Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Wednesday, 8 Dec 2021

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht (Atógáil): Plé

Más gá, leanfaidh an cruinniú ar aghaidh go dtí 4.30 p.m. ach measaim nach mbeimid gafa anseo chomh fada sin. Fearaim fáilte roimh comhaltaí an chomhchoiste, roimh aon chomhalta eile atá ag freastail air seo nach comhalta den choiste é nó í, roimh na finnéithe atá chun labhairt os ár gcomhair agus roimh ár lucht féachana ar theilifís an Oireachtais.

Is mian liom a thaifeadadh go bhfuil na finnéithe go léir ón dá eagraíocht atá ag freastal ar an gcruinniú i láthair i seomra coiste 4 taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Tá Julian de Spáinn as láthair ach linn ó Chonradh na Gaeilge tá Mairéad Ní Fhátharta, cathaoirleach meitheal Gaeltachta Chonradh na Gaeilge; agus Peadar Mac Fhlannchadha, leas ardrúnaí agus bainisteoir abhcóideachta. Linn ó Chomharchumann Ráth Chairn tá Éanna Ó Cróinín, cathaoirleach; Úna Ní Fhairceallaigh, leas-chathaoirleach; agus Dáithí Mac Cárthaigh, ball. Is abhcóide é Dáithí Mac Cárthaigh. Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an gcúnamh atá siad ag tabhairt dúinn ar an ábhar seo.

Sula leanfaimid ar aghaidh, tá dualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na ndaoine atá ag freastal ar an gcruinniú seo. Is mian liom a mheabhrú do chomhaltaí, d’fhinnéithe agus do bhaill fhoirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin soghluaiste múchta le linn an chruinnithe toisc go gcuireann siad isteach ar an gcóras fuaime agus ar an gcóras taifeadta má tá siad ar siúl. Faoi láthair, tá rogha ag comhaltaí freisin freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó freastal go fíorúil ar Microsoft Teams. I gcás cruinnithe phoiblí, caithfidh siad é sin a dhéanamh óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais. Caithfidh comhaltaí atá ag freastal ar an gcruinniú óna oifigí i dTithe an Oireachtais an físeán a bheith ar siúl acu an t-am go léir ionas gur féidir linn ar fad atá i láthair anseo iad a fheiceáil. Meabhraím do chomhaltaí gur féidir le gach duine eile ag an gcruinniú iad a fheiceáil ar an scáileán, cé acu go mbeadh nó nach mbeadh siad ag caint ag an am. Ba cheart díobh uilig dá réir a chinntiú go mbeadh bhur gcuid micreafóin múchta i gcónaí seachas sibh ag cur nó ag freagairt ceisteanna. Ag cuidiú leis an gcóras taifeadta na focail a thaifead go cruinn agus linne ag an gcruinniú na focail a chloisteáil go soiléir, is gá dóibh siúd atá ag labhairt a gclúdaigh aghaidhe a bhaint dóibh sula labhróidh siad. Seachas sin, iarraim orthu go mbeadh a gclúdaigh aghaidhe á gcoimeád orthu an t-am uilig nuair nach bhfuil siad ag labhairt. Chun críocha Thuarascáil Oifigiúil Thithe an Oireachtais, tá sé iarrtha orm comhaltaí agus finnéithe a ainmniú sula labhróidh siad. Déanfaidh mé é sin. Níl sé i gceist go mbeadh vóta ann ach má ghlaoitear vóta leanfar leis de réir mar is gnáth trí vóta ar ghlaoch rolla na gcomhaltaí i seomra an choiste.

Ba mhaith liom aird na finnéithe a dhíriú go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste, chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cáilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuireann siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Fiafraítear dóibh gan aon ní a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach, ordófar do na finnéithe éirí as na ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfeadh siad leis an ordú sin láithreach.

Cuirfimid tús anois lenár mbreithniú ar ábhar an chruinnithe seo, tithíocht agus cúrsaí pleanála fisiciúla sa Ghaeltacht. Iarraim ar an bpríomhfhinné ó Chonradh na Gaeilge a ráiteas tosaigh a dhéanamh.

Ms Mairéad Ní Fhátharta

Is mian le Conradh na Gaeilge buíochas a ghabháil leis an gcomhchoiste as an deis seo labhairt ar an ábhar seo, ceann de na hábhair is tábhachtaí agus is práinní a bhaineann le todhchaí phobal labhartha na Gaeltachta. Is mian linn moladh a thabhairt don choiste as an obair atá ar siúl aige chun ceist na pleanála Ghaeltachta a bhrú chun tosaigh. Tá an cur i láthair seo bunaithe ar an obair atá ar siúl ag Conradh na Gaeilge chun polasaí náisiúnta don phleanáil tithíochta sa Ghaeltacht a fhorbairt agus tá cóip dár ndréachtpholasaí faoi iamh.

Tá sé ag éirí níos deacra do mhuintir na Gaeltachta cead pleanála a fháil ina gceantar féin, rud atá scannalach. Ceiltear cead pleanála ar dhaoine ón áit ar an mbunús, dar leis na comhairlí áitiúla, nach bhfuil riachtanais áitiúil acu agus tá an sainmhíniú ar céard is “riachtanas áitiúil” ann á chúngú agus á thachtadh i rith an ama. Ciallaíonn sé seo nach féidir le lánúineacha óga cead pleanála a fháil ina gceantair dhúchais féin. Freisin, tagann sé seo salach ar pholasaí an Rialtais ó thaobh na pleanála teanga de, mar a léirítear in Acht na Gaeltachta, 2012. Mura mbeidh daoine sa Ghaeltacht leis an teanga á labhairt cén mhaith a bheith ag caint ar phleanáil teanga? Ba chóir go mbeadh pleanáil tithíochta sa Ghaeltacht dírithe ina iomláine ar bhuanú agus neartú an phobail Ghaeltachta. Feictear dúinn gurb é an tslí is éifeachtaí chun an fhadhb seo a réiteach ná go nglacfaí leis go bhfuil riachtanas áitiúil ag an té a bhfuil labhairt na Gaeilge aige nó aici, rud a d’éascódh an próiseas pleanála do mhuintir na Gaeltachta. Tá sé tábhachtach a lua leis seo nach bhfuilimid ag moladh aon chonstaic bhreise ó thaobh na Gaeilge de, don té arb as an áit é nó í, cead pleanála a fháil sa toghroinn Ghaeltachta arb as dó nó di. Is léir dúinn an dochar a dhéanann eastáit tithíochta a thógtar don mhargadh tráchtála, agus freisin an iomarca tithe saoire a bheith i gceantair Ghaeltachta, ó thaobh an phobail agus na Gaeilge de agus gur gá a bheith an-cháiréiseach ina thaobh seo. Is gá tithíocht shóisialta agus tithe atá incheannaithe ag an bpobal áitiúil, tithe aonair san áireamh, a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta ina gceantar féin, seachas iad a ruaigeadh isteach sna bailte móra mórthimpeall.

Tá meitheal Gaeltachta Chonradh na Gaeilge ag plé le hullmhú polasaí náisiúnta ó earrach 2020, bunaithe ar éileamh atá ag teacht ó na pobail Ghaeltachta agus ó dhíospóireacht a rinneadh ag ardfheis an chonartha i nGaillimh sa bhliain chéanna. Ullmhaíodh dréachtcháipéis mar bhunús don pholasaí agus baineadh leas as an gcáipéis sin chun dul i mbun feachtas comhairliúchán leis na pobail Ghaeltachta agus le pobal na Gaeilge trí chéile. Mar chuid den fheachtas comhairliúcháin seo, rinneamar teagmháil le gach comharchumann Ghaeltachta agus le gach coiste pleanáil teanga Ghaeltachta. Rinneadh dréachtcháipéis a sheoladh ag seimineár Oireachtais na Gaeilge 2020 agus eagraíodh seimineár poiblí eile ar an 22 Aibreán 2021 ar a d’fhreastail daoine ó gach ceantar Ghaeltachta. Bunaithe ar an bplé seo, agus ar an aiseolas ar fad, a d’eascair an leagan reatha dár bpolasaí.

Aithníonn Conradh na Gaeilge nach féidir dul chun cinn a dhéanamh gan toil pholaitiúil; sin an freagra. Táimid i mbun feachtas stocaireachta ag iarraidh ár mholtaí a chur chun tosaigh. Mar thoradh ar an stocaireacht seo, agus ar chruinniú leis an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an Teachta Darragh O’Brien, tá coiste bunaithe idir an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chun scrúdú a dhéanamh ar an bpleanáil sa Ghaeltacht, gníomh atá le moladh.

Creidimid, áfach, go bhfuil géarghá an coiste seo a leathnú amach agus gur laige mhór é nach bhfuil ionadaíocht ag Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí Ghaeltachta ar an gcoiste seo. Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh an gceannaireacht atá an coiste seo ag tabhairt chun an toil pholaitiúil a bhaint amach. Ba bhreá linn dá mbeadh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge sásta rún a rith ag iarraidh ar an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, An Teachta O'Brien, ionadaíocht a chur ar fáil ar an gcoiste idir-rannach do Chonradh na Gaeilge agus eagraíochtaí Ghaeltachta eile.

Cén fáth a bhfuil polasaí náisiúnta do phleanáil tithíochta sa Ghaeltacht ag teastáil? Tá sé ag teastáil mar go bhfuil titim i líon na gcainteoirí laethúil sa Ghaeltacht, chun cosaint a dhéanamh ar chearta phobal na Gaeltachta cónaí ina gceantar dúchais agus chun a chinntiú nach maraítear an Ghaeltacht trí líon mór daoine gan Ghaeilge teacht chun cónaí sa cheantar.

Cén buntáiste a bheadh le polasaí náisiúnta do phleanáil tithíochta sa Ghaeltacht? Ar ndóigh, thabharfadh sé cinnteacht do phobal na Gaeltachta, do na húdaráis áitiúla agus d’fhorbróirí. Má bhíonn an polasaí náisiúnta seo ann, beidh deis cur le pobal na Gaeltachta agus stop a chur leis an mbánú tuaithe atá ag tarlú sna Gaeltachtaí.

Sa pholasaí seo, atá faoi bhráid an choiste, agus atá curtha le chéile againn, tá cúig móréileamh. Is é éileamh 1 ná go ndéanfaidh measúnacht tionchar teanga neamhspleách ar na hiarratais a thagann isteach. Is é éileamh 2 ná go mbeidh an caighdeán cuí sa Ghaeilge ag an duine atá ag lorg cead pleanála seachas an eisceacht a luaigh mé roimhe sin do na daoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht cheana. Is é éileamh 3 ná go mbeidh srianta ar eastáit tithíochta agus ar an iomarca tithe saoire. Is é éileamh 4 ná go mbeidh tithe sóisialta ar fáil do phobal na Gaeltachta. Is é éileamh 5 go gcuirfí an phleanáil fhisiciúil i gcomhar leis an bpleanáil teanga.

Aithnímid gur gá don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, i gcomhar leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, taighde a dhéanamh maidir le riachtanais tithíochta agus forbartha phobal na Gaeltachta i ngach limistéir pleanála teanga agus plean a chur le chéile chun go mbeidh an Ghaeilge ag méadú ó bhliain go chéile mar theanga labhartha laethúil na Gaeltachta.

Molaimid na cumhachtaí pleanála a tharmligean ó na comhairlí contae go dtí Údarás na Gaeltachta maidir le limistéir Ghaeltachta. Ceadaíonn Acht na Gaeltachta 2012 in alt 8(6)(b) den phríomh-Acht arna chur isteach ag Acht na Gaeltachta 2012 cúraimí pleanála na gcomhairlí contae a bhfuil ceantair Ghaeltachta faoina gcúram a tharmligean chuig rannóg phleanála teanga an Údaráis. Molaimid go sonrach nach dtabharfaí na cumhachtaí seo do rannóg phleanála teanga an Údaráis go dtí go mbeidh daoine atá oilte sa phleanáil teanga agus sa phleanáil fhisiciúil araon réidh le dul i mbun an chúraim.

Idir an dá linn molaimid go bpléadh Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Údarás na Gaeltachta go réamhghníomhach le gach iarratas pleanála sa Ghaeltacht agus iad ag tacú le hiarrthóirí le Gaeilge. Molaimid go mbeidh foireann chuí oilte sa phleanáil teanga ag An mBord Pleanála le haon iarratas a bhaineann le limistéar Gaeltachta a phlé.

