Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Wednesday, 14 Jul 2021

Todhchaí na gColáistí Samhraidh agus an tacaíocht atá á hiarraidh ina leith: Plé.

Dia dhaoibh a chairde. Tá ceathrar comhaltaí i láthair, Teachta Dála agus Seanadóir san áireamh. Tá córam againn agus is féidir linn tús a chur leis an gcruinniú dá réir. Tá leithscéalta faighte againn ón Teachta Pa Daly agus ón Seanadóir Niall Ó Donnghaile agus is dócha go bhfuil roinnt comhaltaí eile ar tí teacht isteach anois.

Déanfaimid breathnú inniu ar thodhchaí na gcoláistí samhraidh agus an tacaíocht atá á hiarraidh ina leith. Fearaim fáilte roimh Frank Ó Maoláin, cathaoirleach Chomhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh, CONCOS; Máire Denvir, oifigeach caidrimh phoiblí; agus Maria Nic Dhonncha, feidhmeannach atá anseo mar ionadaithe ón eagraíocht sin. Fearaim fáilte freisin roimh Antoine Ó Coileáin, príomhfheidhmeannach; agus Réamonn Ó Ciaráin, stiúrthóir, atá anseo ina n-ionadaithe ó Ghael Linn. Gabhaim buíochas leo as a bheith anseo inniu.

Ba mhaith liom a thaifeadadh freisin go bhfuil na finnéithe lonnaithe i Seomra na Dála linn le linn an chruinnithe seo agus a chur ar aird na bhfinnéithe, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh, 2009, go bhfuil siad faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo chomh fada is atá siad lonnaithe sa seomra coiste féin. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh, ámh, éirí as an bhfianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cáilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo, más ann dóibh. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach ina ainm nó ina hainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Tá tábhacht faoi leith ag baint leis na coláistí samhraidh agus is cuid lárnach de gheilleagar na Gaeltachta iad. Tá siad dúnta le dhá bhliain anuas anois agus is mór an caillteanas é do phobal na Gaeltachta. Cosúil le haon earnáil ghnó agus oideachais eile ní féidir leo maireachtáil ar an tearmann atá le teacht. Ní mór dóibh teacht slán tríd an ngéarchéim reatha agus ní féidir leo é sin a dhéanamh gan an tacú ón Rialtas atá ag dul dóibh. Tá an comhchoiste ag iarraidh na gnéithe éagsúla den tacú sin agus an tslí is éifeachtaí chun é sin a chur i bhfeidhm agus a leithéid sin a phlé leis na hionadaithe. Agus é sin ráite agam, iarraim ar oifigeach caidrimh phoiblí CONCOS, Máire Denvir, labhairt os comhair an chomhchoiste chun a cur i láthair a dhéanamh.

Ms Máire Denvir

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Ba mhaith liom thar ceann CONCOS buíochas a ghabháil le Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge as an gcuireadh a thug sé dúinn labhairt leis faoi thodhchaí na gcoláistí samhraidh agus an tacaíocht atá á hiarraidh ina leith. Is oifigeach caidreamh poiblí de chuid CONCOS mé agus i mo theannta ónár n-eagraíocht tá Frank Ó Maoláin, cathaoirleach, agus Maria Nic Dhonncha, feidhmeannach.

Tabharfaidh mé cur síos ar chúlra agus feidhm na gcoláistí Gaeilge. Is institiúid chultúrtha sheanbhunaithe ar leith iad na coláistí Gaeilge i saol na hÉireann ó cuireadh tús i gcéaduair leo in aimsir Chonradh na Gaeilge i dtús an 20ú haois.

Tá siad ag feidhmiú go rathúil sa tír le beagnach 120 bliain.

Sa saol atá anois ann, tugann na coláistí Gaeilge daoine óga ó cheann ceann an oileáin seo go dtí an Ghaeltacht agus cuireann siad ar a súile dóibh go bhfuil an Ghaeilge beo i gcónaí agus í á labhairt mar ghnáth-theanga chumarsáide i ngnáthshaol bríomhar laethúil phobal na háite. Is é príomhchuspóir scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge a fheidhmíonn Roinn na Gaeltachta ná “cabhrú tuilleadh le muintir na Gaeltachta chun foghlaimeoirí Gaeilge a choimeád ar iostas ina dtithe cónaithe”. Is iad na páirtithe leasmhara sa ghníomhaíocht seo ná na coláistí Gaeilge, an lucht lóistín, nó na mná tí, agus lucht stiúrtha na hallaí pobail agus hallaí eile. Tá siad ar fad fite fuaite lena chéile in aon aonad amháin ag obair as lámha a chéile. Ar scáth a chéile a mhaireann muid agus níorbh ann do dhream acu gan an dream eile a bheith ina dteannta. Ar an ábhar sin, agus in ainneoin go gcuireann CONCOS fíor-fháilte roimh an bhfógra ar an 8 Iúil faoi phacáiste cúitimh do na mná tí, is cúis mhór díomá dúinn gan aon socrú a bheith déanta ag an am céanna do na coláistí agus do na hallaí, go mór mór agus an ciste cobhsaithe fógartha in Aibreán.

Tacaíonn na coláistí Gaeilge, trína gcuid gníomhaíochtaí, leis an Stát a chuid freagrachtaí a chomhlíonadh maidir leis an nGaeilge, leis an gcultúr agus le pobal na Gaeltachta ar go leor bealaí. Is iad na coláistí Gaeilge a earcaíonn, a eagraíonn, a riarann agus a sholáthraíonn na foghlaimeoirí Gaeilge a thagann chun na Gaeltachtaí. Ina theannta sin, éascaíonn siad próiseas feidhme na scéime don Roinn roimh agus le linn na gcúrsaí.

Déanann CONCOS ionadaíocht do na coláistí Gaeilge agus oibríonn muid i ndlúthpháirtíocht le Roinn na Gaeltachta maidir le cur chun cinn chuile ghné d’obair na gcoláistí Gaeilge, trí chruinnithe rialta den choiste deonach de dheichniúr a thoghtar go bliantúil ó na ceantair éagsúla Ghaeltachta. Bhí comhaontú sheachadadh gníomhaíochta trí bliana ann idir CONCOS agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán a chuir maoiniú ar fáil a íocann cuid mhaith de thuarastal an fheidhmeannaigh. Íoctar costais eile na heagraíochta ó tháillí ballraíochta na mball-choláistí. Laghdaíodh maoiniú bliantúil CONCOS ó Roinn na Gaeltachta ó €65,000 go €45,043 sa bhliain 2020. Tá CONCOS ag iarraidh ardú ar a laghad ó leibhéal 2021 ar an maoiniú seo, go háirithe i gcomhthéacs na hoibre atá amach romhainn agus muid ag pleanáil d’athoscailt na hearnála. Táimid ag iarraidh freisin go n-aontófaí comhaontú sheachadadh gníomhaíochta nua trí bliana don eagraíocht ó 1 Eanáir 2022. Caithfear é sin a dhéanamh gan mhoill.

Maidir le tionchar teanga na gcoláistí Gaeilge, léiríonn an taighde go bhfuil tionchar an-dearfach teanga ag na coláistí Gaeilge ar pháirtithe uilig na hearnála. Sa chéad áit, bíonn tionchar thar a bheith dearfach ag na cúrsaí Gaeltachta ar na scoláirí. Déantar sóisialú orthu trí Ghaeilge, go mór mór iad siúd a dhéanann réamh-chúrsaí. Cuirtear ar a súile dóibh gur fiú agus gur féidir leo saol forásach, bisiúil, sofaisticiúil, nua-aoiseach a chaitheamh agus an Ghaeilge a bheith mar urlabhra acu. Cuireann siad eolas ar theanga agus ar chultúr beo na Gaeilge i spás sábháilte do dhéagóirí. Mar bharr air sin, déanann na scoláirí forbairt phearsanta agus cuireann siad aithne ar a bhféiniúlacht féin agus ar chultúr beo na Gaeilge, gné d’obair na gcoláistí a chuireann tuismitheoirí na scoláirí fíor-fháilte roimhe.

Maidir le foireann na gcoláistí, idir múinteoirí agus cúntóirí, nó ard-chinnirí, na gcúrsaí, coinníonn na cúrsaí iad i dteagmháil leis an teanga bheo agus déanann siad athnuachan ar a dtiomantas dá ngairm múinteoireachta.

Léiríonn an taighde maidir le haiseolas leanúnach ó bhliain go chéile leibhéal an-ard sástachta i measc tuismitheoirí na scoláirí. Tá sé curtha in iúl ag tuismitheoirí do na coláistí le dhá bhliain anuas go n-airíonn siad na coláistí go mór uathu in aimsir na paindéime.

Bíonn tionchar mór ag na coláistí ar phobal na Gaeltachta freisin maidir le caomhnú na Gaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh sna ceantair ina bhfeidhmíonn siad.

Bíonn tionchar teanga thar a bheith dearfach ag gníomhaíochtaí na gcoláistí Gaeilge ar óige na Gaeltachta ach go háirithe. Ní hamháin go gcuireann na coláistí Gaeilge fostaíocht agus oiliúint ar fáil dóibh ach is léir freisin go spreagann an obair seo iad le ceannaireacht a thabhairt maidir le cúrsaí teanga ina bpobail féin.

Tá ról tábhachtach na gcoláistí Gaeilge aitheanta freisin sa chóras pleanála teanga atá ar bun i bpobail Ghaeltachta ina bhfuil coláistí ag feidhmiú faoi láthair. Ina theannta sin, cuireann obair na gcoláistí go mór le polasaithe agus straitéisí an Rialtais sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

Chomh maith leis an tionchar teanga seo, tá tionchar an-láidir eacnamaíoch ag na coláistí ar an nGaeltacht. Is fiú idir €50 milliún agus €60 milliún sa bhliain na coláistí Gaeilge do na ceantair éagsúla Ghaeltachta agus téann bunáite an ioncaim díreach chuig pobal labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht, mar atá, an lucht lóistín a choinníonn scoláirí ina dtithe féin. Chomh maith leis sin, cuireann an earnáil fostaíocht fhorleathan ar fáil sna ceantair ina bhfeidhmíonn siad.

Tá bagairtí agus dúshláin éagsúla ann do na coláistí Gaeilge agus muid ag tabhairt aghaidhe ar an todhchaí, cuid acu ag éirí as paindéim Covid-19, agus tuilleadh fós ag dul siar i bhfad roimh an phaindéim. Ceann de na mórfhadhbanna a ghoill ar na coláistí le blianta anuas ná cinneadh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ar an 14 Deireadh Fómhair 2008 an deontas caipitíochta €52 in aghaidh an scoláire a bhaint de na coláistí Gaeilge. Chuidigh an deontas seo le gnéithe an teagaisc agus an oideachais d’obair na gcoláistí agus thug sé ról lárnach don Roinn Oideachais in imeachtaí na gcoláistí, ról nach bhfuil ann i gceart níos mó nó atá an-doiléir faoi láthair. Iarraimid go dtabharfar ar ais an deontas seo láithreach. Creidimid gur mar stól tríchosach ba chóir don earnáil bheith ag feidhmiú agus go mba cheart go mbeadh comhphlé go rialta idir Roinn na Gaeltachta, An Roinn Oideachais agus lucht stiúrtha na gcoláistí Gaeilge maidir le riaradh na hearnála.

Dúshlán eile don earnáil ná deontas laethúil na dteaghlach Gaeltachta faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge. Ag tús an chúlú eacnamaíochta, laghdaíodh an deontas seo ó €10.50 san oíche go dtí €9.50, agus ardaíodh ina dhiaidh sin é go dtí €10. Tá sé fágtha ag €10 le deich mbliana anuas, gan aon aird ar ardú ar chostais chóiríochta agus cothabhála an lucht lóistín. Tá CONCOS ag iarraidh ardú ar an deontas laethúil seo ar aon chéim ar a laghad le boilsciú agus le hardú praghsanna le deich mbliana anuas. Tá deontas laethúil na gcoláistí cónaithe, nó na brúnna, laghdaithe sa tréimhse chéanna ó €10 go dtí €5 agus tá CONCOS ag iarraidh an deontas seo a thabhairt ar ais go dtí €10.

Fáiltíonn CONCOS roimh an bplé atá ar bun faoi láthair idir an CNCM, an Roinn Oideachais agus pobal na Gaeilge maidir le siollabas Gaeilge na hardteistiméireachta. Creidimid go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh siollabas cuí ann do scoláirí na Gaeltachta agus do lucht an Ghaeloideachais. Ag an am céanna, údar mór imní do lucht stiúrtha na gcoláistí Gaeilge an meascán mearaí atá ann faoi láthair maidir leis an siollabas. Éilíonn lucht stiúrtha na gcoláistí Gaeilge go smaoineofaí ar na scoláirí sin ar fud na tíre nach mbíonn sna scoileanna Gaeltachta ná ag freastal ar Ghaelscoileanna. Seo an chuid is mó de na scoláirí a fhreastalaíonn ar na coláistí Gaeilge. Cuireann a gcuid tuismitheoirí iad chun an Ghaeltacht le Gaeilge a fhoghlaim agus baineann cuid mhór acu líofacht shuntasach amach. Go deimhin, is minic gur iad seo ceannródaithe na Gaeilge sa tír ag teacht dóibh féin. Is ceart bunúsach bunreachtúil é go mbeadh teacht ag na scoláirí seo agus ag chuile scoláire sa tír ar an nGaeilge ag an leibhéal is airde sa chóras oideachais.

