Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Wednesday, 6 Jul 2022

Aighneacht Réamhbhuiséid TG4: Ard-Stiúrthóir TG4

Leanfaimid leis an gcruinniú. Anois táimid ag breathnú ar bhearta TG4 agus na héilimh réamh-cháinfháisnéise atá acu.

Meabhraím do chomhaltaí, d’fhinnéithe agus do bhaill fhoirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe. Muna ndéantar sin, cuireann na gléasanna sin as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is de bharr riachtanais bhunreachtúla é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad féin le feiceáil ar an scáileán. Ba chóir d'aon duine atá ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil a chinntiú go bhfuil a micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag labhairt.. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin más gá. Feicim go bhfuil an Seanadóir Kyne anseo go fíorúil.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Ní féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu ó thaobh amuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d'fhinnéithe, go mór mór iad atá ag freastal ar an gcruinniú ón taobh amuigh, a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir dóibh amhlaidh a dhéanamh láithreach. Ordaítear d’fhinnéithe gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuireann siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon an cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh, líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí ina bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar dóibh éirí as an ráiteas sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach.

Anois iarraim ar Alan Esslemont labhairt os comhair an choiste thar ceann TG4.

Mr. Alan Esslemont

Mar a rinne mé anuraidh, tá áthas orm aighneacht réamhbhuiséid TG4 a chur ar fáil don choiste. Tá ár n-aighneacht curtha le chéile i gcomhthéacs straitéis bhord TG4, “Fís tar éis Covid”. Tá cáipéis curtha ar fáil anseo don chomhchoiste, ag leagan amach tosaíochtaí an stáisiúin don bhliain seo chugainn. Cuireadh an aighneacht seo ar fáil don Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Teachta Catherine Martin, agus don Roinn an tseachtain seo caite.

Titeann infheistíocht na hÉireann sna meáin Ghaeilge i bhfad taobh thiar de na tíortha inar glacadh le straitéisí chun mionteanga bheo a chothú mar chuid lárnach de shochaí nua-aimseartha. Níl i maoiniú poiblí iomlán TG4 do 2022 ach 23% d’ioncam RTÉ ó tháillí ceadúnais 2020.

Níos lú ná 50 km uainn ar an taobh thall de Mhuir Éireann, tá an leibhéal maoinithe iomlán difriúil ag an gcraoltóir mionteanga is gaire dúinn, an craoltóir seirbhíse poiblí Breatnaise, S4C. Rinne Rialtas na Breataine athbhreithniú ar S4C i mbliana agus bhronn sé méadú £7.5 milliún ina mhaoiniú poiblí bliantúil chun an maoiniú a fhaigheann sé ó tháille cheadúnais na Ríocht Aontaithe a thabhairt go £88.5 milliún. Faigheann S4C 515 uair an chloig de chláir in aghaidh na bliana ón BBC freisin, ar luach measta £22 milliún. Is léir go bhfuil scála i bhfad níos suntasaí acmhainní dírithe ar sheirbhísí meán poiblí do chainteoirí Breatnaise ná mar atá ar chainteoirí Gaeilge na hÉireann.

Freisin, i dTír na mBascach, déanann EITB, atá comhionann le RTÉ ansin, a bhuiséad a roinnt go cothrom, 50%-50%, idir an mhórtheanga, Spáinnis, agus an mhionteanga, Bascais. Caitheann EITB thart ar €90 milliún in aghaidh na bliana ar ábhar na Bascaise agus ag freastal ar dhaonra réigiúnach thart ar 2.2 mhilliún, a bhfuil timpeall 750,000 acu leis an mBascais.

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Aire, an Teachta Catherine Martin, agus leis an Rialtas as an dul chun cinn atá déanta le dhá bhliain anuas. Tá mé faoi chomaoin freisin ag na polaiteoirí ar fad a léiríonn tacaíocht traspháirtí do TG4. Áfach, ag leibhéal na ranna maoinithe - An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an Roinn Airgeadais - níl aon chomhartha feicthe agam go bhfuil tuiscint ann ar an mbearna ollmhór atá ann idir maoiniú TG4 agus maoiniú na meán sna tíortha inar glacadh le straitéisí chun mionteanga bheo a chothú mar chuid lárnach de shochaí nua-aimseartha. Dar liomsa, tá sé seo amhlaidh mar gheall go mbreathnaíonn ranna maoinithe an státchórais ar an nGaeilge go príomha mar ornáid chultúrtha seachas mar theanga phobail. Caithfear na bacainní meoin seo, má tá siad ann, a phlé go hoscailte agus a ghlanadh amach as an mbealach. Scríobh mé chuig na hAirí, na Teachtaí Michael McGrath agus Donohoe, ag iarraidh casadh leo ar an gceist seo. Tá mé ag súil go mór le ceisteanna na gcomhaltaí a fhreagairt.

