Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Wednesday, 25 Nov 2020

Gnó an Chomhchoiste

Tá leithscéal faighte againn ón Teachta McHugh. Tá na comhaltaí ar fad ag suí sna háiteanna ceart. Iarraim orthu cinntiú, le linn an chruinnithe, go bhfuil siad ag cloí leis an achar sóisialta de 2 m nuair atá daoine ag teacht agus ag imeacht.

Uimh. 1 ar an gclár inniu ná miontuairiscí ár gcruinniú ar an 18 Samhain 2020. Tá an rúnaíocht tar éis na dréacht-miontuairiscí a bhaineann leis an gcruinniú sin a scaipeadh.

Is mian liom a chur in iúl do chomhaltaí nach mbeidh an Dr. John Walsh, léachtóir sinsearach na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ar fáil chun aitheasc a thabhairt dúinn ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 ag an gcruinniú ar an 9 Nollaig, ach beidh sé ar fáil inniu. An fáth leis sin ná go raibh ar na hionadaithe ó Chomhlacas na gComharchumann agus Comhlachtaí Pobalbhunaithe, a bhí in ainm a bheith os ár gcomhair inniu, tarraingt siar ag an nóiméad deireanach. Tá sé i gceist againn an deis a thabhairt don Dr. Walsh a bheith anseo. Beidh sé linn ag a 3 a chlog ar an Idirlíon ar feadh leathuair an chloig. Sin an méid ama a bhí ar fáil aige. Ní bheadh sé ar fáil ar an dáta a bhí roghnaithe roimhe seo, sé sin an 9 Nollaig.

Ar a laghad, cloisfimid uaidh inniu ar feadh tréimhse ghairid. Beidh sé ag labhairt linn faoi Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 agus faoi chomh éifeachtach is a bheidh na leasuithe a mholtar sa Bhille maidir le seirbhísí poiblí dátheangacha a sholáthar do phobal na Gaeilge agus do phobal labhartha na Gaeilge. An aontaítear leis sin? Aontaítear. An bhfuil aon rud eile ag teacht as an méid a bhí i miontuairiscí an chruinnithe dheireanaigh?

Tá brón orm. Ní bheidh mé in ann fanacht go dtí 3 p.m. Ní masla don Dr. Walsh é ach táim faoi bhrú.

Caithfidh an Teachta éalú go dtí an bothán mór, an ea?

Táim ag iarraidh obair a dhéanamh sula n-éalaím. Ní bheidh aon seans ann obair a dhéanamh thíos ansin.

Beidh taifead na díospóireachta ar fáil níos déanaí. B'fhéidir go gcuirfidh an Dr. Walsh nóta chugainn chomh maith ionas go mbeidh baill an choiste in ann teacht ar an méid atá le rá aige.

Is é an dara rud atá le déanamh ná féachaint ar an gcomhfhreagras atá faighte ag an gcomhchoiste. Dáileadh míreanna comhfhreagrais, Uimh. F046 go Uimh. F049, roimh an gcruinniú. Ar mhian le haon comhalta Uimh. F046 ón Teachta Chambers, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit ar a bhfuil freagracht as an nGaeltacht agus as an spórt, maidir le Céim an Choiste de Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) a phlé? Bhí sraith litreacha ann idir mé féin agus an Aire Stáit. Bhí díomá air a chloisteáil go raibh cinneadh déanta ag an gcoiste gan tús a chur le Céim an Choiste den Bhille roimh 10 Nollaig. I bhfianaise seo agus chun deis a thabhairt do Theachtaí leasuithe a chur síos, d'impigh sé orainn cruinniú éigeandála den choiste a thionól an tseachtain seo ar mhaithe le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh sin agus le breathnú ar fhéidearthachtaí tús a chur le Céim an Choiste ar an 2 Nollaig agus é a chríochnú chomh luath in Éirinn agus is féidir ina dhiaidh sin. Níl an litir ar sheol mé ar ais chuige agam ach mhínigh mé cén fáth go ndearna an coiste an cinneadh sin ann. Chuir muid ar an eolas é an tseachtain seo caite. Bainteach leis seo, bhí muid i dteagmháil le hOifig na mBillí chun an cinneadh ar ghlac muid a chur in iúl di. Bhí an oifig sin chun fógra a eisiúint maidir leis an spriocdháta le haghaidh leasuithe. Níor deineadh é sin. Tá an t-ábhar sin oscailte má tá daoine ag iarraidh ceisteanna a chur orm faoin méid sin.

