Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Wednesday, 18 Nov 2020

Seirbhísí Dátheangacha agus Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2020: Foras na Gaeilge

Ó Fhoras na Gaeilge, cuirim fáilte roimh Sheán Ó Coinn, príomhfheidhmeannach; Pól Ó Gallchóir, cathaoirleach; agus Shane Ó hEidhin, stiúrthóir seirbhísí corparáideacha. Tá na finnéithe lonnaithe sa seomra coiste féin le linn an chruinnithe seo. Gabhaim buíochas leo as a bheith i láthair. Tá fáilte rompu.

Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh, 2009, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo chomh fada is atá siad lonnaithe sa seomra coiste féin. Má ordaíonn an coiste dóibh éirí as a bhfianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad á thabhairt, níl siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith a gcuid fianaise. Ordaítear dóibh gan ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo a thabhairt agus fiafraítear dóibh an cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tosaigh a cuireadh faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo.

Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de Thithe an Oireachtais nó maidir le hoifigeach ina ainm nó ina hainm nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Tabharfaidh mé cuireadh do Sheán Ó Coinn labhairt i gceann soicind ach ar dtús gabhaim buíochas leis as an jab mór, an foclóir nua - Concise English-Irish Dictionary - Foclóir Béarla-Gaeilge. Sin éacht. Tá 1,001 úsáid gur féidir a bhaint as ach an príomhrud ná go bhfuil foclóir againn atá ullamh don nua-aois mar ní hamháin go bhfuil sé i gcóip chrua ach tá sé ar fáil ar líne freisin. Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an éacht sin a chur le chéile agus tá súil agam go mbeidh daoine á cheannach agus á úsáid. Sin an príomhrud d’aon leabhar. Iarraim ar Sheán Ó Coinn labhairt leis an gcomhchoiste anois.

Mr. Seán Ó Coinn

Iarraim ar chathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Pól Ó Gallchóir, tús a chur le haitheasc Fhoras na Gaeilge.

Mr. Pól Ó Gallchóir

Fáiltíonn Foras na Gaeilge roimh as an deis seo tuairimí a léiriú i leith seirbhísí dátheangacha éifeachtacha a sholáthar ag Ranna Stáit agus comhlachtaí poiblí agus i leith Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2020. Déanfaidh me achoimre ghairid ar an eolas a chur mé ar fáil sa ráiteas tosaigh.

Bunaíodh Foras na Gaeilge i mí na Nollag 1999 agus táimid freagrach don Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas, an CATT, agus tuairiscímid don CATT trí na hAirí sna Ranna oiriúnacha: an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ó Dheas agus an Roinn Pobail ó Thuaidh. Tá ról ag Foras na Gaeilge i dtaca le comhairle a chur ar lucht Rialtais, Thuaidh agus Theas, agus ar chomhlachtaí poiblí agus ar ghrúpaí eile sna hearnálacha príobháideacha agus deonacha i ngach réimse a bhaineann leis an nGaeilge. Tá ballraíocht an-láidir ag an gcomhchoiste seo, baill a bhfuil taithí fhada agus saineolas i leith acu ar an nGaeltacht agus ar an nGaeilge agus tá súil agam go n-éireoidh go maith leis an obair go háirithe maidir leis an dréacht-Bhille. Tá beirt Aire sa Roinn againn anois a bhfuil leas na Gaeilge agus na Gaeltachta an-tábhachtach dóibh, a bhfuil Gaeilge acu agus spéis acu inti agus Taoiseach ina bhfuil an Ghaeilge ar a thoil aige. Is iad sin a bheidh an-tábhachtach sna blianta beaga amach romhainn i dtaca leis an nGaeilge.

Iarrfaidh mé anois ar ár bpríomhfheidhmeannach, Seán Ó Coinn, labhairt faoi Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2020.

Mr. Seán Ó Coinn

Is ábhar mór sásaimh againn go bhfuil ann obair seo ar siúl i láthair na huaire mar eagraíocht Thuaidh-Theas atá dírithe ar an nGaeilge a chur chun cinn ar bhonn uile-oileáin. Táimid ag súil go mór le bheith gníomhach sa phróiseas feidhmiúcháin a bhaineann leis an mBille seo nuair a bheidh sé achtaithe. Ní rachaidh mé tríd achan rud atá luaite againn inár n-aitheasc ag an gcoiste ach ní miste díriú ar roinnt rudaí go hachomair.

Tá deis ann anois nár chóir a chailleadh, deis nach dócha a thiocfaidh chun tosaigh go ceann tamaill fhada chun dualgais a leagan ar an Státchóras i leith na Gaeilge, dualgais is féidir a dhearbhú. Láidreofar an Bille seo go mór leis na scálaí ama agus na spriocanna atá fógartha mar leasuithe. Beidh sé tábhachtach taighde a dhéanamh go luath lena chinntiú gur féidir na spriocanna sin a bhaint amach, agus clocha míle a leagan síos ina leith.

Dhá bhealach eile leis an dréacht-Bhille a láidriú ná feidhm reachtúil a thabhairt don phlean a thiocfaidh ón gcoiste comhairleach, agus aitheantas i gcomhdhéanamh an choiste a thabhairt do na róil reachtúla atá ag Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, agus ag an gCoimisinéir Teanga. Aithníonn Foras na Gaeilge gur coiste reachtúil a bheidh sa choiste comhairleach agus, dá réir sin, go mbeidh dualgais ar leith agus cumhachtaí ar leith aige thar choistí eile a bhaineann leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Dar linn, mar sin féin, go láidreofaí an coiste comhairleach dá mbeadh tagairt shonrach sa reachtaíocht don dá mhór-eagraíocht Stáit mar a luaigh mé féin, Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta, agus do na róil reachtúla atá againn. Tá duine ón nGaeltacht luaite i gcomhdhéanamh an choiste agus tacaíonn Foras na Gaeilge go mór leis sin. Chuirfí go mór leis an fhoráil seo ach duine nó daoine ó lasmuigh den Ghaeltacht a bheith luaite leis fosta, mar shampla, duine ó na líonraí Gaeilge nó ó na bailte seirbhíse Gaeltachta. Thabharfadh é sin aitheantas foirmiúil do na líonraí agus do na bailte seirbhíse Gaeltachta trí thagairt dóibh go sonrach sa Bhille.

Maidir le feidhm thaighde, is áis an-tábhachtach í an taighde sin. Dar linn, tá seans ann taighde nó iniúchadh a dhéanamh ar na heagraíochtaí poiblí ar fad, mar shampla chun an staid reatha maidir le seirbhísí Gaeilge iontu a thuiscint níos fearr. Tríd seo, d’fhéadfaí na feabhsuithe riachtanacha a aithint sna heagraíochtaí seo, spriocanna ama a leagan amach agus moltaí a sholáthar do na heagraíochtaí lena chinntiú go bhfuil na cúraimí seo á gcomhlíonadh acu.

Maidir leis na caighdeáin teanga féin, tacaímid go mór leis an gcur chuige seo. Is cinnte go dtreiseofar alt 19 den reachtaíocht má bhíonn na scálaí agus na spriocanna luaite leis. Cé go n-aithníonn Foras na Gaeilge an bharrthábhacht a bhaineann le ceantair Ghaeltachta sa chéad áit, tá sé tábhachtach go mbeidh an chumhacht ag an Aire scálaí ama a lua leis na haonaid pleanála teanga eile mar atá ag na bailte seirbhíse Gaeltachta agus na líonraí Gaeilge fosta.

Maidir leis an maolú ar na caighdeáin teanga, is tréimhse fhada í an tréimhse cúig bliana a mhairfeadh an maolú a d’fhéadfadh comhlacht a iarraidh agus a fháil de réir na reachtaíochta. Dá mbeadh iniúchadh á dhéanamh tríd an bhfeidhm thaighde mar atá luaite in alt 18C, d’fhéadfadh na cúiseanna a bhainfeadh le maolú a fhiosrú ar bhonn neamhspleách, agus go bhféadfadh an coiste cinntí a dhéanamh faoin mbealach is fearr le cuidiú leis an gcomhlacht dá réir. Arís, treiseofar an Bille agus na féidearthachtaí feabhsuithe a bhaint amach go mór dá mbeadh an dá fhoras Stáit, Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta agus, ar ndóigh, an Coimisinéir Teanga luaite mar chuid de sin.

Tá Foras na Gaeilge den tuairim go bhfuil deis anois ann, deis nach raibh againn roimhe seo, leis an reachtaíocht seo gníomh suntasach a dhéanamh a dhéanfaidh leas na Gaeilge sa Stát go ceann tamaill fhada, agus go bhfuil comhdhéanamh an chomhchoiste seo, mar a luaigh ár gcathaoirleach, agus comhdhéanamh an Rialtais féin, fabhrach chuige sin.

Is é sin deireadh leis an méid ar mhaith liom a rá maidir leis an mBille. Bhí ár gcomhghleacaí, Éamonn Ó hArgáin le bheith linn ar líne ach ní fhéadfaimis, de bharr deacrachtaí teicniúla, é a thabhairt isteach ag an bpointe seo.

Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh go díreach don aguisín ag deireadh an aithisc a chuireamar ar aghaidh maidir leis na seirbhísí tacaíochta a chuireann Foras na Gaeilge ar fáil faoi láthair don earnáil phoiblí, ina measc Freagra, Aistear, an maoiniú a chuirimid ar fáil do Ghaelchultúr, an tacaíocht a chuirimid ar fáil do Chumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge, Séala an Aistriúcháin atá faoinár stiúir, an Coiste Téarmaíochta atá faoinár stiúir, agus an Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta tearma.ie. Luaigh an cathaoirleach an foclóir nua clóite Béarla-Gaeilge atá bunaithe ar focloir.ie ach atá i bhfad níos mó agus níos iomláine. Ar ndóigh do dhaoine a bhfuil an-spéis sa teanga acu tá teanglann.ie, agus is ansin a fhaightear foclóirí Uí Dhónaill agus de Bhaldraithe ar líne. Tá siad sin ar fáil ar aip ghutháin fosta. Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus cuirimid fáilte ceisteanna ó bhaill an choiste.

Gabhaim buíochas le Seán Ó Coinn agus Pól Ó Gallchóir. Tá ceathrar tar éis a léiriú dom go bhfuil siad ag iarraidh labhartha ar dtús. Iarrfaidh mé ar an Teachta Calleary anois.

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Gabh mo leithscéal, ach caithfidh mé dúl go dtí an t-ionad comhdhála i gceann cúpla nóiméad mar go bhfuil díospóireacht eile ann. Cuirim fáilte roimh Fhoras na Gaeilge agus gabhaim comhghairdeas agus buíochas leis an bhForas freisin mar gheall ar an bhfoclóir nua mar go bhfuil mé á úsáid.