Ba cheart go mbeadh sé de dhualgas ar an Roinn Oideachais a chinntiú go mbeidh an deis sin ar fáil i chuile scoil sa tír agus go mbeidh rang Gaeilge ag an leibhéal is airde ar fáil do scoláirí ar mian leo an cúrsa sin a leanúint. Ina theannta sin, creidimid gur cheart go mbeadh pointí bónais ar fáil do chúrsa T1 san ardteist agus nár cheart go n-ísleofaí an marc don scrúdú labhartha Gaeilge, mar atá molta sa dréachtshonraíocht curaclaim maidir leis an nGaeilge san ardteistiméireacht.

Ceann de na bagairtí is mó do na coláistí faoi láthair ná na deacrachtaí atá ag teaghlaigh Ghaeltachta a choinníonn scoláirí le cead pleanála a fháil chun teach a thógáil sa nGaeltacht. Gan lánúineacha óga ag socrú síos ina gceantar féin agus ag tógáil clainne le Gaeilge, tiocfaidh deireadh ar fad leis an nGaeltacht mar phobal beo teanga. Má tharlaíonn sé seo, tiocfaidh deireadh le tionscal na gcoláistí Gaeilge mar ní bheidh dóthain lóistín ar fáil. Mar sin, is den mhórthábhacht go mbeadh cead pleanála le fáil ag cainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht.

Gné eile d’obair na gcoláistí a bhfuil aghaidh le tabhairt ar sa todhchaí ná na cúrsaí ábhar oidí. Cuid bhunúsach fhorásach d’oiliúint bhunmhúinteoirí na tíre an dá thréimhse fhoghlama coicíse a chaitheann mic léinn na gcoláistí oideachais sa nGaeltacht. Fáiltíonn CONCOS roimh chinneadh an Roinn Oideachais táillí na mac léinn a íoc do na cúrsaí seo. Maidir leis an Roinn ag íoc anois as na táillí, creideann CONCOS gur cheart scaipeadh cothrom a dhéanamh ar na mic léinn idir na coláistí Gaeilge ar fad atá faofa tríd an gcóras e-thairisceana. Deacrachta eile atá fós le sárú ag na coláistí Gaeilge sa dréachtcháipéis, Treoir Covid-19 do Choláistí Samhraidh Gaeilge 2021, a tháinig ó chomhairleoirí sláinte a d’fhostaigh an Roinn le cúram na Gaeltachta in 2021. Ní bheadh eispéireas an choláiste Gaeilge le fáil ag aon duine de rannpháirtithe leasmhara na gcoláistí - scoláirí, múinteoirí, lucht lóistín ná tuismitheoirí - dá n-eagrófaí cúrsaí faoi scáth na ndréacht-threoirlínte seo. Ar an ábhar sin, iarraimid go dtarraingeofaí siar an cháipéis sin láithreach agus muid ar fad ag tabhairt aghaidh ar athoscailt shábháilte na gcoláistí Gaeilge in 2022.

Mar eolas don choiste, ba mhaith liom léargas gearr a thabhairt do na baill ar thimthriall bliantúil ghnó na gcoláistí Gaeilge. Tosaíonn ullmhúchán do chúrsaí an tsamhraidh i Meitheamh na bliana roimh thús cúrsa. Sa ghnáth am, mar shampla, thosódh obair na bliana do 2022 i Meitheamh 2021 - bróisiúr a chló, suíomh Idirlín a athchóiriú, próiseas iarratais a shonrú, obair riaracháin agus mar sin de. Is idir Lúnasa agus Bealtaine is mó a chaitear airgead maidir le costais riaracháin, costais reatha agus costais ghnó na bliana. Ní caiteachas é seo is féidir a fháil ar ais má chuirtear cúrsaí ar ceal faoi mar a tharla in 2020 agus 2021. Tá liosta fada de ghnáthchostais gnó choláistí Gaeilge in imeacht bhliain airgeadais sa phríomh-aighneacht.

Meabhraímid freisin gur i mí Eanáir na bliana seo a sheol an Roinn litir chuig na coláistí ag treorú dóibh gan glacadh le héarlaisí do 2021, tráth a raibh cuid mhór cúrsaí ag coláistí éagsúla lán cheana féin, agus áirithintí suntasacha ar chúrsaí eile. Tagraím ar choláistí ag pleanáil don todhchaí agus don saol iarChovid. Tá dúshláin mhóra romhainn. Caithfear tosú ar phleanáil láithreach do 2022 agus ina dhiaidh sin, ar phlean straitéiseach le dul ar ais i mbun oibre a chuimseoidh imeachtaí uilig na gcoláistí Gaeilge. Beidh straitéis láidir mhargaíochta agus phoiblíochta mar dhlúthchuid den obair seo. Beidh ar na coláistí réiteach fisiciúil agus infrastruchtúrtha a dhéanamh don saol iarChovid trí chothabháil agus athchomhaireamh ar fhoirgnimh, ar áiseanna agus ar threalamh.

Níos tromchúisí fós i ngeall ar bhriseadh leanúnachais na gcúrsaí, caithfear rannpháirtithe éagsúla na gcúrsaí a oiliúint athuair trí chúrsaí inseirbhíse cuí a chur ar fáil tharla go mbeidh bearna trí bliana ann ó bhí cúrsaí ann cheana agus muid ag bualadh faoi chúrsaí in 2022. Caithfear an oiliúint seo a chur ar fáil do lucht lóistín, do mhúinteoirí, do phríomhoidí agus leas-phríomhoidí, do chinnirí, ardchinnirí agus do treoraithe teanga. Déanfar an oiliúint seo trí ghearrchúrsaí oiliúna trí lá, agus beidh aitheantas faoi scéimeanna na bhfoghlaimeoirí Gaeilge do ghearrchúrsaí oiliúna de dhíth ar na coláistí chuige sin. Tá géarghá leis an oiliúint seo chun cinntiú go mbeidh na coláistí á riar mar is ceart agus, go mór mór, chun cinntiú go bhfanfaidh an Ghaeilge in uachtar mar aon teanga cumarsáide na gcúrsaí. Gan sin, déanfar dochar mór do stát agus stádas na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Tá tionscal na gcoláistí Gaeilge in ísle brí faoi láthair. Tá sé riachtanach go dtabharfadh an Stát tacaíocht agus treoir dúinn láithreach le go mbeidh muid in ann feidhmiú mar is ceart sa bhliain 2022 agus as sin amach sa todhchaí. Chuireamar fáilte roimh an bpacáiste cúitimh do mhná tí agus tá sé thar am anois an rud beacht céanna a dhéanamh do na coláistí agus na hallaí. Tagraím do na príomhréimsí ina bhfuil tacaíocht an Stáit riachtanach le go dtiocfaidh na coláistí slán agus go neartóidh siad sa todhchaí, le cinntiú nach mbeidh titfidh aon choláiste amach as an gcóras. Is iad sin ná cobhsú a cheadú láithreach do dúinn, na coláistí agus lucht na hallaí, pleanáil do chúrsaí 2022; an dréachtcháipéis, Treoir Covid-19 do Choláistí Samhraidh Gaeilge 2021, a tharraingt siar; gearrchúrsa oiliúna trí lá don na rannpháirtithe éagsúla; pleanáil infrastruchtúrtha; trealamh nua a chur ar fáil; ardú suntasach i ndeontas na mban tí; deontas caipitíochta na gcoláistí a thabhairt ar ais; agus deontas reatha CONCOS a ardú arís go dtí leibhéal 2020 ar a laghad.

Ó tharla go bhfuil muid cheana féin i lár mhí Iúil 2021, agus nach bhfuil aon socrú ceart ná críochnúil déanta fós, cás práinneach atá anois ann má tá sé i ndán agus go bhfuil muid le tabhairt go forásach faoi athoscailt na gcoláistí i 2022. Iarrann muidne ar bhaill Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge na héilimh atá againn a chur os comhair an Aire Turasóireachta, Cultúir, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Teachta Catherine Martin; an Aire Stáit, an Teachta Jack Chambers; agus an Aire Oideachais, an Teachta Norma Foley, lena chinntiú, trí dhea-chomhairle na mball, go gcuirfear i gcrích iad.

Is í an Ghaeilge an acmhainn nádúrtha is mó atá ag an nGaeltacht ó thaobh na turasóireachta, go háirithe i gcomhthéacs na béime atá saol na linne seo ar an turasóireacht chultúrtha. Is í seo an obair atá ar bun ag na coláistí Gaeilge le 120 bliain. Ní mheánn áilleacht tíre, aer glan, tábhairní ceoil, turais bháid ná siúlóidí dúlra oiread is soipín tuí lena taobh. Tá tionscal na gcoláistí Gaeilge ar cheann de na tionscail is tábhachtaí agus is leanúnaí sa Ghaeltacht ó bunaíodh an Stát. Bíonn tionchar mór acu ar chaomhnú na Gaeilge mar theanga bheo phobail agus teallaigh sa Ghaeltacht, agus ar fud na tíre. Is é ár ndualgas uilig mar choláistí, agus is é dualgas an Stáit freisin, tógáil ar an oidhreacht sin trína chinntiú go dtiocfaidh na coláistí slán trí ghéarchéim ár linne. Ná cliseadh muid ar dhaoine óga na hÉireann ná ar ár bpobal Gaeltachta, ach tugadh muid ár n-aghaidh ar an todhchaí le misneach agus le dóchas.

Glacaim buíochas leis an gcoiste as éisteacht liom. Tá mé féin agus mo chomhghleacaithe sásta aon cheist atá ag na baill a fhreagairt nó soiléiriú breise a thabhairt ar aon ábhar a luadh sa chur i láthair seo.

Iarraim ar Antoine Ó Coileáin, príomhfheidhmeannach Gael Linn, cur i láthair a dhéanamh dúinn.

Mr. Antoine Ó Coileáin

Tá Gael Linn an-bhuíoch as an deis seo fianaise a thabhairt don chomhchiste. Creideann muid go bhfuil sé an-tábhachtach go deo go mbeadh deiseanna úsáide Gaeilge ag daltaí taobh amuigh den seomra ranga. Tá réimse leathan scéimeanna ag Gael Linn le tacú le hobair na múinteoirí mar an scéim Gaelbhratach, díospóireachtaí, agus comórtais tallainne mar Siansa, Scléip agus Coirm. Níl amhras ar bith ann, ach go bhfuil tréimhse sa Ghaeltacht ar cheann de na deiseanna is fearr is féidir a thabhairt do dhalta. Tá mórán taithí ag Gael Linn ag eagrú coláistí Gaeilge do dhéagóirí agus cúrsaí Gaeltachta do dhaoine fásta, agus is ball de CONCOS sinn. Dá bhrí sin, táimid ag tacaíocht go hiomlán leis an méid atá ráite ag Máire Denvir díreach romham.

Eagraíonn Gael Linn cúrsaí do dhaltaí i Machaire Rabhartaigh agus i mBun an Inbhir, agus tá cúrsaí do dhaoine fásta againn i nGaoth Dobhair. Tá cuid de na cúrsaí sin ar bun le níos mó ná 50 bliain. Is féidir a rá go bhfoghlaimíonn dalta Gaeilge ar scoil ach go dtiteann siad i ngrá leis an teanga sa Ghaeltacht. Is nós fadbhunaithe é maidir le foghlaim teangacha go gcaitheann an foghlaimeoir tréimhse i gceantar ina labhraítear an sprioctheanga. In Éirinn, aithnítear na coláistí Gaeilge mar bhuntáiste don Ghaeltacht agus don teanga náisiúnta ar aon. Maidir le scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, téann líon mór dhaltaí iarbhunscoile agus ábhair oidí chun na Gaeltachta gach samhradh. Creideann Gael Linn gur féidir níos mó daoine óga agus daoine fásta a mhealladh le freastal ar chúrsaí éagsúla Gaeltachta ach an tacaíocht chuí a bheith ar fáil.

Mar a luaigh Máire Denvir, léiríonn torthaí taighde an tionchar dearfach a bhíonn ag coláistí Gaeilge ar dhaltaí agus a thacúil is a bhí na tuismitheoirí ina leith. Anuas air sin, dearbhaíonn na coláistí don phobal Ghaeltachta gur áis luachmhar atá sa teanga ar fiú í a neartú, ní hamháin ar chúiseanna mórtas cine ach ar chúiseanna eacnamaíochta. Tá sé ráite go gcaitheann an Stát suas le €5 milliún ar scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, ach meastar go ngineann na coláistí idir €50 milliún agus €60 milliún do gheilleagar na Gaeltachta – sin méadú faoi dheich, agus níos mó. Gineann na coláistí Gaeilge fostaíocht thábhachtach a mbíonn baint dhíreach aici leis na coláistí - mná agus fir tí, múinteoirí agus ceannairí - agus go hindíreach le siopaí, bialanna, comhlachtaí iompair agus mar sin de. Ar an mbonn eacnamaíochta amháin, b’fhiú don Rialtas breis infheistithe a dhéanamh san earnáil thábhachtach seo.

Ar ndóigh, tá ról lárnach ag an nGaeilge sa chóras oideachais. Maíodh i ráiteas an Rialtais in 2006 i leith na Gaeilge go ndéanfar “infheistíocht fheabhsaithe ... i dtacaíocht do mhodhanna nuálacha teagaisc agus foghlama”. Sa straitéis 20 bliain tugadh gealltanais maidir le coláistí Gaeilge, i measc rudaí eile, nach bhfuil á gcomhlíonadh. Ní mór don Stát oibriú i gcomhpháirt le leis na coláistí Gaeilge maidir le deiseanna úsáide Gaeilge a thabhairt do dhaoine óga atá á foghlaim sa chóras oideachais fhoirmiúil. Tacaím le héileamh CONCOS go dtabharfaí ar ais an deontas caipitíochta. Ba scannal é an deontas a chur ar ceal mar a rinneadh in 2008. Bhí drochthionchar ag an chinneadh seo ar an earnáil a leanann go fóill agus coláistí beaga, ach go háirithe, buailte. Is mithid an ciorrú a aisiompú agus deontas caipitíochta in aghaidh gach dalta a thabhairt ar ais.