Is ceart bunúsach do mhuintir na Gaeltachta cead a bheith acu maireachtáil nó lonnú ina gceantar dúchais féin. Mura mbeidh polasaí náisiúnta ann, ní bheidh aon Ghaeltacht ann go gairid. Tá mé fíorbhuíoch as an deis labhartha seo agus as cluais éisteachta an choiste. Meabhraím dó gur beart a dhéanann gníomh.

Mr. Éanna Ó Cróinín

Aontaím le gach uile rud a dúirt Mairéad Ní Fhatharta ag tús a ráitis maidir le dea-obair an choiste seo. Táimid buíoch de mar eagraíocht pobail Ghaeltachta as an deis a thabhairt dúinn ár gcás a chur os comhair an choiste agus a phlé leis.

Bunaíodh Comharchumann Ráth Chairn sa bhliain 1973 le cúram a dhéanamh de ghníomhaíochtaí éagsúla agus d’fhorbairt pobail sa cheantar. Bíonn an comharchumann ag reáchtáil cúrsaí Gaeilge do dhaoine óga agus d’fhoghlaimeoirí fásta, féilte cultúrtha, comórtais, imeachtaí sóisialta agus eile agus cuirtear seirbhísí éagsúla ar fáil ó ionad an chomharchumainn, siopa, caifé agus teach ósta ina measc.

Fógraíodh limistéar pleanála teanga, LPT, Ráth Chairn agus Bhaile Ghib le tús a chur leis an bpróiseas pleanála teanga i mí na Samhna 2015. Tar éis iarratas a chur isteach, roghnaíodh Comharchumann Ráth Chairn mar cheanneagraíocht leis an bpróiseas a stiúradh. Táimid sásta go n-aithníonn Comhairle Contae na Mí go bhfuil brú ar leith ar Ghaeltacht na Mí de bharr a cóngarachta do mhórcheantar uirbeach Bhaile Átha Cliath agus an brú a chuireann sé sin ar sholáthar agus inacmhainneacht tithíochta sa cheantar.

Tá Gaeltacht na Mí bunaithe ar an bprionsabal gur féidir teaghlaigh le Gaeilge a mhealladh isteach sa cheantar chun cur fúthu go buan ann agus chun cur le neart na teanga mar theanga phobail, chomh maith le cultúr dúchasach na Gaeltachta.

Fáiltíonn Comharchumann Ráth Chairn roimh an méid atá molta ag na húdaráis áitiúla. Chun líon na gcainteoirí Gaeilge sa nGaeltacht a ardú faoi 25%, mar atá leagtha amach sa straitéis 20 bliain, tá géarghá le teaghlaigh le Gaeilge a mhealladh isteach sa cheantar. Chuige sin, ba chóir caitheamh le Gaeilgeoirí amhlaidh is go raibh riachtanas áitiúil acu. Tá sé seo i bplean forbartha Chontae na Mí ach níl sé á chur i bhfeidhm agus táthar ag diúltú do theaghlaigh le Gaeilge a theacht agus teach a thógáil sa Ghaeltacht ceal riachtanas áitiúil, rud a sháraíonn an plean contae.

Tacaíonn Comharchumann Ráth Chairn le moltaí Chonradh na Gaeilge maidir le pleanáil sa Ghaeltacht. Tá sé molta chomh maith ag na rialtais áitiúla go dtabharfaí isteach treoirlínte reachtúla faoi alt 28 den Acht um pleanáil agus forbairt. Níl sé seo sách láidir agus tá géarghá le rialacháin seachas treoirlínte chun go mbeadh feidhm dhlíthiúil i gceist.

Fáiltímid roimh an moladh go n-ullmhófaí pleananna forbartha áitiúla do gach ceantar Gaeltachta i gcomhar leis na pobail áitiúla. Is iad na pobail áitiúla is fearr a thuigeann riachtanais a bpobail féin. Fáiltímid roimh an moladh go mbeadh modh deimhnithe náisiúnta ann chun inniúlacht teanga a mheas mar nach bhfuil sé cóir go dtitfeadh an t-ualach seo ar choiste áitiúil, a bhfuil a chuid ball ag maireachtáil sa cheantar céanna.

Tá géarghá le caighdeán agus rialacháin náisiúnta maidir le measúnacht tionchar teanga, ní ráiteas tionchar teanga, modh ullmhúcháin, measúnaithe agus athbhreithnithe chomh maith le rialacháin chun go gcuirfí i bhfeidhm a n-úsáid go dleathach. Aithníodh go bhfuil fadhb mhór inacmhainneachta i ngach ceantar Gaeltachta agus fáiltímid roimh an moladh go dtabharfaí bearta inacmhainneachta faoi leith isteach do na ceantair Ghaeltachta.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe agus gabhaim buíochas leo as an gcur i láthair.

Bhí an deis againn labhairt le roinnt de na comhairlí contae cheana féin agus tá sé soiléir nach bhfuilid ag cur riachtanais phobal na Gaeilge chun cinn. Bhí sé suimiúil a chloisteáil ansin gur cuireadh an Ghaeilge san áireamh i bplean Chontae na Mí, mar riachtanas ag an gcomhairle áitiúil, ach nach bhfuil sé á chur i bhfeidhm ann. Shamhlófá gur uirlis láidir a bheadh ina leithéid agus go bhféadfaí, fiú amháin, achomhairc a dhéanamh ar roinnt de na hiarratais phleanála sa chás sin. An bhfuil aon eolas ar aon chás ar cuireadh chuig An mBord Pleanála nuair nár cuireadh a leithéid sin i bhfeidhm? Bheadh sé suimiúil an nós breithnithe a scrúdú ach má tá eolas ag ár bhfinnéithe air sin bheadh an-suim agam ann.

Aontaím go láidir leis an méid a bhí á rá ag beirt dár bhfinnéithe gur chóir go mbeadh an teanga mar sprioc i gcomhair an choinníll áitiúil a chur i bhfeidhm. Ar sheol an conradh na tuairimí sin ar aghaidh chuig na comhairlí áitiúla éagsúla mar tá a lán díobh ag déanamh athbhreithniú faoi láthair ar na pleananna forbartha? An ndearnadh plé leis na comhairlí áitiúla Gaeltachta ar na hábhair sin chomh maith chun go bhféadfaí iad a bhrú ar aghaidh go háitiúil?

Cé ar mhaith léi nó leis an cheist seo a fhreagairt?

Mr. Peadar Mac Fhlannchadha

Maidir leis an méid atá luaite faoi An Bord Pleanála agus díreach mar atá ráite ag an Uasal Ní Fhatharta, tá alt sonrach faoi sin. Mar a tharlaíonn sé, chas an tUasal Ní Fhatharta, mé féin agus an tUasal de Spáinn le cathaoirleach, príomhfheidhmeannach agus beirt eile d’fhoireann An Bhoird Phleanála agus chuamar trí na ceisteanna seo ar fad. Bhí cruinniú maith go leor againn leo agus bhíomar sásta leis mar thúsphointe. Bhíomar ag cur cuid de na pointí atá luaite ag an Teachta Moynihan féin ansin, go háirithe maidir le fostú cigirí le scil nó le cáilíocht acu sa phleanáil teanga agus daoine a bheadh tuiscint acu ar chúrsaí sochtheangeolaíochta. Tá sé féaráilte a rá gur ghlac siad go raibh gá acu obair a dhéanamh air sin, gur luaigh siad é sin agus bhí plé leathan againn ó thaobh cúrsaí agus polasaí earcaíochta an bhoird go ginearálta. Chuir siad a thaobh féin den rud i láthair sa mhéid is go raibh siad ag feidhmiú de réir agus laistigh de na dlíthe pleanála agus gurb é sin an sprioc a bhí acu. É sin ráite bhíomar sásta gur tús próisis a bhí i gceist leo agus bhíomar sásta go leor leis mar chéad chruinniú.

Maidir leis na comhairlí áitiúla, táimid ag plé leo maidir leis na pleananna forbartha faoi láthair agus gur b’shin an rud is mó a thagann ón taobh sin. Táimid tosaithe ag plé le roinnt de na comhairlí Gaeltachta in áiteanna de réir mar atáimid ag bogadh ar aghaidh leis an gceist ó thaobh na bpleananna forbartha. Arís, go áitiúil, tá roinnt de na comharchumainn Ghaeltachta, go háirithe, ag plé leis na pleananna forbartha freisin agus leis na comhairlí contae ón taobh sin de.

Glacaim leis go bhfuil níos mó oibre le déanamh againn féin air sin agus go mbeimid ag bogadh ar aghaidh leis an gceist. Aithnímid an fhíorthábhacht atá leis na pleananna forbartha.

Ar mhaith le haon duine labhairt ansin? An bhfuil an Teachta Ó Muíneacháin sásta?

Aontaím leis an bplean teagmháil a dhéanamh leis na comhairleoirí Gaeltachta chomh maith mar, ag deireadh an lae, is plean na comhairle atá ann agus tá sé fíorthábhachtach go mbeadh na comhairleoirí áitiúla páirteach ann. Is féidir linn a bheith ag féachaint ar threoirlínte, nó pé rud a theastaítear a thabhairt orthu, ón Roinn ach is plean do cheantar agus riachtanais áitiúla an rud is láidre faoi agus, más féidir, tá sé sin fíorthábhachtach é sin a bhrú go háitiúil,

Aontaím go gcabhródh an teagmháil leis ann gcoiste náisiúnta chomh maith agus go bhfuil spás ann dó sin. An bhfuil aon eolas ar aon achomhairc chuig An mBord Pleanála nó aon rud mar sin maidir leis an gceist sin i gContae na Mí? Mura bhfuil, na bí buartha faoi mar is féidir linn fiosrú a dhéanamh go díreach faoi ón gcomhairle ach má tá bheadh sé suimiúil é sin a chloisteáil. Chomh maith leis sin, tá leathnasc agus tá suim againn ansin gur chóir é sin a dhéanamh, mar shampla, maidir leis an tslí ina bhfuilimid sna Gaeltachtaí intíre anseo sa bhaile i gContae Chorcaí, i gceantar Mhúscraí, atá an-chosúil lenár n-aíonna anseo ó Chontae na Mí. Tá taithí mhaith againn a bheith ina Gaeltacht bheag intíre, an brú ag teacht ó gach taobh, an chathair a bheith cóngarach dúinn agus an tslí a bheadh daoine ag teacht agus ag imeacht go laethúil. Tá an deis ann daoine le Gaeilge a mhealladh isteach chomh maith. Tá an-chuid cosúlachtaí ansin agus d’fhéadfaí comhoibriú air sin freisin.

Is iad sin na pointí faoi leith a theastaigh uaim a tharraingt aníos má tá aon phointe eile nó aon bhall eile ar mhaith léi nó leis labhairt, táim breá sásta éisteacht leo.

Sula nglaoim ar aon duine freagra a thabhairt ar an méid sin, ba mhaith liom a aithint go bhfuil na Teachtaí Ó Cathasaigh agus O’Dowd ar líne chomh maith. Más maith le ceachtar acu siúd nó aon duine eile páirt a ghlacadh sa chruinniú, caithfidh siad an físeán a chur ar siúl agus a lámh a chur in airde chun ceist a chur. Glaoim ar an Uasal Mac Cárthaigh.

Mr. Daithí Mac Cárthaigh

An bhfuil an gléas ag obair nó an gcaithfidh mé an cnaipe a bhrú?

Má tá sé dearg, tá sé ag obair.

Mr. Daithí Mac Cárthaigh

Táim ag súil go mbeidh sé glas, b’fhéidir.

Maidir le ról an Aire seachas ról na gcomhairlí contae, tá ról ag an Aire chomh maith, ar ndóigh, chun cabhrú leis na comhairlí contae nuair a bhíonn siad ag plé le ceantair nach bhfuil siad thar a bheith compordach leis. Feictear dúinn nach bhfuil Comhairle Contae na Mí, mar shampla, compordach ag plé le cúis na Gaeilge nó na Gaeltachta agus seans go bhfuil sé sin amhlaidh i gceantair eile. Faoi ailt 29 agus 31 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, is féidir leis an Aire treoir bheartais a thabhairt isteach. Is é an tábhacht a bhaineann leis sin ná go mbíonn an treoir bheartais sin mar chuid den phlean forbartha. Más rud é go mbíonn laigí nó poill ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de sna pleananna áitiúla, is féidir leis an Aire seasamh isteach agus rud saghas aonchineálach a chur isteach. Bheadh ciall leis, go háirithe, maidir leis an mbaint agus an chaint ar ró-obair forbartha ar eastáit tithíochta, nó má bhítear ag plé le tithe saoire, nó a leithéid sin, áit a bheadh sé úsáideach é sin a dhéanamh ar leibhéal náisiúnta.

