Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Wednesday, 23 Feb 2022

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Foras na Gaeilge.

Tá leithscéal faighte agam ón Teachta Pa Daly. Tá an Seanadóir Kyne agus an Teachta O'Dowd linn ar líne agus tá an Seanadóir Clifford-Lee sa seomra. Cuirim fáilte roimh an Dr. Regina Uí Chollatáin, cathaoirleach; Seán Ó Coinn, príomhfheidhmeannach; Edel Ní Chorráin, leas-phríomhfheidhmeannach agus stiúrthóir seirbhísí oideachais; Joe Ó Labhraí, stiúrthóir seirbhísí foilsitheoireachta, foclóireachta agus téarmaíochta; Breandán Mac Craith, stiúrthóir seirbhísí forbartha agus iarbhainisteoir ar Áis; agus Seosamh Ó Murchú, eagarthóir sinsearach An Ghúim. Tá siadsan ar fad anseo mar ionadaithe thar ceann Fhoras na Gaeilge. Gabhaim mo bhuíochas leo as teacht isteach inniu. Tá roinnt acu i láthair go fisiciúil agus tá roinnt acu i láthair go fíorúil. Tá Joe Ó Labhraí, Edel Ní Chorráin agus Seosamh Ó Murchú lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Tá an Teachta Ó Muimhneacháin tar éis teacht isteach ar an gcruinniú go fíorúil.

Táimid chun tús a chur lenár mbreathnú ar ábhar spreagadh fhoilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge. Sula ndéanaimid é sin, tá dualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na ndaoine atá ag freastal ar an gcruinniú. Meabhraím do chomhaltaí, d’fhinnéithe agus do bhaill fhoirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin soghluaiste múchta le linn an chruinnithe toisc gur féidir leis na gléasanna sin cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freisin freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó freastal go fíorúil ar Microsoft Teams ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéanfar sin agus go bhfuil an físeán ar siúl acu an t-am uile, ionas gur féidir linn ar fad anseo iad a fheiceáil ar an scáileán cé acu an mbeidh siad nó nach mbeidh siad ag labhairt ag an am. Ba chóir a chinntiú go mbeadh an micreafón acu múchta nuair nach mbeidís ag caint.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe atá anseo go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Is í an fhíric í nach féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus an fhianaise á tabhairt acu ó thaobh amuigh de phurláin Thithe an Oireachtas. Molaim d'fhinnéithe, go mór mór dóibh siúd atá ag freastal ar chruinnithe lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais, a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, beidh orthu amhlaidh a dhéanamh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, duine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófaí do na finnéithe éirí as a ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach.

É sin ar fad ráite, tosóimid leis an bplé. Tabharfaidh an Dr. Regina Uí Chollatáin an chéad ráiteas.

Professor Regina Uí Chollatáin

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach as an deis seo a thabhairt dúinn aitheasc a chur i láthair an chomhchoiste ar spreagadh fhoilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge. Tréaslaím leis an gcomhchoiste as aird a dhíriú ar an gceist thábhachtach seo mar chuid dá chlár oibre. Tá súil againn go mbeidh tionchar dearfach ar a chuid oibre.

Mar a chuir muid in iúl inár ráiteas tosaigh a chuir muid ar aghaidh, tá ról lárnach ag Foras na Gaeilge i dtaca le cur chun cinn agus le forbairt foilsitheoireachta, scríbhneoireachta agus léitheoireachta i nGaeilge. Cuireann Foras na Gaeilge réimse tacaithe ar fáil le cuidiú le foilsitheoirí agus le hearnáil na leabhar Gaeilge faoi láthair. Tá eolas curtha ar fáil inár ráiteas tosaigh don chomhchoiste ar na tacaithe sin. Ba mhaith linn an deis seo a thapú le béim a chur ar chuid de na tacaithe sin agus le labhairt ar chuid de na dúshláin atá romhainn amach anseo, mar aon le ceisteanna a fhreagairt. Iarrfaidh mé ar Sheán Ó Coinn, príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, achoimre ghairid a thabhairt ar a bhfuil sa ráiteas tosaigh.

Mr. Seán Ó Coinn

Tá roinnt tosaíochtaí aitheanta ag Foras na Gaeilge sna tacaithe a chuirtear ar fáil maidir le foilsitheoireacht, scríbhneoireacht agus léitheoireacht i nGaeilge. Aithnímid gur earnáil í earnáil na foilsitheoireachta i mionteanga ar bith a bhíonn leochaileach agus ar gá tacaithe a chur ar fáil di le seasmhacht agus inbhuanaitheacht a bhaint amach.

Tríd an scéim foilsitheoireachta, cuireann Foras na Gaeilge tacaíochtaí ar fáil do thithe foilsitheoireachta, na cinn is mó, lena chinntiú go mbíonn soláthair leanúnach de leabhair ardchaighdeáin ann do phobal léitheoireachta na teanga. Lena chois sin, tá iarracht déanta againn tacú le tithe úra foilsitheoireachta a bhfuil pleananna fáis agus forbartha acu agus tá go leor acu tar éis teacht ar an fhód le blianta beaga anuas. Tá isteach agus amach ar 14 foilsitheoir a chuirimid tacaíochtaí ar fáil dóibh ó bhliain go bliain. Níl ann ach cúig cinn díobh a fhoilsíonn sé leabhar nó níos mó ar an mheán ar bhonn bliantúil. Mar is léir ón tábla sa ráiteas tosaigh a chuireamar ar fáil, bíonn éifeachtacht shuntasach ar sholáthar leabhar nuair a éiríonn oiread is foilsitheoir amháin as an earnáil. É sin ráite, tá borradh faoin fhoilsitheoireacht. Tá cruthaitheacht agus tionsclaíocht thar barr á léiriú ag na foilsitheoirí atá ag saothrú sa ghort seo agus saothar den scoth á fhoilsiú acu. Tá an raon atá ar fáil do léitheoirí Gaeilge ag fás agus ag feabhsú gach bliain.

I dtaca le scríbhneoireacht na Gaeilge de, is earnáil í fosta atá leochaileach agus a bhfuil cothú leanúnach de dhíth uirthi. Cuireann Foras na Gaeilge tacaíochtaí éagsúla ar fáil le cuidiú le scríbhneoirí úra. Cuirimid béim ar leith ar na seánraí is mó a mbíonn éileamh orthu agus is lú a bhfuil scríbhneoirí ag saothrú iontu, mar shampla, úrscéalta ficsin agus litríocht do dhéagóirí. Tá eolas breise faoi na tacaíochtaí atá ar fáil leis an scríbhneoireacht a chothú inár ráiteas tosaigh. Ní rachaidh mé tríd sin uilig anois. Ar na tacaíochtaí is fearr a bhfuil ag éirí leo, tá an scéim mheantóireachta. Tríd an scéim seo, leis an mhaoiniú bhreise aon uaire a fuair Foras na Gaeilge do 2022, beidh muid ag tacú le 35 scríbhneoir. Tá scríbhneoirí den scoth ag teacht chun cinn thar na seánraí éagsúla agus scríbhneoirí úra ina measc, mar is léir ón scéim mheantóireachta agus ón dóigh ina bhfuil siad ag léiriú spéise sa scríbhneoireacht. Ach oiread le réimse na foilsitheoireachta, in ainneoin na ndúshlán, tá borradh faoi earnáil na scríbhneoireachta Gaeilge.

Is é an tríú réimse ná an léitheoireacht. I dtaca leis an léitheoireacht, is trí thacaíochtaí margaíochta agus tacaíochtaí d'imeachtaí is mó a bhíonn Foras na Gaeilge gníomhach. Tá liosta samplach inár ráiteas tosaigh de na tionscadail a cuireadh maoiniú ar fáil dóibh faoi scéim na dtionscadal litríochta idir 2017 agus 2021. Tá ag éirí go han-mhaith leis an deontas margaíochta atá curtha ar fáil ag Foras na Gaeilge do Chumann na bhFoilsitheoirí, is é sin €80,000 sa bhliain, le tamall de bhlianta anuas. Tá ag éirí go maith leis an aird a tharraingt ar na leabhair úra a fhoilsítear ó bhliain go bliain. Cuidíonn na gradaim éagsúla. Is iad siúd ná an gradam don leabhar Gaeilge is fearr tríd An Post Irish Book Awards; Gradam Réics Carló, leabhar na bliana don léitheoir óg; Gradam Uí Shúilleabháin, leabhar na bliana do léitheoirí fásta; agus Gradam de Bhaldraithe, gradam do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile. Cuidíonn na gradaim le haird phobal na Gaeilge a dhíriú ar na leabhair is fearr. Cuidíonn sé leis an phobal léitheoireachta agus iad ag iarraidh leabhair a roghnú le léamh.

Tá fás ag teacht ar líon na leabhar a dháilimid ar shiopaí agus cé nach fás rábach é, tá sé suntasach ó luach €900,000 go €1.1 milliún sa bhliain thar seacht mbliana. Is é an chuid is suntasaí den fhás sin ná an t-ardú atá i ndiaidh teacht ar líon na leabhar ginearálta atá ar díol, úrscéalta agus de réir sin seachas téacsleabhair scoile. D’fhás sé ó 41% den díolachán iomlán go 50%, rud a léiríonn an bheocht san earnáil le blianta beaga anuas agus a léiríonn treocht a bhfuilimid ag iarraidh tógáil air. Is léir go bhfuil pobal léitheoireachta na Gaeilge ag fás.

Ar ndóigh, tá teorainn leis an méid a thig linn a bhaint amach sa réimse seo gan ach timire díolachán amháin againn don oileán ar fad agus os cionn 250 siopa le riar orthu. Sna blianta beaga amach romhainn, beimid ag iarraidh a bheith ag obair i gcomhpháirtíocht leis na hoifigigh phleanála teanga atá sna limistéir phleanála teanga, sna bailte seirbhíse agus sna líonraí le cur le líon na siopaí agus ar ndóigh leis an éileamh sna siopaí sin ar leabhair Gaeilge.

Is iad na dúshláin is mó atá ann faoi láthair ar ndóigh ná na hacmhainní atá ar fáil againn chun na trí réimse - an fhoilsitheoireacht, an scríbhneoireacht agus an léitheoireacht - a fhorbairt. Tá luach na n-acmhainní atá ar fáil ag Foras na Gaeilge sa réimse seo laghdaithe 42% nuair a chuirtear boilsciú san áireamh ó bhí 2008 ann. In 2008, nuair a tháinig Bord na Leabhar Gaeilge isteach i bhForas na Gaeilge, bhí €1.8 milliún ar fáil do chlár na leabhar Gaeilge inár mbuiséad, buiséad atá imeallaithe agus a thagann ón Rialtas ó Dheas amháin. Ní thagann sé faoi rialacha Thuaidh-Theas Fhoras na Gaeilge. Tá an buiséad bliantúil sin laghdaithe anois go €1.06 milliún, go díreach os cionn milliún. Is é sin comhionann lena bheith gearrtha ina dhá leath. Is rud é sin a fhágann nach féidir mórán forbartha a dhéanamh sna réimsí éagsúla a bhfuil tacaíocht de dhíth iontu. Nuair a chuirtear toradh an bhoilscithe san áireamh, tá an tacaíocht is féidir linn a chur ar fáil thar na trí réimse sin laghdaithe ar bhealach suntasach.

Mar sin féin, fáiltímid go mór roimh an maoiniú breise aon uaire a cuireadh ar fáil dúinn in 2022. Fuaireamar €300,000 sa bhreis le caitheamh ar réimsí foilsitheoireachta agus scríbhneoireachta. Ar ndóigh, agus muid ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le hearnáil na leabhar, tá sé tábhachtach a aithint go bhfuil gach cuid di ag brath ar an gcuid eile. Tá an fhoilsitheoireacht ag brath ar an scríbhneoireacht agus tá an scríbhneoireacht ag brath ar an fhoilsitheoireacht. Ní féidir le ceachtar acu bláthú ná forbairt gan pobal léitheoireachta bisiúil a bheith ar fáil agus gan bealaí againn leis na leabhair sin a dhíol agus a chur ar fáil sna siopaí.

