Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Wednesday, 21 Oct 2020

Gnó an Chomhchoiste.

Tá dhá phíosa beag gnó eile le déanamh againn. An chéad cheann ná aon ghnó eile, agus an ceann eile ná an bhfuil sé ceart go leor go n-iarrfadh muid ar Ghrúpa Oibre na gCathaoirleach Coiste an sliotán ama atá againn a athrú ó 2 p.m. go dtí 4 p.m. chuig 4.30 p.m. go dtí 6.30 p.m. Oireann sé domsa agus bhí roinnt daoine eile ag rá go n-oirfeadh sé dóibh. An fadhb a bhí ann an lá deireanach ná go raibh an Comhcoiste um na Meáin, Turasóireacht, Ealaíona, Cultúr, Spórt agus Gaeltacht ar siúl ag an am céanna. Má tá ceist Ghaeltachta sa choiste eile, ní féidir linne an dá thrá a fhreastal. Sin an t-aon fáth go raibh muid ag lorg go mbeadh athrú ann.

Ní oireann sé sin do na comhaltaí as Fianna Fáil mar tosaíonn an cruinniú páirtí parlaiminte ag 6 p.m. nó 6.15 p.m.

Críochnóidh muid díreach in am do na comhaltaí sin gach uair ag 6.15 p.m. ach go háirithe, faoi láthair caithfimid críochnú go luath.

Tá cruinniú ag páirtí parlaiminte Fhine Gael fosta ag 5.30 p.m. achan Dé Céadaoin. B'fhéidir go dtiocfaidh muid ar ais chuige seo.

Beidh orainn féachaint an bhfuil aon sliotán ama eile saor. B'fhéidir go n-iarrfaidh muid ar an gcoiste eile athrú a dhéanamh.

Bheadh 3.30 p.m. nó 4 p.m. oiriúnach.

Fágfaidh muid é go dtí an chéad chruinniú eile. An bhfuil aon ghnó eile ag aon chomhalta? Níl. Críochnóidh muid an cruinniú mar sin agus cuirfidh muid é ar athló go dtí an 4 Samhain, am a bheidh Conradh na Gaeilge os ár gcomhair ag 2 p.m. Tá súil agam na comhaltaí ar fad a fheiscint ansin. An bhfuil sé sin aontaithe? Tá sé aontaithe.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 3.52 p.m. go dtí 2 p.m. Dé Céadaoin, 4 Samhain 2020.
Barr
Roinn