Rinne an coiste an cinneadh sin ach tá an tAire Stáit réidh chun dul ar aghaidh chuig Céim an Choiste ar an 2 Nollaig má táimid réidh. Táimid ar an mbóthar agus tá an decision déanta ag an gcoiste seo ach ní bheidh muid in ann an Bille a chur tríd an gcoiste ná tríd an Dáil roimh bhriseadh na Nollag, cé go bhfuil an Rialtas réidh chun é sin a dhéanamh. Tá sé níos tábhachtaí é sin a dhéanamh go ceart ná é a dhéanamh go tapa. Ní bheidh sé féaráilte, áfach, an Rialtas a cháineadh muna bhfuil an Bille tríd an Dáil roimh an Nollaig toisc go bhfuil suim ag an Aire Stáit é sin a dhéanamh.

Níl muid anseo chun locht a fháil ar dhaoine ach chun Bille láidir a chur tríd an Dáil. Ní féidir é sin a dhéanamh i dtréimhse chomh gearr sin. Ní bheidh locht ar bith ar an gcoiste má táimid chun caint faoi locht. Ba mhaith liom fáil réidh leis an bhfocal "locht". Tá cinneadh déanta againn agus ní mór dúinn díriú isteach ar na leasuithe tábhachtacha agus ar Bhille láidir a chur tríd an Dáil. Níor tháinig sé os ár gcomhair go fóill. Níl mé chun dul síos an bealach sin anois. Is é an rud is tábhachtaí ná ár gcuid oibre a dhéanamh chomh sciobtha agus is féidir agus Bille láidir a chur tríd an Dáil.

Níl ach cúpla focal le rá agam air seo ach, ar an gcéad dul síos, tuigim go bhfuil an-suim ag an Rialtas é sin a bhrú ar aghaidh agus é a achtú chomh luath in aon chor agus is féidir. Nílim soiléir faoin fáth go mbeadh moill ann. Ní fheadar cé chomh fada a thógfaidh na céimeanna atá amach romhainn ach ba chóir dúinn tosú chomh luath in aon chor is féidir. Ba mhaith liom é sin a dhéanamh. Má thógann sé cúpla lá nó cúpla seachtain chun plé leis, beidh sé sin go breá. Más féidir linn tosú leis an gcéim seo chomh luath in aon chor agus is féidir, ba chóir dúinn gach iarracht a dhéanamh chun é seo a dhéanamh. Más gá cruinnithe breise den choiste chun a bheith ullamh chuige sin, ba chóir iad a eagrú ionas gur féidir linn an rud a bhrú ar aghaidh chomh luath agus is féidir.