Chomh maith leis sin tá treoirlínte anois ann le blianta fada maidir le cad is ceart a bheith i bplean forbartha ó thaobh na Gaeltachta agus tá siad ar fheabhas ach, faraor, arís is ar ais, ní fheictear dúinn go bhfuil na comhairlí áitiúla ar a gcompord ag plé le cúrsaí na Gaeilge. Ceann de na laigí a tháinig chun cinn ansin le déanaí san Ard-Chúirt – ní féidir liom mórán a rá faoi – ná nach raibh siad oilte, ar a gcompord, ná nach raibh An Bord Pleanála ach an oiread, mar gheall cad is ráiteas ná measúnú tionchair teanga agus gur gá le rialacháin faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt chuige sin, a leagfaí síos cad atá i gceist agus conas a chruthófaí go rachadh forbairt ar leith chun leas na Gaeilge go háitiúil. Tá géarghá leis sin agus mura dtagann sé ón Aire, ní dóigh liom go dtiocfaidh sé as áit ar bith.

Bhí an tAire le bheith linn an tseachtain seo chugainn agus tá iarrtha orainn é sin a chur ar atráth go dtí mí Eanáir. Bhíomar chun cuireadh a thabhairt chomh maith don choiste oibre atá bunaithe aige chomh maith mar gheall air seo. Beidh siad os ár gcomhair i mí Eanáir agus ní hé seo an cruinniú deireanach maidir le cúrsaí pleanála. Tá sé i gceist againn chomh maith cuireadh a thabhairt do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

Is é sin an t-údarás áitiúil deireanach a bhfuil ceantar Gaeltachta ina limistéar atá le teacht os comhair an choiste. An bhfuil aon duine eile ag iarraidh tabhairt faoi ceisteanna a chur? Tosóimid leis an Teachta Connolly agus ansin beidh an Teachta Moynihan.

Táim anseo freisin.

D'aithin mé an Teachta Ó Cuív nuair a tháinig sé isteach. Ní dhéanfainn dearmad air go deo.

Níl mórán ceisteanna le cur agam. Tá drogall orm aon rud a rá ach mo bhuíochas a ghabháil as ucht oibre na bhfinnéithe. Tá sé deacair leanúint ar aghaidh an t-am uilig leis na drochfhíricí atá i gceist. Cuirfidh mé ceist nó dhó. Is é sin an méid. Baineann siad le ráiteas tosaigh Chonradh na Gaeilge. Tá sé ráite go bhfuil coiste idir-rannach ar siúl anois idir an dá Roinn agus nach bhfuil an conradh sásta nach bhfuil aon duine ann ó thaobh amuigh de na Ranna. Aontaím leis an gconradh ach beidh sé sin deacair. Tá sé cosúil leis an bpolasaí do na hoileáin. Tá coiste idir-rannach i gceist leis sin agus tá sé diúltaithe ag na Ranna aon duine ó na hoileáin a chur ar an gcoiste toisc gur coiste idir-rannach é agus, dar leo, nach bhfuil aon spás d'aon duine nach bhfuil sna Ranna sin. Beidh deacracht ansin. B'fhéidir go bhfuil fóram nó bealach eile ann ach tá sé sin diúltaithe glan ó thaobh chúrsaí feamainne agus ó thaobh chúrsaí na n-oileán. Aontaím leis an gconradh go teoiriciúil ach ní dóigh liom go bhfuil aon bhealach ansin. B'fhéidir go mbeidh na finnéithe in ann teacht ar ais go dtí an cheist sin.

Tá a lán moltaí ag an gconradh, ina measc moladh go mbeidh plé réamhghníomach á dhéanamh idir an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Údarás na Gaeltachta le gach iarratas pleanála. Ceapaim go bhfuil ciall leis sin. Ar tharla sé sin riamh go dtí seo?

Maidir le ráiteas tosaigh Chomharchumann Ráth Chairn, leagann sé amach cad atá le déanamh "Chun líon na gcainteoirí Gaeilge sa nGaeltacht a ardú faoi 25%". Deirtear "ba chóir caitheamh le Gaeilgeoirí amhlaidh is go raibh riachtanas áitiúil acu". Is é sin an moladh. Tá an comharchumann ag rá go bhfuil "sé seo i bPlean Forbartha Chontae na Mí ach níl sé á chur i bhfeidhm". An féidir tuilleadh sonraí a thabhairt faoi sin? Tá sé ann, an bhfuil? Cén fáth nach bhfuil sé á chur i bhfeidhm? Cad atá ráite ag na comhairleoirí áitiúla? Cad atá déanta óna thaobh sin?

Mr. Éanna Ó Cróinín

Gabhaim buíochas leis an Teachta as sin. Tá sé i bplean Chontae na Mí faoi na critéir mheasúnaithe a dhéanfar ar iarratais phleanála. Níl sé scríofa i nGaeilge ag an gcomhairle. Tá mé ag iarraidh an fhoclaíocht a chuimhneamh go díreach ach is éard atá ráite ann go bunúsach ná go dtabharfar aird speisialta ar iarratasóirí le Gaeilge nó ar iarratasóirí a gcáilíonn faoin bpolasaí tithíochta tuaithe. Níl sé sin ag tarlú. Is é an rud atá ag tarlú ná, nuair a thagann Gaeilgeoirí ó thaobh amuigh den Ghaeltacht isteach agus iad ag iarraidh teach a thógáil sa Ghaeltacht, táthar ag diúltú dóibh ar bhonn riachtanais áitiúla. Níl sé sin ag teacht le plean forbartha na Mí ar chor ar bith.

Ní thuigim é sin. Tá sé ann sa phlean so cén fáth nach bhfuil sé á chur i bhfeidhm?

Mr. Éanna Ó Cróinín

Is ceist le haghaidh Chomhairle Contae na Mí é sin.

Is dóigh liom go bhfuil an cheist sin curtha go mion minic ag an gcomharchumann. Cad é an freagra?

Mr. Éanna Ó Cróinín

Níl aon fhreagra soiléir faighte againn air sin ar chor ar bith. Níl aon fhreagra faighte in aon chor.

Chuir an Teachta ceist ar Chonradh na Gaeilge freisin.

Mr. Peadar Mac Fhlannchadha

Iarrfaidh mé ar Mhairéad Ní Fhatharta labhairt ar chuid de cheisteanna a chur an Teachta. Ní maith liom labhairt thar ceann mhuintir na n-oileán agus í anseo le mo thaobh. Ag teacht ar ais go dtí an cheist maidir le cúrsaí ionadaíochta, tá sé lorgtha go minic againn ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ag na cruinnithe. Tá siad ag diúltú scun scan. Is laige é sin ar an gcoiste.

Aontaím gur laige é sin agus nach féidir glacadh leis ach, maidir leis an gcóras atá ann, is coiste idir-rannach atá i gceist. Dúradh linn go minic nach féidir, mar sin, aon duine ón taobh amuigh a chur air. Tá an rud atá déanta acu mícheart, is é sin, coiste idir-rannach a chur ar bun seachas fóram eile.

Mr. Peadar Mac Fhlannchadha

Aontaím leis an Teachta. Arís, bhí an plé an tseachtain seo caite leis na comhairlí contae spéisiúil. Bhí cuid den éileamh céanna, go ndéanfar an coiste sin a leathnú, le cloisteáil. Glacaim leis, i mbealach amháin, gur coiste idir-rannach atá i gceist ach tá sé in am an rud a leathnú amach. Ní féidir leis an gcoiste sin feidhmiú i gceart agus tuiscint a bheith aige ar an gcúis go bhfuil an t-éileamh seo ag teacht ar aghaidh gan labhairt le muintir na Gaeltachta agus muintir na n-oileán. Caithfear labhairt le daoine ó gach ceantar Gaeltachta mar ní hionann aon dá cheantar, mar atá feicthe againn sa seomra seo cheana féin. Mar a deirim, is é sin an fáth go bhfuil sé molta sa chur i láthair a rinne Mairéad Ní Fhatharta go rithfeadh an coiste seo rún ag éileamh go ndéanfar an coiste a leathnú amach. Níl muid ag iarraidh tionchar as ord a imirt ar an rud. Ba mhaith linn cur leis an rud chun go mbeadh an t-eolas sin ann.

Ligfidh mé do Mhairéad Ní Fhatharta teacht ar ais ó thaobh cheist na n-oileán ach, ar an gceist eile a bhí ag an Teachta maidir leis an scrúdú réamhghníomhach idir an t-údaras agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, go bhfios dom, níl sé sin ag tarlú. Tá roinnt aighneachtaí curtha isteach ag an údarás agus ag an Roinn thar na blianta. De réir mar a thuigim, chuir siad ceann thar a bheith láidir agus maith isteach i gcás chúrsaí Ráth Chairn. Níl sé sin ar siúl ar bhonn córasach. Go pointe áirithe, tá an plé sin ag athrú. D'fhéadfaí a rá go bhfuil an díospóireacht seo ag tosú le píosa anuas.

Déanfaidh mé tagairt do rud eile atá sa pholasaí, is é sin go bhfuil gá go nglacfaidh an dá Ranna seilbh ar an bpróiseas seo ar fad maidir le soláthar tithíochta sa Ghaeltacht. Tá saghas fatwa ann in aghaidh thithe aonair. Caithfidh pobal na Gaeltachta cónaí áit éigin. Tá a fhios againn nach féidir brath ar chúrsaí margaidh le haghaidh eastát. Is gá breathnú air sin. Táimid ag éileamh go mbeidh scrúdú déanta ar chuile cheann den 26 ceantar pleanála teanga agus go mbreathnófar ar céard iad na ceisteanna. Tá ceisteanna leithne ann. Tháinig siad ar aghaidh sa chruinniú a bhí againn leis an mBord Pleanála agus sa phlé a bhí ag an gcoiste féin an tseachtain seo caite maidir le heaspa seirbhísí i gceantar Bhéal Átha an Ghaorthaidh, áit nach féidir tithe a thógáil ann. Tá an rud níos leithne.

Mothaímid go gcaithfidh an Stát seilbh a ghlacadh air, ag obair leis na comharchumainn. Tá infreastruchtúr thar a bheith láidir ann sa Ghaeltacht tríd na comharchumainn Ghaeltachta. Mar a tharlaíonn sé, tá triúr chathaoirleach ar chomharchumainn Ghaeltachta anseo sa seomra. Níl na hacmhainní ag aon cheann de na comharchumainn sin chun tabhairt faoi seo i gceart gan tacaíocht Stáit. Feictear domsa, de réir mar atá an díospóireacht agus an plé seo ag dul ar aghaidh agus dé réir mar atá níos mó daoine ag teacht os comhair an choiste seo, go bhfuil gá le struchtúr. Táimid sa riocht ina bhfuilimid faoi láthair mar go bhfuil teipthe ar an gcóras a bhí ann. Caithfidh an Stát seilbh a ghlacadh ar an bpróiseas sin.

Ms Mairéad Ní Fhátharta

Cuirfidh mé leis sin. Déanfaidh mé macalla ar an méid a dúirt Peadar Mac Fhlannchadha. Táimid ag iarraidh é seo a leathnú amach mar aithnímid nach mbeidh glór na Gaeltachta ná glór phobal na Gaeltachta lárnach ann má tá coiste idir-rannach i gceist. Ní bheidh sé ach ag déanamh cinntí a chaithfear a chur faoi bhráid mhuintir na Gaeltachta agus ag cur moill ar chúrsaí le plé agus tuilleadh plé. Má táimid lárnach ón tús, beidh deis ann dul chun cinn a dhéanamh. Mar a dúirt mé, tá práinn leis seo. Teastaíonn gníomh. Tá na Gaeltachtaí i mbaol mura ndéanfar rud éigin go náisiúnta. Is toil pholaitiúla atá ag teastáil ag deireadh an lae. Mura dtiocfaidh sé ón mbarr anuas, beidh deireadh leis na Gaeltachtaí go luath.

Níl mé ag easaontú leis na finnéithe. Aontaím leo. Nílim ag caint faoin moladh atá acu ionadaíocht a fháil ar an gcoiste idir-rannach.

Ní bheidh aon dul chun cinn ansin mar tá sé diúltaithe go dtí seo maidir le polasaí ó thaobh na n-oileán de. Níl aon ionadaíocht ar an gcoiste sin agus ní raibh mé sásta riamh leis sin. Má leantar ar aghaidh ag iarraidh ionadaíocht a fháil ar an gcoiste, sin am amú i mo thuairim mar níl siad chun an polasaí a athrú. Is dócha go bhfuil coiste eile ag teastáil chun a chinntiú go mbeidh ionadaíocht cuí agus ceart ó gach dream ann. Níl sé sin chun tarlú ar choiste idir-rannach.