Gabhaim buíochas leis an ard-stiúrthóir, Alan Esslemont, as a ráiteas. Agus muid ag breathnú ar TG4, bainimid taitneamh as cúrsaí drámaíochta agus spóirt, go háirithe spórt agus nuacht áitiúil. Cad iad na saghsanna clár nach féidir le TG4 a chraoladh ar féidir le S4C agus leis an ngrúpa sa Chatalóin nó cad iad na rudaí nach féidir leis a dhéanamh? Ag breathnú isteach ón taobh amuigh, is cosúil go bhfuil an-jab á dhéanamh ag TG4. Tá gach uile dhuine i TG4 ag déanamh an-jab. Más rogha airgid é, dá mbeadh an t-airgead atá ag S4C ag TG4, cén sórt difríocht a bhfeicfinn? Is í sin an chéad cheist atá agam.

Mr. Alan Esslemont

Tiocfaidh mé ar ais go dtí an cheist faoi cén áit a bhfuil na bearnaí. Ba mhaith liom labhairt beagáinín faoin tábhacht a bhaineann le TG4 agus an tionchar atá ag na meáin ar an nGaeilge. Is féidir breathnú ar TG4 mar ábhar siamsaíochta. Tá ríméad orm go bhfuil an Rialtas tar éis glacadh go mór leis an teoiric seo - pleanáil teanga. Tá sé mar nós gur díreach rialacha agus reachtaíochta atá ann, ach is é seo atá i gceist le pleanáil teanga ná go bhfuil an Ghaeilge ag feidhmiú mar mhionteanga agus is é an chontúirt a bhaineann leis sin ná an rud a dtugtar “language shift” air, mar atá feicthe againn. Is é sin ná, de réir a chéile, go n-imeoidh an teanga as saol na ndaoine.

Maidir le teoiric na pleanála teanga, mholfainn go mór an leabhar nua atá scríofa ag Dr. John Walsh a léamh. Tá sé scríofa i mBéarla ach tugann sé cúlra ar an reachtaíocht atá curtha i bhfeidhm i leith na Gaeilge ó thús an Stáit. Tá trí chuid i bpleanáil teanga. Tá straitéis ann - ar a dtugtar corpas - maidir le teanga agus friotal; is é sin an teanga féin. Tá straitéis ann maidir le sealbhú na teanga, ag foghlaim sa bhaile, sa scoil nó in áit éigin eile. Is í an tríú straitéis a bhaineann le pleanáil teanga ná pleanáil stádais agus is ansin atá ról agus tionchar ag TG4 ar an teanga. Tugann muid stádas don teanga agus níl aon dabht faoi mar atá leithéidí “An Cailín Ciúin” agus na póstaeir mhóra feicthe againn sna pictiúrlanna agus tuigfear an rud atá ann. Ó bunaíodh TG4, in éineacht leis na scoileanna, tá borradh le feiceáil sa mhéid daoine a labhraíonn Gaeilge.

An fáth go bhfuil an straitéis nua seo á chur le chéile againn - Fís tar éis Covid – ná go bhfuil sé bunaithe go mór ar athrú meoin ó thaobh pholasaí an Stáit i leith na Gaeilge. Táimid ag teacht níos gaire do na háiteanna ina bhfuil na straitéisí atá curtha i bhfeidhm ag oibriú, go háirithe an Bhreatain Bheag agus Tír na mBascach. Má bhreathnaítear ar an bhFrainc, mar shampla, d’fheicfeá go bhfuil straitéis eile i bhfeidhm ansin agus is é sin ná fáil réidh leis na mionteangacha go bunúsach. Tá an straitéis sin ag dul i bhfeidhm ar na mionteangacha sa Fhrainc.

Níl aon dabht faoi go bhfuil tionchar láidir ag an Stát ar céard a tharlódh leis an nGaeilge. Tá TG4 lárnach sa mhéid sin toisc gurb é an rud Gaeilge is feiceálaí sa tír.

Tiocfaidh mé chuig ceist an Teachta. Bhí mé ag iarraidh a mhíniú nach díreach airgead atá muid ag cuardach. Táimid ag cuardach athrú meoin sa chaoi go bhfuil an Stát ag breathnú ar an nGaeilge. Tá roinnt mhaith cloiste ag an gcoiste ó dhaoine sna meáin eile agus i litríocht na Gaeilge le seachtainí anuas. Cuireann sé sin ar fad le stádas na Gaeilge.

I straitéis TG4, Fís tar éis Covid, a bhreathnaíomar ar na rudaí a bhí muid ag déanamh go maith. Is léir go bhfuil muid ag déanamh spóirt go maith agus go bhfuil tóir ar chuid de na cláir cheoil agus fhaisnéise a dhéanaimid. Ní raibh muid ag déanamh a dhóthain do pháistí scoile agus tá sé sin lárnach san iarratas. Ba mhaith linn cainéal Cúla4 a bhunú an bhliain seo chugainn, cosúil le RTÉJr. Ó thaobh todhchaí na teanga, tá muid ag iarraidh freastal níos fearr ar dhaoine atá faoi 35 bliain. Tá cuid mhaith déanta againn. Is í an fhís atá againn ná TG4 i ngach áit; ní hamháin TG4 ar an scáileán ach TG4 sé ar an bhfón póca, ar na haipeanna éagsúla le pearsantachtaí éagsúla, agus TG4 sa chineama.

