Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Wednesday, 21 Sep 2022

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé

Tá leithscéal faighte ón Seanadóir Mullen. Leanfaidh an cruinniú seo ar aghaidh go dtí 4 a chlog más gá; ach ní gá. Cuirim fáilte roimh chomhaltaí an choiste agus roimh aon Chomhalta eile a thagann isteach. Cuirim fáilte freisin roimh na finnéithe a bheidh ag labhairt os ár gcomhair inniu agus roimh ár lucht féachana ar Theilifís an Oireachtais.

Cuirim fáilte roimh ard-rúnaí An Fhorais Pátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra; ard-rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn; uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin; bainisteoir abhcóideachta Chonradh na Gaeilge, Róisín Ní Chinnéide; ardfheidhmeannach Ghaeloideachais, Bláthnaid Ní Ghréacháin; agus uachtarán Ghaeloideachais, Mícheál Mac Donnacha.

Tá Róisín Ní Chinnéide tar éis jab nua a thosú, an jab a bhíodh ag Peadar Mac Fhlannchadha. Bhíodh Peadar anseo cuíosach minic ag tabhairt cuidiú dúinn, ní hamháin sa choiste seo agus san obair atá á déanamh againn. Tá coiste eile ann a bhíonn ag déileáil le húsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais agus bhí sé an-chabhrach leis sin agus le cur chun cinn na Gaeilge. Is trua linn go bhfuil sé tar éis éirí as agus dul ar phinsean ach tá a fhios agam nach bhfuil sé imithe go hiomlán. Beidh sé sa chúlra agus tá súil agam go mbeidh an ról céanna, agus b’fhéidir ról níos mó fiú, le himirt ag Róisín. Cad a deir siad faoi bhróga móra a líonadh?

Sula dtosaímid ár mbreathnú ar an ábhar inniu, caithfidh mé roinnt rialacha agus treoracha a léamh. Meabhraím do chomhaltaí, d’fhinnéithe agus do bhaill fhoirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna sin cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais.

Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl agus iad féin le feiceáil ar an scáileán. Chomh maith leis sin, ba chóir dóibh a chinntiú go bhfuil a micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag caint.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuireann siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon an cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, duine nó eintiteas a cháineadh, nó líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh nó tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí ina bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfeadh siad leis an ordú sin má eisítear é.

Measaim go bhfuil muid réidh chun tús a chur leis an seisiún seo. Ar dtús báire, iarraim ar ard-rúnaí an Fhorais Phátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra, labhairt linn.

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus leis na baill den choiste as an gcuireadh chun labhairt anseo inniu. Is pátrún náisiúnta é an Foras Pátrúnachta a bhunaíonn agus a bhainistíonn scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus an dara leibhéal. Tá breis is 17,000 dalta ag freastal ar ár scoileanna faoi láthair. Tá an Foras Pátrúnachta ag iarraidh go mbeadh oideachas lán-Ghaeilge den scoth ar fáil do gach páiste sa tír ag an mbunleibhéal agus an dara leibhéal. Tá sé glactha go forleathan gur ceann de na polasaithe is rathúla sa Stát é an Gaeloideachas le tumoideachas iomlán nó, go deimhin, gurb é an polasaí is rathúla maidir le cur chun cinn na Gaeilge é. Téann daltaí tríd an gcóras agus tagann siad amach mar Ghaeilgeoirí. Léiríonn gach taighde go bhfuil 25% de thuismitheoirí ag éileamh an mhúnla seo dá bpáistí. Má tá ag éirí chomh maith leis an earnáil seo, cén fáth nach bhfuil an Roinn ag tapú an deis trí tacaíocht ghníomhach dhearfach a thabhairt chun an earnáil a leathnú agus polasaí an Stáit a fheidhmiú i leith na Gaeilge? Inár n-earnáil, braitear nach mbeadh an chonspóid chéanna maidir le díolúintí Gaeilge dá mbeadh níos mó tacaíocht don earnáil ann.

Feidhmíonn an Foras Pátrúnachta san earnáil lán-Ghaeilge. Ciallaíonn sé seo go bhfeidhmíonn ár scoileanna trí Ghaeilge. Is í an teanga teagaisc agus foghlamtha an Ghaeilge. Má tá deacrachtaí foghlamtha ag daltaí, tugtar cabhair dóibh. Ní fhaigheann daltaí san earnáil sin díolúintí ón nGaeilge. Is é an seasamh atá ag an bhForas Pátrúnachta do dhaltaí le deacrachtaí foghlamtha, dá bhrí sin, ná gur chóir tacaíocht leis an nGaeilge a thabhairt dóibh seachas díolúine ón nGaeilge.

Tá córas na ndíolúintí tar éis forbairt thar na blianta. Léiríodh imní faoi líon na ndíolúintí a bhí á dtabhairt do dhaltaí agus, leis an gciorclán is déanaí, chuir an Roinn in iúl go dtiocfadh laghdú air de bharr na hathruithe a cuireadh i bhfeidhm. Faraor, léiríonn na staitisticí is déanaí nach laghdú ach a mhalairt atá tagtha ar an líon díolúintí. Rinneadh athbhreithniú le linn na paindéime Covid ach, mar a léireoidh mo chomhghleacaithe níos déanaí, ní bhraitear in earnáil na Gaeilge gur fíor-athbhreithniú a bhí ann. Cad is fiú mar sin an córas ná an t-athbhreithniú?

Fiú má bhreathnaímid ar an gcóras reatha, is léir go bhfuil fadhbanna leis agus go raibh ón tús. Aistríodh an cinneadh ar dhíolúine ó shíceolaithe gairmiúla go dtí príomhoide agus foireann na scoile. Cuid den aidhm a bhain leis seo ná costas agus castacht an phróisis a laghdú. Faraor, tá córas i bhfeidhm anois a bhfuil fadhbanna leis atá deacair a ghlacadh. Titeann ualach an chinnidh ar an bpríomhoide. Is gá don chinneadh seo a bheith bunaithe ar eolas agus ar chruthúnas bailithe ag an scoil ar an dalta agus ar conas a fheidhmíonn sé nó sí sa Ghaeilge. Is léir go bhfuil deiseanna d'éagsúlacht ollmhór sna cinntí seo mar nach bhfuil aon dualgas ar scoileanna meán-Bhéarla scrúdaithe caighdeánacha a dhéanamh sa Ghaeilge. Cad air, mar sin, a bhunaítear na cinntí seo? An mbeidh dúshláin á dtabhairt do bhoird bhainistíochta amach anseo as faillí a dhéanamh ar dhaltaí trí dhíolúintí a thabhairt dóibh? Inár dtuairim, is botún é nach bhfuil scrúdaithe caighdeánacha sa Ghaeilge le déanamh ag bunscoileanna meán-Bhéarla. Chomh maith le heaspa fianaise agus cruthúnas oibiachtúil ar chaighdeán Gaeilge na ndaltaí, is comhartha é ar mheon an chórais i leith na Gaeilge. Má fheiceann tuismitheoirí nach bhfuil tástáil chaighdeánach á déanamh ar an nGaeilge mar go bhfuil ar an mBéarla agus ar an mata, ní haon ionadh go mbraitear laghdú ar a tábhacht agus go dtagann méadú ar an líon díolúintí atá á lorg. D’fhéadfadh éifeacht a bheith aige seo ar na scoileanna féin agus ar a meon i leith na Gaeilge.

Níl locht ar thuismitheoirí ná ar scoileanna ar an gceist seo. Is easpa ceannasaíochta agus cinntí nár glacadh agus nach bhfuil á nglacadh. Is teanga í an Ghaeilge ar nós aon teanga eile. Is féidir í a fhoghlaim agus is féidir foghlaim tríd an teanga. Tá sé seo cruthaithe ag earnáil na Gaelscolaíochta. Is é an easpa atá anseo ná an easpa ceannasaíochta agus tacaíochta ón Stát. Tá ráitis, straitéisí agus polasaithe againn ach fós táimid ag streachailt leis an gcóras. Is ar an gcóras gur gá leasú a dhéanamh. Dá mbeadh na polasaithe agus straitéisí á bhfeidhmiú chomh maith agus a d’fhéadfaí agus dá mbeadh na tacaíochtaí á dtabhairt, seans nach mbeadh muid anseo ag caint faoi dhíolúintí.

Mar shampla, tá sé d’aidhm ag an Stát go mbeidh 20% den Státseirbhís ábalta feidhmiú as Gaeilge. Shílfeá, mar sin, go mbeadh plean comhtháite chun cinntiú go mbeadh daoine ann agus iad cumasach chun feidhmiú trí Ghaeilge. Nach mbeadh chuile thacaíocht á tabhairt do scoileanna chun a chinntiú go mbeadh na daltaí ag teacht tríd a gcórais agus iad líofa? In ionad sin, níl ar scoileanna meán-Bhéarla tástáil chaighdeánach a dhéanamh sa Ghaeilge. Táimid ag rá go dtosaíonn an fhadhb sa bhunscoil.

Ar an taobh eile den scéal, cén fáth nach bhfuil an Stát réamhghníomhach ag tacú leo siúd atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn ar nós an Fhoras Pátrúnachta? Níl aon phlean ann chun scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú chun an 20% seo a bhaint amach. In ionad sin, diúltaítear dár n-iarratais, mar a tharla i mBaile Átha Cliath 6. Fiú nuair atá oideachas lán-Ghaeilge le cur ar fáil i bhfoirgneamh nua, tá easpa pleanáil chomhtháite i gceist ó thaobh na Gaeilge. Mar shampla, nuair atá foirgneamh nua á thógáil ag an Roinn, níl aon treoir ann ag an dara leibhéal ar cén dearadh gur chóir a bheith ar aonad lán-Ghaeilge i meánscoileanna. Tógtar na haonaid seo gan aon aird ar an nGaeilge ná gan aon chinnteacht nach mbeadh aon ionsaí ar an nGaeilge ó lá go lá ag Béarlóirí na scoile. Is féidir le pátrúin a rá nach bhfuil aon treoir ann ón Roinn agus, mar sin, tógtar an foirgneamh sa chaoi go bhfuil ionsaí á dhéanamh ar an nGaeilge. Ní thagann an dúshlán amháin ón Roinn Oideachas mar tá sé curtha in iúl ag tuismitheoirí dár scoileanna go bhfuil síceolaithe ón bhfeidhmeannas sláinte ag moladh gan a bpáistí le riachtanais speisialta a sheoladh chuig scoil lán-Ghaeilge. Táim ag déanamh na pointí seo chun soiléireacht a thabhairt. Táimid ag caint ar dhíolúintí ach tá an iliomad rudaí le hathrú ó thaobh meon agus cur chuige an chórais. Tá ardú feasachta agus cur chuige dearfach i leith na Gaeilge le glacadh ag an gcóras. Má táthar ag caint ar pholasaí na Roinne ó thaobh thógáil foirgneamh agus ar shíceolaithe ón bhfeidhmeannas sláinte ag moladh do pháistí gan dul ag scoileanna lán-Ghaeilge nuair atá cruthúnas náisiúnta agus idirnáisiúnta go bhfuil tacaíocht á fáil ag páistí le riachtanais speisialta i scoileanna lán-Ghaeilge chomh maith le haon scoile eile, tá éifeacht aige seo ar an bpobal agus ar an tsochaí.

Is roinnt samplaí iad seo den chóras agus den chaoi a gcaitheann sé leis an nGaeilge. Ní nach ionadh go bhfuil roinnt tuismitheoirí ag lorg díolúine dá bpáistí. Má leantar leis an ardú ar líon na ndíolúintí, tá teip ar an gcóras agus tá faillí á dhéanamh againn ar na daltaí sin.

Táimid ag ceilt a dteanga orthu agus anuas air sin táimid ag ceilt deiseanna sa saol amach anseo. Mar a fheictear ón méid atá ráite agam, níl sa díolúine ach léiriú amháin ar theip an chórais. Tá gá le ceannasaíocht chun dul i ngleic leis an gceist seo ag leibhéal an Rialtais. Teastaíonn comhtháthú agus idirnascthacht idir an Roinn Oideachas, Roinn na Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus na Ranna Stáit eile maidir le ceist na Gaeilge, rud atá riachtanach chun go mbainfear spriocanna straitéis na Gaeilge amach.

Tá an Ghaeilge fite fuaite lenár bhféiniúlacht, lenár gcultúr agus lenár n-oidhreacht. Tá ról ríthábhachtach ag an Stát ina caomhnú. Ní mór don Roinn Oideachais breathnú ní hamháin ar dhíolúintí agus an chonspóid a bhaineann leo, ach freisin ar gach polasaí agus beartas a bhaineann le scoileanna agus cur chuige a fhorbairt a fhreastalaíonn ar chearta teanga gach uile dhuine sa tír. Gabhaim buíochas as ucht an deis a thabhairt dúinn an cás seo a dhéanamh.

Mr. Julian de Spáinn

Gabhaim míle buíochas leis an gcoiste as an gcuireadh a bheith anseo chun labhairt faoin gcóras díolúintí ó staidéar na Gaeilge sa chóras oideachais. Díreoidh mé ar na díolúintí agus, mar chuid de sin, labhróidh mé beagáinín faoin mórphictiúr den Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal.

