Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Wednesday, 4 Nov 2020

Gnó an Chomhchoiste

Tá leithscéal faighte againn ón Seanadóir Rónán Mullen. Tá an rúnaíocht tar éis dréacht-mhiontuairiscí ónár gcruinnithe, an 14 agus an 21 Deireadh Fómhair 2020, a scaipeadh orainn. Ba mhaith liom a chur in iúl don chruinniú gur iarradh ar an gcléireach i ndiaidh an chruinnithe dheiridh a chur in iúl don Coiste um Achainíocha ón bPobal go ndearna an comhchoiste seo a bhreithniú ar an dá thuarascáil ón gCoimisinéir Teanga, an Tuarascáil Bhliantúil 2019 agus Tuarascáil Faireacháin an Choimisinéara Teanga 2019, ag ár gcruinniú ar an 21 Deireadh Fómhair 2020. Chuir an cléireach an cinneadh fírice in iúl don Choimisinéir Teanga freisin. Ni bheidh gá ag an gcomhchoiste sin anois a athbhreithniú a dhéanamh ar na tuarascálacha sin mar tá sé déanta againn. An aontaítear leis sin? Aontaítear. Molaim go nglacfar leis na miontuairiscí sin. An aontaítear leis sin? Aontaítear.

Tá comhfhreagras faighte ag an gcomhchoiste. Dáileadh na míreanna comhfhreagrais F034 go dtí F037 a bhfuil baint acu leis an gcruinniú seo do na comhaltaí roimh an gcruinniú. Maidir leis na míreanna comhfhreagrais F034 agus F036, ba mhaith liom a nótáil go bhfuil Conradh na Gaeilge os ár gcomhair inniu agus go nglaofaidh mé an t-ábhar inniu a luaigh an Comhchoiste um na Meáin, Turasóireacht, Ealaíona, Cultúr, Spórt agus Gaeltacht ina chomhfhreagras dar dáta 21 Deireadh Fómhair dúinn. Molaim go gcuirfidh an comhchoiste sin ar an eolas faoin gcinneadh sin. An aontaítear leis sin? Aontaítear.

Maidir le comhfhreagras F036, is mian liom é sin a phlé nuair a thiocfaimid go dtí Uimh. 4 ar an gclár oibre, is é sin an nóta mar gheall ar Liam Mac Cóil. Ar mhian le haon duine tagairt a dhéanamh do cheachtar den dá mhír comhfhreagrais eile a luadh? Níor mhian. Aontaítear leis sin.

Is é an chéad rud eile ná gur féidir gur fiú dom déileáil anseo leis an nóta ríomhphoist a fuaireamar ón gComhchoiste um na Meáin, Turasóireacht, Ealaíona, Cultúr, Spórt agus Gaeltacht. Is é an rud atá ag tarlú ná nuair a fhaigheann an comhchoiste sin aon chomhfhreagras a phléann le ceisteanna Gaeilge nó Gaeltachta, cuireann sé é chuig an comhchoiste seo. Má aontaíonn an cruinniú seo, rachaidh mé chun labhairt le Cathaoirleach an chomhchoiste sin, an Teachta Niamh Smyth, féachaint an féidir linn labhairt leis an gCeann Comhairle chun na téarmaí tagartha a athrú ionas go rachaidh gach rud anseo seachas go dtí an coiste eile agus nach mbeadh an fhadhb a bhí againn maidir leis an reachtaíocht chomh maith. Mar gheall ar an reachtaíocht, bhí mé ag labhairt leis an Aire Stáit díreach sular thosaigh an cruinniú seo agus tá seisean den tuairim agus ag tacú leis go mbeidh sé os comhair an chomhchoiste seo. Tá sé chun labhairt linn féachaint an féidir linn tús a chur leis ag deireadh na míosa seo nó ag tús na míosa seo chugainn. An aontaíonn na comhaltaí liom dul agus é sin a dhéanamh? Aontaítear. Go raibh maith agaibh.

Gabh mo leithscéal, a Chathaoirligh, ach an mbaineann an caidreamh sin leis an Aire Stáit leis an mBille?

Baineann sé le dhá rud. Is é an chéad rud ná go bhfuilimid ag lorg go mbeidh na téarmaí tagartha athraithe i dtreo is go bhfaighimid gach rud a bhaineann leis an nGaeltacht seachas é a bheith ag dul go dtí coiste eile agus ansin ar ais chugainn.

Chomh maith leis sin, dúirt an tAire Stáit liom díreach roimh an chruinnithe seo go bhfuil sé ag tnúth leis an mBille a bheith os comhair an choiste anseo roimh dheireadh na míosa nó ag tús an mí seo chugainn. Beidh orainn réiteach a shocrú.