An bhfuil aon duine eile ag iarraidh teacht isteach? Chun an coiste a chur ar an eolas, roghnaigh muid an 10 Nollaig. Roghnóinn dáta eile má tá an coiste den tuairim gur chóir é sin a dhéanamh. Bhí mé i dteagmháil arís le hOifig na mBillí chun go mbeadh fógra curtha amach chuig gach uile Teachta ag cur in iúl dóibh an dáta deireanach i gcomhair leasuithe. Dá mbeadh muid ag athrú an dáta chun go mbeadh an Bille os comhair an choiste an tseachtain seo chugainn, is amárach a bheadh mar dháta deireanach i gcomhair leasuithe. Measaim féin nach bhfuil sé sin indéanta. Níl leasuithe an Aire Stáit fiú curtha isteach chuig Oifig na mBillí go dtí seo. Tá cúig lá ag teastáil ag an oifig toisc go gcaithfear na leasuithe a chuirtear isteach a aistriú, rud nach dtarlaíonn i gcás aon Bhille eile. Má cuirtear isteach iad i mBéarla ná i nGaeilge, caithfear iad a aistriú mar tá an dá leagan den Bhille foilsithe go comhuaineach. Ansin, caithfidh an oifig ord a chur orthu. Is as Gaeilge a bheidh na leasuithe atáim chun cur isteach. Déanann sé sin obair Oifig na mBillí beagán níos casta toisc gur fíorannamh a bhíonn Bille aici as Gaeilge. Beidh sé deacair uirthi a dhéanamh cinnte go bhfuil gach rud in ord. Is é sin an méid a dúirt an oifig liom. Ní raibh sí ag lorg síneadh ama ná aon rud eile. Dúirt siad go ndéanfaidh ceithre nó cúig lá an beart. Is é sin a dúirt an oifig liom coicís ó shin.

Ag an staid seo, measaim gur chóir dúinn cloí leis an 10 Nollaig. Ón méid atá cloiste agam ó Theachtaí difriúla, ní dóigh liom go mbeidh sé seo críochnaithe i seisiúin amháin ná in dá seisiúin toisc go bhfuil an oiread sin ann. Níl sna sliotáin atá againn ach dhá uair an chloig. Roimhe seo, bhíodh an lá ar fad againn chun dul tríd Bille agus b'fhéidir déileáil leis. Tosóimid le Céim an Choiste ar an 10 Nollaig agus is féidir linn dá sliotán a bheith againn an tseachtain ina dhiaidh. Más gá, is féidir leis an gcoiste cinneadh a dhéanamh teacht ar ais níos luaithe tar éis na Nollag. Níl cead againn ach sliotán amháin a bheith againn sa lá agus caithfear reachtaíocht a phlé go poiblí. Is féidir linn é a dhéanamh ar Zoom más spéis le daoine é sin a dhéanamh. Is féidir liom iarraidh ar an gcléireach a fháil amach an féidir linn é sin a dhéanamh ónár n-oifigí. Toisc go mbeidh mé féin ag cur leasuithe síos, beidh ar an Leas-Chathaoirleach, an Teachta Calleary, a bheith sa Chathaoir don tréimhse sin. An aontaítear leis an gcur chuige sin?

Chun soiléiriú a fháil, an bhfuil deis againn laethanta breise idir seo agus an Nollaig a chur san áireamh chun rudaí a bhrú ar aghaidh más gá, cé nach bhfuil ach sliotán amháin ceadaithe in aghaidh an lae?

Is ceann breise an sliotán a roghnaigh muid chun tosú leis an mBille, an sliotán ar an Déardaoin, an 10 Nollaig. Faoi láthair, tá an Chéadaoin agus an Déardaoin an tseachtain dár gcionn roghnaithe againn. Más féidir linn teacht ar shliotán ar an Máirt, cuirfimid é sin in áireamh chomh maith. Má cheadaítear plé a bheith againn ar Zoom agus muid san fhoirgneamh seo, níl fadhb ar bith agamsa leis sin.

Níor chóir go mbeimid ag cur moille air seo mar tá daoine ar bís chun é a fheiceáil ach ní cóir dúinn ach an oiread deifriú tríd sa tslí go mbeidh Bille lochtach ann amach anseo. Déanfaimid ár ndícheall agus beidh sé críochnaithe i dTithe an Oireachtais, measaim, go luath an bhliain seo chugainn. Is trua nár thosaíomar níos luaithe an mhí seo agus b'fhéidir go mbeimid in ann cloí leis an amchlár a thug an tAire Stáit dúinn. Tá sé sin aontaithe againn.

