Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Wednesday, 5 Oct 2022

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Bogaimid ar aghaidh anois le breathnú ar an gcóras díolúintí i leith staidéar na Gaeilge sa mheánscolaíocht. Cuirim fáilte roimh na hionadaithe seo a leanas: thar cheann Aontas Múinteoirí Éireann, Declan Glynn, ard-rúnaí cúnta; David Duffy, oifigeach oideachais; agus Antóin Ó Coinn, baill den choiste feidhmiúcháin náisiúnta; thar cheann Chumann Múinteoirí Éireann, Mr. John Boyle, ard-rúnaí; agus thar cheann Chumann na Meánmhúinteoirí, Éire, Moira Leydon, ard-rúnaí cúnta; agus Anne Loughnane atá ina mhúinteoir i bPobalscoil Inbhear Scéine, Contae Chiarraí. Ba mhaith liom ár mbuíochas a ghabhadh leo as ucht teacht anseo inniu chun cúnamh a thabhairt dúinn sa phlé atá á dhéanamh. Thugamar cuireadh do Chomhairle Náisiúnta Tuismitheoirí Iarbhunoideachas bheith anseo inniu ach, faraor, níor ghlac sí leis an gcuireadh sin. Tá na finnéithe go léir anseo i seomra coiste 4 laistigh de phurlán Thithe an Oireachtais. Caithfidh mé roinnt de na rialacha agus treoracha seo a leanas a leagan fúthu.

Meabhraím d’fhinnéithe agus do chomhaltaí an deis seo a thógáil chun na gutháin shoghluaiste a mhúchadh le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna sin cur isteach ar chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna gcuid oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é seo. Ba mhaith liom a mheabhrú dóibh siúd atá ag teacht isteach go fíorúil gur gá dóibh scáileán a bheith ar siúl fad is atá siad ag labhairt agus a micreafóin a mhúchadh nuair nach bhfuil siad ag labhairt ionas nach gcuirfeadh an fhuaim as don chruinniú. Ba chóir cloí leis na moltaí seo ar fad.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu.

Ní féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin le linn d'aon duine a bheith ag teacht isteach sa chruinniú ó lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuireann siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon an cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, duine nó eintiteas a cháineadh, nó líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh nó tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí ina bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfeadh siad leis an ordú sin láithreach.

Feicim go bhfuil an Teachta McHugh i láthair freisin agus is dócha gur luaigh mé a ainm níos luaithe. Dúradh liom ansin go mb'fhéidir go mbeadh sé in ann aistriúchán a dhéanamh ar chanúintí daoine atá os ár gcomhair mar is as Tír Chonaill do roinnt de na finnéithe, nach ea?

Is é sin é.

Tosóimid anois leis an gcruinniú i gceart. Ar dtús báire, táimid chun éisteacht a thabhairt d’Aontas Múinteoirí Éireann agus is Declan Glynn atá chun cur i láthair a dhéanamh.

Mr. Declan Glynn

Gabhann Aontas Múinteoirí Éireann buíochas leis an gCathaoirleach as an gcuireadh thar ceann an choiste aitheasc a thabhairt don chomhchoiste ar an gcóras díolúintí i leith staidéar na Gaeilge sa mheánscolaíocht.

Tugann Aontas Múinteoirí Éireann ionadaíocht do mhúinteoirí iar-bhunscoile, do léachtóirí sna hollscoileanna teicneolaíochta agus do bhaill foirne eile in earnálacha agus i seirbhísí oideachais. Déanaimid ionadaíocht thar ceann múinteoirí san uile chineál iar-bhunscoile: coláistí pobail agus gairmscoileanna de chuid na mbord oideachas agus oiliúna; meánscoileanna; pobalscoileanna; agus scoileanna cuimsitheacha.

Is do scoláirí ó thar lear, nó scoláirí a chaith tréimhse trí bliana ar a laghad thar lear, agus do scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachas dianseasmhacha acu is mó a dheonaítear díolúintí ó staidéar ar an nGaeilge. Léiríonn an fhaisnéis uile gur i scoileanna de chuid na mbord oideachas agus oiliúna agus sna pobalscoileanna atá an cion is mó de scoláirí ón iasacht agus an cohórt is mó de scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Mar a léirigh Fischer:

Community schools and vocational or technical schools under VEC (and now ETB) management cater for a much more diverse school population and for a disproportionate number of immigrants or children of immigrants.

Tá córas na ndíolúintí ó staidéar ar an nGaeilge lochtach agus tá sé míshásúil, dar le hAontas Múinteoirí Éireann. Is é croílár na faidhbe ná líon na ndíolúintí a dheonaítear ag an leibhéal iar-bhunscoile ar bhonn deacrachtaí foghlama; tá formhór na scoláirí ag an leibhéal bunscoile agus iar-bhunscoile araon a ndeonaítear díolúintí ó staidéar ar an nGaeilge dóibh sa chatagóir seo. Go deimhin, mhaithfí don té a mheasfadh gur próiseas uathoibríoch é den chuid is mó an deonú díolúine.

Sular eisíodh ciorcláin leasaithe na Roinne Oideachais ar dheonú díolúintí in 2019, chonacthas gur deonaíodh idir 40% agus 52% de na díolúintí ag leibhéal na bunscoile agus na hiar-bhunscoile araon go mícheart nó go míchuí ach is amhlaidh an scéal go fóill, de réir gach aon chosúlachta. Cé is moite de chorrbhliain anseo is ansiúd, ag brath ar chúinsí éagsúla, cúrsaí déimeagrafacha agus inimirce, san áireamh, tá ardú leanúnach, comhsheasmhach tar éis teacht ar líon na ndíolúintí a cheadaítear; tháinig ardú 170% ar líon na ndíolúintí a deonaíodh idir 2004 agus 2019.

Deonaíodh díolúine ón nGaeilge do 2.5% de scoláirí iar-bhunscoile in 1999 ach bíonn díolúine ag os cionn 11% díobh le blianta beaga anuas, rud a chuireann ar neamhní aidhm na Roinne Oideachais gur rud “annamh” agus “eisceachtúil” a bheadh sa díolúine. Aontaíonn Aontas Múinteoirí Éireann leo siúd a áitíonn nár cheart go mbeadh díolúine ach ag idir 2% go 3% de phobal na scoile.

Is ábhair imní faoi leith dúinn an borradh seasta ar líon na ndíolúintí a dheonaítear ag an leibhéal iar-bhunscoile - is méadú 32% sna sé bliana deireanacha é - agus an t-ardú as éadan ar líon na ndíolúintí a dheonaítear ar bhonn deacrachtaí foghlama ag an dara leibhéal - is ardú 22.8% é - ó tugadh an córas leasaithe isteach in 2019. Caithfear an borradh seasta ar líon na ndíolúintí áirithe seo a mheas i gcomhthéacs an laghdaithe suntasaigh ar an ráta inimirce go hÉirinn le blianta beaga anuas, ó 34,000 inimirceach in 2018 go 28,900 inimirceach in 2020. Tá imní orainn freisin faoin ardú as éadan ar líon na ndíolúintí a deonaíodh do scoláirí sa séú bliain ar an bhforas céanna seo - is ardú 47% sa tréimhse 2019 go 2021 é. Táimid buartha freisin faoin gcion de dhaltaí an teastas shóisearaigh agus daltaí ardteistiméireachta a mbíonn díolúine acu ach a thugann faoi theanga Eorpach eile - is idir 55% agus 74%, ag brath ar an mbliain, é. Is cúis imní é freisin an cohórt de scoláirí ardteistiméireachta nach ndéanann aon scrúdú ardteistiméireachta sa Ghaeilge - is os cionn duine as gach cúigear atá i gceist leis seo agus bíonn díolúine ag idir 60% go 70% acu. Tá na figiúirí seo curtha os comhair an chomhchoiste. Bhainfeadh an comhchoiste alltacht as na figiúirí féin mar is figiúirí stangtha iad chomh maith.

Tá buairt ar Aontas Múinteoirí Éireann faoin bhforas is nuaí faoinar féidir díolúine a cheadú; is é sin i gcás “scoláirí a bhfuil ardleibhéal riachtanas éagsúil dianseasmhach acu, ar riachtanais iad atá ina mbac suntasach ar a rannpháirtíocht ina gcuid foghlama agus i saol na scoile”. Tá sé sin leagtha amach in alt 2.2.3 sa chiorclán is déanaí. Sna treoracha d’iar-bhunscoileanna a d’eisigh an Roinn Oideachais, is soiléir nach gá go mbeadh deacracht foghlama sainaitheanta ag an scoláire chun díolúine a lorg ar an bhforas nua seo ach go gcuimsíonn sé scoláirí ar mór an crá nó an strus orthu staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge d’ainneoin pleananna tacaíochta scoláire spriocdhírithe indibhidiúlaithe a bheith ann dóibh. Neosfaidh an aimsir, ar ndóigh, ach tá imní orainn go mbainfear mí-úsáid as an bhforas nua seo mar chúis aonair chun díolúine a bhaint amach agus go gcuireann sé le borradh na ndíolúintí. Dar ndóigh, is mór an t-ualach nua ar scoileanna agus ar mhúinteoirí pleananna tacaíochta a chur ar bun do dhaltaí aonair sa chás go gcuireann foghlaim na Gaeilge chomh mór sin as dóibh go mbíonn gá lena leithéid agus ní dheachthas i gcomhairle le hAontas Múinteoirí Éireann ina thaobh sin.

Tá dua ag baint le foghlaim teanga ar bith, gan aon amhras, ach tá strus ag baint le hábhair scoile eile chomh maith, ar dual don uile scoláire dul i dtaithí air, agus cabhair á fáil ag an scoláire ó fhoireann na scoile.

Ní fheictear dúinn gur mó an strus agus an imní a bhaineann le staidéar ar an nGaeilge per se. Go háirithe má leanann scoláirí ar aghaidh le foghlaim teangacha eile, tá na próisis chognaíocha chéanna i gceist i bhfoghlaim na Gaeilge agus foghlaim teangacha iasachta ar nós na Fraincise nó na Spáinnise. Tá easpa eolais agus trédhearcachta ag baint le forfheidhmiú an chórais díolúine. Is locht mór é seo ar cheart a réiteach dar le hAontas Múinteoirí Éireann.

Thuairiscigh breis agus dhá thrian na bhfreagróirí sa suirbhé Gaeilge 2013 go bhfuil dearcadh dearfach acu i leith na Gaeilge, agus d’aontaigh breis agus beirt as gach triúr leis an ráiteas “gan Ghaeilge, chaillfeadh [Poblacht na hÉireann] a féiniúlacht mar chultúr ar leith go cinnte”. Tugtar le fios, afách, sa taighde a rinne Emer Smyth agus a chomhghleacaithe gurb í an Ghaeilge an t-ábhar is lú a thaitníonn le scoláirí na hardteistiméireachta - ní dúirt ach 36% gur thaitin sí leo - agus an t-ábhar is lú spéise dóibh. Ní cheapann ach 40% de scoláirí ardteistiméireachta go bhfuil an Ghaeilge úsáideach ach oiread, ach ceapann dhá thrian díobh go bhfuil an Fhraincis úsáideach, cuir i gcás.

