhíse trí Ghaeilge? An gcuirtear éileamh poiblí chun tosaigh ar chearta absalóideacha teanga? An gcuirtear an status quo chun tosaigh ar nuálaíocht?

Tá cead tugtha ag scríbhneoir na litreach seo í a chur faoi bhráid an choiste ina hiomláine agus más mian le comhaltaí, is féidir liom í a chur ar aghaidh chuig an gcléireach.

Is léir go bhfuil cumas an Stáit seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil ar bhonn sásúil ag brath ar líon leordhóthanach foirne le Gaeilge a bheith ann chuige sin. Fáiltím, mar sin, roimh an sprioc inmholta sa Bhille leasaithe go mbeadh dualgas reachtúil ann le cinntiú gur cainteoirí Gaeilge iad 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí. Tá sé tábhachtach, áfach, go mbeadh muinín ag an bpobal go gcloífear leis an sprioc sin taobh istigh den tréimhse fhada ama, deich mbliana, atá curtha ar fáil chuige sin agus go dtabharfaí barántas nach gcuirfí an sprioc sin siar arís agus arís eile.

Is cinnte go mbeidh sé dúshlánach sprioc ghinearálta 20% a bhaint amach in earnálacha áirithe. Caithfear tabhairt faoin obair ar bhealach eagraithe, pleanáilte. Dírítear sa Bhille ar choiste comhairleach a bhunú chun plean a ullmhú do sholáthar na seirbhísí poiblí. Tá an coiste comhairleach le bheith comhdhéanta, den chuid is mó, d’ionadaithe ón earnáil phoiblí. Arís, le muinín an phobail a chothú, ba chóir comhdhéanamh níos leithne a bheith ar an gcoiste sin. Níos tábhachtaí fós, ní deirtear sa Bhille leasaithe cé a bheidh freagrach as cur i bhfeidhm an phlean do sholáthar seirbhísí Stáit a bheidh le hullmhú ag an gcoiste comhairleach. Gan a leithéid a bheith ann, d'fhéadfadh éiginnteacht mhór a bheith ann amach anseo faoi cé air a dtiteann an fhreagracht go gcuirtear an plean i bhfeidhm.

Maidir leis an bplean féin, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí freastal inti ar riachtanais phobal na Gaeltachta. Tá molta agam go rialta foráil a chur sa Bhille le cinntiú gur oifigigh Stáit le Gaeilge a bheidh lonnaithe sa nGaeltacht nó ag cur seirbhísí ar fáil sna ceantair shainiúla aitheanta sin. D’fhéadfaí, mar shampla, sainriachtanais phobal na Gaeltachta a thabhairt san áireamh sna caighdeáin teanga a leagfar amach faoi scáth an phlean.

Fáiltím roimh an bhfeidhm bhreise do m'oifig atá leagtha síos sa Bhille nua, is é sin gur féidir faireachán a dhéanamh ar fhorálacha in achtacháin eile a bhaineann le húsáid nó le stádas teanga oifigiúil. Tá os cionn 100 dlíthe ann a d'fhéadfadh teacht faoi scóip obair faireacháin na hoifige de thoradh na leasaithe seo, ina measc an tAcht Craolacháin, 2009; an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1961; agus an tAcht Oideachais, 1998, gan ach cúpla ceann a lua. Roimhe seo is i bhfoirm imscrúdú amháin a d'fhéadfainn aghaidh a thabhairt ar aon sárú féideartha.

Tá iarracht déanta sa Bhille nua dul i ngleic leis na fadhbanna aitheanta ó thaobh reachtaíocht teanga de. Táimid tagtha chomh fada, agus ag fanacht chomh fada, ba thrua go mór gan cur leis an méid atá geallta. Teastaíonn níos mó cinnteachta a chur faoin sprioc cainteoirí Gaeilge a earcú: foráil a chuirfidh seanriachtanais phobal na Gaeltachta san áireamh; breis ionchuimsitheachta a chinntiú i gcás an choiste chomhairligh; agus an fhreagracht a shoiléiriú ó thaobh chur i bhfeidhm an phlean.

Tugadh cuireadh dom anseo chomh maith chun phríomhthorthaí mo thuarascála bliantúla agus mo thuarascála faireacháin, 2019 a chur i láthair don choiste. Tá cur síos sa tuarascáil bhliantúil ar na himscrúduithe a cuireadh i gcrích le linn na bliana 2019. Bhain an ceann is suntasaí díobh sin le Comhairle Contae Chiarraí. Ba é seo an chéad uair a tionscnaíodh imscrúdú faoi fhoráil de chuid an Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2000. Leagtar síos san Acht sin nach mór d'údaráis phleanála a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram cuspóirí a áireamh ina bplean forbartha contae a bhaineann le cosaint oidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta. Léiríodh san imscrúdú gur sháraigh Comhairle Contae Chiarraí an reachtaíocht sin nuair nár chuir sí i bhfeidhm coinníoll teanga a cheangail An Bord Pleanála de chead pleanála a deonaíodh d'fhorbairt tithíochta i mBaile an Fheirtéaraigh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Is den riachtanas é go gcuirtear i bhfeidhm mar is ceart an fhoráil reachtúil seo mar gheall ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar inmharthanacht na teanga má thagann ardú ar líon na ndaoine nach cainteoirí Gaeilge iad sna pobail ina bhfuil an Ghaeilge i réim iontu go fóill.

Mhol mé go n-ullmhódh agus go mbunódh an chomhairle contae nósanna imeachta a bheidh le leanúint in aon chás ina gceanglófar coinníoll teanga de chead pleanála le haghaidh forbairt tithíochta sa Ghaeltacht. Mhol mé chomh maith go gcuirfeadh Comhairle Contae Chiarraí m'oifig ar an eolas maidir le haon chead pleanála a dheonófar i nGaeltacht Chiarraí go ceann cúig bliana i dtaca le hiarratais mhóra phleanála. Tá an faireachán atá á dhéanamh ag m'oifig ar chur i bhfeidhm mholtaí an imscrúdaithe leanúnach, agus tá mé sásta leis an gcomhoibriú atá faighte ag m'oifig ó Chomhairle Contae Chiarraí.

Is feidhm eile de mo chuid, mar Choimisinéir Teanga, faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Chomh fada siar le 1925, dúradh i dtuarascáil Choimisiún na Gaeltachta, chun an dochar a dhéantar do stádas na Gaeilge sa Ghaeltacht ag feidhmeannaigh Stáit gan Ghaeilge a thuiscint, nár ghá ach stáisiún de chuid An Gharda Síochána a shamhlú lán de chomhaltaí gan Ghaeilge i lár ceantar Gaeltachta.

Tá cuntas i dtuarascáil 2019 ar an bhfaireacháin a rinneadh ar chur i bhfeidhm moltaí a bhí déanta in imscrúdú a rinne mo réamhtheachtaí, Seán Ó Cuirreáin, in 2011 inar léiríodh gur sháraigh An Garda Síochána foráil de chuid Acht an Gharda Síochána, 2005. Bhain an fhoráil sin lena chinntiú, an oiread agus is féidir, gur comhaltaí den Gharda Síochána atá inniúil sa Ghaeilge a bheidh ar stáisiún i ndúiche ina bhfuil limistéar Gaeltachta. Rinneadh moltaí san imscrúdú sin a raibh d'aidhm acu a chinntiú gur gardaí atá inniúil sa Ghaeilge a bheadh ar dualgas sna stáisiúin sa Ghaeltacht. In ainneoin teagmhálacha leanúnacha m'oifige, níos mó ar an ábhar seo ná le haon chomhlacht poiblí eile maidir le cur i bhfeidhm moltaí imscrúdaithe riamh, níor cuireadh i bhfeidhm mar is ceart moltaí an imscrúdaithe sin. De réir na faisnéise a cuireadh ar fáil anuraidh, ní raibh inniúlacht sa Ghaeilge ach ag tuairim agus trian de chomhaltaí An Gharda Síochána atá ar stáisiún sa Ghaeltacht. I gcás ina measaim nár cuireadh moltaí imscrúdaithe i bhfeidhm go cuí laistigh d'achar réasúnta ama, is féidir liom tuarascáil ar an ábhar a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Tá chuile chosúlacht ar an scéal ag an tráth seo gurb é sin an t-aon rogha a bheidh os mo chomhair amach maidir leis an ábhar seo.

Tá an tír seo, fearacht an chuid eile den domhan, i ngreim ag géarchéim de bharr phaindéim Covid-19. Tá seirbhísí Stáit ag tabhairt a n-aghaidhe ar dhúshláin mhóra san am i láthair agus soláthar á dhéanamh do riachtanais agus leas an phobail. Is i gcúinsí den chineál seo a fhaighimid léargas éigin ar a dhaingne agus atá reachtaíocht atá dírithe ar chearta, ar nós Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, fréamhaithe i gcórais riaracháin an Stáit.

Ó thaobh na gearáin a d’fhiosraigh m'oifig, a bhain bealach amháin nó bealach eile leis an bpaindéim, feictear dom téama coitianta i gcuid de na freagraí a tugadh: go mb'éigean gníomhú go práinneach agus, i gcúinsí fíor-eisceachtúla na géarchéime sláinte, cinneadh an dualgas reachtúil teanga a chur i leataobh, é a chur ar atráth, nó níor tugadh aird ar an dualgas sin toisc go gcuirfeadh sé moill ar an ngníomh a chur i gcrích. Dá nglacfaí leis nach raibh dlite ar chomhlachtaí poiblí na seirbhísí seo a chur ar fáil go dátheangach ar an údar nárbh acmhainn dó sin a dhéanamh gan moill a chur leo, d’fhéadfaí a fhorléiriú as sin nuair ba thábhachtaí agus ba phráinne an tseirbhís nó an chumarsáid, gur lú an seans go gcuirfí ar fáil as Gaeilge í.

Fillfidh mé ar an bpríomhchúis go bhfuilim i láthair anseo inniu, sé sin chun labhairt faoin leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, is cinnte go mbeidh go leor cainte idir seo agus achtú an Bhille faoi céard atá indéanta agus céard nach bhfuil. Ba chóir, ag chuile staid den phróiseas seo, go bhféachfaí i gconai le freastal ar riachtanais phobal na teanga agus a gcearta, ag cur san áireamh stádas na Gaeilge mar theanga náisiúnta agus mar cheadtheanga oifigiúil na tire.

Tá sé tábhachtach go raibh an Coimisinéir Teanga os ár gcomhair a luaithe agus a bhí an deis againn. Tá roinnt den tuarascáil seo ó mhí Bealtaine, an ea?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Is ea.

Ní hé go bhfuil sé as dáta mar ní théann na rudaí seo as dáta ach tá sé tábhachtach. Luaigh an Coimisinéir Teanga litir. Bheadh sé go maith agus cuidiúil dúinn dá ndéanfadh an Coimisinéir Teanga é sin a sholáthar dúinn. Más féidir linn é sin a fháil, déanfaidh mé é a scaipeadh chuig na Teachtaí agus na Seanadóirí ar fad ionas go mbeidh a fhios acu cad a bhí i gceist san iomlán.

Cuirim fáilte roimh an gCoimisinéir Teanga ar ais agus gabhaim buíochas leis agus lena fhoireann le haghaidh na hoibre tábhachtach atá siad i mbun. Tá an coimisinéir tar éis bunús úsáideach a chur os ár gcomhair le haghaidh obair an Bhille atá os ár gcomhair. Níl mé chun é sin a phlé inniu ach tá mé chun na rudaí a bhí le rá ag an gcoimisinéir faoi chúrsaí pleanála a phlé, go háirithe an plean forbartha contae.

