Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Wednesday, 14 Sep 2022

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Leanfaidh an cruinniú seo ar aghaidh go dtí 4 p.m. más gá, ach ní dóigh liom go mbeidh gá ann. Níl aon leithscéal faighte againn go fóill.

Cuirim fearadh na fáilte roimh na comhaltaí den chomhchoiste atá lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Cuirim fáilte roimh Anna Lee, clárbhainisteoir Áisíneacht Dáileacháin Leabhar, ÁIS; agus ó Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, príomhfheidhmeannach; Regina Uí Chollatáin, cathaoirleach; Shane Ó hEidhin, stiúrthóir seirbhísí corparáideacha; agus Breandán Mac Craith, stiúrthóir seirbhísí forbartha. Gabhaim buíochas leo as teacht isteach anseo chun cúnamh a thabhairt dúinn. Cuirim ar an taifead go bhfuil na finnéithe go léir ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra choiste 4 laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais.

Sula ndírímid isteach ar ár mbreithiúnas ar ábhar an lae, ag spreagadh fhoilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge, tá dualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na bhfinnéithe agus na gcomhaltaí atá ag freastal ar an gcruinniú. Meabhraím do chomhaltaí, d’fhinnéithe agus do bhaill fhoirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna seo cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is de bharr riachtanais bhunreachtúla a dhéantar é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad féin le feiceáil ar an scáileán. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag labhairt. Feicim go bhfuil an Teachta Aindrias Moynihan tar éis teacht isteach sa chruinniú.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu.

Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuireann siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon an cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, duine nó eintiteas a cháineadh, nó líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh nó tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí ina bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfeadh siad leis an ordú sin má eisítear é.

Anois déanfaimid ár mbreathnú ar ábhar an chruinnithe seo, is é sin, ag spreagadh foilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge. Is mian liom a rá, mar is eol do bhaill tar éis deich gcruinniú poiblí a eagrú ar an ábhar tábhachtach seo ina mbuaileamar agus ina n-éisteamar le hionadaithe ó pháirtithe leasmhara san earnáil seo, ina measc ÁIS, na scríbhneoirí, na hiriseoirí, na foilsitheoirí, na leabharlanna poiblí, na siopaí leabhar agus na comhlachtaí poiblí a bhfuil baint acu leis an earnáil seo, go bhfuil a lán fianaise bailithe againn go dtí seo agus gur bhain cuid mhór den fhianaise sin le cúraimí ÁIS, leis an tslí ina bhfeidhmíonn sé agus leis na rialacha a rialaíonn cad is féidir agus cad nach féidir leis a dhéanamh. Mar sin, sula gcríochnóimid ár n-imscrúdú ar an ábhar seo, is mian liom deis a thabhairt d'ÁIS agus, dá réir, Foras na Gaeilge an cheist seo a phlé linn inniu. Beidh an-suim ag an gcomhchoiste moltaí a fháil ó ÁIS, moltaí bunaithe ar an taithí atá aige agus ar an bhfianaise atá leagtha faoi bhráid an choiste ag na páirtithe leasmhara éagsúla cheana féin. Agus é sin ráite, iarraim anois ar phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, labhairt os comhair an chomhchoiste. Is féidir leis anois tús a chur leis an ráiteas tosaigh.

Mr. Seán Ó Coinn

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Iarrfaidh mé ar ár gcathaoirleach tús a chur leis an achoimre ar an ráiteas tosaigh.

Professor Regina Uí Chollatáin

Is é an chéad phointe atá againn inár ráiteas tosaigh ar spreagadh fhoilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge ná go bhfáiltíonn Foras na Gaeilge roimh an deis tuairimí a léiriú i leith ‘”Spreagadh Fhoilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge, le fócas ar leith ar ár seirbhísí dáileacháin leabhar”. Chuir Foras na Gaeilge ráiteas cuimsitheach faoi bhráid an choiste i mí Feabhra na bliana seo agus, mar sin, níl sé i gceist againn sa ráiteas seo ach plé leis an tseirbhís dáileacháin leabhar ÁIS.

Dáileann ÁIS isteach agus amach ar 200,000 leabhar go bliantúil ar 260 siopa leabhar as an trádstóras atá againn i nDún Seachlainn. Idir 2015 agus 2021, tháinig méadú de bheagnach 20% ar dhíolachán ÁIS, ó €900,000 go €1.1 milliún. Le cois an ardaithe shuntasaigh sin sa díolachán, tháinig athrú ar mheascán na leabhar a dhíolann ÁIS thar an tréimhse chéanna. D’ardaigh líon na leabhar ginearálta, is é sin úrscéalta seachas téacsleabhair scoile agus leabhair litríochta, ó 41% den díolachán iomlán go 50%, rud a léiríonn thar aon rud eile an bheocht san earnáil le blianta beaga anuas agus an fhorbairt atá ag dul ar aghaidh.

Faoi láthair, níl sé d’acmhainn ag Foras na Gaeilge díriú ar fhorbairtí riachtanacha ná dul chun cinn suntasach a dhéanamh inár seirbhísí dáileacháin leabhar de cheal acmhainní foirne. Tá rath chláir mhaoinithe agus scéimeanna chlár na leabhar Gaeilge ag brath go mór ar éifeachtacht na seirbhíse dáileacháin. Is é sin le rá go bhfuil na torthaí inmhianaithe atá ag Foras na Gaeilge don fhoilsitheoireacht agus don léitheoireacht ag brath go hiomlán ar bhealaí rochtana do phobal na Gaeilge ar na leabhair.