Aontaím le Peadar Mac Fhlannchadha go mba cheart go nglacfadh an Stát seilbh ar an bpróiseas agus ar an gcóras in Údarás na Gaeltachta. Idir an dá linn, is féidir leis an údarás rud éigin a dhéanamh. Tá tríonóid de fhreagrachtaí aige ó thaobh cúrsaí teanga, cúrsaí pobail agus cúrsaí fostaíochta. Is dócha go bhfuil bealach ann faoi láthair, fad is atáimid ag fanacht ar rudaí eile, don údarás agus do na comhairlí contae i gContae na Mí agus i gContae na Gaillimhe rud réamhghníomhach a dhéanamh.

Níl aon riail ann nach féidir athrú ach tiocfaimid ar ais chuige sin nuair atá Aire os ár gcomhair.

Tá mé 100% taobh thiar de sin ach tá a fhios agam sin ón troid a bhí againn ó thaobh polasaí a fhorbairt do na hoileáin. Dhiúltaigh siad scunscan aon duine ó na hoileáin a chur ar choiste rannach. Dúirt siad nárbh fhéidir leo.

Níl mé ach ag rá go mbeidh siadsan os ár gcomhair.

Beidh Sinn Féin ann.

Ní gá gur Sinn Féin a bheadh ann. Tá súil againn go mbeidh an tAire anseo an mhí seo chugainn.

Ms Mairéad Ní Fhátharta

Tuigim an pointe agus an tsáinn a bhaineann leis sin. Is dócha gurb é an téarma "leathnú amach" an ceann is tábhachtaí agus go dteastaíonn fóram difriúil leis seo a láimhseáil. Sin an áit a bhfuil an easpa; níl glór na Gaeltachta ag an mbord agus caithfidh sé a bheith lárnach in aon pholasaí agus in aon phleanáil don todhchaí.

Mr. Daithí Mac Cárthaigh

Tagraím don údarás agus don Roinn a bheith réamhghníomhach maidir le cúrsaí sa Ghaeltacht. Tá sé sna rialacháin pleanála go bhfuil dualgas ar an gcomhairle áitiúil a chur in iúl don Roinn agus don údarás go bhfuil an fhorbairt nó an t-iarratas ar fhorbartha istigh má tá siad den tuairim go ndéanfaidh sé dochar don nGaelainn go háitiúil. Is éard a tharlaíonn i gcónaí ná nach mbíonn an t-údarás áitiúil den tuairim go ndéanfaidh an fhorbairt mholta dochar don nGaelainn go háitiúil, is cuma cé chomh follasach agus a bheadh sé de ghnáth cuimhneamh gur mar sin atá sé. Aon uair gur chuir an t-údarás nó an Roinn a ladar isteach i gcúrsaí, i gContae na Mí ach go háirithe, bhí sé sin de bhun iarratais a rinne muintir na háite.

Chun filleadh ar an mbunargóint, teastaíonn na rialacháin sin a láidriú is a athrú mar i láthair na huaire, agus gan dualgas ar na comhairlí contae a chur in iúl don údarás agus don Roinn go bhfuil iarratas pleanála i gceantar Gaeltachta déanta, bheadh ar an údarás agus ar an Roinn duine a fhostú le féachaint ar na hiarratais a fhoilsítear gach Aoine ó na comhairlí ar fad agus dul tríothú sin. I gcás na Gaillimhe táthar ag caint ar cheantar ón gClochán go dtí Port Omna ag iarraidh teacht ar rud éigin ag baint le ceantar Gaeltachta. Dá réir sin, teastaíonn struchtúr. An t-aon rud a thuigeann an rialtas buan, seachas na daoine uaisle atá sa seomra seo, ná an gcaithfidh siad é seo a dhéanamh. Sin an cheist a chuirtear sa státseirbhís an t-am ar fad: "An gcaithfimid é seo a dhéanamh?". Tá sin go breá mar leanann siad an dlí; ní leanann siad mianta a bheadh ag daoine áirithe. Mairimid i Stát atá faoi cheannas an dlí agus tá sé sin go maith ach caithfear an dlí a athrú agus caithfidh sé a bheith sna rialacháin. Beimid ag filleadh ar an bpointe sin arís agus arís eile; muna bhfuil sé sna rialacháin ní thabharfar aon cheann dó.

Tá treoirlínte ann faoi láthair agus tá siad go hiontach ach níl na daoine atá ag plé le pleanáil sa Ghaeltacht compordach le ceisteanna teanga. Sin an fáth, nuair a labhraíonn an conradh agus Mairéad Ní Fhatharta mar gheall ar na cuótaí sin a tharmligean fé bhun Acht na Gaeltachta, 2012 cuótaí pleanála a tharmligean go dtí an údarás, go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfaí an t-ullmhúchán roimh ré agus go mbeadh daoine atá oilte sa phleanáil teanga agus sa phleanáil fhisiciúil araon ag plé leis an gcúram. Caithfidh go mbeadh daoine ag plé leis go bhfuil saineolas acu agus atá compordach leis, seachas daoine san údarás go mb'fhéidir go raibh siad ag plé le tionsclaíocht ar feadh na blianta agus nach bhfuil compordach le ceisteanna teanga, nó daoine atá tar éis oiliúint a fháil sa phleanáil baile, mar shampla, atá ag plé le pleanáil i gceantair tuaithe agus ceisteanna teanga i gceist. Ní bheidh siadsan ar a gcompord ag plé leis sin agus dá bhrí sin teastaíonn foireann nó teastaíonn oiliúint a chur ar dhaoine. Níl sé ró-dheacair go mbeadh an dá cháilíocht ag daoine mar níl i gceist ach go ndéanfaí eisceacht do chúpla paiste fud na tíre mar is ann atá an Ghaelainn. Sin an méid atá uainn. Tá léarscáil de Ghaeltachtaí na hÉireann sna cáipéisí a chuir an conradh timpeall. Nuair a chloiseann daoine caint ar an nGaeltacht síleann siad go bhfuil Contae na Gaillimhe, Contae Chiarraí nó Contae Dhún na nGall ar fad i gceist, agus b'fhéidir daoine sa Tigh seo chomh maith, ach paistí beaga bídeacha atá ann. Táimid ag iarraidh go mbeadh an Ghaelainn ina huirlis chun daoine a scaoileadh isteach sna ceantair Ghaeltachta chun an Ghaelainn a neartú ann mar tá na polasaithe eile ag coimeád daoine amach as pé scéal é. Ina theannta sin táimid ag iarraidh go mbeifí thar a bheith cáiréiseach mar gheall ar thithe saoire agus ar eastáit tithíochta.

Mr. Peadar Mac Fhlannchadha

Tá córas curtha ar bun ag Conradh na Gaeilge le sé mhí anuas go bhfuilimid ag faire ar na hiarratais phleanála i chuile cheantar Gaeltachta. De réir mar a thagann cinneadh ar aghaidh scaipimid an t-eolas sin ar na comharchumainn agus na coistí pleanála teanga áitiúla. An deacracht atá ansin ná go bhfuiltear ar ais ag cur an brú nó an fhreagracht ar an dream áitiúil. De réir mar a thuigimid Ráth Chairn, mar shampla, tá sé an-deacair seasamh suas don phobal agus cur in aghaidh rud éigin go bhfuil daoine sa phobal ag déanamh na hiarratais sin nó daoine eile ag plé leis an rud. Níl sé ceart agus an t-aon rud a tharlaíonn ná go scoiltear an pobal agus níl aon duine ag iarraidh é sin. Sin an fáth go bhfuilimid ar ais ag an mbunphointe atá againn; an gá le polasaí náisiúnta.

Sula nglaofaidh mé ar an Teachta Ó Cuív tugaim aitheantas don Teachta Calleary, atá tar éis teacht isteach.

Thug muid an cheist seo chun cinn an chéad uair i bplean contae do Chontae na Gaillimhe in 1998. Thug mise moltaí áirithe chun cinn. Bhí mé thar a bheith buartha ag an am sin maidir le heastáit tithíochta de réir an phlean mar a bhí leagtha amach ag an am mar bhí siad ag dul scrios a dhéanamh ar leithéidí an Spidéil, Indreabháin agus mar sin de siar. Is as sin a tháinig na ráitis tionchair teanga. An chéad aitheantas a bhí ann sa dlí ná sna 2000idí nuair a bhí mise mar Aire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta ach ar ndóigh bhí tionchar ann ag an Aire le freagracht as an gcomhshaoil. An rud atá i ndáiríre ná nach ndearnadh aon fhorbairt ar na ceisteanna seo ó shin.

Bhí na trí coincheap sin i gceist sa pholasaí neartú Gaeltachta. Ní aontaím leis an gcaoi a scríobhadh isteach i bplean Contae na Gaillimhe mar bhí an oiread béime ar an gcultúr, cibé céard é an chultúr. Dá mba é an chultúr an cluiche iománaíochta más ea ba cheart go mbeadh Cill Chainnigh i lár na Gaeltachta. Dá mba an ceol Gaelach é bhuel cuir Contae an Chláir isteach sa Ghaeltacht. Is ceist teanga é seo. D'fhéadfaí go mba é snagcheol is fearr leat agus sacar ach is í an teanga atá i gceist anseo ó thús go deireadh. An dtagann na finnéithe liom go bhfuil na tosaíochtaí seo ann polasaí a cheapadh? Ní féidir dlí a chur in áit polasaí a cheapadh. Ionstram reachtúil de shaghas éicint a bheadh feidhm dlí i gceist leis atá de dhíth. Is é sin ionstram reachtúil nó dlí nua; braitheann sin ar cé acu atá ag teastáil, bunaithe ar an bpolasaí sin. Má tá sé sin ann, caithfimid breathnú ar na struchtúir ach d'fhágfainn ceist na struchtúr go dtí an deireadh, mar bí cinnte de go mbeidh níos mó saothrú faoi sin ná mar a bheidh faoin bpolasaí ná an cur i bhfeidhm. Tá chuile dhuine ag tochras ar a gceirtlín féin. Dúirt saineolaí liom lá amháin go gcuirfimid struchtúr nua ar bun in Éirinn i gcónaí nuair atá fadhb ann ach nach ndéanfaimid cinnte go n-oibríonn an struchtúr atá ann.

Níl mé cinnte. Aontaím go bhfuil sé feiliúnach go bhfuil seacht gcomhairle chontae ag plé le ceist mar seo ach má deirimid nach ndéanfaimid tada agus mura bhforbróimid polasaí chun go mbeidh na struchtúir athraithe, beimid ag fanacht rófhada.

Bhí mé ag éisteacht go cúramach le Mairéad Ní Fhátharta agus tá polasaí ag Fianna Fáil a d'fhoilsíomar maidir le cúrsaí pleanála. Níl a fhios agam an bhfaca aon duine de na finnéithe é. Níl an oiread sin éagsúlacht ann. Tá éagsúlacht béime anseo agus ansiúd idir an polasaí sin agus an méid atá ag Conradh na Gaeilge.

Is é an tuiscint a fuair mé ná go gceapann Conradh na Gaeilge go bhfuil daoine áitiúla á ndiúltú ar cheadanna pleanála. Bíonn liosta agam de na hiarratais phleanála a mbím ag plé leo - iarratais aonair, ar fhaitíos na míthuisceana - ó dhaoine atá ag iarraidh teach a thógáil ar thalamh a muintire den chuid is mó nó ar site a cheannaigh siad i gcomhthéacs na Gaeltachta agus ar Ghaeilgeoirí iad.

Tá fadhb níos mó ann. Nuair a bhreathnaím ar dhiúltú pleanála, breathnaím ar an gcúis. Is í an fhadhb níos mó a thagann chun cinn, an ceann is mó ar fad i gConamara ná dabhcha séarachais agus an córas eisilteach. Is cuma cén pholasaí Gaeilge a bheidh agat, caithfimid díriú air sin in áit eile. Caithfimid breathnú ar an teicneolaíocht a ligfeadh dúinn nó a cheadódh dúinn déileáil leis an bhfadhb ar drochthalamh portaigh i gConamara. Tá fadhb eile againn ar na hoileáin. Is é sin go laghdaíonn sé síos rósciobtha. Is ceist theicniúil fhíorthábhachtach é mar gurb é sin an fáth go ndiúltaítear do chuid mhaith acu.