Tuairiscíonn ár mbaill in Aontas Múinteoirí Éireann go mbreathnaíonn scoláirí go fuarchúiseach, fuarchroích ar ualach oibre agus fiúntas na n-ábhar scoile éagsúil, gur dóigh le cion mór scoláirí nach fiú an dua agus an deacracht a bhaineann leis an nGaeilge, agus gurbh fhearr dóibh díriú ar ábhair eile agus, ina lán cásanna, a gcuid pointí don Lár-Oifig Iontrála a uasmhéadú. Maítear i dtuarascáil taighde na cigireachta go mb’fhéidir go gcuireann fachtóirí a bhaineann le tuismitheoirí le meon diúltach na scoláirí i leith na Gaeilge. Thug roinnt tuismitheoirí le fios do chigirí na Roinne Oideachais nach raibh siad féin in ann cuidiú lena bpáistí agus gur cheap siad gurbh fhearr an t-am a chaitear ar fhoghlaim na Gaeilge a chaitheamh ar ábhair níos úsáidí mar Bhéarla nó matamaitic. Deir go leor dár mbaill dúinn go mbreathnaíonn roinnt scoláirí agus a dtuismitheoirí ar an díolúine mar réiteach ar ábhar atá dúshlánach, dar leo, agus mar bhealach éalaithe as. Más ea, is cosúil go bhfuil díolúintí á ndeonú do scoláirí nach bhfuil incháilithe dóibh agus go bhfuil leatrom dá dheasca sin ar a gcomhscoláirí. Más amhlaidh an scéal, is mór an éagóir é.

Aontaíonn Aontas Múinteoirí Éireann leis na hoideachasóirí eile a deir nach bhfuil a leithéid de rud ann agus sain-mhíchumas foghlama teanga. Deir Mary Caitlin Wight, i dtaca le scoláirí a bhfuil riachtanais oideachais speisialta acu, nach mbíonn deacrachtaí níos measa acu teangacha a fhoghlaim ná a gcomhscoláirí de dheasca a gcuid míchumas foghlama amháin, agus tacaíonn sí le cur chuige na difreála sa teagasc - ranganna beaga, am breise agus measúnachtaí malartacha - mar bhealaí chun rochtain ar fhoghlaim an dara teanga a éascú do scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu seachas iad a eisiamh ó staidéar ar an dara teanga. Ceistíonn Richard Sparks an bunús a bhaineann le diagnóis míchumas foghlama teanga, agus deir sé go léirítear san fhaisnéis eimpíreach “that students classified as learning disabled do not regularly fail foreign language courses and that, in fact, most secondary and post-secondary students classified as learning disabled pass foreign language courses”. Is ar an ábhar sin a mhaímid gur chóir athbhreithniú a dhéanamh ar chritéar 2.2.2 de Chiorclán 55/2022. Tá an critéar ró-scaoilte agus ró-chúng. Ní theastaíonn ach scór ar an deichiú peircintíl nó faoina bhun ar thriail litrithe nó léamh focal nó léamhthuiscint. Ní dóigh linn go bhfuil sé seo cuimsitheach go leor. Is iomaí scoláire a mbeadh scór faoi bhun an deichiú peircintíl i dtástáil litrithe aige nó aici, cuir i gcás, ach a bheadh in ann tabhairt faoi fhoghlaim na Gaeilge agus dul chun cinn maith a dhéanamh inti.

Tá riachtanais speisialta oideachais ag beagnach 10% de dhaltaí i scoileanna lán-Ghaeilge ach ní bac ar bith é sin orthu dul chun cinn maith a dhéanamh sa Ghaeilge. Anuas air sin, léiríonn an lear mór scoláirí a dtugtar díolúine ón nGaeilge dóibh ach a dhéanann an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Spáinnis nó an Iodáilis nach ann don sain-mhíchumas foghlama teanga. Is ar aimhleas cothú agus chur chun cinn na Gaeilge féin é an borradh seasta ar líon na ndíolúintí ag an leibhéal iar-bhunscolaíochta, dar le hAontas Múinteoirí Éireann, rud a fhágann go gcuirtear ar neamhní aidhmeanna Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

Gabhaimid míle buíochas leis an gCathaoirleach agus le baill an Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge as an deis chainte a thug siad go flaithiúil dúinn agus as an deis aighneacht a chur faoi bhráid an choiste.

Tiocfaimid ar ais le ceisteanna tar éis do na trí dhream a ráitis tosaigh a dhéanamh. Casfaimid anois ar John Boyle den Chumann Muinteoirí Éireann.

Mr. John Boyle

Gabhaim buíochas le baill an coiste as an iarratas teacht isteach. Labhraím ar son Chumann Múinteoirí Éireann, an ceardchumann is sinne agus is mó do mhúinteoirí in Éirinn. Tá ionadaíoch thar faoi 50,000 againn idir bunleibhéal i bPoblacht na hÉireann agus bunleibhéal agus an iarbhunleibhéal i dTuaisceart na hÉireann. Mar a dúirt mé, táimid iontach buíoch den choiste.

Sheol muid ár ráiteas chuig achan baill den choiste agus mar sin nílim chun achan focal atá ann a léamh. An rud is tábhachtaí le rá againn ná nach mbíonn na díolúintí seo ar fáil áit ar bith eile san Eoraip. Is é seo an t-aon tír ina bhfuil siad ar fáil. Tá sé ríthábhachtach é seo a thabhairt faoi deara, go háirithe don bhunscoil. The matter of exemptions from the study of Irish, tá sé complex agus multifaceted. Irish has long been a core subject of the primary school curriculum and forms an integral part of the new integrated primary language curriculum. Tá sé sin tábhachtach fosta mar níl Béarla agus Gaeilge mar ábhair ann a thuilleadh. Tá ábhar amháin ann, is é sin an integrated primary language curriculum. Tá sé iontach tábhachtach go mbeadh an dá ábhar sin snaidhmthe le chéile sa scoil. This gives an opportunity for language learning and gives the advantages of bilingualism a particular status on the primary curriculum for students learning language in Ireland.

I agree with the TUI submission in that developments in the understanding of language acquisition of special educational needs and neuroscience in education generally has led to a review of the policy of exemptions by the Department of Education. That was very much welcomed by our union at the time. We have new circulars in place now. Obviously, the Department intended to give greater clarity, simplicity and transparency in the process involved in granting of exceptions. The main focus now, for a child who has ongoing and persistent special educational needs and those who are entitled to a place in special schools and classes, in particular, go mbeidh an díolúine sin acu. Áfach, nuair a rinne siad an t-athbhreithniú ar an gciorclán, ní dóigh linne go ndearna siad athbhreithniú ceart and in fact we would submit that the consultation did not take place at all. Fuaireamar briefing ó thaobh an chiorcláin nua ach ní raibh siad sásta éisteacht linn.

It is a positive feature of primary education in Ireland that children experience language learning in at least two languages. Engagement with Gaeilge throughout their primary education has many benefits for children as it extends their overall linguistic experience and enhances language acquisition skills and awareness.

Exposure to and engagement with the Irish language in school on a daily basis, formally and informally, serves to deepen the pupils’ cultural awareness and contributes to their sense of national identity. This also promotes increased opportunities for social engagement, consistent with the key principles underpinning the effective teaching, learning and assessment of language and literacy as set out in our national curricula and reinforced by the National Council for Curriculum Assessment sa dréacht nua atá ag teacht amach ó thaobh an churaclaim nua don bhunscoil.

The benefits of bilingualism and studying a language from a young age are now better understood and studies show that a second language helps mental agility, makes it easier to learn a third or more languages and can help support a child’s academic achievement in other curricular areas. The 2019 primary language curriculum is for children of all abilities in all school contexts and is based on an integrated approach. The primary language curriculum provides a framework for teachers to identify the pupils’ stage of language development and accordingly to plan interventions that will support the development of language skills and competencies in Gaeilge agus Béarla and in an integrated manner. It also emphasises the transferability of language skills across languages.

It is an anomaly of the system for exemptions that a student can avail of an exemption from the study of Irish due to learning difficulties, yet tá cead ag an dalta céanna teanga eile a fhoghlaim ansin níos moille agus é nó í ag dul tríd an scoil. There is an anomaly in the fact there is an exemption from one of the two language in the integrated primary language curriculum and yet you can still go on to study a modern foreign language. We may even be faced with a situation in a number of years, although we hope not, where the modern foreign languages are becoming part of the revised curriculum and you could be doing Spanish, Italian or French with English and have an exemption from Irish. Ní bheadh ciall ar bith leis sin. There is evidence from the Department of Education’s review to support this view, as 67% of junior certificate students in 2016 with an exemption from Irish sat an examination in a foreign language. Sin beirt as triúr.

The special education teaching allocation model is also important because the model that is in place for primary education allows mainstream schools to provide additional teaching support do na páistí uilig who need that support for their identified learning needs in school as opposed to being based primarily upon a diagnosis. Sin a dóigh a bhí sé. It was only about the diagnosis but now the idea is that the teachers are front-loaded, as the special needs assistants, SNAs, are on occasion as well. It is important the policy of granting exemptions would be congruent with the overall policy for students with special educational needs, which is no longer based on a point-in-time diagnosis of a disability but seeks to respond to pupils’ emerging, or in some cases diminishing, needs as they develop and progress through the curriculum and school.

As with most curricular areas, tá sé iontach tábhachtach go mbeadh continuum of strong to weak language learners but no unique disability in language learning. Sparks stated in 2016 that "empirical evidence has shown that students classified as ... [learning disabled] do not regularly fail ... [foreign language] courses and that, in fact, most secondary and postsecondary students classified as ... [learning disabled] pass ... [foreign language] courses. Sin an rud a dúirt Declan cúpla bomaite ó shin. Difficulty in reading and writing a language does not necessarily inhibit an individual in learning to speak and understand the language. For some children with significant learning difficulties, learning Irish may not be suitable, but research evidence confirms that, given an tacaíocht ceart, the right supports, children with additional learning needs can benefit from learning Irish. Bhí mise istigh in ollmhargadh sa Ghaeltacht le linn an tsamhraidh agus bhí fear óg le Down's syndrome ag caint liom ag an checkout. Thug mé faoi deara láithreach go raibh sé chomh chumasach sa Bhéarla is a bhí sé sa Ghaeilge. Bhí mé ag smaoineamh ina dhiaidh sin gur sin an córas oideachais. Bhí an leaid sin sáite sa phobal agus tá sé tábhachtach don duine sin agus do dhaoine le riachtanais speisialta, ní hamháin sa Ghaeltacht ach ar fud na tíre, go mbeadh siad ábalta cumarsáid a dhéanamh sa dá teanga. Tá sé sin tábhachtach. There is no evidence internationally for the concept of a second language learning disability, and the notion that bilingualism is damaging for children with autism spectrum disorder, ASD, is not supported by the limited research available. Furthermore, it is possible that bilingualism could improve communication and social skills in children with ASD.

