Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Wednesday, 13 Apr 2022

Gnó an Chomhchoiste

Tá dhá phíosa oibre eile le déanamh agam fad is atáimid i seisiún poiblí. Tá orainn na tuarascálacha seo a leanas a chomhaontú i seisiún poiblí. Tá siad comhaontaithe againn cheana féin i seisiún príobháideach. Is iad: tuarascáil bhliantúil an chomhchoiste 2020-21; agus tuarascáil an chomhchoiste ar an toscaireacht chuig Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2022.

Molaim go leagfaimid cóip d'ár dtuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Chinn Chomhairle agus go ndíreoimid a aird ar leathanach 12 den thuarascáil bhliantúil sin, ina maítear:

Cé go bhfeidhmíonn an Comhchoiste agus an Roghchoiste go huile is go hiomlán trí mheán na Gaeilge, níl na seirbhísí seo a leanas ar fáil dóibh as Gaeilge: -

Seirbhísí Leabharlainne agus Taighde;

Seirbhísí Comhairle Dhlí;

Seirbhísí Craoltóireachta;

Seirbhísí Caidreamh Poiblí.

Is é tuairim an Chomhchoiste agus an Roghchoiste go bhfuil an ceart acu, a bheith ag súil leis na seirbhísí sin a bheith ar fáil dóibh ina dteanga oibre, ar chomhchéim leis na seirbhísí atá ar fáil do na Comhchoistí agus do na Roghchoistí de Dháil Éireann eile a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla. Ní amhlaidh atá sé agus, mar sin, feidhmíonn an Comhchoiste agus an Roghchoiste faoi mhíbhuntáiste mór, i gcomparáid leis na Comhchoistí agus na Roghchoistí de Dháil Éireann eile, agus iad i mbun a gcuid oibre.

Molaim go n-iarrfaimid ar an gCeann Comhairle na heaspa sin a réiteach chomh luath agus is féidir, agus a chinntiú go mbeidh seirbhísí uile Sheirbhís Thithe an Oireachtais ar fáil do chomhaltaí go dátheangach. An aontaítear sin? Aontaítear.

Cuireadh an cruinniú ar athló ar 3.51 p.m. go dtí 1.30 p.m. Dé Céadaoin, an 27 Aibreán 2022.
Barr
Roinn