Chun freastal ar an dream is óige tá sé soiléir go gcaithimid níos mó drámaíocht a dhéanamh.

Ní raibh muid in ann mórán de sin a dhéanamh le blianta. Tá “Ros na Rún” ann agus tá Cine4 tosaithe againn, ach i ndáiríre níl aon rud per se dírithe ar dhaoine óga.

Chomh maith leis sin, rinne Ollscoil na Gaillimhe taighde an-suimiúil ar “Nuacht TG4”. Dúradh go raibh caighdeán an-ard ag an iriseoireacht ach go raibh sé ag iarraidh níos mó agus, istigh sa spás digiteach, moladh go mbeadh láithreacht ar na fóin le branda nuachta TG4. Níor éirigh linn aon dul chun cinn a dhéanamh i mbliana ach tá sé i gceist againn dul chun cinn a dhéanamh an bhliain seo chugainn.

Tá an nuacht déanta i gcomhpháirt le RTÉ faoi láthair. Ní raibh aon duine a bhí ag plé le nuacht riamh ag leibhéal eagarthóireachta. Is fostaí de chuid RTÉ i gcónaí a bhí ann. An bhliain seo chugainn, ba mhaith linn duine a fhostú a bheadh ag plé le fís “Nuacht TG4” agus a bheadh ag tógáil an taoibh dhigitigh go háirithe. Tuigfidh comhaltaí an choiste gurb ar an bhfón i dtosach a fhaigheann daoine a gcuid nuachta anois. I ndáiríre, níl branda “Nuacht TG4” le feiceáil ann. Is branda RTÉ atá ann. Mar chraoltóir seirbhíse poiblí, tá sé an-tábhachtach go mbeadh branda nuacht an chainéil lárnach sa mhéid a dhéanaimid.

Sa cháipéis a chuir mé ar fáil don choiste, feictear na tosaíochtaí atá ag TG4. Tá oideachas ann chomh maith le gach rud eile. Tá ag éirí go maith linn. Rinneamar suirbhé dhá bhliain ó shin agus fuaireamar amach gurb é an t-ábhar is mó éileamh sna bunscoileanna ná aon ábhar closamhairc. Tá éileamh ag leibhéal institiúideach ar ábhair TG4. Ba mhaith linn níos mó a dhéanamh ó thaobh cúrsaí oideachais an bhliain seo chugainn.

Cuirim fáilte roimh phlean Alan Esslemont faoi chúrsaí oideachais. Maidir leis an straitéis, Fís tar éis Covid, bhí mé ag ceapadh gur cheart fís idirlín a bheith inti agus dúirt sé go bhfuil TG4 dírithe air sin trí chúrsaí ar an bhfón don Netflix generation.

Ag díriú ar an bpíosa faoin nuacht, an bhfuil sé sin le rá nach bhfuil neamhspleáchas ag TG4 maidir le cúrsaí nuachta, mar go gcaithfidh sé dul le chéile le RTÉ? An bhfuil neamhspleáchas nuachta ag TG4? Dá mbeadh troid ann idir TG4 agus RTÉ, an mbeadh RTÉ in ann troid i gcúinne TG4 maidir le scéalta nuachta?

Mr. Alan Esslemont

Chuir an Teachta Ó Cuív an cheist chéanna orm anuraidh nuair a bhí mé os comhair an chomhchoiste seo. Tuigim cén fáth ar bunaíodh “Nuacht TG4” faoi RTÉ nuair a bunaíodh TG4 breis agus 25 bliain ó shin. Ba mhaith liom go ndéanadh RTÉ socrú cosúil le ITN. Sa Bhreatain, cuireann ITN an nuacht ar fáil do ITV, Channel 4, agus Channel 5. Tá fís gach nuacht go hiomlán difriúil. Ní bheadh a fhios ag duine go raibh an comhlacht céanna á chur ar fáil. Ó thosaigh mé, bhí plé fada againn le RTÉ in 2017. Bhí mé ag iarraidh go mbogfadh RTÉ sa treo seo. Beidh mé ag casadh go luath le RTÉ ar an gceist seo. Go háirithe ós rud é go mbeidh duine nua ceaptha go hinmheánach mar cheannaire nuachta, sílim go mbeidh muid in ann dul chun cinn a dhéanamh.