Níl a fhios agam an bhfuil aon duine eile ag iarraidh ceisteanna a chur ag an stad seo seachas mé féin. Tugaim faoi deara go bhfuil an Seanadóir Ó Donnghaile tagtha isteach ag an gcruinniú. Is é an rud atá i gceist againn leis an tsraith chruinnithe atá eagraithe againn ná díriú ar léitheoireacht agus foilsitheoireacht i nGaeilge chun a chinntiú gur féidir linn tuairimí a fháil ar conas atá ag éirí linn agus conas is féidir linn cuidiú mar choiste. Cad iad na hathruithe is mó atá gá leo chun a chinntiú go mbeidh níos mó de lucht na Gaeilge ag léamh nó ag éisteacht fiú le litríocht na Gaeilge ar podcast nó leabhar dá leithéidí sin? Ina measc siúd atá ag freastal ar scoil, seachas na téacsleabhair, cad iad na hábhair atá á bhfoilsiú dóibh? Cad iad na dúshláin atá roimh na scríbhneoirí? Ag deireadh na sraithe cruinnithe atá le heagrú againn, tá súil againn go mbeidh moltaí againn a thacóidh leis an obair atá á dhéanamh ag Foras na Gaeilge agus iad siúd atá ag foilsiú nó ag saothrú i réimse na litríochta. Cabhróidh roinnt den eolas a cuireadh os ár gcomhair sa ráiteas tosaigh linn leis an obair seo.

Tá sé i gceist againn freastal ar eagarthóirí nó scríbhneoirí ó irisí, scríbhneoirí atá ag scríobh téacsanna nó leabhair, filí, údair de shórt éigin amháin nó sórt eile, daoine ó na leabharlanna agus daoine ó na siopaí leabhar. Níl sé dírithe go díreach orthu siúd atá ag déanamh an mhaoinithe amháin ach orthu siúd atá ag cur an tsaothair le chéile. Thar thréimhse cheithre nó cúig chruinniú, déanfaimid iarracht teacht chuige sin. Chomh maith céanna, beimid ag lorg tuairimí an phobail i gcoitinne. B’fhéidir go mbeadh na léitheoirí, iad siúd a bhíonn ag gabháil don léamh, sásta scríobh isteach chugainn agus eolas a roinnt linn faoi cad go díreach atá ag cur bac orthu níos mó leabhar Gaeilge a léamh. Aithním ón méid atá ráite ag Foras na Gaeilge go bhfuil níos mó leabhar á ndíol agus gur comhartha maith é sin. Níl a fhios agam an raibh muid ar fad ag léamh níos mó leabhar sa bhaile a bhuí leis an bpaindéim. Tá súil agam nach é sin an t-aon fháth atá leis agus go dtiocfaidh fás air. Tá an Seanadóir Kyne ag iarraidh ceist a chur.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe go léir chuig an gcruinniú faoin earnáil seo. Seachas ceist an airgeadais, ceist a mbíonn againn i gcónaí, céard é an dúshlán is mó don earnáil?

Mr. Seán Ó Coinn

Is é an dúshlán is mó ná an méid atá ar fáil a chur os coinne an phobail ionas go mbeidh a fhios ag pobal na Gaeilge cad atá ar fáil, go háirithe do na haoisghrúpaí os cionn aois bunscoile. Tá cúpla dúshlán ann ach is ceann de na cinn is mó é sin. Tá cuid mhór daoine fásta ann a tháinig tríd an gcóras oideachais a bhfuil Gaeilge an-mhaith labhartha acu ach nach smaoiníonn choíche ar leabhar a thógáil agus é a léamh mar a dhéanann siad le leabhair Bhéarla. Is cuid de chúis na faidhbe sin ná nach bhfuil a fhios acu an rogha atá ar fáil agus conas leabhar a roghnú. Tá sé iontach furasta leabhar Béarla a roghnú. Níl le déanamh ach ceann de na nuachtáin a thógáil nó éisteacht le clár raidió nó clár teilifíse, áit a mbíonn na mhórphearsana uilig ag caint ar na leabhair atá léite acu. Bíonn siad ag cur giolcacha ar na meáin shóisialta agus mar sin de. Níl sé sin ar fáil ag an leibhéal céanna ag pobal na Gaeilge. Is ceann de na dúshláin is mó atá againn é sin. Táimid ag iarraidh a bhfuil ar fáil a chur os coinne an phobail.

Is é an dara dúshlán is mó ná nach bhfuil nósmhaireacht na Gaeilge forbartha i measc daoine fásta a úsáideann Gaeilge go rialta inár saol, ár macasamhail féin. Cé mhéad duine againn féin a léann leabhair Ghaeilge ar mhaithe le scíthléitheoireacht go rialta inár saol? Is dhá cheann de na baic atá le sárú againn iad sin. B'fhéidir go bhfuil tuairimí éagsúla ag na saineolaithe atá i mo chuideachta, na daoine eile ó Fhoras na Gaeilge agus an Cathaoirleach, agus is é sin an tuairim atá agam féin.

Má tá tuairim ag aon duine eile atá anseo nó ar líne, is féidir leo léim isteach.

Professor Regina Uí Chollatáin

Tá an ceart ag Seán Ó Coinn sa mhéid atá ráite aige ach, anuas air sin, tá dúshlán ollmhór ann fosta i gcomhthéacs éileamh agus díolacháin na leabhar i gcomparáid le líon na leabhar atá ar fáil. Ar an ábhar sin, ní hionann i gcónaí figiúirí díolacháin agus an t-éileamh atá ar léitheoireacht na Gaeilge. Tá daoine ag iarraidh an léitheoireacht a dhéanamh ach caithfear an léitheoireacht a chothú ó aoisghrúpa an-íseal go dtí go gcothaítear nós na léitheoireachta. Tá soláthar ábhar léitheoireachta do gach aoisréim iontach tábhachtach. Tá an tacaíocht atá á tabhairt ag an Rialtas dúinn chuige sin cheana féin an-mhaith ach tá tuilleadh de sin ag teastáil. Chomh maith leis sin, mar a dúirt Seán Ó Coinn, tar éis aois na scoile, titeann an t-éileamh sin mar tá cuid mhaith duine i ndiaidh 18 mbliana déag nó mar sin, mura ndéanann siad Gaeilge mar ábhar seachas mar shlí bheatha nó a leithéid, ag iarraidh go mbeadh an Ghaeilge mar chuid dá saol ach, in amanta, mura bhfuil an saol á chaitheamh trí mheán na Gaeilge acu, titeann an lug ar an lag. Is é an póca sin an bhearna mhór atá ann, daoine a bhfuil Gaeilge acu ach a bhfuil slite beatha eile acu. B'fhéidir go bhfuil siad ag iarraidh scíthléitheoireacht agus a leithéid a dhéanamh ach nach bhfuil siad ag iarraidh na mórúdair agus a leithéid siúd a léamh i gcónaí. Tá siad ag iarraidh a bheith ar a suaimhneas agus sult a bhaint as an léitheoireacht agus na nósanna léitheoireachta ag coinneáil ag dul. Is iad na rudaí is mó ná na nósanna léitheoireachta agus a thuiscint nach ionann díolachán na leabhar Gaeilge agus díolachán na leabhar Béarla agus go gcaithfimid an bhearna sin a thrasnú agus a líonadh.

Mr. Breandán Mac Craith

Dá bhféadfainn rud beag a chur leis sin, caithfear áit a fháil do léitheoireacht na Gaeilge agus do na leabhair Ghaeilge ar na meáin Bhéarla ó thaobh chúrsaí léirmheastóireachta de. Ní bhíonn an t-ardán sin ag leabhair Ghaeilge go minic. Bíonn sé ann ó am go ham, go háirithe le linn seachtain na Gaeilge nó mar sin, ach ní bhíonn an t-ardán sin ag leabhair Ghaeilge sna meáin Bhéarla tríd an mbliain mar a bhíonn ag leabhair Bhéarla. Ní chuirtear ar shúile daoine an caighdeán agus an raon leathan leabhar atá ar fáil. Is ceist don Ghaeilge trí chéile a háit a fháil sna meáin Bhéarla. Bíonn daoine ag brath ar irisí agus léirmheasanna le cinneadh a dhéanamh faoi cén cineál leabhar a bhfuil siad chun tabhairt faoi. Tá bearna ansin i dtaca le leabhar Gaeilge.

An bhfuil an Seanadóir ag iarraidh teacht ar ais isteach?

Sílim go bhfuil sé sin ceart go leor maidir leis na dúshláin is mó atá ann. Céard is féidir a dhéanamh chun na rudaí sin a réiteach? Tá níos mó béime anois ar an nGaeilge mar gheall ar Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 agus an céatadán de 20% sa chóras poiblí. Caithfimid níos mó a dhéanamh chun daoine óga a spreagadh. Cén chaoi gur féidir na dúshláin agus na fadhbanna sin a réiteach?

Mr. Seán Ó Coinn

Dírím aird na gcomhaltaí ar leathanach 14 den ráiteas tosaigh a chuir muid isteach. Tá liosta ansin de roinnt rudaí atá déanta againn taobh istigh de na hacmhainní atá againn. Tá na gradaim a luaigh mé ann. Chuir muid urraíocht ar fáil do ghradam i gcomhair leabhair Ghaeilge ag an An Post Irish Book Awards. Díríonn sé sin aird an mhórphobail ar fud na tíre agus aird phobal na Gaeilge ar an leabhar Gaeilge amháin sin. Mura mbeidh daoine ag iarraidh ach leabhar amháin a léamh, is féidir leo a rá go léifidh siad an leabhar sin toisc gur léir gur leabhar maith é. Tá gradaim eile ann, mar shampla, Gradam Réics Carló agus Gradam Uí Shúilleabháin.

Ansin, tá feachtais againn cosúil le LoveLeabharGaeilge. Is feachtas ar na meáin shóisialta go príomha é sin. Eascraíonn sé as an deontas margaíochta a chuireann muid ar fáil do Chumann na bhFoilsitheoirí. Arís, díríonn sé sin aird ar leabhair Ghaeilge, agus ar na cinn a bhuann gradaim ach go háirithe, le linn na bliana. Tá Laureate na nÓg ann freisin, Áine Ní Ghlinn. Tá sí ag cur tús le feachtas, GiveLeabharGaeilge, atá cineál ceangailte leis an bhfeachtas eile a luaigh mé. Chítear cad atá ag tarlú ansin. Tá an feachtas sin mar chuid dá ról mar Laureate na nÓg le Leabhair Pháistí Éireann, Children's Books Ireland. Lena chois sin, tá LeabhraFeabhra againn. Bíonn sé sin ar an raidió le Raidió na Gaeltachta. Thosaigh sé sin ar an 1 Feabhra. Amach anseo, b'fhéidir gur féidir linn é sin a cheangal isteach leis an lá saoire úr a bheidh againn, Lá Fhéile Bríde. I mbliana, chuir muid an bosca leabharlainne ar fáil do bhunscoileanna ar fud na tíre. Bhí an bhéim ar scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla ach beidh gach Gaelscoil agus scoil Ghaeltachta, Thuaidh agus Theas, ag fáil bosca fosta. Tá rudaí a dhéanann muid gach bliain. Bímid i dteagmháil le RTÉ le bheith cinnte go bhfuil leabhair Ghaeilge ar fáil ar seó na mbréagán.

Is próiseas leanúnach é sin de réir a chéile. Caithfear aithne a fháil ar na léitheoirí le bheith cinnte go bhfuil na leabhair amuigh chun tosaigh agus go bhfuil daoine ábalta labhairt orthu. Tá an-iomaíocht i gceist ansin. Is é sin an cineál rud a dhéanann muid. Tá níos mó de sin de dhíth, ach is é sin an cineál rud a thig linn a dhéanamh leis na hacmhainní atá ar fáil againn. Ba mhaith linn i bhfad níos mó a dhéanamh. Luaigh Breandán Mac Craith ansin na meáin Bhéarla. Ba mhaith linn dul i gcomhpháirt le The Irish Times nó the Irish Independent nó cuid de na stáisiúin nach stáisiúin Státurraithe iad. Táim ag caint faoi Newstalk nó Today FM, na cinn mhóra. Caithfear urraíocht de shórt éigin a thabhairt dóibh le dul i gcomhpháirt. Caithfear a bheith ábalta rud éigin a thabhairt chuig an tábla le hiad a spreagadh. Is rudaí den chineál sin a chuideoidh go mór linn leabhair Ghaeilge a chur os coinne an phobail.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe agus gabhaim buíochas leo as an dá ráiteas tosaigh. Tuigim na dúshláin atá os comhair Forais na Gaeilge. Bhí sé de phribhléid agam feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge, go háirithe ó a bheith ag léamh, agus tá a fhios agam nach bhfuil an deis sin ag gach duine. Sin a chaoi a fhoghlaimím gach lá taobh amuigh d'aon chóras.