Cuirim fáilte roimh na tuairimí atá sa chur i láthair atá déanta ag Foras na Gaeilge don chruinniú seo i dtaca leis an mBille. Beidh siad ina bpáirt den phlé a bheidh againn sna seachtainí atá amach romhainn. Tá dochar déanta d'obair an Bhille agus d'obair Fhoras na Gaeilge mar gheall ar an gconspóid atá ann faoi láthair faoi scéim phobal na Gaeilge agus an ciorrú atá á leagan amach dúinn faoi líon na mbailte atá páirteach sa scéim sin. Tuigim ó Thogra Mhaigh Eo go bhfuil sé faoi bhrú agus go bhfuil ciorrú mór 30% sa bhuiséad á dhéanamh air. Ní bheidh siad, agus ní bheadh aon ghrúpa, in ann dul ar aghaidh le gearradh cosúil leis sin. I gcomhthéacs an ardaithe atáimid tar éis a fháil maidir le seirbhísí Gaeilge sa bhuiséad, agus tar éis dúinn mar Theachtaí agus mar Sheanadóirí ar an gcomhchoiste seo an-chuid oibre a dhéanamh chun an t-ardú sin á fháil, go háirithe ar thaoabh an Rialtais, nílimid in ann a thuiscint go bhfuilimid ag déanamh gearradh ar na daoine atá ag obair chomh crua is a bhfuil siad. Ní bheidh aon mhaith le Bille na dTeangacha Oifigiúla nó le haon chuid den obair atáimid ag déanamh anseo gan na grúpaí seo.

Dúirt Foras na Gaeilge ansin go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh duine as na bailte seirbhíse Gaeltachta ar an gcoiste comhairleach. Ní bheidh bailte seirbhíse Gaeltachta ann má leanann Foras na Gaeilge ar aghaidh leis an gciorrú seo. Chuir an Teachta Daly rún os ár gcomhair faoin gceist seo an tseachtain seo caite. Caithfimid mar chomhchoiste seasamh suas agus a rá ar son na ngrúpaí agus ar son grúpaí atá cosúil le Togra Mhaigh Eo - mar tá grúpaí eile ann - nach bhfuilimid sásta seasamh leis an gciorrú seo.

Caithfidh Foras na Gaeilge obair leis na grúpaí seo. Gan na grúpaí seo ní bheidh Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá an Foras ag déanamh sár-iarracht an Ghaeilge a spreagadh agus a bheith á labhairt taobh amuigh den Ghaeltacht ach tá an Foras ag gearradh buiséad ag an am gur cheart ardú a bheith ann mar gheall ar an tsuim atá sa Ghaeilge nach raibh ann, suim a spreagtar le hobair an fhoclóra nó le hobair cosúil leis an obair sin atá á déanamh ag an bhForas. Tá dochar á dhéanamh don obair sin ag an bhForas mar gheall ar an ngearradh sin.

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Tá cúpla ceist gasta agam i dtús báire. Fáiltím ár n-aíonna roimh an gcomhchoiste. Ba mhaith liom freisin aitheantas a ghabháil le Seán Ó Coinn as an obair thábhachtach, dhíograiseach atá déanta ar ár son uilig Thuaidh-Theas fosta.

Maidir le mo chéad cheist, tá Leitir Ceanainn ainmnithe mar bhaile seirbhíse Gaeltachta. An féidir leis an mbaile seo iarratas a dhéanamh don scéim pobal Gaeltachta?

Cé mhéad cóipeanna den fhoclóir nua atá díolta? An bhfuil na huimhreacha sin ag ár n-aíonna maidir leis an aip fosta agus an líon daoine atá ag úsáid na haipe sin? Tá an aip sin ina cara mhór agam achan lá ó dhubh go dubh agus tá sí iontach tábhachtach. Tá na daoine agus na scoláirí uilig sna meánscoileanna, sna bunscoileanna agus sna hollscoileanna fosta ag úsáid na haipe sin. Tá an teicneolaíocht, an t-eolas agus na sonraí sin iontach tábhachtach agus iontach cuiditheach. Gabhaim aitheantas arís leis an bhForas maidir leis an sár-obair atá déanta leis sin.

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Ar mhaith leis an bhForas freagra a thabhairt?

Mr. Seán Ó Coinn

I dtús báire freagróidh mé an cheist maidir leis an scéim pobal Gaeilge, SPG, ón Teachta Calleary. Tá cuid mhór spéise á léiriú i láthair na huaire in SPG cinnte agus is cuid de sin an obair mhaith atá Conradh na Gaeilge i ndiaidh a dhéanamh chun spéis a ardú sa cheist. Cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil do Chonradh na Gaeilge chun an obair sin a dhéanamh agus táim sásta go bhfuil sé á déanamh go maith, fiú amháin má tá sé ag cur brú orainn.

Is dócha gur chóir a mhíniú, nuair a bhíomar ag iarraidh an SPG úr, mar a thugaimid air, a shocrú, bhí sé bunaithe ar bhuiséad 2019 a bhí fógartha dúinn, a bhí bunaithe ar an mbuiséad a bhí faighte againn in 2016, agus bhí €4.6 milliún níos lú againn ná mar a bhí againn in 2008. Bhíomar ag plé leis an mbuiséad a bhí againn ag an am sin nuair a chuireamar ár gcuid moltaí amach.

Ní raibh sé i gceist riamh againn an deontas a ghearradh do dhuine ar bith. Is scéim iomaíochta oscailte í agus cuirtear maoiniú ar fáil do na hiarratais is fearr a thagann isteach. Níl scéal cinnte ar bith ann go bhfaighidh dream ar bith atá maoinithe anois maoiniú faoin scéim cé go mbeifeá ag súil go bhfaigheadh siad é. Ar an ábhar gur thuigeamar go mbeadh airgead mór ag dul amach chuig na ceantair ón Státchóras nó ón gcáiníocóir chuig bailte seirbhíse Gaeltachta agus na líonraí, go mbeadh €80,000 sa bhliain ag dul amach chuig na ceantair sin don phlean teanga, mheasamar dá bharr go bhféadfaimis níos lú a chur ar fáil faoi SPG do na ceantair sin. Táimid ag aithint go bhfuil sé ag cruthú roinnt deacrachtaí don líon beag grúpaí sin atá i gceist agus sílim go gcaithfimid athbhreithniú a dhéanamh air sin anois i gcomhthéacs an bhuiséid mhéadaithe a bheidh againn.

Ba chóir dom a rá ag an bpointe seo nach bhfuil a fhios caidé an buiséad a bheidh againn mar tá buiséad Fhoras na Gaeilge bunaithe ar 75% dár mbuiséad don Fhoras Teanga - is é sin an comhlacht a bhfuil Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise araon ann agus an Rialtas ó Thuaidh - agus ní bheidh a fhios againn caidé an buiséad a bheidh againn go dtí go mbeidh sé sin déanta. Tuigimid go mbeidh méadú de shórt éigin sa bhuiséad. Beidh sé tábhachtach go n-aithnímid go bhfuil, b'fhéidir, athbhreithniú le déanamh air seo.

Faoin am sin bhí bord iomlán úr againn fosta, rud nach raibh againn ó d'imigh an Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas, agus tá sé sin ar ais arís. Táimid ag súil go mbeidh bord iomlán faoi dheireadh na míosa seo, rud a ligfidh dúinn plé leis an gceist seo mar is ceart sa bhliain úr.

Maidir le cúrsaí forbartha pobail, déanann Foras na Gaeilge an-infheistíocht idir €7 milliún agus €8 milliún sa bhliain as ár mbuiséad i réimse na forbartha pobail. Cuir i gcás an €1 milliún a théann amach chuig an SPG mar chuid de sin agus cuirimid os cionn €1 milliún ar fáil fosta do Ghlór na nGael mar cheanneagraíocht le bheith ag plé le réimse an phobail. Is é sin an sainréimse atá ag an eagraíocht sin a bheith ag plé le grúpaí nach bhfuil ag leibhéal SPG go fóill chun na grúpaí sin a thabhairt a fhad leis an leibhéal sin. Caithfimid cothromaíocht a aimsiú sa dóigh a úsáidimid cibé airgead breise a gheobhaimid. Tá scéimeanna eile a bhí luaite ag Conradh na Gaeilge sa cháipéis SEAS 20 atá an-tábhachtach fosta. Is iad sin scéimeanna óige, imeachtaí óige, campaí samhraidh, agus scéimeanna le haghaidh ionaid Ghaeilge. Ba mhaith linn a bheith ábalta riar a dhéanamh ar na scéimeanna sin ar fad mar go bhfuil an-tábhacht ag baint leo.

Maidir leis na ceisteanna a chuir an Teachta McHugh, go díreach, beidh cead ag an mbaile seirbhíse Gaeltachta, líonra Leitir Ceanainn an t-ainm atá air, iarratas a chur isteach ar SPG cinnte agus d'fháilteoimis roimhe sin.

Maidir le an bhfoclóir agus méid na húsáide atáthar á baint as sin, tá os cionn 2 mhilliún úsáideoir den aip agus den fhoclóir ar líne focloir.ie gach bliain. Maidir leis an bhfoclóir clóite, is bestseller atá ann i láthair na huaire i dtaca le leabhair Ghaeilge agus leabhair ar bith eile, go deimhin, a dhíoltar in Éirinn. Tá os cionn cothrom is 2,000 cóip díolta. Tá sé ag teacht rite linn coinneáil suas leis an éileamh de thairbhe nach bhfuil ach duine amháin ag obair sa trádstóras de bharr srianta Covid-19. Tá an leabhar ag dul amach chuig siopaí leabhar ar fud na tíre agus an-éileamh orthu. Féadaim a rá go bhfuil an t-éileamh i bhfad níos mó ná mar a shílimid ach aithnímid anois an spéis atá á léiriú ag an bpobal san fhoclóir.

Is fiú a mheabhrú nach bhfuil i gceist ansin ach trian den obair atá déanta. Is é sin an obair atá déanta ag daoine atá ag foghlaim na Gaeilge ach tá neamart mór déanta ó bunaíodh an Stát i leith phobal na Gaeltachta nach bhfuil foclóir Gaeilge-Gaeilge againn. Ní raibh duine ar bith i bpobal na Gaeltachta riamh ábalta foclóir a oscailt agus sainmhíniú a fháil ar fhocal ina dteanga féin. Ní tharlódh sé sin i dteanga ar bith eile má táimid ag tabhairt cúram ceart dár gcuid teangacha. Is é sin an dúshlán mór dúinn anois aghaidh a thabhairt ar an gceist sin. Is í an chéad chéim eile go mbeidh foclóir Gaeilge-Gaeilge ar líne ar fáil do phobal na Gaeltachta.

Fáiltím roimh na finnéithe. Aontaím leis an méid atá ráite ag an gCathaoirleach agus ag an Teachta Calleary maidir leis an bhfoclóir nua agus tréaslaím leis an bhForas as an obair a rinneadh ar feadh na mblianta chun an foclóir sin a chríochnú. Is sárjab atá ann.