Tá sé go hiomlán in aghaidh patrún lonnaíochta traidisiúnta na Gaeltachta go ndiúltaítear iarratais phleanála ar thalamh cúil. Is é sin teach taobh thiar de theach seachas a bheith ag scriosadh gach uile bhóthar san áit. Tá plé á dhéanamh againn faoi sin agus ag na comhairlí i bplean Chontae na Gaillimhe faoi láthair. Ba cheart, i gcomhthéacs na Gaeltachta, agus bhí sé sin luaite inár bplean, díriú go láidir isteach ar an bpatrún lonnaíochta sna Gaeltachtaí is láidre agus gan é sin a chur ina aimhréidh mar níl aon amhras faoi má bhreathnaítear ar cár mhair an Ghaeilge, bhí patrún lonnaíochta áirithe i gceist.

Ní tiúchan daonra a bhí i gceist mar bhí daonra thar a bheith dlúth sna Gaeltachtaí is láidre, an Cheathrú Rua, Cois Fharraige agus Gaoth Dobhair. Bhí siad ina gcónaí lena muintir féin, áfach. Bhí tacaíocht na seantuismitheoirí agus mar sin de acu. Ní fhéadfaí a rá, fiú sna bailte atá in ainm a bheith sa Ghaeltacht, fiú ó thús an chéid, go raibh Gaeilge á labhairt in aon bhaile d'aon substaint, taobh istigh de theorainneacha na Gaeltachta mar an teanga is treise. Níl mise ag rá nach féidir é a dhéanamh ach caithfear é a dhéanamh go mall agus go réidh.

Is í an tríú fadhb a éiríonn le hiarratais phleanála ná bóithre. Is é sin má thagtar amach an geata nach bhféadtar a fheiceáil ar dheis agus ar chlé. Níl aon rud is féidir linn a dhéanamh faoi sin, is ceist sábháilteachta é sin. Is fadhb ollmhór i gConamara í an tírdhreach nuair a bhíonn sé crochta nó whatever, fiú má tá sé ar bhealach an-chúlráideach. Ar ndóigh, tá brú ó eití eile sa phobal a chuirfeadh an tírdhreach roimh an teanga. Is fadhb í an dearadh ach is féidir í a leigheas. Bíonn sárú aisteach. Diúltaíodh do riar maith ceadanna ar dhearadh na dtithe.

Maidir le special areas of conservation, SACs, natural heritage areas, NHAs agus special protection areas, SPAs, go hiondúil i dtithe aonair, ní chabhraíonn siad leis an bhfadhb ach ní hí an fhadhb is measa iad.

Is é an fáth go bhfuil mé ag lua na rudaí seo ná, mura bhfeicimid an comhthéacs níos leithne, diúltófar don chuid is mó de na hiarratais. Tá riachtanas tithíochta i nGaillimh, agus níl mise ag caint ach ar Ghaillimh agus is é sin an t-aon phlean atá faoi mhionscrúdú. Gheofar an cead, ach bíonn fadhbanna ag daoine leis na rudaí ar fad atá luaite agam.

Is é an dea-scéala atá ann ná go bhfuil dréacht-treoirlínte á réiteach ag an Aire faoi láthair maidir le forbairt tuaithe. De réir mar a thuigim, sula bhfoilseofar iad san fhoirm dheiridh, beidh deis agam breathnú orthu. Tá sé fíorthábhachtach go bhfeicfimid iad sin agus go gcuirfimid iad i gcomhthéacs na bpobal a bhfuil eolas againn orthu, go mór mór i gcomhthéacs na Gaeltachta, ar cheart di a bheith ina heisceacht ó thaobh lonnaíochta de, ba chuma cén mhórpholasaí atá ag teacht chun gach uile dhuine a bhrú isteach in one-bedroom apartments cibé cén áit atá i gceist acu. I gcomhthéacs na Gaeltachta, má scriostar an patrún lonnaíochta, scriostar an teanga mar go bhfuil sí chomh leochaileach sin.

Ba mhaith liom tuairim Mairéad Ní Fhátharta a fháil maidir leis an gceist atá curtha agam faoi na hoileáin. Is é an rud a bhí scríofa anseo, agus an rud a chur mise isteach mar aighneacht ar na comhairleoirí le plé, ná más féidir le haon duine a chruthú, go réasúnta, go bhfuil i gceist aige nó aici cónaí go buan ar oileán, go n-aithneofaí go raibh riachtanas tithíochta acu i bhfianaise go bhfuil daonra ar gach uile oileán ag dul síos. Caithfear a chruthú go bhfuil i gceist ag an duine gan é a úsáid mar theach saoire agus gurb é an áit chónaithe bhuan é. Mar is eol do Mhairéad Ní Fhátharta ar an oileán a bhfuil cónaí uirthi, diúltaíodh daoine a bhí ann sé bliana, seacht mbliana nó ocht mbliana, a raibh na gasúir á dtógáil i nGaeilge acu, mar nach raibh siad in ann cruthú gurbh as an áit iad.

Le bheith dearfach faoi, bhí coincheap amháin eile ann ag dul siar go dtí na 1990idí, ar cuireadh isteach é i bplean chontae na Gaillimhe go drogallach ach nár brúdh é go láidir mar choincheap náisiúnta, go meallfaí chun na Gaeltachta daoine a mbeadh sé oiriúnach Gaeilge a bheith acu mar theanga theaghlaigh nó mar theanga cumarsáide laethúla a mbeadh ar ardchumas Gaeilge. Tá Conamara lán leo, i ngeall ar an méid áisíneachtaí. Chomhairfí leis sin go mbeadh polasaí dearfach pleanála a dheimhneofaí áisíneachtaí agus tionscail a bheadh ag feidhmiú trí Ghaeilge, mar shampla, TG4 leis an gclosamhairc, scannánaíocht agus na rudaí seo ar fad atá á dhéanadh, go dtabharfaí cead pleanála mar bhuntosaíochta dóibh agus iad ag dul ag treisiú leis an nGaeilge mar thionscal, ag mealladh daoine go dtí an áit agus ag cur le pobal na Gaeilge.

Níl aon mhaith dúinn a bheith ag cosaint agus a bheith diúltach i gcónaí. Caithfimid a rá go rachaimid amach agus go dtarraingeoimid daoine isteach anseo agus go láidreoimid an Ghaeilge. Mar shampla, dúradh gur bunaíodh Ráth Chairn in 1973. Bhuel, bhí sé ann roimhe sin.

Mr. Éanna Ó Cróinín

An comharchumann?

Níl mé ag rá go raibh an comharchumann ann ach bhí Pádraig Mac Donncha ag treabhadh leis roimhe sin agus muid ag cruinniú airgid dó agus a thabhairt as céilithe a bhíomar ag reáchtáil. Bhí sé féin ina chónaí i mBaile Átha Cliath ach bhí sé ina chloigeann aige go raibh sé ag dul ag forbairt Ráth Chairn agus gan ann ach an scoil. Tá a fhios agam gur bunaíodh an comharchumann in 1973. Chuaigh mise siar go Conamara ar an lá deiridh de 1973 mar bhainisteoir comharchumainn. Bhí cuid againn ag treabhadh an iomaire le chéile le blianta fada. Ba bhreá liom deis a bheith agam suí síos agus an trí cháipéis atá againn a chur le chéile - an cháipéis a réitigh Fianna Fáil a bhfuil tacaíocht iomlán pharlaiminte ag Fhianna Fáil dó, ceann Chonradh na Gaeilge agus ceann Ráth Chairn - le go gcuirfimid i gcomparáid le chéile iad. Tá go leor cosúlachtaí eatarthu. Tá rud le baint as gach uile cheann ionas go mbrúfaimid polasaí foirfe. Tá go leor bealaí againn taobh amuigh dár gcoiste. Tá go leor bealaí le dul i luí ar an Aire, atá thar a bheith báúil, go pearsanta, don cheist seo.

Mr. Daithí Mac Cárthaigh

Maidir leis an measúnacht thionchar teanga, aithnímid an obair a bhí ar bun ag Comhairle Contae na Gaillimhe ar dtús agus go deimhin ag An mBord Pleanála i dtús a réime sula ndeachaigh siad amú i ndiaidh sin ó thaobh coinníollacha teanga agus mar sin de. Is dóigh liom go gcaithfimid féachaint ar mheasúnacht tionchair teanga a chur ar aon leibhéal le measúnacht tionchair timpeallachta.

Aontaím leis an méid sin.

Mr. Daithí Mac Cárthaigh

Is é sin go mbeadh daoine oilte á scríobh agus á scrúdú istigh sna húdaráis áitiúla, údarás na Roinne, agus, go deimhin, sa Bhord Pleanála. Tá dualgas reachtúil ar an mBord Pleanála leordhóthain foirne a bheith ann le gur féidir leis a bheith le cúrsaí i nGaeilge.

Maidir le polasaí Fhianna Fáil, más buan mo chuimhne, ceist thar a bheith tábhachtach is ea “cá bhfuil” anseo. Cá háit a bhfuil an Stát timpeall air nó cá bhfuil an áit seo, mar a déarfá? Sílim go raibh tagairt sa phlean nó sa pholasaí sin don chéatadán cainteoirí a bheadh sa limistéar pleanála teanga agus go bhfuil sé níos fearr féachaint ar an toghroinn. Mar shampla, sa pholasaí pleanála teanga-----

Mr. Daithí Mac Cárthaigh

-----tá siad ag caint ar fhigiúr daoine, an figiúr atá ar an mBuailtín, nó i nDún Chaoin, nó i gCuas an Bhodaigh á tarraingt anuas ag teirce líon na gcainteoirí atá sa Daingean agus mar an gcéanna i Ráth Chairn. Tharla sé cheana gur baineadh leas as laige na Gaeilge i mBaile Ghib chun droch-chuma a chur ar an méid Gaeilge a bhí nó atá á labhairt i Ráth Chairn. Tá pobal bríomhar Gaeltachta i Ráth Chairn. Caithfear a bheith cúramach agus féachaint ar an toghroinn seachas an limistéar pleanála teanga, LPT.

Arís ar ais táimid ag caint ar threoirlínte. Tá treoirlínte iontacha againn faoi láthair ach, mar a dúirt an Teachta Ó Cuív ansin i dtús a chuid cainte, luaigh sé polasaí agus ionstraim reachtúil nó rialacháin. Táimid ar aon fhocal san áit sin.

Maidir le cáipéisí Ráth Chairn agus an chonartha, táimid ag tacú agus tar éis ár stampa a chur air sin mar tá go leor comharchumann eile agus coistí pleanála teanga agus pobail eile ann agus tacaímid leis seo. Is leis an gconradh ba cheart é sin a phlé. Táimid lánsásta ach níl aon difríocht, dáiríre, idir an méid atáimid ag rá seachas béim a chur ar an méid a theastaíonn go háitiúil. Táimid faoi bhrú go háitiúil ag daoine ar mhaith leo cónaí faoin tuath. Tá dhá scoil lán-Ghaeilge ann. Is saghas nirvana meánaicmeach, más maith leat, é ach baineann sé seo le daoine nach bhfuil aon spéis acu an Ghaeilge a labhairt. Is í sin an fhadhb agus bíonn sé deacair, i ndáiríre, do dhaoine ón áit cead pleanála a fháil agus tá sé sin i measc na gcúiseanna a bhí an tUasal Ó Cróinín ag lua ó chianaibh. Ní hionann é sin agus na fadhbanna a bheadh in áit cosúil le Carna nó Ros Muc, áit nach bhfuil aon bhrú, ach is a mhalairt atá i gceist ann sa mhéid is go bhfuil sé deacair daoine a choimeád san áit, nach bhfuil an oiread brú ón taobh amuigh ach amháin daoine ag ceannach tithe saoire. Bheadh dearcadh áirithe áitiúil againn ach sílim go bhfuilimid sásta go bhfuil sé cuimsithe sa pholasaí atá Conradh na Gaeilge ag brú chun cinn mar pholasaí náisiúnta. Is féidir leis an Teachta labhairt leis an eagraíocht sin.

Ar mhaith leis an Uasal Mac Fhlannchadha teacht isteach anois?

Mr. Peadar Mac Fhlannchadha

Bhí mé ag caint, nuair a smaoiním air, ar na cúrsaí sin, ach chun teacht ar ais go sonrach faoi cheist an chruinnithe seo, socróimid é sin gan mhoill agus ceapaim go bhfuil ciall leis sin.

Maidir le han-chuid de na rudaí eile a bhí faoi chaibidil ag an gcoiste ansin, táim féin cinnte go bhfuil an patrún lonnaíochta sin ansin ann le píosa fada. Aontaím leis an Teachta Ó Cuív agus leis an Uasal Mac Cárthaigh air sin. Ar mhaith leis an Uasal Ní Fhatharta labhairt?