Tagraím do na foilsitheoirí agus tá aithne agam ar Chló Iar-Chonnacht. Tá obair na gcapall déanta aige, ag Futa Fata agus ag na foilsitheoirí go léir. An bhfuil fráma ansin a ligeann d'Fhoras na Gaeilge aisfhreagra a fháil ó na foilsitheoirí ar an talamh? An bhfuil fóram ann a éascaíonn sé do na foilsitheoirí a chur in iúl d'Fhoras na Gaeilge na dúshláin atá acu? Tiocfaidh mé ar ais go dtí na dúshláin atá ag Foras na Gaeilge. An bhfuil córas ansin?

Mr. Seán Ó Coinn

Fiafróidh mé ar mo chomhghleacaí, Joe Ó Labhraí, atá ar líne linn, é sin a fhreagairt. An freagra gairid ná "Tá" ach ligfidh mé do Joe níos mó eolais a thabhairt faoi na socraithe éagsúla atá againn leis na foilsitheoirí le deis a thabhairt dóibh labhairt linn.

Mr. Joe Ó Labhraí

Bíonn an-chaidreamh idir fhoireann chlár na leabhar Gaeilge agus na foilsitheoirí uilig agus bíonn cruinnithe rialta againn leo. Uair sa bhliain bíonn ollchruinniú againn. Ní bhíonn mórán de chlár ann ach bíonn deis ag na foilsitheoirí teacht chugainn agus moltaí, buarthaí agus dúshláin a chur inár láthair. Tarlaíonn sin go rialta agus tá an caidreamh sin ann ó lá go lá. Tagann na foilsitheoirí uilig, idir mhór agus beag, agus tá sin iontach folláin.

Mr. Seán Ó Coinn

B'fhéidir go labharfaidh Breandán Mac Craith ar Chumann na bhFoilsitheoirí agus an cur chuige atá aige.

Agus na dúshláin atá ag teacht suas. An bhfuil téama ann? An bhfuil na rudaí céanna ag teacht suas arís agus arís? Cén dúshláin go sonrach atá á gcur os comhair Fhoras na Gaeilge? Táim buíoch go bhfuil fráma ann agus go bhfuil Joe Ó Labhraí ag rá go bhfuil cruinnithe rialta i gceist.

Mr. Breandán Mac Craith

Is as ceann de na cruinnithe rialta sin a tháinig an coincheap don fheachtas LoveLeabharGaeilge. Bhí na foilsitheoirí ag rá go raibh deacracht leanúnach acu margaíocht a dhéanamh ar a gcuid leabhar nó an scéal a scaipeadh i measc na siopaí go háirithe. Is de bharr go bhfuil clár na leabhar Gaeilge agus Áis ag obair as lámha a chéile agus muid ar fad ag iarraidh tacú leis na foilsitheoirí a chinn muid an maoiniú a chur ar fáil d'fheachtas margaíochta. Leis sin a chur i gcrích, an rud a tharla agus a tháinig as sin ná gur tháinig na foilsitheoirí féin le chéile agus gur bhunaigh siad cumann ionadaíochta, Cumann na bhFoilsitheoirí, a thugann deis dúinn anois labhairt leis na foilsitheoirí ar fad le chéile agus a thugann deis do na foilsitheoirí labhairt linn. Bhí siad uilig ag obair ina bpócaí féin ar bhealach ach tugann Cumann na bhFoilsitheoirí deis dóibh teacht le chéile agus na dúshláin agus deacrachtaí atá sa mhargadh a phlé. Ansin is féidir leo iad sin a chur in iúl ag cruinnithe ar nós na cinn a bhíonn ag clár na leabhar Gaeilge, na cruinnithe rialta a bhíonn ag clár-----

Cad iad na téamaí agus na dúshláin a bhíonn ag teacht suas?

Mr. Breandán Mac Craith

B'fhéidir go dtiocfaidh mo chomhghleacaí ar ais air sin.

Mr. Seán Ó Coinn

Tagraím do na foilsitheoirí beaga atá luaite ar leathanach 5 agus ar na cinn nach bhfoilsíonn ach b'fhéidir dhá nó trí leabhair in aghaidh na bliana. Tá pleananna uaillmhianacha acu le forbairt agus ba mhaith leo i bhfad níos mó ná sin a dhéanamh. Tá sé ag braith, áfach, ar an tacaíocht gur féidir linne a chur ar fáil dóibh. Tá an maoiniú atá ar fáil againn do na foilsitheoirí seasta. Ní féidir linn tuilleadh maoinithe a chur ar fáil do cheann de na foilsitheoirí beaga gan mhaoiniú a bhaint de cheann de na foilsitheoirí móra agus ní féidir sin a dhéanamh ach oiread mar táthar ag baint as na pleananna atá acusan. Tá pleananna uaillmhianacha ag na cinn bheaga níos mó leabhar a fhoilsiú ach beidh acmhainní níos mó de dhíth orthu leis sin a dhéanamh. Tá rud eile in easnamh do na foilsitheoirí atá in easnamh ar bhonn níos leithne ar fud na hearnála agus is é sin eagarthóirí liteartha. De réir a chéile, de thairbhe go bhfuil an oiread sin béime anois ar chúrsaí aistriúcháin agus mar sin de, tá cuid mhór saineolaithe againn sa teanga atá ar fáil le cuidiú le heagarthóireacht ar an teanga ach níl an oiread sin daoine le saineolas sa litríocht le heagarthóireacht liteartha a dhéanamh agus an tseirbhís sin a chur ar fáil do na foilsitheoirí.

Cén dóigh a fhaigheann na foilsitheoirí áit dá gcuid leabhair sna siopaí? Má théitear isteach i gceann ar bith de na siopaí leabhair móra, chífear tábla ag an doras tosaigh leis na bestsellers leagtha amach thart timpeall. Sin an áit a théann na custaiméirí agus ansin labhraíonn siad leis an fhoireann agus tá a fhios acusan na moltaí a bheadh acu. Ní dhéanann duine ar bith sin ó thaobh na Gaeilge de, seachas dá rachadh duine go dtí An Ceathrú Póilí i mBéal Feirste, go Sráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath nó go ceann de na siopaí atá dírithe go huile is go hiomlán ar leabhair na Gaeilge.

An bhfuil timire Gaeilge ag Foras na Gaeilge a thaistealaíonn ar fud na tíre chun na leabhair-----

Mr. Seán Ó Coinn

Tá duine amháin againn.

Cé mhéad atá ag teastáil? Nach ról mór d'Fhoras na Gaeilge é chun cabhair a thabhairt do na foilsitheoirí?

Mr. Seán Ó Coinn

Is é. Nílimid cinnte an mbeidh timire eile nó b'fhéidir comhordaitheoir díolachán de dhíth orainn. Ceann de na rudaí atáimid ag iarraidh a dhéanamh anois ná go bhfuil siad ag obair i gcomhpháirt leis na hoifigigh phleanála teanga atá sna pobail agus sna ceantair ina bhfuil pobail Ghaeilge ag teacht chun cinn. Ní bheidh siopa leabhar in achan pobal sin. Níl siopa leabhar i gcuid mhaith de na ceantair tuaithe Gaeltachta ach beidh siopa leabhar i gcuid mhaith de na bailte seirbhísí Gaeltachta agus beimid ag iarraidh a bheith ag obair i gcomhar leo sin.

Tá formhór na bpleananna teanga ag feidhmiú anois de réir mar a thuigim.

Mr. Seán Ó Coinn

Bheadh Breandán Mac Craith in ann labhairt ní b'fhearr ar an tús atá curtha leis sin.

Mr. Breandán Mac Craith

Chuireamar tús leis agus thosaigh muid ag plé leis na líonraí agus leis na hoifigigh ach, ar an drochuair, bhain cúrsaí Covid an timire den bhóthar. Ag an am céanna, thug sin deis don timire díolachán cuid mhór den ról a bheadh muid ag samhlú do chomhordaitheoir díolachán a dhéanamh an teagmháil rialta sin a choinneáil leis na siopaí go leictreonach, eolas a ullmhú agus a chur amach go rialta ag siopaí faoi na leabhair nua de réir mar a bhí siad ag teacht amach, agus eolas a thabhairt dóibh faoi leabhair atá ag teacht nó le teacht. Tá giotaí den obair sin tosaithe. Tá an timire ag súil go mór le bheith amuigh ar an mbóthar anois go luath agus ag triail ar shiopaí. An rún atá againne, agus tá roinnt ábhair ar nós seastáin agus a leithéid curtha le chéile againn a bheidh muid in ann cur sna siopaí, ná go mbeidh an timire díolachán ag plé leis an oifigeach pleanála teanga áitiúil agus go mbeidh siad beirt ag triail ar an siopa. Beidh an timire ag cur in iúl an réimse agus rogha leathan leabhar atá ar fáil agus beidh an oifigeach pleanála ag míniú don siopadóir go tabharfaidh sé nó sí na custaiméirí isteach má thabharfaidh an siopadóir na leabhair isteach.

Tuigim agus is smaoineamh maith é. Tá mé ag smaoineamh ar bhean atá ag obair in éineacht liom agus léigh sí an ráiteas tosaigh. An rud a rith léi ná nach bhfuil a fhios againn faoi na rudaí maithe atá á ndéanamh ag Foras na Gaeilge. Sin an rud a dúirt sise liom nuair a léigh sí é. Chomh maith leis sin, chuir sí ar an eolas mé nach bhfuil gach duine ar líne mar sin tá gá le poiblíocht ar gach leibhéal. Freisin, cuireann sé Mise le Colm Ó Gaora i gcuimhne dom. Tá trua agam don timire bhocht mar beidh duine amháin ag iarraidh an rud a dhéanamh ar fud na tíre. Tá gá le feachtas agus le níos mó foirne chun an rud seo a dhíol do dhaoine.

Mr. Breandán Mac Craith

Cinnte.

Mr. Seán Ó Coinn

Níl aon amhras faoi sin. In Áis, an ionad dáileacháin atá againn, tá trádstóras ollmhór againn agus tá duine amháin ag obair ar an urlár; duine amháin ag obair san oifig; timire; agus bainisteoir.

Dá mbeadh daoine eile againn ag obair ag an leibhéal sin, bheadh sé nó sí ábalta cuid mhór a dhéanamh.

Tá sé ráite cheana go bhfuil laghdú suntasach ó thaobh acmhainne de ó 2008. Is dócha go mbeidh an foras ag súil go mbeidh méadú i gceist sa chéad bhuiséad eile.

Mr. Seán Ó Coinn

Fuaireamar €300,000 i mbliana. Is maoiniú aon uaire é sin seachas ceann ar an mbuiséad bun líne é. Tá súil againn gur treocht atá i gceist seachas tarlú aon uaire. Dhearcfadh sé amhlaidh agus tá sé ag teacht ag an am ceart. Tá barúil agus cuid mhór daoine ag caint ar na meáin shóisialta faoi leabhair Ghaeilge agus tuigim nach bhfuil gach duine ar líne. Thugamar raon isteach linn inniu de na leabhair atá ar fáil, go háirithe do pháistí óga, agus b’fhéidir go mbeidh deis ag an gcuid de na comhaltaí atá i láthair amharc orthu. Sílim go bhfuil rúnaí an chomhchoiste ag iarraidh greim a fháil ar na leabhair sin ach tá siad ar fáil le hamharc orthu, cibé rud. Tá an-aird á dhíriú orthu sin agus is dóigh linn dá mbeadh maoiniú agus acmhainní breise againn anois go bhféadfaimis fómhar cinnte a bhaint leis sin.

Táim beagnach críochnaithe. Ar leathanach 5, tá an liosta de na foilsitheoirí leagtha amach. An bhfuil deireadh le Cois Life?

Mr. Seán Ó Coinn

Tá.

Mr. Seán Ó Coinn

Tá cúpla foilsitheoir nach bhfuil luaite anseo ach a bheadh ann ó bhliain go bliain. Ní bheadh siad ann gach bliain ach b’fhéidir go mbeadh said ann an bhliain seo chugainn.

Is é mar sin an méid leabhar atá á fhoilsiú gach bliain. Céard atá i gceist le "COMHAR/CLÓ" agus ansin 4/-----

Mr. Seán Ó Coinn

Is é COMHAR an comhlacht céanna a bhfuil an iris aige. Tá cúpla fochomhlacht aige. Tá LeabhairCOMHAR a fhoilsíonn leabhair léitheoireachta agus tá rannóg eile ann a chuireann leabhair acadúla ar fáil. Beidh Joe Ó Labhraí ábalta labhairt níos fearr air sin.

Cad is brí le 4/0?

Mr. Seán Ó Coinn

Is dóigh liom gurbh é sin ceithre leabhar de ghnáthleabhair léitheoireachta atá faoi LeabhairCOMHAR agus ansin tá leabhar amháin faoi leabhair acadúla. Is é sin an chiall atá leis an "aon" ansin.

An bhfuil Joe Ó Labhraí ag iarraidh teacht aisteach ansin?