Is é an chéad mhír eile ná an bhfuil aon duine ag iarraidh labhairt faoin gcomhfhreagras ón gComhchoiste um Iompar agus Líonraí Cumarsáide ina iarrtar orainn ár sliotán ama Dé Céadaoin a mhalartú leis an sliotán atá acu. Tá botún sa mhéid a chuir an comhchoiste sin chugainn mar is ó 11.30 a.m. go dtí 1.30 p.m. a bheadh i gceist, is é sin babhtáil a dhéanamh ar chúrsaí ama. Bhí mé ag iarraidh, más féidir in aon chor, freastal ar choiste atá ag gabháil faoin nGaeltacht a tharlaíonn ar an am céanna leis an gceann seo, ach braitheann sé ar bhaill eile an choiste. An n-oireann é sin do dhaoine?

Cathain a bheidh sé?

Tá sé ar siúl ar an lá céanna, Dé Céadaoin, chuile seachtain ó 11.30 a.m. go dtí 1.30 p.m. Is féidir liom é sin a sheiceáil mar is é sin maidir leis an sliotán atá acu.

Tá an Comhchoiste um Shláinte ar siúl ag an am céanna agus tá mé i mo bhall den chomhchoiste sin.

Feileann an t-am sin domsa.

Táim ar an gComhchoiste um Shláinte agus tá sé ar siúl ar an am céanna.

Braitheann sé ar na baill. Tá trí bhall i gceist. An bhfuil aon duine eile? Níl. Fágfaimid é go dtí an tseachtain seo chugainn agus feicfimid an bhfuil na baill ar fad sásta, agus b'fhéidir nuair a bheimid críochnaithe le Covid-19, beidh an gnáthshliotán againn arís. Fágfaimid an mhír sin anois agus tiocfaimid ar ais chuige nuair a bheidh an bhallraíocht iomlán i láthair againn.

Maidir leis an mír chomhfhreagrais F049 atá sa chomhad atá ag an coiste, ó Éigse na Brídeoige, ina iarrtar orainn deis a thabhairt dó bualadh linn chun ábhar cás na mbunscoil i nGaeltacht Uíbh Ráthach a phlé, d’fhéadfaí go bhfuil eolas éigin ag an iarAire Stáit, an Seanadóir Kyne, faoi seo. Tá a fhios agam go raibh eolas ag an iarAire, an Teachta Joe McHugh, faoi nuair a bhí sé ina Aire, agus go raibh tascfhórsa bunaithe sa cheantar seo chun cosaint éigin a thabhairt don Ghaeltacht atá faoi bhrú. Bhí an grúpa ag iarraidh go gcuirfimid ar an eolas é faoi sin agus faoin gceist mar gheall ar eisceacht a bhí tugtha dóibh maidir le cosaint a thabhairt do mhúinteoirí sna trí scoil atá bainteach leis. Níl aithne agam ar an gceantar. Is féidir linn cruinniú Zoom a bheith againn leo nó scríobh chuig an Aire i dtús báire chun níos mó eolais a lorg faoin staid faoi láthair, agus déileáil leis san athbhliain.

Bain triail as sin ar dtús agus is féidir linn an scéal iomlán a fháil agus glao Zoom a dhéanamh leo ansin.

Déanfaimid é sin. Is í Fíona de Buis cathaoirleach an ghrúpa sin. Déanfaimid a rá léi go bhfuilimid ag lorg an eolais chruinn sin agus go mbeimid ag cur scairte uirthi san athbhliain mar níl deis againn é sin a dhéanamh anois.

Ar mhian le haon chomhalta aon mhír chomhfhreagras eile a phlé? An bhfuil aon cheann nár phléamar go fóill? Is é sin an méid.

An bhfuil aon ghnó eile le plé? Beidh an Dr. John Walsh ag teacht isteach chugainn ar líne ar 3 p.m.