Is fiú a rá go bhfuil tionchar na Roinne Oideachais le feiceáil thar an earnáil ar fad – múinteoirí cáilithe, cúrsaí faofa – ach níl an Roinn ag maoiniú coláistí leis na freagrachtaí a chomhlíonadh, mar a rinneadh roimhe. I bhfianaise a thábhachtaí is atá na coláistí d’fhoghlaim na Gaeilge sa chóras oideachais, is náireach an rud é nach bhfuil an Roinn Oideachais dá maoiniú. Tá Gael Linn ag tacú leis an moladh a rinneadh go mbonnófaí coiste stiúrtha náisiúnta, task force, ar dtús ar a mbeadh CONCOS, an Roinn Oideachais, Roinn na Gaeltachta, an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, agus Gael Linn, a bhfuil an cúram orainn mar cheanneagraíocht deiseanna a chruthú do dhaltaí. An phríomhaidhm a bheadh ag coiste mar seo ná monatóireacht a dhéanamh ar chaighdeáin oideachasúla agus b’fhéidir lipéad feabhais a bhunú do gach cúrsa.

Ar ndóigh, tá todhchaí na hearnála ag brath ar an bpolasaí Gaeilge sa chóras scolaíochta, na siollabais, na curaclaim, agus na scrúduithe san áireamh. Faoi láthair, tá 40% de na marcanna ag dul don bhéaltriail. Níor chóir aon laghdú a theacht air seo mar go n-aithnítear go bhfuil na coláistí Gaeltachta ar cheann de na háiseanna is fearr dá bhfuil ann do dhalta le marcanna níos airde a fháil sa scrúdú sin.

Creideann Gael Linn gur chóir cur le líon na scoláireachtaí atá ar fáil chun an deis a bheith ag daltaí ó chúlra faoi mhíbhuntáiste freastal ar choláistí Gaeilge. Dhá bhliain ó shin, bunaíodh scéim scoláireachtaí le haghaidh scoileanna DEIS. Bhí 50 dalta sa tír ar fad incháilithe le scoláireacht €850 an duine a fháil. Is suarach é líon 50 dalta sa scoláireacht nuair a théann suas le 27,000 dalta chun na Gaeltachta. Ba chóir go mbeadh, ar a laghad, 500 scoláireacht don saghas seo le freastal fiúntach a dhéanamh ar an éileamh. Nuair a bhíonn muid ag caint faoi choláistí samhraidh agus coláistí Gaeilge, go hiondúil, is ar dhéagóirí a bhíonn muid ag caint. Ach baineann foghlaim na Gaeilge le hoideachas fadsaoil, le daoine fásta chomh maith. Níl ach fíorbheagán tacaíochta ar fáil dóibh siúd i láthair na huaire. Mar sin, is cóir cur le líon na scoláireachtaí atá ar fáil do dhaoine fásta le freastal ar chúrsaí Gaeltachta.

Ba mhaith liom focail a rá faoi dhaltaí ó Thuaisceart Éireann. Is maith mar a mheascann siad le daltaí ón Deisceart ar na coláistí Gaeilge, i dTír Chonaill go háirithe. Bhíodh scéim an-mhaith scoláireachtaí ag Roinn na Gaeltachta i gcomhar le feiseanna ó Thuaidh le daltaí a mhealladh go dtí an Ghaeltacht. Ceathrú scoláireachtaí a bhíodh i gceist, ach cuireadh deireadh leis an scéim sin in 2009. Ba chóir don Rialtas tacú le déagóirí ó Thuaisceart Éireann le hiad a mhealladh chun na Gaeltachta arís agus an scéim sin a thabhairt ar ais.

Mar a dúirt Máire Denvir, tá na coláistí ar an bhfód le breis agus 120 bliain. Tá an modh oibre athraithe ach tá sé a bheag nó a mhór mar an gcéanna. Tá an-bhéim in áiteanna ar nós ceol nó spóirt uisce. Tá an bhunsamhail go maith ach tá sochaí na tíre ag athrú. Ní mór do pholasaithe an Stáit i leith na bhfoghlaimeoirí a bheith níos solúbtha agus oscailte do chur chuige nua, mar shampla, aitheantas a thabhairt do ghearrchúrsaí cúig lá le linn na scoilbhliana. Ónár dtaithí i nGael Linn, is féidir le gearrchúrsa Gaeltachta blaiseadh a thabhairt do dhalta le cúrsa níos faide a dhéanamh ar ball.

Léiríonn torthaí taighde an fonn a bheadh ar dhaoine freastal ar choláiste Gaeilge, rud a léiríonn éileamh nach bhfuiltear á fhreastal air faoi láthair. Sa chomhthéacs seo, ba chóir athbhreithniú a dhéanamh ar an scéim scoláireachtaí faoi mar a mhol an straitéis 20 bliain “le súil cur lena héifeachtacht mar mheicníocht tacaíochta don Ghaeilge”. Deiseanna forbartha eile is ea cúrsaí do theaghlaigh, do dhaoine fásta agus sainchúrsaí do ghairmithe ar leith, mar shampla, san iriseoireacht agus san óstaíocht.

Sa ghearrthéarma, tá scéim cúitimh de dhíth láithreach agus go práinneach agus é sin ag teastáil ó lucht eagraithe na gcoláistí. Mar a dúirt Máire Denvir, bíonn costais leanúnacha tríd an bhliain ar choláistí maidir le teagmháil a choinneáil le tuismitheoirí agus daltaí, cúrsaí riaracháin agus árachais, ag pleanáil na hoibre, cúrsaí Idirlín agus margaíochta, agus araile. Glacann sé bliain iomlán coláiste Gaeilge a chur ar fáil. Ní féidir linne ár gcuid maidí a ligean le sruth agus caithfidh an Stát céimeanna a ghlacadh anois le cinntiú go mbeidh sé ann dúinne an chéad bhliain eile. Tá cúiteamh chomh maith ag teastáil ó na hallaí pobail ina mbíonn na coláistí Gaeilge á reáchtáil. Bíonn na hallaí sin ag brath ar ioncam ó na coláistí Gaeilge lena gcuid billí cothabhála, árachais agus araile a íoc. Gan na háiseanna riachtanacha seo, ní bheadh na coláistí in ann feidhmiú ar chor ar bith.

Táim buíoch as an éisteacht agus mar fhocal scoir, ba mhaith liom a rá go mbeidh todhchaí gheal roimh na coláistí Gaeilge má dhéanann an Rialtas na roghanna cearta anois maidir leis an Ghaeilge agus maidir leis an Ghaeltacht.

Ní féidir na moltaí atá luaite agam anseo a chur ar an méar fhada. Tá orainn cinnte a dhéanamh nach dtiontaíonn an éiginnteacht atá ann anois ina héigeandáil. Is gá dúinn go léir gníomh suntasach a dhéanamh anois le tacú le hearnáil chultúrtha na gcoláistí Gaeilge, earnáil a thacaigh le hathneartú na teanga agus na Gaeltachta le breis agus 100 bliain. Ba chóir dóchas a thabhairt do na teaghlaigh Ghaeltachta, do na foghlaimeoirí go léir agus do lucht eagraithe cúrsaí faoi thodhchaí na gcoláistí. Tá an taithí agus an tiomantas ag na coláistí Gaeilge. Níl uainn anois ach tacaíocht an Stáit.

An tseachtain seo caite, bhí an tAire Stáit os ár gcomhair ag caint faoi Mheastacháin i mbliana. Ag deireadh an chruinnithe sin, d'impigh muid air cinnte a dhéanamh go mbeidh aontas maidir leis seo agus na comhráite a dúirt sé a bhí ag tarlú leis na coláistí samhraidh a chríochnú. Níl a fhios agam ar chuala, nó nár chuala, na finnéithe faoi na comhráite sin. D’iarr mé ar an Aire Stáit, dá mbeadh aon fhocal uaidh, é sin a chur in iúl don chomhchoiste roimh thús an chruinnithe inniu. Níor tháinig aon fhocal ón Aire Stáit inniu. Ón méid atá ráite ag na finnéithe, glacaim nach bhfuil aontas idir CONCOS, Gael Linn agus an Roinn faoi láthair.

Ar lá an chruinnithe an tseachtain seo caite, d’fhógair an tAire Stáit an cinneadh maidir leis na mná tí. Tuigim go bhfuil roinnt de na mná tí ann nach bhfuil sásta leis an méid a bhfuair siad. B’fhéidir gur féidir leis na finnéithe, má tá taithí acu ar na dúshláin atá orthu, trácht a dhéanamh air sin. Sula dtugann duine freagra dom, an chéad bhall a chuir a lámh in airde ná an Teachta Calleary.

Cuirim fáilte roimh CONCOS agus Gael Linn. Bhí na ráitis an-úsáideach. Tá sé soiléir go raibh fadhbanna agus challenges ann roimh Covid, agus tá níos mó fadhbanna ann anois.

Tá na coláistí samhraidh an-tábhachtach. Faightear taithí Ghaeilge ann, mar a dúirt Antoine Ó Coileáin. Ní hamháin sin, ach faightear taithí shaoil ann freisin. Tá taithí shaoil ann do dhéagóirí atá ag dul as baile, agus ag imeacht óna mamaí agus daidí, chun neamhspleáchas a fháil. Aontaím go mór leis an ráiteas gur cheangal é, an coláiste samhraidh, idir an Ghaeilge agus an Ghaeltacht do dhaoine agus do dhéagóirí. B’fhéidir go mbeidh an ceangal sin ar feadh a saoil agus go mbeidh grá don Ghaeilge ó thaithí an choláiste samhraidh. Ceapaim, ámh, nach bhfuil sé ag teacht ón gcóras oideachais fhoirmiúil. Tagann ghrá don teanga ón taithí ar an neamhspleáchas a fhaigheann déagóirí ó na mná agus fír tí, agus a gclann. Tá sé tábhachtach, mar chuid d’obair an choiste, tuarascáil a chur ar fáil maidir le todhchaí na gcoláistí samhraidh. Bheadh muid in ann na tuairimí a leag na finnéithe amach inniu a chur os comhair na Roinne agus obair a dhéanamh chun moltaí a chur le chéile mar choiste.

Tá cúpla ceist agam maidir leis an bpacáiste a bhí leagtha amach ag CONCOS agus Gael Linn. An bhfuil aon chostáil ar an bpacáiste iomlán a leagadh amach faoi chúrsaí Covid agus maidir leis na fadhbanna eile? An bhfuil na coláistí ag fáil tacaíocht ar nós an Covid restrictions support scheme, CRSS, nó na tacaíochtaí gnó eile atá ann le haghaidh bunghnó? An bhfuil na scéimeanna sin oscailte do na coláistí samhraidh ag an am seo?

Bhí sé suimiúil gur cuireadh cúrsaí ceadúnaithe pleanáil os ár gcomhair freisin. Is fadhb mhór í agus déanann an coiste seo obair air sin. Tagraím don fhadhb árachais. An fhadhb í do Ghael Linn nó CONCOS, mar atá sí do gach gnó beag eile agus do champaí samhaidh? Tá fadhbanna móra le cúrsaí árachais ní hamháin do champaí samhraidh Gaeilge, ach do champaí samhraidh spóirt agus campaí samhraidh uisce. An fhadhb í do na coláistí?

Gabhaim buíochas leis an mbeirt fhinné. Bhí na ráitis an-úsáideach agus is wake-up call é maidir leis na coláistí.

Cé ar mhaith leo na ceisteanna seo a fhreagairt ar dtús?

Mr. Frank Ó Maoláin

Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom a rá go ndúradh anseo an tseachtain a chuaigh thart, agus ar an raidió i rith na seachtaine, go raibh thart faoi ochtar ag cruinnithe CONCOS leis an Roinn maidir le cobhsú. Mar chathaoirleach ar CONCOS, ba mhaith liom a chur in iúl inniu nach raibh ochtar ann - ar a mhéid bhí beirt. Sílim go bhfuil an scéal amuigh anseo go bhfuil sé dodhéanta déileáil le CONCOS maidir le cobhsú. Ní sé sin fíor; shuigh muid síos. Tá dlúthchairdeas agus gaol maith idir CONCOS agus Roinn na Gaeltachta agus táimid ag dúil go mór leis an bpacáiste seo.

Sílim féin go raibh sé scannalach agus maslach gur tháinig an pacáiste amach do mhná na dtithe, an tseachtain a chuaigh thart, gan na hallaí pobail nó, go háirithe, na coláistí a bheith ann. Tá muid - mná na dtithe, CONCOS agus na coláistí samhraidh - mar fhoireann. Anuraidh, nuair a thosaigh na cainteanna faoi chobhsú, murach go bhfuair muid an cobhsú sin agus bogadh na gcoláistí, ní bheadh muid anseo inniu. Ba mhór an trua é an rud a tharla. Cuirimid fáilte roimh an méid a fuair mná na dtithe ach sílim go raibh sé maslach go cuireadh scata chun tosaigh nó chun deireadh ar a chéile, toisc go n-oibrímid le chéile.

Ardaíodh ceist maidir leis na coláistí samhraidh a bheith i dteideal an employment wage subsidy scheme, EWSS, agus an CRSS. Cuirim in iúl don choiste go bhfuil 46 coláiste faoi scáth CONCOS. Ar a mhéid, bhí trí choláistí i dteideal cuidiú ó CRSS nó EWSS. I gcás fhormhór na gcoláistí, mar a dúradh ag ionadaithe ó CONCOS agus Gael Linn ar maidin, is obair bhliantúil - páirtaimseartha don samhradh agus lánaimseartha don chuid eile den bhliain - atá i gceist. Ní raibh formhór na gcoláistí, timpeall ar 95%, i dteideal cuidiú ar bith.