I refer to díolúintí. The decision to grant an exemption from the study of Irish should arise only when it is evident a child is not benefiting from second language learning and when alternative interventions, such as suitable differentiation, have been exhausted over a prolonged period. Tarlaíonn sé go rómhinic go mbíonn brú ar pháistí dul go dtí an meánscoil trasna ón bhunscoil agus ag an phointe sin bíonn na tuismitheoirí ag iarraidh go mbeadh an díolúine seo curtha i gcrích ag an am sin. Bheadh sé i bhfad níos fearr an tacaíocht ceart a thabhairt do na páistí i rith na scolaíochta agus sa chás sin ní bheadh gá ar bith le díolúintí. In 1999, 2.5% of pupils were granted exemptions, but in subsequent years, nuair a tháinig an ciorclán nua amach, we saw a considerable increase in the percentage of pupils with exemptions. Sa bhliain 2010, bhí thart fé duine amháin amach as naonúr, nó 11%, agus bhí sé sin i bhfad ró-ard. Since 2019, principals can authorise exemptions. Under Circular 12/96, there were 5,385 pupils enrolled in primary schools with an Irish exemption and the most common reason mentioned was a learning difficulty. Tá anailís déanta maidir le líon na ndíolúintí ag an bhunleibhéal agus ar na figiúirí de dhaltaí a fuair díolúine de bharr míchumas foghlama ó 2016. Tá an t-eolas sin ó anailís a rinne an tOllamh Ó Duibhir i gColáiste Phádraig in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i mbliana. Feictear go raibh titim ar an bhunleibhéal in 2019 ach go bhfuil an treocht ag dul in airde arís. Meastar go raibh baint ag an chiorclán nua agus bhí scoileanna druidte ar feadh tamall fosta le Covid. B'fhéidir go raibh baint ag na rudaí sin leis.

In anticipation of a review of the circular, the INTO engaged with our principal teachers, principal seminars and principals’ information sessions between September 2021 and May 2022. Some of the findings were quite startling when we engaged with those principals throughout the country. We asked them what their experience as principals was in granting exemptions, we asked what their view of the criteria for granting exemptions was, we asked what concerns, if any, they had about the granting of exemptions, and we asked if exemptions should be granted at all at primary level. The following trends emerged as an chaint sin. Principals felt they are being asked to grant more exemptions and felt under pressure from both parents and post-primary schools to do so. The pressure from parents stemmed from anxiety around access to supports at post-primary level and performance in State examinations. Principals felt that in many cases they were doing the job of some post-primary schools and asked for a review of how support is allocated in areas. B'fhéidir nach bhfuil an ceangal ceart ann idir an tacaíocht atá ar fáil sa bhunscoil do pháistí le riachtanais speisialta agus iad siúd ag dul ar aghaidh go dtí an meánscoil. Cuireann sé sin brú ar thuismitheoirí, ar phríomhoidí agus ar mhúinteoirí bunscoile. Dá mbeadh a fhios acu, mar shampla, go mbeadh ranganna speisialta ann agus go mbeadh tacaíocht speisialta ar fáil sa mheánscoil do na páistí seo, b'fhéidir nach mbeadh gá ar bith leis an díolúine sa chás sin.

When informed that the Department of Education figures show a decrease in exemptions granted since the commencement of the 2019 circular, several principals indicated that all exemptions granted may not be in the Department's database mar chaithfear iad a chur ar an primary database agus uaireanta bíonn na príomhoidí róghnóthach i rith na bliana leis sin a dhéanamh go gasta. Sa chás sin, when the statistics are being gathered, sometimes the exemptions have not been uploaded.

There is definitely a question about some of the statistics that are available from the Department at present. Principals also felt that the criteria were clear and that a pupil either qualified for an exception or did not. Chuir siad fáilte roimhe sin because it was not always the case that the criteria were clear.

However, it was also felt there was a high level of dissatisfaction among parents, who felt that a child should be granted an exemption when the principal was not in a position to do so, or that the child did not receive a low enough score on the discrete test, but the test score is the score. There appears to be a relatively high level of requests for pupils to be retested. This development is very worrying because there is no place for retesting on standardised tests.

Principals also reported that they felt many parents may not fully understand the longer term implications. Nuair a bhí mise i mo phríomhoide ar feadh tamall fada, bhí mé i gcónaí ag míniú do na tuismitheoirí go mb'fhéidir go mbeadh deacrachtaí ag na daltaí níos déanaí nuair a bhí an scoil críochnaithe acu - fiú amháin agus iad ag dul ar aghaidh go dtí an leaving certificate - because there are conditions on the leaving certificate applied course with regard to a second language. Ba é an meon a bhíodh agamsa i gcónaí ná go mbeadh sé i bhfad níos fearr don dalta a bheith ag staidéar na Gaeilge ar feadh 11 bhliain ná ábhar éigin nua a thosú i ndiaidh an junior certificate. Tá sé tábhachtach go mbeadh Gaeilge ag daoine do certain public service jobs and other jobs fosta.

Principals also reported that privately commissioned psychologists were often not aware of the terms of the new circular. Tá a fhios ag an gcoiste go bhfuil an National Educational Psychological Service, NEPS, ann. Ba cheart go mbeadh a fhios ag NEPS faoin gciorclán ach, ó am go chéile, ní bhíonn NEPS ag feidhmiú. Sa chás sin, when one gets a private assessment done, the psychologists may not be aware of the new criteria in the circular. There was a strong feeling that the concept of granting of exemptions should be re-examined in the light of the integrated language curriculum sa bhunscoil, the ongoing consultation on the draft primary curriculum framework and the possibility of the inclusion of a modern foreign language in the primary curriculum in the future.

Principals also requested evidence-based research to support the argument that there may be a benefit to be derived from the granting of exemptions from elements of the curriculum. There is not too much evidence available worldwide at present. There was also a strong feeling among principals at the seminars that exemptions should not be granted at primary level and that pupils at primary level should experience all aspects of an integrated curriculum, albeit with appropriate differentiation. The granting of any exemptions, if necessary, should take place later in a pupil’s school life. We also note - nuair atá 400 príomhoide ag teacht le chéile, ní bhíonn siad ag aontú lena chéile i gcónaí - that there were dissenting voices at the seminars but it was a small but vocal minority. We are giving the majority findings here today.

It is also noteworthy that since we engaged with principals on this matter, a significant number of children who were not born in Ireland, including children fleeing from the unjust war in Ukraine, have enrolled in Irish primary and secondary schools, including Gaeltacht schools, and that the majority of these children do not speak English on arrival here. Consideration should be given to providing additional teaching supports sa Bhéarla agus sa Ghaeilge do na páistí seo, ní hamháin sa Ghaeltacht agus i nGaelscoileanna ach i ngach scoil.

The INTO supports the view that students with additional and special educational needs are entitled to opportunities to experience and benefit from learning a second language at a level appropriate to their needs and abilities. That should be eminently possible. We are calling for a full consultation on and review of the circulars on exemptions because we were not properly consulted on the most recent one. We are calling for an examination of the concept of granting exemptions in the light of the integrated language curriculum and the potential introduction of a modern foreign language in the forthcoming framework.

We are also calling for evidence-based research to support the suggestion that there is a benefit to be derived from granting exemptions from any element of the curriculum; a full range of resources to allow primary schools to provide support to pupils experiencing difficulties with language learning and high-quality professional development. Tá sé sin tábhachtach fosta mar tá siad ag rá anois sa Roinn nach mbeidh an continuing professional development, CPD, ceart ar fáil, is é sin, an CPD a fuaireamar leis an tseanchuraclaim in 1999 which involved proper face-to-face, school-based training. That will be very important going forward.

We firmly believe go bhfuil an teanga náisiúnta lárnach san oideachas, as set out in the Education Act 1998. The principle of inclusivity must underpin policy for the Irish language and therefore exemptions should be exceptional and granted only in specific circumstances. The review of the primary school curriculum and the development of policy advice on supporting students with special educational needs marks a critical juncture and provides an ideal opportunity to engage in meaningful consultation and robust research on the concept of exemptions. Tá mé iontach buíoch den chomhchoiste as an gcuireadh.

Ms Anne Loughnane

Thar cheann ár gceardchumann, Cumann Mheánmhúinteoirí Éireann, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le baill an chomhchoiste seo as an gcuireadh teacht anseo agus ár dtuairimí a roinnt leo ar an gcóras díolúintí i leith staidéar na Gaelainne sa mheánscolaíocht. Sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, tá sé mar chuspóir ag an Roinn an teanga a neartú sa chóras oideachais. Is cúis áthais dúinn é go bhfuil an comhchoiste seo ag coimeád súile ar obair na Roinne a bhaineann le múineadh na Gaelainne. Faoi mar a dúramar inár ráiteas chuig an Roinn in 2019, tacaímid go láidir le tábhacht na Gaelainne i gcomhthéacs sóisialta agus cultúrtha na tíre, go háirithe sa phobal éagsúil ilchultúrtha atá ann anois.

Is cinneadh mór é díolúine ón nGaelainn a thabhairt do dhalta. Is é ár bpolasaí ná gur cheart gach deis a thabhairt do gach aon dalta an Ghaelainn a fhoghlaim agus nach dtabharfaí díolúintí ach i gcásanna eisceachtúla nuair atá gá soiléir ann. Déanann an scoil an cinneadh ar na díolúintí a thabhairt. Is ceart agus is cóir é sin, mar is fearr a thuigeann foireann na scoile riachtanais an dalta agus conas is fearr tacú leis na riachtanais sin.

Fáiltímid roimh imlitir 55 a tháinig amach i mí Lúnasa na bliana seo. Déanann an imlitir seo athbhreithniú ar an gcóras mar a bhí agus feicimid athruithe suntasacha inti ó thaobh cothromaíochta de sa tslí ina mbronnfar díolúintí. Roimhe seo, ba mhinic a d’eagraigh tuismitheoirí a raibh an táille acu chuige measúnú príobháideach chun díolúine a fháil. Ba mhinic fós nár tháinig an tuairisc a fuair siad le tuairim na scoile. I gcuid de na cásanna sin, mar a luadh cheana, leanann dalta le foghlaim teangacha eile amhail an Fhraincis nó an Ghearmáinis agus díolúine aige nó aici sa Ghaelainn. D’eascair ceisteanna faoi ionracas agus cothromaíocht an chórais as a leithéid de rud.

Tá méadú as cuimse le feiceáil ar líon na ndíolúintí ón nGaelainn le blianta beaga anuas. Cuireann sé sin lagmhisneach ar mhúinteoirí. Laghdaíonn sé stádas na Gaelainne in aigne na ndaltaí i gcoitinne agus cuireann sé amhras orthu faoin áit atá ag an teanga inár saol agus ina saol féin.