As an mbreis is 390,000 dalta a bhí san iar-bhunscoil in 2021 go 2022, bhí níos mó ná duine as gach deichniúr ag fáil díolúine ó staidéar na Gaeilge. Sin 41,158 dalta ar fad nó 11% den iomlán. Ba mhaith liom an figiúr den líon daltaí le díolúine ó staidéar na Gaeilge a chur in iúl arís – 41,158 dalta. D’fhéadfaí Páirc Uí Chaoimh a líonadh leis an líon daltaí sin. Is léiriú é seo ar teip agus cur i gcéill an Stáit seo go bhfuil 41,158 dalta san iar-bhunscoil ag fáil díolúine agus beidh a gcuid deiseanna sa saol srianta de bharr an chórais lochtach a bhfuil an Roinn Oideachais i bhfeighil air. In ionad córais a bhunú a fhreastalóidh ar riachtanais an 41,158 dalta sin, tá córas forbartha ag an Roinn Oideachais leis na riachtanais sin a sheachaint agus is mór an náire é gur lig Rialtas i ndiaidh Rialtais eile don Roinn Oideachais é seo a dhéanamh, go háirithe ó 1999 ar aghaidh. In 1999, ní raibh ach 2.5% de dhaltaí iar-bhunscoile ann le díolúine ó staidéar na Gaeilge. Tagann an figiúr seo, 2.5%, leis an líon daltaí le deacrachtaí foghlama tromchúiseacha a bhíonn saineolaithe cosúil leis an Ollamh Pádraig Ó Duibhir, ó Sealbhú in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, ag rá gur chóir go mbeadh díolúine ar fáil dóibh.

Tá teipthe ar an Roinn Oideachais smacht a choinneáil ar chóras na ndíolúintí, agus ó 2019 leis an gciorclán nua i bhfeidhm, a thugann cead d’aon dalta díolúine a fháil ón nGaeilge sa chás go mbíonn scór caighdeánach ag an deichiú peircintíl nó faoina bhun acu ar thriail scoite i léamh focal, i léamhthuiscint nó i litriú, tá ardú an-ghasta tagtha ar líon na ndíolúintí a bronnadh, le hardú 25% ar an líon na ndíolúintí a bronnadh san iar-bhunscoil sa scoilbhliain dheireanach, 2021 go 2022. Deirtear i gciorclán nua na Roinne Oideachais nár chóir na díolúintí a bhronnadh ach i gcásanna annamha agus eisceachtúla. Bhí sé sin ann roimh 2000 ach tá an Roinn Oideachais sáinnithe sa chur i gcéill má cheapann sé gur amhlaidh an scéal anois in 2022. Ní chóir go mbeadh aon iontas orainn. Rinneadh neamhaird ar an taighde a chuir cigirí na Roinne Oideachais féin le chéile agus ar fhormhór na moltaí ó na haighneachtaí a cuireadh isteach mar chuid den chomhairliúchán a d’úsáid an Roinn Oideachais leis na ciorcláin nua maidir leis an díolúine ó staidéar na Gaeilge a chuir sé le chéile in 2019. Mar chuid den chomhairliúchán céanna, bhain an Roinn Oideachais úsáid as suirbhé lochtach agus claonta a lig dó córas nua a chur ar bun nach bhfreastalaíonn ar riachtanais an dalta, ach a sheachnaíonn na riachtanais sin trí chóras a bhunú atá níos éasca le teacht ar díolúine. I mbliana, cuireadh leis na fáthanna ar féidir díolúine a lorg i ndiaidh an athbhreithnithe a rinne an Roinn an samhradh seo, athbhreithniú a gealladh in 2019. Athbhreithniú a luaimse ach, dar liom agus go leor grúpaí oideachais agus Gaeilge eile, nach athbhreithniú a bhí ann in aon chor - is cur i gcéill amach is amach a bhí ann.

Bhuail oifigigh ón Roinn Oideachais le Conradh na Gaeilge agus le grúpaí oideachais Gaeilge eile mar chuid den phróiseas a tugadh athbhreithniú air, ach níor tugadh aon deis dúinn fíor-ionchur a bheith againn sa phróiseas. Níor roinn siad aon staitisticí i leith na ndíolúintí linn. Bhuaileamar le hoifigigh na Roinne an lá sular chas siad leis an Aire Oideachais agus chuir siad na moltaí a bhí curtha le chéile acu di os ár gcomhair. Bhí na leasuithe socraithe acu sular bhuail siad linn mar sin. Bhí na leasuithe bunaithe ar an dlí a sheachaint in ionad an rud is fearr ó thaobh an oideachais de a dhéanamh do dhaltaí na tíre. Tic sa bhosca a bhí i gceist leis an gcruinniú a bhí againn leo. Phléigh muid leo an gá le sprioc a leagan síos leis an líon díolúintí a laghdú trí fhreastail ar riachtanais daltaí agus córas nua a chur ar bun ionas nach mbeadh díolúintí ag teastáil. Níor tógadh aon chuid de sin san áireamh san athbhreithniú. Is é an cineál tuairime a bhí ag cuid de na hoifigigh ná nach bhféadfaí fál a chur ar an ngort tar éis na foghla. Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh don obair atá ar siúl ag an gcomhchoiste agus ba mhaith liom an coiste a mholadh mar seo an t-athbhreithniú a bhí ag teastáil do chóras na ndíolúintí. Molaim an coiste as ucht tús a chur leis na héisteachtaí seo.

Ba mhaith liom dul ar ais go dtí an 41,158 dalta scoile atá á ligean síos ag an Stáit, agus atá á bhfágáil ar mhíbhuntáiste. Roimhe seo bheadh ráite gurbh é an rud is mó nach bhféadfadh dalta le díolúine a dhéanamh nuair a fhágann sé nó sí an scoil ná a bheith mar bhunmhúinteoir ach tá an cluiche athraithe le hachtú Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. Tuigeann an comhchoiste, go háirithe mar gheall ar an dian-obair a rinne sé leis an Acht a láidriú agus mar gheall gur ghlac an Rialtas lenár moltaí go mbeidh 20% de na daoine a earcófar san earnáil phoiblí faoi dheireadh 2030 inniúil ar an nGaeilge, go bhfuil an oiread sin deiseanna oibre á mbaint ó na daltaí le díolúine ó staidéar na Gaeilge. Ar lámh amháin, tá an Rialtas tiomanta leis an nGaeilge a chur chun cinn leis an soláthar san Acht nua, agus ar lámh eile tá an Rialtas ag baint deiseanna saoil ón 41,158 dalta sin. Ar ndóigh, sin an líon daltaí reatha le díolúine san iar-bhunscoil. Leis an ráta fáis sa líon díolúintí agus ag breathnú ar aghaidh chuig spriocbhliain earcaíochta an Rialtais de 2030, d’fhéadfadh breis is 100,000 duine óg a bheith faoi mhíbhuntáiste toisc nach bhfuil an Roinn Oideachais sásta freastail ar a riachtanais foghlama.

Tá moladh ag Conradh na Gaeilge, moladh a cuireadh chun cinn in 2018 nuair a cuireadh an córas nua díolúintí ar bun, agus creideann muid go bhféadfadh an moladh seo an gá le díolúintí a bhaint don chuid is mó. Táimid ag éileamh go gcuirfear polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal i bhfeidhm. Gheall Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas tacaíocht don pholasaí seo san olltoghchán, agus tá tagairt dó sa chlár Rialtais reatha, ach níl an tAire Oideachais ag feidhmiú ar an bpolasaí. Chuimseodh an polasaí leis an nGaeilge sa chóras oideachais ag gach leibhéal agus i ngach earnáil, leis an trí chroí-pholasaí seo a leanas san áireamh sa pholasaí: an polasaí oideachais Gaeltachta reatha; polasaí don Ghaelscolaíocht, a gheall an Teachta McHugh nuair a bhí sé mar Aire Oideachais i mí na Nollaig 2019 agus a bhfuil obair tosaithe air le déanaí; agus polasaí don oideachas a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla. Bheadh an páirt-tumoideachas, tumoideachas iomlán, an curaclam, sonraíochtaí, oiliúint múinteoirí, bunú Gaelscoileanna, díolúintí, measúnú agus gach rud eile san áireamh. Bheadh an creat Eorpach d’fhoghlaim teangacha mar chroílár an pholasaithe nua agus cheanglódh sé foghlaim na Gaeilge ag gach leibhéal ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal. D’fheadfadh daltaí le deacrachtaí foghlama nó aon dalta ag teacht isteach déanach ó thar lear an Ghaeilge a fhoghlaim ar scoil ag na leibhéil is oiriúnaí dóibh agus pointí ardteistiméireachta a bheith ar fáil dóibh bunaithe air seo. Faoin gcóras seo, mar shampla, bheadh dalta le deacracht scríofa sa Ghaeilge in ann an scrúdú béil amháin a dhéanamh don ardteistiméireacht agus a bheith i dteideal pointí Lár-Oifig Iontrála in ionad a bheith scartha amach ón rang Gaeilge ón mbunscoil ar aghaidh. Laghdódh sé seo an gá le díolúintí a bhronnadh agus chinnteodh sé freastail cothrom agus sásúil don bhreis is 100,000 dalta a bheidh thíos leis an gcóras reatha faoi 2030. Is gá gníomhú air seo anois gan a thuilleadh moille.

Sula gcríochnaím, ba mhaith liom tagairt a dhéanamh don chinneadh atá déanta ag an Aire Oideachais páipéar 1 Gaeilge don ardteistiméireacht a bhogadh go deireadh bhliain a cúig. De réir an eolais atá faighte ag an gconradh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 maidir leis an gcinneadh seo, is léir nach raibh aon bhunús oideachasúil ag baint leis an gcinneadh seo agus nach raibh aon phlé déanta le múinteoirí Gaeilge faoi na himpleachtaí a bhaineann leis an athrú seo. Ní hamháin sin, ach bhí sé an-soiléir go raibh Coimisiún na Scrúduithe Stáit buartha faoin bplean. Dúirt sé go minic sa chomhfhreagras go mbeadh gá na sonraíochtaí a athbhreithniú agus a chur in oiriúint dá mbogfaí páipéar 1 chun tosaigh níos mo ná cúpla seachtain agus luaigh sé an míbhuntáiste a d’fhéadfadh a bheith ann do bhuachaillí ó thaobh aibíochta de agus an cheapadóireacht á scrúdú ag deireadh bhliain a cúig. Cuireann sé iontas orainn go ndeachaigh an Roinn Oideachais ar aghaidh leis an moladh ach é sin ráite tá an cinneadh ag teacht leis an gcinneadh maidir leis na díolúintí agus neamhaird a dhéanamh ar an toradh oideachasúla is fearr don dalta. D’fhéadfadh impleachtaí a bheith aige seo ar chóras reatha na ndíolúintí chomh maith. D’fhéadfadh sé daltaí a bhrú i dtreo díolúine níos luaithe sa chóras mar gheall go mbeidh an chéad pháipéar le déanamh i mbliain a cúig. Chomh maith leis sin, tá seans ann go mbainfear mí-úsáid as an díolúine le scrúdú ag deireadh bhliain a cúig a sheachaint. Bheadh sé seo tarraingteach, mar shampla, do na daltaí a fhaigheann díolúine ón nGaeilge ach a dhéanann scrúdú ardteistiméireachta i dteanga eile; is é seo a rinne 67% de na daltaí le díolúine in 2016 de réir anailíse ag Tuairisc.ie.

Iarraim ar an gcomhchoiste éileamh ar an Aire Oideachais an cinneadh seo, chun páipéar 1 Gaeilge a bhogadh go deireadh bhliain a cúig, a aisiompú agus gníomhú ar an bpolasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal ina áit.

Tá súil ag Conradh na Gaeilge go n-aontóidh an comhchoiste linn gur chóir deireadh a chur leis an gcóras díolúine ó staidéar na Gaeilge reatha agus ina áit na rudaí atá á leagadh amach agam a dhéanamh. Ba chóir don Aire Oideachais polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal a fhorbairt agus a fheidhmiú, polasaí a bhunófar ar an gcreat Eorpach d’fhoghlaim teangacha. Ligfeadh an córas nua seo do dhaltaí le deacrachtaí foghlama nó do dhaltaí atá ag teacht isteach déanach sa chóras ó thar lear an Ghaeilge a fhoghlaim ar scoil ag na leibhéil is oiriúnaí dóibh. Bheadh an gá le díolúintí a bhronnadh laghdaithe go suntasach le córas ionchuimsitheach nua. Bheadh an córas nua seo ag teacht le polasaí an Rialtais agus an sprioc in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 go mbeidh 20% de na daoine a earcófar san earnáil phoiblí faoi dheireadh 2030 inniúil ar an nGaeilge. Ba chóir don Aire Oideachais grúpa saineolach ar an oideachas Gaeilge a chur ar bun láithreach bonn leis an bpolasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais a fhorbairt. Ba chóir don Aire Oideachais an cinneadh chun páipéar 1 Gaeilge a bhogadh go deireadh bhliain a cúig a aisiompú agus gníomhú ar an bpolasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal ina áit. Bheimis an-bhuíoch den chomhchoiste dá mbeadh sé sásta na trí mholadh seo a chur san áireamh sa tuarascáil atá á cur le chéile aige ar cheist na ndíolúintí amach anseo.

Mr. Mícheál S Mac Donnacha

Mar eagraíocht náisiúnta atá ionadaíoch ar na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, cuirimid fáilte mhór roimh an deis teacht os comhair an chomhchoiste ar an ábhar fíorthábhachtach seo. Aithníonn Gaeloideachas an riachtanas atá ann a bhaineann le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras faoina mbronntar díolúintí - córas atá ann le breis agus 30 bliain - i bhfianaise na n-athruithe soch-chultúrtha, na forbairtí sa churaclam agus na forbairtí ar ár dtuiscintí ar riachtanais speisialta atá tarlaithe sa tír ó shin.

