Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Wednesday, 23 Jun 2021

Gnó an Chomhchoiste

Maidir leis an dréacht-thuairisc dár gcruinniú leis An Garda Síochána ar an 16 Meitheamh, aontaím le plé arís agus go gcuirfí aon mholtaí ag comhalta ina leith mar chuid den tuairisc. Tháinig cúig mholadh isteach agus roinn an cléireach iad leis na baill inné. Má aontaíonn daoine, is féidir linn an tuairisc a aontú agus í a chur faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid. An bhfuil sin ceart go leor? Tá sé aontaithe.

Nuair a bheidh muid réidh, eiseoimid preasráiteas inár n-ainmneacha go léir, agus scaipfimid é. A luaithe is atá an tuairisc críochnaithe, scríobhfaidh mé chuig an gCeann Chomhairle agus chuig Cathaoirleach an tSeanaid ag lorg plé ar an gceist sin agus díospóireacht sa Seanad agus sa Dáil bunaithe ar an méid a dúirt an Coimisinéir Teanga agus Coimisinéir an Gharda Síochána linn, agus na moltaí atá againn. É sin ráite agam, níl aon ghnó eile ann.

An tseachtain seo chugainn, beidh an tAire Oideachais ag teacht os ár gcomhair ag déileáil le ceist múinteoirí nuacháilithe agus caighdeán na Gaeilge, agus deontas do mhúinteoirí tabhairt faoi thréimhsí foghlama sa Ghaeltacht mar chuid dá gcuid oiliúna, mar aon le curaclam nua na hardteistiméireachta, T1 agus T2. Is iad sin na hábhair a bheidh á bplé againn leis an Aire an tseachtain seo chugainn ar 30 Meitheamh 2021.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 2.31 p.m. go dtí 12.30 p.m., Dé Céadaoin, 30 Meitheamh 2021.
Barr
Roinn