Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Wednesday, 19 May 2021

Seirbhís Craolacháin Gaeilge: Plé

Fuair mé leithscéal ón Teachta Pa Daly le rá nach mbeadh sé in ann a bheith anseo. Tá cruinniú eile aige. Fuair mé leithscéal ón Seanadóir Niall Ó Donnghaile chomh maith. Dúirt sé go ndéanfadh sé iarracht a bheith anseo roimh dheireadh an tseisiúin.

Táimid tagtha le chéile chun an t-ábhar chraoltóireacht na Gaeilge a phlé. Ba mhaith liom ár mbuíochas a ghabháil leis an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Teachta Catherine Martin, agus na hoifigigh ón Roinn: Patricia Murphy, rúnaí cúnta, an Dr. Aodhán Mac Cormaic, stiúrthóir na Gaeilge, agus Tríona Quill, príomhoifigeach na Roinne. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil chomh maith le Michael O’ Keeffe, príomhfheidhmeannach, agus Fionnuala Murphy, ardoifigeach feidhmiúcháin, mar ionadaithe ó Údarás Craolacháin na hÉireann. Cuirimid fáilte rompu.

Ba mhaith liom a chur ar ár dtaifead go bhfuil na finnéithe agus muid féin lonnaithe i Seomra na Dála le linn an chruinnithe seo. Ba mhaith liom a chur ar a n-aird go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh, 2009, finnéithe faoi chosaint lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo chomh fada is atá siad lonnaithe sa seomra coiste féin. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh, ámh, éirí as an bhfianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cáilithe i leith na fianaise acu.

Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chur siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach ina ainm nó ina hainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Iarraim ar an Aire, an Teachta Catherine Martin, labhairt os comhair an choiste.

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus leis an gcomhchoiste as cuireadh a thabhairt dom freastail ar an gcruinniú seo. Tá an-áthas orm labhairt le cruinniú Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge faoi chraoltóireacht trí mheán na Gaeilge.

Mar is eol don choiste, tá an tAire Stáit, an Teachta Chambers, freagrach as an nGaeltacht agus pobal labhartha na Gaeilge go ginearálta. Labhair sé leis an gcomhchoiste seo go minic faoi réimse leathan ábhair a bhaineann leis an nGaeilge.

Díreoidh mise ar cheisteanna a bhaineann le craoltóireacht trí mheán na Gaeilge inniu. Ba mhaith liom a chur in iúl ar dtús go bhfuil an Ghaeilge an-tábhachtach dom go pearsanta agus i mo ról mar Aire freagrach as na meáin. Tacaíonn an chraoltóireacht lenár bhféiniúlacht mar náisiún, leis na healaíona, leis an gcultúr, leis an spórt agus, ar ndóigh, le teanga na Gaeilge.

Trí mheán na craoltóireachta, bíonn comhráite againn mar náisiún agus déanaimid teagmháil le hÉireannaigh atá lonnaithe thar sáile. Bhunaigh an Taoiseach agus mé féin Coimisiún um Thodhchaí na Meán chun aitheantas a thabhairt do thábhacht na meán. Leagamar síos téarma tagartha a aithníonn an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge sa chraoltóireacht.

Tá an Ghaeilge mar chuid lárnach de mhisean mheán seirbhíse poiblí chun muintir na hÉireann a choinneáil ar an eolas, oideachas a chur uirthi agus siamsaíocht a chur ar fáil di. Sa chomhairliúchán poiblí, fuair an coimisiún níos mó ná 800 freagra aighneachta le COMHAR, Tuairisc, Raidió Rí-Rá agus Gael Linn san áireamh.

Ina theannta sin, ghlac TG4, RTÉ, Craol agus Conradh na Gaeilge páirt i gcomhráite leis an gcoimisiún agus le ball den phobal. Cuireadh an coimisiún ar an eolas mar sin faoi na dúshláin atá roimh chraoltóireacht trí mheán na Gaeilge agus na deiseanna atá ar fáil di.

Tá an tuarascáil le cur faoi mo bhráid i mí Iúil agus tá mé ag súil leis na moltaí a bheith inti maidir leis an nGaeilge. Molaim an obair iontach atá déanta ag TG4 chun craoltóireacht trí mheán na Gaeilge a thabhairt chun cinn. Tá a réimse leathan cláir, a chur chuige Súil Eile agus an úsáid a bhaineann sé as teicneolaíocht ina gceannródaíocht thar cionn.

Freastalaíonn sé ar an bpobal ar fad agus cuireann sé anam sa náisiún.

Bhí an-áthas orm mar sin maoiniú breise €1.9 milliún a fhógairt do TG4 i mí Dheireadh Fómhair 2020. Tugadh an maoiniú seo chun aitheantas a thabhairt don obair iontach atá déanta ag TG4 chun dul i ngleic leis na dúshláin a chuir Covid-19 roimhe le linn 2020. Ina theannta sin, cuirfidh mé maoiniú €3.5 milliún ar fáil do TG4 in 2021, ag ardú a buiséad bliantúil go €1 milliún níos mó ná an méid a mhol Údarás Craolacháin na hÉireann ina athbhreithniú cúig bliana. Ar an iomlán, gheobhaidh TG4 €40.7 milliún in 2021.

Is mise an chéad Aire chun ciste craoltóireachta na Gaeilge, a reáchtálann Fís Thuaisceart Éireann, a thabhairt chun cinn. Táim an-bhródúil as sin. Cuirfidh mo Roinnse €1 milliún ar fáil gach bliain idir 2021 agus 2023 chun ábhar Gaeilge a chruthú i dTuaisceart Éireann. Ina theannta sin, tugadh €100,000 do RTÉ agus TG4 chun a n-ábhar a chur chun cinn i dTuaisceart Éireann. Tacóidh an maoiniú seo leis an earnáil léiriúcháin neamhspleách ar fud an oileáin. Cuirfidh sé ábhar Gaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do chraoltóirí.

Tá ról lárnach ag RTÉ i gcraoltóireacht trí mheán na Gaeilge a chur chun cinn. Tugann an tAcht Craolacháin ar an gcraoltóir náisiúnta réimse cuimsitheach clár a chur ar fáil as Gaeilge agus as Béarla araon, a léiríonn éagsúlacht chultúrtha oileán na hÉireann ina iomláine. Gach bliain, déanann Údarás Craolacháin na hÉireann athbhreithniú ar ráiteas bliantúil na ngealltanas léirithe a leagann RTÉ síos, gealltanais i dtaca leis an nGaeilge san áireamh. Mar fhreagra ar thuarascáil an Choimisinéara Teanga in 2018, d’fhorbair RTÉ plean gnímh. Bhí sé mar aidhm ag an bplean seo líon na gclár Ghaeilge ar RTÉ a mhéadú go suntasach agus réimse clár a chinntiú. B’fhéidir gur mhaith leis an gcoiste teagmháil dhíreach a dhéanamh le RTÉ maidir le hábhar an phlean gnímh sin. Tuigim gur tháinig méadú suntasach ar chruthú cláir Ghaeilge agus uaireanta craoltóireachta trí mheán na Gaeilge in 2020.

Tá ról tábhachtach ag an raidió i sochaí na hÉireann. Léiríonn suirbhéanna ón gcomhthaighde náisiúnta ar lucht éisteachta go n-éisteann níos mó ná ceathrar as cúigear duine fásta in Éirinn leis an raidió gach lá. Le ráta muiníne 7.9 as deich, bhraith an Rialtas ar an raidió chun an pobal a choinneáil ar an eolas faoi chúrsaí le linn ghéarchéim Covid-19. Aontaím leis an Uachtarán Ó hUiginn go bhfuil tábhacht as cuimse ag Raidió na Gaeltachta do phobail na Gaeltachta, maidir leis an nGaeilge a neartú agus pobail a thacú sna ceantair sin. Fuair an stáisiún maoiniú €11.4 milliún in 2020. Ag obair in éineacht lenár gcraoltóir náisiúnta, cuireann trí stáisiún raidió eile craoltóireacht lán-Ghaeilge ar fáil do lucht éisteachta Gaeilge i bpobail áitiúla. Tá Raidió na Life ag freastal ar mhórcheantar Baile Átha Cliath ó 1993 i leith agus craolann Raidió Fáilte i mBéal Feirste. Faigheann an dá stáisiún seo €240,000 gach bliain. Freastalaíonn Raidió Rí-Rá ar riachtanais éisteoirí óga agus fuair sé níos mó ná €475,000 ón Roinn ó thosaigh sé ag craoladh in 2009.

Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d’obair Údarás Craolacháin na hÉireann ar phlean gnímh Ghaeilge a fhorbairt agus coiste comhairleach a bhunú. Rinne sé an obair seo i gcomhairle le Foras na Gaeilge chun tionscnaimh craoltóireachta trí mheán na Gaeilge a chur chun cinn. Cuirim fáilte ar leith roimh an mbéim a chur an coiste ar an bhféidearthacht chun seirbhís Ghaeilge raidió óga a chur ar bhun, cosúil le seirbhís hibrideach dhigiteach FM.

Tugadh tosaíocht do chraoltóireacht trí mheán na Gaeilge sa scéim fuaime agus físe. Le híosmhéid 25% sa mhaoiniú tiomanta do thionscadail Ghaeilge, leithdháileadh €3.1 milliún, mar shampla, i scéim fuaime agus físe trí Údarás Craolacháin na hÉireann i leith léiriú 56 tionscadal as Gaeilge nó go dátheangach in 2019.

Labhraím leis an gcoiste seo le linn tréimhse ina bhfuil athruithe móra ag tarlú. Bunófar coimisiún na meán faoin mBille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán Ar Líne. Glacfaidh an coimisiún nua le feidhmeanna agus foireann Údarás Craolacháin na hÉireann, feidhmeanna a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge san áireamh. Cuirfidh bunú rialtóra nua, mar aon leis an tuarascáil atá ag teacht ón gCoimisiún um Thodhchaí na Meán, ar ár gcumas dul i ngleic leis na dúshláin atá romhainn, roimh an nGaeilge agus roimh sheirbhísí closamhairc san áireamh. Mar a luaigh mé níos luaithe, táim ag súil le moltaí an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán a léamh maidir le craoltóireacht agus meán eile trí mheán na Gaeilge nuair a chuirfear an tuarascáil faoi mo bhráid i mí Iúil. Leagfaidh sí síos treo an pholasaí do na deich mbliana atá romhainn.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom glacadh leis an deis seo chun buíochas a ghabháil le Michael O’Keeffe, a bheidh ag dul ar scor go luath, as Údarás Craolacháin na hÉireann a stiúradh agus as na 30 bliain a d’oibrigh sé i saol rialacháin na meán. Gabhaim buíochas leis an gcoiste arís as cuireadh a thabhairt dom agus athdhearbhaím arís mo thiomantas do chraoltóireacht trí mheán na Gaeilge. Táim ag súil le ceisteanna na mball a fhreagairt.

Iarraim ar phríomhfheidhmeannach Údarás Craolacháin na hÉireann, Michael O’Keeffe, labhairt leis an gcomhchoiste.

Mr. Michael O'Keeffe

Thar ceann Údarás Craolacháin na hÉireann, is mian liom mo bhuíochas a ghabháil leis an gCathaoirleach, an Teachta Ó Snodaigh, as an gcuireadh teacht i láthair an choiste. Is mise príomhfheidhmeannach Údarás Craolacháin na hÉireann, agus tá mo chomhghleacaí, Fionnuala Murphy, ag glacadh páirt liom inniu. Tá mise chun an ráiteas tosaigh a léamh amach agus tar éis sin beimid sásta na ceisteanna atá ag na baill a fhreagairt.

I dtosach, baineann an chéad pháirt den ráiteas leis na freagrachtaí ghinearálta atá ag an Broadcast Authority of Ireland, BAI. Leagadh amach san Acht Craolacháin, 2009 dualgais Ghaeilge ar Údarás Craolacháin na hÉireann, an BAI, agus ar a choistí reachtúla go gcuiridís rompu forbairt clár agus seirbhísí craolacháin Gaeilge a chur chun cinn agus a spreagadh. Chun an cuspóir seo a bhaint amach, leag an BAI amach ina ráiteas straitéise 2021-2023, na tiomantais atá aige chun feabhas a chur ar an méid ábhar fuaime agus closamhairc atá ar fáil i nGaeilge agus atá iomchuí ó thaobh cultúir de do lucht féachana agus éisteachta na hÉireann. Is é sin ná cláir Ghaeilge den scoth a chruthú agus a chur chun chinn le béim faoi leith ar nuacht agus ar chúrsaí reatha a chur i láthair do lucht éisteachta i measc an aos óg.