Tá sé seo ag éirí mar scéal no conspóid i gcúpla contae eile, ní hamháin i Ráth Chairn i gContae na Mí ach i nGaillimh freisin. An bhfuil dóthain saineolaithe pleanála ag an gCoimisinéir Teanga chun an jab seo a dhéanamh? An bhfuil a fhios ag na comhairlí contae i ngach cuid den tír go bhfuil an responsibility seo acu agus iad ag dearadh na pleananna forbartha contae, go háirithe ag an nóiméad seo? Tá a lán pleananna forbartha contae le n-ullmhú agus tá mé ag ceapadh nach bhfuil a fhios ag na comhairlí contae go gcaithfidh siad é seo a dhéanamh, go háirithe na comhairlí contae sna contaetha ina bhfuil Gaeltachtaí.

Tar éis a tharla i gCiarraí, an raibh seans ag an gCoimisinéir Teanga an fhadhb a phlé leis na comhairlí contae eile? An bhfuil aon phlean ag an gcoimisinéir é a phlé leo nó litir nó email a scríobh chucu, go háirithe agus iad ag dul i mbun na pleananna forbartha ag an nóiméad seo?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Ó thaobh cúrsaí pleanála de, má tá údarás áitiúil ann go bhfuil limistéar Gaeltachta faoina chúram, nuair atá plean forbartha contae á dhréachtú acu, caithfidh siad na sainriachtanais atá ag pobal na Gaeltachta a chur san áireamh, de réir an Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, agus is as sin a thagann an dualgas maidir leis an bplean forbartha contae. Is cuid den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 é sin. In Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, is nuair a dhéantar gearán liom faoi achtacháin eile gur féidir liom scéal a fhiosrú. Níl de chumhacht agam oibriú go réamhghníomhach agus dul i dteagmháil le comhairlí contae eile faoi sin. Tá sé molta sa Bhille leasaithe go mbeidh an fheidhm sin agam amach anseo, sé sin faireachán a dhéanamh ar achtacháin eile. Nuair a thiocfaidh sé sin i bhfeidhm, bheinn ag tnúth le go bhféadfainn díriú ar an gceist sin mar is cinnte gur cheist mhór í i go leor limistéir Ghaeltachta. Is iad Gaeltacht na Rinne agus Gaeltacht na Mí an péire a thagann chun cinn láithreach i mo chloigeann.

Tagraím do saineolas na hoifige. Tá saineolas againn ar céard iad na dualgais reachtúil atá ann agus ina theannta sin is féidir linn comhairle dlí a fháil nuair is gá sin a dhéanamh. Bhí cás Comhairle Contae Chiarraí an chéad cheann dúinn. Rinneadh gearán linn agus mar sin bhí muid in ann imscrúdú a dhéanamh. An rud a tharla an uair sin ná go raibh an dualgas comhlíonta de chuid sa mhéad agus go raibh coinníoll teanga leagtha síos ag An mBord Pleanála don chead pleanála. An rud a tharla ná nár chuir Comhairle Contae Chiarraí an coinníoll teanga sin i bhfeidhm. Is dá bharr sin gur chinn muid gur sháraigh an chomhairle contae an tAcht. Fuair muid comhairle dlí ar sin ó shaineolaí pleanála chomh maith. Tá an rogha sin againn i gcónaí má tá sin ag teastáil. Ag breathnú ar an gceist ar bhealach níos leithne agus níos ginearálta, nuair a achtófar an Bille nua agus nuair a bheidh an fheidhm nua sin ann, shamhlóinn go gcuideoidh sé go mór liom a bheith réamhghníomhach agus teagmháil a dhéanamh leis na húdaráis áitiúla go bhfuil limistéir Ghaeltachta faoina gcúram, féachaint cén chaoi go bhfuil siad ag cur an plean seo i bhfeidhm.

Glaoim ar an Teachta Connolly.

I dtús báire, ba mhaith liom gach rath a ghuí ar an gCathaoirleach ina ról nua agus déanaim comhghairdeas leis. Ní bhfuair mé an deis é sin a rá an uair dheireanach.

Fáiltím roimh an gCoimisinéir Teanga ar ais. Bhí sé os ár gcomhair go minic i seomraí difriúla roimhe ach tá an fhadhb ceannann céanna fós os ár gcomhair. Gabhaim buíochas leis agus leis an bhfoireann i nGaillimh as ucht an sárobair atá á dhéanamh acu. D'éirigh Seán Ó Cuirreáin as an bpost a bhí aige mar cheap sé go raibh cur i gcéill i gceist. B'fhéidir nach bhfuil sé féaráilte an cheist sin a chur ar an gcoimisinéir atá i láthair inniu. Tá a fhios agam go bhfuil an Coimisinéir Teanga ann don dara tréimhse anois, agus déanaim comhghairdeas leis. Is dócha go bhfuil sé deacair leanúint ar aghaidh ag breathnú ar an gcóras mar atá. Bheinn buíoch don Coimisinéir Teanga dá bhféadfadh sé cúpla focal a rá faoi conas a leanann an oifig ar aghaidh agus faoi chomh deacair agus atá sé.

Tá mé ag breathnú ar an tuarascáil a d'fhoilsigh an coiste deireanach le cabhair ón gCoimisinéir Teanga agus ó fhoireann Oifig an Choimisinéara Teanga. Foilsíodh an tuarascáil sin i mí na Bealtaine 2018 agus táimid anseo dhá bhliain go leith ina dhiaidh sin agus fós níl aon Bhille os ár gcomhair. Tá a fhios agam go bhfuil villain i gceist ó thaobh Covid-19 de ach níl an locht ar Covid-19 i ndáiríre.

Gabhaim buíochas leis an gCoimisinéir Teanga as ucht an tuarascáil bhliaintúil agus as ucht an tuarascáil faireacháin. Ag breathnú ar an tuarascáil bhliaintúil, tá sé deacair gné amháin a thuiscint. Tá dúshlán againn mar gheall ar an teanga. Tá sé ráite go minic go bhfuil sé maraithe le dea-thoil agus le grá. In ainneoin na dea-tola agus an ghrá, táimid fós i dtrioblóid. Nuair a bhreathnaíonn duine ar an tuarascáil bhliaintúil agus na gearáin, tá sé deacair glacadh leis nach bhfuil ollscoil in ann comharthaí dátheangacha a chur ar fáil. Seo rudaí bunúsacha, gan trácht ar chúrsaí earcaíochta. Is duine praiticiúil agus dóchasach mé ach tá sé deacair glacadh le teipeanna bunúsacha mar sin.

Tagraím do RTÉ. Rinne an Coimisinéir Teanga imscrúdú agus is dócha go raibh dul chun cinn de shaghas éigin ann. An féidir leis an gCoimisinéir Teanga a rá linn cad iad torthaí na hidirghabhála idir fhoireann Oifig an Choimisinéara Teanga agus RTÉ? Sin uirlis atá thar a bheith feiceálach chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá neart deiseanna ansin ag obair i ndlúthpháirtíocht le TG4. Is féidir liom dul ar aghaidh leis sin ach ní rachaidh mé ar aghaidh leis.

Tá dearmad déanta agam ar cé mhéad moltaí a rinneamar. Ceann de na moltaí sin ná go mbeadh tuilleadh cumhachtaí ag an gCoimisinéir Teanga agus ag a fhoireann. Is dócha bhfuil sé sin sa Bhille. An bhfuil an Coimisinéir Teanga sásta leis sin? Beidh tuilleadh foirne agus acmhainní ag teastáil má ghlacann an Dáil leis sin.

Ar a laghad, tá sprioc ann i dtaobh cúrsaí earcaíochta, ach ní bheidh mise ná daoine eile sásta le 2030 mar sprioc. An bhfuil an Coimisinéir Teanga ag rá go bhfuil sé sásta le spriocdháta deich mbliana?

Labhair an coimisinéir go soiléir maidir le stádas na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá an dea-thoil ann ach tá easpa tuisceana ar leibhéal i bhfad níos airde maidir le chomh leochaileach agus atá an Ghaeilge. Tá sé ráite ag an gcoimisinéir go soiléir ina thuarascáil bhliantúil faoin Ghaeltacht: "Is léir staid leochaileach na Gaeilge sna limistéir Ghaeltachta i dtorthaí an daonáirimh ... níl aon fhoráil dhaingean sa Bhille a chuirfeadh dualgas ar an Stát a chinntiú go bhfreastalófar ar phobal na Gaeltachta ina dteanga dhúchais." Níl an fhoráil sin ann fós.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Gabhaim buíochas leis an Teachta as a comhghairdeas ar m'athcheapadh agus as ucht a cuid oibre mar Chathaoirleach ar an gcoiste roimhe seo. Rinne an coiste éacht ina chuid oibre. Ós é go bhfuil mé anseo, gabhaim buíochas freisin leis an iarAire Stáit, an Seanadóir Kyne, as ucht m'ainmniúcháin a chur faoi bhráid an Rialtais agus na Dála.

Cuireadh ceist ginearálta ag an tús ag fiafraí an mbíonn éadóchas orainn faoin obair nuair nach n-oibríonn rudaí amach dúinn. Nuair atáimid ag caint faoin cheist chéanna go síoraí seasta, dár ndóigh bíonn uaireanta ann go gceapaim go bhfuil mé ag bualadh mo chloigeann in aghaidh an bhalla. Ceann de na bealaí go n-oibrím leis sin agus ceann de na rudaí a chuidíonn liom ná nuair a fhaigheann muid gearán faoi achtachán nach mbaineann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Léiríonn sé sin ar leibhéal amháin laigí Acht na dTeangacha Oifigiúla ach freisin go bhfuil go leor láidreachtaí in achtacháin eile. Nuair a dhéantar gearán linn faoi achtacháin eile, is féidir linn difríocht a dhéanamh. Mar shampla rinneadh gearán faoin Acht Oideachais faoi phátrúnacht do bhunscoileanna agus de bharr imscrúdú a rinne muid ar an ngearán sin, chuir an Roinn Oideachais agus Scileanna próiseas pátrúnacht nua i bhfeidhm do bhunscoileanna. Anois, aon uair atá scoil nua le tógáil in aon limistéar pleanála scoile, mura bhfuil Gaelscoil sa cheantar sin caithfear an Ghaelscoil a bheith áirithe mar an chéad rogha. Bíonn buanna mar sin ann agus cuidíonn siad liomsa agus leis an bhfoireann ó thaobh ardú meanma de. Ó thaobh an tAcht Pleanála agus Comhairle Chontae Chiarraí, is féidir a chinntiú go gcuirfear coinníollacha teanga i bhfeidhm amach anseo de thoradh an tAcht Pleanála.