Mr. Antoine Ó Coileáin

Maidir le costáil ar an bplean agus na moltaí go léir a luadh, is fiú coinneáil in aigne nach beartais úra atá uainn i ngach cás. Bhí an Covid sách dona ach bhíomar buailte roimhe sin. Bhíomar leagtha ag na laghduithe sa mhílaois nuair a tharla an tubaiste sa gheilleagar.

Tagraím don dá cás a luaigh mé cheana – an deontas caipitíochta agus na scoláireachtaí trí na feiseanna ó Thuaidh. I ngach réimse eile den saol, tugadh ar ais na ciorruithe ab b'éigean a dhéanamh in am an ghátair. Tá na tuarastail ardaithe. Tá normáltacht ag teacht ar ais sa saol. Ba chóir go dtarlódh sé sin, pé scéal é. Ní cóir dúinn a bheith anseo le cás a dhéanamh ar a shon. Tá cúiteamh ar an easnamh agus an sceanairt a rinneadh tamall ó shin ag teastáil.

Maidir leis na pleananna eile, ní féidir iad a chostáil láithreach bonn mar is cinneadh i bprionsabal é agus titeann an costas bliain i ndiaidh bliana. Mar a bhí ráite sa dá léiriú anseo inniu, is fiú go mór ó thaobh luach eacnamaíochta na gcoláistí amháin an infheistíocht sin a dhéanamh. Is ait liom go bhfuil orainn an troid seo a dhéanamh. Dá mbeimis i mbun aon ghnó eile sa tír, bheadh deontas á dtairiscint ar mhaithe le muid a choinneáil beo agus le go mbeadh fostaíocht ann. Faoi mar atá, táimid ag feidhmiú go deonach agus díreach ag maireachtáil ó bhliain go bliain. Táimid i ndroch staid.

Mar a dúradh i léiriú CONCOS, táimid ag tosú as an nua agus ó bhonn an-íseal. Beidh infheistíocht mhór ag teastáil le go mbeadh fuinneamh in athuair san earnáil ar fad, agus muid a thabhairt ar ais ar leibhéal mar a bhí trí nó ceithre bhliain ó shin.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe. I dtosach, cuirim fáilte roimh an maoiniú a cuireadh ar fáil do na mná tí, ach ní thuigim cén fáth gur thóg sé chomh fada sin chun teacht ar chinneadh.

Ní cheart go dtógfadh sé níos mó ná deich nóiméad chun cinneadh mar sin a dhéanamh mar tá méid áirithe airgid ag an Roinn. Bhí sé soiléir le tamall nach mbeadh na coláistí ann - rinneadh an cinneadh sin ag tús mhí Bealtaine. Bhí sé deireanach mar chinneadh ach rinneadh é agus ba cheart go mbeadh an maoiniú fógartha ag an am sin. Ag an am céanna, ba cheart an fógra a dhéanamh maidir le cúiteamh do na coláistí féin ar son na saoráidí fisiciúla, ar nós hallaí pobail, agus aon dream atá ag íoc as saoráidí mar seo. Níl chuile choláiste i halla pobail. Tá a gcuid saoráidí fisiciúla féin ag roinnt de na coláistí ach tá costais ag baint leo siúd féin freisin. Ba cheart a dhéanamh cinnte de go bhfuil siadsan in ann coinneáil ag imeacht tar éis na paindéime.

Níl aon amhras ach gurbh iad na coláistí Gaeilge an tionscal is rathúla sa Ghaeltacht le 100 bliain anuas ar dhá chúis. Ar an gcéad dul síos, tugann siad go leoir airgid isteach sa Ghaeltacht, go díreach agus go hindíreach. Déantar dearmad go minic go dtagann go leor daoine ar ais go dtí an Ghaeltacht i bhfad ina dhiaidh sin i ngeall ar chúrsa a caitheadh sa Ghaeltacht. Chomh maith leis sin, cuireann sé airgead díreach isteach i bpóca lucht labhartha Gaeilge na Gaeltachta. Níl aon tionscal eile a dhéanann é sin chomh foirfe agus níl amhras orm go raibh tionchar nach beag aige thar na blianta ar an nGaeilge a choinneáil láidir sa Ghaeltacht ó ghlúin go glúin.

Thiocfainn lenár bhfinnéithe ó thaobh deontais ón Roinn Oideachais. Is rud é sin ba cheart don chomhchoiste seo breathnú air agus aighneacht a dhéanamh ina leith nuair a bheimid ag réiteach tuarascála. Glacaim leis, a Chathaoirligh, go réiteofar tuarascáil ag éirí as an gcruinniú seo le cur ag na Ranna cuí.

Más mian leis na comhaltaí é sin a dhéanamh-----

Níl aon mhaith cruinnithe a bheith ann gan é. Téann focal le gaoth, a deir siad, agus níl aon mhaith cruinnithe a bheith ann mura gcuirimid scéala ag na húdaráis chuí agus is iad an dá cheann an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus an Roinn Oideachais. Ba cheart dúinn tuarascáil bheag a chur le chéile agus ní gá í a bheith chomh breá fada ach á rá ar an gcéad dul síos gur cheart na ciorruithe a cuireadh i bhfeidhm a chur ar neamhní agus an deontas €50 ón Roinn Oideachais a thabhairt ar ais agus go mbeadh sé lárnach sna coláistí arís. Ba cheart go mbeadh na deontais chéanna ag na brúnna is atá ag na coláistí féin. Ní bheidh sé riamh chomh heacnamaíoch brú a rith is atá sé scoláirí a chur i dtithe lóistín agus ba cheart iad siúd a chur ar an ráta céanna.

Arís agus ag teacht ar ais d'ábhar an chruinnithe, tá na moltaí atá déanta ag CONCOS anseo réasúnach ó thaobh a bheith ag dul ar ais go dtí €10.50, an rud céanna maidir le Gael Linn agus an t-ardú sa chostas maireachtála ansin a chur san áireamh freisin.

Caithfear cuimhneamh freisin - is rud é a bhféadfadh ár n-aíonna eolas a thabhairt don chomhchoiste faoi freisin - go bhfuil na caighdeáin ag ardú leis na mná tí i gcónaí. Tá breis dualgas orthu le hais mar a bhíodh. Tá a fhios agam go maith mar fanann Gaeilgeoirí linn agus táimid á gcoinneáil ó 1978 den chéad uair. Bhíodar gach uile bhliain againn go dtí anuraidh. Tá na caighdeáin ag ardú agus tá na héilimh ó thaobh chuile chineál cóiríochta ag feabhsú an t-am ar fad. Mura ndéanaimid é sin, ní bheadh ann do na coláistí Gaeilge mar tá na bailte as a bhfuil na gasúir ag teacht i bhfad níos slachtmhaire ná mar a bhí fadó freisin. Caithfimid cuimhneamh air sin an t-am ar fad agus tá costas ag baint leis sin.

Rinneadh tagairt anseo don straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Is í an fhadhb leis an straitéis ná nár cuireadh i bhfeidhm riamh í. Deirtear gur cuireadh i bhfeidhm í ach níor cuireadh i bhfeidhm í. Nuair a léitear tríthi arís is arís eile, feictear gur cuireadh corr-rud anseo is ansiúd i bhfeidhm ach níor cuireadh i bhfeidhm í mar straitéis chríochnúil iomlán chuimsitheach Rialtais.

An aontódh ár n-aíonna liom go bhfuil dúshlán ollmhór romhainn maidir leis na hábhair oidí, fiú amháin mar atá rudaí i láthair na huaire? Is deas agus is maith an rud é go bhfuil an deontas ar ais ach ní chaitheann siad a ndóthain ama sa Ghaeltacht agus níl Gaeilge sách foirfe ag go leor acu le Gaeilge a mhúineadh i gceart sna scoileanna. Mura bhfuil an Ghaeilge ag na múinteoirí ní bheidh sí ag na scoláirí. An gceapann ár n-aíonna go bhfuil laige mór sa chóras ó thaobh na gcoláistí Gaeilge?

Is spéisiúil an rud é mar nuair a bunaíodh na coláistí Gaeilge siar sa bhliain 1904, is dírithe ar ábhair oidí agus ní ar scoláirí meánscoile a bhí siad ag an am. Tuigeadh ag an am mura mbeadh Gaeilge ag na hábhair oidí agus na hoidí nach mbeadh Gaeilge ag na daltaí. Ba mhaith liom tuairim ár n-aíonna a fháil air sin.

Gan dul isteach go mion ann, an bhfuil ár n-aoichainteoirí in ann a rá cé mhéad airgead a cheapann siad a bheidh ag teastáil le fóirithint ar na coláistí Gaeilge? Glacaim leis go bhfuil figiúr curtha os comhair na Roinne agus go bhfuil ár n-aíonna ag argóint faoi sin. An bhfuil siad tar éis aon nod a thabhairt faoi cé na costais a bhfuil an Roinn sásta a chlúdach? Is é sin tá sé de rogha ag na coláistí a rá go bhfuil na costais áirithe pá, árachais agus mar sin de ann, fiú gan aon scoláirí a bheith ag teacht sa deireadh. Ar iarr na coláistí na figiúirí sin agus an bhfuil siad faighte acu? Cén staid ag a bhfuil na comhráite sin i láthair na huaire?

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Ar mhiste le haon dár n-aíonna tabhairt faoi na ceisteanna sin?

Mr. Frank Ó Maoláin

Maidir leis an gceist dheireanach a ardaíodh ansin faoi airgead cobhsaithe, níl mé ag iarraidh figiúir cruinn a chur ar an méid atáimid ag iarraidh. Má amharctar siar go dtí an bhliain seo caite fuaireamar airgead cobhsaithe - is cuma cén teideal a thugtar air - bunaithe ar na héarlaisí a bhí díolta ag na scoláirí, is é sin lena chinntiú go raibh go leor airgid ag na coláistí i rith na bliana. Bhí an t-airgead sin bunaithe ar na héarlaisí anuraidh. I mbliana tá 50% sa bhreis tugtha ag an Roinn Oideachais. Tacaím leis sin agus molaim an cinneadh sin. Beidh muidne ag dúil le suí síos agus amharc ar an méid a fuair na coláistí anuraidh. Leis an méid sin, bhíomar in ann a chinntiú go rabhamar oscailte i mbliana. Ar an drochuair, ní rabhamar in ann feidhmiú. Caithfimid a chinntiú anois go mbeimid réidh le tosach a dhéanamh sa bhliain acadúil 2022. Beidh an earnáil sin ag tosú taobh istigh de chúpla seachtain. Tosaíonn sé sin ag deireadh mhí Lúnasa nuair a théann na scoláirí ar ais ag an scoil. Beimid ag dúil mar sin leis an airgead cobhsaithe céanna a bhí ar fáil ag na coláistí anuraidh.

Mr. Antoine Ó Coileáin

Bhí baint ag ceann de na ceisteanna sin leis na hábhair oidí, tréimhse sa Ghaeltacht agus caighdeán Gaeilge na múinteoirí i gcoitinne. Is ceist an-leathan í sin agus níos leithne ná díreach mar a bhaineann sí leis na cúrsaí samhraidh a dhéanann na hábhair oidí. Is í an bunfhadhb go pointe ná go labhraíonn na léachtóirí sna coláistí oideachais faoina laghad ama teagmhála a bhíonn ag na mic léinn leis an nGaeilge fad is a bhíonn siad ag gabháil leis na cúrsaí. Tá an Ghaeilge brúite amach ar an imeall agus níl an leibhéal cumais acu is ba cheart. I ndáiríre, bhí moltaí ag a leithéid is Conradh na Gaeilge gur cheart go gcaithfeadh ábhair oidí an chéad téarma sa Ghaeltacht agus go mbeidís tumtha sa Ghaeilge ó thús an chúrsa, rud a d’fhágfaí go mbeadh aithne acu ar a chéile trí Ghaeilge agus go mbeadh breis cumais acu sa Ghaeilge dá bharr.

Is cinnte gur chóir go mbeadh na cúrsaí sa Ghaeltacht. Mar eisceacht, ceadaíodh go bhféadfaí iad a dhéanamh ar líne ach ní chóir leanúint leis an nós sin. Ní féidir an Ghaeltacht a shárú mar eispéireas agus mholfainn é sin.

Bhí ceist eile ansin a bhain le caighdeáin chóiríochta sna tithe agus iarrfaidh mé ar mo chomhghleacaí Réamonn Ó Ciaráin, an stiúrthóir oideachais, chun focal a rá faoi sin.

Mr. Réamonn Ó Ciaráin

Gabhaim buíochas le Antoine Ó Coileáin, leis an gCathaoirleach, leis na Teachtaí agus leis na Seanadóirí. Tá an ceart ag an Teachta Ó Cuív. Chuaigh gach caighdeán in airde le scór bliain anuas maidir le cóiríocht sna tithe, sna coláistí agus sna hallaí. Go bunúsach, chuaigh na riachtanais go léir atá le comhlíonadh in airde. Ar an drochuair, mar atá luaite ag CONCOS agus ag Gael Linn, chuaigh an tacaíocht a bhí ar fáil ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta - mar a tugadh uirthi ag an am - go mór chun tosaigh mar go raibh sí ag iarraidh mbeadh cóiríocht den chéad scoth ar fáil ach gur tharraing an Roinn an deontas caipitíochta de thart ar €50 siar.