Déantar iarracht na tiomantais a chur i gcrích trí raon feidhmeanna, mar shampla, ceadúnú, comhlíontacht, foghlaim agus forbairt earnála agus litearthacht do na meáin. Tacaítear le tionscnaimh clár agus cartlannú faoin scéim maoinithe craolacháin. I mí Feabhra 2019, foilsíodh plean gníomhaíochta BAI don Ghaeilge agus chuimsigh ann na tionscnaimh go léir a tugadh fúthu chun tacú le cuspóirí Ghaeilge an BAI a bhaint amach. Tá tacaíocht á thabhairt d’obair fhoireann na Gaeilge, ceathrar ball foirne lánaimseartha atá líofa nó fíormhaith sa Ghaeilge. Tá Fionnuala Murphy mar bhall den fhoireann seo. Tá an BAI freagrach as scéim Ghaeilge a fhorbairt de réir fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla agus d’fhoilsigh muid an leagan is déanaí den scéim i mí Feabhra 2020.

Sa dara páirt den ráiteas, táimid ag caint faoi chraoltóireacht na Gaeilge, raidió agus teilifís neamhspleách, agus pobail. Leagtar amach san Acht tiomantas na seirbhísí raidió tráchtála agus pobail, agus tá siad nasctha leis an bpróiseas iarrata ceadúnaithe. Cuimsítear tiomantais na seirbhísí go léir i ráiteas beartais cláir. Tá seirbhís Ghaeilge amháin ceadúnaithe ar FM Raidió na Life agus is ar ardán digiteach a chraolann Raidió Rí-Rá. Táimid ag cíoradh an poitéinseal do sheirbhís hibrideach Gaeilge ar raidió a bheidh dírithe ar dhaoine óige.

Faoi alt 70 den Acht, leagtar amach riachtanais theoranta maidir le conraitheoirí soláthair ar theilifís tráchtála, agus níl riachtanais ar bith i gcás ábhar digiteach faoi alt 71. Mar is eol do na baill, tá oibleagáidí reachtúla ar leith ar chraoltóirí seirbhísí poiblí RTÉ agus TG4, agus athbhreithníonn an BAI iad seo ar bhonn bliantúil.

Sa pháirt dheireanach, ba mhaith liom caint faoi phlean gníomhaíochta don Ghaeilge atá curtha i bhfeidhm ag an BAI ó 2019. Tá cúig eochair-réimse cuimsithe sa phlean, is iad sin ná cláir, comhpháirtíochtaí, taighde, bailiú sonraí, agus an chuntasacht a fheabhsú. Bhí sé mar phríomhthionscnamh faoin bplean coiste comhairleach don Ghaeilge a bhunú i gcomhairle le Foras na Gaeilge. Tá raon de phríomhpháirtithe leasmhara Gaeilge ina mbaill den choiste chomh maith. Ba é sin ceann de na moltaí ón gCoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge i mí Bealtaine 2019. Leagtar amach achoimre ghearr ar na réimsí gníomhaíochtaí faoi gach ceann de na cúig réimse. Tá tuilleadh sonraí, mar is eol do na baill, ar fáil sa phríomh-aighneacht.

I dtaobh an chláir in 2020, leithdháileadh 29% den mhaoiniú faoin scéim fís agus fuaime ar chláir Ghaeilge nó ar chláir dhátheangacha. Tá a fhios ag baill den choiste go bhfuil gá le 25% faoin scéim ach, in 2020, baineadh 29% amach. Maidir le comhpháirtíochtaí, maoiníodh an tionscnamh forbartha scileanna Glúin Nua as clár foghlama agus forbartha earnála BAI, maoiníodh na tionscnaimh Aerthonnta agus Eolaire leis an Oireachtas, agus maoiníodh cúrsa féinrochtana arlíne do chraoltóirí raidió i gcomhar le Gaelchultúr. Soláthraíodh maoiniú d'ócáidí meáinbhainteacha Gaeilge as scéim urraíochta BAI agus éascaíodh seimineár Idirlín i gcomhpháirtíocht le Raidió na Gaeltachta leis an gclár um litearthacht sna meáin.

I dtaobh taighde, mhaoinigh an BAI an taighde céim 3 ar úsáid na Gaeilge ar sheirbhísí raidió a rinne Dr. John Walsh as Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Gaillimh. Chuir an BAI tús leis an tionscadal bailithe sonraí Gaeilge in 2020 lenar iarradh sonraí clár agus taifeadtaí ó chraoltóirí. Is é mar aidhm leis an tionscadal seo tosú ar bhonn cuimsitheach eolais a thógáil maidir le cainníocht agus raon na gclár Gaeilge nó dátheangach atá á gcraoladh thar an earnáil teilifíse agus raidió ar bhonn seachtainiúil.

Maidir leis an gcuntasaíocht a fheabhsú, cuirtear tuarascáil deireadh bliana ar fheidhmiú an phlean faoi bhráid bhord an BAI agus bhord Fhoras na Gaeilge. Tá dhá thuarascáil déanta faoin am seo. Tá an dara ceann mar aguisín leis an aighneacht atá curtha faoi bhráid an choiste. Táthar ag tabhairt faoi thuarascála agus athbhreithniú ar fheidhmíocht craoltóirí chomh maith. Mar a dúirt mé ag an tús, beidh ionadaithe den BAI sásta ceisteanna a fhreagairt faoi ní ar bith a éiríonn as na pointí ar luaigh mé ag cruinniú an choiste inniu.

Gabhaim buíochas leis an Uasal O'Keeffe. Ar dtús báire, táim chun iarraidh ar triúr de na comhaltaí ceisteanna a chur i ndiaidh a chéile. Ansin beidh deis ag an Aire nó ag an Uasal O'Keeffe freagra a thabhairt dúinn. Is é an Teachta Calleary an chéad duine.

Cuirim fáilte roimh an Aire agus roimh an Uasal O'Keeffe. Tá cúpla ceist ghearr agam. Cuirim fáilte roimh an obair atá á déanamh ag an Aire chun airgead breise a fháil le haghaidh TG4. Tá sé an-tábhachtach i leith cúrsaí Gaeilge, gan dabht, ach tá sé tábhachtach freisin i leith cúrsaí réigiúnacha agus cúrsaí spóirt agus do léiritheoirí neamhspleácha san earnáil. Níl dóthain airgid ag TG4 fós, áfach, go háirithe nuair a chuirtear i gcomparáid le RTÉ nó leis na comhlachtaí idirnáisiúnta atá sa spás céanna é. Cad iad na pleananna atá ag an Aire le haghaidh tacaíocht bhreise do TG4?

Tá an cheist chéanna ábhartha i gcomhair Raidió na Gaeltachta. Tá sé an-tábhachtach. Tá sé anois ann le 50 bliain anuas. Caithfear níos mó cuidithe a thabhairt dó. Is an col ceathrar bocht istigh in RTÉ é i gcónaí. Caithfear tacaíocht bhreise a thabhairt dó toisc go bhfuil sé ag déanamh an-jab. Cosúil le TG4, tá sé an-tábhachtach le haghaidh na réigiún agus le haghaidh na gceantar Gaeltachta nach bhfuil aon spéis ag comhlachtaí cumarsáide eile iontu. Tá spéis ag Raidió na Gaeltachta iontu.

Tá Raidió Rí-Rá ag déanamh an-jab. Tá sé an-tábhachtach le haghaidh daoine óga ach go háirithe. An bhfuil aon phlean chun spás ar an speictream FM agus ar na hardáin dhigiteacha a chur ar fáil do Raidió Rí-Rá chun go mbeadh sé in ann fás? Beidh i bhfad níos mó suime ann i gcomhair an spáis FM.

Tuigim na figiúirí ar thug an tUasal O'Keeffe dúinn agus na tuarascálacha. Is cosúil go bhfuil bearna ann i dtaobh guth na Gaeilge ar na stáisiúin náisiúnta neamhspleácha agus ar na stáisiúin áitiúla. Luaigh sé na tacaíochtaí atá ann. Toisc na paindéime Covid, tá na stáisiúin neamhspleácha agus na stáisiúin áitiúla faoi fhíorbhrú. Cén tacaíocht bhreise atá á tabhairt ag BAI do na stáisiúin raidió chun guth na Gaeilge a chur chun cinn?

Cuirim fáilte roimh an Aire, roimh an Uasal O'Keeffe agus roimh na láithreoirí eile. Tá an obair seo an-tábhachtach ar fad. I dtús báire, labhróidh mé faoin teilifís. Tá a fhios againn go léir an méid atá déanta ag TG4 agus RTÉ faoin ábhar seo agus an ról tábhachtach atá acu i láidriú na Gaeilge ar an teilifís. Ba mhaith liom aird a thabhairt ar an easpa róil atá ag na stáisiúin teilifíse phríobháideacha. Ní dóigh liom go bhfuil aon chlár i nGaeilge nó aon content i nGaeilge feicthe agam ar stáisiún de chuid Virgin Media. An mbeidh coinníoll curtha san áireamh nuair a bheidh ceadúnais chraoltóireachta le hathnuachan ag Údarás Craolacháin na hÉireann? B'fhéidir go mbeidh ar na stáisiúin sin 5% nó 4% den content nó de na cláir a chur ar fáil trí Ghaeilge. An bhfuil aon straitéis ann i leith soláthar maoinithe chun cláir Ghaeilge a chur ar fáil?

Bhí mé ag éisteacht leis an Aire agus leis an Uasal O'Keeffe agus chuala mé faoin méid maoinithe atá ann. Déanaim comhghairdeas leo as sin ach is dóigh go bhfuil níos mó de dhíth, go háirithe i leith na stáisiúin teilifíse phríobháideacha.

Maidir leis an raidió, is dóigh go raibh na daoine céanna i dteagmháil liom féin agus leis an Teachta Calleary faoi Raidió Rí-Rá. Anseo i mBaile Átha Cliath, tá Raidió na Life ann. Luaigh an tAire an stáisiún freisin. Déanann Raidió na Life an-jab do mhuintir Bhaile Átha Cliath. Tá sé go hiontach ar fad. Deirim an t-am ar fad go bhfuil níos mó daoine i mo cheantar féin, Dún Laoghaire, a labhraíonn Gaeilge gach lá ná in aon áit eile sa tír taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá an-phobal labhartha na Gaeilge ann i nDún Laoghaire ach níl rud ann dóibh, fiú amháin an stáisiún raidió atá ann do Bhaile Átha Cliath ar fad. Cé go bhfuil sé sin an-tábhachtach ar fad, tá a fhios agam nach bhfuil ann ach trí stáisiún lánaimseartha raidió a reáchtáiltear trí Ghaeilge as níos mó ná 70 stáisiún sa tír. Mar sin, mar a dúirt daoine eile, tá bearna ann. Caithfimid seirbhísí a chur ar fáil freisin do phobail labhartha na Gaeilge a bhfuil cónaí orthu taobh amuigh den Ghaeltacht, agus dóibh siúd i nDún Laoghaire ach go háirithe.

An aontaíonn an tAire agus an tUasal O'Keeffe liom nár chóir go mbeadh ar stáisiúin raidió ar nós Raidió na Life an táille d'Údarás Craolacháin na hÉireann a íoc agus gur fearr an t-airgead sin a úsáid leis an stáisiún a fhorbairt? An ceart dúinn maoiniú a thabhairt do stáisiúin eile, go háirithe in áiteanna i mBaile Átha Cliath agus i nDún Laoghaire, chun seirbhís a chur ar fáil do phobail labhartha na Gaeilge?

Cuirim fáilte roimh an Aire agus roimh an Uasal O'Keeffe. Gabhaim buíochas leo as ucht a ráiteas tosaigh. Ar dtús báire, tréaslaím an caighdeán seirbhíse a chuireann siad ar fáil gach uile lá do lucht na Gaeilge leis na meáin Ghaeilge. Piocaim amach TG4 go háirithe de bharr an chuir chuige nuálach atá aige. Tá seinnteoir TG4 ar fheabhas. Déanann Intern TG4, mar a dtugtar air nó uirthi, obair na gcapall ar Twitter chun suim a spreagadh sa teanga. Craolann TG4 réimse leathan spóirt freisin - rugbaí, an Tour de France agus peil na mban, mar shampla. Leathnaíonn sé sin lucht féachana an chainéil amach ó lucht na Gaeilge amháin. Léiríonn figiúirí ó BAI go bhfuil ábhar dírithe ar leanaí an-tábhachtach. Tá éileamh mór ar na cartúin ach go háirithe. Treise leat, a Spongebob. Fáiltím roimh an infheistíocht bhreise a rinne an tAire an bhliain seo caite. Tá súil agam go leanfar leis an leibhéal tacaíochta sin as seo amach.

Luaigh an tAire an ciste craoltóireachta a reáchtálann Fís Thuaisceart Éireann.

Sa chomhthéacs sin ba mhaith liom deis a thabhairt don Aire níos mó sonraí a thabhairt dúinn faoin méid atá idir lámha ag an Roinn chun tacaíocht a thabhairt do chraoltóireacht Ghaeilge sa Tuaisceart faoi láthair.

Rinne an tAire tagairt freisin don Choimisiún um Thodhchaí na Meán ina ráiteas, a bhunaigh sí féin agus an Taoiseach. Tuigim go bhfuil téarmaí tagartha leagtha amach ach an féidir leis an Aire breis eolais a thabhairt dúinn maidir leis an tionchar nó leis an mbaint a bheidh aige, go háirithe, ar chraoltóireacht na Gaeilge agus ar na spriocdhátaí a bhaineann le hobair an choimisiúin?