Nuair a bhí mé i mo sheanphost bhíomar ag plé, mar is eol don chomhchoiste, cúrsaí buiséid don Fhoras agus ní raibh Tionól Thuaisceart Éireann sa Tuaisceart ag feidhmiú ag an am sin. Tá sé ag feidhmiú faoi láthair. Ar chas an Foras leis na hAirí sa Tuaisceart chun cúrsaí buiséid agus airgeadais a phlé agus an bhfuil breis acmhainní faighte ag an bhForas ón Rialtas sa Tuaisceart nó an bhfuil sé geallta?

Tá breis airgid faighte ag an bhForas do bhuiséad 2021 ach an aontaíonn na finnéithe go ndearnadh damáiste do ghrúpaí atá ag feidhmiú faoi scéimeanna pobal Gaeilge mar gheall ar an ngéarchéim eacnamaíochta 2009 agus ar aghaidh?

Cuirim mo lámha suas agus admhaím go bhfuil a fhios agam go bhfuil, agus go raibh, Foras na Gaeilge i gcónaí ag lorg breis airgid, ach tá na grúpaí sin tábhachtach ó thaobh na Gaeilge de. An gceapann an Foras go mbeidh deis aige níos mó airgid a chur ar fáil in 2021? An mbeidh plé aige leis an Aire, an Teachta Catherine Martin, agus leis an Aire Stáit, an Teachta Chambers, ó thaobh na Meastachán Athbhreithnithe roimh dheireadh na bliana?

Gabhaim buíochas leis an bhForas as an gcur i láthair. Bhí mé ag léamh tríd an doiciméad roimh an gcruinniú agus b'fhéidir go bhfuil níos mó ann ná mar a bhí deis ag na finnéithe a rá. Theastaigh uaim cúpla ceist a chur mar gheall ar chúpla ábhar a bhí sa doiciméad. Ar dtús, cuidím leis an méid a bhí le rá ag mo chomhghleacaí, an Teachta Calleary, mar gheall ar mhaoiniú. Fáiltím roimh an athbhreithniú atá an Foras chun a dhéanamh air sin. An bhfuil amscála nó amchlár leagtha síos mar gheall air sin?

Bhí cúpla moladh ag an bhForas sa doiciméad mar gheall ar an mBille féin. Luaitear amscála agus clocha míle ina leith. An bhfuil aon tuairimí faoi leith ag na finnéithe mar gheall ar an saghas cloch mhíle a bheadh i gceist? Luaitear smachtbhannaí agus pionóis d'eagraíochtaí nach gcloíonn le forálacha an Bhille. Cén saghas tuairim atá ag an bhForas faoi sin? Cén saghas smachtbhannaí atá i gceist? Cé a bheadh ag faire amach chuige sin? An mbeadh an dualgas sin ar an gCoimisinéir Teanga nó ar an Aire? Cé a bhí in aigne ag an bhForas?

Déanaim comhghairdeas leis an bhForas as an bhfoclóir. Jab iontach a bhí ann.

Mr. Seán Ó Coinn

Bhí ceist ag an Seanadóir Kyne maidir leis an Tionól ó Thuaidh. Bhí cruinniú againn leis an Aire Airgeadais agus leis an Aire Pobal a bhí ann ag an am, Deirdre Hargey CTR, faoi chúrsaí buiséid go díreach roimh na srianta Covid-19. Thuigeamar go raibh seans an-láidir ann go bhfaighimid méadú sa cháinaisnéis ó Dheas. Ba mhaith linn go mbeadh a mhacasamhail chéanna ar fáil i leith an 25% dár maoiniú ó Thuaidh. Níl barántas ná gealltanas faighte againn ach fuair muid an-tacaíocht do na hargóintí a chuir muid i láthair na nAirí. Ó shin, chas muid le Carál Ní Chuilín CTR, atá ina hAire Pobal ar bhonn eatramhach, le linn do Deirdre Hargey a bheith as láthair. Dhearbhaigh sí gur mhaith léi go mbeidh méadú i mbuiséad an Fhorais Teanga agus, de bharr sin, i mbuiséad Fhorais na Gaeilge. Táimid dóchasach ach níl scéal cinnte ar bith againn go fóill. Mar atá a fhios ag an choiste, maireann bliain airgeadais an dlínse ó Thuaidh ó Aibreán go Márta seachas bliain fhéilire. Tá castachtaí i gceist leis sin. Táimid an-dóchasach go mbeidh meadú ann i dtaca lenár mbuiséad ó Thuaidh.

Maidir leis an scéim pobal Gaeilge, SPG, agus an dochar a rinneadh, is cinnte go bhfuil dochar déanta do na scéimeanna uilig atá againn, an SPG san áireamh, leis na ciorruithe. B'fhéidir gurb é an dochar is mó a ghoil go mór ar na grúpaí SPG ó 2016 go dtí anois ná nár chuir muid ach 80% de chostais phá ar fáil do na grúpaí sin. Cé go dtarlaíonn sin in áiteanna eile, cur i gcás a mhacasamhail chéanna de scéim sa Bhreatain Bheag, ní mar fhealsúnacht a rinne Foras na Gaeilge é sin. Níor chinneadh fealsúnachta é gur chóir do ghrúpaí sciar áirithe don airgead a thógáil iad féin. Rinneadh é sin de bharr riachtanais. Bhí a fhios againn go raibh roinnt ghrúpaí réidh le bheith páirteach i SPG, grúpaí nach raibh airgead faighte acu roimhe. Bhí orainn an méid a bhí ar fáil againn sa chiste a spraeáil amach níos tanaí le go mbeadh sé ar fáil do níos mó grúpaí. Beidh an teannas sin i gcónaí ann nuair atáthar ag plé le maoiniú. An gcuirtear níos lú maoiniú ar fáil de líon níos mó grúpaí nó níos mó maoiniú do líon níos lú grúpaí? Beidh an teannas sin ann i gcónaí. Caithfimid an chothromaíocht sin a aimsiú. Rud amháin a bhí réitithe againn sna moltaí a chuir muid amach le haghaidh comhairliúcháin tamall ó shin ná an cheist sin faoin 80%. Sna moltaí úra, a bhí bunaithe ar bhuiséad nach raibh méadú i gceist leis, clúdaítear cúig lá de phá sa tseachtain.

D'éirigh linn sábháil a dhéanamh faoin méid a bheadh ag dul chuig grúpaí i gceantair a bhí ag fáil maoinithe ón Stát le plean teanga a dhéanamh. D'ísligh muid an méid a bheadh ag na grúpaí sin. Aithnímid go gcaithfimid athbhreithniú air sin. B'fhéidir go bhfuil rudaí ag tarlú nár aithin muid ag an am nó nach raibh súil againn leo maidir leis na grúpaí atá lonnaithe sna ceantair a mbeidh plean teanga acu.

Maidir leis na ceisteanna a chuir an Teachta Ó Muimhneacháin, ó thaobh an Bhille agus na clocha míle, is dóigh liom nach féidir fanacht go dtí go mbeidh na spriocanna bainte amach le fáil amach cén chaoi a bhfuil muid chun iad a bhaint amach. Sin an rud atá i gceist againn. Tuigeann muid nach ionann an t-éileamh a bheidh ar sheirbhísí Gaeltachta ar fud na tíre. Beidh seirbhísí Stáit á gcur ar fáil do na pobail Ghaeltachta agus sna bailte seirbhíse Gaeltachta mar aonad atá aitheanta againn anois agus tá súil againn go mbeidh siad ar fáil i gceantair a bhfuil líonraí iontu. Sin iad na clocha míle atá de dhíth orainn, ag tosú leis na ceantair is láidre Gaeltachta. Caithfear taighde a dhéanamh le fáil amach cén leibhéal seirbhíse atá ar fáil agus cén líon daoine a bheidh na seirbhísí seo de dhíth orthu. Caithfear spriocanna níos gairide a leagadh síos i leith seirbhísí a chur ar fáil do na ceantair sin ná i leith seirbhísí do cheantair eile.

Maidir leis na smachtbhannaí, tuigim go bhfuil conspóid ag baint le smachtbhannaí agus gur féidir dearcadh a bheith ann gur féidir leo naimhdeas a chothú don Ghaeilge agus daoine a thiontú in éadan na Gaeilge go dtí pointe. Má amharcann muid, áfach, ar an mBille a tugadh isteach san Eastóin in 2011, mar shampla, tá smachtbhannaí i gceist do chomhlachtaí stáit nach gcomhlíonann téarmaí na reachtaíochta. Is féidir le comhlacht stáit nó gnólacht fíneáil a fháil mura bhfuil comharthaí dátheangacha sa Chatalóin. Tá féidearthachtaí ansin. Tá samplaí eile ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin i dtaca leis sin. Is dóigh liom gur fiú amharc ar chuid de na samplaí eile sin. Ó thaobh an Bhille, is féidir taighde a dhéanamh faoi cé chomh maith is atá ag éirí leis an chóras i dtíortha eile le go bhfeicfimis cén córas gur chóir dúinn a úsáid anseo. Beidh cumhacht ar an Aire cinneadh a dhéanamh córas ar bith a úsáid. Nílimid cinnte faoi conas a chuirfear i bhfeidhm é. Sa Chatalóin, tá cigirí i gceist atá ceangailte leis an údarás áitiúil. Ní fhéadfainn a rá cén cur chuige is fearr.

Maidir leis an gceist faoin athbhreithniú atá le déanamh, tá súil againn go mbeidh bord úr iomlán againn i ndiaidh an chéad chruinniú eile an Comhaireacht Thuaidh-Theas, a bheidh ann roimh dheireadh na míosa seo. Ansin, beidh súil againn plé leis an SPG nó leis an deontas úr sna cruinnithe a bheidh againn i mí Eanáir agus mí Feabhra.

Ní bheidh deireadh le maoiniú reatha na ngrúpaí a fhaigheann maoiniú faoin scéim sin go dtí deireadh mhí an Mheithimh 2021.

Gabhaim buíochas leis an bhForas as an obair a dhéanann sé. Tá cúpla ceist agam. Bhí Seán Ó Coinn ag caint mar gheall ar níos mó maoinithe do níos lú grúpaí. Dúirt duine éigin liom nach bhfuil ach dhá ghrúpa ag fáil maoinithe ón scéim pobal Gaeilge i gcúige Mumhan, iad in Inis agus san Aonach. An bhfuil aon phlean ag an bhForas maoiniú faoin scéim a thabhairt d'aon ghrúpa eile i gCorcaigh nó i gCiarraí?

An bhfuil an Foras sásta le torthaí na ndeontas bliantúil atá ar fáil do na meáin Ghaeilge? Mar gheall ar scéim an Fhorais le haghaidh na gcomhairlí contae i dTuaisceart Éireann, an bhfuil aon phlean aige chun scéim dá leithéid a chur ar bun ó Dheas? Cé chomh minic a reáchtáiltear scrúduithe i gcomhair an tséala aistriúcháin? An bhfuil na finnéithe sásta leis an gcaighdeán?