Ms Mairéad Ní Fhátharta

Mar a dúirt an tUasal Mac Fhlannchadha ansin, aontaím ó thaobh an phatrúin lonnaíochta de. Is é sin an fáth go bhfuil an moladh ann maidir leis seo a tharmligean go dtí an t-údarás atá ag déileáil le ceantair chomh hiargúlta agus chomh speisialta is atá na paistí beaga Gaeltachta seo, ceantair nach bhfuil ach suíomh amháin ar a ngabháltas talún gur féidir tógáil air mar gheall ar fháth amháin nó fáth eile. Tá gá ann go mbeidh an tuiscint áitiúil sin ann mar go bhfuil sé fíorthábhachtach na Gaeltachtaí - labhraítear fúthu mar nirvana meánaicmeach – agus an iargúltacht a bhaineann leis na hoileáin a thabhairt go dtí an lár chomh maith. D’fhéadfadh duine a bheith ag déanamh a sheacht ndícheall diail ag teacht aniar ar an tionchar ar an timpeallacht agus eile ach nach mbíonn rogha go minic. Mar sin, is cinnte nach mór an pictiúr mór agus an tionchar teanga a fheiceáil. Bheadh sé iontach, mar a dúirt an tUasal Mac Fhlannchadha, casadh le chéile agus na trí phlean agus eile, más ann dóibh, a chur le chéile agus go dtógfar go dtí an lár gur polasaí do na Gaeltachtaí agus don éagsúlacht a bhaineann leo ata á lorg.

Tá rud amháin eile le rá agam. Tá sé éasca a rá nach dtuigeann planner “X” nó rannóg pleanála Chomhairle Contae na Gaillimhe an patrún lonnaíochta. Faraor géar tá sí ag déanamh rudaí a deir sí nach ndéanfadh sí. Tá siad ag leanúint treoirlínte an national planning framework, NPF, a cheadaíonn tithe aonair faoin tuath, ach tá sé thar a bheith drogallach agus tá sé de rún acu fáil réidh leo chomh sciobtha agus is féidir. Ach amháin go mbeadh éirí amach i measc polaiteoirí ar nós mise, bheadh sé déanta acu fadó.

Caithfear é sin a athrú agus aguisín a chur leis an NPF a rá, i gcomhthéacs na Gaeltachta, go dtacófar leis an bpatrún traidisiúnta lonnaíochta. Mura ndéanfar é sin, tá fadhb ann. Fiú amháin, dá gceadódh an chomhairle contae nó an t-údarás é, bheadh achomharc go dtí an Bord Pleanála ag na daoine atá in aghaidh tithe tuaithe agus dhiúltófaí iad, mar feictear domsa, nach féidir a rá riamh cén taobh a ghlacfaidh An Bord Pleanála. Go minic, tá sé glan in aghaidh tithe tuaithe go cinnte agus tiocfaidh sé ina n-aghaidh agus nuair atá sé ina n-aghaidh tá an t-údarás níos ísle agus sáinnithe. Caithfimid díriú ar an bpolasaí, agus go mór mór ar an NPF, mar is é sin an áit a thagann na rialacháin agus na treoirlínte tuaithe i gceist. Tá an rud seo casta mar tá an oiread sin páirteanna eile ag baint le cúrsaí pleanála nach mbaineann leis an nGaeilge ach atá ann go náisiúnta, agus chaithfí teacht aniar aduaidh ar na fadhbanna sin.

Mr. Peadar Mac Fhlannchadha

Tagaim leis an Teachta ansin. Is í sin an cheist a bheadh againn i dtaobh chomhairle féin an Teachta ná cén bealach is fearr atá ann chun tabhairt faoin bhfeachtas sin. Aontaím leis go bhfuil gá tabhairt faoi. Céard é an cur chuige ina leith sin? Ceann de na deacrachtaí arís atá ann, agus baineann sé seo go háirithe nuair a bhítear ag plé, bíodh se seo leis na comharchumainn Gaeltachta nó na coistí pleananna teanga, go bhfuil siad scoite amach agus ag obair ina n-aonar agus ag plé le 20 rud difriúil. Tuigeann an Teachta féin é seo ach is ceist í seo faoin gcaoi gur féidir linn na grúpaí sin a tharraingt le chéile, ach ní hí go baileach an chaoi iad a tharraingt le chéile ach cé air a bhfuil an fócas.

Tá an fócas ar pholasaí maith a fháil a thacóidh leis an teanga. Níl mise chomh lagmhisniúil is atá gach uile dhuine eile. Tháinig méadú ar líon na ndaoine sa tír a dúirt go raibh Gaeilge acu, gur labhair siad í go seachtainiúil agus go laethúil taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht idir 2006 agus 2011. Idir 2011 agus 2016, tá sé ar gcúl arís. Cén fáth nach gcreidfimid gur féidir linn é a thiontú ar ais ar an gcaoi ina raibh sé mar go raibh sé ag dul sa treo ceart? Creidim freisin go mbeadh sé thar a bheith úsáideach go ndéanfaí plé go mbeadh comhairle faighte ó dhuine atá nó a bhí le gairid ina pleanálaí nó ina phleanálaí in oifig de comhairle contae in áit éigin, mar go mbeadh barúil mhaith acu siúd faoi na píosaí polasaí ar fad atá siad ag tarraingt, go minic, i dtreonna difriúla. Caithfimid iad a shárú má tá fúinn an ní atá againn maidir le treisiú na Gaeltachta a chur chun cinn. Tá an oiread páirteanna ann agus tá sé dochreidte. Tá ann oiread polasaithe sa tír seo do mhíle rud á gcur i bhfeidhm go bhfuil sé i bhfad níos casta ná mar a bhreathnaítear é ar an gcéad amharc.

Go mór mór, tá tírdhreach na Gaeltachta, sa chuid is mó de, ar na leibhéil is airde tírdhreacha sa tír. Tarraingíonn sé sin fadhbanna dá chuid féin nach mbeadh, mar shampla, ag a leithéid Ráth Chairn. Nílim á rá nach bhfuil Ráth Chairn go deas ach níl sé luaite mar a bheith ina outstanding scenic amenity agus an chraic seo ar fad.

Mr. Éanna Ó Cróinín

Níl na tarraingtí againn.

Tá, sa chuid is mó de, in Uíbh Ráthach, i gCorca Dhuibhne, i Múscraí sa Rinn, agus mar sin de ar fud na Gaeltachta. Is cineál eisceachta í Ráth Chairn ach, by dad, tá jab iontach déanta acu ann.

Ní nirvana ceart í Ráth Chairn nó Baile Ghib ó thaobh tírdhreacha de.

Mr. Daithí Mac Cárthaigh

Tá sé suimiúil. Bhí mé ag caint le pleanálaí baile mar gheall ar chás a raibh mé ag plé leis. Ba iad na focail a d'úsáid sé maidir le dearcadh pleanálaithe baile ó thaobh cheist na Gaolainne, coinníollacha teanga agus rudaí mar sin ná "putrefied hatred". Dúirt sé gurb é sin a bhí i gceist ag lucht pleanálaithe baile. Is dearcadh duine amháin é sin ach bhraith sé muiníneach a dhóthain chun é sin a rá amach. Is é sin an rud a bhfuil muid ina choinne agus, chun an druma a bhualadh arís, is é sin an fáth go dteastaíonn rialacháin maidir le cad is measúnacht tionchar teanga ann, cé a chuirfeadh le chéile é, cé a phléifeadh leis agus é curtha le chéile, cad is gá a bheith ann, cad é an caighdeán ceart Gaolainne is gá a bheith ann, cad iad na rudaí a chaithfear a chruthú má tá cúpla tig le tógáil in éineacht, agus conas is féidir srian a chur ar thithe saoire nó bac a chur ar níos mó de 10% de na tithe in aon toghroinn a bheith ina dtithe saoire ná lóistín Airbnb mar ní féidir brath ar dhea-mhéin. Táimid ag brath ar dhea-mhéin agus ar threoracha go dtí seo agus tá cúrsaí ina mhí-ádh. Teastaíonn rudaí eile, mar shampla, srianta eile maidir le cúrsaí pleanála. Ní chuireann sé as do dhaoine más mian leo eastáit a thógáil, feictear domsa.

Tá siad ag iarraidh eastáit a thógáil. Is é sin an polasaí náisiúnta faoin national planning framework, NPF. Níl aon neart acu air because tá lucht pleanála sna hollscoileanna ag brú an pholasaí sin gur cheart dúinn an nós atá ann ar Mhór-Roinn na hEorpa a leanúint. De réir an NPF, ní cheart go mbeadh aon duine ina chónaí amuigh faoin tuath ach b'fhéidir feirmeoirí. B'fhearr leo go mbeadh cúrsaí ar nós mar atá siad in áiteanna sa bhFrainc nó sa Spáinn, áit ina gcónaíonn daoine sa sráidbhaile. Creideann siadsan chomh mór i sin agus a chreidfeadh daoine i gcúrsaí creidimh.

Mr. Daithí Mac Cárthaigh

Buíochas le Dia go bhfuilimid inár gcónaí i dtír dhaonlathach agus gur ag ionadaithe tofa an phobail atá an say maidir leis na rudaí seo.

Bhuel, a fhad is go gcuirfimid greim orthu.

Níl a fhios agam an bhfuil aon cheisteanna le cur ag an Teachta Calleary. Níl sé ar an bhfíseán faoi láthair. Tá cúpla ceann agam féin. An bhfuil ceisteanna ag an Teachta Calleary?

Níl. Tá na ceisteanna suimiúil ach níl aon cheisteanna agam.

Tá ceann nó dhó agam féin atá ag teacht leis an méid a bhí á phlé díreach ansin. Bhí ráiteas ó cheithre phríomhfheidhmeannach chomhairle contae nuair a bhí siad os comhair an choiste an tseachtain seo caite. Bhí siad ar iarraidh soiléiriú ar roinnt de na rialacha. B'ábhar suntais é go raibh siad chomh díreach sin. Ní fhaca mé é sin ag tarlú cheana. An bhfaca na finnéithe é sin? Ar thóg siad aon suntas den mhéid a bhí á lorg acu? B'fhéidir go raibh siad díreach ag cur an t-ualach ar dhuine éigin eile seachas orthu féin. Is ceist amháin é sin.

Níl muid tar éis caint faoi na tithe samhraidh ar fad atá ann. Cad é an cóimheas idir tithe samhraidh i gceantair Ghaeltachta, mar shampla, ar na hoileáin agus a leithéid, agus tithe cónaithe, agus an t-éileamh ar thithe sóisialta agus ar thithe d'aon sórt a thógáil san áireamh. Dá mbeinn i mo chónaí i gceantar Gaeltachta agus muna raibh mé in ann mo theach féin a thógáil agus go raibh tithe folmha ann don chuid is mó den bhliain, bheadh fearg dhearg orm. Tá a fhios agam go bhfuil feachtais i gcoinne a leithéide i dtíortha eile. Níl mé ag rá gur chóir dul sa treo sin ach is léiriú é sin go raibh cead pleanála, séarachas, uisce agus infreastruchtúr ar fáil dóibh sin ag am amháin. Caithfear casadh ar bhealach éigin chun déanamh cinnte nach mbeidh tithe folmha ann don chuid is mó den bhliain, tithe nach bhfuil ag tabhairt buntáiste don cheantar seachas ar feadh tréimhse de mhí nó dhó sa samhradh, agus daoine ann atá ag iarraidh a chlanna a thógáil trí Ghaeilge sa cheantar agus a bheith lárnach i saol eacnamaíochta agus sóisialta an cheantair. Tá a fhios agam cá mbeadh an buntáiste ansin.

Tá dhá cheist eile agam. Nuair a bhí ionadaithe ó na comhairlí ceantair os ár gcomhair le coicís anuas, den chuid is mó, bhí siad ag rá nach bhfuil fadhb ann ó thaobh chead pleanála. Tá a fhios agam an méid atá an Teachta Ó Cuív tar éis a rá. Bíonn coinníollacha leis. Bhí siadsan ag triail léiriú nach raibh diúltaithe do chead pleanála i gceantair Ghaeltachta. Má tá samplaí ag na finnéithe, b'fhéidir gur féidir leo iad a chur ar aghaidh chugainn. Táimid ag caint faoi shamplaí ina raibh sé soiléir gur chóir go mbeadh cead tugtha. Is féidir linn féachaint orthu sin agus, mar a dúirt an Teachta Ó Cuív, féachaint an raibh aon bhunús ann. Glacaim leis go bhfuiltear ag cloí le pé rialacha atá ann.