Ó thaobh chraoltóireacht na Gaeltachta, mar aon leis an Seanadóir Ward agus leis an Teachta Calleary, ardaím an cheist chéanna faoi Raidió na Life agus Raidió Rí-Rá. Tá siad ag cur craoltóireacht Ghaeilge ar fáil ar bheagán costais do dhéimeagrafach éagsúil ná mar atá á chur ar fáil, b’fhéidir, ag Raidió na Gaeltachta. An bhfuil aon phlean ag an Roinn níos mó tacaíochta a thabhairt dóibh agus, go háirithe, an mbeidh sé i gceist ag an Aire Raidió Rí-Rá a chur ar an mbanda FM chun an tseirbhís a chur ar fáil do lucht éisteachta níos leithne?

Tá ceist amháin agam freisin don Uasal O’Keeffe faoin bplean gníomhaíochta don Ghaeilge atá ag an údarás. Ar an gcéad dul síos níl an nasc don phlean ag feidhmiú ar a shuíomh Idirlín faoi láthair. I mionrud é sin chun féachaint air. Fáiltím roimh an tuarascáil a foilsíodh i mí Feabhra ach an féidir leis an Uasal O'Keeffe achoimre ghairid a thabhairt dúinn ar na spriocanna atá bainte amach go dtí seo ag an bplean sin agus ar na cinn atá níos dúshlánaí atá lena bhaint amach as seo amach? Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach.

Iarrfaidh mé ar an Aire díriú isteach ar na ceisteanna a cuireadh uirthi agus ansin casfaidh mé ar mo chinn féin.

Gabhaim buíochas ar dtús leis an Teachta Calleary as a chuid ceisteanna. Maidir le TG4 agus a maoiniú, bhí áthas orm maoiniú forlíontach €1.9 milliún a chur ar fáil sa bhliain 2020 a bhain leis na costais bhreise maidir leis na cláir i dtaca le Covid-19, go háirithe "Cúla4 ar Scoil". Méadaíonn an maoiniú breise €3.5 milliún a fuair mé don bhliain 2021 an leithdháileadh iomlán i mbliana go dtí €40.7 milliún, a sháraíonn an maoiniú a mhol an BAI le méid de €6 milliún thar an leibhéal maoinithe don bhliain 2017. Cinnteoidh sé seo gur féidir le TG4 leanúint le clár-sceidealú nuálach Gaeilge ar ardchaighdeán a sholáthar agus a straitéis a chur i bhfeidhm níos fearr chun lucht féachana níos óige a mhealladh agus a choinneáil ar gach ardán.

Maidir le Raidió na Gaeltachta, beidh an stáisiún seo mar raidió náisiúnta na Gaeilge 50 bliain ar an bhfód an bhliain seo chugainn agus déanfar ceiliúradh air seo ansin. Mar a dúirt an tUachtarán Ó hUiginn ag ceiliúradh 40 bliain a luaigh mé cheana agus aontaím leis, tá tábhacht as cuimse ag an stáisiún do phobal na Gaeltachta maidir leis an nGaeilge a neartú agus pobail a thacú sna ceantair sin. Tá Raidió na Gaeltachta ar cheann den cheithre stáisiún a chraolann go hiomlán trí mheán na Gaeilge anois agus fuair sé maoiniú €11.4 milliún dó in 2020. Tugann Foras na Gaeilge tacaíocht dó tríd an scéim raidió pobail. Tá sé mar aidhm ag an scéim seo sceideal craoltóireachta lán-Ghaeilge a chur ar fáil do phobail áitiúla le Gaeilge. Faigheann Raidió na Life i mBaile Átha Cliath agus Raidió Fáilte i mBéal Feirste €240,000 gach bliain. Freastalaíonn Raidió Rí-Rá ar dhéimeagrafaic níos óige agus fuair sí níos mó ná €475,000 ón Roinn ó thosaigh an stáisiún ag craoladh in 2009.

Maidir le Raidió Rí-Rá, tuigim an gá atá ann le hiolrachas i gcraoltóireacht na Gaeilge agus an gá héisteoirí níos óige a mhealladh chun craoltóireacht na Gaeilge. Tá sárjab déanta ag Raidió Rí-Rá chun daoine óga a mhealladh trína aipeanna agus a phodchraoltaí. Tuigim gur craoladh é ar FM freisin ar feadh tréimhsí gearra i roinnt áiteanna sa tír. Tá foireann láidir d’oibrithe deonacha ag an stáisiún mar aon leis an oiliúint a chuireann an stáisiún ar fáil do dhaoine óga, go háirithe mic léinn idirbhliana agus tríú leibhéil, atá thar barr ar fad.

Is eol dom go bhfuil aighneacht mhionsonraithe curtha faoi bhráid an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán ag Raidió Rí-Rá ag tacú le hiarratas ar cheadúnas FM a bheith aige ar fud na tíre agus ar feadh na bliana. Chuir Raidió na Life aighneacht faoi bhráid an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán freisin ag leagan amach uaillmhian an stáisiúin a chraoladh FM a leathnú níos faide i gcéin ná Baile Átha Cliath amháin chun an dara seirbhís chraoltóireachta Ghaeilge ar fud na tíre a sholáthar.

Táim ag tnúth le hathbhreithniú a dhéanamh ar mholtaí an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán ar an ábhar seo im mí Iúil. Idir an dá linn tugaim faoi deara go bhfuil coiste comhairleach na Gaeilge de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann ag déanamh scrúdú ar an ábhar agus iniúchadh ar réiteach eatramhach a fháil agus fágfaidh mé ag an Uasal O’Keefe tuilleadh sonraí a thabhairt air sin.

Maidir le ceist an tSeanadóra Ward, braitheann na hoibleagáidí ar na hoibritheoirí tráchtála ar nádúr a gceadúnas ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus iarrfaidh mé ar an Uasal O’Keefe an cheist seo a fhreagairt.

Maidir leis an tobhach nó an levy, forálann na moltaí a reáchtáladh i dtaobh an Rialtais inné go dtabharfar díolúine do stáisiúin ar nós Raidió na Life an tobhach craoltóireacht a íoc. Thug mé moltaí chuig an Rialtas le déanaí chun forálacha an Bhille Craolacháin (Leasú) a chomhaontú sa Bhille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán Ar Líne. Cuimsítear leis seo foráil a dhíolmhóidh gach craoltóir pobail, lena n-áitrítear stáisiúin phobail Gaeilge, ó aon tobhach a íoc sa todhchaí. Beidh sé seo amhlaidh beag beann ar aon ioncam a bheidh ag stáisiúin dá leithéid ó fhoinsí poiblí nó ó fhoinsí eile. Foilseofar an reachtaíocht faoin samhradh.

Maidir leis an Teachta Ó Cathasaigh, d’fhreagair mé a cheist faoi Raidió Rí-Rá nuair a d’fhreagair mé na ceisteanna ón Teachta Calleary. Maidir lena cheist ar an nGaeilge sa Tuaisceart, fáiltím roimh ath-thionól an chomhaontaithe roinnte cumhachta sa Tuaisceart. Mar chuid de thiomantas Rialtas na hÉireann don chomhaontú, tá lúcháir orm €1 milliún a fháil i mbliana, le tiomantas den chineál céanna don dá bhliain atá romhainn chun tacú le craoltóireacht na Gaeilge i dTuaisceart Éireann. Tá ríméad orm go mbeidh ar a laghad 75 uair ag plé ábhar Gaeilge breise mar thoradh ar an maoiniú breise, agus ina theannta sin, tá €100,000 in aghaidh na bliana daingnithe agam i mbliana don dá bhliain atá romhainn do TG4 agus do RTÉ chun an Ghaeilge a chur chun cinn i dTuaisceart Éireann.

Ar cheist an Teachta Ó Cathasaigh maidir leis an gCoimisiún um Thodhchaí na Meán, foráiltear leis an gclár Rialtais go mbunófar an Coimisiún um Thodhchaí na Meán chun todhchaí na meán clóite, craolta agus ar líne a mheas. Tá sé de chúram air moltaí a dhéanamh don Taoiseach agus dom féin chun a chinntiú: gur féidir le maoiniú craolacháin seirbhíse phoiblí a bheith inbhuanaithe; go dtabharfar slándáil mhaoinithe; go dtabharfar maoirseacht ar eagarthóireacht neamhspleách; agus go dtabharfar luach ar airgead don phobal. Is é an tOllamh Brian MacCraith cathaoirleach an choimisiúin agus tá a chuid teagmhála déanta ag an gcoimisiún leis na príomhpháirtithe leasmhara, lena n-áirítear iad siúd a thacaíonn leis an nGaeilge.

Reáchtáil an coimisiún comhairliúchán poiblí níos luaithe i mbliana agus bhí áthas orm go ndearnadh 15 aighneacht, trácht, agus mholadh ar leith maidir le craoltóireacht na Gaeilge. Ba iad Comhar, Gael Linn, Raidió Rí-Rá, Scáileán Thuaisceart Éireann, Fís Éireann, The Irish News, Craol, Conradh na Gaeilge, Ceardchumann Náisiúnta na nIriseoirí, Raidió na Life, Raidió na Gaeltachta, Sinn Féin, RTÉ agus Údarás Craolacháin na hÉireann a rinne na haighneachtaí. Tugaim faoi deara go ndearnadh ionadaíochta ar an nGaeilge le linn na sraithe idirphlé téamaí a d’eagraigh an coimisiún, le cur i láthair ó Julian de Spáinn, ardrúnaí Chonradh na Gaeilge agus Alan Esslemont, ardstiúrthóir TG4.

Táim ag tnúth le tuarascáil an choimisiúin nuair a bheidh a chuid oibre tagtha chun críche, a chuirfidh buneolas ar fáil faoi bhearta na meán, na meáin chlóite san áireamh, sna deich mbliana atá romhainn agus táim ag súil go n-éileofar athrú reachtaíochta ar an Acht Craolacháin 2009 i roinnt cásanna mar thoradh ar thuarascáil an choimisiúin i mí Iúil.

Mr. Michael O'Keeffe

Díreoidh mé ar an bpointe faoi Raidió Rí-Rá ar dtús mar tá obair déanta againn sa choiste atá againn ina thaobh.

Tá an obair atá á dhéanamh clúdaithe san aguisín ach b’fhéidir go gcainteoidh mé faoi.

Bhí grúpa ag féachaint ar an ábhar seo, le baill ó RTÉ, 2FM, Raidió na Gaeltachta, TG4 agus Conradh na Gaeilge. I Meitheamh, tháinig siad ag cruinniú den choiste chun féachaint an féidir stáisiún raidió na n-óg a bhunú. B’fhéidir gur Raidió Rí-Rá a bheadh ann ach is stáisiún raidió na n-óg an prionsabal taobh thiar de. Bhí plé úsáideach ann, léirigh an coiste tacaíocht don tionscal agus bhí fonn ar na baill cúrsaí a chur ar aghaidh. Chuige seo, bunaíodh foghrúpa den choiste atá á thiomáint ag Niamh Ní Churnáin ó RTÉ, le hionadaíocht ó Raidió na Life, Raidió Rí-Rá, 2FM, Raidió na Gaeltachta agus Conradh na Gaeilge. Bhuail an foghrúpa le chéile roinnt uaireanta chun ábhair mar chomhpháirtíocht, féidearthachtaí, comhroinnt acmhainní, riachtanais mhaoinithe, agus oiriúnacht an ardáin don tseirbhís óige atá beartaithe a phlé. Is réamhriachtanas mór é maoiniú chun stáisiún na n-óg a bhunú agus tá sé sin go léir sa report atá againn. Bhí cruinniú den choiste ann cúpla seachtain ó shin. An bhfuil aon update ag Fionnuala ón gcruinniú sin faoi cad atá ag tarlú i dtaobh Raidió Rí-Rá?

Ms Fionnuala Murphy

Nuair a tháinig an foghrúpa le chéile, mhol siad go bhfuil gá taighde cuimsitheach a dhéanamh ar dtús chun a fháil amach cad iad suimeanna an aosa óg inniu. Ní éisteann a lán daoine óga le FM chomh minic agus a d’éist cheana. Bíonn smart-gléasanna acu agus déanann siad rudaí mar shruthú ceoil agus mar sin via Spotify agus YouTube, agus féachann siad ar a lán rudaí eile. Bhí an foghrúpa ag fiafraí an é FM an t-ardán is fearr do stáisiún nua nó an mbeidh gá don stáisiún a bheith il-ardánach, nó multiplatform. Tá an BAI agus Foras na Gaeilge ag teacht le chéile chun maoiniú a chur ar fáil don taighde sin. Tháinig an foghrúpa le chéile agus d’ullmhaigh siad doiciméad oibre ag leagan amach na rudaí gur fearr a bheith sa taighde sin, mar cheisteanna molta, garbh-chostais agus rudaí mar sin. Tá an BAI agus Foras na Gaeilge chun bualadh le chéile an tseachtain seo chugainn nó an tseachtain ina dhiaidh chun scoping document a chur le chéile chun go mbeidh muid in ann tendering process a rith ó thaobh an taighde sin. Sin mar a bhfuilimid faoi láthair agus tá gach duine toilteanach rudaí a chur chun cinn. Shocraigh an foghrúpa gur gá an taighde sin a dhéanamh ar dtús agus sin mar a bhfuil rudaí.