Tagraím don toghchán i gcomhair Leas-Chathaoirleach an chomhchoiste. D'ardaigh mé an cheist seo ag an gcruinniú deireanach agus an gcruinniú roimhe. An bhfuil aon chomhalta sásta duine a ainmniú nó an bhfuil siad ar fad cúthail?

Molaim an Teachta Calleary.

An bhfuil an Teachta Calleary sásta é a dhéanamh?

An-mhaith. An bhfuil aon ainmniúchán eile ar eagla na heagla? Níl. Aontaítear an Teachta Calleary mar Leas-Chathaoirleach. Beidh sé gnóthach.

Rinneamar roinnt oibre ar an gclár oibre i gcomhair 2020. Bhí dhá sliotán fós le socrú ar an 9 Nollaig agus ar an 16 Nollaig. Bhí mise chun moladh inniu go dtabharfadh muid cuireadh don abhcóide Cynthia Ní Murchú agus an socheolaí Pádraig Ó Laighin chun teacht os ár gcomhair faoin mBille teanga agus an léiriú atá acu. Scríobh Pádraig Ó Laighin leabhar faoin Acht nuair a bhí sé ina Bhille roimhe sin ag léiriú dúinn conas mar a bhí sé maidir le Billí teanga i dtíortha eile, i gCeanada ach go háirithe, áit a bhí sé ina ollamh. Bhí mé ag smaoineamh ar an 9 Nollaig. Níl a fhios agam conas mar a luíonn sé sin má tá Bille os comhair an choiste agus má táimid ag trácht air. Níl dáta socraithe againn fós don Bhille. Mar sin is féidir linn smaoineamh air sin.

Tagraím don 16 Nollaig.

Tar éis an chruinnithe a bhí againn coicís ó shin agus an teachtaireacht a fuair muid mar gheall ar An Garda Síochána agus an easpa oibre atá á déanamh aige chun gardaí a bhfuil an Ghaeilge acu a chur sa Ghaeltacht, molaim cuireadh a thabhairt don Choimisinéir, Drew Harris, nó duine éigin ón Gharda Síochána, teacht isteach anseo chun ceisteanna a chur air nó uirthi mar gheall air sin.

Sin moladh amháin. An bhfuil sé sin don 16 Nollaig nó don 9 Nollaig?

Don 16 Nollaig.

An aontaítear sin? Aontaítear. Fágann sé sin an 9 Nollaig. Mar a dúirt mé, bhí moladh agam Cynthia Ní Mhurchú a thabhairt isteach. Chomh maith leis sin, tháinig comhfhreagras ar ais tar éis an chruinnithe dheireanaigh faoi Liam Mac Cóil. Seo F037 ón gCoimisinéir Teanga. Thug seisean na sonraí dúinn ón méid a bhí le rá ag Liam Mac Cóil mar gheall ar an gá le Acht teanga láidir agus a leithéid. An féidir liom Cynthia Ní Mhurchú agus Liam Mac Cóil a mholadh don 9 Nollaig? Má tá comhaltaí ag iarraidh go dtiocfadh daoine eile os comhair an choiste, b'fhéidir gur féidir linn ceann de na sliotáin ar an Déardaoin a úsáid chun daoine eile a thógáil isteach roimh a thagann an tAire Stáit agus an Bille os ár gcomhair má tá tuairimí ag comhaltaí. Ní raibh mé i dteagmháil le Pádraig Ó Laighin ach b'fhéidir gur féidir linn é sin a dhéanamh. An sliotán atá in áirithe againn ná 2 p.m. go dtí 4 p.m. ar an Déardaoin. Tá a fhios agam nach n-oireann sé sin do a lán comhaltaí agus mar sin déanfaidh muid iarracht sliotán eile a fháil. Sin an t-aon sliotán a bhí ar fáil dúinn ar an Déardaoin. Tá an sliotán seo againn ar an gCéadaoin agus ní raibh ceann ar fáil dúinn ar an Máirt.

Tá sé ceart chuile rud a chur as an áireamh nuair atá Bille os ár gcomhair. Ní bheidh muid in ann déileáil leis an mBille agus rudaí eile idir lámha againn. Ba chóir é sin a eagrú ar an lá seo agus déileáil leis an mBille. Sin an rud is práinní. Ní thuigim cén fáth go bhfuil moill ann. Tá mé measctha i mo cheann. Cheap mé go raibh botún beag déanta agus gur seoladh an Bille chuig an choiste mícheart. Cén fáth go bhfuil sé ag tógáil an méid ama sin chun é a chur os ár gcomhair sa choiste?

