Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Wednesday, 15 Jun 2022

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil).

Tá an grúpa finnéithe seo a leanas os ár gcomhair chun cuidiú linn sa díospóireacht seo: an leabharlannaí bailiúchán speisialta, Gearóid Ó Lúing, agus stiúrthóir gníomhach, Katherine McSharry, thar ceann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann; Aidan Courtney, stiúrthóir Coimicí Gael agus Ruaille Buaille agus atá anseo thar a gceann; Eoghan MacCormaic thar ceann www.cluiche.ie; agus Alun Ceri Jones, stiúrthóir Dalen Éireann. Gabhaimid ár mbuíochas leo uile as a bheith anseo linn inniu. Tá duine amháin eile, Áine Ní Éanaigh, thar ceann Ghlór na nGael agus an siopa ar líne atá ag an eagraíocht sin www.siopaudar.ie agus bhíomar ag súil go mbeadh sí anseo inniu ach ní féidir léi toisc cúrsaí tinnis. Is féidir le daoine dul ar an suíomh sin agus féachaint céard atá á dhíol ar an suíomh sin. Táim cinnte go bhfuil díolacháin ar leabhair agus a leithéidí as Gaeilge.

Cuirfimid tús le gnó an chruinnithe. Tá roinnt stuif atá tagtha chun cinn gur ghá déileáil leis ag deireadh an chruinnithe.

Cuirfidh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann tús le cur i láthair na bhfinnéithe agus cuirfidh muid ceist ar na finnéithe eile i ndiaidh a ráiteas siúd.

I bhfíorthús báire caithfidh mé an ráiteas seo a léamh amach. Meabhraím do chomhaltaí, d’fhinnéithe agus do bhaill fhoirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna seo cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag daoine freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe poiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is de bharr riachtanais bhunreachtúla a dhéantar é sin. Nuair atá aon duine ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a ngléas físeáin a bheith ar siúl an t-am go léir le go mbeidh siad le feiceáil ar an scáileán.

Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin. Ba chóir dúinn a chinntiú go bhfuil ár micreafóin múchta nuair nach bhfuil muid ag caint agus muid ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil nó ón seomra.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Ní féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus an fhianaise á tabhairt acu ó thaobh amuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d'fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir dóibh déanamh amhlaidh láithreach. Ordaítear d’fhinnéithe gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuireann siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as na ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach.

Anois, déanfaimid breathnú ar ábhar an chruinnithe inniu. Iarraim ar Katherine McSharry tús a chur leis an bplé thar ceann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Ms Katherine McSharry

Táim buíoch den choiste as an deis a bheith anseo inniu chun labhairt lenár gcomharsana. Is stiúrthóir gníomhach Leabharlann Náisiúnta na hÉireann mé. Tá mo chomhghleacaí, Gearóid Ó Lúing, ár leabharlannaí bailiúcháin speisialta, in éineacht liom. Cosúil lena lán dár bhfoireann, táim ar mo thuras féin ar ais go dtí caighdeán sásúil Gaeilge. Táim ag freastal ar ranganna oíche faoi láthair. Mar sin, ag brath ar cheisteanna na gcomhaltaí, b'fhéidir go gcuirfidh mé faoi bhráid Ghearóid iad le haghaidh freagra, go bhfreagróidh mé iad i nGaeilge mé féin, má táim sásta gur féidir é sin a dhéanamh go cuí, nó go dtabharfaidh mé freagra i mBéarla. Táim buíoch as foighne an choiste ina leith seo.

Bunaíodh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann in 1877 agus tá sí beagnach 150 bliain d’aois. Táimid ar fáil do gach uile dhuine a bhfuil suim acu in Éirinn, pé áit ar domhan ina bhfuil siad lonnaithe. Coinnímid na bailiúcháin náisiúnta ar iontaobhas do mhuintir uile na hÉireann agus is é ár misean cuimhne thaifeadta na hÉireann a bhailiú, a chosaint agus a chur ar fáil, maraon le fís uaillmhianach: scéalta na hÉireann a roinnt leis an domhan trínár mbailiúcháin nach bhfuil a sárú le fáil.

Cuimsítear sna bailiúcháin sin níos mó ná 12 milliún mír: leabhair agus nuachtáin, grianghraif agus lámhscríbhinní, léarscáileanna agus priontaí agus líníochtaí agus, níos mó agus níos mó, ábhar digiteach lena n-áirítear láithreáin ghréasáin Éireannacha.

Deir alt 12(1) den Acht um Fhorais Chultúrtha Náisiúnta, 1997, gurb iad príomhfheidhmeanna bhord na Leabharlainne Náisiúnta an t-ábhar leabharlainne atá i mbailiúchán na leabharlainne a chaomhnú, a athchóiriú, a choinneáil i gcóir mhaith agus a mhéadú ar mhaithe leis an bpobal; agus taifead d’ábhar leabharlainne, lena n-áirítear ábhar a bhaineann leis an nGaeilge, a bhaineann le hÉirinn a bhunú agus a choinneáil. Faoi alt 12(2)(h) den Acht, i measc chumhachtaí bhord na leabharlainne atá sainaitheanta tá an Ghaeilge a chothú agus a chur chun cinn agus a chuid feidhmeanna á gcomhlíonadh aige.

Táimid an-aireach faoinár ról i dtaca leis an nGaeilge agus cuirtear béim air sin inár straitéis reatha a mhairfidh ó 2022 go 2026. Tacaímid le foilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge thar a lán réimsí dár gcuid oibre. Inár n-aighneacht níos faide, tá achoimre tugtha againn ar na bealaí a dhéanann muid é seó sna réimsí seo a leanas: ár mbailiúcháin agus ár seirbhísí taighde, catalóga agus leabharliostaí, ciste um dhigitiú, seirbhísí dátheangacha, suímh ghréasáin, cláreagrú agus taispeáint, comhpháirtíochtaí agus comhoibrithe, clár forbartha caipitil agus foireann.

Tá áthas orainn gur tugadh deis dúinn an obair sin a thabhairt chun suntais agus réimsí a léiriú a gcreidimid gur féidir tuilleadh forbartha a dhéanamh iontu. Ba mhaith linn aird a tharraingt ar mholadh inmhianaitheacht na reachtaíochta a bhaineann le taisce dhlíthiúil a leathnú chun suímh ghréasáin agus foilsitheoireacht leictreonach a chuimsiú le cinntiú go bhféadfadh leis an Leabharlann Náisiúnta an fearann .ie ar fad a bhailiú, na suímh Ghaeilge go léir san áireamh.

Ba mhaith linn aird a tharraingt freisin ar an gcumas a bhaineann lenár athfhorbairt mhór den phríomhchampas ar Shráid Chill Dara. Leis an bhforbairt shuaitheanta nua sin, cruthófar go leor deiseanna chun foilsitheoireacht agus léitheoireacht i nGaeilge a thaispeáint idir thaispeántais thiomanta shealadacha agus stocáil foilseachán Gaeilge inár spás miondíola nua agus aird a tharraingt orthu. Beidh an leabharlann ábalta ár gcuid oibre sa réimse sin a fhorbairt tuilleadh.

Tarraingeoidh mé aird ar ár bpríomhshuíomh gréasáin ag www.nli.ie, atá 15 bliana d’aois anois agus á athfhorbairt agus á athsheoladh go hiomlán roimh dheireadh na bliana. Beidh an suíomh nua go hiomlán dátheangach ó sheolfar é agus tá réiteach á fhorbairt leis an dearthóir gréasáin lena chinntiú go ndéanfar gach nuashonrú a aistriú ar bhonn rialta sa chaoi is go mbeidh an suíomh go hiomlán dátheangach i gcónaí. Cuirfear leis seo cuspóirí nua le haghaidh ábhar dátheangach trasna ár mbealaí cumarsáide go léir.

Díreoidh mé aird freisin ar an digitiú leanúnach atá á dhéanamh ar ábhar Gaeilge atá as cóipcheart ionas go mbeidh sé ar fáil go héasca ar líne, ar an bhfeabhsú ar inniúlacht na foirne maidir leis an nGaeilge mar atá béim curtha air inár straitéis nua, agus ar fhorbairt ár gcláreagrú Gaeilge.

Cuirimid fáilte roimh gach tacaíocht agus cúnamh, cuidiú ó bhaill an choiste san áireamh, lucht spéise a chothú dár gcláreagrú agus seirbhísí Gaeilge mar d’fhéadfadh sé a bheith dúshlánach a chinntiú go bhfuilimid ag déanamh teagmháil leis na daoine go léir a mbeadh spéis acu leas a bhaint as an réimse leathan a chuirimid ar fáil.

Déanfaimid déileáil le ceist na leabharlainne sula dtagaimid go dtí na finnéithe eile mar tá dhá rud i gceist. An bhfuil ceist ag aon bhall?

Cuirim fáilte roimh an bhfoireann ón Leabharlann Náisiúnta. Déanaim comhghairdeas leis an stiúrthóir gníomhach as úsáid na Gaeilge. Fáiltím roimh an iarracht atá á déanamh aici. Tá sé suimiúil nach bhfuil a lán de na príomhfheidhmeannaigh a thagann os ár gcomhair ag déanamh an iarracht chéanna. Déanaim comhghairdeas léi as sin.

Dúirt an stiúrthóir gníomhach go bhfuil 12 milliún mír sa bhailiúchán náisiúnta. As an 12 milliún sin, cé mhéad atá as Gaeilge? Tá sé suimiúil gur tháinig sé suas i ngach cruinniú a bhí againn ar an ábhar seo go bhfuil easpa feiceálachta fhoilsitheoirí Gaeltachta nó Gaeltachta ina chuid den fhadhb. Cén sórt feiceálacht atá acu sa Leabharlann Náisiúnta chun go mbeidh na foilsitheoirí Gaeilge os comhair na ndaoine? Cén plean atá ag an leabharlann chun an fheiceálacht seo a fheabhsú i gcomhthéacs an chlár forbartha caipitil a leag an stiúrthóir gníomhach amach?

