Maoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta agus Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019: Conradh na Gaeilge

Tá orainn an seomra a fhágáil roimh 3.45 p.m. Tá ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge os ár gcomhair. Tá dhá cheist le plé leo againn. Is iad sin maoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta agus Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019. Molaim go ndéanfaimid plé ar an dá ábhar astu féin seachas a bheith ag léim ó ábhar amháin go hábhar eile. Molaim go ndéanfaimid déileáil le maoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta ar dtús agus go gcríochnóimid leis an ábhar sin ag 3 p.m. Beidh ar dhaoine a bheith gasta. Tá ceisteanna gasta agus freagraí gasta uainn. Tá an doiciméad scaipthe agus cuirfear ar shuíomh an choiste é tar éis an chruinnithe. Cuirim fáilte roimh Julian de Spáinn, ardrúnaí Chonradh na Gaeilge, agus roimh Paula Melvin, tánaiste Chonradh na Gaeilge.

Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo chomh fada is atá siad lonnaithe sa seomra coiste féin. Tá orm a chur ar aird na bhfinnéithe go soiléir nach bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste agus an fhianaise sin a thabhairt acu ó shuíomh cianda taobh amuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Ní féidir le finnéithe, mar seo, brath ar aon chosaint ná pribhléid. Mar sin, molaim dóibh a bheith an-chúramach faoi aon rud a déarfaidh siad ag an gcruinniú inniu. Níl an píosa sin ábhartha inniu.

Maidir leis na finnéithe atá lonnaithe sa seomra inniu, má ordaíonn an coiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt amhlaidh, ní bheidh siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith a gcuid fianaise. Ordaítear dóibh gan fianaise a thabhairt ach amháin fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tosaigh seo a gcuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo.

Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó maidir le hoifigeach ina ainm nó ina hainm nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Ms Paula Melvin

Mar a dúradh, is mise tánaiste Chonradh na Gaeilge agus, thar ceann an Chonartha, gabhaim buíochas leis an gcoiste as ucht an deis a chur ar fáil dúinn labhairt mar gheall ar dhá rud ríthábhachtacha. Is iad sin an Bille le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a láidriú agus maoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta. Aithním chomh maith tacaíocht an choiste agus an gealltanas a léirigh sé san olltoghchán níos túisce i mbliana le hAcht níos láidre a chinntiú, go háirithe le spriocbhliain de 2030 a chur leis an bhforáil earcaíochta do dhaoine atá inniúil ar scríobh agus labhairt na Gaeilge agus gur gealladh €20 milliún nó níos mó don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Tá Aire sinsearach agus Aire Stáit atá freagrach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht anois ann agus is cinnte go bhfuil cuid de na daoine is eolaí agus is gníomhaí ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta i dTithe an Oireachtais ar an gcomhchoiste seo. Mar sin, d’fhéadfaí a rá go bhfuil muid in áit níos fearr ná riamh le gníomhú anois agus fíordhifear a dhéanamh i soláthar agus freastail ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Labhróidh Julian de Spáinn, ard-rúnaí an Chonartha, anois maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019.

Mr. Julian de Spáinn

Gabhaim buíochas leis an gcoiste ar fad as-----

Gabh mo leithscéal, bhí mé ag iarraidh go ndíreofaí na hionadaithe isteach ar cheist an mhaoinithe anois, más féidir.

Mr. Julian de Spáinn

Táim an-bhuíoch don choiste as an deis seo labhairt. Díreoidh mé ar an maoiniú breise atá geallta ag an Rialtas don Ghaeilge agus don Ghaeltacht in 2021. Is maith é go bhfuil maoiniú breise bainte amach, go háirithe don Ghaeltacht, idir maoiniú don phleanáil teanga sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, buiséad caipitil de €14.4 milliún d’Údarás na Gaeltachta le fostaíocht a chruthú in 2021, €3.5 milliún sa bhreis do TG4 agus eile. Is cinnte go mbeidh infheistíocht bhreise ag teastáil ón nGaeltacht sna blianta os ár gcomhair ach aithníonn muid agus cuireann muid an-fháilte roimh an dul chun cinn déanta do 2021.

Aithníonn an Conradh chomh maith go bhfuil tús curtha leis na ciorruithe a rinneadh ar Fhoras na Gaeilge ó 2008 a chur ina gceart, ach tá obair mhór fós le déanamh chun tuilleadh maoinithe a bhaint amach a bheidh le leas na n-eagraíochtaí agus na dtionscadal uile a bhíonn ag plé leis an bhForas. Fógraíodh €1.779 milliún sa bhreis don Fhoras ach chuir Foras na Gaeilge in iúl dúinn le cúpla lá anuas go mbeidh €450,000 den airgead sin curtha ar leataobh do ghealltanais ó Rialtas na hÉireann don chomhaontú nua ó Thuaidh. Ní fhágann sé sin ach thart ar €1.3 milliún sa bhreis do líne-bhuiséad Fhoras na Gaeilge. Is ionann sin agus 22% den mhaoiniú breise a bhí muid ag lorg do na tionscadail a bhí aontaithe ag an 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta.

Tá cúpla príomhphointe a dhéanfainn faoi mhaoiniú Fhoras na Gaeilge. Tá gá le maoiniú sa bhreis d’Fhoras na Gaeilge. Ní leor €1.3 milliún leis na tionscadail atá aontaithe ag 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta a mhaoiniú i gceart. Níl an soláthar de €1.3 milliún cothrom nuair a thógtar san áireamh nach fuair Foras na Gaeilge aon ardú ina líne-bhuiséad roimhe seo ó 2008. Fiú leis an ardú seo san áireamh, tá líne-buiséad Fhoras na Gaeilge fós thíos 20% ar 2008, agus thíos 45% ar 2008 nuair a thógtar boilsciú san áireamh. Ba chóir, mar sin, sna Meastacháin Athbhreithnithe, breis maoinithe a chur ar fáil d'Fhoras na Gaeilge. Bheadh sé an-chabhrach dá mbeadh an comhchoiste seo sásta rún a rith ag tacú leis an éileamh seo

Tá éileamh práinneach eile ag Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus ag an 22 grúpa den scéim phobal Gaeilge, SPG. Is í an scéim phobal Gaeilge an scéim atá maoinithe ag Foras na Gaeilge leis an nGaeilge a chur chun cinn sa phobal agus tá 22 grúpa ag fáil maoinithe ón scéim reatha rathúil seo. Tá an scéim reatha den SPG le teacht chun deireadh i lár na bliana seo chugainn agus anois an t-am, mar sin, le breis maoinithe a chur ar fáil. Ní féidir fanacht go dtí cáinaisnéis 2022 nó 2023.

Táimid ag éileamh, mar sin, anois go bhfuil buiséad níos mó le bheith ag Foras na Gaeilge in 2021, mar thoradh ar bhrústocaireacht na ngrúpaí den SPG agus eile ar pholaiteoirí na tíre, go mbeidh ar a laghad €55,000 - agus ní €54,000 nó €53,000, táimid ag caint faoi €55,000 - an ghrúpa curtha ar fáil chun go mbeidh na grúpaí in ann dul ar ais go fostaíocht cúig lá sa tseachtain in ionad ceithre lá sa tseachtain, mar a bhí orthu a chur i bhfeidhm nuair a rinneadh ciorrú ar an scéim reatha in 2016. Seo ceann de na ciorruithe is suaracha a cuireadh i bhfeidhm ar obair na Gaeilge sa phobal riamh agus is gá é a aisiompú anois.

Chomh maith leis sin, ba mhaith linn deimhniú a fháil ó Fhoras na Gaeilge nach n-ísleofaí aon bhuiséad d’aon ghrúpa le SPG i gceantar le líonra Gaeilge nó baile seirbhíse Gaeltachta agus obair an SPG sin a chur i mbaol. Ní mór aon choinníoll nó bac a chuireann i gcoinne bhunphrionsabail na pleanála teanga a chealú láithreach.

Tá sé tábhachtach a chur san áireamh go mbíodh am ann go mbíodh na grúpaí SPG ag fáil thart ar €80,000 sa bhliain agus gur éileamh an-réasúnta é €55,000 an ghrúpa a lorg sa chéad scéim eile. Chomh maith leis sin, tá an t-éileamh seo ag teacht le formhór mór na freagraí a cuireadh isteach sa chomhairliúchán a d'eagraigh Foras na Gaeilge maidir leis an gcéad scéim eile den SPG níos luaithe sa bhliain.

Bheadh sé an-chabhrach, mar sin, dá mbeadh an coiste sásta rún a rith le tacú leis an obair mhaith atá ar siúl ag na grúpaí SPG agus éileamh ar an Aire, an Teachta Catherine Martin, agus ar an Aire Stáit, an Teachta Jack Chambers, seasamh isteach. Ba chóir don bheirt acu a chur in iúl go soiléir d'Fhoras na Gaeilge, anois go mbeidh airgead breise aige go cinnte in 2021, gur gá tosaíocht a dhéanamh leis an airgead breise sin cur leis an líon grúpaí le SPG agus €55,000 a chinntiú do gach scéim san SPG nua. Caithfear cinntiú freisin nach ndéantar aon idirdhealú maoinithe ar SPGs lonnaithe i gceantar le líonra Gaeilge nó baile seirbhíse Gaeltachta.

Tá go leor de na gníomhairí teanga is gníomhaí sa phobal tar éis a chur in iúl dom go bhfuil an-bhaol ann do sheasamh Fhoras na Gaeilge sa phobal mura bhfeidhmíonn sé ar an éileamh seo. Is beag seans go mbeidh sé ag iarraidh aon airgead sa bhreis a lorg don eagraíocht thrasteorann sa todhchaí mura ndéanann sé tosaíocht leis an obair ríthábhachtach atá ar siúl sa phobal ag na grúpaí SPG. Cuirfear ceist an fearr meicníocht eile le maoiniú a dháileadh sa phobal. Críochnóidh mé an chéad phíosa eile atá le rá agam nuair atáimid ag labhairt faoin mBille.

Tá sé sin ceart go leor. Glaoim ar an Seanadóir Kyne.

Cuirim fáilte roimh Julian de Spáinn agus Paula Melvin ó Chonradh na Gaeilge. Is cinnte go bhfuil éacht mór déanta ag an Aire agus an Aire Stáit sa bhuiséad chun breis airgid a fháil don Roinn agus an obair thábhachtach a dhéanann sí ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta. Nuair a bhí mise sa phost mar Aire Stáit, ceann de na fadhbanna a bhí againn ná nach raibh an Tionól ag feidhmiú sa Tuaisceart. An bhfuil an t-airgead do bhuiséad Fhoras na Gaeilge faighte anois ón Rialtas sa Tuaisceart agus an bhfuil an comhoibriú idir an dá thaobh go maith faoi láthair? Sílim go bhfuil ach b'fhéidir go mbeadh níos mó eolais ag na finnéithe faoin mbuiséad ansin.

Ó thaobh na lárionaid Gaeilge agus an t-airgead breise dóibh sin, an bhfuil Conradh na Gaeilge sásta go mbainfear luach as an airgead sin ó thaobh an teanga agus cainteoirí Gaeilge? Cén sórt fís atá aige ó thaobh na lárionaid? Is rud sórt nua iad agus tá cúpla ceann fógartha. An gceapann na finnéithe go ndéanfaidh siad an-difríocht do thodhchaí na teanga taobh amuigh den Ghaeltacht? An bhfuil siad sásta go mbeidh méadú ar chainteoirí Gaeilge mar gheall ar an airgead seo agus mar gheall ar na lárionaid?

Cuirim fáilte roimh na finnéithe agus gabhaim buíochas le Paula Melvin as ucht a muinín sa choiste seo ar son na Gaeilge. Is mór an onóir agus an fhreagracht é sin i bhfianaise cé chomh leochaileach atá an teanga.