Is é ceann de na mórspriocanna atá ag Gaeloideachas ná an dátheangachas nó an t-ilteangachas a chur chun cinn tríd an gcóras oideachais. Aithnímid go bhfuil polasaí ag an Stát i leith fhorbairt sochaí dátheangaí. Tá seasamh uathúil ag an nGaeilge sa mhéid is gurb í céad teanga an Stáit í. I gcóras oideachais na hÉireann, aithnítear tábhacht na Gaeilge do phobal na hÉireann agus táthar ag iarraidh an teanga a scaipeadh trí í a mhúineadh do mhórchuid na ndaltaí agus na scoláirí i scoileanna an Stáit. Aithnítear gur dlúthchuid é den mhian sochaí lánpháirteach a chruthú go mbíonn rochtain ag na foghlaimeoirí go léir ar na teangacha atá lárnach don churaclam.

Tá léirthuiscint i bhfad níos fearr anois ann ar na buntáistí a bhainfidh na scoláirí uile as deiseanna foghlama teanga sa dá theanga. Tá an t-eolas agus an tuiscint maidir le sealbhú teanga agus na buntáistí a bhaineann leis an dátheangachas i gcás leanaí le riachtanais speisialta tagtha chun cinn freisin. Insíonn an taighde, a raibh tagairt dó níos luaithe, i dtuarascáil taighde na cigireachta dúinn go bhfuil foghlaim an dara teanga tairbheach do gach uile scoláire, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil riachtanais speisialta acu, nuair a dhéantar difreáil agus modhanna múinte cuí sa seomra ranga.

Tá fianaise ann anois go bhfuil daltaí ag tabhairt droim láimhe don teanga toisc go ndeonaítear an díolúine i bhfad róthapa. Tá sé seo ag éirí níos measa leis an gciorclán nua a tugadh isteach dhá bhliain ó shin. Tá impleachtaí tromchúiseacha do thodhchaí na Gaeilge le leathnú fairsing na díolúine seo, de réir mar atá á dhéanamh tríd an gciorclán nua agus trí na leasuithe atá á moladh ar an gciorclán athbhreithnithe seo.

Mar eagraíocht a chuireann an tumoideachas agus an dátheangachas chun cinn, ní mór dearcadh an Stáit i leith an dátheangachais a chíoradh. Níl sé mar sprioc ag an Stát na buntáistí atá cruthaithe go heolaíoch a chur faoi bhráid tuismitheoirí nó faoi bhráid daltaí a bhíonn ag lorg díolúine ionas go dtuigfidís go bhféadfaidís na buanna seo a chailleadh agus iad ag glacadh cinneadh i dtaobh na díolúine a lorg. Ní mór agus is gá i bhfad níos mó tacaíochta a chur ar fáil d’eagraíochtaí ar nós muidne, Gaeloideachas, ionas gur féidir linn feachtas poiblíochta agus bolscaireachta a chur ar bun a rachadh i bhfeidhm ar an bpobal ar fad i dtreo go mbeadh níos lú foinn ar thuismitheoirí droim láimhe a thabhairt don teanga in oideachas agus i dtógáil a bpáistí. Tá gá ag an Stát freisin dátheangachas comhtháite a chur chun cinn go straitéiseach agus go gníomhach.

Mar eagraíocht atá ionadaíoch ar scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ag an mbunleibhéal agus an dara leibhéal, tá Gaeloideachas an-bhuartha faoi na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann don earnáil agus na himpleachtaí atá ann do thodhchaí na Gaeilge do na daltaí seo. Tá na himpleachtaí do scoileanna T2 an-soiléir, ach tá impleachtaí mór millteach ann don chóras tumoideachais, mar a leagaimid amach. Tá sé sainithe sa chiorclán nach mbaineann an ciorclán ná ceist na díolúine leis na scoileanna T1, is é sin na scoileanna atá ag múineadh trí mheán na Gaeilge. Is mian le Gaeloideachas a shoiléiriú go mbaineann sé le scoileanna T1 sa mhéid go lorgaíonn tuismitheoirí na mbunscoileanna lán-Ghaeilge litir thacaíochta go minic ó phríomhoidí ag cuardach iarratais ar dhíolúine ó staidéar na Gaeilge nuair a théann siad ar aghaidh go dtí an dara leibhéal. Bíodh is nach bhfuil ciall ná réasún leis an iarratas mar seo, ní mór treoir shoiléir a bheith ar fáil do phríomhoidí na mbunscoileanna lán-Ghaeilge i leith iarratais den chineál sin.

De réir fianaise starógach, is cosúil go mbíonn i roinnt scoileanna T2 ag an iar-bhunleibhéal ranganna tacaíocht foghlama ar bun timpeall na n-amanna céanna leis na ranganna Gaeilge. Tá tuismitheoirí ag iarraidh nach mbeidh aon riosca ann don soláthar tacaíocht foghlama agus dá réir, lorgaítear díolúine ón nGaeilge sa chás seo freisin. Tá sé seo ag tarlú i ngach cineál scoile. Níl aon bhunús ó thaobh oideachais de leis go n-éireodh scoláirí a fuair a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge ag an mbunscoil as staidéar na Gaeilge ag leibhéal na hiar-bhunscoile. Molann Gaeloideachas dá réir go mbeadh plé ar na himpleachtaí do scoileanna T1 agus polasaí soiléir ann ar an gceist seo. Ní leor go ndéarfadh an Roinn Oideachais nach mbaineann sé leis an gcóras oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, mar baineann sé leis go díreach agus go hindíreach.

Is riosca eile é leis an méadú suntasach agus leanúnach ar líon na ndíolúintí ná go mbeadh an Ghaeilge pigeonholed leis na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta agus go mbunófar córas deighilteach mar a bhaineann leis an nGaeilge. Tá sé riachtanach go gcaomhnaítear agus go bhforbraítear an Ghaeilge mar theanga oifigiúil na tíre agus go mbaineann sí le gach uile pháiste, ní hamháin páistí atá ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge, ba chuma cén cúlra nó cumas teangeolaíoch atá acu ná cén córas scolaíochta ina bhfuil siad.

Le roinnt mhaith blianta anuas, tá curaclam teanga na bunscoile ann do leanaí de gach cumas i ngach comhthéacs scoile. Aithníonn sé agus tacaíonn sé le rannpháirtíocht na ndaltaí sa Ghaeilge agus sa Bhéarla ag céimeanna éagsúla agus ar luasanna éagsúla ar feadh a dturas foghlama teanga. Is gá cuimhneamh ar bheartas a thacaíonn leis an sprioc d’ionchuimsitheacht i scoileanna, seachas beartas a leabaíonn an deighilt. Tugann an cur chuige comhtháite faoi riachtanais teanga gach scoláire, riachtanais scoláirí a labhraíonn teanga sa bhaile atá difriúil leis an teanga theagaisc, iad siúd ag a bhfuil deacrachtaí nó moill teanga agus iad siúd ag a bhfuil riachtanas speisialta isteach san áireamh.

Tugtar faoi riachtanais teanga gach uile scoláire i gceachtanna teanga a bhfuil difreáil chuí déanta orthu agus déantar é ar feadh an churaclaim. Is é atá mar bhonn ag an gcur chuige seo ná go n-aistrítear scileanna sealbhaithe teanga ó theanga amháin go dtí teanga eile. I gcás formhór na ndaltaí in Éirinn, is í foghlaim na Gaeilge an chéad eispéireas ar an dara teanga a fhoghlaim. Má chuireann múinteoirí ar chumas na scoláirí seo saintréithe na Gaeilge a chur i gcomparáid lena dteanga bhaile - nó leis an dara teanga bhaile in amanna - agus má dhíríonn siad aird ar straitéisí chun scileanna teanga nua a fhoghlaim, is ansin a spreagtar éifeachtúlacht, feasacht agus scileanna teanga sna daltaí seo. Cabhraíonn a leithéid de chur chuige i leith feasachta teanga leis na scoláirí scileanna a fhoghlaim a úsáidtear i bhfoghlaim an tríú, ceathrú agus cúigiú teanga bhreise amach anseo.

Is le chuile dhuine na teangacha. Tá na prionsabail maidir le hionchuimsiú agus difreáil go mór chun tosaigh i soláthar agus i bhforbairtí curaclaim i láthair na huaire. Leis na torthaí foghlama atá leagtha amach i gcuraclam teanga na bunscoile agus sna sonraíochtaí don Ghaeilge sa tsraith shóisearach, tugtar scóip d'eispéiris foghlama a oiriúnú do riachtanais éagsúla na scoláirí aonair trí chur chuige difreáilte teagaisc, foghlama agus measúnaithe.

I bhfianaise na méaduithe móra atá tagtha sna tuiscintí taighde-bhunaithe, mar aon leis an bhfianaise eolaíoch agus starógach ó scoileanna agus tuismitheoirí faoi chumas daltaí le riachtanais speisialta tabhairt faoin nGaeilge, ní mór féachaint in athuair ar na cúinsí ar a gceadaítear an díolúine. Ó cuireadh tús leis an gcóras díolúine, tá forbairtí suntasacha tarlaithe ó thaobh próifíl na ndaltaí, athchóiriú curaclaim, smaointeoireacht oideolaíochta agus soláthar d’fhoghlaimeoirí go bhfuil riachtanais speisialta acu. Is ábhar imní dúinne é go bhfuil strus agus imní i leith fhoghlaim na Gaeilge á aithint ag síceolaithe oideachais mar chúis le díolúine a bhronnadh. Is féidir go mbíonn strus áirithe ar dhaltaí agus iad i mbun staidéir do na scrúduithe Stáit ach ní mór breathnú ar mheicníochtaí le dearcadh dearfach i leith na foghlama in áit an t-ábhar a bhaint uathu.

Tá dul chun cinn agus forbairtí déanta ó thaobh tacaíocht a chur ar fáil do dhaltaí go bhfuil deacrachtaí foghlama nó deacrachtaí teanga acu le roinnt mhaith blianta anuas, ar nós uaireanta breise teagasc sna scoileanna, forbairt ghairm leanúnach do na múinteoirí, cúrsaí iarchéime ina measc, áiseanna teagaisc agus áiseanna measúnaithe. Arís, faraor, níl an fhorbairt chéanna tagtha ar na tacaíochtaí seo do theanga na Gaeilge. Níl aon dabht ann go bhfuil easpa áiseanna measúnaithe do theanga na Gaeilge ann, ní hamháin do scoileanna T2 ach do scoileanna T1 freisin. Mar a dúradh cheana, níl aon iallach ar scoileanna T2 meastóireacht chaighdeánach a dhéanamh ar fhorbairt na Gaeilge mar atá ar scoileanna T1. Tugann sé seo ísliú céime don teanga, ní hamháin i súile na múinteoirí atá ag múineadh an teanga ach, b’fhéidir níos tábhachtaí, i súile na dtuismitheoirí freisin. Tá straitéisí agus modhanna múinte nua á fhorbairt an t-am ar fad ó thaobh tacaíocht do theanga an Bhéarla ach níl sé sin fíor ó thaobh tacaíocht do theanga na Gaeilge de. Má tá an tacaíocht foghlama fágtha taobh thiar ó thaobh na Gaeilge de, luíonn sé le réasún go mbeidh tuismitheoirí ag iarraidh bealach éalaithe ón teanga sin.

Fáiltíonn Gaeloideachas go bhfuil plean ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, CNCM, curaclam úr a fhorbairt do bhunscoileanna sna blianta beaga os ár gcomhair. Is léir go bhfuil fís nua á chruthú acu chun curaclam atá oiriúnach don chéad ghlúin eile a fhorbairt. I measc na bhforbairtí sin, tá sé spéisiúil go bhfuil siad ag breathnú ar mhúineadh na dteangacha iasachta ag leibhéal na bunscoile. Arís, fáiltíonn Gaeloideachas roimh an gcoincheap seo, ach tá beagán imní orainn go bhfuil baol ann go mbeidh tuilleadh ísliú céime á thabhairt don Ghaeilge, go háirithe sna scoileanna T2, chun spás agus am a thabhairt don teanga nua iasachta. Tá deis iontach ag an gcóras oideachais buntáistí an dátheangachais a úsáid chun an tríú teanga a fhorbairt, ach má tá líon na ndaltaí atá ag fáil díolúintí ón nGaeilge ag méadú mar is léir, laghdóidh sé sin go mór líon na ndaltaí a bheidh cumas dátheangachais acu agus a bheidh buntáistí an dátheangachais á fháil acu.

Leagtar amach sa pháipéar comhairliúcháin gur chóir go ndéanfaí foráil do dhaltaí as tíortha thar lear nach bhfuil aon tuiscint acu ar an mBéarla ar rollú dóibh sula mbeidh siad 12 bliain d'aois nó sa bhliain dheireanach den oideachas bunscoile. Cuirfear dianchúrsa sa Bhéarla mar theanga bhreise ar fáil dóibh mar réamh-ullmhúchán don riachtanas do rannpháirtíocht iomlán sa churaclam ag leibhéal a thagann lena gcumas. Cén fáth nach féidir dianchúrsa sa Ghaeilge a chur ar fáil dóibh ag an am céanna agus an rochtain nó na deiseanna céanna a thabhairt dóibh ar theanga na Gaeilge? Cá bhfuil na tacaíochtaí agus na cláir teanga do na páistí sin, nó do na tuismitheoirí, go ndéanfaí buntáistí an dátheangachais nó ilteangachais a cheilt orthu? Tá sé an-spéisiúil. Go minic bíonn an-eolas agus tuiscint ag na tuismitheoirí seo ar ilteangachas agus dátheangachas.