Mr. Pól Ó Gallchóir

Ar dtús báire, tuigim go bhfuil míshuaimhneas ar dhaoine faoin SPG agus na scéimeanna éagsúla eile. Tá go leor ag tarlú le tamall anuas ó thaobh an SPG. Tá scéim nua fógartha. Tá 2022 scéim ann i láthair na huaire. Táimid ag súil go dtiocfaidh iarratais bhreise isteach le haghaidh scéimeanna eile. Tá go leor ag tarlú ó thaobh líonraí in áiteanna éagsúla ar fud na tíre. Tá poitéinseal le 16 baile seirbhíse Gaeltachta a bheith againn ar fud na tíre. Beidh ionaid Ghaeilge ann freisin. Tá cuid mhór ag tarlú ar fud na tíre maidir leis na scéimeanna éagsúla. Mar a dúirt an príomhfheidhmeannach, tá seacht mí nó mar sin againn, go dtí deireadh mhí an Mheithimh, le cinneadh a dhéanamh agus scéimeanna nua a chinntiú.

Maidir le cúige Mumhan, tá go leor léirithe spéise i scéimeanna éagsúla ó cheantair éagsúla - Dún Garbhán, Maigh Chromtha, cathair Chorcaí, Cathair Saidhbhín san áireamh. Tá go leor caidrimh ar siúl sna ceantair éagsúla. Táimid ag súil go dtiocfaidh iarratais éagsúla maidir leis an SPG, líonraí nó bailte seirbhíse Gaeltachta sna míonna agus an bhliain seo chugainn. Tuigim míshuaimhneas grúpaí agus pobal éagsúla ach tá go leor ag tarlú. Táimid ag súil le hairgead breise agus le hathbhreithniú a dhéanamh le go mbeimid in ann freastal, a oiread agus is féidir, ar na ceantair ar fad toisc go bhfuil cuid mhór oibre ar siúl ag pobail éagsúla ar fud na tíre i go leor ceantar.

Mr. Seán Ó Coinn

Ní féidir linn a rá go dtí go bhfeicimid cé uaidh a dtiocfaidh na hiarratais. Is ceann de na feidhmeanna is tábhachtaí atá ag Glór na nGael é sin. Chuir muid cuid mhór maoinithe, os cionn €1 milliún, sa bhliain dó le bheith ag obair le grúpaí ag leibhéal níos ísle forbartha sa dóigh is, nuair a thagann scéimeanna mar sin chun cinn, go mbeidh siad ábalta iarratas láidir a chur faoinár mbráid. Beimid ag súil go mbeidh siad ag déanamh iarratas. Aithním go bhfuil an chothromaíocht rud beag as réir agus níl sé mar ba chóir ó thaobh na tíre. Tá 14 de na deontais reatha ó Thuaidh agus 18 ó Dheas. Léiríonn sin an ghluais phobail a bhaineann leis an teanga ó Thuaidh. B'fhéidir go bhfuil cur chun cinn na teanga ó Dheas rud beag níos spréite seachas a bheith lonnaithe i ngrúpaí pobail. Tá Glór na nGael ag iarraidh é sin a thabhairt chun cinn. Mar a luaigh an cathaoirleach, beimid ag súil go dtiocfaidh cuid na hiarratais sin ó na ceantair atá anois aitheanta mar bhailte seirbhíse Gaeltachta nó mar líonraí.

Maidir leis na meáin Ghaeilge, táimid an-sásta. Beidh conarthaí úra á n-aontú againn le Nós.ie, le Comhar, agus le Tuairisc.ie sa bhliain úr chun ábhar a sholáthar do phobal na Gaeilge trí na meáin. Tá an-spéis againn i dTuairisc.ie agus sa tseirbhís iontach a chuireann sé ar fáil ar líne. Is seirbhís nuachta é ar a bhfuil an-tóir le linn Covid-19 agus na srianta a ghabhann leis. Tá an-tábhacht le Nós.ie freisin. Is seirbhís ar líne í atá dírithe ar lucht léitheoireachta níos óige. Arís, tá bearnaí ann ó thaobh ábhar léitheoireachta a chur ar fáil do dhaoine agus tá sé an-tábhachtach iad a líonadh. Tá na hábhair a chlúdaítear i gComhar rud beag níos troime agus níos acadúla. Tá sé dírithe go mór ar an litríocht. Tá sé fós ar fáil mar iris clóite. Níl gach duine ar líne agus ní oireann seirbhís ar líne do gach duine. Tá sé tábhachtach an chothromaíocht sin a bheith againn. Táimid sásta ó thaobh an athbhreithnithe. Tá na trí ghrúpa atá roghnaithe againn i mbliana mar shainghrúpaí sna réimsí éagsúla sásta leis an gcur chuige atáimid tar éis a fhorbairt.

Maidir le séala an aistriúcháin, beidh an chéad scrúdú eile ar siúl againn roimh dheireadh na bliana. Baineann sé sin le réimse saineolais mo chomhghleacaí, Éamonn Ó hArgáin, nach bhfuil i láthair. Bheadh sé in ann i bhfad níos mó a rá faoi seo. I láthair na huaire, tá os cionn 50 duine i ndiaidh iarratais a dhéanamh ar scrúdú an tséala. Tugaimid creidiúnú ar chaighdeán tríd an séala. Tá os cionn 200 duine ar an liosta de dhaoine a bhfuil an séala faighte acu, atá ar fáil ar an suíomh Idirlín atá againn. Táimid an-sásta leis an chaighdeán. Tá an scrúdú an-chrua. Má éiríonn le daoine sa scrúdú, tá caighdeán maith Gaeilge acu.

Cuirim fáilte ar ais roimh na finnéithe. Bhí siad anseo cheana. Gabhaim míle buíochas leo as ucht an obair atá á déanamh acu. Déanaim comhghairdeas leo freisin agus tréaslaím leo ó thaobh an fhoclóra de. Bhí deis agam a bheith páirteach sa seoladh oifigiúil. Bhain mé an-taitneamh as. Bhí sé thar a bheith suimiúil. Níor cheap mé go mbeadh sé chomh suimiúil sin a bheith ag éisteacht le plé maidir le foclóir nua. Tá obair na gcapall déanta ag an bhForas.

Maidir leis an gcur i láthair inniu agus an Bille atá beartaithe againn, an féidir liom caint leis na finnéithe nuair atá an cruinniú críochnaithe? Tá an Foras ag rá nach bhfuil an Bille láidir go leor. Má táim mícheart, ba chóir leis na finnéithe é sin a rá. Is é an teachtaireacht atá ag teacht trasna ón méid atá léite agam ná nach bhfuil an Bille atá beartaithe ag an Rialtas láidir go leor. Tá an Foras ag rá go bhfuil an teanga beagáinín róscaoilte. Tá an Bille ag tarraingt aird ar rudaí nach na rudaí ba chóir a bheith déanta iad. Baintear úsáid as an téarma "féad" go minic. Mar a dúirt mo chomhghleacaí, ní raibh deis ag an bhForas dul tríd an aitheasc ar fad, ach chuaigh mé tríd agus thug mé suntas dó sin. Má táim mícheart faoin teachtaireacht a léimeann amach as an gcur i láthair, ba chóir é sin a rá. Ceapann an Foras nár chóir teanga chomh scaoilte a úsáid sa Bhille. Ní thiocfaidh an deis seo arís go ceann i bhfad dar leis an bhForas, agus aontaím leis, agus ní ceart é a chailleadh. Ceapann sé gur cheart go mbeadh amscálaí agus freagrachtaí soiléire ann.

Níl a fhios agam faoi smachtbhannaí. Is dóigh go bhfuil lón machnaimh ansin dúinn. Tuigim na smaointe atá ag an bhForas faoi sin. B'fhéidir go bhfuil an ceart aige. Nílim róchinnte faoi smachtbhannaí agus pionóis mé féin, fiú amháin mar a bhaineann siad le teanga. B'fhéidir go bhfuil ról ann do na rudaí sin.

Nach mbeidh ról thar a bheith tábhachtach ag an gcoiste comhairleach? Táimid ag iarraidh go mbeidh ionadaíocht níos leithne ar an gcoiste sin. An t-aon rud ar a n-easaontaím leis an bhForas ná go bhfuil sé ag rá gur chóir go mbeidh an coiste sin in ann cinntí a dhéanamh seachas moltaí. B'fhéidir go dtiocfaidh na finnéithe ar ais chugam maidir leis sin. Ní cheapaim go bhfuil sé sin ceart. Ní dóigh liom gur cheart go mbeidh aon choiste in ann cinntí a dhéanamh, seachas moltaí láidre.

Cuireann Foras na Gaeilge béim ar thaighde. Is áis an-tábhachtach í an taighde agus tá an Foras sásta go bhfuil sé luaite. Tá an Foras ag díriú airde air sin. Tiocfaidh mé ar ais chuig an taighde agus an SPG i gceann nóiméid. Tá Foras na Gaeilge ag aontú linne go bhfuil gá le hamscálaí, le freagrachtaí soiléire a bheith air cibé cén duine atá i gceannas nuair a théann an Bille seo i bhfeidhm, agus le smachtbhannaí agus rudaí eile. Gabhaim buíochas leis na finnéithe as sin.

Fáiltím go bhfuil athbhreithniú i gceist i dtaobh an SPG agus go bhfuil Foras na Gaeilge ag rá go mbeidh sprioc ama i gceist. Fuair an Teachta Aindrias Moynihan an méid sin amach. An féidir a rá cén uair go díreach a bheas an t-athbhreithniú sin críochnaithe? Ag éisteacht leis na finnéithe, glacann siad go bhfuil daoine ar an talamh curtha as ó thaobh na héiginnteachta maidir le scéim pobal Gaeilge. Ní chothaíonn éiginnteacht muinín agus ní luíonn sé go maith liomsa go bhfuil éiginnteacht i gceist. Tuigim go raibh obair le déanamh ag Foras na Gaeilge agus go raibh an eagras thíos ó thaobh airgid de. Buíochas le Dia, táimid ag dul sa treo ceart agus tá níos mó airgead ag an bhForas anois. Feidhmíonn an scéim pobal Gaeilge ó Thuaidh agus ó Dheas agus tá 22 grúpaí i gceist. Tá an cuid is mó díobh sa Tuaisceart, nach ea? An féidir leis na finnéithe soiléiriú a thabhairt dúinn faoin mbriseadh síos sin?

Tagraím don taighde agus do chomh tábhachtach agus atá sé. Cén sórt taighde atá déanta ag Foras na Gaeilge ó thaobh an dochar atá déanta de bharr go raibh na scéimeanna seo thíos? Níos tábhachtaí, ó thaobh an tairbhe atá ag baint leis na scéimeanna seo, tá siad ar an talamh. Tá obair na gcapall á déanamh acu. Tá a fhios agam féin mar gheall air sin ó Ghaillimh agus ó mo theagmhálaithe sna grúpaí ansin. Níl sé ceart go bhfuil éiginnteacht i gceist ó thaobh na daoine atá ag feidhmiú faoin scéim seo. Tá sé ráite ag na finnéithe anois go bhfuil cúrsaí costais socruithe ag Foras na Gaeilge agus anois tá cúrsaí cúig lá i gceist ach arís, bhí ar an bhForas streachailt chun é sin a fháil.