Níl a fhios agam. Sin an t-eolas a fuair mé de thaisme nuair a bhuail mé leis an Aire Stáit. Go bhfios dom, níor cuireadh leasuithe nó fiú dréachtleasuithe chuig éinne go fóill, in ainneoin go dúirt muid nuair a fuair muid briefing breis agus mí ó shin go gcuirfí na nótaí timpeall chugainn. Ní fhaca muid fós iad. Níl leasuithe an Rialtais foilsithe fós agus níl dáta socraithe ionas go mbeidh a fhios ag gach duine eile faoi na leasuithe. Beidh coicís ar a laghad de foláireamh ag teastáil ó gach duine atá ag iarraidh páirt a ghlacadh sa phróiseas. Má deireann comhaltaí go hoifigiúil go bhfuil an coiste seo ag déanamh an cinneadh déileáil leis an mBille ar an dáta atá socraithe, cuirfear an fógra sin amach. Ní fheicim go dtosnóidh sé roimh dheireadh na míosa. Idir seo agus deireadh na míosa seo, tá cúpla slots againn gur féidir linn a líonadh.

Nuair a thosnaíonn an Bille, is féidir linn daoine a athrú timpeall.

Ón gcruinniú deireanach, cheap mise nach raibh ach botún beag i gceist agus gur seoladh an Bille chuig an choiste mícheart ach anois tá sé beagáinín níos-----

Níos gairbhe. Níl sé sin tarlaithe, is cuma cén coiste atá ann.

An tarna rud ná go rinne an Dáil cinneadh an Bille a chur go dtí an coiste mícheart. Níl sé sin athraithe fós. Níor ritheadh an rún eile ag rá go dtiocfaidh sé go dtí an coiste seo fós.

Níl a fhios agam.

Ní féidir glacadh leis sin. Tá sé ráite go mion minic, ní hamháin go mbeidh an Bille foilsithe, ach go mbeidh an tAcht i réim roimh an Nollaig. Is dócha gur an Nollaig seo chugainn atá i gceist?

Níl an locht orainne mar choiste.

Tuigim ach ní féidir leis an gCathaoirleach nó le aon chomhalta dul amach agus a mhíniú cén fáth nach bhfuil an Bille os ár gcomhair. Sin an fhadhb atá agamsa.

An t-aon rud a dúirt an tAire Stáit liom inniu ná go raibh sé chun an Bille a chur chuig an choiste seo. Tá sé sin ráite aige ach caithfidh sé obair dá réir le rún sa Dáil. Caithfear é sin a cheartú go gasta.

Athróidh an clár oibre idir seo agus an Nollaig bunaithe ar cad a tharlaíonn. Fuair muid liosta ón Seanadóir Kyne chomh maith agus tá sé ábhair ann. Déanfaimid déileáil leis sin. Níl mé chun cinneadh a dhéanamh fúthu mar níl an t-am againn. Na hábhair a bhí sa liosta sin ná feidhmiú an polasaí oideachais sa Ghaeltacht 2017-22 agus an staid ina bhfuil sé; an curaclam Gaeilge don ardteist agus an bhfuil sé feiliúnach; nuashonrú ar stádas na pleanála teanga agus feidhmiú na pleananna atá ceadaithe; gluaiseacht na Gaelscoileanna trasna na tíre a chur chun cinn - dréachtaí agus deiseanna; tábhacht an gluaiseacht naíonra ó thaobh an teanga de; agus na comharchumainn sna Gaeltachtaí, obair a dhéanann siad agus na deacrachtaí agus na deiseanna. Tá roinnt díobh sin ag teacht os ár gcomhair i gceann coicíse. Tá na comharchumainn agus an ghluaiseacht pobal ar an liosta cheana féin. Nuair a bheidh sos againn am éigin, beidh siad seo sa phota mar ábhair gur chóir dúinn díriú isteach orthu ach ní tharlóidh sé roimh Nollaig.

An aontaítear leis an gcur chuige go dtí seo agus leis an liosta atá againn, an t-ábhar a luaigh an Teachta Daly san áireamh? Aontaítear.

Clerk to the Committee

Chun a bheith cinnte, an bhfuil an coiste ag iarraidh go dtiocfaidh An Garda Síochána os a gcomhair chun plé a dhéanamh ar an easpa gardaí a bhfuil Gaeilge acu sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di?

Go mórmhór táimid ag caint faoin nGaeltacht.

Clerk to the Committee

Ach tá gardaí le Gaeilge go ginearálta i gceist freisin, an bhfuil? Tá. Tuigim. Bhí orm bheith cinnte ó thaobh an teideal a thabharfaidh mé don chruinniú. Tá a fhios agam cad atá ón Teachta anois.

Barr
Roinn