Mr. Michael O'Keeffe

Bhí ceist eile ann maidir le bearna ó thaobh guth na Gaeilge agus tacaíocht bhreise. Is dóigh liom go bhfuil an ceart ag an Teachta Calleary. Taispeánann na figiúirí ó thaighde Dr. John Walsh an staid ina bhfuil rudaí agus sin an staid atá tar éis a bheith ann ar feadh 30 bliain nó mar sin. Nuair a thosaigh na stáisiúin raidió i 1988 ní raibh an Independent Radio and Television Commission, IRTC, a bhí ann ag an am ag iarraidh go mbeadh ceol ar feadh an lae, nó wall-to-wall music, orthu. Cuireadh isteach tiomantais cosúil le nuacht, cultúr, ceol, Gaeilge, drámaíocht agus mar sin de ach is percentages beaga a bhí ann ag an am sin. Cuireadh na rudaí sin isteach sna conarthaí nuair a thosaigh na stáisiúin sin agus sin an staid inniu. Tá an rud céanna i gceist le Virgin Media freisin. Ní raibh aon tiomantas tugtha do na stáisiúin sin nuair a thosaigh siad.

Maidir le cad atá á dhéanamh againn, táimid ag déanamh iarrachta agus dúirt na stáisiúin le Dr. John Walsh cén cabhair atá ag teastáil uathu chun an Ghaeilge a láidriú iontu. Tá obair á dhéanamh againn leis an gcoiste, mar shampla, chomh maith le hOireachtas na Gaeilge, an website Aerthonnta agus an database sonraí Eolaire, lena féidir le daoine atá líofa sa Ghaeilge agus atá ag iarraidh cur isteach ar phost craolacháin do chlár Gaeilge clárú. Thosaigh sé sin an bhliain seo chaite. An bhfuil aon developments ansin?

Ms Fionnuala Murphy

Tá Aerthonnta agus Eolaire beo faoi láthair. Chun míniú beag a thabhairt air sin, ceann de na dúshláin a bhíonn ag stáisiúin, go háirithe stáisiún pobal, ná go mbíonn deacrachtaí acu ó am go ham láithreoirí le Gaeilge a fháil. Táimid ag déanamh ár ndícheall cabhair a thabhairt leis an fhadhb sin. Bunachar sonraí is ea Eolaire agus is féidir le daoine atá suim acu sa chraoltóireacht agus a bhfuil líofa sa Ghaeilge clárú air. Tá log-in process ag gach stáisiún tráchtála agus pobal agus tá siad in ann logáil isteach agus féachaint an bhfuil daoine ina gceantar féin atá toilteanach bheith ag obair i meán na craoltóireachta. Is acmhainn earcaíochta atá ann a dhéanann níos fusa é daoine mar láithreoirí, nó daoine atá sásta bheith ag obair i meán na craolta agus araile, a fháil. Sin cuid amháin.

Cuirimid maoiniú ar fáil do Ghaelchultúr freisin cúrsa féinrochtana a ullmhú do chraoltóirí a chraolann trí Bhéarla don chuid is mó ach gur mhaith leo feabhas a chur ar a scileanna Gaeilge. Tá an cúrsa sin leabaithe ar Aerthonnta faoi láthair agus tá fáil ag daoine ar an gcúrsa sin. Tá téarmaíocht agus frásaí a bhaineann go díreach leis an raidió ann agus tá siad in ann an cúrsa a dhéanamh am ar bith. Táimid ag déanamh rudaí chun feabhas a chur ar staid na Gaeilge agus na fadhbanna a deir daoine go bhfuil acu faoi láthair.

Mr. Michael O'Keeffe

Chomh maith leis sin, tá an scéim fuaim agus fís ann. Mar a dúirt mé, tá 25% den chiste ag dul go cláir Ghaeilge so tá opportunities ann do na stáisiúin tráchtála a bheith páirteach ansin. Tá grúpa na stáisiúin community, Craol, agus na stáisiúin tráchtála, an Independent Broadcasters of Ireland, IBI, mar pháirt den choiste freisin agus táimid encouraging na stáisiúin sin úsáid a bhaint as an scéim fuaim agus fís chun an méid Gaeilge atá ar na stáisiúin a chur i bhfeidhm.

Bhí ceist eile ann i dtaobh Raidió na Life agus an levy. Tá Raidió na Life ar an nominal levy ach bhí deacracht leis sin an bhliain seo chaite. Tá sé sin socraithe anois agus tá Raidió na Life ar an minimum ráta de €250 per annum. Tá an deacracht a bhí ann ina thaobh sin thart.

I dtaobh Dún Laoghaire, tá Raidió na Life ag craoladh ann.

Níl aon stáisiún pobal i nDún Laoghaire agus b’fhéidir go bhféadfadh stáisiún cosúil leis sin tosú ann. Tá cinn i Dublin south, Baile Átha Cliath thiar-thuaidh agus i mBlanchardastown agus areas mar sin. Má tá grúpa i nDún Laoghaire b’fhéidir go mbeadh opportunity stáisiún mar sin a thosú ann. Tá Raidió na Life ag craoladh i mBaile Átha Cliath go léir. An raibh ceist ag an Teachta Ó Cathasaigh domsa?

D’fhiafraigh mé faoi na spriocanna sa phlean gníomhaíochta agus na cinn is deacra le baint amach.

Ms Fionnuala Murphy

Tógfaidh mé an cheist sin. Ní raibh a fhios agam go raibh fadhb leis an nasc chuig an bplean so gabhaim buíochas don Teachta as mé a chur ar an eolas faoi sin.

Chuaigh mé i mbun gúgláil inniu.

Ms Fionnuala Murphy

Déanfaimid é sin a réiteach. Déanfaidh mé achoimre ghearr ar phlean gníomhaíochta an BAI don Ghaeilge. Tá ról fíorthábhachtach ag an BAI i leith cláir agus seirbhísí craolacháin Gaeilge in earnáil chlosamhairc na hÉireann a chur chun cinn agus a spreagadh. Leagtar amach an ról seo i misean, fís, luachanna agus spriocanna an BAI, atá ar fáil i ráiteas straitéise an údaráis. Sheol an t-údarás plean gníomhaíochta don Ghaeilge chun an Ghaeilge a fhorbairt agus a láidriú in earnáil chlosamhairc na hÉireann i bhFeabhra 2019. Tugann an plean aghaidh ar chúig réimse.

An chéad sprioc ná tacú le cláir agus stáisiúin Ghaeilge agus iad a fhorbairt agus a chur chun cinn trí thograí ceadúnaithe agus cistí craolacháin. Mar shampla, faoin sprioc sin tugann an BAI gealltanas go ndéanfaidh sé a dhícheall machnamh i leith seirbhís raidió FM nua a chur ar fáil. Maidir le seirbhís nua Gaeilge don aos óg, beidh seans ag páirtithe áirithe cur isteach ar an tseirbhís FM sin má chuirtear ar fáil é. Déanfaidh muid féidearthachtaí a mheas ó thaobh na seirbhíse don aos óg agus cabhair a thabhairt nó bheith ag caint faoi sin. Sin cuid d’obair an choiste comhairleach don Ghaeilge. Táimid ag caint le daoine agus tá foghrúpa bunaithe againn chun an sprioc sin a chur chun cinn, mar a labhair muid faoi níos luaithe.

Cuirfimid comhairle theicniúil ar fáil maidir le tarchur freisin mar is rud casta é. Níl a lán spás sa leathanbhanda faoi láthair. Ní duine teicniúil mé ach tá a fhios agam go bhfuil fadhbanna ag baint leis sin. Dá mbeadh seans ann stáisiún nua a chruthú, bheadh ceisteanna ann ó thaobh conas é sin a dhéanamh agus an mbeadh féidearthacht ann tarchur multi-city a bheith ann. Tá sé casta agus cosnaíonn sé a lán airgid freisin. Tá a lán le cur le chéile agus a bheith ag smaoineamh faoi. Táimid sásta cabhair a thabhairt do dhaoine maidir le ceisteanna a bheadh acu faoin tarchur agus mar sin de.

Baineann an sprioc seo le cistí maoinithe atá ag an BAI, mar fuaim agus fís, freisin. Leagtar amach a lán staitisticí faoin gciste sin san aighneacht. Mar a dúirt Michael, is gá 25% den chiste fuaim agus fís a chur ar leataobh i gcomhair tionscnaimh Ghaeilge nó dhátheangacha agus i 2020 bronnadh níos mó ná sin - 29%. Tá ciste um chartlannú againn freisin agus bronnadh níos mó ná €1.5 milliún ar TG4 thar na blianta chun ábhar craolta a chaomhnú agus a chur ar fáil don phobal. Tá sé sin ar fáil do dhaoine freisin.

An dara sprioc ná comhpháirtíochtaí Gaeilge a spreagadh agus bunaíodh an coiste comhairleach don Ghaeilge mar chuid den sprioc sin. Bhí muid ag iarraidh bheith ag plé agus ag caint le páirtithe leasmhara Gaeilge chun go mbeadh réim leathan de dhaoine atá ag obair in earnáil craolacháin na hÉireann in ann caint linn agus comhairle a thabhairt dúinn faoi na rudaí is tábhachtaí le cur chun cinn. Tá ionadaíocht ó TG4, RTÉ, Craol, IBI agus Screen Producers Ireland ar an gcoiste agus tagaimid le chéile ceithre huaire sa bhliain chun an plean agus na spriocanna atá ann a phlé. Tugaimid tús áite do spriocanna áirithe agus déanaimid obair orthu sin i rith na bliana. An bhliain ina dhiaidh, féachaimid orthu arís agus déanaimid monatóireacht ar an bplean. Tugann baill an choiste comhairle agus tacaíocht dúinn an plean a chur i bhfeidhm.

An tríú sprioc ná tacú le taighde. Thug an BAI maoiniú do Dr. John Walsh ó NUIG don tríú céim den taighde a bhí ar siúl aige faoi úsáid na Gaeilge ar an raidió. Tá sé sin leagtha amach san aighneacht freisin. Tugaimid gealltanas sonraí a bhailiú faoin bplean agus sin mar a rinne muid leis an tionscadal bailithe sonraí i leith na Gaeilge. Nuair a bhí an taighde ar siúl ag Dr. John Walsh agus Dr. Rosemary Day ar dtús bhí siad ag féachaint ar sceidil pháipéir na stáisiúin agus ní raibh siad ag déanamh anailís ar an ábhar craolta é féin. Sa tionscadal seo bhí muid in ann ábhar craolta a bhailiú ó gach stáisiún raidió agus teilifíse agus anailís a dhéanamh air. Tá sé sin an-tábhachtach agus an-chabhrach chun fáil amach cad atá á chraoladh ag stáisiúin i real time. Tá sé ar intinn againn na sonraí sin a bhailiú gach bliain chun go mbeidh muid in ann anailís a dhéanamh bliain ar bhliain agus treochtaí agus rudaí mar sin a aithint. Tá an chéad tuairisc ar fáil ar shuíomh an BAI. Chuaigh muid amach chuig na stáisiúin agus tá ábhar craolta bailithe againn maidir le 2020 freisin.

An cúigiú sprioc ná an próiseas freagartha a fheabhsú, monatóireacht agus tuairisciú ar an gcomhlíonadh san áireamh. Ó thaobh freagrachta de, déanaimid tuairisc an choiste comhairleach a fhoilsiú agus a chur faoi bhráid bord an BAI agus bord Fhoras na Gaeilge gach bliain, chomh maith le monatóireacht agus rudaí eile a dhéanamh. Sin achoimre ghearr ar an bplean.

Sin achoimre cuíosach fada. Gabhaim buíochas as ucht an bhfreagra.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe go dtí an cruinniú agus an díospóireacht seo. Tá cúpla ceist gasta agam faoi Raidió Rí-Rá. Gabhaim buíochas as an update maidir leis an stáisiún. Tá an BAI ag iarraidh taighde a dhéanamh anois ach tá níos mó taighde déanta ag Conradh na Gaeilge. Bhí feachtas mór ann thar na blianta agus tá mór-éileamh ann ó na daoine óga. Tá mo mhac féin naoi mbliana d’aois agus tá sé i gcónaí ag iarraidh éisteacht leis na hamhránaithe ar 2FM agus iRadio nuair atáimid sa charr.

Dá mbeadh an stáisiún sin ar FM, is é mo thuairimse go mbeadh níos mó éilimh air. Tá taighde déanta ag Conradh na Gaeilge agus b’fhéidir go mbeadh seans ag na finnéithe teagmháil a dhéanamh le Conradh na Gaeilge faoi sin i dtús báire.