Ms Katherine McSharry

Díreoidh mé ar an gcéad cheist ar dtús. Tá breis is 13,500 leabhar Gaeilge liostaithe sa chatalóg. Is é sin le rá gurb iad sin na cinn atá aitheanta mar shaothair Ghaeilge i dtaifead na catalóige. B'fhéidir go bhfuil rud éigin le rá ag Gearóid Ó Lúing ar an ábhar seo.

Mr. Gearóid Ó Lúing

Is dócha go bhfuil an figiúir sin chomh cruinn agus is féidir é a bheith. Clóbhuaileadh an chéad leabhar i nGaeilge i 1571 agus níor clóbhuaileadh mórán leabhar, i comparáid le teangacha eile, go dtí b’fhéidir deireadh an naoú chéad déag. Rinne agus déanann an leabharlann iarracht i gcónaí gach ábhar clóite i nGaeilge a bhailiú agus mar sin tá tuairim agus 13,500 leabhar clóite againn agus seachas é sin is dóigh liom go bhfuil leabhair dhátheangach b’fhéidir nó leabhair le beagán Gaeilge iontu. Tá bailiúcháin an-mhaith de thréimhseacháin, nuachtáin agus lámhscribhinní i nGaeilge freisin.

Ms Katherine McSharry

Bhí an dara leath den cheist mar gheall ar na foilsitheoirí. An chuid is mó de na leabhair a thagann isteach go dtí an Leabharlann Náisiúnta i dtaobh na Gaeilge, tagann siad isteach le taisce dlíthiúil. Tá oibleagáid ar gach éinne a fhoilsíonn leabhar ar bith in Éirinn é a sheoladh isteach chugainn. Bhí Gearóid ag obair leis an taisce dlíthiúil leis na blianta.isteach le taisce dlíthiúil. Sin an oibleagáid atá ar gach éinne a fhoilsíonn leabhar ar bith in Éirinn é a sheoladh isteach chugainn. Bhí Gearóid ag obair leis an taisce dlíthiúil leis na blianta.

Mr. Gearóid Ó Lúing

Chaith mé tamall maith ag obair leis an taisce dlíthiúil. Is saothar an-spéisiúil é ach ar shlí níl sé éasca. Déanaimid iarracht ábhair i nGaeilge agus i dteangacha eile a foilsíodh in Éirinn a aimsiú agus iad a chur ar ordú agus nuair a thagann siad isteach iad a chlárú agus a chur ar na seilfeanna. Tríd is tríd tá sé deacair go leor teacht ar gach rud. Níl sé ródheacair foilseacháin na bhfoilsitheoirí móra a aimsiú mar bíonn poiblíocht ann, bíonn suíomh gréasáin acu agus bíonn catalóige agus léirmheasanna ann. Is féidir teacht ar an eolas sin gan mórán dua. I gcónaí rud atá deacair a aimsiú ná na leabhair shingil, abair leabhar cosúil le stair pharóiste nó stair chlub Cumann Lúthchleas Gael. Tá na leabhair sin an-thearc. Déanaimid iarracht iad a fháil ach tugann sé tamall teacht ar na rudaí sin agus uaireanta ní féidir teacht orthu ach b’fhéidir sa pharóiste, sa chontae nó sa bhaile inar foilsíodh iad. Ó 1877 bhféidir nach raibh dóthain foirne againn chun teacht ar na foilseacháin sin go léir. Ba mhaith an rud é dá mbeadh níos mó foirne againn chun a bheith ag obair sa réimse sin den taisce dlíthiúil chun ábhair a aimsiú agus a chur ar ordú agus iad a chlárú nuair a thagann siad isteach.

Ms Katherine McSharry

Chun an freagra a chríochnú, táimid i lár ár dtionscadal tógála is suntasaí ó a d'osclaíomar ár ndoirse den chéad uair in 1890. Nuair a bheidh an obair críochnaithe in 2025 cuirfidh sé taispeántas den scoth, seomraí foghlama, caifé agus siopa ar fáil. Beidh go leor deiseanna ann chun léitheoireacht i nGaeilge a spreagadh agus chun tacú leis an bhfoilsitheoireacht Gaeilge. An rud bunúsach a dhéanaimid de ghnáth ná cóip de gach leabhar atá foilsithe i nGaeilge a cur ar fáil do gach éinne i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ach beidh taispeántas nua againn agus beidh seans againn na foilseacháin Gaeilge a dhíol sa siopa. Beidh cartlainne agus léamha i nGaeilge ar siúl agus tá sé beartaithe againn cóipeanna breise de leabhair Ghaeilge a cheannach agus iad a chur ar fáil do gach éinne chun iad a láimhseáil agus a bhrabhsáil i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Feicim go bhfuil an Seanadóir Clifford-Lee tar éis teacht isteach sa chruinniú. Cuirimid fáilte roimpi agus chomh leis sin tá an Teachta Aindrias Moynihan agus an Seanadóir Kyne linn.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe agus gabhaim buíochas leo as an ráiteas achoimre agus an ráiteas atá beagáinín níos faide; tá siad an-chabhrach. Ní raibh a fhios agam go raibh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ann chomh fada sin agus tá an-chuid oibre á déanamh ann. An bhfuil bearna ann sa reachtaíocht? An bhfuil Bille nua leathnaithe ag teastáil? B'fhéidir go míneoidh na finnéithe é sin dom.

Ms Katherine McSharry

Is féidir. Táimid in ann na leabhair, na nuachtáin agus na rudaí fisiciúla mar sin a bhailiú. Tá oibleagáid ar na foilsitheoirí iad sin a thabhairt dúinn ach níl sé mar sin do na suíomh gréasáin agus do na rudaí digiteacha. Níl ceart againn fós na suíomh gréasáin agus na rudaí digiteacha a bhailiú mar sin caithimid iarr ar gach aon suíomh gréasáin a chuid foilseachán a bhailiú.

Tuigim. Sin an brí leis an abairt a leanas ar leathanach 2 go leathanach 3 den ráiteas tosaigh:

Tá an obair sin á déanamh faoi láthair ar bhonn ceadanna toisc nach bhfuil sé ar ár gcumas an t-ábhar sin a bhailiú ar bhonn reachtaíochta faoi láthair.

An bhfuil gá le reachtaíocht nua?

Ms Katherine McSharry

Tá. Táimid ag obair i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann le Rannaí Rialtais éagsúla air seo le roinnt blianta anuas. Níos déanaí i mbliana beimid ag bualadh le príomhpháirtithe leasmhara chun cur chuige a aontú maidir le láithreán gréasáin a bhailiú a bheadh inghlactha do gach duine. Mar is féidir leis an Teachta a shamhlú, bheadh foilsitheoirí tráchtála ag iarraidh a chinntiú nach gcuirtear a chearta i mbaol tríd an stuif ar fad a bhailiú sa chartlann .ie. Nuair a bheidh an obair seo déanta againne beimid ag dul ar ais go dtí an Department chun insint dóibh céard gur cheart a dhéanamh leis an legislation.

Beidh soiléiriú ag teastáil níos faide amach ó thaobh cén sórt reachtaíochta a bheidh ann ach tá bearna ann faoi láthair agus tá Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ag bogadh ar aghaidh leis an méid atá á déanamh ann gan aon stádas dlíthiúil ach ar bhonn ceadanna. An bhfuil sé sin ag cur isteach ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann?

Ms Katherine McSharry

Sin é. It is a quite significant gap because legal deposit legislation only extends to physical materials. It means that the published output of the nation online, which is where an enormous amount of our publishing is happening, is only being collected by us on a selective basis. We have to do a lot of work to identify all the websites we might want to collect in a given year and then we have to approach all the website owners to ask them for permission to collect their work and there is a limit in terms of budget and resources to how many of those we can collect. Once the legislation extends to digital materials we would then be able to do a complete domain crawl, we would collect all the websites in one go every year and then we would have everything. Over the years then there would be quite a lot of work to do to figure out how we share that and do it in such a way that it does not interfere with proprietary or commercial rights. As the Deputy can imagine, it is a huge gap. Inside a year 50% of all websites are either changed completely or gone so if the National Library of Ireland does not collect them then the chances are they will be gone.

Ms Katherine McSharry

It is a significant gap for us and it is quite a resource intensive one because someone has to do all of this work.

An bhfuil sé sin ag tarlú in Albain nó sa Bhreatain Bheag mar shampla? An bhfuil samplaí maithe i dtíortha eile?

Ms Katherine McSharry

Níl sé ag tarlú in Albain. They have the legislation.

Tá an reachtaíocht acu.

Ms Katherine McSharry

Tá.

Céard faoin Bhreatain Bheag? An bhfuil an reachtaíocht acu freisin?

Ms Katherine McSharry

Tá.

Cén fáth nach bhfuil sé déanta anseo?

Ms Katherine McSharry

Táimid ag obair air ach tá sé mall.

Níl sé éasca. Níl sé soiléir, in aon tír, conas é a dhéanamh. Ba cheart go mbeadh ach nílimid in ann ach leanúint ar aghaidh. Tá súil agam nach mbeidh sé rófhada.

Mr. Gearóid Ó Lúing

Bíonn an comhthéacs ag athrú an t-am ar fad maidir le forbairt ó thaobh chúrsaí digiteacha agus cumarsáide. Tá sé deacair coimeád suas le rudaí ach déanaimid ár ndícheall, mar sin féin.

Chonaic mé é sin agus ní raibh mé soiléir ó thaobh cad a bhí i gceist. Tá sé beagáinín níos soiléire anois. Maidir leis an bhfoireann atá ag an leabharlann, cé mhéad duine atá ag obair sa leabharlann? Céard é an céatadán den fhoireann le Gaeilge?