De réir mar a thuigim, bhí comhairliúcháin ag Foras na Gaeilge níos túisce sa bhliain seo agus ba mhaith an rud é sin. An t-aisfhreagra a tháinig ar ais ó fhormhór na n-aighneachtaí, suas le 90% b'fhéidir, dar le Conradh na Gaeilge agus le heagraíochtaí eile, gurbh scéim fiúntach í an SPG agus go bhfuil spriocanna soiléire agus torthaí feiceálacha intomhaiste agus go dtugann sí luach maith ar an airgead a chaitear uirthi. Is taisce luachmhar tallainne í an saineolas atá cruthaithe agus bailithe ag an scéim seo ar an talamh agus leanann siad ar aghaidh ag díriú ár n-aird ar fhiúntas na scéimeanna seo. Sa chomhthéacs seo, ní dhéanann sé aon chiall gan tosaíocht a thabhairt do na scéimeanna seo. Is ábhar buartha dom é go bhfuil siad in iomaíocht lena chéile chun airgead a fháil. Bheadh sé i bhfad níos fearr dá mba rud é go raibh scéim nó togra ar an talamh agus dá mbeadh na spriocanna atá leagtha amach comhlíonta. Ba chóir go mbeadh airgead acu, seachas iad a chur in iomaíocht lena chéile. Tá an plean do 2020 ann. Cén t-ainm atá air sin arís?

An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

Tá an plean gníomhaíochta ann freisin. Tá cuspóirí leagtha amach. Mar sin, má tá eagraíochtaí in ann na cuspóirí sin a chomhlíonadh agus má tá siad in ann a thaispeáint go bhfuil siad á gcomhlíonadh acu, sin an áit go mba chóir go mbeadh an t-airgead ag dul - do na daoine atá ar an talamh atá ag cur na spriocanna sin chun cinn.

Ag éisteacht leis na finnéithe, is í an tuiscint atá agamsa ná gurb é bun agus barr an scéil ná nach bhfuil dóthain airgead ag Foras na Gaeilge leis an méid rudaí ar mhaith leis a dhéanamh agus go bhfuil an Foras ag iarraidh na dualgais sin a roinnt. B'fhéidir go bhféadfadh na finnéithe é sin a dheimhniú ach sin an tuiscint a bhí agam uathu. Rinne na finnéithe tagairt don mhéid airgid a bhí ag Foras na Gaeilge in 2008 agus ar an laghdú a tháinig air sin.

Déarfaidh mé cúpla rud faoi airgead. An bhfuil an socrú i bhfeidhm i gcónaí go dtagann €3 ón Rialtas anseo do chuile €1 ón bFheidhmeannas ó Thuaidh agus go bhfuil eisceacht ansin i gcás na leabhair Ghaeilge agus go dtagann 100% de na leabhair Ghaeilge ón Rialtas ó Dheas? An bhfuil aon rud eile a thagann 100% ón Rialtas ó Dheas nó ón bFheidhmeannas ó Thuaidh, nó an bhfuil gach rud eile ag obair ar chóimheas €3 in aghaidh €1? Ag éirí as sin, má tá an cóimheas sin fós ann, ní leor go léimfeadh an Rialtas ó Dheas thar an abhainn ach caithfidh an Feidhmeannas ó Thuaidh léim thar an abhainn ag an am céanna. Mo chuimhne a bheith air ná, go minic, ní raibh fadhb againne ag teacht aníos le trí oiread den mhéid a bhí an Feidhmeannas ag cur ar fáil. Níl a fhios agam an bhfuil aon athrú tagtha ar an scéal seo. Ba mhaith liom soiléiriú ar an gcuid sin ar fad. Ní thuigeann daoine go bhfuil an cóimheas sin chomh rinnghéar, ach de réir mar a thuigim, sin atá ann. Níl aon airgead caipitil ag Foras na Gaeilge agus glacaim leis gur mar sin atá i gcónaí.

Tá tábhacht leis na meáin Ghaeilge, go mór mór leithéidí tuairisc.ie atá ar fáil ag pobail réasúnta mór. Tá sé éasca agus tá sé agamsa ar an bhfón mar aip agus mar sin, nuair a bhreathnaím chuile mhaidin ar rte.ie nó ar thejournal.ie, breathnaím ar tuairisc.ie freisin go bhfeicfidh mé cén scéal atá ann agus is minic go mbíonn na scéalta ann níos spéisiúla ná cuid de na scéalta ar na hirisí eile. De réir mar a thuigim, nuair a bhí Gaelscéal ann, bhí an iris clóite. Bhí €430,000 aige agus tuigtear dom nach bhfuil ach €300,000 ag tuairisc.ie. Tá sé fíor-thábhachtach go mbeadh maoiniú ag tuairisc.ie le go bhféadfadh sé a bheith suas go dáta leis an nualaíocht agus go mbeadh iriseoirí aige chuile áit chun an obair sin a dhéanamh. Chomh maith leis sin, i gcás tuairisc.ie, b'fhéidir go bhféadfadh na finnéithe a rá linn cé mhéad duine a bhfuil an aip acu nó cé mhéad duine a bhíonn ag breathnú ar tuairisc.ie go laethúil nó go bliantúil?

Tá pointí spéisiúla déanta maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Táimid féin ag teacht go uair na cinniúna go gcaithfimid muid fhéin a chur i seomra gan éinne ón taobh amuigh ann agus tús a dhéanamh ar an bplé ar an mBille nua líne ar líne. Táimid cinnte, idir Fhreasúra agus Rialtas anseo, go bhfuil muid ag tógáil aird ar na pointí atá déanta ag Foras na Gaeilge. In aon Bhille, caithfear a bheith fíorchúramach maidir le cúrsaí teanga. Tá difríocht idir théarmaí éagsúla. Mar a deir siad sa Bhéarla, tá na téarmaí "may" agus "shall" ann, mar shampla, agus tá difríocht idir an dá théarma. Ciallaíonn ceann amháin gur féidir rud a dhéanamh agus ciallaíonn an ceann eile go gcaithfear rud a dhéanamh. Is dócha go gcaithfidh muid a bheith an-chúramach agus gurb í sin an fhainic atá an Foras ag cur orainn inniu.

D'fhéadfaí míthuiscint a bheith ar dhaoine faoi smachtbhannaí. Ní bheidh Foras na Gaeilge ag cur smachtbhannaí ar dhaoine ach ar eagraíochtaí Stáit. Cuireann sé iontas orm go bhfuil go leor eagraíochtaí Stáit ann agus tugann siad dúshlán don Oireachtais trí neamhaird a dhéanamh ar an dlí arís agus arís eile. Nuair a shéidtear chucu, bíonn cineál iontas orthu go mbeadh éinne ag feidhmiú an dlí.

Is cuimhin liom sular tugadh isteach Acht na dTeangacha Oifigiúla go raibh treoirlínte deonacha ag Foras na Gaeilge. An cuimhin lenár n-aíonna iad? Bhí i bhfad níos mó ansin ná mar a bhí san Acht nuair a tháinig sé. Chuir mé ceist faoi sin agus is é an freagra a fuair mé ná go raibh na treoirlínte thar cionn mar nach rabhthas i ndáiríre fúthu mar i ndáiríre ní chuireadh éinne i bhfeidhm iad. Bhí siad uaillmhianach amach is amach ach bhí a fhios ag chuile dhuine nach raibh aon smacht leo. Nuair a tugadh isteach an tAcht, pléadh go mór an cheist cén chaoi a gcuirfear smacht ar na heagraíochtaí Stáit le go gcaithfidís rud éigin a dhéanamh.

Is féidir linn breathnú ar an Ombudsman agus mar sin de. Is é an rud a bhí ann ag an am ná go raibh taithí againn dá ndéanfadh an gnáth-Ombudsman moladh faoi rud ar bith, gur glacadh leis. Nuair a chaithfeadh an Ombudsman tuairisc a chuir go dtí an tOireachtas á rá nach raibh eagraíochtaí ag cloí lena chomhairle, bheadh míle murdar istigh sa Teach seo. Bunaíodh an Coimisinéir Teanga air sin ach tharla dhá rud, le bheith fírinneach faoi. Tá cuid den mhilleán orainn féin - is é sin ar an Teach seo. Ba chuma leis na heagrais Stáit go scríobhfaí tuarascálacha agus go gcuirfí faoi bhráid an Oireachtais iad. Idir Rialtais agus an tOireachtas féin trí chéile, ba chuma leis na baill go raibh na tuairiscí seo ag teacht isteach á rá go raibh neamhaird á dhéanamh ar an dlí, neamhchosúil leis an méid a bhí ag tarlú leis an Ombudsman. Ní chuimhin liom ach cás amháin - creidim go raibh an ceart ag an Rialtas sa chás áirithe sin - go ndeachthas in aghaidh chomhairle an Ombudsman. Seasann sé amach i m'intinn mar go raibh an cás chomh mór sin. Creidim féin nach raibh aon rogha ag an Rialtas ag an am ach taispeánann sé chomh neamhghnách is atá sé go ndéanfaí neamhaird ar an Ombudsman.

Ba mhaith liom rud a rá faoi smachtbhannaí. Tá a fhios ag na haíonna an cás maidir le bheith ag aistriú cáipéisí go Gaeilge agus eagraíochtaí gan é sin a dhéanamh nó fonn a bheith acu é sin a dhéanamh. Ba bhreá liom pointe amháin a dhéanamh faoi sin. Tá dhá rogha againn: iad a aistriú go Gaeilge nó luach an aistriúcháin a chur ar fáil do na heagraíochtaí Gaeilge áitiúla. Táim cinnte go n-aistreofaí chuile cháipéis go Gaeilge an t-am sin, is é sin go gcuirfí smachtbhanna indíreach orthu. Bheadh sé thar cionn ó thaobh saol na Gaeilge de dá mbeadh smachtbhannaí ann ach go dtiocfadh an t-airgead sin ó na smachtbhannaí mar is ar eagraíochtaí Stáit a bheimid á ngearradh. Ní i gcoinne pearsana a bheadh sé agus níor mhaith d'aon duine a bheith ag olagón, ag caoineadh agus ag déanamh trua dó féin. Má tá líne ag deireadh cuntas eagraíochta a deir "smachtbhannaí Gaeilge: €100,000", míneodh é sin cén fáth nár chlóigh siad leis an dlí le fógraí a chur suas i nGaeilge agus mar sin de. Tá sé tagtha chuige sin mar mura mbeidh an dlí sin ann, pionós airgid, is cuma céard a chuirfimid ina áit istigh sa Bhille mar nach mbeidh feidhm leis. Táim maiteach gur theip ar an rud a ceapadh maidir leis an gCoimisinéir Teanga agus go gcaithfimid bogadh ar aghaidh agus a rá nach leor don Choimisinéir Teanga tuarascáil a léamh. Cuirfidh muintir na Gaeilge spéis ann. Is mionlach muid i dTithe an Oireachtais. Táimid i bhfad níos láidre ná mar a bhíomar ach is mionlach muid mar chuid den Oireachtas. A bheag nó a mhór déantar neamhaird de na rudaí sin nuair is í an Ghaeilge atá i gceist.