Mr. Seán Ó Coinn

Tá Joe ag amharc ar an scáileán.

Mr. Joe Ó Labhraí

Thosaigh LeabhairCOMHAR dhá bhliain ó shin. Is fiontar úr acadúil seo le hinphriontaí acadúla a chur amach. Tá plean aige thar thréimhse de bhlianta áit chlóite Chomhar a líonadh, más féidir leis. Is í sin an chiall atá leis an /0 agus /1 agus /2. De réir a chéile tá sé ag iarraidh cur le líon na leabhar acadúil a thagann amach faoi chló.

An ndíríonn an foras isteach agus an mbíonn sé ag obair as lámh a chéile leis an Roinn Oideachais maidir le téacsleabhair?

Mr. Seán Ó Coinn

B’fhéidir go ligfinn d’Edel Ní Chorráin, an leas-phríomhfheidhmeannach agus an stiúrthóir seirbhísí oideachais-----

Táim ag iarraidh é sin a shoiléiriú ó thaobh na leabhar de agus an ceangal leis na scoileanna. An bhfuil ceangal ag an bhforas leis na hollscoileanna? Bhí bean óg atá i mbun céime ag caint liom. Dúirt sí liom go raibh sí ag déanamh cumarsáid agus Gaeilge, go raibh gach rud trí Ghaeilge ach nach raibh ach téacsleabhar amháin i nGaeilge. Nuair a bhí uirthi aistí a scríobh agus rudaí mar sin a dhéanamh, ní raibh aon fhoinse Ghaeilge aici ar an leibhéal sin san ollscoil atá i gceist agam.

Mr. Seán Ó Coinn

B’fhéidir gur mhaith le cathaoirleach an fhorais labhairt ar an gceist áirithe sin sula dtabharfaidh mé Edel Ní Chorráin isteach.

Professor Regina Uí Chollatáin

Is mór agam gur ardaigh an Teachta Connolly an cheist sin mar is dóigh liom gur bhearna í fosta. Is é sin ceann de na dúshláin atá roimh na hollscoileanna faoi láthair, go mbeadh na húdair is aitheanta i dtaobh scoláireacht na Gaeilge agus na litríochta agus a leithéid ar fáil trí mheán na Gaeilge. Is é an baol atá ann anois ná go bhfuil scoláirí Gaeilge ag dul i dtreo foilsitheoirí Béarla chun a gcuid scoláireachta a chur i gcló toisc go bhfuil scuaine ann lena a saothair scoláireachta a chur i gcló toisc go bhfuil na foilsitheoirí i nGaeilge faoi bhrú le hábhair scoláireachta sin a chur i gcló.

Díreach ar an ábhar sin agus ag filleadh ar an rud seo a théann lámh leis an rud atá ráite ag an Teachta agus le rud a dúirt an Breandán Mac Craith níos luaithe freisin, is í sin an léirmheastóireacht, sílim go bhfuil gá le feachtas áirithe i gcomhthéacs na léirmheastóireachta, agus téann sé seo le hirisí na Gaeilge fosta ar nós Comhar agus a leithéid, go bhfuil fóram ansin don aois-réim sin atá i gceist ag an Teachta, is é sin lucht na n-ollscoileanna, lena a bheith ag scríobh i nGaeilge agus léirmheasanna á dhéanamh ar leabhair Ghaeilge, go mbeadh siad, mar a dúirt Seán Ó Coinn ansin fosta, mar chuid den díospóireacht ar an litríocht ar na meáin Bhéarla chomh ,maith agus go mbeadh gradam ann le go dtabharfaí aitheantas do na húdair iontacha atá ag scríobh, bíodh gur litríocht, ábhar scoláireachta nó litríocht do pháistí é. Ní easpa údar nó scríbhneoirí atá ann ach easpa acmhainní do na foilsitheoirí atá ann faoi láthair. Is é sin go baileach é. Aontaím leis sin faoi gach leibhéal agus go gcaithfí é a chothú ag leibhéal na hollscoile chomh maith céanna leis an leibhéal bunscoile má tá rath le bheith air seo, mar is iad na daoine atá ag teacht amach ó na hollscoileanna a bheidh ag múineadh na daoine sna bunscoileanna.

Tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil bearna mhór ann ó thaobh na n-ollscoileanna de agus ó thaobh ardán ar an teilifís - TG4 agus RTÉ. An bhfuil aon chlár ar siúl faoi láthair maidir le léirmheastóireacht agus leabhair Ghaeilge a bheith faoi chaibidil ann ar aon chainéal faoi láthair?

Mr. Seán Ó Coinn

Tá ar Raidió na Gaeltachta, ach ní dóigh liom go bhfuil ceann ar an teilifís, de réir m’eolais.

An mbíonn Foras na Gaeilge i dteagmháil le RTÉ ó thaobh na mbearnaí? Tá dualgas reachtúil air freisin an Ghaeilge a chur chun cinn. Is é seo ceann de na bealaí is éifeachtaí. Ní chosnaíonn sé mórán mar go bhfuil daoine ann le Gaeilge agus le cumas. An mbíonn an foras i dteagmháil le RTÉ mar sin i dtaobh an ábhair seo?

Mr. Breandán Mac Craith

Mar a tharlaíonn sé, bhí clár léirmheastóireachta ar TG4 ag pointe amháin agus is de thairbhe plé a bhí againn leis an gcainéal a bhí an clár sin ann. Ar an drochuair, bhí an clár urraithe ag an bhforas trí Chlár na Leabhar Gaeilge, más buan mo chuimhne, agus leis an ngearradh siar ar mhaoiniú Chlár na Leabhar Gaeilge, bhí orainn gearradh siar a dhéanamh ar an gcineál tionscadail sin. Ar an drochuair níl an maoiniú sin ann níos mó.

Ní thuigim é sin mar ceapaim gurbh é sin ceann na hardáin is éifeachtaí agus is tábhachtaí dá bhfuil ann. Chun ligean leis sin a bheith ar shiúl ó TG4 agus gan é a bheith ar RTÉ a bheag nó a mhór, is bearna ollmhór í sin nach féidir glacadh leis, i ndáiríre. Gabh mo leithscéal ach níl mé sásta-----

An bhfuil daoine ag iarraidh teacht isteach ansin?

An féidir liom freagra a fháil maidir le TG4? Luaigh Breandán Mac Craith deireadh a bheith le hacmhainn. An é sin é?

Mr. Breandán Mac Craith

Is é deireadh le hacmhainn bun agus barr an scéil.

Cén bhliain a cuireadh deireadh leis sin?

Mr. Breandán Mac Craith

Bhí ciorrú-----

Mr. Seán Ó Coinn

Sílim gur in 2018 a tharla sé, más buan mo chuimhne. Is sraith amháin a bhí ann agus bhíomar ábalta teacht ar airgead fána choinne, ach mar a mhínigh mé, is é an deacracht atá ann le hacmhainní Chlár na Leabhar Gaeilge ná dá gcuirfí airgead ar fáil d’fhiontair den chineál sin, chaithfí airgead a bhaint de rud éigin eile. Tá na rudaí eile uile atá againn gearrtha síos go dtí an cnámh anois ó thaobh maoinithe de. Ní fhéadfaí níos mó a dhéanamh orthu mar go bhfuil siad ar fad fiúntach, maith agus ag éirí leo uile agus ní fhéadfaí airgead a bhaint díobh.

Tuigim deacracht an fhorais ar leibhéal na hanailíse sin ach ní thuigim na deacrachtaí ó thaobh RTÉ nó TG4 mar go bhfuil na hacmhainní acu. Tá daoine acu atá líofa sa Ghaeilge agus sa Bhéarla agus tá solúbthacht acu nach bhfuil á húsáid, dé réir mar a thuigim. Ní ceist acmhainní amháin atá i gceist mar tá comhairle, rud nach bhfuil luach airgid air, ag an bhforas agus is féidir le Foras na Gaeilge a bheith ag obair as lámh a chéile le RTÉ agus TG4. Ní leor a rá nach bhfuil a dhóthain airgid ann. Tá bealaí ann, nach bhfuil?

Mr. Seán Ó Coinn

Tá agus is dócha gurbh é an áit a bhfuilimid ag cur béime i láthair na huaire le RTÉ ná le rudaí a mhacasamhail an fheachtais LeabhraFeabhra ar Raidió na Gaeltachta agus ansin ar sheó na mbréagán, is é sin an toy show, mar a déarfá.

Is uair amháin é sin.

Mr. Seán Ó Coinn

Tuigimid é sin.

Arís, tá an Ghaeilge á imeallú le cúrsaí bréagán seachas a bheith léirithe mar theanga bheo chumarsáide.

Mr. Seán Ó Coinn

Ní easaontaím leis an Teachta ach caithfidh tú do thosaíochtaí a roghnú nuair atá tú ag plé le comhlachtaí. Mar a deirim, mura bhfuil muid ag tabhairt rud éigin chuig an tábla ó thaobh acmhainní de, tá sé deacair comhlachtaí mar sin a mhealladh le húsáid a bhaint as an acmhainn sin. Caithfidh siad a gcuid cinntí a dhéanamh i dtaca leis sin.

An bhfuil aon duine eile ag iarraidh teacht isteach ar an gceist a chuir an Teachta faoi leabhair na hollscoile?

Ms Edel Ní Chorráin

An bhfuil gach duine ábalta mé a chloisteáil?

Mr. Seán Ó Coinn

Chuir an Teachta ceist ghinearálta faoin oideachas go díreach roimh an bpíosa faoi chúrsaí tríú leibhéal agus an ról atá againn.

Chonaic mé go raibh baint ag an bhforas le leabhair do na bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna. An bhfuil ceangal nó baint aige leis na hollscoileanna ó thaobh téacsleabhar agus an Ghaeilge a chur chun cinn?

Mr. Seán Ó Coinn

Gabh mo leithscéal. Ba é sin an freagra a thug an cathaoirleach. Shíl mé go raibh an Teachta ag cur ceiste faoi na bunscoileanna agus na hiar-bhunscoileanna fosta.

Bogfaimid ar aghaidh chuig an Seanadóir Clifford-Lee. Feicim go bhfuil an Teachta Calleary tar éis teacht isteach sa chruinniú ar líne chomh maith.

Cuirim fáilte roimh gach duine anseo. Gabhaim buíochas as an gcur i láthair. Tá ceist amháin agam. Sá lá atá inniu ann, bíonn an-éileamh ar ríomhleabhair. An bhfuil aon straitéis ag Foras na Gaeilge maidir leo?

Mr. Seán Ó Coinn

Iarrfaidh mé ar chúpla duine de mo chuid chomhghleacaithe freagra a thabhairt air sin. B'fhéidir go n-iarrfaidh mé ar Bhreandán Mac Craith teacht isteach. Tá a fhios agam go bhfuil méid áirithe déanta ag roinnt foilsitheoirí maidir le ríomhleabhair. Iarrfaidh mé ar Sheosamh Ó Murchú teacht isteach ar an gceist seo fosta. Níl straitéis againn ach tá rudaí éagsúla déanta ag foilsitheoirí éagsúla.

Mr. Breandán Mac Craith

B'fhéidir go mbeidh níos mó saineolais ag an mbeirt Sheosamh, Seosamh Ó Murchú agus Joe Ó Labhraí, ar an gceist seo. Tá lánchead ag na foilsitheoirí cur isteach ar mhaoiniú do ríomhleabhair agus leaganacha ar líne de leabhair chomh maith le gnáthleabhair clóite agus iad ag cur isteach ar scéimeanna maoinithe. Tá sé mar chuid de scéim na foilsitheoireachta gur féidir leo cur isteach ar leaganacha éagsúla de leabhair. Tá sé feicthe againn go bhfuil tarraingt siar ar líon na léitheoirí ríomhleabhar. Tá daoine ag dul ar ais ag an leabhar fisiciúil. Ba mhaith le daoine an leabhar fisiciúil a bheith acu. Tá sé sin le feiceáil sna scoileanna. Bhí scoileanna ag bogadh ó théacsleabhair go dtí iPads agus a leithéid agus tá siad anois ag iompú ar ais ag téacsleabhair arís. Tá cead ag foilsitheoirí cur isteach air sin mar chuid den ghnáthphróiseas maoinithe. Tá cead acu ríomhleabhair a chur amach mar chuid de sin ach níl aon pholasaí ar leith againn ag brú ríomhleabhair thar gnáthleabhair fhisiciúla.

An gcuireann mórán foilsitheoirí isteach ar an maoiniú sin?

Mr. Seán Ó Coinn

B'fhéidir go mbeidh a fhios ag Joe Ó Labhraí.