Tá cuid mhór de na coinníollacha fós in imlitir 55 mar a bhí agus tá siad réasúnta chun díolúine a fháil, is é sin, dalta 12 bhliain a chaith trí bliana as a chéile lasmuigh den Stát; daltaí le deacrachtaí liteartha fadtéarmacha a chuireann bac ar a gcumas foghlama agus daltaí i scoileanna nó ranganna speisialta.

Tá dhá bhonn bhreise san imlitir seo, is iad sin, daltaí le riachtanais láidre éagsúla a chuireann bac mór ar a saol ar scoil agus ar an gcaoi a bhfhoghlaimíonn siad agus daltaí atá i dteideal áit a fháil i rang speisialta nó i scoil speisialta. Tá an ceart ag an gcoiste achomhairc athbhreithniú a dhéanamh ar na cáipéisí go léir a d'úsáid an scoil chun cinneadh a dhéanamh ar dhíolúine agus treoir dá réir sin a thabhairt don scoil faoin díolúine sin.

Tacaímid le spiorad agus cur chuige na himlitreach. De réir dealraimh, tá riachtanais speisialta oiliúna ag 22% de dhaltaí. I measc na ndaltaí sin, tá réimse leathan éagsúil de riachtanais le cothú. Ní mar an gcéanna na riachtanais agus ní mar an gcéanna na modhanna cothaithe. Fáiltímid roimh an gcóras ina bhfuil an cinneadh anois i lámha na scoile agus bunaithe ar an bhfianaise shoiléir a bhailigh an scoil ar an dalta le himeacht ama amhail an plean tacaíochta ar leith, curaclaim idirdhealaithe agus fianaise nach bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag an dalta.

Fáiltímid roimh an athrú a ligeann don choiste achomhairc maoirseacht sheachtrach a dhéanamh ar an bhfianaise iomlán a d’úsáid foireann na scoile chun an cinneadh a dhéanamh ar an díolúine. Fáiltímid freisin roimh an athrú a chuireann dualgas ar an scoil eolas a uaslódáil go míosúil ar an post-primary online database, PPOD, faoi na daltaí le riachtanais a fuair díolúine. Cuirfidh sé seo eolas agus fianaise ar fáil. Cuir i gcás nuair a thagann dalta nua isteach sa scoil, ní hionann agus mar a bhí. Mar seo, beidh an scoil in ann tacaíocht a thabhairt don dalta sin in am cuí.

Tá na rudaí atá luaite agam go breá i saol idéalach, ach ní mhairimid sa saol sin. Tá dúshláin mhóra ann ó thaobh acmhainní de agus ó thaobh múinteoirí sna scoileanna. Nuair a thug an Roinn modh nua isteach in 2017 chun múinteoirí breise a dháileadh, is trua mhór é nár cuireadh clár traenála ar fáil do mhúinteoirí ranga nó fiú do mhúinteoirí don oiliúint speisialta. Cuireadh dualgas ar mhúinteoirí pleananna tacaíochta ar leith a ullmhú do dhaltaí. Ní mó ná sásta a bhí múinteoirí nó ár gcumann leis an ualach dodhéanta seo. Éilímid clár forbartha proifisiúnta ar bhonn náisiúnta don oideachas speisialta agus post mar chomhordaitheoir don oideachas speisialta lasmuigh den chuóta i ngach scoil.

Tá trí rud ag teastáil chun na cuspóirí atá leagtha amach ag an Roinn a chur i gcrích: eolas proifisiúnta, am ar leith i rith an lae scoile, agus forbairt proifisiúnta leanúnach agus rialta. De réir taighde a rinne Red C dár gcumann in 2019, tá cáilíocht ar leith ag 20% de mhúinteoirí san oideachas speisialta. Is trua mhór gur baineadh dínn an lacáiste a tugadh i rith Covid ó thaobh cóimheas múinteoirí agus daltaí. Tá sé sin imithe go hiomlán anois. Tuigimid go léir gur cabhair mhór atá ann do dhalta, agus deis iontach foghlama, a bheith i rang le 20 dalta eile nó níos lú. Tá sé sin imithe agus tá an uimhir méadaithe arís.

Ba cheart gur rud eisceachtúil í an díolúine agus go mbeadh fáil ar an nGaeilge ag gach aon dalta ag leibhéal cuí. Rud mór eile a chuireann leis an bhfadhb ná an curaclam Gaelainne, mar a phléimid leis an gcoiste i rith an tsamhraidh nuair a tháinig muid isteach faoin tsraith shóisearach. Tá an t-ualach mór litríochta agus an bhéim ar an léirmheas liteartha ag cur leis an meon diúltach i leith na teanga, go háirithe sa tsraith shóisearach. Caithfimid tabhairt faoin gcuraclam Gaelainne a athrú go práinneach, i dtreo is go mbeidh tús áite ag labhairt na teanga go nádúrtha, bunaithe ar chumarsáid, agus go laethúil i múineadh na Gaelainne. Bheadh réiteach againn ar a lán fadhbanna dá dtarlódh a leithéid.

Bhíos ag léamh na tuairiscí aréir agus bhí an-suim agam iontu. Gabhaim buíochas as an gcur i láthair. B’fhéidir gur freagraíodh an cheist seo sa chúpla focal deireanach ansin. An féidir míniú conas a bheadh deacracht ag daoine le Gaelainn agus nach mbeadh le Fraincis nó Spáinnis nó aon teanga eile? An bhfuil gné éigin faoi leith den chúrsa nó an tslí ina bhfuil sé á mhúineadh? An bhfuil aon mhíniú ann? B’fhéidir go mbeadh baill na gcumann ábalta eolas éigin a chur i láthair faoi sin. Aontaím go bhfuil difríocht ann sa mhéid is go bhfuil an litríocht agus an fhilíocht agus mar sin de i gceist, ach seachas sin, i gcomhair an scrúdú béil agus mar sin de, shamhlóinn go mbeadh sé díreach mar an gcéanna i bhFraincis, Spáinnis nó Gaelainn. An bhfuil aon mhíniú ó thaobh cúrsaí múinteoireacht de faoi conas a bheadh aon deacracht nó aon rud breise ansin?

Luadh an strus, an brú agus an crá a bhíonn ar dhaltaí. Cinnte tá brú ar dhaltaí, seachas mar a bhíodh. Tá éileamh ar thacaíochtaí breise chun an strus agus an crá sin a láimhseáil. An bhfuil an díolúine á húsáid mar uirlis chun an strus sin a laghdú? Feicimid go bhfuil éileamh ó na ceardchumainn mhúinteoireachta agus ó na scoileanna agus tuismitheoirí i gcomhair tacaíochtaí breise sna scoileanna agus tá an tAire ag cur breis acmhainní ar fáil chun tacú leis an strus sin. An dóigh leis na finnéithe go gcabhródh sé sin? An mbeadh sé le fesicint i laghdú sna díolúintí, b’fhéidir? Ní fheadar. Níl mé ach ag iarraidh an cheist a chur.

Luaigh John Boyle an plé leis na príomhoidí. Ceann de na rudaí a thugas faoi deara ná go raibh brú ag teacht ó thuismitheoirí ach bhí sé ag teacht chomh maith ó na post-primary schools. Cén saghas brú a bheadh ag teacht ó na scoileanna maidir leis an díolúine?

Tuigim go mbíonn an lá an-ghnóthach agus b’fhéidir nach mbeadh an deis ag príomhoidí chun na staitisticí a chur ar an gcóras láithreach. B’fhéidir go mbeadh sé déanta beagán níos déanaí. An dtarlaíonn sé sin níos déanaí sa lá, sa tseachtain nó sa mhí, nó an bhfuil bearna sna staitisticí atá ar fáil? An bhfuil daoine le díolúine nach bhfuil cláraithe in aon chor ag deireadh na bliana? Má tá, bheadh na huimhreacha níos mó ná mar atá ann faoi láthair. Shamhlóinn go ndéanann príomhoidí é sin níos déanaí sa lá nó sa bhliain nuair a bhíonn an deis acu, ach an é sin an míniú atá ann? Ar tháinig sé ón bplé sin go bhfuil daoine nach bhfuil cláraithe in aon chor ag deireadh na bliana agus go bhfuil na staitisticí i bhfad níos measa ná mar atá le feiscint?

Ms Anne Loughnane

Ag dul ar ais ag an gcéad phointe, tá meon diúltach forleathan ann faoin nGaelainn go bhfuil sí deacair agus leadránach. Níl an córas céanna ann do theangacha na hEorpa agus níl an scrúdú béil céanna ann. Is trua é sin. Caithfimid i bhfad níos mó béime a chur ar theanga labhartha, mar a chuirtear leis na teangacha sin, agus ar theanga atá réadúil do na daoine. Nuair a théann daoine isteach ag an scrúdú béil, tá saghas foirmle ann. Bíonn cúpla rud réidh acu agus cuirtear na ceisteanna céanna agus bíonn na freagraí céanna á dtabhairt. Tá taithí agam féin é a dhéanamh. Má théim sa seans agus dul lasmuigh de na rudaí sin, abair má bhím ag plé le duine atá go maith, de ghnáth tagann stad iomlán ar rudaí mar ní bhíonn sé acu. Ní rud réadúil é mar theanga chumarsáide. Caithfimid dul go dtí an áit sin.

Níl mise i gcoinne na litríochta ach i mo thuairim féin - níl aon chinneadh déanta ag an gceardchumann faoi seo - bheadh sé i bhfad níos fearr dá mbeadh deighilt idir Ghaelainn labhartha agus litríocht, más féidir. Ansin bheadh deis ag daoine teanga labhartha a thógáil mar ábhar ann féin amháin agus bheadh sé nádúrtha acu. Feiceann siad bac sula dtéann siad isteach sa rang fiú mar go bhfuil a fhios acu go mbeidh siad ag scríobh agus ag litriú agus rudaí mar sin. Caithfidh siad é sin a dhéanamh. Is féidir a rá go bhfuil 40% ag dul don scrúdú béil ach caitheann scoláirí a lán ama i rith an dá bhliain ag gabháil don 60%, sé sin, an scríbhneoireacht agus na rudaí a ghabhann leis. Fós tá béim ar an scríbhneoireacht agus rudaí a fheiceann siad mar leamh agus nach bhfuil beo dóibh.

Ní fheadar ar thug mé aon soiléireacht ansin. Bhí an Teachta ag an gcruinniú a bhí againn i rith an tsamhraidh. Bhí uafás ar na baill againne tar éis cúpla cruinniú agus bhí siad ag dul as a meabhair. Seo rud a bhí mar chuspóir aige feabhas éigin a chur ar an ábhar ach creideann nach mór na múinteoirí uilig atá againne go bhfuil sé imithe sa treo eile.

Mr. John Boyle

Ní dóigh liom go bhfuil difríocht mhór sa bhunscoil ó thaobh múineadh na teanga i mBéarla nó i nGaeilge. Tá an cheist a chur an Teachta níos tábhachtaí ó thaobh na meánscolaíochta.

