Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Wednesday, 23 Nov 2022

Ceapúcháin ar Bhord Theilifís na Gaeilge

Tá nóta le léamh agam maidir le hábhar a ardaíodh ag tús mhí Mheán Fómhair; sé sin, an t-ainmniúchán do bhord Theilifís na Gaeilge. Tháinig litir ar ais chugainn ar maidin ón Aire, an Teachta Catherine Martin.

Deir an litir:

Tagraím do do litir ón 7 Meán Fómhair 2022 thar ceann an Choiste maidir leis an dá fholúntas reatha ar Bhord Theilifís na Gaeilge.

De réir Alt 81(2)(e) d’Acht Craolacháin 2009, táim ag scríobh go foirmiúil chugat lena chur in iúl duit gur ghlac mé le comhairle an Choiste gur cheart dom Seán Ó Cuirreáin agus Muireann Ní Chíobháin a mholadh don Rialtas le ceapadh ar Bhord Theilifís na Gaeilge. Tá sé ar intinn agam ceapadh an bheirt acu a mholadh don Rialtas.

Gabhaim buíochas libhse agus le comhaltaí uile an Choiste as an obair a bhain leis an bpróiseas seo go dtí seo.

Catherine Martin, Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus na Meán.

Ba mhaith liom i dtús báire comhghairdeas a ghabháil leis an mbeirt sin go hoifigiúil. Ní raibh deis agam labhairt leo ó shin nó le haon duine eile. Bhí 18 eile san iomaíocht agus rinneamar agallamh a chur orthu uilig. Is iad siúd an bheirt eile atá le hainmniú ar an mbord agus le cathaoirleach nua a roghnú.

Barr
Roinn