Tá mo cheist dheireanach dírithe ar Chomharchumann Ráth Chairn ach b'fhéidir gur mhaith leis an gconradh labhairt uirthi chomh maith. Baineann sé leis an gcinneadh a rinne an Ard-Chúirt. An céim mhór chun tosaigh é sin nó just céim amháin i gcás amháin é? An gá níos mó troid a dhéanamh san Ard-Chúirt chun an Ghaeltacht a chosaint ó Bhéarlú trí thógáil eastáit tithíochta nó tithíocht eile? Níl a fhios agam cé atá ag iarraidh tabhairt faoi mo cheisteanna.

Ms Mairéad Ní Fhátharta

Ó thaobh an mhéid tithe saoire sa Ghaeltacht, tá uimhreacha difriúla ann ach tá mise i gceantar fíor-iargúlta, ceantar atá bánaithe ag an imirce mar nach raibh daoine in ann maireachtáil ag baile ar fáth amháin nó fáth eile. Tá go leor tithe ar an oileán ach tá siad in úinéireacht phríobháideach. Tá maoithneachas deoraithe ag baint leo ar bhealach. I bpobal an-bheag, tá sé an-deacair a bheith ag brú ar dhaoine. Tá siad coinnithe acu ar fáth amháin nó fáth eile. B'fhéidir gur imigh siad go drogallach. Imíonn go leor de na daoine a fhágann a gceantair dhúchais go drogallach.

Le teacht aniar ar aon cheann de na deacrachtaí sin, caithfidh polasaí cinnte a bheith ann a thabharfaidh na daoine leis. Is ceann de na deacrachtaí is mó a bhíonn ann i gceantair, mar a luaigh na hionadaithe ó phobal Ráth Chairn, ná go bhfuil tú ag dul ag troid, ag coinneáil siar nó ag cur iarratas ar dhuine éigin, b'fhéidir do chomarsa nó do ghaol, agus tá sé sin an-deacair i bpobal beag. Mar sin, tá fadhb thithíochta chuile áit sa tír seo. Cinnte, tá sé ann sna Gaeltachtaí. Go minic, tá tithe ann ach níl siad ar fáil. Le teacht aniar air sin, ní leor a bheith ag lorg bealach chun brú a chur ar dhaoine. Caithfear baoite nó fáth éigin a thabhairt do dhaoine. Bíonn siad ag iarraidh na tithe a choinneáil.

Maidir leis an gceist eile a bhí ag an gCathaoirleach faoin bpobal agus an teanga agus an úsáid a bhaintear as na tithe sin, úsáideann daoine iad, b'fhéidir, le coicís sa mhí. Ligeann daoine ar cíos iad i gcomhair saoire. Go minic, tá geilleagar na gceantar seo ag brath ar thurasóirí. Caithfear an chothromaíocht a fháil. Caithfear lámh a thabhairt ar an bpolasaí seo a dhéanamh. Tá sé deacair freastal ar chuile rud.

Ag dul ar ais arís go dtí an tionchar timpeallachta, baineann éagsúlacht leis na háiteanna. Baineann costas ard le bheith ag cur isteach ar chead pleanála agus iarrachtaí eile a dhéanamh arís má dhiúltaítear leis. Ní bhíonn an t-airgead sin ag lánúineacha óga. Caileann siad an toil agus faigheann siad bealach eile chun a gcuid airgid a chaitheamh. Go minic, ní mhaireann siad sa cheantar. Tugann siad suas.

Mr. Peadar Mac Fhlannchadha

Níl mé ag iarraidh dul siar ar an méid a dúradh ach tá comharsana agam féin gur daoine óga iad agus éiríonn siad as an bpróiseas toisc go bhfuil sé róchostasach. Ní hé go bhfuil sé 500 bliain ó shin nuair a fuair mé cead pleanála. Bhí sé achrannach go leor ach ní raibh na costais sin ann.

Líonadh foirm iarratas isteach agus bhí roinnt réamhoibre ach ní raibh costais ar nós €20,000 nó €30,000 mar atá anois.

Tá ceist na dtithe saoire thar a bheith achrannach agus tháinig sé ar aghaidh sa seimineár a d'eagraigh muid le daoine ó na ceantair Ghaeltachta céanna. Bhí daoine ag rá go mba chóir cosc iomlán a chur ar thithe saoire agus bhí daoine eile ag rá go bhfuil cead ag daoine é a dhéanamh. Tá an rud seo an-leochaileach agus braitheann sé ar an duine. Má táimse i mo chónaí i mo cheantar féin agus má tá mé ag iarraidh go mbeadh deis ag mo chlann cead pleanála a fháil, tá dearcadh amháin agam. Má tá cúig acra le díol agam tá dearcadh iomlán difriúil agam mar tá mé ag iarraidh iad a dhíol agus dul ar an bpinsean. Tá sé thar a bheith leochaileach mar sin agus tháinig sin tríd go minic sa seimineár plé a bhí againn. An cur chuige a bhí againn ansin ná go raibh grúpaí difriúla againn.

Chuir an Cathaoirleach ceist faoin ráiteas ó cheithre phríomhfheidhmeannach chomhairle contae an tseachtain seo caite. Bhí an ráiteas thar a bheith suntasach mar go raibh siad tar éis teacht le chéile, go raibh siad tar éis plé a dhéanamh ar an rud agus go raibh siad ag leagan amach bealach dóibh féin dá mba rud é go raibh sé seo ag teacht ar aghaidh, cén chaoi go mbeadh siad féin in ann déileáil leis mar státseirbhísigh agus mar lucht riaracháin. B'fhéidir go bhfuil siad ag iarraidh an rud a chur ó dhoras ach sin an chéad uair go bhfaca mise go raibh daoine ag breathnú air mar bhóthar chun tosaigh agus go raibh daoine ag breathnú ar na céimeanna atá le glacadh má tá an cinneadh le déanamh. Téim ar ais chuig a raibh le rá ag an Teachta Ó Cuív ag an tús; go bhfuil gá an polasaí a cheapadh agus bogadh ar aghaidh ansin ar na ceisteanna eile.

Fágfaidh mé faoi mhuintir Ráth Chairn a mheas féin a thabhairt ach ceapaim go bhfuil sé le feiceáil cheana go bhfuil agus go mbeidh tionchar ollmhór ar chinneadh na hArd-Chúirte i gcás Ráth Chairn, muna mbeadh ann ach an spreagadh atá siad tar éis tabhairt do phobal na Gaeltachta fud fad na tíre. Sa chéad cruinniú leis na comhairlí contae i nGaillimh, i Maigh Eo agus i dTír Chonaill, cuireadh an cheist sin orthu agus ní go drogallach ach gur luadh go raibh an rud tugtha faoi deara acu agus go mbeadh orthu feidhmiú dá bharr. Cé go raibh cruinniú á lorg againn leis An Bord Pleanála le píosa fada, ní bhfuair muid é go dtí le déanaí ach glacaim leis go raibh siad ag fanacht go raibh ceist Ráth Chairn as an mbealach sular bhuail siad linn.

Ms Úna Ní Fhaircheallaigh

Tacaím leis an méid a dúirt Mairéad agus aontaím leis an méid atá le rá ag Peadar. Tá an-tionchar ag an rud a tháinig as an Ard-Chúirt ach léiríonn sé freisin go bhfuil géarghá le rialacháin faoi céard a bheidh i measúnacht teanga, cén sórt duine atá cáilithe le measúnacht teanga a dhéanamh agus conas í a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin. Aontaím freisin leis an méid atá ráite ag an Teachta Ó Cuív faoin bpolasaí atá ag teastáil ach tá práinn leis. Mar a dúirt Mairéad níos luaithe, tá an Ghaeltacht i mbaol agus ní féidir linn leanúint ar aghaidh ar feadh blianta eile ag caint ar pholasaí. Caithfidh an polasaí a bheith déanta go tapa agus ansin caithfidh na rialacháin teacht as go tapa agus iachall a chur ar na húdaráis áitiúla iad a chur i bhfeidhm, gan a bheith ag teacht ag coistí áitiúla, mar a dúirt Mairéad níos luaithe, le cabhrú leis na rialacháin sin a chur i bhfeidhm. Tagann siad ag an gcoiste comharchumann go minic ag cuartú measúnacht teanga nó ag iarraidh go scríobhfadh muid go bhfuil Gaeilge ag duine nó go bhfuil riachtanas áitiúil acu. Níor chóir go mbeadh orainne é sin a dhéanamh. Bhí an rud a tharla leis an Ard-Chúirt an-deacair orainn mar bhíomar ag dul in aghaidh duine sa cheantar, an forbróir. Caithfidh tacaíocht teacht ón Stát agus ó na húdaráis áitiúla don Ghaeltacht nó ní bheidh Gaeltacht ann amach anseo.

An féidir liomsa teacht ar ais?

Nílimid críochnaithe.

Mr. Éanna Ó Cróinín

Ba mhaith liom cur leis an méid atá ráite ag Úna agus ag na finnéithe ó Chonradh na Gaeilge agus teacht ar ais chuig an gcéad cheist a bhí ag an gCathaoirleach maidir le príomhfheidhmeannaigh na gcomhairlí contae agus ag an gceist a bhí ag an Teachta dom. Tagraím do dhearcadh na státseirbhísigh sna húdaráis áitiúla i leith na Gaeilge. Luaigh an Teachta go mb'fhéidir go raibh siad ag iarraidh an obair nó an dualgas seo a bhrú níos faide suas an córas. Is é mo thuairim gurb é sin go díreach an rud a bhí ag tarlú. Tagraím don cheist faoi lucht pleanála gan a bheith ag cur rud atá sa phlean contae i bhfeidhm maidir le critéir measúnaithe le hiarratais phleanála sa Ghaeltacht. Tá an cuma air go bhfuil siad thar a bheith drogallach dul i ngleic le haon rud a bhaineann leis an nGaeilge. Níl mé ach ag labhairt ar chás na Mí mar níl staidéar déanta agam ar aon rialtas áitiúil eile. Cinnte i gcás na Mí nuair a thagann iarratas ón nGaeltacht os comhair na comhairle, caitear leis go díreach mar a chéile le ceantar ar bith eile i gContae na Mí mar sin an rud a chleachtann agus a thuigeann siad. Ní thuigeann siad cás na teanga agus mar sin tá siad fíordhrogallach dul i ngleic leis ar chor ar bith. Fadhb cultúrtha taobh istigh den státseirbhís atá ansin. An t-aon rud atá in ann é sin a athrú ná rialacháin; ní athróidh moltaí nó treoirlínte é.

Tá an ceart ag Peadar go bhfuil costais ollmhóra ar cheadanna pleanála. Na rudaí a chosnaíonn airgid ná na tuarascálacha faoi special areas of conservation, SACs, nó faoi dhabhcha séarachais agus na photo montages. Tá na costais sin ar dhaoine taobh amuigh den Ghaeltacht freisin agus táimid ar ais arís ag an intinn seo nár cheart go mbeadh na tithe tuaithe ann. Troid níos leithne a bheas mise ag plé leis sna treoirlínte tuaithe.

Sa phlean forbartha contae i 1998 a luaigh mé níos luaithe, chuireamar deireadh le ceadanna pleanála do thithe saoire nua i gConamara. B'shin sin agus caitheadh riachtanas tithíochta a bheith ag duine áit ar bith taobh thiar den Choirib. Má bhreathnaítear thart níl aon tithe nua ann mura ndearna duine seift glic éigin agus chuile uair go bhfuair duine éigin bealach éalaithe as seo dúnadh é ag an gcomhairle contae thar na blianta lena gceart a thabhairt di. Sin ceann de na fáthanna go bhfuil sé chomh deacair don Rialtas tithíocht ag cruthú; bhí daoine i mbun seifte. An ndearna na finnéithe aon staidéar ar cén comhairlí contae Gaeltachta a cheadaíonn tithe saoire sa Ghaeltacht? Bhí iontas orm mar thuig mé ó rud éigin a dúradh i gcás mhuintir Chomhairle Contae Chiarraí go bhfuil siad ag ceadú tithe saoire i gcónaí mar tá deireadh leis sin i gConamara. Níl sé chomh simplí leis sin mar, ar ndóigh, má tá airgead agat agus má tá rud uait déantar iarracht é a fháil. Tá riail ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, má tá seanteach ann, ní fothrach ach derelict house, go bhfuil duine in ann é a cheannach, é a dheasú, cur leis, é a bhaint agus míle rud a dhéanamh leis mar is teach é. Áirítear é sin faoi mar theach agus tá duine in ann aon teach eile atá ag duine atá ag iarraidh díol a fháil. Faigheann duine atá ag cónaí leis nó leí féin áit sa bhaile mór agus chuile áit ar fud na tíre. Ní bheadh muintir na háite an-sásta dá ndéarfaí nach bhfuil siad in ann tithe a dhíol tar éis iad a bheith ag a mhuintir le céad bliain gan aon choinníoll ná srian air nach bhféadfaí iad a dhíol ar an margadh. Sin an chaoi go bhfuil siad ag éalú timpeall ar an gcosc ar na tithe saoire. An chuid is mó de na tithe saoire a fheicimse thart, agus bím ag faire air seo, is athchóirithe iad ar thithe éigean a bhí ann mar sin ní cead pleanála as an nua é. Ní réiteach iomlán ar an bhfadhb é ach bheadh spéis agam a fháil amach an gceadaíonn comhairlí contae é seo. Bhí an-iontas orm a chloisteáil go raibh aon chomhairle contae in aon áit mar sin ag ceadú tithe saoire nua níos mó de bharr an oiread fadhbanna atá ag baint le cead de shaghas ar bith a fháil, fiú má táthar ag dul ag cónaí san áit. An ndearna na finnéithe an measúnú sin agus an bhfuil an t-eolas acu cé hiad na comhairlí contae atá ag ceadú tithe saoire? Níl Comhairle Chontae na Gaillimhe á dhéanamh.