I ndeireadh na dála, is léir go bhfuil caighdeán ard ag iriseoirí RTÉ ach an rud is tábhachtaí dúinne ná go mbainfimid fís agus branda “Nuacht TG4” amach. Aithníonn daoine in Éirinn gur cuid lárnach de shúil eile TG4 é. Faoi láthair, feictear lucht nuachta ag dul thart leis na mic shields agus tá trí bhranda orthu. Bheadh aon duine, go háirithe an lucht féachana, trína chéile ag iarraidh a oibriú amach cé hiad agus céard a dhéanann siad. B’fhearr liom dá mbeadh branda amháin do “Nuacht TG4” agus fís amháin a chuirfeadh ar fáil súil eile.

Táimid ag déanamh gnó eile faoi chúrsaí foilsitheoireachta agus na brúnna atá ar dhaoine ag foilsiú leabhar. Go háirithe domsa nach bhfuil cónaí orm i nGaeltacht, bhí sé an-suimiúil é a chloisteáil. An tseachtain seo caite, bhí plé gairid againn - plé nach raibh ar ábhar an choiste mar sin ní raibh muid in ann filleadh air – faoin gcaoi nach bhfuil mórán Gaeilge ar RTÉ agus go bhfuil na cláir Ghaeilge ar TG4 agus ar RnaG. Níl a fhios agam an féidir le Alan Esslemont labhairt faoi ach an bhfuil RTÉ compordach cúrsaí Gaeilge a fhágáil go TG4 agus RnaG, and to push a couple of buttons, mar a deirtear, ar RTÉ One, RTÉ2 agus cúrsaí raidió RTÉ, nó an féidir i bhfad níos mó a dhéanamh ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta ar RTÉ?

Mr. Alan Esslemont

Bheadh ar an Teachta an cheist sin a chur ar RTÉ. Sílim go bhfuil ról an-tábhachtach ag RTÉ ó thaobh go dtiocfadh daoine ar an nGaeilge, go háirithe RTÉ One, an áit is mó go bhfuil lucht féachana ann. Tá sé tábhachtach go mbeadh an Ghaeilge mar chuid de sin.

Táimid ag cur ar fáil, trí na comhlachtaí neamhspleácha, cláir a bhí coimisiúnaithe ag TG4 do RTÉ. Tá sé seo sláintiúil sa mhéid is go bhfaightear an luach is fearr as an airgead poiblí agus mar gheall go bhfuil ardán ag RTÉ atá níos leithne ná aon chainéal eile in Éirinn. Mar sin, tá daoine in ann teacht ar an nGaeilge níos fearr.

I ndeireadh na dála, san áit ina bhfuilimid faoi láthair, is é an rud is tábhachtaí ná scála níos mó a thabhairt do TG4 ionas go mbeidh sé in ann feidhmiú ag an leibhéal céanna le S4C nó EITB. Ag an leibhéal sin, éiríonn an comhoibriú idir TG4 agus RTÉ i bhfad níos fearr agus níos éifeachtúla. Faoi láthair, is ar éigean go bhfuil 10% de turnover RTÉ ag TG4; táimid chomh beag sin. Ach dá mbeadh níos mó scála againn, bheimis in ann i bhfad níos mó a dhéanamh i gcomhpháirt le RTÉ leis an nGaeilge a chur chun cinn. Tá saineolas againn nach bhfuil agus nach mbeidh ag RTÉ. Ní dóigh liom gur rud é a chaill RTÉ ó bunaíodh TG4. Ní dóigh liom go raibh sé riamh ann in DNA RTÉ. Tá sé an-tábhachtach go leanfaimid mar chomhpháirtithe ag cur na Gaeilge ar aghaidh.

Conas mar a sheasann TG4 sa Tuaisceart? An bhfuil sé ar ardán Sky? Conas atá daoine in ann an cainéal a fheiceáil ann?

Mr. Alan Esslemont

An rud is tábhachtaí faoi láthair, agus ar a bhfuilimid ag déanamh céimeanna chun tosaigh, ná go bhfuil TG4 ar fáil ar Freeview. Tá an-éileamh ar Freeview. Níl sé cosúil le Saorview sa Deisceart. Tá TG4 ar chainéal Uimh. 51. Léiríonn an taighde atá déanta againn go mbíonn go leor daoine sa Tuaisceart ag breathnú ar TG4 tríd an aip mar nach bhfuil TG4 ar fáil go héasca trí Freeview. Le roinnt blianta anuas, tá mé ag caint le Ofcom agus DCMS ag iarraidh fáil amach an dtabharfaí stádas public service prominence do TG4. Táimid ag déanamh dul chun cinn faoi láthair ach is de réir a chéile a thiocfaidh sé.

Má thiteann rudaí amach i gceart, d'fhéadfadh TG4 a bheith sa spás céanna is atá BBC ALBA nó S4C, is é sin, sa chéad deich n-uimhir ar Freeview. Táimid ag iarraidh uimhir a hocht a bhaint amach.