Fuair Foras na Gaeilge níos mó airgid i mbliana. Is rud dearfach é sin agus tréaslaím leis na finnéithe as a bhfeachtas. Deirtear nach bhfuil a dhóthain faighte aige mar go bhfuil cuid den airgead seo geallta roimhe seo do rudaí sa Tuaisceart. Rud amháin nach dtuigim ná go bhfuil Conradh na Gaeilge ag iarraidh go mbeidh coinníoll ar an bhForas. Deir a ráiteas, "ba mhaith linn deimhniú a fháil ó Fhoras na Gaeilge nach n-ísleofaí aon bhuiséad d’aon ghrúpa le SPG". Cén fáth go bhfuil sé sin ag teastáil? Ní thuigim an rud atá ag tarlú idir Chonradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Ardaím cíos foirgnimh i gcónaí. Ní raibh mé sásta riamh leis na cíosanna atá i gceist maidir le Foras na Gaeilge san fhoirgneamh sin nó eagraíochtaí eile. Níl mé ag díriú isteach ar Fhoras na Gaeilge ach caithfidh muidne agus aon Rialtas breathnú ar an méid airgid phoiblí atá ag dul amach ar chúrsaí cíos seachas ar thograí ar an talamh. B’fhéidir gur ceist í sin do lá eile. Iarraim ar na finnéithe an t-éileamh sin atá ag teastáil ó Fhoras na Gaeilge a mhíniú dúinn.

Má tá an Teachta ag iarraidh an cheist sin a chur ar Fhoras na Gaeilge beidh sé os ár gcomhair ar 18 Samhain.

Tá ceist bheag agam. Cé hiad na grúpaí atá páirteach san SPG? Cén saghas grúpaí a bhfuil ag fáil airgid ón scéim seo?

Mr. Julian de Spáinn

D'fhiafraigh an Seanadóir Kyne faoin gcomhoibriú nó an tacaíocht atá ann anois go bhfuil an Tionól bunaithe ó Thuaidh. Bhí cruinniú againn le Carál Ní Chuilín, atá mar Aire na bPobal ann faoi láthair, agus leis an Aire Airgeadais ann, Conor Murphy, agus tá an bheirt acu ag léiriú an-tacaíocht don airgead a bheith curtha ar fáil d'Fhoras na Gaeilge. Táimid ag lorg €6 milliún in iomlán agus €1.5 milliún de a bheith curtha ar leataobh. Tuigim go bhfuil siadsan oscailte dó sin a dhéanamh, ach mar is eol dúinn anois, níor tháinig sé sin tríd sa cháinaisnéis. Is €1.3 milliún atá ann. Is céim é sin ach nuair a bhaintear fiú €450,000 as sin níl mórán fágtha.

Táimid lánsásta leis na lárionaid Gaeilge. Feicimid fiú ó Thuaidh é. Tá lárionaid Gaeilge tógtha ar fud na háite sa Sé Chontae. Tá sé soiléir má tá lárionad Gaeilge ann, le fócas agus áit lárnach ann, gur féidir go leor tionchar a imirt ar an bpobal. Is féidir leo breis daoine a chur ag labhairt na Gaeilge agus feiceálacht agus stádas breise a thabhairt don teanga. Táimid an-sásta go bhfuil airgead sa bhreis ann dóibh agus beidh sin faoi stiúir an Roinn Ghaeltachta ó thaobh airgid caipitil agus na háiteanna seo a thógáil. Bheadh sé iontach dá mbeadh scéim ann chun cabhrú le daoine le costais ailtirí agus mar sin de chun teacht ar an bpointe gur féidir leo cur isteach ar an airgead caipitil chun an t-ionad a thógáil ina dhiaidh sin. Tá roinnt mhaith grúpaí sna Fiche-sé Chontae atá ag iarraidh dul síos an bóthar sin agus táimid lánchinnte go bhféadfadh sé sin tarlú.

Mar gheall nach bhfuil a dhóthain airgid ag Foras na Gaeilge, tá rud in easnamh ó thaobh na lárionaid Gaeilge de. Moladh nach fiú iad a thógáil mura féidir iad a rith. Bhíomar ag iarraidh go mbeadh scéim faoi leith ann do na lárionaid Gaeilge Thuaidh agus Theas chun cabhrú leis na grúpaí feidhmiú agus lárionaid Gaeilge a chur ag obair sa phobal freisin. Sin easnamh atá ann de bharr an méid airgid atá á chur ar fáil faoi láthair.

Chuir an Teachta Connolly ceist maidir leis an SPG. Sa cháipéis chomhairliúcháin don scéim phobal Gaeilge nua atá chun tosú an bhliain seo chugainn, dúirt Foras na Gaeilge go bhfaighidh aon SPG atá lonnaithe i gceantar le baile seirbhíse Gaeltachta nó líonra Gaeilge níos lú airgid ná SPG eile. Ní dhéanann sé seo aon chiall dúinn mar tá dhá chlár oibre iomlán éagsúil ag an dá ghrúpa agus sin an bun-fháth go bhfuil siad ann. Tá siad chun rud nua a fhorbairt nach bhfuil ann cheana féin agus is féidir obair an SPG a fhorbairt go reatha sa todhchaí. Má laghdaítear an méid airgid mar go bhfuil eagraíocht ag tabhairt airgid do líonra, go bunúsach níl sí ag tabhairt an méid airgid atá ann don líonra i ndáiríre mar tá cuid den airgead sin ag dul go SPGs. Breathnaíonn an lipéad ar nós go bhfuil sí ag tabhairt airgid don dá rud ach i ndáiríre tá sí ag gearradh siar ar an bhféidearthacht atá ag an dá ghrúpa feidhmiú ar an dá phlean atá siad ag cur chun cinn. Bheadh sé sin i gceist i nGaillimh agus i Maigh Eo, mar shampla.

D’fhiafraigh an Teachta Calleary cá bhfuil na SPGs. Tá ceann i gCaisleán an Bharraigh, i gCluain Dolcáin, in Inis, i nGaillimh agus i Muineachán. Níl an oiread sa bhreis ar sin sa Fiche-sé Chontae agus sin fáth eile don scéim nua atá ag oscailt an bhliain seo chugainn. Bhíomar an-láidir gur chóir go mbeadh a dhóthain airgid ann chun ar a laghad deich ngrúpa nua a mhaoiniú sa phobal. Bhíodh grúpa i bPort Láirge, mar shampla agus ba chóir go mbeadh ceann ann arís. Ní fheadar faoi Dhún na nGall. Ag breathnú timpeall an tseomra, tá éileamh sa phobal go mbeadh a leithéid ann ach níl an t-airgead ag Foras na Gaeilge chun é seo a dhéanamh i gceart an bhliain seo chugainn, mura ndéanann sé tosaíocht leis an airgead a fuair sé go dtí seo. Ní féidir leis fanacht go dtí an bhliain seo chugainn. Sin ceann de na bunphointí atá againn. Cé nach bhfuil an t-airgead sásúil, caithfear tosaíocht a dhéanamh leis don SPG don bhliain seo chugainn, nó caillfimid an deis.

Tabharfaidh mé sampla amháin deireanach faoi cén fáth go bhfuilimid ag rá gur chóir €55,000 a chur ar fáil do gach grúpa. Faoi láthair faigheann siad b’fhéidir €42,500. Deir plean Foras na Gaeilge go n-ardófar é sin go €45,000 agus gur féidir an duine a fhostú ar feadh cúig lá sa tseachtain. Ar an meán, tá na hoifigigh ar na scéimeanna seo ag obair ann ar a laghad cúig bliana, so ar an ngnáthscála d'oifigeach feidhmiúcháin, tagann an tuarastal pinsin agus cáin go dtí €42,500.

Fágfaidh sé sin €2,500 don ghrúpa de chuid an SPG le feidhmiú. Ní féidir leis feidhmiú ar €2,500. Sin an fáth go bhfuil iarratas thar a bheith réasúnta de €55,000 déanta ag na grúpaí SPG d'Fhoras na Gaeilge.

Gabhaim buíochas as an gcur i láthair. Tá cuid den ábhar gur mhian liom ardú clúdaithe cheana féin. Tá ceist agam faoin €450,000 atá a chur i leataobh. Bhí €1.779 milliún ann ar dtús. Cén leibhéal caiteachais tras-Teorann atá ann ar aon nós? Cén céatadán de sin é an €450,000? Cad a bheadh an €450,000 curtha i leataobh i gcomhair?

Mr. Julian de Spáinn

Sa chomhaontú a rinneadh ó Thuaidh - Ré Nua, Cur Chuige Nua - luaitear rudaí ar nós an chiste chraoltóireachta ó Thuaidh agus go mbeidh Rialtas na hÉireann ag tacú leis. Cuireann sé sin cláir ar fáil do TG4, don BBC agus eile. Tá an scéim Ghaelbhratach agus an scéim teanga tí luaite freisin. Tá cúpla togra faoi leith luaite leis an airgead agus níl a fhios agam fós cén áit a bhfuil sé i gceist an €450,000 a chaitheamh. Ní rachadh an tsuim sin rófhada i gcúrsaí craoltóireachta má tá clár teilifíse le déanamh, mar shampla. B'fhéidir nach n-íocfadh sé as clár fiú. Go dtí go bhfeicfimid breis eolais ón Roinn nó ó Fhoras na Gaeilge, ní bheidh a fhios againn. Tá an Roinn tar éis a rá le Foras na Gaeilge go bhfuil €450,000 le dul don rud seo, mar sin ní bheidh sé sa líne-bhuiséad atá aige, an €1.3 milliún. Níl sé sin sásúil.

Cén leibhéal caiteachais tras-Teorann a bheadh aige cheana féin, seachas an €450,000?

Mr. Julian de Spáinn

Tagann maoiniú don chiste craoltóireachta ó Thuaidh ó Westminster. Sílim go bhfuil buiséad faoi leith aige. Baineann an €450,000 le rudaí a gheall Rialtas na hÉireann mar chuid den chomhaontú.

Tá an €450,000 anuas ar an gcaiteachas a bhí ann cheana féin. Táim ag iarraidh pictiúr a fháil den leibhéal a chaithfeadh an foras ar------

Mr. Julian de Spáinn

An bhfuil an Teachta ag caint faoin méid iomlán a fhaigheann Foras na Gaeilge?

Mr. Julian de Spáinn

Tá buiséad de thart ar €15 milliún aige an bhliain seo chugainn leis an airgead breise. Má chuirtear é i gcomparáid le maoiniú na Comhairle Ealaíon ó Dheas, mar shampla, tá sé i bhfad Éireann níos lú. Sna blianta nuair a bhí an tíogar Ceilteach thart agus nuair a tugadh airgead breise don Chomhairle Ealaíon, níor tugadh airgead breise d'Fhoras na Gaeilge mar gheall ar na cúinsí tras-Teorann. Nuair nach raibh airgead ann ó Dheas, ní raibh an dream ó Thuaidh in ann airgead á chur isteach agus nuair a bhí airgead ann ó Dheas, ní raibh an dream ó Thuaidh in ann cur isteach air. Tá bac dochreidte ann ó thaobh airgead a chur ar fáil don Ghaeilge trí Fhoras na Gaeilge leis an socrú atá ann. É sin ráite, shílfeá go mbeidh sé sin sáraithe anois agus an Tionól ar ais ann ó Thuaidh agus an Rialtas ann ó Dheas, agus an dá dhream ag rá go bhfuil siad ag iarraidh gníomhú níos mó leis an bhForas. Is céim sa treo ceart é an €1.3 milliún ach, leis an €450,000 bainte, tá níos mó ag teastáil. Dá mbeadh an coiste sásta rún a rith agus iarraidh ar an Rialtas airgead sa bhreis a chur ar fáil sna Meastacháin Athbhreithnithe roimh dheireadh na bliana, bheadh sé sin an-chabhrach. Bheadh sé cabhrach freisin dá rithfí rún ag iarraidh ar an Aire, an Teachta Catherine Martin, agus ar an Aire Stáit, an Teachta Chambers, seasamh isteach ansin. Táimid an-bhuartha go bhfógróidh Foras na Gaeilge an scéim nua gan an t-airgead. Is rud an-réasúnta atá na grúpaí ag lorg - €55,000 le feidhmiú agus gan coinníollacha nó constaicí a chur ar ghrúpaí atá ag cur isteach air.

Tá ceist agam féin mar gheall ar mhaoiniú. Tá coimhlint ann i gcónaí ó thaobh an Fhorais agus an tslí ina bhfuil sé srianta toisc nach bhfuil airgead ar fáil dó de bharr fadhbanna ó Thuaidh nó fadhbanna ó Dheas. Is cuimhin liom gur luaigh dreamanna difriúla thar na blianta gur féidir leis an Stát níos mó tograí aonuaire a mhaoiniú chun teacht timpeall ar fhadhbanna na cóimheá idir Thuaidh agus Theas. An raibh a leithéid de thograí curtha chun cinn i mbliana i ndoiciméad an Chonartha nó ag grúpaí eile?