Chomh maith le sin, maidir le huimhir a dó, tá imní ormsa maidir leis an nGaeilge agus stádas na Gaeilge tríd an tír anois maidir le Covid-19. Ní raibh na daoine ag casadh lena chéile mar a bhí siad thar na blianta a chuaigh thart. Ní raibh na daoine ag labhairt le chéile mar a bhí siad thar na blianta a chuaigh thart. Bhí siad istigh sna tithe féin. Ní raibh siad ag casadh i measc an phobail. Ní raibh siad ag labhairt Gaeilge i measc an phobail. Sin an fáth go bhfuil imní ormsa.

Mura bhfuil na daoine ag casadh le chéile, níl siad ag labhairt le chéile. Tháinig mé trasna seanfhocal cúpla bliain ó shin, i mBostún, ó bhean Chonamara darbh ainm Máire Concannon. Thug sí ráiteas maidir le seanfhocal dúchais ag an am gur chasadh na daoine ar a chéile ach nár chasadh na sléibhte ná na cnoic le chéile. The hills and the mountains do not meet but the people meet. Ach tríd Covid-19, ní na daoine ag casadh macasamhail leis na sléibhte agus na cnoic.

Tá fadhb agus bearna ann agus is é mo thuairimse go bhfuil deiseanna ann ar son gnáthstáisiúin, mar shampla, RTÉ 1 clár a bhaint amach a thacaíonn agus a chuidíonn, ní amháin le daoine óga, ach leis an bpobal. Tá na daoine taobh amuigh, timpeall na tíre seo agus go hidirnáisiúnta fosta, ag iarraidh cuidiú chun an teanga a fhoghlaim agus a fhoghlaim arís agus b’fhéidir go mbeadh deiseanna ann trí RTÉ a bheith ag tabhairt an chuidithe sin. Tá TG4 ag déanamh a sheacht ndícheall ar son na teanga agus tá sé ag bogadh ar aghaidh go dearfach agus go láidir, leis an gclár “Laochra Gael”, mar shampla, atá iontach suimiúil agus bíonn na daoine uile, le Gaeilge agus gan Ghaeilge, ag amharc ar an gclár sin.

Arís, tá an bhearna ann. Is é mo thuairimse go bhfuil an Ghaeilge níos laige tríd Covid-19 mar nach raibh na daoine ag casadh le chéile. Tá dualgas orainn uile, mar dhaoine a dhéanann an reachtaíocht, ach tríd an meán, raidió agus teilifís, b’fhéidir go mbeadh seans ann anois agus deiseanna ann fá choinne clár nuálaíocht, clár difriúil agus clár cruthaíocht a dhéanamh ar son na teanga ag iarraidh cuidiú leis na daoine a bhí ag iarraidh an teanga a fhoghlaim í a hathfhoghlaim arís.

Is iontach an rud é go bhfuil aitheantas tugtha faoi dheireadh ag an Teachta McHugh do Chonamara agus do bhean chliste mheabhrach as Conamara. Fair play dó. Tá saol taobh amuigh do Thír Chonaill.

Cuirim fáilte roimh an Aire, an tUasal O’Keeffe agus an fhoireann uile. Agus mé i mbun réitigh don chruinniú inniu, bhreathnaigh mé siar ar chúpla tuarascáil. Tosóidh mé leis an tuarascáil ón gcoiste agus tiocfaidh mé ar ais go dtí an tAire.

Luaigh an tUasal O’Keeffe tuarascáil Bhealtaine 2019. D’eascair an tuarascáil sin as beagnach obair dhá bhliain agus daoine, grúpaí agus eagraíochtaí ag teacht os ár gcomhair ag cur in iúl chomh buartha agus a bhí siad faoi cúrsaí craolacháin sa tír. Bhí iontas orainn. Ní raibh a fhios againn. Ní saineolaithe muid ach d’éist muid go géar. Rinneamar ár ndícheall, mar a rinne an fhoireann a bhí ag obair linn i ndáiríre, agus ní raibh i gceist ach ocht moladh. Níor bhain siad go léir leis an údarás ach bhain cúpla ceann leis, amhail uimhir a ceathair, go mbunódh Údarás Craolacháin na hÉireann coiste comhairleach Gaeilge. Tá sé sin déanta de réir mar a thuigim. Chomh maith leis sin, moladh go n-athostófaí oifigeach forbartha Gaeilge. An bhfuil sin déanta? An bhfuil oifigeach Gaeilge ann anois? Ní raibh coiste ann agus, de réir mar a thuigim, tá coiste ann anois.

Mr. Michael O'Keeffe

Tá foireann ann.

Tá foireann ann. An bhfuil ról faoi leith ann d’oifigeach Gaeilge?

Mr. Michael O'Keeffe

Níl ról faoi leith ann ach tá ceathrar ar an bhfoireann. Tá Fionnuala Murphy ag-----

Ghlac an t-údarás le cuid den mholadh ach níor ghlac sé leis an gcuid eile. Tá sé sin ceart go leor. Bhí moltaí ann ó thaobh an údaráis de. Ar bhreathnaigh sé ar na moltaí sin?

B’fhéidir gur cheart na ceisteanna a chur.

Gabh mo leithscéal. Tá sé deacair i gcónaí, i gcomhthéacs mar seo. B’fhearr liom i gcónaí a bheith ag obair as lámh a chéile mar go bhfuil sé ráite chomh minic agam, ní de bharr na paindéime, go bhfuil an Ghaeilge in áit atá thar a bheith baolach. Táimid ag díriú isteach ar chúrsaí craolacháin inniu agus an rud a léim amach don phróiseas a bhí ar siúl againne ag an bpointe sin ná go raibh Bealtaine 2019 chomh lag agus atá an tAcht Craolacháin 2009 agus dúramar go raibh sé práinneach é a neartú. Tiocfaidh mé ar ais go dtí an tAire leis an rud sin ach b’fhéidir go mbeadh an tUasal O’Keeffe in ann a thuairim féin a thabhairt faoi chomh lag is atá an reachtaíocht.

Tiocfaidh mé go dtí taighde John Walsh agus tá a fhios agam go raibh eisean agus an t-údarás ag obair as lámh a chéile leis do chéim a trí, agus fair play dóibh as sin. Thosaigh an Dr. Walsh agus an Dr. Day agus tháinig siad os ár gcomhair faoi dhó agus tá obair iontach déanta acu. Bhreathnaigh siad ar 57 stáisiún agus chuir siad os ár gcomhair a laghad Gaeilge a bhí á n-úsáid ar na stáisiúin uile atá ceadaithe ag an údarás. Tá dualgas reachtúil ar an údarás a chinntiú go bhfuil Gaeilge ar na stáisiúin sin agus monatóireacht a dhéanamh air sin. I mo thuairim, agus nílim á rá gurb é seo tuairim an Dr. Walsh ná an Dr. Day, tá ag teip ar an údarás, ar bhealach amháin nó bealach eile, a chinntiú go bhfuil Gaeilge ar na stáisiúin uile.

Bhreathnaigh Dr. Walsh agus Dr. Day ar an sceideal agus ansin chuaigh siad ar ais arís le céim a dó agus céim a trí leis an údarás, agus sraith agallaimh a bhí i gceist. B’fhéidir go mbeadh an t-údarás in ann díriú isteach ar an taighde sin, an méid atá foghlamtha aige agus cad atá le déanamh aige faoi sin, go háirithe ó thaobh ceadúnais agus conartha de. Tá an t-údarás ag tabhairt amach conartha gan choinníollacha. Chomh maith leis sin, tá síneadh ama i gceist ó thaobh na gconarthaí sin de, atá tugtha go huathoibríoch gan bhreathnú an bhfuil cibé coinníoll atá ann ó thaobh na Gaeilge de á chomhlíonadh ag an stáisiún. Tá sé sin thar a bheith tromchúiseach. Ba mhaith liom tuairimí an Uasail O’Keeffe a chloisteáil faoi sin.

Mar is gnáth le haon pholaiteoir, díreoidh mé isteach ar Ghaillimh agus ar Galway Bay FM. De réir mar a thuigim, tá sé thar a bheith dearfach ó thaobh na Gaeilge de, ach níl Gaeilge le cloisteáil air, in ainneoin go bhfuil sé ag freastal ar an nGaeltacht is mó sa tír. Tá sé dearfach ach tá bearna mhór ann. Cá bhfuilimid ag dul ó thaobh stáisiúin mar sin de, atá thar a bheith dearfach ach nach bhfuil focal Gaeilge le cloisteáil orthu?

Fáiltím roimh óráid an Aire inniu agus fáiltím roimh chomh dearfach is atá sí ó thaobh na Gaeilge de. Tá sé sin iontach, ach ba mhaith liom a tuairim a fháil ar an Acht Craolacháin 2009 agus chomh lag is atá sé. An bhfuil an tAire chun an deis a thapú leasuithe a chur ar an mBille atá beartaithe aici chun an tAcht sin a threisiú ó thaobh na Gaeilge de?

Tá tagairt déanta ag an Aire do RTÉ agus dúirt sí go bhféadfadh sé tarlú go mbeadh an coiste in ann cuireadh a thabhairt do RTÉ. Tá súil agam go mbeidh. Tá súil agam go mbeidh an Cathaoirleach agus an coiste sásta cuireadh a thabhairt do RTÉ because tá sé thar a bheith tábhachtach.

Deireann an tuarascáil ón gCoimisinéir Teana i 2018:

Níl sna cláir Ghaeilge a chraolann RTÉ ach níos lú ná 1% de na cláir theilifíse a chraolann sé trí chéile. Sin in ainneoin dualgas a bheith ar an gcraoltóir náisiúnta réimse cuimsitheach clár a chur ar fáil sa teanga sin. Léirítear in imscrúdú a rinne m’Oifig go bhfuil an líon clár teilifíse Gaeilge a chraolann RTÉ thar a bheith easnamhach, ar neamhréir le toil Thithe an Oireachtais agus [an rud is suntasaí agus is tábhachtaí] go bhfuil an craoltóir ag sárú an Achta Craolacháin.

Sin an cúlra. Is dócha go bhfuil dul chun cinn déanta. Níl mé cinnte faoi sin ach bíonn an coimisinéir i dteagmháil go rialta, de réir mar a thuigim, le RTÉ agus faoi phleananna atá i gceist agus so on. Ach deirtear go bhfuil an craoltóir “ag sárú an Achta”. Seo an dara grúpa. An tseachtain seo caite, bhí an Coimisinéir Teanga agus an Garda Síochána os ár gcomhair agus bhí an dlí á shárú aige freisin, is iad sin Acht an Gharda Síochána, 2005 agus Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003.

Fáiltím roimh na rudaí dearfacha atá ráite ag na finnéithe. Tá sé tábhachtach a bheith dearfach agus fáiltím roimh an airgead breise atá curtha ar fáil ag an Aire nua agus an Roinn nua, ach ní mór dúinn é a mheasúnú i gcomhthéacs stádas na Gaeilge maidir le cé chomh feiliúnach is atá sé agus an gá le bearta práinneach go sciobtha.

Críochnóidh mé le Raidió Rí-Rá. Tá sé ag streachailt ó 2008. Tá sé fós ar an talamh, ag craoladh do dhaoine óga le Gaeilge agus gan Ghaeilge, chun iad a mhealladh. Ní mór do na finnéithe breathnú ar sin agus scrúdú a dhéanamh ar Raidió Rí-Rá chun a fháil amach cén chaoi ar éirigh leis an fód a sheasamh chomh fada sin agus é ag streachailt an t-am go léir. Tá a fhios agam go bhfuil neart airgid faighte ag Raidió Rí-Rá agus eagraíochtaí eile ón Roinn. Tá mé buíoch as sin agus gabhaim buíochas ar son Raidió Rí-Rá freisin.

Tá rud eile ag teastáil uaidh anois, áfach, agus is é sin go mbeidh sé in ann craoladh ar FM. Níl a fhios agam cén fáth nach bhfuil sé sin déanta. Tá na finnéithe chun taighde eile a dhéanamh agus tá a fhios agam go bhfuil trédhearcacht agus oscailteacht i gceist, ach ar a laghad, iarraim orthu breathnú ar Raidió Rí-Rá agus fáil amach an bhfuil chiall cheannaithe faighte againn. Tá sé ag díriú isteach díreach ar an dream atá ligthe síos againn. Bhí sé sin soiléir ó gach eagraíocht a tháinig os ár gcomhair, nach bhfuil na daoine óga ag caint i nGaeilge mar ba chóir dóibh, i mo thuairim. Tá freagracht orainn, áfach, é sin a éascú agus tá ról thar a bheith lárnach ag Raidió Rí-Rá chun é sin a dhéanamh faoi láthair.

Bhí ceist dheireanach amháin agam maidir le fógraíocht. Chonaiceamar cé chomh heasnamhach agus a bhí cúrsaí fógraíochta ó thaobh na Gaeilge de le linn na paindéime. An bhfuil an tAire sásta anois an deis a thapú le Bille na dteangacha oifigiúla agus leasú a chur isteach chun a chinntiú go mbeidh céatadán faoi leith ann? Tá a fhios agam go bhfuil céatadáin éagsúla luaite ag Conradh na Gaeilge.