Chuir an Teachta ceist faoi RTÉ. Tá an tAcht Craolacháin agus cúrsaí craolacháin chomh tábhachtach. Nuair a rinne muid an t-imscrúdú, chinn muid gur sháraigh RTÉ an tAcht Craolacháin mar nach raibh sé ag freastal don dualgas a bhí san Acht go gcuirfear réimse cuimsitheach cláir ar fáil i nGaeilge. Nuair a bhímid ag déanamh scagadh ar na figiúirí, léiríodh go raibh beagán le cois 100 uair an chloig de chláir Gaeilge á chraoladh ag RTÉ in 2017, an bhliain ina ndearna muid an t-iniúchadh féin. De thoradh sin, bhí cruinnithe againn le RTÉ agus tá líon na gclár ar chainéil teilifíse an stáisiúin méadaithe go dtí thart ar 600 uair an chloig i mbliana. Táimid ag fanacht ar na figiúirí is déanaí uaidh amach anseo ach tá sé thart ar 600 uair an chloig nó mar sin, agus deir RTÉ go bhfuil sé i gceist cur leis sin arís an bhliain seo chugainn. Ní leor é fós chun an tAcht a shásamh ach ní fhéadfaí a rá ach gur dul chun cinn atá ann. Feicim féin é nuair a bhím ag breathnú ar an teilifís sa tráthnóna. Feicim níos minice ar RTÉ News Now agus ar chuid de na cainéil eile mar RTÉ 2 agus RTÉ 1 go mbíonn cláir Gaeilge orthu b’fhéidir nach mbeadh le feiceáil roimhe seo. Ó thaobh RTÉ de agus ó thaobh an mothú go mbíonn muid ag streachailt go minic, is léir gur féidir gníomhú go sonrach ar achtacháin eile seachas Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Is nuair a théann muid isteach in Acht na dTeangacha Oifigiúla go dtosaíonn na fadhbanna agus an easpa dualgais agus mar sin de ag teacht chun cinn. Ceann de na huaireanta a bhíonn lagmhisneach orainn ná i gcás na hollscoileanna agus na comharthaí, mar a luaigh an Teachta. Rinne muid iniúchadh ar cheithre ollscoil faoi bhráid Ollscoil na hÉireann agus bhí ollscoil Mhaigh Nuad, mar shampla, thar a bheith íseal ó thaobh líon na gcomharthaí a bhí ag géilleadh. Bhí thart ar 40% acu ag géilleadh. Nuair a fheicimid rudaí mar sin is cinnte go léiríonn sé nach bhfuil sé ar chumas ag comhlachtaí poiblí, nó nach bhfuil siad sásta, gnéithe bunúsacha den Acht a chur i bhfeidhm. An rud gur féidir liomsa a dhéanamh ná aird a tharraingt ar an iniúchadh ionas go bhfuil a fhios againn cá bhfuilimid agus plean oibre a lorg ó na hollscoileanna sa chás seo chun é a chur ina cheart.

Ó thaobh tuilleadh cumhachtaí, bhí mé ag lorg go mbeadh trí chumhacht bhreise ag m’oifig agus labhair mé faoi seo ag an am. An chéad chumhacht ná chun faireachán a dhéanamh ar achtacháin eile seachas a bheith ag brath ar ghearáin agus imscrúdú, mar a luaigh mé don Teachta Calleary. Tá an chumhacht sin sna leasuithe atá molta ag an Rialtas agus fáiltím go mór roimhe sin. Chomh maith leis sin, bhí mé ag lorg go mbeinn in ann tráchtaireacht a dhéanamh ar aon pholasaí de chuid an Stáit i leith na Gaeilge agus go bhféadfainn iniúchadh a dhéanamh ar aon phíosa reachtaíochta a bheadh ag teacht chun cinn chun féachaint cén tionchar, mhaitheas nó dochar a dhéanfadh sé don Ghaeilge. Níl an dá chumhacht sin luaite sna leasuithe. Fiafraíodh an mbeadh breis foirne ag teastáil chuige sin. Faoi láthair tá ochtar ag obair san oifig. Nuair a thosaigh mé in 2014 bhí seisear againn agus tá sé sin méadaithe go hochtar anois. Is oifig an-bheag muid. Táimid ar cheann de na cinn is lú sa Stát. Ag brath ar céard a thagann amach ag a dheireadh seo ar fad nuair atá an Bille críochnaithe, shamhlóinn go mbeidh orm agus lucht na hoifige suí síos agus dul tríd na cúraimí breise, plean oibre a chur le chéile agus féachaint cén breis foirne a bheidh ag teastáil chun é a chur i gcríoch.

Chuir an Teachta dhá cheist eile faoi chúrsaí earcaíochta agus d’fhiafraigh sí an raibh mise sásta leis an spriocdháta 2030. Bhí mise an-chinnte agus an-chúramach i mo chuid cainte roimhe seo nuair a bhí an Teachta mar Chathaoirleach ar an gcoiste gan aon sprioc a leagan síos mé féin. Is an Rialtas a tháinig suas leis an bhfigiúr de 20%. Maidir le 2030, an rud a mhol mise i gcónaí ná go mbeadh aon sprioc a bheadh leagtha síos bunaithe ar thaighde nach bhfuil déanta go fóill. D’fhéadfaí a rá go bhfuilimid ag obair i bhfolús gan an taighde sin a dhéanamh. Tá sé molta sna leasuithe sa Bhille go mbunófar an coiste comhairleach taobh istigh de shé mhí agus go bhfoilseofaí plean taobh istigh de dhá bhliain, agus fáiltím roimhe sin. Bunaithe ar an bplean sin tá sé i gceist teacht ag 20% earcaíochta faoi 2030. Caithfear cuimhneamh go bhfuilimid ag teacht ó leibhéal chomh híseal ó thaobh líon na foirne le Gaeilge sa Státchóras agus sa tseirbhís phoiblí go mbeidh sé dúshlánach é sin a bhaint amach. Rinne muid tráchtaireacht ar seo dhá bhliain ó shin agus léiríodh go raibh thart ar 500 oibrí as os cionn 20,000 le Gaeilge acu sa Státchóras. Sin thart ar 3%. Ina theannta sin bhí poist a bhí sainaitheanta le riachtanais Gaeilge. Is éard atá i gceist leis sin ná go ndeir an Roinn gurb iad seo na poist a bhfuil riachtanais Gaeilge ag dul leo. As an thart ar 20,000 post, bhí thart ar 80 post, nó 0.5%, sainaitheanta le riachtanais Gaeilge agus bhí thart ar 60 de na 80 post sin lonnaithe i Roinn na Gaeltachta. Bhí 20 post fágtha sna Ranna eile ar fad agus bhí chuile cheann acu faoi 1%. Léiríonn sé sin cé chomh híseal atá an leibhéal faoi láthair. Beidh obair mhór romhainn ar fad ó thaobh cúrsaí earcaíochta de.

An cheist dheireanach a bhí ag an Teachta ná faoi stádas na Gaeilge go ginearálta-----

Bhí sí faoi na Gaeltachtaí.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Sea. An t-easnamh is mó atá sa Bhille faoi láthair ná nach bhfuil a dhóthain airde tugtha ar riachtanais phobail na Gaeltachta. Tá géarghá le leasú sa Bhille seo go ndéarfaí go neamh-bhalbh go gcuirfí seirbhísí Stáit ar fáil do mhuintir na Gaeltachta ón Stát. Mura bhfuil sé sin ann, ní chruthófar aon nasc idir an phleanáil teanga atá na pobail ag déanamh faoi láthair. Tá go leor cainte ann faoin bpleanáil teanga agus is maith an rud é, ach ní dhéanann sé ciall go mbeadh na pobail ag cur plean teanga le chéile agus ag an am céanna, má theastaíonn coinne dochtúra ó dhaoine nó má chaithfidh siad dul ag an altra lena bpáiste, go bhfuil an Stát ag rá nach bhfuil aon bharántas ann é sin a dhéanamh trí Ghaeilge. Teastaíonn gníomh sonrach chun sprioc cinnte a bheith sa reachtaíocht.

Cuirim fáilte roimh an gcoimisinéir. Bhuail mé le Breanndán Ó Beaglaoich le déanaí agus bhí muid ag caint mar gheall ar chúrsaí pleanála i gContae Chiarraí.

Dúirt sé gur chóir go mbeadh plean ag an gcomhairle contae scataí tithe, nó clusters, a chur i bhfeidhm agus níos mó cúram pleanála a thabhairt do dhaoine a bheidh ina gcónaí sna scataí sin. Beidh an rialtóir pleanála ag déanamh oibre mar gheall ar na development plans sa bhliain seo chugainn. Tá a lán daoine in iarthar Chiarraí ag gearán mar gheall ar chúrsaí pleanála. B’fhéidir go mbeadh sé oiriúnach don rialtóir pleanála teacht isteach anseo.

Léigh mé na rudaí atá sa tuairisc seo mar gheall ar An Garda Síochána agus chuir siad díomá orm. Dúirt an coimisinéir nach bhfuil an dul chun cinn a bheadh sé ag súil leis ag an tráth seo déanta agus is bocht an scéal é nach bhfuil moltaí uile an imscrúdaithe in 2011 curtha i bhfeidhm. B’fhéidir gur chóir dúinn Coimisinéir na nGardaí, Drew Harris, a thabhairt isteach anseo chun labhairt linn faoi cén fáth nach bhfuil na rudaí sin curtha i bhfeidhm.

Léigh mé chomh maith faoi Chomhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath agus an comhartha atá ansin. Ba chóir go mbeadh ar na comhairlí áitiúla, cosúil le Comhairle Contae Chiarraí, na comharthaí bóithre a chur i nGaeilge ar dtús agus na logainmneacha Béarla a bheith níos lú ar na comharthaí. Nuair a bhíonn mé ag tiomáint go Ciarraí feicim ainmneacha seafóideacha ar na comharthaí cosúil le Oola agus Snave - sin Snámh - in iarthar Chorcaí. In Albain, tá cead ag na comhairlí a bpleananna féin a chur le chéile mar gheall ar na comharthaí bóithre. Níl aon duine ag dul ar strae agus iad ag dul go Port Laoise nó Dún Laoghaire so ba chóir go mbeadh béim ar an nGaeilge ar na comharthaí uile, ní hamháin i Dublin Port. Aontaím leis an Teachta Connolly faoin dúshlán atá ann maidir leis an teanga. Ba chóir go mbeadh rudaí beaga curtha i bhfeidhm.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Ó thaobh an cead pleanála, mar a bhí mé ag rá leis an Teachta Calleary, tá go leor conspóide faoin ábhar seo i limistéir Ghaeltachta eile. Ó thaobh mo chuid cúraimí, ní féidir liom ach breathnú ar an dualgas teanga atá leagtha síos san Acht Pleanála. Go bunúsach, deir sé sin go gcaithfear aird a thabhairt ar an limistéar Ghaeltachta nuair atá comhairle contae le limistéar Ghaeltachta faoina chúram ag dréachtú plean forbartha contae. Tuigim go bhfuil fadhb leis agus tá gearán faighte againn, sa bhreis ar an gceann i gContae Chiarraí, go bhfuilimid ag fiosrú faoi láthair. Braitheann sé arís ar an dualgas agus an gcuirtear i bhfeidhm é. Bhí an dualgas ann i gComhairle Contae Chiarraí, ach níor cuireadh é i bhfeidhm.

Tá an ceart ag an Teachta faoin Gharda Síochána. Is bocht an scéal é go bhfuil sé seo imithe ar aghaidh chomh fada anois. An píosa is déanaí den scéal sin ná go bhfuil an Garda i bhfianaise na tuarascála faireacháin a leag amach na deacrachtaí sin ar fad. Deirtear liom go bhfuil litir ó Choimisinéir na nGardaí ar an mbealach, ina dtabharfar aghaidh ar na fadhbanna atá aitheanta agam. Tar éis dom an litir sin a fháil, déanfaidh mé mo bhreithiúnas an leor é chun na dualgais agus moltaí an imscrúdaithe a chomhlíonadh nó an gá dom tuarascáil a chur faoi bhráid Tithe an Oireachtais. Tá dúshlán ollmhór roimh an nGarda ag an tráth seo. Tá sé déanach sa lá i bhfianaise go déanadh na moltaí seo ag deireadh 2011.