Tá an méid a bhí á rá ag Alan Esslemont faoi Freeview spéisiúil. Go n-éirí leis an gcainéal chomh tapa agus is féidir. Tá borradh ag teacht ar an nGaeilge bliain i ndiaidh bliana ó Thuaidh de, ach go háirithe i measc iad siúd atá ag freastal ar Ghaelscoileanna agus ar Ghaelcholáistí. Tá fás thar cuimse thar na blianta sa réimse sin toisc go bhfuil “Cúla4”, a bheadh mar sheirbhís ann féin tá súil againn. Tá gá leis an tseirbhís sin ó thaobh na bpáistí sin de. Bhíomar ar thuras coicís nó trí seachtain ó shin ar cheantar Charn Tóchair. Bhí sé go hiontach an fás sin a fheiceáil i gceantar iargúlta tuaithe agus an méid is féidir a dhéanamh nuair atá na tacaíochtaí ag an bpobal. Is tacaíocht í na meáin shóisialta agus na meáin chumarsáide eile dóibh siúd atá i gceantair mar sin más féidir leis an bpobal teacht orthu.

Más rud é go bhfuil aon chuidiú in aon chor arbh fhéidir linn mar choiste a thabhairt chun cuidiú leis an gcainéal, beimid sásta obair leis, le preabadh a dhéanamh, nó pé rud is gá chun a mholadh do Ofcom a dhéanamh mar ba chóir.

Ó thaobh na gceisteanna atá agamsa, baineann siad leis an méid atá curtha os ár gcomhair inniu agus is í sin aighneacht réamhbhuiséid. Cad é go díreach an tsuim airgid nó an maoiniú poiblí a thagann ón Stát go dtí TG4 faoi láthair? Tá an cainéal ag lorg méadú ar an méid atá ann faoi láthair agus luaitear an difríocht atá ann maidir le céatadán idir TG4 agus an méid atá ar fáil san Bhreatain Bheag agus i dTír na mBascach. Ó thaobh an tsuim airgid de, ámh, céard í an tsuim airgid atá i gceist.

Mr. Alan Esslemont

Sa straitéis ina iomláine, nuair a thosaíomar, bhíomar díreach ag fáil just os cionn €40 milliún. Bhíomar ag iarraidh é sin a dhúbailt taobh istigh de thrí nó ceithre bliana. Faoi láthair, táimid ag fáil €45 milliún agus thabharfadh an méid atá á iarraidh againn suas go dtí €53 milliún muid.

An é sin don bhliain seo chugainn nó thar achar eile?

Mr. Alan Esslemont

Baineann sé sin leis an mbliain seo chugainn. Ansin, mar a deirim, ba mhaith linn dul suas go €80 milliún.

Is é sin €8 milliún nó €9 milliún breise gach uile bhliain go dtí go sroicheann an cainéal an sprioc sin.

Mr. Alan Esslemont

Is é sin atá sa straitéis agus tá sé céimnithe agus oibrithe amach. Ní fiú €40 milliún breise a thabhairt in aon bhliain amháin. Tá sé oibrithe amach, mar sin, gur féidir linn daoine nó dáileadh a thabhairt isteach agus an rud a mhéadú gach uile bhliain.

Tá fíorbheagán eagras in ann na milliúin phuint breise a chaitheamh i dtréimhse amháin agus is annamh a bhíonn sé amhlaidh. Thógadh sé sin tamall de bhlianta an €80 milliún sin a shroicheadh.

Mr. Alan Esslemont

Tá sé tábhachtach go bhfuil dul chun cinn suntasach le feiceáil in áit dhíreach agus le hincrimintí. Tugann sé comhartha do dhaoine gur fiú an rud atá ar bun acu a athrú agus dul i dtreo na Gaeilge. Tá sé sin an-tábhachtach.

Dóibh siúd atá ag éisteacht, déanaim an chomparáid go bhfaigheann dTír na mBascach €90 milliún gach uile bhliain. Glacaim go mbeadh fás air sin. Faoin am a shroichfidh TG4 €80 milliún, beidh an cainéal sin i dTír na mBascach ar €100 milliún nó sa bhreis air sin.

Mr. Alan Esslemont

Bhí sé an-suimiúil mar i mbliana fuaireamar €40.2 milliún. Rinne Rialtas na Breataine léirmheas iomlán ar S4C agus thug an rialtas sin £7.5 milliún breise dó-----

An puint a bhí i gceist leis sin?

Mr. Alan Esslemont

-----móide boilsciú a bheidh suntasach. Is puint a bhí i gceist leis.

Tá na stáisiúin teilifíse ar a bhfuilimid ag déanamh comparáid fós ag fás. Táimid ag fás agus bhí sé go maith go raibh an t-airgead breise ann anuraidh.

Mr. Alan Esslemont

Ta an bhearna ag méadú.

Is gá dúinn catch-up a dhéanamh agus tá an straitéis atá ann agus an leagan amach atá curtha faoinár mbráid inniu spéisiúil. Tá tuiscint ann gur féidir fás a dhéanamh diaidh ar ndiaidh agus go mbeidh gá leis an cineál infheistithe breise seo gach uile bhliain chun na féidearthachtaí, na samplaí agus an straitéis atá leagtha síos a shroicheadh.