Is é an pointe ginearálta atá a dhéanamh agam ná, as seo amach, go gcinnteofar Bille go mbeidh céatadán faoi leith de fhógraíocht i nGaeilge i gcónaí ag gach comhlacht poiblí, go mbeidh céatadán faoi leith den bhuiséad caite ar fhógraíocht Ghaeilge agus nach mbeimid ar ais ag an bpointe riamh maidir leis an bpaindéim agus chomh maith leis sin ag an bpointe a bhfuil an fhógraíocht i mBéarla amháin. Ní féidir glacadh leis sin.

Fáiltím roimh an Aire, an tUasal O’Keeffe agus an fhoireann uile agus gabhaim buíochas dóibh as an tuairisc. Tá sé soiléir go bhfuil an-chuid oibre agus iarracht mhór á ndéanamh. Teastaíonn uainn cinntiú go mbeadh cothrom na Féinne ag muintir na Gaolainne, pé áit ina bhfuil siad.

Tá ról an-tábhachtach ag na meáin anseo chomh maith, ní amháin chun Gaolainn a chur os comhair an phobail i gcoitinne ach chun freastal ar Ghaeilgeoirí ó thaobh nuachta agus ceoil de agus ar gach slí eile chomh maith.

Tá jab ollmhór á dhéanamh ag Raidió na Gaeltachta ar feadh i bhfad agus gan dabht, lá breithe móire ag teacht chuige sula i bhfad. Léiríonn sé an tslí go bhfuil sé tar éis a bheith ábalta treisiú agus neartú trí na blianta. Léiríonn sé sin an tslí a bhfuil daoine an-sásta agus go bhfuil siad breá sásta tacaíocht a thabhairt don raidió mar go mbíonn freastal iontach á dhéanamh air. Ní fheadar an bhfuil éagothroime ann maidir le pá ag foireann Raidió na Gaeltachta agus fostaithe RTÉ eile? Ní fheadar an raibh aon teagmháil ag an Aire le RTÉ mar gheall air sin?

Ba mhaith liom díriú ar raidió. Tá sé luaite, díreach cúpla nóiméad ó shin, mar gheall ar an tuairisc sin ó 2019 a bhí ag an gcoiste seo cheana féin. Bhí an-chuid taighde déanta ag an am sin mar gheall ar an tslí go raibh nó nach raibh na raidiónna áitiúla ag freastal ar phobal na Gaolainne. Ní fheadar an raibh sé sna ceadúnais chun go mbeidís ag freastal nó an raibh aon spriocanna leagtha síos dóibh? Cén teagmháil a bhí ag na finnéithe leis na comhlachtaí raidió éagsúla nuair a tháinig sé chuig am athnuachana nó, i ndeireadh na dála, nuair a bhí sé soiléir nach raibh siad ag freastal, chun a chinntiú go ndéanfaí freastail ar mhuintir na Gaolainne?

Glacaim leis nach mbeadh public service i gceist acu sin agus go mbeadh siad ag díriú go huile agus go hiomlán ar chúrsaí airgid. Mar sin féin, tá comhlachtaí eile breá sásta freastal ar na Gaeilgeoirí chomh maith, mar shampla, Tesco, Aldi, Lidl, Wetherspoons agus a leithéid. Is comhlachtaí iad a thagann isteach ó lasmuigh den tír, a aithníonn pobal na Gaolainne agus atá breá sásta teagmháil a dhéanamh leo agus a chinntiú go mbeidís ag déanamh iarrachta éigin freastal orthu. Tá sciar mór de mhargadh ann a bhféadfadh na stáisiúin raidió seo a bheith ag freastal air chomh maith. Is dócha go bhfuil tairbhe ann ó thaobh airgid de. Ní public service atá á lorg againn. Tá buntáiste ann dóibh a bheith ag freastal ar phobal na Gaolainne. Ní fheadar go díreach cén iarracht atá déanta ag na finnéithe mar gheall ar dhíriú isteach ar na stáisiúin éagsúla ansin?

Is rud eile é atá bainteach leis ná na meáin áitiúla eile amhail na nuachtáin áitiúla. Feicimid an tslí a bhfuil brú ollmhór orthu le linn Covid-19 agus mar sin de agus go bhfuil siad ag lorg tacaíochta ón Stát. An raibh aon teagmháil chun a chinntiú go mbeadh coinníollacha Gaolainne ann nó go mbeidís ag freastal ar phobal na Gaolainne dá mba rud é go raibh aon mhaoiniú Stáit i gceist? Tá sé sin an-tábhachtach. Chonaiceamar le linn Covid-19 nach raibh fógraíocht á déanamh as Gaolainn agus nach raibh teagmháil á déanamh le pobal na Gaolainne. Léirigh sé sin easnamh a raibh a fhios againn go raibh sé ann cheana féin. Drochshampla atá ann i ndáiríre.

Maidir leis an bhfógraíocht agus is é sin caiteachas a bheith ag dul chuig na comhlachtaí poiblí éagsúla. Tá an coiste Gaolainne tar éis é a phlé cheana féin mar gheall ar fheabhas a chur ar an mBille teangacha chun a chinntiú go mbeadh spriocanna á leagadh síos ar na comhlachtaí poiblí éagsúla. Ní fheadar an bhfuil tuairim ag an Aire faoi sin? An bhfuil figiúr éigin ar aigne aici? Ceapaim go mbeadh sé ina rud dearfach, ní amháin go mbeadh sé ag cur na Gaolainne os comhair daoine ach bheadh sé ag cur sruth maoinithe chuig na comhlachtaí éagsúla a bheadh ag cur an fhógraíocht le chéile agus ag treisiú chúrsaí Gaolainne.

Baineann an cheist dheireanach le Raidió Rí-Rá. Tuigim ón Aire go bhfuil fochoiste, an foghrúpa seo, ar an bhfód ó Mheitheamh an bhliain seo caite.

Déanann sé ciall go ndéanfaí taighde ag an tosach agus go mbeadh eolas ann, ach tá beagnach bliain caite faoin tráth seo agus níl an scoping ach ar siúl feadh an ama. An bhfuil aon fhuinneamh, tine nó aon rud taobh thiar dóibh chun é sin a bhrú ar aghaidh níos tapa? An bhfuil aon sprioc-am leagtha síos chun a chinntiú go shiúlfadh siad trasna an líne tosaigh? Tá gá lena leithéid do Raidió Rí-Rá agus chun freastal ar dhaoine óga. Beidh siad fásta suas. Conas gur féidir linn é a bhrostú ar aghaidh chun a chinntiú go mbeidh an freastal sin ar an lucht éisteachta?

Ar dtús tagraím do na pointí a d'ardaigh an Teachta McHugh. Táim go mór i bhfách leis an gheilleagar agus aithním an tábhacht a bhaineann le freastal ar riachtanais chainteoirí Gaeilge agus ar riachtanais na ndaoine nach bhfuil Gaeilge láidir acu. Tá tábhacht ar leith bainteach leis an choincheap grá don teanga a chruthú i measc an aosa óg. Sin an fáth gur chuir mé maoiniú breise ar fáil do TG4 i mbliana agus gur chuir an Rialtas an Coimisiún um Thodhchaí na Meán ar bun chun maoiniú inbhuanaithe na meán a thacú. Táim ag súil go mór, mar a dúirt mé cheana, le moladh an choimisiúin maidir le cúrsaí Gaeilge. Anuas air sin, cuirfear béim ar leith sa choiste nua a bheidh le bunú faoin Bhille um rialáil sabháilteachta meán agus meán ar líne ar riachtanais dhaoine óga.

Chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc na ndaoine óga, tá an Roinn ag tacú le tograí éagsúla ar líne ar nós Trasna na dTonnta, Cruinniú na nÓg, Tuismitheoirí na Gaeltachta agus iliomad gníomhaíochtaí lena n-oifigigh pleanála teanga. Tá an oiread rud ar bun i saol na Gaeilge le linn na paindéime. Baineann go leor leis na scéimeanna agus na himeachtaí ar líne atá á maoiniú ag mo Roinn agus ag Foras na Gaeilge, agus tá imeachtaí beo bríomhaire ar bun ar líne san áireamh anseo ar nós "Cúla4 ar Scoil", campaí samhradh ar líne, ciorcail chomhrá ar líne agus scéim oiliúna peile ar líne sa Ghaeltacht. Ní mar a chéile iad ach tá moladh mór ag dul go dtí na grúpaí atá á ndéanamh.

Tagraím do na pointí a d'ardaigh an Teachta Connolly. Tugaim faoi deara an tagairt dearfach atá ag RTÉ leis an Choimisinéir Teanga agus a thiomantas a aithint chun soláthar ábhair Ghaeilge a mhéadú thar a ceithre stáisiúin féin agus an tiomantas ábhair mhéadaithe a sholáthar ar ardáin mhalartacha amhail an seinnteoir agus seirbhísí podchraoladh RTÉ. Fáiltím roimh an chomhthionscnamh nua, ar scáth a chéile, idir RTÉ agus TG4 a thabharfaidh an clúdach is leithne agus is féidir d'ábhair Ghaeilge ar ardchaighdeán, beag beann ar cén craoltóir seirbhísí poiblí a fuair an t-ábhar. Tá áthas orm go bhfuil sé ar intinn ag RTÉ, ag teacht lena tiomantas 365 uair an chloig de chláracha Gaeilge a chur ar fáil do TG4, an t-easnamh in uaireanta na bliana 2020 a sheachaint, easnamh a tharla mar gheall ar na deiseanna laghdaithe i dtaca le léiriúcháin ábhair a bhí ann de bharr Covid-19.

Déanann an BAI monatóireacht ar chraoltóireacht na Gaeilge cheana agus déanann an Coimisinéir Teanga monatóireacht ar chomhlíonadh an Achta Craolacháin 2009 freisin. Go deimhin, chonaiceamar an feabhas a rinne RTÉ ar chláracha Gaeilge a sholáthar tar éis tuarascáil an Choimisinéara Teanga in 2018. Mar chuid de phlean gníomhaíochta don Ghaeilge an BAI, chuir sé tús le tuarascáil bliantúil a bhaileoidh sonraí i leith na Gaeilge agus chuir an chéad tuarascáil i mí Feabhra marc tagartha ar fáil maidir le cé chomh maith is a bhí craoltóirí ag cloí lena ngealltanais maidir le cláracha Gaeilge, agus déanfar é seo a rianú le himeacht ama. Is céim thábhachtach chun tosaigh í seo agus b'fhéidir gur mhaith le Michael O'Keeffe ón BAI níos mó a rá faoi seo. Mar gheall ar an Acht Craolacháin 2009, beidh an Coimisiún um Thodhchaí na Meán ag cur tuarascáil ar fáil go luath agus ansin beidh seans agam an Achta a threisiú.

Aontaím gur ceart don Stát leanúint le craoltóireacht na Gaeilge a chur chun cinn gach bealach is féidir agus d'ardaigh Conradh na Gaeilge an cheist seo liom. Mar is eol do na Teachtaí, rinneadh plé ar an cheist seo ar Chéim an Choiste de Bhille na Teangacha Oifigiúla (Leasú) 2019, a cuireadh i gcrích le déanaí. Gheall mo chomhghleacaí, an tAire Stáit, an Teachta Chambers, machnamh a dhéanamh ar leasuithe a thabhairt ar ailt d'Acht na dTeangach Oifigiúla 2003 trí fhoráil a chur isteach ar Chéim na Tuarascála chun a chinntiú go ndéanfaidh forais phoiblí 20% dá gcuid fógraíochtaí trí mheán na Gaeilge le linn bliana ar bith. Chomh maith leis sin, chun a chinntiú go gcraoltar 5% den fhógraíocht sin le linn bliana ar bith sa mheán Gaeilge agus má achtaítear an fhoráil sin, d'fhéadfadh sé sruthanna ioncama breise a chruthú do TG4, tionscnamh a chuirimis go léir fáilte roimhe.

Níl an fógraíocht maidir le Covid faoi chúram mo Roinne ach, mar Aire, tá sé seo ríthábhachtach domsa. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh an fógraíocht Gaeilge ar fáil ag an am céanna leis an mBéarla agus tá mé tiomanta mar Aire go dtarlóidh sin. Seo ceist atá ardaithe agamsa arís agus arís. D'iarr mé ar mo chuid oifigigh an scéal a fhiosrú freisin.