Is féidir na dúshláin reatha a bhaineann leis an tseirbhís dáileacháin leabhar a rangú mar seo a leanas: acmhainní foirne, acmhainní teicneolaíochta agus acmhainní díola ná margaíochta. Is iad sin na trí cinn atá ann go príomha. Tá plé ar gach ceann acu sin inár ráiteas tosaigh don choiste. Faoi láthair, ní féidir le Foras na Gaeilge mórán forbartha a dhéanamh ar an réimse seo de cheal acmhainní foirne. Is tacaíocht fhadtéarmach leanúnacha a theastaíonn chun gur féidir aghaidh a thabhairt ar na dúshláin éagsúla ar bhealach comhtháite córasach. Teastaíonn tacaíocht bhreise le haghaidh bealaí chun táirge na bhfoilsitheoirí Gaeilge a chur i láthair an phobail. Chuige sin, bheadh sé i gceist ag Foras na Gaeilge, trí mhaoiniú breise, infheistíocht a dhéanamh inár seirbhís dáileacháin leabhar. Cuirfidh acmhainní breise go mór leis an méid is féidir linn a dhéanamh i gcomhpháirt le heagraíochtaí eile.

Is mian linn freisin cur chuige comhtháite a fhorbairt idir ár n-iarrachtaí margaíochta agus ár gcaidreamh leis na siopaí atá i gceist. Is mian linn imeachtaí margaíochta a fhorbairt i gcomhar le lucht forbartha na Gaeilge ar bhonn ceantair chun dul i gcion ar phobal na Gaeilge sna ceantair éagsúla a bhfuil oifigigh Ghaeilge fostaithe iontu. Ba mhaith linn dul ag obair i gcomhpháirt le scoileanna, rud a d’fhéadfaí a dhéanamh i gcomhar le Gael Linn agus leis an Ghaelbhratach. Ar an dóigh sin, thig linn cur le líon na léitheoirí Gaeilge, díolachán a ardú i siopaí leabhar, leabhair Ghaeilge a chur ar fáil sna siopaí leabhar uile sna ceantair phleanála teanga, feabhas a chur ar an tseirbhís atá ar fáil d’fhoilsitheoirí, feabhas a chur ar an tseirbhís atá ar fáil do shiopaí agus feabhas a chur ar an mhargaíocht do leabhair Ghaeilge.

Leis sin a bhaint amach, beidh infheistíocht shuntasach le déanamh sna hacmhainní foirne atá againn. Tá baill foirne áirithe de dhíth leis na hathruithe riachtanacha a chur i gcrích, go háirithe i bhfianaise an méid atá ráite againn faoin fhorbairt le blianta anuas. Ar dtús, tá oifigeach margaíochta ag teastáil le plé le réimse iomlán na margaíochta, is é sin, cothabháil suíomh gréasáin, straitéis mhargaíochta a fhorbairt agus a chur i gcrích, ócáidí margaíochta a chomhordú i gcomhar le páirtithe leasmhara, ábhar margaíochta a sholáthar agus obair a dhéanamh i gcomhpháirt leis na páirtithe leasmhara, ina measc foilsitheoirí, oifigigh Ghaeilge agus údair, chun ábhar margaíochta agus feachtais feasachta a reáchtáil. Tá oifigeach teicneolaíochta ag teastáil le bainistiú laethúil an taoibh theicneolaíoch den obair sheachadta a láimhseáil - áireamh stoc, ceannachán, seachadtaí, díolachán agus a leithéid - agus le stiúir a dhéanamh ar an trádstóras. Ar deireadh, tá sé riachtanach go mbeidh trí oifigeach ann chun tacaíocht díolacháin a chur ar fáil, le tacú le teagmháil le siopaí ar bhonn réigiún, le béim faoi leith ar cheantair phleanála teanga sa Ghaeltacht agus sa chuid eile den tír, agus chun gur féidir linn teagmháil a dhéanamh leis na siopaí ar bhealach níos minice agus níos dlúithe, go háirithe sna ceantair phleanála teanga.

Beidh an infheistíocht shuntasach seo de dhíth le straitéis mhargaíochta a fhorbairt agus le tionscadal ábhartha a chur i bhfeidhm a fhreagraíonn do riachtanais aitheanta na bhfoilsitheoirí, na scríbhneoirí, na siopaí leabhar, na leabharlann agus an phobail léitheoireachta. Ligfidh sé dúinn comhpháirtíochtaí a chothú le páirtithe leasmhara chun tacú leis na foilsitheoirí, chun díolachán a fheabhsú agus chun feasacht a ardú maidir le leabhair Ghaeilge.

Beimid ábalta díriú ar bhealach comhtháite leis seo uile, leis na meáin Bhéarla, na féilte litríochta, na ciorcail léitheoireachta, na leabharlanna agus earnáil an oideachais.

Ba mhaith linn ár mbuíochas a chur in iúl mar táimid an-bhuíoch as an gcoiste as an bplé atá déanta aige ar an ábhar tábhachtach seo agus as aird a tharraingt ar an réimse. Déanfaimid ár ndícheall anois freagra a thabhairt ar na ceisteanna a chuirfear.

Tá na Teachtaí Connolly agus Daly tar éis teacht isteach agus tá comhaltaí eile linn ar líne. Ní fheicim éinne ag cur a lámha in airde; mar sin, cuirfidh mise an chéad cúpla cheist. Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an méid ata curtha faoinár mbráid agus bhí freagraí cuibheasach suntasach ar an méid a bhí ardaithe ag dreamanna eile le tamall. Thuig muid nuair a tháinig na finnéithe os ár gcomhair go raibh fadhbanna ann, go mbeadh níos mó airgid de dhíth agus go bhféadfaí rudaí a dhéanamh níos fearr. Ar a laghad, tá sé leagtha amach níos soiléire anseo.

Tagraím don fhadhb ó thaobh pearsanra de. Tá cúigear breise le fostú agus le cúigear breise bíonn costais eile. An bhfuil tuairim ar bith ag na finnéithe faoin éileamh breise ó thaobh ÁIS dá mbeadh an Rialtas ag cur airgid ar fáil nó dá mbeadh Tionól Thuaisceart Éireann ag feidhmiú agus dá mbeadh airgead breise ar fáil d'Fhoras na Gaeilge? Bhí roinnt dóibh siúd a raibh os ár comhair den tuairim nach bhfuil caiteachas ar fhoilsitheoireacht gafa leis an gcomhionannas ó thaobh Thuaidh agus Theas, gur airgead a thagann go díreach ón Roinn é agus nach gá dúinn fanacht ar Thionól Thuaisceart Éireann teacht le chéile agus fanacht ar an raic a bhíonn ann bliain i ndiadh bliana chun coibhneas ceart a bheith idir na figiúirí.