Tagann cigirí chuig na coláistí agus go minic bíonn siad ag dúil le cóiríocht nach bhfuilimid ábalta a chur ar fáil de thairbhe nach bhfuil an tacaíocht ann don chóiríocht sin agus bíonn cuid de na cigirí - ní hiad ar fad - a chuireann an Roinn Oideachais chuig na coláistí samhraidh ag smaoineamh ar na scoileanna ar a mbíonn triall acu i rith na bliana. Is taithí eile ar fad tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht. Tá gach coláiste – luaigh CONCOS go bhfuil beagnach 50 coláiste dá chuid ann – ar a ndícheall na coinníollacha go léir atá dian go maith a chomhlíonadh. Is cóir go mbeadh na coinníollacha sin dian lena chinntiú go bhfuil gach dalta sábháilte, sona agus ag foghlaim. Tá na coláiste réidh le cibé rud a chaithfidh siad a dhéanamh leis an ngnó seo a fhorbairt agus, mar atá luaite, beidh tacaíocht preabtha aniar de dhíth ar na heagraíochtaí atá ag eagrú na gcoláistí. Beidh an tacaíocht seo de dhíth ar scála eile ar na tithe agus ar na mná tí le go mbeidh siadsan ábalta preabadh aniar.

Ba mhaith liom an deis seo a thapú le béim a chur ar an bpointe a luaigh CONCOS agus mo chomhghleacaí, Antoine Ó Coileáin, faoin gá le hathbhreithniú, le coiste nó, ag an staid seo, le tascfhórsa a chur ar bun leis na riachtanais a chinntiú agus shoiléiriú le nach mbeidh na riachtanais curtha ar an méar fhada, mar a rinneadh leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge.

Mar focal scoir, níl na riachtanais mar an gcéanna in achan coláiste agus ceantar. Is í sin an obair a d’fhéadfadh coiste fiosraithe nó tascfhórsa a dhéanamh. Tá tuilleadh ban tí de dhíth i gcoláistí áirithe mar go bhfuil na figiúirí chomh hard sin agus i gcinn eile tá cóiríocht le hathnuachan. I gcoláistí eile fós tá gá agus tacaíocht de dhíth le níos mó daltaí a mhealladh chuig an gceantar áirithe sin.

Arís, ná déanaimis dearmad go bhfuil daltaí sna Sé Chontae ag brath go mór ar na coláistí samhraidh fosta agus ba chóir an tacaíocht bheag thábhachtach a bhí á cur ar fáil do dhaltaí ó na Sé Chontae a chur ar ais mar ní raibh mórán i gceist. Nuair a chuirtear san áireamh go ngineann gach dalta a thagann go dtí an Ghaeltacht €2,000 - €1,800 a bhí ann deich mbliana ó shin agus caithfidh go bhfuil sé ag tarraingt ar €2,000 anois – is fiú an cheathrú de scoláireachtaí de thart faoi €200 a bheadh i gceist a chaitheamh le breis daltaí a mhealladh ó na Sé Chontae mar tá líon na ndaltaí atá ag roghnú na Gaeilge agus teangacha ó Thuaidh ag dul sa treo contráilte. Ba chóir go mbeadh níos mó acu i ndiaidh freastal ar chúrsa sa Ghaeltacht agus tar éis titim i ngrá leis an nGaeilge - mar a tharla le go leor dínn - agus má amharctar thart ar na daoine is mó atá ag cur na Gaeilge chun cinn ar an oileán seo, thig leat a bheith measartha cinnte de go raibh céatadán an-ard go deo acu i ndiaidh cúrsa i ndiaidh cúrsa a dhéanamh sa Ghaeltacht. Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach.

Gabhaim buíochas leis an bhfinné. Glaoim ar Máire Denvir anois.

Ms Máire Denvir

Tagaim go hiomlán le Réamonn Ó Ciaráin ansin gur maith an rud tascfhórsa a bhunú chun an scéal seo ar fad a fhiosrú agus a chíoradh agus breathnú romhainn don todhchaí. Sula ndéantar rud ar bith mar sin, táimid anseo inniu agus tá an scéal seo thar a bheith práinneach mar go gcaithfidh coláistí taobh istigh de chúpla seachtain cinneadh a dhéanamh an bhfuil siad ag dul ar aghaidh le coláiste Gaeilge don bhliain seo chugainn. Is é sin le rá an mbeidh siad ag tosú ag cur bróisiúir ar an margadh, ag cur suíomh Idirlín ar fáil agus an bhféadfadh siad dul ar aghaidh go dtí maidin amárach leis na héilimh ar fad.

Dúirt an Teachta Ó Cuív ansin go bhfuil éileamh mór ar mhná tí anois agus tagaim leis sin go huile is go hiomlán go bhfuil éilimh orthu ach tá éilimh uafásacha arda ar choláistí Gaeilge freisin. Tá míle cineál cáipéise ann agus gan chaint ar bith orthu nuair a bhí an Teachta Ó Cuív ar choláiste samhraidh – más féidir liom é a chur mar sin - na blianta ó shin. Tá na céadta foirmeacha ann. Tá práinn leis an rud seo go dtiocfar ar réiteach láithreach faoi céard é an socrú atá á dhéanamh do na coláistí Gaeilge, do na hallaí pobail agus do na hallaí eile a úsáideann coláistí Gaeilge.

Chomh maith leis sin, sular féidir le haon choláiste smaoineamh ar dhul ar aghaidh an bhliain seo chugainn le coláiste Gaeilge, caithfimid a chinntiú go gcaithfear isteach sa bhosca bruscair agus go bhfaighfear réidh leis an dréacht-cháipéis leighis a cuireadh ar fáil ag comhairleoirí leighis don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán mar ní eispéireas coláiste Gaeilge a bheadh ann. Ní fhoghlaimeodh aon ghasúr Gaeilge, ní mhúinfeadh aon mhúinteoir ar an gcaoi sin ná ní bhainfidís aon sásaimh aisti. Bheadh deireadh le comhrá agus tuige go mbeadh siad ag dul go dtí an Ghaeltacht? Tá siad ag dul ann le spraoi, spórt, cultúr, craic agus teanga a fhoghlaim idir ranganna taobh istigh agus taobh amuigh. Ní raibh bealach ar bith a bhféadfaí rud ar bith mar sin a dhéanamh sa dréacht-cháipéis seo. Ba chóir go dtabharfaí ordú díreach dearmad a dhéanamh gur tharla an dréacht-cháipéis sin riamh. Tá a fhios agam nach cáipéis iomlán a bhí ann ach dréacht ach luíonn sé fós leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus caithfear é sin a chealú le go dtabharfar soiléiriú do na coláistí.

Aontaím go gcaithfimid a bheith cúramach agus bealaí agus straitéisí eile a úsáid le go mbeidh gach uile dhuine sábháilte agus slán ó thaobh sláinte agus cóiríochta de sna coláistí Gaeilge. Caithfear na bealaí eile atá ann atá i bhfad níos éifeachtaí ná an cháipéis a cuireadh ar fáil a scrúdú.

Caithfear deireadh a chur leis sin agus airgead cobhsaithe a sholáthar láithreach agus ansin caithfimid na héilimh ar fad atá againn a shásamh, nó go mbreáthófaí orthu, le gur féidir linn dul ar aghaidh. Cuir i gcás go dtéimid beagnach siar anois 100 bliain sna coláistí Gaeilge. Beidh scoláirí ag teacht ag an nGaeltacht nach dtuigeann cé hí bean an tí. Roimhe seo thiocfadh 50%, nó b’fhéidir ar a laghad 30%, de ghasúir a bhí acu anuraidh ar ais ag gach uile choláiste.

Thuig siad an córas agus thuig siad bean an tí, téarmaí ar nós "suí síos ag an mbord" agus go rabhadar i seomraí le chéile. Tá an tuiscint sin ar fad imithe. Bhíodh ceannairí tí, cúntóirí agus na daoine seo ar fad ag na coláistí. Tá sé sin ar fad imithe. Tá na múinteoirí agus príomhoidí imithe ag cuid acu. Tá orthu rudaí a fháil amach. Caithfear an-chuid airgid agus oibre a chur isteach i dtraenáil daoine le go mbeimid in ann an tionscal a thabhairt ar ais ar bhealach ar bith. Mar a dúirt mé sa gcáipéis, ní theastaíonn uainn go ndéanfaimid galltacht iomlán den Ghaeltacht, go dtiocfadh grúpa gasúr siar ann nach bhfuil a fhios acu céard atá ag tarlú. Is córas iontach eagraithe a bhí sna coláistí Gaeilge don chuid is mó, nó sa tromlach dóibh. Bhí siad thar a bheith eagraithe. Bhí na gasúir ag foghlaim. Mar a dúirt an Teachta Calleary ar ball, is ceann de na cúiseanna go bhfoghlaimíonn na gasúir an oiread sin i gcoláistí Gaeilge ná go mbaineann siad sásamh, spraoi agus taitneamh as. Tá an t-am acu. Tá siad trí seachtaine i mbun foghlama. Tá ceithre rang 30-nóiméad nó 35-nóiméad agat má tá an t-ádh leat mar mhúinteoir Gaeilge istigh i scoil. Caithfimid smaoineamh air sin. Mar a dúirt mé sa cháipéis, is iad seo todhchaí na Gaeilge agus todhchaí na hÉireann. Go minic, is as na coláistí Gaeilge a thagann ceannródaithe na Gaeilge. Tá súil againn gur mar sin a leanas ach tá an scéal anois práinneach. Níl muid ag caint faoi rud a leigheasfar i gceann trí mhí nó ceithre mhí. Caithfear gníomh a dhéanamh taobh istigh de choicís nó trí seachtaine le go mbeidh a fhios againn go mbeidh coláistí Gaeilge ann nó go bhfuil muid chun dearmad a dhéanamh ar an tionscal.

Glacaim leis go bhfuil an cháipéis sin agus an struchtúr caite i dtraipisí mar ní bheidh na cúinsí sláinte mar an gcéanna an bhliain seo chugainn ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Ar ndóigh, tá na vacsaíní ann agus mar sin de. Cibé socrú a bheidh ann, glacaim leis gur rud as an nua ar fad a bheidh ann.

Ach is é sin an t-aon cheann atá againn faoi láthair. Is í sin an fhadhb.

Fáiltím roimh na finnéithe agus roimh an obair atá curtha isteach acu. Tá na ráitis thosaigh agus an fhaisnéis bhreise léite agam. Gabhaim buíochas as siúd. Is lón machnaimh dúinn iad. Tá siad an-chabhrach dúinn. Tuigim an dua a bhí ar na finnéithe teacht anseo. Táim buíoch as sin. Tá súil agam go mbeidh tuairisc ag eascairt as an gcruinniú seo. Beidh sé sin tábhachtach. Tá an t-uafás eolais anseo. Tá sé ráite go minic agam go bhfuilim ag tnúth leis an lá ar a mbeidh an dá eagraíocht atá anseo, agus eagraíochtaí eile, ag teacht anseo chun obair as lámh a chéile seachas a bheith ag trácht ar ghéarchéim. B'fhearr liom a bheith ag caint faoi conas is féidir Gael Linn a úsáid agus na smaointe atá aige ó thaobh na Gaeilge de agus ó thaobh ranganna breise agus ranganna do dhaoine fásta. Ba mhaith liom tuilleadh díospóireachta a bheith againn anseo maidir le rudaí mar sin. Is cuid de réiteach na géarchéime atá ann ó thaobh na teanga é sin ach, ag an bpointe seo, táimid i gcruachás ó thaobh na gcoláistí samhraidh. De ghnáth, tagann na focail "scannalach" agus "maslach" as mo bhéal. Buíochas le Dia, níl siad ag teacht as mo bhéal inniu ach ag teacht ó bhéal Frank Ó Maoláin ansin.

Cad atá tarlaithe anseo? An bhliain seo caite, socraíodh pacáiste cúitimh tar éis brú ó na heagraíochtaí agus uainn sa Dáil. Rinne an Rialtas an rud ceart i ndeireadh na Dála. Bhí pacáiste cúitimh i gceist do na trí rud, do na coláistí samhraidh agus na mná tí ar dtús agus, ina dhiaidh sin, do na hallaí pobail. An bhliain seo, tá deighilt déanta. Ní maith an rud é sin. Is rud tromchúiseach atá ráite, is é sin, nach raibh an méid sin cruinnithe i gceist. Dúradh linn go raibh ocht gcruinniú ann ach, de réir na bhfinnéithe, ní raibh ach dhá cheann ann. Níl mé ag iarraidh dul isteach sna sonraí sin ach ní chothaíonn sé sin muinín sa phróiseas. B'fhéidir go mbeidh na finnéithe in ann a insint dom cad é an fhadhb faoi láthair. An bhfuil easpa tuisceana i gceist ó thaobh na Roinne de maidir le cé chomh tábhachtach is atá na coláistí samhraidh? Cad atá ar siúl? Is rud suntasach go bhfuil sé ráite nach raibh ach trí choláiste as 26 i dteideal tacaíocht a fháil faoi na scéimeanna áirithe ón Rialtas. Is rud tromchúiseach é sin. An bhfuil tuiscint ag an Roinn gurb ise an t-aon acmhainn amháin atá i gceist ó thaobh na heagraíochtaí?

Tuigim gur tríonóid atá i gceist. Tá tríonóid i gceist le hÚdarás na Gaeltachta freisin, tríonóid fhreagrachtaí. Tá an t-údarás freagrach don phobal, don teanga agus do chúrsaí fostaíochta. Anseo tá tríonóid i gceist freisin. Tá na heagraíochtaí, na mná tí agus na pobail agus na hallaí Gaeltachta fite fuaite le chéile. Níl sé inghlactha go bhfuil deighilt á déanamh ansin.

