Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Wednesday, 5 Oct 2022

Toghchán Leas-Chathaoirligh an Chomhchoiste

Níl aon leithscéal faighte seachas ón dTeachta Catherine Connolly atá gafa ag an gcathaoirleacht faoi láthair. Tá folúntas amháin againn ar an gcoiste agus líonfaidh Fianna Fáil é am éigin. Tugadh ardú céime don Teachta Dála, nó an tAire Stáit ag an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta anois, an Teachta Dara Calleary.

Fearaim fíor-fháilte roimh chomhaltaí an choiste agus aon duine eile a thagann chun na cruinnithe inniu. Cuirim fáilte freisin roimh ár lucht féachana ar Theilifís an Oireachtais.

Sula dtéimid ar aghaidh, ba mhaith liom giota gnó eile a dhéanamh ar dtús, sé sin, mír a 2 ar an gclár cruinnithe, ceapachán ar Leas-Chathaoirleach an chomhchoiste. Ar mhaith le haon chomhalta comhalta eile a ainmniú don phost seo?

Molaimse an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee.

Go raibh maith agat, a Theachta. An bhfuil an Seanadóir Clifford-Lee sásta glacadh leis an bpost mór gnóthach sin?

Táim lán sásta glacadh leis, a Chathaoirligh,

Déanaim comhghairdeas leis an Seanadóir. Is féidir liomsa éalú anois.

Go raibh míle maith agat. Is mór an onóir é a bheith tofa mar Leas-Chathaoirleach ar an gcoiste seo. Guím gach rath ar an Aire Stáit, Teachta Calleary freisin.

Guímid ar fad gach rath air. Sheolamar nóta chuig an Aire Stáit, an Teachta Calleary, an tseachtain seo caite ag déanamh comhghairdeas leis ar a cheapachán. Tá súil agam go mbeimid in ann an folúntas sin a líonadh go tapa le go mbeadh coiste ina iomláine againn chun an obair ar fad a dhéanamh. Tá súil agam nach mbeidh gá don Seanadóir Clifford-Lee a bheith sa chathaoir go ró-mhinic, ach más gá, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil léi as ucht glacadh leis an bpost.

Barr
Roinn