Mr. Julian de Spáinn

Chun an fhírinne a rá, tá ár bhfócas anois ar chinntiú go gcuirfear airgead ar fáil do líne-bhuiséad Fhoras na Gaeilge anois agus Tionól ag feidhmiú ó Thuaidh agus Rialtas ann ó Dheas chun gur féidir leis fás ó bhliain go bliain. Is féidir é sin a dhéanamh anois. Bhíomar ag breathnú ar an gcineál féidearthachtaí a luaigh an Cathaoirleach nuair a bhí an folús sin ann. Anois, agus an folús líonta, sílimid gur chóir díriú isteach ar an maoiniú ceart a chur ar fáil anois. Is ceann de na rudaí eile a bhíomar ag moladh le teacht timpeall ar an bhfadhb seo don todhchaí - rud gur féidir leis an gcoiste díriú air i ndiaidh an Bille a bheith críochnaithe - ná smaoineamh ar an mbealach is fearr ó thaobh an chomhlachta tras-Teorann sin, Foras na Gaeilge, a mhaoiniú. Faoi láthair, is féidir le ceachtar den dá dlínse bac a chur ar an airgead atá ag dul isteach. Déantar é sin mar gheall nach bhfuil airgead acu cuid den am, ach is féidir é a dhéanamh mar gheall ar chúinsí eile. An cóir go mbeidh minimum ann gur gá gach rialtas a chur isteach agus cead a thabhairt do cheachtar rialtais aon mhéid gur mhian leis a chur isteach sa phota i ndiaidh sin? Is moladh amháin é sin ach b'fhéidir go bhfuil moltaí eile ann. Caithfear teacht timpeall ar an bhfadhb seo atá ann go leanúnach le Foras na Gaeilge.

Gabhaim buíochas le Paula Melvin agus Julian de Spáinn as a bheith anseo agus as a gcur i láthair. Tá ceist agam maidir leis na coláistí samhraidh sna Gaeltachtaí. Tá bagairt shuntasach ann faoi láthair. Cén sórt airgead atá curtha ar fáil chun dul i ngleic leis an bhfadhb shuntasach sin an bhliain seo chugainn? An féidir figiúr a chur air?

Tógfaimid ceist ón Teachta Ó Cathasaigh chomh maith sula gcuirfimid críoch leis an gcuid seo den chruinniú.

Gabhaim buíochas freisin as an gcur i láthair. Faoi láthair, tá an-chuid oibre ag dul ar aghaidh i ngach comhairle contae ó thaobh an phlean forbartha. Mar is eol do na finnéithe, táim i mo chónaí i nDáilcheantar ina bhfuil Gaeltacht ann. Níl mórán ann sa dréachtphlean forbartha a rinne Comhairle Contae Phort Láirge faoi Ghaeltacht na Rinne, nó Gaeltacht na nDéise. An bhfuil an Conradh i dteagmháil leis na comhairlí contae? Táimid ag pointe an-tábhachtach faoi láthair ó thaobh input a bheith againn sna pleananna forbartha, go háirithe ó thaobh na lárionaid Ghaeilge agus na grúpaí SPG. Tuigim go bhfuil an dualgas ar an Rialtas maoiniú a sholáthar agus infheistíocht a dhéanamh sna lárionaid sin ach ceapaim go bhfuil ról ag na comhairlí contae freisin in infheistíocht a dhéanamh iontu. An bhfuil an Conradh ag caint leis na comhairlí go léir chun a bheith cinnte go bhfuil sé sin déanta amach go maith sna pleananna forbartha?

Mr. Julian de Spáinn

Bhain an chéad cheist leis na coláistí samhraidh. Tá thart ar €4 milliún curtha ar fáil dóibh chun teacht i gcabhair orthu. Cuirtear thart ar an méid céanna airgid ar fáil gach bliain. Níl freagra na ceiste ar eolas agam. Is é an moladh atá againn maidir leis an ábhar seo ná gur chóir tascfhórsa nó grúpa oibre sinsearach a chur ar bun láithreach bonn le cinntiú go n-osclóidh na coláistí samhraidh an bhliain seo chugainn, ag súil leis go mbeidh cúrsaí sláinte i gceart, nó go gcuirtear plean i bhfeidhm chun a chinntiú go n-osclófar iad an chéad bhliain eile.

Déarfainn rud amháin sa bhreis air sin. D'fhéadfadh grúpa mar seo a bheith ag breathnú i ndiaidh fiú 2022 freisin mar tá go leor constaicí ag teacht chun cinn do na coláistí samhraidh. Bhí cúpla coláiste samhraidh i dteagmháil liom ag rá go bhfuil sé an-deacair mná tí a mhealladh le leapacha a chur ar fáil. Tá fadhbanna níos fadtéarmaí ag teacht chun cinn do na coláistí samhraidh. Caithfear déileáil leis sin i slí chomhtháite. Molaimid go láidir go mbeadh tascfhórsa nó grúpa curtha ar bun gur féidir leis déileáil leis seo i gceart, oibriú amach plean A, plean B agus plean C don bhliain seo chugainn agus breathnú ar aghaidh go dtí an chéad bhliain eile. Ba chóir go mbeidh an HSE, nó FSS, mar chuid den chaint sin chun a chinntiú go mbeidh na coláistí samhraidh san áireamh má thagann, mar shampla, tástáil thapa i bhfeidhm an bhliain seo chugainn. Má tá an vacsaín ann faoin am sin, agus má thugtar tús áite do dhaoine aosta ar dtús agus do liosta grúpaí eile i ndiaidh sin, ba chóir go mbeidh na coláistí samhraidh ar an liosta freisin. Cé atá chun an méid seo a chinntiú mura bhfuil airgead leanúnach a thabhairt do na rudaí seo? Ba chóir na geallsealbhóirí a thabhairt le chéile, Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh, Údarás na Gaeltachta, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an HSE agus an Roinn Oideachais san áireamh, chun tascfhórsa leanúnach a bhunú chun an fhadhb sin a réiteach agus chun oibriú amach cén t-airgead nó tacaíochtaí atá ag teastáil ní hamháin do 2021, ach 2022 chomh maith.

Ó thaobh ceist an Teachta Ó Cathasaigh, bhí mé ag breathnú ar phleananna forbartha na gcomhairlí contae. Tá méid áirithe rudaí gur féidir linn a dhéanamh leis na hacmhainní atá againn. Déanaimid gach iarracht. An-chuid den am, bímid ag freagairt na fadhbanna atá ag teacht chun cinn. Mar shampla, tá iarratais ar chead pleanála sa Rinn atá orainn freagairt dóibh. Bhí ceann i nDún Chaoin agus is maith é gur bhuaigh Breanndán Ó Beaglaíoch sa chás sin le déanaí. Tá iarratas eile idir lámha i Ráth Chairn. Táimid i gcónaí ag iarraidh cabhrú le grúpaí sa phobal i leith cásanna mar sin. Bíonn sé deacair a bheith réamhghníomhach agus a bheith chun tosaigh ar rudaí ach táimid ag déanamh iarracht agus tá moltaí á gcur le chéile againn.

Níos mó ná sin, ag an deireadh seachtaine d'fhoilsíomar moltaí do pholasaí náisiúnta do phleanáil tithíochta sa Ghaeltacht. Cuirfidh mé cóip de sin ar aghaidh chuig na baill. Sílimid go bhfuil ról ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta chun treoracha a thabhairt do gach comhairle contae nach féidir leo iad a sheachaint ó thaobh cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht chun nach dtiocfadh na fadhbanna seo chun cinn ar bhonn aonarach i ngach Gaeltacht, go háirithe nuair atá airgead d'fhorbróirí éagsúla i gceist. Ba chóir go mbeadh rud ann trasna an bhoird a réiteoidh an-chuid de na fadhbanna seo.

Rud eile atá ábhartha ná go bhféadfaí, faoi Acht na Gaeltachta, 2012, cumhachtaí a tharmligean ó na húdaráis áitiúla go dtí Údarás na Gaeltachta agus an fhoireann cheart a chur ar fáil don údarás le plé le cúrsaí pleanála tithíochta sa Ghaeltacht. Déanann sé sin an oiread céille agus loighic dúinn go mbeadh an dream atá i gceannas ar an bpleanáil teanga a chomhordú ag cinntiú go bhfuil an phleanáil teanga ag teacht leis an bpleanáil tithíochta. D'fhéadfaí sin a dhéanamh. Tá an reachtaíocht ann cheana féin. Is ceist tola é. Tuigim nach mbeadh aon údarás áitiúil ag iarraidh an chumhacht sin a chailleadh - tá seans ann go mbeadh drogall orthu dul síos an bhóthair sin - ach tá an oiread sin cásanna tar éis teacht chun cinn thar na blianta go bhfuil sé soiléir go bhfuil gníomh difriúil ag teastáil má táimid chun mórthionchar a imirt agus a chinntiú go ndéanfaí cosaint ar na Gaeltachtaí. Tá an polasaí sin foilsithe againn anois. Cuirfimid cóip ar fáil don choiste. Fáilteoimid roimh aon chabhair gur féidir leis an gcoiste thabhairt dúinn chun dul i bhfeidhm ar an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.

Ar cheist na pleanála, is dóigh liom go bhfuil ceist fhíormhór ardaithe ag an ardrúnaí agus gur cheart dúinn breathnú air mar choiste. An bhfuil teipthe ag na comhairlí contae, agus an chomhairle cathrach i gcás na Gaillimhe, cosaint a thabhairt don Ghaeltacht mar Ghaeltacht?

Tá ceist Dála don tseachtain seo curtha síos agam faoi mo dhara phointe. Tá sé fíorphráinneach, go mórmhór i gcomhthéacs rudaí atá ag tarlú i gConamara agus i Ráth Chairn, go dtabharfaidh an tAire treoir maidir le caighdeán na Gaeilge. Go minic cuirtear coinníollacha láidre teanga ann, mar shampla go dtabharfaí 80% de na tithe go Gaeilgeoirí, ach faightear amach nach bhfuil aon tomhais ar céard is Gaeilgeoir ann. Tá formhór na ndaoine a cheadaítear do na tithe sin gan Ghaeilge agus is cinnte nach í an Ghaeilge teanga an bhaile. Is é an tslat tomhais ba cheart a bheith ann ná an mbeidh an cumas ann sna daoine sin go mbeadh an Ghaeilge mar theanga bhaile. Tá rud craiceáilte eile i bplean na Gaillimhe. Táthar ag caint ar an gcultúr. Céard a chuirfí leis an gcultúr? D'fhéadfadh iománaí as Cill Chainnigh a rá go bhfuil cultúr Éireannach faoi leith aige toisc go n-imríonn sé an iománaíocht. Ní aon bhaint aige sin leis an scéal. Is leis an Ghaeilge a bhaineann an Ghaeltacht, ní go háirithe leis an gceol, leis an iomáint ná leis an bpeil. Is dóigh liom go gcaithfear díriú air sin.

Is iad sin an dá rud gur mhian liom iad a ardú go sciobtha. Creidim gur cheart don choiste seo ceist na pleanála a phlé go sciobtha agus moltaí láidre a dhéanamh. Bheinn i bhfabhar an rud atá ráite maidir leis an Údarás. Idir an dá linn, ba cheart go gcuirfí brú láithreach ar an Aire. B'fhéidir gur féidir leis an gcoiste scríobh chuig an Aire maidir le caighdeán na Gaeilge atá ceadaithe sna clásáil teanga seo atá fairsing i gceadúnais phleanála sa Ghaeltacht.

Mr. Julian de Spáinn

Sa pholasaí nua a rinne mé tagairt dó, aithnítear é seo mar cheist fhíorthábachtach sa chóras pleanála. Thar na blianta, bhí caighdeáin éagsúla ag na daoine a bhí ag ceannach na tithe seo, más rud é gur cuireadh na coinníollacha a bhí aontaithe i bhfeidhm sa chéad áit. Bhí an ardteistiméireacht luaite ag pointe éigin agus tuigimid go léir an fhadhb leis sin. Sna moltaí atá againn ó thaobh caighdeán Gaeilge labhartha, molaimid go mbeadh leibhéal B2 den chóras Teastas Eorpach na Gaeilge i gceist. Ar a laghad, bheadh córas caighdeánaithe ann a bhfuil scrúdú neamhspleách i gceist leis. Chaithfí sin a bheith déanta ní hamháin ag an té atá ag cur isteach ar an rud ach ag an teaghlach. Tuigfimid ar fad an comhthéacs leis sin. Ba chóir nach mbeadh an caighdeán amháin ag daoine, ach an toil freisin. Ba chóir an cheist a chur, cén fáth a bhfuil siad ag iarraidh bogadh chun na Gaeltachta? Tá go leor daoine a bheadh an caighdeán acu ach ní chiallaíonn sin go mbeidís ag láidriú na Gaeltachta ó thaobh teanga de. Tá roinnt rudaí sa bhreis sa pholasaí sin agus, mar a dúirt mé, cuirfidh mé cóip ar aghaidh chuig an gcoiste. B'fhéidir go mbeimid in ann é a phlé arís ag pointe éigin.