Mr. Joe Ó Labhraí

Bíonn cúpla ceann gach bliain agus is mionlach beag iad. Go fóill féin, is leabhair chearta a bhíonn i gceist ag bunús na bhfoilsitheoirí a chuireann cláir nó pleananna isteach chugainn.

Mr. Breandán Mac Craith

Ní hé nach bhfuil siad tar éis a thriail. Tá an chuid is mó de na tithe foilsitheoireachta, agus go háirithe na cinn mhóra, tar éis ríomhleabhair a fhoilsiú ach níl siad ag feiceáil an t-éileamh thairis na leabhair thraidisiúnta so tá siad ag cloí leis an ngné sin.

Mr. Seán Ó Coinn

Tá a fhios agam go raibh impleachtaí airgeadais ann dóibh fosta, go háirithe toisc gurb é Amazon an príomhardán do ríomhleabhair ar an Kindle agus mar sin de. Mar sin, ní raibh mórán de bhrabús le déanamh ar leabhair leictreonacha a chur ar fáil ar an dóigh sin. Is gnólachtaí iad na foilsitheoirí i ndeireadh ama agus tá siad ag brath ar a gcuid leabhar le hairgead a shaothrú. Is ceann de na deacrachtaí é sin. Ar bhealach, is ceist é sin a d'fhág muid faoi na foilsitheoirí féin. Mar a deir Breandán Mac Craith, tá cead acu úsáid a bhaint as an maoiniú a bhfaigheann siad uainn fá choinne sin más mian leo.

An bhfuil ceist na ríomhleabhar curtha ar leataobh ag an bhforas?

Mr. Seán Ó Coinn

Ní déarfainn go bhfuil sé curtha ar leataobh againn ach níl sé ar bharr liosta na dtosaíochtaí atá againn, ar an ábhar nach bhfuil sé ardaithe go mór linn ag an bpobal nó ag foilsitheoirí.

An bhfuil sé ar intinn ag an bhforas obair nua a dhéanamh ar an gceist sin sa todhchaí?

Mr. Seán Ó Coinn

Dá mba rud é go dtiocfadh rud éigin amach as an iarracht seo ag an gcoiste agus an tsuirbhé a bheidh le déanamh leis an bpobal a thaispeánann dúinn go bhfuil an-éileamh ar ríomhleabhair amuigh ansin sa phobal, chaithfimis amharc air. Is é an dúshlán is mó dúinn agus do na foilsitheoirí ná acmhainní. Dá mbeadh acmhainní le cur sa treo sin, cad iad na rudaí nach mbeadh le maoiniú againn? Is é an cás céanna leis na foilsitheoirí. Bheadh siad go mór ina fhabhar dá mbeadh sruth maoinithe ar leith faoina choinne le nach mbeidh siad ag úsáid an t-airgead atá acu chun leabhair fhisiciúla a fhoilsiú. Dhéanfadh sé sin difear. Is é an cheist ná an bhfaighfimis an toradh céanna ar an infheistíocht agus a bhfaighfimis as níos mó airgid a chur ar fáil do leabhair fhisiciúla.

Cé mhéad leabhar i nGaeilge atá ar fáil mar ríomhleabhair?

Mr. Seán Ó Coinn

Níl a fhios agam. Is féidir linn an t-eolas sin a fháil don choiste. An bhfuil níos mó eolais ag Seosamh Ó Murchú?

Mr. Seosamh Ó Murchú

Níl eolas cruinn agam. Tá thart ar 30 leabhar dár gcuid ar fáil mar ríomhleabhair. Arís, mar a dúirt Breandán Mac Craith ansin, ní raibh an t-éileamh orthu chomh mór. Is treocht é sin atá le brath ar fud an domhain anois. Thart ar 15 bliain ó shin, bhí díol níos mó ar ríomhleabhair ná mar a bhí ar leabhair chlóite den chéad uair riamh. Tá sé sin tite siar ó shin i leith. Tá sé socair go maith anois. Táim ag caint ar dhíolachán leabhar i gcoitinne sna teangacha uile. Tá sé socair anois ar thart ar 20% nó mar sin de dhíolachán na leabhar uile idir ríomhleabhair agus leabhair clóite. Bhí an-bhorradh faoi na ríomhleabhair nuair a tháinig siad ar an margadh ar dtús ach, mar a bhí Breandán Mac Craith ag rá, tá sé sin ag maolú. Bíonn éileamh ar áiseanna do leanaí scoile agus mar sin de. Bíonn éileamh ar áiseanna tánaisteacha atá bunaithe ar leabhair chlóite agus mar sin do chleachtaí agus a leithéidí sin. Bíonn éileamh orthusan i bhfoirm leictreonach agus i bhfoirm gur féidir teacht orthu ar líne. Bíonn éileamh ar leaganacha leictreonacha de théacsleabhair freisin. Ar an mhórmhór, níl an t-éileamh ar ríomhleabhair mar a thuigimid an téarma - leabhair ar ghléasanna Kindle agus mar sin de - chomh mór agus a cheaptar go minic nó chomh mór agus a bhí.

Ms Edel Ní Chorráin

Tacaím leis an méid a dúirt Seosamh Ó Murchú ansin. Maidir le hacmhainní scoile, sa tréimhse iarCovid, ba chóir súil a choinneáil ar chúrsaí. Bhí na páistí ag caitheamh cuid mhór ama ar scáileáin le cúpla bliain anuas agus tá múinteoirí agus tuismitheoirí ag iarraidh iad a bhogadh ó na scáileáin níos minice. Beidh orainn súil ghéar a choinneáil air sin sa tréimhse atá romhainn. An mbeidh siad ag filleadh ar na leabhair amach anseo? Is cinnte gur ceist leanúnach a bheidh ann. Ní hé go mbeimid ag déanamh dearmad ar na ríomhleabhair ach, don am i láthair, ní hé sin an tosaíocht.

Feicim go bhfuil an Seanadóir Ward tar éis teacht isteach ar an gcruinniú ar líne. An bhfuil aon cheist eile ag an Seanadóir Clifford-Lee?

Mar is eol do na finnéithe, tá an-chuid daoine le Gaeilge scaipthe ar fud an domhain. Bheadh sé i bhfad níos éasca dóibh siúd ábhar léitheoireachta a fháil i bhfoirm ríomhleabhar.

Tuigim an fhadhb atá ag Foras na Gaeilge.

An bhfuil ceist ag an Seanadóir Ward nó ag an Teachta Calleary?

Tá brón orm go raibh mé déanach. Bhí sé suimiúil agus iontach a chloisteáil go bhfuil níos mó leabhair scríofa le díol arís. An bhfuil sé sin fíor i ngach tír sa domhain nó an bhfuil sé in Éirinn amháin? An toradh den phaindéim é nó an bhfuilimid ag athrú mar gheall go bhfuil daoine ag teacht ar ais go dtí na leabhair? I gcomhthéacs an cheist a bhfuilimid ag plé, cad é an míniú le haghaidh foilsiú as Gaeilge go bhfuilimid ag dul ar ais go dtí na téacsleabhair?

Mr. Seán Ó Coinn

Is rud as an ghnáth é. Tá an fás atá ag teacht ar dhíol na leabhair ag teacht as na hiarrachtaí margaíochta atá déanta. Sa ráiteas tosaigh luaigh mé na hiarrachtaí atá déanta agus is léir nach bhfuil siad ach ag tosú ag teacht i gcionn a chéile agus ag cur tairbhe ar fáil dúinn, go háirithe an infheistíocht atá déanta againn le LoveLeabharGaeilge agus le Cumann na bhFoilsitheoirí. Tá fios a ghnó ag na foilsitheoirí faoi cén bealach lena gcuid leabhair a chur i láthair an phobail agus ní raibh na hacmhainní a bhí de dhíth orthu le tosach a dhéanamh ansin. Ansin tá na hiarrachtaí eile atá luaite sa ráiteas ar leathanach 14: Leabhra Feabhra, GiveLeabhra Gaeilge, seó na mbréagán agus na gradaim éagsúla. Tá siad ag tacú leis na hiarrachtaí eile sin agus sin chuid mhaith díobh.

Cuid eile de fosta ná an bainistiú a táimid ag déanamh ar Áis anois le blianta beaga anuas. In 2011 fuair muid cead bainisteoir a fhostú ar Áis agus d'fhág sin go raibh muid ábalta cruit i bhfad níos gairmiúla a chur faoi bhun na teagmhála a bhí againn leis na siopaí agus an chuidithe a bhí muid ag tabhairt do na siopaí le leabhair a dhíol agus dá réir sin. Bhí cúpla mionfheachtas againn le siopaí ar leith faoin Nollaig agus mar sin de le go mbeadh seastáin acu le leabhair Gaeilge, na cinn a bhain gradam le linn na bliana b'fhéidir san áireamh, agus rudaí den chineál sin.

An tríú rud atá ag cuidiú go mór leis seo ná an t-ardú caighdeán iontach atá i ndiaidh teacht ar leabhair do pháistí. Níor mhaith liom foilsitheoir ar leith ar bith a lua ach tá cuid mhaith de na foilsitheoirí ag díriú isteach ar leabhair do pháistí agus chifímid tuismitheoirí, garthuismitheoirí, uncail, aintíní agus mar sin de ag ceannach leabhair do pháistí. Níl sin le rá go bhfuil siad uilig á léamh ach is maith le daoine na bronntanais sin a cheannach. Tá sin uilig ag cuidiú le níos mó leabhar Gaeilge a bheith á ndíol.

Don lucht féachana luaim go bhfuil a lán de na leabhair atá foilsithe le tamall anuas, agus roinnt acu beagáinín níos faide siar, os ár gcomhair anseo agus taispeánann sin an réimse leathan leabhar i nGaeilge atá ar fáil. Ag féachaint síos orthu ón áit atá mise ag suí, tá siad den scoth. Tá sean-aithne agamsa ar fhoilsitheoireacht toisc go bhfuil m'athair gafa leis. Is trua nach bhfeiceann an pobal i coitinne go bhfuil an réimse sin chomh leathan.

Níl aon cheisteanna eile ag an Teachta Calleary ná ag an Seanadóir Ward ach tá ceisteanna agam féin. Mar a dúirt mé, tá m'athair páirteach san fhoilsitheoireacht le blianta anuas go neamhspleách agus bhí sé bainteach leis le Conradh na Gaeilge nuair a bhí sé ann. Níl mé chun an foilsitheoireacht s'aige nó na húdair a lua ach is ceisteanna i gcoitinne iad mar tógadh mé le leabhair Ghaeilge agus Béarla timpeall orm. B'fhearr liomsa an leabhar fisiciúil mar a dúirt an Seanadóir Clifford-Lee. Bím ag gabháil do ríomhleabhair chomh maith céanna agus anois is arís éistim le podcast nó le closleabhar. Caithfimid déanamh cinnte de go bhfuil an réimse sin ann. Conas gur féidir linn ní hamháin an lucht léitheoireachta a aithint, mar sin an audience, ach freisin a fhios a bheith againn cad atá uathu agus ansin dul ina luí ar na foilsitheoirí díriú isteach ar na réimsí difriúla? Léirigh Foras na Gaeilge ar leathanach 5 an réimse litríochta agus na leabhair atá ann. Cad é an comparáid idir sin agus na leabhair atá foilsithe i mBéarla? As an 450 leabhar a foilsíodh le cúig bliana anuas, leabhair filíochta iad 71 acu; leabhair páistí iad 59 acu; agus úrscéalta iad 46 acu. Tá sé sin liostáilte ag Foras na Gaeilge. An sin mar atá sé i mBéarla chomh maith céanna nó an bhfuil réimsí áirithe ó thaobh na Gaeilge de go bhfuilimid ag díriú isteach orthu?

Mar a dúirt mé ag an tús, táimid chun díriú isteach ar cheisteanna irisí agus nuachtán chomh maith céanna. B'fhéidir gur féidir leis na finnéithe a ladair a chur sa phota sin chomh maith mar tá a fhios agam go rinne Foras na Gaeilge maoiniú ar na hirisí agus tá na nuachtáin ar fad, seachas na cinn ar líne, imithe ag an stad seo. Rinne na finnéithe déileáil le roinnt de na ceisteanna eile a bhí agam. Iarraim ar na finnéithe freagraí a thabhairt ar na ceisteanna sin agus tiocfaidh mé ar ais go dtí ceisteanna eile. Feicim go bhfuil an Teachta Aindrias Moynihan ag iarraidh cúpla ceist a chur chomh maith.