Luaigh an Teachta Calleary an tseirbhís nuachta seo. Sa straitéis, tá méid áirithe de €800,000 sa bhreis le caitheamh ar sheirbhísí nuachta agus faisnéise. Táim ag iarraidh teacht ar an bhfigiúr cruinn sna cáipéisí. Glacaim arís, toisc go bhfuil sé seo ag tarlú thar thréimhse bliana, go mbeadh an méid céanna ag teastáil gach uile bhliain chun fás a dhéanamh agus go mbeimis in ann seirbhís nuachta den scoth a chur ar fáil.

Mr. Alan Esslemont

Níl anseo ach tús. Beidh duine le cur i gceannas ar an rud agus roinnt daoine a fhostú go réigiúnach le tús a chur leis an obair atá ar bun go digiteach. Ina dhiaidh sin bheimis ag súil go mbeimis ag fás. Arís, má dhéantar comparáid idir acmhainní nuachta Béarla RTÉ agus acmhainn nuachta Gaeilge, tá bearna an-mhór idir an dá chuid.

Maidir le hacmhainní, mar a dúirt Alan Esslemont níos luaithe, tá níos lú de 10% de turnover RTÉ ag TG4. Nuair a bhíomar ag plé Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 - tá sé rite anois - is é ceann de na rudaí a d'éirigh linn a chur ina luí ar an Aire Stáit agus atá san Acht anois ná foráil faoin gcéatadán caiteachais nó fógraíochta. Glacaim go bhfuil TG4 cosúil le gach uile mheán cumarsáide, clóite nó craolacháin, agus go bhfuil siad ag féachaint conas ar féidir leis an sciar den airgid sin nach dtéann chuige faoi láthair a tharraingt ina threo.

Mr. Alan Esslemont

Faoi láthair, táimid ag plé leis an ngné sin faoi láthair agus ag breathnú air sin.

Go n-éirí an t-ádh le TG4 leis sin le go mbeidh siad in ann a chur ina luí ar na comhlachtaí Stáit ar fad atá amuigh ansin go bhfuil gá, ní hamháin leis an airgead a chaitheamh trí fhógraíocht i nGaeilge, ach freisin, chun cuidiú leis na heagrais atá ag foilsiú nó ag craoladh trí Ghaeilge ar an gcéad dul síos. Is buntáiste breise atá ag na heagrais Bhéarla anseo. Is é seo an tuairimíocht a bhí ann nuair a bhí sé seo á chur chun cinn.

Tá ceisteanna eile agam. Baineann ceann amháin le “Cúla4”. Rinne TG4 éacht le linn na paindéime Covid-19 agus bhí moladh den scoth tuillte ag an gcainéal as an tslí a d'éirigh leis teacht tríd agus, go háirithe, maidir leis an bhfoireann. Ní raibh a fhios ag éinne céard a bhí ag tarlú ach fós féin d'éirigh le TG4 cuibheasach tapa cláir a chur ar fáil do scoileanna agus do pháistí a bhí gafa sa bhaile, gan aon rud eile le déanamh acu in amanna. Fós féin, bhí TG4 in ann díriú isteach ar chláir nua agus a leithéid. Tá sé go maith gurbh ann dó.

Maidir leis an straitéis do chláir dhifriúla, an féidir le Alan Esslemont cur leis an gcaint faoi céard atá i gceist le Cúla4, go háirithe?

Mr. Alan Esslemont

Cinnte. I spásanna nach rabhamar ag déanamh a shamhail den infheistíocht atá leagtha amach anseo, ní rabhamar ag déanamh cláir a choimisiúnú. Bhíomar ag ceannach cláir agus ag déanamh iad a dhúbail agus bhain sé sin le beagnach gach rud. Le cúig bliana anuas, táimid ag déanamh i bhfad níos mó infheistíochta ach tá i bhfad níos mó le déanamh fós.

Má bhreathnaítear go háirithe ar na cláir atá ag S4C, tá sé an-láidir sa réimse seo. Tá sobaldráma acu do dhaoine óga. Ní hamháin go bhfuil sobaldráma aige do dhaoine fásta ach tá ceann aige do dhaoine óga fosta. Tá i bhfad níos mó le déanamh againne i réimse na drámaíochta le haghaidh daoine óga. Níl aon dabht ach go bhfuil sé sin costasach ach caithfimid rudaí a chur ar comhchaighdeán le rudaí i mBéarla.