Tá an litir sin ag teacht.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Beidh an litir ón gcoimisinéir ag teacht. Níor tháinig sé fós. Beidh mé ag faire amach agus ag breathnú air sin. Chuir an Garda próiseas earcaíochta nua i bhfeidhm roinnt blianta ó shin inar cuireadh 10% de na comhaltaí nua a bhí ag teacht isteach sa Gharda Síochána ar leataobh do chainteoirí Gaeilge ach nílimid á fheiceáil sin sna figiúirí atáimid ag fáil ón nGarda faoi na stáisiúin i limistéir Ghaeltachta. Nílimid ag feiceáil fás ag teacht ar na figiúirí sin mar ba chóir agus sin an áit go bhfuil an fhadhb.

Tá Comhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath an-spéisiúil agus seo imscrúdú a rinne mé faoi. Tá comhartha mór millteach a deir "Dublin Port Company" aige atá tógtha ar bhalla mór iarann. Rinneadh gearán linn faoi sin agus, seachas glacadh leis gur comhartha a bhí ann, rinne an comhlacht argóint linn gur píosa ealaíne a bhí anseo agus nach comhartha é agus mar gheall ar sin nach raibh dualgas air é a dhéanamh i nGaeilge. Bhí orainn dul ag imscrúdú agus acmhainní na hoifige a chur ar fáil chuige sin. Táimid ag obair leis an gcomhlacht ó shin. Tá sé ag lorg cead pleanála faoi láthair chun comhartha den saghas céanna a chur in airde i nGaeilge. Tá sé ag tógáil níos faide ná ba chóir dó ach sin an áit go bhfuil an cás sin faoi láthair.

Is cúis ionaidh an freagra sin.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Is ea. An bhfuil aithne ag an Seanadóir ar an gcomhartha?

Tá a fhios agam go maith é. Táim i mo chónaí ina aice.

Chomh maith leis sin, nuair a bhíonn daoine ón deisceart ag teacht suas ar an traein caithfidh siad dul tríd Maigh Eala, ach is fós "Mala" a thugtar air. Níl aon chiall ag baint leis sin. Is Maigh Eala an logainm atá ar an mbaile, ach fós úsáidtear "Mala".

Mr. Rónán Ó Domhnaill

B’fhéidir go n-iarrfaidh mé ar dhuine de mo chomhghleacaithe labhairt faoi na comharthaí. Tá Órla de Búrca ina bainisteoir cumarsáide agus tá taithí an-mhór aici a bheith ag plé le gearáin faoi chomharthaí agus mar sin de. Is faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre a thagann an dualgas faoi chomharthaí bóithre. Tá an dualgas soiléir go maith gur i nGaeilge amháin a bheidh comharthaí sa Ghaeltacht agus go bhfuil sé difriúil taobh amuigh den Ghaeltacht, leis an Ghaeilge agus an Béarla orthu. Tá go leor cainte ann i gcónaí faoin Ghaeilge a bheith chomh feiceálach leis na comharthaí Béarla agus mar sin de. Ar mhaith le hÓrla de Búrca labhairt faoi sin, le cead an Chathaoirligh?

Tá sé sin ceart go leor. Meabhraím di nach bhfuil pribhléid iomlán aici toisc go bhfuil sí i suíomh difriúil. Ní chloisim í go fóill. Is teicneolaíocht nua í seo. Tá sí ar mute. Ba chóir di cnaipe éigin a bhrú.

Sin frása na bliana - "Tá tú ar mute". Caithfimid t-léinte a fháil leis an frása sin orthu.

Nó "tá tú balbh", b'fhéidir.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Go bunúsach, is faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre atá an dualgas sin leagtha síos faoi na comharthaí agus faigheann muid gearáin chuile bhliain faoi seo. Téann sé ar ais ag an bpointe a rinne an Teachta Connolly nach ndéantar rudaí bunúsacha ar nós comharthaí mar ba chóir. Is cúis éadóchais é nach féidir rud chomh bunúsach le comharthaíocht a dhéanamh i gceart ag an am. Tá sé i bhfad níos éasca rudaí a dhéanamh ceart ag an tús seachas muidne a bheith ag dul ag comhlacht poiblí atá comhartha curtha in airde aige i mBéarla amháin agus ag rá leis go gcaithfidh sé a bheith dátheangach. Ansin caithfidh sé dul ar ais agus é a cheartú.

Cuirim fáilte roimh an gCoimisinéir Teanga agus leis an méid atá le rá aige inniu agus atá leagtha amach aige ina thuarascáil bhliantúil.

Tagraím do chúpla rud. Tá ceist agam maidir le Comhairle Chontae na Gaillimhe agus ceadanna pleanála agus an céatadán ansin. Is é mo thuairim go bhfuil sé ag oibriú sách maith agus go bhfuil daoine óga ag ceannach na tithe agus ag déanamh an scrúdaithe agus rudaí mar sin. Déanann an céatadán difríocht ó thaobh na teanga de ansin. Maidir le ceist cead pleanála i gceantar Comhairle Chontae na Gaillimhe, tá sé soiléir, go mór mór i gceantair Ghaeltachta laga, go bhfuil impleacht mhór ó thaobh na teanga de má thógtar eastáit nua agus má thagann 30, 40, 50 nó 60 duine go dtí an áit laistigh de bhliain nó dhó. An dteastaíonn níos mó cumhachta ón gcoimisinéir maidir le córas pleanála nó monatóireacht nó an bhfuil sé sin pléite aige?

Luaigh an coimisinéir ceist An Gharda Síochána freisin agus na stáisiúin Garda sa Ghaeltacht. Bhí Coimisinéir na nGardaí, Drew Harris, os comhair chomhchoiste póilíneachta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe an bhliain seo caite nó an bhliain roimhe sin. Tá a fhios agam go raibh sé chun casadh leis an gCoimisinéir Teanga ar an lá céanna agus tá súil agam gur phléigh siad na rudaí seo. Luaigh mé an cheist seo le Coimisinéir na nGardaí an tráth sin agus is é sin an freagra a bhí aige ó thaobh an ról a bheadh ag an nGarda Síochána de maidir leis an teanga. An féidir leis an gcoimisinéir a rá linn ar tháinig aon rud amach as an gcruinniú sin?

Tá súil agam go mbeidh an coiste seo in ann déileáil leis an mBille nua chomh luath agus is féidir. Beidh ceisteanna i dtaca leis an nGaeilge lárnach sa phróiseas earcaíochta mar gheall ar an mBille seo. An aontaíonn an coimisinéir go bhfuil agus go mbeidh daoine sa Státseirbhís in aghaidh na sprice de 20% daoine sinsearacha sa Státseirbhís agus go mbeidh na daoine seo ag feidhmiú in aghaidh na sprice seo? An bhfuil imní ar an gcoimisinéir faoi sin? An gceapann sé go mbeidh an coiste comhairleach chomh láidir agus ba cheart dó a bheith chun déileáil leis seo má tá daoine ina haghaidh?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Maidir le cúrsaí monatóireachta de, tá leasú molta ag an Rialtas ó thaobh feidhm a thabhairt dúinn monatóireacht a dhéanamh ar achtacháin eile, ina meass an tAcht Pleanála. Tá mé ag tnúth go mbeimid in ann próiseas faireacháin agus monatóireachta nua a chur i bhfeidhm an bhliain seo chugainn de thoradh an Achta nua agus go mbeimid in ann feidhmiú go réamhghníomhach maidir le céard atá ag tarlú sna húdaráis áitiúla maidir le ceadanna pleanála sna ceantair Ghaeltachta. Ní féidir liom ach oibriú taobh istigh den dualgas atá leagtha síos san Acht Pleanála. Go bunúsach, deirtear ansin go gcaithfidh na húdaráis aird a thabhairt don riachtanas teanga, má tá limistéar Gaeltachta faoina gcúram. Maidir le limistéir Ghaeltachta ina bhfuil an Ghaeilge lag nó láidir, ní leagtar síos aon chéatadán sa reachtaíocht. Is faoin gcomhairle contae, i ndáiríre, atá sé chun breathnú ar an dualgas agus féachaint cén chaoi gur féidir leo í a chosaint i pé ceantar atá ann.

Ar an ábhar sin, an gcuirtear Oifig an Choimisinéara Teanga ar an eolas faoi cheadanna pleanála timpeall na tíre sna Gaeltachtaí?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Cuirtear, i limistéar Chomhairle Contae Chiarraí amháin mar gheall go ndearnadh gearán linn, go ndearnamar imscrúdú air sin agus go ndearnadh fionnachtana i gcoinne Chomhairle Contae Chiarraí. Rinne mé moladh sa chaoi nuair atá aon chead pleanála á dheonú sa cheantar sin, go gcaithfidh an t-údarás mé a chur ar an eolas faoi agus an chaoi a bhfuil sé ag cur an choinníll teanga i bhfeidhm. Níl sé ann do na limistéir eile mar níl de chumhacht agam faireachán a dhéanamh gan gearán a bheith déanta liom faoi chás sonrach agus féachaint an raibh nó nach raibh sárú ann. Ina dhiaidh sin is féidir liom moltaí a dhéanamh.

An bhfuil an coimisinéir ag lorg na cumhachta sin?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Is é an rud is mó atá á lorg agam ná an fheidhm bhreise atá molta san Acht. Déanfaidh sé sin difear mór.

Maidir leis An nGarda Síochána, chas mé le Coimisinéir na nGardaí, Drew Harris, agus bhí cruinniú tairbheach maith againn. Mhínigh mé dó na deacrachtaí atá ann agus labhair sé faoi na polasaithe éagsúla atá á gcur chun cinn ag an nGarda agus tá siad á gcur chun cinn. Caithfidh mé breathnú, áfach, ar an reachtaíocht i gcónaí agus ar an dualgas atá inti go gcinnteoidh An Garda Síochána an oiread agus is féidir gur comhaltaí le Gaeilge a bheidh lonnaithe i stáisiúin sa Ghaeltacht. Níl mé ag feiceáil aon fhás nó fhorbairt air sin a thabharfadh dóchas dom go bhfuil siad ag dul sa treo ceart. Tá fadhb ansin. Tá chuile chosúlacht air go mbeidh mé ag brath ar fhreagra agus gan aon réamhbhreithiúnas a thabhairt. Braitheann sé ar an bhfreagra. Déanfaidh mé cinneadh ansin an gá dom dul go dtí Tithe an Oireachtais nó an bhfeicfidh mé an bhfuil conair ann le teacht as san am ina bhfuilimid leis An nGarda Síochána ina dhiaidh sin.

Ó thaobh cúrsaí earcaíochta agus an mbeidh cur ina n-aghaidh sa Státseirbhís, tuigim rud amháin ó ceapadh sa phost seo mé, díreach mar a dúirt an Teachta Ó Cúiv i ndíospóireacht Dála, is é sin nach bhfuil réiteach aon fhaidhbe i gcónaí ann féin sa reachtaíocht ach tuigeann daoine reachtaíocht. Má dheirtear le daoine go bhfuil dualgas reachtúil ann é seo a chur i gcrích, caithfear é a chur i gcrích. Má tá sé docht daingean sa reachtaíocht nua go gcaithfidh 20% a bheith ann, má tá stádas reachtúil faoin bplean, má tá sé soiléir cé atá freagrach as cur i bhfeidhm an phlean agus má tá an coiste atá ag ullmhú an phlean sách láidir le cathaoirleach neamhspleách agus baill neamhspleácha ar an gcoiste, ba cheart go gcuideodh sé sin teacht timpeall air sin.

Is í an cheist is bunúsaí ar fad maidir le cearta teanga ná ceist earcaíochta. Leag an Seanadóir a mhéar air sa mhéid is an bhfuil a dhóthain daoine le Gaeilge ag obair sa Státchóras faoi láthair. Tá sé an-soiléir nach bhfuil. Léiríonn na figiúirí é sin. Tháinig ríomhphost chugam maidin inniu ó dhuine ag déanamh gearáin faoi chúrsaí earcaíochta. An bhféadfainn é a léamh amach, a Chathaoirligh?