Is é sin ceann de na hábhair a phléifidh an coiste. Scríobh an Seanadóir Kyne chuig an choiste faoi cheana féin. Cuirfidh mé críoch leis an gcuid seo den díospóireacht agus díreoimid isteach anois ar cheist Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019.

Ms Paula Melvin

Maidir leis an mBille, gabhaim buíochas le baill an choiste as ucht a ngealltanas agus a dtacaíocht le linn an olltoghcháin níos túisce i mbliana, ach go háirithe chun an spriocbhliain de 2030 a chur leis an bhforáil earcaíochta do dhaoine atá inniúil ar scríobh agus labhairt na Gaolainne agus gur gealladh €20 milliún nó níos mó don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Toisc go bhfuil Aire sinsearach agus Aire Stáit ann le freagracht don Ghaeilge agus go bhfuil roinnt de na daoine is eolaí agus is gníomhaí i dtaobh cúrsaí teanga i dTithe an Oireachtais ar an gcomhchoiste seo, tá seans ann go bhfuilimid in áit níos fearr ná riamh le gníomhú agus fíordhifir a dhéanamh i soláthar agus freastal ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Anois, labhróidh ardrúnaí an Chonartha mar gheall ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019.

Mr. Julian de Spáinn

Gabhaim buíochas arís as an deis a bheith anseo inniu. Is an-deis dúinn labhairt faoi chúrsaí an Bhille. Tá deis dochreidte ann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a láidriú go suntasach agus Acht a fhreastalóidh ar bhunchearta agus ar bhunmhianta pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur ar fáil. Ba mhaith liom béim faoi leith a chur ar an deis seo agus a rá leis an gcoiste gurbh é seo, inár dtuairim, an deis is fearr a bheidh ann don chéad 20 bliain eile leis seo a dhéanamh. Níor chóir dúinn, mar sin, a bheith sásta glacadh le Bille lag, Bille gan uaillmhian ná Bille a bheidh mar chéim i dtreo cearta ach nach mbeidh na cearta sin ar fáil ar feadh 20 bliain eile. Tá géarghá le muinín a spreagadh sa phobal.

Is gá cinnteacht a thabhairt. Is gá forálacha a chur sa Bhille nach bhfuil débhríoch agus nach féidir leis an Státchóras neamhaird a dhéanamh díobh mar a tharla cheana. D’fhéadfadh an Bille seo freastail ar na Gaeil i gceart don chéad uair ó a bunaíodh an Stát ó Dheas. Tá reachtaíocht sásúil breis agus 100 bliain déanach, ach más mall is mithid. Is féidir linn sin a chur i gceart anois. Anois an t-am agus is ag na comhaltaí agus ag na hAirí cuí atá an fhreagracht agus an dúshlán seo a chur i gcrích, go háirithe d’aos óg na Gaeltachta agus na Gaeilge fud fad na tíre.

Dar ndóigh, tá Conradh na Gaeilge sásta ár ról a imirt san obair seo. Táimid lánsásta ár saineolas agus ár moltaí, a bhailigh muid ón bpobal, a roinnt le comhaltaí agus ná bíodh drogall orthu teacht ag labhairt linn ag aon phointe den reachtaíocht ag dul tríd Tithe an Oireachtais agus iad ag lorg aon eolas breise nó aon chomhairle. Tá neart le déanamh leis an mBille a foilsíodh i 2019 a neartú ach is gá a rá go bhfuil creatlach sa Bhille reatha, a chuir Roinn na Gaeltachta le chéile le moltaí uainn, ón gCoimisinéir Teanga agus ó fhoinsí eile san áireamh. Titeann na moltaí breise atá againn faoi trí chatagóir: leasuithe atá ag teastáil ar na leasuithe a d’fhógair an Rialtas le déanaí, mar shampla an spriocdháta earcaíochta de 2030; leasuithe ar fhorálacha sa Bhille faoi mar a foilsíodh é i 2019, mar shampla an gá le spriocdháta a chur isteach go mbeidh gach seirbhís Stáit ar fáil trí Ghaeilge do phobal na Gaeltachta; agus forálacha nua atá ag teastáil sa Bhille agus nár cuireadh san áireamh go fóill.

Rachaidh mé tríd cuid de na moltaí atá againn i ngach catagóir anois agus tá eolas breise ar na cinn nach bhfuil an t-am agam labhairt fúthu sa chaint tosaigh iomlán a scaipeadh ar chomhaltaí inné. Is féidir liom breis eolais nó aon cheist a fhreagairt ar aon cheann de na moltaí uainne nó eile atá ag comhaltaí ag an deireadh. Tagraím do chatagóir 1. Bhíomar an-sásta gur glacadh leis an moladh a rinne Conradh na Gaeilge an chéad lá riamh go gcuirfear foráil sa Bhille go mbeidh earcaíocht de 20% do dhaoine inniúil ar an nGaeilge san earnáil phoiblí amach anseo. Lorgaíomar leasú san olltoghchán i mbliana le spriocbhliain de 2030 a chur leis an bhforáil sin le cinnteacht agus le spreagadh a thabhairt don phobal. Bhíomar sásta a fheiceáil gur sheas Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas leis na gealltanais san olltoghchán leis sin a chur san áireamh sna leasuithe a fógraíodh le déanaí. Nílimid sásta, áfach, go mbeadh an fhéidearthacht ag an Aire líne síneadh a chur leis an dáta sin i 2028 má cheapann sé nó sí nach féidir an sprioc do 2030 a bhaint amach. Níor chóir seo a fhágáil mar atá sé. Bheimis ag moladh, más gá aon mheicníocht athbhreithnithe a bheith ann, gur fearr do dhuine neamhspleách, ar nós an Coimisinéara Teanga, moladh a chur le chéile bunaithe ar an bhfianaise agus go rachadh aon mholadh chuig an Dáil le cinneadh a ghlacadh, bíodh sin le cloí leis an spriochdháta de 2030 nó leis an dáta a chur siar nó chun tosaigh.

Tagraím do chatagóir 2. Is é ceann de na leasuithe is mó, inár dtuairim, gur gá a dhéanamh ar an mBille reatha ná gur chóir alt 18C(3) a leasú le cinntiú go mbeidh gach seirbhís ar fáil trí mheán na Gaeilge a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí i limistéir pleanála teanga Ghaeltachta faoi 31 Nollaig 2030. Tá pobal na Gaeltachta ag fanacht breis agus 100 bliain ar sheirbhís agus freastail trí Ghaeilge ón Stát. Tá sé réasúnta agus cóir go dtabharfar spriocbhliain cinnte dóibh go mbeidh an freastail iomlán sin ar fáil dóibh trí Ghaeilge don chéad uair. Tá neart leasuithe eile i gcatagóir 2 atá tábhachtach, ar nós gur chóir an téarmaíocht agus an fhoclaíocht a láidriú sa Bhille le cinntiú go mbeidh dualgas ar gach comhlacht poiblí glacadh le hainmneacha agus seoltaí as Gaeilge le síntí fada faoi bhliain faoi leith, agus táimid ag moladh 2025; go mbeidh gach foirm dátheangach leis an nGaeilge in aice leis an mBéarla i gcónaí, rud a bheadh oideachasúil agus spreagúil; go mbeidh gach ainm comhlacht Stáit nua as Gaeilge amháin le spreagadh a thabhairt don teanga; gur chóir cathaoirleach neamhspleách a bheith ar an gcoiste comhairligh agus ionadaíocht ón bpobal lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht air; agus gur chóir don Aire sinsearach Gaeltachta nó don Taoiseach a bheith i gceannas ar an bplean náisiúnta a chur i bhfeidhm.

As catagóir 3, ba mhaith liom roinnt de na heasnaimh a lua le comhaltaí nach bhfuil sa Bhille go fóill. Mar a dúirt mé cheana féin, seo í an deis is fearr don chéad 20 bliain eile le reachtaíocht sásúil a aontú agus creideann muid, mar sin, nár chóir go bhfanfaidh muid 20 bliain eile leis na rudaí seo a leanas a bheith curtha san áireamh. Ar nós Ombudsman na Leanaí agus an Coimisinéir Teanga sa Bhreatain Bheag, ba chóir go mbeadh an fhreagracht ar an gCoimisinéir Teanga le hiniúchadh neamhspleách a dhéanamh ar aon Bhille nó ar aon pholasaí mór Stáit nua le cinntiú go dtógfar an Ghaeilge agus an Ghaeltacht san áireamh go sásúil. Ba chóir go dtiocfadh fochonraitheoirí, a chuireann seirbhísí ar fáil do chomhlachtaí Stáit agus a fhreastalaíonn ar an bpobal, san áireamh faoin mBille, mar shampla Dublin Bikes. D’fhéadfadh seo a bheith ann go simplí, ag éirí as an reachtaíocht, dá mbeadh sé mar chritéir in aon chonradh mar seo a bhronnfar amach anseo.

Ba chóir go mbeadh impleachtaí ar neamhchomhlíonadh dualgais ón Acht. Ba cheart gur féidir dul chun na cúirteanna mura gcuireann comhlacht Stáit rialú ón gCoimisinéir Teanga i bhfeidhm agus tar éis a bhíonn imscrúdú maidir leis seo curtha ag an gCoimisinéir Teanga os comhair an chomhchoiste cuí i dTithe an Oireachtais. Ba chóir go dtiocfadh na bainc miondíola faoin Acht le cinntiú go gcuirfear seirbhís trí Ghaeilge ar fáil ar na haipeanna agus ar an mbancáil ar líne ós rud é go bhfuil ceadúnas ón Stát acu le bheith ag gníomhú sa Stáit. Níl anseo ach cuid de na moltaí atá againn, agus mar a dúirt mé cheana, tá na moltaí ar fad ar fáil sa chaint tosaigh iomlán a scaipeadh ar chomhaltaí inné.

Ba mhaith liom críochnú maidir leis an mBille Teanga le tagairt do chúrsaí fógraíochta. Léiríonn sé na heasnaimh sa reachtaíocht reatha agus an fíric go gcaitear le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta go rialta mar shaoránaigh den dara ghrád. Le linn na paindéime coróinvíris, tá an tsoláthar agus tá an freastail a rinneadh ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, FSS, easnamhach agus thar a bheith míchothrom. Cé go bhfuil leagan Gaeilge ann den aip Covid, agus tharla sin mar gheall ar bhrú ó Chonradh na Gaeilge agus gníomh ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus cé go bhfuil roinnt fógraí raidió agus roinnt póstaer trí Ghaeilge, níor chaitheadh go cothrom in aon chor le pobal labhartha na Gaeilge.

Seo eolas maidir le fógraíocht as Gaeilge i gcomparáid le fógraíocht as Béarla. Seo caiteachas a rinneadh an FSS idir mhí an Mhárta agus deireadh mí Mheán Fómhair 2020. Chaith sé €1,007,000 ar fhógraí raidió. As sin, chaith sé €5,600 ar fhógraí as Gaeilge. Ar an teilifís, chaith sé €1,394,000 ar fhógraí agus caitheadh €39,000 ar fhógraí as Gaeilge. Ar na meáin shóisialta, chaith sé €135,000 ar fhógraí as Béarla agus níor caitheadh pingin ar fhógraí as Gaeilge. Sna nuachtáin, níor cuireadh aon fhógra as Gaeilge ar chor ar bith mar sin níl aon fhigiúr luaite ag an FSS cé mhéad a chaith sé ar fhógraí ansin. Tagraím don mhéid postálacha a rinne an FSS. Ar Twitter, bhí 4.4% de na postálacha as Gaeilge, bhí 3.3% de na postálacha ar Facebook as Gaeilge agus ní raibh post ar bith ar Instagram as Gaeilge.