Ms Katherine McSharry

Tá 107 duine ag obair ann. An bhfuil a fhios ag Gearóid Ó Lúing cé mhéad duine a bhfuil Gaeilge acu?

Mr. Gearóid Ó Lúing

Tá sé deacair a rá. Tá coiste Gaeilge againn sa leabharlann a bhfuil cúigear air. Bíonn ciorcal comhrá againn gach Aoine. Tá fáilte roimh chách. B'fhéidir go bhfuil Gaeilge mhaith ag deichniúr. Tá beagáin Gaeilge ag go leor daoine eile. Déanaimid ár ndícheall daoine a spreagadh le Gaeilge a labhairt agus an tacaíocht a thabhairt dóibh.

An bhfuil ag éirí leis an leabharlann?

Mr. Gearóid Ó Lúing

Is dóigh liom go bhfuil mar tá daoine óga ar an bhfoireann agus tá spéis acu sa Ghaeilge. Má tá fonn ar aon duine cúrsa Gaeilge a leanúint, is féidir leis nó léi é sin a dhéanamh.

Cé mhéad duine atá i mbun cúrsa a dhéanamh faoi láthair? Cé mhéad duine atá sa Ghaeltacht? Níl mé ag iarraidh locht a fháil. Gach seachtain, bímid ag iarraidh a fháil amach cén chaoi is féidir úsáid na Gaeilge a mhéadú agus na dualgais faoin reachtaíocht a chomhlíonadh ó thaobh Acht na Teangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 agus mar sin de. Cuirim ceist i gcónaí. Tá a fhios agam go bhfuil dea-thoil i gcónaí don Ghaeilge ach, go díreach agus go praiticiúil, cad atá ar siúl ag an leabharlann? An bhfuil aidhmeanna aici le go mbeidh Gaeilge ag céatadán den fhoireann laistigh de dhá bhliain? Cad iad na spriocanna? Cad é an straitéis? Chonaic mé an straitéis ar pháipéar. Ní mór dom a rá nach ionann an straitéis ar pháipéar agus an rud atá ag tarlú.

Mr. Gearóid Ó Lúing

Tá dhá rud i gceist. Braitheann sé ar an bhfoireann agus ar na léitheoirí. Dá mbeadh fonn ar dhuine labhairt leis an bhfoireann i nGaeilge, dhéanfaimis ár ndícheall cabhrú leis nó léi agus d'fhreagróimis comhfhreagras i nGaeilge.

Chonaic mé é sin.

Mr. Gearóid Ó Lúing

Tá na comharthaí go léir dátheangach. Beidh an suíomh gréasáin nua dátheangach.

Tá sé sin go maith. Chonaic mé é sin. Is é an sprioc atá ag an leabharlann, go mbeidh an suíomh gréasáin dhátheangach. Níl sé dátheangach faoi láthair.

Mr. Gearóid Ó Lúing

Níl. Tá sé beagáinín as dáta i ndáiríre.

Cén dáta ar a mbeidh sé dátheangach? An bhfuil a fhios ag na finnéithe?

Ms Katherine McSharry

I mí Mheáin Fómhair.

Mr. Gearóid Ó Lúing

Roimh dheireadh na bliana.

Maidir leis an nGaeilge agus maidir leis an bhfoireann agus na spriocanna atá ann chun úsáid na Gaeilge a mhéadú agus a normalú. Is é sin an rud atá i gceist, go ginearálta leis an leabharlann, ná an léitheoireacht a normalú i mBéarla agus i nGaeilge.

Mr. Gearóid Ó Lúing

Tá roinnt rudaí luaite sa straitéis.

Léigh mé iad ach tá mé ag iarraidh soiléiriú a fháil faoin méid atá léite agam.

Mr. Gearóid Ó Lúing

Is é an rud is tábhachtaí ná tacaíocht a thabhairt don fhoireann. Tá foireann na leabharlainne cosúil le daoine na hÉireann. Tá Gaeilge réasúnta mhaith ag go leor daoine ach tá leisce orthu í a úsáid. Sin é an fáth go bhfuil coiste Gaeilge agus ciorcal comhrá againn agus táimid ag iarraidh ár gcomhghleacaithe a spreagadh chun tuilleadh Gaeilge a úsáid sa leabharlann.

Ms Katherine McSharry

Tá a lán daoine sa leabharlann cosúil liomsa. Tá siad as cleachtadh ach tá Gaeilge acu. Is éard atá i gceist agamsa ná na ranganna a dhéanamh mé féin agus ceithre nó cúig rud - very concrete things by the end of the year. Next year, we will have, exactly as the Deputy is saying-----

Rudaí praiticiúla.

Ms Katherine McSharry

Is é sin é.

Tá éacht déanta ag Katherine McSharry inniu. Déanaim comhghairdeas léi. Tá sé go hiontach go bhfuil á rá aici go mbeidh sí ag leanúint ar aghaidh.

Ms Katherine McSharry

Tá na rudaí praiticiúla an-tábhachtach. Tá triúr nó ceathrar ag déanamh ranganna anois. Ba bhreá liom, an bhliain seo chugainn, dá mbeadh níos mó ná sin á ndéanamh agus go mbeadh feabhas ag teacht ar gach duine gach bliain maidir le the level of comfort they feel chun iarracht a dhéanamh.

Mar fhocal scoir, léigh mé go raibh an-chaidreamh ag an leabharlann leis na scoileanna, go háirithe le linn na paindéime. Ba mhaith liom cloisteáil faoi na sonraí maidir leis an gcaidreamh idir an leabharlann agus na scoileanna. Arbh iad sin na bunscoileanna, na hiarscoileanna nó gach scoil?

Ms Katherine McSharry

Ba ghach scoil é.

Mr. Gearóid Ó Lúing

Go háirithe, beimid ag obair le Gaelscoileanna chun ceardlanna chur ar fáil ar líne. Thug an phaindéim seans don leabharlann ábhair bhreise agus imeachtaí breise a chur ar fáil ar líne. D'éirigh an-mhaith leis sin. Tá roinn oideachais againn agus bíonn ceangal agus cumarsáid an-mhaith againn le scoileanna. Táimid ar fáil don phobal agus tá fáilte roimh scoileanna, roimh dhaoine aonair agus roimh ár gcomharsana anseo dul i dteagmháil linn. Ba bhreá linn ár ndícheall a dhéanamh, oiread agus is féidir linn, tacaíocht a thabhairt do dhaoine a bhfuil fonn orthu gnó a-----

Tá sé sin go h-iontach. An bhfuil a fhios ag na scoileanna? Cén céatadán de na scoileanna a raibh an leabharlann i dteagmháil leo? Cad iad na spriocanna ó thaobh na scoileanna? Cad atá foghlamtha?

Ms Katherine McSharry

Ceapaim go mbímid i dteagmháil leis na scoileanna go léir mar bíonn comórtas againn le Poetry Ireland gach bliain. Bímid ag caint le gach scoil faoi sin. Rud atá an-sásúil ná go mbíonn níos mó scoileanna ag teacht chugainn gach bliain agus go dtagann siad ar ais. Tá ag éirí maith go leor linn. Tá sé i bhfad níos éasca do na scoileanna nach bhfuil i mBaile Átha Cliath a bheith ag obair linn ar líne mar níl orthu teacht go Baile Átha Cliath chun obair linn.

Ceann de na ceisteanna lena bhfuilimid ag déileáil ó thaobh foilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge de ná go bhfuil leabhair ann - b'fhéidir nach bhfuil go leor dóibh - agus conas is féidir linn éileamh breise a chothú. Conas is féidir linn daoine a mhealladh chun téacsanna as Gaeilge a léamh nó a lorg? Níl a fhios agam an bhfuil aon tuairim ag na finnéithe faoi sin. An bhfuil go leor spáis acu? Tá an leabharlann ag cruthú níos mó spáis ionas gur féidir daoine a mhealladh isteach chun gur féidir leo déileáil leis na téacsanna agus na leabhair atá as Gaeilge sa bhailiúchán náisiúnta.

Tá roinnt de na dúshláin atá roimh an Leabharlann Náisiúnta leagtha amach ag na finnéithe agus tá roinnt acu pléite againn cheana féin. Níl a fhios agam cén uair a bheidh an obair tógála ar fad críochnaithe. An mbeidh go leor foirne ag an leabharlann chun an obair ar gá a dhéanamh a dhéanamh? Má tá fás chun tarlú, de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), beidh sé mar dhualgas ar an leabharlann a chinntiú go mbeidh ar a laghad 20% dóibh siúd a earcaítear aige inniúil sa Ghaeilge.

Mr. Gearóid Ó Lúing

Maidir le daoine a mhealladh isteach sa leabharlann, is dóigh go bhfuil an dúshlán sin ann do ghach leabharlann, mar tá an oiread sin le fáil ar líne. Nuair a bheidh an obair críochnaithe ar an bhfoirgneamh, beidh go leor áiseanna ann chun daoine a mhealladh isteach. Beidh siopa leabhar ann agus gan amhras beidh neart leabhar Gaeilge ar fáil ansin. Beidh seomraí cruinnithe ann agus léachtaí ar ábhair fhoirmealtá agus neamh-fhoirmeálta. Is féidir linn rudaí a fhógairt ar an suíomh gréasáin le hinsint do dhaoine cad atá ar siúl. Tá sé de bhuntáiste ag an leabharlann go bhfuilimid i lár na cathrach. Níl sé ródheacair ar dhaoine teacht orainn. Déanaimid ár ndícheall fáilte a chur roimh chuairteoirí, idir scoláirí, gnáth-léitheoirí, daltaí scoile, turasóirí agus daoine ar saoire. Nuair a bheidh na seomraí cruinnithe agus na seomraí léachta ar fáil, beimid in ann go leor rudaí a chur ar fáil chun daoine a mhealladh isteach. Ar shlí, b’fhéidir gur ceist í seo do ghach finné anseo – conas daoine a mhealladh chun leabhair a léamh. Tá an oiread sin ar fáil ar líne. Tá plean againn. Tá seanleabhair i nGaeilge le fáil, suas go 1871, agus go leor acu fíorthearc. Táimid á ndigitiú sin agus á gcur ar fáil. Seo ábhar atá as cóipcheart, ar ndóigh. Leis na rudaí sin go léir agus leis an seans a thugann an suíomh gréasáin dúinn ár seirbhísí a chur in iúl don domhan ar fad, is dóigh liom go mbeidh a thuilleadh daoine ag féachaint ar an suíomh agus tá súil agam go mbeidh a thuilleadh daoine ag teacht isteach go dtí an leabharlann.