Molann an ciorclán:

Níor cheart go ndéanfaí scoláire a dhíolmhú ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge ach amháin in imthosca atá annamh agus eisceachtúil. Is cinneadh tábhachtach é scoláire a dhíolmhú ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge a bhfuil impleachtaí aige dá f(h)oghlaim sa todhchaí.

Céard atá annamh agus eisceachtúil faoi pháistí ag teacht isteach chun na tíre seo a bhfuil, don chuid is mó, cúlra dátheangach nó ilteangach acu cheana féin? In áit rochtain uathoibríoch ar an teanga agus ar na luachanna uile a bhaineann léi a bhronnadh ar an bpáiste, tá an Stát ag déanamh cinnidh ar a son, cinneadh a ghearrann amach iad ó rannpháirtíocht iomlán i gcúrsaí soch-theangeolaíoch agus cultúrtha na tíre ina bhfuil siad ag cur fúthu, gan trácht ar na deiseanna chun céim a bhaint amach sa bhunoideachas agus i réimsí eile, atá ag méadú, a bhaineann leis an nGaeilge. Is iondúil gurb iad na daltaí a rugadh lasmuigh den tír na daltaí is fearr cumais teanga sa rang Gaeilge acu.

Déanann céatadán ard daltaí a bhfuil díolúine ó staidéar na Gaeilge acu staidéar ar nuatheanga iasachta. Léiríonn an taighde idirnáisiúnta gurb iad na hacmhainní agus scileanna cognaíocha agus meiteachognaíocha céanna a bhíonn in úsáid maidir le sealbhú teanga ar bith, cuma cén teanga a bhíonn i gceist. Ciallaíonn sé seo nach bhfuil difríochtaí suntasacha móra ar bith idir na próisis chognaíocha agus éirime a bhíonn i gceist maidir le foghlaim na Fraincise agus foghlaim na Gearmáinise, cuir i gcás, nó foghlaim na Fraincise agus foghlaim na Gaeilge. Caithfear ceist a ardú mar sin, cén fáth go mbeadh sé ar a gcumas ag daltaí tabhairt faoi nuatheangacha eile sa churaclam ach samhlaítear dóibh nach féidir leo theacht ar chumas tabhairt faoin nGaeilge? Ba chóir go ndéanfaí scrúdú agus tomhas cruinn ar na cúiseanna a ndéanann daltaí le díolúine ón nGaeilge nuatheangacha eile. Is iad na próisis chéanna chognaíocha a bhíonn i gceist i bhfoghlaim na nuatheangacha agus i sealbhú na Gaeilge. Ba cheart go mbeadh polasaí agus míniú iomlán trédhearcach ar fáil ina leith seo. Má tá fadhb fhoghlama i leith teanga ag dalta, ní féidir go mbaineann sé sin le teanga amháin thar teanga eile. Ní dhéanann inchinn an duine idirdhealú mar seo. Má tá díolúine le bronnadh ar dhaltaí, moltar díolúine ó theangacha a fhoghlaim seachas díreach ón nGaeilge. Níl aon réasúnaíocht ag baint leis gurb í an Ghaeilge an t-aon teanga atá i gceist.

Léiríonn an taighde idirnáisiúnta go gcaithfidh an prionsabal imeasctha a bheith ann faoi chinntí ar pholasaí agus cleachtais maidir le díolúine. Dírítear ar an ngá atá le deis a thabhairt dóibh siúd ag a bhfuil riachtanais speisialta acu leas a bhaint as an dara teanga a fhoghlaim trí phlé leis an teanga sin ag leibhéal a oireann dóibh féin ó thaobh a gcumas agus riachtanais de. Seachas díriú ar dhíolúintí ó fhoghlaim an dara teanga an chéad uair, ba chóir socruithe difriúla a dhéanamh idir churaclam múinte agus measúnú dóibh siúd a bhfuil riachtanais speisialta acu de réir na dúshláin áirithe atá acu. Spreagann prionsabal an ionchuimsithe freagracht chun deis a chur ar fáil d’fhoghlaimeoir leas a bhaint as foghlaim na Gaeilge mar dara teanga trí bheith i dteagmháil leis an teanga ag leibhéal a oireann dá gcumas agus dá gcuid riachtanais féin. Maidir le prionsabal na difreála, éilíonn sé go ndéanfaí socruithe difreáilte curaclaim, modh-eolaíochta agus measúnaithe chun foghlaim na Gaeilge a éascú do chuile scoláire, iad siúd a bhfuil sainriachtanais oideachais acu, iad siúd atá ag teacht isteach ón iasacht agus iad siúd nach bhfuil aon deacrachtaí foghlama acu san áireamh. Moltar go n-iarrfaidh an comhchoiste ar an Roinn tabhairt faoi athbhreithniú ceart agus cuimsitheach ar an gceist seo. Ní féidir an cheist seo a réiteach i bhfolús. Tá an iomarca mórcheisteanna ann faoi chur chuige an Stáit i leith múineadh agus foghlaim na Gaeilge, chomh maith le tacaíocht do dheacrachtaí foghlama na Gaeilge.

Tá gá le coimisiún de shaghas a thabharfadh faoi iniúchadh fuarchúiseach cuimsitheach ar bheartas uile an Stáit i leith na Gaeilge sa chóras oideachais. An toradh a bheifeá ag súil leis uaidh sin ná cur chuige uilechuimsitheach a fhreastalódh ar chuile cineál cumais i measc daltaí, agus a chinnteodh fonn agus spreagadh chuile dalta ina turas nó ina thuras foghlama teanga féin.

Gabhaim buíochas leis an gChathaoirleach agus na comhaltaí.

Nuair a tarraingíodh an cúram isteach sna scoileanna, shíl mise go raibh ualach mífhéaráilte curtha ar na príomhoidí atá sna scoileanna chuile lá, a chaithfidh aghaidh a thabhairt ar thuismitheoirí agus ar dhaoine eile atá ag lorg na ndíolúintí. Bheadh sé an-deacair dá bharr a bheith go hiomlán neamhspleách. Is léir go bhfuil teip ar an gcóras mar má tá daoine in ann teangacha Eorpacha a fhoghlaim, níl aon chúis ann nach féidir leo teanga na Gaeilge a fhoghlaim. An bhfuil na heagraíochtaí aontaithe maidir le céard ba cheart a chur in áit? Níl aon fhadhb agam a admháil go bhfuil an córas go hiomlán briste. Níl an polasaí oibiachtúil. Braitheann sé ó scoil go scoil. Tá brú ar na príomhoidí. Mar sin, an bhfuil na finnéithe ag rá gur cheart fáil réidh leis an gcóras atá ann? Céard ba cheart a chur ina áit? An bhfuil na heagraíochtaí éagsúla ar aon tuairim faoi seo nó an bhfuil trí thuairim faoi leith ann?

Mr. Julian de Spáinn

Níl an réiteach ar fad oibrithe amach ag aon duine nó grúpa fós toisc go bhfuil an-chuid casachtaí ag baint leis agus an-chuid rudaí atá bainteach le hábhar go gcaithfear é a thógáil le chéile. Is é sin an fáth gurb amhlaidh ár moladh, atá Fianna Fáil tar éis aontú leis - bhíomar buíoch den tacaíocht sin i rith an olltoghcháin - maidir leis an bpolasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ó thús go deireadh. Inár dtuairim bealach go bhféadfaí é sin a dhéanamh ná féachaint ar céard eile atá dul ar aghaidh sa tsochaí ó thaobh teangacha nó an Ghaeilge. Is é sin ná an fráma Eorpach a thógáil san áireamh sa chur chuige a bheadh ann amach anseo sna scoileanna. Thabharfadh sé i bhfad Éireann níos mó solúbthacht ó thaobh freastal ar riachtanais na ndaltaí. Is é sin tuairim amháin ar cad a d’fhéadfaí a dhéanamh mar chuid de chur chuige polasaí don réamhscoil go dtí an tríú leibhéal, agus é a bhunú ar an bhfráma.

Mar chuid de sin, ceann de na rudaí is bunúsaí ag an bpointe seo ná gur chóir don Aire, mar atá geallta sa chlár Rialtais go mbeidh a leithéid de pholasaí ann, a fhógairt go bhfuil sí chun tabhairt faoi, chun tús a chur leis an bpolasaí a chur le chéile. An dara rud ná grúpa saineolach a chur ar bun le cabhrú leis an bpróiseas seo a dhéanamh. Ní oideachasóir mé ach bím ag plé le han-chuid daoine a bhíonn ag plé le cúrsaí oideachais. Tá saineolas dochreidte ar fáil chun tabhairt faoi na fadhbanna a bhaineann le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Feicim ón struchtúr Stáit a cuireadh ar bun chun tabhairt faoi na rudaí seo nach n-oibríonn siad mar atá ann faoi láthair. Sampla de sin ná an rud a tharla leis an CNCM, nó an NCCA, maidir le sonraíochtaí ardteistiméireachta T1 agus T2. Ba phraiseach an moladh a chuir an chomhairle amach le haghaidh comhairliúcháin. Ní raibh tuiscint le léiriú sa mholadh a cuireadh chun cinn. Ní raibh na hoideachasóirí, iad siúd a bhíonn ag plé leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht agus a thuigeann go bhfuil níos mó i gceist ná díreach teanga, ar son moladh an CNCM. Ní hé sin an struchtúr oiriúnach leis seo a chur chun cinn. Ba chóir grúpa saineolach a chur ar bun comhdhéanta de dhaoine cuí ón nGréasán do Mhúinteoirí Gaeilge; ó Ghaeloideachas; ón bhForas Pátrúnachta; agus ó na daoine i Maigh Nuad a bhíonn ag plé leis an bhfráma. Ba chóir na daoine seo ar fad a thabhairt isteach in aon seomra amháin agus a rá leo gurb é an sprioc atá againn ná bealach le dul i dtreo polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal, agus a cheistiú conas a théimid ann agus cad iad na rudaí gur féidir a thabhairt isteach ann. Is é mo thuairim agus tuairim Chonradh na Gaeilge ná go bhféadfaí sin a bhunú ar an bhfráma Eorpach mar go dtugann sé solúbthacht, agus d'fhéadfadh sé freastal ar an-chuid de na daoine atá muid ag caint faoi inniu ó thaobh riachtanais foghlama.

Cén fhad a thógfaidh an próiseas seo? An rud a chuireann sé i gcuimhne domsa ná geata ar oscailt ar gharraí lán de bheithígh. Cuireadh próiseas mór fada ar bun ag iarraidh oibriú amach ar feadh na mblianta cén chaoi an geata a dhúnadh, agus idir an dá linn, tá na beithígh ar fad éalaithe. An fhadhb atá ná má fhásann líon na ndíolúintí, is cuma cén polasaí a bheidh ann, beidh sé an deacair an geata a dhúnadh. Beidh sé ródhéanach a rá “Sorry, ní bheidh na díolúintí chomh héasca agus a bhí.” Is é sin an faitíos atá ormsa. An bhfuil réiteach gearrthéarmach idir an dá linn go dtí go bhfuil an rud cuimse á dhéanamh againn? An rud is fearr leis an Stát ná rud a bheith thar a bheith cuimse. Caitear trí, ceithre nó cúig bliana ag réiteach plean. Feicimid é ar na hoileáin. Níl tada ag tarlú na hoileáin ach tá plean á réiteach. Oh my God, tá an oiread sin pleananna sa Stát seo. Dá gcuirfí cuid de na pleananna i bhfeidhm, bheadh sé i bhfad ní b'fhearr. Is gníomh práinneach atá i gceist. Dá mbeadh duine ag cur fola, is é an chéad rud a dhéanfaí ná buadán a chur leis nó léi chun an fhuil a stopadh, agus ansin cuireadh cóir leighis eile air nó uirthi. Is é sin mo dhearcadh. An bhfuil éinne eile le plean níos sciobtha mar tá an rud seo ag éalú uainn?

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin

Ag teacht leis an méid a dúirt Julian de Spáinn, níl aon dream ag séanadh go bhfuil córas de shaghas éigin de dhíth ó thaobh córas na ndíolúintí ach é a bheith dírithe ar an gcéatadán beag de pháistí a bhfuil riachtanais thromchúiseacha acu. An moladh a bheadh agamsa ná go mbeadh stop curtha leis an gcóras reatha agus go mbeadh muid ag díriú ar an 4% nó 3% nó cibé figiúr atá ann. Ansin, ba chóir go mbeadh athbhreithniú mar is ceart ann, an t-athbhreithniú a raibh muid i dteideal curtha sa tsúil. Ba bhreá liom dá mbeadh an comhchoiste in ann tionchar a imirt air sin chun go mbeadh athbhreithniú déanta ní amháin ar fhachtóirí cainníochtúla, ar nós na staitisticí, na figiúirí agus na treochtaí ar fad, ach ar fhachtóirí cáilíochtúla, mar shampla, na cúiseanna a bhfuil siad ann agus an tionchar atá sé seo ag imirt. Mar chuid de sin, mar a luaigh Mícheál S Mac Donnacha, go mbeifí ag breathnú ar céard iad na cláir teanga tacaíochta atá de dhíth don chohórt sin atá idir an 4% sin agus an 1% reatha.