I measc na leithscéalta a thug an FSS ar cén fáth gur tharla seo, cuireadh in iúl go soiléir nach raibh air níos mó a dhéanamh de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Tá cóip den litir ón FSS san áireamh sa chaint tosaigh iomlán mar eolas don choiste. Ní hé an FSS amháin a fhágann an Ghaeilge ar lár ach tarlaíonn sé an t-am ar fad ag Ranna agus comhlachtaí Stáit eile. Mar shampla, cé mhéad fógra raidió as Gaeilge a chuala comhaltaí riamh faoin mBreatimeacht nó faoi fheachtais náisiúnta eile? Is gá reachtaíocht anois leis an bhfadhb seo a leigheas agus táimid ag moladh go mbeidh ar gach comhlacht poiblí 20% dá chuid fógraíochta in aon bhliain ar leith, idir fhógraíocht thráchtála, fhógraíocht ar líne, fhógraíocht scríofa, fhógraíocht fuaime, fhógraíocht físe agus eile, a chur amach trí mheán na Gaeilge agus go ndéanfaidh gach comhlacht poiblí 5% as an 20% sin ar na meáin Ghaeilge. Samhlaigh an spreagadh agus an dea-theachtaireacht a thabharfadh seo do lucht labhartha na Gaeilge agus don phobal atá báúil don teanga.

Críochnóidh mé ansin a chairde maidir leis an mBille. Ba bhreá linn go dtacóidh comhaltaí leis na leasuithe agus na moltaí atá againn don Bhille le cothromaíocht agus cothrom na Féinne a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Ba mhaith liom an coiste a chur ar an eolas go gcaithfidh mé sleamhnú amach go dtí cruinniú eile anois ar an drochuair. Sula imím agus an seal agam, déanfaidh mé roinnt pointí. Mhol Julian de Spáinn cúpla uair go dtiocfaí rún ón choiste seo maidir le cuid de na moltaí atá déanta againn. Tréaslaím leis an méid sin agus cé go bhfuil orm imeacht go dtí cruinniú le Roinn an Taoiseach, tá súil agam gur féidir leis an choiste é sin a dhéanamh. B'fhiú é sin a dhéanamh agus tá súil agam go mbeidh mo chomhghleacaithe in ann sin a dhéanamh do Chonradh na Gaeilge. Tá ciall leis sin mar gheall ar achan rud atá ráite cheana féin. Chomh maith leis sin, tá a lán ceisteanna ansin agus is fiú iad. B'fhéidir go bhfuil míthuiscintí ann chomh maith, áfach, ó thaobh stuif atá ag tarlú ó Thuaidh anois agus na hinstitiúidí ar ais ag feidhmiú mar atá agus tarlaíonn sin. Luaigh mise cúpla cruinniú ó shin go mb'fhéidir gurb fhiú dúinn cuireadh a thabhairt don roinn ó Thuaidh, don aire ó Thuaidh agus do na hoifigí atá bainteach le cúrsaí Gaeilge.

Tá sé ar an liosta againn. Ní tharlóidh sé roimh an Nollaig toisc go bhfuil muid ag tnúth leis go mbeidh an Bille os ár gcomhair roimhe sin.

Má tá sé sin chun tarlú, sin an rud is tábhachtaí le comhaltaí a chur ar an eolas.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as ucht a gcuid oibre. Tá obair na gcapall déanta acu le fada an lá. Bhí na finnéithe os comhair an choiste seo go minic. Ní féidir leis an gcoiste seo feidhmiú gan tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge agus ó na heagraíochtaí eile a tháinig os ár gcomhair.

Ní saineolaithe muidne.

Ní mór dom dul ar ais go dtí an Bille. Tá díomá orm agus níl mé ag iarraidh trioblóid a chothú nó aon rud ach ní thuigim cad atá ar siúl. Bím i gcónaí ag spochadh as an Rialtas maidir le cén Nollaig agus cén bhliain atá i gceist agus táimid ar ais arís agus tá an cosúlacht ar an scéal nach mbeidh an Bille foilsithe roimh an Nollaig leis na leasuithe, gan trácht ar é a bheith mar Acht. Tá sé deacair a bheith foighneach. D'fhoilsigh an coiste seo tuarascáil dhá bhliain go leith ó shin. Bhíomar thar a bheith réasúnta agus ní rabhamar radacach. Bhí cuid de na daoine a tháinig os ár gcomhair míshásta linn mar ní rabhamar radacach go leor. Rinneamar iarracht obair leis an Rialtas mar aithin muidne, ón bhfianaise a tháinig os ár gcomhair, go raibh stádas na Gaeilge thar a bheith leochaileach. Tá sé deacair a bheith anseo agus a bheith foighneach arís agus muid ag breathnú ar na rudaí seo.

Bhí an Coimisinéir Teanga os ár gcomhair an tseachtain seo caite agus luaigh sé tríonóid de chumhachtaí breise a bhí ag teastáil uaidh. Tá mé tuirseach inniu ach an ceann ba láidre a bhí ann ná go mbeadh sé in ann breathnú ar reachtaíocht eile agus aontaíonn Conradh na Gaeilge leis sin. An aontaíonn Conradh na Gaeilge leis maidir leis an dá cumhacht sa bhreis atá á lorg aige freisin? Ní ritheann sé liom anois cad iad ach b'fhéidir go bhfuil a fhios ag an gcléireach nó ag an gCathaoirleach. An aontaíonn Conradh na Gaeilge go bhfuil cumhachtaí breise ag teastáil go géar uaidh?

Luaim rudaí chomh bunúsach le seirbhísí trí Ghaeilge sna Gaeltachtaí nó sna limistéir pleanála teanga. Tá Conradh na Gaeilge ag lorg spriocdháta do sin. An bhfuil Conradh na Gaeilge sásta leis an spriocdháta 2030 do chúrsaí earcaíochta i bhfianaise na géarchéime atá ann?

Tagraím don choiste comhairleach. I measc moltaí eile, tá Conradh na Gaeilge ag moladh go mbeadh cathaoirleach neamhspleách. Tá gá leis sin.

Tagraím do na moltaí atá ag Conradh na Gaeilge maidir le fógraíocht. Bhí rialachán nó ionstram reachtúil chuid mhaith réitithe i bhfad ó shin nuair a tógadh isteach an t-ionstram reachtúil maidir le comharthaíocht agus d'oibrigh an t-ionstram sin go ginearálta. Níl mé ag rá gur chloígh chuile eagraíocht leis ach thug sé an-seasamh go ginearálta don Choimisinéir Teanga. Tagraím don mhéid a bhí ar bun ag an am. Feicim go bhfuil Conradh na Gaeilge ag caint ar 20%. Bhí muidne ag cuimhneamh ar 50% Gaeilge agus 50% Béarla. Sin an rud a dhéantar sa Bheilg, mar shampla, nó in aon tír eile atá dátheangach.

An t-aon plé a bhí ar bun, an t-aon fáth nach raibh an rud tógtha isteach sa choiste a bhí ann ag an am agus an t-aon deis a bhí muid ag dul a thabhairt - agus seo ceist go gcaithfimid a phlé inár measc féin - ná dá gcuirfí fógra ar RTÉ 1, mar shampla, le nóiméad amháin faoi Covid-19 agus pictiúir srl. go gcaithfí ceann dá réir a chur i nGaeilge ach d'fhéadfaí é a chur ar TG4. Ní chosnódh sin an méid céanna ach caithfí an aire a bheith ar an teist céanna agus mar sin de. An fáth go raibh muid ag smaoineamh air sin ag an am ná go raibh agus TG4 agus mar sin de ann agus dá ndéanfaí é sin, bheadh foinse airgid an-mhaith ag na foilseacháin Gaeilge agus cuirfeadh sé airgead nach beag ar fáil dóibh. Bhí muid ag cuimhneamh ar 50% d'fhógraíocht as Gaeilge a éileamh agus an rud céanna le fógraí sna nuachtáin. D'fhéadfaí fógra a chur ar tuairisc.ie i gcomhair le fógra i The Irish Times. Tá a fhios ag comhaltaí an difríocht sa phraghas a bheadh ann. Caithfear an plé sin a bheith againn. Bhí muidne chun dul níos airde ná mar atá Conradh na Gaeilge ag moladh. Bhí muid ag rá gur an fhad agus go raibh an teist mar a chéile, má chuirtear in iris Bhéarla é, is féidir é a chur in iris Ghaeilge, is cuma faoin bpraghas. An margadh amháin a bhí i gceist. Ba mhaith liom tuairimí na finnéithe air sin. Tá drogall orm an iomarca airgid do Ghaeilge a thabhairt do chuid de na heagraíochtaí de chuile shórt atá ag cur an Béarla ar aghaidh agus ag déanamh dímheas iomlán ar an nGaeilge.

Sin an plé a bhí ar bun. Bhí go leor daoine de na craoltóirí agus de na hirisí go mór i bhfabhar an rud a bhí i gceist againn. Bhí roinnt daoine eile ag rá go raibh sé fíorthábhachtach rudaí dhátheangach a fheiceáil i The Irish Times, san Irish Independent nó sna mórmheáin. Níor mhaith liomsa an méid sin airgead bog a thabhairt dóibh. B'shin an dearcadh a bhí agamsa agus bhí mé i bhfabhar dul sa treo go mbeadh double whammy ann leis an bhfógra féin ann móide go mbeadh an audience Gaeilge móide go mbeadh airgead á chur isteach i bpócaí eagraíochtaí a bhí ag déanamh obair ar son na Gaeilge.

Mr. Julian de Spáinn

Aontaímid leis an gCoimisinéir Teanga maidir leis na cumhachtaí breise dó. Luaim an rud a dúirt muid faoi reachtaíocht agus neamh-chomhlíonadh na moltaí a dhéanann an Coimisinéir Teanga freisin. Nuair a thagann sé go dtí an pointe go dtéann sé os comhair choiste Dála, bíodh sin an comhchoiste seo nó coiste eile, agus fós tá pé comhlacht Stáit ag diúltú an rud a dhéanamh, fiú má tá sé náirithe os comhair Thithe an Oireachtais, níl aon rud eile ann sa reachtaíocht faoi láthair so bhíomar ag rá ag an bpointe sin go bhféadfaí na comhlachtaí Stáit sin a thabhairt chun na cúirteanna i gcomhair ordú cúirt chun an rud a dhéanamh. Sin na rudaí sa bhreis a bhíomar ag lorg don Choimisinéir Teanga. Aontaímid gur cóir go mbeadh cumhachtaí sa bhreis ag an gCoimisinéir Teanga. Tá sin bunaithe ar thaithí agus ar a bheith ag labhairt leis na coimisinéirí teanga eile. Tá grúpa idirnáisiúnta do na coimisinéirí teanga ann agus is maith an rud é a bheith ag foghlaim ó ghrúpaí eile céard atá ar siúl acu.

Tagraím don mhéid a bhí le rá ag an Teachta Ó Cuív ansin. Tá an sprioc céanna againn i go leor bealaí. Leis an airgead, tá muid ag caint faoi 20% d'fhógraíocht a bheith as Gaeilge ach beidh toradh i bhfad Éireann níos mó ar an méid fógraí ansin a bheas ann ar na meáin Ghaeilge mar gheall ar an difríocht san airgead. Seo ceann de na fadhbanna atá ann agus tuigim rogha an cur chuige a bhí ann sa reachtaíocht a tugadh isteach i 2003 ag iarraidh cineál rud faoi leith a dhéanamh agus níor oibrigh gach rud amach mar a bhíomar ag ceapadh ag an am, mar shampla na scéimeanna, agus anois ag imeacht i dtreo caighdeán. Tá beagáinín den rud céanna i gceist le roinnt de na moltaí againn don Acht. Mar shampla, is é sin rud éigin thar a bheith simplí a aontú sa reachtaíocht. An bhfuil sé simplí a rá leis na Ranna Stáit éagsúil go bhfuil spriocanna de 20% agus de 5%? An féidir linn a rá go bhfuil na spriocanna sin simplí, gur bunriail é agus go gcaithfear é a chur i bhfeidhm gan aon rud sa bhreis a chur leis sin?

Tá sampla eile de sin agus b'fhéidir go bhfaca comhaltaí é seo. Sa Bhille a foilsíodh anuraidh maidir le foirmeacha, luadh rud ann go bhfuil sa chéad trí mhír den rud faoi foirmeacha. Luadh rud éigin ag rá go gcuirfidh an tAire liosta le chéile do na grúpaí atá i gceist agus cén foirmeacha atá i gceist. D'fhéadfadh sé sin leanacht ar aghaidh go deo ag rá cén foirm atá ann agus ag plé an bhfuil sé sin i gceist nó nach bhfuil sin i gceist agus an bhfuil an Roinn i gceist nó an bhfuil an grúpa sin i gceist. Tá muid ag rá gur ceart dúinn é sin a bhaint amach agus a bheith níos simplí faoin rud ar fad. Tá gach foirm i gceist ach amháin an fhoirm atá thar ocht leathanaigh. Is féidir fós leagan Gaeilge agus leagan Béarla a dhéanamh de sin. Aon fhoirm nach mbeidh níos mó ná 1,000 cóip curtha i gcló riamh nó nach mbeidh 1,000 cóip ag teastáil riamh, ní gá go dtiocfaidh sé. Is féidir leagan Gaeilge agus leagan Béarla a dhéanamh de. Seachas sin, caithfear gach ceann a bheith i nGaeilge agus i mBéarla in aice le chéile ar líne.