Tá cúpla ceist agam. Is cinnte go bhfuil beart práinneach ag teastáil. Táimid ag caint faoi rudaí atá ag teastáil go géar sa ghearrthéarma agus, ansin, faoi chuspóirí don todhchaí amach gur mhaith linn iad a bhaint amach chomh sciobtha agus is féidir. Ó thaobh na laghduithe a bhí ann, ba chóir fáil réidh leis na ciorruithe agus an t-airgead a thabhairt ar ais. Is rud bunúsach é sin. Breathnóimid air sin agus muid ag réiteach ár dtuarascáil. Luadh an dréachtcháipéis maidir leis an treoir Covid. Aontaím leis an Teachta Ó Cuív go bhfuil sé sin caite i dtraipisí. Níl ach ba chóir go mbeadh. Beimid ar an airdeall faoi sin. Níl ciall ná réasún leis níos mó. Tá sin marcáilte agam mar phointe.

Maidir leis na coláistí, tá obair bhliana i gceist maidir leis an samhradh. An bhfuil easpa tuisceana ó thaobh na Roinne de go bhfuil obair bhliana i gceist seachas obair samhraidh? In ainneoin gurb í an Roinn atá freagrach as an nGaeltacht atá i gceist, an bhfuil easpa tuisceana ann ó thaobh cé chomh tábhachtach is atá na coláistí samhraidh agus na mná tí don Ghaeilge? Seachtain i ndiaidh seachtaine, bímid ag caint faoin ngéarchéim atá i gceist ó thaobh na Gaeilge. Tá easpa seirbhísí trí Ghaeilge ann. Tá formhór na daoine óga ag caint trí Bhéarla, faraor. Chuala mé scéal inné - nílim chun é a athrá ach chuir sé imní orm - faoin méid daoine óga as na Gaeltachtaí atá ag caint faoin nGaeilge. Tuigim gur ciorcal atá i gceist ansin ach tá neart fadhbanna ann. Tá réitigh ann do na fadhbanna seo. Cad atá ar siúl? Tá sé luaite go bhfuil CONCOS ag iarraidh comhaontú trí-bliana a bheith acu. Ní thuigim é sin. Cad atá i gceist maidir leis sin? Cén fáth a bhfuil deacrachtaí faoi sin?

Maidir le Gael Linn, ba mhaith liom tuilleadh a chloisteáil, taobh amuigh de na laghduithe agus na ciorruithe cé nár ceart go bhfuil siad fós i bhfeidhm. Ba mhaith liom a chloisteáil faoi na socruithe nó réitigh atá ann maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn agus na cuspóirí atá sa straitéis 20 bliana a bhaint amach. Cén chuspóir a bhí ann? An rabhthas ag iarraidh 40,000 duine taobh amuigh den Ghaeltacht a bheith ag labhairt na Gaeilge? Cad iad na smaointe atá ag Gael Linn faoi sin? An bhfuil aon rud á dhéanamh againn nó ag an gcóras chun na cuspóirí sin a bhaint amach? Ceapaim nár thuig aon rialtas cé chomh tábhachtach is atá an dea-thoil ar an talamh. Caithfear tógáil air sin agus neart cúrsaí, ranganna agus tréimhsí sa Ghaeltacht a chur ar fáil. Is fiú an infheistíocht sin má táimid i ndáiríre faoin ngéarchéim atá ann. Ní saineolaí mé. I ndáiríre, is duine nua don Ghaeilge mé. Tá sí agam le cúpla bliain anois. Bíonn frustrachas orm i gcónaí mar tá na réitigh ansin. Ó thaobh Ghael Linn, cá bhfuil an fhadhb? Cá bhfuil na constaicí? Bheinn buíoch as aon soiléiriú maidir leis sin.

Mr. Antoine Ó Coileáin

Is ceist an-mhór ar fad atá ansin. Tuigim cén fáth a bhfuil sé á cur ag an Teachta. Tá a laghad sin airgid i gceist leis na ciorruithe a rinneadh a chur ar neamhní nach dtuigim cén fáth nach bhfuil sé déanta láithreach. Ní fheicim go bhfuil cúis ar bith nach ndéantar amhlaidh. Mar a dúirt mé sa léiriú agus i bhfreagraí níos luaithe, táthar ag dul siar ar na ciorruithe agus iad a chur ar ceal i ngach réimse eile den saol.

Is dóigh liom gur easpa tuisceana atá i gceist. Tá an Ghaeilge mar atá. Tá go leor rudaí dearfacha gur féidir a rá maidir leis an leibhéal suime agus úsáide. Bímis dearfach ach tá sé ar nós nach dtuigeann na húdaráis conas a tharla go bhfuil an leibhéal maith atá anois ann ann ar chor ar bith. Ní míorúilt atá ann. Ní trí thaisme a tharla sé. Tá iarracht na mblianta imithe isteach ann. Aithníonn muidne atá ag plé le hobair na Gaeilge - i mo chás féin, le dhá scór bliain - na haghaidheanna ag teacht ar aghaidh ó ghlúin go glúin. Aithním páistí a raibh a dtuismitheoirí ag an nGaeltacht. Aithním ceannairí atá ag dul ar aghaidh le bheith ina múinteoirí. Tá ciorcal na beatha ansin. Is rud orgánach é. Ní thuigeann an státchóras gur daoine beo atá ag plé leis seo agus go ndéanann daoine cinneadh a bpáistí a chur chun na Gaeltachta, fiú nuair atá airgead gann. Tá íobairtí déanta ag daoine. Tuilleann na daoine sin agus na coláistí déileáil níos fearr ón Stát. Tá am agus fuinneamh na gcoláistí á gcur amú ag an útamáil seo agus an saghas bréagchogaidh atá ann. Caithfear teacht ar réiteach agus ba chóir é sin a bheith déanta i bhfad roimhe. Tá súil agam, le hiarracht an chomhchoiste agus le brú uaidh, go mbeidh bogadh ar an gceist mar tá sé thar am.

Mr. Frank Ó Maoláin

Ba mhaith liom a chur in iúl go bhfuil caidreamh nó gaol láidir idir CONCOS agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Tá sé tábhachtach é sin a rá ach, mar a dúirt mé, ní raibh mé sásta leis an gcaoi ina raibh sí ag déileáil leis an gcobhsú i mbliana. Anuraidh, shuigh muid síos le chéile agus chuir muid cáipéis roimh an Roinn. Bhí an cháipéis sin bunaithe ar chobhsú do na coláistí agus do na mná tí. D'ardaigh CONCOS ceist na mban tí leis an Roinn anuraidh. Bhí muidne ag troid ar son na mban tí anuraidh, mar a bhíonn i gcónaí. Ó thaobh na bhfigiúirí de, fuair na coláistí €3.1 milliún anuraidh agus fuair na mná tí €1.6 milliún. An fhadhb is mó leis sin ná gur dhírigh na meáin ar na figiúirí. Bhí daoine den bharúil go bhfuair na coláistí dhá oiread airgid is a fuair na mná tí anuraidh. Níl sé sin fíor. Is é an rud a tharla anuraidh ná go bhfuair na coláistí €150, figiúr a bhí bunaithe ar 15% den táille. Fuair na mná tí €4 in aghaidh an lae, é sin bunaithe ar 15% den teacht isteach a bhí acusan. Fuair an dá thaobh an céatadán céanna anuraidh. De bharr sin, bhíomar beo le tosach i mbliana. Ar an drochuair, tháinig an cinneadh mall arís. Shuigh muid síos leis an Roinn. B'fhéidir gur sin an áit a raibh an mhíthuiscint aici. Bhí cúpla cruinniú againn faoi chúrsaí a reáchtáil i mbliana seachas faoi chobhsú. Bhíomar ag iarraidh cúrsaí a reáchtáil mar is é sin an gnó atá againn. Tá sé sin fíorthábhachtach.

Mar fhocal scoir air seo, ba mhaith liom pictiúr beag a tharraingt. Téann daoine go dtí an Ghaeltacht don chéad uair sa chéad bhliain ar an méanscoil don chuid is mó. Chaill na daoine a tháinig isteach sna coláistí in 2019 agus a bhí sa chéad bhliain 2020 agus tá 2021 caillte acu. Ní bheidh siad in ann freastal arís go dtí 2022. Ní bheidh an chuid is mó de scoláirí na meánscoileanna in ann freastal ar an nGaeltacht go dtí go bhfuil an teastas sóisearach déanta acu. Beidh siad san idirbhliain. Beidh sé fíordhoiligh. Táimid druidte. Bhíomar druidte anuraidh agus táimid druidte i mbliana. Beidh sé fíordhoiligh ar na coláistí athoscailt. Mar a dúirt Máire Denvir, is é sin an rud faoina bhfuilimid ag caint. Táimid druidte agus caithfimid a chinntiú go mbeimid in ann oscailt i gceann cúpla seachtain le hearnáil 2022 a thosú. Is é sin an fáth go bhfuilimid ag iarraidh an tacú nó an cobhsú seo a fháil chomh luath is a thig linn. Mar a dúradh sa Chamber anseo trí na blianta, tá sé iontach furasta rud a dhruid ach i bhfad níos deacra é a athoscailt. Is é sin an jab is mó atá le déanamh againn. Beidh cuid mhaith de na mná tí caillte againn an bhliain seo chugainn. Tá cobhsú faighte acu i mbliana ach an mbeidh siad linn an bhliain seo chugainn? Caithfimid daoine nua a mhealladh isteach. Mar a dúirt Máire Denvir, caithfimid cúrsaí a chur ar fáil do cheannairí agus d'ardmháistrí, daoine atá caillte againn, mar níl na daoine seo fostaithe go lánaimseartha ag na coláistí. Oibríonn siad ar fad an tsamhraidh gach uile bhliain. Beidh cuid mhaith de na múinteoirí agus príomhoidí maithe caillte ag na coláistí. Beidh orainn tosú ón tús arís.

Ms Maria Nic Dhonncha

Maidir leis an gceist a chuir an Teachta faoin gcomhaontú, bhí comhaontú ceadaithe idir an Roinn agus CONCOS. Is maoiniú trí-bliana atá i gceist i gcomhair 2019, 2020 agus 2021. Tá an comhaontú sin ag críochnú ag deireadh na bliana seo. Táimid ag éileamh go mbeidh comhaontú réitithe don tréimhse ó 2022 i gcomhair na dúshláin atá amach romhainn mar eagraíocht. Is plé sin nach bhfuil déanta againn leis an Roinn go fóill ach tá sé le déanamh roimh dheireadh na bliana.

Bhí ceist agam faoin todhchaí ó thaobh na Gaeilge do Ghael Linn ach go háirithe.

Mr. Antoine Ó Coileáin

Sa léiriú a bhí agam féin, níor thosaigh mé amach ar na coláistí i ndáiríre. Thosaigh mé ó radharc níos leithne agus mé ag rá gurb é an aidhm agus a mhórchuspóir atá ag Gael Linn, agus ag go leor eagraíochtaí eile, ná go mbeadh breis Gaeilge á labhairt go nádúrtha amuigh sa saol. Chun go dtarlódh sé sin, tá gá le cuid mhór bheartas i réimsí éagsúla den saol. Caithfear dul ón naíonra go dtí an ollscoil agus níos faide arís. Tá an réimse iomlán ann.

Feictear domsa go bhfuil Ranna, rannóga agus eagraíochtaí ag treabhadh sa ghort céanna ach gan a bheith ar aon aigne nó ar chomhthuiscint faoi cad atá ar bun ag an gcéad duine eile. Dá rachfaí siar na blianta fada go dtí go raibh Bord na Gaeilge ann, chuir an bord mórthionól ar siúl in Óstán an Shelbourne. Tugadh ionadaithe le chéile ón tír ar fad chun plé a dhéanamh ar conas mar a bhí ag éirí leis an bplean a bhí ag Bord na Gaeilge ag an am. Níl an rannpháirtíocht nó an daonlathas sin le feiceáil sa straitéis 20 bliain. Tá sé ann ach tá sé ann i ngan fhios don saol mór. Ní bheadh a fhios ag an ngnáthdhuine nó fiú ag an ngnáth-Ghaeilgeoir faoi. Tá seans maith ann nach bhfuil a fhios ag an ngnáthdhuine sa Ghaeltacht go bhfuil a leithéid de rud agus straitéis ann. Níl réadúlacht ná nithiúlacht i gceist. Níl aon rud ann gur féidir méar a leagan air. Tá sé ar nós go bhfuil sé ag dul ar aghaidh mar rud atá folamh, go gcaithfear leanúint leis go deireadh na scríbe agus go mbeadh tuairisciú ann ag rá cé chomh hiontach a d'éirigh leis an mbeartas. Níl aon cheangal idir an rud atá ar bun, nó nach bhfuil ar bun, agus an rud a bhí ag teastáil ar an gcéad dul síos.

Rinneadh tagairt níos luaithe don sprioc go mbeadh 250,000 duine ag labhairt na Gaeilge faoi bhliain áirithe. Níl ciall ná réasún leis sin. Ba é an t-éileamh a bhí ag Gael Linn blianta siar ná go ndéanfaí athmhachnamh ar an straitéis agus é a thabhairt chun dáta bunaithe ar an taithí go dtí seo. Muna bhfuil bunús agus inchreidteacht leis an móraidhm, is obair in aisce a bheadh ann. Ní bhfaighfear rannpháirtíocht nó ceannach isteach ó dhaoine mar go n-aithneoidh siad nach bhfuil an rud seo ag dul in aon áit agus gur foirmle fholamh ar mhaithe le gealltanas a chomhlíonadh é. Ní fheicim gur ansin an áit a bhfuil an toradh. Tá na torthaí le feiceáil sna tuairiscí a chuireann na ceanneagraíochtaí ar aghaidh go dtí Foras na Gaeilge, i dtuarascáil bhliantúil Údarás na Gaeltachta agus sna pleananna teanga atá ann sna Gaeltachtaí difriúla.