Faoi láthair is é an príomhoide a dhéanann an cinneadh. Is cuma faoi na cláracha agus chuile shórt eile, chomh fada is a bhfágtar é mar sin beidh sceitheadh ann. Ag deireadh an lae, feictear domsa go bhfuil éagóir á dhéanamh ar na gasúir. Beidh siad dúnta amach ó na poist ar fad a mbeadh an Ghaeilge riachtanach dóibh. Ní hé go bhfuil socrú a dhéanamh i gcás gach uile ghasúr. Tá éagóir á dhéanamh. Tá sé seo i bhfad níos coitianta i gceantracha faoi mhíbhuntáiste, agus coinníonn sé daoine faoi mhíbhuntáiste dá bharr. Is cuimhneach liom duine a raibh aithne mhaith agam air a bhí ag obair i gceantar faoi mhíbhuntáiste. Dúirt sé gur éagóir uafásach a bhí á dhéanamh ag an bpolasaí seo fiú mar a bhí sé sna ceantair faoi mhíbhuntáiste. Is cuimhneach liom freisin a bheith thíos i Loch Garman. Baineann sé leis an gcaoi go bhfuil an rud seo go iomrascálach. Baineann sé leis an seanchóras gan trácht ar an gcóras nua. Tháinig duine den Lucht Taistil chugam agus bhí a fhios aige gur Gaeilgeoir mé. Aire a bhí ionam ag an am agus chuir sé ceist orm "An bhfuil cead ag m'iníon Gaeilge a fhoghlaim sa scoil?". Dúirt mise ”Cad chuige nach mbeadh?”. Dúirt sé go ndúradh leis nach ceart agus nach raibh cead ag an Lucht Taistil Gaeilge a fhoghlaim. Tá an rud seo ag éalú agus tá an teach trí thine agus caithfimid é a mhúchadh go sciobtha. Mar a deirim, tá céatadán na ndaoine a fhaigheann díolúine an-ard anois, agus má fhágtar ró-fhada é beidh sé an-deacair é a tharraingt ar ais, déanfar éagóir ollmhór ar an dream is laige sa tsochaí.

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin

An bhféadfainn rud amháin eile a chur leis an bpointe sin? Grúpa eile a bhfuilimid ag déanamh éagóir orthu ná na múinteoirí agus na príomhoidí. Tá an córas ag cur an brú orthu an cinneadh seo a ghlacadh-----

Aontaím leis sin.

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin

-----in éagmais aon tacaíochta, treorach nó cúnaimh. Is beag príomhoide nó múinteoir atá chun seasamh os comhair tuismitheora agus easaontú a dhéanamh leo ar cheist chomh leochaileach agus chomh tábhachtach sin. Táimid ag déanamh faillí iomlán ar na múinteoirí agus ar na príomhoidí freisin.

Dúirt mé é sin ag an tús agus aontaím le Bláthnaid Ní Ghréacháin go hiomlán. Tá sé seo go hiomlán éagórach ar phríomhoide ar bith. Tá sé éagórach ar an ngasúr ach is í an cheist atá agamsa ná an bhfuil réiteach sciobtha againn ar an bhfadhb.

Tá sraith cruinnithe i gceist agus tá súil agam go mbeidh Cumann Náisiúnta na bPríomhoidí agus na Leas-Phríomhoidí os ár gcomhair chomh maith le ceardchumainn na múinteoirí san áireamh, Comhlathas Disléicse na hÉireann, AsIAm, agus dreamanna mar sin, le go bhfaighimid iomlán an eolais agus roinnt freagraí uathu. Tá sraith cruinnithe i gceist seachas ceann amháin. I ndeireadh thiar thall, beidh cruinniú againn leis an Aire le go mbeimid in ann roinnt de na pointí atá ardaithe ag ár n-aíonna, ag an Teachta Ó Cuív agus ag Teachtaí eile a chur go díreach chuig an Aire. B'fhéidir go mbeidh sí sásta athrú a dhéanamh láithreach ach ní fheicim go dtarlóidh sé chomh tapa sin. An raibh ceist ag an Teachta Connolly?

Is lón machnaimh iad na ráitis tosaigh agus an méid eolais atá anseo, agus gabhaim míle buíochas lenár n-aíonna. Ní rud nua é seo. Bhí an tOllamh Pádraig Ó Duibhir os ár gcomhair faoi dhó ag cur in iúl chomh buartha is a bhí sé ag an am. Tá sé buartha fós agus rudaí ag éirí níos measa.

Ceapaim féin gurb é seo an chaoi chun déileáil leis ónár dtaobh, is é sin chun sraith cruinnithe a bheith againn. An mbeidh oifigigh ón Roinn os ár gcomhair freisin, in éineacht leis an Aire?

Caithfidh go mbeidh siad léi.

Beidh tuarascáil á réiteach ón gcoiste freisin agus beidh é sin á phlé ar thalamh na Dála. Is é sin an rud is tábhachtaí ná í a chur as an seomra seo suas go dtí an Dáil agus í a phlé ansin. Tá i bhfad níos mó ná córas na ndíolúintí i gceist anseo. Rinneamar céim chun tosaigh tar éis na mblianta le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, 2021 agus, ansin, rinneamar dhá chéim ar gcúl agus tá sé deacair, i ndáiríre, a bheith ag éisteacht gach seachtain leis. Tá trua agam agus táim buíoch díobh as ucht na ceiste seo a chur ar bhealach comhtháite agus í bunaithe ar fhianaise.

Maidir leis an bhForas Pátrúnachta, baineann sé le scoileanna atá taobh amuigh den Ghaeltacht agus leis an oideachas lán-Ghaeilge. Níl aon ghá le díolúintí ansin ach an mbíonn iarratais ar dhíolúintí? Ar thuig mé i gceart é go mbíonn daoine á lorg, nó an féidir an pointe sin a shoiléiriú, agus cad a tharlaíonn ansin?

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

Mar a dúramar níos túisce, ní bhaineann na díolúintí linn agus tá sé sin sa chiorclán. Ach fós, tá tuismitheoirí ag teacht le páistí atá chun bogadh ar aghaidh go dtí meánscoil Bhéarla agus cé go bhfuil a gcuid oideachas faighte i scoil lán-Ghaeilge agus gur fheidhmigh siad go breá sa chóras sin, tá sé seo á lorg acu. Léiríonn sé seo meon i leith na Gaeilge. Ní thugtar é, ach léiríonn sé go bhfuil brú ag teacht, fiú amháin, ar na scoileanna lán-Ghaeilge agus ar na príomhoidí sin tacú le díolúine a fháil do na páistí seo.

Tá polasaí d’oideachas sa Ghaeltacht foilsithe agus tá sé go hiontach, go teoiriciúil ar aon nós, agus tá ardmholadh faighte aige. Tá sé ag dul ar aghaidh go hiontach, go teoiriciúil.

Sa Roinn chéanna, tá frithmheon ó thaobh na Gaeilge de. An bhfuilim mícheart faoi sin? Níl polasaí ar bith forbartha fós, in ainneoin thoil an Rialtais seo agus an rialtais dheireanaigh go bhforbrófar polasaí don Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Níl sé sin déanta agus táimid ag feidhmiú i bhfolús, i ndáiríre, an t-am uilig.

Ansin, tá cinntí á ndéanamh nach luíonn le réasún, a bheag nó a mhór, ó thaobh chóras na ndíolúintí agus maidir leis an deighilt a dhéanamh san ardteistiméireacht. Ní luíonn cinntí mar sin le réasún nó leis an bhfianaise ar an talamh. Nach labhraíonn an taobh amháin leis an taobh eile sa Roinn nó cad atá in easnamh anseo? Go teoiriciúil, tá teanga oifigiúil againn agus is í an Ghaeilge. Tá polasaí iontach againn maidir leis an nGaeilge sa Ghaeltacht, mar a dúirt mé, agus ansin tá teipthe go huile is go hiomlán aitheantas a thabhairt gur bronntanas amach is amach é do dhuine a bheith dátheangach agus ilteangach. Tá teipthe go hiomlán air sin agus nuair atá riachtanais speisialta i gceist, dírítear siad isteach ar theanga amháin, gan aon fhianaise nó rud ar bith, agus gan aon mhonatóireacht á déanamh air sin. Má táim mícheart faoi sin, abair liom é.

Mr. Mícheál S Mac Donnacha

Níl an Teachta mícheart ar chor ar bith. Tá go leor bainte amach ag an bpolasaí oideachais Gaeltachta. Is é ceann de na rudaí atá bainte amach aige ná go bhfuil comhartha ann agus go bhfuil sé níos soiléire anois agus tá rudaí ar fad ag teacht le chéile faoi pholasaí amháin. Is é sin ceann de na deacrachtaí atá anseo ná go bhfuil polasaí amháin maidir leis an díolúine agus go bhfuil polasaí eile ann ar mhodhanna nó bealaí difriúla, agus níl siad ar fad ag teacht le chéile. Taispeánann sé sin an plé faoin méid atá ráite ag an Teachta, agus cuid den phlé atá déanta againne suas go dtí seo, go bhfuil gá le polasaí láidir Stáit, a déarfainn féin, i dtaca le múineadh na Gaeilge, lán stad.

Má táimid chun aon rud a fhoghlaim ón bpolasaí Gaeltachta, gur b'in é. Nuair atá polasaithe soiléire ann, a leagann síos go soiléir agus go díreach céard atá uait agus cá bhfuiltear ag dul leis, titeann daoine isteach ann. Tagann díospóireachtaí, plé agus rudaí eile amach as.

Tá rud eile i gceist freisin, agus gabh mo leithscéal as a bheith ag dul ar ais air seo, ach tá rud mór eile freisin atá faoi bhun an ruda seo ar fad, agus is é sin an tacaíocht foghlama don Ghaeilge. Táim féin sách fada ar an bhfód go smaoiním nuair a bhí tús réidh á chur le tacaíocht foghlama don Bhéarla agus ar an méid ar bhain an Stát amach sna chéad bhlianta leis na huaireanta, an traenáil agus gach uile shórt de. Is mór an trua gur fágadh an Ghaeilge ar leataobh ansin agus níor athraigh sé le blianta anuas. Is é sin ceann de na deacrachtaí atá ann go dteastaíonn i bhfad níos mó comhráite. Má tá gasúr ag duine os do chomhair a bhfuil deacrachtaí foghlama aige, go háirithe i dteanga, conas is féidir linn cabhrú leis na páistí sin agus an Ghaeilge a thabhairt san áireamh freisin ann? Níl sé sin ann. Má bhreathnaím air, agus is le meas a deirim é seo, tá easnaimh, fiú amháin, sa chóras san oideachas Gaeltachta. Tá easnamh treorach ansin agus táimid ag breathnú air sin faoi láthair. Tá an t-ábhar curtha le chéile maidir le treoirlínte óna thaobh sin de, ach tá uirlisí agus acmhainní meastóireachta ann. Mar shampla, tá múinteoirí agus scoileanna taobh thiar dínne agus tá an t-uafás díobh ag déanamh cúrsaí iarchéime agus ag baint máistreachtaí amach sa tacaíocht foghlama agus sna réimsí seo. Is beag trácht a bhíonn ar mhúineadh na Gaeilge, cé go bhfuil aitheanta go bhfuil gach uile scoil sa Stát ag múineadh Gaeilge. B'fhéidir, go meántéarmach, gur chóir breathnú air seo ag an am ceannann céanna, mar táimid scoilte ansin. Tá na múinteoirí sásta agus tuigeann siad anois go bhfuil féidearthachtaí ann tacaíocht a thabhairt do theanga na Gaeilge, gur féidir leis an dá theanga tacaíocht a thabhairt dá chéile, ach níl a dhóthain comhráite, plé agus tacaíocht á ndéanamh ó thaobh é sin de.

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

Gabhaim buíochas leis an Teachta as an gceist sin a chur. Tagraím don phointe a rinne an Teachta Ó Cuív maidir le bheith ag fanacht ar pholasaí a fhorbairt, agus mar sin de, agus go dtógfaidh sé sin ró-fhada. Cinnte, tá gá rud éigin a dhéanamh sa ghearrthéarma chun na díolúintí seo a sheachaint agus srian a chur orthu. Is é réiteach na faidhbe ná polasaí soiléir a bheith ann ó thaobh na Gaeilge agus mhúineadh na Gaeilge, i dtaobh oideachas lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht agus sa Ghaeltacht, agus maidir le múineadh na Gaeilge sna scoileanna Béarla, mar atá ráite againn anseo. Ba chóir go mbeadh an treoir shoiléir sin ann ag cuimsiú gach gné den chóras oideachais, agus is leis sin a bhí mé ag iarraidh tagairt a dhéanamh sa ráiteas tosaigh.

Nuair atáimid ag plé leis an Roinn maidir le tógáil foirgneamh úrnua, rud atá iontach do scoil, a mbeidh aonad lán-Ghaeilge ina chuid de agus muid ag iarraidh ionchur a bheith againn mar phatrún agus sainspiorad an aonaid sin a chosaint chun a chinntiú go mbeadh deis ag na páistí an Ghaeilge a shealbhú, a úsáid agus chuile rud mar sin, déantar dearadh ar an bhfoirgneamh a leanann treoirlínte na Roinne, dearadh atá chun ionsaí láithreach a dhéanamh ar an sainspiorad Gaeilge san aonad lán-Ghaeilge seo. Nuair a ardaíonn muidne, mar iontaobhaí sa scoil sin, leis an bpatrún go gcruthódh sé seo fadhbanna agus dúshláin, is é an freagra a fhaigheann muid ná nach bhfuil aon rud sna treoirlínte maidir le dearadh aonad, cosaint sainspioraid lán-Ghaeilge ná aon rud mar sin. Níl ann ach "Seo foirgneamh, tóg é" agus go mbeidh aonad sa gcúinne sin thíos nó cibé caoi ina ndéanfar é. Is éard atá ag teastáil ar chuile bhealach ná treoir shoiléir. Dá mbeadh an treoir sin ann ar an mbealach is fearr chun scoil a dhearadh chun freastal a dhéanamh ar riachtanais speisialta, leanfaí agus chuirfí i bhfeidhm í. Caithfear an comhtháthú atá ag teastáil idir na rannóga éagsúla sa Roinn Oideachais a fhorbairt trí pholasaí soiléir a fhorbairt le hionchur ó na heagrais agus na dreamanna éagsúla atá ann. Sílim gurb é sin an réiteach ag an deireadh.