Níl sé luaite sa mhéid a bhí á rá ag na finnéithe ach tháinig pointe áirithe chun solais nuair a raibh lucht na leabharlann os ár gcomhair. Is í sin an fhadhb atá ann ag roinnt de na foilsitheoirí. Dúirt foilsitheoir amháin go gcaithfidh an leabhar a bheith ar pé córas atá in úsáid ag na leabharlanna agus iad ag ceannach na leabhar. Ceannaíonn na leabharlanna leabhair ó dhream amháin áirithe. Muna bhfuil an leabhar istigh sa chóras sin, ní féidir leis na foilsitheoirí é a dhíol díreach go dtí an leabharlann áitiúil. Caithfear dul ar bhealach amscaí chun iarracht a dhéanamh, mar shampla, leabhar staire i nGaeilge faoin gceantar áitiúil a chur i leabharlann áitiúil, muna dhéantar é a bhronnadh ar an leabharlann saor in aisce. B'fhéidir go mbeadh na finnéithe in ann cuidiú liom leis na ceisteanna sin.

Mr. Seán Ó Coinn

Tógfaidh mise an chéad cheist agus iarraim ar Bhreandán Mac Craith teacht isteach ansin leis an dara cheist a fhreagairt. Maidir leis na hacmhainní atá de dhíth orainn, nuair a bhuail muid leis an Aire, an Teachta Catherine Martin, ní ba luaithe i mbliana, chuireamar faoina bráid na ciorruithe a rinneadh ar an bhuiséad a bhí ag clár na leabhar Gaeilge ag dul siar go dtí 2008. Ag pointe amháin bhí os cionn €1.8 milliún ar fáil don bhuiséad sin, agus tá an ceart ag an Chathaoirleach go bhfuil sin saor ón cheangal 25%:75% don fhoras teanga. Ba mhaith linn a bheith ar ais ag an leibhéal sin ar a laghad. Dar linne go mb’fhearr dúinn dul os a cionn sin nuair a chuirtear i gcás boilsciú ar ghnáthchostais le blianta beaga anuas, gan trácht ar chúrsaí foirne. Beimid ag déanamh an cháis leis an Roinn gur mhaith linn maoiniú breise le cur sa treo seo don ghnó seo agus go mbeadh sé sin roinnte idir scéimeanna, clár na leabhar Gaeilge agus acmhainní breise foirne le cuidiú linn cuid de na rudaí a luaigh ár gcathaoirleach sa ráiteas tosaigh a bhaint amach. San áireamh ansin tá cúrsaí margaíochta, cúrsaí teicneolaíochta agus an tacaíocht riachtanach díolachán sin. I láthair na huaire tá duine amháin againn ag plé leis sin. Iarraim ar Bhreandán Mac Craith labhairt ar cheist na leabharlann.

Mr. Breandán Mac Craith

Roinnt blianta ó shin, cuireadh socrú lárnach in áit ó thaobh ceannacháin do na leabharlanna uilig a d'fhág nach bhfuil ach dhá soláthróir anois atá in ann leabhair a sholáthar do na leabharlanna uilig. Tá ceann acu sin in Éirinn agus tá ceann acu thar lear. Mar a tharlaíonn sé, is custaiméirí dár chuid an dá chomhlacht. Tá níos mó eolais agus teagmhála rialta againn leis an gcomhlacht atá anseo in Éirinn atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus cuirimid eolas faoi na leabhair ar fáil don siopa sin sách rialta. Uair sa seachtain nó uair sa choicís cuirtear eolas amach ag na siopaí faoi na leabhair nua a tháinig isteach agus mar sin de. Faigheann siad eolas mar gheall ar na leabhair is déanaí mar sin.

An deacracht a bhaineann leis, mar a luaigh an Cathaoirleach féin, ná na leabhair staire áitiúla sin. Má tá an leabhar sin sa stoc againn beimid tar éis eolas a thabhairt dóibh mar gheall air ach tá sé faoin siopa, faoin soláthróir agus faoin leabharlann féin an teagmháil sin a dhéanamh leis na leabhair a ordú. Dá mba rud é go raibh foireann níos mó agus acmhainn níos fearr margaíochta idir muid féin agus clár na leabhar Gaeilge i gcomhar leis na foilsitheoirí, d'fhéadfadh muid a bheith níos réamhghníomhach leis na leabharlanna agus níos mó eolais a roinnt orthu. Áfach, leis na hacmhainní atá againn faoi láthair níl sé indéanta leis an timire díolacháin amháin atá ar an mbóthar againn. Cuirtear eolas ar fáil do na comhlachtaí sin faoi na leabhair atá ar fáil ach tá obair mhargaíochta le déanamh leis na leabharlanna féin agus ní hacmhainn dúinn sin a dhéanamh ag an leibhéal ar mhaith linn. Tá súil agam go bhfreagraíonn sé sin an cheist.

Tá an t-eolas acu ach caithfidh an leabharlann an t-iarratas a dhéanamh ar an liosta ceannaithe.

Mr. Breandán Mac Craith

Sin é. Sara cuireadh an socrú lárnach in áit, bhí an leabharlann in ann a bheith ag plé leis an siopa leabhar áitiúil. Do leabhair cosúil leis na leabhair a bhíonn á ndíol againne, a bhaineann le stair nó rud éigin áitiúil, bhí an socrú i bhfad Éireann níos oiriúnaí agus bhí siad in ann plé leis an siopa leabhar áitiúil de réir mar a tháinig ábhair nua amach. Anois agus socrú lárnach ina áit, níl an rogha sin ann.