Tá an leasú sin agus an foclaíocht de sin ar fáil sa cháipéis a chuir muid ar aghaidh chuig an coiste. Tá an leasú sin molta chun é a dhéanamh níos simplí, chun nach bhfuil eisceachtaí ann agus chun nach féidir le grúpa a bheith ag cur an rud a táimid ag iarraidh go mbeidh gach grúpa ag déanamh i leataobh. Feicfidh comhaltaí sin i roinnt mhaith de na moltaí atá againn. Is cineál simplíocht atá ansin mar bhí an iomarca rudaí éagsúla i gceist roimhe seo san Acht. Táimid ag iarraidh rudaí a chuimsiú anois más féidir.

Ina choinne sin, mura bhfuil an tAcht an-mhion ar fad, tá sé deacair smaoineamh ar na bealaí éalaithe ar fad a gheobhaidh cuid de na heagraíochtaí seo. Mura mbeidh Rialtas agus Roinn thar a bheith gníomhach, is cuma cén Acht a chuirfear i bhfeidhm, ní oibreoidh sé.

Bhí buntáiste ag baint leis an ionstraim reachtúil a dhéanamh mar an príomh rud, mar atá i go leor Achtanna, nó mar bhealach éalaithe, mar is féidir é a dhúnadh an-sciobtha seachas teacht ar ais go dtí an Acht. Ceann de na fadhbanna le bheith ag brath go hiomlán ar bhun-reachtaíocht ná, má tá aon lúb ar lár ann, caithfear teacht ar ais ag an Acht seachas an statutory instrument a leasú. Níor baineadh aon leas as statutory instruments seachas an ceann a tugadh isteach maidir le chomharthaíocht. Ní hé nach raibh siad ann nó nár ghníomhaigh na hAirí ar an deis nó nár thapaigh siad an deis iad a thabhairt isteach. Mura bhfuil Rialtas ag dul ag feidhmiú, is beag rud gur féidir linne a dhéanamh, fiú trí reachtaíocht, chun an scéal a chur ina cheart. Caithfidh gníomhaíocht dhearfach Rialtais a bheith ann i gcónaí le go mbeidh rath ar an nGaeilge nó ar rud ar bith.

Mr. Julian de Spáinn

B’fhéidir-----

Níl aon rud uathoibríoch.

Glaoim ar an Teachta Connolly, go sciobtha.

Chuir mé ceist maidir leis an spriocdháta 2030. An bhfuil Julian de Spáinn sásta leis sin? Is dul chun cinn é go bhfuil spriocdháta ann mar ní raibh aon cheann ann roimhe seo ach is an rud is baolaí ná gur féidir leis an Aire é a chur siar níos faide. Tá dhá cheist sa cheist sin.

Mr. Julian de Spáinn

Nílimid sásta gur féidir leis an Aire, go háirithe an tAire líne atá freagrach as na rudaí seo a dhéanamh, síneadh a chur leis an spriocdháta. Tuigimid gur féidir leis an Dáil é a chur siar mar tá an chumhacht sin fós ag an Dáil. An rud atáimid ag rá ná, má tá an chumhacht athbhreithnithe agus cinneadh le tabhairt d’aon duine, ba chóir í a thabhairt don Dáil, ní don Aire.

D’fhiafraigh an Teachta Ó Cuív cén fáth go bhfuilimid ag cur fógraíocht san áireamh anseo. Tá an ceart aige nach déanadh aon rud leis an méid go bhféadfaí a dhéanamh le 20 bliain, ach táimid 20 bliain ar aghaidh anois agus sílimid gur chóir an rud simplí a chur isteach sa reachtaíocht. Má bhíonn fadhbanna ann leis sin amach anseo tabharfaimid fúthu. Mar a dúirt an Teachta, má táimid soiléir agus mionsonraithe faoi cén leasú a chuirtear isteach sa reachtaíocht, ba chóir go mbeadh ar gach comhlacht poiblí feidhmiú ar sin anois. Táimid 20 bliain gan aon rud faoi chúrsaí fógraíochta agus tá sé in am dó sin. Feicimid é sna figiúirí. Bhí an Seanadóir Clifford-Lee ag labhairt faoin FSS sa nuachtán inniu. Sin sampla amháin ach cé mhéad fógra Breatimeacht as Gaeilge atá cloiste nó feicthe ag an gcoiste? Sin sampla eile. D’fhéadfainn samplaí a thabhairt go deo. Níl sé ag oibriú so caithfimid rud éigin a dhéanamh.

Tá triúir eile tar éis a lámha a chur in airde. Glaoim ar an Teachta Aindrias Moynihan, ansin an Teachta Daly agus an Teachta McHugh.

Ba mhaith liom díriú ar chúpla ábhar. Tá cuid acu luaite cheana féin ag an Teachta Connolly, ar nós an spriocdháta agus ról an Aire agus an Choimisinéara Teanga ann. Tá an tAire freagrach don Dáil agus don phobal agus dá mbeadh sé ag déanamh aon athruithe chaithfeadh sé teacht ar ais ag an Dáil arís agus bheadh sé freagrach don phobal. Ní bheadh an Coimisinéir Teanga freagrach d’aon duine sa tslí chéanna agus dá mba rud é gur mhol sé an dáta a bhogadh ar aghaidh nó a tharraingt isteach, ní bheadh sé freagrach d’aon duine. Tuigim an pointe go bhfuil an Coimisinéir Teanga neamhspleách ach ar chóir go mbeadh an chumhacht sin aige nó ar chóir go bhfanfadh sí leis an Aire, toisc go bhfuil an tAire freagrach don Dáil agus don phobal? Dá mba rud é go ndéanfar aon athrú, chaithfeadh an tAire filleadh arís ar an bpobal am toghcháin agus a bheith freagrach chuige sin. Céard é tuairim Julian de Spáinn air sin?

Tá roinnt pointí i gcatagóir 2 maidir leis na hainmneacha agus na updates do na córais software sna heagraíochtaí éagsúla. Leagann Conradh na Gaeilge síos spriocdháta thart ar 2025 dó sin. An bhfuil cúis ar bith leis an spriocdháta sin? An bhfuil eolas éigin breise taobh thiar de nó ar figiúr arbitrary é? Conas ar tháinig an Conradh ar an bhfigiúr sin?

Aontaím leis a lán rudaí sa doiciméad, go háirithe mar gheall ar an tslí go bhfuil an spriocdháta leagtha síos don 20%. Luadh comhlachtaí le conarthaí chun freastal ar an bpobal, Dublin Bikes ina measc. An mbeadh eagraíochtaí cosúil leis an national car test, NCT, i gceist ansin? D’fhéadfadh roinnt de na conarthaí sin a bheith deich mbliana nó níos faide agus d’fhéadfadh an ceann i gcóir toll gates ar bhóithre a bheith fadtéarmach go leor. An leagfadh Conradh na Gaeilge síos spriocdháta faoi leith do na comhlachtaí sin nó an mbeadh aon saghas deis acu ramping up a dhéanamh chun an tseirbhís a chur ar fáil thar cúpla bliain? B’fhéidir go mbeadh sé sin fágtha go dtí an chéad chonradh eile. Dá mbeadh conradh amháin ann ar feadh cúig bliana, chaithfeadh an comhlacht sin 50% a bhaint amach agus bheadh conradh eile ann don chéad dream eile ó bhliain 5 go dtí bliain 10. Bheadh ar an dream sin dul ó 50% suas go 100% mar b’fhéidir nach an comhlacht céanna a bheadh ag freastal ar an dara conradh. An bhfuil a fhios ag Julian de Spáinn céard atá á rá agam?

Mr. Julian de Spáinn

Sílim go bhfuil.

Aontaím go láidir leis faoi Bank of Ireland, the English bank, agus an tslí gur tharraing sé siar an córas sin. Ní raibh ann ach blackguarding ar phobal na Gaolainne. Caithfidh mé é sin a lua. Aontaím go láidir gur chóir go mbeadh deis ann a leithéid de rud a chur chun cinn arís agus go mbeadh éileamh ann i measc an phobail a ngnó a dhéanamh trí Ghaolainn.

Bhí mé ag léamh an ráiteas ó Chonradh na Gaeilge agus an píosa maidir le spreagadh a thabhairt don teanga. Labhair an Teachta Ó Muineacháin mar gheall ar na comharthaí bóithre. Bhíos ag tiomáint sa Bhreatain Bheag an bhliain seo caite agus chonaic mé na comharthaí d’Abertawe, nó Swansea, agus Caerdydd. Bhí mé ag léamh faoi na comharthaí sin agus is léir gur tugadh reachtaíocht isteach sa tír sin in 2016 chun spreagadh a thabhairt don teanga ansin. Tá sé de dhualgas ar gach comhairle contae agus údarás ann, nuair a bhíonn siad ag athrú na comharthaí nó ag cur comhartha nua suas, ainmneacha mar Abertawe atá i mBreatnais a chur níos airde orthu. B’fhéidir go gcuirfimid deadline dó sin san Acht chomh maith. Sin an rud a fheiceann daoine is minice nuair a bhíonn siad ag tiomáint. B’fhéidir go spreagfadh rud mar sin an teanga chomh maith.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Gabhaim buíochas leo fá choinne na sonraí agus an t-eolas a tugadh dúinn inniu. Tá sé iontach tábhachtach. Tá ceist agam, ní amháin faoi Bhille na dTeangacha Oifigiúla, ach ar bhealach comhthreomhar, faoi chúrsaí oideachais. Nuair a bheimid ag earcú an soláthar daoine le Gaeilge, beimid ag amharc ar na daoine ag dul trí na réamhscoileanna, bunscoileanna, meánscoileanna agus na hollscoileanna fosta.

Tá ceist agam faoin gcomhairliúchán cuimsitheach faoin gcóras oideachais a tháinig isteach an bhliain seo caite. Bhí na finnéithe ann ag an am sin fosta. An bhfuil siad sásta leis an dul chun cinn atá déanta leis an gcomhairliúchán atá tosaithe ar an gcóras oideachais? An bhfuil aon rudaí, fadhbanna, bearnaí nó easpaí ann a bheadh muidne mar choiste in ann cabhrú le? Mura bhfuil daoine ag teacht amach as na meánscoileanna le scileanna agus caighdeán Gaeilge, ní bheimid in ann na spriocanna sin a bhaint amach i 2030. Sin an cheist fá dtaobh den chomhairliúchán atá tosaithe. An bhfuil na finnéithe sásta leis an dul chun cinn? Má tá orainn cuidiú, beimid ann.

Mr. Julian de Spáinn

Tosóidh mé le pointí an Teachta Aindrias Moynihan. An rud a bhí i gceist againn i gcónaí maidir leis an spriocbhliain ná go gcuirfeadh an Coimisinéir Teanga tuairisc neamhspleách ar fáil agus go mbeadh an rogha ag an Dáil glacadh léi nó gan glacadh léi. Níl an leasú feicthe ag aon duine fós ach an tuiscint atá againn faoi láthair ná go bhféadfadh an tAire an cinneadh a ghlacadh chun síneadh a chur leis an dáta gan dul ar ais go dtí an Dáil chun an cinneadh sin a fhaomhadh nó a chur os comhair na Dála. Sin an áit go bhfeicimid an baol. Ar bhealach, níl sé cothrom don Aire go mbeadh air nó uirthi an cinneadh sin a ghlacadh. B'fhearr duine neamhspleách a thabhairt isteach mar bheadh an tAire tar éis a bheith mar chuid den chroí-ghrúpa nó an croí-iarracht chun an sprioc seo a bhaint amach. Caithfear duine neamhspleách ón taobh amuigh a fháil le féachaint an bhfuil ag éirí leis an bplean náisiúnta a chuir an grúpa sin le chéile chun 20% faoi 2030 a bhaint amach agus cén fadhbanna a bhaineann leis. In 2028, mar shampla, d'fhéadfadh an Coimisinéir Teanga A, B agus C a mholadh. D’fhéadfadh sé a rá go sroichfidh an Rialtas 20% faoi 2030 agus nach bhfuil aon ghá le síneadh. D’fhéadfadh sé a rá go síleann sé go bhfuil sé réidh le dul anois nó d’fhéadfadh sé rud éigin a rá faoi shíneadh a thabhairt agus bheith in ann a rá céard iad na fáthanna leis sin. Nílimid ag baint ón daonlathas. B’fhearr linn go nglacfadh an Dáil an cinneadh ach go scríobhfadh an Coimisinéir Teanga, nó duine nó struchtúr neamhspleách eile, an tuairisc ar a bheadh cinneadh na Dála bunaithe. Sin an rud a bhí i gceist agam.