Ms Katherine McSharry

Ó thaobh na ndúshlán, tá foireann iontach againn. Ceapaim go bhfuil sé sin soiléir. Every time we undertake a new undertaking, the responsibilities of the National Library get bigger and bigger. At no point in our history has anything gone away. Everything gets added and added. Now we have a whole new opportunity in terms of online delivery. That is an extra.

Regarding the new development, the building and all the potential there, we are working all the time with our parent Department to work through what that will mean for our team and what resources we will need to support it. That is part of the work. It is not just the building and the exhibitions and the design. It is also about understanding what is the best way to provide services to the public in those spaces. We have amazing collections, which are crucial, but what we are about is people. That is the point of the national collections. They are there so people can access them. We are very mindful of those challenges, particularly with regard to the national language and how we can best support that. It is something we are very mindful of the whole time. We would be very grateful for the support and assistance of everybody in highlighting what we do and making sure the largest number of people are aware of it.

Cé mhéad leabhar atá i gceist sa phlean chun digitiú a dhéanamh ar sheantéacsanna? Cén uair a bheidh sé sin críochnaithe, nó an mbeidh sé críochnaithe riamh? Cad é an costas? An bhfuil airgead ar leith curtha ar leataobh nó an gá airgead eile a lorg?

Mr. Gearóid Ó Lúing

Níl sé i gceist againn gach leabhar Gaeilge a dhigitiú. Tá an scéim sin bunaithe ar fhoilseachán iontach, cló-liosta leabhar i nGaeilge ó 1571 go 1871. Tá tuairim is 300 leabhar ag cnuasaigh na leabharlanna nach bhfuil ar fáil in aon áit eile. Táimid chun iad sin a dhigitiú agus a chur ar fáil ar líne. Maidir leis an gcostas, ní dóigh liom go bhfuil mórán airgid i gceist.

Ms Katherine McSharry

Níl, mar tá an obair sin go léir déanta leis an bhfoireann atá againn cheana féin.

Ní ualach breise atá ann agus níl buiséad breise ag teastáil.

Ms Katherine McSharry

Níl.

Sin an chéad uair a chuala mé é sin anseo.

Ms Katherine McSharry

Ar an ábhar sin-----

Mr. Gearóid Ó Lúing

Dá mbeadh sé ar fáil-----

Níl aon bhuiséad againne faoi láthair. B’fhéidir go bhfuil ag an Aire. An bhfuil ceist ag an Teachta Calleary?

I will ask this in English. Ms McSharry mentioned the library’s parent Department. Given that the parent Department currently hosts roinn na Gaeltachta, is there any extra emphasis or push from that wing of the Department to do more?

Ms Katherine McSharry

It is an interesting question. It is one of the areas the Department would highlight with us. I hope we are moving a towards a place where the push is coming from us ourselves. That is where I would like us to end up.

Is that highlight a friendly nudge? Is it aligned to actions in the budget?

Ms Katherine McSharry

It is supportive in terms of looking at the areas in the strategy we have mapped out. One of our actions for the year is to get more granular with those objectives. There are areas where we would potentially be looking for additional supports in very practical ways, as Deputy Connolly noted. It is very much a partnership.

Gabhaim mo bhuíochas le Katherine agus Gearóid. Casfaimid ar an gcuid eile den chruinniú agus na ceisteanna maidir leo siúd atá ag plé le foilsitheoireacht, cluichí agus a leithéid. Iarraim ar Aidan Courtney, atá mar stiúrthóir ar Coimicí Gael agus Ruaille-Buaille, a ráiteas tosaigh a thabhairt.

Mr. Aidan Courtney

Ní saineolaí mé agus níl mo Ghaeilge foirfe ach thosaigh mé ag déanamh greannán trí Ghaeilge. Ba mhaith liom níos mó greannán i nGaeilge a fháil agus bhunaigh mé Coimicí Gael chun greannáin a chruthú trí Ghaeilge do dhaoine óga in 2007. Thosaigh Coimicí Gael ag foilsiú greannán in 2007 leis an irisleabhar Rí-Rá #0. Tá Rí-Rá #4 agam anseo. Má tá suim ag aon duine na hirisleabhair a fheiceáil, beidh mé in ann iad a scaipeadh amach.

Ruaille Buaille againn chomh maith. Taispeánann iad siúd cad atá i gceist againn.

Déanann Coimicí Gael ceardlanna ghreannáin agus ceardlanna chun taispeáint go bhfuil gach duine ábalta rudaí a tharraingt. Creidim go bhfuil gach duine ábalta rud éigin a tharraingt agus a chruthú. Tá sé sin an-tábhachtach. Dé ghnáth bíonn na ceardlanna do dhaoine óga idir cúig bliana agus 18 mbliana d'aois. Is foilsitheoir greannáin é Coimicí Gael chomh maith. Tá Ruaille Buaille imleabhar 1 agus Ruaille Buaille imleabhar 2 foilsithe againn do dhaoine óga.

Is cnuasach greannáin na ealaíontóirí agus scríbhneoirí coimicí é Ruaille Buaille le gach saghas scéal idir na leathanaigh do dhaoine óga idir ocht agus timpeall 14 bliana d’aois. Is é an rud is tábhachtaí faoi seo ná go bhfuil siad déanta ag tallann in Éirinn. Bíonn scéalta ciúin, scéalta le cúpla focal agus scéalta lán le focail ar fáil ann. Tá gearrscéalta ann do gach leibhéal sna leathanaigh. Dáileann ÁIS Ruaille Buaille do shiopaí leabhair trasna an tíre. Uaireanta dáileann International Education Services, atá lonnaithe i Léim an Bhradáin, Ruaille Buaille do leabharlanna. Bíonn Coimicí Gael ag dáileadh Ruaille Buaille do scoileanna, leabharlanna agus grúpaí go díreach trí na ceardlanna de ghnáth. Mar mhodh margaíochta, bhíomar ar “The Late Late Toy Show” uair amháin - 15 minutes of fame - i Seachtain, Wicklow Voice, The Clare Champion, The Nationalist, Blas, Raidió na Life, Raidió na dTreabh, TG4, Cúla4, InTouch, Inis, Irish Comic News, Nós, RTÉ Culture online agus áiteanna eile.

Stop Coimicí Gael ag foilsiú greannáin i 2017 agus thóg mé sos as sin mar fuair mé post mar leabharlannaí páirtaimseartha i Leabharlann Chontae an Chláir, agus is breá liom an post. Tá mé fós ag obair mar leabharlannaí, mar shaor-mhaisitheoir agus mar áisitheoir ceardlainne chun greannáin a chruthú. Tá an-suim agam sa litearthacht. Bhí mé ag obair i siopaí leabhar ó 2000 go 2014 in Éirinn agus bhí mé ag obair i gCeanada mar dhíoltóir leabhar. Bhí mé ag obair mar cartúnaí agus maisitheoir ó 2000 go dtí anois. Chuir mé glaoch ar an nuachtán mícheart agus fuair mé post as sin. Is as sin a thosaigh mé ag obair mar chartúnaí gairmiúil. Thosaigh mé ag déanamh cartúin atá cosúil le The Far Side sa nuachtán i 2006. Bhí greannáin déanta agam san irisleabhar Comhar Óg. D’oibrigh mé do An Gúm agus áiteanna eile. D’oibrigh mé mar mholtóir ar phainéal Leabhair Pháistí Éireann chun leabhair na bliana a roghnaigh i 2014, 2015 agus 2016. Uaireanta, bím ag obair mar scríbhneoir, léirmheastóir agus róil eile mar sin.

Is aoibhinn liom greannáin mar mheán. Tá foilsitheoirí ar nós Leabhar Breac, Éabhlóid agus Dalen Éireann ag déanamh jab iontach lena leabhair atá déanta acu. Is aoibhinn liom na leabhair atá foilsithe ag Cló Mhaigh Eo chomh maith. Rinne sé jab iontach orthu. Áfach, ba mhaith liom níos mó rudaí a fheiceáil atá déanta ag daoine lonnaithe in Éirinn. Tá tallann iontach anseo in Éirinn. Tá siad ag obair le Marvel, The Beano, DC Comics agus foilsitheoirí eile den scoth thar lear. Tá aithne agam ar leaid atá ina chónaí in Inis a bhí ag obair ar Moon Knight. Tá tallann iontach le fáil anseo agus tá sé tábhachtach go bhfuilimid ag cothú na cruthaitheoirí anseo chun saothair ar nós Dog Man, Calvin and Hobbes, Phoebe and Her Unicorn, agus Bunny Vs. Monkey a chuir ar fáil trí Ghaeilge do dhaoine óga. As sin, b'fhéidir go mbeimid ábalta greannáin a shindeacáitiú le haghaidh irisleabhair, nuachtáin, foilsitheoirí úrscéalta grafacha nó irisí digiteacha i dteangacha eile.