Ba léir ó thaobh na leabharlann áitiúla de nach raibh leabhair Ghaeilge ar na príomhleabhair á bhí á n-ordú acu, ó thaobh an céatadáin ar aon chaoi. Ní hé go raibh leabhair nó dhó in easnamh; bhí céatadán an-íseal acu ó thaobh leabhair Ghaeilge. Fiú i mBaile Átha Cliath, áit a fuair siad na leabhair ar aon chaoi, dúirt siad linn nach gá dóibh iad a cheannach ón soláthróir lárnach ach go bhfaigheann siad cóipeanna. Seans go mbíonn cóip amháin ag bogadh timpeall na cathrach ar fad. Ba léir ó sin go raibh an méid leabhair Ghaeilge a bhí acu sa chathair tubaisteach chomh maith. Tá jab mór le déanamh ó thaobh margaíochta agus brú de. Caithfear cur ina luí ar phobal le Gaeilge iarratais a dhéanamh chomh maith mar dúirt na leabharlanna nach bhfuil siad chun leabhair a chur sa stoc nuair nach bhfuil daoine ag cur éilimh orthu. Bhí siad sásta leis an méid leabhair Ghaeilge a bhí ann do pháistí agus dúirt siad go raibh sin an-tharraingteach agus go bhfuil éileamh orthu sin níos mó ná roinnt de na leabhair eile.

Mr. Breandán Mac Craith

Arís, má bhreathnaímid siad siar sa stair bhí muid in ann a bheith ag plé go díreach le leabharlanna agus bheadh an leabharlannaí ag teacht isteach chun an stóras, ag dul thart ag breathnú ar gach leabhar a bhí ar fáil agus ag déanamh roghnú as an stoc sin agus bhí muid in ann na horduithe sin a phróiseáil. Ar bhealach, tá an teicneolaíocht sna leabharlanna théis deireadh a chur leis sin nó caithfear próiseáil a dhéanamh orthu nach féidir linne a dhéanamh ach go ndéantar sna siopaí atá roghnaithe ag na soláthróirí lárnacha. Bhí seimineár againn i nDún Seachlainn tamall de bhlianta ó shin mar chuid de Sheachtain na Gaeilge agus thugamar cuireadh do leabharlanna agus leabharlannaithe ó fud fad na tíre.

Tá feachtas margaíochta, LoveLeabharGaeilge, againne a reáchtálaimid i gcomhar leis na foilsitheoirí. Thóg siad leabharlannaithe isteach chun an trádstórais agus labhraíomar ar chuid mhór de na ceisteanna seo. Bhíomar ag iarraidh teacht ar réitigh ar chuid de na fadhbanna sin. Bhíomar in ann teacht timpeall ar chuid de na deacrachtaí ach ní raibh na hacmhainní againn le leanúint ar aghaidh leis an obair sin agus le leanúint suas ar an obair sin.

Ag deireadh an lae, tá ceathrar foirne in ÁIS agus má tharlaíonn sé go bhfuil duine éigin fiú imithe ar saoire, beidh ar an timire díolacháin teacht isteach ón bhóthar. Ní bheidh sí ag tabhairt cuairteanna ar shiopaí. Tá uirthi freastal ar an bhfón agus ar cheisteanna ó chustaiméirí eile. Táimid ag barr na n-acmhainní mar a sheasann sé. De cheal acmhainní breise, ní féidir linn na rudaí ar mhaith linn a dhéanamh sna réimsí seo a dhéanamh. Tá a fhios ag an gcoiste na rudaí ar mhaith linn a dhéanamh ach ar an drochuair níl na hacmhainní againn chun iad a dhéanamh.

Dúirt Breandán Mac Craith go raibh ceathrar foirne acu. Níl a fhios agam cén figiúr ar tugadh dúinn ó thaobh na Breataine Bige.

Mr. Breandán Mac Craith

Tá seisear ar an mbóthar ann agus tá duine amháin ar an mbóthar againn.

Is comparáid dhifriúil é sin agus tá airgead breise acu sin. Is fiú dúinn trácht a dhéanamh dó sin nuair atáimid ag déanamh na tuarascála seo. Táimid ag súil go mbeidh an tuarascáil foilsithe agus críochnaithe againn roimh dheireadh na bliana. Níl aon mhoill uirthi. Tá an fhoireann anseo ag obair uirthi cheana féin.

De ghnáth, ní bhíonn drogall ar bith orm ceist a chur ach níl a fhios agam. Tá sé deacair teacht timpeall ar na fadhbanna. Is maith an rud é go raibh dreamanna éagsúla agus na finnéithe atá ann inniu os ár gcomhair. Deir na finnéithe gur easpa acmhainní an phríomhchúis atá leis an rud. Bhí an-trua ag formhór na ndreamanna sin a tháinig os ár gcomhair ar ÁIS nach raibh foireann go leor aige. Ag an am céanna bhí siad ag rá go raibh fadhb mhór ann ó thaobh cúrsaí teicneolaíochta.

De ghnáth bíonn ceisteanna agam ach ag éisteacht le gach dream atá tagtha os ár gcomhair, tá sé deacair dom a rá cad iad na fadhbanna agus cad é an réiteach. Bhí fadhb agam i gcónaí ó thaobh cúrsaí cíosa agus níl drogall ar bith orm é sin a rá. Ní raibh mé sásta riamh leis an méid cíosa atá á íoc ag ÁIS agus cheapfainn gur chóir go mbeadh foirgneamh buan gan cíos aige. Ní dóigh liom go raibh aon ghá athrú go dtí an áit a bhfuil sé anois ach phléamar é sin cheana. Níl a dhóthain airgid ag ÁIS chun dul i ngleic leis na réitigh a fheiceann sé. Tá an Ghaeilge thíos ó thaobh easpa beart i ndáiríre, nach bhfuil?