Maidir leis na hainmneacha agus na bogearraí, táimid ag iarraidh go mbeidh sé seo soiléir sa reachtaíocht atá le teacht agus ba bhreá linn dá mbeadh an Oireachtas in ann é a bhaint amach. Céard atá réasúnta? Caithfear a bheith an-chúramach leis an bhfocal sin sa reachtaíocht. Mar shampla, sílimid go bhfuil sé réasúnta go mbeadh plean bunaithe agus feidhmithe agus an sprioc de 20% den earcaíocht a bheith bainte amach faoi 2030. Caithfear a bheith réasúnta. Sin an fáth go rabhamar ag caint ar 2030, mar tá taithí againn ar na rudaí seo san Eoraip agus in áiteanna eile. Ag an am céanna, caithfear a bheith réasúnta don phobal mar is é an pobal an rud is tábhachtaí sa chás seo ar fad. Faoin am a bheidh an reachtaíocht seo rite, b’fhéidir gur 2026 a bheidh sa sprioc sin do na hainmneacha. Tá sé réasúnta a rá leis an bpobal go mbeidh cúig bliana ag aon chomhlacht Stáit nó aon dream eile na córais a chur i bhfeidhm chun gur féidir linn ár n-ainmneacha a úsáid as Gaeilge. Caithfear a bheith réasúnta leis an bpobal freisin agus a rá leo go dtarlóidh sé faoi bhliain faoi leith. Tá sé réasúnta don Státchóras go bhfuil cúig bliana aige é a dhéanamh, so tá sé réasúnta ar an dá thaobh. Má chuirimid siar níos faide é mar go ndeir grúpa éigin go dtógfaidh sé deich mbliana air, tá sé sin míréasúnta don phobal. Caithfimid teacht ar dháta agus táimid ag moladh 2025 mar an sprioc.

D’fhiafraigh an Teachta faoin NCT agus aon dream eile a bheadh san áireamh. An rud a bheadh i gceist ansin ná, nuair atá comhlacht ag athnuachan aon chonradh, go gcuirtear an chritéir nó an coinníoll Gaeilge leis. Tá grúpaí éagsúla ag iarraidh an conradh don NCT nó Dublin Bikes nó mar sin de. Déanann an grúpa a ritheann Dublin Bikes an rud céanna ar fud na hEorpa agus bheadh coinníollacha teanga sna tíortha eile freisin. Níor cuireadh é sin san áireamh nuair a cuireadh critéir an chonartha le chéile agus dá mbeadh sé sa reachtaíocht gur gá é sin a dhéanamh, ní bheadh aon cheist ann faoi. Bheadh sé in aon chonradh nua a bheadh le cur amach.

Thug fear atá an-saineolach ar na cúrsaí seo moladh éagsúil dom maidir le Banc na hÉireann agus mar sin de agus is fiú machnamh a dhéanamh air. Ar chóir do na bainc teacht faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla ina hiomlán, nó ar chóir go mbeadh orthu rudaí faoi leith a dhéanamh? Céard iad na rudaí is mó gur mhaith linn a chinntiú go gcuirfidh siad ar fáil don phobal? Is an bancáil ar líne agus na apps nua an teagmháil is mó a bhíonn ag an bpobal leis an mbanc agus ba chóir go mbeidís ar fáil trí Ghaeilge. Conas gur féidir é sin a bhaint amach? Ar chóir dul ag plé leis na bainc agus rá leo go gcaithfidh siad na rudaí is bunúsaí a dhéanamh nó tá seans ann go dtiocfaidh siad faoi gach rud a bhaineann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla? D’fhéadfaí caighdeáin a chur ar bun do na bainc tríd Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá féidearthachtaí éagsúla ann. Is iad na bainc ceann den dream is mó a bhíonn pobal an Stáit ag plé leo agus tá níos lú bainc sa Ghaeltacht. Sin cúis eile na seirbhísí a chur ar fáil.

Dúirt an Teachta go bhfuil Banc na hÉireann ag fáil réidh leis na ATMs as Gaeilge. Bhí cruinniú againn le muintir an bhainc maidir le leagan Gaeilge na ATMs ag imeacht. Ní rabhamar tar éis machnamh a dhéanamh ar seo ag an am ach nuair a chuamar isteach dúirt siad linn nach mbeidh ATMs ann i ndeich mbliana, leis an fhírinne a rá. Tá an teicneolaíocht sin ag fáil bháis. Dúirt mé go raibh an ceart acu agus d’fhiafraigh mé céard a bhí siad ag déanamh don bhancáil ar líne agus na apps as Gaeilge. Dúirt siad nach raibh siad ag déanamh faic, nach raibh aon éileamh ann agus nach gá dóibh aon rud a dhéanamh. Tá dearcadh an-éagsúil agamsa ar cad é éileamh agus conas a chruthaítear é. Sa Bhreatain Bheag bíonn daoine mór le rá ar na ATMs nuair a chuirtear an cárta isteach. Tá sí tar éis a bheith gníomhach faoin rud ach tá Banc na hÉireann just ag rá “No” agus nach bhfuil sé chun é a dhéanamh. Sin an dearcadh a luadh linne an lá sin. B’fhéidir go gcaithfear rud éigin a dhéanamh sa reachtaíocht chun an spreagadh breise sin a thabhairt do na bainc maidir leis na rudaí is bunúsaí a bhíonn an pobal ag úsáid.

Luadh na comharthaí bóithre sa Bhreatain Bheag. Tá moladh tugtha againn maidir le comharthaí bóithre ach níl a fhios agam an dtógfar suas é sa Bhille seo nó an rialaítear nach mbaineann sé le hAcht na dTeangacha Oifigiúla agus go mbeidh orainn rud éigin eile a dhéanamh fúthu amach anseo. Aontaíonn muidne leis an Teachta Daly faoi seo. Dúradh linn go bhfuil saolré 20 bliain ag comhartha bóthair. Ba chóir go dtiocfaidh comhartha chun deireadh tar éis 20 bliain agus go mbeidh na comharthaí ar fad athraithe sa tslí go mbeadh an Ghaeilge agus an Béarla sa stíl chéanna, an cló céanna agus gach rud eile, mar atá sé sa Bhreatain Bheag, in Albain, sa Ghréig agus i go leor tíortha eile. Cén fáth nach mbeadh siad mar an gcéanna anseo? Nuair a bhí an Tánaiste reatha, an Teachta Leo Varadkar, mar Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, bhí sé sásta triail a bhaint astu ach bogadh é ar aghaidh sular tosaíodh air. Bhí an Teachta Paschal Donohoe mar Aire ina dhiaidh agus ó shin ar aghaidh níor ghlac aon duine leis an moladh. Bhí an-spéis ag an Tánaiste ann so déarfainn go mbeidh spéis san ábhar arís agus gur chóir dul síos an bóthar sin. Dá gcuirfí tús leis, d’fheicfeadh muid an toradh i gceann 20 bliain. Tá sé sin le feiceáil de réir a chéile anois i sráidainmneacha agus rudaí mar sin de bharr na reachtaíochta. Caithfear é sin a rá. Críochnóidh mé ar phointe spéisiúil. Tá na comharthaí sráidainmneacha i mBaile Átha Cliath céim sa bhreis ar aghaidh sa bhealach a chuireann siad an Ghaeilge ar bharr i gcló trom agus ní raibh aon cur ina gcoinne nó aon duine ar buile fúthu. Cén fáth nach dtabharfadh muid suntas, aitheantas faoi leith agus tosaíocht don teanga má táimid ag iarraidh í a spreagadh? Ag dul ar ais ag an bhfógraíocht, cén fáth nach ndéanann muid é? Ní dóigh liom go mbeadh an pobal ina choinne. Níl ann ach an Rialtas é a chur san áireamh.

Ag bogadh ar aghaidh go dtí na rudaí a luaigh an Teachta McHugh maidir le cúrsaí oideachais agus mar sin de, tuigim go bhfuil comhairliúchán ar siúl faoi láthair faoi ráitis straitéise an Roinn Oideachais agus táimid ag glacadh páirt ansin. Cuirfimid na moltaí sin ar aghaidh maidir leis an bpolasaí comhtháite ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal. Nílim cinnte an nglacfaidh an Roinn leis an mhéid sin ach tá sé sa chlár Rialtais anois go mbeidh polasaí mar sin curtha le chéile. Níl aon tús curtha leis an bpróiseas comhairliúcháin dó sin, so d’fhéadfadh an coiste cabhrú gníomh a mhealladh ansin. Bhíomar ag rá i gcónaí maidir le polasaí Gaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an ollscoil gur chóir go mbeadh dréimire ann agus go mbeadh tuiscint ag daoine cá bhfuil siad ag dul ó thaobh foghlaim na Gaeilge de.

Beidh sé ar fad bunaithe ar an gcreat Eorpach d'fhoghlaim teangacha, mar aitheantas, agus sa chaoi sin beidh caighdeán na ndaltaí aitheanta ar fud na hEorpa. D'fhéadfaí go leor de na fadhbanna atá againn sa chóras oideachais, mar shampla maidir le díolúintí, a leigheas trí chóras mar seo a chuir i bhfeidhm. Is í an chúis a mholaimid an córas mar go bhfuil sé bunaithe ar an gcreat Eorpach. I gcás an pháiste a bhfuil fadhbanna dochreidte móra aige nó aici ó thaobh scríobh na Gaeilge - an páiste nach bhfuil in ann í a scríobh - cén fáth nach bhféadfadh an páiste sin an ardteistiméireacht a dhéanamh agus í bunaithe ar an scrúdú béil? B'fhéidir go mbeadh an páiste ar leibhéal níos airde ar an gcreat Eorpach ná gach duine eile a bheadh leis nó léi sa seomra rang, ach cén fáth nach bhféadfadh sé nó sí an scrúdú béil a dhéanamh san ardteistiméireacht? Níltear ag baint an dalta sin amach as an rang ansin, nó ag déanamh rud éigin eile leis an dalta ag bun an tseomra ranga, nuair a bhíonn gach duine eile ag foghlaim na Gaeilge. In ionad sin tá an duine sin ag glacadh páirte mar tá sprioc faoi leith á hiarraidh ag an dalta sin. D'fhéadfaí é sin a dhéanamh dá mbeimis ag úsáid rud éigin níos solúbtha ar nós an chreata Eorpaigh in ionad an chórais mar atá sé faoi láthair.

Dá bhféadfaí tús a chur leis an gcomhairliúchán sin, sílim go mbeadh sé an-chabhrach dúinn chun an rud a chur chun cinn. San áireamh sa cheann sin, ba chóir dom a lua go mbeadh rudaí ar nós an pháirt-tumoideachais as ucht féin sna bunscoileanna, rud a bheadh fíorthábhachtach ó thaobh na scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla, mar chuid den chur chuige agus den chaint faoin bpolasaí Gaeilge sa chóras oideachais.

Is ceist iomlán eile a d'fheadfaí deis a bheith an ag comhchoiste labhairt faoi i ndiaidh na Nollag - tuigim go bhfuil an liosta ag méadú - ná bunú Gaelscoileanna nua agus an sprioc atá sa chlár Rialtais an líon daltaí a fhaigheann scolaíocht trí mheán na Gaeilge a dhúbailt. Is mór an sprioc é sin agus an cheist faoin gcaoi is féidir é sin a bhaint amach. Bheimis ag rá go bhféadfaí é sin a chur isteach mar chuid den pholasaí ach tá go leor plé le déanamh air sin, go háirithe nuair atá scoileanna á mbunú faoi láthair agus nach bhfuil an Roinn Oideachais ag tabhairt na scoileanna sin do na Gaelcholáistí. Mar shampla, i mBaile Átha Cliath 6 le déanaí, bronnadh scoil 1,000 dalta ar Educate Together in ionad go bhféadfaí 600 a thabhairt do Educate Together agus 400 a thabhairt chun Gaelcholáiste a chur ar bun. Tá féidearthachtaí éagsúla ann, ach tá sé deacair nuair atá an sprioc sin sa chlár Rialtais ach cinntí éagsúla ag dul ar aghaidh. Dá mbeadh aon pholasaí amháin cuimsitheach ar nós an pholasaí d'oideachas Gaeltachta, chabhródh sé sin go mór le cúrsaí.