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin

Tá rud éigin mór ag tarlú i bhfolús. Táim ag caint faoin mórpholasaí, mórsprioc agus mórfhís don teanga. Nuair a smaoinítear ar na hathruithe atá beartaithe agus ar na comhairliúcháin atá ar bun maidir leis an nGaeilge ag leibhéal na sraithe sóisearaí agus na sraithe sinsearaí, tá sé dochreidte go bhfuil sé sin ar fad ag dul ar aghaidh agus á bhrú chun tosaigh in ainneoin nach dtuigimid céard é an sprioc atá ann don teanga ar fad. Cuireadh an polasaí um oideachas Gaeltachta le chéile agus, mar a d'aithníodh, tá ag éirí go maith leis. Ansin, cuireadh tic sa bhosca sin agus anois táthar ag breathnú ar an bpolasaí don oideachas lán-Ghaeilge. Breathnófar air sin. Ag an am céanna, tá cinntí á nglacadh faoi rudaí eile a imríonn tionchar ar na rudaí seo. Níl aon chomhordú ceart fréamhaithe sa mhórcheist, is é sin, cad é an sprioc atá againn don teanga agus don tsochaí ó thaobh an dátheangachais de?

Mr. Julian de Spáinn

Is rud aisteach é i slí áirithe nach raibh an polasaí um oideachas Gaeltachta againn go dtí cúpla bliain ó shin. Tá sé mar an gcéanna leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Cé mhéad bliain a thóg sé go dtí go raibh straitéis don Ghaeilge nó an leasú a rinneadh ar an reachtaíocht le déanaí ann? Tá sé ar nós go bhfuil muid ag teacht déanach go dtí an tuiscint go gcaithfimid rudaí a dhéanamh go comhtháite agus go bhfuil tionchar ar rud amháin ar rud eile. Fiú agus muid ag teacht go déanach go dtí an chonclúid seo faoi chúrsaí oideachais, ní aon dul as ach polasaí don Ghaeilge don Ghaeilge sa chóras oideachas ó thús go deireadh a chur le chéile. Inniu, táimid ag caint faoi na díolúintí. An uair dheireanach, bhíomar ag labhairt faoi na sonraíochtaí. An chéad uair eile, beidh muid ag labhairt faoi oiliúint múinteoirí. Tá 20 nó 30 rud a d'fhéadfadh muid caint fúthu anseo. Fiú más rud é go réitíonn muid rud amháin, na díolúintí, ar maidin agus go ngearrann muid an figiúr go 3% arís, d'fhéadfadh an rud atá molta ag an CNCM ina cáipéis scrios a dhéanamh ar an nGaelscolaíocht ina iomláine. Má tá páipéar níos deacra ardteistiméireachta le déanamh ag na scoileanna T1, cén fáth go ndéanfaidís é?

Tá rioscaí ar fud na háite mar gheall nach bhfuil bunphlean nó bunfhís, mar a luaigh Bláthnaid Ní Ghréacháin, maidir le cá bhfuil muid ag dul agus cad é an dréimire a ritheann ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal. Cén áit a bhfeiceann daltaí agus múinteoirí iad féin ar an dréimire sin? Céard é an toradh atá uainn ag an deireadh? B'fhéidir go bhfuil an toradh ag teacht níos soiléire dúinn le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, sa bhealach go bhfuil an toradh anois luaite go mbeidh caighdeán B2 i gceist agus go mbeidh 20% d'earcaithe go dtí an earnáil phoiblí inniúil ar an nGaeilge. Táimid ag dul i dtreo rud éigin.

Tá an creat Eorpach i gceist. Níl a fhios agam an dtugtar é sin faoi deara nuair atáthar ag plé le grúpaí agus daoine ó thar lear nuair a thagann sé go dtí fostaíocht agus eile ach feictear an creat sin in úsáid go forleathan timpeall na hEorpa agus níos faide i gcéin chun an leibhéal teanga atá ag daoine a chur in iúl. Tá bunús éigin leis. B'fhéidir ag an deireadh, tar éis na saineolaithe an rud a chíoradh agus an polasaí á chur le chéile, nach mbeidh an córas ag teacht go hiomlán leis an gcreat, cé go gcreidim gur féidir leis, ach, ar a laghad, beidh sé déanta trí na saineolaithe a chuirfidh é seo le chéile. Má fhágtar é seo faoi, mar a luaigh mé, CNCM, mar atá faoi láthair, ní dóigh liom go n-éireoidh leis. Is gá grúpa de shaineolaithe i gcúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a thabhairt le chéile leis an fhadhb seo a réiteach. Is é sin an bealach chun tosaigh. Is gá go mbeadh sé ar fad ceangailte le chéile. Tagann sé sin ar ais go dtí an bunrud, is é sin, go bhfuil gá le polasaí a chuimsíonn gach rud ó thús go deireadh.

Mr. Mícheál S Mac Donnacha

Níl agam ach pointe beag. Is é an rud eile spéisiúil a tharla nuair a tháinig an polasaí um oideachas Gaeltachta ar an bhfód agus nuair a thosaigh an chaint ar fad ó thaobh mhúineadh na Gaeilge, an tumoideachas, an dátheangachas agus mar sin de ná gur thosaigh sé ag imirt tionchar ar leithéidí teiripeoirí cainte agus síceolaithe, is é sin, na daoine a bhí ag déanamh na cinntí roimhe seo. Roimhe seo, bhí na daoine seo ag rá le tuismitheoirí Gaeltachta gur cheart a ngasúir a thabhairt as an scoil áitiúil toisc gur chóir iad a bheith istigh sa scoil Bhéarla. Thosaigh athrú ar an smaointeoireacht seo de réir an taighde, na cainte agus an phlé a bhí ann faoin bpolasaí um oideachas Gaeltachta. Ach céard a tharla? Tugadh amach as a lámha an cinneadh agus cuireadh ar ais ag na príomhoidí é nuair a bhí céimeanna beaga déanta. Cé gur chéimeanna beaga iad, ba mhór millteach iad ó thaobh an pholasaí um oideachas Gaeltachta de.

Le teacht ar ais ag an gceist a chuir an Teachta Ó Cuív ar dtús maidir le cad is féidir a dhéanamh, tá an saineolas agus saineolaithe againn anois ó thaobh mhúineadh na Gaeilge de. Tá rud éigin againn nach raibh againn 20 bliain ó shin. Tá daoine againn anois a bhfuil máistreachtaí acu agus atá ag déanamh dochtúireachtaí. Tá cuid de na hollscoileanna ag cur spásanna ar fáil. Tá an saineolas againn. Caithfimid díriú isteach air sin agus éisteacht leis an méid atá le rá ag na daoine seo. Ní dóigh liom go dtógfadh sé chomh fada sin dá dtabharfadh an spás, an t-am agus an éisteacht do dhaoine atá san earnáil agus atá ag plé le riachtanais speisialta agus an Ghaeilge.

Bhí mé díreach chun ceist a chur faoi shíceolaithe ach tá sé freagartha ag Mícheál Mac Donnacha. Cén caidreamh atá ag Gaeloideachas le hionadaithe na síceolaithe?

Mr. Mícheál S Mac Donnacha

Tá sé feabhsaithe go mór de réir a chéile ó thaobh comhráití agus cainte de. B'fhéidir go ndearna an polasaí um oideachas Gaeltachta é sin freisin. Láidrigh sé na scoileanna féin chun a bheith níos láidre agus in ann a rá go bhfuil siad ag múineadh trí mheán na Gaeilge agus gurb é sin an chaoi ina n-oibríonn sé toisc go ndeireann cuid den taighde é sin. Láidrigh sé eagraíochtaí áirithe ar nós Gaeloideachais, an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, agus an Fhoras Pátrúnachta chun a bheith in ann rá gurb é seo an taighde. Ní chuireann sé seo as dóibh. Thosaigh siad ag éisteacht agus thosaigh an dearcadh a laghdú. Mar a luaigh mé, ba é an rud is lú a thosaigh é sin ag laghdú agus na moltaí seo a bhíodh á dtabhairt do tuismitheoirí Gaeltachta a ngasúir a bhogadh, mar shampla, ó scoil i gConamara go scoil i nGaillimh. Tabharfaidh mé sampla an-tapa. Mar chathaoirleach ar bhord bainistíochta scoile, fuair mé litir uair amháin ag rá go mb'fhéidir go mbeidh sé oiriúnach don scoil athrú go dtí an Béarla mar gheall ar ghasúirín amháin a raibh deacracht foghlama aitheanta ó thaobh an teanga de acu. Tá sé sin siar roinnt mhaith blianta ó shin ach is é sin an cineál meoin a bhí ann. Thosaigh sé sin ag athrú le cúpla bliain anuas ach, mar a dúirt mé, is é an deacracht leis sin anois ná nach bhfuil focail na saineolaithe sin chomh tábhachtach i gcásanna díolúine agus a bhí agus go bhfuil an rogha fágtha ag an bpríomhoide.

An bhfuil aon fhóram ann inar féidir leis na príomhoidí agus Gaeloideachas teacht le chéile?

Mr. Mícheál S Mac Donnacha

Tá ó thaobh an pholasaí um oideachas Gaeltachta. Tá fóram ag COGG ina dtógtar muid le chéile chun na rudaí seo a phlé.

Táim ag caint faoi na díolúintí.

Mr. Mícheál S Mac Donnacha

Mar a dúirt mé níos luaithe, tagann sé suas scaití má tá páiste á bhogadh ar aghaidh go dtí scoil Bhéarla nó rud mar sin ach níl fócas mór ar na príomhoidí nach mbaineann sé sin leo. Déarfaidh mé rud amháin faoi sin. Thug sé faoiseamh do chuid de na príomhoidí Gaeltachta. Roimh 2016 nó 2017, bhí na teiripeoirí cainte agus na síceolaithe ag iarraidh díolúintí ó ábhar na Gaeilge a thabhairt do pháistí agus fós bhí cuid de na gasúir seo ag déanamh matamaitic, stair agus tíreolaíocht trí mheán na Gaeilge.

Tabharfaidh mé sampla an-phraiticiúil agus spéisiúil don Teachta faoi. Bhí ceann de na scoileanna ann ar tháinig páiste isteach i rang a dó uirthi. Bhí díolúine ag an bpáiste ó theanga na Gaeilge agus, mar gheall ar chúrsaí fostaíochta agus tithíochta, b'éigean don chlann bogadh isteach sa cheantar. Labhair an clann leis an bpríomhoide faoi agus ní raibh aon tuiscint dá laghad ag an gclann seo nach mbeadh díolúintí le fáil ag an ngasúr i scoil Gaeltachta. Labhair an príomhoide leo agus mheall sí dóibh an Ghaeilge a dhéanamh agus dúirt sí go dtabharfar cabhair bhreise don ghasúr mar go raibh uaireanta breise tacaíochta agus cúntóirí teanga ag an scoil agus mar sin de. Thug sí fráma ama don ghasúr go mbeadh sí in ann é a thabhairt suas ag leibhéal áirithe agus mar sin de. Bhí deacrachtaí foghlamtha ag an ngasúr seo. Ní raibh siad thar a bheith mór ach bhí díolúine ón Ghaeilge ag an ngasúr ón scoil a raibh sí ag freastal uirthi ach taobh istigh de chúpla mí - trí obair chrua agus go leor ama phearsanta a thabhairt don pháiste leis na huaireanta breise - thosaigh an páiste sin ag feidhmiú. B'fhéidir nach raibh sí ag feidhmiú ag caighdeán rang a dó ach bhí sé ag teacht de réir a chéile. Tá an páiste sin i rang a sé agus is é an rud is mó a bhfuil imní ar na tuismitheoirí faoi ná í a chur ag scoil dara leibhéal lán-Ghaeilge. Is féidir é a dhéanamh ach an toil a bheith ann agus breathnú air.

Tá mé cinnte go bhfuil sampla eile againn sa chóras ach, arís, tháinig sé sin trí scáth fearthainne an pholasaí oideachais Ghaeltachta mar bhí an príomhoide sin in ann a rá go raibh polasaí aici. Ní raibh aon rogha aici agus bhí sí chun é sin a dhéanamh. Sampla praiticiúil ab ea é ón talamh a d'fhéadfadh samhlú nó tarlú dá mbeadh polasaí soiléir ann ó thaobh mhúineadh na Gaeilge de trasna an bhoird ar fad.

Bhí an-suim agam sna tuairiscí agus sa phlé ansin le tamall chomh maith. Bhí pointe an-mhaith ann mar gheall ar na daoine a thagann ó thíortha thar lear nach bhfuil an taithí acu fiú ar Bhéarla agus go bhfuil an tacaíocht ar fáil dóibh. Cad ina thaobh nach mbeadh a leithéid ar fáil i nGaelainn? Is deacair é a thuiscint. Tuigim go bhfuil an brú ar fad ag teacht i dtreo an phríomhoide faoin tráth seo anois agus go mb'fhéidir go mbeadh caighdeán difriúil i ngach scoil nó ag gach príomhoide. Chuir sé ionadh orm nuair a luadh go raibh daoine ag lorg díolúintí sna Gaelscoileanna. An bhfuil daoine ag lorg díolúintí in aon ábhar eile amhail PE nó an bhfuil aon eolas nó figiúirí ann? Níl plean aontaithe ag na grúpaí ar fad ach an bhfuil pointí comónta ann a mbeidís aontaithe orthu agus a bhféadfaí a thabhairt chun cinn?