Mr. Seán Ó Coinn

Ó thaobh cheist na teicneolaíochta, is dócha gur chóir a rá cé go bhfuil feabhas mór gur féidir linn a dhéanamh agus gur mhaith linn a dhéanamh - agus beimid ag caint leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán - ní dóigh liom go bhfuil cúrsaí chomh holc agus a cuireadh in iúl cuid den am. Tá feabhas mór ag teacht ar líon na leabhar atáimid ag díol, ar líon na siopaí a bhfuilimid ag dul i dteagmháil leo agus, mar a léiríomar sa ráiteas tosaigh, ar an ioncam. Fiú amháin le linn Covid, nuair a bhí cuid de na siopaí druidte, d'éirigh linn cur le líon na leabhar a bhí á gcur amach ag na siopaí. Ní hé nach bhfuil an córas ar fad ag feidhmiú. Tá sí ag feidhmiú go han-mhaith ach is maith nach féidir leis a bheith níos fearr. Aithnímid é sin agus ba mhaith linn straitéis úr theicneolaíochta a chur i bhfeidhm.

Léigh mé an dá ráiteas thosaigh agus an achoimre. Gan dabht, tá dul chun cinn déanta ag na finnéithe, ach tá bearna mhór idir an méid atá á rá acu agus an méid atá á rá na dreamanna a tháinig os ár gcomhair. Is é an téama coitianta ná go bhfuil trua ag na dreamanna orthusan ach bhí dream nó dhó sách-cháinteach ó thaobh an ról atá ag na finnéithe maidir le cúrsaí teicneolaíochta atá seanaimseartha agus nach dtagann na finnéithe ar ais in am, srl. Chuala na finnéithe an rud go léir. Luaigh Breandán Mac Craith seimineár. Cén uair a bhí sé?

Mr. Breandán Mac Craith

Bhí sé roimh Covid. Táimid ag caint ar 2019 nó mar sin. Nuair a ghlaoim seimineár air, thugamar na leabharlanna le chéile ar feadh lae.

Rinne siad é chun cluas a thabhairt dóibh le fáil amach cad iad na fadhbanna.

Mr. Breandán Mac Craith

Sin é go direach.

An raibh tuarascáil mar dheireadh ar an bpróiseas sin?

Mr. Breandán Mac Craith

Ní raibh.

Cá ndeachaigh na finnéithe ó thaobh na rudaí a d'fhoghlaim siad ag an am sin? Cad a tháinig as?

Mr. Breandán Mac Craith

Is dócha gur fheabhsaíomar an t-eolas a bhí á chur ar fáil againn agus go ndéanaimid níos mó teagmhála anois ná mar a bhí leis na soláthróirí in Éirinn atá ag soláthar go leor de na leabharlanna. Tá gaol níos fearr againn le riar maith de na leabharlanna anois ná mar a bhí. Tagann siad isteach go fisiciúil, breathnaíonn siad ar an stuif atá ann agus ordaíonn siad é. Is rud é a thaithíonn go mór leis na leabharlanna go bhfuil siad in ann é sin a dhéanamh, ach arís, ní rabhamar in ann formhór de na moltaí nó na nithe a phléamar ag an seimineár an lá sin a chur i bhfeidhm ceal acmhainní.

Cá ndeachaigh na finnéithe leis an bhfianaise sin nach raibh dóthain acmhainní acu? Cad a rinne siad? Cén t-ardán a d'ardaigh siad?

Mr. Breandán Mac Craith

Bheadh éileamh bliantúil á dhéanamh againn ar ordú sa mhaoiniú don obair seo, go háirithe do chlár na leabhar Gaeilge nach bhfuil sáite sa-----

Tuigim é sin go ginearálta agus is rud faoi leith é seo. Ní féidir leis na finnéithe a ról a chomhlíonadh gan a dóthain airgid nó gan a dóthain acmhainní. Tá bearna mhór idir na finnéithe agus na dreamanna a tháinig os ár gcomhair ag rá go bhfuil an Ghaeilge thíos in ainneoin an dul chun cinn atá déanta. An bhfuil sé leagtha amach áit éigin taobh amuigh den aighneacht gach uile bhliain maidir leis an mbuiséad? Ní dóigh liom gur fiú é sin i ndáiríre. Tá orainn go léir é a dhéanamh. Tá féidearthachtaí anseo ó thaobh na Gaeilge de chun í a chur chun cinn amhail rud chomh bunúsach le níos mó daoine a chur ar an talamh ag dul timpeall agus ag déanamh cuairteanna. Bhí mé i gContae Mhaigh Eo. Ní luafaidh mé an áit. Bhí siopa álainn ann a raibh réimse maith leabhar Gaeilge ann ach bhí siad thíos ar an tseilf is ísle. Tá gá le rudaí bunúsacha mar sin agus tuilleadh foirne a chur ar an talamh le dul isteach sna leabharlanna, na scoileanna agus go háirithe na siopaí. Ní féidir leanúint ar aghaidh ag rá nach bhfuil foireann ag na finnéithe chun é a dhéanamh. Tá gá léi, nach bhfuil?

Mr. Seán Ó Coinn

Tá agus tá achoimre tugtha againn don choiste sa ráiteas tosaigh.

Mr. Seán Ó Coinn

Tá an plean iomlán sin le cur faoi bhráid na Roinne agus le plé leis an Roinn le go n-iarrfaí orthu maoiniú breise a chur ar fáil. Mar a thuigeann an coiste, tá deacrachtaí áirithe le maoiniú a chur ar fáil don fhoras teanga go ginearálta de bharr an Tionóil ó Thuaidh ach is féidir airgead a chur ar fáil don réimse seo, go háirithe trí chlár na leabhar Gaeilge. Tá súil againn go bhfaighimid maoiniú breise le deis a thabhairt dúinn aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí, go háirithe na deacrachtaí teicneolaíochta agus margaíochta, mar a luaigh an Teachta. Maidir leis na hathruithe teicneolaíochta, is é an rud is mó ná go mbeadh teacht beo ag siopaí, foilsitheoirí agus an earnáil ar eolas. Ní hé sin le rá nach bhfuil bunachar sonraí iomlán againn a chuirtear ar fáil go tráth rialta do na siopaí agus atá beacht agus cruinn. Ní hé nach bhfuil na siopaí ar an eolas faoi.