Tá orainn níos mó rudaí a dhéanamh chun an Ghaeilge agus litearthacht chur chun cinn. Tá orainn rudaí a chruthú go minic tríd irisleabhar nó áiteanna eile. Tá leabhair tábhachtach agus b'fhéidir go mbeimid in ann bailiúcháin a dhéanamh den saothar i ndeireadh bliana. Úsáideann Garfield, Calvin and Hobbes, Big Nate, Phoebe and Her Unicorn, Asterix, The Smurfs agus roinnt greannán eile an rogha seo. Má bhíonn daoine ar a bhfón go minic, d’fhéadfadh go mbeadh gá le greannáin nua ar nós Webtoons agus Tapas, aipeanna a léann daoine greannáin ar an bhfón nó ar an táibléad. Cruthaítear greannáin le dearadh tarraingteach orthu. Bíonn léitheoirí ag scrollaigh síos trí scéalta chun iad a léamh. Tá a lán nasc curtha ar fáil agam i m’aighneacht. Táim saghas neirbhíseach; gabh mo leithscéal.

Mr. Eoghan Mac Cormaic

Gabhaim leithscéal thar ceann Áine Ní Éanaigh a bhí le bheith in aice liom inniu. Cé go bhfuair mé cuireadh labhairt leis an gcoiste thar ceann Cluiche.ie, oibrím le Glór na nGael. Chaith mé na deich mbliana dheireanacha de m'fhostaíocht le Glór na nGael, ag obair le Siopaudar.ie ag forbairt cluichí éagsúla chomh maith le cluiche de mo chuid féin. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an gcuireadh a bheith anseo.

Is í Áine riarthóir Siopaudar.ie agus d’fhág sé cúpla nóta faoi chomh maith. Is mise leas-cheannasaí agus bainisteoir for-rochtana le Glór na nGael. Táimid ina dhiaidh tréimhse fada a chaitheamh ag forbairt idir leabhair agus cluichí, ábhair nach ábhair fhoirmiúil iad. Ní fhoilsímid úrscéalta nó leabhair thaighde, cé go bhfuil cúpla leabhar foilsithe againn ar phleanáil teanga agus tacaíocht do ghrúpaí. Is do theaghlaigh, do dhaoine óga, ábhair spraoi agus a leithéidí na hábhair atá á bhfoilsiú againn. Chomh maith leis sin, foilsímid cluichí. Labhair an t-ionadaí ón Leabharlann Náisiúnta faoi leabhair agus foilseacháin. Labhair Aidan Courtney faoi grafaic agus coimicí. Is i mboscaí seachas i bhfoirm leabhair a thagann cuid mhaith den stuif a dhéanaimid. Déanaimid cluichí bunaithe ar úsáid fhocail, ar nós Dingbats agus Puzzle as Gaeilge. Le cúpla bliain anuas, thosaigh muid ag obair as Gaeilge ar na hainmneacha móra idirnáisiúnta cosúil le Scrabble, Cluedo agus Monopoly. Rinneamar na cluichí éagsúla sin faoi cheadúnas ó na húinéirí. Tá siad déanta ar ardchaighdeán. Tá cuid mhaith acu déanta in Éirinn, i bPort Láirge, ag Cartamundi anois ach Waddingtons nó Winning Moves a tógadh air roimhe seo.

Cad chuige ar a bhfuil muidne ag díriú isteach ar chluichí, cluichí focal don chuid is mó, mar sprioc? Thart ar 13 bhliain ó shin nuair a bhíomar ag plé le grúpaí phobal ar fud fad na tíre ag iarraidh iad a spreagadh, mar is é an ról atá ag Glór na nGael ná húsáid na Gaeilge a spreagadh, thugamar faoi deara agus dúradh linn gan leithscéal go raibh fíor-easpa áiseanna ann. D’fhéadfaidís a bpáistí a thabhairt ar scoil ar maidin ach nuair a thiocfadh na páistí abhaile ón scoil tráthnóna, is fíorbheag a bhí ar fáil ann dóibh le spraoi a dhéanamh. Nuair a chríochnaíonn déagóirí an scoil, arís, is í easpa spraoi agus an rud neamhfhoirmiúla seo a bhíonn ann. Nuair a éiríonn siad níos sine, mar atá mé féin anois, is fíorbheag a bhíonn acu leis na tráthnónta agus na hoícheanta a chuir isteach.

Don duine a phiocann nuachtán suas ar maidin agus atá in ann crosfhocal a dhéanamh, seachas an nuachtán seachtainiúil Gaeilge a fhoilsítear, ní féidir leo é sin a dhéanamh ar bhonn laethúil trí Ghaeilge. Thosaigh Glór na nGael ag foilsiú leabhair chrosfhocail. Tá stair agam chuige sin. Tá mé ag déanamh crosfhocail le breis agus 40 bliain, an chuid is mó acu trí Ghaeilge. Tá roinnt leabhar ar chrosfhocail foilsithe ag Glór na nGael. Is fiú breathnú ar an gcineál stíl a bhí i gceist againn. Taobh istigh de leabhar amháin, bhí cuardach focal againn leis na leideanna i bhfoirm phictiúir a bhí ag díriú isteach ar aois níos óige.

Ar an leathanach idir na cinn sin bhí crosfhocal ann do dhaoine fásta. Arís, bhí pictiúir ann ionas gur féidir leis an fhoghlaimeoir fásta leideanna nó nodanna a fháil. Nodanna Don Eolach an t-ainm a bhí ar an leabhar. Is féidir é sin a thuiscint. Cuirfidh mé é sin timpeall an tseomra.

D'fhoilsigh muid roinnt cártaí freisin, idir chártaí imeartha do dhaoine fásta agus chártaí eile ina bhfuil Dingbats agus a leithéid, mar a luaigh mé níos luaithe. Tá puzzle déanta as focail. Tá sé seo difriúil ón ghnáthrud foghlamtha atá ann. Níl aon rud oideachasúil per se i gcuid de na cluichí seo. Cuirfidh mé an paca cártaí atá agam anseo timpeall. Is é an dúshlán atá ann ná cinntiú go bhfuil daoine ábalta spraoi a bhaint as cluichí trí Ghaeilge. Is rud tánaisteach air sin é an fhoghlaim. Níltear ag díriú isteach ar an fhoghlaim. Cuirfidh mé paca eile timpeall. Níl sé mar an gcéanna. Tá trí leagan éagsúil den rud seo ann. Bhí muid ag iarraidh teacht ar chluichí a bhí dúchasach agus Éireannach ach gan a bheith ag díriú isteach ar an teanga mar an hook. Bhí muid ag iarraidh an Ghaeilge a bhaint as cluiche Gaeilge ionas go mbeadh na daoine a bheadh ag imirt agus ag gabháil páirt sna cluichí ag foghlaim ach gan a bheith ag suí síos chun an Ghaeilge a fhoghlaim. Bheadh siad ag imirt na cluichí seo mar chuid den spraoi féin, mar an gcéanna leis na crosfhocail agus leithéidí sin.

Cén cineál forbairt air seo atá déanta againn thar na blianta? Le 13 bliain anuas, bhí sprioc againn a bheith ábalta thart ar dhá áis, chluiche nó leabhar crosfhocal a thabhairt amach gach bliain. Bhí blianta ann ina raibh sé an-deacair teacht suas leis na suimeanna airgid a bhí de dhíth, go háirithe leis na cluichí móra leithéidí Monopoly, Scrabble agus Cluedo. Chuir muid amach trí leibhéal Scrabble. Chuir muid amach Scrabble Junior, mar a dtugtar air i mBéarla. Tá sé sin do pháistí an-óga. Bhí ceann do dhaoine óga agus an ceann clasaiceach a bhfeictear sa bhosca glas freisin. Ní féidir le daoine dul isteach agus a rá go bhfuil siad chun cluiche ar leith a fhoilsiú gan acmhainní a bheith acu leis an cheadúnas a fháil. Tá an ceadúnas féin an-chostasach. Tá an dúshlán i leith airgead a fháil méadaithe go mór nuair a chaithfidh tú íoc as an táirgeadh féin.

Glacaim leis go bhfuil fadhb chéanna ag Aidan Courtney, is é sin go bhfuil foilsitheoirí Gaeilge ag díriú ar mhargadh atá níos lú ná an margadh Béarla i gcónaí. Tuigimid an cheist sin. Tá an-leisce ag na comhlachtaí móra 500 earra a tháirgeadh. Táim ag caint faoin dreaded minimum order quantity, MOQ, a thagann ar ais chugat i gcónaí nuair atá tú ag iarraidh rud mar seo a dhéanamh. Tá siad ag iarraidh íosmhéid de 3,000, 5,000 nó níos mó. Cruthaíonn sé sin dúshlán iontach mór eile d'fhoilsitheoirí cosúil le Glór na nGael nó Cluiche.ie. Cén áit gur féidir na cluichí a stóráil? Uaireanta bíonn ort iad a stóráil fá choinne trí, ceithre nó cúig bliana. Tá costas mór leis sin. Caithfidh siad a bheith stóráilte in áit atá sábháilte, slán agus tirim. Chomh maith leis sin, caithfear a bheith foighneach toisc nach rachaidh na cluichí ar fad amach sa chéad bhliain tar éis a bhfoilsiú. Ag an am céanna, níl tú ag iarraidh ordú fá choinne 100 cóip de chluiche a chur isteach a chosnóidh €50 in aghaidh na cóipe agus nach mbeidh custaiméir ar bith ábalta íoc as sin. Tá tacaíocht éigin de dhíth ansin. Táimid an-bhuíoch as an tacaíocht a bhfuair muid thar na blianta ó chlár na leabhar Gaeilge agus ón Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, do na cinn a d'fhoilsigh muid a bhí dírithe ar an oideachas. Mar sin féin, nuair a théann tú i mbun rud nua, cosúil le cuid de na samplaí a luaigh Áine Ní Éanaigh sa nóta a chuir sí chugam nó cártaí trí Ghaeilge do bhreithlaethanta, don Nollaig, do chóineartuithe, do bar mitzvah, do Diwali nó d'aon ócáid mhór eile a chruthú, tá tú ag díriú ar mhargadh an-bheag. Tá costas ag baint leis an dearadh, leis an gclódóireacht, leis an stóráil agus lena leithéid.