Mr. Mícheál S Mac Donnacha

Is é an pointe is mó atá againn ná nach bhfuil sé seo ag oibriú. Sin é an túsphointe leis. Caithfimid a admháil go láidir nach bhfuil sé seo ag oibriú agus go bhfuil sé ag fáil níos measa agus nach bhfuil tada níos fearr ann ó thaobh an chórais de.

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin

Maidir leis an gcomhairliúchán, tá na figiúirí tar éis dul in éag go suntasach le bliain anuas. Bhí strus ar na daltaí sa tréimhse a chaith siad sa bhaile i mbun obair bhaile nó obair scoile sa bhaile. Bhí strus ar na tuismitheoirí. Tá sé sin á léiriú i líon na ndíolúintí a bronnadh le dhá bhliain anuas. Tá sé an-mhífhéaráilte gur tugadh faoin gcomhairliúchán nó athbhreithniú seo le linn na tréimhse sin. Níor thug sé pictiúr ceart ar chor ar bith. Níor thug sé ach léargas air go raibh gach duine sa tír faoi strus.

Nuair a dhíríomar an cheist ar an Roinn maidir leis an gcomhairliúchán, dúirt sí gurb í an t-aon cheist a chur siad ar scoileanna ná an raibh an ciorclán soiléir. Ní athbhreithniú é sin. Ní gá dom é sin a litriú amach don choiste. Tá faillí ollmhór ansin agus is dóigh liom go bhfuilimid comhaontaithe air sin.

Táimid tar éis dhá bhliain a chaitheamh i mbun cruinnithe rialta ar an gceist seo ag iarraidh troid i gcoinne an phróisis lochtaigh seo. Bhí an próiseas as ar tháinig an ciorclán i dtosach lochtach dhá bhliain ó shin agus anois tá an t-athbhreithniú tar éis a bheith lochtach. Tá faillí iomlán déanta. B'fhéidir gur áibhéil é agus tá súil agam gurb ea ach, faoi láthair, táimid ag rá go bhfuil duine as deichniúir ag fáil díolúine. An bhfuilimid ag breathnú ar an gcás go mbeadh na daltaí a roghnaíonn Gaeilge chun bheith ina mionlach sna ranganna agus scoileanna T2 amach anseo?

Má leanaimid an treocht seo agus má théann an ráta mar atá sé ar aghaidh ag méadú go suntasach agus go leanúnach, is é sin a bheidh romhainn mura dtagann críoch leis seo láithreach. Má bhreathnaímid air sin, tuigimid ar fad go mbeidh tionchar aige sin ar gach rud. Beidh knock-on effect ar sholáthar múinteoirí, ar chaighdeán na múinteoirí agus ar sholáthar acmhainní. Cibé Gaeilge dheas a chuirfeá ar "sliding scale", is é sin atá chun tarlú mura gcuirtear deireadh leis seo láithreach agus rud ceart a chur ina áit.

Mr. Julian de Spáinn

Tá an ceart ag Bláthnaid Ní Ghréacháin arís agus nuair a théann sí isteach sa chaint níos mó - tá sé seo ag tarlú le gach duine atá caint - tosaíonn na hábhair eile gur gá iad a réiteach chun tosaigh freisin. Tagann sé seo ar ais go dtí an bunphointe a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh níos luaithe agus atá tar éis teacht chun cinn ag gach duine a bhí ag caint anseo arís, is é sin nach bhfuil aon pholasaí ann a cheanglaíonn na rudaí seo ó thús go deireadh. Tá sé geallta sa chlár Rialtais agus geallta ag Fianna Fáil - tá brón orm agus an Teachta Ó Muimhneacháin ag féachaint orm anois - ach dá bhféadfadh Fianna Fáil feidhmiú air seo, tá deis ann. Ní comórtas é seo, dár ndóigh. Nuair a thagann sé go dtí an teanga agus an Ghaeilge agus an Ghaeltacht, táimid ag iarraidh go mbeidh an rud is fearr déanta. Bíonn gach polaiteoir ag tacú de ghnáth agus ag teacht taobh thiar dó sin. Aon uair a théann an reachtaíocht agus rudaí eile tríd, de ghnáth, bíonn na polaiteoirí ar fad taobh thiar de.

Is í an fhadhb atá againn áfach ná go bhfuil rud éigin geallta sa chlár Rialtais. Tá rud éigin a bhí geallta ag roinnt mhaith de na páirtithe polaitiúla i rith an olltoghcháin. Tá fadhb aitheanta againn ar fad a bhaineann ní hamháin le díolúintí ach le 20 rud eile. Tá bealach chun tosaigh agus feictear sa pholasaí oideachas Gaeltachta, nuair a fheictear air ó thús go deireadh agus ar na leibhéil éagsúla, go dtugann sé tacaíocht agus comhthéacs do gach rud a bhaineann le polasaí oideachais Ghaeltachta ach, ar fháth éigin, nílimid ag bogadh ar an rud is bunúsaí le polasaí a chur le chéile.

Is é an rud is mó atá ag cur iontais ormsa ná go bhfuil sé geallta ach níl aon fheidhm á tabhairt don rud atá geallta agus is é sin an rud a chaithfear a dhéanamh. Caithfear bogadh air sin agus caithfidh sé sin teacht ó cheannasaíocht. Is léir dom ón méid plé atá déanta agam le cúrsaí na Roinne Oideachais agus eile ná nach bhfuil siad chun bogadh air sin. Tógfaidh sé Rialtas, Aire agus na polaiteoirí ar fad le rá gur gá dúinn bogadh air seo anois. Táimid breis agus 100 bliain ar aghaidh ó bunaíodh an Stát ach ní raibh polasaí riamh ann, ó bunaíodh é, faoi mhúineadh na Gaeilge ó thús go deireadh. Ní dhéanann sé sin aon chiall domsa. Conas a fhéadfadh sé aon chiall a dhéanamh d'aon duine eile? Is gá bogadh air sin anois.

Rinneamar rud amháin a phlé inniu, beimid ag plé rud eile amárach agus beimid ag teacht ar ais ag iarraidh cén fáth nach bhfuil na rudaí seo ag feidhmiú nó ag oibriú amach i gceart. Is é an sampla is mó atá againn de rud éigin go bhfuil toil, seilbh agus ceannach isteach ann cheana féin ná an polasaí oideachais Ghaeltachta. Cén fáth nach bhféadfaimid é sin a dhéanamh sa chóras trí chéile? Ní fheicim é.

Is é an botún a rinneamar ná gur ligeamar don Roinn leanúint ar aghaidh le polasaí oideachais sa Ghaeltacht gan polasaí cuimsitheach iomlán do na scoileanna sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di a bheith aontaithe ag an am céanna.

Mr. Julian de Spáinn

Labhair mé go leor faoin pholasaí iomlán. Ní dhéarfainn é sa bhealach go raibh géarghá díriú ar pholasaí Gaeltachta agus Gaelscoileanna.

Tá tús curtha leis an bpolasaí oideachais lán-Ghaeilge. Cuirim fáilte roimhe mar is gá gníomhú air sin. Bhí go leor ama i gceist gníomhú ar an dara céim ansin ach is gá é sin a dhéanamh. Níl aon rud le rá go comhthreomhar leis sin le go bhféadfaí a bheith ag obair ar an bpolasaí iomlán. Chabhraigh an polasaí oideachais Gaeltachta chun a léiriú gur féidir é seo a dhéanamh agus gan é sin, b'fhéidir go mbeadh sé níos deacra an cás a dhéanamh.

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

Ba mhaith liom tacú leis an méid sin. Cinnte, ábhar práinne a bhí sa pholasaí don oideachas Gaeltachta. Ag an am céanna, bhíomar san earnáil ag iarraidh an polasaí don oideachas lán-Ghaeilge ach cuidíonn an polasaí Gaeltachta fós go huile is go hiomlán le cás polasaí don oideachas lán-Ghaeilge agus do mhúineadh na Gaeilge. Tá sé seo níos leithne.

Tá tús curtha ag an Roinn Oideachais le hullmhúchán don pholasaí don oideachas Gaeilge, ach is tús é agus ní dlús. Tá sé mall agus táimid tar éis a léiriú agus léirigh Bláthnaid Ní Ghréacháin go han-mhaith ansin an chontúirt agus an baol atá ann don earnáil, don Ghaeilge agus dúinn ar fad sa tír mura bhfeidhmítear air seo. Tá gá ag an Roinn ceannasaíocht a ghlacadh agus caitheamh go dearfach agus go gníomhach leis seo mar tá rudaí ag tarlú go mall mar gheall ar an bpolasaí don oideachas lán-Ghaeilge agus don Ghaeilge. Tá cinntí á dtógáil atá ag déanamh dochair ar nós an ceann maidir leis na díolúintí agus tá cinntí á nglacadh ansin nuair atá iarratais ag teacht uainn ón earnáil a rá go dteastaíonn Gaelcholáiste nó rud éigin a molaimid. Tá sé á rá linn ansin go bhfuil polasaí don oideachas lán-Ghaeilge á fhorbairt agus go mbeidh daoine ann chun plé air sin nuair a bheidh sé sin forbartha. Tá an Roinn ag cur rudaí ar an méar fhada nuair a fheileann sé agus ag ligean do dhíolúintí agus rudaí eile a theacht chun cinn. Is gá stop a chur leis seo agus dlús a chur leis an bpolasaí sin.

Níl mórán ceisteanna agam mar tá ár bhfinnéithe tar éis an oiread sin eolais a thabhairt dúinn agus roinnt líomhaintí a dhéanamh i leith na Roinne agus an chórais. Is gá dúinn iad a chur os comhair iad siúd a ghlac na cinntí sin agus déanfaimid é sin.

Tá ceist nó dhó agam ó thaobh an ardaithe suntasaigh a luaigh ár n-aíonna ar líon na ndaltaí meánscoile a bhfuil díolúintí acu, ó 2.5% in 1999 go dtí 11% de réir na figiúirí ios déanaí. Níor shíl mé gur athraigh an saol chomh mór sin sa tréimhse sin. Cén uair lena luaitear na díolúintí seo agus céard é an briseadh síos idir bhunscoil agus mheánscoil? An mbíonn díolúintí ag páistí i mbunscoil? Céard é an leibhéal nó an é nach mbíonn a leithéid ag teastáil don chuid is mó de dhaltaí ag cúl an ranga? An é sa mheánscoil an phríomháit nach bhfuil an mac léinn ag freastal ar rang? An é go bhfuil an duine sin ag suí amach sa halla nó ag déanamh rud éigin eile, fad is atá an rang Gaeilge ar siúl? Ní bhfuair mé díolúintí ón bhFraincis nó ón matamaitic ach caitheadh as an rang mé nuair a bhí mé dána, nó cibé rud. Ní hé go raibh sé sin á lorg agam.

Luadh ní buntáistí ach an chabhair bhreise atá ar fáil i scoileanna Béarla do mhúinteoirí agus do dhaltaí. Dúradh go bhfuil sé sin ar fáil má tá Béarla i gceist, nó má tá riachtanais bhreise i gceist, agus nach bhfuil sé ar fáil as Gaeilge. Níl múinteoirí le Gaeilge chun cúnamh a chur ar fáil go minic. An bhféadfadh ár n-aíonna cur síos a thabhairt ar an méid go díreach atá i gceist leis sin?

Mr. Mícheál S Mac Donnacha

Freagróidh mé é sin ar dtús. Séard a tharlaíonn go minic go ndéantar scrúdú caighdeánach ag deireadh na bliana. Déantar é sin sna scoileanna Béarla ar an matamaitic agus ar an mBéarla. Déantar na torthaí sin a bhailiú an chuid is mó den am. Feictear ansin go lán lom má tá deacrachtaí ag an ngasúr sa Bhéarla. Mar gheall nach bhfuil aon tástáil nó caighdeán mar sin ann don Ghaeilge, níl an comhrá céanna ann.

Cé a dhéanann an cinneadh nach bhfuil sé sin ann?

Mr. Mícheál S Mac Donnacha

Uimhir a haon, ní chuireann an Roinn Oideachais aon iallach ar na scoileanna agus ní gá dóibh é sin a dhéanamh. Déanann corrscoil iad féin é agus braitheann sé ar an dearcadh a bhíonn i dtreo na Gaeilge sa scoil, agus rudaí eile mar sin de. Níl aon iallach ar na scoileanna Béarla é sin a dhéanamh. Feiceann tuismitheoirí ansin má bhíonn deacrachtaí ag a bpáistí sa Bhéarla. Téann cuid acu ar aghaidh, faigheann siad eolas agus lorgaíonn siad go mbeidh tástáil éigin eile déanta ar na gasúir. Ansin, buaileann an imní iad agus tosaíonn an chaint. D'fhéadfadh nach mbeadh an gasúr ach sa mheán rang i rang a trí nó rang a ceathair. Ansin tosaíonn an chaint faoin ardteistiméireacht mar go bhfuil imní orthu gur bac é seo, b’fhéidir, má tá siad ag déanamh na Gaeilge, mar nach bhfaigheadh siad marc láidir as seo amach. Is é sin an cineál comhráite a bhíonn ag tarlú gach uile uair ina mbíonn aon smaoineamh ann go bhfuil deacrachtaí foghlama ann.