Ní dhéantar tátal na n-imeachtaí sin ar fad a tharraingt le chéile chun comhartha sláinte a thabhairt ar conas mar atá ag éirí linn. Is rud é atá comhthreomhar agus nach bhfuil réadúlacht ag baint leis. Is léir sin mar go bhfuilimid anseo inniu ag troid le pinginí a fháil ar ais ar son earnála atá lárnach do shaol na Gaeilge. Ba chóir go mbeadh an cairpéad dearg amuigh ag an Roinn chun muid a thabhairt isteach chun a fhiafraí céard atá ag teastáil uainn. Tá an rud ar fad bunaithe ar an dea-thoil agus an tiomantas ó ghlúin go glúin ó eagraíocht go chéile. Tá sé i misean na heagraíochta. Is é sin an fáth a bhfuilimid ann. Bheadh daoine ann a déarfadh nárbh fhiú é agus nach ndéanann sé ciall má tá caillteanas airgid i gceist agus muna bhristear cothrom. Chreideamar ann fós agus leanamar le coláistí samhraidh i nGaeltachtaí beaga fiú amháin nuair nach raibh sé inmharthana nó ciallmhar ó thaobh airgid de. B'fhiú é agus leanamar leis. Is rud é nach bhfaightear aon bhuíochas dá bharr ach creideann muidne ann agus déanaimid an rud atá ceart mar a fheicfimid é.

Mr. Réamonn Ó Ciaráin

Le cur leis an méid a dúirt Antoine Ó Coileáin ansin, tá a lán rudaí ann le bheith dearfach fúthu maidir le cur chun cinn na Gaeilge ar an oileán seo. Tá an dea-thoil luaite ag go leor daoine. Is ann di. Tá dea-thoil amuigh ansin agus sílim go bhfuil sí ag dul i méid. Ní chluintear na seanscéalta a raibh meirg orthu maidir leis an nGaeilge leath chomh minic anois. Buíochas mór le Dia, tá deireadh leis na laethanta sin ina raibh daoine ar an seanphort nach bhfuil maitheas sa chéad teanga de chuid na tíre seo.

Ag filleadh ar na coláistí samhraidh, tá siad an-lárnach go deo i sícé na tíre. Tá go leor daoine ann gurb ionann dóibh an choláiste samhraidh agus an Ghaeltacht. Tá na figiúirí go maith. In amantaí bíonn titim ann. Má bhíonn titim ann sna blianta i ndiaidh 2022, ní bheidh muid ábalta an locht go léir a chur ar Covid. Má tá aon rud dearfach le rá maidir leis an choróinvíreas - agus níl aon duine againn sásta gur tharla an fhadhb dhomhanda sin - is é go ndeachaigh líon na ndaoine atá ag freastal ar chúrsaí ar líne suas níos mó nuair a bhí níos mó ama ag daoine leis na rudaí tábhachtacha a bhí ar a radar a dhéanamh, foghlaim na Gaeilge sa chás seo. Tá sé sin fíor ag Gael Linn agus ag ranganna Gaeilge ar fud na hoileáin. Is rud dearfach é sin gur féidir linn tógáil air. Ba chóir go mbeadh i bhfad Éireann níos mó daoine fásta ag dul ar chúrsaí sa Ghaeltacht. Ba chóir go mbeadh i bhfad Éireann níos mó tacaíochta do dhaoine fásta le freastal ar chúrsaí samhraidh sa Ghaeltacht. Is náireach an méid atá ar fáil faoi láthair le tacú le daoine fásta le freastal ar chúrsa Gaeltachta.

Tá lucht athneartaithe teangacha ar fud na cruinne in éad linne sa tír seo de thairbhe go bhfuil an scéim fhada thairbheach seo againn, scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, ach tá ceist le freagairt. An bhfuil muid, an náisiún agus an Stát, ag déanamh go leor leis an tseoid seo, na coláistí samhraidh, lena bhfuil go leor daoine ar fud na cruinne in éad? An bhfuil an Stát ag déanamh go leor leis an tionscadal a chothú? Faoi láthair, ón méid atá ráite anseo inniu, cé gur léir go bhfuil dea-thoil ann agus cairde sa chúirt againn sa Roinn a bhfuil freagracht as an nGaeltacht aici, tá baic ann. Tá frustrachas ar dhaoine agus is léir ón méid atá ráite inniu go bhfuil i bhfad níos mó ann gur féidir linn a dhéanamh má táimid, Thuaidh agus Theas, i ndáiríre faoi na spriocanna a leag muid síos maidir leis an gcéad teanga de chuid na tíre.

Ms Maria Nic Dhonncha

Nuair atáimid ag caint anseo ar airgead cobhsaithe do na mná tí, do na coláistí agus do na hallaí pobail, níl aon airgead breise i gceist againn. Táimid ag caint ar an airgead atá istigh i scéim na bhfoghlaimeoirí teanga cheana. Táimid ag iarraidh go ndéanfaí athdháileadh ar an gciste sin. Tá súil againn go bhfuil seans ann go mbeadh an comhchoiste in ann tuilleadh airgead maidir le Covid a fháil le cúnamh a thabhairt do na coláistí athoscailt. Mar a dúirt Frank Ó Maoláin ar ball, níl formhór na gcoláistí i dteideal aon chúnamh Stáit toisc nach gcomhlíonann siad na critéir atá leagtha amach do mhaoiniú Covid. Níl aon ioncam ar bith ag na coláistí áirithe sin i gcomhair na bliana seo agus, go deimhin, anuraidh nuair a bhí orthu na héarlaisí ar fad a íoc ar ais. Táimid ag caint faoin maoiniú atá ann i leith scéim na bhfoghlaimeoirí teanga. Bheadh muid thar a bheith buíoch dá mbeadh muid in ann an t-airgead sin a fháil i dtaobh an dúshláin atá roimh na coláistí chun athoscailt a dhéanamh in 2022 agus chun íoc as na costais bhreise a bheidh orthu.

Ar an gcéad dul síos, táim ag féachaint ar an ábhar sin ó dhá thaobh dhifriúla. Is é sin, an cás laistigh den Ghaeltacht agus an cás lasmuigh di. Táim féin as ceantar Gaeltachta, Múscraí, agus feicim arís agus arís eile an tairbhe agus an chabhair a thugann na coláistí samhraidh áitiúla do chúrsaí eacnamaíochta, don teanga agus don chultúr. Tá siad an-luachmhar don cheantar. Gan dabht, nuair atá coláiste dúnta nó imithe ar fad, is cailliúint mhór don dúthaigh é. Bíonn ísle brí ann ina dhiaidh. Táimid tar éis a fheiceáil le dhá shamhradh anuas, agus na coláistí dúnta, go bhfuil an nós dul go dtí an Ghaeltacht ag sleamhnú síos an radar atá ag tuismitheoirí agus ag na daltaí féin. Táim ag féachaint ar aghaidh ar na blianta romhainn. Toisc go bhfuil daoine dúnta isteach agus srianta leis an dianghlasáil, braithim go mbeidh éileamh difriúil ann sna blianta romhainn. Bheadh saoire sa ghrian níos tarraingtí, go háirithe an bhliain seo chugainn. Braithim go mbeidh éileamh difriúil ann ná mar a bhí ann cheana féin. Cén saghas staidéir nó taighde atá á dhéanamh ag an tionscal ar fad agus ag na coláistí chun ullmhú chuige sin, an t-éileamh nua, chun a bheith ábalta freastal air sin agus chun athoscailt? Mar a luamar, is jab amháin é rud a choimeád ag rith agus is jab eile atá ann é a oscailt arís, go háirithe nuair nach mbeidh sé ag athoscailt sa mhargadh céanna ach i margadh difriúil.

Cad iad na hullmhúcháin atá déanta chuige sin? Is í sin an chéad cheist.

Ag leanúint le cúrsaí difriúla, cén saghas céimeanna atá á dtógáil maidir le síneadh lasmuigh don samhradh ar aon nós? Dá mba rud é nach raibh aon phaindéim ann, cad iad na céimeanna chun síneadh amach chuig margaí éagsúla chun freastal ar éileamh difriúil i gcomhair daoine fásta i rith na bliana a bheadh i gceist? Cad iad na slíte eile ina mbeadh taithí sa Ghaeltacht curtha os comhair daoine agus ina mbeadh na coláistí ábalta freastal ar dhaoine?

Táim ag freastal chomh maith ar dhaoine lasmuigh den Ghaeltacht, ina measc na scoláirí a bhí ag ullmhú i gcomhair múinteoireachta agus ag freastal ar na cúrsaí éagsúla. Cé go raibh siad ábalta é a dhéanamh ar an Idirlíon ar feadh tamaillín anseo, ní raibh siad ag fáil blas na Gaeltachta. Bhí siad fós ag fáil an bhille i gcomhair an ruda ar fad. Ghoill sé go mór ar go leor dóibh go raibh an costas mar an gcéanna nó b'fhéidir ardaithe agus tá siad ag fiafraí mínithe. Cén fáth a raibh an costas céanna nó níos airde orthu nuair nach raibh siad ag fáil thaithí na Gaeltachta? Is iad seo na laochra i gcomhair an chéad ghlúin eile a mbeidh ag tabhairt daoine i dtreo na Gaeltachta agus Gaolainne amach anseo. Téastaíonn uainn a chinntú go bhfuil siad báúil i gcónaí. Tá dea-thoil ann, ní hamháin sa Ghaeltacht ach lasmuigh di, ar fud na tíre. Teastaíonn uainn a chinntiú go bhfuilimid ag coimeád na daoine atá báúil ag cabhrú linn agus go bhfuilimid go léir ar aon aigne.

Ar mhaith le Máire Denvir na ceisteanna sin a ghlacadh?

Ms Máire Denvir

Níl aon amhras ach go mbeidh difríocht dhamanta sa tionscal seo san am atá romhainn. Mar a dúirt mé, tá sé tite. Is tionscadal é nach bhfuil ann ag an bpointe sin le dhá bhliain. Dá bhrí sin, caithfear go leor ama, smaointe agus airgid a chur isteach lena atógáil, bíodh sé mar a bhí sé nó i bhfoirm eile. Tá go leor bealaí ann go bhféadfadh gasúir agus daoine fásta a thabhairt go dtí an Ghaeltacht ach caithfimid tacaíocht an Stáit a bheith againn agus, leis sin, tacaíocht Roinn na Gaeltachta – tá ainm an-fhada uirthi anois, ach tugaimid Roinn na Gaeltachta uirthi - agus tacaíocht na Roinne Oideachais. Ba cheart dóibh sin a bheith ag obair i dtaca a chéile.

Mar a dúirt an Teachta Ó Cuív ar ball, is í an Roinn Oideachais a bhunaigh córas na gcoláistí Gaeilge agus a bhí ag feidhmiú leo go dtí 2008 nuair a tháinig an cúlú eacnamaíochta deiridh. Go dtí sin, bhí áit lárnach ag an Roinn Oideachais sna cúrsaí seo. Tá i bhfad níos mó i gceist le oideachas, le foghlaim teanga agus le forbairt gasúir óga ná €52. Bhí ionchur an-láidir sa chóras seo ag an Roinn Oideachais ag an am, ó thaobh leagan amach an tsiollabais teanga a mhúinfí agus mar sin de. Ní féidir a rá go bhfuil sé sin amhlaidh anois mar nach bhfuil an Roinn páirteach i ndáiríre. Cé go ndéantar cigireacht agus go bhfuil cigirí tugtha isteach, níl sé sin sásúil ar chor ar bith do na coláistí. Táimid ag iarraidh dul ar ais ag an staid a rabhamar ansin agus chabhródh sé.

Ba bhreá linn dá bhfaighimis an seans suí síos leis an Roinn Oideachais agus le Roinn na Gaeltachta le go léireoimis leo na bealaí difriúla gur féidir cabhrú ar chuile bhealach le múineadh na Gaeilge. Ba chóir go mbeimis ag obair mar sin. Is é sin a dhéanann muid; feabhsú na ngasúr ina gcuid Gaeilge. Cabhraíonn sé sin. Bheadh sé thar a bheith spéisiúil taighde agus staidéar a dhéanamh ar cé hiad na gasúir is fearr a n-éirigh leo sna scrúduithe Stáit ó thaobh na Gaeilge de. Creidim gur fhreastal go leor acu ar choláistí Gaeilge. D'fhoghlaim siad sna ranganna. Níl aon amhras faoi sin. Bíonn trí huaire acu ar feadh seacht lá na seachtaine. Níl aon amhras ach go bhfoghlaimíonn siad ansin ach foghlaimíonn siad i bhfad níos mó taobh amuigh, ag spraoi le chéile, ag na céilí, sna tithe lóistín, leis na mná tí agus bean an tí ag caint leo agus muintir an tí ag imirt cártaí leo. Tá siad ag maireachtáil.

Tá an-deis againn breathnú ar bhealaí difriúla amhail cúrsaí idirbhliana, ach mar a dúirt mé ar ball, ceapaim go bhfuil rud práinneach againn don bhliain seo agus b'fhéidir gur cheart go mbeimis ar ais anseo ag plé na todhchaí agus, mar a dúirt an Teachta Connolly ar ball, ag plé na rudaí dearfacha gur féidir a dhéanamh faoin Ghaeilge.

Faoi láthair, tá sé práinneach go mairfimid, agus nach ndúnfar na coláistí in áiteanna nach bhfuil aon tionscal eile ann. I gcás an coláiste atá againn, agus níl mé ag iarraidh aon choláiste a lua go pearsanta, níl aon tionscal eile i gCamas ar chor ar bith. Ní raibh riamh. Níor chuir an t-údarás, ná an Roinn ná duine ar bith aon tionscal ceart ar fáil i gCamas ach Coláiste Chamuis. Tá sé sin fós ag maireachtáil, ach an mbeidh sé in ann dul ar aghaidh sa todhchaí? Tá go leor coláistí eile díreach mar a chéile. Déarfadh muintir Oileán Chléire an rud céanna leat, go bhfuil fadhb an-mhór acu, mura bhfaighidh siadsan deis tosaigh, fios nó eolas ar cá bhfuil muid. Tá coláiste beag bídeach acu thíos ansin. Tá mé ag iarraidh fáil amach cá bhfuil muid. Tá muid i liombó. Níl a fhios againn cá seasann an tionscal seo. An bhfuil muid in ann dul ar aghaidh nó nach bhfuil muid?