Is féidir.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Tugann sé léargas ar an gcaoi ina bhfuil cúrsaí. Deir an duine a scríobh an ríomhphost:

Is fada pobal na Gaeilge agus d'oifig ag éileamh go mbeadh státseirbhísigh in ann plé leo as Gaeilge. Sa chomhthéacs sin, is maith go bhfuil painéal anois cruthaithe de bharr comórtais oscailte chun oifigigh feidhmiúcháin Ghaeilge a earcú don Státseirbhís, painéal a mhaireas go dtí ceann 18 mí. Deir Public Jobs áfach gur sainphainéal atá ann agus gur ar bhonn iarratais na Ranna amháin a cheapfar daoine ón bpainéal seo. Mar is eol duit, ní nós le Ranna daoine le cumas sa Ghaeilge a lorg. Feictear domsa go bhfuil baol ann dá réir nach nglaofaí aon duine ón bpainéal toisc nach mbeadh iarratas sonrach ag Ranna ar son oifigigh feidhmiúcháin Ghaeilge. Deir an Bille go mbeidh céatadán de 20% de dhaoine le Gaeilge le ceapadh i ngach feachtas earcaíochta feasta. I gcás na n-oifigeach feidhmiúcháin a bheadh le hearcú anois, ba chóir go roghnófaí daoine ón bpainéal Gaeilge in aghaidh gach cúig fholúntas a bheadh le líonadh, is cuma an mbeadh na Ranna ag lorg duine le Gaeilge nó nach mbeadh. An rud ba mheasa ná go mbeadh painéal d'oifigigh feidhmiúcháin ag suí ansin agus ceapachán eile oifigeach feidhmiúcháin ina n-ionad, beag beann air sin. Sá chás sin níorbh fhiú do dhuine cur isteach ar an gcomórtas Gaeilge mar gur mó seans a bheadh ag an duine post a fháil sa ghnátchomórtais d'oifigigh feidhmiúcháin.

Is é an próiseas atá ann faoi láthair ná go bhfuil dhá phainéal ann: painéal do lucht labhartha na Gaeilge nó daoine le Gaeilge, agus painéal do dhaoine nach bhfuil an teanga acu. Is é an rud atá ag tarlú agus an rud a luaigh mé sa tuarascáil ná go bhfuil na poist a bhfuil sainaitheanta le riachtanais Ghaeilge faoi bhun 1% faoi láthair. Go bunúsach, níl na Ranna Rialtais ag sainaithint poist le Gaeilge. Níl sé ag tarlú. Rinneadh gearán linne ó dhuine a bhí ar bharr an phainéil Ghaeilge do phost sa Státchóras ag leibhéal, is dóigh liom, príomhoifigigh chúnta dhá bhliain ó shin. Bhí sí ar bharr an phainéil agus níor glaodh uirthi riamh agus 18 mí ina dhiaidh sin fógraíodh go raibh painéal eile do phríomhoifigigh chúnta le Gaeilge á lorg cé nár tháinig aon duine chuici chun í a thabhairt ón bpainéal sin. Léiríonn sé sin an fáth go gcaithfimid imeacht ón gcóras sin agus go mbeadh an bunleibhéal de 20% leagtha síos.

Glaoim anois ar an Seanadóir Barry Ward.

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus cuirim fáilte roimh an gcoimisinéir. Is comhalta nua den choiste seo mé ach táim ag tnúth go mór leis an obair. Ba mhaith liom a rá i dtús báire, nuair a fhéachaim tríd an seomra anseo, go bhfuil an chuid is mó de na comhaltaí ag teacht ó chontae nó ó Dháilcheantar ina bhfuil Gaeltacht ann.

Tagaim ó Dhún Laoghaire. Níl Gaeltacht ann ach dúirt duine liom go bhfuil níos mó Gaeilgeoirí a labhraíonn Gaeilge gach lá ina gcónaí i nDún Laoghaire ná in aon áit eile sa tír taobh amuigh den Ghaeltacht. Níl a fhios agam go cinnte an bhfuil sé sin fíor nó nach bhfuil ach déarfainn go bhfuil. Tá scoileanna ar nós Scoil Lorcáin agus Coláiste Íosagáin sa cheantar, agus tá Gaelscoil nua againn, Gaelscoil Laighean i nGráinseach an Déin. Tá a lán teaghlach i nDún Laoghaire a labhraíonn Gaeilge gach lá. Ní déarfainn go gceapann an coimisinéir é seo ach tá sé an-éasca dearmad a dhéanamh ar na codanna den tír nach bhfuil Gaeltacht iontu ach ina bhfuil mórán Gaeilgeoirí. Tá mórán daoine i nDún Laoghaire a labhraíonn Gaeilge gach lá agus a cheapann go bhfuil an-tábhacht ag baint leis an nGaeilge.

Tá ceist ghairid agam faoin mBille. Tá sé léite agam. I dtús báire chonaic mé go raibh leagan Gaeilge agus Béarla ann, ach chonaic mé freisin go dtagann an leagan Béarla ar dtús agus ansin an leagan Gaeilge. Ní thuigim cén fáth go bhfuil sé sin amhlaidh agus an coimisinéir ag labhairt faoin bpríomhtheanga. Creidim gur cheart go dtiocfadh an leagan Gaeilge ar dtús. Ag léamh alt 4 dom, agus an leasú a dhéanann an t-alt sin ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, is í an fhadhb a bhí agam ná an cás a bhí os comhair na hArd-Chúirte faoin cheart a bheith ag daoine an síneadh fada a úsáid le linn dóibh a bheith ag déileáil leis an Stát. Ba chóir an ceart a bheith ag daoine a n-ainmneacha a bheith litrithe i gceart agus níl an ceart iomlán sin acu anois tar éis an cás sin a bheith os comhair na hArd-Chúirte. Feicim go bhfuil roinnt oibre déanta leis an Aire agus maidir leis an gcumhacht a bheidh ag an Aire chun déileáil leis na comhlachtaí Stáit ach nach cóir dúinn ceart iomlán an síneadh fada a úsáid a chur sa Bhille sin do dhaoine? Tá a fhios agam go raibh fadhb le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, FSS, sa chás sin, ach le linn do dhaoine a bheith ag déileáil leis an Stát i ngach áit, nár chóir dúinn an ceart a thabhairt dóibh a bheith in ann an litriú ceart leis an síneadh fada den ainm a úsáid? Nár cheart dúinn rud éigin a dhéanamh i mBille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 faoi seo? Níl sé déanta anois sa Bhille go dtí seo go bhfios dom.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Ó thaobh cúrsaí Gaeilge in áiteanna i mBaile Átha Cliath, tuigim cé chomh láidir is atá an Ghaeilge iontu agus tagann le cois ar 40% de líon na ngearán ón bpobal a fhaighimid ó Bhaile Átha Cliath. Tá cearta teanga á lorg ag daoine i mBaile Átha Cliath chomh maith le limistéir eile. Tá físeán déanta againn d'obair na hoifige agus tá daoine ag caint ann faoin pop-up Gaeltacht agus deir duine san fhíseán sin go bhfuil níos mó cainteoirí Gaeilge agus Gaeilge á labhairt acu i mBaile Átha Cliath ná in aon áit eile sa tír. Nuair a bhíonn an físeán sin á tháispeáint do ghasúir sa Ghaeltacht, cuirim ceist orthu cén chaoi a mothaíonn siad faoi go bhfuil lucht Bhaile Átha Cliath ag rá go bhfuil níos mó acu ag labhairt Gaeilge ansin ná mar atá sa Ghaeltacht. Cuireann rudaí mar sin daoine ag machnamh. Is féidir an dá thrá a fhreastal agus caithfear an dá phobal a thabhairt leat, ag aithint sainriachtanais agus sainscileanna phobal labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht agus ag aithint phobal labhartha sainiúil na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht freisin. Tá an dá rud tábhachtach.

Is ceist an-mhór í ceist na síntí fada. Bhí fadhb an-mhór againne le hIarnród Éireann nuair nach raibh siad in ann síneadh fada a chur ar na suíocháin réamháirithe sa traein. Tá sé curtha ina cheart acu anois faoi dheireadh ach is í an chúis go rabhamar in ann gníomhú air sin ná go raibh dualgas ar an gcomhlacht faoi chúrsaí comharthaíochta faoin Acht Iompar. Tá an ceart ag an Seanadóir nach bhfuil aon rud faoi seo sa Bhille faoi láthair. Tá iarracht dul i ngleic leis sa leasú atá molta i dtaca le hainm agus seoladh ach níl sé sách láidir. Aontaím leis an Seanadóir go bhfuil níos mó ag teastáil. De réir na forála seo, is gá go mbeidh comhlacht poiblí forordaithe ag an Aire ach ba cheart go ndéarfaí go soiléir go gcaithfidh chuile chomhlacht poiblí a thagann faoi scáth an Achta déileáil le síntí fada faoi bhliain sonraithe. Mura mbeidh siad in ann é sin a dhéanamh, ba chóir go dtiocfadh na comhlachtaí sin ar aghaidh chun díolúine a lorg, más gá, agus féachfaimid ina dhiaidh sin ar cheart é a dhéanamh. Níl an reachtaíocht chomh láidir sin faoi láthair. Tá an prionsabal ann gur gá glacadh le hainm agus seoladh agus glacaim leis sin go gclúdaíonn sé sin síntí fada chomh maith ach, mar shampla, níl aon sprioc ama leis sin. Tá go leor ann faoin gcaoi le díolúine a fháil ón bhforáil seo seachas a bheith a rá le chuile chomhlacht poiblí go gcaithfidh siad déileáil le síntí fada faoin mbliain seo nó mura féidir é a dhéanamh.

Luaigh an Seanadóir an FSS. Tagann sé sin chun cinn againne go minic. Bíonn daoine istigh in ospidéil agus níl an FSS in ann déileáil le síntí fada. Nuair a thosaíomar ag plé leis an gceist seo, dúradh linn go raibh an próiseas ríomhaireachta ann ó na 1990idí nó na 1990idí agus nach raibh sé in ann déileáil le síntí fada. I gcás mar sin, dá mba gá, d'fhéadfaí díolúine a lorg ach caithfear a bheith daingean sa Bhille seo agus tá deis ag comhaltaí an choiste mar bhaill den Oireachtas é sin a chur ann agus go mbeadh sé leagtha síos go soiléir cén uair a mba cheart é sin a theacht i bhfeidhm.

Sula nglaofaidh mé ar an Teachta Ó Muimhneacháin, caithfidh mé a rá nach bhfuil ach méid áirithe ama againn anseo. Tá súil agam gur féidir leis na daoine atá thíos chun labhartha a bheith gairid. Beidh Teachta Ó Muimhneacháin ar dtús agus ansin an Teachta McHugh agus an Seanadóir Clifford-Lee. Tá an Teachta Ó Cathasaigh éalaithe. Tá an Teachta Ó Cúiv chun labhairt agus beidh mé féin ag iarraidh cúpla rud a rá ansin. Caithfimid a bheith críochnaithe faoi 3.55 p.m. Is é sin an riail nua agus níl aon síneadh againn. Más féidir le gach duine a bheith gairid, cuirfimid gach duine le chéile más gá. Glaoim ar an Teachta Ó Muimhneacháin anois.

Déanfaidh mé iarracht m'aitheasc a choimeád gairid go leor. Cuirim fáilte ar an gcéad dul síos roimh an gCoimisinéir Teanga agus gabhaim comhghairdeas leis as a bheith athcheaptha chomh maith. Guím comhghairdeas leis an gCathaoirleach freisin agus go n-éirí leis sa ról mar Chathaoirleach.