Maidir leis na ceisteanna eile, ní hé go bhfuil muid ag cur lochtaigh ar na meánscoileanna ach an rud atá tiomáinte le 15 bliain ná go bhfuil i bhfad níos mó páistí le riachtanais speisialta i ngnáthbhunscoil. Ní hamháin go bhfuil siad sna ranganna speisialta fá choinne oideachais ach tá mórchuid na bpáistí i ngnáthrang, ranganna níos mó ná na ranganna atá ar fáil san Eoraip. Bíonn siad ag obair leo go dtí rang a trí nó rang a ceathair, nuair a bhíonn brú orthu níos mó scríbhneoireacht a dhéanamh sa Ghaeilge. Nuair a bhíonn siad ag trasnú go dtí an mheánscoil, bíonn tuismitheoirí faoi bhrú mar tá a fhios acu go mbeidh dhá scrúdú ann. Cuireann sé sin brú orthu mar ceapann siad nach mbeidh a gcuid páistí ábalta an scrúdú a dhéanamh sa Ghaeilge. Dá mba rud é go raibh ábhar amháin níos lú le déanamh acu, b'fhéidir nach mbeadh an brú céanna orthu.

Chomh maith leis sin agus muidne ag rá go mbíonn brú ag teacht ó na scoileanna, bíonn na meánscoileanna sin i dteagmháil leis na bunscoileanna nuair a thrasnaíonn na páistí ó rang a sé agus bíonn na tuismitheoirí ag caint leo. Trasníonn páistí le riachtanais speisialta. Chonaiceamar ón tuairisc go bhfuil na páistí seo lag go leor sa Ghaeilge agus bíonn a dtuismitheoirí ag iarraidh go bhfaighidís díolúine. Iarrann siad cén fáth nach bhfuiltear sásta díolúine a thabhairt dóibh. Cuireann sé sin brú ar an bpríomhoide. Dá mbeadh an tacaíocht cheart ar fáil, ní amháin sa bhunscoil ach ina dhiaidh sin sa mheánscoil, agus tacaíocht bhreise ar fáil do na páistí sin ó thaobh múineadh na Gaeilge ar a stuaim féin, ní bheadh an brú céanna. Bíonn tuismitheoirí faoi bhrú. Mise mar phríomhoide, bím i gcónaí sásta am a thabhairt dóibh leis an scéal uilig a mhíniú. I gcás príomhoidí sna scoileanna beaga go háirithe agus iad ag déanamh a ndíchill le trí nó ceithre rang á mhúineadh acu chomh maith le scoil a reáchtáil acu, b'fhéidir nach mbeadh an t-am céanna acu é sin uilig a mhíniú do thuismitheoirí. Chomh maith leis sin, caitheann na páistí sin tamall fada ag freastal ar mheánscoil atá 30 mhíle óna dteach agus b'fhéidir nach bhfuil an gaol ceart acu go dtí seo leis an meánscoil.

Ó thaobh data de, fiú amháin sa tuairisc a thugaimid don choiste, tá cineál gaps sa data má amharctar air go mion. Bhí seimineáir ag dul ar aghaidh ó Mheán Fómhair go dtí Bealtaine agus dúirt na príomhoidí ina gcuid tuairimí féin linn nach bhfuil an data i gceart agus nach mbíonn am acu i gcónaí na rudaí seo a chur ar an PPOD. Caithfidh an Roinn amharc ar sin arís. Má fhéachtar ar an data a thug an Roinn do DCU agus an data atá foilsithe go hoifigiúil ag an Roinn, tá gaps móra ann. Caithfimid an data ceart a fháil. I mo thuairimse agus i dtuairim na gceardchumann uilig, tá barraíocht díolúintí ar fáil le cúpla bliain anois agus caithfimid athbhreithniú a dhéanamh ar sin.

Mr. Antoin Ó Coinn

Ní dhéanann sé aon chiall dúinne má bhíonn díolúine ag scoláirí sa Ghaeilge ach déanann siad staidéar ar theanga Eorpach. Is dearcadh diúltach i leith na Gaeilge é sin a thosaíonn, b'fheidir, sa bhunscoil. B'fhéidir nach bhfuil cumas teanga ag na tuismitheoirí cuidiú lena gcuid obair bhaile. Leanann an dearcadh sin tríd an turas foghlama a bhíonn acu.

Ar fud na hEorpa, áit ina bhfoghlaimítear Béarla mar dhara teanga, ní bhíonn díolúintí ar fáil. Glactar leis má bhíonn riachtanais foghlama ag foghlaimeoirí, leanann siad ag foghlaim an Béarla go cibé leibhéal atá oiriúnach dóibh. Tá na scileanna i leith na Gaeilge díreach mar an gcéanna le teangacha eile maidir le foghlaim, scríobh, léamh, agus éisteacht, agus tá na modhanna foghlama cosúil lena chéile. Muna bhfuil gá le díolúine sa Ghaeilge a bhronnadh, ní gá iad a bhronnadh i dteanga eile chomh maith.

Mr. Declan Glynn

Tá rud éigin eile i gceist freisin. Ní thabharfainn comhcheilg air ach b'fhéidir gur cur i gcéill uafásach atá ann. Ní dhéanann 22% de na scoláirí iar-bhunscoile an Ghaeilge in aon chor. Is é sin níos mó ná duine as gach cúigear. Má leanann sé sin ar aghaidh, agus tá sé ag dul ar aghaidh go seasta, céard a bheas ann don teanga féin? Cén chaoi is féidir cur le líon na gcainteoirí de réir straitéis an Rialtais má éiríonn an méid sin scoláirí as foghlaim na Gaeilge? Cén todhchaí a bheas ann don teanga féin? Ní bheidh ann ach an bás i ndáiríre.

Tá dhá rud eile ann atá spéisiúil. Ní dhéantar aon taifead ar líon na n-iarratas ar dhíolúintí. Tá a fhios againn cé mhéad díolúine a dheonaítear, ach níl a fhios againn cé mhéad iarratas a chuirtear isteach. Ardaíonn sé sin an cheist an próiseas uathoibríoch é. An bhfuil sé éasca díolúine a bhaint amach anois? Tá an cheist sin ann. Ba cheart taifead a dhéanamh ar líon na n-iarratas ar dhíolúintí. Ní dhéantar aon taifead ach oiread ar líon na ndíolúintí ó scoil amháin go scoil eile ag an iar-bhunleibhéal. Deir roinnt dár mbaill linne go roghnaíonn roinnt tuismitheoirí iar-bhunscoil dá bpáistí má cheapann siad go bhfuil an scoil liobrálach nó flaithiúil go leor ó thaobh díolúine a dheonú.

Fágfaidh mé aige seo é. Tá sé seafóideach agus áiféiseach go mbíonn díolúine ag an uimhir sin scoláirí a dhéanann an Fhraincis nó an Ghearmáinis - idir 60% agus 70% acu. Bheadh sé spéisiúil fáil amach cé mhéad den dream sin nach ndéanann an Ghaeilge ach a dhéanann an Fhraincis, an Spáinnis, nó an Ghearmáinis ag an leibhéal onóracha. Is dóigh liom go bhfuil an-chuid scoláirí ann nach bhfuil in ann, mar dhea, tabhairt faoin nGaeilge ach atá in ann tabhairt faoin nGearmáinis ag an leibhéal onóracha. Níl taifead ar bith ar sin ach an oiread, agus ba chóir breathnú isteach sa scéal sin.

Aontaím le Anne Loughnane go bhfuil gá le hathbhreithniú ar na siollabais. Múinteoir Gaeilge agus Fraincise a bhí ionam féin tráth, i bhfad siar ó shin. Ag an am sin, bhí ualach oibre uafásach ag baint leis an nGaeilge ó thaobh líon na dtéacsanna. Tá feabhas tagtha air sin anois agus tá ardú ar an marc don bhéaltriail. Tá sé sin iontach, ach fós féin anois, níl aon litríocht ag dul leis an bhFraincis, leis an nGearmáinis, nó leis an Spáinnis. Tá litríocht agus filíocht agus chuile shórt eile fós ag dul leis an nGaeilge agus níl aon chiall leis.

An rud deireanach ar fad, fuarthas réidh leis an scrúdú bunleibhéal sa teastas sóisearach. Mar sin, na daltaí laga a mbíonn deacrachtaí éadroma foghlama acu, níl scrúdú oiriúnach ann dóibh a thuilleadh. Rud eile nach bhfuil ann a thuilleadh ná scrúdú béil éigeantach ag leibhéal an teastais shóisearaigh.

Má tá scoláire ag dul ar aghaidh chun a leaving cert a dhéanamh, cén chaoi is féidir an dá rud sin a chur le chéile? Bíonn 40% de na marcanna ag dul don bhéaltriail san ardteist ach níl aon bhéaltriail ann sa teastas sóisearach. Tá súil agam gur fhreagair mé ceist an Teachta.

Tá an-chuid eolas breise ansin. Caithfidh mé filleadh ar an gceist maidir leis an strus agus an brú ar dhaltaí. An bhfuil an díolúine á úsáid mar uirlis chun é sin a láimhseáil? An bhfuil tacaíochtaí eile ann a gcabhródh leis an strus agus leis an mbrú orthu? Dá mbeadh sé in úsáid, an mbainfeadh sé an t-éileamh ón díolúine?

Ms Anne Loughnane

Is dóigh liom nach bhfuil aon réiteach simplí mar sin ann mar tagann an rud go léir ar ais go dtí an meon agus na rudaí atá os a gcomhair. Tá scéal agam má tá nóiméad dó. Ní mhúinim na teangacha iasachta - múinim Béarla - ach chuaigh mé isteach le dalta tar éis na hardteiste chun na leabhrán scrúdaithe a thagann ar ais a fheiceáil. Fuair an dalta marcanna an-ard, na marcanna céanna sna hábhair. Agus muid ag féachaint orthu, chonaiceamar an méid a bhí scríofa sa Ghaeilge, páipéar tiubh a bhí ann, agus nuair a chuamar ar aghaidh go dtí an Fhraincis, bhí an páipéar an-tanaí ar fad. Ní suirbhé ceart é sin ach, os mo chomhair amach, is léir go bhfuair an dalta an marc céanna, marc an-ard, ach bhí níos lú ná leath ann ó thaobh scríbhneoireachta de. Tá fadhb ann idir na rudaí mar sin. B'fhéidir nach é sin an t-aon fhadhb amháin ach is rud mór é.

Mr. Declan Glynn

Maidir le strus, níl sé sin tagtha isteach ach le roinnt seachtainí. Is foras nua é faoinar féidir díolúine a lorg agus caithfimid fanacht leis. Ach in ainm Dé, nach mbíonn strus ag baint le foghlaim na matamaitice? Déarfadh páistí agus scoláirí go bhfuil an mhatamaitic i bhfad Éireann níos deacra ná aon ábhar eile, ach ní thugtar díolúine ar bith do dhuine mar gheall ar an strus a bhaineann leis an matamaitic. Baineann strus agus brú le chuile ábhar. Cén chaoi a d'fhéadfadh tuilleadh brú nó struis a bheith ag baint leis an nGaeilge amháin agus gan aon strus ag baint le Fraincis, Spáinnis, nó Béarla? Níl ciall ná réasún leis. Is dóigh liom féin go pearsanta go bhfuil ceist le freagairt ag an Roinn Oideachais. An bhfuil an Roinn ag iarraidh foras nua ina ndiaidh forais nua agus bealach nua ina dhiaidh bealaigh nua a bhronnadh ar an bpobal le go n-éireoidh páistí as an nGaeilge? Tá na forais faoinar féidir cur isteach ar dhíolúine ag dul i méid chomh maith. Is cosúil gur freagra ar éileamh tuismitheoirí é an foras nua a bhaineann le brú agus strus. Déarfaidh mé arís é: níl aon chiall ann a cheapadh go bhfuil níos mó strus ag baint leis an nGaeilge seachas aon ábhar eile.