Tá tacaíocht nó cobhsú geallta. Céard é an cobhsú? Cén leagan amach atá air? Níl a fhios againn. Mar a dúirt mé i mo chuid cainte, is cinnte go mbeidh traenáil i gceist agus ba bhreá linn go mbreathnódh Roinn na Gaeltachta ar chúrsaí trí lá. Tá cúis agam leis an trí lá, nó ceithre lá ar a mhéad, mar in amanna sa scoil, bíonn sé an-deacair na gasúir a fháil ach d'fhéadfá Dé hAoine, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh a fháil. In amanna, ní bhíonn múinteoirí agus bíonn deacrachtaí ag scoileanna. Is iarmhúinteoir mé féin. Bíonn múinteoirí eile a thabhairt amach ag gearáin go bhfuil siad ag dul amach as an seomra rómhinic nó go bhfuil siad imithe go dtí an Ghaeltacht nó mar sin de. Ach tá bealaí ann le cúrsaí a dhéanamh. In áit a bheith ag dul anonn go dtí an Spáinn, nó go Páras ar a gcuid trí, ceithre lá nó cúig lá a dhéanann siad, ba chóir dóibh dul go dtí an Ghaeltacht agus cur lena saibhreas féin agus aithne a chur orthu féin mar dhaoine. Cuireann tú aithne ort féin tríd an teanga and tríd an gcultúr. Tá sé i sícé na nÉireannach.

Ní hamháin sin, ach ba chóir go mbeimis ag cur míle fáilte roimh dhaoine a tháinig isteach, na hÉireannaigh nua, agus go mbeidís ag teacht chuig an nGaeltacht in áit muid a bheith ag breathnú orthu amuigh ansin. Ba chóir dúinn iad a thabhairt isteach agus go mbeidís ag foghlaim ár mbealaí Éireannacha tríd an teanga. Níl sé in áit ar bith níos láidre ná ansin. B'fhéidir go dtabharfadh Frank Ó Maoláin a fhreagra ar an gceist faoi na hábhair oidí.

Mr. Frank Ó Maoláin

Maidir leis na hábhair oidí, ar eagla go sílfeadh daoine go bhfuilimid diúltach inniu, tá mé dearfach fosta. Shuigh muidne, mar fhochoiste, síos le Roinn an Oideachais i lár na bliana le teacht ar thacaíocht chun an deontas a glacadh a fháil ar ais do na hábhair oidí. Bhí sé déanta ag an dá thaobh taobh istigh d'uair an chloig. Faraor, bhí orainn é a dhéanamh ar líne ach, le cuidiú Dé beidh na hábhair oidí ar ais ar láthair na Gaeltachta an bhliain seo chugainn.

Is cinnte go bhfuil sé soiléir go dtiocfaidh linn má fhaighimid an seans. Bhí tascfhórsa luaite anseo ní ba luaithe. Má fhaighimid an seans suí síos le daoine, níl dabht ar bith ach go dtiocfaidh linn uilig teacht ar réiteach ach caithfimid an seans sin a fháil. Caithfimid a bheith dáiríre ar an dá thaobh le teacht ar réiteach. Tá sé fíorthábhachtach maidir leis na hábhair oidí. Bhí mé ag caint le múinteoir an lá faoi dheireadh a bhí ag obair le scaifte ón meánscoil agus bhí cúrsa acu coicís ó shin. Níl dabht ar bith ach go bhfuil an caighdeán tite. Ní raibh an chuid is mó de na scoláirí atá ag freastal ar an meánscoil i láthair ag ranganna Gaeilge le bliain go leith, ach amháin ar feadh tréimhse sé mhí nó naoi mí taobh istigh den bhliain go leith sin.

Níl sé sin ag cuidiú leis an earnáil. Caithfimid a chinntiú go bhfuilimid ag dul amach tráthnóna inniu agus go mbeimid réidh le cobhsú a fháil a gcinnteoidh go dtiocfaidh linn, na coláistí ar fud na tíre uile, na doirse a oscail i gceann coicíse le hearnáil 2022 a athoscail.

Mr. Antoine Ó Coileáin

Ba mhaith liom freagra a thabhairt do phointe nó dhó a rinne an Teachta Ó Muimhneacháin ansin. Maidir leis na socruithe don athoscailt, tá ár n-oifig oscailte i rith an ama. Táimid ag déanamh aisíoca le daoine a raibh súil acu freastal ar chúrsa i mbliana. Chuir siad an éarlais ar aghaidh go dtí an bhliain seo agus anois beidh siad ró-aosta an chéad bhliain eile agus tá an t-airgead sin le híoc ar ais. Is sampla é sin den riarachán atá ag dul ar aghaidh i rith an ama.

Maidir le bheith ag pleanáil don bhliain seo chugainn, caithfidh sé sin tosú láithreach bonn. Bhí tagairt níos luaithe do na bróisiúir agus suíomhanna Idirlín ach roimhe sin, beidh orainn dul chun cainte leis na mná tí againne agus féachaint an bhfuil siad ar fáil don chéad bhliain eile. Tá daoine cleachtaithe ar a gcuid tithe a bheith ar ais acu féin le dhá bhliain anuas. B'fhéidir go bhfuil sé sin chun a sástachta. Caithfidh muidne dul agus na daoine sin a mhealladh i gcásanna. B'fhéidir go raibh cuid acu ag smaoineamh ar gan dul ar aghaidh leis níos faide mar is fiú a lua go bhfuil próifíl aoise measartha ard ag na mná agus na fir tí. Beidh fadhb ansin amach anseo. Tá an chéad ghlúin eile ag teacht ar aghaidh le fostaíocht ón mbaile agus fostaíocht go háitiúil agus níl an spéis chéanna ag daoine sna tithe breátha nua a bheith ag glacadh isteach leis na sluaite déagóirí.

In áit a mbeadh gach coláiste againn, agus tá suas le 50 cláraithe le CONCOS, ag treabhadh ár n-iomaire féin, bheadh an-chiall, go háirithe i mbliana, le feachtas de chuid na Roinne ar son tréimhse sa Ghaeltacht. Gach oíche ar an teilifís, feiceann tú "Discover Ireland". Feiceann tú fógraí ag Bord Fáilte sna pictiúrlanna. Ní fhaca mé riamh fógra ag rá téigh chun na Gaeltachta an samhradh seo. Bain taitneamh. Buail le cairde nua. Foghlaim an Ghaeilge. Is rud an-shimplí é. Ní chosnódh sé mórán ar an Stát. Bheadh sé thar acmhainn aon choláiste ar leith ach bhainfimis ar fad buntáiste as. Is moladh praiticiúil agus simplí é. Tá instealladh, más féidir liom é sin a rá, den chineál sin ag teastáil i mbliana, thar aon bhliain chun muid a chur ar ais ar an radar ag daoine.

Bhain an dara pointe a bhí ag an Teachta Muimhneacháin le margaí nua. Is réimse é ina bhfuil an-spéis againn agus táimid lán le smaointe agus samhlaíocht. Ní hamháin sin ach tá taithí againn féin ar ghearrchúrsaí a reáchtáil le haghaidh daltaí scoile i rith na bliana scoile. Téann rang chun na Gaeltachta lena mhúinteoir agus cuireann Gael Linn ranganna agus imeachtaí ar siúl.

Tá a fhios agam go bhfuil am ag éirí gann ach b'fhéidir go ndéarfadh Réamonn Ó Ciaráin, an stiúrthóir oideachais faoi na cúrsaí againne, focal gasta.

Mr. Réamonn Ó Ciaráin

Bhain Gael Linn triail as gearrchúrsaí a reáchtáil agus bhí an-tóir orthu. Tugann siad blaiseadh don rud níos faide atá ar fáil. Is fearr ó thaobh na teangeolaíochta daltaí a bheith lonnaithe sa Ghaeltacht chomh fada agus is féidir agus is é lá is fiche an líon órga laethanta. Sa lá atá inniu ann, áfach, fiú leis na figiúirí arda a bhí sa tionscadal in 2008 a rinneamar go léir tagairt siar dóibh, le beagnach 28,000 i láthair ar na cúrsaí samhraidh, tá céatadán íseal go fóill de líon na ndaltaí a d'fhéadfadh freastal ar chúrsaí Gaeltachta. D'fhéadfadh i bhfad níos mó ná sin dul dá mbeidís ábalta, dá mbeadh an mealladh ann, dá mbeadh an t-airgead nó cuid den airgead ar fáil ag na tuismitheoirí. Tugann gearrchúrsaí blaiseadh maith den eispéireas speisialta atá ar fáil sa Ghaeltacht. Cuireann sé giota beag eile ar fáil lena raibh sna ceantair Ghaeltachta, taobh amuigh den tréimhse thraidisiúnta. Baineann na daltaí an-sult go deo as.

Is fíor an méid a dúirt Máire Denvir, go bhfuil daltaí go leor ag dul i dtreonna eile atá tarraingteach, cinnte, agus ba chóir go mbeadh an deis ar fáil le dul go tíortha eile agus imeachtaí eile, ach ná déanaimid dearmad ar an tseoid atá ar leac an dorais againne: na coláistí samhraidh agus iad a shíneadh amach trí gearrchúrsaí a chur ar fáil, agus é sin a dhéanamh níos simplí do lucht eagraithe cúrsaí. Faoi láthair, bheadh a lán pleanála agus a lán socruithe le déanamh le cead a fháil an maoiniú atá ar fáil do chúrsaí níos faide a fháil do chúrsaí trí lá, ach tá siad le moladh go mór.

Tá an t-am beagnach istigh agus mar is gnáth, níor fhág mé aon am dom féin ceisteanna a chur. Tá ceisteanna ann. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na finnéithe - Frank Ó Maoláin, Máire Denvir, Maria Nic Dhonncha, Antoine Ó Coileáin agus Réamonn Ó Ciaráin - as a bheith linn agus a dtuairimí a roinnt linn. Is tuairimí an-tromchúiseacha iad. Cosúil leis na finnéithe, is é an fáth go raibh mé ag iarraidh go mbeadh an comhrá seo againn ná gur thuig mise cé chomh práinneach is atá sé. Tuigim cé chomh deacair is atá sé rud a eagrú don bhliain romhat. Ní an bhliain romhaibh atá i gceist ach an bhliain i bhur ndiaidh.

Tá gá don Aire éisteacht a thabhairt dóibh agus comhréiteach a dhéanamh an tseachtain seo caite agus ní an tseachtain seo chugainn. Tá sé thar am. Bhí sé thar am nuair a rinneadh an cinneadh nach mbeadh na cúrsaí ag dul ar aghaidh i mbliana. Ba bhotún é sin. Ba chóir go ndearnadh an cinneadh níos luaithe.

Ní dhéanann na finnéithe go leor craobhscaoilte faoin tionchar eacnamaíochta atá ann. Luadh €50 milliún nó €60 milliún. Measaim gur i bhfad Éireann níos mó atá ann, má smaoinítear ar díreach ó thaobh an méid a íocann na daltaí iad féin, agus tá 27,000 dóibh, agus ansin caithfear é a mhéadú agus an t-iolraitheoir atá ag dul leis sin a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin. Le Covid-19, bhí a lán daoine agus tionscadail in ann an luach a bhí orthu a chur trasna. Tá luach i bhfad Éireann níos mó i gceist leis na coláistí samhraidh. Amach anseo, nuair atá an task force ann, b'fhéidir go mbeidh duine éigin in ann an figiúr sin a chur.

Mo bhuíochas leis na finnéithe. Tá cruinniú príobháideach againn an tseachtain seo chugainn chun díriú isteach ar chúpla rud. Tá TG4 agus RTÉ os ár gcomhair. B'fhéidir go lorgóidh mé go ndéanfaidh siad cúpla fógra nó cláir chun é seo a chraobhscaoileadh dóibh. Tá an Teachta McHugh ag iarraidh teacht isteach ach níl ach nóiméad agam mar go bhfuilimid dúnta.

Bhí mo lámh thuas agam cúpla uair.

Gabhaim mo leithscéal. Bhí an Teachta anseo an t-am ar fad.

Is deas na finnéithe a fheiceáil arís. Tá fáilte rompu roimh an choiste inniu. Tá imní ormsa maidir leis an mbearna atá i gceist anois. Tá an leanúnachas briste ó 2019 go dtí 2022. Is bearna mhór é sin agus is é sin an comhrá atá ann inniu.

Tá an imní chéanna orainn agus dá mbeadh aon bheartas éigeandála de dhíth don bhearna atá ann agus an leanúnachas atá briste, seo an t-am dó agus tá muid ann dó sin. Gabhaim mo bhuíochas fá choinne tiomantas na bhfinnéithe thar an bhliain go leith a chuaigh thart agus an obair ar an idirlíon. Bím ag smaoineamh i gcónaí ar an seanfhocal ó Ghaillimh, castar na daoine ar a chéile ach ní chastar na cnoic ná na sléibhte. Anois níl na daoine ag casadh lena chéile fosta agus sin ábhar práinne. Má theastaíonn aon tacaíocht faoin mbeartas, aon cuidiú nó rudaí mar sin, tá muidne ann. Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Is féidir an focal céanna a úsáid. Tá muid sa Dáil agus b’fhéidir go bhfuil sé féin rud beag dall inniu fosta.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 2.33 p.m. go dtí 12.30 p.m., Dé Céadaoin, 21 Iúil 2021.
Barr
Roinn