Táim chun díriú isteach ar thrí ábhar faoi leith, más féidir liom le cead an choimisinéara. Is iad an Bille, Covid-19 agus An Garda Síochána.

Ar an gcéad dul síos is cinnte gur rud an-dhearfach an Bille nua agus na spriocanna, mar shampla, atá leagtha síos leis. Tá an coimisinéir tar éis an coiste comhairleach a lua ansin agus comhdhéanamh an choiste sin. Braitheann an coimisinéir gur chóir é a bheith níos leithne. An bhfuil aon duine, earnáil nó eagraíocht faoi leith i gceist ag an gcoimisinéir chun é a leathnú amach agus an féidir leis é sin a shoiléiriú, lena thoil?

Baineann an dara ábhar atá agam le Covid-19. Tá sé cinnte nuair a bhíonn rud éigin tábhachtach le rá agus má thagann sé i mBéarla amháin, seolann sé sin teachtaireacht an-láidir do mhuintir na Gaolainne. Tharraing go leor daoine sa bhaile aníos an t-ábhar sin nuair a tháinig sé chun cinn leis an ardteistiméireacht agus leis an gclárú i gcomhair na dtorthaí. Ní raibh an deis ag daoine i scoileanna a bheadh ag brath ar an mbónas tríd an ardteistiméireacht a dhéanamh trí Ghaeilge clárú i nGaeilge. Bhíodar i bponc - ní raibh a fhios acu an ag teacht nó ag imeacht a bheidís dá ndéanfaidís clárú i mBéarla. Léiríonn sé teachtaireacht láidir nuair atá na húdaráis ag úsáid an Bhéarla amháin. Feicimid go bhfuil níos mó de na leabhráin agus mar sin de ag teacht chugainn go dátheangach anois. An bhfuil sé sin le brath? An bhfeiceann an coimisinéir aon athrú le tamall anuas ann? An bhfuil an líon céanna gearán á ndéanamh? An mbraitheann an coimisinéir go bhfuil rudaí mar a bhíodar i mí an Mhárta, nó an bhfuil aon fheabhas tagtha ar an scéal sin?

Maidir leis An nGarda Síochána, caithfidh mé aontú leis an Teachta Daly go bhfuil sé áiféiseach go leor go bhfuil an deacracht seo tar éis leanúint ó 2011. Tuigim go bhfuil gealltanais tugtha maidir le hearcú agus tá An Garda Síochána le daoine nua a earcú agus breis maoinithe faighte acu chuige sin.

Nuair a thagann daoine amach as an traenáil, téann siad go dtí stáisiún faoi leith. Ní bheidh siad scaipthe ar fud na tíre. Ní bheidh siad ag dul go dtí ceantair Ghaeltachta agus mar sin de. Mar sin, ní fheadar an leor an sprioc sin mar shlat tomhais. Tá an coimisinéir ag faire ar na stáisiúin Ghaeltachta. An bhfuarthas aon ghealltanais mar gheall ar na stáisiúin Ghaeltachta ón gCoimisinéir nó ón Gharda Síochána? An raibh sprioc ar fáil uathu? Luadh sprioc de 10% i gcomhair earcaíochta. An bhfuil an sprioc sin á baint amach mar atá sé? Sin na trí ábhar faoi leith.

Tá ceist an-ghearr agam toisc go bhfuilimid faoi bhrú. Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Araon leis an Seanadóir Ward, táim i mo chónaí i mBaile Átha Cliath ach is as Contae Phort Láirge mé agus is as an nGaeltacht mhuintir mo mháthar. Tá ceangal ann leis an nGaeltacht sin. Táim i mo chónaí i nDomhnach Bat i mBaile Átha Cliath. Tá an-áthas orainn mar tá Gaelscoil nua ann sa cheantar. Beidh mo mhac óg ag dul go dtí an Ghaelscoil sin. Is rud iontach é. Déanfaidh mé tagairt do Covid-19. Tá ceist ghearr agam maidir leis na srianta nua agus maidir leis an bhfógairt a rinneadh cúpla oíche ó shin maidir le leibhéal 5. Ar tháinig sé amach sa dá theanga? An raibh aon eolas faoi leibhéal 5 ar fáil ar na meáin shóisialta, ar an raidió nó mar sin de?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Díreoidh mé ar na ceisteanna san ord inar tháinig siad chugam. Ó thaobh an choiste chomhairligh, molaim an leasú atá molta ó thaobh sprioc de, is é sin go mbeadh an coiste bunaithe taobh istigh de shé mhí agus go mbeadh an plean curtha i dtoll a chéile faoi cheann dhá bhliain. Bhí an dá sprioc sin in easnamh sa mBille ag an tús agus tá leasuithe molta ag an Rialtas chun an dá sprioc sin a thabhairt isteach. Molaim é sin. Is maith ann iad. Ó thaobh déantús an choiste, tá molta go mbeidh ionadaí amháin ón nGaeltacht ach, de réir mar a thuigim an Bille, ina dhiaidh sin is ionadaithe ó Ranna Rialtais agus ó chomhlachtaí poiblí a bheidh ar an gcoiste. Ba cheart go mbeadh sé níos leithne ná sin. Go bunúsach, ba cheart go mbeadh iad siúd a bhíonn ag lorg seirbhísí trí Ghaeilge ar an gcoiste chomh maith. Ba cheart go mbeadh ionadaíocht ann freisin dóibh siúd nach bhfuil á lorg faoi láthair ach go mba mhaith leo a bheith á lorg amach anseo.

Seachas sin, d'fhéadfadh comhrá a bheith ann faoi chúrsaí éilimh, mar shampla. Deirtear nach bhfuil éileamh ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Teastaíonn guth na ndaoine atá ag lorg seirbhíse chun a bhfianaise féin a thabhairt faoi na huaireanta a mbíonn siad ag lorg seirbhíse trí Ghaeilge agus nach bhfaigheann siad é agus, mar gheall air sin, nach lorgaíonn siad arís é. B'fhéidir gur cheann de na cúiseanna nach bhfuil éileamh ann é sin. Ní féidir a bheith ag súil go mbeadh daoine ag lorg seirbhíse den dara grád. Tá sé mí-ionraic a rá go bhfuil easpa éilimh ann mura bhfuil an tseirbhís atá á cur ar fáil ar chomhchaighdeán leis an tseirbhís Bhéarla. Tá cleachtadh againn ar fad ar a bheith ag lorg seirbhís trí Ghaeilge agus a bheith ráite linn gur chóir glaoigh ar ais nó teachtaireacht a fhágáil. Ba chóir go mbeadh an coiste comhairleach níos leithne ar an gcaoi sin.

Ó thaobh chúrsaí Covid-19 de, tá an dara leabhrán a tháinig amach le deireanaí go hiomlán dátheangach. Bhí fadhb leis an gceann a tháinig amach ag an tús. Bhí sé i mBéarla amháin cé gur tháinig sé amach i nGaeilge i ndiaidh sin. Tá imní léirithe ag daoine a tháinig chugam faoi chúrsaí Covid-19. Rinneadh go leor gearán liom faoi. Ceann de na nithe a tháinig chun cinn ná cúrsaí fógraíochta. Tá go leor fógraí i mBéarla amháin, b'fhéidir beagnach chuile cheann. Mar a bheidh a fhios ag an Teachta Ó Cuív, níos fearr ná mé féin, nuair a bhí an Bille á dhréachtú cuireadh foráil ann gur féidir feidhm a thabhairt d'fhógraíocht. Níl feidhm tugtha do sin fós agus, mar gheall air sin, níl dualgas reachtúil ann a chinnteoidh go gcaithfidh comhlachtaí poiblí fógraíocht a dhéanamh i nGaeilge agus i mBéarla.

Ar leibhéal ginearálta maidir le Covid-19, tá an Stát ag iarraidh muid ar fad a tharraingt le chéile chun an paindéim seo a throid. Táim ag fáil amach ó dhaoine a rinne gearáin linn nach bhfuil siad ag fáil an tseirbhís mar ba chóir í a fháil trí Ghaeilge. Ní mhothaíonn siad go bhfuil freastal á dhéanamh orthu mar ba chóir. Ní ceist aistriúcháin í seo, dar liom. Is ceann de na cúiseanna le sin nach bhfuil ach fíorbheag den obair bhunúsach struchtúrtha a bhíonn ar siúl sa Státchóras ar siúl i nGaeilge. Is ceann de na bealaí gur féidir dul i ngleic le sin ná níos mó daoine le Gaeilge a thabhairt isteach sa Státchóras agus sa tseirbhís phoiblí ná mar atá ann. Is mar gheall air sin go bhfuil an leasú go mbeidh 20% d'earcaithe sa gcóras in ann feidhmiú trí Ghaeilge ann. Dá mbeadh níos mó daoine le Gaeilge sa gcóras, bíodh sé aitheanta go bhfuil an Ghaeilge riachtanach dá bpoist nó ná bíodh, b'fhéidir leo oibriú ón mbun ag dréachtú polasaithe i nGaeilge agus i mBéarla. Chuideodh sé sin nuair atá an t-am ag teacht chun an t-ábhar a chur ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna.

Chuir an Seanadóir ceist shonrach faoi leibhéal 5. Níl an t-ábhar seo ar fáil i nGaeilge. Bhí mé ag breathnú ar líne inniu agus inné agus níl an t-eolas is deireanaí atá tagtha amach i mBéarla ar fáil i nGaeilge ar an suíomh a bhaineann le Covid. Táim cinnte go ndéanfaí an argóint go raibh brú ama i gceist.

Ba chóir go mbeadh duine sa Roinn ábalta déileáil leis sin.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Ba chóir.

Léiríonn sé drochmheas.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Dá nglacfaí le brú ama i gcás éigeandála mar leithscéal, tá ráite nár chóir a bheith ag súil le haon rud práinneach nó tábhachtach i nGaeilge. Ní féidir glacadh leis sin.

Glaofaidh mé ar an Teachta McHugh agus ansin an Teachta Ó Cuív.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Tá brón orm, níor fhreagair mé an cheist faoin nGarda Síochána. An smaoineamh a bhí ann ná, nuair a thiocfadh na hearcaithe nua isteach tar éis a gcuid oiliúna a dhéanamh sa Teampall Mór, go gcuirfí ar stáisiúin sa nGaeltacht iad ag am éicint ina dhiaidh sin ar feadh ceithre nó cúig bliana agus go mbeadh 10% eile ag teacht agus go dtiocfadh méadú de réir a chéile. Níl sé sin ag tarlú. Níl sé le feiceáil sna figiúirí. Ní féidir liom a rá leis An nGarda Síochána go gcaithfidh sé an 10% a chur isteach i limistéar Gaeltachta. Ní féidir. Is féidir liom a rá go gcaithfidh garda le Gaeilge a bheith ar stáisiún sa Ghaeltacht. Ní féidir liom a rá cé as a gcaithfidh sé nó sí teacht. Ba é an plean a bhí ag An nGarda Síochána ag an tús ná iad a thabhairt isteach ar an gcaoi sin ach, ó na figiúirí atáimid ag feiceáil, níl aon fhás ag teacht ar na figiúirí. Ó thaobh an 10% d'earcaithe, d'éirigh leis é sin a bhaint amach sa gcéad chuid den earcaíocht ach ní heol dom go bhfuil sé á bhaint amach go cruinn ina dhiaidh sin. Pé scéal é, an bhfuil an uimhir de ghardaí le Gaeilge a chuirtear i stáisiúin sa Ghaeltacht ag feabhsú? Níl.