Mr. Seán Ó Coinn

Tá an-obair déanta ag na daoine a dhréachtaigh an Bille. Is bealaí iad na moltaí a chuireamar ar aghaidh inár n-aitheasc atá furasta go leor a chur i bhfeidhm, b’fhéidir, agus a láidreoidh an Bille go mór. Tá an ceart ag an Teachta nuair a luann sé an cheist faoi theanga agus "aird" versus "dualgas", is é sin "ní mór" versus "féadann" agus dá réir sin. Tá sé feicthe againn leis an mBille craolacháin nach bhfuil cumhacht láidir leis an téarma "aird a bheith ag" i reachtaíocht agus is cosúil nach bhfuil sainiú dlíthiúil ar caidé na dualgais a leagann aird a bheith ag Aire nuair atá sé ráite sa reachtaíocht. Is fiú athbhreithniú a dhéanamh air sin.

Tá an ceart ag an Teachta freisin maidir leis an gcoiste comhairleach, mar is moltaí le haghaidh cinntí a bheadh le déanamh ag Aire nó a leithéid, is dócha, atá i gceist againn. B’fhéidir gur chóir é sin a shoiléiriú san aitheasc seachas cinntí.

Maidir le cúrsaí taighde SPG, tuigim an deacracht atá ag grúpaí i láthair na huaire maidir leis an éiginnteacht agus mar sin de. Níl aon amhras orainne go bhfuil an SPG ar cheann de na scéimeanna is tairbhí dá bhfuil againn agus go bhfuil sé mar thaca mór ag grúpaí atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn ag leibhéal an phobail. Ba chóir dúinn é a fheiceáil mar chuid de mhórphacáiste de thacaí a chuirimid ar fáil ag leibhéal an phobail. Cuir i gcás go mbeadh airgead ar fáil ag gach grúpa SPG feasta dá bhfuil againn faoi scéimeanna na gcampaí samhraidh, na n-imeachtaí óige agus na bhféilte. Cuirtear cuid mhaith den airgead sin ar fáil dóibh lena chois sin. Síleann daoine, b'fhéidir, go rabhamar ag iarraidh ciorrú a dhéanamh ar an SPG. Ní hé sin é. Ní raibh ciorrú i gceist leis na moltaí a chuireamar faoi bhráid an phobail le gairid in 2019. Bhí sé bunaithe ar an gceist chéanna. Bhí méadú beag de €20,000 ann ar an milliún a bhí ar fáil do scéim reatha. Is de bharr buiséid atá rudaí mar sin, mar a dúirt an Teachta Ó Cuív. Má táimid chun airgead breise a chur isteach in SPG, caithfimid an t-airgead sin a bhaint ó rud éigin eile. Ní maith linn gur mar sin atá sé ach tá císte againn agus caithfimid é a ghearradh ar bhealach éigin. Ní raibh sé riamh i gceist againn go mbímid ag gearradh an chíste atá ar fáil don SPG ach go mbeadh líon níos mó grúpaí ann mar chuid de agus go mbeadh maoiniú ar fáil dóibh seachas an scéim a ghearradh.

Maidir leis an athbhreithniú, tá síneadh curtha ar fáil do na grúpaí reatha go dtí deireadh mhí an Mheithimh agus bheimis ag súil go mbeidh cinntí déanta ag an gcruinniú boird a bheidh againn i mí Feabhra. Níl an dáta agam ach is ag an dara cruinniú a bheidh ag Foras na Gaeilge sa bhliain úr a bheimid ábalta cinneadh a dhéanamh ag an bpointe sin. Beidh ceithre bliana nó mar sin de dhíth leis an scéim a reáchtáil.

Is scéim iomaíoch í agus b'fhéidir go síleann daoine nár chóir gur scéim iomaíoch a bheadh i gceist ach, ar an drochuair, níl go leor airgid againn fá choinne na n-iarratas uilig a fhaighimid i scéim ar bith. Tá ró-éileamh ar na scéimeanna uilig atá ag Foras na Gaeilge, ó na scéimeanna atá ann do na compántais drámaíochta, do na mórfhéilte agus na mionfhéilte, do na campaí samhraidh agus do na himeachtaí óige, do na scéimeanna pobal Gaeilge, agus mar sin de. Ar an drochuair, níl neart againn air sin agus caithfimid teacht ar bhealach éigin agus is é sin an bealach a leagann an reachtaíocht síos - go gcaithfear an maoiniú a chur ar fáil do na dreamanna is fearr a bhaineann úsáid as.

Téim ar ais chuig an bpointe a luaigh mé níos luaithe, is é sin go gcaitheann Foras na Gaeilge €1 as gach €2 ar chúrsaí forbartha pobail, nuair a chuirimid san áireamh an SPG, na scéimeanna eile sin a luamar agus an t-airgead a chuireamar ar fáil do na sé cheanneagraíocht. Is obair ríthábhachtach í na pobail sin á cumasú leis an nGaeilge a chur chun cinn agus le deiseanna úsáide a chur ar fáil sna pobail a úsáideann an Ghaeilge. Is mar sin a ba chóir dó a bheith. Ní shílimid go bhfuilimid ag caitheamh barraíochta sa réimse sin ar chor ar bith agus nílimid ag iarraidh gearradh siar air.

Chuir an Teachta Ó Cúiv ceist an é nach bhfuil airgead go leor againn maidir le maoiniú, agus an ceart aige. Déarfainn go bhfuil am scéal amhlaidh faoi gach grúpa nó foras Stáit cosúil linn. Ní leor an soláthar don éileamh atá ann. Is rud dearfach é sin go bhfuil an t-éileamh chomh mór sin. D'fháilteoimis roimh i bhfad níos mó airgid ná atá againn. Tá súil againn sna blianta beaga atá amach romhainn go bhfuil tús curtha le treocht leis sin a leanfaidh ar aghaidh, a mhacasamhail mar a rinneadh le grúpaí Stáit eile atá ag fáil i bhfad níos mó maoinithe ná a bhí siad le linn thréimhse na gciorruithe.

Tá an ceart ag an Teachta Ó Cúiv gur 75:25 an cóimheas atá i gceist go fóill agus an ceart aige gur 100% atá i gceist i gcás clár na leabhar Gaeilge. Maidir le clár Cholmcille, a láidríonn an nasc idir Gaeilge na hÉireann agus Gaeilge na hAlban, is 50:50 an deighilt idir an dá Rialtas i dtaca leis sin. Tagann 50% ón Tuaisceart agus 50% ón Deisceart.

Níl maoiniú caipitil againn. Is iad an dá Roinn a phléann leis sin go lárnach, cibé an scéal.

Maidir leis na meáin Ghaeilge, ba mhaith linn go mbeadh níos mó airgid ar fáil acu. Táimid bunaithe ar bhuiséad 2016 faoi láthair go dtí go gcluinimid scéal cinnte dá mhalairt. Mar a chuala an comhchoiste ó na grúpaí SPG, tá an-tóir ar cibé méadú a gheofaimid. Tá sé an-tábhachtach, mar a dúirt duine éigin amháin, nár chóir dúinn na síolphrátaí a ithe. Ba chóir dúinn a bheith iontach cúramach agus cothromaíocht a chinntiú sna rudaí a chuirimid maoiniú ar fáil dóibh. Tá na meáin an-tábhachtach. Cá bheimid gan tuairisc.ie? Tá sé deacair saol na Gaeilge a shamhlú gan na meáin Ghaeilge, agus gan foclóir ar líne a bheith ar fáil againn. Ní cuimhin leis na daoine óga atá ag teacht aníos foclóirí de Bhaldraithe agus Uí Dhónaill. D'fhás siad aníos le focloir.ie. Tá pobail na Gaeltachta i dteideal anois riar mar an gcéanna i dtaca leis sin de.

Mar thoradh ar na hathruithe a rinneamar sa chiste atá ar fáil againn do na meáin, beidh €40,000 níos mó ag dul i dtreo tuairisc.ie gach bliain. Cé nach bhfuil an figiúr cruinn i mo cheann, bhíomar ábalta os cionn €50,000 a chur ar fáil dó mar airgead aonuaire le trealamh úr a cheannach sa dóigh is go mbeadh an trealamh ag teacht leis na hathruithe atá i ndiaidh teacht ar an saol le cúig bliana anuas ó thaobh cúrsaí teicneolaíochta de.

Maidir leis an mBille-----

An bhfuil aon fhigiúirí ar fáil maidir leis an méid daoine a bhreathnaíonn ar tuairisc.ie?

Mr. Seán Ó Coinn

Gabh mo leithscéal ach níl na figiúirí sin againn. Beimid ábalta na figiúirí sin a chur ar fáil ina dhiaidh seo. Tá siad ag mo chomhghleacaí, Éamonn Ó hArgáin, atá i gceannas ar an réimse sin.

Chuala mé go raibh sé níos mó ná 1,500 duine go laethúil. Fuair mé an figiúr sin ó dhuine atá ag obair le tuairisc.ie nuair a chuir mé an cheist sin cúpla seachtain ó shin.

Mr. Seán Ó Coinn

Ní fhéadfainn a rá. Tá a fhios agam go bhfuil sé giota maith níos airde ná an líon úsáideoirí a bheadh ag léamh na leaganacha clóite de na nuachtáin roimhe seo ach ní fhéadfainn figiúr cruinn a thabhairt faoi láthair.

Tá an ceart ag an Teachta Ó Cúiv maidir leis an mBille. Ní dóigh liom go rabhamar riamh ag moladh smachtbhannaí a chur ar dhaoine aonair ach is ar chomhlachtaí Stáit a bhíomar ag díriú amhlaidh. Tá siad in úsáid i dtíortha eile agus sa tír seo freisin maidir le cúrsaí GDPR nó Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, RGCS, mar a thugaimid air, má sháraíonn duine rialacha a bhaineann leis sin. Is é an rud a bhí i gceist againn go mbeadh an fhoráil sa reachtaíocht a thabharfadh an chumhacht sin don Aire dá mba léir nach raibh ag éirí leis le cuid éigin den reachtaíocht, agus go bhféadfaí an chéim bhreise sin a ghlacadh. Níor ghá go mbeadh sé sonraithe ag an bpointe seo sa reachtaíocht. Is iad sin na pointí uilig, is dóigh liom.

Go raibh maith agat.