Dar le siopa leabhar Uí Chionnaith, Kenny's bookshop, i nGaillimh, bhog na finnéithe ó sheanchóras go córas nua bogearra agus gur scriosadh an fhaisnéis a bhí ann dá bharr. Leanann sé ar aghaidh. Is é an rud a sheasann amach ná gur thug an siopa le fios go raibh tuairim agus 6,000 leabhar ag ÁIS, ach nach raibh ach tuairim agus 1,800 dóibh ag siopa leabhar Uí Chionnaith ar shuíomh a shiopa.

As an 6,000 leabhar, níl siad in ann ach 1,800 a fháil. Níl siad in ann teacht ar aon eolas maidir leis na cinn eile, dar leo. An bhfuil míthuiscint ar mo thaobh maidir leis sin?

Ms Anna Lee

Tá bunachar ar fáil do na siopaí cuma más mian leo é a fheiceáil, ach níl sé beo ar an suíomh gréasáin faoi láthair. An féidir liom rud beag a chur leis an méid faoi na leabharlanna freisin?

Gabh mo leithscéal ach fanaimis leis an gceist sin ag an bpointe seo, mar ní thuigim agus níl mé ag iarraidh an cheist seo a fhágáil le míthuiscint. Tá an siopa sin ag rá rud amháin. An bhfuil ár n-aoi ag aontú leis an siopa?

Ms Anna Lee

Ní féidir leo logáil isteach faoi láthair ar an suíomh gréasáin chun an eolas sin a fháil beo. Caithfidh siad teacht i dteagmháil linne, de ghnáth tríd an timire díolacháin, le tuairisc iomlán a fháil a dhéanaimid muid beo san oifig. Ní féidir leis na siopaí, ámh, é sin a dhéanamh i láthair na huaire. Caithfidh siad teacht díreach chuig ÁIS. Tá céim sa bhreis ansin gur gá glacadh leis an eolas sin-----

Seachas a bheith ag dul ar an ríomhaire, agus-----

Ms Anna Lee

Is é sin é. Líonann sé sin cuid den bhearna idir na hacmhainní foirne agus na hacmhainní teicneolaíochta. Tá a fhios agam gur chuir cuid mhór de na foilsitheoirí agus na siopaí leabhair an deacracht a bhaineann leis an teicneolaíocht seo chun cinn. Leis an bhfoireann reatha atá againne, bheadh sé deacair orainn an t-am a fháil chun na forbairtí seo a chur i gcrích agus le bainistiú a dhéanamh ar an suíomh, agus mar sin de. Mar a luaigh Breandán Mac Craith agus Seán Ó Coinn, faoi láthair más rud é go bhfuil duine ar saoire nó tinn - dár ndóigh, le Covid-19 agus gach rud eile a thit amach leis sin - caithfidh duine éigin seasamh isteach sa bhearna sin, mar shampla chun na leabhair a phacáil agus a chur sa bhoscaí sa trádstóras, mar níl ach duine amháin fostaithe go lánaimseartha sa trádstóras. Mar fhoireann, nílimid ag fáil an ama le bheith ag obair ar na forbairtí seo, gan trácht ar iad a chur i bhfeidhm.

Is é bun agus barr an scéil, dar lenár n-aíonna, go bhfuil easpa foirne agus easpa acmhainní acu.

Ms Anna Lee

Agus tá an dá rud ceangailte go dlúth lena chéile. Tá na hacmhainní foirne ag teastáil uainn le díriú air seo agus tá an infheistíocht sa teicneolaíocht, mar go bhfuil an dá rud seo nasctha go hiomlán le chéile.

Tá luach curtha ag ÁIS ar na forbairtí sin.

Mr. Seán Ó Coinn

Dar liom, tá figiúr isteach is amach ar €1 milliún de dhíth. San am atá i láthair, is go díreach os cionn €1 milliún atá ag clár na leabhar Gaeilge. Mar a luaigh mé leis an gcoiste, thiar in 2008 bhí díreach os cionn €1.8 milliún aige. Tá bearnaí móra ansin le líonadh agus, lena chois sin, tá na figiúirí in 2008 bunaithe ar phraghsanna agus ar an ráta maireachtála, más maith leat, a bhí sa gheilleagar in 2008. Caithfimid boilsciú agus rátaí pá, agus mar sin de, a chur san áireamh. Dar linn, leis seo a chur ina cheart, bheadh isteach is amach ar €1 milliún de dhíth againn.

Go raibh maith ag ár n-aíonna. Tá súil agam, a Chathaoirligh, tar éis an cur is an cúiteamh seo, go mbeimid in ann tuarascáil a chur i dtoll a chéile. Beidh solas i gceist leis sin.

Maidir le leabhair, léigh mé Madame Lazare le Tadhg Mac Dhonnagáin. Ní bhaineann sé le hÁIS ach is leabhar iontach é. Níl a fhios agam an raibh baint ar bith ag ÁIS le Khalil a d'aistrigh Máirín Nic Con Iomaire.

Mr. Seán Ó Coinn

Ar foilsíodh an leabhar sin faoi Leabhar Breac, ab é?

Ms Anna Lee

Is le Coiscéim a foilsíodh é.

Mr. Seán Ó Coinn

Tá baint againn leo uilig sa mhéid is gur bhain siad uilig maoiniú uainn faoi scéim na foilsitheoireachta. Bíonn na leabhair sin ar an gclár bliana. Táimid an-bhródúil as an méid atá bainte amach acu.

Taispeánann an dá leabhar sin agus a lán leabhar eile atá ag Éilís ní Dhuibhne agus údair eile - níl mé ag iarraidh aon údar a phiocadh amach - na féidearthachtaí atá ann do lucht léitheoireachta agus nílimid ag baint úsáide as na féidearthachtaí sin. Bhain mé taitneamh astu agus léigh mé an dá leabhar sin. Déanaim comhghairdeas leis an dá údar agus gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach.