Cuirim fáilte roimh an choimisinéir agus roimh a fhoireann uilig i nGaillimh. Aithním é as a thiomantas agus as an obair atá déanta aige, ní hamháin ó thaobh na tuarascála bliantúla. Tá rudaí diúltacha istigh ann. Ní chlúdaíonn sé ach a obair ar ghearáin amháin. Bíonn a oifig iontach gnóthach i gcúrsaí dearfacha freisin. Bíonn sé ag obair freisin ar na deiseanna atá ann sa Roinn Oideachais agus Scileanna. Tá a fhios agam faoi na feachtais dhearfacha atá ann fosta. Aontaím leis agus aithním arís é.

Tá cúpla ceist agam. Cad é tuairim an choimisinéara agus a mholtaí faoi na bearnaí atá ann sna réamhscoileanna? Is léir go bhfuil obair ar bun sna ceantair Ghaeltachta tríd na naíonraí. Bíonn daoine óga ag labhairt Gaeilge go nádúrtha. Cad iad a mholtaí maidir leis an obair atá de dhíth taobh amuigh den Ghaeltacht? Sin ceist amháin.

Mar is eol don choimisinéir, beidh an maolú san AE imithe i mí Eanáir an bhliain seo chugainn. An bhfuil aon smaointe ag an gcoimisinéir maidir leis an gcaoi inar féidir teachtaireacht faoi sin a scaipeadh i measc déagóirí agus a dtuismitheoirí? Beidh deis mhór acu siúd atá sna meánscoileanna agus na mbunscoileanna faoi láthair obair sa Bhruiséil amach anseo.

Cuirim míle fáilte roimh an gcoimisinéir. Déanaim comhghairdeas leis an gCathaoirleach ar a cheapachán.

Is ceann de na fadhbanna atá ann ná, cé gur féidir linn reachtaíocht a thabhairt isteach go deo, smaoiníonn an córas ar bhealaí éalaithe. Tá an-díomá orm le 17 mbliana leis an gcaoi go smaoinítear ar cén chaoi gan rudaí a chur i bhfeidhm. Luaigh an coimisinéir pleananna contae. Tá riail i nGaillimh go mbíonn ar eastáit in áiteanna ar nós an Spidéil 80% de na tithe a thabhairt do Ghaeilgeoirí. Nuair a dhéantar imscrúdú air sin ar an talamh, faightear amach go bhfuil breithiúnas an-aisteach a thabhairt ar cé is Gaeilgeoir iad. Tá daoine nach bhfuil ach cúpla focal Gaeilge acu agus nach labhraíonn í go hiondúil á gcur i gceartlár na Gaeltachta. Tá moladh déanta agam ag an Aire go leagfar síos i dtreoir ón Roinn go gcaithfidh caighdeán de réir an chórais Eorpaigh a bheith ag an té a bheadh cáilithe. Réiteodh sé sin an fhadhb i Ráth Chairn, mar shampla. B'fhéidir gur cheart é sin a scríobh san Acht.

Tá fadhbanna go leor ann mar tá bealaí éalaithe á lorg ag an gcóras an t-am ar fad. Nuair a luaigh an coimisinéir an Dublin Port Company, a dúirt gur phíosa ealaíne a chomhartha, rith sé liom go mb'fhéidir go raibh an chiall ag an bhfocal "ealaín" a bhíonn air i gConamara i gceist acu. Tugtar "messing" air i mBéarla. B'fhéidir gur ealaín den chineál sin a bhí i gceist. Is fánach an leithscéal é. Taispeánann sé an meon a fheictear an t-am ar fad. Déarfainn go dtagann an coimisinéir trasna air seo. Nuair a dhúntar doras amháin, aimsítear bealach éalaithe eile.

Tá dhá cheist agam maidir leis an mBille. Tá cinneadh déanta ag an Money Advice and Budgeting Service, MABS, tarraingt siar as Conamara. Tháinig sé ann in 2012. Is rud faoi leith é sin. Bheadh sé deacair é sin a chlúdach i gcaighdeán. Bheadh sé níos éasca a chlúdach i bplean. Ar cheart go mbeadh an bundlí, na hionstraim reachtúla, na caighdeáin agus deis pleananna a lorg i leith rudaí sonracha a fhágáil san Acht seachas na pleananna a bhaint as?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Níl sé-----

Míneoidh mé cad atá i gceist agam. Le rialacha a dhéanamh faoin bunAcht, caithfear ionstraim reachtúla a dhéanamh. Is samplaí de na rudaí atá i gceist leis sin an comhfhreagras, an chomharthaíocht agus an fhógraíocht. Bhíomar beagnach réidh le hionstram reachtúil a rith i gcomhair fógraíochta in 2009. Bhí ceist bheag amháin le réiteach againn. Is é sin an dara bealach inar féidir an Stát dualgais a leagan síos. Is é an tríú bealach ná na pleananna. Táimid ag cur na caighdeáin leis sin ach, de réir mar a thuigim, táimid ag baint as an deis plean a iarraidh ar chomhlacht sa bhreis ar na trí rud eile. Tá rudaí áirithe a mbeidh deacair a leagan síos i gcaighdeán náisiúnta nó fiú i gcaighdeán don Ghaeltacht. Bheadh sé áisiúil dá mbeadh an cheathrú ionstram fágtha, is é sin an phleanáil. Ní thuigim cén fáth a bhfuil é a bhaint amach. Bheadh spéis agam i dtuairim an choimisinéara faoi sin.

Maidir le ceist an-tábhachtach ainmneacha daoine agus mar sin de, ar an gcéad dul síos, go minic bíonn orainn foirmeacha a líonadh trí Bhéarla. Éalaítear orainn "Mr.", "Mrs." nó "Ms" a chur síos. Ní shin cuid den ainm agus ní chuimhin liom cén uair a mbronnadh a leithéid de theideal orm. Ar cheart dúinn leagan síos nach bhféadfaí é sin a éileamh ar dhuine ar fhoirm? Má theastaíonn ó dhaoine teideal a thabhairt dóibh féin, go n-éireoidh sé leo, ach níor chóir nach nglacfaí le foirm mura gcuireann duine teideal air nó uirthi féin. Tá go leor foirmeacha ann, foirmeacha Ryanair agus Aer Lingus mar shampla, nár ghlactar leo mura gcuireann duine teideal air nó uirthi féin. Níor cheart gur rud éigeantach é sin.

Cén fáth nach féidir muid ainmneacha a chosaint ní hamháin le comhlachtaí poiblí, mar a thugtar orthu, ach sa Stát i gcoitinne? Ba chóir go mbeadh ar aon dhuine atá ag éileamh ar an bpobal foirm a líonadh glacadh le hainm an duine sin mar atá sé aige nó aici, is cuma céard gur mhaith leis an ríomhaire nó leis an gcomhlacht féin. Cén fáth go gcaithfidh rudaí mar sin a bheith teoranta do chomhlachtaí Stáit? An bhfuil aon chomhairle nó tuairim ag an gcoimisinéir faoin gceist sin? Tá go leor rudaí eile gur mhaith liom a lua ach fágfaidh mé mar sin é mar bheadh an Cathaoirleach ar bís dá bhfaighfidh sé am dó féin.

Nílim ró-bhuartha ach caithfear amach as an seomra muid ag an am sin ar aon chor. Caithfidh mé críochnú nuair atá an coimisinéir críochnaithe.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Gabhaim buíochas leis an bheirt Teachtaí as na ceisteanna. Gabhaim buíochas leis an Teachta McHugh as a chuid comhoibrithe agus é ina Aire Stáit na Gaeltachta agus ina Aire Oideachas agus Scileanna. Thug sé ómós don oifig le linn a ré mar Aire. Ba mhór agam a chabhair.

Ó thaobh na réamhscoileanna de, tá a fhios ag chuile dhuine ó na stáidéir ar fad cé chomh tábhachtach is atá na blianta óga don líon atá á dtógáil le Gaeilge. Is é sin an áit chun an Ghaeilge a shealbhú agus a neartú. Níl mé ag iarraidh a bheith teicniúil faoi. Ní thagann an cheist sin faoi mo chúram. Ní dóigh liom go dtagann é faoin Acht Oideachais ach faoin Roinn Leanaí, Comhionnanais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige. Má tá an Stát, sa straitéis 20 bliain, ag iarraidh líon na gcainteoirí a mhéadú agus mar sin de, luíonn sé le réasún go gcinnteofaí go bhfuil réamhscoileanna atá á mbunú taobh amuigh den Ghaeltacht in ann freastal ar riachtanais daoine atá ag tógáil a ngásúr le Gaeilge. Go mór mór i gceantair ina bhfuil, nó ina mbeidh, Gaelscoil ann, d'fhéadfaí breathnú réamhscoileanna le Gaeilge a bhunú freisin. Tá cuid de sin ag tarlú in áiteanna ach tá méar an Teachta leagtha ar áit ina bhfuil go leor oibre le déanamh ag an Stát ó thaobh cur chun cinn na teanga.

Ó thaobh an mhaolaithe san Aontas Eorpach, atá le dul as feidhm, is féidir linn ceacht a fhoghlaim ón bpróiseas sin agus muid ag iarraidh breis earcaithe sa tseirbhís phoiblí in Éirinn amach anseo. Tá go leor cainte faoi athrú aeráide agus a leithéidí faoi láthair. Déanann an Stát próiseas mór bolscaireachta agus fógraíochta faoin méid a chaithfimid a dhéanamh. Tá sé feicthe againn le Covid-19 gur féidir leis an Stát fógraíocht a dhéanamh. Ó thaobh cúrsaí earcaíochta anseo, nuair atá sé seo ag teacht i bhfeidhm, teastóidh a lán oibre le cinntiú go bhfuil daoine a ghríosadh sna scoileanna agus sna hollscoileanna agus go bhfuil siad ar an eolas go mbeidh na poist seo ann agus chun iad a thraenáil agus a chur in oiliúint le go mbeidh siad réidh nuair a thiocfaidh an t-am go bhfuil daoine a earcú. Caithfear cinntiú go mbeidh dóthain daoine ann le cur isteach ar na poist seo. Is tríd sin a dhéanfar é. Ó thaobh an Aontais Eorpaigh de, tá leibhéal na bpost sin thar a bheith sainaitheanta. Caithfear a bheith cáilithe mar aistritheoir nó sa réimse sin. Is réimse thar a bheith teicniúil é sin ó thaobh na Gaeilge de.

Ó thaobh an 20% a bheidh ag teacht isteach sa Státchóras, beidh áiteanna ina mbeidh na scileanna teicniúla ag teastáil ach beidh áiteanna eile nach mbeidh an saineolas aistriúcháin sin ag teastáil, cé go mbeidh líofacht teanga ag teastáil. Ba cheart go mbeidh sé níos éasca teacht ar dhaoine le líofacht teanga seachas ar dhaoine leis an oiliúint aistriúcháin ar ardleibhéal a mbeidh ag teastáil ón Aontas Eorpach.

Gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Cuív as a ceisteanna agus as a thacaíocht leanúnach do m'oifig. Ag an tús, labhair sé faoi na caighdeáin Ghaeilge a bhíonn á lorg agus tithíocht a chur ar leataobh i limistéir sna Gaeltachtaí ar nós an Spidéil. Chun cur leis an scéal sin, rinneadh gearán linn anuraidh faoi dhuine a bhí ag obair i gCalafort Ros a' Mhíl gan aon Ghaeilge.