Cén briseadh síos atá ann maidir leis an 22 ghrúpa a luaigh Seán Ó Coinn?

Mr. Seán Ó Coinn

Gabh mo leithscéal. Maidir leis an 22 ghrúpa, tá 14 díobh lonnaithe ó Thuaidh agus ocht gcinn acu ó Dheas. Is é sin trí ghrúpa níos mó ná mar a bhí ann sa scéim pobal Gaeilge a bhí ann roimhe sin nuair a bhí 19 ann agus macasamhail an briseadh síos céanna ó thaobh an dlínse ó Thuaidh agus ó Dheas roimh 2016.

Glaoim ar an Seanadóir Niall Ó Donnghaile anois.

Gabhaim buíochas as an gcur i láthair ó Fhoras na Gaeilge. Ní raibh mé in ann a bheith sa seomra mar gheall ar na srianta Covid-19. Bhí mé ag leanúint an chruinnithe ón oifig anseo ón teilifís. Mar atá ráite ag roinnt de na comhaltaí cheana féin, gabhaim mó chomhghairdeas agus mo bhuíochas leis an bhForas as an gcóip den fhoclóir nua mar is rud iontach suntasach agus tábhachtach é. Tréaslaím leis an méid atá ráite cheana féin.

Tá dhá cheist agam. Cuirfidh mé iad chomh gasta agus is féidir liom. Baineann an chéad cheist leis na ceanneagraíochtaí. Cad é barúil na finnéithe ar an gcaoi nach bhfuil láithreacht nó gníomhaíocht ar an talamh ó Thuaidh, go háirithe i measc na gceanneagraíochtaí, ach amháin b'fhéidir i gcás Chonradh na Gaeilge féin?

I dtaca le scéim na n-ionad Gaeilge, de réir mar a thuigim tá sé de dhualgas ag Foras na Gaeilge thar am scéim shubstaintiúil a chur ar fáil ar fud na tíre do phobal na Gaeilge. Tá buiséad de €1 milliún, ar a laghad, ar fáil faoin scéim chun freastal ar na heagraíochtaí Gaeilge a bhfuil ionad acu chun an Ghaeilge a fhorbairt. Tá Foras na Gaeilge, a bheag nó a mhór, ag íoc an mhéid chéanna le tiarnaí talún gach bliain idir an oifig atá aige i mBaile Átha Cliath agus an ceann i mBéal Feirste, mo chathair féin. Lena linn sin, tá na daoine ar an talamh ag reáchtáil a n-ionad féin. Tá géarghá le ceannasaíocht straitéiseach chun dul i ngleic leis an gceist seo agus leis an dóigh a bhfuil airgead poiblí a dháileadh amach. Nach mbeadh níos mó céille ann i mbarúil an Fhorais dá mbeadh dóigh níos éifeachtaí ann chun dul i ngleic leis an gceist seo? Nár cheart go mbeadh na hionaid Ghaeilge ina gceanneagraíocht? Cad é barúil an Fhorais faoi cheist a chur ar an bpobal Gaeilge trí phróiseas comhairliúcháin poiblí ionas go bhfeictear cad iad mianta an phobail féin?

Glaoim ar an Seanadóir Clifford-Lee anois.

Tá ceist ghearr agam. Rinne Seán Ó Coinn tagairt do na bailte seirbhíse Gaeltachta, ar nós Leitir Ceanainn. Conas is féidir le bailte cur isteach ar an scéim sin agus cén sórt tacaithe atá ar fáil do na bailte sin?

Mr. Seán Ó Coinn

Gabhaim buíochas leis na Seanadóirí as na ceisteanna agus as an tréaslú maidir leis an bhfoclóir.

Sílim go bhfuil míthuiscintí ann i leith na ceanneagraíochtaí agus ár láithreacht ó Thuaidh. Tá Conradh na Gaeilge an-infheicthe ó Thuaidh, ar ndóigh, ar an ábhar gurb é an príomhréimse a bhfuil Conradh na Gaeilge ag fáil maoiniú ó Fhoras na Gaeilge ná i leith cúrsaí abhcóideachta agus feasachta. Is é an rud a rinneamar nuair a bhíomar ag iarraidh an chur chuige comhpháirtíochta, mar a thugaimid ar an socrú atá ann le sé gcinneagraíocht a bheith ag feidhmiú ar bhonn uile-oileáin, ná nach mbeadh dúbailt i gceist sna feidhmeanna agus sna réimsí atá acu. D’iarramar ar na ceanneagraíochtaí eile gan a bheith plé le cúrsaí feasachta nó abhcóideachta mar gurb é Conradh na Gaeilge a dhéanfaidh é sin ar a son. Fágann sé sin go bhfuil Conradh na Gaeilge i mbéal an phobail an t-am ar fad, go háirithe tríd an obair iontach a rinne an dream Dearg le Fearg agus mar sin de, ach nach bhfuil na grúpaí eile le feiceáil ar an dóigh chéanna de thairbhe go n-iarraimid orthu gan an maoiniú atá acu a chaitheamh ar rudaí den chineál sin. B'fhéidir gur chóir dúinn athchomhairle a dhéanamh i dtaca leis sin sa treo is go mbeadh na ceanneagraíochtaí á gcur féin chun cinn níos mó. Tugaimid ar gach ceann de na ceanneagraíochtaí céatadán áirithe de dhaoine a chur ar an mbord stiúrtha agus daoine a fhostú atá lonnaithe agus ina gcónaí ó Thuaidh. Caithfidh céatadán áirithe den bhord a bheith ann. Caithfidh siad daoine a fhostú atá ina gcónaí agus lonnaithe ó Thuaidh.

Tá siad uilig á dhéanamh sin. Roimhe seo, d'iarr muid orthu uilig oifigí a bheith acu ó Thuaidh, ach de réir mar a bhí airgead ag éirí níos gainne b’éigin dúinn airgead na gceanneagraíochtaí a ghearradh, cosúil le gach dream eile de bharr na ciorraithe. Lena chois sin, tá an tuarastal a chuireann siad ar fáil don fhoireann atá acu ceangailte leis na scálaí pá san earnáil phoiblí. De réir mar a chuaigh na costais pá in airde sna ceanneagraíochtaí sin, bhí níos lú airgid ar fáil acu fá choinne imeachtaí agus gníomhaíochtaí. Tháinig cuid acu chugainn ag moladh go gcuirfidís daoine ag obair óna mbailte féin seachas an t-airgead a chaitheamh ar cíos agus cheadaigh muid sin. B’fhéidir nach bhfuil oifigí acu ó Thuaidh le comhartha taobh amuigh, ach tá na daoine atá ag obair acu agus atá fostaithe acu lonnaithe agus ag obair ó Thuaidh.

Tá Gael Linn, mar shampla, an-ghníomhach sa chóras scoile ó Thuaidh. Bhí sé gníomhach i bhfad sular cheap muid é mar cheanneagraíocht. Tá oifig aige in Ard Mhacha agus níor tháinig athrú air sin. Maidir le Glór na nGael, an eagraíocht a luaigh mé níos luaithe le cúraimí don fhorbairt pobail, tá daoine lonnaithe ó Thuaidh aige agus tá siad an-ghníomhach ag cur tacaíochta ar fáil do ghrúpaí pobail, na grúpaí SPG san áireamh. Iarraimid air níos mó béime a chur ar ghrúpaí nach bhfuil an staid forbartha sin bainte amach acu, mar Chumann na bhFiann, mar shampla, nach mbeadh le feiceáil an oiread sin de bharr an chineáil imeacht a reáchtálann sé. Reáchtálann sé Carnabhal na Gaelscolaíochta i ndá háit agus is páistí óga Gaelscoile a thagann chuige sin gach bliain so ní fheiceann an pobal a ghníomhaíocht ar an dóigh sin. Freastalaíonn go leor daoine ón Sé Chontae ar imeachtaí sa mhór-ionad atá aige i gContae na Mí fosta. Tá sé dá réir sin leis na grúpaí eile. Tá Oireachtas na Gaeilge gníomhach go leor agus eagraíonn sé réamh-chomórtais d'Oireachtas na Gaeilge, a bhíonn ar siúl i mí na Samhna. Tarlaíonn cuid acu i gCumann Cultúrtha Mhic Reachtain agus áiteanna eile den chineál sin.

Tá an ceart ag an Seanadóir-----

Gabh mo leithscéal. Tá brón orm briseadh isteach ach tá vóta ar siúl sa Seanad agus níl ach beirt Sheanadóir fágtha anseo. B’fhéidir go bhféadfadh Seán Ó Coinn scríobh againn leis na freagraí.

Mr. Seán Ó Coinn

Cinnte.

Tá eolas uaim ar an-----

Mr. Seán Ó Coinn

Tá na bailte seirbhíse Gaeltachta ainmnithe ag an Aire. Ón liosta ainmnithe sin, tacaímid nó Údarás na Gaeltachta le grúpaí pobail a thagann le chéile agus ullmhaíonn siad plean teanga.

An bhfuil bailte éagsúla ábalta cur isteach air sin nó an bhfuil an bhfuil an scéim dúnta?

Mr. Seán Ó Coinn

Níl siad ábalta. Ainmníonn an tAire na bailte cuí agus tá sé sin déanta cheana féin. Tá 16 baile ainmnithe mar bhailte seirbhíse Gaeltachta, bunaithe ar an áit a dtéann pobail na Gaeltachta ag lorg a gcuid seirbhísí.

Gabhaim buíochas as an bhfreagra sin.

Gabh mo leithscéal arís.

Mr. Seán Ó Coinn

Is cinnte gur féidir linn freagraí a scríobh.

Tá cúpla ceist agam féin ar aon chaoi. Nílim ag iarraidh moill a chur ar na Seanadóirí.

Fadhb ar bith. I dtaobh Bille na dTeangacha Oifigiúla, molann na finnéithe do chomhlachtaí nó údaráis atá ceangailte leis an Stát a bheith chomh hoscailte lena gcur chuige maidir le reachtaíocht agus is féidir leo. Go minic bíonn siad beagán cúthail. Tá sé go maith go bhfuil Foras na Gaeilge á dhéanamh sin agus tá pointí maithe déanta ag na finnéithe. Ní amháin iad, ach nuair a bhí Údarás na Gaeltachta os comhair an choiste bhí sé chomh hoscailte céanna toisc go dtuigeann sé go díreach cé chomh dona is atá an tsáinn ina bhfuil an Ghaeilge agus an Ghaeltacht faoi láthair. Ní fiú an cur chuige céanna a bheith againn is atá tar éis a bheith againn le tamall, ar feadh blianta agus cianta, ó thaobh an Státchóras. Tá gá le hathrú.

Aontaím ó thaobh na smachtbhannaí. Má tá aon eolas breise ag Seán Ó Coinn maidir le tíortha thar lear, iarraim air é a chur agam agus dáilfidh mé é do na Teachtaí agus Seanadóirí ar fad ar an gcoiste, chun iad a chur ar an eolas faoi cad a tharlaíonn i dtíortha eile.