Luaigh mé cheanna an language shift atá ag leanúint leis. Is í an fhadhb a bhaineann leis an nGaeilge ná go bhféadfaí a rá nach bhfuil ach méid áirithe daoine ag labhairt na Gaeilge agus, dá bharr, nach dtabharfaimid ach méid áirithe beag i leith na Gaeilge. Ach tá an cur chuige sin ag brú na Gaeilge ar ais agus ar ais arís mar theanga. Má theastaíonn ón Stát go mbeidh an Ghaeilge láidir agus beo mar theanga labhartha, caithfidh sé infheistíocht a dhéanamh mar a tharla leis na Bascaigh. Tá siadsan ag déanamh infheistíocht ar cóimheas 50%-50% leis an Spáinnis cé go bhfuil i bhfad níos mó daoine ag labhairt na Spáinnise i dTír na mBascach. Dúirt siadsan go bhfuil siad ag cur leath de na hacmhainní isteach go dtí an mBascais. Thuig na húdaráis ansin go bhfuil gá le gníomh agus feictear domsa nach bhfuil sé sin, i ndáiríre, tuigthe in Éirinn fós. Deirtear, well actually, níl ach fíorbheagán daoine ag labhairt na Gaeilge agus cuirfimid fíorbheagán airgid i dtreo na teanga dá réir. Má leantar leis an straitéis sin, is ag cúlú a bheidh an Ghaeilge.

Is é rud a luaigh Alan Esslemont agus a chonaic mé féin le bliain anuas ná an t-athrú ó thaobh coimisiúnaithe agus an obair le Cine4. Chonaic mé “An Cailín Ciúin”, “Foscadh” agus “Arracht” ar an scáileán i Ráth Maonais, áit nach shílfí. Bhí an phictiúrlann lán go doras, áfach, aon uair a chuaigh mé ann.

Ar dtús, le ceann amháin díobh, ní raibh ach 22 duine ann ach ba é sin an méid suíochán a bhí ann. An chéad uair eile, chuamar go dtí “Foscadh” i gceann de na háiteanna is mó agus measaim go raibh 80 suíochán ann agus bhí sé leath lán. Leanamar ansin agus chuamar go dtí “An Cailín Ciúin”. Bhí 120 duine ann agus bhí an phictiúrlann lán go doras. Is léiriú domsa é sin faoin bpointe gur tharla sé seo le linn Covid-19, go raibh daoine beagáinín níos cúramaí faoi thaisteal a dhéanamh, agus go bhfuil ag éirí leis an earnáil sin. Is trí scannán go hiomlán difriúil iad siúd. Tá a fhios agam go bhfuil cinn eile ar an mbealach agus an bhféadfadh Alan Esslemont a insint dúinn conas atá ag éirí leis an earnáil agus céard is gá a tharlú le go leanfaidh sé mar sin amach anseo?

Mr. Alan Esslemont

Is scéim í sin ar aontaíomar leis an Film Board-An Bord Scannán ag an am agus le hÚdarás Craolacháin na hÉireann, BAI. Táimid, BAI agus Fís Éireann ag déanamh infheistíochta ansin. Gach bliain déanaimid forbairt ar cheithre nó ar chúig de smaointe. Cuirimid thart ar €30,000 isteach chun an scenario agus an scéal a fhorbairt. Roghnaímid an péire is fearr agus cuirimid isteach ansin chun léiriúcháin iad. Beimid ag léiriú péire, is iad sin dhá scannán i nGaeilge, gach bliain go ceann i bhfad. Is é sin fad is go mbeidh an chomhpháirtíocht sin ag fanacht le chéile.

Is é an rud is suntasaí domsa ná go léiríonn sé an tallann. Cuirrimid an-bhéim ar an gcruthaitheacht atá ag tarlú trí Ghaeilge. San am atá caite, bhí roinnt rudaí feicthe agamsa, rudaí a scríobhadh i mBéarla agus a aistríodh go Gaeilge. Mar chuid den scéim seo, chuireamar an bhéim ar an nGaeilge a bheith mar bhunábhar ó thaobh na scríbhneoireachta de agus, go háirithe, don chuid is mó de na daoine atá ag plé leis an scannán.

Mar gheall air sin, is léir go bhfuil tallann den scoth anois ag feidhmiú trí Ghaeilge.

Mar gheall air sin fós, tá ag éirí le Cine4 agus tá tallann nua ag iarraidh teacht isteach do shaol theilifís na Gaeilge den chéad uair le píosa anois.

As an airgead breise atá á lorg ag TG4, cé mhéad den sciar sin a bheidh ag dul sa treo sin nó an bhfuil an t-airgead sin ann leis féin?

Mr. Alan Esslemont

Tá sé ann sa €45 milliún atá againn faoi láthair. Tá a dhóthain againn le Cine4 a choinneáil ag imeacht ach níl a dhóthain againn le sraitheanna nua drámaíochta a dhéanamh. Tá sé sin san airgead nua. Ó thaobh Cine4 de, tá airgead againn leis é a choinneáil ag imeacht. Tá an buiséad de €1.2 milliún go €1.3 milliún sách beag le haghaidh scannáin agus b'fhéidir, lá éigin, go ndéanfaimid blockbuster i nGaeilge ach níl an lá sin linn go fóill.

Go fóill, ar aon nós. Glaoim ar an Teachta Calleary anois.