Mr. Breandán Mac Craith

I dtaca le Madame Lazare, b'fhéidir gur sampla é d’obair gur féidir linn a dhéanamh. Bhí an leabhar sin ainmnithe mar leabhar Gaeilge na bliana, comórtas a thacaíonn Foras na Gaeilge leis. Cuirimid maoiniú ar fáil tríd an bhfeachtas margaíochta do leabhair Gaeilge agus tugann sé sin an-phróifíl don leabhar. Chabhair an leabhar féin leis seo mar tá an leabhar seo ar fheabhas ar fad. Is é sin an leabhar a roghnaíodh le haghaidh na An Post Irish Book Awards do leabhar Gaeilge na bliana. Tacaíonn Foras na Gaeilge leis sin, leis an bhfeachtas margaíochta atá taobh thiar dó, agus freisin le Futa Fata chun an leabhar a fhoilsiú. Tá an-chuid céimeanna sa phróiseas seo. Ba bhreá linn a bheith in ann é sin ar fad a chónascadh le chéile ar bhealach éigin ach, arís, na hacmhainní sin a bheith ann chun é sin a dhéanamh.

Mar fhocal scoir, maidir le Khalil agus Máirín Nic Con Iomaire, tá an jab déanta aici agus taispeánann sé arís go bhfuil an Ghaeilge cuí don fheidhm chun dul i ngleic le cúrsaí sa 21ú aois. Tá an teachtaireacht sin thar a bheith tábhachtach freisin. Tá obair os ár gcomhair amach anseo agus gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach arís.

Go raibh maith ag an Teachta Connolly. Níl a fhios agam an mbeidh Anna Lee nó Breandáin Mac Craith in ann an cheist seo a fhreagairt nó an bhfuil tuairim acu maidir leis an difríocht idir ghnáthdhíolacháin leabhair, toisc go bhfuil leabhar Thaidhg Mac Dhonnagáin luaite, agus an ceann áirithe seo a fuair an phoiblíocht ar fad, an duais agus gach rud eile? Cad é an difríocht ó thaobh leabhar atá feachtas foilsitheoireachta agus margaíochta taobh thiar de agus gnáthleabhar lena ndéantar roinnt gnáthphoiblíochta air?

Mr. Breandán Mac Craith

Rinneamar anailís air nuair a bhíomar ag athcheadú an mhaoinithe d'fheachtas do chlár na leabhar Gaeilge, mar shampla. Rinneamar anailís ar dhíolachán na leabhar a clúdaíodh faoin bhfeachtas agus na cinn comhchosúil leis, b'fhéidir, nach raibh mar chuid den fheachtas. Ní fhanann na figiúirí liom ó bharr mo chloigeann ach bhí difríocht shuntasach sna leabhair a bhí mar chuid den fheachtas i gcomparáid leis na leabhair nach raibh.

An dhá nó trí uair méid na difríochta sin?

Mr. Breandán Mac Craith

Is ea.

Mr. Seán Ó Coinn

Cinnte.

Mr. Breandán Mac Craith

Níor mhaith liom figiúirí a lua ó bharr mo chloigeann, ach táimid ag caint ar dhúbailt ar a mhéid.

Is é an fáth a luaim é sin ná nuair atáthar ag lorg airgead do mhargaíocht, chaithfí a bheith in ann a chruthú ar a laghad go bhfuil daoine á dtreorú i dtreo an bhuntáiste atá ann má tá buntáiste le soiléiriú toisc na poiblíochta a fuair na leabhair de bharr gur leabhair duaise é nó gan a bheith ina leabhair duaise. Is léiriú maith é sin go bhfuil daoine sásta leabhair a cheannach má tá a fhios acu go bhfuil siad ann, má tá daoine ag caint fúthu, agus má tá léirmheasanna ar an teilifís nó ar an raidió fúthú nó go bhfuil teacht orthu sin, fiú amháin, sna nuachtáin áitiúla. Ba chóir go mbeadh brú ar na nuachtáin áitiúla, más féidir, níos mó léirmheasanna nó léirmheas amháin, fiú amháin, a dhéanamh as Gaeilge. Chuideodh sé sin, mar is léiriú maith é sin go bhfuil toradh ann nuair a bhíonn poiblíocht taobh thiar de leabhar. Luaigh, ach ní cuimhin liom teideal na scéime, roinnt de na húdair scéim a bhíodh ann.

Mr. Seán Ó Coinn

Is scéim na gcoimisiúin é sin, a Chathaoirligh.

An raibh sé sin sin faoi scéim na leabhar Gaeilge?

Mr. Seán Ó Coinn

Is scéim de chuid chlár na leabhar Gaeilge a bhí ann.

Bheadh sé go breá dá mbeadh an scéim sin le cur ar siúl arís - bheadh airgead sa bhreis ag teastáil chomh maith.

Mr. Seán Ó Coinn

Ní bheadh, mar beidh an scéim sin ag dul i bhfeidhm i mbliana arís. Bíonn sé againn gach cúpla bliain seachas scéim bhliantúil a bheith ann. Ar ndóigh, ba mhaith linn i bhfad níos mó maoinithe a bheith againn le cur isteach sa scéim ach fiú amháin leis an maoiniú reatha atá againn, beimid ag reáchtáil na scéime sin arís i mbliana.

Tá ár n-aíonna tar éis déileáil leis an suíomh Idirlín i gceisteanna an Teachta Connolly. Is dóigh liom gurb é sin an méid mar tá na príomhphointí déanta ag ár n-aíonna ó na ceisteanna a tháinig chun tosaigh nuair a bhí dreamanna eile os ár gcomhair. Tá jab maith déanta ag ár n-aíonna. Más mian leis an gcoiste, is féidir leis turas a dhéanamh thíos ar Dhún Seachlainn go dtí an trádstóras atá ann mar, b'fhéidir, go bhfuil sé cosúil leis an seantrádstóras ina raibh mé ag obair tamall de bhlianta ó shin.

Mr. Breandán Mac Craith

Níl sé cosúil leis an seantrádstóras.

An bhfuil sé níos measa?