Maidir le neartú an choiste, bhí gach duine a tháinig os ár gcomhair go dtí seo ar an tuairim ceannann céanna. Ba chóir go mbeadh sé sin ag tarlú agus ní amháin gur chóir go mbeadh duine ón Ghaeltacht ar an gcoiste, ach go mbeadh lucht na Gaeilge ann i gcoitinne, agus ní díreach iad siúd atá gafa leis an Státchóras.

Luaigh na finnéithe an gá le soiléiriú nó cinnteacht maidir leis an bhfoclaíocht sa Bhille agus go bhfuil sé ró-shrianta in áiteanna. Beidh mé ag cur leasuithe chun cinn chun iarracht a dhéanamh é sin a dhaingniú. Mar a dúirt an Teachta Ó Cuív, tá a fhios agam ó thar na blianta nuair a dhéin mé iarracht "shall", "must", "may" nó "will" a athrú go mbíonn siad siúd a dhréachtaíonn an reachtaíocht ró-chúramach nó ró-choimeádach ó thaobh na foclaíochta de. Beidh an troid sin againn i gceann cúpla seachtain.

Bhí sé go maith gur luaigh na finnéithe na smachtbhannaí ó thaobh GDPR de. An bhfuil samplaí eile dá shórt acu? Nílimid ag lorg an airgid atá gann a bhaint ó chomhlachtaí ach má thuigeann siad gur féidir é sin a dhéanamh b’fhéidir go gcaithfidh siad an t-airgead atá acu cheana féin i mbealach níos fearr.

Arís, gabhaim mo bhuíochas leis na finnéithe agus tréaslaím leo ó thaobh an fhoclóra de. Níor chóir dom a bheith ag déanamh fógraíochta ach má tá bronntanas Nollag ag teastáil ó dhuine ar bith, cosnaíonn sé €30 nó mar sin, an ea?

Mr. Seán Ó Coinn

Sea, €30.

Gheobhaidh siad doorstop an-mhaith anseo. Bhí foclóirí éagsúla againn thar na blianta atá deacair iad a úsáid ach tá sé seo an-tarraingteach agus mar a luadh, téann sé leis an aip. Creid nó ná creid, ní raibh a fhios agam go raibh an aip ann go dtí gur léigh mé an méid a bhí curtha os ár gcomhair. Bhí mé ag úsáid focloir.ie agus gach ceann eile ar an suíomh Idirlíne ach tá an aip agam ó mhaidin agus tá sí úsáidte agam cúig huaire cheana féin inniu. Sin cé chomh háisiúil atá sí dúinne. Bímse ag troid i gcónaí maidir leis an cur chuige agus an tacaíocht a fhaigheann muid mar Theachtaí Dála agus mar Sheanadóirí ó thaobh na Gaeilge de. Níl an cur chuige chomh maith agus a chóir go mbeadh sé san áit seo.

Mar is eol do na finnéithe, bhí mé ag obair i bhForas na Gaeilge fadó agus i mBord na Gaeilge roimhe sin, ar feadh tréimhse bheag de mo shaol. Bhí ceisteanna ann nuair a bhíodar ag athrú ón mbord go dtí an bhForas, agus fiú nuair a bhí mise ann, ag fiafraí an raibh an caighdeán ceart ag na gráid agus na daoine a bhí ag obair ann agus an raibh an tuarastal ceart acu. Má ardaítear an tuarastal, beidh costas breise ar an bhForas. Glacaim leis go bhfuil plé fós ar siúl mar gheall air sin. Cé mhéad baill foirne atá ag an bhForas anois? Bhíodh ard-mhéid ann go bhféadfadh a bheith aige. An bhfuil sé sin sroichte? An bhfuil próiseas earcaíochta i gceist nó an bhfuil sé sin curtha ar leataobh ar feadh tréimhse?

Bhí a fhios agam faoin líne chabhrach phoiblí, ach rinne mé dearmad air. Is trua é sin mar níl go leor poiblíochta déanta i measc na comhlachtaí lasmuigh. An bhfuil sé i gceist craobhscaoileadh a dhéanamh ar roinnt de na scéimeanna a liostáil an Foras? Níl mo chara Éamonn Ó hArgáin anseo agus is trua é sin mar déanann sé cur chuige maidir leis na scéimeanna seo. Ba chóir i gcónaí, ní i bhForas na Gaeilge amháin, craobhscaoileadh ceart a dhéanamh faoin obair atá á dhéanamh, an bealach gur féidir cuidiú agus an jab atá aige cuidiú le comhlachtaí agus a leithéid.

Luadh go bhfuil Foras na Gaeilge ag lorg stádas oifigiúil do Chumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge san earnáil phoiblí. Cad go díreach atá i gceist leis sin agus cén buntáiste a bhainfeadh leis? D’fhéadfainn a lán ceisteanna eile a chur ach táim ag féachaint ar an gclog agus deir sé go bhfuil ocht nóiméad agam sula dtagann an big bang agus go mbeidh orainn an seomra a fhágáil.

Mr. Seán Ó Coinn

Maidir leis an mBille é féin, ceann de na fáthanna a bhfuilimid chomh oscailte sin ná, aithnímid go bhfuil an-obair déanta ar an mBille agus ní mar cháineadh a rinneamar ár moltaí. B'fhéidir gur bealaí iad chun an Bhille a fheabhsú agus a láidriú. Aithnímid gur deis annamh í seo agus gur ghlac sé tamall fada de bhlianta don Bhille theacht ag an staid seo. Is dóigh go mbeidh sé tamall an-fhada arís sula mbeidh an deis seo againn amach anseo. Nuair a bhí an fanacht chomh fada sin dár linn gur b’fhearr dúinn gach iarracht a dhéanamh Bille chomh láidir agus is féidir a bheith againn.

Déanfaimid taighde maidir leis na smachtbhannaí, idir chúrsaí teanga i dtíortha eile agus comhlachtaí eile nó reachtaíocht eile sa tír.

Maidir leis na haip, meabhraím go bhfuil ceann ann do teanglann.ie so is féidir aip a fháil le Foclóir Uí Dhónaill agus Foclóir de Bhaldraithe ann.

Beidh mé an-ghnóthach ar an app store inniu.

Mr. Seán Ó Coinn

Maidir le líon na foirne, tá 57 duine againn i láthair na huaire. Níl earcaíocht ar bith i gceist againn faoi láthair mar tá na poist uilig líonta. Ar bhealach, cuireadh stop le hearcaíocht agus le forbairt Fhoras na Gaeilge nuair a bhí an Tionól ar scor ó Thuaidh agus ní raibh an CATT ag feidhmiú. Ansin, go díreach nuair a thosaigh sé ag feidhmiú arís tháinig an cúlú eacnamaíochta in 2008 agus chuir sé sin deireadh le hearcaíocht ó dheas den Teorainn. Tá muid trí cheathrú cuid den bhealach go dtí an áit ar samhlaíodh go mbeadh Foras na Gaeilge nuair a bunaíodh é in 1999-2000. Samhlaíodh go mbeadh idir 77 agus 85 duine ag obair sna hoifigí éagsúla agus tá 57 ann faoi láthair. Tá súil againn é sin a fhorbairt sna blianta beaga amach romhainn.

Maidir leis na seirbhísí teanga a chuirimid ar fáil, seachas feachtas a reáchtáil le linn 2019, chuaigh mé féin, an cathaoirleach agus an stiúrthóir seirbhísí forbartha, Éamonn Ó hArgáin, thart ag na húdaráis áitiúla uilig a bhfuil líonraí agus bailte seirbhíse Gaeltachta faoina stiúir nó ina limistéir. Chuirimid ar an eolas iad agus d’iarr muid ar na príomhfheidhmeannaigh sna comhairlí sin a bheith cinnte go raibh an fhoireann ag úsáid na deiseanna uilig a bhí ar fáil agus a bheith gníomhach ag cur na foirne ar an eolas. Bhí sé i gceist an rud céanna a dhéanamh i mbliana ag leibhéal na gcomhairleoirí contae ach cuireadh stop leis sin. Tá súil againn tabhairt faoi sin an bhliain seo chugainn ach bheadh an-chiall le feachtas poiblíochta taobh amuigh de sin faoi chuid de na seirbhísí atá ar fáil againn.

Maidir le stádas oifigiúil Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge, tá roinnt cumainn le stádas oifigiúil, mar an cumann ionadaíochta sna húdaráis. Arís, is Éamonn Ó hArgáin an saineolaí sa réimse seo ach bhí muid ag iarraidh go mbeadh an stádas sin ag Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge agus go dtabharfadh sé sin stádas ar leith do na hoifigigh Gaeilge sna comhairlí áitiúla sa dóigh-----

An mbeadh aon chostas i gceist leis sin?

Mr. Seán Ó Coinn

Níl aon chostas ann. Is soiléireacht a bheadh i gceist agus láidreodh sé an stádas. Sin an chéad rud don oifigeach Gaeilge sa chomhairle. Chinnteodh sé go mbeadh oifigeach Gaeilge ag gach comhairle agus láidreodh sé sainchuntas poist na n-oifigeach sin chun go mbeadh siad dírithe ar sholáthar seirbhísí. Faoi láthair, ag brath ar na comhairlí éagsúla, déantar cumasc de phost an oifigigh Gaeilge le roinnt cúraimí eile. Leis an bpolasaí atá ag an Rialtas maidir le cúrsaí pleanála teanga, táimid ag éileamh anois go mbeidh ar a laghad oifigeach amháin Gaeilge sna comhairlí sin le bailte seirbhíse Gaeltachta nó líonraí iontu agus gan de chúram ar an oifigeach sin ach ceisteanna Gaeilge. I gComhairle Contae Dhún na nGall tá triúir oifigeach a bhfuil cúraimí éagsúla acu ó thaobh na Gaeilge de agus sin an deá-chleachtadh atá uainn. Tá ceantair láidre Gaeltachta faoi chúram Chomhairle Contae Dhún na nGall agus tá sé cuí go mbeadh sé mar sin. Ba mhaith linn é sin a fheiceáil i gcuid de na comhairlí eile agus de réir a chéile, go mbeadh na comhairlí éagsúla ag dul sa treo sin.

Gabhaim buíochas leis na bhfinnéithe as a bheith os ár gcomhair. Tá súil agam go mbeidh siad ar ais arís am éigin eile nuair nach mbeidh na srianta seo orainn, go mbeidh buiséad níos mó acu agus go mbeimid in ann plé leo conas a chaithfear é sin. Gabhaim buíochas leo thar ceann an choiste ar fad.

Mr. Pól Ó Gallchóir

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach, leis na comhaltaí ar fad agus leis an bhfoireann ar fad as a bheith linn inniu. Bhain muid an-sult as.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ag 3.58 p.m. go dtí 2 p.m., Dé Céadaoin, an 25 Samhain 2020.
Barr
Roinn