Is é an rud deireanach a déarfaidh mé, toisc go bhfuil a fhios agam go bhfuil daoine eile le labhairt, ná an mórchostas agus an dúshlán atá ann ansin. Tagann sé ar ais go dtí ceist an Teachta faoi chonas a spreagtar daoine. Is é an spreagadh atá de dhíth againn ná fógraíocht a insíonn don domhan go bhfuil na cluichí sin ann. Is rud amháin iad a dhéanamh ach tá dúshlán ag baint le hiad a chur os comhair daoine. De ghnáth, má tá airgead carntha le chéile againn chun rud a fhoilsiú, níl pingin ar bith fágtha ina dhiaidh sin leis an fhógraíocht riachtanach a chur os comhair daoine. Chomh luath is atá a fhios ag daoine go bhfuil earraí Gaeilge mar seo ar fáil, bíonn custaiméirí againn láithreach. Bhí sin le feiceáil againn thart ar trí bhliain ó shin nuair a bhí muid féin ar sheó bréagán "The Late Late Show". Product placement a bhí i gceist. Bhí cóip de Monopoly ina suí ar an tábla cáiliúil sin. Taobh istigh de dhá lá, bhí muid tar éis cúpla céad cóip a dhíol. Go dtí go bhfaca daoine go bhfuil na rudaí seo ar fáil, ní tharlaíonn sé sin. Má tá buiséid de dhíth ag eagraíochtaí atá maoinithe ag an Stát, agus táimid buíoch as an maoiniú sin a chuirtear ar aghaidh chugainn, caithfidh siad a bheith ábalta cuimhneamh ar na dúshláin mhóra atá ann maidir le forbairt, táirgeacht, rudaí a chur i gcló, stóráil agus fógraíocht agus ar thacaíocht i leith na hábhair sin a chur ar fáil agus a dhíol ina dhiaidh sin. Fágfaidh mé mar sin é. Má tá ceisteanna ann, bheinn buíoch astu.

Mr. Alun Ceri Jones

I apologise in advance that I cannot deliver my statement in Irish.

Tá sé sin ceart go leor.

Mr. Alun Ceri Jones

I thank the committee for this opportunity to share my experience as a publisher of leisure reading material in Irish. The field of Irish language publishing consists of a few small but active publishing houses. Since Dalen joined these creative ranks in 2014, we have continually developed a range of works to delight and entertain a wide range of audiences and consumers. Our own creative ecosystem focuses on developing exciting works of an international nature for the Irish language reader, concentrating on the quality of content and delivery, repackaging works for the benefit of audiences and working in fruitful partnerships with established and new artists and cultural organisations.

The nature of the small language environment in which we operate means we are, to a great degree, values led rather than finance driven. While we acknowledge the commercial value of the skills, work and effort our commissions and titles entail, we are also aware the imperative is often a desire and willingness to make works happen, to create excellent interactions for audiences and to expect high-quality material in the Irish language because second best is not good enough. Although to a great degree publicly funded, our works are produced within trade frameworks with professional rates of remuneration, commercial fees, contracts and costs. Consequently, it is imperative our approach to works is commensurate with publishing industry standards.

As one of the few publishing houses regularly sourcing content and material from European markets, ours is a unique contribution to the Irish language publishing ecosystem, delivering such material in the language to consumers and bringing internationally acclaimed series to the Irish language market, which in turn raises the profile and perception of the language at home and abroad. In bringing content from foreign cultures and markets, our role as repackagers and creators of this content in Irish is to use language, imagination and critical analysis to transform new and unfamiliar narratives into material that is culturally relevant to our audiences and which can be enjoyed and appreciated by them. In this respect our texts can contribute to discourse and opinion surrounding linguistic and cultural perception and value, cultural self-identity and appreciation within an international context, and shaping literary, linguistic and cultural behaviour about the positioning of the Irish language and its sense of place within national and international contexts.

Our work brings together a group of new and experienced Irish language writers, translators and editors, giving them an opportunity to work on high-quality material in under-represented genres. All of our titles require extensive consideration and revision to present the most creative and inventive Irish texts possible. Literary translation is much more than transliteration of words from one language to another. It is about reflecting the nuance of dialogue; introducing relevant, natural and original humour; cultural relevance and appropriation where justified; and creating text that can stand as proud as any other piece of original work. Dalen has demonstrated its ability to achieve this within the works which now have a respected place in the Irish literary landscape.

At the core of our ambition is the aim of creating reading material that is attractive to those who may otherwise ignore literature, and Irish language literature in particular, appealing to sometimes underserved audiences, in particular teenagers and young adults, with a degree of emphasis on literarily and linguistically reluctant males. Each of our titles has its own literary merit for its intended audience, ranging from the classically notable to the contemporarily trashy, from clever artistry and storytelling to engaging pseudo-history and unabashed mass audience entertainment. The stories we bring to our audiences are selected for their discerned quality, potential attractiveness to readers, and unique potential in the Irish language book market.

An bhfuil aon ceisteanna ag an Teachta Connolly?

Tá mé faoi bhrú ach tá an ráiteas tosaigh léite agam agus tá sé an-chabhrach. Tá réimse leathan Gaeilge ann. Táimid ag caint faoi réimse ó lámhscríbhinní ón 14ú aois go dtí greannáin. Tá réimse leathan ann agus tá lón machnaimh don choiste anseo cén sórt tuarascáil a bheas á scríobh againn. Gabhaim buíochas le Alun Ceri. Gabh mo leithscéal ach caithfidh mé an cruinniú a fhágáil.

Tá cruinniú eile againn ag 4.30 p.m.

Tá agus tá rud eile le déanamh agam idir sin agus anois.

Bímid gnóthach. Ligimid orainn go mbíonn ar aon nós. Tá sé fágtha fúm roinnt cheisteanna a chur. Cuirfidh mé ceist ar Alun Ceri faoin méid a dúirt sé ansin agus a chuir sé os á gcomhair. Deireann sé, toisc an sórt oibre atá á fhoilsiú ag Dalen, nach féidir le clár na leabhar Gaeilge cuidiú leis agus go raibh sé ag braith ar an gComhairle Ealaíon ó thaobh deontais de. An féidir le Alun Ceri míniú a thabhairt dúinn air sin? An bhfuil sin fíor faoi Cluiche.ie freisin? In ainneoin go bhfuil sé ag foilsiú stuif i nGaeilge, ní thiteann sé isteach go néata i deontais an Stáit. B'fhéidir gur sin ceann de na moltaí gur féidir teacht as an gcoiste seo, gur chóir go mbeadh an córas beagáinín níos fearr ó thaobh déileáil le gnéithe eile den léitheoireacht agus den bhfoilsitheoireacht, nach díreach gnáth téacsleabhair, úrscéalta nó a leithéid ar chóir go mbeadh clúdaithe ag clár na leabhar Gaeilge amach anseo.

Mr. Alun Ceri Jones

The various streams of funding that are available are quite extensive. In a way it is natural that a publisher needs to source the right kind of funding for the projects it may have. If the clár na leabhar Gaeilge is concentrating more on original material, then it might not be the right source of funding for us. Dalen is coming to Irish language publishing from the Welsh perspective, where the market is fairly strong and where there is essentially one funding organisation that assists publishers in so many different ways, from grant funding for publications to games funding and funding of staff in larger publishing houses. If the Irish ecosystem could find some sort of similar way forward where an umbrella organisation could potentially direct publishers and producers to appropriate kinds of funding, then it might be easier to have a broader picture of what could be produced. Having said that, the funding Dalen has received in recent years from the Arts Council, the Irish language publishing programme and COGG is extremely generous. The funding available for what I assume is the right kind of programme and potential titles to be published in Ireland is very generous and goes a long way to help us produce material.

Mr. Eoghan Mac Cormaic

Aontaím leis an méid sin. Táimid an-bhuíoch as an tacaíocht a fuaireamar ó COGG nuair a bhíomar ag díriú isteach ar chluichí oideachasúil nó cluichí go dtiocfadh linne ar a laghad a rá go bhfuil gné oideachasúil ag baint leo. Fuair muid tacaíocht díreach ó Fhoras na Gaeilge féin bliain amháin, taobh amuigh den ghnáth maoiniú bliantúil a fhaigheann Glór na nGael do seo. An té nach bhfuil láidir ní foláir dó bheith glic, agus caithfidh muidne teacht ar bhealaí eile le rudaí a fhoilsiú.

Mar shampla, nuair a thosaigh an tréimhse Covid dhá bhliain ó shin, bhí foireann againn de thart faoi 18 ag an am a bhí ag díriú isteach ar obair phobal fud fad na tíre. Beagnach thar oíche, taobh istigh de sheachtain, bhí clár oibre iomlán nua leagtha amach againne nuair a bhíomar ag foilsiú cluichí ar líne. Gach maidin bheadh duine éigin ag déanamh aclaíochta trí Ghaeilge agus chuireamar liathróid ar leith dóibh sin a d'fhoilsigh muid. D'oscail muid an suíomh crosfhocal.ie, a bhí dírithe ar chrosfhocail don trí leibhéal mar a luaigh mé ansin, agus bhí cuardach focal, spot the difference agus stuif mar sin trí Ghaeilge san áireamh. Tá sin fós ar fáil, mar sin is féidir teacht ar an suíomh sin ina iomlán i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Níl a fhios agam an bhfuil 400 rud éagsúla a cruthaíodh taobh istigh den chéad sé mhí de Covid. Ansin nuair a thosaigh an cogadh san Úcráin, taobh istigh de thréimhse an-ghairid nuair ba léir dúinne go raibh teifigh ag teacht go dtí an tír seo ón Úcráin, thosaigh baill áirithe d'ár bhfoireann ag cruthú grafaicí beaga do pháistí Úcránach ina mbeadh Gaeilge agus Úcráinis taobh le taobh le cuidiú dóibh teacht i dtír sa tír seo.