D'ardaigh an Teachta Moynihan Raidió na Gaeltachta. Cé go ndéanann RTÉ a fheidhmeanna a fheidhmiú go neamhspleách, fáiltím roimh an athbhreithniú ar struchtúir grádaithe atá le teacht ó RTÉ lena n-airítear grád clár reachtaire faoi dheireadh na bliana seo. É sin ráite, creidim go láidir i bprionsabal an chomhionannais i ngach gné den saol, mar atá á léiriú sna ceapacháin atá déanta agam do bhoird Stáit atá faoi chúram na Roinne ó a ceapadh mé mar Aire. Níor mhaith liom a cheapadh go bhfuil fostaithe de chuid aon eagraíocht Stát nó neamhstát atá i mbun na hoibre céanna ar scálaí pá difriúla. Cuireann foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta seirbhís craolacháin den scoth ar fáil do phobal na Gaeltachta, ach go háirithe do phobal labhartha na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht chomh maith. Mar a dúirt mé, fáiltím roimh an athbhreithniú ar struchtúir grádaithe atá le teacht ó RTÉ. Is é mo thuairim pearsanta go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh Gaeilge agus Béarla ar chomhchéim agus go léireofaí an meas céanna don dá teanga. Tuigeann RTÉ go bhfuil dualgas aige faoin reachtaíocht i dtaobh na Gaeilge. Tuigim go mb'fhéidir go mbeidh RTÉ ag teacht os comhair na coiste go luath agus is féidir le comhaltaí an cheist a ardú le RTÉ ansin.

Thug mé freagra mar gheall ar an fhógraíochta agus ar an fhógraíocht Covid-19 don Teachta Connolly agus d'ardaigh an Teachta Moynihan na pointí céanna.

Mr. Michael O'Keeffe

Bhí cúpla ceist faoi Raidió Rí-Rá ó na Teachtaí Moynihan, Connolly agus McHugh. Caithfidh mé a rá ar dtús go bhfuilimid agus go bhfuil na comhaltaí den choiste an-supportive don concept of staisiún raidió na n-óg cosúil le Raidió Rí-Rá. Sin an chéad rud le rá. Tá deacrachtaí i dtaobh an transmission, mar a bhí Fionnuala ag rá, agus i dtaobh an airgid freisin ó thaobh running costs agus mar sin.

Sin iad na rudaí atá faoi chaibidil ag an subgroup.

Deireann an Teachta go bhfuil bliain imithe ach is bliain é since an presentation ó Dan Healy agus Gearóid MacDonncha as Raidió na Gaeltachta. Chuireamar an subgroup le chéile ag deireadh na bliana agus tá sé ag obair go tapa. Bhí cruinniú cúpla seachtain ó shin agus tá cruinniú eile den choiste i mí an Meitheamh agus beidh report eile. Táimid ag cur a lán resources istigh sa concept chun a fheiceáil an bhfuil sé possible. Tá sé mar pholasaí againn go mbeadh stáisiún cosúil le Raidió Rí-Rá ar an aer. Is féidir liom é sin a rá. Leis an bhfoireann atá againn sa subgroup, tá mé hopeful go mbeidh progress roimh dheireadh na bliana seo. Caithfidh mé é sin a rá i dtaobh Raidió Rí-Rá.

Mar a dúirt an tAire i dtaobh RTÉ, agus b'fhéidir go mbeidh RTÉ os comhair na committee seo, tá a fhios againn go bhfuil a lán oibre déanta ag Niamh Ní Churnáin atá ar an gcoiste linne agus atá ag obair sa ról in RTÉ. Tá a lán le déanamh ag RTÉ agus caithfidh mé sin a rá mar bím i dteagmháil le Niamh an t-am go léir.

Tagraím don tuarascáil ó 2019. Bhí ocht moladh ann, mar a dúirt an Teachta. Tá cúpla rud anseo. Tá an coiste againn agus bíonn ourselves agus Foras na Gaeilge ann. Bhí Éamonn Ó hArgáin ann ach tá sé imithe as an bpost ón mí seo caite. Rinneamar an-iarracht chun an coiste a chur le chéile agus tá an fhoireann againn. Tá ceathrar againn ag caitheamh níos mó ná 25% d'ár ama sa ról seo. Tá mé sásta go bhfuil na moltaí sin curtha i bhfeidhm.

I dtaobh na Gaeilge atá ar na stáisiúin, mar a dúirt mé leis an Teachta Calleary, seo iad na leibhéil a bhí na stáisiúin ag déanamh nuair a thosnaigh siad ag craoladh 30 bliain ó shin agus níl sé sin athraithe. Is fiú an cheist a phlé an mbeadh sé níos fearr quotas a chur ar stáisiúin. An é sin an route atá an coiste ag éileamh? Leis an obair atá á dhéanamh ag an gcoiste agus a luaigh Fionnuala, is dóigh liom go ndéanfaidh sé staid níos fearr ar na stáisiúin. Rinne an Teachta reference do Galway Bay FM. Ag am an chéad report, ní raibh sé ag craoladh as Gaeilge ach ní sin mar atá an cás anois. Tá gach stáisiún ag craoladh cláir Gaeilge ach aontaím leis an Teachta go bhfuil an percentage an-íseal. Níl aon cheist faoi sin.

Mar a mhaígh Dr. Walsh san report: "Measann cuid de na craoltóirí gur riosca tráchtála iad cláir Gaeilge." Sin rud amháin a maíodh sa report. An rud eile a maíodh ann ná go bhfuil deacrachtaí ann daoine agus cláir a fháil. Tá muidne ag cabhrú leis an dara rud a réiteach ach tá an riosca a bhíonn siad ag caint faoi ann agus sin view a bhfuil acu. Is é mo thuairim féin ná go bhfuil an polasaí atá againne ná obair tríd an gcoiste agus encourage na grúpaí chun níos mó Gaeilge a chur ar na stáisiúin agus support that through na databases agus na daoine. Sin í an tslí ach b'fhéidir nach n-aontaíonn an Teachta liomsa i dtaobh sin. B'fhéidir gur mhaith leis an Teachta níos mó-----

Bhí mé ag cur ceiste ar an BAI maidir leis an dualgas atá air faoin reachtaíocht. Ní raibh mé ag cur aon locht ar na stáisiúin. Tá sin do lá éigin eile. Tá a fhios agam go bhfuil Galway Bay FM dearfach ó thaobh na Gaeilge de ach tá mo cheist don BAI ar a dhualgas faoin reachtaíocht aird faoi leith a thabhairt don Ghaeilge i gcás stáisiún atá ag feidhmiú do cheantair Ghaeltachta. Tá sé scríofa agam anseo ach tá mo am tógtha agam mar sin níl mé ag iarraidh dul tríd. Bhí an cheist bhunúsach a chuir mé dírithe ar an BAI agus an dualgas atá air mar údarás nuair atá sé i mbun cinneadh a dhéanamh faoi cheadúnais a thabhairt. Tá dualgas ar an BAI aird a thabhairt don Ghaeilge.

Mr. Michael O'Keeffe

Sin mar a dhéanann an coimisiún. Tá na conarthaí i bhfeidhm ar feadh 30 bliain agus an méid Ghaeilge atá sna conarthaí sin, sin an méid atá ann do na stáisiúin go léir. Bheadh sé deacair é sin a athrú gan an tAcht a athrú. Cuireadh an cheist chéanna orm faoi na stáisiúin raidió. Caithfear an tAcht a leasú chun é sin a réiteach.

Tá fáilte roimh chách. An craoltóir a bhíonn teagmháil agam leis is minice ná Raidió na Gaeltachta. Déanann an fhoireann go léir thall i mBaile na nGall an-jab ar fad mar gheall ar chúrsaí nuachta, spóirt, ceoil, "An Saol ó Dheas" agus gach aon rud mar sin. Thosnaíodar i mBaile na nGall an aip Report-IT agus úsáideann a lán de na craoltóirí eile an aip sin i gcomhair cáilíochtaí nó soiléireachta fuaime den scoth a bheith acu.

An chéad cheist atá agam tá sé ar an easpa fógraíochta atá sna meáin. An dtacódh an tAire leis na leasuithe traspháirtí i Bhille na dteangacha go ndéanfaidh gach comhlacht poiblí 20% dá gcuid poiblíochta as Gaeilge agus go ndéanfaidh siad 5% de sin ar na meáin Ghaeilge? An bhfuil dóthain foirne ag Raidió na Gaeltachta chun freastail ar an sceideal 24-7 a chuireann sé ar fáil? An bhfuil an trealamh agus acmhainní riachtanacha eile cuí ar fáil do chraoltóirí Raidió na Gaeltachta chun a gcuid oibre a dhéanamh mar is ceart? An bhfuil sé ceart, ag an bpointe seo, a bheith ag smaoineamh ar Raidió na Gaeltachta a bheith neamhspleách ó RTÉ?

Tá sé soiléir nach dtuigeann bord bainistíochta RTÉ - agus tá RTÉ ag teacht os comhair an choiste freisin - an ról tábhachtach atá ag an gcraoltóireacht seirbhíse poiblí a dhéanann Raidió na Gaeltachta. Chuala mé an Teachta Ó Muimhneacháin ag caint faoi chúrsaí pá. Is iad sin na ceisteanna atá agam.

Táim ag féachaint ar an gclog toisc go bhfuil a fhios agam go bhfuilimid faoi bhrú. Níl ach ceist amháin bheag agam. Fillfidh mé ar cheist Raidió Rí-Rá. Dúirt Fionnuala Murphy go bhfuil taighde á dhéanamh ag an bhfochoiste. An nglacann na finnéithe go bhfuil an iomarca taighde déanta cheana féin? An nglacann siad go bhfuil stáisiún ann ó 2008 a fhreastalaíonn ar an aos óg? An gceapann siad gur ceart go mbeadh gach stáisiún ar fáil ar gach ardán, raidió FM san áireamh? Maraon leis an Teachta Ó Muimhneacháin, táim ag iarraidh spriocdháta. Cathain a bheidh cinneadh déanta maidir le spás ar an speictream FM do Raidió Rí-Rá? Luaigh Michael O'Keeffe mí an Mheithimh. Luaigh sé progress. Cén sórt dul chun cinn atá i gceist aige? An bhfuiltear ag súil le cinneadh dearfach ó thaobh an spáis sin i mí an Mheithimh? An mbeidh an t-údarás ag moladh go gcuirfear spás FM ar fáil? An bhfuil aon chinneadh déanta? Cad a bhí i gceist ag Michael O'Keeffe leis an dul chun cinn dearfach sin?

Tá áthas orm go bhfuil an plé seo ar bun. Aithním go bhfuil méid áirithe déanta ag an Aire laistigh de bhliain maidir le cúrsaí Gaeilge agus go dtógfaidh na hathruithe móra a theastaíonn am. Is é an chéad rud a gcaithfidh muid breathnú air, áfach, ná céard é fís na tíre agus fís an Oireachtais maidir leis an gcraolachán náisiúnta dúchasach Éireannach Béarla agus Gaeilge agus ansin maidir leis an gcraolachán trí Ghaeilge go sainiúil. Táimid báite in abhainn an Bhéarla anseo. Má bhreathnaítear ar an teilifís, feictear na céadta stáisiún atá ag craoladh trí Bhéarla. Níl aon easpa díobh. An bhfuil dóthain den chraoladh á dhéanamh go dúchasach in Éirinn? An bhfuil an iomarca clár á gceannach isteach ag RTÉ? Ansin caithfimid breathnú go sonrach ar ábhar an lae inniu, craoladh na Gaeilge. Tosaím i gcónaí leis an mbundlí atá againn agus a thug muid orainn féin. Deireann sé sin go bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga náisiúnta. Ní teanga mhionlaigh í an Ghaeilge in Éirinn ach príomhtheanga náisiúnta. Ní ceart dúinn sa Teach seo, ó tharla go bhfuil muid faoi gheasa an Bhunreachta, dearmad a dhéanamh air sin riamh.

Thosaigh an plé atá ar bun inniu mar gheall ar na ciorruithe a rinne RTÉ ar chaiteachas ar nuacht Gaeilge RTÉ agus nuacht Gaeilge TG4, gurb ionann iad. Is é an cheist atá agam le cur ar an Aire inniu ná an bhfuil i gceist aici athrú as cuimse a chur ar an gcreat cistíochta do chraoladh go ginearálta in Éirinn agus, go mórmhór, don chraoladh trí Ghaeilge? Ar na ceisteanna sonracha atá agam ná an bhfuil i gceist ag an Aire athrú ó bhun a chur ar chistíocht TG4 agus sciar ceart cistíochta as an táille cheadúnais agus as an Státchiste a thabhairt do TG4? Is stáisiún náisiúnta teilifíse é. Maíonn stáisiún eile gur an craoltóir náisiúnta é ach, do chuid mhaith daoine sa tír, is mó go bhfuil TG4 ina chraoltóir náisiúnta ná an stáisiún eile RTÉ. Laistigh de sin, an mbeidh soláthar ann le go mbeidh maoiniú ceart ag TG4 go díreach maidir le cúrsaí nuachta agus maidir le cúrsaí reatha? Thógfadh sé seo reachtaíocht. Níl mise ag iarraidh riamh a chloisteáil nár mhol coimisiún na meán é. Is muidne an tOireachtas agus is í an Teachta Martin an tAire. Is comhairle a chuireann chuile dhuine eile orainn. Is fúinn atá sé cinneadh a dhéanamh.