Mr. Breandán Mac Craith

Tá sé beagáinín níos leithne agus beagáinín níos mó.

Bhí mé in ann teacht ar gach leabhar sa seanstóras.

Mr. Seán Ó Coinn

Is é ceann de na buntáistí a bhaineann leis sin ná go rabhamar ábalta an stoc leabhar atá ag Foras na Gaeilge féin faoin teach foilsitheoireachta atá ag Foras na Gaeilge féin, An Gúm, a bhaint amach as an stóras ina raibh siadsan á gcoinneáil agus a bhogadh isteach inár dtrádstóras féin, rud a shábháil mórán airgid orainn. Tuigim go bhfuil an Teachta Ní Chonghaile an-bhuartha faoi chúrsaí cíosa agus is sábháil mhór a bhí ansin i dtaca le costais stórála. Fágann an áit a bhfuil an trádstóras anois go bhfuil sé i bhfad níos fusa againn a bheith ag plé le margaí iomlána na tíre agus is dóigh liom nach bhfuilimid ach 25 bomaite as Baile Átha Cliath. Fágann sé sin gur féidir linn seachadtaí a dhéanamh isteach go Baile Átha Cliath ar bhonn laethúil. Tá sé sin i bhfad níos fearr ná an socrú a bhí againn nuair a bhíomar sna seanoifigí.

An mbeadh sé i gceist go mbeadh an bhreis foirne lonnaithe as sin? Tá a fhios agam gur timpeall na tíre a bheadh siad ag obair.

Mr. Seán Ó Coinn

Ba mhaith linn iad a bheith againn sula lonnaímis iad áit ar bith, ach sin an smaoineamh a bheadh taobh thiar de sin. Tá an-deiseanna ann comhtháthú a dhéanamh anois le polasaithe iontacha atá ag an Stát maidir le cur chun cinn na teanga, ó thaobh polasaí pleanála teanga, an polasaí don oideachas Gaeltachta agus an polasaí úr a bheidh ag teacht chun cinn don oideachas lán-Ghaeilge agus teagasc na Gaeilge sa Roinn Oideachais. Is féidir an-bhéim a chur ar chúrsaí litearthachta agus léamh sna polasaithe sin. Tá an-bhéim anois ar fhorbairt pobail sna ceantair phleanála teanga. Dá mbeadh na baill fhoirne againn chuige, d’fhéadfadh muid comhordú a dhéanamh ar na polasaithe sin uilig le bheith cinnte go bhfuil rochtain i bhfad níos fearr ag pobal na Gaeilge ar an ábhar iontach atá ar fáil ónár gcuid foilsitheoirí. Sin na pleananna a bheadh againn.

Ní cuimhin liom cé a bhí ag labhairt faoi na leabhair Ghaeilge a dáileadh ar pháistí óga, rud a chuidigh leis na foilsitheoirí toisc gur ceannaíodh an oiread sin acu i mbliana agus roimhe. Dúradh gur jab maith a bhí á dhéanamh agus gur chóir leanúint leis an scéim sin. Níl a fhios agam cén ról a bhí ag Foras na Gaeilge ansin. An raibh leabhar ar bith acu ansin?

Mr. Seán Ó Coinn

Ní dóigh liom é. Sílim gur an Roinn a bhí ann. An bhfuil an Cathaoirleach ag caint faoi na boscaí a chuaigh amach ag na siopaí nó na scoileanna?

Na scoileanna.

Mr. Seán Ó Coinn

Is muidne a mhaoinigh é sin, i gcomhar le Leabhair Pháistí Éireann.

Scéim mhaith a bhí ann mar ar a laghad mheabhraigh sé do roinnt páistí nach raibh tar éis leabhar nua Gaeilge a phiocadh suas go raibh siad in ann dóibh. Molaim na finnéithe as sin, agus freisin aon duine eile a bhí bainteach leis an scéim.

An bhfuil aon cheist eile ag aon duine? Tá mo chomhghleacaithe ar fad imithe ar strae orm; dá bhrí sin, is féidir linn críoch a chur leis an gcruinniú seo níos luaithe ná mar is gnáth. Beidh na finnéithe sásta leis sin.

Déanfaidh mé clabhsúr leis an díospóireacht ar an ábhar seo. Gabhaim mo bhuíochas leis na finnéithe ar fad as an eolas a fuair muid inniu. Má tá aon eolas breise uainn, is féidir linn nóta a sheoladh chucu. B’fhéidir go bhféadfadh muid sampla a fháil den chóras atá ann maidir le céard a bhí Kenny’s ag lorg. Dúirt siad gur gá glaoch orthu. Dá mbeadh sampla de sin againn, d’fhéadfadh muid é a léiriú sa tuarascáil.

Tá sé i gceist gurb é seo an cruinniú deireanach faoin bhfoilsitheoireacht. Tá súil againn go mbeidh an tuarascáil á phlé ag an gcoiste i bhfoirm dréachtaithe roimh dheireadh na míosa seo chugainn. Ba chóir go mbeadh an tuarascáil foilsithe roimh an Nollaig. Sraith de dheich gcruinniú san iomlán a bhí i gceist. Beidh jab mór ag an bhfoireann anseo míniú nó soiléiriú a fháil as sin ar fad. Déanfaimid roinnt moltaí agus ansin cuirfimid an tuarascáil faoi bhráid an Aire agus faoi bhráid na Dála.

Mr. Seán Ó Coinn

Tá fáilte roimh an gcoiste theacht ar cuairt go Dún Seachlainn am ar bith, nó cuid den choiste, más mian leo.

Ligfimid mé don chléireach na féidearthachtaí nó na dátaí agus sonraí a roghnú dúinn ar fad.

Cuireadh an comhchoiste ar fionraí ar 2.25 p.m., chuaigh sé isteach i seisiún príobháideach ar 2.34 p.m. agus cuireadh ar athló é ar 2.38 p.m. go dtí 1.30 p.m. Dé Céadaoin, an 21 Meán Fómhair 2022.
Barr
Roinn