Is é an chéad cheist eile ná go bhfuil an tAire, an Teachta Catherine Martin, agus an tAire Stáit, an Teachta Chambers, le teacht os ár gcomhair an an 2 Nollaig, an tseachtain seo chugainn, agus is é atá sa chlár.

An mbeidh an plé seo faoi chuile rud?

Beidh sé faoi chuile rud. Lorg siadsan go dtiocfaidís os ár gcomhair chun go nglacfar agus go gcuirfear na tosaíochtaí atá acusan maidir leis an nGaeilge agus an nGaeltacht faoin ár mbráid. Glacaim chomh maith go mbeidh siad ag caint faoi Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 toisc nach bhfuil an plé sin leo tosaithe againn go dtí seo agus beidh an deis acu é sin a lua linn.

An í sin an tAire, an Teachta Catherine Martin?

Is iad an tAire, an Teachta Catherine Martin, agus an tAire Stáit, an Teachta Chambers, atá i gceist. Beidh an bheirt acu anseo linn ar 2 p.m. Glacaim go mbeidh gach duine anseo agus go mbeidh loads of ceisteanna ann. B'fhéidir go mbeidh orm srian a chur ar an am más rud é go mbeidh an iomarca daoine anseo, mar ní bhíonn go leor ama againn sa dá uair a chlog a bhíonn againn.

An é sin an 10 Nollaig?

Ní hé ach an 2 Nollaig.

Is é sin an tseachtain seo chugainn.

Is é sin Dé Céadaoin, an tseachtain seo chugainn. Uaireanta, nuair a tharlaíonn sé go mbíonn Airí ag teacht os comhair an chomhchoiste, tagann daoine breise isteach. Is é an polasaí atá agam ná gur leis na baill den chomhchoiste a bhíonn an chéad rogha. Fiú amháin má tá duine ag déanamh babhtáil, glaoim ar na baill bhuana ar dtús chun labhairt. Má aontaíonn na baill leis sin, cloífidh mé leis an sórt rialach sin maidir leis na baill sin atá ag freastal ar an gcruinniú seo go rialta.

Ní bhíonn mórán suíochán ar fáil, uaireanta, nuair a bhíonn gach duine anseo.

Go dtí seo ní raibh cead againn ach triúr nó b'fhéidir ceathrar a bheith anseo. Beidh an bheirt Airí agus beirt chomhairleoirí. Dá mbeadh comhairleoirí breise ann, bheadh orthu a bheith i seomra difriúil. Tá spás eile ansin ar fáil do na Teachtaí, ach amháin mar gheall ar na srianta atá ann maidir le Covid-19. Is é sin an méid.

O thaobh an ama don chlár oibre de, b'fhiú do dhaoine smaoineamh air sin mar b'fhéidir nach mbeidh mórán ama againn idir seo agus an Nollaig le gur féidir linn rogha a dhéanamh cé hiad an chéad dream a thiocfaidh os ár gcomhair san athbhliain. B'fhéidir go mbeimid fós ag déileáil le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019, agus más é sin an tosaíocht a bheidh againn, cuirfimid gach rud eile ar atráth chun go gcríochnófaí leis sin. Cuirfimid na rudaí sin ar fionraí-----

An bhfuil aon dáta nua le haghaidh na gcomharchumann?

Clerk to the Committee

Níl freagra ceart faighte agam ó na hAirí á rá an bhfuil siad ag teacht isteach an tseachtain seo chugainn go fóill. Má fhaighim freagra amárach, tairgfidh mé an dáta seo an tseachtain seo chugainn don chomharchumann. Mura dtarlaíonn sé ansin, beifear ag fanacht go dtí an athbhliain.

Tuigim, is é sin go dtí an athbhliain. An bhfuil scéal tagtha?

Clerk to the Committee

B'fhéidir go mbeidh deis acu teacht an tseachtain seo chugainn mar nílim cinnte faoi na hAirí go fóill.