Gabhaim buíochas le Julian de Spáinn. Cuirfidh mé cúpla ceist sula gcríochnóimid i gceann cúpla nóiméad.

Is é ceann de fadhbanna atá agam maidir leis an mBille seo ná nach bhfuil aon smachtbhannaí, pionóis nó a leithéid luaite. Cén tuairim atá ag na finnéithe faoi sin? Cad a tharlaíonn in áiteanna eile i gcás nach bhfuil comhlacht nó an stát sásta cloí leis na rialacha atá leagtha síos?

Chomh maith leis sin, maidir leis an spriocdháta earcaíochta faoi 2030, níl leithscéal ar bith ann go mbeadh sé chomh fada amach le 2030. An aontódh Julian de Spáinn le tréimhse de chúig bliana nó mar sin tar éis don Bhille a bheith achtaithe? Má tharlaíonn sé i mbliana bheadh 2025 nó 2026 i gceist.

Tuigim cad atá i gceist maidir leis an smaoineamh a luaigh Julian de Spáinn faoin gcinneadh a bhaint den Aire agus a thabhairt do dhuine neamhspleách. An mbeadh sé oiriúnach duine neamhspleách mar an Coimisinéir Teanga á tharraingt isteach i rud mar b'fhéidir go mbeadh air déileáil leis i ndiaidh sin? An mbeadh sé oiriúnach go mbeadh a leithéid de chomhaltaí an choiste seo nó coiste den sórt seo ag glacadh na gcinntí sin? Léirigh an coiste anuraidh, nuair a bhí an Teachta Connolly i gceannas air, go raibh na Ranna sásta teacht os ár gcomhair agus plé a dhéanamh maidir le caighdeáin, ach nach raibh siad chun iad a shroicheadh. Bheadh orthu iad a leagan amach go poiblí. Déanann siad é sin uaireanta, cé go mbíonn drogall orthu. B’éigean an díospóireacht sin a bheith leo go poiblí agus b'fhéidir go gcuirfeadh sé sin luas fúthu toisc go mbeadh a fhios ag daoine go raibh siad ag déanamh moilleadóireachta sa chás sin. B'fhéidir gurbh é sin bealach eile timpeall ar an gceist seo. B'fhéidir go mbeidh ar an gcoiste seo moladh a dhéanamh chuig an Oireachtas más rud é go bhfuil síneadh i gceist maidir le 2030 nó pé dáta a bheidh againn. An aontaíonn ár bhfinnéithe liom?

Tá neart eile i gceist agus beidh mé ag déileáil leis sin nuair a bheidh an Bille os ár gcomhair. Fágfaidh mé mar sin é.

Mr. Julian de Spáinn

Maidir le pionóis, ní hé go rabhamar i gcoinne pionóis ach shocraíomar ar mholadh eile a dhéanamh seachas pionóis ag an bpointe seo. Tá féidearthachtaí chun pionós nó fíneálacha a chur i bhfeidhm sa Bhreatain Bheag. Is é an tuiscint atá agam ná gur bhain Coimisinéir Teanga na Breatnaise úsáid as an bhféidearthacht sin. In ionad sin, bhíomar ag moladh an rud sin faoi neamhchomhlíonadh; sé sin, i ndiaidh na tuairisce a bheith curtha le chéile ag an gCoimisinéir Teanga agus curtha os comhair na Dála, mura bhfuil na Ranna ag feidhmiú ar an rud sin, gur féidir ansin é a chur go dtí na cúirteanna ag lorg ordú cúirte á rá go gcaithfidh siad feidhmiú air. Is é sin an moladh atá againn mar bhealach timpeall air sin ach tuigim an rud faoi fhíneálacha. Is é sin an bóthar a chuamar síos ach ní bheimis i gcoinne fíneálacha.

Tá an spriocdháta de 2030 bunaithe ar an taithí atá againn a bheith ag plé le cúrsaí na hEorpa agus daoine a mhealladh i dtreo na bpost seo. Tuigim go bhfuil an-obair feasachta agus spreagtha le déanamh le daoine óga chun go mbeidh siad ar an eolas agus spreagtha, go mbeidh na poist seo ar fáil, agus go mbeidh siad in ann cur isteach orthu. Tógfaidh sé tréimhse ama chun é sin a dhéanamh. Ní hamháin sin, agus beidh taighde déanta mar chuid de seo, ach caithfear a oibriú amach cad iad na háiteanna is mó a bhfuil na heasnaimh iontu. Tá seans ann go mb'éigean caint a bheith ann leis na coláistí tríú leibhéal agus go mbeifear in ann ansin eolaíocht shóisialta a dhéanamh le Gaeilge. Beifear ag iarraidh go mbeidh an-chuid cúrsaí tríú leibhéal inar féidir iad a dhéanamh le Gaeilge nó go bhféadfadh le duine dioplóma sa Ghaeilge a dhéanamh ar an leibhéal chun go bhféadfadh sé nó sí poist mar seo a fháil. Tuigfidh an duine atá ag díriú ar an earnáil phoiblí agus ar na poist éagsúla seo, má dhéantar an Ghaeilge leis an ábhar seo nó siúd, go mbeidh seans níos fearr aige nó aici post a fháil mar go mbeidh sé nó sí in ann cur isteach ar an 20% den spás atá curtha ar leataobh. Tá an-chuid oibre le déanamh air sin. Tógfaidh sé deich mbliana chun é sin a bhaint amach. Ní hé sin le rá nach bhféadfaí é a thabhairt chun tosaigh, más rud é go raibh ag éirí leis na spriocanna.

Tá tuairimí an-oscailte againn maidir leis an gceist faoi cé a dhéanfaidh an t-athbhreithniú neamhspleách. Creidimid gur ghá go mbeidh athbhreithniú neamhspleách déanta. Tá an Coimisinéir Teanga luaite againn, dar ndóigh, mar go luíonn sé leis an gcineál oibre atá ar siúl aige. Bheimis ag súil go mbeidh an fhoireann agus na hacmhainní ag Oifig an Choimisinéara Teanga chun é sin a dhéanamh. Dá mbeadh sé faoin gcomhchoiste seo é sin a dhéanamh, bheimis ag súil leis go mbeadh na hacmhainní aige chuige sin freisin. Is píosa maith oibre a bheidh i gceist, ach is ceist acmhainní agus neamhspleáchais i ndáiríre a bheidh i gceist.

Gabhaim buíochas leis an bhfinné.

B'fhéidir go bhfuil an tAire Stáit de mhalairt tuairime liomsa, cé go bhfuil sé de mo pháirtí féin, ach táim glan in aghaidh go mbeadh aon deis ag an Aire an riachtanas 20% a chur ar ceal gan teacht ar ais chuig an Oireachtas. Má tá sé sin ann, tá sé chomh maith gan an rud a scríobh ar chor ar bith mar beidh a fhios ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ón gcéad lá go bhfuil sé sin ann agus feidhmeoidh siad é ón gcéad lá.

Tá ceist eile agam sa chomhthéacs seo. Ar cheart go mbeadh sprioc 10% i bhfeidhm tar éis cúig bliana? Gan a leithéid d'fhoráil, fágfar an rud ar an méar fhada agus déarfaidh siad go ndéanfaidh siad é roimh an lá nó an nóiméad deiridh. Nuair a thiocfaidh an am sin, tabharfaidh siad dúshlán don Oireachtas ó thaobh earcaíochta de, agus iad ag rá nach bhfuil siad in ann daoine a earcú agus mar sin de. Ar cheart go mbeadh sprioc eatramhach nó spriocanna céimnithe ann a gcaithfidh siad a bhaint amach? Tá faitíos orm, agus déarfaidh mé an fhírinne anseo, níl muinín dá laghad agam as an mórchóras Státseirbhíse ó thaobh earcaíochta de. Is éard atá ann ná go ndéanfaidh sé chuile shórt gur féidir leis gan a chroí is a anam a chur isteach sa rud seo agus é a fheidhmiú de réir thoil an Oireachtais. Rinneadh é sin cheana le go leor rudaí. Caithfimid a bheith an-aireach faoi sin. Ba cheart go mbeadh iachall ar na Ranna ón gcéad lá feidhmiú ar an gcaoi ina bhfuil sé mar má deirtear leo go bhfuil an sprioc deich mbliana rompu, tá a fhios againn céard a dhéanfaidh siad.

Ní bheidh tada déanta naoi mbliana síos an bóthar. Céard is féidir leis an Oireachtas a dhéanamh mar ní bheidh na daoine ann? Tógfaidh sé mórphlean - ní tharlóidh sé seo gan é. Níorbh aon mhaith a rá go gcuirfimid fógra sna nuachtáin agus iarrfaimid 10%. Mura mbeidh go leor oibre déanta, ó dhaoine óga atá anois sna bunscoileanna, sna Gaelscoileanna agus sna scoileanna Gaeltachta ar fud na tíre. Mura dtosóimid air sin go luath, ní bheidh siad ann faoi cheann deich mbliana.

Luafaidh mé rud amháin deiridh. Caithfimid a chinntiú freisin dá mbeadh post ag imeacht sa Státseirbhís agus dá mbeinn ag cur isteach air ag an tús arís, níl a fhios agam ar mhaith liom "post" le Gaeilge, ar fhaitíos na bhfaitíos go sáinneofaí mé ó bheith ag plé le rudaí éagsúla sa tseirbhís mar go ndéarfaí gurbh é seo fear na Gaeilge agus go ndéanfaidh sé chuile diabhal rud. Caithfimid é sin a sheachaint freisin agus go mbeidh comhstádas ag daoine dátheangacha sa tseirbhís phoiblí a bheidh ag bogadh ó áit go háit agus nach mbeidh siad coinnithe le jabanna le Gaeilge agus go mbeidh an deis chéanna acu siúd cur isteach ar jab nach bhfuil Gaeilge ag teastáil. Teastóidh 20% ar a laghad nó b'fhéidir níos mó, mar caithfidh siad a bheith fite fuaite ar fud na seirbhíse ar fad, suas go dtí leibhéal Ard-Rúnaithe sna Ranna Stáit.

Mar shampla, nárbh iontach an rud é dá mbeadh duine le Gaeilge a tháinig tríd an gcóras mar Ard-Rúnaí ar an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe am éigin amach anseo. Smaoinigh air sin.

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Táimid tagtha chun deiridh. Ar mhaith le Julian de Spáinn teacht ar ais air sin sula gcríochnóimid?

Mr. Julian de Spáinn

Maidir leis an sprioc eatramhach, tá plean faoi leith ag teastáil faoin mórsprioc faoi 2030. Níl aon fhadhb againn go mbeidh spriocanna eatramhacha mar chuid den phlean sin agus ba chóir go mbeadh.

Mar rud deireanach ba mhaith liom a thabhairt faoi deara ó thosaíomar ag freastal ar aon cheann de na cruinnithe den chomhchoiste Dála seo agus an ceann a bhí ann roimhe seo - cuireadh tús leis sa Dáil dheireanach - ba mhaith liom tréaslú libh go bhfeicimid go bhfuil coiste níos láidre ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta anois ná a bhí riamh ann cheana. Roimhe sin is fochoiste de choiste a bhí ann. Táimid dóchasach agus nílim ag iarraidh go leor brú a bheith curtha orm chun an méid atá uainn a chomhlíonadh ach ag an am céanna táim dóchasach maidir le rudaí ar nós an Bhille atá le teacht, cúrsaí maoinithe agus eile, go bhfuil áit againn inar féidir linn na rudaí sin a phlé agus go bhfuil comhchoiste an-láidir ann chun iad sin a thabhairt chun cinn. Ó Chonradh na Gaeilge, go n-éirí leis an gcomhchoiste agus lena chuid oibre agus ba mhaith linn coinneáil i dteagmháil leis agus na rudaí seo á gcur le chéile.

Gabhaim buíochas le Julian de Spáinn agus le Paula Melvin as a bheith os ár gcomhair. Táim cinnte go ngabhann an comhchoiste a bhuíochas leo.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 3.53 p.m. go dtí 2 p.m. Dé Céadaoin, 11 Samhain 2020.