Maidir leis an scannán “An Cailín Ciúin” a thagair an Cathaoirleach dó ansin agus a chuir TG4 le chéile, bhí sé sin go hiontach. Gabhaim mo buíochas freisin leis an gcur i láthair de dhrámaí atá an-mhaith. Cad é an rud difriúil sin agus an fáth go raibh sé chomh hiontach sin agus chomh mór is a bhí sé? Cad é an X factor sin?

Mr. Alan Esslemont

Má bhreathnaítear ar na scannáin ar fad atá déanta, tá siad ar fad ar ardchaighdeán. Maidir leis an gceann a luaigh an Teachta ansin, bhí go leor a bhí difriúil faoi agus bhí sé suimiúil gur sa Ghearmáin i dtosach a bhfuair sé duais mhór idirnáisiúnta. Baineadh stangadh as daoine ansin in Éirinn agus, chomh luath agus chonaic siad an scannán, bhí a fhios acu go raibh fiúntas ann. Tá sé feicthe trí huaire agam. Den chéad uair bhí mé ag caoineadh. Den dara huair, dúirt mé liom féin go raibh an plota oibrithe amach agam. Den tríú huair, bhí mé ag caoineadh arís mar go bhfuil sé chomh láidir mar scannán agus, go háirithe, mar go bhfuil an cailín beag a rinne an príomhpháirt, Catherine Clinch, thar cionn.

Tá an trí scannán a luaigh mé go hiomlán difriúil. Tá féitheanna iomlána difriúla iontu agus tá siad ag déileáil le téamaí nach bhfacthas trí Ghaeilge cheana.

Mr. Alan Esslemont

Táim chomh sásta as an éagsúlacht sin. B'fhéidir gur cheap daoine go mbeadh siad ar fad mar a chéile ach tá siad ar fad an-difriúil.

Fágtar ag smaoineamh tú ina ndiaidh.

Aontaím leis sin.

Féach ar an scannán “Foscadh”. Is ceann eile é a fhágann ag smaoineamh tú freisin. Tá an teachtaireacht spéisiúil mar scannán ann féin i mBéarla nó i nGaeilge agus, sa chás seo, tá sé i nGaeilge. Is léiriú é sin don domhan Béarla gur féidir leis an nGaeilge a bheith ar comhscála le rud ar bith.

Mr. Alan Esslemont

Bhí ceangal riamh idir an Ghaeilge agus scéalaíocht agus sílim go léiríonn Cine4 é sin.

Molaim foireann TG4 ar fad as an méid sin. Is é sin an méid atá agam ó thaobh ceisteanna de. Ní fheicim go bhfuil an Teachta Ó Muineacháin nó an Seanadóir Kyne ag iarraidh ceist a chur, cé go bhfuil siad ar líne go fóill.

Mura bhfuil aon rud eile le rá againn, táimid chun cuairt a thabhairt ar TG4 an tseachtain seo chugainn agus beimid ag féachaint mar choiste ar chéard a tharlaíonn ar an talamh i TG4. Tá an Teachta Calleary chun a bheith ina pháirt walk-on in “Ros na Rún”. Cuirfear deireadh leis ansin cosúil le mar a rinneadh le “Neighbours”. Ag magadh atáim.

Tá an seisiún seo críochnaithe agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Alan Esslemont as an gcur i láthair a rinne sé. Táimid ag tnúth go n-éireoidh go maith leis an aighneacht seo aige, níos fearr ná mar atá á lorg aige, agus go mbeidh TG4, ní hamháin slán, ach ag cur leis an tseoid atá ann. Táimid ag súil freisin go bhfaighidh TG4 an t-aitheantas ceart ar an obair atá déanta ag an bhfoireann ann go dtí seo agus ar an obair, go háirithe le dhá bhliain nó beagnach trí bliana anuas. Ba chóir go dtabharfadh an tAire Airgeadais éisteacht cheart agus airgead ceart do TG4 ina dhiaidh sin, agus ní hamháin i mbliana. Tugadh an t-airgead sin anuraidh ach ba cheart go dtabharfaí an t-airgead sin amach anseo le go leanfaidh an fás i TG4 ar aghaidh go dtí go mbeidh leibhéal airgid Thír na mBascach sroichte aige. Is 50%-50% an cóimheas ceart i mo thuairim féin. Ní dhéanfaidh an coiste seo an cinneadh sin. Tacóidh mé leis le-----

Beidh sé níos mó ná 40% agus níos faide fós.

-----go mbeidh airgead cuí ann chun an obair atá leagtha síos ag an straitéis a chur i gcrích. Ní figiúr é sin atá bainte as barr mo chloiginn atá ann.

Tá sé leagtha síos go díreach agus go sonrach, dóibh siúd atá spéis acu ann, san aighneacht atá ar líne mar chuid de thaifead an choiste.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 4.21 p.m. go dtí 1.30 p.m., Dé Céadaoin, an 13 Iúil 2022.
Barr
Roinn