Mr. Seán Ó Coinn

I dtaca le cad iad na réimsí ar chóir díriú orthu agus dá réir sin, ní thuigimid an chontúirt ach níl a fhios againn caidé chomh fiúntach agus atá sé dúinn a bheith ag iarraidh muid féin a chur i gcomparáid le mórtheangacha domhanda, macasamhail an Bhéarla. Ní féidir linn dul in iomaíocht lena bhfuil ar fáil i réimse an Bhéarla ach tá a fhios againn cuid de na háiteanna go bhfuil bearnaí againn, go háirithe le leabhair do dhéagóirí. Tá sé deacair déagóir a chur ag léamh i dteanga ar bith agus tá sé níos deacra iad a chur ag léamh i mionteangacha, bíodh sé mar chéad teanga nó mar dara teanga acu. An chéad rud atá de dhíth ansin ná réimse de leabhair le gur féidir leo rogha a bheith acu a thacaíonn leis na spéiseanna atá acu. Bhí mé ag rá le comhghleacaithe go raibh mé i leabharlann i nGaelscoil Dé Luain. Bhí leabharlann iontach acu de leabhair Bhéarla agus Ghaeilge. Bhí na leabhair Bhéarla uilig rangaithe de réir spéiseanna agus bhí na leabhair Ghaeilge rangaithe faoi leabhair Ghaeilge. Sin an dúshlán atá againn. Gheofar déagóirí a bhfuil spéis acu i rud éigin atá iontach cúng mar ábhar spéise agus caidé mar is féidir linn rogha de leabhair a chur ar fáil san ábhar cúng spéise sin? Le tús a chur leis seo, beidh níos mó leabhar ar fáil do dhéagóirí, go háirithe do dhéagóirí níos sine sna déaga deireanacha.

Tá an claonadh ar dhaoine aird a bheith acu ar aistriúcháin ar na mórshraitheanna Béarla, cur i gcás The Famous Five An Cúigear Clúiteach agus rudaí den chineál sin. Tá áit ann faoina choinne sin ach caithfimid a bheith an-chúramach fosta. Ní ghnáth-theanga í an Ghaeilge. Is í chéad teanga na tíre seo í agus tá sé an-tábhachtach go bhfuil litríocht dár gcuid féin againn seachas go díreach a bheith ag dul i mbun an aistriúcháin. Bheadh sé tábhachtach a bheith cinnte go bhfuilimid ag amhairc ar litríocht, léitheoireacht, foilsitheoireacht agus scríbhneoireacht na Gaeilge mar éiceachóras a chaithfidh muid fhorbairt ag gach leibhéal - ag leibhéal na scríbhneoirí, na léitheoirí agus na bhfoilsitheoirí. Níl sé chomh furasta go díreach agus a dhul amach agus leabhair atá daoine óga ag léamh in mBéarla a aistriú go Gaeilge agus a bheith ag ceapadh gur sin an fhadhb réitithe.

Táimid ag iarraidh dul i bhfeidhm ar dhaoine óga le go dtuigfidh siad go bhfuil dúchas dár gcuid féin againn sa litríocht agus i litríocht a oireann do dhaoine óga. Is dúshlán mór é sin ach is dúshlán é ar fiú aghaidh a thabhairt air, mar sin féin.

Is comhlachtaí neamhspleácha iad na foilsitheoirí. Ní féidir linn tabhairt orthu riamh ár gcuid riachtanas a riaradh. Caithfidh siad plé lena gcuid comhlachtaí mar ghnólachtaí agus a bheith cinnte go bhfuil siad ag déanamh brabúis agus go mbeidh siad ábalta a bheith ann ar an mbliain atá romhainn. Tá an dúshlán sin ann fosta.

Is féidir linn dreasachtaí a chur ar fáil agus daoine a threorú i dtreo na mbearnaí. É sin ráite, mura bhfuil siad cinnte go ndíolfaidh siad roinnt mhaith cóipeanna den leabhar, cén mhaith don scríbhneoir an leabhar a scríobh? Cén mhaith don fhoilsitheoir an leabhar a fhoilsiú? Is dúshlán suntasach é dúinn na bearnaí sin.

Tá na scríbhneoirí agus na foilsitheoirí ag díriú isteach ar na réimsí atá brabúsach agus a bhfuil éileamh orthu. Luaigh mé ansin leabhair do pháistí óga agus mar sin de. Nuair a théitear chuig réimse na ndéagóirí, níl siad cinnte cé acu ar féidir leo leabhair a dhíol. Tuigimid gurb iad leabhair do dhéagóirí agus ficsean do dhaoine fásta an dá áit ar mhaith linn a bheith ag díriú ár n-aird orthu cuid mhaith sna blianta atá amach romhainn.

Ligfidh mé do mo comhghleacaithe eile labhairt. Tá tuairimí éagsúla ann ag brath ar cén dearcadh atá ag na daoine atá ag plé le leabhair. Tá dearcadh amháin ag daoine atá ag teacht ó réimse an oideachais ó dhaoine atá ag teacht ó réimsí eile. Is é sin mo thuiscint ar an gceist a chur an Cathaoirleach.

Professor Regina Uí Chollatáin

Is é ceann de na cuspóirí is mó atá ag an seisiún seo ná spreagadh na léitheoireachta. Cad é an dóigh a dtugtar faoi léitheoireacht a spreagadh i ndaoine nach bhfuil nósanna léitheoireachta acu le fada an lá? Luaigh an Seanadóir Clifford-Lee na dúshláin a bhaineann le ríomhleabhair agus a leithéid, ainneoin go bhfuil ceist ann faoin infheistíocht a dhéantar i ríomhleabhair. B'fhéidir go gcaithfear é sin a dhéanamh mar is beag duine atá san Astráil. Is duine mé atá i ndiaidh cuid mhaith ama a chaitheamh thar lár ag plé le pobail Gaeilge thar lear. Is beag duine atá ansin. Tá saint agus cíocras ann do leabhair Gaeilge nach bhfuil fáil acu orthu, ach is é an t-aon dóigh le hiad a chur ar fáil dóibh ná na ríomhleabhair. B'fhéidir gur gné í sin ar chóir dúinn díriú isteach uirthi díreach fiú don diaspóra agus ionas go gcothódh sé sin nós na léitheoireachta agus go spreagfadh sé an léitheoireacht.

Dúirt Seán Ó Coinn rud eile ansin faoi nósanna léitheoireachta ag déagóirí i gcomhthéacs ficsean agus a leithéid. Táimid i ndiaidh teacht trí phaindéim ina raibh leabhair á léamh ag gach duine ar domhan agus bhí éileamh ollmhór ar leabhair le dhá bhliain anuas. Caithfimid an deis a thapú ach tá cothromaíocht ansin mar tá muidne ag iarraidh Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh fosta. Níl sé chomh dubh agus bán sin dúinn. Táimid ag iarraidh an chothromaíocht sin a fháil maidir le hábhar tarraingteach. Tá na húdair ann. Tá scríbhneoirí den scoth againn. B’fhéidir go bhféadfaimis comhoibriú agus fóram nó seimineár a bheith againn le hAontas na Scríbhneoirí Gaeilge le fáil amach ní hamháin cad é atá ó na foilsitheoirí, ach cad atá ó na scríbhneoirí agus iad ag scríobh. Táimid ag iarraidh iad a spreagadh níos mó agus tacaíocht a thabhairt dóibh le haitheantas a thabhairt don obair atá ar bun acu mar scríbhneoirí aitheanta agus mar ealaíontóirí.

Braithim go bhfuil an t-éileamh ar léamh do phaistí an-mhaith. Tá an scéim mheantóireachta anois ar bun. Tá scéimeanna maithe ar bun amhail GiveLeabharGaeilge atá bunaithe againn agus díreach seolta. Ní hé nach bhfuil scéimeanna ann agus á mbunú agus nach bhfuil obair thionscantach á déanamh. Cuideoidh an plé seo go mór liomsa inniu, ag plé ag gach leibhéal. Fáiltím roimh na ceisteanna faoi leabhair acadúla, ríomhleabhair, fhicsean agus gach rud. Tá rudaí ann ach caithfimid fóram comhpháirtíochta eile a bheith againn ina mbeidh plé réadúil ann faoi cad atá uainn ar fad idir phobal na Gaeilge, scríbhneoirí na Gaeilge agus fhoilsitheoirí na Gaeilge agus ansin léitheoireacht na Gaeilge a spreagadh. Is é sin an bun rud ar fad.

Is é sin an rud sa deireadh thiar thall. Caithfidh daoine na leabhair a léamh. Caithfidh siad iad a cheannach ach caithfidh siad iad a léamh chomh maith. Tá sé ceart go leor iad a cheannach ar son na bpictiúr, mar a dhéantar go minic, ach mura bhfuil siad léite, ní bheidh meas ag daoine ar an údar ná ar an litríocht atá i gceist iontu.

Is amhlaidh gur freagraíodh an cheist a bhí agam mar gheall ar na haistriúcháin. Díreoidh mé ar dhá ábhar eile mar sin. Go minic, bíonn an nós léitheoireachta atá ag daoine óga á fhorbairt iontu ag a dtuismitheoirí sa bhaile. Nuair atá siad ag druidim isteach sna déaga, tagann brú orthu agus athraíonn a nósanna. Dar ndóigh, bheadh sé deacair ag David Walliams nó Roald Dahl a lán dóibh ag coimeád ag léamh. Tá margadh faoi leith ann. An bhfuil straitéis faoi leith ag Foras na Gaeilge chun díriú orthu siúd a bhfuil taithí léitheoireachta acu agus a mbeidh ag tosú ag sleamhnú ag am cinniúnach? D'fhéadfaí réimse leabhar a chur ar fáil dóibh agus an suim a choimeád ann.

Chonaiceamar go bhfuil an-éileamh ar Teastas Eorpach na Gaeilge ar fud na cruinne, ní anseo in Éirinn amháin. Tá Gaeilgeoirí scaipthe ar fud na cruinne. Bhí fás ar an éileamh a luaigh na finnéithe toisc an bholscaireacht agus na hiarrachtaí éagsúla a bhí á déanamh. Is maith é sin. An bhfuil slí teacht ar na Gaeilgeoirí atá scaipthe ar fud na cruinne, nó tapping isteach san éileamh sin? An bhfuil straitéis faoi leith ann chun teacht orthu siúd? Tá sé soiléir go bhfuil siad báúil, go bhfuil suim acu agus go bhfuil siad gníomhach ag dul amach ag lorg ábhar agus ag cur feabhas ar a gcuid Gaolainne. B'fhéidir go bhfuil margadh báúil gníomhach ar fáil ansin. N'fheadar an bhfuil straitéis chuige sin.

Mr. Seán Ó Coinn

Freagróidh mé an dara ceist ar dtús maidir leis na daoine thar lear agus mar sin de. Tá a fhios againn go bhfuil pobal thar lear, cé gur dóigh linn gur foghlaimeoirí iad an chuid is mó acu. Is é ceann de na bealaí a bhfuil a fhios againn é sin ná na daoine a dhéanann rochtain ar an bhfoclóir leictreonach atá againn. Tá 2.4 milliún duine a dhéanann é sin. Táimid ag déanamh amach go bhfuil 250,000 acu sin sna Stáit Aontaithe. Is é sin ceann de na comharthaí dúinn go bhfuil pobal ann. Tá roinnt siopaí a gcuirimid leabhair ar fáil dóibh thar lear, isteach agus amach le deich siopa idir an Bhreatain agus na Stáit Aontaithe. Is líon beag é ach líon suntasach é mar sin féin. Níl straitéis againn i leith an ghrúpa seo. Ba chóir dúinn amharc air sin arís eile. Is anseo in Éirinn atá an tosaíocht maidir le hinfheistíocht versus tairbhe ar an infheistíocht ó thaobh ama, acmhainní agus gach rud eile. Is in Éirinn atá an príomhmhargadh againn. Níor chóir dúinn neamhiontas a dhéanamh den mhargadh eile ach tá an margadh atá anseo againn in Éirinn níos tábhachtaí.

Mr. Breandán Mac Craith

Ar an bpointe sin, táimid ag caint ar mhargadh anseo agus is margadh atá ann. Go minic, leigheasann an margadh a chuid deacrachtaí féin.

Le teacht an Idirlín, sin ceann de na rudaí a tharla. Tá siopaí leabhar tagtha chun cinn atá ag díol nach mór 100% lasmuigh den tír seo, mar shampla, litriocht.com, gan dream a lua thar aon cheann eile. Tá sé go huile is go hiomlán ag díriú ar an margadh idirnáisiúnta. Siopa leabhar Gaeilge amháin atá i gceist. Ní dhíolann sé rogha leathan leabhar eile. Tá sé ar cheann de na custaiméirí is mó atá ag Áis. Ar bhealach, uaireanta, leigheasann an margadh a chuid deacrachtaí féin. Sa chás sin, tá siopaí leabhar eile ann atá ag teacht chun cinn. Tá cúpla siopa leabhar tagtha ar líne le tamall de bhlianta anuas. Ó thaobh Áis de, mar shampla, bíonn muid ag obair as lámha a chéile leo chun an margadh sin a fhás, chun an t-eolas a chur ar fáil dóibh siúd a bhíonn de dhíth orthu le roinnt ar a gcuid custaiméirí. Bailíonn dreamanna den chineál seo sonraí teagmhála na gcustaiméirí atá acu agus déanann siad an mhargaíocht sin go hidirnáisiúnta.