Nuair a bhí mise ar scoil, cuireadh strus orm mar gheal ar an mBéarla agus ní raibh aon díolúintí ann dó. Is í sin an fhírinne. Níor chas mise ar an mBéarla go dtí an ollscoil. Bhí níos mó strus agus stró orm tabhairt faoin nGaeilge ar leibhéal onóracha agus bhí an múinteoir ag cur brú orm casadh go dtí leibhéal pas, rud nach ndearna mé. Bhí strus ann agus bíonn strus ag baint le gach uile ábhar. Beidh an scéim spéisiúil.

Mr. John Boyle

Tá sé tábhachtach a rá nach bhfuil strus faoi leith ag teacht ón nGaeilge. Is cinnte go mbíonn strus sna scoileanna. Tá cuid mhór páistí agus a gcuid tuismitheoirí fosta faoi strus. Is maith an rud é go bhfuil an Roinn sásta an scéim píolóta seo a chur i gcrích. Ba chóir don Roinn an scéim píolóta fá choinne children's mental health a chur in achan scoil, ach tús maith leath na hoibre.

Nuair a bhí mise ag caint le tuismitheoirí maidir leis an strus atá orthu ó thaobh na Gaeilge de, bhí siad ag amharc cúig nó sé bliana síos an bóthar agus ag smaoineamh at an leaving cert. Shíl siad go mbeadh níos lú strus ar a gcuid páistí cúig ábhar a dhéanamh in ionad sé ábhar nó seacht n-ábhar. Bhí siad iontach sásta teanga iasachta eile a dhéanamh in áit na Gaeilge. Níl ciall leis sin. Is í an Ghaeilge ár dteanga náisiúnta agus tá sé tábhachtach go mbeadh achan páiste ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge chomh maith agus is féidir. Ní aontaím leis an bpointe faoi strus, ach amháin a rá go mbíonn strus ar pháistí cinnte sna scoileanna.

Sula dtéim go dtí an Teachta Daly, ba mhaith liom a chur in iúl go bhfuil na Teachtaí O’Dowd agus Ó Cathasaigh tar éis teacht isteach go fíorúil.

Cuirim fáilte roimh na haíonna go léir. Is dócha gurb é an rud is annamh is iontach: táimid go léir ar aon intinn. Bhí sé suimiúil a bheith ag éisteacht le Declan Glynn mar gheall ar thuismitheoirí ag roghnú bunscoileanna mar bheadh sé níos éasca díolúine a fháil iontu. I ráiteas Aontas Múinteoirí Éireann, dúradh nach raibh tuismitheoirí in ann cuidiú lena bpáistí. Maidir le formhór na n-iarrthóirí agus na dtuismitheoirí, an iad daoine nach ndearna Gaeilge nuair a bhí siad ar scoil, ar tháinig siad ó thar lear, nó an as an Stát seo a dtagann siad?

Rinneadh tagairt shuimiúil i ráiteas an Chumann Múinteoirí Éireann mar gheall ar an gcaoi a ndearna 67% de mhic léinn a raibh díolúine acu staidéar ar theanga eachtrannach. Maidir leis an daonra ginearálta de mhic léinn, is é an staitistic chéanna sa junior cert. De réir thejournal.ie, déanann 67% de bhuachaillí staidéar ar theanga eachtrannach. Tá siad in ann é a dhéanamh san ardteist chomh maith.

Maidir le síceolaithe príobháideacha, an bhfuil tuairim ag na finnéithe fúthu? An bhfuil cáil ar chuid de na síceolaithe sin? Chuala mé faoi thuismitheoir i gCiarraí ag dul chuig contaetha atá 100 míle óna mbaile chun síceolaí a fháil. An bhfuil sé sin ag tarlú go ginearálta?

Baineann mo cheist dheireanach leis na príomhoidí. Tá siadsan in ann cinneadh a dhéanamh ar na díolúintí ó 2019. An bhfuil an iomarca brú ar na príomhoidí agus an bhfuil sé oiriúnach an riail sin a aistriú chun an brú a bhaint díobh?

Ní fhaighimid go minic é ach uaireanta faigheann polaiteoirí go mbíonn daoine i dteagmháil linn chun iarraidh orainn brú a chur ar na príomhoidí chun an exemption a fháil dá leanaí. An bhfuil tuairim ag na finnéithe mar gheall ar an riail sin? Níl a fhios agam cad atá in aigne ag an Roinn leis na moltaí nua maidir le T1 agus T2 agus leis an easpa ómóis don Ghaelainn atá ag tarlú. Is cúis imní iad na haistrithe atá molta acu. An bhfuil an iomarca brú ar na príomhoidí?

Ghlac an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee an Chathaoir.

Ms Anne Loughnane

Is dócha go bhfuil brú ann ach caithfidh tú fianaise anois a bheith agat. Thar am, bailítear na rudaí agus caithfear plean tacaíochta speisialta a bheith ann ar dtús chun an díolúine sin a fháil. Faigheann tú an plean má tá deacrachtaí foghlamtha agat. Ní féidir le duine ar bith siúl isteach ón tsráid agus a rá gur mhaith leis nó léi díolúine. Ní féidir leis an bpríomhoide í a thabhairt mar sin.

Is iad na daltaí sa scoil féin atá i gceist agam.

Ms Anne Loughnane

Ní féidir le tuismitheoir dalta ginearálta iarraidh ar dhíolúine. Caithfear fianaise a bheith ann sa scoil go bhfuil fadhbanna foghlamtha acu le tamall agus go bhfuil iarrachtaí déanta chun cabhrú leo agus nach bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag an dalta. Chomh fada le m'eolas, caithfear é sin a bheith ann agus caithfear a bheith sa tslí sin chun cur isteach air. Tá caighdeán ann fós. Tarlaíonn rudaí ach ní féidir le duine ar bith é a fháil. Caithfear fianaise éigin a bheith ann. Céard é an phríomhcheist a chuir an Teachta?

An bhfuil síceolaí le cáil ann?

Ms Anne Loughnane

Ní féidir linn a rá ach cibé acu go bhfuil nó nach bhfuil, ní rud cothrom é sin mar tá sé ag brath ar airgead agus ar chúiseanna. Má bhíonn an t-airgead ag daoine, bíonn siad in ann síceolaí a phiocadh amach agus mura bhfuil an t-airgead ag daoine, bíonn siad ag fanacht ar feadh i bhfad chun an toradh sin a fháil. Is rud míchothrom é.

Mr. Declan Glynn

Níl diagnóis chliniciúil ag teastáil a thuilleadh. Bhíodh diagnóis ó shíciatraí príobháideach ag teastáil tráth. Fuarthas réidh leis sin. Is éard atá ag teastáil anois ná marc íseal i gceann amháin de thrí scrúdú faoi leith. Déantar tástáil ar chumas an dalta sa léamh, sa litriú agus sa léamhthuiscint. Bíonn an dalta atá lag agus faoin deichiú percentile in aon cheann de na tástálacha sin i dteideal díolúine. Deir na hoideachasóirí uile ar fud an domhain, áfach, go bhfuil sé sin róchúng agus gur iomaí duine atá lag i gceann amháin de na ranna sin.

D'fhéadfadh duine a bheith lag sa litriú amhail duine a bhfuil dyslexia nó dyspraxia air nó uirthi. D’fhéadfadh deacrachtaí foghlamtha a bheith ag duine nach mbeadh ina mbac ar fhoghlaim an dara teanga. Is é sin an rud. Is féidir le duine a bheith lag san fhoghlaim ach ní bonn ar bith é sin leis an duine sin a eisiamh ó fhoghlaim an dara teanga. Is é sin a deir na hoideachasóirí agus an taighde uile ar fud an domhain uile maidir leis seo.

Maidir le ceist an Teachta faoi thuismitheoirí, ní hé tuismitheoirí ón iasacht a bhí i gceist agam ach an gnáthdhuine. Tá páistí ag mo dearthár agus mo dheirfiúr. Rinne an péire dóibh an Ghaeilge agus d'éirigh go maith leo ach, mar thuismitheoirí, ní bheidís chomh féinmhuiníneach iontu féin ag tabhairt chabhrach dá bpáistí ach is rud an-simplí atá i gceist anseo. Má tá deacracht ag tuismitheoir cabhrú lena pháiste nó lena páiste maidir leis an nGaeilge, seolann sé sin i dtreo iarratas a chur isteach ar dhíolúine iad.

Tá páistí scoile an-chliste faoi seo uile, go háirithe daltaí na hardteistiméireachta. Bíonn seacht n-ábhar le déanamh acu ach ní chomhairtear ach sé chinn. Tá an iomarca le déanamh acu agus cinneann siad le héirí as ceann amháin dóibh. Roghnaíonn siad leis an nGaeilge a fhágáil ar leataobh toisc go bhfuil sí ródheacair agus go bhfuil an iomarca oibre ag baint léi. Déanann siad an mhatamaitic fheidhmeach mar seachtú hábhar ina háit. Breathnaíonn scoláirí ardteistiméireachta ar an nGaeilge mar sin.

Ní chuireann 22% de na scoláirí sa séú bhliain isteach ar an scrúdú Gaeilge in aon chor. Céard atá ar bun ag na scoláirí sin? Céard atá ar siúl acu? Tá siad ag cur a gcuid fuinnimh uile isteach sna sé ábhar eile agus ag iarraidh a gcuid pointí ón Lár-Oifig Iontrála a uasmhéadú. Is fusa dóibh é sin a dhéanamh in a lán cásanna, ná leanúint le hábhar atá deacair agus nach bhfuil spéisiúil ná úsáideach – ina dtuairim.

Tá John Boyle ag iarraidh teacht isteach.

Mr. John Boyle

Rinneadh pointí faoi na síceolaithe. Tá scéim National Educational Psychological Service, NEPS, ann. Bíonn síceolaí amháin faoi láthair do gach 18 scoil sa tír, idir mheánscoil agus bhunscoil, agus bíonn brú mór orthu siúd ar ndóigh. Níl ach 183 lá sa scoilbhliain sa bhunscoil agus 18 scoil acu. Tá scéim eile in áiteanna sa tír nuair nach bhfuil NEPS ar fáil, tá scéim eile scaipthe lena bhféadfar na síceolaithe príobháideacha a thabhairt isteach sa scoil. I gcásanna mar sin, ar ndóigh, mar a dúradh, téann na tuismitheoirí a bhfuil airgead acu go príobháideach fosta.