I measc na rudaí breise go dteastaíonn airgead go géar uathu ná cláir do ghasúir. Ní bealach níos fearr ina bhfoghlaimíonn gasúir teanga ná tríd an teilifís. Tá cláir do ghasúir agus do dhéagóirí ag teastáil maraon le tuilleadh clár teilifíse scoile.

Má bhreathnaítear ar chúrsaí reatha ar TG4, tá "7 Lá" ann, clár a mhaireann leathuair an chloig. Má bhreathnaíonn aon duine a bhíonn ag plé leis an dá stáisiún ar ar na hacmhainní atá ag an gclár sin le hais acmhainní "Prime Time" amháin, mar shampla, feiceann sé nó sí go bhfuil daoine ag titim ar a chéile i gceann amháin, agus ní hé TG4 é. Fadó sna 1970í, bhí leathuair ag RTÉ do chúrsaí reatha. "Féach" an t-ainm a bhí ar an gclár sin. Tá "7 Lá" anois ina áit. Níl aon dul chun cinn déanta in ainneoin go bhfuil stáisiún náisiúnta ag craoladh trí Ghaeilge.

Aontaím leis an méid a dúradh ach an bhfuil sé i gceist cistíocht a thabhairt díreach ón Státchiste nó ón táille cheadúnais do Raidió na Gaeltachta, gan aon lámh a bheith ag RTÉ sa scéal? Chinnteodh sé sin cothromas agus cumas maidir le cláir a dhéanamh. Bheadh sé thar a bheith spéisiúil don Aire anailís a dhéanamh ar cé mhéad duine atá gafa le "Morning Ireland" agus cé mhéad duine atá ag RTÉ Raidió na Gaeltachta le "Adhmhaidin" a chur ar an aer. Tá an rud céanna i gceist um thráthnóna. Thuigfí go gcaitear leis an nGaeilge i gcónaí in áit na leathphingine agus go bhfuil éacht á dhéanamh ag an bhfoireann ar phá níos lú.

Tá Raidió Rí-Rá luaite anseo ach is é an t-éileamh atá ann i measc mílaoisigh ná go mbeadh stáisiún raidió náisiúnta ann do dhaoine óga a bheadh ag craoladh go minic agus a bheadh ag feidhmiú go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Is féidir le Raidió Rí-Rá nó le stáisiún náisiúnta nua a bhunófaí le cistíocht dhíreach ón Státchiste an ról sin a ghlacadh. Is cuma liom ach ba cheart go mbeadh stáisiún náisiúnta ar nós Raidió na Gaeltachta ann a bheadh dírithe ar aos óg na tíre seo agus a bhfaigheadh cistíocht ón lárchiste. Tugaimis 2FM na Gaeilge air le go dtuigfí an cineál ruda, múnla nó creata atá i gceist agam.

Is ceisteanna don Aire iad seo mar is ceisteanna móra polasaí iad. Cuireann Údarás Craolacháin na hÉireann an polasaí i bhfeidhm ach is muide sa Teach seo, agus an Teachta Martin mar Aire, a chuireann an mórpholasaí i bhfeidhm. Tá sé thar am anois mórathrú a dhéanamh ar an mórpholasaí agus gan a bheith ag obair timpeall ar an imeall gan an t-athrú radacach is gá a dhéanamh a dhéanamh.

Toisc nach mbeidh deis eile agam, cuirfidh mé dhá cheist an-ghasta. An bhfuil aon ról ag an Aire nó ag an údarás i dtaca le cothromaíocht pá idir RTÉ agus Raidió na Gaeltachta agus TG4? Tháinig ceist chun cinn le déanaí maidir le fógraíocht. Níl gnáthfhógraíocht ar na meáin atá i gceist agam ach fógraíocht ar líne. Tá Google ag diúltú fógraíocht as Gaeilge a ghlacadh. An bhfuil aon ról ag an údarás maidir leis seo nó an mbeidh ról aige tar éis achtú an chéad Bhille craolacháin eile? Táimid tar éis bogadh go hiomlán i dtreo na meán ar líne agus na meán sóisialta. Measaim gur gá dúinn smaoineamh air sin agus muid ag caint faoin gcraoltóireacht amach anseo.

Glaofaidh mé ar an Aire. Tá cúig nóiméad aici agus cúig eile ag Michael O'Keeffe. Tá brón orm ach caithfimid críochnú ag 4 p.m.

Maidir le fógraíocht, aontaím leis an Teachta Daly gur ceart don Stát leanúint leis an nGaeilge a chur chun cinn i ngach bealach is féidir, mar a dúirt mé cheana. D'ardaigh Conradh na Gaeilge an cheist chéanna liom. Mar is eol do na Teachtaí anseo, rinneadh plé le déanaí ar an gceist ag Céim an Choiste de Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019. Gheall an tAire Stáit, an Teachta Chambers, go ndéanfaidh sé machnamh ar leasú a dhéanamh ar alt 9 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 trí fhoráil a chur isteach ar Chéim na Tuarascála chun a chinntiú go ndéanfaidh forais phoiblí 20% dá gcuid fógraíochta trí mheán na Gaeilge le linn bliana ar bith. Chomh maith leis sin, cinnteofar go gcraolfar 5% den fhógraíocht sin ar na meáin Ghaeilge le linn bliana ar bith. Má achtaítear an fhoráil seo, d'fhéadfaí sruthanna ioncaim bhreise a chruthú do TG4 ó fhógraíocht ón earnáil phoiblí, tionscnamh a gcuirfimis go léir fáilte roimhe.

Maidir le Raidió na Gaeltachta a bheith neamhspleách, b'fhéidir go bhfanfaidh mé go dtí go bhfaighim an tuarascáil ón gcoimisiún i mí Iúil. B'fhéidir go mbeidh Michael O'Keeffe in ann freagra a thabhairt ar an gceist sin. B'fhéidir go mbeadh freagra ag RTÉ freisin nuair a thiocfaidh a ionadaithe os comhair an choiste.

Chuir an Seanadóir Clifford-Lee ceist faoi Raidió Rí-Rá. Dúirt mé i m'óráid go bhfuil sárobair déanta ag Raidió Rí-Rá ag mealladh daoine óga tríd a aip d'fhóin chliste agus a phodchraoltaí. Mar Aire, is maith liom a chloisteáil ón BAI go bhfuil sé ag tacú i bprionsabal le stáisiún raidió do dhaoine óga agus go bhfuiltear ag súil le dul chun cinn maidir leis an gceist seo roimh dheireadh na bliana. Is ceist thábhachtach é.

D'ardaigh an Teachta Ó Cuív a lán ceisteanna tábhachtacha. Táim ag déileáil leis na ceisteanna seo tríd an gCoimisiún um Thodhchaí na Meán. Foráiltear sa chlár Rialtais go mbunófar an coimisiún seo chun todhchaí na meán clóite, craolta agus ar líne a mheas. Reáchtáil an coimisiún comhairliúchán poiblí níos luaithe i mbliana. Bhí áthas orm go ndearnadh 15 aighneacht ina raibh tráchtaireacht agus moltaí ar leith maidir le craoltóireacht na Gaeilge. Tháinig iad sin ó Raidió Rí-Rá, Gael Linn, Comhar, Scáileán Thuaisceart Éireann, Fís Éireann, Conradh na Gaeilge, Ceardchumann Náisiúnta na nIriseoirí, Raidió na Life, Raidió na Gaeltachta, Sinn Féin, RTÉ agus an BAI. Tugaim faoi deara go ndearnadh ionadaíocht ar an nGaeilge le linn na sraithe idirphlé ar théamaí a d'eagraigh an coimisiún, ina raibh cur i láthair ó Julian de Spáinn, ardrúnaí Chonradh na Gaeilge, agus Alan Esslemont, ardstiúrthóir TG4, le cloisteáil. Táim ag tnúth leis an tuairisc sin. Tá sé ag teacht agus, le cúnamh Dé, beidh sé agam i mí Iúil. Sílim go ndéanfar déileáil lena lán de na ceisteanna atá ag an Teachta sa tuairisc sin.

Maidir le TG4, bhí áthas orm maoiniú forlíontach de €1.9 milliún a chur ar fáil do TG4 sa bhliain 2020 i gcomhair na gcostas breise a bhain le cláir a bhain le Covid-19 a chur ar fáil, go háirithe "Cúla4 ar Scoil". Leis an maoiniú breise de €3.5 milliún a fuair mé don bhliain 2020, ba é an leithdháileadh iomlán i mbliana €40.7 milliún, figiúr a sháraíonn an maoiniú a mhol an BAI, is é sin, €6 milliún thar an leibhéal maoinithe don bhliain 2016. Maidir le cé a dhéanann an cinneadh gur ceart nó nach ceart go mbeadh maoiniú TG4 mar an gcéanna le maoiniú S4C, tá freagracht reachtúil ar Údarás Craolacháin na hÉireann riachtanais mhaoinithe TG4 a mholadh. Rinne mé beart de réir mo bhriathar i dtaca leis sin. Déanfaidh mé mo mhachnamh ar aon mholtaí breise a dhéanann an Coimisiún um Thodhchaí na Meán.

Ó thaobh scálaí pá i Raidió na Gaeltachta de, táim ar an eolas faoin gceist thábhachtach seo. Mar a dúirt mé cheana, cé go ndéanann RTÉ a fheidhmeanna a fheidhmiú go neamhspleách, fáiltím roimh an athbhreithniú ar struchtúir ghráid atá le teacht ó RTÉ. Dúirt mé níos luaithe go bhfuilim den tuairim go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh an Ghaeilge agus an Béarla ar chomhchéim agus go léireofaí an meas céanna don dá theanga.

Mr. Michael O'Keeffe

I dtaobh an tarchuir ná transmission, ní féidir linn stáisiúin eile a chur ar fáil ar FM. Is é sin an chúis go bhfuil muid ar raidió hibrideach. Téann sé ó 88 go 106 agus tá a lán stáisiún laistigh de sin. Is féidir linn spás FM a chur ar fáil sna cathracha agus sna réigiúin ar bhonn multicity agus caithfimid cur chuige hibrideach a úsáid ar na platforms chun craoladh don náisiún ar fad. B'fhéidir go mbeidh Fionnuala Murphy in ann déileáil leis an gceist faoin am.

An féidir le Michael O'Keeffe an pointe seo a dhéanamh arís? Ní thuigim cad a bhí i gceist aige.

Mr. Michael O'Keeffe

I will explain as Béarla mar tá deacracht ann leis na téarmaí teicniúla.

Tá sé sin ceart go leor.

Mr. Michael O'Keeffe

There is limited FM spectrum available, so we cannot introduce another national station. As the Senator will know, all of the RTÉ services, Newstalk and Today FM are national services. We do not have capacity on the FM spectrum for another full national service. We would instead have a mixture, the hybrid concept. This would comprise a mixture of transmission in a number of cities and large areas and other platforms. Is é sin an-----

Ní bheadh sé indéanta spás a chur ar fáil do Raidió Rí-Rá go náisiúnta.

Mr. Michael O'Keeffe

Ní féidir é a dhéanamh ar bhonn iomlán náisiúnta.

Beidh deacrachtaí ann.

Mr. Michael O'Keeffe

Beidh mar níl spás ann ar an speictream FM.

Ms Fionnuala Murphy

Ó thaobh na ceiste a bhí ag an Seanadóir maidir le taighde agus spriocdhátaí, d'fhiafraigh sí an raibh an iomarca taighde déanta. Bhí taighde déanta ag an Broadcasting Commission of Ireland in 2004 ach tá sé as dáta anois. Ag an am sin ní raibh Facebook ná a leithéid ann. Tá an tírdhreach go hiomlán athraithe. Ba mhaith linn an taighde a dhéanamh arís. Tá taighde déanta ar nósanna daoine óga ag RTÉ agus a leithéid ach níl sé dírithe-----

Tá brón orm ach caithfidh mé deireadh a chur leis an gcruinniú. Má tá na finnéithe ag iarraidh aon fhreagraí a chur i scríbhinn, is féidir iad a chur ar aghaidh chuig an gcoiste agus scaipfear iad.

An féidir liom ceist-----

Ní féidir. Tá 4 p.m. sroichte againn. Tá brón orm.

Ní raibh ach tamall gairid agam.

Tá brón orm ach tá daoine eile ag iarraidh freagraí nach bhfuair siad freisin. Is é sin mar atá.

Mr. Michael O'Keeffe

Is féidir leis an Seanadóir ceisteanna a chur orainn i scríbhinn.

Thar ceann an choiste, gabhaim buíochas leis an Aire agus le hionadaithe Údarás Craolacháin na hÉireann as a bheith linn inniu. Tá an cruinniú ar athló go dtí 26 Bealtaine 2021, nuair a dhéanfar plé ar chaighdeán Gaeilge múinteoirí nuacháilithe agus deontais d'ábhair oidí atá ag tabhairt faoi thréimhsí foghlama sa Ghaeltacht mar chuid dá n-oiliúint. Beidh ionadaithe anseo ón gComhairle Mhúinteoireachta agus ó Ghael-Taca.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 4 p.m. go dtí 2 p.m. Dé Céadaoin, 26 Bealtaine 2021.
Barr
Roinn