Táimid solúbtha agus táimid ábalta bogadh amach as an ghnáthrud ach ní hionann rud atá ar líne agus rud atá fisiciúil os do chomhair leat ar seilf na leabharlanna, ar seilf an tsiopa agus a leithéid. Ba mhaith linne go mbeadh ciste éigin a thabharfadh an tacaíocht atá riachtanach mar táimid ag streachailt in aghaidh mórmhargaí Béarla. Is féidir linn gach rud a normalú ach nuair a théann tuismitheoirí amach ag ceannach an chéad bhréagán dá pháistí agus nuair a chosnaíonn sé trí oiread praghas a macasamhail i mBéarla, níl sin cothrom agus caithfear tacaíocht éigin a thabhairt isteach air sin, rud a rinne muid nuair a thóg muid amach an teidí a bhí againn trí Ghaeilge. Rinne muid iarracht é a dhéanamh ar phraghas a bhí incheannaithe ach ní féidir dul ar aghaidh agus ar aghaidh ag cailliúint airgid ar rudaí mar sin. Caithimid teacht ar tacaíocht do sin.

Mr. Aidan Courtney

Táimid an-bhuíoch d'Fhoras na Gaeilge, a thug tacaíocht dúinn den chéad uair in 2007.

Cheap daoine go raibh mé as mo mheabhair agus agus iad ag fiafraí díom cén fáth go raibh mé ag déanamh rudaí trí Ghaeilge. Is í an aisling atá ag gach duine agus iad ag obair mar chartúnaí ná Marvel, DC Comics, The Beano nó rudaí mar sin. Bhí mé thar lear i gCeanada, ag léamh greannáin Fraincise, agus ag gáire trí theanga na Fraincise. Tháinig mé ar ais le mála mór agus tá roinnt greannáin Fraincise agam anois ach bhí mé ag gáire i dteanga eile. Nuair a bhí mé óg bhí Clann Disney le fáil. An cuimhin le haon duine Clann Disney? Irisleabhar iontach ab ea é. Tá irisleabhair agus greannáin Disney i ngach tír san Eoraip, fiú san Íoslainn. Cén fáth nach bhfuil greannáin mar sin anseo? Is é sin an méid. Tar éis dom bheith ag caint le Foras na Gaeilge, thosaíomar leis an irisleabhar seo. Bhí mé an-bhuíoch as sin. Ina dhiaidh sin, thosaíomar ar Ruaille Buaille ach tá sé deacair agus daor rudaí a chruthú.

Aon uair a bheadh an smaoineamh againn níos mó leabhair a chruthú, ní rabhamar ábalta ach cnuasach gearrscéalta a dhéanamh trí Ghaeilge. Is é sin an méid. Bhí daoine mar Declan Shalvey ag obair linn agus rinne sé leathanach amháin do Rí-Rá #0 agus tá sé ag obair le Marvel, DC Comics agus foilsitheoirí mar sin anois. Bhí tallann mar sin againn. Bhí Rebecca Nalty ag obair ar scéal i Ruaille Buaille, imleabhar 2, agus tá sí ag obair chun dathanna a dhéanamh i ngreannáin do Image Comics agus do DC Comics agus mar sin de. Tá an tallann anseo in Éirinn. Bhíomar an-bhuíoch as an tacaíocht a fuaireamar ach tá sé deacair mar gurb é an chéad rud a deireann daoine ná snobbery atá i gceist le greannáin agus fiafraíonn siad cén fáth an bhfuil greannáin i gceist againn. Deirim leo go bhfuil Dog Man i ngach áit anois. Tá Phoebe and Her Unicorn léite ag cailíní anois agus le fáil i leabharlanna trasna na tíre.

Ag an am, bhí mé ag rá gur cheart dúinn rud mar sin a dhéanamh ach d'éirigh mé as sin mar tá mé ag déanamh ceardlanna agus rudaí mar sin anois. Is é sin an méid uaim.

Bheinn sásta fanacht anseo an oíche ar fad ag labhairt agus ag éisteacht lenár n-aíonna mar is iad siúd an dream ar leith. Gabhaim comhghairdeas leo mar go bhfuil siad ag coimeád na Gaeilge beo lasmuigh den ghnáthrud a fhéachann an chuid is mó den phobal air mar litríocht nó mar leabhar. Tá leabhair filíochta, dánta agus gearrscéalta ann ach nuair a bhíomar ar fad níos óige, ghlacamar leis na coimicí, i mBéarla den chuid is mó, ach bhíodh cinn i nGaeilge ann anois is arís. Bhí ceann staire, más buan mo chuimhne agus measaim gurbh iad na Bráithre Críostaí nó an córas oideachais a chuir amach é. Bhí dhá nó trí leathanach de rudaí difriúla faoi stair na hÉireann ann. Bhí Our Boys ann, measaim, ag an am céanna freisin. Ní fheictear an oiread sin díobh anois. Is é sin an fáth a ghabhaim comhghairdeas lenár n-aíonna mar tá siad ag cruthú na féithe sin. Cad é an rud is mó díol sa tSeapáin?

Mr. Aidan Courtney

Is é Manga, agus Manhwa sa Chóiré agus in áiteanna eile.

Is léir, nuair a théitear go dtí an Fhrainc, mar a deir Aidan Courtney, nó go Ceanada, go bhfuil siad ar fad ann.

Mr. Aidan Courtney

Tá greannáin Ollainnise agam agus cinn Spáinnise ón bhfoilsitheoir iontach seo. Bím ag gáire nuair a bhím ag léamh Garfield, atá curtha in iúl i dtrí bhosca, sa chuid is mó. Nuair a théim go dtí scoileanna agus nuair a bhím ag caint leis na daltaí, bíonn an-spraoi acu nuair a bhíonn siad ag cruthú greannáin agus á léamh. Téann siad ar ais arís is arís eile go dtí an leabhar céanna. Nuair a bhíonn daoine ag gáire, bíonn tuiscint acu ar an teanga - bíonn siad ag léamh ach bíonn spraoi acu. Is é sin an smaoineamh a bhí againn chun an tallann atá in Éirinn a úsáid. Tá sé tábhachtach mar go bhfuil a lán daoine ag obair in Éirinn le Beochan agus le foilsitheoirí iontacha eile anseo.

Tá sé an-deacair díriú isteach ar chluiche agus a rá nach bhfuil sé oideachasúil. Bhí mé i mo mhúinteoir ar litearthacht as Béarla le daoine den aois 16 agus 17 a tháinig amach ón scoil gan léamh ceart acu. Bhí mise á múineadh ar feadh tréimhse. Bhí curaclam tugtha dom ach ní rithim i gcónaí le rudaí a thugtar dom. Mar chuid den churaclaim a chothaigh mé, bhí sé mar nós againn suí síos le cluichí ar nós "Discover Ireland" nó “Who wants to be a Millionaire?”. Lá amháin,agus ceann de na cluichí sin ar siúl againn, tháinig an cigire isteach agus thosaigh sé ag gearán nach raibh mé ag cloí leis an gcuraclam. Ní curaclam ceart a bhí i gceist an tráth sin. Dúirt mé leis an gcigire go raibh gach uile leaid sa rang - is buachaillí amháin a bhí sa rang sin; bhí rang eile agam le cailíní - ag léamh. Níor aithin siad go raibh siad ag léamh, cé go raibh siad ag léamh na cártaí amach os ard os comhair daoine eile. Is cluiche a bhí ann ach cluiche ina raibh siad ag úsáid rud nár thuig siad. Níor thuig siad go raibh siad in ann léamh. Tar éis cúpla seachtain, bhí siad breá sásta rudaí eile a dhéanamh.

Má tá focail i gceist leo in aon chor, is meáin oideachasúla iad na foilseacháin éagsúla seo. Tá sé go maith go bhfuil an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta ag tabhairt an aitheantais sin dár n-aíonna gur féitheacha oideachasúla iad na foilseacháin seo. Chomh maith leis sin, ámh, is féitheacha nó gnéithe chultúrtha iad freisin agus ba chóir níos mó a dhéanamh leo. Tá an ceart ag Aidan Courtney mar gheall ar animation. Ní gá dúinn ach féachaint ar cé chomh minic is atá Cartoon Saloon curtha chun cinn ó thaobh na Oscars de, agus an líon daoine atá gafa leo ansin.

Mr. Aidan Courtney

Tá “SpongeBob SquarePants” i nGaeilge ar Netflix agus tá sé go hiontach agus tá níos mó mar sin ann. D'fhéadfaí “Star Wars” a bheith ann trí Ghaeilge mar bheochan.

Luaigh Eoghan Mac Cormaic stóras. Tuigim cás an stórais. Bhí mé thíos i gCló Iar-Chonnacht an tseachtain seo caite agus chonaic mé an stór mór agus an siopa leabhar atá ag an gcuideachta sin agus tá sé beagnach lán cheana féin. Táim ag labhairt faoin stuif nua amháin anseo. Tá an sean stuif, is dóigh liom, fós i dteach Mhíchíl Uí Chonghaile. Ní foilsiú fisiciúil amháin atá i gceist le foilsiú mar tá an stóras, an díolachán agus an mhargaíocht i gceist leis freisin. An bhféadfadh ár dtriúr aíonna míniú a thabhairt don chomhchoiste ar an gceist seo? Tá sé i gceist ag an gcomhchoiste tuarascáil a chur le chéile. Beidh moltaí, ní hamháin don Aire Stáit ach freisin d’Fhoras na Gaeilge - atá freagrach as clár na leabhar Gaeilge - agus don Chomhairle Ealaíon, á ndéanamh ag an gcomhchoiste. Cad iad na rudaí agus an sórt cuidithe breise a bhféadfaimis a thabhairt ó thaobh fhoilsitheoireacht na Gaeilge de chun daoine a mhealladh i dtreo na Ghaeilge chun í a labhairt nó, fiú amháin, idirghabháil a dhéanamh leis an teanga?