Más rud é go dtagann an tuairisc isteach go dtí an príomhoide sa bhunscoil agus go bhfuil sé scríofa isteach sa tuairisc gur chóir díolúine a thabhairt don pháiste sin ón Ghaeilge, cuireann sé sin brú ar an scoil agus ar an bpríomhoide ach níl an ciorclán nua a sheoladh amach ag na síceolaithe. Ar ndóigh, tá a fhios ag NEPS go bhfuil ciorclán nua ann ó mhí Lúnasa ach ní fhaigheann na síceolaithe príobháideacha na ciorcláin. Is í sin an fhadhb atá air sin.

Tá a fhios ag na comhaltaí go maith go mbíonn brú ar phríomhoidí i gcónaí. Ní dóigh linne go bhfuil níos mó brú ar na príomhoidí anois mar gur athraigh an Roinn an ciorclán. D'fháiltíomar roimh an gcinneadh a bheith déanta sa scoil ach tá an brú céanna ann anois agus a bhí ann riamh. Bíonn an brú ag teacht ón gcóras agus bíonn an brú ag teacht ó thuismitheoirí agus níor athraigh an ciorclán úr an scéal sin.

Níl sé sin ró-thábhachtach áfach. Is é an rud is tábhachtaí ná go n-amharctar ar an data agus cad atá taobh thiar den mhéadú ar an oiread díolúintí. Ní dóigh linn gur chóir dóibh dul i méid mar atá siad.

Mr. David Duffy

I understand that a report on the roll-out of the T1 and T2 courses at junior cycle is likely to be completed quite soon. It will be interesting to see what it finds with regard to the positives and negatives and how the logistical issues can be overcome because that will be very important in the context of any changes at senior cycle. As a corollary of that, it is also important that we value the Irish language as a spoken language. In the examinations system, the percentage of marks we attach to a component of a subject is a measure of the value that we attach to it. It is therefore very important that we truly value the oral component of the language through the marks we attach to it. It is deeply unfortunate that the marks previously attached to the oral component of junior cycle Irish are no longer there. That says a lot. The other corollary that is very important relates to foundation level at junior cycle and concerns about the future of foundation level in the leaving certificate. It is very important for students who find Irish difficult but who want to study it that this option be available to them.

Tá mé ag breathnú ar an gceist seo le tamall agus is soiléir go bhfoghlaimíonn daoine a thógtar le Gaeilge agus daoine a thagann isteach ón iasacht a bhfuil teanga eile bhaile acu an Béarla fiú má tá fadhbanna foghlama acu. Is féidir seasamh siar agus a rá leat féin nach bhfuil fadhb ag daoine go ginearálta cumas labhartha sa dara teanga a fháil. Is i gcásanna eisceachtúla a theipeann ar dhaoine é sin a dhéanamh. Tá sé sin ráite go soiléir freisin sna páipéir a cuireadh ar fáil.

Is é an dara rud atá suntasach ná go bhfuil 67% de na daoine a bhfuil díolúintí acu ag an dara leibhéal ag déanamh teanga eile nach ndearna siad sa mbunscoil as an nua sa meánscoil. Mar sin, níl sé seo ag oibriú mar dhíolúine theanga. Tá sé ceart go leor a rá go bhfuil na príomhoidí sa scoil go leanúnach agus go dtuigeann siad na gasúir ach, ag an am céanna, tá gaol ag na príomhoidí le tuismitheoirí gasúr atá ann chuile lá. An bhfuil sé ceart nó féaráilte an t-ualach a chur ar na príomhoidí ó tharla gurb iad siúd a thugann an breithiúnas? Tá a fhios agam go bhfuil córas achomhairc ann ach, má thugann siad an breithiúnas, an bhféadfadh sé cur as don ghaol idir an páiste nó scoláire, na tuismitheoirí agus an príomhoide má thugtar cinneadh nach dteastaíonn ón scoláire ná óna thuistí? Tá líon na ndíolúintí ag dul suas. Tá fadhb ollmhór ansin. Mar a dúirt mé, tá go leor ag déanamh dara teanga. B'fhéidir go mbreathnódh na finnéithe air seo agus an cheist a chur "céard gur ceart dúinn a mholadh anois?". Ní féidir tuilleadh staidéar agus deich mbliana eile ag breathnú air seo a mholadh mar d'fhéadfá a rá go bhfuil geataí na páirce ar oscailt agus go bhfuil na caoirigh ag imeacht. Má fhágaimid ar oscailt níos faide iad, ní bheidh aon dul siar air. Tuigimid é sin.

An ceart go mbeadh díolúine ó scríobh na Gaeilge ag cuid de na gasúir agus go bhfoghlaimfidís an teanga mar theanga labhartha? Is iomaí duine a bhfuil fadhb aige nó aici le scríobh, litriú agus na rudaí seo ar fad nach bhfuil fadhb aige nó aici le labhairt.

Tá a fhios agam cén moladh atá agam maidir le rás na bpointí. Ní hé an ardteistiméireacht an fhadhb ach rás na bpointí. Ní aontaím leis ó thús go deireadh. Ceapaim féin gur rud é seo atá curtha in áit ag na hollscoileanna ar roinnt cúiseanna. Faigheann formhór na ndaoine a chéad nó a dara rogha de chúrsa. Tá sé seafóideach. Tógaimid ceann de na cúrsaí ardleibhéal, leigheas. Táim ag dul píosa ón scéal ach tá an-tionchar ag an scéal seo ar na pointí, mar a bhí na finnéithe ag rá. Nuair a bhí mise ar an ollscoil, bhí na pre-meds ar an gcúrsa leighis ag déanamh mórán den chúrsa céanna agus a bhí lucht na bitheolaíochta agus mar sin de ag déanamh sa chéad bhliain de chúrsa eolaíochta. Is eolaíocht a bhí mise ag déanamh. B'fhearr liom go ndéanfaí measúnú tar éis an chéad bhliain san ollscoil agus go just ligfí na daoine isteach san ollscoil mar faigheann formhór na ndaoine atá ag iarraidh dul ag an ollscoil áit in ollscoil. An bhfuil sé in am breathnú air seo i gcomhthéacs níos leithne toisc go bhfuil rás na bpointí ag déanamh rudaí aisteacha d'oideachas gasúr? Scriosann sé ar an oideachas. Cén fáth a ndéarfadh mise le gasúr an Ghaeilge a fhoghlaim? Cén fáth go bhfuil áthas orm gur cuireadh an Ghaeilge i mo bhealach agus mé ag fás aníos? Is é an fáth ná an saibhreas agus an tuiscint ar mo thír féin a thug sé dom ar chuile bhealach. Táim ag caint faoin áit gurb as mé, logainmneacha agus míle rud eile. Creidim gur cinneadh ollmhór é sin a cheilt ar dhuine agus a rá "ní fiú duit é" nó é a chur i gcoirnéal agus a rá "bheadh sé iontach dá mbeadh sí agat ach, i rás na bpointí, b'fhearr duit í a chaitheamh uait". Ní oideachas é sin.

Tá rud deiridh le rá agam. Níl mé ach ag smaoineamh. Táim cinnte nach bhfuil mo chuid ceisteanna an-díreach ach táim ag breathnú air seo san iomlán agus ag cur na ceiste: céard a chaithfimid a dhéanamh? Scríobh an Piarsach faoin murder machine os cionn 100 bliain ó shin ach, dar liom, is é rás na bpointí an murder machine in 2022. Tá tionchar ollmhór, ó thús go deireadh, ag an rud seo agus cuireann sé leis an éileamh ar dhíolúintí agus an leibhéal ard daoine nach mbacann leis na scrúduithe, nach bhfuil ag déanamh na Gaeilge i ndáiríre agus a chaitheann ar leataobh é.

Tá cúpla ceist ansin. An ceart dúinn breathnú ar an rud seo faoin teanga scríofa? Cén chaoi gur féidir é seo a dícheangail ó rás na bpointí mura bhfuil muid chun deireadh a chur leis? B'fhearr liom deireadh a chur leis. Creidim go bhfuil réiteach eile nuair a bhreathnaítear ar na figiúirí. Idir an dá linn, agus na díolúintí fós ann, ar cheart gurb iad na príomhoidí a dhéanann an cinneadh nó ar cheart go mbeadh córas éigin eile toisc go bhfuil sé ag cur ualach pearsanta an-trom ar phríomhoidí? Tá sé cosúil le duine a thagann isteach i mo clinic. Déanaimid ár ndícheall dóibh i gcónaí. Céard eile a dhéanfaimid? Gabhaimid tríd chuile mhionriail leasa shóisialaigh agus chuile shórt eile ag féachaint an bhfuil muid in ann cúnamh a thabhairt dó nó di. Nuair atá daoine faoi chúram na bpríomhoidí, tá sé an-deacair orthu gan a ndícheall a dhéanamh dóibh agus a gcuid mianta a bhaint amach.

Tá David Duffy ag iarraidh teacht isteach.

Mr. David Duffy

I thank the Deputy for covering that. There were very important issues there that go to the heart of the problem. With regard to the points race and system, what people often miss in the public discourse on this is that the points system is entirely designed and controlled by the higher education institutions. They can change it any way they like, whether good, bad or indifferent.

There is nothing good or bad we could do in relation to it. That is important. The Deputy also makes the very valid point-----

Tá sé sin fíor. Tá siad “neamhspleách” ach má tá dochar á dhéanamh do dhaoine ó thaobh oideachais de, cé atá ag íoc na n-ollscoileanna? Ní ghlacaim leis go bhfuil aon duine sa tír seo atá ag fáil an méid sin airgid Stáit chomh neamhspleách sin ar an Stát nach féidir mórpholasaí a leagan síos. Ní féidir linn a rá leo duine amháin a ligean isteach agus gan duine eile ach ó thaobh rud chomh mór le rás na bpointí, ní fhéadfaidh muid é a fhágáil ag institiúidí príobháideacha atá neamhspleách ó thoil an Oireachtais agus toil an phobail. Cheisteoinn é sin. Is féidir leis an Stát idirghabháil a dhéanamh. Deirtear i mBéarla, “he who pays the piper calls the tune”.

Mr. David Duffy

It also raises the important point that we also need to look at the students who do not at this time, or perhaps ever, wish or desire to progress to higher education. That is why we also need to take account of foundation level as an important component.

The Deputy asked about an overall solution. We have explained our recommendations in the submission but I could probably summarise it as being about three major things. If the committee made recommendations in this realm, that would improve the situation in the short term. The first thing is a full review of the circular and how it is implemented. The second thing is to truly enshrine the importance of Irish as a subject and as a cultural entity. That is has a societal aspect as well as within the education system. Third, throughout the system we need to reiterate the importance of Irish as a spoken language and to recognise the importance of both oral and aural components. That, even in the short term, would make a significant difference.