Tá siadsan ag lorg an dáta agus táimid á lorg chomh maith. Bhí an tAire Stáit, an Teachta Chambers, saor ar aon chaoi chun teacht isteach, ach uaireanta tarlaíonn athrú. Faoi láthair níl sé cinnte go mbeidh siad anseo ach is é sin atá fógartha agus is é sin an dáta a tugadh dóibh breis is mí ó shin.

Má tá grúpaí eile i gceist nó smaointe ag baill faoi ghrúpaí gur chóir dúinn cuireadh a thabhairt dóibh, is féidir leis na baill nóta a chur chugam agus cuirfidh mé é faoi bhráid an chomhchoiste é tar éis na Nollag nó roimpi, más gá. Asam féin, táim tar éis cinneadh a ghlacadh tosaíocht a thabhairt do Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019. Is féidir gnó gach cruinnithe eile agus gné eile arbh fhéidir linn a chur ar leataobh go dtí go bhfuil sé sin críochnaithe, nó gar a bheith mar sin.

Chuir mé moltaí ar aghaidh maidir leis an gcóras oideachais, é a chur chun cinn agus rudaí mar sin, agus sílim go bhfuil-----

Tá liosta againn ón Seanadóir agus cinn eile a ardaíodh sa chomhchoiste anseo. Cuirfimid le chéile iad ar fad agus cuirfimid timpeall chuig gach duine iad arís.

Chun go ndéanfar plé orthu.

Chun go ndéanfaimid plé orthu nuair a bheidh an clár oibre don chomhchoiste á shocrú againn don bhliain seo chugainn. Bhí an rud ceannann céanna á lua ag cúpla duine is a bhí luaite ag an Seanadóir Kyne ansin.

Tá an cléireach tar éis a rá liom iarraidh ar chomhaltaí ainm, eagrais nó a leithéad a lua má tá siad ag ardú ceisteanna mar gheall ar rudaí difriúla. Déanfaimid iarracht é sin a dhéanamh. Bhí an Seanadóir Kyne soiléir ó thaobh roinnt den dream ar an liosta ach do roinnt eile caithfimid smaoineamh cén dream a bheidh ann.

An dtiocfaimid ar ais chun na smaointe a phlé agus iad a phiocadh?

Níl aon chlár ama nó aon rud roghnaithe againn don bhliain seo chugainn ag an bpointe seo, ar aon ábhar.

Níl aon rud déanta.

Tá liosta againn. Mar shampla, thug muid cuireadh do Choimisinéir an Gharda Síochána ach má tá cinneadh déanta againn go mbeidh an Bille mar ár bpríomh-iarracht, beidh orainn teacht ar ais aige le dáta difriúil san athbhliain. Beidh orainn an rud ceannann céanna a dhéanamh leis na comharchumainn mura dtagann siad os ár gcomhair roimh an Nollaig. Bhí trí nó ceithre ghrúpa oideachais luaite sa mhéid a dúirt an Seanadóir Kyne, chomh maith le Tithe an Oireachtais agus an scéim Gaeilge a bhí le cur le chéile acu. Cheana féin tá sé nó seacht n-ábhar agus grúpa, nó níos mó, sa liosta sin. Tá go leor oibre le déanamh againn. Déanfaimid na cinntí maidir leis an chuid eile den bhliain in Eanáir nó mar sin.

Rachaimid ar fionraí anois go dtí 3 p.m. Beidh an Dr. Walsh linn ansin ag caint faoi Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 agus cé chomh maith nó cé chomh dona atá sé. Níl ach leathuair an chloig aige toisc go bhfuil sé idir ranganna. Bhí sé ag labhairt leis an gcoiste seo cheana nuair a bhí an Bille foilsithe ar dtús so tá tuairimí aige faoi conas gur féidir cuidiú leis.

Cuireadh an suí ar fionraí ar 2.32 p.m. agus cuireadh tús leis arís ar 3 p.m.
Barr
Roinn