Maidir leis an dara rud a dúirt an Cathaoirleach - tá siad ceangailte le chéile - mar gheall nach bhfuil scrúdú caighdeánach ann, níl aon fháth do mhúinteoir i scoil náisiúnta Béarla tacaíocht bhreise a thabhairt don Ghaeilge mar níl aon bhealach acu chun an easnamh sin a fháil amach. Cinnte, tá tuairim mhaith ag an múinteoir sa rang go bhfeiceann sé nó sí an gasúr ag streachailt leis ach níl aon rud ar pháipéar acu a deir go bhfuil deacrachtaí ag an bpáiste seo agus go gcaithfimid an chabhair agus an cúnamh breise a thabhairt dó nó di. Is ciorcal ar fad é mar gheall air seo. Ansin, ní thugann an Roinn Oideachais na huaireanta chuige sin mar is í an Roinn a dhéanann an dáileadh ar na huaireanta tacaíochta do na scoileanna. Ní chuirfidh an Roinn an Ghaeilge san áireamh mar nach bhfuil aon scrúdú caighdeánach á dhéanamh i nGaeilge. Tá an rud seo ar fad ceangailte ar ais leis an mbunsmaoineamh.

Arís, is a mhacasamhail é sin do scoil T1, scoil Ghaeilge. I gcás teaghlach atá an t-ádh orthu a bheith sa bhaile, nuair a fheiceann na tuismitheoirí go bhfuil deacrachtaí ag an ngasúr i mBéarla, go hiondúil is léir go mbíonn deacrachtaí acu le teangacha i gcoitinne agus níos mó ná an Béarla agus an Ghaeilge amháin. Cuireann na tuismitheoirí ceist ansin maidir leis an bhfáth nach bhfuil tacaíocht ag an bpáiste ag fáil acu ó thaobh na Gaeilge de. Deirtear ansin leo go bhfuil uaireanta ar leith áirithe do na scoileanna maidir leis an nGaeilge.

Aisteach go leor, ag labhairt ar phointe eile, ní bhíonn sé soiléir ag na scoileanna T1 cé mhéad uaireanta a fhaigheann siad le tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge. Arís, tá sé ceangailte isteach leis an smaointeoireacht agus leis an bhfís ar fad atá ann. Deirtear leo go bhfuil páiste i scoil A ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge agus ag fáil uaireanta tacaíochta foghlama, ach ní bhíonn sé riamh soiléir ar pháipéar dóibh agus ní fheictear dóibh é. Mar shampla, ní fheiceann scoil A atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge an difríocht ó thaobh na n-uaireanta tacaíochta de i comparáid le scoil B atá ag feidhmiú amháin le Béarla agus matamaitic. Tá an rud é sin féin ar fad ceangailte isteach ann.

Is timpeall an aois sin a thosaíonn an cheist seo agus is aisteach an rud é mar nuair a bhíonn gasúr ag duine atá deich mbliana nó naoi mbliana d'aois, nuair a fheictear go bhfuil deacrachtaí acu, is é an chéad rud a thosaítear ag caint faoi ná pointí san ardteistiméireacht. Is é sin atá ag tarlú.

Is fadhb an chórais é sin.

Mr. Mícheál S Mac Donnacha

Is ea.

Glaoim ar Chaoimhín Ó hEaghra anois.

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

Maidir le pointí mar sin, tá sé contúirteach faoina dtagann na figiúirí agus na staitisticí amach mar is é ceann de na staitisticí a bheidh á bhrú chun cinn ná go bhfuil líon na ndíolúintí atá tugtha ag an mbunleibhéal tar éis titim, agus tá seans go bhféadfaí á rá go bhfuil an ciorcal ann agus go bhfuil an córas ag obair mar gheall go bhfuil an líon ag titim. Tá na rudaí atá ráite ag Mícheál Mac Donnacha anois, ámh, ansin an-cheangailte anseo. Is suas don phríomhoide anois an díolúine a thabhairt agus tuigeann tuismitheoirí nach gá an troid a dhéanamh ag an mbunleibhéal. Is gá dul i dtreo an dara leibhéal agus go bhfaighidh siad an díolúine ansin mar is é sin an áit ina bhfuil sé. Tá na tuismitheoirí sásta go leor scaoileadh le páistí agus gan an díolúine a lorg ag an mbunleibhéal go minic, más é sin an rogha a dhéantar. B'fhéidir gurbh é sin cuid den fháth go bhfuil na staitisticí sin ag titim. Ní lorgaítear iad agus tá siad an titim ag an mbunleibhéal dá bharr. Feicfimid ansin an méadú atá tagtha ag an dara leibhéal mar go dtuigeann siad go bhfuil déanamh an chinnidh i lámha an phríomhoide anois.

Mura bhfuil tástáil a déanamh, ní léir le haon duine-----

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

Is é sin an rud-----

-----go dtí go sroicheann an mac léinn an mheánscoil.

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

-----is tubaistí faoi - go bhfuil ísliú céime ann chun dul i ngleic leis seo. Má táthar ag iarraidh tacú le páiste a bhfuil deacrachtaí foghlama aige nó aici le teangacha, agus leis an nGaeilge san áireamh iontu, tugtar an tacaíocht sa Bhéarla. D'fhéadfadh páiste tuairisc a bheith á breith abhaile leis nó léi ón mbunscoil T1 Béarla, agus í á rá go bhfuil deacrachtaí foghlama aige nó aici, agus go bhfuil tacaíocht de dhíth don pháiste seo sa Bhéarla. Níl aon rud ann, ámh, á rá faoi seo sa Ghaeilge, nó aon tástáil nó tacaíocht seachas na tuairimí atá léirithe ag an múinteoir, agus leanann sé sin ar aghaidh mar sin.

Tá ceist ann maidir leis an sciar de thacaíocht foghlama a chuirtear ar fáil. Nuair a chuirtear tacaíocht foghlama ar fáil i scoil Bhéarla, úsáidtear don Bhéarla amháin é. Nuair a chuirtear ar fáil do scoil lán-Ghaeilge é, bíonn orthu é a úsáid don Bhéarla agus don Ghaeilge, agus níl aon aitheantas á thabhairt ag an Roinn do seo ná don éileamh atá ann.

Mr. Mícheál S Mac Donnacha

Tá curaclaim teanga ag na bunscoileanna ar fad. Tá an smaoineamh seo ann go mbíonn siad ag foghlaim an Ghaeilge agus an Béarla ag an áit a bhfuil siad, in ainneoin na ndeacrachtaí, agus go bhfuil siad ag bogadh chun cinn sa dá theanga. Tá an taighde agus an cleachtas againn anois gur féidir leis an dá theanga cabhrú lena chéile. Tá gasúir sna scoileanna Gaeltachta anois tar éis luathoideachais a dhéanamh sna bunranganna atá tosaithe ar an mBéarla ag rá go ndearna siad an rud céanna sa Ghaeilge. Tá na gasúir atá á rá seo seacht mbliana d'aois. Níos tábhachtaí fós, bíonn siad in ann na difríochtaí a chur in iúl agus a rá nach bhfuil sé mar a chéile sa Ghaeilge agus atá sé sa Bhéarla. Tá an cineál smaointeoireachta seo tosaithe acu ag seacht mbliana d'aois. Cá bhfuil sé sin sna scoileanna Béarla, cé go bhfuil an curaclam teanga céanna ann don dá rud? Bhí an smaointeoireacht agus an fhís taobh thiar den churaclam teanga an-mhaith agus láidir, ach nuair nach bhfuil an tacaíocht ann agus nach bhfuil scrúdú caighdeánach ann agus na rudaí sin ar fad a théann leis, bíonn an Ghaeilge thíos arís agus fágtha ar leataobh.

Tá ceist amháin eile agam. Luaigh Julian de Spáinn figiúr a d’fhoilsigh Tuairisc.ie i rith na seachtaine. An bhfuil 67% dóibh siúd a fuair díolúine ag déanamh staidéir ar theanga eile seachas an Béarla?

Mr. Julian de Spáinn

Baineann sin le 2016.

B’fhéidir go bhfuil sé níos measa anois toisc go bhfuil líon na ndíolúintí ardaithe.

Mr. Julian de Spáinn

B’fhéidir é.

Tá sé sin spéisiúil. Maidir leis an ardú 20%, an gceapann na finnéithe go raibh baint ag Covid leis seo agus daoine ag fanacht sa mbaile?

Mr. Julian de Spáinn

An fhadhb leis an athbhreithniú - más féidir athbhreithniú a ghlaoch air - ná níor cuireadh an t-eolas sin ar fáil chun tuairimíocht a dhéanamh. Ar a laghad, beidh deis ag an gcomhchoiste an t-eolas sin a lorg ón Roinn. Bhí fachtóirí eile ann, mar a dúirt an Cathaoirleach, ó thaobh Covid de. B'fhéidir nach raibh an teacht céanna ar phríomhoidí sa tréimhse sin. B'fhéidir go n-éireoidh rudaí níos measa nuair a bheidh teacht ag na tuismitheoirí ar na príomhoidí. Ní raibh an méid céanna daoine ag teacht isteach sa tír. Sular tharla an cruachás san Úcráin ar ndóigh, ní raibh daoine ag teacht isteach sa tír don chúpla bliain sin leis an Covid freisin. Mar sin ní raibh siad san áireamh sna díolúintí. Tá an-chuid fachtóirí ann a d'fhéadfadh scéal níos measa a bheith i gceist ó thaobh na ndíolúintí agus muid ag bogadh ar aghaidh.

An rud is soiléire domsa ó thaobh líon na ndíolúintí ná go bhfuil an uimhir ag fás agus ní fheicim é sin ag stopadh. Mar a dúirt an Ollamh Pádraig Ó Duibhir i nuachtán Dé Luain, cathain a thiocfaidh pointe go dtosóidh daoine ag ceistiú an Ghaeilge mar chroí-ábhar na hardteistiméireachta arís? Má ardaíonn an céatadán ó 11% go dtí 15% go dtí 20%, cén pointe a déarfaidh daoine go bhfuil sé in am an Ghaeilge a dhéanamh mar ábhar roghnach? Beidh impleachtaí thar a bheith tromchúiseach ann má théimid síos an bóthar sin. Is é sin an fáth go bhfuil gá ann teacht chun tosaigh ar sin ar fad in ionad ligean don rud. Tá an Roinn tar éis ligean don rud méadú ó 2000 nuair a bhí an figiúr 2.5% - tá sé go dtí 11% anois - agus níl sé ach ag dul i mbealach amháin san iar-bhunscoil.

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin

Tá mé chun filleadh ar an bpointe maidir leis na tástálacha caighdeánacha don Ghaeilge i scoileanna T2. D’fhéadfadh an comhchoiste breathnú ar an gceist sin arís agus brú a chur ar an Roinn. Is ceist ollmhór atá ann do stádas na Gaeilge agus an luach atá ar an teanga. Tá bunús na faidhbe sa cheist sin mar níl meicníocht ann ar chor ar bith le fáil amach cén caighdeán nó cén cumas atá ag na daltaí. Mar a luaigh Mícheál S Mac Donnacha, níl aon iachall nó dualgas ar scoileanna na tástálacha seo a dhéanamh, rud a chiallaíonn nach bhfuil tuismitheoirí ar an eolas faoi conas mar atá ag éirí leis an bpáiste nó an bhfuil straitéisí, idirghabháil, nó tacaíocht de dhíth. Táimid ag ligean don chóras teip a dhéanamh ar na deiseanna foghlama atá ag na daltaí sin. Tá an cheist seo ollmhór agus táimid tar éis ligean dó sin sleamhnú isteach sna scoileanna. Deirtear go bhfuil laghdú i líon na ndíolúintí atá bronnta sna bunscoileanna. B'fhéidir go bhfuil níos lú scoileanna T2 anois i mbun na dtástálacha agus nach bhfuil an fhadhb nó an dúshlán chomh soiléir agus nach bhfuil siad ag lorg díolúintí mar gheall air sin, má thuigtear an pointe.

Tuigim. Tá súil agam go mbeidh deis againn roinnt de na ceisteanna atá ardaithe anseo againne agus ag na finnéithe a chur roimh na dreamanna eile a thiocfaidh os comhair an choiste idir seo agus deireadh mhí na Samhna, agus go bhfaighimid roinnt freagraí ó chumann na bpríomhoidí, ón Roinn, srl. Tá sraith de chúig cruinniú leagtha síos ag an staid seo agus is féidir cur leis sin más gá ach tógfar cruinnithe eile san athbhliain. Ba mhian liom cloí leis an gcúig chruinniú agus tuarascáil a chur faoi bhráid na Dála chomh tapa agus is féidir. B’fhéidir go mbeidh muid in ann athrú poirt a fháil ón Roinn nó ón Aire féin fiú mar gheall ar a bhfuil glactha go dtí seo nó aon cheist eile maidir leis an nGaeilge.

Cuirim críoch leis an gcruinniú. Gabhaim buíochas le Caoimhín Ó hEaghra, thar ceann an Fhoras Pátrúnachta; Julian de Spáinn, Paula Melvin agus Róisín Ní Chinnéide - déanaim comhghairdeas le Róisín arís as an obair atá roimpi; "No pressure" mar a deirtear - thar ceann Chonradh na Gaeilge; agus Bláthnaid Ní Ghréacháin agus Micheál S Mac Donnacha thar ceann Ghaeloideachas.

Tá an cruinniú curtha ar athló go dtí 1.30 p.m. ar an 5 Deireadh Fómhair, nuair a bheidh an t-ábhar céanna á phlé againn le ceardchumainn na múinteoirí. Beifear in ann an cruinniú sin a fheiceáil beo nó ar an player.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 3.18 p.m. go dtí 1.30 p.m. Dé Céadaoin, an 5 Deireadh Fómhair 2022.
Barr
Roinn