Mr. Peadar Mac Fhlannchadha

Tá an ceart ag an Teachta. Bhí cruinniú againn le déanaí le grúpa ón mBreatain Bheag a tháinig chugainn ag lorg comhairle maidir leis na rialacháin agus an struchtúr againn leis na ceantair Ghaeltachta a chosaint. Bhí siad beagáinín buartha tar éis an chruinnithe nuair a chuamar tríd an difear idir rialacháin agus fíricí. Bhí roinnt de na rudaí céanna ag baint leis. Má thógtar na ceantair Ghaeltachta ar fad, ar nós na gceantar Breatnaise is láidre sa Bhreatain Bheag, is ceantair fhíoráille iad, ó thaobh cúrsaí dúlra agus ionad saoire de.

Tá an deacracht ag baint níos mó le tithe atá á díol ar aghaidh. Tharla sé go raibh mé thuas as tuaisceart i gContae Mhaigh Eo le cúpla lá saoire i mí Lúnasa. Is é seo fadhb a bhí ag teacht ar aghaidh. Bhí mé ag plé le muintir choláiste UISCE maidir le ceist na mná tí agus maidir leis na fadhbanna de bharr nach raibh na coláistí samhraidh ag dul ar aghaidh. Bhí siad ag rá gur chiall siad teach le déanaí. Bhí bean an tí ag éirí as agus díoladh an rud, nach mór láithreach, do dhream a bhí ag dul ag ligean an rud amach ar Airbnb. Tá a fhios agam go bhfuil sé pléite againn cheana féin maidir leis na fadhbanna le coláistí samhraidh ach tá an dá rud fite fuaite lena chéile. Maidir le cúrsaí airgid, ní thagann cúrsaí pleanála isteach sa cheist sna cásanna sin.

Glacaim leis má tá an díolachán sin chomh tapa sin go mbrúnn sé suas praghsanna tithe sa Ghaeltacht. Déanann sé níos deacra ansin do lánúin nó clann dul san iomaíocht le rachmasaithe, más Airbnb atá i gceist, nó le daoine le hairgead a thagann siad timpeall ar bhealach den chun teacht ar theach.

I gCloch na Rón nó i mBaile Conaola eile, tugtar €400,000 nó €500,000 ar theach anois.

Tá mo cheist eile gaolta leis an deacracht sin. An bhfuil éileamh breise le déanaí, ní toisc Covid ach toisc go dtuigeann daoine gur féidir leo obair go fíorúil agus go háitiúil? Ar thosaigh sé sin ag tarlú? Bheadh brú breise ann, dá réir, anuas ar an ngnáthbhrú a bhí ann roimhe seo ó thaobh tithe a cheannach. Tá lucht na rachmasaithe san iomaíocht, siúd atá anois in ann fanacht sa bhaile agus obair ón mbaile agus an gnáthdhream a bhí ag fanacht sa bhaile. Tá trí dhream san iomaíocht ar theach amháin nó ar dhá theach atá á díol.

Mr. Peadar Mac Fhlannchadha

Más féidir liom labhairt maidir le muintir Charna, is cinnte go bhfuil sé ag tarlú i gcás cheantar Chonamara ina iomláine, thuaidh agus theas. Ní bhaineann sé le cúrsaí Gaeltachta amháin. Ní hamháin go bhfuil sé tosaithe, tá sé as smacht. Ní bhíonn na tithe ar fad i gConamara thuaidh, chomh maith le Conamara theas, ar an margadh rófhada. Tá na praghsanna ag dul suas agus is praghsanna iad nach bhféadfadh le haon ghnáthdhuine de mhuintir na háite a íoc. Tá siad ag bogadh isteach go dtí An Clochán, Uachtar Ard agus cathair na Gaillimhe chun lóistín a fháil agus fiú ag bogadh amach as an gceantar, mar tá siad ag ceannach tithe i gCnoc na Cathrach nó Dabhach Uisce nó pé áit a bhfuil tithe ag teacht ar an margadh.

Ms Mairéad Ní Fhátharta

Mar a d'fhreagair Peadar Mac Fhlannchadha ansin, nuair a thagann teach ar an margadh, bíonn sé an-deacair. Bíonn ceant ann. Is annamh a thagann teach ar an margadh sna Gaeltachtaí. Ansin, ar ndóigh, tá an chothromaíocht a labhair mé cheana uirthi i gceist. Tá an té atá ag díol tí ag iarraidh a luach agus tá an ceart sin ag an té sin. Ní bheimis anseo chun díluacháil a dhéanamh ar aon rud sa Ghaeltacht ach ba cheart dúinn smaoineamh ar an bpictiúr mór. Is é an pictiúr mór ná gur cheart go mbeadh cead ag muintir na Gaeltachta tógáil ar a dtalamh féin agus go mbeadh tosaíocht ag an nGaeilge agus go ndéanfaí gach chúram thar aon rud eile leis sin a chosaint agus a neartú. Má tá daoine le Gaeilge ag iarraidh bogadh go ceantar, rud a tharla i mo cheantar féin, bhog clann ann agus ní raibh siad in ann ar fháth amháin nó eile, idir teach a cheannach nó teach a fháil agus bhí orthu bogadh. Bá chailliúint mhór é lánúin le ceathrar gasúr i bpobal chomh beag leis an gceann a bhfuil mise i mo chónaí ann. Níl in é sin ach sampla amháin. Tá sé sin ar fud fad na Gaeltachta. Chaith mé an samhradh ag breathnú ar achainíocha ó mhúinteoirí bunscoile i gceantar Gaeltachta ag iarraidh daoine a mhealladh. Chonaiceamar feachtas Chonamara lár agus eile ag iarraidh daoine a mhealladh go dtí na ceantair. Is é an fáth is mó ná go bhfuil sé fíordheacair. Má tá teach ag duine, tá áit aige nó aici. Is rud é atá ionainn mar dhaoine in Éirinn. Níl a fhios agam an eascraíonn sé seo ón stair atá againn ach is maith linn ár n-áit féin a bheith againn. Mura bhfuil sé sin ar fáil ag baile nó má tá sé fíordheacair, tá ar dhaoine bogadh go dtí áit ina bhfuil sé ar fáil. Is é sin atá ag tarlú na ceantair Ghaeltachta. Tá siad bánaithe. Tá daoine ag bogadh mar nach bhfuil siad in ann teach a thógáil ná a fháil ina n-áit féin.

An bhfuil aon duine eile ag iarraidh freagra a thabhairt dom?

Mr. Daithí Mac Cárthaigh

Rith rud amháin liom ansin maidir leis an Airbnb. Bhí iontas orm. Taispeánann cé chomh soineanta is atá mise. Cheap mise gur athrú úsáide a bheadh i gceist dá mbeadh teach le hiompú isteach ina Airbnb. B'fhéidir gur cheist Dála a bheadh ann. An bhféadfaí rialachán a dhéanamh láithreach bonn go gcaithfear caitheamh le teach a bheith in úsáid mar Airbnb mar athrú úsáide ó úsáid chónaithe go dtí úsáid tráchtála agus go mbeadh cead pleanála ag teastáil chuige sin dá réir. Bheadh sé éasca go maith ar aon Aire é sin a dhéanamh gníomhach agus nach mbeadh mórán cur in aghaidh.

Go bhfios dom, tá roinnt athruithe déanta. Tá a fhios agam go bhfuil siad déanta sa chathair seo. Níl a fhios agam cén cheann de na comhairleoirí contae a bhí os ár gcomhair ag lua go raibh orthu díriú isteach air sin. Dúradh go raibh sé ag cruthú fadhbanna ann féin go raibh an t-athrú seo ag tarlú agus gur gá dóibh díriú isteach air. B'fhéidir gur athraíodh é sna comhairlí contae agus nach raibh gá le dlí náisiúnta chun é sin a dhéanamh. I dtíortha eile, níl ach méid áirithe laethanta ceadaithe nó bíonn ar an duine cead pleanála a fháil chun athrú a dhéanamh ar an teach ó ionad cónaithe go dtí ionad gnó. Is féidir liom eolas a lorg ón Aire agus teacht ar ais chuige sin.

Mr. Peadar Mac Fhlannchadha

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus leis an gcoiste. Tá obair an choiste ar an gceist seo tar éis rudaí a bhrú ar aghaidh go mór. Bhí sé iontach príomhfheidhmeannaigh na gcomhairlí contae a fheiceáil mar bíonn sé deacair rochtain a fháil ar na daoine sin nuair atáimid ag plé leo. Tá sé sin tábhachtach. Beidh an coiste ard sna television audience measurement, TAM, ratings nuair a bheidh an tAire os a chomhair.

Bhí an tAire Stáit le bheith os ár gcomhair an tseachtain seo chugainn. Lorg seisean go gcuirfimis ar athló go dtí mí Eanáir é. Tá an coiste comhairleach sin aige agus cuireadh le cur amach. Níl a fhios agam an mbeidh an tAire leis an lá céanna agus beidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe ann chomh maith. Más gá, is féidir linn cur leis sin má tá tuairimí ag daoine eile. B'fhéidir go scríobhfaimis chuig Uisce Éireann chomh maith ag lorg na bpleananna atá acu toisc an méid a bhí le rá ag Comhairle Contae Corcaigh, mar shampla. Bhí siadsan ag rá go raibh fadhbanna ann nár bhain siad leo agus gur bhain sé le hUisce Éireann, ó thaobh chóras séarachais agus a leithéid agus dá mbeadh sé sin réitithe, bheidís in ann níos mó tithe a thógáil. Tá daoine eile tar éis é sin a lua ó thaobh Chonamara de agus glacaim leis go bhfuil sé ag tarlú in áiteanna eile. Scríobhfaimid chuig Uisce Éireann ag lorg freagraí nó b'fhéidir go gcuirfimis cuireadh chucu teacht os ár gcomhair. Labhróidh mé leis an gcléireach faoi ina dhiaidh seo.

Beidh cruinniú príobháideach ag an gcoiste an tseachtain seo chugainn agus féachfaimid ar cad a dhéanfaimid leis an méid eolais atá tarraingthe le chéile againn ag an gcruinniú seo. Beidh tuairisc ar na hábhair ar fad atá pléite againn chomh luath is atá na cruinnithe críochnaithe. Glacaim leis go mbeidh an tuairisc sin réidh ag deireadh Mhí Feabhra nó tús Mhí an Mhárta. Is é sin an spriocdháta atá againn. Nílimid ag iarraidh suí ar thuairisc. Má tá breis eolais nó tuairimí breise ag na finnéithe idir an dá linn, is féidir leo scríobh chuig an gcoiste agus cuirfear an comhfhreagras sin san áireamh nuair atá an tuairisc á cur le chéile.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe ar fad: Éanna Ó Cróinín, Úna Ní Fhaircheallaigh agus Dáithí Mac Cárthaigh ó Chomharchumann Ráth Chairn agus Peadar Mac Fhlannchadha agus Mairéad Ní Fhátharta ó Chonradh na Gaeilge. Tá súil agam go mbeidh saoire cheart agus shonasach acu.

Tá an cruinniú á chur ar athló sine die. Beidh cruinniú príobháideach againn ag dáta éigin an tseachtain seo chugainn. Déanfaimid déileáil leis an gcruinniú leis an Aire agus dreamanna eile agus díreoimid isteach ar chlár oibre an choiste do 2022.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 3.21 p.m. sine die.
Barr
Roinn