Bhí sé ráite i scéim teanga na Ranna Talmhaíochta, Bia agus Mara gur daoine le Gaeilge a bheadh lonnaithe sa Ghaeltacht a bheadh i gceist, agus is mar gheall ar sin go raibh muid in ann gníomhú. Chuir an Roinn an scéal ina cheart, d'fhógair sé an post an athuair agus cuireadh riachtanais Ghaeilge leis. Bhí sé leagtha síos go raibh próiseas caighdeánach teastas Eorpach na Gaeilge, TEG, nó ceann Eorpach eile faoin gcaighdeán a chaithfí a bhaint amach don phost. Má táimid ag rá go gcaithfear céatadán ard a bheith ar fáil do thithe, go mba cheart caighdeán mar sin a bheith leagtha síos freisin.

Maidir leis na hionstraim reachtúla, na bundualgais san Acht agus sna scéimeanna teanga, agus na caighdeáin, bheadh sé uafásach dá mbeadh de thoradh ar na leasuithe a dhéanamh dá dtiocfaí caighdeán isteach go mbeadh rud éigin atá geallta i scéim teanga caite i dtraipisí. De réir mar a thuigim, tá sé i gceist go mbeadh sé ann sa mhéad go ndéarfaí nach mbeadh aon chúlú ó aon ghealltanas atá i scéim teanga ach go bhfanfaidh na scéimeanna teanga i bhfeidhm, fiú leis na caighdeáin. Níl freagra na ceiste agam ar cad a tharlóidh amach anseo. Sin ceist go gcaithfear breathnú air agus an reachtaíocht ag dul tríd Tithe an Oireachtais.

An mbeadh sé ar a fiúntas dá mbeadh an chumhacht sin ann sa bhreis ar na ceithre chumhacht eile? D'fhéadfaí plean teanga a éileamh, go mór mór i gcomhthéacs rudaí sonracha a bhaineann le freastal faoi leith a dhéanamh ar phobal faoi leith in áit faoi leith. D'fhéadfadh an pobal sin a bheith i mBaile Átha Cliath nó d'fhéadfadh sé a bheith thiar.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Níl mé ag dul in aghaidh an phointe atá á dhéanamh ag an Teachta ach dá mbeadh caighdeán leagtha síos ó thaobh seirbhísí Stáit sa Ghaeltacht, mar shampla, go gcaithfidh an Stát freastail ar phobal na Gaeltachta ina dteanga féin, i nGaeilge, nach gceapann an Teachta go bhfuil sé sin sách daingean?

Níl sé sách daingean. Beifear curtha i sáinn an-sciobtha. Má tá sé ró-leathan, beimid i sáinn - beidh máinlia éigin san ospidéal ag plé le rud éigin agus ní bheidh sé in ann seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge. Mura gcuirfear an tseirbhís ar fáil, beidh muintir na Gaeltachta iad fhéin spréachta. Is cuma leo siúd má tá sé ar fáil i Rúisis má táthar tinn.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Sa chás sin, ba cheart iarracht a dhéanamh ar an gcéad dul síos na caighdeáin a dhéanamh chomh docht agus chomh daingean agus is féidir ach má tá an lucht reachtaíochta den bharúil nach féidir leis na caighdeáin a bheith sách daingean agus go bhfuil bealach éalaithe astu, ba cheart breathnú ar bhealaí eile ar nós sin.

Pléfidh mé an t-ábhar seo leis an gcoimisinéir an éigin eile, mar níl an t-am againn inniu.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Bogfaidh mé ar aghaidh go dtí cúrsaí rogha ainm. Faighimid gearáin go minic faoi dropdown menus le rogha idir "Mr." agus "Mrs." agus scríobhann daoine againn go bhfuil siad ag iarraidh a n-ainmneacha a scríobh i nGaeilge agus nach bhfuil de rogha acu ach "Mr." agus "Mrs." a rá. De réir mar a thuigim, tá an Teachta ag rá nár cheart go gcuirfí iachall ar dhaoine "Mr.", "Mrs.", "Uasal" nó "Iníon" a scríobh. Luíonn sé le réasún go mbeadh an rogha ag duine an dropdown sin a úsáid nó gan é a úsáid. Ó thaobh comhlachtaí príobháideacha, tá an dualgas sin ar an gcoimisinéir sa Bhreatain Bheag. D'fhéadfaí breathnú air sa chomhthéacs seo freisin ó thaobh rudaí chomh bunúsacha le hainmneacha, seoltaí agus síntí fada ionas go mbeadh an dualgas sin ar chuile chomhlacht, go mór mór iad atá ag fáil airgead ón Stát, nó go deimhin aon chomhlacht.

Leagaimid go leor rudaí síos do chomhlachtaí príobháideacha.

Tá cúpla ceisteanna agam don Choimisinéir Teanga agus ní gá freagra a thabhairt inniu muna bhfuil an t-am aige. Bhí sé ag caint faoi cheist an dropdown menu. Tá a fhios agam go gcaithfidh comhlachtaí atá ag lorg deontais a fháil ó thaobh web design i gcomhthéacs Covid-19 foirm a líonadh isteach ar líne, rud atá go maith. Áfach, má chuirtear síneadh fada isteach in aon áit, stopann sé. Má tá comhlacht Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ag déanamh iarratas ar a leithéid, ní féidir é a líonadh agus caithfear é a sheoladh go pearsanta. Níl a fhios againn fós an nglacfar leis sin nó nach nglacfar. Tá an scéim chéanna ag Údarás na Gaeltachta ach tá sin ann do cheantair Ghaeltachta. Beidh sé sin spéisiúil. Nuair a raibh na comhlachtaí nó an Stát ag cur a leithéid le chéile, níor thuig siad go raibh siad ag cruthú deacrachtaí do dhaoine a bhfuil síntí fada ina n-ainmneacha. Níl díreach an "Ó" atá i gceist ach an text iomlán. Má tá an text ar fad scríofa i nGaeilge, ní dhéanann sé ciall ar bith. Níl ciall ar bith leis an bhfoclaíocht nuair atá na síntí fada ar fad in easnamh.

Dúirt an Coimisinéir Teanga go raibh sé ag déileáil le RTÉ. Ghlac RTÉ cinneadh le déanaí chun srian a chur ar sheirbhísí nuachta tar éis 7 p.m. An gcuireann sé sin as don scéal maith a bhí á insint ag an gcoimisinéir dúinn níos luaithe maidir leis an nGaeilge agus an méid atá curtha ar fáil?

Tá faireachán ar Achtanna mar dualgas sa bhreis atá le tabhairt don Choimisinéir Teanga i gcomhthéacs Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019. Tá dualgais eile gur chóir go mbeadh aige chomh maith. Níl mé ag iarraidh breis cumhachtaí a thabhairt dó gan breis foirne a bheith ann ionas gur féidir lena oifig na dualgais seo a chomhlíonadh. Ba cheart go mbeadh faireachán ar Bhillí nó sórt réamh-reachtaíocht mar dhualgas nó mar chumhacht ag an gCoimisinéir Teanga. Bhí sé sin ann i gcás an Irish Human Rights and Equality Commission, IHREC. Bhí ar an IHREC féachaint ar gach dlí le féachaint ar chuir sé as do chearta daonna. Sa chás seo bheadh an Coimisinéir Teanga ag faire amach an gcuirfidh Billí as don Ghaeilge nó do sheirbhísí an Stáit sa Ghaeilge. B'fhéidir go mbeadh an coimisinéir in ann smaoineamh ar sin.

Tagraím don Choimisiún Logainmneacha, nach ann dó a thuilleadh. An raibh sé ina bhotún fáil réidh leis sin, go háirithe nuair a táimid ag déileáil le ceisteanna faoi chomharthaíocht bóithre, tithíocht, ceantair agus éirchóid, a bhí luaite i dtuarascáil an Choimisinéara Teanga?

Tá a lán ceisteanna eile agam ach fágfaidh mé ansin é agus b'fhéidir go mbeidh níos mó ama againn lá eile.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Tá an obair atá ar siúl le RTÉ lasmuigh den scéal a bhí sna meáin go mbeadh an nuacht raidió sa tráthnóna ar RTÉ Raidió 1 ag bogadh siar ó 9 p.m. go dtí 7 p.m. Ó thaobh mo réimse agus faireachán ar an imscrúdú de, tá mé ag breathnú an bhfuil réimse cuimsitheach clár á chur ar fáil ar bhealaí teilifíse an stáisiún. Is air sin atá an t-imscrúdú dírithe. Ní deir sé cén uair go gcaithfear na cláir a chur ar fáil. Ní bheinn ag siúl go ndéarfadh RTÉ ag aon tráth, mar shampla, go bhfuil sé chun 600 nó 1,000 uair an chloig cláir Gaeilge a chur ar siúl agus iad sin a chur ar siúl idir meánoíche agus 6 a.m. Ní bheadh sé sin réalaíoch agus ní dhéanfaí é sin. Ní deirtear sa reachtaíocht go gcaithfear na cláir a bheith ar siúl ag am faoi leith.

Ó thaobh faireachán ar Bhillí, tagraím do cheann de na moltaí a bhí ann agus atá ann don Ombudsman do Leanaí freisin. Sin oifig atá cineál cosúil le m'oifig féin. Déanann sé faireachán ar Bhillí agus ar achtacháin eile atá ag teacht faoi bhráid Thithe an Oireachtais agus faoi bhráid an Rialtais. Bheadh sé tairbheach dá mbeadh a leithéid d'fheidhm agam mar Choimisinéir Teanga. Bheadh breis daoine ag teastáil le feidhm chomh mór sin a chur i gcrích. Níl aon dabht faoi sin. Is ceist í faoi cá bhfeiceann an Stát agus an Rialtas an oifig ag dul go fadtéarmach. An bhfuil sé i gceist go mbeidh an oifig ag fás agus ag forbairt go rialta agus an mbeidh breis cúraimí á leagan ar an oifig go rialta amach anseo? Cén samhail atá ann? An tsamhail atá agamsa ná go mbeidh breis feidhmeanna i gceist agus go mbeidh sé ag forbairt dá réir.

Ó thaobh Coimisiún na Logainmneacha de, níl a dhóthain curtha amach agam le labhairt faoi. Is ceist pholasaí é níos mó ná aon ní eile. An rud a bhím ag breathnú air go rialta ná an bhfuil an dualgas ó thaobh logainmneacha á chomhlíonadh ag comhlachtaí poiblí agus an bhfuil siad á n-úsáid nó nach bhfuil. Ní dhearnadh uasdátú ar na logainmneacha le haghaidh píosa ama roimhe seo agus is cinnte gur gá aghaidh a thabhairt ar sin ar bhealach amháin nó ar bhealach eile.

Gabhaim buíochas leis an gCoimisinéir Teanga agus gabhaim mo leithscéal le Órla de Búrca agus Séamas Ó Concheanainn as ucht na fadhbanna teicniúla a bhí againn. Bíonn fadbhanna teicneolaíochta againn go minic nuair atá Oifig an Choimisinéara Teanga linn ach tá sé go deas na finnéithe a fheiscint.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Ba mhaith liom a aithint go bhfuil an tUasal Ó Concheanainn tosaithe linn mar stiúrthóir le mí anuas. Bhí sé ag obair in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gCarna mar stiúrthóir roimhe sin. Is mór an chabhair dom agus don oifig go bhfuil sé tosaithe in am atá an-chrua do na hoibrithe uilig agus do chuile dhuine le Covid-19.

Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do Órla de Búrca chomh maith, a bhí ag feidhmiú mar stiúrthóir freisin idir mí Feabhra agus mí Mheán Fómhair. Murach iad, bheimis sa phuiteach. Táim an-bhuíoch dóibh.

Gabhaim buíochas leis an gCoimisinéir Teanga.

Barr
Roinn