Cé go bhfuilimid ag aithint an mhargaidh in Éirinn mar an príomh-mhargadh, ní hé sin go bhfuilimid ag déanamh neamhairde ar mhargaí idirnáisiúnta. Tá siopaí thar lear ag díol leabhar agus tá siopaí in Éirinn atá dírithe go mór air. Ní maith liom ceann amháin a lua. Tá sciar maith de na siopaí a bhfuil margadh suntasach acu thar lear, idir foghlaimeoirí atá ag cuardach ábhar foghlama agus daoine a bhfuil líofa sa Ghaeilge atá ag cuardach na leabhar is déanaí agus is nuaí.

Mr. Seán Ó Coinn

I dtaca le hÁis, díreach chun a chur in iúl do dhaoine, is le plé le siopaí amháin a bhíonn Áis. Ní bhítear ag plé leis an mhór phobal. Fágaimid an gnó sin ag na siopaí. Tá sé tábhachtach go háirithe go mbeidh na siopaí Gaeilge ábalta an margadh sin a bheith acu gan oibrithe Stáit, macasamhail Fhoras na Gaeilge, ag teacht isteach air. Is leis na siopaí amháin a mbímid ag plé leo.

Tagraím don chéad cheist faoi dhaoine óga ag bogadh ar aghaidh. Sin ceist na ndéagóirí arís ar bhealach. Tá méid áirithe déanta leis an margadh sin. Luadh Roald Dahl agus daoine mar sin. Tá leaganacha Gaeilge de The Boy in the Striped Pyjamas, Diary of a Wimpy Kid, dialann Anne Frank agus leabhair den chineál seo curtha ar fáil. Tá dúshláin ann i gcónaí maidir leis sin. Is minic nach mbíonn sofaisticiúlacht teanga na ndaoine óga ag an leibhéal céanna lena sofaisticiúlacht ó thaobh ábhar léitheoireachta de. Cuir i gcás go léann siad leabhar a mhacasamhail de leabhair a luaigh mé i mBéarla. Nuair a dhéantar aistriúchán orthu sin, is minic a bhíonn an teanga róchasta dóibh. Tá deacrachtaí áirithe den chineál sin leis an ngrúpa léitheoireachta sin, nuair atá siad i ndiaidh bogadh chun cinn go gasta ó thaobh sofaisticiúlachta a gcuid smaointe, mothúcháin agus araile. Do chuid mhór acu, go háirithe lucht na Gaelscolaíochta, is í an dara teanga acu ná an Ghaeilge agus bíonn dúshláin ar leith i dtaca leis sin dóibh.

Tháinig sraith úrscéalta amach ón gcomhairle churaclaim ó Thuaidh a bhí dírithe ar lucht na Gaelscolaíochta ó Thuaidh agus a bhí ar fáil do Ghaeilgeoirí ar fud na tíre ar ndóigh. Bhí siad ag obair i gcomhairle le COGG fosta i dtaca leis sin. Bíonn Foras na Gaeilge, faoi An Gúm, ag plé le Séideán Sí, an tsraith léitheoireachta do Ghaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta. Tá dhá úrscéal foilsithe faoi bhrat Séideán Sí don ghrúpa léitheoirí sin. Is dócha gur léitheoireacht faoi stiúir na scoile atá i gceist ansin seachas scíthléitheoireacht na ndaoine óga iad féin. Tá sé tábhachtach mar sin féin go bhfuilimid ag iarraidh dul isteach sa mhargadh sin. B’fhéidir gur mhaith le Seosamh Ó Murchú cúpla focal a rá faoin obair atá muid ag déanamh i dtaca le húrscéalta and leis an ngrúpa sin.

Mr. Seosamh Ó Murchú

Tá iarrachtaí ar bun agus tá súil againn ar an aoisghrúpa sin, na déagóirí. Mar a dúradh, is ag an aois sin a imíonn cuid mhaith acu ón ngnáthléitheoireacht, scíthléitheoireacht mar a déarfá. Cuimhnímis go mbíonn an t-uafás le déanamh acu. Ar scoil, bíonn téacsanna móra troma le léamh acu ó thús deireadh an lae.

Rud atá tugtha faoi deara againn, áfach, ná go bhfilleann na daoine sin ar an léamh go minic. Más léitheoirí iad a bhfuil nósanna léitheoireachta bunaithe acu agus go bhfuil siad go maith sa bhunscoil, b'fhéidir go dtagann tréimhse áirithe lá ina dhiaidh nuair nach mbíonn an oiread sin á léamh acu. Tá sé tugtha faoi deara go bhfilleann go leor acu nuair a bhíonn na déaga fágtha ina ndiaidh acu agus iad ina 20idí. D’fhéadfadh tuismitheoirí nósanna léitheoireachta a bhunú i measc a gcuid leanaí féin. Dá bharr sin, b’fhéidir gurb é sin an fáth go bhfuil níos mó béime curtha ar nósanna léitheoireachta a bhunú ag leibhéal na bunscoile, suas go dtí aois 12 agus 13. Gné eile nach gcuimhníonn daoine uirthi go minic ná go mbíonn go leor de na déagóirí, a bhfuil spéis acu sa léitheoireacht, ag léamh leabhair do dhaoine fásta. Maidir leis an léitheoir cíocrach sna déaga - táim ag cuimhneamh ar ábhair úrscéalta agus a leithéidí – agus más léitheoirí díograiseacha iad, santaíonn siad leabhair do dhaoine fásta.

Ba mhaith linn a cheapadh, maidir leis na leabhair atá foilsithe againn le Alan Titley, mórscríbhneoir na Gaeilge, gur éirigh linn sna húrscéalta sin atá curtha amach againn. Chun na haoisghrúpaí sin a thrasnú, ba cheart go mbeadh ábhair ann a mbeadh oiriúnach do go leor aoisghrúpaí. Is féidir le scríbhneoir cumasach mar é feidhmiú ar chúpla leibhéal. Táim in amhras faoina bheith ag soláthar leabhair atá teoranta d’aoisghrúpa cúng agus a rá gur saghas “teen lit” é. Tá a fhios agam go bhfuil a leithéid de sheánra i mBéarla. Táim in amhras faoi sa Ghaeilge chun an fhírinne a rá. Is é an rud a dhéanaimid leis na leabhair ag Alan Titley agus scríbhneoirí eile ar nós Áine Ní Ghlinn, ná leabhar maith a chur amach a bhíonn ar leibhéal áirithe deacrachta ach a bheadh suimiúil don léitheoir díograiseach, bíodh siad sna déaga nó níos sine ná sin.

Táim breá sásta. Tá an-suim ann. Gabhaim buíochas leo as an eolas.

Tá cúpla ceist eile agam. Níl a fhios agam an gceadaítear na focail “chick lit” a rá a thuilleadh. Maidir leis sin, lig dúinn smaoineamh ar lucht léitheoirí an tsamhraidh, mar shampla. Is minic a bhíonn mná i gceist. Ní ceist í seo do na finnéithe. Is ceist í do na comhlachtaí foilsitheoireachta a bheith ag díriú inti. Uaireanta, bíonn ar dhaoine tionchaire - "influencer" mar a deirtear as Béarla - a chruthú nó a mhealladh chun ábhar éigin a dhíol. B’fhéidir go bhfuil gá lena leithéid de dhaoine a fháil i saol na Gaeilge chun leabhar áirithe a chur chun tosaigh.

Nuair a bhí mé óg, críochnaíodh an tsraith Réics Carló. Ag an stad sin, bhí siad ar fad foilsithe ag An nGúm sa tseanchló. Bhí sé deacair dom iad a léamh mar ní raibh an seanchló ar eolas agam. D'éirigh liom gach uile cheann acu a léamh, ach níl a macasamhail ann anois. Duine ar leith a bhí á scríobh ag an am. Measaim go raibh leabhar in aghaidh na míosa á scríobh aige ag tréimhse áirithe. Bhí éileamh ann. Bhí daoine á léamh go tapa toisc gur ficsean nó úrscéal a bhí ann. Ní rud téagartha a bhí ann.

Bhí tú in ann é a léamh, agus é a chur ar leataobh más mian leat. Uaireanta, is é sin atá ag teastáil ó dhaoine sna hábhair eile. Mar sin, uaireanta is gá éileamh a chothú nó brú a chur ar na foilsitheoirí trí scéimeanna, mar atá leagtha amach ag na finnéithe sa ráiteas tosaigh, atá dírithe chun réimsí áirithe a mhealladh. B’fhéidir go bhfuil deontais bhreise nó rud éigin i gceist leis agus gur féidir leis an bhforas tabhairt faoi sin.

Aontaím le Seosamh Ó Murchú i dtaobh léitheoireacht do dhéagóirí, ach tá réimse eile i gceist anseo. Uaireanta, ní bhíonn dhéagóirí ag iarraidh leabhair a léamh. Tá coimicí nó a leithéid uathu. Tá a fhios agam go bhfuil roinnt díobh seo foilsithe i nGaeilge. Tá fíorbheagán díobh seo foilsithe i mBéarla in Éirinn ach an oiread. Tá a fhios agam gur rud mór idirnáisiúnta é sa tSeapáin le blianta anuas agus bhí Marvel Comics ann roimhe sin. Bíonn sraith ann agus bíonn daoine ag fanacht ar an gcéad cheann eile. An é sin rud atá in easnamh orainn? An cóir dúinn díriú air? An fiú dúinn aistriú a dhéanamh ar na coimicí ón tSeapáin? Ní cuimhin liom an t-ainm atá air, ach tá ainm áirithe ar an stíl Sheapánach seo agus bíonn tóir ar leith ann di. D’fhéadfaimis lucht léitheoireachta ar leith a chothú ansin.

Tá dhá cheist eile agam. An bhfuil mórán scríbhneoirí leabhair - seachas iriseoirí - lánaimseartha Gaeilge ann? Luaigh na finnéithe sa mhéid a dúirt siad nach gnó inmharthana gan tacaíocht ón Stat a bheith ina fhoilsitheoir Gaeilge agus is é an rud ceannann céanna é ó thaobh scríbhneoirí de. D’éirigh le roinnt acu tríd an scríbhneoireacht a cheangal leis an iriseoireacht i nGaeilge chun slí beatha éigin a shaothrú. Conas is féidir linn tacú leis sin? Is é sin an méid ceisteanna a bhí agam.

Mr. Seán Ó Coinn

Maidir leis na seánraí éagsúla, bheadh sé iontach uaillmhianach againn a bheith ag smaoineamh go dtig linn dul in iomaíocht le mórtheangacha domhanda de chuid an Bhéarla sna Stáit Aontaithe, san Astráil, sa Bhreatain agus i ndtíortha eile nach iad, agus le húdair agus le foilsitheoirí atá ag saothrú ar an dóigh sin iontu. Tá roinnt seánraí atá tagtha chun cinn, déarfainn faoi thionchar an Bhéarla. Feicfimid an t-úrscéal staire atá tagtha chun cinn leis an tsraith sin le Liam Mac Cóil, cur i gcás. Bhí trí leabhar i sraith ann agus is úrscéalta faoi stair ina raibh an-tóir orthu iad. Chonaiceamar freisin an ceann sin ar Cholm Cille. Tairngreacht an teideal atá air agus is leabhar úrscéal staire atá ann arís. Is dóigh go bhfuil an seánra sin ag teacht chun cinn.

I dtaca le scríbhneoirí na Gaeilge de, i saol an Bhéarla tá roinnt údar agus tá siad sásta scríobh de réir oidis inar féidir le foilsitheoir nó duine dul chucu agus iarraidh orthu leabhar a scríobh agus tic a chur i mboscaí áirithe don mhargadh. Níl a fhios agam an bhfuil an oiread sin d’údair na Gaeilge ag an leibhéal sin a bheadh sásta a bheith ag scríobh de réir oidis mar go mbíonn siad ag brath ar an spreagadh agus ar an inspioráid agus mar sin de. Cé go bhfuil sé tábhachtach don mhargadh, níl a fhios agam an bhfuil sé chomh tábhachtach sin don scríbhneoir. Táimid ag iarraidh go fóill go mbeidh cineál de spiorad agus de chroí ag ár scríbhneoirí i dtaca leis sin.