Mr. Eoghan Mac Cormaic

Luaigh an Cathaoirleach go mbíonn focail i gceist nuair atá daoine ag foghlaim i ngan fhios dóibh féin. Tá cluichí againn ar nós "Spraoi le Brí". Sular thugamar é sin amach, thugamar cluiche charades as Gaeilge amach. Is é an rud atá i gceist leis an gcluiche sin ná go bhfuil sé in aghaidh na teanga - tá duine éigin ag déanamh aisteoireacht gan focal a rá. Go tapa, dúirt mé nach raibh mé ag iarraidh dul an treo sin ach chun daoine a chur i dtreo na teanga. Chruthaigh mé an cluiche "Spraoi le Brí". Tá cluichí cosúil leis i dteangacha eile freisin. Scríobhtar an focal síos agus caitear an focal a mhíniú gan an focal féin a úsáid. Ciallaíonn sé sin go bhfuiltear ag tarraingt focal as gach áit le rud éigin a mhíniú. Má tá an focal "capall" i gceist, bítear ag caint faoi mharcaigh, ag rith, ag sodar agus ag léim thar sconsa. Táthar ag baint úsáid as focail eile ansin dá bharr. Tá sé sin an-tábhachtach mar is é sin an saghas cluiche nach bhfuil dúshlán mór stórála i gceist leis.

Mar a deirim, nuair a théitear i gcomórtas leis an saol idirnáisiúnta, tá daoine ag súil go mbeidh an táirge sa phacáistiú agus sa bhosca céanna. Má tá 2,000 cóip de rud mar sin le bheith agat, thiocfaí go mbeifí in ann iad a stóráil i ngluaisteán ach is ceist iomlán dhifriúil é seo.

Chomh maith leis sin, nuair atá leabhar á chur amach, táthar ag súil go bhfaighfí réidh leo i ngaireacht tréimhse réasúnta gairide ansin; is é sin taobh istigh de roinnt míonna.

Le gach iris, tá ceann nua ag teacht trí mhí ina dhiaidh sin. Beidh cluichí mar seo ina suí ar feadh tamall fada. Mar sin, tá tú buartha faoi thaise, dúch, athrú teochta agus a leithéidí sin. Seo rudaí, i ndáiríre, atá i bhfad taobh amuigh de réimse eagraíochtaí Gaeilge. Ní saineolaithe muidne ar na hábhair seo. Ghlac muid leis an sprioc rudaí a chruthú agus ansin fágadh muid leis an bhfadhb iad a stóráil. Molaim áit stórála d’fhoilsitheoirí agus eagraíochtaí a chruthaíonn cluichí, leabhair agus rudaí mar sin, ar chostas réasúnta. Nílimid ag iarraidh rud saor in aisce. Dá mbeadh sé sin ann ar chostas réasúnta, bheadh sé ina chuidiú an-mhaith. Chomh maith leis sin, cuireann rudaí mar seo an teanga ar an léarscáil do dhaoine. Tuigeann siad ansin go bhfuil an réimse chomh leathan sin go bhfuil na heagraíochtaí agus foilsitheoirí ag iarraidh spás stórála dó. Nílim ag rá go gcaithfidh sé seo a bheith lárnach nó in aon áit amháin ach beidh tacaíocht de dhíth don stóráil amach anseo.

An bhfaigheann na finnéithe airgead margaíochta in aon chor, ó aon fhoinse?

Mr. Eoghan Mac Cormaic

Taobh istigh de mhaoiniú ó COGG, caithfear a lua go mbeidh margaíocht déanta ar an ábhar ach níl aon líne sa bhuiséad don mhargaíocht féin.

Mr. Aidan Courtney

Bhí roinnt airgid le fáil chun margaíocht a dhéanamh. Bhíomar ar Raidió na Life agus áiteanna eile nuair a bhíomar ag déanamh Ruaille Buaille ach sin irisleabhar le ISBN agus ISSN so tá sé difriúil. An fhadhb atá ag na hirisleabhair, nuair osclaíonn daoine an bosca, sometimes the newsagent would just look at it, see it is an Irish language comic and dump it. Sin an fhadhb atá againn. Chonaic mé na figiúirí agus my jaw dropped. Chaill muid 200. As sin, thosaigh mé ag déanamh na leabhar mar bhí siad sale or return nó firm sale so bhí siad níos éasca a dhéanamh.

Ó thaobh cúrsaí stórála, tá mo leabhair faoi mo staighre. Sin an fhadhb atá againn. Níl mo bhean chéile róshásta leis sin. Tá mé ag déanamh mo dhícheall iad----

Mr. Eoghan Mac Cormaic

Don taifead, tá mise mar an gcéanna.

Mr. Aidan Courtney

Sin an fhadhb atá againn le stóráil. Tá sé deacair iad a stóráil.

Mr. Alun Ceri Jones

Dalen produces book cover posters and material that could be used in classrooms or by retailers. Creating material that retailers can use to promote titles and series for us is important. With point-of-sale material, a lot of retailers might not have the space for it.

Coming back to the crucial element of storage and representation and getting the message out, Áis does a wonderful job of taking material and storing it in its own distribution warehouse. It has a representative on the road but it is one representative for the whole country. The Books Council of Wales has a team of six representatives on the road, including schools representatives. It has a distribution centre and provides a service for publishers. That could be replicated in Ireland.

On the road.

Mr. Alun Ceri Jones

The cost for a publisher to store materials is not taken into account. It provides the service, the warehousing and the right kind of environment for books, games, and whatever. It generates sales through mainstream bookshops and smaller retailers that might be interested in taking stock. If a new title comes out, I give it 300 copies straight away. It may take 18 or 24 months to shift that stock but I know it will shift and it will pay me as material is sold. That kind of marketing is much more than any individual publisher in our small markets can manage on its own. It is such a massive element of work. The person producing the material does not have that much time left to promote it and sell it to retailer or audiences, in whichever way.

Níl a fhios agam an bhfuil aon rud eile gur féidir liom a chur leis sin faoi láthair. Beidh na siopaí leabhar Gaeilge os ár gcomhair amach anseo. Tá cuireadh tugtha againn d’Easons chomh maith ó thaobh point of sales, cá mbíonn na leabhair Ghaeilge ar na seilfeanna agus na fadhbanna atá acu. Beimid ag díriú isteach air sin. Má smaoiníonn na finnéithe ar rud éigin nár phléigh muid, féadfaidh siad scríobh isteach chugainn. Beimid ag déileáil leis seo ar feadh trí nó ceithre chruinniú eile, ar a laghad. Beidh roinnt de na húdair ag teacht os ár gcomhair an tseachtain seo chugainn agus an tseachtain ina dhiaidh. Is ar gach gné den fhoilsitheoireacht agus léitheoireacht atáimid ag díriú. Táimid ag súil go mbeidh tuairisc cuíosach substaintiúil againn ag déileáil leis an réimse iomlán. B’fhéidir go mbeimid ag teacht ar ais ag Alun Ceri Jones le ceisteanna eile mar gheall ar cad a tharlaíonn sa Bhreatain Bheag sa chaoi gur féidir linn a rá go bhfuil an cuma air go bhfuil rudaí ansin i bhfad Éireann níos fearr ná mar atá ag tarlú dúinne faoi láthair.

Go n-éirí an t-ádh leis an Leabharlann Náisiúnta sa bhliain romhainn. Tá an cuma air go bhfuil go leor stóras ansin ach díreach do leabhair amháin ag an am. Tá Eoghan Mac Cormaic ag díol leabhar é féin. Cé mhéad a bhí aige sa boot le déanaí? Tá dhá leabhar foilsithe aige le tamall beag. Tá sé ag díol ceann amháin as Gaeilge agus ansin tosóidh sé ar an gceann Béarla, atá foilsithe chomh maith. Nach ea?

Mr. Eoghan Mac Cormaic

Tá siad fós-----

Tá ceann agam áit éigin. Bhí sé istigh liom níos luaithe agus bhí sé ag triail é a dhíol. Tá ceann as Gaeilge ach tá leagan Béarla difriúil aige.

Tá leabhair á fhoilsiú. Bhí Pádraig Ó Laighin os ár gcomhair anuraidh. Sin leabhair Cló na nGael. Ní ceann de na mór-fhoilsitheoirí iad agus tá an cuma air gur leabhair den chéad ghrád atá iontu. Táimid ag féachaint ar chleachtaí i dtíortha eile chomh maith. Leabhar eile a thug mé isteach liom a bhí foilsithe le déanaí ná The Gaelic Crisis in the Vernacular Community le Conchúr Ó Giollagáin. Tá beathaisnéis, filíocht, agus, mar a léirigh na finnéithe inniu, leabhair do dhaoine óga, nó seandaoine cosúil liomsa a léann leabhair óga, á fhoilsiú. Tá siad ar fad anseo againn. Caithfimid déanamh cinnte de go bhfuil a fhios ag an bpobal go bhfuil siad ann agus go bhfuil siad sásta iad a cheannach nó dul isteach i leabharlanna. Ní díreach an Leabharlann Náisiúnta atá i gceist. Bhí leabharlannaithe ó Chontae na Gaillimhe os ár gcomhair. Caithfidh daoine dul isteach sna gnáth-leabharlanna chomh maith. Tá a fhios agam go bhfuil fadhbanna ansin ó thaobh na leabhar a bheith ar fáil agus an t-éileamh a chothú dóibh agus tá súil agam go réiteofar é sin.

Gabhaim mo bhuíochas leis na finnéithe as a bheith os ár gcomhair leis an ábhar seo a plé agus na tuairimí a bhí acu a roinnt linn.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 4 p.m. go dtí 2 p.m., Dé Céadaoin, an 22 Meitheamh 2022.
Barr
Roinn