Ms Anne Loughnane

Maidir leis an tríú leibhéal, is dóigh liom go dtagann sé ar ais ag acmhainní. Na daoine atá ag iarraidh dul isteach sna cúrsaí le hardphointí, níl go leor spáis acu. Téann cuid acu chuig an Eoraip agus áiteanna eile. Níl a fhios agam cé mhéad milliún euro a fhaigheann na hinstitiúidí ach níl go leor spáis ann dóibh chun dul isteach an chéad uair. Sin rud a chuireann brú ar na cúrsaí áirithe sin. Tá go leor spáis ann i gcoitinne ach níl do na cúrsaí le pointí arda. Is féidir leo dul thar lear agus na cáilíochtaí céanna a fháil leis na pointí atá acu. Is dóigh liom go dtagann sé chuig spás agus acmhainní chun iad a thógáil isteach.

Ó thaobh na ndaoine atá ag iarraidh díolúintí a fháil sna blianta ina dtagann siad isteach - nílim ag caint faoin tríú bliain anois - braitheann a lán acu nach bhfuil an cumas acu tabhairt faoin nGaelainn. B’fhéidir go bhfuil sé sin fíor agus b’fhéidir nach bhfuil. Tagann sé ar ais chuig an rud a dúirt na finnéithe eile. Ní dhéanann sé ciall an bunleibhéal a thógáil uathu. B’fhéidir nach bhfuil caighdeán ró-ard acu ach caithfidh siad a bheith ábalta dul isteach sa chaighdeán a bhfuil seans acu é a láimhseáil. Caithfear isteach anois ag bun an ranga iad agus beidh siad caillte ón gcéad lá ag an ngnáthleibhéal. Tá sé práinneach go gcoimeádfaí é sin agus go gcuirfear ar ais é, chun misneach de shaghas éigin a thabhairt dóibh. Nuair a thagann lagmhisneach ar dhuine, nuair a cheapann siad nach bhfuil siad in ann rud a dhéanamh, téann sé sa treo eile ar fad agus is self-fulfilling prophecy é ansin. Cailleann siad suim agus ní bhíonn siad ann gach aon lá. Bíonn fáth acu dul áit eile. Téann sé chun donais ar fad.

Bhí pointe an-suimiúil ag an Teachta. Ní fheadar an féidir é a oibriú isteach sa chóras. An fhadhb is mó ná an scríbhneoireacht. Níor smaoinigh mé riamh air ach dá mbeadh an rogha sin ann, chabhródh sé go mór. Ní fheadar conas a d’oibreodh sé amach. An chéad rud atá i m’aigne i gcónaí, mar mhúinteoir Gaelainne agus mar dhuine go bhfuil grá agam don Ghaelainn, ná í a labhairt. Caithfear í a labhairt. Agus muid ag caint faoi conas a thagann an t-oideachas nó conas a thosaíonn leanbh óg ag foghlaim, feictear go dtosaíonn siad ag éisteacht agus ansin tosaíonn siad ag labhairt. Ní thagann an scríbhneoireacht go dtí i bhfad ina dhiaidh sin. Má tá suim againn sa Ghaelainn a choimeád beo agus dul ar aghaidh léi, gan bacadh leis na scrúduithe agus an scoil agus gach rud, caithfear í a labhairt. Ní raibh scríbhneoireacht ag cuid de na glúnta a tháinig romhainn ach choimeád siad an Ghaelainn beo mar theanga. Beatha teanga í a labhairt.

Nuair a bheimid ag críochnú ba mhaith liom a theacht ar ais chuig na hacmhainní.

Mr. Declan Glynn

Maidir le moltaí, chuir muid 13 moladh isteach sa ráiteas iomlán a thug muid don choiste. Ba mhaith liom díriú ar cheann amháin acu agus ceist an Teachta a fhreagairt. Tá sé ráite sa chiorclán, san imlitir is deireanaí ag an Roinn, go bhfuil sé i gceist ag an Roinn Oideachais faireachán rialta a dhéanamh ar na díolúintí agus breathnú ar na díolúintí go tréimhsiúil. Tá sé i gceist ag an Roinn breathnú anois is arís go hachomair agus go héadrom ar cheist na ndíolúintí. Is éard atá muidne ag rá, mar a dúirt mo chomhghleacaí David Duffy, ná go bhfuil gá le hathbhreithniú foirmiúil ó bhun ar cheist na ndíolúintí. Tá an cheist chomh mór sin. Tá ceist slánú na Gaeilge féin san áireamh sa cheist seo. Seo ceist an-mhór faoi straitéis an Rialtais i leith na Gaeilge mar tá sé d’aidhm againn cur le líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge. Cén chaoi ar féidir é sin a bhaint amach má éiríonn an méid sin scoláirí as an nGaeilge a dhéanamh in aon chor? Tá na figiúirí sin tugtha againn.

Tá méadú 81% tagtha ar líon na ndíolúintí a dheonaítear ar bhonn riachtanais fhoghlama le sé bliana anuas. Mar sin, tá líon na ndíolúintí ina n-iomláine ag borradh agus ag méadú ach ina measc sin, is é an borradh agus an méadú is mó ná na díolúintí a bhronntar de bharr riachtanais fhoghlama. Is dóigh linne gur botún é seo agus nach bhfuil sé seo cuí. Ba cheart an deis a thabhairt do gach uile scoláire an Ghaeilge a fhoghlaim de réir a chumais nó a cumais féin. Sin a tharlaíonn i dtíortha eile. Foghlaimíonn páistí i dtíortha eile an dara teanga chomh mór agus is féidir leo, de réir a gcumas. Anseo in Éirinn, táimid ag tabhairt díolúintí dár bpáistí féin chun éirí as foghlaim na teanga ar fad, seachas siollabas cuí, maith, difreáilte agus idirdhealaithe a chur ar fáil.

Mr. John Boyle

Bhí an pointe a rinne an Teachta faoin scríbhneoireacht suimiúil. An dóigh a dtarlaíonn sé sa bhunscoil ná, má tá brú ag teacht ón teach maidir leis an nGaeilge, agus go háirithe sna hardranganna, nuair nach bhfuil an scoil sásta díolúine a thabhairt don pháiste, bíonn cineál conradh ann idir an teach agus an scoil. Ní chuirfidh muid brú ar bith ar an bpáiste ó thaobh na scríbhneoireachta de i rang a sé agus rang a cúig ach caithfidh siad dul ar aghaidh agus a bheith ag labhairt agus ag foghlaim na teanga labhartha.

Ní tharlaíonn sé sin sa mheánscoil mar níl cead acu é a dhéanamh. Tá an córas iontach difriúil sa mheánscoil. Tá sé suimiúil agus tá sé ag tarlú cheana féin. Má tá athbhreithniú ag teacht ar an gcóras seo uilig fá choinne díolúintí, ba chóir rud éigin a shocrú. Tá an Teachta ag amharc air seo i mbealach iontach leathan agus é ag caint faoi rásaí na bpointí, ach tá mise ag amharc air ó thaobh na bunscolaíochta de ar dtús. Má amharcann sibh go géar ar caidé atá ag tarlú sa bhunscoil, tá cuid mhór foghlama a thagann amach as sin sula dtéann na páistí isteach sa mheánscoil.

Mar rud atá spéisiúil, gasúir a thógtar i dteaghlaigh le Gaeilge agus go bhfuil fadhb foghlama acu, foghlaimíonn siad an Béarla agus is é an Béarla a labhraíonn siad sula dtagann siad ar scoil.

Tá go leor tíortha dhátheangacha ar domhan. Tá níos mó tíortha atá dhátheangach nó an tríú nó an ceathrú teanga acu. Bíonn muintir na hAfraice thar cionn ar fad agus bíonn an ceathrú, an cúigiú nó an séú teanga acu. Níor léir go mbíonn an fhadhb acu siúd, is cuma cén cumas foghlama atá acu, le teangacha a fhoghlaim ó bhéal. Má tá tú in ann teanga a labhairt an-mhaith agus má fhaigheann tú eochair na scríbhneoireachta níos deireanaí, creidim go dtiocfaidh sé sin chugat réasúnta éasca. Má tá tú á labhairt i gceart, níl ann ach cineál code atá ag teastáil ansin chun é a aistriú síos ar pháipéir amach anseo. Ach ní féidir rud a scríobh nach féidir a rá. Is féidir rud a rá nach féidir a scríobh ach ní féidir rud a scríobh nach féidir a rá, nó nach féidir a chur i do chloigeann. Tá sé chomh simplí le sin.

Ms Anne Loughnane

Cad is féidir liom a rá ansin? Tá sé feicthe go minic agam go bhfuil daoine ábalta rudaí a scríobh nach féidir leo a rá sa chóras atá againne.

Nuair a deirim sin, caithfidh tú bheith in ann é a chumadh i do chloigeann.

Ms Anne Loughnane

Nílim ag teacht trasna ar an méid atá á rá ag an Teachta ach tá sé áiféiseach ar fad go bhfuil a leithéid ag tarlú, go bhfuil daltaí ábalta rudaí a scríobh agus nach dtuigeann siad a bhfuil á scríobh acu. Tarlaíonn sé sin go minic. Rud áiféiseach ar fad atá ann.

An bhfuil aon cheist eile ag comhalta ar bith?

Rud amháin. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil as ucht soiléireacht na gcur i láthair agus na bpáipéar a cuireadh inár láthair anseo agus a cuireadh ar fáil. Bhí siad soiléir, beacht agus deas moltach. Tá a fhios againn go bhfuil na fadhbanna ann, ach is é an réiteach an dúshlán i gcónaí.

Mr. Declan Glynn

Ba mhaith linn ár mbuíochas ó chroí a ghabháil libh. Tháinig muid anseo go fonnmhar ach táimid an-sásta gur tugadh an cuireadh dúinn agus gur tugadh éisteacht dúinn chomh maith. Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus le baill an chomhchoiste.

Tá an Teachta Joe McHugh ar líne.

Níl mé ag dul isteach sa scéal ach le rá go n-aontaím leis an Teachta Ó Cuív. Tá na sonraí a thug na finnéithe dúinn inniu iontach suimiúil agus tábhachtach. Gabhaim buíochas leo fá choinne an eolais inniu. Tá sé iontach cuiditheach agus táim buíoch dóibh as sin.

Cuirfidh mé clabhsúr lenár ndíospóireacht ar an ábhar seo inniu. Ba mhaith liom ár mbuíochas a ghabháil leis na finnéithe go léir as ucht a gcabhair inniu. Ag an gcéad cruinniú eile den chomhchoiste, pléfear an t-ábhar céanna - an gcóras díolúintí i leith staidéar na Gaeilge sa mheánscolaíocht - le ionadaithe thar ceann Comhairle Inimirceach na hÉirean, AsIAm, Cumann Disléicse na hÉireann, Scoil na nEolaíochtaí Teangeolaíochta, Urlabhra agus Cumarsáide i gColáiste na Tríonóide, agus an aonad Sealbhú in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 3.24 p.m. go dtí 1.30 p.m., Dé Céadaoin, an 12 Deireadh Fómhair 2022.
Barr
Roinn