Táimid faoi thionchar an mhargaidh. Tá scríbhneoirí áirithe tagtha isteach sa treo sin de réir a chéile. Luaigh an Teachta ansin na coimicí agus i measc na samplaí sin tá ar a laghad ceann amháin acu de réir an tseánra sin de chuid na Seapáine. Tá a fhios agam go raibh roinnt iarrachtaí déanta ar na coimicí sin anseo. Tá Coimicí Gael luaite sa ráiteas tosaigh. Cuireann siadsan méid áirithe amach. Tháinig leagan de scéal Gráinne Ní Mháille amach cúpla bliain ó shin agus is i modh choimic a scríobhadh é sin. Is iarrachtaí fánacha iad seachas daoine ag socrú gurbh é seo an seánra a bheidh sé nó sí ag scríobh ann agus ag cur cuid mhór leabhar ar fáil uaidh, de réir mar a bhí á dhéanamh i gcás Réics Carló san am a chuaigh thart.

Dá mbeimis ábalta cuid de na foilsitheoirí is úire a fhorbairt, tá gach seans gurbh é sin an rud a tharlódh leo - go ndíreodh siad isteach ar chineál ar leith seánra mar atá feicthe againn, b’fhéidir, le cuid de na foilsitheoirí atá ann i láthair na huaire. Díríonn siad isteach ar chineál ar leith litríochta. Is dócha go mbeidh na foilsitheoirí is lú ag iarraidh nideog a aimsiú dóibh féin sa mhargadh.

Is mar an gcéanna é le cuid de na scríbhneoirí atá faoi mheantóireacht anois. Beidh orthu sin a n-áiteanna féin a aimsiú sa mhargadh. Luaigh mé an t-éiceachóras sin atáimid ag iarraidh a fhorbairt. Dá mbeadh níos mó scríbhneoirí ag teacht chun cinn, tá súil againn go mbeadh foilsitheoirí á lorg acu. Bheadh cuid acu ag dul i dtreo na bhfoilsitheoirí bunaithe, bheadh cuid acu ag dul i dtreo na bhfoilsitheoirí is lú agus b'fhéidir go mbeadh foilsitheoirí nua ag teacht chun cinn. Is as sin a thiocfaidh cuid den éagsúlacht sin a bhfuil trácht déanta ag an gCathaoirleach uirthi ó thaobh an raon atá ar fáil sa mhargadh.

Cuirfidh mo chuid comhghleacaithe mé ar an dóigh cheart, b'fhéidir, ach ní dóigh liom go bhfuil scríbhneoirí lánaimseartha againn. Is scríbhneoirí iad fosta cuid de na foilsitheoirí atá againn. B’fhéidir go bhfuil siad lánaimseartha i saol na leabhar ach ní bheadh siad ag teacht i dtír go huile is go hiomlán ar an scríbhneoireacht. Déarfainn gur beag scríbhneoir i mBéarla, fiú amháin, in Éirinn a bheadh ábalta a mbeatha a thabhairt i dtír ar an scríbhneoireacht seachas go bhfuil roinnt daoine, b’fhéidir, ar scor atá ag teacht i dtír air. An bhfuil a fhios ag duine ar bith eile an bhfuil scríbhneoirí lánaimseartha againn?

Mr. Breandán Mac Craith

Tá duine nó beirt acu ann.

Mr. Seán Ó Coinn

Maith iad.

Mr. Breandán Mac Craith

Is dócha gurbh é ceann de na torthaí a tháinig amach ó scéim na gcoimisiún, scéim a bhí ag Clár na Leabhar Gaeilge, ná go raibh daoine in ann níos mó ama a chaitheamh leis an scríbhneoireacht, in ann díriú ar théacsanna níos mó agus níos doimhne a scríobh, agus in ann níos mó ama a chaitheamh le bheith ní ina scríbhneoir lánaimseartha ach ina scríbhneoir níos lánaimseartha ná mar a bhí siad. Tá tacaíocht den chineál sin tábhachtach.

I dtaca leis na coimicí, leigheasann an margadh cuid de na fadhbanna go rialta. Is iad na úrscéalta grafacha atá faoi chaibidil againn anseo, i ndáiríre. Tá sciar mór acu ar an margadh anois idir aistriúcháin ar na cinn cháiliúla idirnáisiúnta, a leithéid Corto agus rudaí den chineál sin, agus na cinn de bhunú Éireannach atá ann. Tá sraith den scoth ar scéal bheatha Naomh Phádraig, chomh maith le leithéidí Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne agus An Béal Bocht ann agus iad scríofa le healaín agus scríbhneoireacht den scoth. Is táirge den scoth atá iontu. Tá siad ann agus tá rogha leathan díobh ann freisin. Tá na bunleabhair agus aistriúcháin ar na cinn cháiliúla ar fáil.

Tiocfaidh mé ar ais ar cheist amháin a bhí ag an gCathaoirleach maidir le influencers. Faoin bhfeachtas LoveLeabharGaeilge, bíonn ambasadóirí againn a roghnaíonn leabhair agus bhíonn amuigh ar a gcuid meán sóisialta féin ag maíomh as cé chomh hiontach nó chomh dona is atá leabhair.

Tá sé sin go maith. Níor chuala mé faoi roinnt de na leabhair grafacha nó na coimicí manga Sheapánacha. Ní gá dúinn aistriú a dhéanamh orthu mar go bhfuil ár ndaoine féin ann agus tá siad an-chruthaitheach nuair a bhíonn siad ag scríobh nó ag déanamh pictiúr. Is as sin a tháinig ceann de na rudaí móra nach féidir le haon duine a cháineadh ó thaobh fhoilsitheoireacht na Gaeilge de - sé sin, go bhfuilimid ar chomhchéim le haon rud atá ar fáil i mBéarla nó in aon teanga eile sa tír seo.

Is léir é sin ón taispeántas seo. Is trua go bhfuil siopaí leabhar ag dúnadh agus go mbíonn na leabhair Ghaeilge go minic istigh i gcúinne beag seachas a bheith scaipthe tríd an gcóras, mar a dúirt Breandán Mac Craith, chun nach mbeidh daoine ag smaoineamh is iad na cinn Ghaeilge in aice le chéile agus is iad sin na cinn Bhéarla, atá go minic níos fearr.

Tá ceist dheireanach agam. Táim ag dul ar ais go dtí na e-leabhair ach nílim ag caint faoi leabhair reatha ach an back catalogue. Luaigh mé Cathal Ó Sándair agus Réics Carló. Scríobh Ó Sándair 150 leabhar ina shaol. Níl fáil ach ar deich cinn nó 15. Bheadh a fhios ag Seosamh Ó Murchú cé mhéad atá fágtha ag An nGúm. B'fhéidir nach fiú iad a athfhoilsiú. B'fhéidir nach bhfuil éileamh orthu agus b'fhéidir go bhfuil siad ar fáil i roinnt leabharlanna ach níl siad ar fáil ar líne. Is cuimhin liom a bheith ar an ollscoil. Luaigh an Teachta Connolly é sin. Nuair atá tú ag déanamh staidéar ar an stair as Gaeilge, tá fíorbheagán téacsanna ar fáil, seachas sa leabharlann, ach tá a lán téacsanna ann. Tá a lán leabhar scríofa as Gaeilge maidir leis an stair agus réimsí eile ach níl fáil orthu mar tá siad as cló. Ní bheadh díolachán mór go leor orthu toisc go bhfuil siad beagáinín as dáta. Ní fiú iad a athfhoilsiú. B'fhéidir gur fiú iad a athscríobh. An bhfuil aon duine tar éis smaoineamh ar airgead a chur ar leataobh, nó iarratas ar airgead a dhéanamh chuig an Rialtas mar, sa deireadh thiar thall, ní féidir leis na foilsitheoirí an sparán a leathnú níos faide, chun cuidiú leis an seanstór leabhar, téacsleabhar agus leabhair fhicsin san áireamh, a chur ar líne? D'fhéadfaí i bhfad Éireann níos mó leabhar i nGaeilge a chur ar fáil thar oíche gan coimisiúnú a dhéanamh ar chinn nua.

Mr. Seán Ó Coinn

Tá a fhios agam go raibh muid ag caint cheana féin faoi Chathal Ó Sándair agus ceiliúradh de shórt éigin a dhéanamh air mar scríbhneoir i mbliana. B'fhéidir go rachainn chuig mo chuid chomhghleacaithe, Joe Ó Labhraí agus Seosamh Ó Murchú. Ar mhaith leo cúpla focal a rá ina leith sin agus i leith na ceiste a chuir an Cathaoirleach?

Mr. Seosamh Ó Murchú

Beidh cúpla eagrán nua de na leabhair a chuir Cathal Ó Sándair amach á bhfoilsiú againn i mbliana mar chomóradh mar tá 100 bliain ann ó rugadh é i mbliana. Tá sé sin ar bun ag an Dr. Róisín Adams. Is cinnte gur fiú é sin. Cé nach an príomhchúram atá orainn é, le tamall anuas, táimid ag athfhoilsiú chuid de na seantéacsanna a bhfuil éileamh orthu le húdair mór le rá agus mar sin, cinn atá imithe as cló le fada. Táim ag cuimhneamh ar Timcheall Chinn Sléibhe agus a leithéid. Tá siad ar fáil i bhfoirm ríomhleabhair. Bíonn daoine ag caint ar Chathal Ó Sándair agus an díol iontach a bhí ar na leabhair leis. Is minic a luann daoine a léigh iad agus iad óg é sin liom. Ní foláir dúinn cuimhneamh go raibh an Ghaeilge lárnach i saol na tíre agus i gcúrsaí scolaíochta an uair sin. Nuair a tháinig an chéad leabhar leis ar an bhfód, in 1942, bhí an-éileamh go deo air. Mar a dúirt an Cathaoirleach, bhí cúpla leabhar in aghaidh na bliana á gcur amach aige. De réir a chéile, thráigh an t-éileamh sin ar na leabhair. Faoi dheireadh, nuair a cuireadh an leabhar deireanach leis amach in 1984, bhí an tsuim a bhí ag daoine sna leabhair athraithe. Bhí an Ghaeilge leis ruaigthe nó imeallaithe ón áit lárnach a bhí aici sa chóras scolaíochta sa tír roimhe sin. Tá na rudaí seo ar fad ag imirt ar a chéile agus is gá dúinn a bheith ag cuimhneamh air sin. Tá roinnt mhaith de na seanleabhair sin curtha ar fáil againn nó ag daoine a thagann chugainn ag iarraidh cead iad a athfhoilsiú. De ghnáth, tugann muid cead gan ceist do dhaoine atá ag iarraidh eagráin nua de na leabhair sin a chur amach. Is smaoineamh maith é go mbeadh áit lárnach ann inar féidir teacht ar leaganacha leictreonacha de na leabhair sin ar fad agus a fhios a bheith ag an bpobal go dtiocfaí orthu i bhfoirm leictreonach dá mba mhaith leo iad.

Ní fheicim aon duine eile ag iarraidh ceist a chur. Dá bhrí sin, is féidir linn críoch a chur leis an gcruinniú. Bhí plé an-leathan againn ar chúrsaí foilsitheoireachta agus scríbhneoireachta. Bhí sé an-spéisiúil. Gabhaim buíochas an choiste leis na finnéithe ar fad a chuidigh linn inniu. B'fhéidir go gcuirfimid cúpla ceist ina dtreo gur féidir leo iad a fhreagairt. Má smaoiníonn siad ar aon eolas breise a chuideodh linn agus muid ag déileáil leis an gceist seo thar an chéad cúig nó sé mhí eile, is féidir leo cuidiú linn.

Tá an cruinniú ar athló go dtí 1.30 p.m. ar an 2 Márta, nuair a dhéanfar plé ar fhionnachtain an Choimisinéara Teanga gur sháraigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, nó an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha mar a bhí, a dualgas reachtúil teanga maidir le logainmneacha Gaeltachta i gcás an chóras Eircode agus conas agus cathain a cheartófar an sárú sin. Beidh an tAire Stáit ag an Roinn Iompair ar a bhfuil freagracht ar leith maidir le hiompar idirnáisiúnta agus bóthair agus lóistíocht agus an tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ar a bhfuil freagracht ar leith maidir le beartas poist agus Eircode, an Teachta Hildegarde Naughton, chomh maith le hionadaithe ó Geodirectory agus Eircode, ag teacht os ár gcomhair chun é sin a phlé.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 3.17 p.m. go dtí 1.30 p.m. Dé Céadaoin, an 2 Márta 2022.
Barr
Roinn